AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.7.2021
COM(2021) 555 final
2021/0200(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2021) 555 final} - {SWD(2021) 553 final} - {SWD(2021) 611 final} - {SWD(2021) 612 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
• Forais agus cuspóirí an togra
Le Teachtaireacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, seoladh straitéis nua fáis don Aontas arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha, atá tíosach ar acmhainní agus iomaíoch. Athdhearbhaítear leis uaillmhian an Choimisiúin chun a spriocanna aeráide a mhéadú agus chun go mbeadh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach faoi 2050. Thairis sin, tá sé d’aidhm aige sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise éifeachtaí fíor‑thromchúiseacha phaindéim COVID‑19 ar shláinte agus ar fholláine eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.
Is dúshlán práinneach é dul i ngleic leis an athrú aeráide. I gcomhréir leis na torthaí eolaíocha sa Tuarascáil Speisialta leis an bPainéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), ní mór astaíochtaí domhanda glan‑nialasacha CO2 a bhaint amach thart ar 2050, agus neodracht maidir le gach gás ceaptha teasa eile a bhaint amach níos déanaí sa chéad. Ceanglaítear ar an Aontas a ghníomhaíocht a ghéarú mar gheall ar an dúshlán práinneach sin agus ceannaireacht dhomhanda a léiriú trína bheith aeráidneodrach faoi 2050. Leagtar amach an cuspóir sin sa Teachtaireacht ‘Pláinéad Glan do Chách’ – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua‑aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de’.
Bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach, moladh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Mheán Fómhair 2020 maidir le Uaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a ghéarú (An Plean um Sprioc Aeráide 2030) go n‑ardófaí uaillmhian an Aontais agus moladh plean cuimsitheach sa Teachtaireacht freisin chun sprioc cheangailteach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 a mhéadú i dtreo laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí i gcomparáid le 1990, ar bhealach freagrach. Ach uaillmhian 2030 a ardú anois, tugtar cinnteacht don lucht ceaptha beartas agus d’infheisteoirí, ionas nach ndaingneofar le cinntí a dhéanfar sna blianta romhainn leibhéil astaíochtaí a bheadh neamhréireach le cuspóir an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Tá sprioc 2030 i gcomhréir leis an gcuspóir i gComhaontú Pháras chun an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C agus iarrachtaí a dhéanamh é a choimeád faoi bhun 1.5 °C.
Thacaigh an Chomhairle Eorpach le sprioc cheangailteach nua an Aontais le haghaidh 2030 ag a cruinniú i mí na Nollag 2020. D’iarr sí freisin ar an gCoimisiún ‘measúnú a dhéanamh cad é an bealach is fearr ar féidir leis na hearnálacha eacnamaíocha uile rannchuidiú le sprioc 2030 agus na tograí is gá a dhéanamh lena ngabhfaidh mionscrúdú ar na tionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta ar leibhéal na mBallstát, agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur san áireamh agus solúbthachtaí reatha á n‑athbhreithniú’.
Chuige sin, faoin Rialachán lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), rinneadh sprioc cheangailteach ó thaobh dlí de de sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus ardaíodh uaillmhian 2030, ionas gurb ionann í agus laghdú 55 % intíre ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (líon na n‑astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030.
Chun an chonair a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach a leanúint, agus an leibhéal uaillmhéine méadaithe sin a sheachadadh le haghaidh 2030, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir leis an aeráid agus le fuinnimh atá i bhfeidhm faoi láthair, lena bhfuil coinne nach mbeidh de thoradh uirthi ach laghdú 40 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus laghdú 60 % faoi 2050.
Is é an pacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ seo, mar a fógraíodh i bPlean an Choimisiúin um Sprioc Aeráide, an bloc tógála is cuimsithí sna hiarrachtaí chun sprioc aeráide uaillmhianach nua 2030 a chur chun feidhme, agus ní mór do gach earnáil agus beartas eacnamaíoch rannchuidiú leis.
Mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, tá sé d’aidhm ag an togra seo leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (‘ESR’) chun an rannchuidiú atá aige a ailíniú leis an uaillmhian mhéadaithe do 2030. I Nollaig 2020, d’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfadh an tAontas an sprioc a bhaint amach go comhchoiteann ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, fad is a chaomhnófar iomaíochas an Aontais agus a chuirfear túsphointí éagsúla, cúinsí náisiúnta sonracha agus cumas um laghdú astaíochtaí na mBallstát san áireamh. Thug sí treoraíocht bhreise maidir le príomhghnéithe do chreat athbhreithnithe aeráide agus fuinnimh 2030. Chun laghdaithe 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach ar fud an gheilleagair, is gá do na hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a n‑iarrachtaí a ghéarú. Cuireadh in iúl sa mheasúnú tionchair atá ina thacaíocht leis an bPlean um Sprioc Aeráide gur ghá ardú thart ar 10 bpointe céatadáin a bheith ann ar laghdaithe foriomlána ó sprioc ESR atá ann faoi láthair, is í sin -30 % i gcomparáid le 2005. Rinneadh mionléiriú cheana féin sa Phlean um Sprioc Aeráide ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar ESR, le cinneadh a dhéanamh faoina raon feidhme agus le huaillmhian a mhéadú.
Faoi láthair, cumhdaítear na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile atá mar chuid de sprioc an Aontais nach gcumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (ETS) ná leis an Rialachán maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (LULUCF) le ESR. Cumhdaítear ann faoi láthair astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha ón iompar (seachas ón eitlíocht agus ón loingseoireacht neamh‑intíre), foirgnimh, talmhaíocht, suiteálacha tionsclaíocha agus gáis nach gcumhdaítear le EU ETS agus dramhaíl chomh maith le hastaíochtaí nach mbaineann le dóchán, arb astaíochtaí iad ó úsáid fuinnimh agus ó úsáid táirgí. Áirítear ann astaíochtaí CO2 agus sciar suntasach d’astaíochtaí neamh‑CO2 araon. Glacadh an reachtaíocht ESR in 2018 chun laghdú 30 % a bhaint amach in astaíochtaí a chumhdaítear faoi 2030 i gcomparáid le 2005, rud atá comhleanúnach le sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí a laghdú 40 % ar a laghad ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Le ESR bunaítear spriocanna ceangailteacha bliantúla maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh na mBallstát, ar spriocanna iad lena mbainfear amach an laghdú sin. Má fhágtar an reachtaíocht gan athrú, bainfear amach laghdú -32 % ar astaíochtaí in 2030 i gcomparáid le 2005 sna hearnálacha a chumhdaítear le ESR faoi láthair. Bíodh is go sárófaí leis sin an rannchuidiú -30 % dá dtagraítear thuas, níor rannchuidiú leordhóthanach é sin fós chun sprioc fhoriomlán -55 % ar a laghad i gcomparáid le 1990 a bhaint amach, i gcomhréir le comhaontú an Dlí Aeráide Eorpaigh. Dá bhrí sin, is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo athbhreithniú a dhéanamh ar ESR ionas go rannchuideofar leis le huaillmhian aeráide 2030 chun laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 faoi bhun leibhéil 1990 ar bhealach costéifeachtach comhleanúnach agus an gá le haistriú cóir agus an gá atá ann do gach earnáil rannchuidiú le hiarrachtaí an Aontais ar son na haeráide á gcur san áireamh. Is é an aidhm atá ann conair réidh chothrom a dhéanamh i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050.
Leis an togra seo déantar na spriocanna náisiúnta a uasghrádú i gcomhréir le hísliú 40 % ar fud an Aontais in earnálacha ESR, i gcomparáid le 2005, faoi 2030. Is le spriocanna ó -10 % go -50 % faoi bhun leibhéil 2005 a rannchuideoidh na Ballstáit laghdú foriomlán an Aontais faoi 2030 a bhaint amach.
• Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá clár oibre uaillmhianach dícharbónaithe á shaothrú ag an Aontas, mar is léir ón bpacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’, go háirithe trí Aontas Fuinnimh stóinsithe a thógáil, lena n‑áirítear spriocanna do 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus cur in úsáid fuinnimh in‑athnuaite.
Céim chuimsitheach is ea an pacáiste aeráide agus fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’ chun reachtaíocht an Aontais a ollchóiriú lena hailíniú le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais. Tá gach tionscnamh sa phacáiste idirnasctha go dlúth.
Tá an togra reachtach seo comhlántach leis na tograí ‘Oiriúnach do 55’ eile ar ceapadh iad mar phacáiste chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach. Tá méadú ag teacht ar an idirghníomhaíocht idir bearta ar leibhéal an Aontais agus bearta na mBallstát ó thaobh tábhachta agus déine de. Dá bhrí sin, tá an togra reachtach seo comhsheasmhach leis an méid seo a leanas:
(a)An Dlí Aeráide Eorpach;
(b)Athbhreithniú ar an Treoir maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (ETS) 2003/87/CE;
(c)Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh (LULUCF);
(d)Leasú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In‑athnuaite (AE) 2018/2001 chun uaillmhian sprioc nua aeráide 2030 a chur chun feidhme;
(e)Leasú ar Threoir 2012/27/AE maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh chun uaillmhian sprioc nua aeráide 2030 a chur chun feidhme;
Beidh an Eoraip in ann dul i ngleic le dúshláin an athraithe aeráide leis an togra seo, le pacáiste aeráide agus fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’, agus le straitéis nua an Aontais um oiriúnú a glacadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i bhFeabhra 2021 um Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide.
• Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ba cheart do thograí phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ a bheith comhsheasmhach le gach gníomhaíocht agus beartas de chuid an Aontais agus ba cheart dóibh a bheith ina gcuidiú don Aontas chun sprioc mhéadaithe 2030 a bhaint amach mar aon le haistriú rathúil agus cóir i dtreo chuspóir na haeráidneodrachta 2050, mar a luaigh an Coimisiún i dTeachtaireacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
Tá an tionscnamh seo um Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill comhsheasmhach dá bharr sin le beartais an Aontais maidir le geilleagar glan ciorclach, an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste, an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, an Plean Gníomhaíochta um uaillmhian maidir le truailliú nialasach agus reachtaíocht maidir le dramhaíl, athbhreithnithe ar an Rialachán maidir le gás ceaptha teasa fluairínithe (an Rialachán maidir le f‑ghás) agus an Rialachán maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (an Rialachán Ózóin) chomh maith le seasamh an Aontais go hidirnáisiúnta agus a Thaidhleoireacht um Chomhaontú Glas don Eoraip.
Beidh an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 ina gcuidiú i dtreo na n‑aistrithe éiceolaíocha agus digiteacha a bhfuil sé d’aidhm ag an Eoraip a bhaint amach. Leis na beartais sin agus tacaíocht airgeadais an Aontais, tabharfar aghaidh ar an ngéarchéim eacnamaíoch a cruthaíodh de bharr phaindéim COVID‑19 agus cuirfear luas faoin aistriú chuig geilleagar glan inbhuanaithe, a nascfar gníomhaíocht ar son na haeráide le fás eacnamaíoch ann, agus lena mbainfear amach aeráidneodracht faoi 2050. Ar an iomlán, áiritheofar le buiséad an Aontais (CAI) 2021‑2027 agus le pacáiste Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh go mbeidh sprioc caiteachais 30 % ann do phríomhshruthú an athraithe aeráide. A mhéid a bhaineann go sonrach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, is gá go mbainfidh 37 % de chaiteachas ar a laghad i ngach plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta le hinfheistíochtaí aeráide. Cuirfear leis an gcaiteachas aeráide trí bheartas comhtháthaithe le 100 % den Chiste um Aistriú Cóir, agus 37 % ar a laghad den Chiste Comhtháthaithe agus 30 % de Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Leis na cistí sin féadfar tacaíocht láidir a thabhairt do na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe a shonraítear sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, arna nglacadh bunaithe ar Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide (‘an Rialachán maidir le Rialachas’) agus féadfar cuidiú le costas socheacnamaíoch an aistrithe a laghdú freisin.
Ina theannta sin, d’fhonn comhsheasmhacht trasna na mbeartas a atreisiú, agus mar a fógraíodh ina Theachtaireacht um Rialáil Níos Fearr: Leis an dul i bpáirt le chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh, tá feabhas á chur ag an gCoimisiún ar a threoirlínte maidir le rialáil níos fearr lena áirithiú go gcomhlíonfar lena chuid tionscnamh uile an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, rud a fhágann go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a shocraítear faoin Dlí Aeráide Eorpach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
• Bunús Dlí
Is é Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí don togra seo. I gcomhréir le hAirteagal 191 agus Airteagal 192(1) CFAE, rannchuideoidh an tAontas Eorpach, inter alia, leis na cuspóirí a leanas a shaothrú: cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó fadhbanna comhshaoil ar fud an domhain, agus go háirithe chun an t‑athrú aeráide a chomhrac.
• Coimhdeacht
Is fadhb thrasteorann é an t‑athrú aeráide, nach féidir a réiteach le gníomhaíochtaí náisiúnta ná áitiúla amháin. Ní mór gníomhaíocht ar son na haeráide a chomhordú ar an leibhéal Eorpach agus, i ngach cás inar féidir é, ar an leibhéal domhanda. Tá údar le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach ar fhoras na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ó 1992 i leith, tá an tAontas Eorpach ag obair chun réitigh chomhpháirteacha a fhorbairt agus gníomhaíocht dhomhanda a chur ar aghaidh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Go sonrach, le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, déanfar foráil maidir leis na cuspóirí laghdaithe astaíochtaí atá ann le haghaidh 2030 agus maidir leis na cinn fhadtéarmacha a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, agus an chothromaíocht agus sláine an chomhshaoil á n‑áirithiú. In Airteagail 191 go hAirteagal 193 de CFAE, deimhnítear agus sonraítear inniúlachtaí an Aontais i réimse an athraithe aeráide.
• Comhréireacht
Comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí i ndáil le sprioc an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don tréimhse 2021 go 2030 a bhaint amach ar bhealach atá costéifeachtach, fad is a áirithítear cothroime agus sláine an chomhshaoil an tráth céanna.
Sa Dlí Aeráide Eorpach, socraíodh laghdú foriomlán uile‑gheilleagair agus intíre 55 % ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. Cumhdaítear cuid mhór de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin sa togra seo, agus déantar athbhreithniú ar ESR d’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.
• An rogha ionstraime
Is é príomhaidhm an tionscnaimh seo na spriocanna a leagtar síos in ESR a thabhairt cothrom le dáta chun iad a ailíniú leis an leibhéal méadaithe uaillmhéine le haghaidh 2030, agus dá bhrí sin is le Rialachán is fearr cuspóir an togra a shaothrú, le teacht i ndiaidh na hionstraime reachtaí roimhe seo chun spriocanna náisiúnta laghdaithe astaíochta a shocrú, ar spriocanna ceangailteacha ó thaobh dlí de iad.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
• Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Glacadh ESR in 2018, i ndiaidh meastóireacht ar an gcreat roimhe sin, an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill 406/2009/CE. Ar an iomlán, mar thoradh ar Chinneadh Uimh. 406/2009/CE tá na Ballstáit níos gníomhaí anois maidir le bearta nua a mheas chun astaíochtaí a laghdú sna hearnálacha a bhaineann leis an gCinneadh agus maidir leis an gcaoi is fearr chun iad a dhearadh.
• Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
San athbhreithniú ar ESR, tógtar ar an aiseolas a fuarthas le linn ullmhúchán an Phlean um Sprioc Aeráide 2030 agus ar an aiseolas a fuarthas tar éis é a chur i láthair.
Go háirithe, d’fhoilsigh an Coimisiún measúnú tionchair tosaigh an 29 Deireadh Fómhair 2020 chun críche an togra seo, inar tugadh breac‑chuntas ar bhreithnithe tosaigh agus roghanna beartais an athbhreithnithe. Bhí an measúnú ar thionchar tionscanta oscailte i gcomhair aiseolais ón 29 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 26 Samhain 2020 agus fuarthas 101 aighneacht.
Thairis sin, d’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí ón 13 Samhain 2020 go 5 Feabhra 2021 chun faisnéis a bhailiú agus trédhearcacht níos mó a áirithiú. Seoladh an comhairliúchán sin an tráth céanna le comhairliúcháin ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí, ar Rialachán LULUCF agus ar an Rialachán maidir le caighdeáin CO2 do ghluaisteáin agus do veaineanna. Fuarthas 45 678 bhfreagra ar an gcomhairliúchán poiblí, ar freagraí arna gcur isteach ag saoránaigh a raibh baint acu le feachtas iad 45 403 acu. Is ó chomhlachais ghnó, gnólachtaí, daoine aonair, údaráis phoiblí agus ceardchumainn a fuarthas an 276 freagra eile. D’aontaigh formhór mór na bhfreagróirí gur cheart do na hearnálacha a chumhdaítear faoi ESR tuilleadh laghdaithe a sholáthar agus gur cheart do na Ballstáit a n‑iarrachtaí a ghéarú agus spriocanna is uaillmhianaí a shaothrú. Bhí formhór na bhfreagróirí i bhfabhar cumhdach comhthreomhar ERS agus ETS i gcás síneadh ETS, go foirgnimh agus go hiompar de bhóthar, agus bhí formhór mór na n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na saoránach i bhfabhar na rogha sin. Bhí sciar níos lú, ach sciar suntasach, de na freagróirí i bhfabhar raon feidhme earnála ESR a laghdú agus bhí móramh i bhfad níos teoranta de na freagraí ón earnáil phríobháideach i bhfabhar na rogha sin (go háirithe iad siúd ón earnáil fuinnimh). Cuirtear achoimre mhionsonraithe agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí i láthair in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair le haghaidh an togra seo.
An 1 Meitheamh 2021, thionóil an Leas‑Uachtarán Feidhmeach Timmermans agus an Coimisinéir Schmit éisteacht le comhpháirtithe sóisialta chun an ghné eacnamaíoch agus shóisialta den phacáiste Oiriúnach do 55 a phlé. Thacaigh na comhpháirtithe sóisialta leis an sprioc i gcomhair laghdú 55 % agus chuir siad a dtuairimí in iúl maidir le tograí éagsúla an phacáiste.
• Bailiú agus úsáid saineolais
Mar an gcéanna le tograí agus le measúnuithe tionchair eile atá i gceangal le pacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’, baintear leas sa togra seo freisin as bailiúchán uirlisí samhaltaithe comhtháite lena gcumhdaítear iomlán na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa ó gheilleagar an Aontais Eorpaigh. Úsáidtear na huirlisí sin chun sraith croí‑chásanna a tháirgeadh lena léirítear pacáistí beartais féin‑chomhsheasmhacha atá ailínithe leis an sprioc aeráide mhéadaithe le haghaidh 2030, lena ndéantar forbairt ar na cásanna a forbraíodh le haghaidh an Phlean um Sprioc Aeráide 2030. Tá na cásanna bunaithe ar Chás Tagartha AE 2020 (REF 2020) arna tabhairt cothrom le dáta, ar réamh‑mheastachán é maidir le héabhlóid chórais fuinnimh an Aontais agus na gcóras fuinnimh náisiúnta agus astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin gcreat beartais atá i bhfeidhm faoi láthair, lena n‑áirítear tionchair COVID‑19. Ullmhaíodh na cásanna sin le cabhair ó chonradh le E3M Lab, Ollscoil Theicniúil Náisiúnta na hAithne, IIASA agus EuroCare i gcomhar le saineolaithe na mBallstát tríd an Sainghrúpa um an gCás Tagartha, agus foilseofar na torthaí samhaltaithe mionsonraithe i dteannta na dtograí dlí.
An príomhchóras samhaltaithe a úsáideadh chun na cásanna a chuirtear i láthair sa mheasúnú tionchair seo, tá cuntas úsáide rathúil aige i measúnuithe ar bheartas fuinnimh agus aeráide an Choimisiúin. Baineadh úsáid as go háirithe i gcomhair thograí an Choimisiúin le haghaidh an Phlean um Sprioc Aeráide chun anailís a dhéanamh ar sprioc méadaithe um maolú 2030, ar an Straitéis Fhadtéarmach agus le haghaidh chreat beartais aeráide agus fuinnimh an Aontais le haghaidh 2020 agus 2030.
Tá dhá shamhail ina príomhghnéithe den chreat samhaltaithe do réamh‑mheastacháin fuinnimh, iompair agus CO2: (i) Córas Cothromaíochta Margaidh arna spreagadh ag Praghsanna (PRIMES) agus; (ii) PRIMES-TREMOVE (samhail iompair). Úsáidtear an tsamhail um Fhaisnéis agus Ionsamhlúcháin Gás Ceaptha Teasa agus Truaillithe Aeir (GAINS) le haghaidh réamh‑mheastacháin astaíochtaí gás ceaptha teasa neamh‑CO2, úsáidtear samhlacha um Bainistíocht Bithsféir Dhomhanda (GLOBIOM-G4M) le haghaidh réamh‑mheastacháin ar astaíochtaí agus aistrithe a bhaineann le hÚsáid Talún, le hAthrú ar Úsáid Talún agus le Foraoiseacht agus úsáidtear samhail na hearnála talmhaíochta iltíre domhanda (CAPRI) le haghaidh réamh‑mheastacháin ar ghníomhaíocht talmhaíochta.
Thairis sin, tógtar leis an togra seo ar an méid seo a leanas: (i) sonraí ar astaíochtaí agus eispéiris ó chur chun feidhme chórais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe an Aontais; (ii) fianaise a bailíodh sa mheasúnú tionchair a thacaíonn le togra 2016 do ESR; (iii) agus staidéir roimhe seo a bhaineann le hiompar de bhóthar agus le foirgnimh ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de.
Cuireadh tacar cásanna ‘bunúsacha’ beartais le chéile, ar bhonn REF2020. Ceapadh iad chun léiriú a dhéanamh ar ghlanlaghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa trí phacáistí beartais atá comhsheasmhach leis na roghanna beartais a fhiosraítear sna measúnuithe tionchair éagsúla. Chun críoch a chur leis na cásanna beartais bunúsacha, cuirtear athraithigh a bhaineann go sonrach le beartas agus anailís bhreise leo, ar a dtugtar tuairisc sa mheasúnú tionchair atá ina thacaíocht leis an togra seo agus sna measúnuithe tionchair ón bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’.
• Measúnú tionchair
Tá na measúnuithe tionchair le haghaidh tionscnaimh dhifriúla de chuid an phacáiste beartais ‘Oiriúnach do 55’ bunaithe ar chásanna samhaltaithe comhtháite lena léirítear idirghníomhaíocht ionstraimí beartais difriúla ar oibreoirí eacnamaíocha, chun comhlántacht, comhleanúnachas agus éifeachtacht a áirithiú maidir le huaillmhian aeráide 2030 agus 2050 a bhaint amach (féach an roinn thuas).
Comhlánaítear leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo an anailís a rinneadh i measúnú tionchair 2020 ina dtacaítear leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030. Leis sin cruthaíodh an bonn anailíseach chun an cuspóir a leagan amach de ghlanlaghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990 agus an cuspóir aeráidneodrachta faoi 2050.
Tá tuairim dhearfacha eisithe ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 19 Aibreán 2021, ina raibh moltaí i gcomhair feabhsúcháin. Leasaíodh an measúnú tionchair dá réir sin. Baineann na príomhathruithe leis an méid seo a leanas:
·Tuairisc faidhbe feabhsaithe chun easnaimh ESR atá i bhfeidhm faoi láthair a aithint go leordhóthanach;
·Comhleanúnachas le tionscnaimh gaolta eile, go háirithe le hathbhreithnithe ETS agus le athbhreithnithe LULUCF, agus leis an Dlí Aeráide Eorpach.
·Léiriú ar an gcomhréireacht a bhaineann le raon feidhme ESR a choimeád d’earnálacha a chumhdófar faoi ETS nua;
·Dáileadh níos fearr agus níos soiléire iarrachtaí idir na Ballstáit;
·Iad siúd a ndéanfar difear dóibh agus an chaoi a ndéanfar é a shainaithint níos fearr, costas agus buntáistí na rogha tosaíochta agus tuairimí mionsonraithe grúpaí geallsealbhóirí.
• Roghanna beartais
Déantar anailís ar thrí phríomhrogha beartais sa Mheasúnú Tionchair:
1.Síneadh a chur le ETS go cuid de na hearnálacha a chumhdaítear faoi ESR faoi láthair (i.e. foirgnimh agus iompar de bhóthar) fad is a choimeádtar na hearnálacha sin faoi ESR freisin;
2.Earnálacha ar leith a aistriú go ETS (i.e. foirgnimh agus iompar de bhóthar) agus raon feidhme ESR a laghdú dá réir sin;
3.Earnálacha ar leith a aistriú go ETS (dóchán breosla iontaise ar fad) agus deireadh céimnitheach a chur le ESR trí astaíochtaí ESR ó thalmhaíocht, arb astaíochtaí iad nach mbaineann le fuinneamh, a chumasc le hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán LULUCF (san earnáil dá ngairtear an earnáil talún) agus na hearnálacha atá fágtha a chumhdach le hionstraimí beartais aeráide ábhartha agus le reachtaíocht shonrach nua (más gá) lena gcumhdófaí na hearnálacha neamh‑ETS uile a chumhdaítear faoi láthair faoi ESR.
Laistigh de rogha 1 agus de rogha 2, tugtar aghaidh sa mheasúnú tionchair freisin ar an leibhéal méadaithe is iomchuí ar na spriocanna do laghduithe astaíochtaí, eadhon cibé acu méadú láidir nó méadú measartha ba cheart a bheith ann, dáileadh na n‑iarrachtaí i measc na mBallstát agus a rannchuidiú leis an sprioc comhchoiteann, túsphointe chonairí na leithdháiltí bliantúla, agus feidhmiú sholúbthachtaí ETS agus LULUCF.
Go dtí seo, cumhdaítear leis an Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí, le ESR agus le Rialachán LULUCF le chéile na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó chodanna éagsúla den gheilleagar, agus i ngach ceann acu sainítear an rannchuidiú leis an sprioc fhoriomlán do na hearnálacha arna gcumhdach. Eascraíonn ceisteanna sonracha as síneadh na praghsála carbóin, arb uirlis thábhachtach í chun dul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, go hearnálacha nua.
Le cruthú trádáil astaíochtaí nua d’iompar de bhóthar agus d’fhoirgnimh, ba ghá raon feidhme an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill a mheas, agus éifeachtacht, cost‑éifeachtúlacht agus cothroime na hionstraime agus an chreata beartais aeráide ina iomláine á gcur san áireamh. Ar an dul céanna, d’fhéadfadh athrú ar raon feidhme Rialachán LULUCF i dtreo ionstraim um Úsáid Talún tionchar a bheith aige ar raon feidhme ESR freisin. Ní dhéantar foráil i dtogra LULUCF maidir le spriocanna náisiúnta don earnáil talún ach tar éis 2030 áfach, agus dá bhrí sin, níl tionchar aige ar thogra ESR, a bhfuil raon feidhme teoranta do 2030 leis. Ina theannta sin, rinneadh roghanna éagsúla do raon feidhme ESR a bhreithniú agus a mheasúnú sa mheasúnú tionchair, go háirithe maidir le cé acu a áireofaí nó nach n‑áireofaí earnáil in ESR agus i dtrádáil astaíochtaí araon, agus/nó maidir leis an tionchar a bheadh ag ionstraim um úsáid talún ar ghnóthú sprioc foriomlán an Aontais faoi 2030.
Le cur i bhfeidhm trádáil astaíochta maidir le hearnálacha amhail foirgnimh agus iompar de bhóthar, cumhdófar thart ar leath na n‑astaíochtaí atá ann i Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill an lae inniu. Amhail ETS atá ann faoi láthair, cuirfear praghas CO2 san áireamh i gcinntí eacnamaíocha agus airgeadais le córas den sórt sin agus beidh sé ina uirlis thábhachtach chun gníomhaíocht chostéifeachtach le gnólachtaí agus tomhaltóirí a ghríosú sna hearnálacha sin ar fud na mBallstát uile. An tráth céanna, ní bhainfí amach an trasfhoirmiú is gá sna hearnálacha lena mbaineann ar bhealach éifeachtach le praghsáil carbóin amháin. Thángthas ar an gconclúid sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030 go bhfuil gá soiléir le beartais chomhlántacha agus dhírithe. Leo sin, féadfar aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh agus le dreasachtaí deighilte, luas a chur faoi athrú teicneolaíoch agus an bonneagar is gá a fhorbairt ar bhealach comhordaithe (e.g. i gcomhair athchóiriú foirgneamh, leictrithe agus teicneolaíocht hidrigine do thionscal).
Dá bhrí sin, bheadh sé roimh am an laghdú ar astaíochtaí ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar ar díríodh air a fhágáil faoin trádáil astaíochtaí amháin. Beidh gá measúnú ceart a dhéanamh ar rogha den sórt sin in athbhreithniú ar ESR amach anseo, ina dtógfaí ar na ceachtanna a fhoghlaimítear ó fheidhmiú na trádála astaíochtaí don dá earnáil sin.
Is é uaillmhian in ESR a mhéadú an rogha thosaíochta, i gcomhréir leis na réamh‑mheastacháin chostéifeachtacha, chun an uaillmhian aeráide fhoriomlán do 2030 a leagtar amach sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030 a bhaint amach. Maidir le síneadh na trádála astaíochtaí go hearnálacha nua – iompar de bhóthar agus foirgnimh – fad is a choimeádtar na hearnálacha sin faoi raon feidhme ESR, meastar go gcuirfear leis sin le gnóthú sprioc ESR, agus nach ionadú air a bheidh ann.
Le méadú ar na spriocanna náisiúnta faoi ESR, is gá féachaint an athuair ar chothroime agus ar chostéifeachtúlacht laistigh den ionstraim. A mhéid a bhaineann le cothroime, is é conclúid an mheasúnaithe gurb iomchuí fós an cur chuige maidir le sprioc a shocrú bunaithe ar OTI per capita a thabhairt cothrom le dáta, fad agus a chuirtear méid teoranta ceartúchán dírithe i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le costéifeachtúlacht. Ar an iomlán, cuirfear dlús leis sin le cóineasú inmheánach astaíochtaí per capita sna hearnálacha sin ar fud an Aontais.
D’fhonn an chostéifeachtúlacht is mó a áirithiú, meastar go n‑úsáidfear na solúbthachtaí uile atá ann faoi láthair leis an uaillmhian mhéadaithe, rud a léirítear le sprioc 40 % do ESR. Meastar na hionstraimí solúbthachta, ina scála agus ina bhfeidhmiú araon, a bheith iomchuí chun costéifeachtúlacht feabhsaithe an bheartais fhoriomláin a áirithiú.
I gcás na mblianta 2023 go dtí 2030, beidh gá teorainneacha ceangailteacha náisiúnta nua a bhunú, ar teorainneacha iad a léireofar mar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, lena rachfar i dtreo sprioc 2030 gach Ballstáit ar bhonn céimnitheach. Déanfar na leithdháiltí astaíochtaí do na blianta 2023, 2024 agus 2025 a ríomh ar bhonn na sonraí astaíochtaí gás ceaptha teasa do na blianta 2005 agus 2016 agus 2018 arna n‑athbhreithniú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de ESR. Chun críche beachtais níos fearr, bunófar ríomh na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do na blianta 2026 go dtí 2030 ar mheán astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023 tar éis athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí ó na fardail náisiúnta atá le déanamh ag an gCoimisiún in 2025.
Thairis sin, tá an Coimisiún le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh in 2027 ar na sonraí ó na fardail náisiúnta chun críche comhlíontachta le ESR, mar a fhoráiltear in Airteagal 38 den Rialachán maidir le Rialachas. Trí ghníomhartha cur chun feidhme, cinnfidh an Coimisiún raon feidhme an dá athbhreithniú chuimsitheacha chun dúbailt cúraimí gan ghá a sheachaint.
Foráiltear leis an Dlí Aeráide Eorpach go ndéanfar rannchuidiú glan‑aistrithe leis an sprioc astaíochta gás ceaptha teasa a theorannú do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2-eq., ar sprioc é de laghdú 55 % ar a laghad in 2030, chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí maolúcháin leordhóthanacha go dtí 2030. Tá an fhoráil seo sa Dlí Aeráide Eorpach gan dochar don athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais. Leis an méadú molta ar uaillmhian do Rialachán LULUCF, agus le solúbthacht LULUCF atá anois ann a dheighilt chun críche úsáide i ngach ceann de na tréimhsí comhlíontachta cúig bliana, laghdaítear an baol nach gcomhlíonfar ceanglais an Dlí Aeráide. Maidir le solúbthacht a cheadú ó earnáil ESR go hearnálacha LULUCF agus solúbthacht theoranta a cheadú vice versa, tá sé sin tairbhiúil fós chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit a n‑oibleagáidí aonair a chomhlíonadh go héifeachtach.
Moltar sásra nua a bhunú i bhfoirm cúlchiste bhreise. Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan a bheith páirteach ann. D’fhéadfaí an cúlchiste sin a thionscnamh ach amháin nuair a chomhlíonfar ceanglais an Dlí Aeráide Eorpaigh, chun críche comhlíontachta náisiúnta le spriocanna ESR trí mheán aon chreidmheas LULUCF neamhúsáidte ag deireadh an dara tréimhse chomhlíontachta a aistriú chuig na Ballstáit sin a bhfuil siad de dhíth orthu. Beidh úsáid an chúlchiste sin ag brath áfach ar fheidhmíocht níos mó ná mar a bhfuiltear ag súil leis in earnáil LULUCF.
• Oiriúnacht rialála agus simpliú
I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin i leith Rialáil Níos Fearr, ullmhaíodh an togra go ionchuimsitheach, bunaithe ar thrédhearcacht agus ar phlé leanúnach le geallsealbhóirí.
In ESR socraítear spriocanna laghdaithe astaíochtaí do na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta. Is faoi na Ballstáit é dá réir sin a chinneadh conas na spriocanna sin a bhaint amach (ar chúiseanna coimhdeachta). Cé go ndéantar athbhreithniú ann ar na spriocanna atá le baint amach ag gach Ballstát faoi 2030, ní fhorchuirtear aon uallach riaracháin breise sa togra seo ar riaracháin náisiúnta, agus iad mar phríomhghníomhaithe i ndáil leis sin a ndírítear orthu le ESR.
• Cearta bunúsacha
Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, cuirtear leis an togra seo leis an gcuspóir go dtabharfaí ardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Beidh cur chun feidhme maith an togra lena leasófar ESR ríthábhachtach chun a chuspóirí féin agus na cuspóirí a shocraítear sa Dlí Aeráide Eorpach a ghnóthú. Leis an méadú ar spriocanna ESR, éileofar bearta breise ar an leibhéal náisiúnta agus beidh ar na Ballstáit straitéisí níos déine um ghníomhaíochtaí ar son na haeráide a athbhreithniú agus a chur chun feidhme. Dá bhrí sin tá gá le bearta tacaíochta um fhothú acmhainneachta a chur chun feidhme go ceann cúig bliana (2023-2027) lena gceadófar do na Ballstáit dul in oiriúint do chreat níos uaillmhianaí. Is é EUR 1 750 000 costas iomlán measta na mbeart tacaíochta.
Leis an togra déantar athbhreithniú freisin ar sholúbthacht LULUCF a shocraítear in Airteagal 7 de ESR agus cruthaítear cúlchiste deonach nua, an cúlchiste breise, chun cuidiú leis na Ballstáit a spriocanna aonair a bhaint amach, ionas go mbeidh siad in ann glan‑aistrithe neamhúsáidte arna nginiúint sa tréimhse 2026‑2030 a úsáid, faoi réir an choinníll go ndéanfar sprioc an Aontais de laghdú 55 % ar astaíochtaí a bhaint amach in 2030 agus rannchuidiú uasta glan‑aistrithe socraithe ag 225 mhilliún tona de choibhéis CO2, faoi mar a éilítear sa Dlí Aeráide Eorpach. Leis na leasuithe seo éileofar coigeartuithe i gClárlann an Aontais a mbeidh gá iad a chur chun feidhme le tacaíocht ó chonraitheoir seachtrach, lena ngabhann costas measta EUR 600 000.
Leis na cúraimí breise thuasluaite, éileofar acmhainneacht mhéadaithe ó sheirbhísí an Choimisiúin freisin a mbeidh trí phost AD nua de dhíth uaidh, ar poist iad a chuirfidh tacaíocht ar fáil freisin don phróiseas comhchinnteoireachta. Tá faisnéis mhionsonraithe faoi impleachtaí an togra seo maidir le buiséad an Aontais sa ráiteas airgeadais reachtach i gceangal.
Beidh roghanna forbartha agus soláthair TF faoi réir réamhcheadú Bhord an Choimisiúin Eorpaigh um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil.
5.EILIMINTÍ EILE
• Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is gnéithe bunúsacha iad tuairisciú trédhearcach tráthrialta ar oibleagáidí na mBallstát agus seiceálacha láidre ar chomhlíonadh chun dul chun cinn a áirithiú i dtaobh ghealltanais an Aontais maidir le laghdú fadtéarmach a dhéanamh ar astaíochtaí. Leis an tionscnamh coinnítear córas comhlíontachta ESR agus leantar de bhrath ar an gcreat láidir faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Rialachas. Úsáidfidh an Coimisiún, inter alia, an fhaisnéis a chuirfidh Ballstáit faoina bhráid agus a thuairisceoidh Ballstáit faoin Rialachán maidir le Rialachas mar bhunús dá mheasúnú tráthrialta ar dhul chun cinn. Áirítear leis sin faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, beartais agus bearta, réamh‑mheastacháin agus oiriúnú. Úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin freisin le haghaidh na nAthbhreithnithe ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil agus chun faireachán a dhéanamh ar Chláir Gníomhaíochta don Chomhshaol. D’fhéadfaí breithnithe atmaisféaracha córasacha trí bhreithnithe in situ chomh maith le breithnithe cianbhraiteachta, amhail iad sin a sholáthraítear le Copernicus, a chomhlánú le faisnéis arna fáil ó na Ballstáit.
Maidir le héifeachtacht an togra spriocanna athbhreithnithe 2030 a bhaint amach, braitheann sé sin ar acmhainneacht na mBallstát a bpleananna agus a straitéisí a chur in oiriúint do fhreagairt níos bríomhaire ar dhúshlán an athraithe aeráide. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an Coimisiún bearta um fhothú acmhainneachta i bhfeidhm chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit ina n‑iarrachtaí na spriocanna athbhreithnithe a ionchorprú ina bpleananna agus straitéisí náisiúnta aeráide, lena n‑áirítear sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.
Leis an togra seo freisin coinnítear na forálacha athbhreithniúcháin lena gceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle laistigh de shé mhí de gach athbhreithniú domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Páras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo. Déanfar an chéad athbhreithniú domhanda in 2023 agus déanfar arís é gach cúig bliana ina dhiaidh sin.
Ar deireadh, beidh ESR, a ábharthacht mar ionstraim rialála agus a raon feidhme faoi réir athbhreithnithe chun an creat aeráide agus fuinnimh iar‑2030 a fhorbairt, athbhreithniú ina dtógfar san áireamh na hidirghníomhaíochtaí idir na hionstraimí éagsúla, go háirithe síneadh na trádála astaíochtaí go hearnálacha nua agus rialáil ar philéar úsáide talún talmhaíochta agus foraoiseachta.
• Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Airteagal 1
San Airteagal seo tá na leasuithe molta uile ar ESR, eadhon:
(1)Airteagal 1 maidir le hábhar: an tagairt do sprioc laghdaithe astaíochtaí ESR ar leibhéal an Aontais a thabhairt cothrom le dáta;
(2)Airteagal 2 maidir le raon feidhme: coigeartú a dhéanamh ar an gcaoi a sainítear raon feidhme agus an moladh maidir le hiompar muirí a chur le hIarscríbhinn I de Threoir 2003/87/CE á chur san áireamh;
(3)Airteagal 4, míreanna 2 agus 3 maidir le leibhéil astaíochtaí bhliantúla 2021‑2030: an creat faoina socróidh an Coimisiún leibhéil astaíochtaí bliantúla na mBallstát nua sna blianta 2023‑2030 a thabhairt cothrom le dáta. Áirítear sa chreat nua nuashonrú ar na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí náisiúnta lena n‑úsáidfear na sonraí nua nach mbeidh ar fáil go dtí 2025. I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le héifeachtaí meántéarmacha phaindéim COVID‑19 ar an ngeilleagar agus a bhaineann le luas an téarnaimh, ceadófar in athbhreithniú 2025 na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do na blianta 2026 go 2030 a choigeartú chun a áirithiú nach mbeidh siad ró‑bhog ná ró‑dhian;
(4)Airteagal 6, mír nua (3a) maidir le solúbthacht EU ETS: sprioc‑am a thabhairt do Mhálta chun a chur in iúl an bhfuil sé ar intinn aige a sholúbthacht mhéadaithe ETS a úsáid. Tá gá leis an sprioc‑am nua seo mar, de bharr shainiúlachtaí a gheilleagair, beidh rochtain ag Málta ar sholúbthacht mhéadaithe ETS trí leasú ar Iarscríbhinn II de ESR;
(5)Airteagal 7 maidir le húsáid aistrithe ó LULUCF: úsáid sholúbthacht LULUCF a dheighilt in dá thréimhse cúig bliana agus gach tréimhse a chur faoi réir caidhp arb ionann í agus leath an mhéid iomláin; agus mír 2 a bhaint i bhfianaise go ndéanfar an t‑athrú beartaithe ar theideal Iarscríbhinn III trí mheán leasú ar ESR mar a mholtar leis seo (féach pointe 9 thíos);
(6)Airteagal nua (Airteagal 11a) a chur isteach: cúlchiste breise deonach a bhunú (arna fhoirmiú le haon chreidmheas LULUCF neamhúsáidte ag deireadh an dara tréimhse chomhlíontachta) lena úsáid ag na Ballstáit chun an sprioc ESR 2030 atá acu a chomhlíonadh, faoi réir an choinníll go mbaintear amach an sprioc -55 % ar leibhéal an Aontais le rannchuidiú uasta glan‑aistrithe de 225 mhilliún tona de choibhéis CO2, i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach. Leis an tsolúbthacht bhreise seo éascófar comhlíontacht na Ballstáit a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu déileáil le spriocanna náisiúnta níos déine in earnálacha ESR agus in earnálacha LULUCF araon, ag deireadh na tréimhse amháin.
(7)Iarscríbhinn I maidir le laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát: spriocanna nua laghdaithe astaíochtaí na mBallstát faoi 2030 i ndáil le leibhéil 2005 a chur isteach do na hearnálacha a chumhdaítear le ESR;
(8)Iarscríbhinn II maidir le solúbthacht ETS: teorainn solúbthachta ETS Mhálta a mhéadú ó 2 % go 7 %;
(9)Iarscríbhinn III: a theideal a leasú i gcomhréir le téacs nua Airteagal 7.
2021/0200 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Comhaontú Pháras, a glacadh i Nollaig 2015 faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bhfeidhm, tháinig sé i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’). D'aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.
(2)Tá creat rialála curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun an sprioc do 2030 maidir le laghdú 40 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, ar creat é sin ar thacaigh an Chomhairle Eorpach leis in 2014, sular tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm. Is é atá sa reachtaíocht lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme, inter alia, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas), Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (faoina gceanglaítear ar na Ballstáit astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chothromú) agus Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, sna hearnálacha nach gcumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ná le Rialachán 2018/841.
(3)Leis an gComhaontú Glas don Eoraip nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin gur cóir cuimsitheach a bheidh an t‑aistriú, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár.
(4)I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030.
(5)Chun na gealltanais sin, agus rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras arna nglacadh faoi UNFCCC, a chur chun feidhme, ba cheart creat rialála an Aontais a oiriúnú chun an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach.
(6)I Rialachán (AE) 2018/842 leagtar síos oibleagáidí ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc reatha an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Leagtar síos sa Rialachán sin freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát a mhéid a bhaineann leis an rannchuidiú is íosta uathu a chomhlíonadh.
(7)Cé go mbeidh feidhm freisin ag trádáil astaíochtaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar agus ó iompar muirí agus ó fhoirgnimh freisin, déanfar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) 2018/842 dá bhrí sin maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach ní bhí feidhm aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE)2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(8)Ina Theachtaireacht an 17 Meán Fómhair 2020 , chuir an Coimisiún in iúl nach féidir sprioc mhéadaithe fhoriomlán 2030 a bhaint amach ach amháin le rannchuidiú ó gach earnáil.
(9)Ina conclúidí an 11 Nollaig 2020, luaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh an tAontas sprioc 2030 a shaothrú le chéile sa bhealach is costéifeachtaí is féidir, go nglacfaidh na Ballstáit uile páirt san iarracht sin, agus ceisteanna cothroime agus dlúthpháirtíochta á gcur san áireamh, fad agus nach bhfágtar duine ar bith ar lár, agus gur gá sprioc nua 2030 a bhaint amach ar bhealach ina gcoimeádfar iomaíochas an Aontais agus ina gcuirtear san áireamh túsphointí éagsúla agus cúinsí náisiúnta sonracha agus cumas um laghdú astaíochtaí na mBallstát, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le Ballstáit oileánacha agus oileáin, chomh maith leis na hiarrachtaí arna ndéanamh.
(10)D’fhonn an sprioc chun laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, is gá do na hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n‑astaíochtaí a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad -40 % amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005.
(11)Chun na críche sin, is gá an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030 a athbhreithniú i gcás gach Ballstáit. Ba cheart an mhodheolaíocht chéanna a úsáid san athbhreithniú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus a leanadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842 an chéad uair, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtachta difriúla na mBallstát, ionas go n‑áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta. Maidir le laghdú na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa uasta i gcás gach Ballstáit in 2030, ba cheart iad a chinneadh dá bhrí sin i ndáil le leibhéal a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán seo, leibhéil ina n‑eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh i gcóras trádála astaíochta an Aontais tar éis 2005.
(12)Mar thoradh air sin, beidh gá le teorainneacha náisiúnta ceangailteacha nua a shocrú, ón mbliain a ghlacfar an Rialachán seo, ar teorainneacha iad a léireofar mar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, lena rachfar i dtreo sprioc 2030 i gcás gach Ballstáit ar bhonn céimnitheach, fad agus a choimeádtar i bhfeidhm na teorainneacha bliantúla arna mbunú le haghaidh na mblianta roimhe sin mar a shocraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún.
(13)Tá paindéim COVID‑19 tar éis tionchar a imirt ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal astaíochtaí an Aontais ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar leibhéal na n‑astaíochtaí. De dheasca na n‑ábhar éiginnteachta sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí maidir le hastaíochtaí in 2025, agus na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a choigeartú más gá.
(14)Is iomchuí dá bhrí sin na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta in 2025 le haghaidh na mblianta 2026 go 2030. Ba cheart é sin a bhunú ar athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na sonraí ó na fardail náisiúnta chun meán na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa do gach Ballstát le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023 a chinneadh.
(15)Faoi Rialachán (AE) 2018/842, féadfar cur ar ceal líon teoranta lamháltas astaíochtaí i gcóras trádála astaíochta an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh maidir le comhlíontacht i gcás roinnt de na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2018/842. I ngeall ar struchtúr sonrach gheilleagar Mhálta, is airde i bhfad sprioc laghdaithe náisiúnta an Bhallstáit sin bunaithe ar Olltáirgeacht Intíre per capita ná a chumas dí‑ocsaídithe costéifeachtach, is iomchuí dá bhrí sin rochtain Mhálta ar an tsolúbthacht sin a mhéadú, gan cur isteach ar sprioc 2030 an Aontais maidir le laghduithe astaíochtaí.
(16)Sa bhreis ar an tsolúbthacht sin, féadfar líon teoranta glanaistrithe agus glanastaíochtaí ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (‘LULUCF’) a chur san áireamh maidir le comhlíontacht na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/842 (‘solúbthacht LULUCF’). Chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí maolúcháin leordhóthanacha suas go dtí 2030, is iomchuí úsáid sholúbthacht LULUCF a theorannú trí úsáid na solúbthachta sin a dheighilt in dhá thréimhse ama ar leithligh, tréimhsí a dhéantar a uasteorannú le teorainn a chomhfhreagraíonn do leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842. Is iomchuí freisin teideal Iarscríbhinn III a thabhairt i gcomhréir leis an leasú ar Rialachán (AE) 2018/841 a rinneadh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2020. Mar thoradh air sin, ní gá do Rialachán (AE) 2018/842 foráil a dhéanamh a thuilleadh maidir le bunús dlí lena gceadaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun teideal Iarscríbhinn III a ghabhann leis a leasú. Ba cheart Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/842 a scriosadh dá bhrí sin.
(17)Agus teacht isteach córais comhlíontachta níos láidre le Rialachán (AE) 2018/841 ón 2026 amach á chur san áireamh, is iomchuí díothú a dhéanamh ar asbhaint na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa arna nginiúint ag gach Ballstát sa tréimhse 2026 go 2030 san earnáil talún de bhreis ar a aistrithe. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 9(2) a leasú dá réir sin.
(18)Le socrú spriocanna níos uaillmhianaí faoi Rialachán (AE) 2018/841, laghdófar acmhainneacht na mBallstát glanaistrithe a ghiniúint is féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, leis an deighilt ar úsáid sholúbthacht LULUCF in dhá thréimhse ama ar leithligh, déanfar infhaighteacht glanaistrithe a theorannú a thuilleadh chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, féadfaidh roinnt Ballstát deacrachtaí a bheith acu a spriocanna a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842, fad agus a fhéadfaidh roinnt Ballstát, bíodh na Ballstáit chéanna iad nó Ballstáit eile, glanaistrithe a ghiniúint nach féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Fad agus a chomhlíontar oibleagáidí an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, go háirithe maidir leis an teorainn uasta ar rannchuidiú glanaistrithe, is iomchuí sásra deonach nua a chruthú, i bhfoirm cúlchiste bhreise, lena gcuideofar leis na Ballstáit a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh.
(19)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/842 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2018/842 mar a leanas:
(1)In Airteagal 1, cuirtear ‘30 %’ in ionad ‘40 %’;
(2)In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó chatagóirí foinse IPCC fuinnimh, próiseas tionsclaíocha, úsáide táirgí, talmhaíochta agus dramhaíola arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, lena n‑eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, seachas an ghníomhaíocht “iompar muirí”.
* Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(3)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. Faoi réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo agus de réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) de, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur i bhfeidhm Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát:
(a) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2021 agus 2022 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair laghdaithe líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin.
(b) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023, 2024 agus 2025 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí an Bhallstáit sin, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo don bhliain sin, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;
(c) nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2026 go 2030 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2024 le meán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023, arna thíolacadh ag an mBallstát de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO2 i gcomhréir leis na conairí laghdaithe líneacha a leagtar amach i mír 2.
Do na blianta 2021 agus 2022, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus léireoidh sé luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit a úsáideadh chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a chinneadh.
Do na blianta 2023, 2024 agus 2025, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus luachanna athbhreithnithe na sonraí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2016, 2017 agus 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír.
Do na blianta 2026 go 2030, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2021, 2022 agus 2023 arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999.
(4)in Airteagal 6, cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:
‘3a. Tabharfaidh Málta fógra don Choimisiún faoi 31 Nollaig 2023 má tá rún aige úsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais EU ETS dá dtagraítear i mír 1, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse 2025 go 2030 le haghaidh a chomhlíontachta faoi Airteagal 9’.
(5)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Úsáid bhreise glan‑aistrithe ó LULUCF’
(b)
leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:
‘A mhéid a sháróidh astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do bhliain áirithe, lena n‑áirítear aon leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chuirtear i dtaisce de bhun Airteagal 5(3) den Rialachán seo, féadfar cainníocht dar luach suas le suim na nglan‑aistrithe iomlána agus na nglan‑astaíochtaí iomlána ó chatagóirí cuntasaíochta talún comhcheangailte a chumhdaítear le raon feidhme Rialachán (AE) 2018/841 a chur san áireamh i ndáil le comhlíonadh an Bhallstáit sin faoi Airteagal 9 den Rialachán seo don bhliain sin, ar na coinníollacha seo a leanas:’.
(ii)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) nach mó an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta 2021 go 2025 ná leath an uasmhéid glan‑aistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin;
(aa) nach mó an chainníocht charnach a chuirfear san áireamh i gcás an Bhallstáit sin do na blianta 2026 go 2030 ná leath an uasmhéid glan‑aistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin;’.
(iii)
scriostar mír 2.
(6)In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa sin, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.’.
(7)Cuirtear isteach an t‑airteagal seo a leanas:
‘Airteagal 11a
Cúlchiste breise
1. Más rud é go laghdaíonn an tAontas glanastaíochtaí gás ceaptha teasa 55 % ar a laghad faoin 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, agus uasmhéid an rannchuidithe ó ghlan‑aistrithe á chur san áireamh, bunófar cúlchiste breise i gclárlann an Aontais.
2. Maidir leis na Ballstáit a chinneann gan rannchuidiú leis an gcúlchiste breise ná tairbhiú de, tabharfaidh siad fógra maidir lena gcinneadh don Choimisiún tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Is é a bheidh sa chúlchiste breise glan‑aistrithe arna nginiúint ag na Ballstáit rannpháirteacha sa tréimhse 2026 go 2030 de bhreis ar a spriocanna ar leithligh de bhun Rialachán (AE) 2018/841, tar éis an dá ní seo a asbhaint:
(a)aon solúbthacht arna húsáid faoi Airteagal 11 go hAirteagal 13b de Rialachán (AE) 2018/841;
(b)na cainníochtaí arna gcur san áireamh le haghaidh comhlíontachta de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo.
4. Má bhunaítear cúlchiste breise de bhun mhír 1, féadfaidh Ballstát rannpháirteach tairbhiú de má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)sáraíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse 2026 go 2030;
(b)tá na solúbthachtaí de bhun Airteagal 5(2) agus (3) ídithe ag an mBallstát;
(c)tá an úsáid is mó is féidir bainte ag an mBallstát as glan‑aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 7, fiú más lú an chainníocht sin ná an leibhéal a shocraítear in Iarscríbhinn III; agus
(d)níl aon ghlan‑aistriú déanta ag an mBallstát chuig Ballstáit eile faoi Airteagal 5.
5. Aon Bhallstát a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, tabharfar dó, as an gcúlchiste breise, cainníocht bhreise is ionann agus a ghannchion, lena húsáid le haghaidh comhlíontachta faoi Airteagal 9.
Maidir leis an gcainníocht charnach sin a bheidh le fáil ag na Ballstáit go léir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, más rud é go sáraíonn sí an chainníocht a leithdháiltear don chúlchiste breise faoi mhír 3 den Airteagal seo, déanfar an chainníocht a bheidh le fáil ag gach ceann de na Ballstáit sin a laghdú ar bhonn pro rata.’
** Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(8)Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842;
(9)In Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála maidir le Málta:
|
Céatadán uasta astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(3)
|
‘Málta
|
7 %’
|
(10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn III:
‘GLAN‑AISTRITHE IOMLÁNA Ó NA CATAGÓIRÍ TALÚN A CHUMHDAÍTEAR LE RIALACHÁN (AE) 2018/841 AR FÉIDIR LEIS NA BALLSTÁIT IAD A CHUR SAN ÁIREAMH MAIDIR LE COMHLÍONADH DON TRÉIMHSE 2021 GO 2030 DE BHUN PHOINTE (a) D’AIRTEAGAL 7(1) DEN RIALACHÁN SEO’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
Ábhar
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
1.4.2.Cuspóirí sonracha
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Gníomhaíocht ar son na hAeráide
Ceannteideal 3 Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
Teideal 9 - An Comhshaol agus Gníomhaíocht ar son na hAeráide
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
✓ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Tá an togra ina chuid de phacáiste Aeráide agus Fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’ na bliana 2030 chun sprioc 2030 an Aontais i leith laghduithe ‑55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach i gcomparáid le 1990 ar bhonn intíre agus ar bhealach costéifeachtach agus chun rannchuidiú leis an téamh domhanda a theorannú. Comhlíontar oibleagáid an Choimisiúin leis an bpacáiste, a shocraítear in Airteagal 3 den Dlí Aeráide Eorpach, maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht ábhartha an Aontais chun gur féidir an sprioc thuasluaite a bhaint amach.
Leis an togra seo déantar na spriocanna comhchoiteann agus na spriocanna náisiúnta maidir le laghdú astaíochtaí atá le baint amach in 2030 ag na hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a athbhreithniú agus a thabhairt chothrom le dáta agus déantar coigeartú dá réir sin ar a chreat agus ar a shásraí solúbthachta.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Rannchuidiú le sprioc 2030 laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leis an gcuspóir aeráidneodrachta faoi 2050 trí bhíthin faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus seiceáil a dhéanamh ar chomhlíontacht na mBallstát lena n‑oibleagáidí maidir le laghdú astaíochtaí faoin togra chun laghdú 40 % ar fud an Aontais a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnálacha ESR i gcomparáid le 2005 ar bhealach atá cothrom costéifeachtach agus ina n‑áirithítear sláine comhshaoil.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Faoin togra seo, bainfear laghdú 40 % amach faoin mbliain 2030 le hais 2005 ar fud an Aontais Eorpaigh i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa in earnálacha ESR.
Leis an togra seo socraítear spriocanna náisiúnta ESR bunaithe den chuid is mó ar OTI per capita, chun cothroime agus costéifeachtacht a áirithiú maidir le dáileadh iarrachta, fad is a éascaítear na spriocanna sin a bhaint amach go costéifeachtach trína sholúbthachtaí.
Tá an togra á dhíriú ar na Ballstáit ina gcáil mar ghníomhaithe institiúideacha. Ó tharla gur ar an leibhéal náisiúnta atá an togra atá á bheartú le cur chun feidhme, is lena gcórais riaracháin náisiúnta a bhaineann sé den chuid is mó. Is mar thoradh ar chineál agus raon feidhme na mbeart náisiúnta a roghnóidh na Ballstáit chun an beartas a chur chun feidhme a chinnfear cé acu de na páirtithe leasmhara a n‑imreofar tionchar orthu.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Táscaire Uimh. 1: Leibhéal an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach ó na hearnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo.
Táscaire Uimh. 2: Leibhéal na laghduithe ar astaíochtaí sna Ballstáit.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Comhlíonfaidh na Ballstáit a gcuid spriocanna laghdaithe astaíochtaí náisiúnta in 2030. Cuirfidh siad chun feidhme, ar an leibhéal náisiúnta, pé beartais agus bearta, maille le socruithe dlíthiúla agus riaracháin, is gá chun go mbeidh siad i gcomhréir leis an togra.
Tá an Coimisiún chun na bearta ábhartha cur chun feidhme a fhorbairt, lena n‑áirítear leithdháiltí bliantúla astaíochtaí nua do na blianta 2023, 2024 agus 2025 a shocrú, chomh maith le i ndiaidh athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar na sonraí ó na fardail do na blianta 2026 go 2030.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Fadhb thrasteorann é an t‑athrú aeráide. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na gníomhaíochta atá á beartú a bhaint amach go leordhóthanach ag gníomhú dóibh ina n‑aonar, tá údar leis – ar fhoras na coimhdeachta – go ndéanfaí an ghníomhaíocht ar son na haeráide a chomhordú ar an leibhéal Eorpach agus, i gcás inar féidir, ar an leibhéal domhanda. Beidh an tAontas agus na Ballstáit rannpháirteach le chéile maidir le Comhaontú Pháras a chur chun feidhme. Cuireann gníomhaíocht chomhpháirteach ar a chumas don Aontas aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna an chothromais agus na héifeachtúlachta araon, agus sprioc uaillmhianach chomhshaoil á baint amach. In Airteagail 191 go 193 de CFAE, deimhnítear inniúlachtaí an Aontais i réimse an athraithe aeráide.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Mar thoradh ar chur chun feidhme agus feidhmiú an chreata um Chomhroinnt Díchill (trí Chinneadh Uimh. 406/2009/CE i dtosach agus tríd an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill ina dhiaidh - atá le leasú leis an togra seo), tá na Ballstáit níos gníomhaí anois maidir le bearta nua a mheas chun astaíochtaí a laghdú in earnálacha agus maidir leis an gcaoi is fearr chun iad a dhearadh.
Agus na pleananna agus bearta náisiúnta atá anois ann arna gcur chun feidhme, táthar ag tuar go mbeidh astaíochtaí iomlána AE‑27 laghdaithe 30 % in 2030 de réir réamh‑mheastacháin gás ceaptha teasa náisiúnta chomhiomlánaithe. In 2019, d’ullmhaigh na Ballstáit uile a bPleananna Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide críochnaitheacha. Agus na bearta beartaithe nó na huaillmhianta luaite sna Pleananna Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide críochnaitheacha á gcur chun feidhme, meastar laghdú foriomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais ag 41 %, agus mar sin tagann sé leis an sprioc atá ann faoi láthair laghdú 40 % ar a laghad a bhaint amach.
Le ESR a athchoigeartú agus a athbhreithniú, cuirfear feabhas eile fós ar rannpháirtíocht na mBallstát san iarracht chomhchoiteann chun an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide a uas‑scálú.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an togra mar chuid de phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ina dtógtar le chéile tacar tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach laistigh den Chreat Aeráide agus Fuinnimh lena gcuirfear ar a chumas don Aontas glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030, mar a cheanglaítear faoin Dlí Aeráide Eorpach.
Beidh an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 ina gcuidiú i dtreo na n‑aistrithe éiceolaíocha agus digiteacha a bhfuil sé d’aidhm ag an Eoraip a bhaint amach. Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach freisin le beartais an Aontais maidir le geilleagar glan ciorclach, an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste, an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc, straitéis bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, an plean gníomhaíochta atá le teacht um uaillmhian maidir le truailliú nialasach chomh maith le seasamh an Aontais go hidirnáisiúnta agus a Thaidhleoireacht um Chomhaontú Glas don Eoraip.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
◻ tréimhse theoranta
–◻
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
✓ tréimhse neamhtheoranta
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
✓ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
✓ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;
◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.
Nótaí
Leis an togra seo leantar leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill agus na hoibleagáidí céanna faireacháin agus tuairiscithe ann do na Ballstáit agus na cúraimí bainistíochta céanna ann don Choimisiún. Leanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil de bheith ag tacú leis an gCoimisiún i dtaca le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtaca lena gcuid oibleagáidí faoin togra a chomhlíonadh.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Beidh comhlíontacht ag brath ar an gcreat cuimsitheach faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe atá ann cheana a leagtar síos i bpáirt sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill agus i bpáirt i Rialachán (AE) 2018/1999 (‘An Rialachán maidir le Rialachas’) agus ina bhforálacha cur chun feidhme.
Chun a áirithiú go bhfuil an measúnú comhlíontachta á dhéanamh ar bhonn sonraí cruinne, leanfar d’athbhreithniú an Choimisiúin ar na fardail astaíochtaí gás ceaptha teasa a thíolacann na Ballstáit. Leanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil de bheith ag comhordú rialú na faisnéise a thíolacfar i dtaca le trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Neamhbhainteach - Ní chuirtear clár airgeadais nua chun feidhme leis an togra ach ceaptar beartas fadtéarmach leis. Ní bhaineann modh bainistíochta, sásraí chun cistiú a chur chun feidhme, módúlachtaí íocaíochta agus straitéis rialaithe i ndáil le rátaí earráide le hábhar. Chun an togra seo a chur chun feidhme, beidh gá le hacmhainní daonna a athshannadh laistigh den Choimisiún. Tá nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Ballstáit nach dtuairiscíonn a n‑astaíochtaí bliantúla gás ceaptha teasa nó nach dtuairiscíonn in am iad.
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
Ní eascraíonn rialuithe/rioscaí suntasacha nua nach gcumhdófaí le creat rialaithe inmheánaigh atá ann cheana féin mar gheall ar an tionscnamh seo. Níor beartaíodh aon bheart sonrach eile seachas chur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Is ag brath ar chóras seanbhunaithe atá ann cheana féin chun rialú cáilíochta agus fíorú a dhéanamh ar na tuarascálacha bliantúla maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát atá an faireachán ar dhul chun cinn na mBallstát i dtaca lena ngealltanais faoin togra seo. Áirithítear leis sin go dtugtar aghaidh ar aon bhearna nó ar aon mhírialtacht i dtaca leis na sonraí astaíochta tuairiscithe agus go gceartaítear iad in am don tseiceáil ar chomhlíonadh.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana féin
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
Dif./Neamhdhif. [1]
|
ó thíortha de chuid CSTE[2]
|
ó thíortha is iarrthóirí[3]
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
3
|
09 01 01 01
|
Neamhdhif.
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
09 02 03
|
LD
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
20 01 02 01
|
Neamhdhif.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
20 02 06 01
|
Neamhdhif.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
20 02 06 02
|
Neamhdhif.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
20 02 06 03
|
Neamhdhif.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh: Níl sé infheidhme.
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–✓
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
3
|
‘acmhainní nádúrtha agus an comhshaol’
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: CLIMA
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
09 02 03
|
Gealltanais
|
(1)
|
1,750
|
|
|
|
|
1,750
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
|
0,700
|
1,050
|
|
|
1,750
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
09 01 01 01
|
|
(3)
|
|
|
0,467
|
0.042
|
0.092
|
0.601
|
IOMLÁN na leithreasuithe i gcomhair AS CLIMA
|
Gealltanais
|
= 1 + 3
|
1,750
|
|
0,467
|
0,042
|
0,092
|
2,351
|
|
Íocaíochtaí
|
= 2 + 3
|
|
0,700
|
1,517
|
0,042
|
0,092
|
2,351
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
1,750
|
|
0,467
|
0.042
|
0,092
|
2,351
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
0,700
|
1.517
|
0,042
|
0,092
|
2,351
|
IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
= 4 + 6
|
1,750
|
|
0,467
|
0,042
|
0,092
|
2,351
|
|
Íocaíochtaí
|
= 5 + 6
|
|
0,700
|
1517
|
0,042
|
0,092
|
2,351
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
Chun an roinn seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach
(Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
Ard-Stiúrthóireacht: CLIMA
|
|
Ÿ Acmhainní daonna
|
0,465
|
0,474
|
0,484
|
0,494
|
0,503
|
2,421
|
Ÿ Caiteachas riaracháin eile
|
0,055
|
0,107
|
0,107
|
-
|
-
|
0,269
|
IOMLÁN AS CLIMA
|
Leithreasuithe
|
0,520
|
0,581
|
0,591
|
0,494
|
0,503
|
2,689
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
0,520
|
0,581
|
0,591
|
0,494
|
0,503
|
2,689
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
2,270
|
0,581
|
1,058
|
0,536
|
0,595
|
5,040
|
|
Íocaíochtaí
|
0,520
|
1,281
|
2,108
|
0,536
|
0,595
|
5,040
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
iomlán
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
líne bhuiséid
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
cuspóir sonrach ESR
|
|
- modhnuithe ar Chlárlann an Aontais
|
|
Conarthaí Seirbhíse
|
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
0 075
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
0 075
|
|
|
QTM, Extramuros, trealamh
|
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
0,350
|
|
0 000
|
|
0,050
|
|
0,400
|
- síneadh ar an Deasc freastail
|
|
Conarthaí Seirbhíse
|
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
|
QTM, Extramuros, trealamh
|
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
0,042
|
|
0,042
|
|
0,042
|
|
0,126
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach ESR
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
0,467
|
|
0,042
|
|
0,092
|
|
0,601
|
IOMLÁN
|
|
0 000
|
|
0 000
|
|
0,467
|
|
0,042
|
|
0,092
|
|
0,601
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh cur chun feidhme leithreasuithe de chineál riaracháin
–✓
Éilíonn an togra/tionscnamh cur chun feidhme leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0,465
|
0,474
|
0,484
|
0,494
|
0,503
|
2,421
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,055
|
0,107
|
0,107
|
-
|
-
|
0,269
|
Fo-iomlán de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
0,520
|
0,581
|
0,591
|
0,494
|
0,503
|
2,689
|
|
|
|
|
|
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7[1] den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
-
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,520
|
0,581
|
0,591
|
0,494
|
0,503
|
2,689
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’
fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–✓
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Ÿ Poist sa phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
Ÿ Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE)[1]
|
20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz [2]
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
2 AD: Ríomh Leithdháiltí Nua Bliantúla Astaíochtaí 2023‑2030, agus an gníomh cur chun feidhme comhfhreagrach ón gCoimisiún.
Athbhreithniú Cuimsitheach 2025 agus 2027 ar Fhardail (bainistíocht conartha agus gníomhartha cur chun feidhme gaolmhara).
Anailís Ghnó do choigeartuithe TF agus oibriú na ngnéithe nua i gClárlann an Aontais ina dhiaidh sin. Éirim Ghnó agus Oibleagáidí tuairiscithe. Bainistíocht Caidreamh Custaiméirí agus comhordú acmhainní nua Deisce Freastail
1 AD: Fothú acmhainneachta Ballstát chun straitéisí laghdaithe astaíochtaí a dhearadh. Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt cothrom le dáta faoin Rialachán maidir le Rialachas chun dlús a chur lena mbeartais agus a mbearta náisiúnta aeráide, chun na laghduithe astaíochtaí a bhfuil gá leo faoi 2030 a spreagadh.
|
Pearsanra seachtrach
|
-
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–✓
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
tabhófar an caiteachas laistigh d’imchlúdach LIFE
–◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
–◻
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–✓
ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe
–◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–✓
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam eile
–má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
Bliain
2023
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
|
Iomlán
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).