An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 557 final

2021/0218(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

{SEC(2021) 657 final} - {SWD(2021) 620 final} - {SWD(2021) 621 final} - {SWD(2021) 622 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Bunaítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip an cuspóir aeráidneodrach a bhaint amach in 2050 ar bhealach a chuirfidh le geilleagar na hEorpa, le fás agus le poist. Ceanglaítear leis an gcuspóir laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030, faoi mar a dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2020. Dá réir sin, tá gá le sciar i bhfad níos airde d’fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite i gcóras fuinnimh comhtháite. Ní leor sprioc an Aontais atá ann faoi láthair, a leagadh síos sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, gur ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad den fhuinneamh in‑athnuaite faoi 2030 agus is gá í a mhéadú go 38-40 %, de réir an Phlean um Sprioc Aeráide. An tráth céanna, tá gá le bearta tionlacain nua in earnálacha éagsúla i gcomhréir leis na Straitéisí maidir le Comhtháthú an Chórais Fuinnimh, le Hidrigin, le Fuinneamh In‑athnuaite Amach ón gCósta agus le Bithéagsúlacht.

Is iad cuspóirí foriomlána an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite méadú ar úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a bhaint amach faoi 2030, comhtháthú níos fearr ar a chothú agus cur le cuspóirí aeráide agus comhshaoil lena n‑áirítear bithéagsúlacht a chosaint, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní ó ghlúin go glúin a bhaineann le téamh domhanda agus cailliúint na bithéagsúlachta. Is gá an t‑athbhreithniú seo a dhéanamh ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite chun an sprioc mhéadaithe aeráide a bhaint amach agus chun ár gcomhshaol agus ár sláinte a chosaint, ár spleáchas ar fhuinneamh a laghdú agus chun rannchuidiú le ceannaireacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch an Aontais mar aon le cruthú post agus fás eacnamaíoch.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is í an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite an phríomhionstraim de chuid an Aontais a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn. Ní sheasann t‑atbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite leis féin. Is cuid de chleachtadh níos leithne é a bhfuil tionchar aige ar reachtaíocht eile fuinnimh agus aeráide agus ar thionscnaimh beartais eile, mar a fógraíodh sa treochlár maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus i gclár oibre an Choimisiúin do 2021 faoin teideal ‘Oiriúnach do 55’. Tá an togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite comhsheasmhach leis na nithe seo a leanas:

i.Scéim Trádála Astaíochtaí an Aontais, ós rud é gur is fearr a oibríonn praghsáil carbóin i gcomhar le bearta rialála.

ii.An Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, a chuireann le húsáid éifeachtúil fuinnimh in‑athnuaite in earnálacha críochúsáide.

iii.An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh, lena n‑áirithítear ceanglais feidhmíochta fuinnimh iomchuí a bhaineann le fuinneamh in‑athnuaite.

iv.An Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht, lena dtugtar dreasacht do thomhaltóirí éirí as bheith ag úsáid fearais a chumhachtaítear le breosla iontaise.

v.An Rialachán maidir le Talamhúsáid, Athrú ar Thalamhúsáid agus Foraoiseacht, lena gcuirtear dreasachtaí ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha tionscadail ionsúcháin astaíochtaí a úsáid ar féidir leo a bheith ina bhfoinse bithmhaise.

vi.An Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, lena n‑áirithítear go gcuireann praghsanna cleachtais inbhuanaithe chun cinn agus go ndreasaítear táirgeadh agus úsáid leo.

vii.An reachtaíocht maidir le Comhroinnt Díchill, lena mbunaítear laghduithe ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) do na hearnálacha a chumhdaítear leis an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite amhail iompar, foirgnimh, talmhaíocht agus dramhaíl.

viii.An Treoir maidir le Cáilíocht Bhreosla, lena dtacaítear le húsáid breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin san iompar.

ix.An Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, lena dtacaítear le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid, lena n‑áirítear pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha agus pointí athbhreoslaithe i gcomhair gás nádúrtha agus hidrigine.

x.An togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras‑Eorpach fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 1 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Bunaítear an togra seo go príomha ar Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh 2 (CFAE), lena gcuirtear an bunús dlí ar fáil chun bearta a mholadh chun cineálacha nua agus in‑athnuaite fuinnimh a fhorbairt, ar ceann de spriocanna bheartas fuinnimh an Aontais é, a leagtar amach in Airteagal 194(1)(c) CFAE. Glacadh an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, a leasófar leis an togra seo, faoi Airteagal 194(2) CFAE in 2018. Cuirtear isteach Airteagal 114 CFAE, bunús dlí an mhargaidh inmheánaigh, chun Treoir 98/70/CE maidir le cáilíocht bhreosla, atá bunaithe ar an Airteagal sin, a leasú.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

An gá le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach

Ní féidir leis na Ballstáit forbairt bhrostaithe chostéifeachtach ar fhuinneamh in‑athnuaite inbhuanaithe laistigh de chóras fuinnimh níos comhtháite a bhaint amach leo féin. Tá gá le cur chuige ón Aontas chun na dreasachtaí cearta a chur ar fáil do na Ballstáit ag a bhfuil leibhéil éagsúla uaillmhéine chun dlús a chur, ar bhealach comhordaithe, leis an aistriú fuinnimh ón gcóras fuinnimh traidisiúnta atá bunaithe ar bhreosla iontaise go córas fuinnimh atá níos comhtháite agus níos tíosaí ar fhuinneamh bunaithe ar ghiniúint fuinnimh atá bunaithe ar fhoinsí in‑athnuaite. Agus na beartais fuinnimh agus na tosaíochtaí éagsúla i measc na mBallstát á gcur san áireamh, is mó seans go mbainfear leas níos mó as foinsí in‑athnuaite fuinnimh le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ná gníomhaíocht náisiúnta nó gníomhaíocht áitiúil amháin.

Breisluach an Aontais Eorpaigh

Tá breisluach ag baint le gníomhaíocht de chuid an Aontais maidir le fuinneamh in‑athnuaite toisc go bhfuil sí níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ná gníomhaíochtaí na mBallstát aonair, rud a sheachnaíonn cur chuige ilroinnte trí aghaidh a thabhairt ar aistriú chóras fuinnimh na hEorpa ar bhealach comhordaithe. Le gníomhaíocht ón Aontas, áirithítear laghdú glan ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar thruailliú, cosnaítear an bhithéagsúlacht, baintear leas as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh, baintear leas iomlán as na buntáistí a bhaineann le barainneachtaí scála agus comhar teicneolaíoch san Eoraip, agus tugtar cinnteacht d’infheisteoirí i gcreat rialála uile-Aontais. Braitheann baint amach sciar mhéadaithe d’fhuinneamh in‑athnuaite i dtomhaltas fuinnimh deiridh an Aontais ar rannchuidithe náisiúnta ó gach Ballstát. Beidh siad sin níos uaillmhianaí agus níos costéifeachtaí má spreagtar iad le creat coiteann dlíthiúil agus beartais comhaontaithe.

•Comhréireacht

Meastar go bhfuil an pacáiste tosaíochta de roghanna beartais comhréireach agus cuireann sé, a mhéid is féidir, leis an dearadh beartais atá ann faoi láthair. Shocraigh roinnt roghanna sprioc nó tagarmharc le baint amach, ach fágann siad na modhanna chun na spriocanna sin a bhaint amach faoi na Ballstáit. Meastar gurb iomchuí an chothromaíocht idir oibleagáidí agus an tsolúbthacht atá ag na Ballstáit maidir le conas na cuspóirí a bhaint amach i bhfianaise a thabhachtaí atá sé aeráidneodracht a bhaint amach (féach roinn 3.3 agus roinn 7.5 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo, SWD (2021) XXX).

•An rogha ionstraime

Togra le haghaidh Treoir leasaitheach atá sa togra seo. Ós rud é gur glacadh é le déanaí, tá an t‑athbhreithniú seo ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite teoranta don mhéid a mheastar a bheith riachtanach chun rannchuidiú ar bhealach costéifeachtach le huaillmhian aeráide an Aontais do 2030, agus ní athbhreithniú iomlán é ar an Treoir, mar sin ní mheastar gurb iomchuí athmhúnlú a dhéanamh.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha a bhfuiltear ag díriú orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

Foilsíodh an Measúnú Tionchair Tosaigh (Treochlár) le haghaidh aiseolais ón 3 Lúnasa go dtí an 21 Meán Fómhair 2020 agus fuarthas 374 fhreagra, ó pháirtithe leasmhara ó 21 Bhallstát agus ó 7 dtír nach Ballstáit den Aontas iad. Is ó chuideachtaí nó ó chomhlachais ghnó a tháinig formhór na bhfreagraí, agus ina dhiaidh sin eagraíochtaí neamhrialtasacha, páirtithe anaithnide agus saoránaigh. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar líne an 17 Samhain 2020 ar feadh 12 sheachtain, i gcomhréir le rialacha an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr. Tá ceisteanna ilrogha agus ceisteanna oscailte ann a chlúdaíonn raon leathan saincheisteanna maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite. Fuarthas 39,046 freagra san iomlán. Bailíodh tuairimí na bpáirtithe leasmhara in dhá cheardlann freisin, reáchtáladh an chéad cheann an 11 Nollaig 2020 (gar do 400 rannpháirtí) agus bhí an dara ceann ar an 22 Márta 2021 (gar do 1000 rannpháirtí).

Achoimre ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara

Léirigh tromlach (80 %) na bhfreagraí ar OPC gurbh fhearr leo sprioc mhéadaithe maidir le foinsí inathnuaite fuinnimh (RES) i gcomhréir leis an bPlean um Sprioc Aeráide (43 %) nó níos airde (37 %). Bhí 61 % i bhfabhar sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Ba iad iompar agus téamh agus fuarú an dá earnáil ba mhó tóir inar measadh go raibh gá le hiarrachtaí breise, agus thacaigh tromlach le spriocanna méadaithe don dá earnáil ar leibhéal an Phlean um Sprioc Aeráide ar a laghad. D’iarr freagairt chomhordaithe ar níos mó ná 38,000 rannpháirtí bithmhais a bhaint de liosta na n‑acmhainní in‑athnuaite agus úsáid bithfhuinnimh a theorannú do dhramhaíl agus d’iarmhair atá ar fáil go háitiúil, ach b’fhearr le hionadaithe ó cheardchumainn, ó ghnólachtaí agus ó fhormhór na n‑údarás poiblí gan na critéir inbhuanaitheachta atá ann faoi láthair maidir le bithmhais a athrú.

Cuireadh tuairimí na bpáirtithe leasmhara mar a cuireadh in iúl iad in OPC agus le linn na gceardlann san áireamh agus na roghanna beartais éagsúla maidir leis na réimsí beartais faoi seach á leagan amach sa mheasúnú tionchair.

•    Bailiú agus úsáid saineolais

Thug staidéar a rinne na conraitheoirí seachtracha, Trinomics, tacaíocht theicniúil d’fhorbairt agus do chur chun feidhme beartais maidir le foinsí in‑athnuaite. Bhí an measúnú tionchair a rinneadh ar an bPlean maidir le Sprioc Aeráide agus an measúnú ón gCoimisiún ar Phleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na mBallstát (NECPanna) agus ar Thuarascáil 2020 um Dhul Chun Cinn an Fhuinnimh In‑athnuaite mar chuid den bhonn fianaise freisin.

Ina theannta sin, cuireadh na staidéir seo a leanas san áireamh sa mheasúnú tionchair freisin:

·Tacaíocht theicniúil d’fhorbairt agus do chur chun feidhme beartais maidir le fuinneamh in‑athnuaite: éifeachtúlacht fheabhsaithe trí chomhtháthú earnála

·Fuarú In‑athnuaite faoin Treoir Athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In‑athnuaite

·Téamh Spáis In‑athnuaite faoin Treoir Athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In‑athnuaite

·Tacaíocht bheartais chun téamh agus fuarú a dhícharbónú

·Coinníollacha rialála agus margaidh le haghaidh Téamh agus Fuarú Ceantair

·Acmhainneacht agus leibhéil chun téamh spáis i bhfoirgnimh a leictriú

·Conairí um Théamh agus Fuarú In‑athnuaite, Bearta agus Garspriocanna chun an Treoir athmhúnlaithe maidir le Fuinneamh In‑athnuaite a chur chun feidhme agus dícharbónú iomlán a bhaint amach faoi 2050

·Cúnamh teicniúil chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht breoslaí iompair leachtacha agus gásacha in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBOnna) chomh maith le breoslaí carbóin athchúrsáilte (RCFanna), chun modheolaíocht a bhunú chun sciar an fhuinnimh inathnuaite ó RFNBOanna a chinneadh agus chun creat a fhorbairt maidir le breisíocht san earnáil iompair

·Cead agus Nósanna Imeachta Riaracháin le haghaidh Suiteálacha Foinsí In‑athnuaite Fuinnimh a Shimpliú

·Ceanglais theicniúla a bhunú agus an próiseas caighdeánaithe a éascú maidir le ráthaíochtaí tionscnaimh ar bhonn Threoir (AE) 2018/2001

·Cúnamh teicniúil chun measúnú a dhéanamh ar roghanna chun lipéad glas uile-Aontais a bhunú d’fhonn úsáid fuinnimh in‑athnuaite a thagann ó shuiteálacha nua a chur chun cinn

·Measúnú ar an acmhainneacht a bhaineann le bunábhair nua chun bithbhreoslaí ardfhorbartha a tháirgeadh (ENER C1 2019-412)

·Tacaíocht do chur chun feidhme na bhforálacha maidir le hAthrú Indíreach ar an Talamhúsáid a leagtar amach sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite (ENER/C2/2018-462)

·Bithmhais adhmaid a úsáid le haghaidh táirgeadh fuinnimh san Aontas (tuarascáil JRC, 01/2021)

·Staidéar scóipe ina leagtar amach ceanglais agus roghanna teicniúla le haghaidh Bunachar Sonraí de chuid an Aontais chun rianú a dhéanamh ar bhreoslaí iompair leachtacha agus gásacha

Measúnú tionchair

Ullmhaíodh an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Togra bunaithe ar shamhaltú, ionchur ó pháirtithe leasmhara agus ionchur ón nGrúpa Idirsheirbhíse. Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 10 Márta 2021. An 19 Aibreán 2021, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála a chéad tuairim uaidh maidir leis an Measúnú Tionchair, agus tar éis an measúnú tionchair a chur isteach arís, tugadh an dara tuairim uaidh an 19 Bealtaine.

I bhfianaise an méid sin, rinneadh anailís sa mheasúnú tionchair ar na roghanna éagsúla trína bhféadfadh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite rannchuidiú go héifeachtach agus go héifeachtúil leis an sprioc nuashonraithe a bhaint amach mar chuid de phacáiste beartais níos leithne ‘Oiriúnach do 55’.

Maidir leis an sprioc fhoriomlán i dtaca le fuinneamh in‑athnuaite, ní sholáthródh rogha 0 (gan aon athrú) aon bhealach chun a áirithiú go n‑úsáidfear an sprioc maidir le fuinneamh in‑athnuaite ar fud an Aontais chun sciar 38-40 % ar a laghad den tomhaltas deiridh fuinnimh a bhaint amach. D’fhéadfadh sé go sárófaí an sprioc aeráide le Rogha 2 (sprioc níos airde ná 40 %) agus go mbeadh easpa comhsheasmhachta ann le hionstraimí reachtacha eile an Aontais. Dá bhrí sin, ní bhaineann aon mhíbhuntáiste le rogha 1 (sprioc íosta sa réimse 38-40 %) agus, dá bhrí sin, is í sin an rogha thosaíochta agus an rogha éifeachtach. Maidir le cineál na sprice, cé go dtabharfadh rogha 1 (spriocanna ceangailteacha náisiúnta) le tuiscint go mbainfí amach sciar méadaithe d’fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh ar an mbealach is éifeachtaí, chruthófaí leis sin saincheisteanna coimhdeachta. Is bunús tábhachtach é próiseas Rialachais an Aontais Fuinnimh atá ann faoi láthair chun an sprioc maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh a bhaint amach. Ba léir ón gcéad leagan de phróiseas athbhreithnithe na bpleananna náisiúnta, a cuireadh i gcrích in 2020, go raibh na rannchuidithe náisiúnta sách uaillmhianach i dteannta a chéile chun sprioc cheangailteach 2030 an Aontais i dtaca le Foinsí In‑athnuaite Fuinnimh a bhaint amach. Faoin Rialachán Rialachais, ní mór do na Ballstáit a gcuid dréacht‑uasdátuithe a chur faoi bhráid a NECPanna faoi mhí an Mheithimh 2023, agus is féidir leo a léiriú cheana féin conas atá sé beartaithe acu sprioc níos airde do 2030 a bhaint amach. I bhfianaise chineál éifeachtach agus ailtireacht an chórais atá ann faoi láthair, is í rogha 0 (sprioc cheangailteach an Aontais agus rannchuidithe deonacha náisiúnta a choinneáil) an rogha thosaíochta.

Maidir le téamh agus fuarú, ní spreagfaidh rogha 1 (bearta neamhrialála) na Ballstáit chun iarrachtaí in earnáil an téimh agus an fhuaraithe ó fhoinsí fhuinnimh in‑athnuaite a mhéadú go dtí ar a laghad 1.1 % den mheánphointe céatadánach bliantúil (pp). Trí fhigiúr téimh agus fuaraithe RES an Aontais ón bPlean um Sprioc Aeráide a aistriú go meánsciar bliantúil aonfhoirmeach ceangailteach ar fud na mBallstát de réir rogha 3b, ní mheastar é a bheith comhréireach, cé gurb é sin an ceann is éifeachtaí. D’fhéadfaí an leibhéal foinsí in‑athnuaite fuinnimh atá ag teastáil in 2030 a leagan síos mar sprioc mar a mholtar i rogha 3c ach d‘fhéadfadh sé imeacht ón tsamhail atá ann faoi láthair agus d’fhéadfadh sé cur isteach ar na hiarrachtaí cur chun feidhme atá ar siúl cheana féin, cé go mbeadh an tairbhe bhreise ag baint leis an sprioc deiridh do 2030 a leagan amach go soiléir. Bheadh rogha 3a in éineacht le foirgnimh earnála agus le foirgnimh RES san Aontas agus tagarmharcanna tionscail maidir le dearadh iomchuí (rogha 3d) éifeachtach maidir leis an meascán ceart tiománaithe a sholáthar chun na hearnálacha sin a chomhtháthú tuilleadh sa chóras fuinnimh. Leagfadh rogha 3a íosráta comhréidh fáis RES síos trí sprioc an mhéadaithe bhliantúil tháscaigh atá ann faoi láthair de 1.1 pointe céatadáin a leagan síos mar an iarracht íosta is gá agus é a chomhlánú le ‘breisithe’ sonracha na mBallstát lena n‑athdháilfí na hiarrachtaí breise ar an leibhéal foinsí in‑athnuaite atá ag teastáil i measc na mBallstát in 2030 bunaithe ar OTI agus ar chostas. Leis na rátaí méadaithe sonracha ó na Ballstáit bhreise, d‘fhéadfaí bealach a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal coibhneasta uaillmhéine gach Ballstáit san earnáil téimh agus fuaraithe ach freisin mar bheart a d’fhéadfadh bearna a líonadh chun an bhearna a dhúnadh, dá dteipfeadh ar earnálacha eile seachas an earnáil téimh agus fuaraithe an sprioc fhoriomlán maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh (RES) 38-40 % a bhaint amach. Breithnítear anseo freisin an rogha atá ann tagarmharc maidir le fuinneamh in‑athnuaite a úsáid san earnáil tógála.

Leis an liosta leathnaithe beart de réir rogha 2a, ceadaítear solúbthacht ar an leibhéal náisiúnta agus áirithítear comhréireacht agus tugtar bosca uirlisí do na Ballstáit. Urramaítear leis an dearadh éagsúlachtaí náisiúnta agus áitiúla ó thaobh dálaí agus túsphointí de, agus cuirtear creat soiléir ar fáil do ghníomhaithe ar gach leibhéal (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil) agus de gach cineál (idir fhóntais agus chuideachtaí go bardais agus tomhaltóirí/táirgeoirí is tomhaltóirí).

Maidir le téamh agus fuarú ceantair, dhéanfadh rogha 3c (an sprioc tháscach 1 % maidir leis an méadú bliantúil ar phointe céatadáin a mhéadú go leibhéil an Phlean um Sprioc Aeráide 2.1 % gan a cineál a athrú) forbairtí téimh ceantair a stiúradh i dtreo níos mó fuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú i gcomhréir le spriocanna an Phlean um Sprioc Aeráide agus le spriocanna neodrachta carbóin, agus urraim á tabhairt don éagsúlacht leathan cásanna sna Ballstáit ag an am céanna. Rogha 3b (sprioc tháscach an Aontais maidir le fuinneamh in‑athnuaite i sciar na bhfoinsí in‑athnuaite i dtéamh agus i bhfuarú ceantair, d’fhéadfadh sé sochair den chineál céanna a thabhairt le rogha 3c ach d‘fhéadfadh sé imeacht ó na forálacha atá ann faoi láthair agus d’fhéadfadh sé cur isteach ar chur chun feidhme atá ar siúl cheana féin. Bheadh rogha 3d (an sprioc 1 % maidir leis an méadú ar an bpointe céatadáin a mhéadú agus é a dhéanamh ceangailteach) ar an dearadh sprice is éifeachtaí, ach tá sí ródhian agus fágann sí níos lú spáis do na Ballstáit. D’fhágfadh Rogha 3a (gan aon athrú) go bhféadfadh téamh ceantair leanúint ar aghaidh ar feadh tréimhse éiginnte leis na breoslaí iontaise agus, dá bhrí sin, níl sí comhleanúnach le cuspóirí an athbhreithnithe. Is féidir le rogha 2 (liosta beart) a bheith neamhspleách nó comhlántach, toisc go dtugtar creat cumasúcháin níos soiléire léi chun téamh agus fuarú ceantair a chlaochlú, chun é a dhéanamh cumasaithe do sholáthar fuinnimh in‑athnuaite i bhfoirgnimh agus chun bheith ina phríomhionstraim dhícharbónaithe teasa, agus comhtháthú na hearnála fuinnimh i gcórais fuinnimh náisiúnta agus an Aontais á fheabhsú ag an am céanna. Is í rogha 2 maidir le bearta a chomhcheangal le dearadh na sprice i rogha 3c an rogha thosaíochta lena áirithiú go n‑ailíneofar téamh agus fuarú ceantair leis an EGD agus go mbeidh sé ina chumasóir chun spriocanna an Phlean um Sprioc Aeráide a bhaint amach agus spriocanna maidir le comhtháthú an chórais fuinnimh a bhaint amach. In éineacht leis na roghanna maidir le téamh agus fuarú foriomlán agus foirgnimh, leagfadh an rogha sin creat cumasúcháin amach chun córais téimh agus fuaraithe ceantair chliste nua-bhunaithe in‑athnuaite a fhorbairt agus a leathnú.

Maidir leis an leictreachas inathnuaite a phríomhshruthú, sholáthródh rogha 1.1 (infhaighteacht faisnéise gar-fíor-ama maidir leis an sciar fuinnimh inathnuaite arna sholáthar ag an eangach) an comharthaí éifeachtacha chun an margadh a dhreasú a bhaineann go díreach le fuinneamh inathnuaite a threá agus laghdú carbóin, gan aon ualach riaracháin agus i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana. Rogha 1.2 (d’imreofaí roinnt éifeachtaí dearfacha ar fhaisnéis do thomhaltóirí trí fhaisnéis maidir le sciar na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh agus próifíl na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa, ach mura ndéanfaí amhlaidh, bheadh breisluach teoranta ag baint léi. Le roghanna 2.1-2.3 cumhdaítear gnéithe éagsúla den bhonneagar cliste luchtaithe a bharrfheabhsú, lena mbaineannn leibhéil éagsúla de rannchuidiú dearfach leis na costais agus na sochair fhoriomlána cur chun feidhme don gheilleagar. D’fhonn solúbthacht a sholáthar do na Ballstáit, roghnaíodh an cur chun feidhme bunaithe ar mheasúnú náisiúnta mar an réiteach tosaíochta atá imrothlach bunaithe ar fheidhmiúlacht luchtaithe chliste, lena n‑áirítear luchtú déthreoch agus imscaradh pointí luchtaithe cliste breise (2.1B, 2.2B agus 2.3). Le roghanna 3.1-3.3 tugtar aghaidh ar bhacainní éagsúla sa mhargadh soláthair seirbhísí comhbhailiúcháin agus soghluaisteachta a chuireann bac ar iomaíocht. Rogha ‘gan aiféala’ atá i Rogha 3.1 (ag áirithiú nach bhfuil an chaoi a ndéileálann oibreoirí gréasáin agus oibreoirí margaidh le córais stórála leictreachais nó le feistí idirdhealaitheach ná díréireach beag beann ar a méid (ar scála beag nó mór) nó bíodh siad do-aistrithe nó soghluaiste, ionas go mbeidh siad in ann seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil go hiomaíoch). Tá gá le Rogha 3.2 (comhbhailitheoirí neamhspleácha agus soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta chun rochtain a bheith acu ar fhaisnéis bhunúsach maidir le ceallraí, amhail an staid sláinte agus an staid luchtaithe) chun cothrom iomaíochta a shocrú agus bheadh tionchar dearfach fadtéarmach ag a cur chun feidhme luath ar infhaighteacht, ar cháilíocht agus ar chostas na seirbhísí a chuirtear ar fáil d’úinéirí ceallraí intíre agus d’úsáideoirí feithiclí leictreacha. Meastar go mbeidh tairbhe níos mó ag baint le Rogha 3.3 (a áirithiú go mbeidh rochtain oscailte ar gach bonneagar luchtaithe atá inrochtana go poiblí) le leathadh feithiclí leictreacha.

As measc na roghanna a breithníodh maidir leis an méadú ar fhuinneamh in‑athnuaite san earnáil iompair, bheadh an teaglaim de rogha 1B (sa bhreis ar an méadú ar an sprioc agus fo-sprioc i dtaca le bithbhreoslaí ardfhorbartha, tugtar isteach fo-sprioc thiomnaithe le haghaidh breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch) le roghanna 2A (soláthraithe breosla na hoibleagáide fuinneamh‑bhunaithe), 2C (an rogha idir na cur chuige a dtugtar tuairisc orthu faoi 2A agus 2B (soláthraithe breosla na hoibleagáide astaíocht‑bhunaithe) a fhágtar faoi na Ballstáit nó 2D (soláthraithe breosla na hoibleagáide astaíocht‑bhunaithe ach ceanglaítear ar oibreoirí íosmhéid scaireanna a bhaint amach le haghaidh bithbhreoslaí ardfhorbartha agus breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch) ar na roghanna is fearr ar an iomlán. Cé go mbaineann na roghanna uile seachas rogha 1 an leibhéal uaillmhéine is gá amach, tá difríochtaí suntasacha eatarthu. D’fhéadfadh sé go mbeadh an buntáiste ag na roghanna fuinneamh‑bhunaithe forbairt agus táirgeadh breoslaí carbóin nuálacha in‑athnuaite agus athchúrsáilte a chur chun cinn toisc go soláthraíonn siad an creat beartais is intuartha agus is cobhsaí le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí den sórt sin. Is féidir leis na roghanna atá bunaithe ar dhéine gás ceaptha teasa feabhsuithe ar an slabhra soláthair a spreagadh mar aon le héifeachtúlacht i mbreoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin, áit a bhfuil na costais táirgthe níos airde agus bheadh sé de bhuntáiste acu comhsheasmhacht a áirithiú leis an gcur chuige a roghnaítear faoin Treoir maidir le Cáilíocht Bhreosla. D’éileodh sé sin, áfach, athruithe a chur i bhfeidhm ar an modheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun déine na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a chinneadh.

Tá cur chun cinn úsáid breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i gcomhréir go hiomlán leis an Straitéis maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh agus leis an Straitéis Hidrigine chomh maith leis an bPlean um Sprioc Aeráide, go háirithe má chuirtear dearcadh iar-2030 san áireamh. Tá sé seo bailí go háirithe i gcás rogha 1 (leathnú raon feidhme cuntasaíochta RFNBOanna thar iompar agus feabhas ar chomhsheasmhacht cuntasaíochta RFNBOanna) agus rogha 3 (fospriocanna sonracha a chruthú le haghaidh RFNBOanna in earnálacha a bhfuil sé deacair dícharbónú a dhéanamh orthu). Bheadh fospriocanna sonracha ach réalaíocha le haghaidh RFNBOanna do na hearnálacha iompair agus tionscail in 2030 ina gcéad chéim dá bhforbairt ar scála níos mó tar éis 2030.

Maidir le deimhniúchán breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin, rinneadh measúnú ar rogha 1d (raon feidhme agus inneachar an chórais deimhniúcháin atá ann faoi láthair a choigeartú chun na breoslaí uile a chumhdaítear faoin Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, lena n‑áirítear breoslaí carbóin athchúrsáilte, a áireamh) agus ar rogha 2A (forbairt bhreise ar an gcóras atá ann cheana maidir le ráthaíochtaí tionscnaimh mar chóras deimhniúcháin malartach). Measadh go raibh acmhainneacht mhaith ag Rogha 1a an córas atá ann cheana a neartú, agus go dtabharfaí aghaidh ar dheimhniú breoslaí ísealcharbóin i dtogra reachtach ar leith amhail an Pacáiste le haghaidh Margadh Hidrigine agus Gáis Dícharbónaithe. Beidh roghanna forbartha TF faoi réir réamhcheadaithe an Bhoird an Choimisiúin Eorpaigh um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil.

Maidir leis na roghanna chun inbhuanaitheacht bithfhuinnimh a áirithiú, le rogha 1 (bearta neamhrialála) d’éascófaí cur chun feidhme chritéir inbhuanaitheachta na Treorach maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, ach ní bheadh coimircí breise ann chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta. Sholáthrófaí le rogha 2 (neartú spriocdhírithe a dhéanamh ar na critéir inbhuanaitheachta bhithfuinnimh atá ag an Aontas faoi láthair) an choimirce is dírí i gcoinne na rioscaí a bhaineann le bithmhais foraoise a tháirgeadh i limistéir ard‑bhithéagsúlachta. Thabharfaí isteach léi freisin coimircí breise lena gcuirtear chun cinn laghdú optamach ar astaíochtaí GCT saolré agus sheachnófaí úsáid nua neamhéifeachtúil bhithmhaise san earnáil cumhachta. Le rogha 3 (suiteálacha beaga a rialáil) chuirfí tuilleadh le héifeachtacht rogha 2 trí mhéid níos mó d’úsáid bhithmhaise le haghaidh fuinnimh san Aontas a rialáil. Chabhródh sé freisin le feabhas a chur ar an bhfaireachán poiblí a dhéantar ar tháirgeadh agus ar úsáid bhithmhaise. Ag tógáil ar na roghanna tosaíochta 2, 3 agus 4.2 (lena gceanglaítear ar na Ballstáit a scéimeanna tacaíochta le haghaidh breoslaí bithmhaise a dhearadh ar bhealach chun saobhadh margaidh i margadh na n‑amhábhar a íoslaghdú, agus é d’aidhm acu úsáid lomán cruinn ardchaighdeáin a íoslaghdú), chuideofaí le húsáid na gcrann uile do tháirgeadh fuinnimh a íoslaghdú mar a leagtar amach i Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais.

I dteannta phríomhchuspóirí an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite chun aghaidh a thabhairt ar uaillmhian neamhleor i bpeirspictíocht 2030 agus 2050, chun aghaidh a thabhairt ar chomhtháthú neamhleor an chórais, agus chun forálacha inbhuanaitheachta bithfhuinnimh a thabhairt cothrom le dáta, d’fhéadfadh líon teoranta de bhearta breise ‘tionlacain’ nó bearta cumasúcháin cur le húsáid chostéifeachtúil foinsí in‑athnuaite fuinnimh.

Maidir le Comhaontuithe Ceannacháin Chumhachta (PPAnna), tabharfaidh rogha 1 (treoirlínte) treoir bhreise do na Ballstáit gan an t‑ualach riaracháin a mhéadú, cé go mbeidh an éifeachtacht ag brath ar ghlacadh na dtreoirlínte sin. Bainfidh tairbhe dhearfach le rogha 2 (tacaíocht airgeadais d’úsáid PPAnna le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide) le haghaidh úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus le haghaidh gheilleagar na hEorpa. Le Rogha 3 (na bearta rialála maidir le PPAnna a neartú) chuirfí ualach breise ar na Ballstáit aon bhacainn mhíchuí a bhaint, ach d’fhéadfaí cinnteacht bhreise a thabhairt do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí leictreachais in‑athnuaite. Meastar gurb iad Rogha 1 agus Rogha 2 an rogha teaglama.

Maidir le comhar trasteorann, ní bheadh rogha 1 (treoir nuashonraithe ón gCoimisiún) an‑éifeachtach inti féin ach tá éifeachtacht mheasartha ag rogha 2 (oibleagáid ar na Ballstáit comhar trasteorann a thástáil sna 3 bliana amach romhainn). Cé go mbeadh rogha 3 (oscailt pháirteach éigeantach scéimeanna tacaíochta) agus rogha 4 (úsáid fheabhsaithe shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in‑athnuaite) an‑éifeachtach, meastar go mbeidh rogha 2 níos inghlactha ó thaobh na polaitíochta de agus, dá bhrí sin, is í rogha 2 an rogha thosaíochta.

Maidir le cur chun cinn an fhuinnimh amach ón gcósta, i bhfianaise chineál ceangailteach rogha 1 (comhphleanáil), bheadh sé an‑éifeachtach spriocanna a shocrú agus a chur chun feidhme in aghaidh an imchuach farraige. Maidir le Rogha 2 (pointí teagmhála aonair a thabhairt isteach maidir le ceadú in aghaidh an imchuach farraige) d’fhéadfaí a mheas go mbeadh sí éifeachtach maidir le tionscadail fuinnimh in‑athnuaite trasteorann a éascú amach ón gcósta. Is í an rogha thosaíochta teaglaim den dá rogha.

Maidir leis an tionsclaíocht, níltear ag súil go méadóidh rogha 0 (gan aon athrú) an sciar de thomhaltas fuinnimh in‑athnuaite san earnáil tionsclaíochta, rud a chruthaíonn imní mhór maidir leis an gcuspóir chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus chun neodracht aeráide a bhaint amach in 2050. Le Rogha 1 (úsáid fuinnimh in‑athnuaite a thabhairt isteach sna hiniúchtaí a cheanglaítear leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh) sholáthrófaí modh éifeachtach chun gníomhaithe tionsclaíocha a thabhairt isteach i réitigh atá ann cheana agus atá éifeachtach ó thaobh costais de chun athrú go fuinneamh in‑athnuaite a bhaint amach, gan aon ualach riaracháin agus i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana. Le Rogha 2 (lipéadú le haghaidh táirgí tionsclaíocha in earnálacha áirithe a mhaítear ina leith go bhfuil siad déanta le fuinneamh in‑athnuaite) soláthraítear modh éifeachtach chun margadh aonfhoirmeach agus comhtháite a chruthú do na cuideachtaí sin atá ag cur táirgí agus seirbhísí a tháirgtear ó fhuinneamh in‑athnuaite ar an margadh. Bheadh gá le haon lipéadú sainordaitheach a dhearadh go cúramach chun comhoiriúnacht le rialacha EDT a áirithiú. Bheadh Rogha 1 agus Rogha 2 comhlántach agus ar na roghanna is éifeachtaí, mar aon le sprioc tháscach maidir le fuinneamh in‑athnuaite a úsáid sa tionscal.

Ar an iomlán, baineann tairbhí dearfacha eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha leis na roghanna beartais. Dhéanfaí córas fuinnimh níos sláine, nach mbraitheann ar allmhairí, a bhaint amach tríd san Aontas tríd an méadú ar fhuinneamh in‑athnuaite, go háirithe foinsí in‑athnuaite fuinnimh amach ón gcósta. Is dócha go mbeidh tionchar dearfach ag athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite ar fhás eacnamaíoch agus ar infheistíochtaí, trí phoist ardcháilíochta a chruthú, agus trí allmhairí breosla iontaise agus costais fuinnimh do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí a laghdú. Tuartar go gcruthófar poist le go leor de na roghanna beartais, i gcomhréir leis an téarnamh digiteach glas atá beartaithe. Táthar ag súil le héifeachtaí dearfacha fostaíochta, go háirithe in earnálacha atá nasctha le fuinneamh in‑athnuaite, mar aon le méadú ar an bhfostaíocht agus ar scileanna san earnáil tógála agus san earnáil soláthair fuinnimh agus athrú san fhostaíocht idir na hearnálacha. In aghaidh an euro den chaiteachas, cruthaítear 70 faoin gcéad níos mó post leis an bhfuinneamh in‑athnuaite ná mar a chruthaítear leis an gcaiteachas ar bhreoslaí iontaise agus cruthaítear níos mó ná dhá oiread an lín post in aghaidh an aonaid giniúna leictreachais le fuinneamh fótavoltach gréine i gcomparáid le gual nó gás nádúrtha. Laghdófaí astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar úsáid níos mó a bhaint as fuinneamh ó fhoinsí inbhuanaithe in‑athnuaite, lena n‑áirítear hidrigin in‑athnuaite. Trí fhoinsí eile a chur in ionad breoslaí iontaise, laghdófar truailleáin aeir agus beidh tionchar tairbheach acu ar an tsláinte. Bheadh tionchair dhearfacha ag leictriú in‑athnuaite an iompair de bhóthar go háirithe ar thruailliú aeir uirbeach, ach le leictriú, mar shampla, téamh i bhfoirgnimh, chuideofaí go mór chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir eile ó stoc foirgneamh na hEorpa a laghdú, stoc atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise sa lá atá inniu ann. Feabhsófar cáilíocht an aeir i gcathracha trí théamh in‑athnuaite i measc nithe eile, go háirithe téamh ceantair i gcathracha. Tiocfaidh dea-thionchair na bithéagsúlachta as critéir inbhuanaitheachta níos láidre don bhithfhuinneamh. Leis sin d’fhéadfaí laghdú a dhéanamh ar allmhairiú breoslaí bithmhaise ó lasmuigh den Aontas, toisc go roghnaíonn tríú tíortha gan iad a chomhlíonadh agus a n‑onnmhairiú ón Aontas a atreorú.

Beidh impleachtaí praiticiúla don chuid is mó ag an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite do riaracháin phoiblí na mBallstát i bhfianaise an ghá le spriocanna (ceangailteacha) níos airde a chomhlíonadh ar gá a bheith ag oibriú ina dtreo agus nach mór faireachán a dhéanamh orthu dá réir sin. I measc na ngníomhaíochtaí eile a cheanglaítear ar an riarachán poiblí tá glacadh an fhuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn agus a éascú i measc iompróirí éagsúla.

•    Oiriúnacht rialála agus simpliú

Cuireadh meastóireacht cláir um fheidhmíocht rialála (REFIT) ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite i gcrích idir 2014 agus 2016. Ós rud é gur glacadh an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le déanaí, tá an t‑athbhreithniú atá beartaithe teoranta don mhéid a mheastar a bheith riachtanach chun rannchuidiú ar bhealach costéifeachtach le huaillmhian aeráide 2030 an Aontais, agus ní athbhreithniú iomlán ar an Treoir é. Sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair féidearthachtaí maidir le reachtaíocht a shimpliú agus costais rialála a laghdú.

Ní mheastar go dtiocfaidh aon athrú ar an gcóras faireacháin ar chomhlíonadh.

Beidh gá le hoibreacha tógála/athchóiriú chun úsáid fuinnimh in‑athnuaite i dtéamh agus i bhfuarú foirgneamh a mhéadú, rud a fhágfaidh go dtiocfaidh méadú ar an bhfostaíocht san earnáil. Is fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad suas le 95 % de na gnólachtaí tógála, ailtireachta agus innealtóireachta sibhialta, mar sin is dócha go n‑imreofar tionchar dearfach eacnamaíoch ar FBManna. Cabhróidh treoir agus tacaíocht airgeadais maidir le comhaontuithe ceannacháin cumhachta le FBManna nach bhfuil na hacmhainní acu chun déileáil le conarthaí casta. D’fhéadfadh critéir níos déine maidir le bithmhais foraoise costais agus ualach riaracháin méadaithe a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha beaga agus meánmhéide.

Chun iomaíocht chóir a áirithiú sa mhargadh aonair, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha céanna maidir le gach oibreoir eacnamaíoch. Mar sin, ní dhíolmhaítear leis an togra FBManna ná micrifhiontair seachas maidir le sásraí simplithe fíorúcháin a chur ar fáil le haghaidh suiteálacha beaga táirgthe fuinnimh. Mar sin féin, is dócha go rachaidh na tionchair eacnamaíocha atá beartaithe chun tairbhe do FBManna freisin toisc gurb iad FBManna a oibríonn formhór an tslabhra luacha a bhaineann le teicneolaíocht fuinnimh in‑athnuaite a chur in úsáid, go háirithe fuinneamh fótavoltach gréine.

Cearta bunúsacha

I dtéarmaí comhsheasmhachta leis an gCairt um Chearta Bunúsacha, is é aidhm uileghabhálach an athbhreithnithe seo úsáid fuinnimh in‑athnuaite a mhéadú agus astaíochtaí GCT a laghdú, agus tá sé sin i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 37 den Chairt faoina gcaithfear ardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe.

4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leasaítear leis an togra seo Treoir atá ann cheana maidir le húsáid fuinnimh in‑athnuaite, agus mar sin meastar go mbeidh na tionchair riaracháin agus na costais measartha, ós rud é gurb ann d’fhormhór na struchtúir agus na rialacha riachtanacha cheana féin. Níl aon chostas breise ag gabháil leis an togra seo do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tar éis do na comhreachtóirí an Treoir leasaitheach seo a ghlacadh, le linn na tréimhse trasuímh, déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas chun trasuí na Treorach a éascú:

–Tábla comhghaoil a dhréachtú a fheidhmíonn mar sheicliosta trasuímh do na Ballstáit agus don Choimisiún araon.

–Cruinnithe a eagrú le saineolaithe ó na Ballstáit a bhfuil sé de chúram orthu codanna éagsúla den Treoir a thrasuí chun plé a dhéanamh ar conas iad a thrasuí agus chun amhras a réiteach, i gcomhthéacs na Gníomhaíochta Comhchoitinne le haghaidh Foinsí Fuinnimh In‑athnuaite (CA-RES) nó i bhformáid choiste.

–Infhaighteacht le haghaidh cruinnithe déthaobhacha agus glaonna leis na Ballstáit i gcás ceist shonrach maidir le trasuí na Treorach.

Tar éis spriocdháta an trasuí, déanfaidh an Coimisiún measúnú cuimsitheach ar cé acu atá nó nach bhfuil an Treoir trasuite go hiomlán agus i gceart ag na Ballstáit.

Le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus Gníomhaíocht Aeráide, bunaíodh creat comhtháite pleanála fuinnimh agus aeráide, creat faireacháin agus tuairiscithe, chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo na spriocanna aeráide agus fuinnimh i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta Chomhaontú Pháras. Bhí ar na Ballstáit a bpleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi dheireadh 2019, pleananna lena gcumhdaítear na cúig ghné den Aontas Fuinnimh don tréimhse 2021-2030. Ó 2023 ar aghaidh, ní mór do na Ballstáit tuarascáil a thabhairt gach re bliain ar an dul chun cinn a dhéanfar i gcur chun feidhme na bpleananna agus ina theannta sin, faoin 30 Meitheamh 2023, ní mór dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas maidir lena ndréacht‑nuashonruithe ar na pleananna, agus beidh na nuashonruithe deiridh le déanamh an 30 Meitheamh 2024. Leis an nuashonrú seo, atá dlite in 2024, chumhdófaí oibleagáidí pleanála a bhaineann le haon sprioc nua a aontaíodh san athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite. Ní chruthóidh aon cheanglais phleanála nó tuairiscithe breise a leagtar síos sa togra seo córas nua pleanála agus tuairiscithe, ach bheadh dóibh a bheith faoi réir an chreata pleanála agus tuairiscithe atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2018/1999. Leis an athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Rialachán Rialachais, d’fhéadfaí na ceanglais tuairiscithe sin a chomhdhlúthú.

•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Mar thoradh ar an rialú a thug Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa sa Choimisiún vs an Bheilg (cás C-543/17), ní mór do na Ballstáit faisnéis atá soiléir agus beacht go leor a chur leis na fógraí a thugann siad faoi bhearta náisiúnta trasuite, faisnéis lena sonraítear na forálacha sin den dlí náisiúnta lena dtrasuítear na forálacha de threoir. Ní mór foráil a dhéanamh maidir leis sin do gach oibleagáid, ní hamháin ag ‘leibhéal na n‑airteagal’. Má chomhlíonann na Ballstáit an oibleagáid sin, ní bheadh orthu, i bprionsabal, doiciméid mhíniúcháin maidir leis an trasuí a chur chuig an gCoimisiún.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is iad seo a leanas na príomhfhorálacha lena n‑athraítear Treoir (CE) 2018/2001 go substaintiúil nó lena gcuirtear eilimintí nua léi:

Le hAirteagal 1(1) leasaítear Airteagal 2 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite tríd an sainmhíniú ar bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus de luach réamhshocraithe a mhodhnú, agus trí shainmhínithe nua a chur leis ar lomáin chruinne ardchaighdeáin, breoslaí in‑athnuaite, crios tairisceana, córas méadraithe chliste, pointe athluchtaithe, rannpháirtí sa mhargadh, ceallra tí, ceallra feithicle leictrí, ceallraí tionsclaíoch, staid sláinte, staid luchtaithe, pointe socraithe cumhachta, luchtú cliste, údarás rialála, luchtú déthreoch, gnáthphointe athluchtaithe cumhachta, tionscal, críocha neamhfhuinnimh, fáschoill agus foraois phlandáilte.

Le hAirteagal 1(2) leasaítear Airteagal 3(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite leis an sprioc nuashonraithe de chuid an Aontais do 2030 gur ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a thiocfaidh sciar 40 % ar a laghad d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030. Modhnaítear Airteagal 3(3) leis freisin chun an oibleagáid a neartú chun íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí go ndéanfaí saobhadh margaidh nach bhfuil gá leis mar thoradh ar scéimeanna tacaíochta agus chun tacaíocht d’amhábhair áirithe le haghaidh táirgeadh fuinnimh a sheachaint i gcomhréir le prionsabal na húsáide cascáidí . Tugtar isteach leis freisin an oibleagáid deireadh a chur de réir a chéile, cé is moite de roinnt eisceachtaí, le tacaíocht do tháirgeadh leictreachais ó bhithmhais ó 2026 amach. Ina theannta sin, le hAirteagal 1(2) cuirtear isteach mír nua maidir le leictriú, chun cabhrú leis na Ballstáit a rannchuidiú náisiúnta a bhaint amach.

Le hAirteagal 1(3) leasaítear Airteagal 7 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite leis an modh ríofa nuashonraithe don sciar fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh ionas (i) nach mór an fuinneamh ó bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chur san áireamh san earnáil ina dtomhlaítear é (leictreachas, téamh agus fuarú nó iompar), agus (ii) nach n‑áirítear an leictreachas in‑athnuaite a úsáidtear chun breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh agus olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí inathnuaite sa Bhallstát á ríomh.

Le hAirteagal 1(4) leasaítear Airteagal 9(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le mír bhreise maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit treoirthionscadal trasteorann a bheith acu laistigh de 3 bliana agus leasaítear leis Airteagal 9(7) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le mír bhreise maidir le comhphleanáil fuinnimh amach ón gcósta in aghaidh an imchuach farraige, faoina gcaithfidh na Ballstáit an méid giniúna in‑athnuaite amach ón gcósta a bheidh le húsáid laistigh de gach imchuach farraige faoi 2050 a shainiú agus a chomhaontú go comhpháirteach, le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus 2040.

Le hAirteagal 1(5) leasaítear Airteagal 15 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite trí mhíreanna 4 go 7 maidir le foirgnimh, a aistríodh go hAirteagal nua (15a), a scriosadh, na tagairtí do chaighdeáin a thabhairt cothrom le dáta, an fhoráil maidir le comhaontuithe ceannacháin cumhachta in‑athnuaite a neartú, agus clásal a chur isteach chun athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta riaracháin bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo.

Le hAirteagal 1(6) cuirtear isteach Airteagal 15a nua maidir le fuinneamh in‑athnuaite a phríomhshruthú agus lena gcumasaítear bearta chun téamh agus fuarú i bhfoirgnimh a phríomhshruthú. Áirítear san Airteagal nua sin sprioc tháscach nua 49 % de chuid an Aontais maidir le foinsí in‑athnuaite fuinnimh i bhfoirgnimh faoi 2030 agus tagairt don sainmhíniú nua ar ‘téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil’ a chuirfear leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, ar ceann de na bealaí é ar féidir leibhéal íosta na bhfoinsí in‑athnuaite i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu a shásamh. Coigeartaítear leis téacs na míreanna maidir le foirgnimh in Airteagal 15 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite chun iad a nascadh le baint amach na spriocanna táscacha i dtaca le foinsí in‑athnuaite fuinnimh agus chun an t‑athrú ó chórais téimh breosla iontaise go foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chur chun cinn, agus chun a bheith ag luí leis an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh.

Le hAirteagal 1(7) leasaítear Airteagal 18(3) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le míreanna coigeartaithe maidir leis na ceanglais cháilíochta agus deimhniúcháin atá ar shuiteálaithe chun déileáil leis an easpa suiteálaithe i gcórais téimh inathnuaite, rud a chuireann moill le córais breoslaí iontaise a chéimniú amach. Scriostar leis freisin liosta de chineálacha sonracha teicneolaíochtaí téimh inathnuaite agus cuirtear tagairt chineálach do chórais téimh a úsáideann foinsí in‑athnuaite fuinnimh ina ionad. Leasaítear leis Airteagal 18(4) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite trí oibleagáid a chur ar na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le rannpháirtíocht i gcláir oiliúna. Is ceanglas é an fhéidearthacht a bhí ann roimhe seo go bhféadfadh na Ballstáit liosta na suiteálaithe cáilithe a chur ar fáil don phobal.

Le hAirteagal 1(8) leasaítear Airteagal 19(2) agus (8) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite chun deireadh a chur le cumas na mBallstát gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint do tháirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais, ag nascadh leis na hathruithe a bhaineann le comhaontuithe ceannaigh cumhachta in Airteagal 15.

Le hAirteagal 1(9) leasaítear Airteagal 20(3) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le mír nua bhreise chun comhtháthú an chórais fuinnimh a fheabhsú idir córais téimh agus fuaraithe ceantair agus gréasáin fuinnimh eile, trína chur de cheangal ar na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil a fhorbairt chun téamh agus fuarú le foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chur chun cinn.

Le hAirteagal 1(10) cuirtear isteach Airteagal 20a nua sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite lena n‑éascaítear comhtháthú an chórais maidir le leictreachas in‑athnuaite leis na bearta seo a leanas:

·Ceanglaítear ar OCTanna agus ar OCDanna faisnéis a chur ar fáil faoi sciar na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh agus faoin gcion GCT den leictreachas a sholáthraíonn siad chun trédhearcacht a mhéadú agus tuilleadh faisnéise a thabhairt do ghníomhaithe, comhbhailitheoirí, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh sa mhargadh leictreachais;

·Ní mór do mhonaróirí ceallraí rochtain ar fhaisnéis maidir le toilleadh ceallraí, staid sláinte, staid na táille agus pointe atá leagtha síos a chumasú, d’úinéirí ceallraí chomh maith le tríú páirtithe atá ag gníomhú ar a son;

·Áiritheoidh na Ballstáit cumas luchtaithe chliste le haghaidh gnáthphointí athluchtaithe cumhachta nach bhfuil inrochtana go poiblí, mar gheall ar a ábhartha atá siad maidir le comhtháthú an chórais fuinnimh;

·Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar, le forálacha rialála a bhaineann le húsáid sócmhainní stórála agus cothromúcháin, idirdhealú ar rannpháirtíocht córas beag stórála agus/nó córas stórála soghluaiste i margadh na seirbhísí solúbthachta, cothromúcháin agus stórála.

Le hAirteagal 1(11) cuirtear isteach sa Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite Airteagal 22a nua i dtaca le fuinneamh in‑athnuaite a phríomhshruthú sa tionsclaíocht agus sprioc tháscach 1.1 pointe céatadáin ar mheánmhéadú bliantúil ar fhuinneamh in‑athnuaite agus sprioc cheangailteach 50 % do bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna n‑úsáid mar bhunábhar nó mar iompróir fuinnimh. Tugtar isteach leis freisin ceanglas go léireofar leis an lipéadú ar tháirgí tionsclaíocha glasa an céatadán den fhuinneamh in‑athnuaite a úsáidtear de réir comh‑mhodheolaíocht uile-Aontais.

Le hAirteagal 1(12) leasaítear Airteagal 23(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite ionas gur bunlíne cheangailteach é an méadú bliantúil 1.1 pointe céatadáin ar théamh agus ar fhuarú agus cuirtear mír bhreise leis lena gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar a n‑acmhainneacht fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite agus ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas agus dramhfhuacht in san earnáil téimh agus fuaraithe. Leasaítear leis freisin Airteagal 23(4) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le roghchlár leathnaithe beart chun cabhrú leo an sprioc téimh agus fuaraithe a chur chun feidhme. Neartaítear an mhír seo leis freisin ionas nach mór do na Ballstáit a áirithiú, seachas é a bheith mar aidhm acu a áirithiú, go mbeidh rochtain ag gach tomhaltóir ar na bearta, go háirithe iad siúd atá i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha, nach mbeadh dóthain caipitil tosaigh acu chun tairbhe a bhaint as na bearta sin murach sin.

Le hAirteagal 1(13) leasaítear Airteagal 24(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le mír nuashonraithe maidir le faisnéis faoin sciar fuinnimh inathnuaite i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair. Le hAirteagal 1(13) leasaítear Airteagal 24(4) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le mír nuashonraithe maidir le spriocsciar méadaithe, ó 1 phointe go 2.1 pointe céatadáin fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht i dtéamh agus i bhfuarú ceantair agus cuirtear mír nua leis lena leathnaítear rochtain tríú páirtí chun go mbeidh feidhm aici maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair os cionn 25 MWth i gcás ina bhfuil ciall leis sin. Le hAirteagal 1(13) leasaítear Airteagal 24(5) REDII le mír nuashonraithe lena gcuirtear tagairt don sainmhíniú nua ar théamh ceantair éifeachtúil (atá le cur leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh) agus lena gceanglaítear ar na Ballstáit sásra a chur ar bun chun déileáil le rochtain tríú páirtí a dhiúltú gan údar maith. Leasaítear Airteagal 24(6) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le mír nua maidir le creat chun comhordú a éascú i measc gníomhaithe a bhfuil ról acu in úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta. Le hAirteagal 1(13) leasaítear Airteagal 24(8) REDII agus cuirtear de cheangal ar DSOanna measúnú a dhéanamh gach 4 bliana ar an acmhainneacht atá ann do chórais téimh agus fuaraithe ceantair cothromú agus seirbhísí eile córais a chur ar fáil. Leasaítear Airteagal 24(9) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le mír nuashonraithe maidir le oibleagáid na mBallstát a áirithiú, i dtaca le cearta na dtomhaltóirí agus na rialacha maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair i gcomhréir leis na rialacha athbhreithnithe, go mbeidh siad sainithe go soiléir, ar fáil go poiblí agus go ndéanfaidh an t‑údarás inniúil iad a fhorfheidhmiú. Leasaítear Airteagal 24(10) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le mír nuashonraithe lena gceartaítear na crostagairtí agus lena gcuirtear isteach an sainmhíniú nua ar théamh ceantair éifeachtúil (le cur leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh)

Le hAirteagal 1(14) leasaítear Airteagal 25(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite trí leibhéal uaillmhéine na bhfoinsí in‑athnuaite san iompar a mhéadú tríd an sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go 13 % a leagan síos, rud a mhéadaíonn an fhosprioc do bhithbhreoslaí ardfhorbartha ó 0.2 % ar a laghad in 2022 go 0.5 % in 2025 agus 2.2 % in 2030, agus trí fhosprioc 2.6 % a thabhairt isteach do RFNBOnna. Le hAirteagal 1(14) tugtar isteach freisin sásra creidmheasa chun leictrea-shoghluaisteacht a chur chun cinn, faoina bhfaighidh oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn leictreachas in‑athnuaite d’fheithiclí leictreacha trí stáisiúin luchtaithe phoiblí creidmheasanna is féidir leo a dhíol le soláthróirí breosla ar féidir leo iad a úsáid chun oibleagáid an tsoláthróra breosla a chomhlíonadh.

Le hAirteagal 1(15) leasaítear Airteagal 26 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite chun an sprioc maidir le déine gás ceaptha teasa a leagtar síos in iompar a léiriú.

Le hAirteagal 1(16) leasaítear Airteagal 27(1) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite trí rialacha a leagan amach chun an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa breoslaí arna mbaint amach trí úsáid a bhaint as fuinneamh inathnuaite san iompar agus na spriocanna do bhithbhreoslaí ardfhorbartha, bithghás agus breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a ríomh. Le hAirteagal 1(16) scriostar Airteagal 27(2) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite chun deireadh a chur le hiolraitheoirí a bhaineann le breoslaí in‑athnuaite áirithe agus le leictreachas inathnuaite a úsáidtear san iompar. Le hAirteagal 1(16) leasaítear Airteagal 27(3) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite chun an creat breisíochta don leictreachas san iompar a scriosadh agus chun go mbeidh feidhm ag na forálacha maidir le ríomh breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgtear ó leictreachas beag beann ar an earnáil ina dtomhailtear na breoslaí sin.

Le hAirteagal 1(17) leasaítear Airteagal 28 trí na míreanna atá ar bhunachar sonraí an Aontais a scriosadh, bunachar a rialaítear in Airteagal 31(a) anois, agus tríd an gcumhacht i mír 5 a scriosadh chun gníomh tarmligthe a ghlacadh lena sonraítear an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte, a rialaítear in Airteagal 1(20) anois.

Le hAirteagal 1(18) leasaítear Airteagal 29(1), (3), (4), (5) agus (6) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le míreanna nuashonraithe trí na critéir inbhuanaitheachta reatha a neartú go spriocdhírithe trí na critéir talún atá ann cheana (e.g. limistéir nach n‑úsáidtear) maidir le bithmhais talmhaíochta a chur i bhfeidhm maidir le bithmhais foraoise (lena n‑áirítear foraoisí agus tailte portaigh príomhúla atá an‑éagsúil). Cuirtear na critéir neartaithe sin i bhfeidhm maidir le suiteálacha teasa agus cumhachta atá bunaithe ar bhithmhais ar mhionscála atá faoi bhun na hacmhainne teirmí rátaithe iomláin 5 MW. Le hAirteagal 1(18) leasaítear Airteagal 29(10) den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite le mír nuashonraithe lena gcuirtear i bhfeidhm na tairseacha atá ann cheana maidir le laghdú ar gháis cheaptha teasa do tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise i gcás suiteálacha atá ann cheana (ní suiteálacha nua amháin). Le hAirteagal 1(18) cuirtear eilimintí breise le hAirteagal 29(6) chun tionchar diúltach na buainte ar cháilíocht agus ar bhithéagsúlacht na hithreach a íoslaghdú.

Le hAirteagal 1(19) cuirtear isteach Airteagal 29ú nua maidir le critéir nua maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBOanna) agus do bhreoslaí carbóin athchúrsáilte, ionas nach féidir fuinneamh ó RFNBOanna a áireamh mar chuid de na spriocanna a leagtar síos sa Treoir seo ach amháin más 70 % ar a laghad an coigilteas a dhéanann sé ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus nach féidir fuinneamh ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a áireamh i dtreo na sprice iompair ach amháin más 70 % ar a laghad a choigilteas ar astaíochtaí GCT.

Le hAirteagal 1(20) modhnaítear Airteagal 30 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite chun é a oiriúnú do na hathruithe a tugadh isteach in Airteagal 29a agus in Airteagal 31a. Tugtar isteach leis freisin sásra simplithe fíorúcháin le haghaidh suiteálacha idir 5MW agus 10MW.

Le hAirteagal 1(21) scriostar míreanna 2, 3 agus 4 d’Airteagal 31 den Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite, a rialaigh an fhéidearthacht luachanna saothraithe réigiúnacha a úsáid, chun iarrachtaí aonair na dtáirgeoirí a chur chun cinn ar bhealach níos fearr chun déine na n‑amhábhar maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú

Le hAirteagal 1(22) cuirtear isteach Airteagal 31d nua, lena rialaítear bunachar sonraí an Aontais, lena leathnaítear a raon feidhme ionas go mbeidh sé in ann breoslaí a chumhdach, ní hamháin in earnáil an iompair. Beifear in ann rianú a dhéanamh ar bhreoslaí in‑athnuaite leachtacha agus gásacha agus ar bhreoslaí carbóin athchúrsáilte agus ar a n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh shaolré na mbreoslaí sin. Is é an bunachar sonraí an uirlis faireacháin agus tuairiscithe i gcás nach mór do sholáthróirí breosla an fhaisnéis is gá a chur isteach chun a fhíorú go gcomhlíonann siad oibleagáid na soláthróirí breosla in Airteagal 25.

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 le hAirteagal 2 chun an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur ó fhuinneamh in‑athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad d’olltomhaltas an Aontais in 2030, a athrú go dtí ‘sprioc cheangailteach an Aontais don fhuinneamh in‑athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001’. Ní leasaítear príomhghnéithe eile de Rialachán (AE) 2018/1999 leis amhail an sprioc 15 % maidir le hidirnascadh leictreachais, sprioc atá fós ríthábhachtach do chomhtháthú foinsí in‑athnuaite.

Le hAirteagal 3 leasaítear Treoir 98/70/CE chun dúbláil ceanglas rialála a sheachaint maidir le cuspóirí dícharbónaithe breoslaí iompair agus déantar ailíniú le Treoir (AE) 2018/2001, i measc nithe eile, maidir le hoibleagáidí i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus bithbhreoslaí a úsáid.

In Airteagal 4 tá forálacha idirthréimhseacha maidir le hoibleagáidí tuairiscithe faoi Threoir 98/70/CE chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí a bhailítear agus a thuairiscítear i gcomhréir le hairteagail Threoir 98/70/CE, a scriostar le hAirteagal 3(4) den Treoir seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Tá na coinníollacha maidir le trasuí in Airteagal 5.

Aisghairtear le hAirteagal 6 Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle.

Baineann Airteagal 7 le teacht i bhfeidhm.

2021/0218 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 4 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Bunaítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip 5 an cuspóir Aontas aeráidneodrach a bhaint amach in 2050 ar bhealach a chuirfidh le geilleagar na hEorpa, le fás agus le poist a chruthú. Leis an gcuspóir sin a bhaint amach, agus an cuspóir de laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 mar a leagtar amach sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030 6 a d’fhormhuinigh Parlaimint na hEorpa 7 agus an Chomhairle Eorpach 8 araon, tá gá le haistriú fuinnimh agus le sciar i bhfad níos airde d’fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite i gcóras fuinnimh comhtháite.

(2)Tá ról bunúsach ag fuinneamh in‑athnuaite chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ós rud é gurb í earnáil an fhuinnimh is cúis le breis agus 75 % d’astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa an Aontais. Trí na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a laghdú, is cuidiú é fuinneamh in‑athnuaite freisin chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid, mar shampla cailliúint bithéagsúlachta.

(3)Leagtar síos le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 sprioc cheangailteach Aontais gur ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad d’olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030. Faoin bPlean um Sprioc Aeráide, ba ghá an sciar d’fhuinneamh in‑athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a mhéadú go dtí 40 % faoi 2030 chun sprioc laghdaithe an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach 10 . Dá bhrí sin, is gá an sprioc a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin a mhéadú.

(4)Tá méadú ag teacht ar an aitheantas gur gá beartais bhithfhuinnimh a ailíniú le prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise 11 , d’fhonn rochtain chothrom ar mhargadh na n‑amhábhar bithmhaise a áirithiú chun réitigh bhithbhunaithe nuálacha, ard‑bhreisluacha agus bithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach a fhorbairt. Agus scéimeanna tacaíochta bithfhuinnimh á bhforbairt, ba cheart do Bhallstáit an soláthar bithmhaise inbhuanaithe atá ar fáil le haghaidh úsáidí fuinnimh agus neamhfhuinnimh agus neartú na linnte carbóin foraoise náisiúnta agus na n‑éiceachóras a chur san áireamh chomh maith le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, agus ord na réiteach dramhaíola a bhunaítear i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 . Chuige sin, níor cheart dóibh aon tacaíocht a thabhairt do ghiniúint fuinnimh ó lomáin sábhadóireachta, lomáin veinír, stumpaí agus fréamhacha agus ba cheart dóibh cur chun cinn úsáid na lomán cruinn ardchaighdeáin le haghaidh fuinnimh a sheachaint seachas i gcúinsí dea-shainithe. I gcomhréir le prionsabal na húsáide cascáidí, ba cheart bithmhais adhmaid a úsáid de réir an bhreisluacha eacnamaíoch agus comhshaoil is airde atá aici san ord tosaíochtaí seo a leanas: 1) táirgí atá bunaithe ar adhmad, 2) síneadh a chur leis na blianta seirbhíse atá iontu, 3) athúsáid, 4) athchúrsáil, 5) bithfhuinneamh agus 6) diúscairt. I gcás nach bhfuil úsáid ar bith eile le haghaidh bithmhais adhmaid inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de nó iomchuí ó thaobh an chomhshaoil de, is cuidiú aisghabháil fuinnimh chun giniúint fuinnimh ó fhoinsí neamh‑inathnuaite a laghdú. Ba cheart, mar sin, scéimeanna tacaíochta Ballstát le haghaidh bithfhuinnimh a dhíriú ar amhábhair den sórt sin nach bhfuil mórán iomaíocht mhargaidh lena n‑aghaidh leis na hearnálacha ábhair, agus ar rud dearfach don aeráid agus don bhithéagsúlacht araon a bhfoinsiú, chun dreasachtaí diúltacha le haghaidh conairí bithfhuinnimh neamh‑inbhuanaithe a sheachaint, mar a shainaithnítear i dtuarascáil JRC ‘The use of woody biomass for energy production in the EU’ [Bithmhais adhmaid a úsáid le haghaidh táirgeadh fuinnimh san Aontas Eorpach] 13 . Os a choinne sin, agus impleachtaí breise phrionsabal na húsáide cascáidí á sainiú, is gá na sainiúlachtaí náisiúnta a aithint atá mar threoir do na Ballstáit agus a scéimeanna tacaíochta á ndearadh acu. Ba cheart tús áite a thabhairt do dhramhaíl a chosc, a athúsáid agus a athchúrsáil. Ba cheart do na Ballstáit féachaint chuige nach gcruthófaí scéimeanna tacaíochta a thiocfadh salach ar spriocanna maidir le dramhaíl a chóireáil agus a d’fhágfadh go mbeadh úsáid neamhéifeachtach á baint as dramhaíl in‑athchúrsáilte. Thairis sin, chun úsáid níos éifeachtúla bithfhuinnimh a áirithiú, ó 2026 ar aghaidh níor cheart do Bhallstáit tacaíocht a thabhairt a thuilleadh do ghléasraí leictreachais amháin, ach amháin má tá na suiteálacha i réigiúin a bhfuil stádas sonrach acu a mhéid a bhaineann leis an aistriú atá ar bun acu ó bhreoslaí iontaise nó má úsáideann na suiteálacha gabháil agus stóráil carbóin.

(5)Is féidir úsáid a bhaint as fás tapa agus as iomaíochas costais méadaitheach i dtáirgeadh leictreachais in‑athnuaite chun sciar méadaitheach den éileamh ar fhuinneamh a chomhlíonadh, mar shampla teaschaidéil a úsáid le haghaidh téamh spáis nó próisis thionsclaíocha ísealteochta, feithiclí leictreacha a úsáid le haghaidh iompair, nó foirnéisí leictreacha a úsáid i dtionscail áirithe. Is féidir leictreachas in‑athnuaite a úsáid freisin chun breoslaí sintéiseacha a tháirgeadh i gcomhair tomhaltais in earnálacha iompair ar deacair iad a dhícharbónú amhail eitlíocht agus iompar muirí. Ní mór do chreat leictriúcháin comhordú láidir agus éifeachtúil a chumasú agus sásraí margaidh a leathnú chun soláthar agus éileamh a mheaitseáil de réir spáis agus ama, infheistíochtaí i seirbhísí solúbthachta a spreagadh, agus cuidiú le sciartha móra de ghiniúint athraitheach fuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú, mar sin, go leanfar den mhéadú ar úsáid leictreachais in‑athnuaite ar luas atá leormhaith chun freastal ar an méadú san éileamh. Chuige sin, ba cheart do Bhallstáit creat a bhunú lena n‑áirítear sásraí atá comhoiriúnach don mhargadh chun dul i ngleic le bacainní atá fós ann chun go mbeidh córais leictreachais shlána agus leormhaithe acu a bheidh oiriúnach le haghaidh ardleibhéal fuinnimh in‑athnuaite, chomh maith le saoráidí stórála a bheidh ina ndlúthchuid den chóras leictreachais. Leis an gcreat seo, rachfar i ngleic, go háirithe, le bacainní atá fós ann, lena n‑áirítear bacainní neamhairgeadais mar shampla acmhainní digiteacha agus daonna údarás nach leor iad chun an líon méadaitheach iarratais cheadaithe a phróiseáil.

(6)Agus an sciar foinsí in‑athnuaite i mBallstát á ríomh, ba cheart breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a áireamh san earnáil ina n‑ídítear iad (leictreachas, téamh agus fuarú, nó iompar). Chun áireamh dúbailte a sheachaint, níor cheart áireamh a dhéanamh ar an bhfuinneamh in‑athnuaite a úsáidtear chun na breoslaí sin a tháirgeadh. Is éard a bheadh mar thoradh air sin comhchuibhiú na rialacha cuntasaíochta i gcás na mbreoslaí sin ar fud na Treorach, bídís á n‑áireamh don sprioc fhoriomlán i dtaca le fuinnimh in‑athnuaite nó d’aon fhosprioc nó ná bíodh. D’fhágfadh sé freisin go bhféadfaí an fíorfhuinneamh a ídítear a áireamh, agus na caillteanais fuinnimh a tharlaíonn i bpróiseas táirgthe na mbreoslaí sin á gcur san áireamh. Thairis sin, d’fhágfadh sé go bhféadfaí cuntasaíocht a dhéanamh ar bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a allmhairítear isteach san Aontas agus a ídítear ann.

(7)D’fhéadfadh aistrithe staidreamhacha, scéimeanna tacaíochta nó tionscadail chomhpháirteacha a bheith i gceist le comhar na mBallstát chun fuinneamh in‑athnuaite a chur chun cinn. Fágann sé gur féidir fuinneamh in‑athnuaite a úsáid ar bhealach costéifeachtúil ar fud na hEorpa agus cuireann sé le comhtháthú margaidh. In ainneoin na bhféidearthachtaí a bhaineann leis, ní raibh ach comhar an‑teoranta ann, agus dá bhrí sin baineadh torthaí fo-optamacha amach i dtéarmaí éifeachtúlacht chun fuinneamh in‑athnuaite a mhéadú. Ba cheart, mar sin, go mbeadh oibleagáid ar Bhallstáit comhar a thástáil trí thionscadal píolótach a chur chun feidhme. Tionscadail atá maoinithe ag rannchuidithe náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in‑athnuaite arna bhunú ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 14 ón gCoimisiún, chomhlíonfaidís an oibleagáid sin ar son na mBallstát lena mbaineann.

(8)Tugtar isteach leis an Straitéis um Fhuinneamh In‑athnuaite Amach ón gCósta cuspóir uaillmhianach 300 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus 40 GW d’fhuinneamh aigéin thar imchuacha farraige uile an Aontais a bhaint amach faoi 2050. Chun an mórathrú sin a áirithiú, ní mór do Bhallstáit oibriú lena chéile thar theorainneacha ar leibhéal imchuach na farraige. Mar sin, ba cheart do Bhallstáit méid na giniúna in‑athnuaite amach ón gcósta a úsáidfear laistigh de gach imchuach farraige faoi 2050 a shainiú go comhpháirteach, le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040. Ba cheart na cuspóirí sin a léiriú sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe a chuirfear isteach in 2023 agus in 2024 de bhun Rialachán (AE) 2018/1999. Agus an méid á shainiú, ba cheart do Bhallstáit acmhainneacht fuinnimh in‑athnuaite amach ón gcósta gach imchuach farraige, cosaint an chomhshaoil, oiriúnú aeráide agus úsáidí eile na farraige a chur san áireamh, chomh maith le spriocanna dícharbónaithe an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit níos mó breithnithe a dhéanamh ar an bhféidearthacht giniúint fuinnimh in‑athnuaite amach ón gcósta a chomhcheangal le línte tarchuir a dhéanfadh roinnt Ballstát a idirnascadh, i bhfoirm tionscadail hibrideacha nó, níos déanaí, in eangach níos comhcheangailte. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh leictreachas sreabhadh i dtreonna difriúla, rud a dhéanfadh uasmhéadú ar leas socheacnamaíoch, a dhéanfadh optamú ar chaiteachas bonneagair agus a chumasódh úsáid níos inbhuanaithe den fharraige.

(9)Tá fás tapa ag teacht ar an margadh le haghaidh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in‑athnuaite agus soláthraítear leis sin bealach comhlántach chuig margadh na giniúna fuinnimh in‑athnuaite anuas ar scéimeanna tacaíochta Ballstát nó díol díreach ar an margadh mórdhíola leictreachais. Ag an am céanna, tá an margadh le haghaidh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in‑athnuaite fós teoranta do líon beag Ballstát agus cuideachtaí móra, agus tá bacainní móra riaracháin, bacainní móra teicniúla agus bacainní móra airgeadais fós ann i gcodanna móra de mhargadh an Aontais. Ba cheart, mar sin, neartú breise a dhéanamh ar na bearta atá ann in Airteagal 15 chun glacadh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in‑athnuaite a chur chun cinn a spreagadh, trí fhéachaint ar úsáid ráthaíochtaí creidmheasa chun rioscaí airgeadais na gcomhaontuithe sin a laghdú, agus é á chur san áireamh nár cheart do na ráthaíochtaí sin, sa chás gur ráthaíochtaí poiblí iad, maoiniú príobháideach a bhrú amach.

(10)Is bacainn mhór ar úsáid fuinnimh in‑athnuaite iad nósanna imeachta riaracháin atá róchasta agus rófhada. Ar bhonn na mbeart chun feabhas a chur ar nósanna imeachta riaracháin le haghaidh suiteálacha fuinnimh in‑athnuaite a gcaithfidh Ballstáit tuairisc a thabhairt fúthu faoin 15 Márta 2023 ina gcéad tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , ba cheart don Choimisiún a mheasúnú an bhfuil nósanna imeachta comhréireacha agus rianúla mar thoradh ar na forálacha a áirítear sa Treoir sin chun cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta sin. Má léiríonn an measúnú sin go bhféadfaí feabhsuithe móra a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta riaracháin cuíchóirithe agus éifeachtúla i bhfeidhm ag Ballstáit.

(11)Tá acmhainneacht mhór neamhshaothraithe i bhfoirgnimh cur go héifeachtach le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Beidh gá le dícharbónú ar théamh agus ar fhuarú san earnáil seo trí sciar méadaithe i dtáirgeadh agus in úsáid fuinnimh in‑athnuaite chun an uaillmhian a leagtar amach sa Phlean um Sprioc Aeráide a chomhlíonadh agus chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach. Níl aon dul chun cinn in úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh le haghaidh téimh agus fuaraithe le 10 mbliana anuas, agus tá sé ag brath go mór ar úsáid mhéadaithe bithmhaise. Mura mbunaítear spriocanna chun táirgeadh agus úsáid fuinnimh in‑athnuaite a mhéadú i bhfoirgnimh, ní bheifear in ann dul chun cinn a rianú agus scrogaill a shainaithint i nglacadh foinsí in‑athnuaite fuinnimh. Thairis sin, tabharfaidh cruthú spriocanna comhartha fadtéarmach d’infheisteoirí, lena n‑áirítear don tréimhse díreach i ndiaidh 2030. Déanfaidh sé sin comhlánú ar oibleagáidí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh. Mar sin, ba cheart spriocanna táscacha i dtaobh úsáid fuinnimh in‑athnuaite i bhfoirgnimh a shocrú chun treorú agus dreasú a dhéanamh ar iarrachtaí Ballstát leas a bhaint as an bhféidearthacht fuinneamh in‑athnuaite a úsáid agus a tháirgeadh i bhfoirgnimh, agus forbairt agus comhtháthú teicneolaíochtaí a tháirgeann fuinneamh in‑athnuaite a spreagadh agus ag an am céanna cinnteacht a thabhairt d’infheisteoirí agus rannpháirtíocht a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil.

(12)Cuireann an líon neamhleor oibrithe oilte, go háirithe suiteálaithe agus dearthóirí córais téimh agus fuaraithe a úsáideann foinsí in‑athnuaite, moill ar chórais atá bunaithe ar fhuinneamh in‑athnuaite a chur in ionad córais téimh ina n‑úsáidtear breoslaí iontaise, agus bacainn mhór atá ann ar fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh a chomhtháthú i bhfoirgnimh, in earnáil na tionsclaíochta agus in earnáil na talmhaíochta. Ba cheart do Bhallstáit oibriú i gcomhar le comhpháirtithe sóisialta agus le pobail fuinnimh in‑athnuaite chun na scileanna a bheidh de dhíth a réamh‑mheas. Ba cheart líon leordhóthanach clár oiliúna agus deiseanna deimhniúcháin ardchaighdeáin a chur ar fáil chun suiteáil cheart agus oibriú iontaofa raon leathan córas téimh agus fuaraithe a úsáideann foinsí in‑athnuaite a áirithiú agus ba cheart iad a dhearadh ar bhealach a mheallfadh rannpháirtíocht i gcláir oiliúna agus i ndeiseanna deimhniúcháin den sórt sin. Ba cheart do Bhallstáit a bhreithniú cé na bearta ba cheart a dhéanamh chun grúpaí a mhealladh atá faoi thearcionadaíocht faoi láthair sna réimsí gairme i gceist. Ba cheart liosta suiteálaithe oilte agus creidiúnaithe a chur ar fáil go poiblí chun iontaoibh tomhaltóirí agus rochtain éasca ar scileanna saincheaptha dearthóra agus suiteálaí a áirithiú, rud a ráthódh suiteáil cheart agus oibriú ceart córas téimh agus fuaraithe a úsáideann foinsí in‑athnuaite.

(13)Uirlis fhíorthábhachtach iad ráthaíochtaí tionscnaimh mar fhaisnéis do thomhaltóirí agus chun glacadh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in‑athnuaite a fhairsingiú. Chun bonn comhleanúnach Aontais a bhunú chun ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid agus chun rochtain a thabhairt ar fhianaise thacaíochta iomchuí do dhaoine atá ag tabhairt comhaontaithe ceannacháin cumhachta in‑athnuaite i gcrích, ba cheart go mbeadh gach táirgeoir fuinnimh in‑athnuaite in ann ráthaíocht tionscnaimh a fháil gan dochar d’oibleagáid na mBallstát luach margaidh ráthaíochtaí tionscnaimh a chur san áireamh má fhaigheann na táirgeoirí fuinnimh tacaíocht airgeadais.

(14)Ba cheart dlús a chur le forbairt bonneagair le haghaidh gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair agus ba cheart an fhorbairt a threorú chun leas a bhaint as raon níos leithne foinsí in‑athnuaite téimh agus fuaraithe ar bhealach éifeachtúil agus solúbtha chun úsáid fuinnimh in‑athnuaite a mhéadú agus chun comhtháthú an chórais fuinnimh a dhoimhniú. Is iomchuí, mar sin, an liosta foinsí fuinnimh in‑athnuaite a thabhairt cothrom le dáta ar foinsí iad ar cheart do ghréasáin téimh agus fuaraithe ceantair iad féin a chur in oiriúint dá n‑úsáid de réir a chéile agus a éileamh go ndéanfar stóráil fuinnimh theirmigh a chomhtháthú mar fhoinse lena mbainfidh solúbthacht, éifeachtúlacht níos fearr fuinnimh agus oibriú níos costéifeachtaí.

(15)Ceaptar go mbeidh breis agus 30 milliún feithicil leictreach san Aontas faoi 2030 mar sin is gá a áirithiú go mbeidh siad in ann rannchuidiú go hiomlán le comhtháthú córais leictreachais in‑athnuaite, agus go mbeifear in ann, mar sin, sciar níos airde leictreachais in‑athnuaite a bhaint amach ar bhealach atá barrmhaith ó thaobh costais de. Caithfear gach leas a bhaint as cumas feithiclí leictreacha chun leictreachas in‑athnuaite a ghlacadh nuair atá flúirse ann agus é a thabhairt ar ais don eangach nuair atá ganntanas ann. Is iomchuí, mar sin, bearta sonracha a thabhairt isteach maidir le feithiclí leictreacha agus faisnéis faoi fhuinneamh in‑athnuaite agus faoin dóigh agus faoin am le teacht air a dhéanfaidh comhlánú ar na cinn i dTreoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 agus an [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020].

(16)Chun seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin ó chomhbhailiú na sócmhainní stórála dáilte a fhorbairt ar bhealach iomaíoch, ba cheart rochtain fhíor-ama ar fhaisnéis bhunúsach faoi cheallraí, mar shampla staid sláinte, staid luchtaithe, toilleadh agus pointe socraithe cumhachta, a sholáthar faoi théarmaí neamh‑idirdhealaitheacha agus saor in aisce d’úinéirí nó d’úsáideorí na gceallraí agus do na heintitis atá ag gníomhú thar a gceann, mar shampla bainisteoirí córais fuinnimh i bhfoirgnimh, soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta agus rannpháirtithe eile sa mhargadh leictreachais. Is iomchuí, mar sin, bearta áirithe a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an ngá le rochtain ar shonraí den sórt sin chun éascú a dhéanamh ar oibríochtaí ceallraí tí agus feithiclí leictreacha a bhaineann le comhtháthú, ar bearta iad a chomhlánóidh na forálacha a bhaineann le rochtain ar shonraí ceallraí maidir le hathrú cuspóra ceallraí a éascú sa [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020]. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le rochtain ar shonraí ceallraí feithiclí leictreacha chomh maith le haon fhoráil a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le cineálcheadú feithiclí.

(17)Toisc go bhfuil an líon feithiclí leictreacha ar bóthar, ar iarnród, ar muir agus i modhanna eile iompair ag méadú, beidh gá le hoibríochtaí athluchtaithe a bharrfheabhsú agus a bhainistiú ar bhealach nach gcruthóidh plódú agus lena mbainfear an leas is mó is féidir as infhaighteacht leictreachais in‑athnuaite agus praghsanna ísle leictreachais sa chóras. I gcásanna ina dtabharfadh luchtú déthreoch cúnamh do fhlíteanna feithiclí leictreacha dul i bhfód breise a dhéanamh ó thaobh leictreachas in‑athnuaite de in earnáil an iompair agus sa chóras leictreachais i gcoitinne, ba cheart go gcuirfí feidhmiúlacht den sórt sin ar fáil freisin. I bhfianaise shaolré fhada pointí athluchtaithe, ba cheart ceanglais a bhaineann le bonneagar luchtaithe a choimeád cothrom le dáta ar bhealach a d’fhreastalódh ar riachtanais a bheidh ann amach anseo agus ar bhealach nach mbeadh éifeachtaí glasála diúltacha aige ar fhorbairt teicneolaíochta agus seirbhísí.

(18)Ba cheart é a bheith de cheart ag úsáideoirí feithiclí leictreacha a dhéanann comhaontuithe conarthacha le soláthraithe seirbhísí leictrea-shoghluaisteachta agus le rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais faisnéis agus míniúcháin a fháil ar an difear a dhéanfaidh téarmaí an chomhaontaithe d’úsáid a bhfeithicle agus do staid sláinte an cheallra. Ba cheart go dtabharfadh soláthraithe seirbhísí leictrea-shoghluaisteachta agus rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais míniú soiléir d’úsáideoirí feithiclí leictreacha faoin dóigh a n‑íocfar iad as na seirbhísí solúbthachta, cothromúcháin agus stórála a sholáthrófar don chóras leictreachais agus don mhargadh leictreachais a bhuí le húsáid a bhfeithicle leictrí. Is gá freisin cearta tomhaltóirí úsáideoirí feithiclí leictreacha a chosaint nuair a dhéanann siad comhaontuithe den sórt sin, go háirithe maidir le cosaint a sonraí pearsanta, mar shampla suíomh agus nósanna tiomána, i dtaca le húsáid a bhfeithicle. Féadfaidh rogha úsáideoirí feithiclí leictreacha maidir leis an gcineál leictreachais a cheannaítear le húsáid ina bhfeithicil leictreach, chomh maith le roghanna eile, a bheith san áireamh i gcomhaontuithe den sórt sin. Ar na cúiseanna thuasluaite, tá sé tábhachtach go mbeadh úsáideoirí feithiclí leictreacha in ann a síntiús a úsáid ag pointí athluchtaithe éagsúla. Fágfaidh sé sin, freisin, go mbeidh céadrogha soláthraí seirbhíse an úsáideora feithicle leictrí in ann an fheithicil leictreach a chomhtháthú go barrmhaith sa chóras leictreachais, trí phleanáil intuartha agus trí dhreasachtaí atá bunaithe ar roghanna úsáideoir na feithicle leictrí. Tá sé seo i gcomhréir freisin le prionsabail córais fuinnimh atá dírithe ar thomhaltóirí agus atá bunaithe ar tháirgeoir is tomhaltóir, agus leis an gceart chun rogha soláthróra atá ag úsáideoirí feithiclí leictreacha mar chustaiméirí deiridh de réir fhorálacha Threoir (AE) 2019/944.

(19)D’fhéadfadh sócmhainní stórála dáilte, mar shampla ceallraí tí agus ceallraí feithiclí leictreacha, go leor seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don eangach trí chomhbhailiú. Chun forbairt seirbhísí den sórt sin a éascú, ba cheart na forálacha rialála a bhaineann le nascadh agus oibriú na sócmhainní stórála, mar shampla taraifí, amanna gealltanais agus sonraíochtaí nasctha, a dhearadh ar bhealach nach gcuireann isteach ar acmhainneacht na sócmhainní stórála go léir, lena n‑áirítear cinn bheaga agus soghluaiste, chun seirbhísí solúbthachta agus cothromúcháin a chur ar fáil don chóras agus chun cur le dul i bhfód breise leictreachas in‑athnuaite, i gcomparáid le sócmhainní stórála do-aistrithe níos mó.

(20)Pointí athluchtaithe áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte de ghnáth ar feadh tréimhsí fada ama, mar shampla áit a mbíonn daoine páirceáilte ar chúiseanna cónaithe nó fostaíochta, is pointí iad sin atá an‑ábhartha do chomhtháthú an chórais fuinnimh, mar sin is gá feidhmiúlachtaí luchtaithe cliste a áirithiú. I ndáil leis sin, tá tábhacht faoi leith ag baint le hoibriú gnáth‑bhonneagair luchtaithe nach bhfuil ar fáil don phobal, tábhacht faoi leith ó thaobh feithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chóras leictreachais toisc é a bheith suite áit a mbíonn feithiclí leictreacha páirceáilte arís agus arís eile ar feadh tréimhsí fada ama, mar shampla i bhfoirgnimh ar a bhfuil rochtain theoranta, i bpáirceáil d’fhostaithe nó i saoráidí páirceála a ligtear ar cíos do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha.

(21)Is in earnáil na tionsclaíochta a dhéantar 25 % den ídiú fuinnimh san Aontas, agus is tomhaltóir mór téimh agus fuaraithe í - téamh agus fuarú atá ag brath 91 % ar bhreoslaí iontaise faoi láthair. Teocht íseal (<200 °C) atá i gceist le 50 % den éileamh téimh agus fuaraithe, áfach, agus tá roghanna costéifeachtacha fuinnimh in‑athnuaite ann dó sin, lena n‑áirítear rogha leictriúcháin. Ina theannta sin, úsáideann earnáil na tionsclaíochta foinsí neamh‑inathnuaite mar amhábhair chun táirgí amhail cruach agus ceimiceáin a tháirgeadh. Cinnfidh na cinntí maidir le hinfheistíocht tionsclaíochta a dhéantar inniu na próisis tionsclaíochta agus na roghanna fuinnimh ar féidir leis an earnáil tionsclaíochta iad a chur san áireamh amach anseo, mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh na cinntí infheistíochta sin slán i bhfad na haimsire. Ba cheart, mar sin, tagarmharcanna a chur i bhfeidhm chun earnáil na tionsclaíochta a dhreasú chun athrú a dhéanamh go próisis táirgeachta atá bunaithe ar fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh, ar phróisis iad a bhreoslaítear le fuinnimh in‑athnuaite agus a n‑úsáidtear amhábhair atá bunaithe ar fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh, amhail hidrigin in‑athnuaite, lena n‑aghaidh freisin. Thairis sin, tá gá le modheolaíocht choiteann le haghaidh táirgí a lipéadaítear mar tháirgí a táirgeadh go páirteach nó go hiomlán agus úsáid á baint as fuinneamh in‑athnuaite nó agus úsáid á baint as breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar bhunábhar, agus modheolaíochtaí an Aontais maidir le lipéadú táirgí agus tionscnaimh an Aontais maidir le táirgí inbhuanaithe, ar modheolaíochtaí agus tionscnaimh iad atá ann cheana, á gcur san áireamh. Sheachnódh sé sin cleachtais mheabhlacha agus mhéadódh sé iontaoibh tomhaltóirí. Thairis sin, ós rud é gur fearr le tomhaltóirí táirgí a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil agus athraithe aeráide, spreagfadh sé éileamh margaidh ar na táirgí sin.

(22)Is féidir breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáid chun críoch fuinnimh, ach is féidir iad a úsáid freisin chun críoch neamhfhuinnimh mar bhunábhar nó mar amhábhar i dtionscail amhail cruach nó ceimiceáin. Le húsáid breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch chun an dá chríoch, baintear lánleas astu chun cur in ionad breoslaí iontaise a úsáid mar bhunábhar agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil na tionsclaíochta agus ba cheart, mar sin, iad a chur san áireamh i sprioc a bhaineann le húsáid breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch. Níor cheart go mbeadh de thoradh ar bhearta náisiúnta a thacaíonn le glacadh breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch in earnáil na tionsclaíochta glanmhéadú ar thruailliú mar gheall ar éileamh méadaithe ar ghiniúint leictreachais a shásaítear leis na breoslaí iontaise is mó a dhéanann truailliú, amhail gual, díosal, lignít, ola, móin agus scealla ola.

(23)Tá an‑tábhacht ag baint le huaillmhian a mhéadú in earnáil an téimh agus an fhuaraithe chun an sprioc fhoriomlán fuinnimh in‑athnuaite a bhaint amach ós rud é gur téamh agus fuarú a ídíonn thart ar leath d’fhuinneamh an Aontais, lena gcumhdaítear raon leathan úsáidí deiridh agus teicneolaíochtaí i bhfoirgnimh, in earnáil na tionsclaíochta agus i dtéamh agus fuarú ceantair. Chun dlús a chur leis an méadú ar fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh i dtéamh agus fuarú, ba cheart méadú 1.1 pointe céatadáin ar a laghad in aghaidh na bliana ar leibhéal na mBallstát a bheith ina cheangal ar gach Ballstát. I gcás na mBallstát sin a bhfuil sciar foinsí fuinnimh in‑athnuaite os cionn 50 % acu cheana féin in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, ba cheart go mbeadh féidearthacht ann fós gan ach leath den ráta méadaithe ceangailteach bliantúil a chur i bhfeidhm, agus féadfaidh Ballstáit a bhfuil 60 % nó os a chionn sin acu sciar den sórt sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánráta méadaithe bliantúil i gcomhréir le pointí b) agus c) de mhír 2 d’Airteagal 23. Ina theannta sin, ba cheart breisithe Ballstát‑sonracha a shocrú, lena n‑athdháilfí iarrachtaí breise ar an leibhéal inmhianaithe foinsí in‑athnuaite fuinnimh in 2030 i measc Ballstát bunaithe ar OTI agus ar chostéifeachtúlacht. Ba cheart liosta níos faide de bhearta difriúla a chur san áireamh freisin i dTreoir (AE) 2018/2001 chun an méadú ar sciar na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh i dtéamh agus fuarú a éascú. Féadfaidh Ballstáit beart amháin nó níos mó ón liosta beart a chur chun feidhme.

(24)Chun a áirithiú go ngabhann faisnéis níos fearr do thomhaltóirí le ról méadaithe téimh agus fuaraithe ceantair, is iomchuí soiléiriú agus neartú a dhéanamh ar nochtadh i dtaca le sciar na bhfoinsí in‑athnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras sin.

(25)Córais téimh agus fuaraithe ceantair, ar córais iad atá nua-aimseartha, éifeachtúil agus bunaithe ar fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh, tá acmhainn léirithe acu chun réitigh chostéifeachtacha a sholáthar chun fuinneamh in‑athnuaite, éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh agus comhtháthú an chórais fuinnimh a chomhtháthú, lena n‑éascaítear dícharbónú foriomlán earnáil an téimh agus an fhuaraithe. Chun a áirithiú go mbaintear leas as an acmhainn sin, ba cheart an méadú bliantúil ar fhuinneamh in‑athnuaite agus/nó dramhtheas i dtéamh agus fuarú ceantair a ardú ó 1 phointe céatadáin go 2.1 gan cineál táscach an mhéadaithe sin a athrú, rud a léiríonn forbairt mhíchothrom gréasáin den chineál sin ar fud an Aontais.

(26)Mar gheall ar an tábhacht mhéadaithe a bhaineann le téamh agus fuarú ceantair agus mar gheall ar an ngá atá ann le forbairt na ngréasán sin a stiúradh chun níos mó fuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú, is iomchuí ceanglais a leagan síos chun an ceangal a áirithiú idir soláthróirí tríú páirtí d’fhuinneamh in‑athnuaite agus de dhramhtheas agus dramhfhuacht agus córais líonraí téimh agus fuaraithe ceantair os cionn 25MW.

(27)Baintear tearcúsáid as dramhtheas agus dramhfhuacht, d’ainneoin iad a bheith ar fáil go forleathan, rud is cúis le cur amú acmhainní, éifeachtúlacht fuinnimh níos ísle i gcórais náisiúnta fuinnimh agus ídiú fuinnimh níos airde ná mar is gá san Aontas. D’fhéadfadh ceanglais le haghaidh comhordú níos dlúithe idir oibreoirí téimh agus fuaraithe ceantair, earnálacha tionsclaíochta agus treasacha, agus údaráis áitiúla éascú a dhéanamh ar an idirphlé agus ar an gcomhar atá riachtanach chun leas a bhaint as acmhainn chostéifeachtach dramhtheasa agus dramhfhuachta trí chórais téimh agus fuaraithe ceantair.

(28)Chun a áirithiú go nglacfaidh téamh agus fuarú ceantair páirt iomlán i gcomhtháthú earnáil an fhuinnimh, is gá an comhar le hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais a leathnú chun oibreoirí córas tarchurtha leictreachais a chumhdach agus raon feidhme an chomhair a leathnú go pleanáil infheistíochtaí eangaí agus margaí chun úsáid níos fearr a bhaint as acmhainn téimh agus fuaraithe ceantair ó thaobh seirbhísí solúbthachta a sholáthar i margaí leictreachais. Ba cheart deiseanna a bheith ann le haghaidh comhar breise le hoibreoirí gréasán gáis, lena n‑áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin fuinnimh eile, chun comhtháthú níos leithne sna hiompróirí fuinnimh agus an úsáid is costéifeachtaí a áirithiú.

(29)Is féidir le húsáid breoslaí in‑athnuaite agus leictreachas in‑athnuaite in earnáil an iompair cur le dícharbónú earnáil iompair an Aontais ar bhealach costéifeachtach, agus feabhas a chur éagsúlú fuinnimh san earnáil sin, i measc rudaí eile, agus san am céanna, nuálaíocht, fás agus fostaíocht a chur chun cinn i ngeilleagar an Aontais agus an spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú. D’fhonn an sprioc mhéadaithe le haghaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá sainithe ag an Aontas a bhaint amach, ba cheart an leibhéal fuinnimh in‑athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair san Aontas a mhéadú. Tríd an sprioc iompair a léiriú mar sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spreagfaí úsáid mhéadaithe na mbreoslaí is costéifeachtaí agus is fearr ó thaobh feidhmiúlachta de, i dtéarmaí gás ceaptha teasa a laghdú, in earnáil an iompair. Ina theannta sin, le sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, spreagfaí nuálaíocht agus leagfaí amach tagarmharc soiléir chun comparáid a dhéanamh idir cineálacha breoslaí agus leictreachas in‑athnuaite, bunaithe ar dhéine a n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa. Sa bhreis air sin, trí leibhéal na sprice fuinneamh‑bhunaithe ar bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus ar bhithghás a mhéadú, agus trí sprioc le haghaidh breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a thabhairt isteach, d’áiritheofaí úsáid mhéadaithe breoslaí in‑athnuaite chomh maith leis an tionchar comhshaoil is lú i modhanna iompair ar deacair iad a leictriú. Ba cheart a áirithiú go mbainfí amach na spriocanna sin trí oibleagáidí ar sholáthróirí breoslaí chomh maith le bearta eile a áirítear i [Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar - FuelEU Maritime agus Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe]. Níor cheart oibleagáidí tiomnaithe a leagan síos ar sholáthróirí breoslaí eitlíochta ach amháin de bhun [Rialachán (AE) 2021/XXX maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú don aeriompar inbhuanaithe].

(30)Beidh ról fíor-riachtanach ag an leictrea-shoghluaisteacht ó thaobh earnáil an iompair a dhícharbónú. Chun forbairt bhreise na leictrea-shoghluaiseachta a chothú, ba cheart do na Ballstáit sásra creidmheasa a bhunú a chuirfeadh ar a gcumas d’oibreoirí pointí luchtaithe atá inrochtana don phobal rannchuidiú leis an oibleagáid a leag Ballstáit ar sholáthróirí breoslaí a shásamh, trí leictreachas in‑athnuaite a sholáthar. Agus tacaíocht á cur ar fáil trí shásra den sórt sin do leictreachas in earnáil an iompair, tá sé tábhachtach go gcoinneodh na Ballstáit orthu le hardleibhéal uaillmhéine a leagan síos i dtaca lena meascán breosla leachtaigh in earnáil an iompair a dhícharbónú.

(31)Tá sé d’aidhm ag beartas fuinnimh in‑athnuaite an Aontais rannchuidiú i spriocanna an Aontais Eorpaigh i dtaca le maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Agus an sprioc sin á saothrú, tá sé fíor-riachtanach rannchuidiú freisin le cuspóirí níos leithne comhshaoil, agus go háirithe le cailliúint na bithéagsúlachta a chosc, rud atá faoi thionchar diúltach mar gheall ar an athrú indíreach ar an talamhúsáid a bhaineann le táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise áirithe. Is seanchúram tábhachtach idirghlúine do shaoránaigh an Aontais agus do reachtóir an Aontais é rannchuidiú sna cuspóirí aeráide agus comhshaoil sin. Mar thoradh air sin, níor cheart do na hathruithe sa bhealach a ríomhtar an sprioc iompair difear a dhéanamh do na teorainneacha a bunaíodh i dtaobh breoslaí áirithe a tháirgtear ó bharra bia agus beatha a áireamh i dtreo na sprice sin de pháirt amháin, agus breoslaí lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar an talamhúsáid den pháirt eile. Ina theannta sin, chun nach gcruthófaí dreasacht chun bithbhreoslaí agus bithghás a tháirgtear ó bharra bia agus beatha a úsáid in earnáil an iompair, ba cheart rogha a bheith ag Ballstáit fós iad a áireamh i dtreo na sprice iompair, nó gan iad a áireamh. Mura ndéanann siad iad a áireamh, féadfaidh siad laghdú dá réir a dhéanamh ar an sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ar an tuiscint go bhfuil laghdú 50 % ann ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le bithbhreoslaí atá bunaithe ar bharra bia agus beatha, rud atá ag freagairt do na gnáthluachanna a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis na conairí táirgthe is ábhartha i gcás bithbhreoslaí atá bunaithe ar bharra bia agus beatha, chomh maith leis an íostairseach laghduithe a bhfuil feidhm aici i gcás fhormhór na suiteálacha a tháirgeann bithbhreoslaí den sórt sin.

(32)Nuair a léirítear an sprioc iompair mar sprioc chun déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, ní gá iolraitheoirí a úsáid chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh áirithe a chur chun cinn. An chúis atá leis sin ná go laghdaíonn foinsí in‑athnuaite fuinnimh difriúla méideanna difriúla astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, dá bhrí sin, ní mar an gcéanna an rannchuidiú a dhéanann siad leis an sprioc. Ba cheart a mheas go bhfuil astaíochtaí nialasacha ag fuinneamh in‑athnuaite, rud a chiallaíonn go laghdaíonn sé astaíochtaí 100 % i gcomparáid le leictreachas a ghintear as breoslaí iontaise. Cruthóidh sé sin dreasacht chun fuinneamh in‑athnuaite a úsáid ós rud é nach dócha go mbainfear céatadán chomh hard céanna laghduithe amach le breoslaí in‑athnuaite agus le breoslaí carbóin athchúrsáilte. Mar sin, an bealach ab éifeachtúla chun iompar de bhóthar a dhícharbónú ná leictriú atá ag brath ar fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh. Ina theannta sin, chun úsáid bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithgháis agus breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chur chun cinn i modhanna na heitlíochta agus na mara, ar modhanna iad atá deacair a leictriú, is iomchuí an t‑iolraitheoir a choimeád do na breoslaí sin a soláthraíodh sna modhanna sin, agus iad á n‑áireamh i dtreo na spriocanna sonracha a leagtar amach le haghaidh na mbreoslaí sin.

(33)Cuireann leictriú díreach earnálacha críochúsáide, lena n‑áirítear earnáil an iompair, leis an éifeachtúlacht, agus éascaíonn sé an t‑aistriú go córas fuinnimh atá bunaithe ar fhuinneamh in‑athnuaite. Is meán éifeachtach ann féin é, mar sin, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní gá, mar sin, creat maidir le breisíocht a chruthú a bhainfeadh go sonrach le leictreachas in‑athnuaite a sholáthraítear d’fheithiclí leictreacha in earnáil an iompair.

(34)Ós rud é gur mar fhuinneamh in‑athnuaite a dhéanfar breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a áireamh, gan beann ar an earnáil ina n‑ídítear iad, ba cheart leathnú a dhéanamh ar na rialacha lena gcinntear a nádúr in‑athnuaite nuair is ó leictreachas a tháirgtear iad, ar rialacha iad nár bhain leis na breoslaí sin ach amháin nuair a ídítear in earnáil an iompair iad, chun gach breosla in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chumhdach, gan beann ar an earnáil ina n‑ídítear iad.

(35)Chun éifeachtacht comhshaoil níos airde a áirithiú i dtaobh chritéir an Aontais maidir le inbhuanaitheacht agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí bithmhaise soladaí i suiteálacha ina dtáirgtear téamh, leictreachas agus fuarú, ba cheart an íostairseach chun critéir den sórt sin a chur i bhfeidhm a ísliú ón tairseach reatha de 20 MW go 5 MW.

(36)Le Treoir (AE) 2018/2001, neartaíodh an creat maidir le hinbhuanaitheacht bithfhuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí chritéir a leagan síos do gach earnáil chríochúsáide. Leagadh amach rialacha inti le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise, rialacha lenar éilíodh inbhuanaitheacht na n‑oibríochtaí buainte agus áireamh astaíochtaí ón athrú ar an talamhúsáid. Chun cosaint feabhsaithe a bhaint amach do ghnáthóga ar mhórán carbóin a bhfuil an‑bhithéagsúlacht iontu, amhail foraoisí príomhúla, foraoisí atá ar mhórán bithéagsúlachta, féarthailte agus tailte portaigh, ba cheart eisceachtaí agus teorainneacha ar bhithmhais foraoise a fhoinsiú ó na ceantair sin a thabhairt isteach, i gcomhréir leis an gcur chuige atá ann i dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta. Ina theannta sin, ba cheart na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i bhfeidhm freisin maidir le suiteálacha bithmhais‑bhunaithe atá ann cheana chun a áirithiú gur laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheidh mar thoradh ar tháirgeadh bithfhuinnimh i ngach suiteáil den sórt sin i gcomparáid le fuinneamh a ghintear as breoslaí iontaise.

(37)Chun an t‑ualach riaracháin ar tháirgeoirí breoslaí in‑athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte agus ar Bhallstáit a laghdú, i gcás ina n‑aithníonn an Coimisiún trí ghníomh cur chun feidhme go dtugtar fianaise le scéimeanna deonacha nó náisiúnta nó go soláthraítear sonraí cruinne leo maidir le comhlíontacht chritéir maidir le inbhuanaitheacht agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa chomh maith le ceanglais eile a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do Bhallstáit glacadh le torthaí an deimhnithe a eisítear le scéimeanna den sórt sin, laistigh de raon feidhme aitheantas an Choimisiúin. Chun an t‑ualach ar shuiteálacha beaga a laghdú, ba cheart do Bhallstáit sásra simplithe fíorúcháin a bhunú le haghaidh suiteálacha idir 5 agus 10MW.

(38)Tá sé d’aidhm ag bunachar sonraí an Aontais atá le cur ar bun ag an gCoimisiún rianú breoslaí leachtacha agus gásacha in‑athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chumasú. Ba cheart a raon feidhme a leathnú ó iompar chun gach earnáil chríochúsáide eile ina n‑ídítear breoslaí a chumhdach. Is ríthábhachtach an tacaíocht a bheidh ansin don fhaireachán cuimsitheach ar tháirgeadh agus ar ídiú na mbreoslaí sin, agus maolóidh sé na rioscaí a bhaineann le háireamh dúbailte nó neamhrialtachtaí feadh na slabhraí soláthair atá cumhdaithe ag bunachar sonraí an Aontais. Ina theannta sin, chun aon riosca a bhaineann le héilimh dhúbailte ar an ngás in‑athnuaite céanna a sheachaint, ba cheart ráthaíocht tionscnaimh a eisítear i dtaca le haon choinsíneacht gáis in‑athnuaite atá cláraithe sa bhunachar sonraí a chur ar ceal.

(39)Déantar roinnt tagairtí i roinnt áiteanna sa Rialachán Rialachais (AE) 2018/1999 don sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur ó fhuinneamh in‑athnuaite a thiocfaidh 32 % ar a laghad d’olltomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030. Ós rud é gur gá an sprioc sin a mhéadú chun cur go héifeachtach leis an uaillmhian go laghdófaí astaíochtaí gás ceaptha teasa 55 % faoi 2030, ba cheart na tagairtí sin a leasú. Ní chruthóidh aon cheanglais phleanála nó tuairiscithe bhreise a leagtar síos córas nua pleanála agus tuairiscithe, ach ba cheart dóibh a bheith faoi réir an chreata pleanála agus tuairiscithe atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2018/1999.

(40)Ba cheart raon feidhme Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 a leasú chun ceanglais rialála dhúbailte a sheachaint maidir le cuspóirí dícharbónaithe breoslaí iompair agus chun ailíniú le Treoir (AE) 2018/2001.

(41)Ba cheart sainmhínithe Threoir 98/70/CE a leasú chun iad a ailíniú le Treoir (AE) 2018/2001 agus ar an gcaoi sin, sainmhínithe difriúla a bheith á gcur i bhfeidhm sa dá ghníomh sin a sheachaint.

(42)Ba cheart na hoibleagáidí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus bithbhreoslaí a úsáid i dTreoir 98/70/CE a scriosadh chun cuíchóiriú a dhéanamh agus chun rialáil dhúbailte a sheachaint maidir leis na cuspóirí dícharbónaithe breoslaí iompair neartaithe dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001.

(43)Ba cheart na hoibleagáidí maidir le faireachán agus tuairisciú ar laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i dTreoir 98/70/CE a scriosadh chun rialáil dhúbailte ar oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint.

(44)Ba cheart Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle, lena soláthraítear rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme aonfhoirmeach Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE, a aisghairm mar beidh sí as feidhm le haisghairm Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE leis an Treoir seo.

(45)A mhéid a bhaineann le comhpháirteanna bithbhunaithe i mbreosla díosail, leis an tagairt i dTreoir 98/70/CE do bhreosla díosail B7, is é sin breosla díosail ina bhfuil suas le 7 % d’eistir mheitile aigéid shailligh (FAME), cuirtear teorainn leis na roghanna atá ar fáil chun spriocanna ionchorpraithe bithbhreoslaí níos airde a bhaint amach mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001. An chúis atá leis sin ná gur B7 atá i gceist le soláthar iomlán breosla díosail an Aontais, nach mór. Mar gheall air sin, ba cheart sciar uasta na gcomhpháirteanna bithbhunaithe a mhéadú ó 7 % go 10 %. Chun glacadh B10 sa mhargadh a chothú, is é sin breosla díosail ina bhfuil suas le 10 % d’eistir mheitile aigéid shailligh (FAME), tá gá le grád cosanta B7 ar fud an Aontais le haghaidh 7 % FAME i mbreosla díosail mar gheall ar an gcion suntasach feithiclí nach bhfuil comhoiriúnach le B10 a mheastar a bheith sa fhlít faoi 2030. Ba cheart é sin a chur san áireamh in Airteagal 4, mír 1, an dara fomhír de Threoir 98/70/CE arna leasú leis an ngníomh seo.

(46)Ba cheart a bheith in ann, mar thoradh ar na forálacha idirthréimhseacha, leanúint ar aghaidh le bailiú ordúil sonraí agus leis na hoibleagáidí tuairiscithe a shásamh maidir leis na hairteagail de Threoir 98/70/CE a scriostar leis an Treoir seo.

(47)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 18 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur, go háirithe tar éis bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa chás An Coimisiún v An Bheilg 19 (cás C-543/17).

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2018/2001

Leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

(1)in Airteagal 2, leasaítear an dara mír mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (36):

‘(36) ciallaíonn ‘breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ breoslaí leachtacha agus gásacha a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite seachas ó bhithmhais;’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (47):

‘(47) ciallaíonn ‘luach réamhshocraithe’ luach a dhíorthaítear as luach tipiciúil trí fhachtóirí réamhchinntithe a chur i bhfeidhm agus ar féidir, in imthosca a shonraítear sa Treoir seo, é a úsáid seachas luach iarbhír;’;

(c)cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(1a) ciallaíonn ‘lomán cruinn ardchaighdeáin’ lomán cruinn a leagadh nó a ndearnadh fómhar orthu ar shíl eile agus a aistríodh amach, a bhfuil oiriúnach le haghaidh úsáid thionsclaíoch de bharr a shaintréithe amhail speicis, toisí, díríocht agus dlús nóid, arna shainmhíniú agus arna údarú go cuí ag na Ballstáit i gcomhréir leis na coinníollacha foraoise ábhartha. Ní áirítear leis seo oibríochtaí tanúcháin réamhthráchtála nó crainn a bhaintear as foraoisí a ndearnadh tinte, lotnaidí, galair nó damáiste de bharr tosca aibhitheacha difear dóibh ;

20 (14a) ciallaíonn ‘crios tairisceana’ crios tairisceana mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (65) de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

21 (14b) ciallaíonn ‘córas méadraithe cliste’ córas méadraithe cliste mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23) de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(14c) ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe’ pointe athluchtaithe mar a shainmhínítear i bpointe 33 d’Airteagal 2, pointe (33) de Threoir (AE) Uimh. 2019/944;

(14d) ciallaíonn ‘rannpháirtí sa mhargadh’ rannpháirtí sa mhargadh mar a shainmhínítear i bpointe (25) d’Airteagal 2, pointe (25) de Rialachán (AE) 2019/943;

(14e) ciallaíonn ‘margadh leictreachais’ margadh leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9) de Threoir 2019/944;

‑(14f) ciallaíonn ‘ceallra baile’ ceallra inathluchtaithe neamhspleách de thoilleadh ainmniúil ar mó é ná 2 kWh, atá oiriúnach lena shuiteáil agus lena úsáid i dtimpeallacht bhaile;

‑ 22 (14g) ciallaíonn ‘ceallra feithicle leictrí’ ceallra feithicle leictrí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12) den [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena naisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020];

‑(14h) ciallaíonn ‘ceallra tionsclaíoch’ ceallra tionsclaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11) den [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena naisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020];

‑ 23 (14i) ciallaíonn ‘staid sláinte’ staid sláinte mar a shainmhínítear i bpointe (25) d’Airteagal 2, pointe (25) den [Rialachán atá beartaithe maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena naisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ];

‑(14j) ciallaíonn ‘staid luchtaithe’ staid luchtaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) den [togra le haghaidh Rialacháin maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena naisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020];

‑(14k) ciallaíonn ‘pointe socraithe cumhachta’ an fhaisnéis a choinnítear i gcóras bainistíochta an cheallra lena fhorordaítear na socruithe cumhachta leictrí ag a noibríonn an ceallra le linn oibríocht athluchtaithe nó sceite, sa mhéid go bhfuil a staid sláinte agus a úsáid oibríochtúil barrfheabhsaithe;

(14l) ciallaíonn ‘luchtú cliste’ oibríocht athluchtaithe ina modhnaítear an déine leictreachais arna sholáthar don cheallra i bhfíor-am, bunaithe ar fhaisnéis arna fáil trí chumarsáid leictreonach;

(14m) ciallaíonn ‘údarás rialaitheach’ údarás rialaitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2019/943;

(14n) ciallaíonn ‘luchtú déthreoch’ luchtú cliste i gcás inar féidir treo an luchtaithe leictrigh a chúlú, sa mhéid go sreabhann an luchtú leictreach ón gceallra chuig an bpointe athluchtaithe lena bhfuil sé ceangailte;

‑(14o) ciallaíonn 'pointe athluchtaithe gnáthchumhachta’ pointe athluchtaithe gnáthchumhachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 31 den [togra le haghaidh Rialachán maidir le leas a bhaint as bonneagar breoslaí ionadúil, lena naisghairtear Treoir 2014/94/AE];

24 (18a) ciallaíonn ‘tionscal’ cuideachtaí agus táirgí a thagann faoi réim ailt B, C, F agus J, roinn (63) den aicmiú staidrimh gníomhaíochta eacnamaíocha (NACE ATH.2) ;

(18b) ciallaíonn ‘cuspóir neamhfhuinnimh’ úsáid breoslaí mar amhábhair i bpróiseas tionsclaíoch, seachas iad a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh;

‑‑(22a) ciallaíonn ‘breoslaí inathnuaite’ bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise agus breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch;

(44a) ciallaíonn ‘foraois plandála’ foraois a cuireadh a ndéantar dianbhainistiú uirthi agus a chomhlíonann na critéir seo a leanas go léir tráth a bplandála agus tráth aibithe na gclampaí: speiceas amháin nó dhá speiceas, cothrom i dtaca le haicme aoise, agus spásáil rialta eatarthu. Áirítear ann fáschoillte gearruainíochta le haghaidh adhmaid, snáithín agus fuinnimh, agus ní áirítear ann foraoisí a cuireadh le haghaidh cumhdaigh nó athbhunú éiceachórais, chomh maith le foraoisí a bhunaítear trí phlandáil nó síolú atá, tráth a bplandála agus tráth aibithe na gclampaí, nó a bheidh, tráth a bplandála nó tráth aibithe na gclampaí, cosúil le foraoisí a athghineann go nádúrtha;

‑(44b) ciallaíonn ‘foraois a cuireadh’ foraois arb é atá ann go príomha crainn arna mbunú trí phlandáil agus/nó síolú toiliúil ar choinníoll go measfar go mbeidh na crainn arna bplandú nó arna síolú níos mó ná caoga faoin gcéad den stoc fáis tráth a naibithe; áirítear ann roschoill ó chrainn a plandáladh nó a síoladh ar dtús;’;

(2)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile gur ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a thiocfaidh 40 %, ar a laghad de sciar iomlán d'olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030.’;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtáirgfear fuinneamh ó bhithmhais ar bhealach ina n‑íoslaghdófar iarmhairtí shaobhacha míchuí ar mhargadh na n‑amhábhar bithmhaise agus tionchair dhíobhálacha ar an mbithéagsúlacht. Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE agus prionsabal na húsáide cascáidí dá dtagraítear sa tríú fomhír.

Seo a leanas cuid de na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) Ní thabharfaidh na Ballstáit tacaíocht ar bith maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) lomáin sáibh, lomáin veiníre, stumpaí nó fréamhacha a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh.

(ii) táirgeacht fuinnimh in‑athnuaite arna tháirgeadh ó dramhaíl a loscadh mura gcomhlíontar na hoibleagáidí um bhailiú ar leithligh a leagtar síos le Treoir 2008/98/CE.

(iii) cleachtais nach bhfuil i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír.

(b) Ón 31 Nollaig 2026, agus gan dochar do na hoibleagáidí sa chéad fomhír, ní thabharfaidh na Ballstáit tacaíocht ar bith maidir le leictreachas a tháirgeadh ó bhithmhais foraoise i ngléasraí leictreachais amháin, mura gcomhlíonfaidh an leictreachas sin ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i) táirgtear é i réigiún a shainaithnítear i bplean críochach um aistriú cóir arna fhormheasadh ag an gCoimisiún Eorpach, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/ . . . ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir i ngeall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise soladacha, agus comhlíonann sé na ceanglais iomchuí a leagtar amach in Airteagal 29(11);

(ii) táirgtear é trí Ghabháil agus Stóráil CO2 Bithmhaise a chur i bhfeidhm, agus comhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29(11), an dara fomhír.

Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis [theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35 maidir le conas prionsabal na húsáide cascáidí a chur i bhfeidhm le haghaidh bithmhaise, go háirithe maidir le conas úsáid na lomán cruinn ardchaighdeáin i dtáirgeadh an fhuinnimh a íoslaghdú, le béim ar scéimeanna tacaíochta agus aird chuí á tabhairt ar shonraíochtaí náisiúnta.

Faoi 2026 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair maidir le tionchar scéimeanna tacaíochta na mBallstát le haghaidh bithmhaise, lena n‑áirítear an tionchar ar bhithéagsúlacht agus ar shaobhadh margaidh féideartha, agus déanfaidh sé measúnú ar an bhféidearthacht i dtaobh tuilleadh srianta maidir le scéimeanna tacaíochta um an mbithmhais foraoise.’;

(c) cuirtear an mhír 4a seo a leanas isteach:

‘4a. Déanfaidh na Ballstáit creat a bhunú, a bhféadfaidh scéimeanna tacaíochta a áireamh ann agus lena n‑éascófar comhaontaithe ceannacháin cumhachta in‑athnuaite a ghlacadh, lena gcumasófar leictreachas in‑athnuaite a úsáid go leibhéal atá comhsheasmhach le ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 2 agus ar luas atá comhsheasmhach leis na conairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(a)(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. Go háirithe, ba cheart don chreat sin dul i ngleic leis na bacainní atá fós ann, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le nósanna imeachta ceadaithe, maidir le soláthar leictreachais ardchaighdeáin. Le linn dóibh an creat sin a dhearadh, ba cheart do na Ballstáit an leictreachas in‑athnuaite breise a chur san áireamh is gá chun na riachtanais a chomhlíonadh sna hearnálacha iompair, tionsclaíochta, tógála, agus téimh agus fuaraithe agus maidir le táirgeacht breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.’;

(3)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), (b) nó (c), ní mheasfar gás nó leictreachas ó fhoinsí in‑athnuaite ach aon uair amháin chun críocha sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh a ríomh. Cuirfear fuinneamh a tháirgtear ó bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch san áireamh san earnáil - leictreachas, téamh agus fuarú nó iompar - ina ndéanfar é a thomhailt.’

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

‘Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), déanfar olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a ríomh mar an chainníocht de leictreachas a tháirgtear i mBallstát ó fhoinsí in‑athnuaite, lena n‑áirítear táirgeacht leictreachais ó athnuaiteáin, ó tháirgeoirí is tomhaltóirí agus ó chomhphobail fuinnimh in‑athnuaite agus leictreachas ó bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus lena n‑eisiafar táirgeacht leictreachais in aonaid taisce pumpála ó uisce a pumpáladh in aghaidh fána chomh maith le leictreachas a úsáidtear chun breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh.’;

(c)i mír 4, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) Déanfar tomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite san earnáil iompair a ríomh mar shuim gach bithbhreosla, bithgháis agus breosla in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a thomhlaítear san earnáil iompair.’;

(4)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a. Faoin 31 Nollaig 2025, comhaontóidh gach Ballstát ar a laghad tionscadal comhpháirteach amháin a bhunú le Ballstát amháin eile nó níos mó chun fuinneamh in‑athnuaite a tháirgeadh. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le comhaontú den sórt, lena n‑áirítear an dáta a mheasfar go mbeidh sé ag feidhmiú. Maidir le tionscadail a mhaoinítear le ranníocaíochtaí náisiúnta faoi shásra maoiniúcháin an Aontais a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún 25 , measfar go sásóidh siad an oibleagáid sin le haghaidh na mBallstát lena mbaineann.’;

 

(b)cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘7a. Comhoibreoidh na Ballstáit a bhfuil teorainn acu le himchuach farraige chun a shainiú go comhpháirteach méid an fhuinnimh in‑athnuaite amach ón gcósta a bhfuil sé i gceist acu a tháirgeadh san imchuach farraige sin faoi 2050 le céimeanna idirmheánacha in 2030 agus in 2040. Cuirfidh siad san áireamh na sainiúlachtaí agus an fhorbairt i ngach réigiún, acmhainneacht in‑athnuaite an imchuach farraige agus an tábhacht pleanáil eangacha comhlachaithe comhtháite amach ón gcósta a áirithiú. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin méid sin sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur isteach de bhua Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.’;

(5)Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Aon sonraíochtaí teicniúla nach mór do threalamh agus do chórais fuinnimh in‑athnuaite a chomhlíonadh chun leas a fháil ó scéimeanna tacaíochta, déanfaidh na Ballstáit iad a shonrú go soiléir. I gcás inarb ann do chaighdeáin chomhchuibhithe nó caighdeáin Eorpacha, lena n‑áirítear córais tagartha teicniúla arna mbunú ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, déanfar na sonraíochtaí teicniúla sin a shloinneadh de réir na gcaighdeán sin. Tabharfar tosaíocht do chaighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun tacú le reachtaíocht Eorpach, murab ann dóibh, úsáidfear caighdeáin chomhchuibhithe agus caighdeáin Eorpacha eile, san ord sin. Ní thoirmiscfear leis na caighdeáin teicniúla sin an áit a gcaithfear an trealamh agus na córais sin a dhearbhú, ná ní dhéanfar leis na caighdeáin sin bacainn a chur ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh’;

(b) scriostar míreanna 4, 5, 6 agus 7:

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar na bacainní rialaitheacha agus riaracháin maidir le comhaontaithe ceannacháin cumhachta in‑athnuaite fadtéarmacha, agus bainfidh siad bacainní nach bhfuil údar leo maidir le comhaontuithe den sórt, agus cuirfidh siad glacadh na gcomhaontuithe sin chun cinn, lena n‑áirítear trí iniúchadh a dhéanamh ar conas na rioscaí airgeadais a bhaineann leo a laghdú, go háirithe trí ráthaíochtaí creidmheasa a úsáid. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na comhaontuithe sin faoi réir nósanna imeachta ná muirir a bheidh díréireach nó idirdhealaitheach, agus go bhféadfar aon ráthaíochtaí tionscnaimh lena mbaineann a aistriú chuig ceannaitheoir an fhuinnimh in‑athnuaite faoin gcomhaontú ceannacháin cumhachta in‑athnuaite.

Déanfaidh na Ballstáit cur síos maidir le polasaithe agus bearta na mBallstát lena gcuirtear glacadh comhaontuithe ceannacháin cumhachta in‑athnuaite chun cinn ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus maidir leis na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. Soláthróidh siad léiriú sna tuarascálacha sin freisin maidir le méid na giniúna leictreachais in‑athnuaite arna dtacú ag comhaontuithe ceannacháin cumhachta in‑athnuaite.’;

(d) cuirtear an mhír 9 seo a leanas leis:

‘9. Faoi bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé modhnuithe ar na rialacha maidir le nósanna imeachta riaracháin a leagtar amach in Airteagail 15, 16 agus 17 agus a gcur i bhfeidhm, agus féadfaidh sé bearta breise a dhéanamh chun tacú leis na Ballstáit maidir lena gcur chun feidhme.’;

(6)cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 15a

Fuinneamh in‑athnuaite a phríomhshruthú i bhfoirgnimh

1.Chun táirgeacht agus úsáid fuinnimh in‑athnuaite san earnáil tógála a chur chun cinn, leagfaidh na Ballstáit amach sprioc tháscach maidir leis an sciar d’athnuaiteáin san ídiú fuinnimh deiridh ina n‑earnálacha tógála in 2030 a bheidh comhsheasmhach le sprioc tháscach de sciar fuinnimh 49 % ar a laghad ó fhoinsí in‑athnuaite san earnáil tógála i dtomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030. Déanfar an sprioc náisiúnta a shloinneadh i dtéarmaí sciar an tomhaltais deiridh fuinnimh náisiúnta agus  a ríomhfar i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 7. Áireoidh na Ballstáit a sprioc sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna gcur isteach de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 chomh maith le faisnéis maidir le conas a bheartaíonn siad é a bhaint amach.

2.Tabharfaidh na Ballstáit isteach bearta ina rialacháin agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta, chun an sciar leictreachais agus téimh agus fuaraithe ó fhoinsí in‑athnuaite sa stoc foirgneamh a mhéadú, lena n‑áirítear bearta náisiúnta a bhaineann le méaduithe suntasacha i bhféintomhaltas athnuaiteáin, comhphobail fuinnimh in‑athnuaite agus stóráil fuinnimh áitiúil, i gcomhar le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann le comhghiniúint agus foirgnimh éighníomhacha, nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus neodrach ó thaobh fuinnimh.

Chun an sciar tháscach d’athnuaiteáin a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, ceanglóidh na Ballstáit úsáid íosta leibhéil fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite i bhfoirgnimh ina rialacháin agus cóid tógála agus, i gcás inarb infheidhme, ina scéimeanna tacaíochta nó ar mhodhanna eile le héifeacht choibhéiseach, i gcomhréir le forálacha Threoir 2010/31/AE. Ceadóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na leibhéil íosta seo, i measc nithe eile, trí théamh agus fhuarú ceantair éifeachtúil.

Maidir le foirgnimh reatha, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na fórsaí armtha, ach amháin sa mhéid nach mbeidh a fheidhmiú ar neamhréir le nádúr ná le príomhchuspóir ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha cé is moite d’ábhar a bhíonn in úsáid go heisiach chun críoch míleata.

3.Maidir le foirgnimh phoiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh siad ról ceannródaíoch maidir leis an sciar d'fhuinneamh in‑athnuaite a úsáidtear, i gcomhréir le forálacha Airteagal 9 de Threoir 2010/31/AE agus i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2012/27/AE. Féadfaidh na Ballstáit, i measc nithe eile, cead a thabhairt an oibleagáid sin a chomhlíonadh trína fhoráil go n‑úsáidfidh an tríú páirtí díonta foirgneamh poiblí nó díonta foirgneamh príobháideach poiblí i gcomhair suiteálacha lena dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite.

4.Chun an sciar tháscach d'fhuinneamh in‑athnuaite a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit úsáid córas agus trealaimh téimh agus fuaraithe a chur chun cinn. Chuige sin, úsáidfidh na Ballstáit gach beart, uirlis agus dreasacht is iomchuí, lena n‑áirítear, i measc nithe eile, lipéid fuinnimh a fhorbraítear faoi Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 , teastais feidhmíochta fuinnimh de bhun Threoir 2010/31/AE, nó teastais nó caighdeáin iomchuí eile a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, agus áiritheoidh siad go gcuirfear go leor faisnéise agus comhairle ar fáil maidir le breoslaí ionadúla in‑athnuaite an‑éifeachtúil chomh maith le maidir leis na hionstraimí airgeadais agus dreasachtaí atá ar fáil chun ráta athsholáthair méadaithe a chur chun cinn maidir le seanchórais téimh agus maidir le hathrú chuig réitigh atá bunaithe ar fhuinneamh in‑athnuaite.’;

(7)in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin ar fáil i gcomhar suiteálaithe agus dearthóirí de gach cineál córas téimh agus fuaraithe in‑athnuaite i bhfoirgnimh, tionscal agus talmhaíocht, agus le haghaidh suiteálaithe de chórais fhótavoltach gréine. Féadfar a thabhairt san áireamh sna scéimeanna sin, nuair is iomchuí, scéimeanna agus struchtúir ar ann dóibh cheana, agus is ar na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a bhunófar na scéimeanna sin. Aithneoidh gach Ballstát an deimhniúchán arna dheonú ag Ballstáit eile i gcomhréir leis na critéir sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil líon leordhóthanach suiteálaithe de chórais téimh agus fuaraithe in‑athnuaite atá oilte agus cáilithe ar fáil le haghaidh na dteicneolaíochtaí iomchuí chun freastal ar an mborradh i dtéamh agus fuarú in‑athnuaite atá ag teastáil chun cur leis an méadú bliantúil sa sciar d’fhuinneamh in‑athnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe mar a leagtar amach in Airteagal 23.

Chun líon leordhóthanach suiteálaithe agus dearthóirí a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cláir oiliúna leordhóthanacha ar fáil a mbeidh cáiliú nó deimhniú lena gcuimseofar teicneolaíochtaí téimh agus fuaraithe in‑athnuaite mar thoradh orthu, agus na réitigh nuálacha is déanaí a bhaineann leo. Cuirfidh na Ballstáit bearta i bhfeidhm chun rannpháirtíocht i gcláir den sórt a chur chun cinn, go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus iad siúd atá féinfhostaithe. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe deonacha a chur i bhfeidhm leis na soláthróirí agus na díoltóirí teicneolaíochta iomchuí chun líon leordhóthanach suiteálaithe a chur faoi oiliúint, a fhéadfar a bhaint ar mheastacháin díolacháin, sna réitigh agus teicneolaíochtaí nuálacha is déanaí atá ar fáil ar an margadh.

4. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na scéimeanna deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 3 ar fáil don phobal. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar liosta na suiteálaithe atá cáilithe nó deimhnithe i gcomhréir le mír 3 a nuashonrú go rialta agus go gcuirfear é ar fáil don phobal.’;

(8)Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go n‑eiseofar ráthaíocht tionscnaimh má iarrann táirgeoir fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a leithéid. Féadfaidh na Ballstáit socrú a dhéanamh chun ráthaíocht tionscnaimh a eisiúint i gcás fuinneamh ó fhoinsí neamh‑inathnuaite. Féadfar eisiúint ráthaíochtaí tionscnaimh a chur faoi réir teorainn íosacmhainne. Méid caighdeánach 1 MWh a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh. Ní eiseofar níos mó ná ráthaíocht tionscnaimh amháin i dtaca le gach aonad fuinnimh a tháirgfear.’;

(ii)scriostar an cúigiú fomhír;

(b)i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‑‘I gcás ina gceanglaítear ar sholáthróir fuinnimh an sciar nó an chainníocht fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite ina mheascán fuinnimh a léiriú chun críocha Airteagal 3(9), pointe (a) de Threoir 2009/72/CE, déanfaidh sé sin trí ráthaíochtaí tionscnaimh seachas i gcás an sciar de mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaí an soláthróir an meascán iarmhair a úsáid ina leith.’;

(9) in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Faoi réir an mheasúnaithe a dhéanfaidh siad a bheidh ina chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis an ngá go dtógfaí bonneagar nua don téamh agus fuarú ceantair ó fhoinsí in‑athnuaite chun cuspóir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo a bhaint amach, glacfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na céimeanna is gá d’fhonn bonneagar a fhorbairt don téamh agus don fhuarú ceantair ar mhaithe le forbairt téimh agus fuaraithe ó fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn, lena n‑áirítear ó ghrianfhuinneamh, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh geoiteirmeach, bithmhais, bithghás, bithleachtanna agus dramhtheas agus dramhfhuacht, i gcomhar le teirmeastóráil.’;

(10)cuirtear Airteagal 20a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 20a

Comhtháthú córais de leictreachas in‑athnuaite a éascú

‘1. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin ina ndlínse faisnéis a chur ar fáil maidir leis an sciar de leictreachas in‑athnuaite agus an cion astaíochtaí gás ceaptha teasa den leictreachas arna sholáthar i ngach crios tairisceana, a chruinne is féidir agus chomh gar d’fhíor-am is féidir ach in eatraimh ama nach mó ná uair amháin, le réamhaisnéis i gcás inar féidir. Déanfar an fhaisnéis seo a chur ar fáil go digiteach ar bhealach lena n‑áiritheofar gur féidir le rannpháirtí sa mhargadh leictreachais, comhiomlánóirí, tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh é a úsáid, agus gur féidir le gléasanna cumarsáide leictreonaí amhail córais méadraithe chliste, pointí athluchtaithe gluaisteán leictreach, córais téimh agus fuaraithe agus córais bhainistíochta fuinnimh foirgneamh é a léamh.

2. I dteannta na gceanglas sa [togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020], áiritheoidh na Ballstáit go gcuimseoidh monaróirí de cheallraí baile agus tionsclaíocha rochtain fíor-ama ar fhaisnéis maidir leis an gcóras bainistíochta ceallra bunúsaigh, lena n‑áirítear toilleadh ceallra, staid sláinte, staid luchtaithe agus pointe socraithe cumhachta, chuig úinéirí agus úsáideoirí ceallraí chomh maith le tríú páirtithe ag feidhmiú ar a son, amhail cuideachtaí bainistíochta cumhachta foirgneamh agus rannpháirtí sa mhargadh leictreachais, faoi théarmaí neamh‑idirdhealaitheacha agus gan aon chostas.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh monaróirí feithicle sonraí infheithicle ar fáil i bhfíor-am, sonraí infheithicle a bhaineann le staid sláinte ceallra, staid luchtaithe ceallra, pointe socraithe cumhachta ceallra, toilleadh ceallra, chomh maith le suíomh feithiclí leictreacha chuig úinéirí agus úsáideoirí feithiclí leictreacha, chomh maith le tríú páirtithe ag gníomhú thar ceann na n‑úinéirí agus na n‑úsáideoirí, amhail rannpháirtí sa mhargadh leictreachais agus soláthróirí seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta, faoi théarmaí neamh‑idirdhealaitheacha agus gan aon chostas, anuas air ceanglais bhreise maidir leis na rialacháin um chineálcheadú agus faireachas margaidh.

3. Chomh maith leis na ceanglais sa [togra le haghaidh Rialacháin maidir le leas a bhaint as bonneagar breosla ionadúil, lena n‑aisghairtear Treoir 2014/94/AE], áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar feidhmiúlachtaí luchtaithe cliste a thacú le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu a shuiteálfar ina ndlínse ó [sprioc-am iompair na Treorach leasaithí seo] agus, i gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar an údarás rialála, feidhmiúlachtaí luchtaithe déthreocha.

4. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an creat rialála náisiúnta idirdhealú i gcoinne rannpháirtíocht sna margaí leictreachais, lena n‑áirítear bainistiú ar phlódú agus seirbhísí solúbthachta agus seirbhísí cothromúcháin agus córais bheaga nó mhóibíleacha amhail ceallraí baile nó feithiclí leictreacha a sholáthar, go díreach agus trí chomhiomlánú.’;

(11) cuirtear an Airteagal 22a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 22a

Príomhshruthú an fhuinnimh in‑athnuaite sa tionsclaíocht

1.Féachfaidh na Ballstáit le sciar na bhfoinsí in‑athnuaite i méid na bhfoinsí fuinnimh a úsáidtear chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh san earnáil tionsclaíochta a mhéadú trí mheánmhéadú bliantúil táscach 1.1 pointe céatadáin faoi 2030.

Áireoidh na Ballstáit na bearta a bheartaítear agus a glacadh chun an méadú táscach sin a bhaint amach ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 3, Airteagal 14 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtiocfaidh, faoi 2030, 50 % den hidrigin a úsáidfear chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh san earnáil tionsclaíochta ó bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna n‑úsáid chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh. Chun na hastaíochtaí sin a ríomh, cuirfear na rialacha seo a leanas i bhfeidhm:

(a) Chun an t‑ainmneoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh hidrigine chun críocha fuinnimh deiridh agus chun críocha neamhfhuinnimh, seachas hidrigin a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair a tháirgeadh.

(b) Chun an t‑uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a ídítear san earnáil tionsclaíochta chun críocha fuinnimh deiridh agus neamhfhuinnimh, cé is moite de bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna n‑úsáid mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí iompair a tháirgeadh.

(c) Chun an t‑uimhreoir agus an t‑ainmneoir araon a ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.Maidir le táirgí tionsclaíocha lena mbaineann lipéad nó maíomh go bhfuil siad á dtáirgeadh le fuinneamh in‑athnuaite agus le breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, áiritheoidh na Ballstáit go léireoidh siad an céatadán den fhuinneamh in‑athnuaite a úsáideadh nó de bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáideadh ag an gcéim a bhaineann le fáil, réamhphróiseáil, monaraíocht agus dáileadh an bhunábhair, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochtaí a leagtar síos i Moladh 2013/179/AE 27 nó, de rogha air sin, in ISO 14067:2018.’;

(12)Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. D’fhonn úsáid fuinnimh in‑athnuaite a chur chun cinn in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, féachfaidh gach Ballstát leis an sciar fuinnimh in‑athnuaite arna sholáthar don earnáil sin a ardú 1.1 pointe céatadáin ar a laghad, ar meán bliantúil é sin, arna ríomh don tréimhse 2021 go 2025 agus don tréimhse 2026 go 2030, ag tosú ó sciar an fhuinnimh in‑athnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe in 2020, méadú a shloinntear i dtéarmaí an sciar náisiúnta den olltomhaltas deiridh fuinnimh agus a ríomhtar de réir na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 7.

Beidh an méadú sin cothrom le 1.5 pointe céatadáin i gcás na mBallstát ina n‑úsáidtear dramhtheas agus dramhfhuacht. Sa chás sin, féadfaidh na Ballstáit dramhtheas agus dramhfhuacht a chomhaireamh suas le 40 % den mheánardú bliantúil.

De bhreis ar an méadú bliantúil íosta 1.1 pointe céatadáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féachfaidh gach Ballstát le sciar an fhuinnimh in‑athnuaite ina earnáil téimh agus fuaraithe a mhéadú de réir an mhéid a leagtar amach in Iarscríbhinn 1a.’;

(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a n‑acmhainneacht fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite agus ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas agus dramhfhuacht san earnáil téimh agus fuaraithe lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, anailís ar limistéir atá oiriúnach lena n‑úsáid gan ach riosca íseal éiceolaíoch agus ar an acmhainneacht atá ann le haghaidh tionscadail teaghlaigh ar scála beag. Leagfar amach sa mheasúnú garspriocanna agus bearta chun foinsí in‑athnuaite fuinnimh a mhéadú i dtéamh agus i bhfuarú agus, i gcás inarb iomchuí, úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta trí théamh agus fuarú ceantair d’fhonn straitéis náisiúnta fhadtéarmach a bhunú chun téamh agus fuarú a dhícharbónú. Beidh an measúnú mar chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, measúnú a ghabhfaidh leis an measúnú  cuimsitheach ar théamh agus ar fhuarú a cheanglaítear le hAirteagal 14(1) de Threoir 2012/27/AE.’;

(c) i mír 2, scriostar an chéad fhomhír, pointe (a).

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Chun an meánardú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur chun feidhme:

(a)fuinneamh in‑athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a ionchorpú go fisiciúil sna foinsí fuinnimh agus sna breoslaí arna soláthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;

(b)córais téimh agus fuaraithe fuinnimh in‑athnuaite ardéifeachtúla a shuiteáil i bhfoirgnimh, nó fuinneamh in‑athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid sna próisis téimh agus fuaraithe thionsclaíocha;

(c)bearta arna gcumhdach ag teastais intrádála lena bhfianaítear comhlíonadh na hoibleagáide arna leagan síos i mír 1, an chéad fhomhír, trí thacú le bearta suiteála faoi phointe (b) den mhír seo, arna ndéanamh ag oibreoir eacnamaíoch eile amhail suiteálaí neamhspleách teicneolaíochta in‑athnuaite nó ag cuideachta seirbhíse fuinnimh a sholáthraíonn seirbhísí suiteála i leith fuinneamh in‑athnuaite;

(d)forbairt acmhainní d’údaráis náisiúnta agus áitiúla chun tionscadail agus bonneagair in‑athnuaite a phleanáil agus a chur chun feidhme;

(e)creataí maolaithe riosca a chruthú chun costas an chaipitil do thionscadail in‑athnuaite teasa agus fuaraithe a laghdú;

(f)comhaontuithe ceannacháin teasa a chur chun cinn do thomhaltóirí corparáideacha agus do thomhaltóirí beaga comhchoiteanna;

(g)scéimeanna athsholáthair atá beartaithe maidir le córais téimh iontaise nó scéimeanna chun deireadh a chur le céimniú amach iontaise lena ngabhann garspriocanna;

(h)pleanáil teasa in‑athnuaite, lena gcuimsítear fuarú, ceanglais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

(i)bearta beartais eile, a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu, lena n‑áirítear bearta fioscacha, scéimeanna tacaíochta nó dreasachtaí airgeadais eile.

Agus na bearta sin á nglacadh agus á gcur chun feidhme acu, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag gach tomhaltóir orthu, go háirithe iad siúd atá i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha, teaghlaigh nach mbeadh caipiteal tosaigh leordhóthanach acu chun tairbhe a bhaint as mura ndéanfaí sin.’;

(13)leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis faoin bhfeidhmíocht fuinnimh agus faoin sciar fuinnimh in‑athnuaite atá ina ngréasáin téimh agus fuaraithe ceantair ar fáil do na tomhaltóirí deiridh, ar bhealach ina mbeidh rochtain éasca uirthi, amhail faisnéis ar bhillí nó ar shuíomhanna gréasáin soláthróirí agus ar iarratas. Déanfar an fhaisnéis maidir leis an sciar fuinnimh in‑athnuaite a shloinneadh ar a laghad mar chéatadán d’olltomhaltas deiridh téimh agus fuaraithe arna shannadh do chustaiméirí córais téimh agus fuaraithe ceantair ar leith, lena n‑áirítear faisnéis faoin méid fuinnimh a úsáideadh chun aonad amháin téimh a sholáthar don chustaiméir nó don úsáideoir deiridh.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Déanfaidh na Ballstáit iarracht sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht ó théamh agus fuarú ceantair a mhéadú 2.1 pointe céatadáin ar a laghad, ar meán bliantúil é, arna ríomh don tréimhse 2021 go 2025 agus don tréimhse 2026 go 2030, ag tosú le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite agus ó dhramhtheas agus dramhfhuacht ó théamh agus fuarú ceantair in 2020, agus leagfaidh siad síos na bearta is gá chun na críche sin. Sloinnfear an sciar den fhuinneamh in‑athnuaite i dtéarmaí sciar an olltomhaltais deiridh fuinnimh i dtéamh agus fuarú ceantair arna choigeartú i gcomhréir le gnáth‑mheánchoinníollacha aeráide.

Na Ballstáit a bhfuil sciar fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite agus ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht san earnáil teasa agus fuaraithe ceantair acu atá os cionn 60 %, féadfaidh siad aon sciar mar sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánardú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun an meánardú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo a chur chun feidhme ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2018/1999.’;

(c)cuirtear an mhír 4 a seo a leanas isteach:

‘4 a. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oibleagáid ar oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair os cionn acmhainn 25 MWth ceangal le soláthróirí tríú páirtí d’fhuinneamh a sholáthraítear ó fhoinsí in‑athnuaite, ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht nó tairiscint a dhéanamh ceangal a dhéanamh leo agus teas nó fuacht a cheannach ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh, ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht soláthróirí tríú páirtí bunaithe ar chritéir neamh‑idirdhealaitheach arna leagan síos ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás inar gá do na hoibreoirí sin ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) freastal ar an éileamh ó chustaiméirí nua;

(b) acmhainneacht eile a chur in ionad na hacmhainneachta giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana;

(c) an acmhainneacht giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana a mhéadú.’;

(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

‘5. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oibreoir córais téimh nó fuaraithe ceantair diúltú é a cheangal agus teas nó fuacht a cheannach ó sholáthróir tríú páirtí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) níl an acmhainn riachtanach sa chóras de dheasca soláthairtí eile teasa nó fuachta ó fhoinsí in‑athnuaite nó de dheasca dramhtheasa agus dramhfhuachta;

(b) ní chomhlíonann an teas nó an fuacht ón soláthróir tríú páirtí na paraiméadair theicniúla atá riachtanach chun ceangal leis an gcóras agus chun oibríocht iontaofa, shábháilte an chórais téimh agus fuaraithe ceantair a áirithiú;

(c) féadfaidh an t‑oibreoir a léiriú go mbeadh ardú iomarcach ar an gcostas teasa nó fuachta do thomhaltóirí i gcomparáid leis an gcostas a bhaineann leis an bpríomhsholáthair áitiúil teasa nó fuachta a úsáid, an ceann lena mbeadh an fhoinse in‑athnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht ag dul in iomaíocht.

(d) comhlíonann córas an oibreora an sainmhíniú ar théamh agus ar fhuarú éifeachtúil ceantair atá leagtha amach in [Airteagal x den athmhúnlú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh].

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndiúltaíonn oibreoir córais téimh agus fuaraithe ceantair soláthróir téimh nó fuaraithe a cheangal leis an gcóras de bhun na chéad fhomhíre, go gcuirfidh an t‑oibreoir sin faisnéis ar na cúiseanna leis an diúltú, chomh maith leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh agus bearta le glacadh sa chóras chun go bhféadfaí an ceangal a chumasú, ar fáil don údarás inniúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh próiseas iomchuí i bhfeidhm chun diúltú nach bhfuil bonn cirt leis a leigheas.

6. Cuirfidh na Ballstáit creat comhordúcháin i bhfeidhm idir oibreoirí an chórais téimh agus fuaraithe ceantair agus na foinsí dramhtheasa agus dramhfhuachta a d’fhéadfadh a bheith ann sna hearnálacha tionsclaíocha agus treasacha chun úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta a éascú. Áiritheofar leis an gcreat comhordúcháin sin idirphlé maidir le húsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta lena mbaineann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) oibritheoirí córais téimh agus fuaraithe ceantair;

(b) fiontair san earnáil thionsclaíoch agus threasach a ghineann dramhtheas agus dramhfhuacht is féidir a aisghabháil go heacnamaíoch trí chórais téimh agus fuaraithe ceantair, amhail lárionaid sonraí, gléasraí tionsclaíocha, foirgnimh mhóra tráchtála agus iompar poiblí; agus

(c) údaráis áitiúla atá freagrach as bonneagair fuinnimh a phleanáil agus a fhormheas.’;

(e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8, 9 agus 10:

‘8. Gach 4 bliana ar a laghad, bunóidh na Ballstáit creat faoina ndéanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais, i gcomhar le hoibreoirí na gcóras téimh nó fuaraithe ceantair ina réigiún féin, measúnú ar an acmhainn is féidir a bhaint as córais téimh agus fuaraithe ceantair chun seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí córais eile, lena n‑áirítear freagairt don éileamh agus stóráil farasbarr leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí in‑athnuaite agus measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé níos acmhainn‑éifeachtúla agus níos costéifeachtúla, le hais réitigh mhalartacha, úsáid a bhaint as an acmhainn a sainaithníodh sa mheasúnú sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin leictreachais aird chuí ar thorthaí an mheasúnaithe a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír i bpleanáil na heangaí, in infheistíocht san eangach agus i bhforbairt bonneagair ina gcríocha faoi seach.

Éascóidh na Ballstáit comhordú idir oibreoirí córas téimh agus fuaraithe ceantair agus oibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin leictreachais chun a áirithiú gur féidir le seirbhísí cothromúcháin, stórála agus solúbthachta eile, amhail freagairt don éileamh, a chuireann oibreoirí córais téimh ceantair agus oibreoirí córas fuaraithe ceantair ar fáil páirt a ghlacadh ina margaí leictreachais.

Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le measúnú agus comhordú faoin gcéad fhomhír agus faoin tríú fomhír a leathnú chuig oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin gáis, lena n‑áirítear gréasáin hidrigine agus gréasáin eile fuinnimh.

9. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t‑údarás inniúil cearta na dtomhaltóirí agus na rialacha maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair i gcomhréir leis an Airteagal seo a shainaithint go soiléir, a chur ar fáil go poiblí agus a fhorfheidhmiú.

10. Ní cheanglófar ar Bhallstát mír 2 agus mír 9 a chur i bhfeidhm má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) i gcás inarb ionann a sciar de théamh agus fuarú ceantair agus 2 % nó inar lú é ná 2 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i leith téimh agus fuaraithe an 24 Nollaig 2018;

(b) i gcás ina méadaítear a sciar de théamh agus fuarú ceantair os cionn 2 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i dtéamh agus i bhfuarú an 24 Nollaig 2018 trí théamh agus fuarú ceantair éifeachtach nua a fhorbairt bunaithe ar a phlean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 agus ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 23(1a) den Treoir seo;

(c) i gcás ina dtarlaíonn 90 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair ar córais téimh agus fuaraithe ceantair iad a chomhlíonann an sainmhíniú atá leagtha síos in [Airteagal x den athmhúnlú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh].’;

(14)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

   Laghdú ar dhéine na ngás ceaptha teasa san earnáil iompair ó úsáid fuinnimh in‑athnuaite

1. Leagfaidh gach Ballstát oibleagáid ar sholáthróirí breosla an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) go dtiocfaidh laghdú 13 % ar a laghad ar dhéine gás ceaptha teasa mar thoradh ar mhéid na mbreoslaí in‑athnuaite agus an leictreachais in‑athnuaite arna soláthar don earnáil iompair faoi 2030, i gcomparáid leis an mbonnlíne a leagtar amach in Airteagal 27(1), pointe (b), i gcomhréir le conair tháscach arna leagan síos ag an mBallstát;

(b) gurb é 0,2 % in 2022, 0,5 % in 2025 agus 2,2 % in 2030 an sciar de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX san fhuinneamh a sholáthraítear don earnáil iompair, agus is fiú 2,6 % ar a laghad in 2030 sciar na mbreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.

Chun an laghdú dá dtagraítear i bpointe (a) agus an sciar dá dtagraítear i bpointe (b) a ríomh, cuirfidh na Ballstáit breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch san áireamh freisin nuair a úsáidtear iad mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí a tháirgeadh. Chun an laghdú dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh, féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh.

Soláthróirí breoslaí a sholáthraíonn leictreachas nó breoslaí in‑athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, féadfaidh na Ballstáit, agus an oibleagáid ar sholáthróirí breosla á socrú, na soláthróirí sin a dhíolmhú ón gceanglas an sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a chomhlíonadh maidir leis na breoslaí sin.

2. Bunóidh na Ballstáit sásra lena gceadófar do sholáthróirí breosla ina gcríoch creidmheasanna a mhalartú chun fuinneamh in‑athnuaite a sholáthar d’earnáil an iompair. Gheobhaidh oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn leictreachas in‑athnuaite d’fheithiclí leictreacha trí stáisiúin athluchtaithe phoiblí creidmheasanna, beag beann ar cé acu a bhfuil nó nach bhfuil na hoibreoirí eacnamaíocha faoi réir na hoibleagáide atá leagtha síos ag an mBallstát ar sholáthróirí breosla, agus féadfaidh siad na creidmheasanna sin a dhíol le soláthróirí breosla, ar féidir leo na creidmheasanna a úsáid chun an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh.’;

(15)Leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí in‑athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sprioc laghdaithe déine gás ceaptha teasa dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1), ní mó a bheidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, i gcás ina dtáirgtear ó bharra bia agus beatha iad, ná pointe céatadán amháin níos airde ná an sciar de bhreoslaí den sórt sin i dtomhaltas deiridh fuinnimh san earnáil iompair sa Bhallstát sin in 2020, agus is 7 % den tomhaltas deiridh fuinnimh uasmhéid an tomhaltais a bheidh san earnáil iompair sa Bhallstát sin.’;

 (iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

‘I gcás ina bhfuil sciar na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear in earnáil an iompair, a tháirgtear ó bharra bia agus beatha i mBallstát teoranta do sciar níos ísle ná 7 % nó i gcás ina gcinneann Ballstát an sciar a theorannú tuilleadh, féadfaidh an Ballstát sin an sprioc laghdaithe déine gás ceaptha teasa dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1) a laghdú dá réir sin, ag féachaint don rannchuidiú a bheadh déanta ag na breoslaí sin ó thaobh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chun na críche sin, measfaidh na Ballstáit go sábhálfaidh na breoslaí sin 50 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa.’;

(b)i mír 2, sa chéad fhomhír agus sa chúigiú fomhír, cuirtear ‘an sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1)’ in ionad ‘an sciar íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 25(1)’;

(16)Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an theidil:

‘Rialacha maidir le ríomh san earnáil iompair agus maidir le breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch beag beann ar a n‑úsáid deiridh’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Chun an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa a ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1), beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh mar a leanas:

(i) i gcás bithbhreosla agus bithgháis, trí mhéid na mbreoslaí sin arna soláthar do na modhanna iompair go léir a iolrú faoina gcoigilteas i leith astaíochtaí arna gcinneadh de réir Airteagal 31;

(ii) i gcás breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, trí mhéid na mbreoslaí sin a sholáthraítear do gach modh iompair a iolrú faoina gcoigilteas astaíochtaí arna chinneadh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 29a(3);

(iii) i gcás leictreachas in‑athnuaite, tríd an méid leictreachais in‑athnuaite a sholáthraítear do na modhanna iompair go léir a iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise ECF(e) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(b) ríomhfar an bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 25(1) trí mhéid an fhuinnimh a sholáthraítear d’earnáil an iompair a iolrú faoin táirge comparáide breoslaí iontaise EF(t) a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(c) chun na méideanna iomchuí fuinnimh a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i) chun méid an fhuinnimh arna sholáthar d’earnáil an iompair a chinneadh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad;

(ii) chun an luach fuinnimh a ríomh i gcás breoslaí iompair nach gcuimsítear in Iarscríbhinn III, úsáidfidh na Ballstáit caighdeáin Eorpacha ábhartha chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh. I gcás nár glacadh aon chaighdeán Eorpach chun na críche sin, úsáidfear caighdeáin ábhartha ISO;

(iii) cinntear méid an leictreachais in‑athnuaite arna sholáthar don earnáil iompair trí mhéid an leictreachais arna sholáthar don earnáil sin a iolrú faoi mheánsciar an leictreachais in‑athnuaite a sholáthraítear i gcríoch an Bhallstáit sa dá bhliain roimhe sin. Mar eisceacht air sin, i gcás ina bhfaightear leictreachas ó cheangal díreach le suiteáil a ghineann leictreachas in‑athnuaite agus ina soláthraítear é d’earnáil an iompair, áireofar an leictreachas sin go hiomlán mar leictreachas in‑athnuaite;

(iv) beidh sciar na mbithbhreoslaí agus an bhithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX i luach fuinnimh breoslaí agus leictreachais a sholáthraítear don earnáil iompair teoranta do 1,7 %, seachas sa Chipir agus i Málta;

(d) cinntear an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa ó úsáid fuinnimh in‑athnuaite tríd an gcoigilteas ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis agus leictreachais in‑athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a roinnt ar an mbonnlíne.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí luach fuinnimh breoslaí iompair, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, a oiriúnú i gcomhréir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil;’;

(c)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a. Chun na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1) a ríomh, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a) chun an t‑ainmneoir a ríomh, arb é sin an méid fuinnimh arna thomhailt san earnáil iompair, cuirfear na breoslaí agus an leictreachas go léir a sholáthraítear don earnáil iompair san áireamh;

(b) chun an t‑uimhreoir a ríomh, cuirfear san áireamh luach fuinnimh bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX agus breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna soláthar do gach modh iompair i gcríoch an Aontais;

(c) maidir le sciar na mbithbhreoslaí ardfhorbartha agus an bhithgháis a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX agus sciar na mbreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna soláthar sna modhanna eitlíochta agus muirí, measfar gur 1,2 oiread a luach fuinnimh iad.’;

(d)scriostar mír 2.

(d)leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)scriostar an chéad, an dara agus an tríú fomhír;

(ii)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

‘Agus leictreachas á úsáid chun breoslaí iompair in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, go díreach nó chun táirgí eatramhacha a tháirgeadh, féadfar úsáid a bhaint as an meánsciar leictreachais ó fhoinsí in‑athnuaite fuinnimh i dtír an táirgthe, faoi mar a tomhaiseadh dhá bhliain roimh an am atá i gceist, chun sciar an fhuinnimh in‑athnuaite a chinneadh.’;

(iii)sa chúigiú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Mar sin féin, féadfar leictreachas a fhaightear ó cheangal díreach le suiteáil lena ngintear leictreachas in‑athnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas in‑athnuaite i gcás ina n‑úsáidtear é chun na breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, ar an gcoinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith na suiteála:’;

(17)Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)scriostar mír 2, mír 3 agus mír 4.

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun sciar an bhithbhreosla agus an bhithgháis le haghaidh iompair atá mar thoradh ar bhithmhais a phróiseáil le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann.’;

(c)i mír 7, cuirtear ‘a leagtar síos i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1)’ in ionad ‘a leagtar síos sa cheathrú fomhír d’Airteagal 25(1)’;

(18)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

       ‘(a) rannchuidiú le sciartha fuinnimh in‑athnuaite na mBallstát agus        na spriocanna dá dtagraítear in Airteagail 3(1), 15a(1), 22a(1), 23(1), 24(4), agus            25(1) den Treoir seo;’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

‘Comhlíonfaidh breoslaí bithmhaise na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 2 go mír 7 agus i mír 10 má úsáidtear iad,

–(a) i gcás breoslaí bithmhaise soladaí, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann iomlán a n‑ionchur teirmeach rátaithe agus 5 MW nó ar mó ná sin é,

–(b) i gcás breoslaí bithmhaise gásacha, i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú arb ionann iomlán a n‑ionchur teirmeach rátaithe agus 2 MW nó ar mó ná sin é,

–(c) i gcás suiteálacha a tháirgeann breoslaí bithmhaise gásacha ag a bhfuil an meánráta sreafa bithmheatáin seo a leanas:

(i)os cionn 200 m³ meatán coibhéiseach/h arna thomhas ag coinníollacha caighdeánacha teochta agus brú (i.e. 0 °C agus 1 bhar de bhrú atmaisféarach);

(ii) i gcás bithghás ina bhfuil meascán de mheatán agus de gháis neamhdhócháin eile, i gcás an ráta sreafa bithmheatáin, an tairseach a leagtar amach i bpointe (i), athríomhfar é i gcomhréireacht leis an sciar toirtmhéadrach meatáin atá sa mheascán;

(iii) cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis an cheathrú fomhír:

‘Féadfaidh na Ballstáit na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghduithe astaíochtaí gáis cheaptha teasa a chur i bhfeidhm maidir le suiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátáilte iomlán nó ráta sreafa bithmheatáin níos ísle acu.’;

(b)i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

‘Tá feidhm ag an mír seo, cé is moite den chéad fhomhír, pointe (c), freisin maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise.’;

(c)i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, cé is moite de phointí (b) agus (c), agus sa dara fomhír freisin maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise.’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais talmhaíochta nó foraoise arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), ní dhéanfar iad as bunábhar a fuarthas as talamh a bhí ina thalamh portaigh i mí Eanáir 2008, mura gcuirtear fianaise ar fáil nach mbaineann draenáil ithreach nár draenáladh roimhe sin le saothrú agus le buaint an bhunábhair sin.

(e)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (a), pointe (iv):

‘(iv) déantar an bhuaint agus cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil san áireamh agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a íoslaghdú, ar bhealach a sheachnaíonn saothrú stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoisí príomhúla nó iad a thiontú ina bhforaoisí plandála, agus saothrú ar ithreacha leochaileacha; íoslaghdaítear glanleagan crann agus áirithítear leis tairseacha oiriúnacha maidir le heastóscadh adhmad marbh agus ceanglais ann chun úsáid a bhaint as córais logála lena n‑íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, balcadh ithreach san áireamh, agus ar ghnéithe agus ar ghnáthóga bithéagsúlachta:’;

(f) i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 1, pointe b, pointe (iv):

‘(iv) déantar an bhuaint agus cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil san áireamh agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a íoslaghdú, ar bhealach a sheachnaíonn saothrú stumpaí agus fréamhacha, díghrádú foraoisí príomhúla nó iad a thiontú ina bhforaoisí plandála, agus saothrú ar ithreacha leochaileacha; íoslaghdaítear glanleagan crann agus áirithítear leis tairseacha oiriúnacha maidir le heastóscadh adhmad marbh agus ceanglais ann chun úsáid a bhaint as córais logála lena n‑íoslaghdaítear an tionchar ar cháilíocht na hithreach, balcadh ithreach san áireamh, agus ar ghnéithe agus ar ghnáthóga bithéagsúlachta:’;

(g) i mír 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (d):

‘(d) 70 % ar a laghad le haghaidh leictreachas, téamh agus fuarú a tháirgtear ó bhreoslaí bithmhaise a úsáidfear i suiteálacha go dtí an 31 Nollaig 2025, agus 80 % ar a laghad ón 1 Eanáir 2026.’;

(19)cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:

‘Airteagal 29a

Critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamh‑bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte

1.Ní dhéanfar fuinneamh ó bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamh‑bhitheolaíoch a áireamh i leith sciartha fuinnimh in‑athnuaite na mBallstát agus i leith na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 22a(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(4) agus in Airteagal 25(1) ach amháin más 70 % ar a laghad na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as siocair na breoslaí sin a úsáid.

2.Ní fhéadfar fuinneamh ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a áireamh sa chuspóir laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ach amháin más 70 % ar a laghad na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as siocair na breoslaí sin a úsáid.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamh‑bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte. Áiritheofar leis an modheolaíocht nach dtabharfar creidmheas as astaíochtaí a sheachaint i gcás CO2 ar tugadh creidmheas astaíochta as í a ghabháil cheana faoi fhorálacha eile dlí.’;

(20)Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘I gcás ina bhfuil breoslaí in‑athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte le háireamh sna cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 22a(1), Airteagal 23(1), Airteagal 24(4) agus in Airteagal 25(1), ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha a chruthú gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i leith breoslaí in‑athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Chun na críche sin, ceanglóidh siad ar oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as córas cothromúcháin maise:’;

(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

‘Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí faisnéis iontaofa isteach faoi chomhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2), agus chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ar fáil don Bhallstát ábhartha, arna iarraidh sin dó, na sonraí a úsáideadh chun an fhaisnéis sin a dhéanamh amach.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo gan beann ar cibé acu a tháirgtear na breoslaí in‑athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte laistigh den Aontas nó a dhéantar iad a allmhairiú. Déanfar faisnéis faoi thionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise in aghaidh an tsoláthróra breosla a chur ar fáil do thomhaltóirí ar shuíomhanna gréasáin na n‑oibreoirí, na soláthróirí nó na n‑údarás ábhartha inniúil agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil.’;

(c)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I dtaca le scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta lena leagtar síos caighdeáin maidir le táirgeadh breoslaí in‑athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go soláthrófar sonraí cruinne maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críocha Airteagal 29(10) agus Airteagal 29a(1) agus (2), go léireofar comhlíonadh Airteagal 27(3) agus Airteagal 31a(5), nó go léireofar na critéir inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) á gcomhlíonadh i gcás coinsíneachtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise. Le linn a léiriú go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7), féadfaidh na hoibreoirí an fhianaise is gá a sholáthar go díreach ar leibhéal an limistéir foinsithe. Chun críocha Airteagal 29(3), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii), féadfaidh an Coimisiún limistéir a aithint chun éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, atá faoi bhagairt nó atá i mbaol, nó chun speicis a aithnítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta nó a áirítear i liostaí arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra a chosaint.’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6. Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta a mbeidh údaráis náisiúnta inniúla páirteach iontu a chur ar bun ina bhfíorófar comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2), i gcomhréir leis an modheolaíocht a forbraíodh faoi Airteagal 29a(3), ó cheann ceann na líne cúraim. Féadfar na scéimeanna sin a úsáid freisin chun cruinneas agus iomláine na faisnéise arna háireamh ag oibreoirí eacnamaíocha i mbunachar sonraí an Aontais a fhíorú, chun comhlíonadh Airteagal 27(3) a léiriú agus chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a bhfuil riosca íseal athraithe indírigh ar úsáid talún ag baint leo a dheimhniú.

Féadfaidh Ballstát fógra faoi scéim náisiúnta den sórt sin a thabhairt don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht don mheasúnú ar scéim den sórt sin chun aitheantas frithpháirteach déthaobhach agus iltaobhach na scéimeanna sin a éascú. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gcomhlíonann scéim náisiúnta den sórt sin ar tugadh fógra ina leith na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

I gcás gur cinneadh dearfach é, ní dhiúltóidh scéimeanna eile arna n‑aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo aitheantas frithpháirteach a thabhairt do scéim náisiúnta an Bhallstáit sin a mhéid a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar as a bhfuil sí aitheanta ag an gCoimisiún.

Maidir le suiteálacha ina dtáirgtear téamh agus fuarú leictreach lena ngabhann idir 5 agus 10 MW d’ionchur teirmeach rátáilte iomlán, bunóidh na Ballstáit scéimeanna fíoraithe náisiúnta simplithe chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i mír (2) go (7) agus (10) d’Airteagal 29 a áirithiú.’;

(e)i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina soláthróidh oibreoir eacnamaíoch fianaise nó sonraí a fuarthas i gcomhréir le scéim a bhí faoi réir cinneadh de bhun mhír 4 nó mhír 6, ní cheanglóidh Ballstát ar an oibreoir eacnamaíoch tuilleadh fianaise a sholáthar maidir le comhlíonadh na ngnéithe a chumhdaítear leis an scéim as a bhfuil an scéim aitheanta ag an gCoimisiún.’;

(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

‘Ar iarraidh ó Bhallstát, ar iarraidh í a bhféadfadh a bheith bunaithe ar iarraidh ó oibreoir eacnamaíoch, scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil, ar comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus in Airteagal 29a(1) agus (2) i ndáil le foinse breoslaí in‑athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte.

Laistigh de shé mhí tar éis iarraidh den sórt sin a fháil agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3), déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh an bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann:

(a)    na breoslaí in‑athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte arna dtáirgeadh ón bhfoinse sin a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 29(1); nó

(b)    de mhaolú ar mhír 9 den Airteagal seo, a cheangal ar sholáthróirí fhoinse na mbreoslaí in‑athnuaite agus na mbreoslaí carbóin athchúrsáilte tuilleadh fianaise a sholáthar faoi chomhlíonadh na gcritéar sin maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na dtairseach sin maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.’;

(21)in Airteagal 31, scriostar míreanna 2, 3 agus 4:

(22)cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 31a

Bunachar sonraí an Aontais

1.Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar bunachar sonraí de chuid an Aontais a chur ar bun chun go mbeifear in ann bun agus lorg breoslaí in‑athnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur.

2.Ceanglóidh na Ballstáit ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha faisnéis chruinn a iontráil go tráthúil sa bhunachar sonraí sin maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus saintréithe inbhuanaitheachta na mbreoslaí atá faoi réir na n‑idirbheart sin, lena n‑áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa a saolré, ag tosú ó phointe a dtáirgthe go dtí tráth a n‑ídithe san Aontas. Cuirfear san áireamh freisin sa bhunachar sonraí faisnéis faoi cibé acu a cuireadh nó nár cuireadh tacaíocht ar fáil chun coinsíneacht shonrach bhreosla a tháirgeadh, agus má cuireadh, áireofar freisin faisnéis maidir leis an gcineál scéime tacaíochta.

I gcás inarb iomchuí chun inrianaitheacht sonraí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a fheabhsú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun raon feidhme na faisnéise atá le háireamh i mbunachar sonraí an Aontais a leathnú tuilleadh chun sonraí ábhartha a chumhdach ó phointe táirgthe nó bailithe an amhábhair a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh an bhreosla.

Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí breosla an fhaisnéis is gá a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír.

3.Beidh rochtain ag na Ballstáit ar bhunachar sonraí an Aontais chun faireachán a dhéanamh agus sonraí a fhíorú.

4.Más amhlaidh gur eisíodh ráthaíochtaí tionscnaimh i leith coinsíneacht gás in‑athnuaite a tháirgeadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na ráthaíochtaí tionscnaimh sin ar ceal sular féidir coinsíneacht na ngás in‑athnuaite a chlárú sa bhunachar sonraí.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíorófar cruinneas agus iomláine na faisnéise arna cur ag oibreoirí eacnamaíocha sa bhunachar sonraí, trí úsáid a bhaint as scéimeanna deonacha nó náisiúnta mar shampla.

Maidir le fíorú sonraí, féadfar úsáid a bhaint as córais faisnéise tríú páirtí mar idirghabhálaithe chun na sonraí a bhailiú i scéimeanna deonacha nó scéimeanna náisiúnta arna n‑aithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(4), (5) agus (6), ar choinníoll fógra a thabhairt don Choimisiún faoin úsáid sin.

(23)Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(1), an dara fomhír, Airteagal 27(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 31(5) an dara fomhír, agus Airteagal 31a(2), an dara fomhír a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó [theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithe seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír, Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(1), an dara fomhír, Airteagal 27(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 31(5), agus Airteagal 31a(2), an dara fomhír a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír, Airteagal 8(3), an dara fomhír, Airteagal 29a(3), Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír, Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír, Airteagal 27(1), an dara fomhír, Airteagal 27(3), an ceathrú fomhír, Airteagal 28(5), Airteagal 28(6), an dara fomhír, Airteagal 31(5), agus Airteagal 31a(2) an dara fomhír, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;

(24)leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

‑‘(11) ciallaíonn ‘spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais’ an sprioc cheangailteach ar fud an Aontais laghdú intíre 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair i gcomparáid le 1990, ar sprioc í atá le baint amach faoi 2030, sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001, an phríomhsprioc ar leibhéal an Aontais 32,5 % ar a laghad d’fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh in 2030, agus sprioc 15 % d’idirnascadh leictreachais faoi 2030 nó aon sprioc ina dhiaidh sin i ndáil leis sin arna comhaontú ag an gComhairle Eorpach nó ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i leith 2030.’;

(b)i bpointe 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‑‑‑‘(b) i gcomhthéacs moltaí ón gCoimisiún arna mbunú ar an measúnú de bhun phointe (b) d’Airteagal 29(1) maidir le fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite, Ballstát a bheith ag cur chun feidhme go luath a rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001 arna thomhas in aghaidh a phointí tagartha náisiúnta le haghaidh fuinnimh inathnuaite;’;

(2)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(2):

‘(2) maidir le fuinneamh in‑athnuaite:

D’fhonn sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in‑athnuaite in 2030 a ghnóthú, sprioc dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001, rannchuidiú leis an sprioc sin ó thaobh sciar an Bhallstáit d’fhuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, maille le conair tháscach an rannchuidithe sin ó 2021 ar aghaidh. Faoi 2022, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha 18 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2025, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha 43 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2027, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha 65 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú le sprioc 2030.

Faoi 2030, sroichfear, leis an gconair tháscach, ar a laghad rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit. I gcás ina síleann Ballstát go sáróidh sé sprioc cheangailteach náisiúnta 2020, féadfar tús a chur ar an gconair tháscach ar pé leibhéal is réamh‑mheasta di. Maidir le conairí táscacha na mBallstát, i dteannta a chéile, ní mór gurb ionann iad agus pointí tagartha an Aontais in 2022, 2025 agus 2027 agus sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in‑athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001. Ar leithligh óna rannchuidiú le sprioc an Aontais agus óna chonair tháscach chun críocha an Rialacháin seo, beidh Ballstát saor chun uaillmhian is mó a shonrú chun críocha an bheartais náisiúnta.’;

(3)In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile gurb ionann suim a ranníocaíochtaí agus leibhéal sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in‑athnuaite in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001.’;

(4)In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‑‑‑‑‑‘2. I réimse an fhuinnimh inathnuaite, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite in olltomhaltas deiridh an Aontais ar bhonn conair tháscach Aontais a thosóidh ag 20 % in 2020, a shroichfidh pointí tagartha dar luach 18 % ar a laghad in 2022, 43 % in 2025 agus 65 % in 2027 den mhéadú foriomlán i sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite idir sprioc 2020 an Aontais agus sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite, agus a shroichfidh sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001.’;

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 98/70/CE

Leasaítear Treoir 98/70/CE mar a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos sa Treoir seo, i leith feithiclí bóthair, agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (lena n‑áirítear soithí uiscebhealaí intíre nuair nach mbíonn siad ar muir), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, agus árthaí áineasa nuair nach mbíonn siad ar muir, sonraíochtaí teicniúla ar fhorais sláinte agus chomhshaoil le haghaidh breoslaí a úsáid le hinnill adhainte deimhní agus innill adhainte comhbhrú, agus ceanglais theicniúla na n‑inneall sin á gcur san áireamh.’;

(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1, 2 agus 3:

‘1. ciallaíonn ‘peitreal’ aon ola mhianra sho-ghalaithe atá ceaptha chun innill adhainte dheimhní dócháin inmheánaigh a oibriú chun feithiclí a thiomáint agus a thagann faoi réim chóid AC 2710 12 41, 2710 12 45 agus 2710 12 49;

‘2. ciallaíonn ‘breoslaí díosail’ olaí gáis a thagann faoi réim chód AC 2710 19 43 28 dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 agus Rialachán (CE) 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 agus a úsáidtear le haghaidh feithiclí féinghluaiste;

‘3. ciallaíonn ‘olaí gáis atá beartaithe lena n‑úsáid ag innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (lena n‑áirítear soithí uiscebhealaí intíre), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, agus árthaí áineasa’    aon bhreosla leachtach a dhíorthaítear ó pheitriliam, a thagann faoi réim chóid AC 27101943 31 , dá dtagraítear i dTreoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 , Rialachán (AE) 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 agus Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 agus atá beartaithe lena úsáid in innill adhainte chomhbhrú.’;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 8 agus 9:

‘8. ciallaíonn ‘soláthróir’ ‘soláthróir breosla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (38) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 ;

‘9. ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’ ‘bithbhreoslaí’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (33) de Threoir (AE) 2018/2001;’;

(3)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí a áirithiú go gcuirfear díosal a bhfuil suas le 7 % d’eistear meitile aigéid shailligh (FAME) ann ar an margadh.’

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2, Áiritheoidh na Ballstáit gurb é 10 mg/kg an cion sulfair uasta is incheadaithe in olaí gáis atá beartaithe lena n‑úsáid ag innealra soghluaiste nach innealra bóthair é (lena n‑áirítear soithí uiscebhealaí intíre), tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus árthaí áineasa. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar breoslaí leachtacha seachas na holaí gáis sin a úsáid in árthaí uiscebhealaí intíre agus in árthaí áineasa ach amháin mura sárófar an cion uasta sulfair incheadaithe le cion sulfair na mbreoslaí leachtacha sin.’;

(4)Scriostar Airteagal 7a go 7e.

(5)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)i mír 1, scriostar pointí (g), (h), (i) agus (k);

(b)scriostar mír 2;

(6)Leasaítear Iarscríbhinní, I, II, IV agus V i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Forálacha idirthréimhseacha

(1)Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin na sonraí a bhaileofar agus a thuairisceofar don údarás arna ainmniú ag an mBallstát maidir leis an mbliain [IO: cuirtear isteach an bhliain féilire a ghabhfaidh éifeacht leis an aisghairm] nó maidir le cuid díobh i gcomhréir le hAirteagal 7a(1), an tríú fomhír, agus Airteagal 7a(7) de Threoir 98/70/CE, a scriostar le hAirteagal 3(4) den Treoir seo.

(2)Áireoidh an Coimisiún na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in aon tuarascáil a mbeidh sé d’oibleagáid air a chur isteach faoi Threoir 98/70/CE.

Airteagal 5

Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2024 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 6

Aisghairm

Aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle 36 le héifeacht ó [IO: cuirtear isteach an bhliain féilire a ghabhfaidh éifeacht leis an aisghairm].

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa                Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                An tUachtarán

(1)    COM/2020/824 final
(2)    IO C 326, 26/10/2012, lch. 1
(3)    IO C , , lch. .
(4)    IO C , , lch. .
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2019) 640 final an 11.12.2019, An Comhaontú Glas don Eoraip.
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2020) 562 final an 17.9.2020, Stepping up Europe’s 2030 climate ambition Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail]
(7)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (2019/2956(RSP))
(8)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 11 Nollaig 2020, https://www.consilium.europa.eu/media/47296/1011-12-20-euco-conclusions‑en.pdf
(9)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn, IO L 328, 21.12.2018, lch. 82-209
(10)    Pointe 3 den Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2020) 562 final an 17.9.2020, Stepping up Europe’s 2030 climate ambition Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail]
(11)    Is é is aidhm do phrionsabal na húsáide cascáidí éifeachtúlacht acmhainne úsáid bithmhaise a bhaint amach trí thús áite a thabhairt d’úsáid ábhar bithmhaise thar úsáid fuinnimh pé uair is féidir, rud a mhéadódh méid na bithmhaise atá ar fáil laistigh den chóras. I gcomhréir le prionsabal na húsáide cascáidí, ba cheart bithmhais adhmaid a úsáid de réir an bhreisluacha eacnamaíoch agus comhshaoil is airde atá aici san ord tosaíochtaí seo a leanas: 1) táirgí atá bunaithe ar adhmad, 2) síneadh a chur leis na blianta seirbhíse atá iontu, 3) athúsáid, 4) athchúrsáil, 5) bithfhuinneamh agus 6) diúscairt.
(12)    Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n‑aisghairtear Treoracha áirithe, ( IO L 312, 22.11.2008, lch. 3 ).
(13)    https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC122719
(14)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in‑athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1).
(15)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(16)    Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1) 
(17)    Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).
(18)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(19)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Iúil 2019, An Coimisiún v An Bheilg, C-543/17, ECLI: AE: C:2019:573.
(20)    Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).
(21)    Rialachán (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(22)    COM(2020) 798 final
(23)    togra le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (xxxx).
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t‑aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).’;
(25)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in‑athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1).
(26)    Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Máirt 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).
(27)    2013/179/AE: Moladh ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl, IO L 124, 4.5.2013, lch. 1–210.
(28)    Tá uimhriú na gcód AC sin mar a shonraítear sa Chomhtharaif Chustaim, Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(29)    Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 80/1269/CEE, 2005/55/CE agus 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1);
(31)    Tá uimhriú na gcód AC sin mar a shonraítear sa Chomhtharaif Chustaim, Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(32)    Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus árthaí pearsanta uisce agus lena n‑aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90).
(33)    Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta, (IO L 060 an 2.3.2013, lch. 1).
(34)    Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú inneall dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) Uimh. 167/2013 agus lena leasaítear, agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/68/CE, (IO L 354 an 28.12.2013, lch. 53).
(35)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn, (IO L 328 an 21.12.2018, lch. 82.)
(36)    Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 lena leagtar síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail, IO L 107, 25.4.2015, lgh. 26–67

An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 557 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

{SEC(2021) 657 final} - {SWD(2021) 620 final} - {SWD(2021) 621 final} - {SWD(2021) 622 final}


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 mar a leanas:

(1)in Iarscríbhinn I, scriostar an ró deiridh sa tábla;

(2)cuirtear an Iarscríbhinn 1a seo a leanas isteach:

‘IARSCRÍBHINN 1a

SCIARTHA NÁISIÚNTA A BHAINEANN LE TÉAMH AGUS FUARÚ DEN FHUINNEAMH Ó FHOINSÍ INATHNUAITE SAN OLLTOMHALTAS DEIRIDH FUINNIMH LE hAGHAIDH 2020-2030

Méadú ar sciartha bonnlíne (i bpointí céatadáin)

(REF20/NECPanna)

Sciartha a bhaineann le téamh agus fuarú inathnuaite in 2030 mar thoradh air sin i bpointí céatadáin, lena n‑áirítear breisithe (ar a laghad)

an Bheilg

0,3 %

1,4 %

an Bhulgáir

0,9 %

1,4 %

Poblacht na Seice

0,5 %

1,4 %

an Danmhairg

0,9 %

1,4 %

an Ghearmáin

0,9 %

1,5 %

an Eastóin

1,2 %

1,5 %

Éire

2,1 %

2,9 %

an Ghréig

1,6 %

2,0 %

an Spáinn

1,1 %

1,4 %

an Fhrainc

1,4 %

1,8 %

an Chróit

0,7 %

1,4 %

an Iodáil

1,2 %

1,6 %

an Chipir

0,5 %

1,6 %

an Laitvia

0,8 %

1,0 %

an Liotuáin

1,6 %

2,0 %

Lucsamburg

2,0 %

2,7 %

an Ungáir

0,9 %

1,5 %

Málta

0,5 %

1,5 %

an Ísiltír

0,7 %

1,4 %

an Ostair

0,7 %

1,5 %

an Pholainn

1,0 %

1,5 %

an Phortaingéil

1,0 %

1,4 %

an Rómáin

0,6 %

1,4 %

an tSlóivéin

0,7 %

1,4 %

an tSlóvaic

0,3 %

1,4 %

an Fhionlainn

0,5 %

0,8 %

an tSualainn

0,3 %

0,6 %

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

LUACH FUINNIMH BREOSLAÍ

Breosla

Luach fuinnimh de réir meáchain (luach calrach íochtarach, MJ/kg)

Luach fuinnimh de réir toirte (luach calrach íochtarach, MJ/l)

BREOSLAÍ Ó BHITHMHAIS AGUS/NÓ Ó OIBRÍOCHTAÍ PRÓISEÁLA BITHMHAISE

Bithphrópán

46

24

Ola glasraí íon (ola arna tháirgeadh ó phlandaí ola trí fháisceadh, eastóscadh nó nósanna imeachta inchomparáide, amh nó scagtha ach gan aon athrú ceimiceach)

37

34

Bithdhíosal - eistear meitile aigéid shailligh (eistear meitile arna tháirgeadh ó ola de tionscnamh bithmhaise)

37

33

Bithdhíosal - eistear eitile aigéid shailligh (eistear eitile arna tháirgeadh ó ola de tionscnamh bithmhaise)

38

34

Bithghás is féidir a íonú go cáilíocht gáis nádúrtha

50

—

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad díosail

44

34

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad díosail

45

30

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireáil (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin), le húsáid in ionad scairdbhreosla

44

34

Ola de thionscnamh bithmhaise arna hidreachóireaíl (arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin) , le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe

46

24

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad díosail

43

36

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad peitril

44

32

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad scairdbhreosla

43

33

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe

46

23

BREOSLAÍ INATHNUAITE IS FÉIDIR A THÁIRGEADH Ó FHOINSÍ ÉAGSÚLA INATHNUAITE LENA nÁIRÍTEAR BITHMHAIS

Meatánól ó fhoinsí inathnuaite

20

16

Eatánól ó fhoinsí inathnuaite

27

21

Própánól ó fhoinsí inathnuaite

31

25

Bútanól ó fhoinsí inathnuaite

33

27

Díosal Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad díosail)

44

34

Peitreal Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad peitril)

44

33

Scairdbhreosla Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in scairdbhreosla)

44

33

Gás peitriliam leachtaithe Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe)

46

24

DME (éitear démheitile)

28

19

Hidrigin ó fhoinsí inathnuaite

120

—

ETBE (éitear búitileach treasach eitileach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

36 (lena n‑áirítear 37 % ó fhoinsí inathnuaite)

27 (lena n‑áirítear 37 % ó fhoinsí inathnuaite)

MTBE (éitear búitileach treasach meitileach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

35 (lena n‑áirítear 22 % ó fhoinsí inathnuaite)

26 (lena n‑áirítear 22 % ó fhoinsí inathnuaite)

TAEE (éitear eitileach treasach aimileach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

38 (lena n‑áirítear 29 % ó fhoinsí inathnuaite)

29 (lena n‑áirítear 29 % ó fhoinsí inathnuaite)

TAME (éitear eitileach treasach meitileach aimileach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

36 (lena n‑áirítear 18 % ó fhoinsí inathnuaite)

28 (lena n‑áirítear 18 % ó fhoinsí inathnuaite)

THxEE (éitear eitileach treasach heicsealach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

38 (lena n‑áirítear 25 % ó fhoinsí inathnuaite)

30 (lena n‑áirítear 25 % ó fhoinsí inathnuaite)

THxME (éitear meitileach treasach heicsealach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

38 (lena n‑áirítear 14 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

30 (lena n‑áirítear 14 % ó fhoinsí inathnuaite)

BREOSLAÍ NEAMH-INATHNUAITE

Peitreal

43

32

Díosal

43

36

Hidrigin ó fhoinsí neamh‑inathnuaite

120

—

(4)Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘OILIÚINT AGUS DEIMHNIÚ SUITEÁLAITHE AGUS DEARTHÓIRÍ SUITEÁLACHA INATHNUAITE’

b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh agus na chéad mhíre

‘Beidh na scéimeanna deimhniúcháin agus na cláir oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 18 (3) bunaithe ar na critéir seo a leanas:

1. Beidh an próiseas deimhniúcháin trédhearcach agus sainithe go soiléir ag na Ballstáit nó ag an gcomhlacht riaracháin a cheapfaidh siad.’;

c)cuirtear na pointí 1a agus 1b seo a leanas isteach:

‘1a Déanfar na deimhnithe a eiseoidh comhlachtaí deimhniúcháin a shainiú go soiléir agus beidh siad éasca le sainaithint d’oibrithe agus do ghairmithe atá ag lorg deimhniúcháin.

1b. Cuirfidh an próiseas deimhniúcháin ar chumas suiteálaithe suiteálacha ardcháilíochta a oibríonn go hiontaofa a chur i bhfeidhm.’;

d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2 agus 3:

‘2. Beidh deimhniú ag suiteálaithe fuinnimh bithmhaise, teaschaidéil, gheoiteirmeach éadomhain agus fhótavoltach gréine agus fuinnimh theirmigh gréine ó chlár oiliúna nó soláthraí oiliúna creidiúnaithe.’

3. Is iad na Ballstáit nó an comhlacht riaracháin a cheapfaidh siad a dhéanfaidh creidiúnú ar an gclár nó soláthraí oiliúna. Áiritheoidh an comhlacht creidiúnaithe go mbeidh leanúnachas agus clúdach réigiúnach nó náisiúnta ag baint leis an gclár oiliúna arna thairiscint ag an soláthraí oiliúna.

Beidh saoráidí teicniúla leordhóthanacha ag an soláthraí oiliúna chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar, lena n‑áirítear trealamh leordhóthanach saotharlainne nó saoráidí comhfhreagracha chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar.

I dteannta na bunoiliúna, déanfaidh an soláthraí oiliúna cúrsaí oiliúna athnuachana agus uas‑scilithe níos giorra arna n‑eagrú i modúil oiliúna a thairiscint lena gcuirfear ar chumas suiteálaithe agus dearthóirí inniúlachtaí nua a fhoghlaim, agus a gcuid scileanna a leathnú agus a éagsúlú i roinnt teicneolaíochtaí agus ina réimsí féin. Áiritheoidh an soláthraí oiliúna go gcuirfear oiliúint in oiriúint do theicneolaíochtaí nua in‑athnuaite i gcomhthéacs foirgneamh, tionscail agus talmhaíochta. Aithneoidh soláthraithe oiliúna na scileanna ábhartha a sealbhaíodh.

Ceapfar na cláir agus na modúil oiliúna i gcaoi go mbeifear in ann foghlaim ar feadh an tsaoil a dhéanamh i suiteálacha inathnuaite agus go mbeidh siad ag luí leis an ngairmoiliúint do chuardaitheoirí poist céaduaire agus do dhaoine fásta atá ag lorg athoiliúna nó fostaíocht nua.

Ceapfar na cláir oiliúna chun gur fusa cáilíocht a fháil i dteicneolaíochtaí agus i réitigh éagsúla agus chun speisialtóireacht theoranta i mbranda nó i dteicneolaíocht ar leith a sheachaint. Féadfaidh monaróir an trealaimh nó an chórais, institiúidí nó cumainn a bheith ina soláthraí oiliúna.

e)I bpointe 6(c), cuirtear na pointí (iv) agus (v) leis:

‘(iv)    tuiscint ar staidéir féidearthachta agus dearaidh;

(v)    tuiscint ar dhruileáil, i gcás teaschaidéil geoiteirmeacha.’;

(5)In Iarscríbhinn V, leasaítear cuid C mar a leanas:

a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 agus 6:

‘5. Áireofar le hastaíochtaí ó eastóscadh nó saothrú amhábhar, eec, astaíochtaí ón bpróiseas eastósctha nó saothraithe féin; ó bhailiú, triomú agus stóráil na n‑amhábhar; ó dhramhaíl agus ó sceitheadh; agus ó tháirgeadh ceimiceán nó táirgí a úsáidtear san eastóscadh nó sa saothrú. Cuirfear gabháil CO2 i saothrú na n‑amhábhar as an áireamh. Má tá siad ar fáil, déanfar na luachanna réamhshocraithe dí‑chomhiomlánaithe d’astaíochtaí N2O ithreach a leagtar amach i gCuid D a chur i bhfeidhm sa ríomh. Is ceadmhach meáin a ríomh bunaithe ar chleachtais feirmeoireachta áitiúla atá bunaithe ar shonraí grúpa feirmeacha mar rogha mhalartach ar luachanna iarbhíre a úsáid.

6. Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i bpointe 1(a), ní chuirfear san áireamh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhainistíocht fheabhsaithe talmhaíochta, esca, amhail aistriú chuig síolú díreach nó curaíocht laghdaithe, feabhsú ar bhairr/uainíocht na mbarr, úsáid barr cumhdaigh, lena n‑áirítear bainistiú iarmhar barr, agus úsáid feabhsaitheora orgánaigh ithreach (e.g. múirín, díleáiteán coipthe aoiligh), mura bhfuil an baol ann go ndéanfaidh siad dochar don bhithéagsúlacht. Ina theannta sin, cuirfear fianaise dhaingean infhíoraithe ar fáil go bhfuil méadú tagtha ar chion carbóin na hithreach nó gur réasúnach a bheith ag súil go dtiocfadh méadú air thar an tréimhse ina saothraítear na hamhábhair lena mbaineann agus aird á tabhairt ar na hastaíochtaí i gcás ina dtagann méadú ar úsáid leasacháin agus luibhicídí mar thoradh ar chleachtais den sórt sin 1 .’;

b)scriostar pointe 15;

c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:

‘18. Chun críocha na ríomhanna dá dtagraítear i bpointe 17, is iad na hastaíochtaí a bheidh le roinnt eec + el + esca + na codáin sin ep, etd, eccs agus eccr a tharlaíonn suas go dtí an chéim den phróiseas ina dtáirgtear comhtháirge, an chéim sin san áireamh. Más rud é go ndearnadh aon chionroinnt ar chomhtháirgí ag céim níos luaithe den phróiseas sa saolré, úsáidfear an codán de na hastaíochtaí sin a sannadh don táirge breosla eatramhach sa chéim dheireanach sin den phróiseas chun na críocha sin seachas iomlán na n‑astaíochtaí sin. I gcás bithgháis agus bithmheatáin, cuirfear gach comhtháirge nach dtagann faoi raon feidhme phointe 7 san áireamh chun críocha an ríofa sin. Ní dhéanfar aon astaíochtaí a chionroinnt ar dhramhaíl agus iarmhair. Measfar luach fuinnimh nialasach a bheith ag comhtháirgí a bhfuil luach fuinnimh diúltach acu chun críocha an ríofa. Measfar astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha sa saolré a bheith ag dramhaíl agus iarmhair, lena n‑áirítear an dramhaíl agus iarmhair uile atá in Iarscríbhinn IX, suas go dtí próiseas bailithe na n‑ábhar sin beag beann orthu a bheith próiseáilte ina dtáirgí eatramhacha sula ndéantar iad a thiontú ina dtáirge deiridh. Iarmhair nach n‑áirítear in Iarscríbhinn IX agus atá oiriúnach lena n‑úsáid sa mhargadh bia nó beatha, measfar go bhfuil an méid céanna astaíochtaí acu ó eastóscadh, ó bhuaint nó ó shaothrú na n‑amhábhar, agus eec ar an rogha ionadach is gaire dóibh sa mhargadh bia agus beatha atá sa tábla i gcuid D. I gcás breoslaí bithmhaise a tháirgtear i scaglanna, seachas an teaglaim d’ionaid phróiseála ina bhfuil coirí nó aonaid chomhghiniúna a sholáthraíonn teas agus/nó leictreachas don ionad próiseála, is é an scaglann a úsáidfear mar aonad anailíse chun críocha an ríofa dá dtagraítear i bpointe 17’;

(6)In Iarscríbhinn VI, leasaítear cuid B mar a leanas:

a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 agus 6:

‘5. Áireofar le hastaíochtaí ó eastóscadh nó saothrú amhábhar, eec, astaíochtaí ón bpróiseas eastósctha nó saothraithe féin; ó bhailiú, triomú agus stóráil na n‑amhábhar; ó dhramhaíl agus ó sceitheadh; agus ó tháirgeadh ceimiceán nó táirgí a úsáidtear san eastóscadh nó sa saothrú. Cuirfear gabháil CO2 i saothrú na n‑amhábhar as an áireamh. Má tá siad ar fáil, déanfar na luachanna réamhshocraithe dí‑chomhiomlánaithe d’astaíochtaí N2O ithreach a leagtar amach i gCuid D a chur i bhfeidhm sa ríomh. Is ceadmhach meáin a ríomh bunaithe ar chleachtais feirmeoireachta áitiúla atá bunaithe ar shonraí grúpa feirmeacha mar rogha mhalartach ar luachanna iarbhíre a úsáid.’

6. Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i bpointe 1(a), ní chuirfear san áireamh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhainistíocht fheabhsaithe talmhaíochta, esca, amhail aistriú chuig síolú díreach nó curaíocht laghdaithe, feabhsú ar bhairr/uainíocht na mbarr, úsáid barr cumhdaigh, lena n‑áirítear bainistiú iarmhar barr, agus úsáid feabhsaitheora orgánaigh ithreach (e.g. múirín, díleáiteán coipthe aoiligh), mura bhfuil an baol ann go ndéanfaidh siad dochar don bhithéagsúlacht. Ina theannta sin, cuirfear fianaise dhaingean infhíoraithe ar fáil go bhfuil méadú tagtha ar chion carbóin na hithreach nó gur réasúnach a bheith ag súil go dtiocfadh méadú air thar an tréimhse inar saothraítear na hamhábhair lena mbaineann agus aird á tabhairt ar na hastaíochtaí i gcás ina dtagann méadú ar úsáid leasacháin agus luibhicídí mar thoradh ar chleachtais den sórt sin 2 .’;

b)scriostar pointe 15;

c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 18:

‘18. Chun críocha na ríomhanna dá dtagraítear i bpointe 17, is iad na hastaíochtaí a bheidh le roinnt eec + el + esca + na codáin sin de ep, etd, eccs agus eccr a tharlaíonn suas go dtí an chéim den phróiseas ina dtáirgtear comhtháirge, an chéim sin san áireamh. Más rud é go ndearnadh aon chionroinnt ar chomhtháirgí ag céim níos luaithe den phróiseas sa saolré, úsáidfear an codán de na hastaíochtaí sin a sannadh don táirge breosla eatramhach sa chéim dheireanach sin den phróiseas chun na críocha sin seachas iomlán na n‑astaíochtaí sin.

I gcás bithgháis agus bithmheatáin, cuirfear gach comhtháirge nach dtagann faoi raon feidhme phointe 7 san áireamh chun críocha an ríofa sin. Ní dhéanfar aon astaíochtaí a chionroinnt ar dhramhaíl agus iarmhair. Measfar luach fuinnimh nialasach a bheith ag comhtháirgí a bhfuil luach fuinnimh diúltach acu chun críocha an ríofa.

Measfar astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha sa saolré a bheith ag dramhaíl agus iarmhair, lena n‑áirítear an dramhaíl agus iarmhair uile atá in Iarscríbhinn IX, suas go dtí próiseas bailithe na n‑ábhar sin beag beann orthu a bheith próiseáilte ina dtáirgí eatramhacha sula ndéantar iad a thiontú chuig an táirge deiridh. Iarmhair nach n‑áirítear in Iarscríbhinn IX agus atá oiriúnach lena n‑úsáid sa mhargadh bia nó beatha, measfar go bhfuil an méid céanna astaíochtaí acu ó eastóscadh, ó bhuaint nó ó shaothrú amhábhar, agus eec ar an rogha ionadach is gaire dóibh sa mhargadh bia agus beatha atá sa tábla i gcuid D d’Iarscríbhinn V.

I gcás breoslaí bithmhaise a tháirgtear i scaglanna, seachas an teaglaim de mhonarchana próiseála ina bhfuil coirí nó aonaid chomhghiniúna a thugann teas agus/nó leictreachas don mhonarcha próiseála, is é an scaglann a bheidh san aonad anailíse chun críocha an ríofa dá dtagraítear i bpointe 17.’

(7)in Iarscríbhinn VII, sa sainmhíniú ar Qin‑úsáidte, cuirtear tagairt d’Airteagal 7(3) in ionad na tagartha d’Airteagal 7(4).

(8)Leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)i gCuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Bunábhair chun bithghás don iompar agus bithbhreoslaí ardfhorbartha a tháirgeadh:’

(b)i gCuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Bunábhair chun bithbhreoslaí agus bithghás don iompar a tháirgeadh, a mbeidh a rannchuidiú teoranta i dtreo na sprice maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú arna bunú i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 25(1):’;

IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV agus V a ghabhann le Treoir 98/70/CE mar a leanas:

(1)Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 1:

‘(1) Is iad na modhanna a shonraítear in EN 228:2012+A1:2017 a bheidh sna modhanna tástála. Féadfaidh na Ballstáit an modh anailíseach a shonraítear i gcaighdeán ionadach EN 228:2012+A1:2017 a ghlacadh más féidir a thaispeáint go mbaineann an cruinneas céanna ar a laghad agus an leibhéal beachtais céanna ar a laghad is a bhaineann leis an modh anailíseach a mbeidh sé á chur ina ionad.’; ;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 2:

   ‘(2) is ‘fíorluachanna’ iad na luachanna a luaitear sa tsonraíocht. Agus a luachanna teorann á socrú, cuireadh i bhfeidhm téarmaí EN ISO 4259-1:2017/A1:2021 ‘Peitriliam agus táirgí gaolmhara — Beachtas modhanna tomhais agus torthaí – Cuid 1: Na sonraí beachtais a chinneadh maidir le modhanna tástála ’ agus trí íosluach á shocrú, cuireadh difríocht íosta 2R os cionn náid san áireamh (R = in‑atáirgtheacht). Déanfar na torthaí ó thomhais aonair a léirmhíniú ar bhonn na gcritéar a bhfuil tuairisc orthu in EN ISO 4259-2:2017/A1:2019.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 6:

‘(6) Mona-alcóil agus éitir eile nach airde a bhfiuchphointe deiridh ná an fiuchphointe deiridh a luaitear in EN 228:2012 +A1:2017.’

(2)Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)sa líne dheireanach den tábla, ‘cion FAME – EN 14078’, san iontráil sa cholún deireanach ‘Teorainneacha’ ‘Uasmhéid’, cuirtear ‘10.0’ in ionad ‘7,0’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bhfonóta 1:

‘(1) Is iad na modhanna a shonraítear in EN 590:2013+A1:2017 a bheidh sna modhanna tástála. Féadfaidh na Ballstáit an modh anailíseach a shonraítear i gcaighdeán ionadach EN 590:2013+A1:2017 a ghlacadh más féidir a thaispeáint go mbaineann an cruinneas céanna ar a laghad agus an leibhéal beachtais céanna ar a laghad leis is a bhaineann leis an modh anailíseach a mbeidh sé á chur ina ionad.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs fhonóta 2:

‘(2) Is ‘fíorluachanna’ iad na luachanna a luaitear sa tsonraíocht. Agus a luachanna teorann á socrú, cuireadh i bhfeidhm téarmaí EN ISO 4259-1:2017/A1:2021 ‘Peitriliam agus táirgí gaolmhara — Beachtas modhanna tomhais agus torthaí – Cuid 1: Na sonraí beachtais a chinneadh maidir le modhanna tástála’ agus trí íosluach a shocrú, cuireadh difríocht íosta 2R os cionn náid san áireamh (R = in‑atáirgtheacht). Déanfar na torthaí ó thomhais aonair a léirmhíniú ar bhonn na gcritéar a bhfuil tuairisc orthu in EN ISO 4259-2:2017/A1:2019.’;

(3)Scriostar Iarscríbhinní IV agus V.

(1)    D'fhéadfadh tomhais ar chion carbóin na hithreach a bheith i gceist le fianaise den sórt sin, mar shampla tríd an gcéad thomhas roimh an saothrú agus tomhais go tráthrialta ina dhiaidh sin cúpla bliain óna chéile. Sa chás sin, sula mbeadh teacht ar an dara tomhas, dhéanfaí méadú i gcion carbóin na hithreach a mheasúnú ar bhonn turgnaimh ionadaíocha nó samhlacha ithreach. Ón dara tomhas ar aghaidh, bheadh na tomhais ina mbunús lena chinneadh an ann do mhéadú ar chion charbóin na hithreach agus ar a mhéid.
(2)    D'fhéadfadh tomhais ar chion carbóin na hithreach a bheith i gceist le fianaise den sórt sin, mar shampla tríd an gcéad thomhas roimh an saothrú agus tomhais go tráthrialta ina dhiaidh sin cúpla bliain óna chéile. Sa chás sin, sula mbeadh teacht ar an dara tomhas, dhéanfaí méadú i gcion carbóin na hithreach a mheasúnú ar bhonn turgnaimh ionadaíocha nó samhlacha ithreach. Ón dara tomhas ar aghaidh, bheadh na tomhais ina mbunús lena chinneadh an ann do mhéadú ar chion charbóin na hithreach agus ar a mhéid.