An Bhruiséil,22.12.2021

COM(2021) 565 final

2021/0434(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha chun mí‑úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a chosc agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE

{SEC(2021) 565 final} - {SWD(2021) 577 final} - {SWD(2021) 578 final} - {SWD(2021) 579 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 18 Bealtaine 2021 ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le Cánachas Gnó don 21ú haois 1 chun córas cánach gnó atá láidir, éifeachtúil agus cothrom a chur chun cinn san Aontas Eorpach. Leagtar amach inti fís fhadtéarmach agus ghearrthéarmach chun tacú le téarnamh na hEorpa ó phaindéim COVID-19 agus chun ioncaim leordhóthanacha phoiblí a áirithiú sna blianta atá le teacht. Tá sé d’aidhm aige timpeallacht ghnó atá cothrom agus cobhsaí a chruthú, lena bhféadfar borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe lena gcruthófar poist san Aontas. Tá an togra seo ar cheann de na tionscnaimh ghearrthéarmacha spriocdhírithe a fógraíodh sa Teachtaireacht mar bhealach chun an córas cánach atá ann faoi láthair a fheabhsú agus béim ar chánachas cothrom agus éifeachtach a áirithiú.

Cé go ndearnadh dul chun cinn tábhachtach sa réimse sin le blianta beaga anuas, go háirithe nuair a glacadh an treoir in aghaidh seachaint cánach (ATAD) 2 agus nuair a leathnaíodh raon feidhme na treorach maidir le comhar riaracháin (DAC) 3 , tá an baol ann i gcónaí go mbainfear úsáid as eintitis dhlíthiúla nach bhfuil tábhacht íosta ná gníomhaíocht eacnamaíoch acu chun críoch cánach mhíchuí, amhail imghabháil cánach agus seachaint cánach, mar a dearbhaíodh leis an méid a tháinig chun solais le déanaí ar na mórmheáin 4 . Cé go bhféadfadh sé go mbeadh cúiseanna bailí ann le húsáid na neintiteas sin, tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun dul i ngleic le cásanna ina seachnaíonn cáiníocóirí a noibleagáidí faoin dlí cánach nó ina ngníomhaíonn siad in aghaidh chuspóir iarbhír an dlí cánach trí mhíúsáid a bhaint as gnóthais nach ndéanann aon ghníomhaíocht eacnamaíoch iarbhír. Is é toradh na gcásanna sin dliteanas cánach foriomlán na gcáiníocóirí a ísliú. Is é a thagann as an toradh sin go naistrítear an tualach cánach ar chostas cáiníocóirí macánta agus go gcuirtear cinntí gnó sa mhargadh inmheánach as riocht. Mura dtéitear i ngleic leis go héifeachtach, cruthaítear leis an gcás sin timpeallacht ina bhfuil iomaíocht chánach éagórach agus dáileadh ualaí cánach éagórach. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na gnóthais uile a mheastar go bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát agus atá incháilithe chun deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a fháil i mBallstát.

Agus é d’aidhm aici cleachtais seachanta cánach agus imghabhála a chomhrac, ar cleachtais iad a dhéanann difear díreach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, leagtar síos leis an Treoir seo rialacha in aghaidh seachaint cánach agus imghabháil cánach i réimse ar leith. Is freagairt í ar iarraidh a rinne Parlaimint na hEorpa ar ghníomhaíocht AE chun mí‑úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a chomhrac agus, níos ginearálta, is freagairt í ar éileamh ó roinnt Ballstát, gnólachtaí, agus an tsochaí shibhialta ar chur chuige AE atá níos láidre agus níos comhleanúnaí in aghaidh seachaint cánach agus imghabháil cánach.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an Treoir seo ina cuid de straitéis lárnach an Aontais maidir le cánachas corparáideach díreach d’fhonn a áirithiú go n‑íocfaidh gach duine a chion chothrom. Le deich mbliana anuas, bhí an Coimisiún comhsheasmhach i saothrú beartas chun seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac.

Go sonrach, agus mar shampla, in 2012 d’fhoilsigh an Coimisiún moladh maidir le Pleanáil Ionsaitheach Cánach, inar moladh bearta sonracha do na Ballstáit in aghaidh neamhchánachas dúbailte agus socruithe saorga chun críoch cánach. In 2016 glacadh an treoir in aghaidh seachaint cánach (ATAD) chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme ar bhealach comhordaithe sna Ballstáit príomhbhearta in aghaidh seachaint cánach a eascraíonn as na gníomhaíochtaí idirnáisiúnta um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis. An tráth céanna, ó glacadh í in 2011, rinneadh an treoir maidir le comhar riaracháin (DAC) a athbhreithniú agus a leathnú roinnt uaireanta chun malartú tráthúil agus mórscála faisnéise a bhaineann le cúrsaí cánach a cheadú ar fud an Aontais, lena n‑áirítear faisnéis maidir le rialuithe cánach agus tuairisciú sainordaitheach socruithe ó idirghabhálaithe cánach. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, seoladh liosta an Aontais de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha maidir le cúrsaí cánach ó 2017, i measc nithe eile, chun boinn chánach na mBallstát a chosaint ar chleachtais chánach dhíobhálacha tríú tíortha.

Mar sin féin, níl forálacha sainráite lena ndírítear ar eintitis chaocha sna hionstraimí cánach atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, i.e. eintitis nach ndéanann aon ghníomhaíocht eacnamaíoch iarbhír, fiú má thoimhdítear go mbíonn siad ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch amháin, agus eintitis ar féidir mí‑úsáid a bhaint astu chun críoch seachanta cánach nó imghabhála cánach. Maidir leis an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na heintitis sin don Mhargadh Aonair agus go sonrach do bhoinn chánach na mBallstát, cuireadh é sin i dtábhacht leis na scannail a bhaineann le cáin a thit amach le déanaí.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais (tionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo atá ábhartha maidir leis réimse beartais)

Is freagairt í an Treoir seo ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cánachas Gnó don 21ú haois le haghaidh córas cánach gnó atá láidir, éifeachtúil agus cothrom san Aontas agus léirítear inti ceann de na tionscnaimh bheartais a bhí beartaithe sa Teachtaireacht sin. Dá réir sin, comhlánaítear léi roinnt tionscnamh beartais eile a chuireann an Coimisiún chun cinn go comhthreomhar, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Áirítear leo sin togra le haghaidh Treorach maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú le haghaidh grúpaí ilnáisiúnta san Aontas. Maidir leis an Treoir seo, a bhfuil sé d’aidhm aici úsáid eintiteas caoch a bhunaítear san Aontas chun críoch cánach a dhíspreagadh, tá raon feidhme níos leithne aici ná an Treoir maidir le híosleibhéal cánachais, óir cuimsítear léi na heintitis uile agus na socruithe dlítheanacha uile a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach san Aontas, gan aon tairseach bunaithe ar ioncaim. Ar an taobh eile, an creat dlíthiúil maidir leis an íosleibhéal cánachais, níl feidhm aige sin ach amháin maidir le grúpaí FIN agus grúpaí intíre ar mhórscála ag a bhfuil ioncam comhcheangailte is mó ná EUR 750 milliún. Tagann na grúpaí sin faoi raon feidhme na Treorach seo freisin. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil cuspóirí éagsúla ag an dá thionscnamh.

An creat dlíthiúil maidir leis an íosleibhéal cánachais, baineann sé go heisiach leis an ráta, i.e. leibhéal an chánachais. Ní bhaineann sé le gnéithe a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don bhonn cánach. Ina theannta sin, ní bhaineann sé le scrúdú a dhéanamh ar cé acu atá dóthain tábhachta ag eintiteas nó nach bhfuil chun an ghníomhaíocht a bhfuil sé ceaptha lena haghaidh a dhéanamh. Is fíor go bhféadfar cruthú eintiteas caoch a dhíspreagadh go pointe áirithe de réir a chéile le cur chun feidhme na rialacha maidir leis an íosleibhéal cánachais. Fós féin, is toradh sin nach eol go fóill agus nach féidir a ráthú ag an gcéim seo.

Ina theannta sin, dá n‑eisiafaí na grúpaí atá faoi raon feidhme na Treorach maidir le híosleibhéal cánachais ó raon feidhme na Treorach seo, chruthófaí cóir neamh‑chomhionann in aghaidh eintitis ‘chaocha’ ar cuid de ghrúpaí beaga iad nach gcomhlíonann an tairseach EUR 750 milliún. Go háirithe, is iad grúpaí móra FIN den chuid is mó a gheobhadh tarscaoileadh ó na ceanglais trédhearcachta agus ó na hiarmhairtí cánach faoin Treoir seo.

I measc na dtionscnamh breise a fógraíodh tá tograí chun ceangal a chur ar gach eintiteas AE a ráta cánach éifeachtach a fhoilsiú ar bhonn bliantúil agus dul i ngleic leis an gclaontacht chánach i bhfabhar maoiniú fiachais trí mhaoiniú cothromais sa mhargadh aonair a chur ar comhchéim le fiachas. Ina theannta sin, tá an Treoir seo comhsheasmhach agus comhlántach le beartais an Aontais i ndáil le trédhearcacht na faisnéise úinéireachta tairbhiúla.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tagann an reachtaíocht maidir le cáin dhíreach faoi raon Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sonraítear sa chlásal go ndílseofar foirm dhlíthiúil Treorach do bhearta dlíthiúla maidir le comhfhogasú faoin airteagal sin.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta. I bhfianaise chineál an ábhair, tá gá le comhthionscnamh ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

Tá sé d’aidhm ag rialacha na Treorach seo dul i ngleic le cleachtais seachanta cánach trasteorann agus le cleachtais imghabhála cánach trasteorann agus creat comhchoiteann a sholáthar a bheidh le cur chun feidhme i ndlíthe náisiúnta na mBallstát ar bhealach comhordaithe. Ní féidir na haidhmeanna sin a bhaint amach ar bhealach sásúil trí ghníomhaíocht a dhéanann gach Ballstát agus iad ag gníomhú as a stuaim féin.

Maidir le húsáid eintiteas dlítheanach agus socruithe dlítheanacha nach bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch seachanta cánach nó imghabhála cánach, ní gnách go mbíonn sé sin teoranta do chríoch aon Bhallstáit amháin. Príomhghné de scéimeanna ábhartha is ea go mbaineann siad le córais chánach níos mó ná Ballstát amháin ag an am. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag scéim ar roinnt Ballstát, ar scéim í lena n‑áireofaí úsáid eintitis chaoch atá lonnaithe i mBallstát eile.

Tugtar ilroinnt le fios san athbhreithniú ar rialacha na mBallstát in aghaidh seachaint cánach agus imghabháil cánach. Tá roinnt Ballstát tar éis rialacha nó cleachtais spriocdhírithe a fhorbairt, lena n‑áirítear critéir maidir le tábhacht, chun mí‑úsáid eintiteas caoch i réimse an chánachais a chomhrac. Mar sin féin, ní chuireann formhór na mBallstát rialacha spriocdhírithe i bhfeidhm, ach d’fhéadfadh sé go mbraitheann siad ar rialacha ginearálta frith‑mhí‑úsáide, rialacha is gnách leo a chur i bhfeidhm ar bhonn cás ar chás. Fiú i measc an bheagáin Ballstát a d’fhorbair rialacha spriocdhírithe ar an leibhéal náisiúnta, tá difríocht mhór idir na rialacha, agus tá siad ina léiriú níos mó ar chórais chánach náisiúnta agus ar thosaíochtaí cánach náisiúnta, seachas díriú ar ghné an mhargaidh inmheánaigh.

D’fhéadfaí an ilroinnt atá ann faoi láthair a mhacasamhlú agus d’fhéadfadh sé go rachadh sí in olcas, dá ndéanfadh na Ballstáit gníomhaíocht ina n‑aonar. Le cur chuige den sórt sin, bhuanófaí na neamhéifeachtúlachtaí agus an saobhadh atá ann faoi láthair maidir le hidirghníomhú beart ar leith. Más é an cuspóir atá ann réitigh a ghlacadh a fheidhmíonn le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh ina iomláine agus a athléimneacht (inmheánach agus seachtrach) in aghaidh cleachtais imghabhála cánach agus cleachtais seachanta cánach a fheabhsú, ar réitigh iad a dhéanfaidh difear do na Ballstáit uile nó a d’fhéadfadh difear comhionann a dhéanamh dóibh, beidh tionscnamh comhordaithe ar leibhéal an Aontais ina chuid den bhealach iomchuí chun cinn.

Thairis sin, ba mhó an luach a bheadh ar thionscnamh AE, i gcomparáid leis an méid is féidir a bhaint amach leis an iliomad beart a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta. Ós rud é go bhfuil gné thrasteorann ag baint leis na rialacha atá beartaithe agus go mbaintear úsáid as eintitis chaocha go coitianta chun bonn cánach Ballstáit nach bhfuil an t‑eintiteas caoch lonnaithe ann a chreimeadh, tá sé ríthábhachtach go mbeadh cothromaíocht ann idir leasanna éagsúla laistigh den mhargadh inmheánach agus go measfaí an mórphictiúr in aon tograí, chun cuspóirí comhchoiteanna agus réitigh chomhchoiteanna a shainaithint. Ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin má dhéantar an reachtaíocht a dhearadh go lárnach. Thairis sin, le cur chuige comhchoiteann i leith eintitis chaocha, d’áiritheofaí an deimhneacht dhlíthiúil agus laghdófaí costais chomhlíontachta ar ghnólachtaí a oibríonn laistigh den Aontas Eorpach.

Dá bhrí sin, tá cur chuige den sórt sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

Ní théann na bearta atá beartaithe thar an íosleibhéal cosanta is gá a áirithiú le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, ní fhorordaítear comhchuibhiú iomlán leis an Treoir, ach íoschosaint le haghaidh chórais chánach na mBallstát, agus é sin amháin.

Go sonrach, leagtar síos tástáil sa Treoir chun a éascú do na Ballstáit cásanna follasacha ina mbaintear mí‑úsáid as eintitis chaocha chun críoch cánach a shainaithint ar bhealach comhordaithe ar fud an Aontais. Rialacha náisiúnta, lena n‑áirítear rialacha lena dtrasuitear dlí an Aontais, beidh feidhm acu fós maidir le heintitis chaocha nach gcuimsítear leis an Treoir seo a shainaithint. Ba cheart cur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta deireanacha sin a éascú freisin de bhua bhearta na Treorach seo, arae beidh rochtain ag na Ballstáit ar fhaisnéis nua a bhaineann le heintitis chaocha. Thairis sin, leagtar síos leis an Treoir iarmhairtí d’eintitis chaocha agus comhaontuithe agus coinbhinsiúin á gcur san áireamh, ar comhaontuithe agus coinbhinsiúin iad atá i bhfeidhm idir na Ballstáit agus tríú tíortha chun cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur.

Dá bhrí sin, áirithítear leis an Treoir an leibhéal fíor-riachtanach comhordaithe laistigh den Aontas chun aidhmeanna na Treorach a bhaint amach. I bhfianaise an mhéid sin, ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach agus, dá bhrí sin, tá sé i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

An rogha ionstraime

Is le haghaidh Treorach atá an togra, arb í an t‑aon ionstraim atá ar fáil faoi bhunús dlí Airteagal 115 CFAE.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní áirítear sa reachtaíocht atá ann cheana in aghaidh seachaint cánach bearta atá dírithe ar ghnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach. Dá bhrí sin, níl an mheastóireacht ábhartha.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

An 4 Meitheamh 2021, sheol TAXUD comhairliúchán poiblí maidir le tionscnamh a d’fhéadfadh a bheith ann chun úsáid eintiteas caoch agus socruithe caocha chun críoch cánach a chomhrac. Bhí 32 cheist ann a bhí dírithe, inter alia, ar an bhfadhb agus ar na nithe is cúis léi a shonrú, agus ar an gcineál cuí gníomhaíochta AE agus ar phríomhghnéithe a shainaithint d’eintitis chaocha atá i mbaol go mbainfear mí‑úsáid astu chun críoch cánach. Dúnadh an comhairliúchán an 27 Lúnasa 2021 agus fuarthas 50 freagra san iomlán.

Aithníonn na freagróirí go léir go bhfuil fadhb na seachanta cánach fós ann d’ainneoin na mbeart in aghaidh seachaint cánach a rinne an tAontas le déanaí, lena n‑áirítear seachaint cánach trí mhí‑úsáid a bhaint as eintitis. Cé gur díol sásaimh do roinnt freagróirí bearta nua spriocdhírithe chun dul i ngleic le mí‑úsáid i réimse an chánachais, measann roinnt eile acu go bhféadfadh siad a bheith róluath.

Tagraíonn na freagróirí don toilleadh íseal atá ag riaracháin chánach na mBallstát agus do chomhar riaracháin neamhleor mar phríomhchúiseanna leis an bhfadhb.

A mhéid a bhaineann leis na gnéithe is coiteann d’eintitis chaocha lena mbaineann riosca go mbainfear mí‑úsáid astu chun críoch cánach, tá comhaontú ginearálta ann, mura bhfuil cuntas bainc dá gcuid féin acu, go bhfuil sé sin ar cheann de na gnéithe sin agus go bhfuil sé sin táscach. Táthar ar aon intinn freisin gur ceann amháin eile de na gnéithe coiteanna sin nach mbíonn cónaí ar na stiúrthóirí, ina dtromlach, sa tír ina bhfuil an t‑eintiteas lonnaithe. Mar sin féin, níl aon chomhaontú forleathan ann maidir le hoiriúnacht fachtóirí eile, amhail líon na bhfostaithe.

Thairis sin, aontaíonn freagróirí gur mó an seans go sainaithneofar eintitis chaocha atá i mbaol go mbainfear mí‑úsáid astu i measc na ndaoine a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí maidir le cothromas nó maoin intleachtúil a shealbhú agus a bhainistiú nó do ghníomhaíocht maoinithe agus léasaithe. Cé go measann freagróirí gur féidir eintiteas caoch atá i mbaol go mbainfear mí‑úsáid as a bhunú in aon fhoirm dhlíthiúil, is cosúil go measann siad go bhfuil riosca beagán níos airde ag baint le hiontaobhais. Cé acu an fiontar beag nó meánmhéide (FBM) é an t‑eintiteas nó nach ea, is ceist í sin nach dtagann chun cinn mar ghné ábhartha atá le cur san áireamh.

Go sonrach, chuir 33 fhreagróir ionchur leathan ar fáil a théann níos faide ná ceisteanna an chomhairliúcháin, go háirithe comhlachais ghnó agus ghairmiúla. Is ábhar imní do chuid mhór de na freagróirí sin, murab ionann agus na freagróirí eile, go bhféadfadh sé nach mbeadh reachtaíocht nua an Aontais atá dírithe ar sheachaint cánach agus imghabháil cánach trí mhí‑úsáid a bhaint as eintitis chaocha tráthúil, agus i bhfianaise an phlé idirnáisiúnta i dtreo an íoschánachais éifeachtaigh dhomhanda.

Thairis sin, cuireann na freagróirí sin i dtábhacht go bhfuil sé dúshlánach a shainmhíniú cad is eintiteas caoch ann agus go mbraitheann an measúnú ar easpa tábhachta ar fhíorais agus imthosca gach eintitis ar leith. I ndáil leis sin, cuireann siad in iúl gur cheart ceart éifeachtach a bheith ag cáiníocóirí fianaise a sholáthar maidir lena n‑imthosca sonracha. Rud atá úsáideach, chuir na freagróirí sin samplaí sonracha ar fáil freisin de struchtúir a bhféadfaí a mheas nach bhfuil tábhacht acu, i.e. a bheith caoch, ach nach gcuirtear i bhfeidhm iad chun buntáistí cánach a fháil ach ar chúiseanna tráchtála bailí.

I dteannta leis an gcomhairliúchán poiblí, chuathas i gcomhairle le saineolaithe náisiúnta i réimse an chánachais dhírigh ar bhealach spriocdhírithe. Tionóladh cruinniú de Mheitheal IV maidir le ceisteanna cánach an 22 Meitheamh 2021 agus rinneadh comhairliúcháin dhéthaobhacha ina dhiaidh sin. Ar an iomlán, chuir na Ballstáit a dtacaíocht in iúl le haghaidh tionscnamh AE nua lena ndírítear ar mhí‑úsáid eintiteas caoch chun buntáistí cánach a fháil. Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit an sainmhíniú ar rialacha comhchoiteanna maidir le mí‑úsáid eintiteas caoch mar aon le creat um chomhar riaracháin. Rinne na Ballstáit argóint freisin i bhfabhar raon feidhme leathan a bheith ag na bearta nua agus chuir siad i dtábhacht gur cheart FBManna a chumhdach go cothrom. I measc na roghanna beartais a bhí ar fáil, chuir na Ballstáit a dtacaíocht in iúl le haghaidh gníomhaíocht rialála.

Agus a thogra á chur i dtoll a chéile aige, chuir an Coimisiún torthaí an chomhairliúcháin san áireamh. Go háirithe, i measc na roghanna beartais éagsúla, chinn an Coimisiún dul ar aghaidh le togra le haghaidh gníomhaíocht rialála agus cheangailteach, i.e. treoir faoi airt. 115 CFAE. Thairis sin, leis an treoir atá beartaithe, déantar idirdhealú idir eintitis atá i mbaol a bheith caoch agus eintitis atá i mbaol go mbainfear mí‑úsáid astu chun buntáistí cánach a fháil trí thagairt a dhéanamh do thacar gnéithe atá i gcoiteann ag na heintitis sin. Mar sin féin, gearrtar eintitis chaocha shonracha amach roimh ré toisc gur gnách iad a úsáid ar chúiseanna maithe tráchtála. Agus na sainchritéir á gceapadh aige lena sainaithneofaí eintitis atá i mbaol agus na cásanna á sainiú aige inar cheart eintitis a eisiaimh toisc nach mbaineann rioscaí seachanta cánach nó imghabhála cánach leo, bhí an Coimisiún ag brath ar ionchur na bpáirtithe leasmhara. Ní eisiatar FBManna ón togra toisc go bhfuil comhaontú forleathan ann go mbaineann rioscaí ábhartha leo. Mar aitheantas gur ceist í ceist na tábhachta a bhaineann, sa deireadh, le fíorais agus le himthosca, áirítear sa treoir meicníocht lena gcuirtear ar a gcumas do cháiníocóirí agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh na tástála atá inti, lena n‑áirítear trí fhianaise a thabhairt maidir leis na cúiseanna tráchtála neamhchánach is bun le struchtúr áirithe. Ar an gcaoi chéanna, struchtúir nach gcuirtear i bhfeidhm agus a bhfuil sé de phríomhchuspóir acu buntáiste cánach a fháil, féadfaidh siad leas a bhaint as meicníocht chun díolúine tosaigh a iarraidh.

A mhéid a bhaineann leis an gceist an mbeadh na bearta atá dírithe ar mhí‑úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach tráthúil nó róluath, is é tuairim an Choimisiúin go bhfuil gá soiléir leis na bearta sin. Eascraíonn an gá leis na bearta sin go soiléir i ndiaidh scannail leanúnacha maidir le mí‑úsáid eintiteas caoch ar fud an domhain agus go sonrach sa mhargadh aonair. Ní thabharfaí aghaidh go hiomlán ar shaincheist na gcuideachtaí caocha nuair a chuirfí na rialacha maidir le híoschánachas éifeachtach domhanda i bhfeidhm amach anseo mar ní bheadh feidhm ag na rialacha sin ach amháin maidir le cuideachtaí ilnáisiúnta a chomhlíonann an tairseach EUR 750 milliún, rud a d’fhágfadh gach cuideachta faoi bhun na tairsí sin as an raon feidhme. Ar an gcaoi chéanna, aithníonn an Coimisiún go bhfuil sé níos tábhachtaí fós boinn inchánach na mBallstát a chosaint chun geilleagar inbhuanaithe a áirithiú sna himthosca eisceachtúla a bhaineann leis an ngéarchéim sláinte.

Bailiú agus úsáid saineolais

Agus bearta iomchuí á sainaithint aige chun dul i ngleic le mí‑úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach, tharraing an Coimisiún ar staidéar fairsing a rinne an Biúró Idirnáisiúnta um Dhoiciméadacht Fhioscach (IBFD). Cuireadh an staidéar faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí. Baintear de thátal as nach leor bearta frithsheachanta AE atá ann cheana chun dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le cáin maidir le heintitis chaocha agus gur díol sásaimh í gníomhaíocht chomhordaithe lena gcuirtear comhsheasmhacht thrasteorann chun cinn maidir leis an gcaoi is infheidhme a gcaitear chun críoch cánach le socruithe caocha. Tugtar le fios ann freisin go bhfuil rialacha na mBallstát lena ndírítear go sonrach ar shocruithe caocha sách neamhchoitianta. Thairis sin, bhí an Coimisiún ag brath ar staidéar ar chuideachtaí caocha a rinne conraitheoir seachtrach agus a coimisiúnaíodh go neamhspleách ar an tionscnamh sin.

Bhí an Coimisiún ag brath ar thorthaí na staidéar sin agus na gnéithe sonracha á sainiú aige lenar cheart na heintitis atá i mbaol a shainaithint, is iad sin na heintitis atá i mbaol a bheith caoch agus na heintitis atá i mbaol go mbainfear mí‑úsáid astu chun buntáistí cánach a fháil.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair chun an tionscnamh seo a ullmhú.

An 22 Deireadh Fómhair 2021 d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) tuairim dhearfach ina raibh forchoimeádais i ndáil leis an measúnú tionchair a cuireadh isteach maidir leis an togra seo, lena náirítear roinnt moltaí feabhais 5 . Rinneadh tuilleadh athbhreithnithe ar an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair (IA) ar an gcaoi chéanna, mar a mhínítear thíos.

Déantar scrúdú sa mheasúnú tionchair ar cheithre rogha beartais anuas ar an gcás bunlíne, i.e. gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh. Ba é Rogha 1 gníomhaíocht dlí bhoig a shaothrú trí shainordú ionstraime athbhreithnithe piaraí atá ann cheana a leathnú, an Cód Iompair (Cánachas Gnó). De rogha air sin, rinneadh scrúdú sa mheasúnú tionchair ar an bhféidearthacht atá ann don Choimisiún moladh a ghlacadh do na Ballstáit. Mar sin féin, d’fhéadfaí a mheas go mbeadh éifeacht theoranta ag ionstraimí dlí bhoig maidir leis an bhfadhb a bhaineann le mí‑úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a réiteach, is saincheist thrasteorann í sin agus tá gá le cur chuige comhsheasmhach ar fud an Aontais chun í a réiteach, cur chuige nach féidir a áirithiú trí dhlí bog.

Is roghanna rialála iad Roghanna 2, 3 agus 4 agus forordaítear leo tacar rialacha ba cheart a chur i bhfeidhm i ngach Ballstát. Tá difríocht eatarthu maidir leis an méid atá comhordú á lorg. Beartaíodh le Rogha 2 na critéir agus na próisis chun eintitis chaocha a shainaithint mar aon leis an gcaoi a gcaithfear leo a chomhordú. Áirítear i Rogha 3, anuas ar Rogha 2, meicníocht le haghaidh uathmhalartú faisnéise. Le Rogha 4, cuirtear le Rogha 3 forordú smachtbhannaí in aghaidh eintitis neamhchomhlíontacha.

Cuireadh na Roghanna éagsúla i gcomparáid lena chéile de réir na gcritéar seo a leanas: a) éifeachtacht maidir le mí‑úsáid eintiteas caoch a laghdú, b) gnóthachain chánach le haghaidh an airgeadais phoiblí, c) costais chomhlíontachta ar ghnólachtaí, d) costais chomhlíontachta ar riaracháin chánach, e) éifeachtaí indíreacha ar an margadh aonair, f) éifeachtaí indíreacha ar an iomaíochas i measc gnólachtaí, g) éifeachtaí indíreacha ar iomaíochas an Aontais, h) éifeachtaí indíreacha – tionchair shóisialta agus i) an comhleanúnachas. Léiríodh sa chomparáid gur féidir a bheith ag súil leis go mbeadh Roghanna 2, 3 agus 4 éifeachtach chun cuspóirí an tionscnaimh seo a chomhlíonadh, d’ainneoin a gcostas. I measc na roghanna sin, is cosúil gurbh í Rogha 4 an rogha ag a mbeadh an fheidhmíocht ab fhearr. Go sonrach, meastar gurbh í sin an rogha lena n‑áiritheofaí an leibhéal ab airde comhlíontachta i measc na n‑eintiteas a thagann faoin raon feidhme agus, san am céanna, tá sí i gcomhréir le clár oibre reatha an Aontais maidir le seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac agus chuirfí leis na córais malartaithe faisnéise atá ann cheana dá barr.

Tionchair eacnamaíocha

Bhí an measúnú ar na tionchair eacnamaíocha faoi réir teorainneacha sonraí, toisc go mbaineann an tionscnamh le cineál eintitis a bhfuil easpa ollmhór sonraí ann lena aghaidh agus nach bhfuil aon sainmhíniú air a bhfuil glacadh coitianta leis.

Sochair

Mar sin féin, meastar go mbeidh tionchar dearfach eacnamaíoch ag an rogha thosaíochta (Rogha 4). Mar phríomhshochar díreach, meastar go dtiocfaidh méadú ar bhailiú ioncam cánach trí mhí‑úsáid eintiteas caoch san Aontas a laghdú. Fiú le laghdú beag ar an gcaillteanas cánach measta atá ann faoi láthair (tuairim is EUR 20 billiún san Aontas), beidh acmhainní poiblí breise suntasacha ann. Is í Rogha 4 an rogha is éifeachtaí óir treisítear an toradh ar eintitis chaocha a shainaithint le himpleachtaí: an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus córas smachtbhannaí comhchoiteann ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí roinnt sochar díreach breise a fháil ó na muirir rialála i ngeall ar na smachtbhannaí. Leis an tionscnamh, soláthrófar sochair indíreacha shuntasacha freisin. A bhuí leis an ngníomhaíocht seo, baileofar faisnéis luachmhar chun tuiscint níos fearr a fháil ar fheiniméan na n‑eintiteas caoch chun críoch cánach. Léireoidh sé freisin go bhfuil an tAontas tiomanta do dheireadh a chur le seachaint cánach agus le himghabháil cánach laistigh dá theorainneacha chun an chomhlíontacht cánach a spreagadh.

Costais

Is iad na príomhchostais a bhaineann leis an rogha a roghnaíodh an méadú ar na costais chomhlíontachta ar ghnólachtaí agus ar riaracháin chánach. Meastar go dtiocfaidh méadú ar chostais chomhlíontachta ar ghnólachtaí ar bhealach teoranta. Ar an iomlán, ba cheart costais a bheith teoranta go leor toisc go meastar go mbeidh líon na gcuideachtaí atá faoi raon feidhme an tionscnaimh seo íseal (níos lú ná 0.3 % de chuideachtaí uile an Aontais), agus maidir leis na sonraí breise a bheidh le tuairisciú ag na cuideachtaí sin atá faoin raon feidhme, ba cheart é a bheith éasca iad a aisghabháil agus ba cheart é a bheith sách simplí iad a sholáthar. I gcás riaracháin chánach, meastar go dtiocfaidh méadú beag ar chostais freisin. Ba cheart do riaracháin chánach a gcumas a leathnú chun an fhaisnéis a mbeidh rochtain acu uirthi a riar, chun na córais a thacaíonn le malartú faisnéise a chur chun feidhme agus chun na smachtbhannaí atá beartaithe a fhorfheidhmiú. Tá sé d’aidhm ag an togra seo, de réir a dheartha, cothromaíocht mhaith a aimsiú idir na tionchair dhearfacha agus an t‑ualach breise. Tá rioscaí ann maidir le cumas na mBallstát déileáil leis na freagrachtaí nua, mar shampla maidir le rialuithe cánach a bhainistiú.

Príomhathruithe a cuireadh chun feidhme

D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ina raibh forchoimeádais maidir leis an Measúnú Tionchair. Go háirithe, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála dá aire nach bhfuil an measúnú tionchair soiléir maidir leis an bhfáth ar cheart aghaidh a thabhairt ar sheachaint cánach agus imghabháil cánach le chéile agus maidir leis an méid a dhéanann idirdhealú idir eintitis chaocha dhlisteanacha agus na heintitis sin a mbaintear mí‑úsáid astu chun críoch cánach. Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála dá aire freisin nach dtugtar forbhreathnú leordhóthanach sa mheasúnú tionchair ar bhearta malartacha agus/nó ar bhearta comhlántacha a d’fhéadfadh a bheith ann, seachas reachtaíocht AE a thabhairt isteach. Thairis sin, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála dá aire gur cheart an measúnú tionchair a fheabhsú a mhéid a bhaineann le meastacháin chainníochtúla, go háirithe na costais chomhlíontachta ar ghnólachtaí, agus gur cheart é a bheith ina léiriú níos fearr ar thuairimí éagsúla na bpáirtithe leasmhara sa phríomhanailís. Mínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Measúnú Tionchair conas a tugadh aghaidh ar fhorchoimeádais an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála. Rinneadh athbhreithniú ar roinnt codanna den mheasúnú tionchair agus cuireadh codanna nua leis chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála in iúl. Ar an gcéad dul síos, cuireadh roinn nua leis chun a mhíniú, trí shamplaí freisin, conas gur féidir le heintitis chaocha feidhmiú le haghaidh cleachtais seachanta cánach agus cleachtais imghabhála cánach araon ar bhealaí comhchosúla agus an fáth, dá bhrí sin, gur féidir aghaidh a thabhairt orthu le chéile. Ina theannta sin, rinneadh athbhreithniú ar an measúnú tionchair chun a shoiléiriú go mbaineann an t‑idirdhealú idir eintitis chaocha dhlisteanacha agus neamhdhlisteanacha leis an gcaoi a mbaintear úsáid astu seachas leis an gcaoi a gcuirtear le chéile iad. Ar an dara dul síos, leathnaíodh an measúnú tionchair chun mionléiriú a thabhairt ar na roghanna éagsúla a measadh ag céim luath chun dul i ngleic le húsáid fhadhbach eintiteas caoch i réimse an chánachais. I ndáil leis sin, tugadh míniú ar an bhfáth nár cuireadh chun cinn an rogha maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus cuideachtaí a rialáil, mar bheart neamhspleách nó comhlántach. Rinneadh tuilleadh anailíse freisin ar na cúiseanna ar measadh gurbh í an rogha maidir le ceanglais tábhachta a thabhairt isteach an rogha ab oiriúnaí dá feidhm. Ar an tríú dul síos, rinneadh athbhreithniú ar an measúnú tionchair chun tuilleadh mionsonraí a chur san áireamh maidir leis na costais chomhlíontachta mheasta ar ghnólachtaí agus ar riaracháin, agus go háirithe, mionsonraí maidir leis an réasúnaíocht leis na meastacháin, le hargóintí breise agus le fianaise nua. Thairis sin, rinneadh athbhreithniú ar roinnt mhaith ranna de phríomhchuid an mheasúnaithe tionchair chun ionchur ábhartha ó na páirtithe leasmhara a chur san áireamh, ionchur a bailíodh trí nósanna imeachta comhairliúcháin phoiblí agus shonraigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Féach an Ráiteas Airgeadais Reachtach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

A luaithe a ghlacfar an togra seo mar Threoir, ba cheart é a thrasuí i ndlí náisiúnta na mBallstát faoin 30 Meitheamh 2023 agus ba cheart é a theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024. Chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, ar bhonn bliantúil, faisnéis ábhartha in aghaidh na bliana cánach, lena n‑áirítear liosta sonraí staidrimh. Leagtar an fhaisnéis ábhartha amach in Airteagal 12 den Treoir.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 5 bliana, amhail ón [1 Eanáir 2024]. Áireofar torthaí an togra seo sa tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a eiseofar faoin [1 Eanáir 2029].

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá an Treoir cuimsitheach den chuid is mó agus tá sé d’aidhm aici na gnóthais uile is féidir a mheas go bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát a chuimsiú, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil. Ar an gcaoi sin, cuimsítear socruithe dlíthiúla léi, amhail comhpháirtíochtaí, a mheastar go bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát.

Leis an Treoir, dírítear ar scéim shonrach a úsáidtear chun críoch seachanta cánach nó imghabhála cánach. Is é atá i gceist leis an scéim ar a ndíreofar, gnóthais a bhunú atá laistigh den Aontas a dtoimhdítear ina leith go bhfuil siad ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, ach i ndáiríre, nach ndéanann aon ghníomhaíocht eacnamaíoch. Ina ionad sin, is í an chúis a bhfuil siad ann chun gur féidir lena núinéir tairbhiúil nó leis an ngrúpa lena mbaineann siad, ina niomláine, buntáistí cánach áirithe a fháil. Mar shampla, d’fhéadfadh gnóthas sealbhaíochta airgeadais na híocaíochtaí uile ó ghníomhaíochtaí airgeadais gnóthas i mBallstáit éagsúla a bhailiú, agus leas á bhaint aige as na díolúintí uile ó chánacha iarchoimeádta faoin Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna 6 agus an tioncam sin a chur ar aghaidh ansin chuig fiontar comhlachaithe i ndlínse tríú tír ísealchánach, agus leas á bhaint aige as conarthaí cánach fabhracha nó fiú as dlí cánach intíre fabhrach i mBallstát ar leith. Chun dul i ngleic leis an scéim seo, leagtar síos leis an Treoir seo tástáil a bheidh ina cuidiú do na Ballstáit gnóthais a shainaithint atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, ach nach bhfuil tábhacht íosta acu agus gnóthais a mbaintear míúsáid astu chun buntáistí cánach a fháil. Is féidir tagairt don tástáil sin go coitianta mar “thástáil tábhachta”. Ina theannta sin, leis an Treoir, cuirtear iarmhairtí cánach i gceangal le gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu (eintitis chaocha). Beartaítear léi freisin uathmhalartú faisnéise mar aon le hiarraidh a d’fhéadfadh Ballstát amháin a dhéanamh ar Bhallstát eile maidir le hiniúchtaí cánach a dhéanamh ar ghrúpa leathan gnóthas a gcaitear leo mar ghnóthais atá i mbaol (toisc go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe) ach nach gá go mbeidís easnamhach ó thaobh tábhachta de chun críocha na Treorach seo. Leis an sainmhíniú ar chóireáil cánach iomchuí agus leis an malartú faisnéise, ba cheart an scéim ar a ndíreofar a dhíspreagadh trí aon bhuntáistí cánach a fuarthas, nó buntáistí cánach is féidir a fháil, a neodrú.

I bhfianaise an mhéid thuas, tá an Treoir struchtúraithe ionas go léireofar léi go bunúsach seicheamh loighciúil gach céime den tástáil tábhachta réamhluaite. Tá seacht gcéim ann: gnóthais ar cheart dóibh tuairisciú (toisc go bhfuarthas amach go bhfuil siad ‘i mbaol’); tuairisciú; an fhéidearthacht maidir le díolúine a fháil ó thuairisciú i gcás easpa tábhachta cánach; toimhde maidir le heaspa tábhachta íosta; an fhéidearthacht maidir le frisnéis a dhéanamh; iarmhairtí cánach; uathmhalartú faisnéise trí shonraí a chur ar fáil in Eolaire Lárnach mar aon le hiarraidh a d’fhéadfaí a dhéanamh chun iniúchadh cánach a dhéanamh.

Gnóthais ar cheart dóibh tuairisciú

Leis an gcéad chéim, roinntear na cineálacha éagsúla gnóthais ina ndá ghrúpa, na gnóthais atá i mbaol nach bhfuil dóthain tábhachta acu agus go mbainfear mí‑úsáid astu chun críoch cánach vs. na gnóthais a bhfuil riosca íseal ag baint leo. Is é atá i gcásanna riosca na cásanna sin a mbíonn roinnt gnéithe ag baint leo go comhuaineach, ar gnéithe iad a aithnítear de ghnáth i ngnóthais a bhfuil easpa tábhacht acu. Tagraítear do na critéir sin go coitianta mar ‘chritéir tairsí’. Is é atá i gcásanna ísealriosca na cásanna sin nach mbíonn aon cheann de na critéir sin ag baint leo nó nach mbíonn ach cúpla ceann de na critéir sin ag baint leo, i.e. na cásanna nach sáraíonn na tairseacha.

Maidir leis na gnóthais sin a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí trasteorann atá soghluaiste i dtéarmaí geografacha, de réir cosúlachta, agus ina theannta sin, a bhíonn ag brath ar ghnóthais eile chun a riarachán féin a dhéanamh, go háirithe soláthraithe seirbhísí gairmiúla tríú páirtí nó a gcoibhéis, tá sé d’aidhm ag na critéir ábhartha lena mbunaítear na tairseacha na gnóthais sin a mheas mar ghnóthais atá i mbaol.

Cásanna ísealriosca nach sáraíonn an tairseach, ní bhaineann siad le hábhar chun críocha na Treorach. Dá bhrí sin, is féidir acmhainní a dhíriú ar na cásanna lena mbaineann an riosca is mó, i.e. cásanna lena mbaineann na gnéithe ábhartha uile agus, dá bhrí sin, sáraíonn siad an tairseach.

Ar mhaithe leis an deimhneacht chánach, gearrtar gnóthais a dhéanann gníomhaíochtaí áirithe amach go sainráite agus, dá bhrí sin, meastar ón tús gur gnóthais iad lena mbaineann riosca íseal agus nach mbaineann le hábhar chun críocha na Treorach. Áirítear leo sin gnóthais nach sáródh an tairseach nó, dá sáróidís an tairseach, gheofaí amach nach mbaineann siad le hábhar chun críocha na Treorach ag céim níos déanaí den tástáil. Ní gá do ghnóthais a thagann faoi raon feidhme aon cheann de na díolmhuithe a mheas cé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn siad an tairseach.

Tuairisciú

Ní théann ach na gnóthais a mheastar a bheith i mbaol ag an gcéad chéim ar aghaidh chuig an dara céim, arb í croílár na tástála tábhachta í. Ós rud é go bhfuil siad i mbaol, iarrtar ar na gnóthais sin tuairisc a thabhairt ar an tábhacht atá acu ina dtuairisceán cánach.

Is é atá i gceist le tuairisc a thabhairt ar thábhacht faisnéis shonrach a chur ar fáil, ar faisnéis í a eascraíonn de ghnáth as tuairisceán cánach an ghnóthais cheana, ar bhealach lena n‑éascaítear an measúnú ar an ngníomhaíocht a dhéanann an gnóthas. Dírítear ar imthosca sonracha a bhíonn ann de ghnáth i ngnóthas a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch shubstaintiúil.

Meastar go bhfuil trí ghné tábhachtach: ar an gcéad dul síos, áitreabh a bheith ar fáil lena úsáid go heisiach ag an ngnóthas; ar an dara dul síos, ar a laghad cuntas bainc gníomhach amháin dá chuid féin san Aontas; agus ar an tríú dul síos, stiúrthóir amháin ar a laghad gar don ghnóthas agus atá tiomnaithe dá ghníomhaíochtaí nó, de rogha air sin, maidir le fostaithe an ghnóthais atá ag gabháil dá phríomhghníomhaíochtaí as a ngintear ioncam gar don ghnóthas, cónaí a bheith ar líon leordhóthanach díobh gar don ghnóthas. Féadfar tiomantas stiúrthóra do ghníomhaíochtaí an ghnóthas a léiriú ina cháilíochtaí, ar cáilíochtaí iad lenar cheart é a chur ar a chumas don stiúrthóir ról gníomhach a bheith aige sna próisis chinnteoireachta, sna cumhachtaí foirmiúla arna ndílsiú dó nó di agus i rannpháirtíocht iarbhír an stiúrthóra i mbainistiú laethúil an ghnóthais. I gcás nach bhfuil cónaí ar aon stiúrthóir ag a bhfuil na cáilíochtaí is gá gar don ghnóthas, de rogha air sin bheifí ag súil leis go mbeadh nasc leordhóthanach ag an ngnóthas leis an mBallstát a dtugann sé le fios go bhfuil cónaí air ann chun críoch cánach, má tá cónaí ar an gcuid is mó dá fhostaithe a dhéanann feidhmeanna laethúla chun críoch cánach gar don Bhallstát sin. Ba cheart cinnteoireacht a dhéanamh laistigh de Bhallstát an ghnóthais freisin. Roghnaíodh na heilimintí sonracha sin agus leas á bhaint as an gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch shubstaintiúil chun críoch cánach.

Ní mór a choinneáil i gcuimhne go socraítear na heilimintí sin maidir le gnóthais a dhéanann gníomhaíochtaí trasteorann atá soghluaiste i dtéarmaí geografacha agus nach bhfuil acmhainní dílse acu le haghaidh a riarachán féin.

Thairis sin, ní mór fianaise dhoiciméadach a bheith ag gabháil leis an tuairisciú, ar fianaise í ba cheart a cheangal leis an tuairisceán cánach freisin, mura n‑áirítear sin cheana. Tá sé d’aidhm ag an bhfianaise is gá cead a thabhairt do na riaracháin chánach fírinne na faisnéise a thuairiscítear a fhíorú go díreach agus forbhreathnú ginearálta a dhéanamh ar staid an ghnóthais chun a mheas ar cheart iniúchadh cánach a thionscnamh nó nár cheart.

Toimhde maidir le heaspa tábhachta íosta agus míúsáid cánach

Ag an tríú céim den tástáil, forordaítear an measúnú iomchuí ar an bhfaisnéis a thuairiscíonn an gnóthas ag an dara céim i dtéarmaí tábhachta. Leagtar amach inti an chaoi ar cheart toradh an tuairiscithe a cháiliú, ar an gcéad amharc ar a laghad, i.e. an dearbhú ón ngnóthas go bhfuil nó nach bhfuil na heilimintí ábhartha aige.

Maidir le gnóthas ar cás riosca é, ós rud é gur sháraigh sé an tairseach, agus a mbaintear de thátal as a thuairisciú nach bhfuil ceann amháin ar a laghad de na heilimintí ábhartha maidir le tábhacht aige, ba cheart a thoimhdiú gur ‘eintiteas caoch’ é chun críocha na Treorach, i.e. níl tábhacht aige agus baintear mí‑úsáid as chun críoch cánach.

Maidir le gnóthas ar cás riosca é ach a nochtar ina thuairisciú go bhfuil na heilimintí ábhartha tábhachta uile aige, ba cheart a thoimhdiú nach ‘eintiteas caoch’ é chun críoch na Treorach. Mar sin féin, ní eisiatar leis an toimhde sin nach gcinnfidh na riaracháin chánach an méid seo a leanas maidir leis an ngnóthas sin:

·go bhfuil sé ina eintitis caoch chun críocha na Treorach toisc nach ndeimhnítear san fhianaise dhoiciméadach a cuireadh ar fáil an fhaisnéis arna tuairisciú; nó

·go bhfuil sé ina eintiteas caoch nó nach bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch shubstaintiúil aige faoi rialacha intíre seachas an Treoir seo, agus an fhianaise dhoiciméadach a cuireadh ar fáil agus/nó eilimintí breise á gcur san áireamh; nó

·nach é úinéir tairbhiúil aon srutha ioncaim a íoctar leis é.

Frisnéis

Is é atá i gceist leis an gceathrú céim an ceart atá ag an ngnóthas a dtoimhdítear ina leith gur eintiteas caoch é agus go mbaintear mí‑úsáid as chun críoch cánach, chun críoch na Treorach, a mhalairt a chruthú, i.e. go bhfuil tábhacht aige nó nach mbaintear mí‑úsáid as in aon chás chun críoch cánach. Tá an deis sin an‑tábhachtach toisc go bhfuil an tástáil tábhachta bunaithe ar tháscairí agus, dá réir sin, d’fhéadfadh sé nach gcuimseofaí inti fíorais shonracha agus imthosca sonracha gach cáis ar leith. Dá bhrí sin, beidh ceart éifeachtach ag cáiníocóirí an t‑éileamh a dhéanamh nach eintiteas caoch iad de réir bhrí na Treorach.

Chun frisnéis a éileamh i leith toimhde gur eintitis chaocha iad, ba cheart do na cáiníocóirí fianaise nithiúil a chur ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann siad agus conas a dhéanann siad iad. Táthar ag súil leis go n‑áireofar san fhianaise a chuirfear ar fáil faisnéis maidir leis na cúiseanna tráchtála (i.e. neamhchánach) atá leis an ngnóthas a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar gnóthas é nach dteastaíonn a áitreabh féin agus/nó a chuntas bainc féin agus/nó bainistíocht thiomnaithe nó fostaithe tiomnaithe. Táthar ag súil leis freisin go n‑áireofar inti faisnéis maidir leis na hacmhainní a úsáideann an gnóthas sin chun a ghníomhaíocht a dhéanamh go hiarbhír. Maidir leis an nasc idir an gnóthas agus an Ballstát a dtugann sé le fios go bhfuil cónaí air ann chun críoch cánach, táthar ag súil leis freisin go n‑áireofar inti faisnéis lena mbeifear in ann an nasc sin a fhíorú, i.e. chun a fhíorú go ndéantar na príomhchinntí ansin maidir le gníomhaíochtaí an ghnóthais as a ngintear luach.

Cé go bhfuil an fhaisnéis thuas fíor-riachtanach agus cé gur gá don ghnóthas atá ag déanamh na frisnéise í a chur ar fáil, tá sé de shaoirse ag an ngnóthas faisnéis bhreise a chur ar fáil chun a chás a dhéanamh. Ansin, ba cheart do riarachán cánach an Stáit ina bhfuil cónaí ar an ngnóthas chun críoch cánach measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin. I gcás inar deimhin leis an riarachán cánach go ndéanann gnóthas an toimhde gur eintiteas caoch é chun críocha na Treorach a fhrisnéis, ba cheart é a bheith ar a chumas dó toradh an phróisis frisnéise a dheimhniú le haghaidh na bliana cánach ábhartha. Ós rud é gur dócha go gcruthóidh an próiseas frisnéise ualach ar an ngnóthas agus ar an riarachán cánach araon agus, san am céanna, go mbainfear de thátal as go bhfuil tábhacht íosta ann chun críoch cánach, beifear in ann síneadh a chur le bailíocht na frisnéise ar feadh 5 bliana eile (i.e. ar feadh uastréimhse iomlán 6 bliana), tar éis na bliana cánach ábhartha, ar choinníoll nach n‑athróidh na himthosca dlíthiúla agus fíorasacha a chuireann an gnóthas in iúl san fhianaise. Tar éis na tréimhse sin, beidh ar an ngnóthas an próiseas frisnéise a athnuachan más mian leis sin a dhéanamh.

Díolúine i gcás easpa tábhachta cánach

Maidir le gnóthas a d’fhéadfadh an tairseach a shárú agus/nó nach gcomhlíonann an tábhacht íosta, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as le haghaidh fíorghníomhaíochtaí gnó gan sochar cánach a chruthú dó féin, don ghrúpa cuideachtaí ina bhfuil sé rannpháirteach nó don úinéir tairbhiúil deiridh. Ba cheart an deis a bheith ag an ngnóthas sin fianaise a thabhairt ina leith sin, tráth ar bith, agus díolúine a iarraidh ó oibleagáidí na Treorach seo.

Chun an díolúine sin a éileamh, táthar ag súil leis go gcuirfidh an gnóthas eilimintí ar fáil lena bhféadfar comparáid a dhéanamh idir dliteanas cánach an struchtúir nó an ghrúpa ina bhfuil sé rannpháirteach lena idirstaid agus gan a idirstaid. Tá sé sin comhchosúil leis an mbeart a mholtar a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar aon chineál scéimeanna pleanála ionsaithí cánach (Moladh ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2012 maidir le pleanáil ionsaitheach cánach 7 .

Mar is amhlaidh i gcás fhrisnéis na toimhdean, riarachán cánach na háite a dtugann an gnóthas le fios go bhfuil cónaí air inti chun críoch cánach, féadfar a mheas gurb é an riarachán cánach sin is fearr atá in ann measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise iomchuí a chuireann an gnóthas ar fáil. I gcás inar deimhin leis an riarachán cánach nach bhfuil tionchar ag idirstaid gnóthais ar leith laistigh den ghrúpa ar dhliteanas an ghrúpa, ba cheart é a bheith ar a chumas dó a dheimhniú nach bhfuil an gnóthas i mbaol go bhfaighfear amach faoi gur ‘eintiteas caoch’ é faoin Treoir seo le haghaidh bliain chánach. Ós rud é gur dócha go bhféadfadh an próiseas chun díolúine a fháil ualach a chruthú ar an ngnóthas agus ar an riarachán cánach araon agus, san am céanna, go mbainfí de thátal as nach bhfuil aon chríoch seachanta cánach ná imghabhála cánach ann, beifear in ann síneadh a chur le bailíocht na frisnéise ar feadh 5 bliana eile (i.e. ar feadh uastréimhse iomlán 6 bliana), ar choinníoll nach n‑athróidh na himthosca dlíthiúla agus fíorasacha a chuireann an gnóthas in iúl san fhianaise. Tar éis sna tréimhse sin, beidh ar an ngnóthas an próiseas maidir le díolúine a iarraidh a dhéanamh arís más mian leis leanúint de bheith díolmhaithe agus ionas gur féidir leis bunús a thabhairt leis go bhfuil sé fós i dteideal díolúine a fháil.

Iarmhairtí

A luaithe a thoimhdítear gur ‘eintiteas caoch’ é gnóthas chun críocha na Treorach, agus nach ndéanann an gnóthas an toimhde sin a fhrisnéis, ba cheart iarmhairtí cánach a theacht i bhfeidhm. Ba cheart na hiarmhairtí sin a bheith comhréireach agus ba cheart é a bheith d’aidhm acu tionchar cánach an ghnóthais a neodrú, i.e. nach féidir aon bhuntáistí cánach a fháil a fuarthas cheana, nó a d’fhéadfaí a fháil, tríd an ngnóthas i gcomhréir le comhaontuithe agus coinbhinsiúin atá i bhfeidhm i mBallstát an ghnóthais nó le treoracha AE ábhartha, go háirithe Treoir 2011/96/AE ón gComhairle maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí Ballstát éagsúil agus Treoir 2003/49/CE ón gComhairle maidir le córas coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil. Dhícheadófaí na buntáistí sin, i ndáiríre, dá ndéanfaí neamhshuim de na comhaontuithe, na coinbhinsiúin agus na treoracha AE ábhartha maidir leis an ngnóthas a bhfaightear amach faoi nach bhfuil tábhacht íosta aige agus nach gcruthaíonn a mhalairt.

Ós rud é gur gá do ghnóthas deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a sholáthar de ghnáth chun na buntáistí sin a fháil, chun foráil a dhéanamh maidir le próiseas éifeachtúil, ní eiseoidh an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an eintiteas caoch chun críoch cánach deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach ar chor ar bith nó eiseoidh an Ballstát sin deimhniú a bhfuil ráiteas rabhaidh ag gabháil leis, i.e. lena n‑áirítear ráiteas sainráite chun cosc a chur ar a úsáid chun na buntáistí thuas a fháil. Mura n‑eisítear deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach nó má eisítear deimhniú speisialta, a bhfuil an rabhadh mar a thuairiscítear thuas ag gabháil leis, ní chuirtear i leataobh rialacha náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an eintiteas caoch chun críoch cánach maidir le haon oibleagáid chánach a bhaineann leis an eintiteas caoch. Ní fheidhmeoidh sé ach mar chleachtas riaracháin chun a chur ar an eolas don tír fhoinseach nár cheart di sochair a chonartha cánach le Ballstát an eintitis chaoch (nó sochair na dtreoracha AE is infheidhme) a dheonú d’íocaíochtaí leis an eintiteas caoch.

Má dhéantar buntáistí cánach a thugtar don ghnóthas a dhícheadú, ba cheart a chinneadh conas ba cheart cáin a ghearradh go hiarbhír ar shreafaí ioncaim chuig an ngnóthas agus ón ngnóthas, agus ar aon sócmhainní atá faoi úinéireacht an ghnóthais. Go háirithe, ba cheart a chinneadh cén dlínse ar cheart an ceart a bheith aici cáin a ghearradh ar na sreafaí ioncaim agus/nó na sócmhainní sin. Le cinneadh den sórt sin, níor cheart difear a dhéanamh d’aon cháin a bhféadfaidh feidhm a bheith aici ar leibhéal an eintitis chaoch féin; Dá bhrí sin, bheadh sé fós de shaoirse ag Ballstát an eintitis chaoch leanúint dá mheas go bhfuil cónaí ar an eintiteas caoch chun críoch cánach i gcríoch an Bhallstáit sin agus de cháin a ghearradh ar na sreafaí ioncaim ábhartha agus/nó ar na sócmhainní ábhartha de réir a dhlí náisiúnta.

Ba cheart a chur san áireamh le leithdháileadh na gceart cánachais gach dlínse a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh de bharr idirbhearta a bhaineann leis an eintiteas caoch. Is é atá sna dlínsí sin, seachas Ballstát an eintitis chaoch:

(i)I gcás sreafaí ioncaim: ar thaobh amháin, an dlínse fhoinseach nó an dlínse ina bhfuil íocóir an ioncaim lonnaithe agus ar an taobh eile, dlínse cheann scríbe deiridh an tsreafa, i.e. dlínse scairshealbhóir an ghnóthais;

(ii)I gcás sócmhainní réadmhaoine: ar thaobh amháin, an dlínse fhoinseach nó an dlínse ina bhfuil na sócmhainní suite agus ar an taobh eile, an dlínse ina bhfuil cónaí ar an úinéir, i.e. dlínse scairshealbhóir an ghnóthais;

(iii)I gcás sócmhainní sochorraithe luachmhara, amhail bailiúcháin ealaíne, luaimh etc.: dlínse an úinéara, i.e. dlínse scairshealbhóir an ghnóthais.

Le leithdháileadh na gceart cánachais, is gá nach ndéanfar difear ach do na Ballstáit, a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, i.e. ní dhéantar difear do thríú tíortha leis agus ní féidir difear a dhéanamh do thríú tíortha leis. Mar sin féin, is dócha go dtiocfaidh cásanna chun cinn a bhaineann le tríú tíortha, e.g. i gcás ina sreabhann an t‑ioncam ó thríú tír chuig an eintiteas caoch nó i gcás ina bhfuil scairshealbhóir nó scairshealbhóirí an eintitis chaoch i dtríú tír nó i gcás ina bhfuil sócmhainní atá suite i dtríú tír faoi úinéireacht an eintitis chaoch. Sna cásanna sin, ba cheart comhaontuithe idir Ballstát agus tríú tír chun cánachas dúbailte a sheachaint a urramú go cuí a mhéid a bhaineann le leithdháileadh na gceart cánachais. In éagmais comhaontuithe den sórt sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann a dhlí náisiúnta i bhfeidhm.

Go mionsonrach, is féidir ceithre chás a bheartú:

(1)dlínse fhoinseach tríú tír an íocóra – dlínse an eintitis chaoch AE – dlínse an scairshealbhóra AE nó na scairshealbhóirí AE

Sa chás sin, níl an Treoir ina ceangal ar an dlínse fhoinseach agus, san am céanna, tagann dlínsí an eintitis chaoch agus an scairshealbhóra faoin raon feidhme.

oFoinse/íocóir tríú tír: féadfaidh sé nó sí cáin intíre a chur i bhfeidhm maidir leis an íocaíocht amach nó féadfaidh sé nó sí a chinneadh an conradh atá i bhfeidhm le dlínse an scairshealbhóra AE a chur i bhfeidhm

oEintiteas caoch AE: beidh cónaí air fós chun críoch cánach sa Bhallstát lena mbaineann agus beidh air oibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh de réir an dlí náisiúnta, lena náirítear tríd an íocaíocht a fuarthas a thuairisciú; d’fhéadfadh sé a bheith in ann fianaise a sholáthar i dtaca leis an gcáin a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an íocaíocht

oScairshealbhóir(í) AE: áireoidh sé ina ioncam inchánach an íocaíocht a fuair an gnóthas caoch, de réir an dlí náisiúnta agus d’fhéadfadh sé a bheith in ann faoiseamh a éileamh i leith aon chánach a íoctar ag an bhfoinse, i gcomhréir leis an gconradh is infheidhme leis an dlínse fhoinseach tríú tír. Déanfaidh sé freisin aon cháin a íocann an teintiteas caoch a chur san áireamh agus a asbhaint.

(2)Dlínse fhoinseach AE an íocóra – dlínse an eintitis chaoch AE – dlínse an scairshealbhóra AE nó na scairshealbhóirí AE

Sa chás sin, tagann gach dlínse faoi raon feidhme na Treorach agus, dá bhrí sin, tá an Treoir ina ceangal orthu.

oFoinse/íocóir AE: ní bheidh sé de cheart aige nó aici cáin a ghearradh ar an íocaíocht ach féadfaidh sé nó sí cáin intíre a chur i bhfeidhm maidir leis an íocaíocht amach a mhéid nach féidir leis nó léi a shainaithint an bhfuil scairshealbhóir nó scairshealbhóirí an ghnóthais san Aontas

oEintiteas caoch AE: beidh cónaí air fós chun críoch cánach sa Bhallstát lena mbaineann agus beidh air oibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh de réir an dlí náisiúnta, lena náirítear tríd an íocaíocht a fuarthas a thuairisciú; d’fhéadfadh sé a bheith in ann fianaise a sholáthar i dtaca leis an gcáin a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an íocaíocht

oScairshealbhóir(í) AE: áireoidh sé ina ioncam inchánach an íocaíocht a fuair an gnóthas caoch, de réir an dlí náisiúnta agus d’fhéadfadh sé a bheith in ann faoiseamh a éileamh i leith aon chánach a íoctar ag an bhfoinse, lena náirítear de bhua threoracha AE. Déanfaidh sé freisin aon cháin a íocann an teintiteas caoch a chur san áireamh agus a asbhaint.

(3)Dlínse fhoinseach AE an íocóra – dlínse an eintitis chaoch AE – dlínse an scairshealbhóra tríú tír nó na scairshealbhóirí tríú tír

Sa chás sin, níl an Treoir ina ceangal ach amháin ar an dlínse fhoinseach agus ar dhlínse an eintitis chaoch agus, san am céanna, níl sí ina ceangal ar dhlínse an scairshealbhóra.

oFoinse/íocóir AE: gearrfaidh sé nó sí cáin ar an íocaíocht amach i gcomhréir leis an gconradh atá i bhfeidhm le dlínse tríú tír an scairshealbhóra nó na scairshealbhóirí nó in éagmais conartha den sórt sin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó lena dlí náisiúnta.

oEintiteas caoch AE: beidh cónaí air fós chun críoch cánach i mBallstát agus beidh air oibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh de réir an dlí náisiúnta, lena náirítear tríd an íocaíocht a fuarthas a thuairisciú; d’fhéadfadh sé a bheith in ann fianaise a sholáthar i dtaca leis an gcáin a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an íocaíocht.

oScairshealbhóir(í) tríú tír: cé nach gcuirtear iallach ar dhlínse tríú tír an scairshealbhóra nó na scairshealbhóirí aon iarmhairtí a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go niarrfaí uirthi conradh cánach atá i bhfeidhm leis an mBallstát foinseach a chur i bhfeidhm chun faoiseamh a sholáthar.

(4)Dlínse fhoinseach tríú tír an íocóra – dlínse an eintitis chaoch AE – dlínse an scairshealbhóra tríú tír nó na scairshealbhóirí tríú tír

oFoinse/íocóir tríú tír: féadfaidh sé nó sí cáin intíre a chur i bhfeidhm maidir leis an íocaíocht amach nó féadfaidh sé nó sí a chinneadh cáin a chur i bhfeidhm de réir an chonartha cánach atá i bhfeidhm le dlínse tríú tír an scairshealbhóra nó na scairshealbhóirí más mian leis breathnú tríd an eintiteas caoch AE freisin.

oEintiteas caoch AE: beidh cónaí air fós chun críoch cánach i mBallstát agus leanfaidh sé d’oibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh de réir an dlí náisiúnta, lena náirítear tríd an íocaíocht a fuarthas a thuairisciú; d’fhéadfadh sé a bheith in ann fianaise a sholáthar i dtaca leis an gcáin a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an íocaíocht

oScairshealbhóir(í) tríú tír: cé nach gcuirtear iallach ar dhlínse tríú tír an scairshealbhóra aon iarmhairtí a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí a mheas conradh atá i bhfeidhm leis an dlínse fhoinseach a chur i bhfeidhm chun faoiseamh a sholáthar.

Cásanna ina bhfuil cónaí ar ghnóthais chaocha lasmuigh den Aontas Eorpach, ní thagann siad faoi raon feidhme na Treorach.

Malartú faisnéise

Beidh rochtain ag gach Ballstát ar fhaisnéis maidir le heintitis chaocha AE, tráth ar bith agus gan gá le dul i muinín faisnéis a iarraidh. Chuige sin, déanfar faisnéis a mhalartú i measc na mBallstát ón gcéad chéim, i gcás ina n‑aicmítear gnóthas mar ghnóthas atá i mbaol chun críocha na Treorach seo. Beidh feidhm ag an malartú freisin i gcás ina ndéanann riarachán cánach Ballstáit measúnú bunaithe ar fhíorais agus imthosca cásanna aonair agus i gcás ina gcinneann sé a dheimhniú go ndearna gnóthas áirithe an toimhde go bhfuil sé ina ghnóthas caoch a fhrisnéis nó i gcás ina gcinneann sé gur cheart é a dhíolmhú ó na hoibleagáidí faoin Treoir. Áiritheofar leis sin go mbeidh gach Ballstát in ann a bheith ar an eolas, go tráthúil, maidir leis an discréid a fheidhmítear agus na cúiseanna atá le gach measúnú. Beidh na Ballstáit in ann freisin iarraidh ar Bhallstát an ghnóthais iniúchtaí cánach a dhéanamh i gcás ina bhfuil forais acu a bheith in amhras go bhféadfadh sé nach bhfuil tábhacht íosta ag an ngnóthas chun críocha na Treorach.

Chun go mbeidh an fhaisnéis ar fáil go tráthúil do gach Ballstát a bhféadfadh leas a bheith acu inti, déanfar an fhaisnéis a mhalartú go huathoibríoch trí eolaire lárnach tríd an sásra atá ann cheana maidir le comhar riaracháin i gcúrsaí cánach a chur in úsáid. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sna cásanna thuasluaite uile a mhalartú gan mhoill agus in aon chás laistigh de 30 lá ón tráth a bheidh an fhaisnéis sin ag an riarachán. Ciallaíonn sé sin laistigh de 30 lá ón lá a gheofar tuairisceáin chánach nó laistigh de 30 lá ón lá a eiseoidh an riarachán cinneadh chun a dheimhniú go ndearna gnóthas toimhde a fhrisnéis nó gur cheart é a dhíolmhú. Déanfar uathmhalartú freisin laistigh de 30 lá ó thabhairt i gcrích iniúchta ar ghnóthas atá i mbaol chun críocha na Treorach, má bhíonn tionchar ag toradh an iniúchta sin ar an bhfaisnéis a malartaíodh cheana nó ar an bhfaisnéis ba cheart a mhalartú maidir leis an ngnóthas sin. Forordaítear in Airteagal 13 den Treoir seo an fhaisnéis atá le malartú. Is é an prionsabal atá ann, leis an bhfaisnéis sin, gur cheart gach Ballstát a bheith in ann faisnéis a thuairiscíonn gnóthais atá i mbaol chun críocha na Treorach seo a fháil. Ina theannta sin, i gcás ina ndéanann riarachán Ballstáit measúnú ar fhrisnéis toimhdean nó ar dhíolúine ó oibleagáidí na Treorach, leis an bhfaisnéis a mhalartófar, ba cheart Ballstáit eile a bheith in ann na cúiseanna atá leis an measúnú sin a thuiscint. Ba cheart Ballstáit eile a bheith in ann i gcónaí iniúchadh cánach a iarraidh ar Bhallstát eile ar aon ghnóthas a sháraíonn tairseach na Treorach seo, má tá amhras orthu maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an tábhacht íosta is gá aige. Ba cheart don Bhallstát iarrtha an t‑iniúchadh cánach a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta agus an toradh a roinnt leis an mBallstát iarrthach. Má bhaintear de thátal as go bhfuil eintiteas ‘caoch’ ann, ba cheart an malartú faisnéise a bheith uathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir seo.

Pionóis

Leis an reachtaíocht atá beartaithe, fágtar faoi na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme in aghaidh shárú na n‑oibleagáidí tuairiscithe dá bhforáiltear leis an Treoir seo mar a thrasuitear iad sa dlíchóras náisiúnta. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart íosleibhéal comhordaithe a bhaint amach i measc na mBallstát trí íosphionós airgeadaíochta a shocrú i gcomhréir le forálacha atá ann cheana san earnáil airgeadais. Ba cheart a áireamh sna pionóis smachtbhanna riaracháin airgid 5 % ar a laghad de láimhdeachas an ghnóthais. Leis an íosmhéid sin, ba cheart imthosca an eintitis tuairiscithe shonraigh a chur san áireamh.

2021/0434 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha chun mí‑úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a chosc agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 8 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 9 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tosaíochtaí polaitiúla san Aontas fós is ea cánachas cothrom agus éifeachtach sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac. Cé go ndearnadh dul chun cinn tábhachtach sa réimse seo le blianta beaga anuas, go háirithe le glacadh Threoir 2016/1164 ón gComhairle 10 a bhaineann le seachaint cánach a chomhrac agus le raon feidhme Threoir 2011/16/AE ón gComhairle 11 maidir le comhar riaracháin a leathnú, tá gá le bearta breise chun dul i ngleic le cleachtais seachanta cánach agus cleachtais imghabhála cánach arna sainaithint go sonrach, cleachtais nach gcuimsítear ina niomláine le creat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana féin. Go háirithe, is minic a chruthaíonn grúpaí ilnáisiúnta gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu, chun a ndliteanas cánach iomlán a laghdú, lena náirítear brabúis a aistriú ó Bhallstáit áirithe ina bhfuil an cháin ard agus ina ndéanann siad gníomhaíocht eacnamaíoch agus luach a chruthú dá ngnólacht. Leis an togra seo, comhlánaítear an dul chun cinn a baineadh amach sa trédhearcacht chorparáideach trí cheanglais a bhaineann le faisnéis úinéireachta tairbhiúla a tugadh isteach leis an gcreat frithsciúrtha airgid, ceanglais lena dtugtar aghaidh ar chásanna ina gcruthaítear gnóthais chun an fhíorúinéireacht a cheilt, bíodh sé sin úinéireacht na ngnóthas féin nó úinéireacht na sócmhainní a bhainistíonn siad agus ar leo iad, amhail réadmhaoin nó maoin ardluacha.

(2)Aithnítear go bhféadfar gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu a bhunú i mBallstát agus é mar phríomhchuspóir aige sin buntáiste cánach a fháil, go háirithe trí bhonn cánach Ballstáit eile a chreimeadh. Cé gur fhorbair roinnt Ballstát creat reachtach nó creat riaracháin chun a mbonn cánach a chosaint ó scéimeanna den sórt sin, is minic a bhíonn éifeacht theoranta ag na rialacha ábhartha, óir ní bhíonn feidhm acu ach i gcríoch Ballstáit aonair agus ní chuimsítear go héifeachtach leo cásanna ina mbíonn níos mó ná Ballstát amháin i gceist. Thairis sin, na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir leis an réimse seo, is mór an difear atá eatarthu ar fud an Aontais agus, san am céanna, tá Ballstáit áirithe ann nach bhfuil aon riail acu, chun dul i ngleic le míúsáid gnóthas nach bhfuil aon tábhacht acu nó a bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach.

(3)Is gá creat comhchoiteann a leagan síos, chun athléimneacht na mBallstát a neartú in aghaidh cleachtais seachanta cánach agus cleachtais imghabhála cánach a bhaineann le húsáid gnóthas nach ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch fiú má tá siad bainteach le gníomhaíocht eacnamaíoch de réir cosúlachta agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon tábhacht acu nó nach bhfuil ach tábhacht íosta acu chun críoch cánach. Déantar sin chun a áirithiú nach mbainfear úsáid as gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu mar ionstraimí seachanta cánach nó mar ionstraimí imghabhála cánach. Ó tharla go bhféadfar na gnóthais sin a bhunú i mBallstát amháin ach go bhféadfar iad a úsáid agus é mar thoradh air sin bonn cánach Ballstáit eile a chreimeadh, tá sé ríthábhachtach tacar comhchoiteann rialacha a chomhaontú chun a chinneadh cad ba cheart a mheas mar thábhacht neamhdhóthanach chun críoch cánach sa mhargadh inmheánach agus chun iarmhairtí sonracha cánach a bhaineann le tábhacht neamhdhóthanach den sórt sin a léiriú. I gcás ina bhfaightear amach go bhfuil tábhacht neamhdhóthanach ag gnóthas faoin Treoir seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit leanúint de rialacha i gcoinne seachaint cánach agus imghabháil cánach a oibriú, ar choinníoll go bhfuil siad sin comhsheasmhach le dlí an Aontais.

(4)Chun cur chuige cuimsitheach a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le gach gnóthas san Aontas atá inchánach i mBallstát, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil nó ar a stádas dlíthiúil, ar choinníoll go bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát agus go bhfuil siad incháilithe chun deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a fháil sa Bhallstát sin.

(5)Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh mar aon le comhréireacht agus éifeachtacht na rialacha a d’fhéadfadh a bheith ann a áirithiú, bheadh sé inmhianaithe a raon feidhme a theorannú do ghnóthais a bhfuil an baol ann go bhfaighfear amach fúthu nach bhfuil tábhacht íosta acu agus gur baineadh úsáid astu agus é mar phríomhchuspóir aige sin buntáiste cánach a fháil. Bheadh sé tábhachtach, dá bhrí sin, critéar tairsí a bhunú, i bhfoirm tacair de thrí choinníoll charnacha tháscacha, chun a chinneadh cad iad na gnóthais atá i mbaol suntasach mar a luadh thuas chun údar a thabhairt le iad a bheith faoi réir ceanglais tuairiscithe. Maidir le sainaithint gnóthas atá, de réir cosúlachta, ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá soghluaiste i dtéarmaí geografacha, ba cheart sin a chumasú sa chéad choinníoll, óir bíonn sé níos dúshlánaí an áit a ndéantar na gníomhaíochtaí sin a shainaithint de ghnáth. Is iondúil go dtagann sreafaí tábhachtacha ioncaim éighníomhaigh as gníomhaíochtaí den sórt sin. Dá bhrí sin, gnóthais arb é atá sa chuid is mó dá nioncam sreafaí ioncaim éighníomhaigh, chomhlíonfaidís an coinníoll sin. Ba cheart é a chur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh aon ioncam ar feadh tréimhsí fada ama ag eintitis a shealbhaíonn sócmhainní le haghaidh úsáid phríobháideach, amhail réadmhaoin, luaimh, scairdeitleáin, saothair ealaíne, nó cothromas ina aonar, ach tairbhíonn siad de shochair chánach mhóra fós trí na sócmhainní sin a shealbhú. Ós rud é nach mbaineann riosca le cásanna intíre amháin maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus gurbh fhearr aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal intíre, ba cheart díriú ar ghnóthais atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí trasteorann sa dara coinníoll. Ba cheart rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí trasteorann a bhunú ag féachaint, ar thaobh amháin, do chineál idirbhearta an ghnóthais, gnóthas intíre nó eachtrach, agus ar an taobh eile, dá réadmhaoin, i bhfianaise nach bhféadfaidh eintitis a shealbhaíonn sócmhainní le haghaidh úsáid phríobháideach, nach mbaineann le gnó, gabháil d’idirbhearta ar feadh tréimhse fhada ama. Ina theannta sin, sa tríú coinníoll, ba cheart a chur in iúl do na gnóthais sin nach bhfuil aon acmhainn dílse acu nó nach bhfuil acmhainní dílse leordhóthanacha acu príomhghníomhaíochtaí bainistíochta a fheidhmiú. I ndáil leis sin, gnóthais nach bhfuil acmhainní dílse leordhóthanacha acu, is gnách dóibh dul i muinín soláthraithe tríú páirtí seirbhísí riaracháin, bainistíochta, comhfhreagrais agus comhlíontachta dlíthiúla nó comhaontuithe ábhartha a dhéanamh le fiontair chomhlachaithe le haghaidh soláthar seirbhísí den sórt sin chun láithreacht dhlíthiúil agus chánach a bhunú agus a choinneáil ar bun. Maidir le seachfhoinsiú seirbhísí coimhdeacha áirithe, amhail seirbhísí leabharchoimeádta amháin, fad agus a fhanann príomhghníomhaíochtaí leis an ngnóthas, níor leor sin amháin do ghnóthas chun an coinníoll seo a chomhlíonadh. Cé go bhféadfadh sé go rialófaí na soláthraithe seirbhísí sin chun críoch neamhchánach eile, an riosca go gcumasaíonn siad bunú agus coinneáil ar bun gnóthas a mbaintear míúsáid astu le haghaidh cleachtais seachanta cánach agus cleachtais imghabhála cánach, ní féidir an riosca sin a mhaolú i gcónaí lena noibleagáidí chun na gcríoch eile sin.

(6)Gnóthais a bhfuil a ngníomhaíochtaí faoi réir leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus, dá bhrí sin, nach mbaineann riosca leo nach mbeidh dóthain tábhachta acu chun críoch cánach, bheadh sé cothrom gnóthais den sórt sin a eisiamh ó na rialacha atá beartaithe. Maidir le cuideachtaí ag a bhfuil urrús inaistrithe a ligtear isteach chun a thrádála nó a liostaítear ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach mar aon le gnóthais airgeadais áirithe a rialaítear go mór san Aontas, go díreach nó go hindíreach, agus atá faoi réir ceanglais bhreise trédhearcachta agus maoirseacht bhreise, ba cheart iad sin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo ar an gcaoi chéanna. Gnóthais fíorshealbhaíochta atá lonnaithe sa dlínse chéanna ina bhfuil an fhochuideachta oibríochtúil agus a núinéir tairbhiúil nó a núinéirí tairbhiúla, ní dócha gurb é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil freisin. Tá sé sin amhlaidh ar an gcaoi chéanna i gcás gnóthais fhoshealbhaíochta atá lonnaithe sa dlínse chéanna ina bhfuil a neintiteas scairshealbhóra nó a máthairchuideachta deiridh. Ar an mbonn sin, ba cheart iad a eisiamh freisin. Maidir le gnóthais a théann i muinín líon leordhóthanach daoine, go lánaimseartha agus go heisiach, chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh, níor cheart a mheas ar an gcaoi chéanna nach bhfuil tábhacht íosta acu. Cé nach bhfuil coinne réasúnta leis go gcomhlíonfaidh siad critéar na tairsí, ba cheart iad a eisiamh go sainráite chun críocha na deimhneachta dlíthiúla.

(7)Chun idirdhealú a dhéanamh idir gnóthais atá i mbaol go bhfaighfear amach faoi nach bhfuil dóthain tábhachta acu chun críoch cánach agus chun a áirithiú nach gcuimsítear leis na rialacha ach gnóthais nach bhfuil dóthain tábhachta acu chun críoch cánach, ba cheart do ghnóthais faisnéis a sholáthar maidir lena nacmhainní sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach. Tá faisnéis den sórt sin riachtanach chun a dheimhniú go bhfuil acmhainní ag an ngnóthas agus go ndéanann sé gníomhaíocht eacnamaíoch iarbhír sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air chun críoch cánach agus go bhfuil nasc leordhóthanach idir ioncam nó sócmhainní an ghnóthais agus an Ballstát sin.

(8)Chun cur chun feidhme na Treorach seo a éascú, maidir le gnóthais atá i mbaol go bhfaighfear amach nach bhfuil dóthain tábhachta acu agus a úsáidtear agus é mar phríomhchuspóir aige sin buntáiste cánach a fháil, ba cheart dóibh a dhearbhú, ina a dtuairisceán cánach bliantúil, go bhfuil an tíosleibhéal acmhainní acu amhail daoine agus áitreabh sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach agus fianaise dhoiciméadach a sholáthar más amhlaidh atá. Cé go naithnítear go bhféadfadh sé go mbeadh gá le leibhéal difriúil acmhainní nó le cineál difriúil acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí difriúla, bheifí ag súil le híosleibhéal comhchoiteann acmhainní i ngach uile chás. Ba cheart gurb é is aidhm don mheasúnú sin tábhacht na ngnóthas chun críoch cánach a shainaithint agus, leis an measúnú sin, nach gceistítear an ról atá ag “soláthróir seirbhíse iontaobhais nó cuideachta”, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 , maidir le sciúradh airgid, cionta preideacáide a bhaineann leis agus maoiniú sceimhlitheoireachta a shainaithint. Os a choinne sin, mura bhfuil íosleibhéal acmhainní ag gnóthas, féadfar a mheas go dtugtar le fios leis sin go bhfuil easpa tábhachta ann i gcás ina bhfuil gnóthas i mbaol cheana go bhfaighfear amach faoi nach bhfuil dóthain tábhachta aige chun críoch cánach. Chun an chomhoiriúnacht le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a áirithiú, ba cheart íosleibhéal comhchoiteann a bheith bunaithe ar chaighdeáin an Aontais agus ar na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil tábhacht ag baint léi i gcomhthéacs córas cánach fabhrach nó in éagmais cáin chorparáide 13 , mar a fhorbraítear i gcomhthéacs an Fhóraim maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha. Is gá foráil a dhéanamh maidir le fianaise dhoiciméadach a chur isteach leis an tuairisceán cánach mar thaca le dearbhú an ghnóthais lena ndearbhaítear go bhfuil íosmhéid acmhainní acu. Tá gá leis freisin chun gur féidir leis an riarachán tuairim a fhoirmiú bunaithe ar na fíorais agus ar imthosca an ghnóthais agus a chinneadh an ndéanfaidh sé nós imeachta iniúchta a thionscnamh.

(9)Chun an deimhneacht chánach a áirithiú, tá sé ríthábhachtach rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le hábhar dearbhuithe gnóthas. Gnóthais a chomhlíonann critéar na tairsí agus atá faoi réir ceanglais tuairiscithe dá réir sin, ba cheart glacadh leis nach bhfuil dóthain tábhachta acu chun críoch cánach má dhearbhaíonn siad freisin nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na heilimintí acu, ar eilimintí iad arb ionann iad go léir a bheith ag gnóthas agus íosleibhéal tábhachta a bheith aige, nó mura soláthraíonn siad an fhianaise thacaíochta is gá. Gnóthais a dhearbhaíonn go bhfuil eilimintí uile an íosleibhéil tábhachta acu agus a sholáthraíonn an doiciméadacht thacaíochta is gá, ba cheart, ina ionad sin, glacadh leis go bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach agus níor cheart dóibh aon oibleagáid ná iarmhairt bhreise a thabhú faoin Treoir seo. Mar sin féin, ba cheart é sin a bheith gan dochar d’aon dlí is infheidhme agus do cheart an riaracháin iniúchadh a dhéanamh, lena náirítear ar bhonn na doiciméadachta tacaíochta, agus teacht ar chonclúid dhifriúil, b’fhéidir.

(10)Maidir le cé acu atá gnóthas ag déanamh gníomhaíochtaí eacnamaíocha iarbhír chun críoch cánach nó is ann dó go príomha chun críoch seachanta cánach nó chun críoch imghabhála cánach, aithnítear gur ceist í sin, sa deireadh, a bhaineann le fíorais agus le himthosca. Ba cheart measúnú a dhéanamh air sin ar bhonn cás ar chás i leith gach gnóthais shonraigh. Dá bhrí sin, maidir le gnóthais a ghlactar leis nach bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach, ba cheart iad a bheith i dteideal a mhalairt a chruthú, lena náirítear a chruthú nach ann dóibh go príomha ar mhaithe le cuspóirí cánach, agus toimhde den sórt sin a fhrisnéis. Tar éis dóibh a noibleagáidí tuairiscithe faoin Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart dóibh faisnéis bhreise a sholáthar do riarachán an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach. Cé go bhféadfaidh siad aon fhaisnéis bhreise a mheasann siad a bheith iomchuí a sholáthar, tá sé fíor-riachtanach ceanglais chomhchoiteanna a shocrú maidir le cad is fianaise bhreise iomchuí ann agus, dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis sin a iarraidh i ngach cás. I gcás ina measann an Ballstát, bunaithe ar an bhfianaise bhreise sin, go ndearna gnóthas toimhde maidir le heaspa tábhachta a fhrisnéis ar bhealach sásúil, ba cheart é a bheith ar a gcumas dó cinneadh a eisiúint chun a dheimhniú go bhfuil tábhacht íosta ag an ngnóthas chun críoch cánach i gcomhréir leis an Treoir seo. Féadfaidh an cinneadh sin a bheith bailí ar feadh na tréimhse nach nathraíonn imthosca fíorasacha agus dlíthiúla an ghnóthais lena linn agus suas le 6 bliana ón tráth a eisítear an cinneadh. Leis sin, beifear in ann teorainn a chur leis na hacmhainní a leithdháiltear ar chásanna a dtugtar fianaise ina leith lena léirítear nach eintiteas caoch atá iontu chun críocha na Treorach.

(11)Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an Treoir seo cosc a chur leis an tseachaint chánach agus leis an imghabháil chánach ar dócha go mbeidh borradh fúthu de bharr gníomhaíochtaí a dhéanann gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu, agus chun an deimhneacht chánach a áirithiú agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh maidir le féidearthacht go mbeidh díolúintí ann do ghnóthais a chomhlíonann critéar na tairsí ach nach bhfuil aon tionchar buntáisteach iarbhír ag a nidirstaid ar staid chánach fhoriomlán ghrúpa an ghnóthais nó ar staid chánach fhoriomlán an úinéara thairbhiúil nó na núinéirí tairbhiúla. Chuige sin, ba cheart gnóthais den sórt sin a bheith i dteideal iarraidh ar riarachán an Bhallstáit, ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach, cinneadh a eisiúint lena ndíolmhaítear iad ón tús ó na rialacha atá beartaithe a chomhlíonadh ina niomláine. Níor cheart ach teorainn ama a chur leis an díolúine sin, chun gur féidir leis an riarachán a dheimhniú go tráthrialta go bhfuil na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla lena dtugtar údar leis an gcinneadh maidir le díolúine fós bailí. An tráth céanna, le fad sínithe a d’fhéadfaí a chur leis an gcinneadh sin, beifear in ann teorainn a chur leis na hacmhainní a leithdháiltear ar chásanna ba cheart a bheith díolmhaithe ó raon feidhme na Treorach.

(12) Chun an deimhneacht chánach agus an cánachas cothrom sa mhargadh inmheánach a áirithiú, bheadh sé iomchuí na rialacha a leagan síos go sainráite lena sonraítear an chaoi a gcaithfear chun críoch cánach le hioncam a théann chuig gnóthais nó a thagann ó ghnóthais a bhfaightear amach fúthu nach bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach agus nach soláthraíonn fianaise lena léirítear a mhalairt ná fianaise lena léirítear nach é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil. Ba cheart ioncam den sórt sin a bheith inchánach sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar scairshealbhóir an ghnóthais nó ar scairshealbhóirí an ghnóthais chun críoch cánach, amhail is gur íocadh é go díreach leis an scairshealbhóir sin nó leis na scairshealbhóirí sin. Chun an riosca maidir le cánachas dúbailte a chosc, ba cheart aon cháin a íoctar ar ioncam den sórt sin i mBallstát an ghnóthais a chur san áireamh agus a asbhaint ón gcáin is iníoctha ag Ballstát scairshealbhóir nó scairshealbhóirí an ghnóthais. Mura bhfuil cónaí ar scairshealbhóirí an ghnóthais chun críoch cánach i gceann de na Ballstáit, ba cheart ioncam den sórt sin a bheith inchánach sa dlínse ina bhfuil cónaí ar an íocóir chun críoch cánach, amhail is gur íocadh é go díreach le scairshealbhóir an ghnóthais nó le scairshealbhóirí an ghnóthais. Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach maidir le cásanna nach mbíonn aon sreabhadh ioncaim ann. Go háirithe, d’fhéadfadh sé sin tarlú i gcás ina sealbhaítear maoin dhochorraithe nó maoin eile ardluacha chun críoch príobháideach amháin nó i gcás fíorshealúchais cothromais. Ó tharla go bhfuil riosca ann go mbunófar roinnt gnóthas nach bhfuil tábhacht íosta acu ina slabhra, tá sé fíor-riachtanach freisin é a chur as an áireamh go meastar an tioncam a bheith inchánach i ndlínse scairshealbhóra, ar scairshealbhóir é atá ina ghnóthas nach bhfuil tábhacht íosta acu. Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do chearta cánach a leithdháileadh i gcomhréir le comhaontuithe agus le coinbhinsiúin ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur, ar comhaontuithe agus coinbhinsiúin iad a thugtar i gcrích idir Ballstát agus tríú tír.

(13)Chun éifeachtacht an chreata atá beartaithe a áirithiú, is gá iarmhairtí cánach iomchuí a bhunú le haghaidh gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu chun críoch cánach. Gnóthais a chomhlíonann critéar na tairsí agus a ghlactar leis nach bhfuil tábhacht acu chun críoch cánach agus, ina theannta sin, nach soláthraíonn fianaise lena léirítear a mhalairt ná fianaise lena léirítear nach é is cuspóir dóibh buntáiste cánach a fháil, níor cheart iad a bheith in ann tairbhiú de fhorálacha comhaontuithe agus coinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur, ar comhaontuithe agus coinbhinsiúin iad a bhfuil an Ballstát ina bhfuil cónaí ar na gnóthais sin chun críoch cánach ina pháirtí iontu agus de fhorálacha comhaontuithe eile, lena náirítear forálacha i gcomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le hinfheistíochtaí a chur chun cinn agus a chosaint, a bhfuil cuspóir coibhéiseach nó éifeacht choibhéiseach acu. Níor cheart na gnóthais sin a bheith in ann tairbhiú de Threoir 2011/96/AE ón gComhairle 14 agus de Threoir 2003/49/CE ón gComhairle 15 . Chuige sin, níor cheart na gnóthais sin a bheith i dteideal deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a fháil, óir is é is cuspóir don deimhniú sin na sochair sin a fháil. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an ngnóthas chun críoch cánach eisiúint deimhnithe cónaitheachta chun críoch cánach a dhiúltú. De rogha air sin, ba cheart é a bheith ar a chumas don Bhallstát sin an deimhniú sin a eisiúint agus, san am céanna, a thabhairt le fios, trí bhíthin foláirimh, nár cheart don ghnóthas é a úsáid chun sochair chánach a fháil mar a luaitear thuas. Leis an diúltú deimhnithe cónaitheachta chun críoch cánach sin nó, de rogha air sin, an eisiúint deimhnithe speisialta cónaitheachta chun críoch cánach, níor cheart rialacha náisiúnta Bhallstát an ghnóthais a chur i leataobh maidir leis an gcónaitheacht chun críoch cánach agus oibleagáidí ábhartha a bhaineann léi sin. Ina ionad sin, ba é ba chuspóir dó a chur in iúl do na Ballstáit eile, agus do thríú tíortha, nár cheart aon fhaoiseamh ná aisíocaíocht a dheonú maidir le hidirbhearta a bhaineann leis an ngnóthas sin bunaithe ar aon chonradh le Ballstát an ghnóthais nó le treoracha an Aontais, más infheidhme.

(14)Ós rud é go bhféadfar gnóthais nach bhfuil tábhacht íosta acu a úsáid chun buntáiste cánach a fháil chun dochair do Bhallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach, ba cheart an fhaisnéis ábhartha a roinnt le húdaráis inniúla na mBallstát eile. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain thráthúil ag na Ballstáit leasmhara uile ar an bhfaisnéis sin, ba cheart an fhaisnéis a mhalartú go huathoibríoch trí líonra cumarsáide coiteann (‘CCN’) arna fhorbairt ag an Aontas. Sa chomhthéacs sin, ba cheart faisnéis a thaifeadadh in eolaire lárnach slán um chomhar riaracháin i réimse an chánachais a bheadh ar fáil do na Ballstáit uile. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit sraith socruithe praiticiúla a chur chun feidhme, lena náirítear bearta chun cur in iúl na faisnéise uile is gá a chaighdeánú trí fhoirm chaighdeánach a chruthú. Ba cheart a áireamh leis sin ceanglais teanga a shonrú le haghaidh an mhalartaithe faisnéise atá beartaithe agus CCN a uasghrádú dá réir sin. I gcás inar gá, tar éis chéim an uathmhalartaithe faisnéise shainordaithigh faoin Treoir seo, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann brath ar Airteagal 5 de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an malartú faisnéise arna iarraidh sin chun faisnéis bhreise a fháil maidir le tuairisciú gnóthas ón mBallstát ag a mbeadh na gnóthais sin faoi dhliteanas an fhaisnéis sin a thuairisciú. I bhfianaise gur dá luaithe agus a fhaightear freagraí ar iarratais ar fhaisnéis is ea is éifeachtaí a bhíonn siad, is iomchuí a áirithiú go dtabharfar freagraí ar iarratais ar fhaisnéis go pras.

(15)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin.

(16)Chun an éifeachtacht a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos in aghaidh na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a shárú. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Chun an deimhneacht chánach agus íosleibhéal comhordaithe ar fud na mBallstát uile a áirithiú, is gá íosphionós airgid a shocrú, agus staid gach gnóthais shonraigh á cur san áireamh freisin. Braitheann na rialacha atá beartaithe ar fhéinmheasúnú a dhéanfaidh na gnóthais a mhéid a bhaineann le cé acu a chomhlíonann siad nó nach gcomhlíonann siad critéar na tairsí. Chun éifeachtacht na bhforálacha a bhaint amach, lena ndreasófar comhlíontacht leordhóthanach ar fud an Aontais, agus é á chur san áireamh go bhféadfar gnóthas caoch i mBallstát amháin a úsáid chun bonn cánach Ballstáit eile a chreimeadh, tá sé tábhachtach go mbeidh sé de cheart ag aon Bhallstát iarraidh ar Bhallstát eile iniúchtaí cánach a dhéanamh ar ghnóthais a bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh siad tábhacht íosta mar a shainmhínítear sa Treoir seo. Dá réir sin, chun an éifeachtacht a dhaingniú, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh oibleagáid ar an mBallstát iarrtha an tiniúchadh sin a dhéanamh agus faisnéis maidir le toradh an iniúchta sin a roinnt, fiú i gcás nach dtagtar ar eintiteas ‘caoch’.

(17)Maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú na rialacha atá beartaithe i ngach Ballstát, ós rud é go bhfuil sé sin criticiúil chun bonn cánach Ballstát eile a chosaint, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus ar an bhforfheidhmiú sin. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, faisnéis shonrach a chur in iúl don Choimisiún go tráthrialta, lena náirítear staitisticí maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú beart náisiúnta ina gcríoch féin a ghlactar de bhun na Treorach seo.

(18)Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na rialacha nua atá beartaithe, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a ullmhú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn na sonraí eile atá ar fáil. Ba cheart tuarascáil an Choimisiúin a fhoilsiú.

(19)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo agus Treoir 2011/16/AE a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis an uathmhalartú faisnéise idir údaráis chánach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún foirm chaighdeánach a ghlacadh ina bhfuil líon teoranta gnéithe, lena náirítear na socruithe teanga, na socruithe praiticiúla is gá chun an teolaire lárnach um chomhar riaracháin i réimse an chánachais a uasghrádú. Na cumhachtaí sin, dá bhforáiltear i dTreoir 2011/16/AE, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 .

(20)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 .

(21)Maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú Threoir 2011/16/AE, ba cheart é sin a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 agus le Rialachán (AE) 2018/1725. Is chun freastal ar leas poiblí ginearálta, agus chuige sin amháin, a leagtar próiseáil sonraí amach i dTreoir 2011/16/AE, eadhon cúrsaí cánachais agus chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, ioncaim chánach a chosaint agus cánachas cothrom a chur chun cinn, lena neartaítear deiseanna maidir le cuimsiú sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch sna Ballstáit.

(22)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais i bhfianaise go mbunaítear gnóthais den sórt sin i mBallstát amháin de ghnáth ach go mbaintear úsáid astu ar bhealach a nimríonn tionchar ar bhonn cánach Ballstáit amháin eile nó níos mó, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar

Leagtar síos leis an Treoir seo táscairí maidir le tábhacht íosta le haghaidh gnóthais atá sna Ballstáit agus rialacha maidir leis an gcaoi a gcaithfear chun críoch cánach leis na gnóthais sin nach gcomhlíonann na táscairí.

Airteagal 2
Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na gnóthais uile a mheastar go bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach i mBallstát agus atá incháilithe chun deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a fháil i mBallstát.

Tá an Treoir seo gan dochar do ghníomhartha dlí eile an Aontais.

Airteagal 3
Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘gnóthas’ aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a fhoirm dhlí, a bhfuil cónaí air i mBallstát chun críoch cánach;

(2)ciallaíonn ‘bliain chánach’ bliain chánach, bliain féilire nó aon tréimhse eile is iomchuí chun críoch cánach;

(3)ciallaíonn ‘ioncaim’ suim an ghlanláimhdeachais, an ioncaim oibriúcháin eile, an ioncaim ó leasanna rannpháirteacha, lena náirítear díbhinní a fuarthas ó ghnóthais chleamhnaithe, ioncam ó infheistíochtaí eile agus iasachtaí ar cuid de na sócmhainní dochta iad, ús eile is infhaighte agus ioncam dá samhail mar a liostaítear in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 ;

(4)ciallaíonn ‘Ballstát an ghnóthais’ an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an ngnóthas chun críoch cánach;

(5)ciallaíonn ‘úinéir tairbhiúil’ úinéir tairbhiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(6)ciallaíonn ‘scairshealbhóirí an ghnóthais’ na daoine aonair nó na heintitis a shealbhaíonn go díreach scaireanna, ús, bunanna, rannpháirtíochtaí, cearta ballraíochta, teidlíocht ar shochair nó aon cheart coibhéiseach eile nó aon teidlíocht choibhéiseach eile sa ghnóthas agus i gcás sealúchais indíreacha, na daoine nó na heintitis a shealbhaíonn leas sa ghnóthas trí shlabhra gnóthas amháin nó níos mó nach gcomhlíonann aon cheann acu siúd na táscairí maidir le tábhacht íosta a leagtar amach in Airteagal 7(1) den Treoir seo.

Airteagal 4
Ioncam ábhartha

Chun críocha Chaibidlí II agus III ciallóidh ‘ioncam ábhartha’ ioncam a thagann faoi aon cheann de na catagóirí seo a leanas:

(a)ús nó aon ioncam eile a ghintear as sócmhainní airgeadais, lena náirítear criptea-shócmhainní, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 2 den togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gCriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 20 ;

(b)ríchíosanna nó aon ioncam eile a ghintear as maoin intleachtúil nó as maoin dholáimhsithe nó as ceadanna intrádála;

(c)díbhinní agus ioncam ó scaireanna a dhiúscairt;

(d)ioncam ó léasú airgeadais;

(e)ioncam ó mhaoin dhochorraithe;

(f)ioncam ó mhaoin inchorraithe, seachas airgead tirim, scaireanna nó urrúis, a shealbhaítear chun críoch príobháideach agus ar mó a luach de réir na leabhar ná aon mhilliún euro.

(g)ioncam ó árachas, ó bhaincéireacht agus ó ghníomhaíochtaí airgeadais eile;

(h)ioncam ó sheirbhísí arna seachfhoinsiú ag an ngnóthas chuig fiontair chomhlachaithe eile.

Airteagal 5
Fiontar comhlachaithe

1.Chun críocha Airteagail 4 agus 7, ciallóidh ‘fiontar comhlachaithe’ duine a bhfuil gaol aige le duine eile ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)tá duine rannpháirteach i mbainistiú duine eile trí bheith in ann tionchar suntasach a imirt ar an duine eile;

(b)tá duine rannpháirteach i rialú duine eile trí shealúchas ar mó é ná 25 % de na cearta vótála;

(c)tá duine rannpháirteach i gcaipiteal duine eile trí cheart úinéireachta ar mó ná 25 % den chaipiteal é, go díreach nó go hindíreach;

(d)tá duine i dteideal 25 % nó níos mó de bhrabúis duine eile.

2.Má tá níos mó ná duine amháin rannpháirteach i mbainistíocht, rialú, caipiteal nó brabúis an duine chéanna, dá dtagraítear i mír 1, measfar go bhfuil gach duine lena mbaineann ina bhfiontar comhlachaithe.

Má tá na daoine céanna rannpháirteach i mbainistíocht, rialú, caipiteal nó brabúis níos mó ná duine amháin, dá dtagraítear i mír 1, measfar go bhfuil gach duine lena mbaineann ina bhfiontar comhlachaithe.

3.Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, ciallóidh duine daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha. Aon duine a ghníomhaíonn in éineacht le duine eile i leith cearta vótála nó úinéireacht chaipitil eintitis, caithfear leis mar shealbhóir rannpháirtíochta i gcearta vótála uile nó in úinéireacht chaipitil an eintitis sin a shealbhaíonn an duine eile.

4.I gcás rannpháirtíochtaí indíreacha, cinnfear comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1 trí na rátaí sealúchais a iolrú trí na sraitheanna comhleanúnacha. Measfar go bhfuil 100 % de na cearta vótála ag duine ag a bhfuil níos mó ná 50 % de na cearta sin.

Caithfear le duine aonair, a chéile nó a céile agus a shinsear nó a sinsear nó a shliochtaigh nó a sliochtaigh mar dhuine aonair.

CAIBIDIL II
SAINAITHINT GNÓTHAS NACH gCOMHLÍONANN TÁSCAIRÍ MAIDIR LE TÁBHACHT ÍOSTA CHUN CRÍOCH CÁNACH

Airteagal 6
Na gnóthais a dhéanann tuairisciú

1.Ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais a chomhlíonann na critéir seo a leanas tuairisciú d’údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 7:

(a)is ioncam ábhartha atá in 75 % de na hioncaim a d’fhabhraigh don ghnóthas sa dá bhliain chánach roimhe sin;

(b)tá an gnóthas ag gabháil do ghníomhaíocht trasteorann ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(i)bhí níos mó ná 60 % de luach shócmhainní an ghnóthais de réir na leabhar a thagann faoi réim raon feidhme Airteagal 4, pointí (e) agus (f), lonnaithe lasmuigh de Bhallstát an ghnóthais sa dá bhliain chánach roimhe sin;

(ii)tuilltear nó íoctar ar a laghad 60 % d’ioncam ábhartha an ghnóthais trí idirbhearta trasteorann;

(c)sa dá bhliain chánach roimhe sin, rinne an gnóthas an riarachán oibríochtaí ó lá go lá agus an chinnteoireacht maidir le feidhmeanna móra a sheachfhoinsiú.

Gnóthas a shealbhaíonn sócmhainní ar féidir ioncam a ghiniúint uathu a thagann faoi réim raon feidhme Airteagal 4, pointí (e) agus (f), measfar freisin go gcomhlíonann siad an critéar a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír, gan beann ar cé acu a d’fhabhraigh ioncam ó na sócmhainní sin don ghnóthas sa dá bhliain chánach roimhe sin nó nár fhabhraigh, má tá luach na sócmhainní sin de réir na leabhar níos mó ná 75 % de luach iomlán shócmhainní an ghnóthais de réir na leabhar.

Gnóthas a shealbhaíonn sócmhainní ar féidir ioncam a ghiniúint uathu a thagann faoi réim raon feidhme Airteagal 4, pointe (c), measfar freisin go gcomhlíonann siad an critéar a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír, gan beann ar cé acu a d’fhabhraigh ioncam ó na sócmhainní sin don ghnóthas sa dá bhliain chánach roimhe sin nó nár fhabhraigh, má tá luach na sócmhainní sin de réir na leabhar níos mó ná 75 % de luach iomlán shócmhainní an ghnóthais de réir na leabhar.

2.De mhaolú ar mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na gnóthais a thagann faoi aon cheann de na catagóirí seo a leanas faoi réir cheanglais Airteagal 7:

(a)cuideachtaí ag a bhfuil urrús inaistrithe a ligtear isteach chun a thrádála nó a liostaítear ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 ;

(b)gnóthais airgeadais rialáilte;

(c)gnóthais arb é a bpríomhghníomhaíocht scaireanna a shealbhú i ngnólachtaí oibríochtúla sa Bhallstát céanna agus, san am céanna, a bhfuil cónaí ar a núinéirí tairbhiúla sa Bhallstát céanna chun críoch cánach;

(d)gnóthais ag a bhfuil gníomhaíochtaí sealúchais a bhfuil cónaí orthu chun críoch cánach sa Bhallstát céanna ina bhfuil cónaí ar scairshealbhóir nó scairshealbhóirí an ghnóthais nó an máthaireintiteas deiridh, mar a shainmhínítear i Roinn I, pointe 7, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/16/AE;

(e)gnóthais ag a bhfuil ar a laghad cúigear fostaithe dílse coibhéiseacha lánaimseartha nó cúigear ball foirne a dhéanann na gníomhaíochtaí as a ngintear an tioncam ábhartha, agus na gníomhaíochtaí sin amháin;

Beidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír maidir leis na ‘gnóthais airgeadais rialáilte’ seo a leanas:

(a)institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 ;

(b)gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 ;

(c)bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM) mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena náirítear bainisteoir Euveca faoi Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , bainisteoir Eusef faoi Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 agus bainisteoir Eltif faoi Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 ;

(d)cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 ;

(e)gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 ;

(f)gnóthas athárachais mar a shainmhínítear im Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;

(g)institiúid um chóir ar scor ceirde mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (6), de Threoir 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 ;

(h)institiúidí pinsin a oibríonn scéimeanna pinsin a mheastar a bheith ina scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 agus le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 mar aon le haon eintiteas dlítheanach a bhunaítear chun infheistíocht a dhéanamh i scéimeanna den sórt sin;

(i)ciste infheistíochta malartach (CIM) arna bhainistiú ag BCIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE nó CIM arna mhaoirsiú faoin dlí náisiúnta is infheidhme;

(j)tá GCUI de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE;

(k)contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 ;

(l)taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 ;

(m)meán sainchuspóireach árachais nó athárachais a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 211 de Threoir 2009/138/CE;

(n) ‘eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 ;

(o)cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (h), de Threoir 2009/138/CE, atá ina chuid de ghrúpa árachais atá faoi réir maoirseachta ar leibhéal an ghrúpa de bhun Airteagal 213 den Treoir sin agus nach bhfuil díolmhaithe ó mhaoirseacht ghrúpa de bhun Airteagal 214(2) de Threoir 2009/138/CE;

(p)institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (d), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 ;

(q)institiúid ríomhairgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 ;

(r)soláthróir seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 ;

(s)soláthróir seirbhísí criptea-shócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (8), den [togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 38 ] i gcás ina soláthraíonn sé seirbhís criptea-shócmhainní amháin nó níos mó mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (9), den [togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937].

Airteagal 7
Táscairí maidir le tábhacht íosta chun críoch cánach

1.Maidir le gnóthais a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1), ceanglóidh na Ballstáit orthu a dhearbhú ina dtuairisceán cánach bliantúil, le haghaidh gach bliain chánach, cé acu a chomhlíonann siad nó nach gcomhlíonann siad na táscairí seo a leanas maidir le tábhacht íosta:

(a)tá a áitreabh féin ag an ngnóthas sa Bhallstát, nó áitreabh le haghaidh a úsáide féin amháin;

(b)tá ar a laghad cuntas bainc gníomhach amháin dá chuid féin san Aontas ag an ngnóthas;

(c)ceann amháin de na táscairí seo a leanas:

(i)Stiúrthóir amháin nó níos mó de chuid an ghnóthais:

(1)tá cónaí air nó orthu chun críoch cánach i mBallstát an ghnóthais, nó cóngarach go leor don Bhallstát sin a mhéid a bhíonn tionchar ag an achar sin ar fheidhmiú cuí a gcuid dualgas;

(2)tá sé nó siad cáilithe agus údaraithe chun cinntí a dhéanamh i ndáil leis na gníomhaíochtaí as a ngintear ioncam ábhartha le haghaidh an ghnóthais nó i ndáil le sócmhainní an ghnóthais;

(3)úsáideann sé nó siad go gníomhach agus go neamhspleách an túdarú dá dtagraítear i bpointe (2) go tráthrialta;

(4)ní fostaí nó fostaithe de chuid eintitis é nó iad, eintiteas nach fiontar comhlachaithe é agus ní dhéanann sé nó siad feidhm an stiúrthóra nó a choibhéis in eintitis eile nach fiontair chomhlachaithe iad;

(ii)tá cónaí ar thromlach fhostaithe coibhéiseacha lánaimseartha an ghnóthais chun críoch cánach i mBallstát an ghnóthais, nó cóngarach go leor don Bhallstát sin a mhéid a bhíonn tionchar ag an achar sin ar fheidhmiú cuí a gcuid dualgas; agus tá na fostaithe sin cáilithe chun na gníomhaíochtaí as a ngintear ioncam le haghaidh an ghnóthais a dhéanamh.

2.Gnóthais dá dtagraítear i mír 1, beidh fianaise dhoiciméadach ag gabháil lena dtuairisceán cánach. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh san fhianaise dhoiciméadach:

(a)seoladh agus cineál áitribh;

(b)méid ollioncaim agus cineál ollioncaim;

(c)méid costas gnó agus cineál costas gnó;

(d)cineál gníomhaíochtaí gnó a dhéantar chun ioncam ábhartha a ghiniúint;

(e)an líon stiúrthóirí, a gcáilíochtaí, a núdaruithe agus a náit chónaithe chun críoch cánach nó an líon fostaithe coibhéiseacha lánaimseartha a dhéanann gníomhaíochtaí gnó as a ngintear ioncam ábhartha agus a gcáilíochtaí, a náit chónaithe chun críoch cánach;

(f)gníomhaíochtaí gnó seachfhoinsithe;

(g)uimhir cuntais bainc, aon sainordú a deonaíodh chun rochtain a fháil ar an gcuntas bainc agus chun treoracha íocaíochta a úsáid nó a eisiúint agus fianaise ar ghníomhaíocht an chuntais.

Airteagal 8
Toimhde maidir le híostábhacht chun críoch cánach

1.Maidir le gnóthas a dhearbhaíonn go gcomhlíonann siad na táscairí uile maidir le tábhacht íosta a leagtar amach in Airteagal 7(1) agus a sholáthraíonn an fhianaise dhoiciméadach thacaíochta atá sásúil i gcomhréir le hAirteagal 7(2), glacfar leis go bhfuil tábhacht íosta aige le haghaidh na bliana cánach.

2.Maidir le gnóthas a dhearbhaíonn nach gcomhlíonann siad táscaire amháin nó níos mó a leagtar amach in Airteagal 7(1) nó nach soláthraíonn fianaise dhoiciméadach thacaíochta atá sásúil i gcomhréir le hAirteagal 7(2), glacfar leis nach bhfuil tábhacht íosta aige le haghaidh na bliana cánach.

Airteagal 9
Frisnéis na toimhdean

1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun gur féidir le gnóthais a dtoimhdítear ina leith nach bhfuil tábhacht íosta acu faoi Airteagal 8(2) an toimhde sin a fhrisnéis trí aon fhianaise thacaíochta bhreise a sholáthar maidir leis na gníomhaíochtaí gnó a dhéanann siad chun ioncam ábhartha a ghiniúint.

2.Chun críocha mhír 1, soláthróidh gnóthais an fhianaise bhreise seo a leanas:

(a)doiciméad lenar féidir an réasúnaíocht thráchtála atá le bunú an ghnóthais a fhionnadh;

(b)faisnéis maidir le próifíl na bhfostaithe, lena náirítear an leibhéal taithí atá acu, a gcumhacht chinnteoireachta san eagraíocht fhoriomlán, ról agus suíomh sa chairt eagrúcháin, an cineál conartha fostaíochta atá acu, a gcáilíochtaí agus fad a bhfostaíochta;

(c)fianaise nithiúil lena léirítear go ndéantar aon chinnteoireacht a bhaineann leis an ngníomhaíocht as a ngintear ioncam ábhartha i mBallstát an ghnóthais.

3.Caithfidh Ballstát le gnóthas mar ghnóthas a rinne an toimhde a fhrisnéis má chruthaítear leis an bhfianaise a sholáthraíonn an gnóthas faoi mhír 2 go ndearna an gnóthas na gníomhaíochtaí gnó, go raibh smacht leanúnach aige orthu, agus gur iompair sé na rioscaí a bhaineann leo, ar gníomhaíochtaí iad as ar gineadh an tioncam ábhartha nó, in éagmais ioncaim, sócmhainní an ghnóthais.

4.Tar éis dheireadh na bliana cánach ar éirigh leis an ngnóthas an toimhde a fhrisnéis lena haghaidh, i gcomhréir le mír 3, féadfaidh Ballstát a mheas go ndearna an gnóthas an toimhde a fhrisnéis ar feadh tréimhse 5 bliana ar choinníoll nach nathróidh imthosca fíorasacha agus dlíthiúla an ghnóthais le linn na tréimhse sin.

Airteagal 10
Díolúine

1.Déanfaidh Ballstát na bearta iomchuí chun cead a thabhairt do ghnóthas a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) díolúine a iarraidh óna oibleagáidí faoin Treoir seo mura laghdaítear dliteanas cánach a úinéara thairbhiúil nó a úinéirí tairbhiúla nó dliteanas cánach an ghrúpa, ina iomláine, ar ball de an gnóthas, de bharr an gnóthas a bheith ann.

2.Féadfaidh Ballstát díolúine a dheonú ar feadh bliain chánach amháin má sholáthraíonn an gnóthas fianaise leordhóthanach agus oibiachtúil lena léirítear nach dtagann buntáiste cánach as a idirstaid le haghaidh a úinéara thairbhiúil nó a úinéirí tairbhiúla nó an ghrúpa ina iomláine, de réir mar a bheidh. Áireofar san fhianaise sin faisnéis maidir le struchtúr an ghrúpa agus a ghníomhaíochtaí. Leis an bhfianaise sin, maidir le suim na cánach foriomláine atá dlite ag an úinéir tairbhiúil nó ag na húinéirí tairbhiúla nó ag an ngrúpa ina iomláine, de réir mar a bheidh, ag féachaint d’idirstaid an ghnóthais, beifear in ann comparáid a dhéanamh idir an tsuim sin agus an tsuim a bheadh dlite faoi na coinníollacha céanna in éagmais an ghnóthais.

3.Tar éis dheireadh na bliana cánach ar deonaíodh díolúine lena haghaidh i gcomhréir le mír 2, féadfaidh Ballstát síneadh a chur le bailíocht an díolúine ar feadh 5 bliana ar choinníoll nach nathróidh imthosca fíorasacha agus dlíthiúla an ghnóthais le linn na tréimhse ábhartha, lena náirítear imthosca an úinéara thairbhiúil nó na núinéirí tairbhiúla agus imthosca an ghrúpa, de réir mar a bheidh.

CAIBIDIL III
CÓIREÁIL CÁNACH GNÓTHAS NACH BHFUIL TÁBHACHT ÍOSTA ACU CHUN CRÍOCH CÁNACH

Airteagal 11
Iarmhairtí cánach a thagann as gan tábhacht íosta chun críoch cánach a bheith ag gnóthas i mBallstáit seachas Ballstát an ghnóthais

1.Maidir le haon chomhaontú nó aon choinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur, ar comhaontuithe nó coinbhinsiúin le Ballstát an ghnóthais iad atá i bhfeidhm, mar aon le hAirteagail 4, 5 agus 6 de Threoir 2011/96/AE agus Airteagal 1 de Threoir 2003/49/CE, déanfaidh na Ballstáit seachas Ballstát an ghnóthais neamhaird orthu sin a mhéid atá feidhm ag na Treoracha sin toisc go meastar go bhfuil cónaí ar an ngnóthas chun críoch cánach i mBallstát, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)toimhdítear nach bhfuil tábhacht íosta ag an ngnóthas;

(b)ní dhéanann gnóthas an toimhde dá dtagraítear i bpointe (a) a fhrisnéis ar feadh bliain chánach.

2.Déanfaidh Ballstát scairshealbhóir nó scairshealbhóirí an ghnóthais ioncam ábhartha an ghnóthais a fhómhas i gcomhréir lena dhlí náisiúnta amhail is gur fhabhraigh sé go díreach do scairshealbhóir an ghnóthais nó do scairshealbhóirí an ghnóthais agus aon cháin a íocadh ar an ioncam sin a asbhaint ag Ballstát an gnóthais, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)fabhraíonn an tioncam ábhartha do ghnóthas a dtoimhdítear ina leith nach bhfuil tábhacht íosta acu;

(b)ní dhéanann an gnóthas an toimhde dá dtagraítear i bpointe (a) a fhrisnéis;

(c)tá cónaí ar scairshealbhóirí an ghnóthais agus ar an íocóir chun críoch cánach i mBallstát.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír d’ainneoin aon chomhaontaithe nó aon choinbhinsiúin le Ballstát eile atá i bhfeidhm ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur.

I gcás nach bhfuil cónaí ar an íocóir chun críoch cánach i mBallstát, déanfaidh Ballstát scairshealbhóir nó scairshealbhóirí an ghnóthais an t‑ioncam ábhartha a fhabhraíonn don ghnóthas a fhómhas i gcomhréir lena dhlí náisiúnta amhail is gur fhabhraigh sé go díreach do scairshealbhóir an ghnóthais nó do scairshealbhóirí an ghnóthais, gan dochar d’aon chomhaontú nó d’aon choinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur, ar comhaontuithe nó coinbhinsiúin iad idir Ballstát scairshealbhóirí an ghnóthais agus dlínse tríú tír an íocóra atá i bhfeidhm;

I gcás nach bhfuil cónaí ar scairshealbhóir an ghnóthais ná ar scairshealbhóirí an ghnóthais chun críoch cánach i mBallstát, cuirfidh Ballstát íocóir an ioncaim sin cáin shiarchoinneálach i bhfeidhm i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, gan dochar d’aon chomhaontú nó d’aon choinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur, ar comhaontuithe nó coinbhinsiúin le dlínse tríú tír scairshealbhóir nó scairshealbhóirí an ghnóthais iad atá i bhfeidhm.

3.Maidir le gnóthais a dtoimhdítear ina leith nach bhfuil tábhacht íosta acu agus nach ndéanann an toimhde sin a fhrisnéis, i gcás inar le gnóthas den sórt sin maoin dá dtagraítear in Airteagal 4:

(a)an Ballstát ina bhfuil maoin dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (e) suite, déanfaidh sé an mhaoin sin a fhómhas i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, amhail is gur le scairshealbhóir an ghnóthais nó le scairshealbhóirí an ghnóthais an mhaoin sin go díreach, gan dochar d’aon chomhaontú nó d’aon choinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur, ar comhaontuithe nó coinbhinsiúin le dlínse scairshealbhóir nó scairshealbhóirí an ghnóthais iad atá i bhfeidhm;

(b)déanfaidh Ballstát scairshealbhóir nó scairshealbhóirí an ghnóthais an mhaoin sin a fhómhas i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, amhail is gur le scairshealbhóir nó scairshealbhóirí an ghnóthais an mhaoin sin go díreach, gan dochar d’aon chomhaontú nó d’aon choinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil a dhíchur, ar comhaontuithe nó coinbhinsiúin leis an dlínse ina bhfuil an mhaoin suite iad atá i bhfeidhm.

Airteagal 12
Iarmhairtí cánach a thagann as gan tábhacht íosta chun críoch cánach a bheith ag gnóthas i mBallstát an ghnóthais

I gcás nach bhfuil tábhacht íosta chun críoch cánach ag gnóthas sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air chun críoch cánach, déanfaidh an Ballstát sin aon cheann de na cinntí seo a leanas:

(a)iarraidh ar dheimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a dhiúltú don ghnóthas lena úsáid lasmuigh de dhlínse an Bhallstáit sin;

(b)deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a dheonú lena leagtar síos nach bhfuil an gnóthas i dteideal sochair comhaontuithe agus coinbhinsiún ina ndéantar foráil maidir le cánachas dúbailte ioncaim a dhíchur, agus i gcás inarb infheidhme, cánachas dúbailte caipitil, agus sochair comhaontuithe idirnáisiúnta ag a bhfuil cuspóir comhchosúil nó éifeacht chomhchosúil agus sochair Airteagail 4, 5 agus 6 de Threoir 2011/96/AE agus Airteagal 1 de Threoir 2003/49/CE.

CAIBIDIL IV
MALARTÚ FAISNÉISE

Airteagal 13
Leasuithe ar Threoir 2011/16/AE

Leasaítear Treoir 2011/16/AE mar a leanas:

(1)In Airteagal 3, leasaítear pointe 9 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a) chun críocha Airteagal 8(1) agus Airteagail 8a go 8ad, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe; chun críocha Airteagal 8(1), baineann tagairt d’fhaisnéis atá ar fáil le faisnéis i gcomhaid chánach an Bhallstáit a bheidh ag cur na faisnéise in iúl, ar féidir teacht uirthi i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil sa Bhallstát sin;”

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c) chun críocha fhorálacha na Treorach seo seachas Airteagal 8(1) agus Airteagal (3a) agus Airteagail 8a go 8ad, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den phointe seo.”

(2)I Roinn II de Chaibidil II, cuirtear isteach Airteagal 8ad seo a leanas:

“Airteagal 8ad
Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú sainordaitheach faisnéise i dtaca le gnóthais ar a gceanglaítear tuairisciú a dhéanamh ar tháscairí maidir le tábhacht íosta

1.Údarás inniúil Ballstáit, a fhaigheann faisnéis ó ghnóthas a bunaíodh ina chríoch i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir [Oifig na bhFoilseachán] (cuir isteach teideal iomlán agus tagairt IO)* ón gComhairle, cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir trí bhíthin uathmhalartaithe, agus laistigh de 30 lá ón tráth a fhaightear an fhaisnéis sin, i gcomhréir le mír 4 agus le socruithe praiticiúla is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 21.

2.Údarás inniúil Ballstáit, a dheimhníonn go ndearna gnóthas an toimhde a fhrisnéis i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir [Oifig na bhFoilseachán] nó go bhfuil gnóthas díolmhaithe i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir sin, cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir trí bhíthin uathmhalartaithe, agus laistigh de 30 lá ón deimhniú sin, i gcomhréir le socruithe praiticiúla is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 21.

3.Údarás inniúil Ballstáit, a chinneann nach gcomhlíonann gnóthas na táscairí maidir le tábhacht íosta a leagtar síos in Airteagal 7 de Threoir [Oifig na bhFoilseachán], lena náirítear trí bhíthin iniúchta, faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin, cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir trí bhíthin uathmhalartaithe, agus laistigh de 30 lá ón dáta a bheidh toradh an iniúchta cinntitheach, i gcomhréir le socruithe praiticiúla is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 21.

4.Áireofar san fhaisnéis a bheidh le cur in iúl ag údarás inniúil Ballstáit de bhun mhír 1 maidir le gach gnóthas an méid seo a leanas:

(a)uimhir aitheantais chánach (TIN) an ghnóthais ar a gceanglaítear tuairisciú a dhéanamh de bhun Airteagal 6 de Threoir [Oifig na bhFoilseachán];

(b)i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir CBL an ghnóthais ar a gceanglaítear tuairisciú a dhéanamh de bhun Airteagal 6 de Threoir [Oifig na bhFoilseachán];

(c)aitheantas scairshealbhóirí an ghnóthais agus úinéir nó úinéirí an ghnóthais, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí 5 agus 6;

(d)aitheantas na mBallstát eile, más ann dóibh, ar dócha go mbainfidh tuairisciú an ghnóthais leo;

(e)aitheantas aon duine eile sna Ballstáit eile ar dócha go ndéanfaidh tuairisciú an ghnóthais difear dó;

(f)an dearbhú arna sholáthar ag an ngnóthas, i gcomhréir le hAirteagal 7(1);

(g)achoimre ar an bhfianaise arna soláthar ag an ngnóthas i gcomhréir le hAirteagal 7(2).

5.Gan dochar do mhír 4, áireofar freisin san fhaisnéis a bheidh le cur in iúl ag údarás inniúil Ballstáit de bhun mhír 2 an méid seo a leanas:

(h)an deimhniú ó údarás inniúil an Bhallstáit ina sonraítear go ndearna an gnóthas an toimhde a fhrisnéis faoi Airteagal 9 de Threoir [Oifig na bhFoilseachán] nó go bhfuil an gnóthas díolmhaithe ó thuairisciú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir sin;

(i)achoimre ar an bhfianaise bhreise a mheasann an túdarás inniúil a bheith ábhartha maidir leis an deimhniú a eisiúint ina sonraítear go ndearnadh an toimhde a fhrisnéis faoi Airteagal 9 de Threoir [Oifig na bhFoilseachán] nó go bhfuil an gnóthas díolmhaithe ó thuairisciú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir sin.

6.Gan dochar do mhír 4, áireofar freisin san fhaisnéis a bheidh le cur in iúl ag údarás inniúil Ballstáit de bhun mhír 3 an tuarascáil iniúchóireachta i gcás ina neisíonn an túdarás inniúil an tuarascáil sin.

7.Chun an malartú faisnéise dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6 a éascú, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla is gá chun míreanna 1 go 6 den Airteagal seo a chur chun feidhme, lena náirítear bearta chun cur in iúl na faisnéise a leagtar amach i míreanna 4, 5 agus 6 den Airteagal seo a chaighdeánú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

8.Chun críocha mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo, ciallóidh ‘gnóthas’ gnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir [Oifig na bhFoilseachán].

9.Coinneofar faisnéis a phróiseáiltear ar feadh 5 bliana agus in aon chás ar feadh tráth nach faide ná mar is gá chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach.

10.Measfar gur rialaitheoirí sonraí iad údaráis inniúla gach Ballstáit agus measfar gur próiseálaí sonraí é an Coimisiún.

11.I gcás nochtadh neamhúdaraithe faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a) – (f) de mhír 4, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, mar bheart maolaithe, na malartuithe faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an nochtadh neamhúdaraithe a chur ar fionraí.”

(3)in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirmeacha caighdeánacha, lena náirítear socruithe teanga, sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás an uathmhalartaithe faisnéise maidir le réamhrialuithe cánach trasteorann agus réamhchomhaontuithe praghsála de bhun Airteagal 8a roimh an 1 Eanáir 2017;

(b)i gcás an uathmhalartaithe faisnéise maidir le socruithe intuairiscithe trasteorann de bhun Airteagal 8ab roimh an 30 Meitheamh 2019;

(c)i gcás an uathmhalartaithe faisnéise maidir le gnóthais ar a gceanglaítear tuairisciú a dhéanamh ar tháscairí maidir le tábhacht íosta de bhun Airteagal 8ad roimh an 1 Eanáir 2024.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Ní sháróidh na foirmeacha caighdeánacha sin na comhpháirteanna le haghaidh an mhalartaithe faisnéise a liostaítear in Airteagal 8a(6), Airteagal 8ab(14) agus Airteagal 8ad(4), (5) agus (6), agus na réimsí eile sin lena mbaineann atá nasctha leis na comhpháirteanna sin a bhfuil gá leo chun cuspóirí Airteagail 8a, 8ab agus 8ac a bhaint amach, faoi seach.

Leis na socruithe teanga dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 8a, 8ab agus 8ad a chur in iúl in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Mar sin féin, féadfar a fhoráil leis na socruithe teanga sin go seolfar gnéithe tábhachtacha den fhaisnéis sin i gceann amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais freisin.”;

(4)in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2017, eolaire lárnach slán Ballstáit um chomhar riaracháin i réimse an chánachais a fhorbairt agus a sholáthar le tacaíocht theicniúil agus lóistíochta, eolaire ina dtaifeadfar an fhaisnéis a bheidh le cur in iúl faoi chuimsiú Airteagal 8a(1) agus (2) chun an tuathmhalartú dá bhforáiltear sna míreanna sin a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2019, eolaire lárnach slán Ballstáit um chomhar riaracháin i réimse an chánachais a fhorbairt agus a sholáthar le tacaíocht theicniúil agus lóistíochta, eolaire ina dtaifeadfar an fhaisnéis a bheidh le cur in iúl faoi chuimsiú Airteagal 8ab(13), (14) agus (16) chun an t‑uathmhalartú dá bhforáiltear sna míreanna sin a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2024, eolaire lárnach slán Ballstáit um chomhar riaracháin i réimse an chánachais a fhorbairt agus a sholáthar le tacaíocht theicniúil agus lóistíochta, eolaire ina dtaifeadfar an fhaisnéis a bheidh le cur in iúl faoi chuimsiú Airteagal 8ad (1), (2) agus (3) chun an t‑uathmhalartú dá bhforáiltear sna míreanna sin a chomhlíonadh.

Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát uile ar an bhfaisnéis a thaifeadtar san eolaire sin. Beidh rochtain ag an gCoimisiún freisin ar an bhfaisnéis a thaifeadtar san eolaire sin ach, mar sin féin, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Airteagail 8a(8) agus 8ab(17). Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na comhaontuithe praiticiúla is gá chun an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír den mhír seo a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Go dtí go mbeidh an t‑eolaire lárnach slán sin i bhfeidhm, an t‑uathmhalartú dá bhforáiltear in Airteagal 8a(1) agus (2), Airteagal 8ab(13), (14) agus (16) agus Airteagal 8ad(1), (2) agus (3), déanfar é sin i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus leis na comhaontuithe praiticiúla infheidhme.”.

CAIBIDIL V
Forfheidhmiú

Airteagal 14
Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Áiritheoidh na Ballstáit go n‑áireofar leis na pionóis sin pionós riaracháin airgid 5 % ar a laghad de láimhdeachas an ghnóthais sa bhliain chánach ábhartha, mura gcomhlíonann an gnóthas ar a gceanglaítear tuairisciú a dhéanamh de bhun Airteagal 6 an ceanglas sin le haghaidh bliain chánach laistigh den sprioc-am a leagadh síos nó má dhéanann an gnóthas sin dearbhú bréagach sa tuairisceán cánach faoi Airteagal 7.

Airteagal 15
Iarraidh ar iniúchtaí cánach

I gcás ina bhfuil cúis ag an údarás inniúil i mBallstát amháin lena chreidiúint nár chomhlíon gnóthas a bhfuil cónaí air chun críoch cánach i mBallstát eile a oibleagáidí faoin Treoir seo, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an ngnóthas chun críoch cánach iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit eile iniúchadh cánach a dhéanamh ar an ngnóthas.

Tionscnóidh údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha é laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh agus déanfaidh sé an t‑iniúchadh cánach, i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear iniúchtaí cánach sa Bhallstát iarrtha.

Soláthróidh an t‑údarás inniúil a dhéanann an t‑iniúchadh cánach aiseolas maidir le toradh an iniúchta sin d’údarás inniúil an Bhallstáit iarrthaigh a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná aon mhí tar éis toradh an iniúchta cánach a fháil amach.

Airteagal 16
Faireachán

1.Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún le haghaidh gach bliain chánach:

(a)an líon gnóthas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(1);

(b)an líon gnóthas a rinne tuairisciú de bhun Airteagal 7;

(c)pionóis a forchuireadh de bhun Airteagal 14 maidir le neamhchomhlíontacht le ceanglais na Treorach seo;

(d)an líon gnóthas ar toimhdíodh ina leith nach raibh tábhacht íosta acu i gcomhréir le hAirteagal 8 agus an líon gnóthas a rinne an toimhde sin a fhrisnéis i gcomhréir le hAirteagal 9;

(e)an líon gnóthas atá díolmhaithe ó na ceanglais faoin Treoir seo i gcomhréir le hAirteagal 10;

(f)an líon iniúchtaí ar ghnóthais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(1),

(g)an líon cásanna ina bhfuarthas amach nach raibh gníomhaíocht shubstaintiúil ag gnóthas ar toimhdíodh ina leith go raibh tábhacht íosta aige, go háirithe tar éis iniúchta;

(h)an líon iarrataí ar mhalartú faisnéise a cuireadh isteach agus an líon iarrataí a fuarthas;

(i)an líon iarrataí ar iniúchtaí cánach a cuireadh isteach agus an líon iarrataí a fuarthas.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon fhaisnéis is gá chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo arna iarraidh sin ag an gCoimisiún.

2.Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a liostaítear i mír 1 in iúl ar bhonn débhliantúil faoin 31 Nollaig den bhliain chánach tar éis dheireadh na tréimhse débhliantúla.

Airteagal 17
Tuarascálacha

1.Faoin 31 Nollaig 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo.

2.Agus an tuarascáil á tarraingt suas, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a chuir na Ballstáit in iúl de bhun Airteagal 15.

3.Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil ar a shuíomh gréasáin.

CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 18
Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [30 Meitheamh 2023] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [1 Eanáir 2024].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

1.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 20
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

UNSHELL

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Beartas cánach.

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

X beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 39  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Leis an togra, féachtar le caillteanas ioncaim a laghdú ó cháin a bhaineann le seachaint cánach agus imghabháil cánach de dheasca úsáid eintiteas caoch san Aontas. Thairis sin, leis an togra beidh na Ballstáit in ann tuairisc chruinn a thabhairt ar an méid mí‑úsáide cánach eintiteas caoch san Aontas agus beidh siad in ann cainníochtú a dhéanamh ar an méid sin. I ndeireadh na dála, leis an Togra ba cheart cruthú eintiteas caoch san Aontas a dhíspreagadh a thuilleadh.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóirí sonracha

1)    Sainaithint eintiteas caoch san Aontas atá i mbaol míúsáide cánach trí úsáid a bhaint as critéir oibiachtúla tábhachta. A luaithe a shainaithnítear go bhfuil eintiteas caoch i mbaol míúsáide cánach, leagfar amach sa Togra iarmhairtí cánach comhchoiteanna a bheidh soiléir agus réamhchinntithe ar fud an Aontais chun caillteanais chánach a chosc;

2)    Ba cheart faisnéis a bheith ar fáil d’Údaráis Inniúla na mBallstát ionas gur féidir leo eintitis chaocha a shainaithint a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit eile nó a bunaíodh i mBallstáit eile ionas gur féidir leo míúsáid cánach thrasteorann a chosc, mar shampla, trí shochair conarthaí cánach maidir le cánacha iarchoimeádta a dhiúltú;

3)    Tá sé d’aidhm ag an Togra úsáid soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta a dhíspreagadh ó eintitis chaocha a chruthú san Aontas ar an gcéad dul síos. Na critéir tábhachta a shainaithnítear in 1) thuas, is é is aidhm dóibh dul i ngleic leis na seirbhísí a chuireann soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta ar fáil, amhail seoltaí poist a bhunú, seirbhísí a chuireann soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta ar fáil d’eintitis chaocha.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Beidh ar na heintitis ar a ndíreofar tuairisciú do riaracháin chánach maidir le cé acu a chomhlíonann siad táscairí maidir le tábhacht íosta nó nach gcomhlíonann. Beidh iarmhairtí cánach ann d’eintitis nach gcomhlíonann na táscairí sin.

1.4.4. Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Cuspóirí

Táscairí

Uirlisí tomhais/foinsí sonraí

Úsáid a bhaint as critéir chomhchoiteanna tábhachta chun eintitis chaocha a shainaithint chun caillteanas ioncaim ó cháin de dheasca imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc.

Ioncam cánach breise a fhaightear a bhuí leis an tionscnamh lena gcuirtear cosc ar eintitis chaocha sochar cánach a fháil ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal trasteorann.

Measúnú bliantúil ar an uathmhalartú faisnéise (foinse: riaracháin chánach na mBallstát)

Faisnéis a chur ar fáil do na Ballstáit chun eintitis chaocha a úsáidtear chun críoch mí‑úsáide cánach a shainaithint.

Líon na malartuithe caocha a dhéantar agus gníomhaíochtaí comhlíontachta na mBallstát.

Sonraí a bheidh le cur faoi Bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil ag na Ballstáit chun críoch faireacháin (foinse: riaracháin chánach na mBallstát)

Éifeacht dhíspreagthach ar sholáthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta maidir le heintitis chaocha a chruthú san Aontas.

Measúnú cáilíochtúil ó na Ballstáit ar thionchar an tionscnaimh maidir le soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta a dhíspreagadh ó sheirbhísí a chur ar fáil chun eintitis chaocha a bhunú.

Measúnú bliantúil ar an uathmhalartú faisnéise (foinse: riaracháin chánach na mBallstát)

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlítheanacha a gceanglaítear orthu tuairisciú faoin Togra, déanfaidh siad féinmheasúnú orthu féin trí úsáid a bhaint as na critéir tábhachta chun a chinneadh an bhfuil siad i mbaol mí‑úsáide cánach. Faisnéis maidir le heintitis agus socruithe a gceanglaítear orthu féinmheasúnú a dhéanamh i mBallstát, beidh an fhaisnéis sin ag Údaráis Inniúla Ballstát eile go huathoibríoch. Sa chomhthéacs sin, ceanglófar ar na hÚdaráis Inniúla an fhaisnéis arna nochtadh a chur isteach in Eolaire Lárnach a mbeidh rochtain ag na Ballstáit air. Tabharfar rochtain theoranta don Choimisiún ar an Eolaire chun a áirithiú go bhféadfar é a bheith ar an eolas go leordhóthanach chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na Treorach. Leis an Togra, bainfear úsáid as na socruithe praiticiúla atá ann faoi láthair faoi Threoir 2011/16/AE maidir le Comhar Riaracháin i réimse an Chánachais Dhírigh (‘DAC’).

Ó thaobh uainithe de, ó bhunú Eolairí Lárnacha eile chun críoch malartaithe cánach, amhail DAC3 agus DAC6, theastódh ar a laghad 18 mí ón gCoimisiún tar éis ghlacadh an Togra ionas go mbeidís in ann na córais a chur i bhfeidhm chun go bhféadfaí malartú faisnéise a dhéanamh idir na Ballstáit. Meastar go gcuirfear chun feidhme é le tréimhse tosaigh ó Eanáir 2024.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Leis an togra, ní fhéachtar le rialacha nua a chur in ionad na rialacha náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ann cheana chun mí‑úsáid cánach eintiteas caoch san Aontas a chomhrac. Ina ionad sin, tá sé d’aidhm ag an Togra na bearta atá ann cheana a dhaingniú agus a chomhlánú trí chritéir oibiachtúla tábhachta a sholáthar chun mí‑úsáid cánach a chosc i gcomhthéacs trasteorann. Dá mbeadh rialacha aonfhoirmeacha ann, d’áiritheofaí comhsheasmhacht na gceanglas tábhachta chun críoch cánach san Aontas mar aon le comhsheasmhacht na bhfrithbheart a bheidh le cur i bhfeidhm lena n‑áirítear iarmhairtí cánach agus smachtbhannaí i gcás neamh‑chomhlíontachta.

Maidir le grúpchuideachtaí ar fud an Aontais, bheadh barainneachtaí scála ann dóibh toisc nach mbeadh gá ach le tacar amháin rialacha tábhachta a chur i bhfeidhm. D’áiritheofaí leis sin cothrom na Féinne agus iomaíocht chóir le haghaidh gnólachtaí san Aontas.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is sásra nua é an tionscnamh. Leis an rogha thosaíochta sa Mheasúnú Tionchair, baintear leas as an gcur chuige a leanann an tAontas chun measúnú a dhéanamh ar thábhacht i dtríú tíortha ábhartha mar chuid den phróiseas as a dtiocfaidh bunú agus nuashonrú liosta AE de dhlínsí neamh‑chomhoibríocha chun críoch cánach. Tá sé d’aidhm aici roinnt gnéithe den phróiseas sin a mhacasamhlú.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Ina Theachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cánachas Gnó don 21ú hAois, gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé togra reachtach síos lena leagtar amach rialacha an Aontais maidir le mí‑úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a neodrú faoi dheireadh 2021. Sa Togra, bainfear úsáid as na nósanna imeachta, na socruithe agus na huirlisí TF atá bunaithe cheana nó atá á bhforbairt faoin DAC.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ní mhaoineofar costais chur chun feidhme le haghaidh an tionscnaimh le buiséad an Aontais, ach amháin costais a bhaineann leis na comhpháirteanna lárnacha le haghaidh an chórais uathmhalartaithe faisnéise. Seachas sin, is faoi na Ballstáit a bheidh sé na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

X tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 40   

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

Leis an togra seo, cuirtear leis an gcreat agus leis na córais atá ann cheana maidir le huathmhalartú faisnéise trí Eolaire Lárnach a úsáid le haghaidh rialuithe cánach trasteorann (‘DAC3’) agus socruithe cánach trasteorann atá intuairiscithe (‘DAC6’) a forbraíodh de bhun Airteagal 21 de Threoir 2011/16/AE i gcomhthéacs na leasuithe sin a rinneadh roimhe seo ar DAC. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, foirmeacha agus formáidí caighdeánaithe a fhorbairt le haghaidh an mhalartaithe faisnéise trí bhearta cur chun feidhme. A mhéid a bhaineann le líonra CCN lena gceadófar an malartú faisnéise idir na Ballstáit, is é an Coimisiún atá freagrach as líonra den sórt sin a fhorbairt agus gabhfaidh na Ballstáit orthu féin an bonneagar intíre iomchuí a chruthú lena mbeifear in ann faisnéis a mhalartú trí líonra CCN.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hidirghabhála agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi i dtaca leis na príomhchuspóirí beartais. Ós rud é gur cuid de “Unshell” é modhnú a dhéanamh ar DAC, d’fhéadfaí faireachán agus meastóireacht a dhéanamh i gcomhréir leis na heilimintí comhair riaracháin eile.

Cuirfidh na Ballstáit sonraí faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil le haghaidh na faisnéise a leagtar amach sa Tábla thuas maidir le táscairí feidhmíochta, ar táscairí iad a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an Togra.

Ó tharla go bhfuil sonraí faireacháin ar fáil, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme na hidirghabhála chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir leis an raon feidhme a leathnú chun earnálacha breise a chumhdach agus/nó athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt gnéithe den idirghabháil.

Déanfar meastóireacht 5 bliana tar éis an Togra a chur chun feidhme, rud a chuirfidh ar a chumas don Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an bheartais i ndáil lena chuspóirí mar aon le tionchair fhoriomlána an bheartais i dtéarmaí ioncam cánach, gnólachtaí agus an mhargaidh inmheánaigh.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh, is rud é sin a bheidh ag brath ar údaráis inniúla (riaracháin chánach) na mBallstát. Beidh siad freagrach as a gcórais náisiúnta féin agus oiriúnuithe is gá a mhaoiniú ionas go mbeifear in ann na malartuithe a dhéanamh leis an Eolaire Lárnach a bheidh le bunú chun críocha an Togra.

Bunóidh an Coimisiún an bonneagar, lena n‑áirítear an tEolaire Lárnach, lena mbeifear in ann malartuithe a dhéanamh idir na Ballstáit maidir le heintitis chaocha a shainaithint. Bunaíodh córais TF le haghaidh DAC, córais a mbainfear úsáid astu le haghaidh an tionscnaimh seo. Maoineoidh an Coimisiún na córais is gá chun go mbeifear in ann malartuithe a dhéanamh, lena n‑áirítear an tEolaire Lárnach, lena ndéanfar na príomheilimintí rialaithe, is iad sin an rialú le haghaidh conarthaí soláthair, fíorú teicniúil an tsoláthair, fíorú ex-ante gealltanas agus fíorú ex-ante íocaíochtaí.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Beidh an idirghabháil atá beartaithe bunaithe ar chóras dearbhaitheach, rud lena mbaineann an riosca go ndéanfaidh eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlítheanacha neamhdhearbhú nó mídhearbhú, ar eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlítheanacha iad a gceanglaítear orthu féinmheasúnú a dhéanamh de réir na gcritéar tábhachta faoin Togra. Ceanglófar ar na Ballstáit iniúchadh a dhéanamh ar na féinmheasúnuithe sin agus staitisticí a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn bliantúil lena n‑áirítear líon na n‑eintiteas a ndearnadh iniúchadh orthu agus líon na smachtbhannaí i gcásanna neamh‑chomhlíontachta.

Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le neamh‑chomhlíontacht eintiteas dlítheanach agus socruithe dlítheanacha, áirítear sa Togra creat smachtbhannaí. Is iad na húdaráis chánach náisiúnta a bheidh freagrach as smachtbhannaí a fhorfheidhmiú agus, níos ginearálta, as comhlíonadh “Unshell” a áirithiú. Socraítear na smachtbhannaí ag leibhéal sách ard chun an mídhearbhú a dhíspreagadh. Thairis sin, beidh na riaracháin chánach náisiúnta in ann iniúchtaí a dhéanamh chun an neamh‑chomhlíontacht a bhrath agus a dhíspreagadh.

Chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart an Togra, beidh rochtain theoranta ag an gCoimisiún ar an Eolaire Lárnach ina ndéanfaidh na Ballstáit faisnéis a mhalartú maidir le heintitis agus socruithe a thuairiscíonn faoin Togra.

Is iad príomheilimintí na straitéise rialaithe:

Conarthaí soláthair

Na nósanna imeachta maidir le soláthar a shainítear sa Rialachán Airgeadais: déantar aon chonradh soláthair a bhunú tar éis nós imeachta bunaithe an fhíorúcháin arna dhéanamh ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le híocaíocht, agus oibleagáidí conarthacha agus bainistíocht fhónta airgeadais agus bainistíocht ghinearálta á gcur san áireamh. Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise (rialuithe, tuarascálacha, etc.) sna conarthaí go léir arna gcur i gcrích idir an Coimisiún agus na tairbhithe. Déantar téarmaí tagartha mionsonraithe a dhréachtú agus tá siad mar bhonn le gach conradh ar leith. Cloíonn an próiseas chun glacadh le hiarratais go dlúth le modheolaíocht TAXUD TEMPO: déantar athbhreithniú ar tháirgí insoláthartha, déantar leasú orthu más gá agus glactar leo (nó diúltaítear dóibh) go sainráite sa deireadh. Ní féidir aon sonrasc a íoc gan “litir inghlacthachta”.

Fíorú teicniúil soláthair

Déanann DG TAXUD rialuithe ar tháirgí insoláthartha agus déanann sé maoirseacht ar oibríochtaí agus ar sheirbhísí a dhéanann conraitheoirí. Déanann sé iniúchtaí cáilíochta agus slándála ar a gconraitheoirí go tráthrialta. Le hiniúchtaí cáilíochta, déantar comhlíonadh phróisis iarbhír na gconraitheoirí a fhíorú de réir na rialacha agus na nósanna imeachta a shainítear ina bpleananna cáilíochta. Dírítear sna hiniúchtaí slándála ar na próisis shonracha, ar na nósanna imeachta sonracha agus ar an mbunú sonrach.

De bhreis ar na rialuithe thuas, déanann DG TAXUD na rialuithe airgeadais traidisiúnta:

Fíorú ex-ante gealltanas

Déanann Ceann an Aonaid Airgeadais agus Aonad Chomhfhreagraí Gnó na nAcmhainní Daonna gealltanais uile AS TAXUD a fhíorú. Dá thoradh sin, cumhdaítear 100 % de na méideanna geallta leis an bhfíorú ex-ante. Leis an nós imeachta sin, tugtar ardleibhéal dearbhaithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart.

Fíorú ex-ante íocaíochtaí

Déantar 100 % d’íocaíochtaí a fhíorú ex-ante. Thairis sin, roghnaítear ar a laghad íocaíocht amháin (ó gach catagóir caiteachais) in aghaidh na seachtaine go randamach le haghaidh fíorú ex-ante a dhéanann ceann an Aonaid Airgeadais agus Aonad Chomhfhreagraí Gnó na nAcmhainní Daonna. Níl aon sprioc ann maidir leis an gcumhdach, toisc go bhfuil sé d’aidhm ag an bhfhíorú sin íocaíochtaí a sheiceáil ‘go randamach’ chun a fhíorú gur ullmhaíodh na híocaíochtaí uile i gcomhréir leis na ceanglais. Déantar na híocaíochtaí eile a phróiseáil de réir na rialacha atá i bhfeidhm ar bhonn laethúil.

Dearbhuithe ó na hOifigigh Údarúcháin Fho-tharmligthe (AOSD)

Síníonn gach Oifigeach Údarúcháin Fo-tharmligthe dearbhuithe ina dtacaítear leis an Tuarascáil Gníomhaíochta Bhliantúil le haghaidh na bliana lena mbaineann. Leis na dearbhuithe sin, cumhdaítear na hoibríochtaí a thagann faoi chuimsiú an chláir. Dearbhaíonn na hOifigigh Údarúcháin Fho-tharmligthe go ndéantar na hoibríochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, go soláthraítear leis na córais bhainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm dearbhú sásúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart agus go ndéantar na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin a shainaithint agus a thuairisciú go cuí agus go gcuirtear gníomhaíochtaí maolaithe chun feidhme.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Leis na rialuithe a bunaíodh, cuirtear ar a cumas do AS TAXUD dearbhú leordhóthanach a bheith aici maidir le cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus an riosca neamh‑chomhlíontachta a laghdú. Leis na bearta thuas maidir le straitéis rialaithe, laghdaítear na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann faoi bhun na sprice 2 % agus bíonn tionchar acu ar na tairbhithe uile. Dá ndéanfaí aon bheart breise chun rioscaí a laghdú a thuilleadh, is é a thiocfadh as costais arda a bheadh díréireach agus, dá bhrí sin, ní bheartaítear iad. Na costais fhoriomlána a bhaineann le cur chun feidhme na straitéise rialaithe thuas – le haghaidh gach caiteachas faoin gclár Fiscalis – tá siad teoranta do 1.6 % d’iomlán na n‑íocaíochtaí a dhéantar. Meastar go bhfanfaidh sé ag an gcóimheas céanna le haghaidh an tionscnaimh seo. Leis an straitéis rialaithe cláir, is beag nach dteorannaítear an riosca neamh‑chomhlíontachta go hiomlán agus leanann sí de bheith comhréireach leis na rioscaí bainteacha.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 42 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán sin.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas  
caiteachais

Ranníocaíocht

14.03.01

LD/LN 43 .

ó thíortha de chuid CSTE 44

ó thíortha is iarrthóirí 45

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Feabhas a chur ar fheidhmiú cuí na gcáinchóras 

LD/LN.

Níl

Níl

Níl

Níl

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

Ní bhaineann le hábhar

LD.

Níl

Níl

Níl

Níl

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

Uimhir

14.03.01

AS: TAXUD

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 14.03.01

Gealltanais

(1a)

0.680

0.082

0.082

0.082

0.082

0.082

1.088

Íocaíochtaí

(2a)

0.680

0.082

0.082

0.082

0.082

1.008

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh AS TAXUD

Gealltanais

=1a+1b +3

0.680

0.082

0.082

0.082

0.082

0.082

1.088

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0.680

0.082

0.082

0.082

0.082

1.008

 



Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil): Praghsanna Reatha

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

2021 -2027 CAI

AS: TAXUD

• Acmhainní daonna

0.300

0.036

0.036

0.036

0.036

0.444

• Caiteachas riaracháin eile – Misin

0.020

0.002

0.002

0.002

0..002

0.028

IOMLÁN AS TAXUD

Leithreasuithe

0.320

0.038

0.038

0.038

0.038

0.472

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.320

0.038

0.038

0.038

0.038

0.472

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil): Praghsanna Reatha

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

2021 – 2027 CAI

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

1

0.120

0.120

0.120

0.120

1.480

Íocaíochtaí

0.320

0.718

0.120

0.120

0.120

1.398

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliain 
2028

Bliain 
2029

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.300

0.036

0.036

0.036

0.036

0.036

0.036

0.516

Caiteachas riaracháin eile

0.020

0.002

0.002

0.002

0.002

0.002

0.002

0.032

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.320

0.038

0.038

0.038

0.038

0.038

0.038

0.548

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 46   
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán 
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.320

0.038

0.038

0.038

0.038

0.038

0.038

0.548

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliain 
2028

Iomlán

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

1

1

0.4

0.2

0.1

0.1

2.8

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 47

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   48

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

1

1

0.4

0.2

0.1

0.1

2.8

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Cruinnithe agus comhfhreagras leis na Ballstáit a ullmhú, obair a dhéanamh ar fhoirmeacha, ar fhormáidí TF agus ar an Eolaire Lárnach.

Pearsanra seachtrach

Ní bhaineann le hábhar

3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain 
N 49

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam..

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 50

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    COM(2021) 251 final
(2)    Treoir 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).
(3)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena naisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
(4)    Féach, mar shampla, imscrúdú OpenLux agus, níos déanaí, Páipéir Pandora
(5)    [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach na naisc chuig bileog achoimre agus tuairim dhearfach an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála nuair a bheidh siad foilsithe.]
(6)    Treoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil (IO L 157, 26.6.2003, lch. 49).
(7)    IO L 338, 12.12.2012, lch. 41.
(8)    IO C , , lch. .Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(9)    IO C , , lch. .Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(10)    Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).
(11)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena naisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
(12)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‐aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(13)    Ardrúnaíocht na Comhairle, 9637/18 FISC 241 ECOFIN 555, Cód Iompair (Cánachas Gnó), Treoir maidir le léirmhíniú ar an tríú critéar; Tionscadal ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, Cleachtais Chánach Dhíobhálacha a Chomhrac ar Bhealach níos Éifeachtaí, agus Trédhearcacht agus Tábhacht Eacnamaíoch á gCur san Áireamh, Gníomhaíocht 5: Tuarascáil Chríochnaitheach
(14)    Treoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar mháthairchuideachtaí agus fochuideachtaí Ballstát éagsúil (IO L 345, 29.12.2011, lch. 8).
(15)    Treoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil (IO L 157, 26.6.2003, lch. 49).
(16)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(17)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)
(18)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)
(19)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19)
(20)    COM/2020/593 críochnaitheach
(21)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349–496).
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(23)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(24)    Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(25)    Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
(26)    Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
(27)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(28)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(29)    Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(31)    Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).
(32)    Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(33)    Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
(34)    Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).
(35)    Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena naisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35)
(36)    Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena naisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7)
(37)    Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin le haghaidh gnó agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1)
(38)    COM/2020/593 críochnaitheach
(39)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(40)    Tá mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(41)    Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF), IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.
(42)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile, IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.
(43)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(44)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(45)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(46)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(47)    AC= Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(48)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(49)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(50)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.