An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 554 final/2

2021/0201(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2021) 554 final} - {SWD(2021) 551 final} - {SWD(2021) 609 final} - {SWD(2021) 610 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

   Forais agus cuspóirí an togra

Leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, 1 seoladh straitéis nua fáis don Aontas arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch, atá tíosach ar acmhainní. Athdhearbhaítear léi uaillmhian an Choimisiúin chun a spriocanna aeráide a mhéadú agus go mbeadh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach faoi 2050. Thairis sin, tá sé d’aidhm léi freisin sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise tionchar tromchúiseach phaindéim COVID‑19 ar shláinte agus ar fholláine eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.

Dúshlán práinneach is ea é dul i ngleic leis an athrú aeráide. I gcomhréir leis na torthaí eolaíocha sa Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), ní mór astaíochtaí domhanda glan‑nialasacha CO2 (neodracht charbóin) a bhaint amach thart ar 2050, agus neodracht maidir le gach gás ceaptha teasa eile níos déanaí sa chéad. Is gá don Aontas a ghníomhaíocht a mhéadú mar gheall ar an dúshlán práinneach seo agus ceannaireacht dhomhanda a léiriú trína bheith aeráidneodrach faoi 2050. Leagtar amach an cuspóir sin sa Teachtaireacht ‘Pláinéad Glan do Chách’ – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua‑aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de. 2  

Bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach, moladh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le hUaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a ghéarú go n‑ardófaí uaillmhian 3 an Aontais agus moladh plean cuimsitheach leis an Teachtaireacht freisin chun sprioc cheangailteach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 a mhéadú i dtreo laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí, agus sin a dhéanamh ar bhealach freagrach. Ach uaillmhian 2030 a ardú anois, tugtar cinnteacht do lucht ceaptha beartas agus d’infheisteoirí, ionas nach mbeidh mar thoradh ar chinntí a dhéanfar sna blianta romhainn ceangal a chur ar leibhéil astaíochtaí, rud a bheadh neamhréireach le cuspóir an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Tá sprioc 2030 i gcomhréir leis an gcuspóir i gComhaontú Pháras chun an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C agus iarrachtaí a dhéanamh é a choimeád faoi bhun 1.5 °C.

Moltar sa Teachtaireacht bogadh i dtreo rannchuidiú níos déine ón earnáil LULUCF agus, mar chéim bhreise, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa neamh‑CO2 ón talmhaíocht a mheascadh le hearnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta, dá bharr sin ag cruthú earnáil talún rialaithe nua (lena gcuimsítear astaíochtaí agus aistrithe ó earnáil na talmhaíochta, na foraoiseachta agus ó úsáid talún eile). Is féidir leis seo sineirgí a chur chun cinn idir gníomhaíochtaí maolaithe talamhbhunaithe agus ceapadh beartas agus cur chun feidhme beartais níos comhtháite a chumasú ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Léirítear san anailís atá mar bhonn taca faoin Teachtaireacht go mbeadh sé de chumas ag earnáil na talún a bheith aeráidneodrach faoi thimpeall 2035 ar bhealach costéifeachtach, agus ina dhiaidh sin go nginfí níos mó aistrithe CO2 ná astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Thacaigh an Chomhairle Eorpach le sprioc nua cheangailteach an Aontais le haghaidh 2030 ag a cruinniú i mí na Nollag 2020 4 . D’iarr sí freisin ar an gCoimisiún ‘a mheas cad é an bealach is fearr ar féidir leis na hearnálacha eacnamaíocha uile rannchuidiú le sprioc 2030 agus na tograí is gá a dhéanamh, lena ngabhfaidh mionscrúdú ar an tionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta ar leibhéal na mBallstát, agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar sholúbthachtaí atá ann cheana’.

Chuige sin, tá sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht ceangailteach mar gheall ar an Dlí Aeráide Eorpach, mar a comhaontaíodh leis na comhreachtóirí, agus ardófar uaillmhian 2030 dá bharr tríd an sprioc a shocrú maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 1990.

Chun an chonair a mholtar sa Dlí Aeráide Eorpach a leanúint, agus an leibhéal uaillmhéine méadaithe sin a sheachadadh le haghaidh 2030, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir leis an aeráid agus le fuinnimh atá i bhfeidhm faoi láthair, lena bhfuil coinne go mbeidh laghdú 40 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus laghdú 60 % faoi 2050 de thoradh uirthi.

an pacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ seo, mar a fógraíodh i bplean um Sprioc Aeráide an Choimisiúin, ar an mbloc tógála is cuimsithí sna hiarrachtaí chun sprioc aeráide uaillmhianach nua a chur chun feidhme le haghaidh 2030, agus beidh ar gach earnáil agus beartas eacnamaíoch rannchuidiú leis.

Glacadh leis an gcreat rialála tosaigh d’earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (LULUCF), mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/841, in 2018 agus cumhdaítear ann astaíochtaí agus aistrithe CO2 agus astaíochtaí gás ceaptha teasa CH4 agus N2O mar thoradh ar bhainistíocht talún, foraoisí agus bithmhaise le linn na tréimhse ó 2021 go dtí 2030. Rannchuidíonn sé le sprioc an Aontais maidir le laghdú 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 1990, trína áirithiú nach sáraíonn suim na n‑astaíochtaí iomlána suim na n‑aistrithe iomlána arna ngineadh ag an earnáil tar éis na rialacha cuntasaíochta a chur i bhfeidhm agus an tsolúbthacht leis an earnáil ‘comhroinnte díchill’ (nó ESR) a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/842.

Tá sé mar aidhm leis an togra Rialachán (AE) 2018/841 a leasú mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ rannchuidiú earnáil LULUCF le huaillmhian aeráide foriomlán méadaithe le haghaidh 2030 a láidriú. Chuige sin, féachann an togra leis an méid seo a leanas a dhéanamh: leagtar amach ann sprioc foriomlán an Aontais de ghlanaistrithe gás ceaptha teasa san earnáil LULUCF chuig 310 milliún tona de choibhéis CO2 in 2030; atreisítear ann an oibleagáid do Bhallstáit pleananna maolaithe comhtháite a chur isteach le haghaidh earnáil na talún agus breisítear ann na ceanglais faireacháin ag baint úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha; ailínítear ann na cuspóirí le tionscnaimh bheartais lena mbaineann an bhithéagsúlacht agus an bithfhuinneamh; cinntear ann sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht le haghaidh 2035 in earnáil na talún (ina gcomhcheanglaítear earnáil LULUCF agus an earnáil talmhaíochta neamh‑CO2); agus tugtar gealltanas ann go ndéanfaidh an Coimisiún tograí le haghaidh rannchuidithe náisiúnta le sprioc 2035 faoi 2025.

Ní thugtar isteach leis an leasú a mholtar ach mionathruithe, nach bhfuil substaintiúil, i gcreat rialála LULUCF don chéad tréimhse comhlíontachta, i.e. ó 2021 go 2025. I gcodarsnacht leis sin, tarlóidh athrú suntasach le tús na dara tréimhse comhlíontachta ó 2026 go 2030. D’fhonn cur chun feidhme agus comhlíontacht a shimpliú, ní chuirfear na rialacha cuntasaíochta talún atá spreagtha ag Kiótó i bhfeidhm a thuilleadh tar éis 2025, agus déanfar an tsolúbthacht idir LULUCF agus na hearnálacha ‘comhroinnte díchill’ a choigeartú, i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach. Dáilfear sprioc foriomlán an Aontais maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa 310 milliún tona de choibhéis CO2 idir Ballstáit mar spriocanna náisiúnta bliantúla don tréimhse ó 2026 go 2030, agus bunófar é ar na hastaíochtaí agus na haistrithe a thuairiscítear sna fardail gás ceaptha teasa agus sna réimsí talún bainistithe. Tabharfar isteach córas nua rialachais ar chomhlíontacht na sprice agus déanfar an sásra solúbthachta úsáide talún a théann i ngleic le riosca neamhchomhlíonta ag Ballstáit a choigeartú. Ó 2031 amach, leathnófar raon feidhme an Rialacháin chun astaíochtaí neamh‑CO2 ón earnáil talmhaíochta a áireamh, rud lena gcumhdófar dá bhrí sin creat uile na hearnála talún den chéad uair le haon ionstraim beartais aeráide amháin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Céim chuimsitheach is ea an pacáiste aeráide agus fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’ chun reachtaíocht an Aontais a ollchóiriú lena ailíniú le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais. Tá gach tionscnamh sa phacáiste idirnasctha go dlúth.

Tá an togra reachtach seo comhlántach leis na tograí arna ndéanamh sa phacáiste agus coinníonn sé comhsheasmhacht ar bun le:

(a)Athbhreithniú ar Threoir AE maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (ETS) 2003/87/CE 5 ;

(b)Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (AE) 2018/842 6 ;

(c)Leasú a ghabhann leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (AE) 2018/2001 7 chun uaillmhian na sprice nua aeráide 2030 a chur chun feidhme;

Tá idirnaisc láidre ann freisin le tionscnaimh eile an Choimisiúin chun aistrithe carbóin bunaithe ar an dúlra a chosaint agus a bhreisiú, ag feabhsú athléimneacht foraoisí an Aontaisdon athrú aeráide, ag athshlánú talamh agus éiceachórais dhíghrádaithe, tailte móna a athfhliuchadh agus an bithgheilleagar a chur chun cinn, lena n‑áirítear táirgí adhmaid lománaithe marthanacha a úsáid, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail éiceolaíocha a chothaíonn an bhithéagsúlacht:

a) Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 8 ;

b) Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol 9 ;

c) [Straitéis Foraoise AE 10 ];

d) [Spriocanna Athchóirithe Dúlra an Aontais] 11 ;

e) Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide 12 ;

f) Straitéis an Aontais Eorpaigh chun Astaíochtaí Meatáin a Laghdú 13 ;

g) [Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh 14 ];

h) Bithgheilleagar Inbhuanaithe don Eoraip 15 ;

i) Plean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach le go mbeadh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche 16 ;

j) Plean Gníomhaíochta Saor ó Thruailliú 17 ;

k) Fís fhadtéarmach le haghaidh Cheantair Thuaithe an Aontais 18 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá tograí an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ comhsheasmhach le gach gníomhaíocht agus beartas de chuid an Aontais agus cuidíonn siad leis an Aontas sprioc mhéadaithe 2030 a bhaint amach mar aon le haistriú rathúil cóir i dtreo chuspóir na haeráidneodrachta 2050, mar a luaigh an Coimisiún sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Dá réir sin, tá an tionscnamh seo nasctha le go leor réimsí beartais eile, lena n‑áirítear beartais sheachtracha an Aontais.

Tá an Coimisiún ag cur feabhas ar a threoirlínte maidir le rialáil níos fearr agus a uirlisí tacaíochta agus é mar chuspóir aige go bhfreastalóidh gach tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh ar mhionn glas ‘na neamhdhíobhála’. 

Tacaíonn an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil le Ballstáit chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme. Cuirtear an tacaíocht seo ar fáil arna iarraidh agus cumhdaíonn sé raon leathan réimsí beartais, lena n‑áirítear Pleananna Téarnaimh Athléimneachta, an t‑aistriú glas agus saincheisteanna a bhaineann le LULUCF.

Tá an earnáil LULUCF nasctha le gach éiceachóras agus gníomhaíocht eacnamaíoch a bhraitheann ar an talamh agus ar na seirbhísí a sholáthraíonn sí. Dá bhrí sin, cuireann Rialachán LULUCF sineirgí i láthair le beartais eile an Aontais a chumhdaíonn gníomhaíochtaí a bhaineann leis an talamh, go príomha an Comhbheartas Talmhaíochta 19 , beartais chomhshaoil agus an beartas fuinnimh, go háirithe i ndáil leis an bhfuinneamh inathnuaite.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí don togra seo. I gcomhréir le hAirteagal 191 agus 192(1) CFAE, rannchuideoidh an tAontas Eorpach, inter alia, leis na cuspóirí a leanas a shaothrú: cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó fadhbanna comhshaoil ar fud an domhain, agus go háirithe leis an athrú aeráide a chomhrac.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach) 

Is fadhb thrasteorann é an t‑athrú aeráide, nach féidir a réiteach le gníomhaíochtaí náisiúnta nó áitiúla amháin. Ní mór gníomhaíocht ar son na haeráide a chomhordú ar an leibhéal Eorpach agus, i ngach cás inar féidir é, ar an leibhéal domhanda. Tá údar le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach ar fhorais na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ó 1992 i leith, tá an tAontas Eorpach ag obair chun réitigh chomhpháirteacha a fhorbairt agus gníomhaíocht dhomhanda a thiomáint ar aghaidh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Go sonrach, le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, déanfar foráil maidir leis na cuspóirí laghdaithe astaíochtaí atá ann le haghaidh 2030 agus maidir leis na cinn fhadtéarmacha a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, agus an chothromaíocht agus sláine an chomhshaoil á n‑áirithiú. In Airteagail 191 go 193 de CFAE, deimhnítear agus sonraítear inniúlachtaí an Aontais i réimse an athraithe aeráide.

Beidh tionchar ag méadú ar sprioc 2030 le haghaidh laghduithe GCT an Aontais ar fhormhór earnálacha, nó go deimhin gach earnáil, ar fud gheilleagar an Aontais. B’fhéidir go mbeadh tuilleadh freagraí beartais in go leor réimsí de dhíth mar gheall ar an méadú ar an sprioc sin, lena n‑áirítear thar bheartas aeráide, foraoiseachta agus úsáide talún. Tá naisc láidre ag na gníomhaíochtaí a ghlacann Ballstáit faoi chreat Rialachán LULUCF le beartais eile, go háirithe talmhaíocht, bithéagsúlacht agus cosaint gnáthóige, oiriúnú, agus freisin beartas fuinnimh de bharr na ngnéithe a bhaineann le fuinneamh inathnuaite. Tá tionchar trasnáisiúnta ag na hidirspleáchais idir na beartais éagsúla lena mbaineann agus cinntear spriocanna laghdaithe astaíochtaí agus aistrithe de réir an Bhallstáit, agus leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1999 na prionsabail, ar a mbunóidh na Ballstáit tuairisc ar a ngnóthachain agus a dtomhaisfidh siad a ndul chun cinn i dtreo a spriocanna aonair agus spriocanna an Aontais ina n‑iomláine a bhaint amach 20 . Tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais fíor‑riachtanach agus tá deis is bhfad níos mó ag beartais chomhordaithe an Aontais a bheith ina mbunús le fíor‑chlaochlú i dtreo geilleagar aeráidneodrach faoi 2050.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí i ndáil le sprioc an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don tréimhse 2021 go 2030 a bhaint amach ar bhealach atá costéifeachtach, fad is a áirithítear cothroime agus sláine comhshaoil an tráth céanna.

Leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach sprioc cheangailteach aeráide an Aontais do 2030 maidir le laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030. Cumhdaíonn an togra seo cuid mhór de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa seo, agus déantar athbhreithniú ar Rialachán LULUCF seo d’fhonn an cuspóir seo a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Is é an bealach is fearr le cuspóirí an togra reatha a shaothrú ná trí leasú a dhéanamh ar an Rialachán LULUCF reatha, trína dtugtar athruithe isteach ar an gcreat reachtach bunaithe d’fhonn uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais a shroicheadh agus chun infheidhmeacht dhíreach agus aonfhoirmeach na bhforálacha a áirithiú ar fud an Aontais an tráth céanna.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tháinig an Rialachán LULUCF i bhfeidhm in 2018 ach tá feidhm leis ó thús 2021, dá bhrí sin ní dhearnadh ach na chéad chéimeanna go nuige seo chun ullmhú dá chur chun feidhme; cuireadh roinnt dúshláin chur chun feidhme i dtábhacht leis na gníomhaíochtaí sin. Go háirithe, léiríodh san anailís ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna) 21 mar a chuir na Ballstáit isteach iad ag deireadh 2019 nach gcaitear go fóill leis an earnáil LULUCF amhail agus gur comhpháirt chomhtháite de straitéisí aeráide na mBallstát í. Le linn an phróisis maidir le Leibhéil Tagartha Foraoise a bhunú le haghaidh gach Ballstáit, nochtadh na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme na rialach cuntasaíochta casta sin, agus cuireadh i dtábhacht i ngníomhaíochtaí tógála cumais chun tacú le líon mór Ballstát ullmhú do chur chun feidhme Rialachán LULUCF na dúshláin a bhaineann leis na bearnaí i gcórais náisiúnta faireacháin agus tuairiscithe.

Comhairliúcháin le geallsealbhóirí

Foilsíodh an Measúnú ar Thionchar Tionscanta i gcomhair aiseolais an 29 Deireadh Fómhair 2020 ar feadh ceithre seachtaine, agus fuarthas 93 fhreagra ar an iomlán. Thairis sin, chun faisnéis a bhailiú agus trédhearcacht níos mó a áirithiú, d’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí le haghaidh gach ceann de na tograí ón 13 Samhain 2020 go 5 Feabhra 2021; tháinig freagraí isteach ó 235 dhuine ón gcomhairliúchán ar an athbhreithniú ar Rialachán LULUCF. Tugadh le fios iontu seo gur rogha le daoine na spriocanna aistrithe níos uaillmhianaí don earnáil LULUCF, rogha a roghnaigh 45 % de fhreagróirí (an lucht léinn, saoránaigh de chuid an Aontais agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha den chuid is mó). Sa dara háit, ba iad spriocanna comhtháite don earnáil talún rogha 35 % de fhreagróirí, ón earnáil phríobháideach den chuid is mó. Ba é láidriú na solúbthachta leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill an rogha thosaíochta i measc 20 % de fhreagróirí, údaráis phoiblí den chuid is mó. Cuirtear achoimre mhionsonraithe den aiseolas leis an Measúnú ar Thionchar Tionscanta agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí i láthair in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair le haghaidh an togra seo.

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá an measúnú cainníochtúil ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil bunaithe ar shamhaltú úsáide talún eacnamaíoch de chuid IIASA le GLOBIOM agus G4M. Cuirtear éilimh dhóchúla bithmhaise ó earnálacha eile san áireamh sa chás beartais (MIX) agus leanann sé toimhdí chás 1.5TECH de straitéis fhadtéarmach an Aontais 22 , 23 . Réamh‑mheastar sa chás MIX go mbeidh an glanlinn LULUCF faoi 2030 ag leibhéil cosúil leis na leibhéil sa tréimhse 2016-2018. Rinneadh samhaltú ar thionchar na mbeart sonrach le haghaidh laghdú astaíochtaí nó aistrithe breisithe le cuair imeallchostais lacáiste. Léiríodh san anailís sin gur féidir méaduithe suntasacha sa linn talún a bhaint amach ag costais réasúnta íseal (EUR 5-10/dtona de CO2). Léiríodh léi freisin go dteastaíonn gníomhaíocht ar gach úsáid talún le haghaidh laghduithe astaíochtaí costéifeachtacha, amhail bainistíocht foraoisí feabhsaithe, foraoisiú, dífhoraoisiú seachanta le haghaidh talamh foraoise, úsáid talún ar ithreacha orgánacha curtha i leataobh agus straitéisí bainistíochta feabhsaithe do thalamh curaíochta ar thalamh talmhaíochta.

Fuarthas faisnéis maidir le rannchuidiú earnáil LULUCF leis an gComhaontú Glas trí chonradh seirbhíse a rinne cuibhreannas saineolaithe seachtracha, inar díríodh, i measc tascanna eile, ar fhadhbanna, ar chuspóirí agus ar roghanna chun Rialachán LULUCF a athbhreithniú agus anailís ar thuarascálacha arna gcur isteach ag Ballstáit faoi Cinneadh LULUCF (529/2013).

Bailíodh faisnéis bhreise trí roinnt staidéar seachtrach amhail staidéar comhlíontachta LULUCF, Tógáil cumais le haghaidh fardail ghás ceaptha teasa, Staidéar píolótach um fheirmeoireacht charbóin, etc.

Measúnú tionchair

Tá na Measúnuithe Tionchair le haghaidh na dtionscnamh difriúil bunaithe ar chásanna samhaltaithe comhtháite lena léirítear idirghníomhaíocht ionstraimí beartais difriúla ar oibreoirí eacnamaíocha, chun comhlántacht, comhleanúnachas agus éifeachtacht a áirithiú maidir le huaillmhian aeráide 2030 agus 2050 a bhaint amach.

Comhlánaítear leis an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo an anailís a rinneadh i measúnú tionchair 2020 ina dtacaítear le Plean um Sprioc Aeráide 2030. Leis sin, cruthaíodh an bonn anailíseach chun an cuspóir a shocrú maidir le glanlaghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990, an cuspóir aeráidneodrachta in earnáil na talún le haghaidh 2035, agus an cuspóir aeráidneodrachta ar fud an Aontais faoi 2050.

Thairis sin, ullmhaíodh agus forbraíodh an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo de réir na treoraíochta agus na moltaí is infheidhme maidir le Rialáil Níos Fearr, de chuid an Bhoird Scrúdúcháin Rialála, a d’eisigh tuairim dhearfach ina leith le hamhrais an 19 Aibreán 2021. Tugadh aghaidh ar na feabhsúcháin a mhol an Bord sa leagan deiridh.

   Fadhbanna agus cuspóirí

Sainaithníodh trí phríomhfhadhb sa Mheasúnú Tionchair, le tiománaithe agus cuspóirí comhfhreagracha.

Is é an chéad fhadhb go bhfuil aistrithe carbóin in earnáil na talún ag laghdú le blianta beaga anuas: mar gheall ar rátaí méadaithe saothraithe a bhaineann le héileamh adhmaid agus aosú foraoisí, astaíochtaí leanúnacha ó ithreacha orgánacha, tubaistí nádúrtha agus easpa dreasachtaí beartais agus airgeadais. Dá réir sin, is é an chéad chuspóir atá leis an togra seo an treocht seo a stopadh agus a chúlú, i gcomhréir le huaillmhian chun earnáil talún aeráidneodrach a bhaint amach in 2035.

Is é an dara fadhb comhtháthú neamhleor earnáil na talún i mbeartais aeráide, mar gheall nach bhfuil aon sprioc chomhtháite ag na hearnálacha Talmhaíochta agus LULUCF, go bhfuil siad cumhdaithe ag dhá phíosa reachtaíochta éagsúla, agus go bhfuil siad nasctha ag na rialacha solúbthachta lenar cuireadh roinnt teorainneacha i láthair. Is é an cuspóir comhfhreagrach creat beartais aeráide cothrom, solúbtha agus comhtháite a áirithiú chun déanamh agus cur chun feidhme beartais éifeachtach a dhreasú, agus chun gníomhaíocht mhaolaithe costéifeachtach agus sineiristeach a bhreisiú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo mar gheall ar an gcumas ard chun sineirgí a mhéadú idir bearta maolaithe aeráide agus bearta cosanta comhshaoil a bhaineann le bainistíocht talún i réimsí faoi thalmhaíocht agus foraoiseacht chomh maith le limistéir nádúrtha agus leathnádúrtha. Cuideoidh athbhunú éiceachóras ar mhórán carbóin chomh maith le húsáid inbhuanaithe ithreacha agus foraoisí le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta.

Is é an tríú fadhb go bhfuil dúshláin chur chun feidhme ag baint leis na rialacha cuntasaíochta, faireacháin agus tuairiscithe mar a leagtar amach sa Rialachán LULUCF reatha: go háirithe, tá an próiseas chun Leibhéil Tagartha Foraoise a bhunú anróiteach agus tá go leor bearnaí fós i gcruinneas na meastachán LULUCF. Comhfhreagraíonn an fhadhb seo le cuspóir chun na rialacha cuntasaíochta a shimpliú agus chun na deiseanna a chruthaigh teicneolaíochtaí faireachán talún reatha agus na tacair shonraí a úsáid chun faireachán níor fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht aeráide na hearnála LULUCF.

   Roghanna beartais

Tar éis na hanailíse sin agus na ngnéithe a dtugtar breac‑chuntas orthu sa Teachtaireacht maidir dlús a chur le huaillmhian aeráide 2030 na hEorpa, tugadh tuairisc ar thrí rogha sa Mheasúnú Tionchair.

Breathnaítear sa chéad rogha ar bhealaí malartacha chun spriocanna náisiúnta LULUCF a dhearadh, ag glacadh leis nach bhfuil aon bhealach solúbthachta ann idir an earnáil LULUCF agus na hearnálacha ESR. Bealach amháin a bheartaítear é seo a dhéanamh is ea an tagarmharc cuntasaíochta le haghaidh talamh bainistithe foraoise a shimpliú trí mheán stairiúil a úsáid in ionad an Leibhéil Tagartha Foraoise. Bealach eile is ea sprioc aistrithe aonair a shocrú bunaithe ar na hastaíochtaí agus na haistrithe ar fad a tuairiscíodh agus é a dháileadh i measc Ballstát de réir na n‑astaíochtaí agus na n‑aistrithe le déanaí agus an limistéir talún bainistithe; socraítear sprioc an Aontais i gcomhréir le conair i dtreo earnáil talún a bheidh aeráidneodrach in 2035.

Leagtar amach sa dara rogha freisin sprioc aonair aistrithe bunaithe ar astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe, ach moltar ann freisin sprioc níos ísle don Aontas le haghaidh 2030 a chomhfhreagraíonn do fheidhmíocht le déanaí na hearnála LULUCF (i.e. meán 2016-2018); tríd an bhféidearthacht a chur leis chun creidmheasanna LULUCF a ghiniúint le haghaidh comhlíontacht le spriocanna ESR, cruthaíonn an rogha seo dreasachtaí chun níos mó spriocanna LULUCF a bhaint amach ná mar a bhíothas ag súil leis, agus d’fhéadfaí leibhéal nua aistrithe a bhaint amach i gcomhréir le conair i dtreo earnáil talún a bheidh aeráidneodrach in 2035.

Sa tríú rogha, comhcheanglaítear astaíochtaí ón earnáil Talmhaíochta agus astaíochtaí agus aistrithe ón earnáil LULUCF faoi cholún aonair ‘earnáil talún’, agus tá trí ghné ann: próiseas pleanála chun aeráidneodracht ar talamh a áirithiú in 2035, spriocanna náisiúnta ceangailteacha d’earnáil na talún in 2030, agus spriocanna náisiúnta ceangailteacha d’earnáil na talún in 2035.

Is é an rogha thosaíochta spriocanna náisiúnta LULUCF níos uaillmhianaí a chomhcheangal in 2030 (amhail Rogha 1.2 nó Rogha 2, ag brath ar spriocanna ESR) le cuspóir ar fud an Aontais den aeráidneodracht ar talamh in 2035. Sa rogha thosaíochta freisin tá próiseas pleanála le haghaidh maolú bunaithe ar an talamh, spriocanna talún náisiúnta le haghaidh 2035 a bhunófar níos déanaí, agus ceanglais faireacháin agus tuairiscithe uasghrádaithe.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

I gcomhréir le tiomantas an Choimisiúin i leith Rialáil Níos Fearr, ullmhaíodh an togra go hionchuimsitheach, bunaithe ar thrédhearcacht agus ar phlé leanúnach le geallsealbhóirí.

Cearta bunúsacha

Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 24 . Go háirithe, leis an togra seo cuirtear leis an gcuspóir go dtabharfaí ardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Na himpleachtaí buiséadacha atá ann do na Ballstáit, baineann siad le féidearthacht na mbarrachas trádála nuair a sháraíonn siad a spriocanna, agus leis an riachtanas le haghaidh faireachán agus tuairisciú ardcháilíochta san earnáil LULUCF a bhaineann le nithe ar nós athúsáid clár eile an Aontais (e.g. Copernicus) agus foinsí sonraí atá á n‑úsáid cheana le haghaidh beartas eile.

Meastar sa togra seo go ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach, in 2025, ar na sonraí fardail náisiúnta arna gcur isteach ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 (‘an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide’). Leis an athbhreithniú beidh an Coimisiún in ann spriocanna bliantúla LULUCF na mBallstát a chinneadh don tréimhse 2026-2030, bunaithe ar mheánastaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023. Tabharfar conair um leithdháileadh astaíochtaí 2030 don ESR cothrom le dáta freisin san athbhreithniú agus déanfar athbhreithniú ar na leithdháiltí bliantúla do na blianta 2026 go 2030. Thairis sin, coinneofar athbhreithniú cuimsitheach 2027 ar bun chun críche na comhlíontachta a réamh‑mheastar sa Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide. Teastóidh tacaíocht ó chonraitheoir seachtrach le haghaidh tascanna den sórt sin, ar phraghas measta EUR 2 mhilliún ar gach athbhreithniú (2025, 2027).

Teastóidh reachtaíocht thánaisteach freisin ina leagfar amach rialacha mionsonraithe maidir le LULUCF ar Chlárlann an Aontais, agus faireachán agus tuairisciú astaíochtaí agus fíorú tuarascálacha comhlíontachta. Le haghaidh an chur chun feidhme, beidh gá freisin le forbairtí casta TF i gClárlann an Aontais chun déileáil le cineál nua lamháltas nasctha le solúbthacht LULUXF‑ESR, agus oibreoirí nua (Ballstáit).

Thairis sin, i ndiaidh an athraithe in 2026 ar an sásra tuairiscithe agus comhlíontachta, teastóidh faireachán uasghrádaithe agus breisithe a sholáthar don chur chun feidhme ag baint leas as an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus seirbhísí sonraí gaolmhara faoi chlár Copernicus.

Cuirtear na himpleachtaí do bhuiséad an Aontais i láthair sa ráiteas airgeadais reachtach faoi iamh. Beidh roghanna forbartha agus soláthair TF faoi réir réamhcheadú Bhord an Choimisiúin Eorpaigh um Theicneolaíocht Faisnéise agus um Chibearshlándáil.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Is gnéithe bunúsacha iad tuairisciú trédhearcach tráthrialta ar oibleagáidí na mBallstát agus seiceálacha láidre ar chomhlíonadh lena n‑áirithítear dul chun cinn maidir le gealltanais an Aontais chun laghdú fadtéarmach a dhéanamh ar astaíochtaí. Leis an tionscnamh seo, cuirtear leis an bpróiseas atá bunaithe ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar an gcreat trédhearcachta stóinsithe d’astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar fhaisnéis eile faoin aeráid atá i Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide. Úsáidfidh an Coimisiún, inter alia, an fhaisnéis a thuairisceoidh Ballstáit faoin Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide mar bhunús dá mheasúnú tráthrialta ar dhul chun cinn. Áirítear leis sin faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, beartais agus bearta, réamh‑mheastacháin agus oiriúnú. Úsáidfidh an Coimisiún freisin an fhaisnéis seo le haghaidh na nAthbhreithnithe ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil agus chun faireachán a dhéanamh ar Chláir Gníomhaíochta don Chomhshaol. D’fhéadfadh breithnithe atmaisféaracha córasacha trí bhreithnithe in situ chomh maith le breithnithe cianbhraiteachta, amhail iad sin dá ndéantar foráil in Copernicus, a bheith comhlántach le faisnéis a fhaightear ó Bhallstáit.

Éiríonn cáilíocht bhreisithe faireacháin agus tuairiscithe astaíochtaí agus aistrithe in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta níos feiceálaí nuair a thugtar isteach sprioc maidir le glanlaghdú ar astaíochtaí an Aontais bunaithe ar an líon tuairiscithe i bhfardail ghás ceaptha teasa. Tá suntas láidir le tabhairt freisin don chomhleanúnachas le beartais eile an Aontais a bhraitheann ar fhaireachán talún freisin – amhail an Comhbheartas Talmhaíochta, beartais bhithéagsúlachta, agus an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite – trína dtugtar sineirgí tábhachtacha riaracháin agus costais. A bhuíochas don éabhlóid i dteicneolaíochtaí um fhaireachán talún, tá flúirse deiseanna chun faireachán a dhéanamh ar athruithe ar úsáid talún ar chostas íseal agus ar bhonn tráthúil (e.g. trí chuir chuige a úsáid atá bunaithe ar chianbhraiteoireacht, lena n‑áirítear ó shatailítí Copernicus Sentinel nó seirbhísí atá ar fáil ar bhonn tráchtála). Ní hamháin go n‑éascóidh geo‑shonraí digiteacha le cumhdach an Aontais atá tráthúil, tuairisciú GHG ach treoróidh sé freisin gníomhaíocht mhaolaithe chuig limistéir ina bhfuil an cumas is airde chun astaíochtaí a laghdú, agus níos ginearálta cumasóidh sé gníomhaíocht chomhshaoil, bithéagsúlacht, cosaint an dúlra agus bainistíocht talún. Dá bhrí sin, tá tábhacht mhór leis an gcur chuige faireacháin sa Rialachán LULUCF a thabhairt cothrom le dáta, rud dá bhrí sin a bhunóidh cothroime iomaíochta do gach Ballstát i ndáil le cuir chuige inchomparáide agus chaighdeánaithe a úsáid i gcomhréir leis na huirlisí agus na teicneolaíochtaí atá ar fáil, agus áiritheoidh sé go nglacfar leis na cleachtais is fearr i gcomhair faireacháin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Baineann na hathruithe is tábhachtaí i gcreat dlíthiúil LULUCF a chuireann le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais a bhaint amach leis na hAirteagail a leanas:

Airteagal 2 Raon Feidhme

Níl feidhm ag an raon feidhme tosaigh lena leagtar amach na ‘catagóirí cuntasaíochta talún’ ach amháin don tréimhse 2021-2025 sa Rialachán leasaithe. Ní áirítear Bogaigh bhainistithe laistigh de raon feidhme an leasaithe le haghaidh 2021-2025 ach amháin do Bhallstáit a chuir in iúl go raibh rún acu é a chur san áireamh faoin 31 Nollaig 2020 (níor roghnaigh ach dhá Bhallstát é).

Tá an raon feidhme le haghaidh na tréimhse 2026-2030, bunaithe go díreach ar astaíochtaí agus aistrithe tuairiscithe don fhardal gás ceaptha teasa de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus léiríonn sé go díreach na catagóirí tuairiscithe mar a leagtar amach san Fhormáid Tuairiscithe Coiteann faoi threoirlínte tuairiscithe UNFCCC (e.g. áirítear tailte móna agus baint móna sa chatagóir tuairiscithe Bogaigh).

Tugtar isteach an raon feidhme maidir le húsáid talún mheasctha agus neamh‑CO2 san earnáil talmhaíochta ó 2031 amach sa mhír dheiridh, a léiríonn freisin na catagóirí tuairiscithe mar a leagtar amach san Fhormáid Tuairiscithe Coiteann iad.

Airteagal 4 Gealltanais agus spriocanna

San Airteagal 4 bunaidh, úsáideadh an téarma ‘gealltanais’ chun an oibleagáid a chur in iúl gan sprioc uimhriúil shonrach. Athbhreithneofar an tAirteagal 4 nua ‘ Gealltanais agus spriocanna’ mar léiriú ar na trí thréimhse:

Gealltanais le haghaidh 2021-2025

Faoi na rialacha reatha, tá na Ballstáit tiomanta a áirithiú nach sáraíonn na hastaíochtaí gás ceaptha teasa aistrithe, arna ríomh amhail suim iomlán na n‑astaíochtaí agus iomlán na n‑aistrithe sna catagóirí cuntasaíochta mar a shainmhínítear sa raon feidhme (Airteagal 2(1)); an ‘gealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach’. Beidh na gealltanais seo teoranta don chéad tréimhse amháin de chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithe, i.e. ó 2021 go 2025.

Spriocanna na mBallstát le haghaidh 2026-2030

Sa tréimhse ó 2026 go 2030, leagfar amach sprioc an Aontais chun glanaistrithe 310 milliún tona de choibhéis CO2 a bhaint amach faoi 2030, bunaithe ar fhardal gás ceaptha teasa ó na blianta 2016, 2017 agus 2018. Dáilfear sprioc an Aontais de 310 milliún tona de choibhéis CO2 de ghlanaistrithe i measc na mBallstát d’fhonn spriocanna náisiúnta ceangailteacha d’íos‑ghlanaistrithe a chinneadh a bheidh le baint amach in 2030 de réir tábla in Iarscríbhinn IIa.

Úsáidtear sonraí fabhracha le déanaí in dhá bhreithniú. Ar an gcéad dul síos, ba cheart do thúsphointe na conaire a bheith chomh gar don tréimhse chomhlíontachta agus is féidir – beidh tionchar teicniúil aige seo a chuirfidh deireadh leis an ngá chun tagarmharc a leagan síos amhail an Leibhéal Tagartha Foraoise. Ar an dara dul síos, beidh na fardail LULUCF ag tosú le haighneacht 2023 ar na chéad fhardail faoi choinníollacha an Rialacháin maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, agus dá bhrí sin beidh siad ar chaighdeán níos airde. In 2025, bunaithe ar thorthaí athbhreithnithe chuimsithigh ar an bhfardal gás ceaptha teasa tuairiscithe, glacfaidh an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear na spriocanna bliantúla bunaithe ar na hastaíochtaí agus na haistrithe fíoraithe ó na blianta 2021, 2022 agus 2023 maidir le gach Ballstát. Beidh na sonraí is déanaí a ndearnadh athbhreithniú orthu dá bhrí sin mar bhunús chun conair spriocanna bliantúla a leagan amach le haghaidh 2026-2029 i dtreo na nglanspriocanna aistrithe náisiúnta i gcomhair 2030 a bhaint amach.

Beidh sprioc 2030 mar thúsphointe de chonair earnáil na talún idir 2030 agus 2050 chun aeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach, agus chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo astaíochtaí gás ceaptha teasa glan nialasacha (neodracht charbóin) faoi 2050.

Gealltanais maidir leis an aeráidneodracht in 2035

Ó 2031 amach, áireofar san earnáil LULUCF na hastaíochtaí neamh‑CO2 ón earnáil talmhaíochta agus díreoidh an Rialachán leasaithe i dtreo an chuspóra chun aeráidneodracht a bhaint amach in astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ar fud an Aontais sna hearnálacha comhcheangailte faoi 2035 ar a dhéanaí; astaíochtaí a laghdú chuig neodracht charbóin faoin dáta sin agus astaíochtaí diúltacha a ghiniúint ina dhiaidh sin. Tá oibleagáid ar na Ballstáit rannchuidiú chun an sprioc chomhchoiteann a bhaint amach agus is gá dóibh cás a dhéanamh den chaoi a bhfuil sé i gceist acu an cuspóir seo a bhaint amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi mhí an Mheithimh 2024. I bhfianaise na bpleananna a chuirfear isteach, molfaidh an Coimisiún, faoi dheireadh 2025, spriocanna aonair do Bhallstáit agus bearta ar fud an Aontais don tréimhse tar éis 2030. Na spriocanna aonair tar éis 2030 le haghaidh na mBallstát, beidh siad faoi réir measúnú tionchair agus togra reachtach nua.

Ó 2036 amach, beidh gá don earnáil chomhcheangailte tuilleadh aistrithe carbóin a ghiniúint chun na hastaíochtaí a bheidh fágtha in earnálacha eile a chothromú, bunaithe ar chóras láidir deimhniúcháin um aistriú carbóin. D’fhéadfadh an creat beartais seo tosú ag comhcheangal earnáil na talún le hearnálacha eile (taobh amuigh den talmhaíocht) de réir a chéile, earnálacha a bhfuil a bhféidearthachtaí laghdaithe astaíochtaí ídithe acu, nó a bhfuil laghduithe astaíochtaí os cionn 90 % mar shampla bainte amach acu. Dá bhrí sin, choinneofaí an dreasacht chun aistrithe carbóin sna hearnálacha comhcheangailte a mhéadú de réir a chéile don tréimhse suas go dtí 2050.

Airteagal 9 Cuntasaíocht le haghaidh táirgí adhmaid lománaithe

Dírítear sa Teachtaireacht maidir le Dlús a chur le hUaillmhian aeráide 2030 na hEorpa i dtreo tionscnamh a bhaineann le feirmeoireacht charbóin agus deimhniú aistrithe carbóin ba cheart a úsáid níos mó as seo go 2030. Dá bhrí sin, is gá samhlacha gnó nua den sórt sin a chur chun cinn chun ceapadh carbóin a mhéadú agus ag an am céanna, caithfidh úsáideoirí talún na hiarrachtaí is gá a dhéanamh chun tuilleadh ídithe dá stoc carbóin a sheachaint, go háirithe in ithreacha.

Tabharfar isteach leis an togra seo conair níos sainráite i dtreo táirgí nua (ábhair thógála, snáithíní/polaiméirí) agus brí an airteagail a atreorú le feidhmiú mar chineál réamhrá don aistriú carbóin/deimhniú feirmeoireachta, lena gcuimsítear táirgí adhmaid lománaithe mar shampla amháin den sórt sin.

Airteagal 12 Solúbthachtaí ginearálta

Faoin Rialachán leasaithe, ní bheidh na Ballstáit in ann aon bharrachas aistrithe a ‘thaisceadh’ a thuilleadh ag deireadh na tréimhse 2021-2025. Ach, áirithítear sa leasú leithdháileadh sciar d’aistrithe barrachais na mBallstát ag deireadh na tréimhse 2021-2025 chuig sásra solúbthachta bunaithe faoin dara tréimhse ó 2026 go 2030 (féach Airteagal 13b nua a cuireadh isteach).

Anuas air sin, beidh oibleagáid ar na Ballstáit tuairisciú maidir le húsáid na n‑ioncam ó thrádáil agus beifear ag súil go n‑ath‑infheisteoidh siad na hioncaim sin ina dtionscadail aeráide.

Airteagal 13 Solúbthacht maidir le Talamh Foraoise Bainistithe

Beidh raon feidhme Airteagal 13 reatha teoranta don tréimhse chuntasaíochta 2021 go 2025, agus is ionann méid na solúbthachta iomláine atá ar fáil agus sciar den bharrachas solúbthachta, nár úsáid na Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 faoi Airteagal 13.

Táthar ag súil le barrachas tar éis na chéad tréimhse, i bhfianaise gur mó i bhfad na glan‑aistrithe foraoise sna Ballstáit mhóra ná na Leibhéil Tagartha Foraoise atá glactha. Is amhlaidh dá réir sin ar dócha go gcomhlíonfadh beagnach gach Ballstát atá ar mhórán foraoise a gcuid tiomantas don tréimhse idir 2021 agus 2025 de réir an Rialacháin LULUCF gan aon ghá úsáid a bhaint as a solúbthacht. Is dócha dá réir go bhfágfadh sé sin sciar shuntasach den tsolúbthacht infhaighte gan úsáid, lenar féidir an sásra nuabhunaithe a sholáthar d’athdháileadh aon chúitimh neamhúsáidte um Thalamh Foraoise Bainistithe ar Bhallstáit atá buailte le suaití nádúrtha.

Ina theannta sin, bainfear an fhoráil atá ann faoi láthair maidir le solúbthacht speisialta don Fhionlainn, agus cuirfear Airteagal 13a ina hionad sa Rialachán leasaithe.

Airteagal 13a Cúitimh bhreise

Cosúil le hAirteagal 13, beidh cur chun feidhme an airteagail seo teoranta don chuntasaíocht faoi chomhair na chéad tréimhse comhlíontachta, 2021-2025; agus is é an príomhspreagadh dó aon débhríocht a sheachaint i gcás léirmhíniú ar mhéid na solúbthachta speisialta a sannadh don Fhionlainn.

Sonrófar sa leasú méid an chúitimh infhaighte go dtí 5 mhilliún tona de choibhéis CO2, i.e. leath den mhéid atá ann faoi láthair, toisc nach bhfuil sé infheidhme ach go dtí deireadh 2025. Sa bhreis air sin, beidh an cúiteamh teoranta go dtí deireadh 2017 ar thalamh foraoise a thuairiscítear mar thalamh foraoise atá tiontaithe chuig talamh eile. Ní cheadófar an cúiteamh a úsáid ach amháin chun críche na comhlíontachta le gealltanas 2021-2025, rud a áirithíonn nach mbaintear leas as aon chreidiúint i gcomhair trádála, ná nach gcuirtear i dtaisce don dara tréimhse 2026-2030 iad.

Airteagal 13b Sásra solúbthachta um úsáid talún le haghaidh na mblianta 2026 go 2030

Ós rud é go mbeidh Airteagail 10 (Suaití nádúrtha) agus 13 (Solúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe) iomarcach ó 2025 amach de bharr an athraithe chuig sprioc náisiúnta atá bunaithe ar thuairisciú, tugtar isteach sásra solúbthachta nua sa Rialachán leasaithe don tréimhse idir 2026 agus 2030 chun cuidiú le Ballstáit dul i ngleic le neamhchinnteachtaí na hearnála, go háirithe ó thubaistí nádúrtha. Feidhmeoidh sé faoi na prionsabail chéanna leis an Airteagal 13 reatha, ag síneadh an raon feidhme ó thalamh foraoise chuig an talamh ar fad atá ábhartha maidir le comhlíonadh na sprice. Ba é an sásra a phléifeadh ansin le laghdú ar bith gan choinne sna glan‑aistrithe thar gach catagóir talún, ní hamháin an fhoraois, de bharr lotnaidí, dóiteáin, agus stoirmeacha, ar an gcoinníoll go dtaisceann na Ballstáit fianaise shoiléir i gcomhréir leis na critéir atá ann faoi láthair (Iarscríbhinn VI).

Is é a bheidh sna gnéithe nua (i gcomparáid leis an Airteagal 13 bunaidh):

Le linn na tréimhse 2026-2030, is féidir aonaid ón sásra solúbthachta a úsáid chun an raon feidhme iomlán a chumhdach idir an sprioc agus an tuairisciú i ngach Ballstát, ní le haghaidh talamh foraoise amháin.

Tá an rochtain ar an sásra solúbthachta in 2032 faoi chomhair na tréimhse 2026-2030, socraithe ag a leath den uasmhéid a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, i.e. 178 milliún tona de choibhéis CO2.

D’fhéadfaí aon mhéid neamh‑úsáidte a ath‑leithdháileadh le cinneadh ón gCoimisiún agus tríd an gClárlann chuig na Ballstáit ina léirítear a n‑éileamh go sonrach i ndáil le suaití nádúrtha i gcomhréir leis na prionsabail in Iarscríbhinn VI, agus gur sháraigh sé sin na leibhéil réamhshainithe in aghaidh an Bhallstáit in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 13c Rialachas na spriocanna

I bhfianaise an aistrithe chuig na spriocanna bliantúla náisiúnta faoi chomhair glan‑aistrithe sa tréimhse idir 2026 agus 2030, tabharfar isteach prionsabail chomhchosúla faoi mar atá sa chreat comhlíontachta faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (AE) 2018/842, amhail pionós neamh‑chomhlíonta 8 % den easnamh leis an gcomhlíonadh in 2030, i dtaca leis an socrú sprice/leithdháilte ina dhiaidh sin don tréimhse tar éis 2030. I gcás go dteipfeadh ar Bhallstát a sprioc 2030 a chomhlíonadh ag deireadh an dara tréimhse chomhlíontachta, in ainneoin na rogha aistrithe ó BS eile agus an sciar ábhartha den sásra solúbthachta, is amhlaidh a chuirfear an t‑easnamh idir a sprioc 2030 agus an laghdú ar ghlanastaíochtaí a gnóthaíodh iarbhír in 2030 lena sprioc a chinnfear don 2031.

Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1999

Is é an fáth go leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 25 in éineacht le Rialachán (AE)) 2018/841 ná go n‑áirítear leis na rialacha d’fhaireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe agus do rianú ar an dul chun cinn i measc na mBallstát chun na spriocanna faoi Rialachán (AE) 2018/841 a ghnóthú.

Léirítear sa leasú ar Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999 na spriocanna náisiúnta don tréimhse idir 2026 agus 2030 agus an tiomantas don aeráidneodracht in 2035 a fhaightear sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Cumasaítear leis an leasú ar Airteagal 38 athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar na sonraí ó na fardail náisiúnta in 2025, d’fhonn a bheith in ann spriocanna bliantúla náisiúnta na mBallstát a shocrú do na blianta idir 2026 agus 2030. Ina theannta sin, cuireadh bearta i bhfeidhm leis an leasú ar Iarscríbhinn V, Cuid 3, lenar méadaíodh cruinneas an fhaireacháin agus an tuairiscithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe san earnáil LULUCF.

2021/0201 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 26 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 27 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Comhaontú Pháras, a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi ChreatChoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’). D'aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.

(2)Maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, is nithe iad atá i gcroílár na Teachtaireachta ‘maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip’ a ghlac an Coimisiún an 11 Nollaig 2019 28 . Riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, is i méid a chuaigh siad i bhfianaise thionchar tromchúiseach phaindéim COVID19 ar shláinte agus ar leas eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.

(3)Gheall an tAontas glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 faoi 2030 sa ghealltanas maidir le hastaíochtaí a laghdú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, ar gealltanas é a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020 29 .

(4)I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 rinne an tAontas an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 a chumhdach sa reachtaíocht. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach faoi 2030. Beifear ag súil go rannchuideoidh gach earnáil den gheilleagar le gnóthú na sprice sin, lena náirítear earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta. Beidh rannchuidiú na nglanaistrithe le sprioc aeráide 2030 an Aontais teoranta do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2. I gcomhthéacs Rialachán (AE) 2021/1119, d’athdhearbhaigh an Coimisiún i ráiteas comhfhreagrach an rún atá aige leasú ar Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mholadh 31 , i gcomhréir leis an uaillmhian glanaistrithe carbóin a mhéadú chuig leibhéil os cionn 300 milliún tona de choibhéis CO2 ar earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta faoi 2030.

(5)D’fhonn rannchuidiú leis an uaillmhian mhéadaithe chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ó 40 % ar a laghad go dtí 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990, ba cheart spriocanna bliantúla ceangailteacha maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa a shocrú le haghaidh gach Ballstáit i dtaca le hearnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta idir 2026 agus 2030 (de réir análaí na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 ), ar spriocanna iad óna dtiocfaidh sprioc 310 milliún tona de choibhéis CO2 i nglanaistrithe don Aontas trí chéile in 2030. Leis an modheolaíocht a úsáidtear chun na spriocanna náisiúnta a bhunú do 2030 ba cheart a chur san áireamh na meánlíonta astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ó na blianta 2016, 2017 agus 2018, arna dtuairisciú ag gach Ballstát; agus ba cheart a léiriú inti an fheidhmíocht mhaolaithe reatha maidir le hearnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta, agus sciar gach Ballstáit den achar talún bainistithe san Aontas, agus cumas an Bhallstáit sin á thabhairt san áireamh chun a fheidhmíocht a fheabhsú san earnáil trí mheán cleachtais bhainistíochta talún nó athruithe ar úsáid talún a théann chun tairbhe na haeráide agus na bithéagsúlachta.

(6)Ba cheart na spriocanna ceangailteacha bliantúla maidir le haistrithe gás ceaptha teasa a chinneadh le aghaidh gach Ballstáit de réir treocht líneach. Ba cheart tús a chur leis an treocht in 2022, maidir le meánlíon na nastaíochtaí gás ceaptha teasa a thuairiscíonn an Ballstát sin le linn 2021, 2022 agus 2023, agus ba cheart deireadh a chur léi in 2030 ar an sprioc a bheidh leagtha amach don Bhallstát sin. Maidir leis na Ballstáit a chuireann feabhas ar a modheolaíocht um ríomh na nastaíochtaí agus na naistrithe, ba cheart coincheap an cheartúcháin theicniúil a thabhairt isteach. Ba cheart ceartúchán teicniúil a chur le sprioc an Bhallstáit sin a bheidh comhfhreagrach d’éifeacht an athraithe sa mhodheolaíocht ar na spriocanna, agus d’iarrachtaí an Bhallstáit lena ngnóthú, d’fhonn urraim a léiriú don tsláine comhshaoil.

(7)Sa Teachtaireacht an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid 33 leagadh amach rogha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht nach astaíochtaí CO2 iad a chur le glanaistrithe na hearnála úsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta, agus earnáil talún nuarialáilte a chruthú dá réir. Is féidir sineirgí a chur chun cinn ó chumasc mar sin idir gníomhartha maolaithe talamhbhunaithe agus is féidir ceapadh beartas agus cur chun feidhme beartas níos comhtháite a chumasú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Chun na críche sin, ba cheart an oibleagáid do Bhallstáit pleananna maolaithe comhtháite a chur isteach i leith na hearnála talún a threisiú.

(8)Tá an cumas san earnáil talún chun bheith ina hearnáil atá aeráidneodrach go mear faoi 2035 ar bhealach costéifeachtach, agus níos mó aistrithe gás ceaptha teasa ná astaíochtaí a ghiniúint ina dhiaidh sin. Le gealltanas comhchoiteann, arb é is aidhm dó aeráidneodracht in earnáil na talún a bhaint amach in 2035 ar leibhéal an Aontais, is féidir an chinnteacht pleanála is gá a sholáthar chun gníomh maolaithe talamhbhunaithe a spreagadh sa ghearrthéarma, i bhfianaise go bhféadfadh blianta go leor a bheith i gceist le gníomh mar sin na torthaí maolaithe inmhianaithe a sholáthar. Thairis sin, meastar go mbeidh an earnáil talún ar an earnáil is mó i bpróifíl flosca gás ceaptha teasa an Aontais in 2050. Tá sé ríthábhachtach dá réir go bhfréamhófaí an earnáil sin i dtreocht lenar féidir glanastaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha a bhaint amach go héifeachtach faoi 2050. Faoi lár 2024, ba cheart do na Ballstáit a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 . Maidir leis na pleananna ba cheart a áireamh iontu bearta ábhartha lena rannchuidíonn gach Ballstát a dhícheall do sprioc chomhchoiteann na haeráidneodrachta in earnáil na talún ar leibhéal an Aontais Eorpaigh in 2035. Ar bhonn na bpleananna sin, ba cheart don Choimisiún spriocanna náisiúnta a mholadh, lena gcinnteofar go mbeidh cothromaíocht ar a laghad ann idir astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ar fud an Aontais in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta, agus na hastaíochtaí ó earnálacha talmhaíochta neamhCO2 faoi 2035. I gcodarsnacht le sprioc na haeráidneodrachta ar leibhéal an Aontais le haghaidh earnáil na talún faoi 2035, beidh na spriocanna náisiúnta sin ceangailteach agus infhorfheidhmitheach ar gach Ballstát.

(9)Dearadh na rialacha cuntasaíochta a leagtar amach in Airteagail 6, 7, 8 agus 10 de Rialachán (AE) 2018/841 lena fháil amach an méid a rannchuideodh feidhmíocht mhaolaithe in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta le sprioc 2030 an Aontais maidir le laghdú 40 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, sprioc nár áiríodh earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta léi. D’fhonn an creat rialála don earnáil sin a shimpliú, níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha cuntasaíochta reatha tar éis 2025, agus ba cheart comhlíonadh spriocanna náisiúnta na mBallstát a fhíorú ar bhonn na nastaíochtaí agus na naistrithe gás ceaptha teasa atá tuairiscithe. Áirithítear leis sin comhsheasmhacht mhodheolaíoch le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 , agus cinneadh na sprice nua maidir le laghdú na nastaíochtaí gás ceaptha teasa 55 % ar a laghad, lena náirítear freisin earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta).

(10)Chun na haistrithe gás ceaptha teasa a fheabhsú, beidh dreasacht dhíreach de dhíth ar fheirmeoirí nó bainisteoirí foraoise aonair chun níos mó carbóin a stóráil ar a dtalamh agus ina bhforaoisí. Is gá níos mó samhlacha gnó nua, atá bunaithe ar dhreasachtaí don fheirmeoireacht carbóin agus ar dheimhniúchán d’aistrithe carbóin, a imscaradh sa tréimhse go dtí 2030. Is leis na dreasachtaí agus na samhlacha gnó sin a chuirfear feabhas ar an maolú aeráide sa bhithgheilleagar, lena náirítear trí leas a bhaint as táirgí marthanacha adhmaid lománaithe, agus lánurraim á léiriú do phrionsabail éiceolaíocha lena gcothaítear an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Is amhlaidh dá réir ba cheart catagóirí nua táirgí stórála carbóin a thabhairt isteach sa bhreis ar na táirgí adhmaid lománaithe. Na samhlacha gnó, na cleachtais feirmeoireachta agus bainistíochta talún atá ag teacht chun cinn chun feabhas a chur ar aistrithe; rannchuidíonn siad le forbairt chríochach agus fás eacnamaíoch cothrom sna ceantair thuaithe. Cruthaíonn siad deiseanna freisin do phoist nua, agus soláthraíonn siad dreasachtaí don oiliúint, don athoiliúint agus don uasoiliúint ábhartha.

(11)I bhfianaise saintréithe earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta i ngach aon Bhallstát, chomh maith leis an gcaoi nach foláir do Bhallstáit a bhfeidhmíocht a mhéadú chun a spriocanna ceangailteacha náisiúnta a ghnóthú; ba cheart raon solúbthachtaí a bheith fós ar fáil do na Ballstáit, lena náirítear barrachais trádála agus síneadh le solúbthachtaí foraissonracha, agus urraim á léiriú do shláine comhshaoil na spriocanna.

(12)Trí scor de na rialacha cuntasaíochta atá ann faoi láthair tar éis 2025, cruthaítear gá le forálacha malartacha maidir le suaití nádúrtha amhail dóiteán, lotnaidí, agus stoirmeacha, chun aghaidh a thabhairt ar neamhchinnteachtaí a bhíonn ann de bharr próisis nádúrtha nó a eascraíonn ón athrú aeráide in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta. Ba cheart sásra solúbthachta atá nasctha le suaití nádúrtha a bheith ar fáil do na Ballstáit in 2032, ar choinníoll gur ídigh siad gach solúbthacht eile a bhí ar fáil dóibh, go raibh bearta iomchuí i bhfeidhm acu chun íogaireacht a gcuid talún do shuaití mar sin a laghdú, agus go bhfuil gnóthú na sprice 2030 ag an Aontas maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht curtha i gcrích.

(13)Toisc na spriocanna náisiúnta bliantúla ceangailteacha le haghaidh aistrithe gás ceaptha teasa a bheith bunaithe ar na hastaíochtaí agus ar na haistrithe gás ceaptha teasa a thuairisceofar ó 2026 amach, ba cheart na rialacha maidir le comhlíonadh na spriocanna a leagan amach. Ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail a leagadh síos i Rialachán (AE) 2018/842 mutatis mutandis, agus ba cheart pionós ar neamhchomhlíonadh a ríomh ar an gcaoi seo a leanas: Déanfar 108 % den easnamh idir an sprioc shannta agus na glanaistrithe a thuairiscítear i mbliain faoi leith a chur leis an bhfigiúr d’astaíochtaí gás ceaptha teasa arna thuairisciú ag an mBallstát sa bhliain dá éis.

(14)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha Rialachán (AE) 2018/841 a chur chun feidhme, ar dá réir a leagfar amach na leithdháiltí spriocanna bliantúla le haghaidh na mBallstát, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 .

(15)I bhfianaise socrú na spriocanna do ghlanaistrithe gás ceaptha teasa do na Ballstáit don tréimhse idir 2026 agus 2030, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh chun na sonraí fardail maidir le gáis ceaptha teasa a fhíorú i leith na mblianta 2021, 2022 agus 2023. Chun na críche sin, ba cheart athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh in 2025, i dteannta leis na hathbhreithnithe cuimsitheacha a dhéanfaidh an Coimisiún in 2027 agus 2032 i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) 2018/1999.

(16)De bharr an athraithe ar spriocanna atá bunaithe ar thuairisciú, ní mór leibhéal cruinne is airde a bheith leis an meastachán a dhéanfar ar na hastaíochtaí agus na haistrithe gás ceaptha teasa. Thairis sin, éileofar leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 38 , an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol 39 , Straitéis Foraoiseachta an Aontais 40 , Treoir athbhreithnithe (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41  agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide 42 , éileofar faireachán feabhsaithe ar thalamh, rud a chuideoidh le hathléimneacht na naistrithe carbóin atá bunaithe ar an dúlra a chosaint agus a fheabhsú ar fud an Aontais. Is gá uasghrádú a dhéanamh ar an bhfaireachán agus an tuairisciú a dhéanfar ar astaíochtaí agus aistrithe, trí úsáid a bhaint as ardteicneolaíochtaí a bheidh ar fáil faoi chláir de chuid an Aontais, cláir amhail Copernicus, agus sonraí digiteacha a bhailítear faoin gComhbheartas Talmhaíochta, agus trasdul déach na nuálaíochta glaise agus digití á chur chun feidhme.

(17)Beidh tionchar ag na hathruithe antrapaigineacha ionchasacha ar an timpeallacht mhuirí agus fionnuisce áfach, mar shampla, ag an síneadh atá beartaithe ar fhuinneamh eischósta, an méadú féideartha ar tháirgeadh dobharshaothraithe agus na leibhéil mhéadaithe de chosaint an dúlra chun na spriocanna i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, beidh tionchar acu go léir ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar a gceapadh. Is amhlaidh faoi láthair nach náirítear na hastaíochtaí agus na haistrithe sin leis na táblaí tuairiscithe caighdeánacha chuig UNFCCC. I ndiaidh ghlacadh na modheolaíochta tuairiscithe, breithneoidh an Coimisiún an tuairisciú ar dhul chun cinn, féidearthacht na hanailíse agus an tionchar a bheidh leis an tuairisciú a leathnú chun an comhshaol mara agus fionnuisce a chumhdach, tuairisciú atá bunaithe ar an bhfianaise eolaíochta is déanaí i leith na bhfloscaí sin, nuair a dhéantar an tathbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán seo.

(18)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2018/841 agus (AE) 2018/1999 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/841 mar a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

                 Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha a bhaineann le:

(a)    gealltanais na mBallstát d’earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta a rannchuidíonn le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le sprioc an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a bhaint amach don tréimhse ó 2021 go 2025;

(b)    cuntasaíocht ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta, agus chun comhlíonadh na mBallstát leis na gealltanais dá dtagraítear i bpointe (a) don tréimhse idir 2021 agus 2025 a sheiceáil;

(c)    sprioc Aontais do ghlanaistrithe gás ceaptha teasa in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta don tréimhse idir 2026 agus 2030;

(d) spriocanna i gcomhair glanaistrithe gás ceaptha teasa in úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus san fhoraoiseacht le haghaidh na mBallstát don tréimhse idir 2026 agus 2030;

(e)    gealltanais na mBallstát chun na bearta riachtanacha a ghlacadh leis an aidhm chun aeráidneodracht a ghnóthú go comhchoiteann san Aontas faoi 2035 in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta lena n‑áirítear astaíochtaí ón talmhaíocht neamh‑CO2.’;

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Raon feidhme

1. Baineann an Rialachán seo le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát sa tréimhse idir 2021 agus 2025 in aon cheann de na catagóirí cuntasaíochta talún seo a leanas:

(a) úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh, lonnaíochtaí nó talamh eile, atá tiontaithe go talamh foraoise (“talamh foraoisithe”);

(b) úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh foraoise a tiontaíodh go talamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh, lonnaíochtaí nó talamh eile (“talamh foraoisithe”);

(c)    úsáid talún a thuairiscítear mar ceachtar díobh seo a leanas (talamh curaíochta bainistithe”):

(i)    talamh curaíochta a fhanann mar thalamh curaíochta;

(ii)    féarthalamh, bogach, lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go talamh curaíochta;

(iii)    talamh curaíochta a tiontaíodh go bogach, lonnaíocht nó talamh eile;

(d)    úsáid talún a thuairiscítear mar ceachtar díobh seo a leanas (“féarthalamh bainistithe”):

(i)    féarthalamh a fhanann mar fhéarthalamh;

(ii)    talamh curaíochta, bogach, lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go féarthalamh;

(iii)    féarthalamh a tiontaíodh go bogach, lonnaíocht nó talamh eile;

(e)    úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh foraoise a fhanann mar thalamh foraoise (“talamh foraoise bainistithe”);

(f)    i gcás inar thug Ballstát fógra don Choimisiún dá rún chun úsáid talún mar sin a áireamh le raon feidhme a ghealltanas de bhun Airteagal 4(1) faoin 31 Nollaig 2020, úsáid talún a thuairiscítear mar cheachtar acu seo a leanas (“bogach bainistithe”):

   bogach a fhanann mar bhogach;

   lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go bogach;

   bogach a tiontaíodh go lonnaíocht nó talamh eile.

2. Baineann an Rialachán seo freisin le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá liostaithe in Alt A d’Iarscríbhinn I, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát sa tréimhse idir 2026 agus 2030 in aon cheann de na catagóirí tuairiscithe talún agus/nó earnálacha seo a leanas:

(a) talamh foraoise;

(b) talamh curaíochta;

(c) féarthalamh;

(d) bogaigh;

(e) lonnaíochtaí;

(f) talamh eile;

(g) táirgí adhmaid lománaithe;

(h) eile;

(i) ionchur atmaisféarach;

(j) láisteadh nítrigin agus leachtú nádúrtha.

3. Baineann an Rialachán seo freisin le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá liostaithe in Alt A d’Iarscríbhinn I, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát ó 2031 amach, in aon cheann de na catagóirí cuntasaíochta talún a liostaítear i mír 2, pointí (a) go (j) agus in aon cheann de na hearnálacha seo a leanas:

(a) coipeadh eintreach;

(b) bainistíocht aoiligh;

(c) saothrú ríse;

(d) ithreacha talmhaíochta;

(e) loscadh machairí forordaithe;

(f) loscadh páirceanna d’fhuíoll talmhaíochta;

(g) aoladh;

(h) úsáid úiré;

(i) “leasacháin eile ina bhfuil carbón”;

(j) “eile”.’;’.

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

Airteagal 4

               Gealltanais agus spriocanna

1. Don tréimhse ó 2021 go 2025, agus an tsolúbthacht dá bhforáiltear in Airteagal 12, 13 agus 13a á cur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát nach mó na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ná na haistrithe gás ceaptha teasa, arna ríomh mar shuim na n‑astaíochtaí iomlána agus na n‑aistrithe iomlána ar a chríoch sna catagóirí cuntasaíochta talún uile dá dtagraítear in Airteagal 2(1).

2. Is ionann sprioc 2030 an Aontais maidir le glan‑aistrithe gás ceaptha teasa agus 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de spriocann na mBallstát a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus beidh sí bunaithe ar an meán dá sonraí fardail gháis cheaptha teasa do na blianta 2016, 2017 agus 2018.

Áiritheoidh gach Ballstát, agus na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 12 agus 13 agus 13b á dtabhairt san áireamh, nach sáróidh suim bhliantúil a astaíochtaí agus a aistrithe gás ceaptha teasa ar a chríoch agus i ngach ceann de na catagóirí tuairiscithe talún dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), i ngach bliain sa tréimhse idir 2026 agus 2030 an teorainn a bheidh bunaithe de réir treocht líneach, ag críochnú in 2030 leis an sprioc atá leagtha amach don Bhallstát sin in Iarscríbhinn IIa. Tosóidh conair líneach Bhallstáit in 2022.

3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na spriocanna bliantúla bunaithe ar an treocht líneach i leith glan‑aistrithe gás ceaptha teasa do gach Ballstát, le haghaidh gach bliain sa tréimhse idir 2026 agus 2029 i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2. Beidh na treochtaí náisiúnta sin bunaithe ar mheán na sonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2021, 2022 agus 2023, arna dtuairisciú ag gach Ballstát. Féadfaidh luach na nglan‑aistrithe 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de na spriocanna le haghaidh Ballstát arna leagan amach in Iarscríbhinn IIa teacht faoi réir ceartú teicniúil de bharr athrú ar mhodheolaíocht na mBallstát. Is sna gníomhartha cur chun feidhme seo a leagfar amach an modh do chinneadh an cheartaithe theicniúil le cur le spriocanna na mBallstát. Chun críche na ngníomhartha cur chun feidhme sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2021, 2022 agus 2023 arna gcur isteach ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16a.

4. Beidh neodracht charbóin faoi 2035 mar aidhm do na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an Aontais sna hearnálacha atá leagtha amach in Airteagal 2(3), pointí (a) go (j); agus gnóthóidh an tAontas astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin. Glacfaidh an tAontas agus na Ballstáit na bearta is gá chun gnóthú comhchoiteann na sprice do 2035 a chumasú.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025 agus ar bhonn pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtaisceadh ag gach Ballstát de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 faoin 30 Meitheamh 2024, tograí a cheapadh i ndáil le rannchuidiú gach Ballstáit leis an nglanlaghdú ar astaíochtaí.’;

(4)in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1. Tabharfaidh na Ballstáit cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoisithe agus talamh dífhoraoisithe arna ríomh mar na hastaíochtaí iomlána agus na haistrithe iomlána le haghaidh gach ceann de na blianta sa tréimhse ó 2021 go 2025.

2. De mhaolú ar Airteagal 5(3), agus nach déanaí ná 2025, i gcás ina ndearnadh úsáid talún a thiontú ó thalamh curaíochta, féarthalamh, bogach, lonnaíochtaí nó talamh eile go talamh foraoise, féadfaidh Ballstát, 30 bliain tar éis dháta an tiontaithe sin, catagóiriú talún den sórt sin ó thalamh a tiontaíodh ina talamh foraoise go dtí talamh foraoise a fhanann mar thalamh foraoise a athrú, má tá údar cuí leis an athrú sin ar bhonn Threoirlínte IPCC.’;

(5)in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

‘1. Tabharfaidh na Ballstáit cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar thalamh curaíochta bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sa tréimhse ó 2021 go 2025 lúide an luach a fhaightear trí mheán‑astaíochtaí agus meán‑aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar thalamh curaíochta bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.

2. Tabharfaidh gach Ballstát cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sa tréimhse ó 2021 go 2025 lúide an luach a fhaightear trí mheán‑astaíochtaí agus meán‑aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.

3. Le linn na tréimhse ó 2021 go 2025, déanfaidh gach Ballstát a chuireann bogach bainistithe san áireamh i raon feidhme a ghealltanais cuntas a thabhairt ar astaíochtaí agus aistrithe atá mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe, arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sa tréimhse sin lúide an luach a fhaightear trí mheán‑astaíochtaí agus meán‑aistrithe bliantúla an Bhallstáit mar thoradh ar fhéarthalamh bainistithe sa bhonntréimhse ó 2005 go 2009 a iolrú faoi chúig.’;

(6)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Tabharfaidh gach Ballstát cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoise bainistithe, arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sa tréimhse ó 2021 go 2025 lúide an luach a fhaightear trí leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit lena mbaineann a iolrú faoi chúig.’;

(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Déanfaidh na Ballstáit a bpleananna cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, ina mbeidh an leibhéal tagartha foraoise atá beartaithe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2018 don tréimhse ó 2021 go dtí 2025.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 7, 8, 9 agus 10:

‘7. I gcás inar gá, bunaithe ar na measúnuithe teicniúla agus, i gcás inarb iomchuí, ar na moltaí teicniúla, cuirfidh na Ballstáit a leibhéil tagartha foraoise athbhreithnithe atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019 don tréimhse ó 2021 go dtí 2025. Foilseoidh an Coimisiún na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe a chuirfidh na Ballstáit in iúl dó.

8. Bunaithe ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe arna dtíolacadh ag Ballstáit, ar an measúnú teicniúil arna dhéanamh de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, ar an leibhéal tagartha foraoise athbhreithnithe atá beartaithe arna thíolacadh faoi mhír 7 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Iarscríbhinn IV chun go leagfar síos na leibhéil tagartha foraoise a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm don tréimhse ó 2021 go 2025.

9. Mura gcuireann Ballstát a leibhéal tagartha foraoise faoi bhráid an Choimisiúin faoi na dátaí a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 7 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Iarscríbhinn IV chun go leagfar síos an leibhéal tagartha foraoise a chuirfidh an Ballstát sin i bhfeidhm don tréimhse ó 2021 go 2025, bunaithe ar aon mheasúnú teicniúil arna dhéanamh de bhun mhír 6 den Airteagal seo.

10. Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 8 agus 9 faoin 31 Deireadh Fómhair 2020 don tréimhse ó 2021 go 2025.’;

(7)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Táirgí stórála carbóin’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun mír 1 den Airteagal seo agus chun Iarscríbhinn V a leasú trí chatagóirí nua de tháirgí stórála carbóin a chur isteach, lena n‑áirítear táirgí adhmaid lománaithe, a bhfuil éifeacht ceaptha carbóin acu, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus tríd an tsláine chomhshaoil a ráthú.’;

(8)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘Ag deireadh na tréimhse ó 2021 go 2025, féadfaidh Ballstáit gan astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar shuaitheadh nádúrtha agus a sháraíonn na meán‑astaíochtaí arna gcruthú ag suaitheadh nádúrtha sa tréimhse ó 2001 go 2020, ná asluitigh staidrimh (“leibhéal cúlra”), a áireamh ina gcuid cuntas le haghaidh talamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe. Ríomhfar an leibhéal cúlra sin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hIarscríbhinn VI.’;

(b)i mír 2, pointe (b), cuirtear ‘2025’ in ionad ‘2030’:

(9)Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Solúbthachtaí agus rialachas’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

(c)‘1. Féadfaidh Ballstát leas a bhaint as:

(a) na solúbthachtaí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 12; agus

(b) chun an gealltanas in Airteagal 4 a chomhlíonadh, an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe a leagtar amach in Airteagal 13 agus in Airteagal 13b.

Féadfaidh an Fhionlainn, seachas na solúbthachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), cúitimh bhreise a úsáid de bhun Airteagal 13a.’

(10)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)scriostar mír 3;

(b)cuirtear míreanna 5 agus 6 seo a leanas leis:

‘5. Féadfaidh na Ballstáit ioncaim a ghintear le haistrithe de bhun mhír 2 a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht den sórt sin a dhéanfar.

6. I dtaca le haon aistriú a dhéanfar de bhun mhír 2, féadfaidh sé leanúint as tionscadal nó clár a bhaineann le gáis cheaptha teasa a mhaolú nó clár arna dhéanamh sa Bhallstát díolacháin agus a gheobhaidh luach saothair ón mBallstát glactha, ar choinníoll go ndéanfar áireamh dúbailte a sheachaint agus inrianaitheacht a áirithiú.’;

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

Airteagal 13

Solúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe

‘1. I gcás gur mó na hastaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána i mBallstát sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2(1) sa tréimhse ó 2021 go 2025, [a dtugtar cuntas orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo,] féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an tsolúbthacht a leagtar amach san Airteagal seo maidir le talamh foraoise bainistithe chun Airteagal 4(1) a chomhlíonadh.

2. I gcás gur figiúr dearfach a bheidh i dtoradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 8(1), sa tréimhse ó 2021 go 2025, beidh an Ballstát lena mbaineann i dteideal na hastaíochtaí a tharla mar thoradh ar an ríomh a chúiteamh ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(a) d’áirigh an Ballstát sa straitéis a chuir sé isteach i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999, bearta sonracha leanúnacha nó pleanáilte chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte foraoise agus na taiscumair foraoise; agus

(b) nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe iomlána sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo don tréimhse ó 2021 go 2025.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar mó nó nach mó iomlán na n‑astaíochtaí ná iomlán na n‑aistrithe laistigh den Aontas, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), áiritheoidh an Coimisiún go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 7(1) nó 9(2) de Rialachán (AE) 2018/842 á bhfeidhmiú.

3. D’fhéadfaí nach gcumhdófar leis an méid cúitimh dá dtagraítear i mír 2 ach linnte ar a dtugtar cuntas mar astaíochtaí in aghaidh leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit, agus ní fhéadfaidh an méid cúitimh sin a bheith níos mó ná 50 % den uasmhéid cúitimh don Bhallstát lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse idir 2021 agus 2025.

4. Cuirfidh na Ballstáit fianaise faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tionchar suaití nádúrtha arna ríomh de bhun Iarscríbhinn VI, chun go mbeidh siad incháilithe do chúiteamh a fháil ar fhuílleach na linnte a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí in aghaidh leibhéal tagartha foraoise, suas go dtí an méid iomlán cúitimh neamhúsáidte ag Ballstáit eile a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse idir 2021 agus 2025. I gcás ina sáraíonn an t‑éileamh ar chúiteamh an méid cúitimh neamhúsáidte atá ar fáil, déanfar an cúiteamh a dháileadh go comhréireach i measc na mBallstát lena mbaineann.’;

(12)cuirtear an tAirteagal 13a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 13a

Cúitimh bhreise

1. Is féidir leis an bhFionlainn cúiteamh a thabhairt suas go dtí 5 mhilliún tona breise de choibhéis CO2 d’astaíochtaí ar a dtugtar cuntas faoi na catagóirí cuntasaíochta talún den talamh foraoise bainistithe, talamh dífhoraoisithe, talamh curaíochta agus féarthalamh bainistithe, sa tréimhse idir 2021 agus 2025, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) d’áirigh an Fhionlainn ina straitéis a chuir sí isteach i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1999, bearta sonracha leanúnacha nó pleanáilte chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte foraoise agus na taiscumair foraoise;

(b) nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe iomlána sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo sa tréimhse ó 2021 go 2025.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar mó nó nach mó iomlán na n‑astaíochtaí ná iomlán na n‑aistrithe laistigh den Aontas, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), áiritheoidh an Coimisiún go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 12 agus 13 den Rialachán seo agus in Airteagal 7(1) nó 9(2) de Rialachán (AE) 2018/842 á bhfeidhmiú.

2. Tá na cúitimh bhreise teoranta don mhéid a leanas:

(a) an méid a sháraíonn an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise atá ar fáil don Fhionlainn sa tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 13;

(b) na hastaíochtaí arna gcruthú ag athrú stairiúil ó thalamh foraoise chuig aon chatagóir eile úsáide talún a tharla tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017;

(c) comhlíontacht le hAirteagal 4.

3. Is féidir nach dtiocfaidh na cúitimh bhreise faoi réir aistrithe de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo nó Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842.

4. Aon chúiteamh breise neamhúsáidte as an 5 mhilliún tona de choibhéis CO2 dá dtagraítear i mír 1, déanfar iad a chealú.

5. Déanfaidh an Riarthóir Lárnach mír 2, pointe (a), agus míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo i gClárlann an Aontais arna bunú de bhun Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1999.’;

(13)cuirtear an tAirteagal 13b seo a leanas isteach:

‘Airteagal 13b

Sásra solúbthachta um úsáid talún do na blianta 2026 go 2030

1. Déanfar sásra solúbthachta úsáide talún ina mbeidh cainníocht dar luach suas le 178 milliún tona de choibhéis CO2 a bhunú i gClárlann an Aontais faoi réir chomhlíonadh na sprice sin de chuid an Aontais de bhun Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999, faoi réir chomhlíonadh sprioc an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(2). Beidh an sásra solúbthachta ar fáil i dteannta na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 12.

2. I gcás inar mó an difríocht idir suim bhliantúil na n‑astaíochtaí agus na n‑aistrithe gás ceaptha teasa ar chríoch Ballstáit sa tréimhse ó 2026 go dtí 2030, agus sna catagóirí tuairiscithe talún dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), agus gur dearfach í an sprioc a dtabharfar cuntas agus tuairisciú ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an tsolúbthacht a leagtar amach san Airteagal seo chun a sprioc a leagtar amach de bhun Airteagal 4(2) a chomhlíonadh.

3. I gcás inar figiúr dearfach a bheidh i dtoradh an ríomha dá dtagraítear i mír 2, sa tréimhse ó 2026 go 2030, beidh an Ballstát lena mbaineann i dteideal na hastaíochtaí iomarcacha a chúiteamh ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(a) maidir leis an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe arna chur isteach aige de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999, tá bearta sonracha leanúnacha nó pleanáilte arna gcur san áireamh ag an mBallstát ann chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte talún agus na taiscumair talún agus go maolófar leochaileacht na talún ar shuaitheadh nádúrtha;

(b) na solúbthachtaí eile uile atá ar fáil de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo nó de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842;, tá siad arna n‑ídiú ag an mBallstát.

(c) an difríocht san Aontas idir suim bhliantúil na n‑astaíochtaí agus na n‑aistrithe gás ceaptha teasa uile ar a chríoch agus sna catagóirí tuairiscithe talún uile dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), agus gur diúltach sprioc an Aontais [310 milliún tona de choibhéis CO2 de ghlan‑aistrithe], sa tréimhse 2026 go 2030.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh maidir le cibé acu an mó nó nach mó, taobh istigh den Aontas, astaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), cinnfidh an Coimisiún cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear 20 % de ghlan‑aistrithe nach mbeidh curtha i dtaisce ag Ballstáit ón tréimhse 2021 go 2025 san áireamh ar bhonn tionchar suaite nádúrtha agus an fhaisnéis arna tíolacadh ag na Ballstáit á cur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Áiritheoidh an Coimisiún sa mheasúnú sin freisin go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842 á bhfeidhmiú.

4. D’fhéadfaí nach gcumhdófar leis an méid cúitimh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ach linnte a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí i ndáil le sprioc an Bhallstáit in Iarscríbhinn IIa den Rialachán seo agus ní fhéadfaidh an méid cúitimh sin a bheith níos mó ná 50 % den uasmhéid cúitimh don Bhallstát lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse 2026 go 2030.

5. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tionchar suaite nádúrtha arna ríomh de bhun Iarscríbhinn VI, chun go mbeidh siad incháilithe do chúiteamh ar linnte fágtha a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí i ndáil le sprioc an Bhallstáit lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa, suas go dtí an méid iomlán cúitimh neamhúsáidte ag Ballstáit eile a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse 2026 go 2030. I gcás ina sáraíonn an t‑éileamh ar chúiteamh an méid cúitimh neamhúsáidte ar fáil, déanfar an cúiteamh a dháileadh go comhréireach i measc na mBallstát lena mbaineann.’

(14)cuirtear an tAirteagal 13c seo a leanas isteach:

‘Airteagal 13c

Rialachas na spriocanna

Má sháraíonn na hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa athbhreithnithe atá ag Ballstát in 2032 spriocanna an Bhallstáit sin d’aon bhliain shonrach den tréimhse 2026 go 2030, agus na solúbthachtaí arna n‑úsáid de bhun Airteagal 12 agus 13b á gcur san áireamh, beidh feidhm ag an mbeart seo a leanas:

Méid arb ionann é agus méid an fharasbairr glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1.08, cuirfear an méid sin leis an bhfigiúr astaíochtaí gás ceaptha teasa arna thuairisciú ag an mBallstát an bhliain dár gcionn, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 15.’;

(15)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Faoin 15 Márta 2027 i gcás na tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 15 Márta 2032 i gcás na tréimhse ó 2026 go 2030, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le comhlíonadh faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh iarmhéid na n‑astaíochtaí agus na n‑aistrithe iomlána don tréimhse ábhartha ar gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún a shonraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (f), don tréimhse ó 2021 go 2025 agus in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j) don tréimhse ó 2026 go 2030, ag úsáid na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos sa Rialachán seo.

Áireofar measúnú sa tuarascáil chomhlíontachta ar an méid seo a leanas:

a) na beartais agus na bearta maidir le comhbhabhtálacha;

b) na sineirgí idir maolú agus oiriúnú aeráide;

c) sineirgí idir maolú aeráide agus bithéagsúlacht.

I gcás inarb iomchuí, beidh i dtuarascáil den sórt sin freisin, mionsonraí faoin rún atá ann na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus na méideanna gaolmhara a úsáid nó faoi úsáid solúbthachtaí agus méideanna gaolmhara den sórt sin.’;

(16)in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na rialacha a leagan síos maidir le taifead agus cuntasaíocht chruinn a dhéanamh ar na hoibríochtaí seo a leanas i gClárlann an Aontais a bunaíodh de bhun Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999.

(a) cainníocht na n‑astaíochtaí agus na n‑aistrithe le haghaidh gach catagóire cuntasaíochta agus tuairiscithe talún i ngach Ballstát;

(b) feidhmiú an cheartúcháin theicniúil de bhun Airteagal 4(3) den Rialachán seo;

(c) feidhmiú na solúbthachtaí de bhun Airteagail 12, 13, 13a agus 13b agus

(d) comhlíonadh na spriocanna de bhun Airteagal 13c.’;

(17)cuirtear an tAirteagal 16a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 16a

Nós imeachta coiste

1. Tabharfaidh an Coiste um Athrú Aeráide a bunaíodh le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) 2018/1999 cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh sa choiste sin 44 .

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’;

(18)in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis [...] stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, measúnú ar thionchair na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, chomh maith le rannchuidiú an Rialacháin seo le gnóthú sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus maidir leis an méid atá sé a chur le gnóthú spriocanna Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais bhreise agus bearta breise ón Aontas, ag féachaint don mhéadú is gá a dhéanamh ar laghduithe agus aistrithe na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas.

I ndiaidh an tuairiscithe, déanfaidh an Coimisiún tograí reachtacha i gcás ina gcinneann sé a bheith iomchuí. Go háirithe, leagfar amach sna tograí spriocanna bliantúla agus rialachas lena ndíreofar ar sprioc aeráidneodrachta 2035 a bhaint amach a leagtar síos in Airteagal 4(4), beartais Aontais bhreise agus bearta Aontais breise, agus creat tar éis 2035, lena n‑áireofar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó earnálacha breise, amhail comhshaol mara agus fionnuisce, i raon feidhme an Rialacháin.’;

(19)Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(20)déantar an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn IIa.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 mar a leanas:

(1)in Airteagal 2, cuirtear pointí (63) agus (64) seo a leanas leis:

‘(63) ciallaíonn “córas faisnéise geografaí” córas ríomhaireachta atá in ann faisnéis ina bhfuil tagairtí geografacha a ghabháil, a stóráil, a anailísiú agus a thaispeáint;

‘(64) ciallaíonn “iarratas geo‑spásúil” foirm iarratais leictreonach ina gcuimsítear feidhmchlár TF atá bunaithe ar chóras faisnéise geografaí lena gcuirtear ar chumas tairbhithe dáileachtaí talmhaíochta an ghabháltais agus na limistéar neamhthalmhaíochta a bhfuil íocaíocht éilithe ina leith a dhearbhú’;

(2)i bpointe (a)(1) dAirteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘maidir le gealltanais agus spriocanna náisiúnta na mBallstát i ndáil le aistrithe astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 4(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/841 agus a rannchuidithe, dírítear leo ar chuspóir an Aontais astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go nialas faoi 2035 a shaothrú agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán sin;’;

(3)Leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

(a)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘In 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí ó na fardail náisiúnta arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26(4) den Rialachán seo, chun spriocanna bliantúla an laghdaithe ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa do na Ballstáit a chinneadh de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2018/841 agus chun leithdháiltí astaíochtaí bliantúla na mBallstát a chinneadh de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2018/842’;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Áireofar ar an athbhreithniú cuimsitheach dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a:’

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘Tráth athbhreithniú cuimsitheach a chríochnú, arna dhéanamh de bhun mhír 1, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh maidir le suim iomlán na n‑astaíochtaí do na blianta ábhartha a eascraíonn ó na sonraí ceartaithe fardail do gach Ballstát agus sin roinnte idir na sonraí astaíochta atá ábhartha d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 agus do shonraí astaíochta dá dtagraítear i gCuid 1, pointe (c), Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, agus chun suim iomlán na n‑astaíochtaí agus na n‑aistrithe a chinneadh is ábhartha d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841.’;

(4)Leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Ábhar

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra le

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.Modh (modhanna) bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe62

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú62

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh aus tráth an clár a dhúnadh)62

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc63

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH63

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar63

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas64

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas64

3.2.2.An tionchar a mheastar ar leithreasuithe [comhlachta]66

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna [comhlachta]67

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha70

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe70

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam71

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE)2018/841 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Gníomhaíocht ar son na haeráide 

Ceannteideal 3 Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

Teideal 9 – An Comhshaol agus Gníomhaíocht ar son na hAeráide

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le 

 gníomhaíocht nua 

 gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht 45  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Chun Rialachán LULUCF 2018/841 a leasú ar bhealach atá i gcomhréir le huaillmhian aeráide 2030 chun laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 faoi bhun leibhéil 1990 mar aon le conair réidh chothrom i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, ar bhealach costéifeachtach comhleanúnach agus an gá le haistriú cóir agus an gá atá ann do gach earnáil rannchuidiú le hiarrachtaí an Aontais ar son na haeráide á gcur san áireamh.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh. 1

Earnáil talún aeráidneodrach faoi 2035: Cuirtear in iúl go soiléir sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2018 ‘Pláinéad Glan do Chách’ gur gá dúinn aistrithe carbóin a mhéadú go suntasach má táimid chun aeráidneodracht a bhaint amach in 2050. Dá bhrí sin, chun bheith ar an mbóthar ceart i dtreo aeráidneodrachta in 2050, is gá don Aontas an laghdú le déanaí ar aistrithe ó earnáil na talún a aisiompú agus tús a chur le gníomhaíochtaí cur chun feidhme chun aistrithe a mhéadú sa deacáid seo, chun agaí fada de mhaolú aeráide a bhaineann le talamh a chur san áireamh.        

Cuspóir sonrach Uimh. 2

Creat beartais aeráide cothrom, solúbtha agus comhtháite don earnáil talún: Toisc go bhfuil na deiseanna chun aistrithe carbóin a mhéadú dáilte go míchothrom i measc na mBallstát, agus toisc go gcruthaítear sineirgí agus comhbhabhtálacha le hilfheidhmiúlacht talún, beidh gá creat cothrom, solúbtha agus comhtháite a áirithiú san athbhreithniú ar Rialachán LULUCF, lena n‑áirítear sonraíocht na leithdháiltí bliantúla don tréimhse 2026‑2030 faoi earnáil LULUCF agus earnáil ESR araon.

Cuspóir sonrach Uimh. 3

Simpliú ar rialacha LULUCF: is minic le rialacha reatha LULUCF a bheith casta agus níl siad ag teastáil a thuilleadh mar gheall ar fhoirmliú nua na sprice -55 %; bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh, go háirithe maidir le socrú FRLanna, is féidir roinnt coincheap cuntasaíochta a bharrfheabhsú agus a shimpliú. Is féidir leis seo costais chur chun feidhme a laghdú agus comhtháthú na hearnála LULUCF a fheabhsú i straitéisí aeráide náisiúnta foriomlána. Anuas air sin, is gá go dtabharfadh córais faireacháin agus tuairiscithe léiriú níos fearr ar fheidhmíocht aeráide na hearnála.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é méadú ar aistrithe LULUCF an tionchar is tábhachtaí a bheidh ag an athbhreithniú, chun rannchuidiú na hearnála sin a fheabhsú i dtaca le sprioc aeráide níos uaillmhianaí an Aontais do 2030 a fógraíodh sa Phlean um Sprioc Aeráide (-55 %). Tá sé sin nasctha leis an gcéad chuspóir den Mheasúnú Tionchair seo, earnáil talún aeráidneodrach a bheith ann faoi 2035. Tá tionchar aige seo ar údaráis na mBallstát a mbeidh orthu beartais talún uaillmhianacha a cheapadh chun na spriocanna sin a bhaint amach, agus ar bhainisteoirí talún (feirmeoirí, bainisteoirí foraoisí) a bheidh ina ngníomhaithe ar an talamh; go ginearálta, rachaidh an tionchar seo i bhfeidhm ar shaoránaigh uile na hEorpa agus an domhain toisc gur earra poiblí trasteorann é an dúlra.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Táscaire Uimhir 1: leibhéal an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas in 2030 (sprioc de ghlanlaghdú 55 % i gcomparáid le 1990, mar a chumhdaítear leis an Dlí Aeráide Eorpach).

Táscaire Uimhir 2: leibhéal aistrithe gás ceaptha teasa na n‑earnálacha LULUCF in 2030 (sprioc aistrithe 3XXMtCO2eq in 2030)

Táscaire Uimhir 3: Sprioc aeráidneodrachta na hearnála comhtháite (earnálacha LULUCF agus earnálacha talmhaíochta neamh‑CO2) in 2035.

Déantar leibhéil an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas a thuairisciú faoi Rialachán (AE) 2018/1999 agus faoi reachtaíocht thánaisteach eile a bhaineann le faireachán agus tuairisciú faoi Rialachán LULUCF.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

Cuirfidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus tá an Coimisiún chun na bearta ábhartha cur chun feidhme a fhorbairt. Dá bhrí sin cuirfidh na Ballstáit beartais agus bearta chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta maille le forálacha dlíthiúla agus riaracháin is gá chun an togra seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún, maidir leis seo, líon teoranta gníomhartha reachtacha tánaisteacha a athbhreithniú agus a ghlacadh, lena n‑áirítear athbhreithniú cuimsitheach roimh 2025 ar na sonraí ó na fardail. Leis an athbhreithniú ar earnálacha LULUCF agus ESR araon tabharfar deis don Choimisiún meánastaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit a chinneadh le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023, conair um leithdháileadh astaíochtaí 2030 a thabhairt cothrom le dáta agus leithdháiltí bliantúla a athbhreithniú do na blianta 2026 go 2030.

Teastóidh reachtaíocht thánaisteach freisin ina leagfar amach rialacha mionsonraithe maidir le LULUCF ar Chlárlann an Aontais, agus faireachán agus tuairisciú astaíochtaí agus fíorú tuarascálacha comhlíontachta. Le haghaidh an chur chun feidhme, beidh gá freisin le forbairtí casta TF i gClárlann an Aontais chun déileáil le cineál nua lamháltas nasctha le solúbthacht LULUXF‑ESR, agus oibreoirí nua (Ballstáit).

Thairis sin, i ndiaidh an athraithe in 2026 ar an sásra tuairiscithe agus comhlíontachta, teastóidh faireachán uasghrádaithe agus breisithe a sholáthar don chur chun feidhme ag baint leas as an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus seirbhísí sonraí gaolmhara faoi chlár Copernicus.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Fadhb thrasteorann is ea an t‑athrú aeráide agus féadfaidh gníomhaíocht an Aontais an ghníomhaíocht réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil a chomhlánú agus a neartú go héifeachtach. Ach sprioc 2030 le haghaidh laghduithe ar ghás ceaptha teasa an Aontais a mhéadú, beidh tionchar aige sin ar go leor earnálacha ar fud gheilleagar an Aontais agus ní féidir dá bhrí sin déanamh d’uireasa gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus tá deis i bhfad níos mó ann go dtarlóidh an claochlú riachtanach dá bharr, ag feidhmiú mar spreagadh láidir le haghaidh athrú costéifeachtach agus cóineasú aníos.

Diomaite den acmhainneacht atá aige carbón a stóráil agus a cheapadh, cuireann an talamh neart táirgí agus seirbhísí tábhachtacha eile ar fáil: cuirtear bia, beatha ainmhithe, amhábhar ar fáil don bhithgheilleagar léi, tá gnáthóga le fáil inti don bhithéagsúlacht chomh maith le neart seirbhísí éiceachórais atá riachtanach don bheatha (e.g. uisce agus glanadh aeir) agus cosnaíonn sí sinn ó chuid d’iarmhairtí an athraithe aeráide (e.g. tuilte agus fairsingiú fásaigh). I ngeall ar an idirspleáchas idir na feidhmiúlachtaí sin agus acmhainneacht earnáil LULUCF carbón a cheapadh ón atmaisféar, éilítear cur chuige comhtháite i leith ghníomhaíochta ar son na haeráide san earnáil talún chun pleanáil úsáide talún a bharrfheabhsú agus chun cleachtais a aithint a mbeidh tairbhe acu maidir leis an dá ghné sin den earnáil.

Thairis sin, tá an fhéidearthacht aistrithe carbóin ón talamh a mhéadú, agus na costais lena mbaineann, dáilte go míchothrom i measc Ballstát. Is príomhthoisc é an limistéar atá le fáil do ghníomhaíocht ar son na haeráide, a bhraitheann ar thosca topagrafacha nó eacnamaíocha. Thairis sin, cuireann cineál na hithreach agus na húsáide talún, le chéile le tosca a bhaineann leis an aeráid agus domhanleithead, isteach ar an bhféidearthacht aistrithe a fheabhsú.

Dá bhrí sin, cuireann Rialachán LULUCF sineirgí i láthair le mórán beartas eile de chuid an Aontais a chumhdaíonn gníomhaíochtaí a bhaineann leis an talamh.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ionstraim beartais reatha de chuid an Aontais a tugadh isteach in 2018 is ea Rialachán LULUCF. Tá an Coimisiún tar éis taithí luachmhar a fháil áfach ó 2013 i leith nuair a tháinig Cinneadh 529/2013 46 i bhfeidhm inar ceanglaíodh ar na Ballstáit cuntasaíocht ionadach a dhéanamh ar thalamh ina gcríocha.

Leis an togra seo, cuirtear le taithí a fuarthas sa dá thionscnamh rialála seo, chomh maith leis an Teachtaireacht ar dhlús a chur le huaillmhian aeráide 2030 na hEorpa, an Straitéis Fhadtéarmach ar mhaithe le geilleagar rathúil, nua‑aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach agus tionscnaimh ábhartha eile faoin gComhaontú Glas don Eoraip. Leis an tionscnamh seo cuirtear leis an bpróiseas atá bunaithe ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar an gcreat atá sa Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Cuid den phacáiste aeráide agus fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’ is ea é an togra seo. Is é an cuspóir foriomlán atá leis an bpacáiste reachtaíocht an Aontais a ailíniú le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais. Tá gach tionscnamh sa phacáiste idirnasctha go dlúth, agus tá gach ceann ag brath ar dhearadh na gceann eile. Tá an togra reachtach seo comhlántach leis na tograí arna ndéanamh sa phacáiste agus coinníonn sé comhsheasmhacht ar bun leo.

Tá idirnaisc láidre ann freisin le tionscnaimh eile an Choimisiúin chun aistrithe carbóin bunaithe ar an dúlra a chosaint agus a bhreisiú, ag feabhsú athléimneacht foraoisí an Aontais don athrú aeráide, ag athshlánú talamh agus éiceachórais dhíghrádaithe, tailte móna a athfhliuchadh agus an bithgheilleagar a chur chun cinn, lena n‑áirítear táirgí adhmaid lománaithe marthanacha a úsáid, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail éiceolaíocha a chothaíonn an bhithéagsúlacht:

a) Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 47 ;

b) Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol 48 ;

c) Straitéis Foraoise AE 49 ;

d) [Spriocanna Athchóirithe Dúlra an Aontais] 50 ;

e) Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide 51 ;

f) Straitéis an Aontais Eorpaigh chun Astaíochtaí Meatáin a Laghdú 52 ;

g) [Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh 53 ];

h) Bithgheilleagar Inbhuanaithe don Eoraip 54 ;

i) Plean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach le go mbeadh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche 55 ;

j) Plean Gníomhaíochta Saor ó Thruailliú 56 ;

k) Fís fhadtéarmach le haghaidh Ceantair Thuaithe an Aontais 57 .

Tá an earnáil LULUCF nasctha le gach éiceachóras agus gníomhaíocht eacnamaíoch a bhraitheann ar an talamh agus ar na seirbhísí a sholáthraíonn sí. Dá bhrí sin, cuireann Rialachán LULUCF sineirgí i láthair le beartais eile an Aontais a chumhdaíonn gníomhaíochtaí a bhaineann leis an talamh, go príomha an Comhbheartas Talmhaíochta 58 , agus an beartas fuinnimh, go háirithe i ndáil leis an bhfuinneamh inathnuaite.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

-

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

✓Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2023 go 2024,

✓agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modh (modhanna) bainistíochta atá beartaithe 59  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

✓ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

✓ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí phoiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a chuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Mar a áirítear cheana in Airteagal 14(4) den Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair, cuireann EEA cúnamh ar fáil maidir le seiceáil agus comhlíontacht fardal.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán agus de mheastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Rialachán LULUCF, lena gceanglaítear ar Bhallstáit tuairisciú bliantúil a thíolacadh don Choimisiún maidir le hastaíochtaí, beartais agus bearta aistrithe Beidh na sonraí meastóireachta agus tuairiscithe (sonraí MRV) a fhaightear trí rialáil na n‑earnálacha trí EEA ina bpríomhfhoinse faisnéise don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn sna hearnálacha lena mbaineann.

Ar deireadh, déanann an Coimisiún staidéir go tráthrialta ar ghnéithe ábhartha éagsúla de bheartas an Aontais don athrú aeráide.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Neamhbhainteach - Ní chuirtear clár airgeadais nua chun feidhme leis an togra ach ceaptar beartas fadtéarmach leis. Níl feidhm le modh bainistíochta, cur chun feidhme sásraí maoinithe, módúlachtaí íocaíochta agus straitéis rialaithe maidir le rátaí earráide. Chun an togra seo a chur chun feidhme, beidh gá acmhainní daonna a athshannadh laistigh den Choimisiún. Tá nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm.

 

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Ní eascraíonn rialuithe/rioscaí suntasacha nua nach gcumhdófaí faoi chreat rialaithe inmheánaigh atá ann cheana mar gheall ar an tionscnamh seo. Níor beartaíodh aon bheart eile seachas cur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

 

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana féin

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál

Ranníocaíocht

Uimhir

Dif./Neamhdhif. [1]

ó thíortha de chuid CSTE[2]

ó thíortha is iarrthóirí[3]

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

3

09 01 01 01

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

3

09 02 03

LD

NÍL

NÍL

NÍL

3

09 10 02

LD

NÍL

7

20 01 02 01

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

7

20 02 06 01

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

7

20 02 06 02

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

7

20 02 06 03

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh: Níl sé infheidhme.

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

3

‘acmhainní nádúrtha agus an comhshaol’

067

 

2023 

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

09 02 03

Gealltanais

(1)

1 000

1 000

3 000

2 000

7 000

Íocaíochtaí

(2)

 

0.400

1 000

1 800

1 800

5 000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

09 01 01 01

 

(3)

 

 

0.192

0.042 

0.067

0.301

IOMLÁN na leithreasuithe i gcomhair na hArd-Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide

Gealltanais

= 1 + 3

1 000

1 000

3 192

0.042 

2 067 

7 301

Íocaíochtaí

= 2 + 3

-

0.400

1 192

1 842

1 867

5 301

IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

1 000

1 000

3 192

0.042 

2 067 

7 301

Íocaíochtaí

(5)

 

0.400

1 192

1 842

1 867

5 301

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

 

 

 

 

 

 

Leithreasuithe IOMLÁNA faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

= 4+ 6

1 000

1 000

3 192

0.042 

2 067 

7 301

Íocaíochtaí

= 5+ 6

-

0.400

1 192

1 842

1 867

5 301

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

 

 

2023 

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: CLIMA

 

Ÿ Acmhainní daonna  

0.608

0.608

0.760

0.760

0.912

3 648

Ÿ Caiteachas riaracháin eile  

0.055

0.107

0.107

-

-

0.269

IOMLÁN AS-CLIMA

Leithreasuithe

0.663

0.715

0.867

0.760

0.912

3 917

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

0.663

0.715

0.867

0.760

0.912

3 917

 

 

 

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

1 663

1 715

4 059

0.802

2 979

11 218

Íocaíochtaí

0.663

1 115

2 059

2 602

2 779

9 218



3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)



Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2023

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 60

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 61

- Nuashonrú agus oibriú clárlainne

0 000

 

0 000

 

0.192

 

0.042

 

0.067

0.301

- Suíomh staidéar

0.300

0.300

0.300

0.900

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

1 201

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Cur chun feidhme cóir

0.300

0.300

2 300

2 000

4 900

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3...

- Simpliú

0.400

0.400

0.400

1 200

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

IOMLÁN

1 000

1 000

3 192

0.042

2 067

7 301

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

 

 

 

 

 

 

Acmhainní daonna

0.608

0.608

0.760

0.760

0.912

3 648

Caiteachas riaracháin eile

0.055

0.107

0.107

-

-

0.269

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.663

0.715

0.867

0.760

0.912

3 917

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7[1] den chreat airgeadais ilbhliantúil

 

 

 

 

 

 

Acmhainní daonna

-

-

-

-

-

-

Caiteachas eile de chineál riaracháin

-

-

0.192

0.042

0.067

0.301

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

-

-

0.192

0.042

0.067

0.301

IOMLÁN

0.663

0.715

1 059

0.802

0.979

4 218

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

 

2023

2024

2025

2026

2027

Ÿ Poist sa phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

4

4

5

5

6

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

 

 

 

 

 

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

 

 

 

 

 

01 01 01 11 (Taighde díreach)

 

 

 

 

 

Línte buiséid eile (sonraigh)

 

 

 

 

 

Ÿ Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE)[1]

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

 

 

 

 

 

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

 

 

 

 

 

XX 01 xx yy zz [2]

- sa cheanncheathrú

 

 

 

 

 

- i dtoscaireachtaí

 

 

 

 

 

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

 

 

 

 

 

01 01 01 12 (AC, END, INT – taighde díreach)

 

 

 

 

 

Línte buiséid eile (sonraigh)

 

 

 

 

 

IOMLÁN

4

4

5

5

6

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Éilítear acmhainní breise AD chun na críocha a leanas:

- Dréachtú dlíthiúil agus formheas leasuithe ar reachtaíocht thánaisteach ina leagtar amach rialacha mionsonraithe cur chun feidhme maidir le ceantáil; Clárlann an Aontais; faireachán agus tuairisciú; tuarascálacha a fhíorú;

- Cúraimí cur chun feidhme a bhaineann leis an síneadh ar an earnáil talún le hastaíochtaí neamh‑CO2 a chur san áireamh;

- Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme uasghrádaithe agus breisithe na n‑oibleagáidí faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin (MRV); maoirseacht EEA ar an obair

- Anailís ghnó le haghaidh coigeartuithe TF agus oibriú na ngnéithe nua i gclárlann an Aontais ina dhiaidh sin. Faisnéis Ghnó agus Oibleagáid tuairiscithe. Bainistíocht Caidreamh Custaiméirí agus comhordú acmhainní nua Deisce Freastail

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

tabhófar an caiteachas laistigh d’imchlúdach LIFE

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athscrúdú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne ioncaim an bhuiséid:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 62

Bliain
2023

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]



RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ’

Ábhar

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra le

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.Modh (modhanna) bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú62

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh aus tráth an clár a dhúnadh)62

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc63

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH63

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar63

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas64

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas64

3.2.2.An tionchar a mheastar ar leithreasuithe [comhlachta]66

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna [comhlachta]67

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha70

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe70

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam71




RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘GNÍOMHAIREACHTAÍ’

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/841 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh [...]

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

Gníomhaíocht ar son na haeráide

Ceannteideal 3 – Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol Teideal 9 – An Comhshaol agus Gníomhaíocht ar son na hAeráide (MFF 2021/27)

1.3.Baineann an togra le 

 gníomhaíocht nua

 gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht 63  

síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta 

Chun Rialachán LULUCF 2018/841 a leasú ar bhealach atá i gcomhréir le huaillmhian aeráide 2030 chun laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 faoi bhun leibhéil 1990 mar aon le conair réidh chothrom i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, ar bhealach costéifeachtach comhleanúnach agus an gá le haistriú cóir agus an gá atá ann do gach earnáil rannchuidiú le hiarrachtaí an Aontais ar son na haeráide á gcur san áireamh.

1.4.2.Cuspóirí sonracha 

Cuspóir sonrach Uimh. 1

Earnáil talún aeráidneodrach faoi 2035: Cuirtear in iúl go soiléir sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2018 ‘Pláinéad Glan do Chách’40 gur gá dúinn aistrithe carbóin a mhéadú go suntasach má táimid chun aeráidneodracht a bhaint amach in 2050. Dá bhrí sin, chun bheith ar an mbóthar ceart i dtreo aeráidneodrachta in 2050, is gá don Aontas an laghdú le déanaí ar aistrithe ó earnáil na talún a aisiompú agus tús a chur le gníomhaíochtaí cur chun feidhme chun aistrithe a mhéadú sa deacáid seo, chun agaí fada de mhaolú aeráide a bhaineann le talamh a chur san áireamh.    

Cuspóir do EEA: Seiceálacha cáilíochta breise ar fhardail astaíochtaí talmhaíochta agus LULUCF, lena n‑áirítear seiceálacha comhsheasmhachta idir sonraí agus astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus na mBallstát ó na fardail agus scéimeanna deimhniúcháin carbóin.

Gníomhaíochtaí:

Agus ionchas níos airde ann maidir leis na modhanna a úsáidfidh na Ballstáit, tiocfaidh méadú ar mhéid na faisnéise a dhéanfar seiceáil cáilíochta uirthi le linn sheiceálacha tosaigh fhardail LULUCF, fad is a choimeádfar an tráthchlár chun na seiceálacha sin a dhéanamh mar an gcéanna.

Beidh gá comhsheasmhacht idir sonraí gás ceaptha teasa na mBallstát ó na fardail agus faisnéis deimhniúcháin carbóin ar an leibhéal feirme (i gcas go nglactar reachtaíocht) a áirithiú.

Ón mbliain 2024: próiseas dearbhúcháin cáilíochta agus seiceála cáilíochtaí do thalmhaíocht neamh‑CO2 a chomhtháthú ionas gur féidir seiceáil chomhsheasmhach a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí talmhaíochta agus LULUCF ó na fardail, mar ullmhúchán do chur chun feidhme na hearnála talún comhtháite.    

Cuspóir sonrach Uimh. 2

Creat beartais aeráide cothrom, solúbtha agus comhtháite don earnáil talún: Toisc go bhfuil na deiseanna chun aistrithe carbóin a mhéadú dáilte go míchothrom i measc na mBallstát, agus toisc go gcruthaítear sineirgí agus comhbhabhtálacha le hilfheidhmiúlacht talún, beidh gá creat cothrom, solúbtha agus comhtháite a áirithiú san athbhreithniú ar Rialachán LULUCF.

Cuspóir do EEA: Tacú le hathbhreithniú cuimsitheach ar fhardail astaíochtaí ó earnáil na talmhaíochta agus LULUCF

Gníomhaíochtaí: rúnaíocht athbhreithniúcháin a bhunú agus gníomhú mar an rúnaíocht sin le hathbhreithneoirí ar conradh chun athbhreithnithe cuimsitheacha a dhéanamh ar earnáil na talmhaíochta agus LULUCF chun spriocanna comhlíontachta a bhunú (2025) agus an tseiceáil comhlíontachta sprice a dhéanamh (2027 agus 2032). 

Cuspóir sonrach Uimh. 3

Simpliú ar rialacha LULUCF: is minic le rialacha reatha LULUCF a bheith casta agus níl siad ag teastáil a thuilleadh mar gheall ar fhoirmliú nua na sprice -55 %; bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh, go háirithe maidir le socrú FRLanna, is féidir roinnt coincheap cuntasaíochta a bharrfheabhsú agus a shimpliú. Toisc, le rialachán athbhreithnithe LULUCF go gcuirtear modheolaíochtaí ardchisil chun feidhme do na Ballstáit, agus go háirithe chun cineálacha difriúla achar talún a idirdhealú ina dtailte ina bhfuil stoc ard carbóin, achair faoi chosaint agus achair faoi riosca athraithe aeráide, is gá tacair sonraí geospásúla a dhíorthú chun tacú leis na Ballstáit. Is féidir leis seo costais chur chun feidhme a laghdú agus comhtháthú na hearnála LULUCF a fheabhsú i straitéisí aeráide náisiúnta foriomlána. Anuas air sin, is gá go dtabharfadh córais faireacháin agus tuairiscithe léiriú níos fearr ar fheidhmíocht aeráide na hearnála.

Cuspóir do EEA: Rianú feabhsaithe geografach a éascú ar linnte carbóin agus tacar sonraí uile Eorpaigh a fhorbairt chun rianú agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn; Coimirce a dhéanamh nach mbeidh tionchar diúltach ar an gcomhshaol de dheasca aistrithe carbóin

Gníomhaíochtaí:

Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit na sonraí sin a úsáid (fothú acmhainneachta), lena lamhálfar measúnú uile Eorpaigh ar na limistéir talún sin a sholáthar agus na limistéir úsáide talún arna srathú le linn an dearbhúcháin cáilíochta agus na seiceála cáilíochta agus an phróisis athbhreithniúcháin ar shonraí na mBallstát

Measúnú débhliantúil a bhunú agus a chur chun feidhme chun coimirce a dhéanamh nach mbeidh tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol, go hairithe ar bhithéagsúlacht, de dheasca aistrithe carbóin in earnáil na talmhaíochta agus LULUCF.

Measúnuithe rialta a ullmhú ar thionchair an athraithe aeráide ar staid na foraoiseachta agus na talmhaíochta chun acmhainneacht na n‑earnálacha sin a choimirciú i leith linnte CO2.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é méadú ar aistrithe LULUCF an tionchar is tábhachtaí a bheidh ag an athbhreithniú, chun rannchuidiú na hearnála sin a fheabhsú i dtaca le sprioc aeráide níos uaillmhianaí an Aontais do 2030 a fógraíodh sa Phlean um Sprioc Aeráide (-55 %). Tá sé sin nasctha leis an gcéad chuspóir den Mheasúnú Tionchair seo, earnáil talún aeráidneodrach a bheith ann faoi 2035. Tá tionchar aige seo ar údaráis na mBallstát a mbeidh orthu beartais talún uaillmhianacha a cheapadh chun na spriocanna sin a bhaint amach, agus ar bhainisteoirí talún (feirmeoirí, bainisteoirí foraoisí) a bheidh ina ngníomhaithe ar an talamh; go ginearálta, rachaidh an tionchar seo i bhfeidhm ar shaoránaigh uile na hEorpa agus an domhain toisc gur earra poiblí trasteorann é an dúlra.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta 

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Táscaire Uimhir 1: leibhéal an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas in 2030 (sprioc de ghlanlaghdú 55 % i gcomparáid le 1990, mar a chumhdaítear leis an Dlí Aeráide Eorpach).

Táscaire Uimhir 2: leibhéal aistrithe gás ceaptha teasa na n‑earnálacha LULUCF in 2030 (sprioc aistrithe 3XXMtCO2eq in 2030)

Táscaire Uimhir 3: Sprioc aeráidneodrachta na hearnála comhtháite (earnálacha LULUCF agus earnálacha talmhaíochta neamh‑CO2) in 2035

Déantar leibhéil an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas a thuairisciú faoi Rialachán (AE) 2018/1999 agus faoi reachtaíocht thánaisteach eile a bhaineann le faireachán agus tuairisciú faoi Rialachán LULUCF.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

Cuirfidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus tá an Coimisiún chun na bearta ábhartha cur chun feidhme a fhorbairt.

Thairis sin, i ndiaidh an athraithe in 2026 ar an sásra tuairiscithe agus comhlíontachta, teastóidh faireachán uasghrádaithe agus breisithe a sholáthar don chur chun feidhme ag baint leas as an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus seirbhísí sonraí gaolmhara faoi chlár Copernicus.

Le Rialachán LULUCF athbhreithnithe, socraítear spriocanna uaillmhianacha agus inchreidte d’earnáil LULUCF agus na talmhaíochta chun laghdú glanastaíochta gás ceaptha teasa de 55 % ar a laghad a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990, mar a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach. Is é is aidhm leis an togra le haghaidh rialachán LULUCF athbhreithnithe méadú a dhéanamh ar cheapadh carbóin in earnálacha na talmhaíochta agus LULUCF, agus an sprioc ann aeráidneodracht a bhaint amach sa dá earnáil chomhdhlúite faoi 2035. San am céanna, ba cheart a áirithiú leis nach mbeidh tionchar diúltach ag an méadú ar aistrithe CO2 seo ar an gcomhshaol, an bhithéagsúlacht go háirithe, ar shláinte phoiblí ná ar chuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha.

Dá bhrí sin, ceanglófar ar Bhallstáit le rialachán athbhreithnithe LULUCF modheolaíochtaí níos beaichte a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí agus aistrithe óna n‑earnálacha talmhaíochta LULUCF, lena n‑áirítear trí úsáid níos mó a bhaint as sonraí geospásúla chun tacú leis na ríomhanna ardchisil seo a dhéanamh. Go háirithe chun a bheith in ann linnte carbóin a shainaithint agus a rianú laistigh de thailte ina bhfuil stoc ard carbóin, de limistéir faoi chosaint agus de limistéir faoi riosca athraithe aeráide, beidh gá le modheolaíochtaí ardchisil lena n‑éilítear tacair sonraí agus seirbhísí a bheidh comhchuibhithe agus arna gcaighdeánú ar leibhéal an Aontais, ar modheolaíochtaí iad a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le treoirlínte IPCC.

Mar thoradh ar an athrú seo ó rialachán ina bhfuil ‘gealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach’ i dtreo rannchuidiú glanastaíochtaí ó earnáil LULUCF le sprioc aeráide foriomlán an Aontais, a thiocfaidh i bhfeidhm ón mbliain 2026, beidh gá spriocanna comhlíontachta a shocrú lena n‑éileofar athbhreithnithe cuimsitheacha ar fhardail gás ceaptha teasa. Beidh gá le tréimhse ullmhúcháin chuige sin le linn 2024/2025.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Fadhb thrasteorann is ea an t‑athrú aeráide agus féadfaidh gníomhaíocht an Aontais an ghníomhaíocht réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil a chomhlánú agus a neartú go héifeachtach. Ach sprioc 2030 le haghaidh laghduithe ar ghás ceaptha teasa an Aontais a mhéadú, beidh tionchar aige sin ar go leor earnálacha ar fud gheilleagar an Aontais agus ní féidir dá bhrí sin déanamh d’uireasa gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus tá deis i bhfad níos mó ann go dtarlóidh an claochlú riachtanach dá bharr, ag feidhmiú mar spreagadh láidir le haghaidh athrú costéifeachtach agus cóineasú aníos.

Diomaite den acmhainneacht atá aige carbón a stóráil agus a cheapadh, cuireann an talamh neart táirgí agus seirbhísí tábhachtacha eile ar fáil: cuirtear bia, beatha ainmhithe, amhábhar ar fáil don bhithgheilleagar léi, tá gnáthóga le fáil inti don bhithéagsúlacht chomh maith le neart seirbhísí éiceachórais atá riachtanach don bheatha (e.g. uisce agus glanadh aeir) agus cosnaíonn sí sinn ó chuid d’iarmhairtí an athraithe aeráide (e.g. tuilte agus fairsingiú fásaigh). I ngeall ar an idirspleáchas idir na feidhmiúlachtaí sin agus acmhainneacht earnáil LULUCF carbón a cheapadh ón atmaisféar, éilítear cur chuige comhtháite i leith ghníomhaíochta ar son na haeráide san earnáil talún chun pleanáil úsáide talún a bharrfheabhsú agus chun cleachtais a aithint a mbeidh tairbhe acu maidir leis an dá ghné sin den earnáil.

Thairis sin, tá an fhéidearthacht aistrithe carbóin ón talamh a mhéadú, agus na costais lena mbaineann, dáilte go míchothrom i measc Ballstát. Is príomhthoisc é an limistéar atá le fáil do ghníomhaíocht ar son na haeráide, a bhraitheann ar thosca topagrafacha nó eacnamaíocha. Thairis sin, cuireann cineál na hithreach agus na húsáide talún, le chéile le tosca a bhaineann leis an aeráid agus domhanleithead, isteach ar an bhféidearthacht aistrithe a fheabhsú.

Beidh gá tacú le rialachán athbhreithnithe LULUCF le córas láidir agus trédhearcach faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV), ar córas é ar gá dó dul thar an méid atá sa chóras MRV atá anois ann a bunaíodh le rialachán LULUCF atá i bhfeidhm faoi láthair. Is gá freisin go mbeifear in ann nasc a dhéanamh ann idir roghanna bainistíochta talún arna ndéanamh in earnáil na talmhaíochta agus LULUCF agus an tionchar ar cheapadh carbóin agus cosaint na bithéagsúlachta.

Faoi láthair, tá acmhainní teoranta EEA ar fáil chun tacú le faireachán, tuairisciú agus fíorú (MRV) ar fhardal astaíochtaí LULUCF, de réir an cheanglais a leagtar síos i Rialachán AE 2018/841 (Rialachán LULUCF) agus i Rialachán AE 2018/1999 (an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide).

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ionstraim beartais reatha de chuid an Aontais a tugadh isteach in 2018 is ea Rialachán LULUCF. Tá an Coimisiún tar éis taithí luachmhar a fháil áfach ó 2013 i leith nuair a tháinig Cinneadh 529/2013 64 i bhfeidhm inar ceanglaíodh ar na Ballstáit cuntasaíocht ionadach a dhéanamh ar thalamh ina gcríocha. Tá taithí dhíreach ag seirbhísí an Choimisiúin agus ag EEA ar mheastóireacht a dhéanamh, leis an acmhainneacht theoranta atá ann faoi láthair (de dheasca raon feidhme teoranta chur chun feidhme an chreata rialála maidir le LULUCF faoi láthair), ar fhardail LULUCF na mBallstát. Mar thoradh díreach ar an taithí seo, tháinig bearnaí agus an iarracht uasghrádaithe is gá chun solais chun an tiomsú fardal a nuachóiriú, trí úsáid a bhaint as uirlisí agus seirbhísí a tógadh trí chláir de chuid an Aontais arna mbainistiú ag EEA (Copernicus ar an gcéad dul síos).

Leis an togra seo, cuirtear dá bhrí sin le taithí a fuarthas sna tionscnaimh rialála níos túisce sin, chomh maith leis an Teachtaireacht ar dhlús a chur le huaillmhian aeráide 2030 na hEorpa, an Straitéis Fhadtéarmach ar mhaithe le geilleagar rathúil, nua‑aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach agus tionscnaimh ábhartha eile faoin gComhaontú Glas don Eoraip, amhail an clár don Eoraip Dhigiteach. Leis an tionscnamh seo cuirtear freisin leis an bpróiseas atá bunaithe ar phleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid agus ar an gcreat atá sa Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide. […]

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Cuid den phacáiste aeráide agus fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’ is ea é an togra seo. Is é an cuspóir foriomlán atá leis an bpacáiste reachtaíocht an Aontais a ailíniú le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais. Tá gach tionscnamh sa phacáiste idirnasctha go dlúth, agus tá gach ceann ag brath ar dhearadh na gceann eile. Tá an togra reachtach seo comhlántach leis na tograí arna ndéanamh sa phacáiste agus coinníonn sé comhsheasmhacht ar bun leo.

Tá idirnaisc láidre ann freisin le tionscnaimh eile an Choimisiúin chun aistrithe carbóin bunaithe ar an dúlra a chosaint agus a bhreisiú, ag feabhsú athléimneacht foraoisí an Aontais don athrú aeráide, ag athshlánú talamh agus éiceachórais dhíghrádaithe, tailte móna a athfhliuchadh agus an bithgheilleagar a chur chun cinn, lena n‑áirítear táirgí adhmaid lománaithe marthanacha a úsáid, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail éiceolaíocha a chothaíonn an bhithéagsúlacht:

a) Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 65 ;

b) Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol 66 ;

c) Straitéis Foraoise AE 67 ;

d) Plean Athchóirithe Dúlra AE;

e) Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide 68 ;

f) Straitéis an Aontais Eorpaigh chun Astaíochtaí Meatáin a Laghdú 69 ;

g) [Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh 70 ];

h) Bithgheilleagar Inbhuanaithe don Eoraip 71 ;

i) Plean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach ionas go mbeadh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche 72 ;

j) Plean Gníomhaíochta Saor ó Thruailliú 73 ;

k) Fís fhadtéarmach le haghaidh Ceantair Thuaithe an Aontais 74

Tá an earnáil LULUCF nasctha le gach éiceachóras agus gníomhaíocht eacnamaíoch a bhraitheann ar an talamh agus ar na seirbhísí a sholáthraíonn sí. Dá bhrí sin, cuireann Rialachán LULUCF sineirgí i láthair le beartais eile an Aontais a chumhdaíonn gníomhaíochtaí a bhaineann leis an talamh, go príomha an Comhbheartas Talmhaíochta 75 , agus an beartas fuinnimh, go háirithe i ndáil leis an bhfuinneamh inathnuaite.

 

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

-

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modh (modhanna) bainistíochta atá beartaithe 76  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí

   na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

✓ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;

◻ comhlachtaí dlí phoiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a chuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) tacaíocht don Choimisiún mar a dtugtar tuairisc uirthi thuas i gcomhréir lena clár oibre bliantúil. Déanfaidh EEA an obair sin mar chuid den sainordú atá aici faoi láthair agus i gcomhréir leis an ‘Doiciméad Clársceidealaithe Aonair’, ina leagtar amach clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil EEA (Airteagal 32 de Rialachán 2019/715 - an Creat‑Rialachán Airgeadais).

 

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán agus de mheastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Rialachán LULUCF, lena gceanglaítear ar Bhallstáit tuairisciú bliantúil a thíolacadh don Choimisiún maidir le hastaíochtaí, beartais agus bearta aistrithe Beidh na sonraí meastóireachta agus tuairiscithe (sonraí MRV) a fhaightear trí rialáil na n‑earnálacha trí EEA ina bpríomhfhoinse faisnéise don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn sna hearnálacha lena mbaineann.

Ar deireadh, déanann an Coimisiún staidéir go tráthrialta ar ghnéithe ábhartha éagsúla de bheartas an Aontais don athrú aeráide.

[…]

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Neamhbhainteach - Ní chuirtear clár airgeadais nua chun feidhme leis an togra ach ceaptar beartas fadtéarmach leis. Níl feidhm le modh bainistíochta, cur chun feidhme sásraí maoinithe, módúlachtaí íocaíochta agus straitéis rialaithe maidir le rátaí earráide. Chun an togra seo a chur chun feidhme, beidh gá acmhainní daonna a athshannadh laistigh den Choimisiún. Tá nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm.

[…]

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

[…]

[…]

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Ní eascraíonn rialuithe/rioscaí suntasacha nua nach gcumhdófaí faoi chreat rialaithe inmheánaigh atá ann cheana mar gheall ar an tionscnamh seo. Níor beartaíodh aon bheart eile seachas cur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais.


2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Chun calaois, éillitheacht agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, tá feidhm ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) maidir le EEA gan aon srian. Tá straitéis thiomnaithe frith‑chalaoise ag EEA agus plean gníomhaíochta dá thoradh sin. Ina theannta sin, leagtar amach sa Rialachán lena mbunaítear EEA na forálacha maidir le cur chun feidhme agus rialú bhuiséad agus rialacha airgeadais infheidhmithe EEA, lena n‑áirítear iad sin atá dírithe ar chalaois agus neamhrialtachtaí a chosc.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana féin

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál

Ranníocaíocht

Uimhir

Dif./Neamhdhif. [1]

ó thíortha de chuid CSTE[2]

ó thíortha is iarrthóirí[3]

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

3

09 02 03

LD

NÍL

NÍL

NÍL

3

09 10 02

LD

NÍL

7

20 01 02 01

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

7

20 02 06 01

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

7

20 02 06 02

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

7

20 02 06 03

Neamhdhif.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh: n/bh

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

3

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

[Comhlacht]: EEA

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Teideal 1:

Gealltanais

(1)

1 967

2 006

2 046

2 087

8 106

Íocaíochtaí

(2)

1 967

2 006

2 046

2 087

8 106

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

0.177

0.181

0.184

0.198

0.740

Íocaíochtaí

(2a)

0.177

0.181

0.184

0.198

0.740

Teideal 3:

Gealltanais

(3a)

0.153

1 156

0.159

1 162

2 631

 

Íocaíochtaí

(3b)

0.153

1 156

0.159

1 162

2 631

IOMLÁN na leithreasuithe le haghaidh EEA

Gealltanais

=1 + 1a + 3a

2 297

3 343

2 390

3 447

11 476

Íocaíochtaí

=2 + 2a +3b

2 297

3 343

2 390

3 447

11 476

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ard‑Stiúrthóireacht: CLIMA

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Acmhainní Daonna

0.608

0.608

0.760

0.760

0.912

3 648

Caiteachas riaracháin eile

0.055

0.107

0.107

-

-

0.269

IOMLÁN AS‑CLIMA

0.663

0.715

0.867

0.760

0.912

3 917

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.663

0.715

0.867

0.760

0.912

3 917

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil *

Gealltanais

0.663

3 012

4 209

3 150

4 359

15 393

Íocaíochtaí

0.663

3 012

4 209

3 150

4 359

15 393

*Déanfar tionchar buiséadach na n‑acmhainní airgeadais breise don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil a fhritháireamh le laghdú cúiteach ó bhuiséad LIFE.

3.2.2.An tionchar a mheastar ar leithreasuithe [comhlachta] 

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 77

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 78 ...

- athbhreithniú cuimsitheach - toradh

1M

1M

2M

- Aschur

- Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna [comhlachta] 

3.2.3.1.Achoimre

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Foirne sealadacha (Gráid AD)

1 636

1 669

1 702

1 736

6 742

Foirne sealadacha (gráid AST)

-

-

-

-

-

Baill foirne ar conradh

0.331

0.338

0.344

0.351

1 364

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

-

-

-

-

-

IOMLÁN

1 967

2 006

2 046

2 087

8 106

Riachtanais foirne (FTE):

 

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Foirne sealadacha (Gráid AD)

4

8

8

8

8

36

Foirne sealadacha (gráid AST)

 

 

 

 

 

0

Baill foirne ar conradh

1

3

3

3

3

13

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

 

 

 

 

 

0

IOMLÁN

5

11

11

11

11

49

Sonraigh an dáta earcaíochta beartaithe agus cuir an méid in oiriúint dá réir sin (má dhéantar an earcaíocht i mí Iúil, ní chuirtear ach 50 % den mheánchostas san áireamh) agus tabhair mínithe breise.

3.2.3.2.Ceanglais mheasta na nacmhainní daonna a mheastar don (mháthair)ArdStiúrthóireacht

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí ionad deachúlach amháin ar a mhéad)

 

2023

2024

2025

2026

2027

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

4

4

5

5

6

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

 

 

 

 

 

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

 

 

 

 

 

01 01 01 11 (Taighde díreach)

 

 

 

 

 

Línte buiséid eile (sonraigh)

 

 

 

 

 

Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE)[1]

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

 

 

 

 

 

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

 

 

 

 

 

XX 01 xx yy zz [2]

- sa cheanncheathrú

 

 

 

 

 

- i dtoscaireachtaí

 

 

 

 

 

01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

 

 

 

 

 

01 01 01 12 (AC, END, INT – taighde díreach)

 

 

 

 

 

Línte buiséid eile (sonraigh)

 

 

 

 

 

IOMLÁN

4

4

5

5

6

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Éilítear acmhainní breise AD chun na críocha a leanas:

- Dréachtú dlíthiúil agus formheas leasuithe ar reachtaíocht thánaisteach ina leagtar amach rialacha mionsonraithe cur chun feidhme maidir le ceantáil; Clárlann an Aontais; faireachán agus tuairisciú; tuarascálacha a fhíorú;

- Cúraimí cur chun feidhme a bhaineann leis an síneadh ar an earnáil talún le hastaíochtaí neamh‑CO2 a chur san áireamh;

- Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme uasghrádaithe agus breisithe na n‑oibleagáidí faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin (MRV);

- Oiriúnuithe TF i gClárlann an Aontais (mar aon le ETS)

Pearsanra seachtrach

Ba cheart tuairisc ar ríomh na gcostas le haghaidh aonaid FTE a áireamh in Iarscríbhinn V, roinn 3.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Is éard a bheidh sa togra/tionscnamh athshannadh an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

Déanfar tionchar buiséadach na n‑acmhainní airgeadais breise don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil a fhritháireamh le laghdú cúiteach ó bhuiséad LIFE. Déanfar an méadú ar ranníocaíocht an Aontais do EEA agus an laghdú ar bhuiséad LIFE a léiriú i gclárú airgeadais do bhlianta amach anseo.

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 79 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

antar foráil sa togra/tionscnamh maidir leis an gcómhaoiniú atá measta thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne ioncaim an bhuiséid:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 80

2023

2024

2025

2026

2027

Airteagal ……….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid caiteachais dá ndéanfar difear.

Sonraigh an modh chun an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar ioncam a ríomh.

(1)    COM(2019) 640 final.
(2)    COM(2018) 773 final.
(3)    COM(2020) 690 final.
(4)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 10-11 Nollaig 2020 EUCO 22/20 CO EUR 17 CONCL 8.
(5)    Treoir 2003/87/CE an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L L275, 25.10.2003, lch. 32).
(6)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018. lch. 26).
(7)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(8)    COM(2020) 380 final.
(9)    COM/2020/381 final.
(10)    […]
(11)    […]
(12)    COM/2021/82 final.
(13)    COM/2020/663 final.
(14)    […]
(15)    COM/2018/673 final
(16)    COM/2020/98 final.
(17)    COM/2021/400 final.
(18)    COM/2021/[345] final.
(19)    COM/2018/392 final.
(20)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(21)    COM/2020/564 final, https://europa.eu/!xc64CH  
(22)     COM(2018) 773 final : Pláinéad Glan do Chách - fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar rachmasach, nua‑aimseartha, iomaíoch agus aeráidneodrach a bhaint amach.
(23)     Grinnanailís chun tacú leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2018) 773.
(24)    IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.
(25)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(26)    IO C […], […], lch. […].
(27)    IO C […], […], lch. […].
(28)    COM(2019)640 final.
(29)     https://www4.unfccc.int/sites/ndcstaging/PublishedDocuments/European%20Union%20First/EU_NDC_Submission_December%202020.pdf  
(30)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).’
(31)    Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
(32)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018. lch. 26).
(33)    COM(2020) 562 final.
(34)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(35)    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa leis an gComhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32) arna leasú le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).
(36)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(37)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(38)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (COM/2020/380 final).
(39)    COM/2020/381 final.
(40)    […]
(41)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(42)    COM/2021/82 final.
(43)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(44)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(45)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(46)     http://data.europa.eu/eli/dec/2013/529/oj  
(47)    COM(2020) 380 final.
(48)    COM/2020/381 final.
(49)    […]
(50)    […]
(51)    COM/2021/82 final.
(52)    COM/2020/663 final.
(53)    […]
(54)    COM/2018/673 final
(55)    COM/2020/98 final.
(56)    COM/2021/400 final.
(57)    COM/2021/[345] final.
(58)    COM/2018/392 final.
(59)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(60)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: an líon malartuithe mac léinn a maoiníodh, líon km de bhóithre a tógadh, etc.).
(61)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóir(í) sonrach(a)...’
(62)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
(63)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(64)     http://data.europa.eu/eli/dec/2013/529/oj  
(65)    COM(2020) 380 final.
(66)    COM/2020/381 final.
(67)    […]
(68)    COM/2021/82 final.
(69)    COM/2020/663 final.
(70)    […]
(71)    COM/2018/673 final
(72)    COM/2020/98 final.
(73)    COM/2021/400 final
(74)    […]
(75)    […]
(76)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/GA/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(77)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: an líon malartuithe mac léinn a maoiníodh, líon km de bhóithre a tógadh, etc.).
(78)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóir(í) sonrach(a)...’
(79)    Féach Airteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2093/2020 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 ina leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil i gcomhair na mblianta 2021 go 2027.
(80)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,14.7.2021

COM(2021) 554 final/2

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú

{SEC(2021) 554 final} - {SWD(2021) 551 final} - {SWD(2021) 609 final} - {SWD(2021) 610 final}


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841, cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn B:

‘B.    Taiscumair charbóin dá dtagraítear in Airteagal 5(4):

(a)    bithmhais bheo;

(b)    bruscar 11;

(c)    adhmad marbh 21;

(d)    ábhar orgánach marbh 32;

(e)    ithreacha mianracha;

(f)    ithreacha orgánacha;

(g)    táirgí adhmaid lománaithe i gcatagóirí cuntasaíochta talún de thalamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe.’



IARSCRÍBHINN II

Cuirtear isteach an Iarscríbhinn IIa seo a leanas a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841:

‘Iarscríbhinn IIa

Sprioc an Aontais agus spriocanna náisiúnta na mBallstát maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 4(2) atá le baint amach in 2030

Ballstát

Luach an ghlanlaghdaithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa in kt de choibhéis CO2 in 2030

An Bheilg

-1 352

An Bhulgáir

-9 718

An tSeicia

-1 228

An Danmhairg

5 338

An Ghearmáin

-30 840

An Eastóin

-2 545

Éire

3 728

An Ghréig

-4 373

An Spáinn

-43 635

An Fhrainc

-34 046

An Chróit

-5 527

An Iodáil

-35 758

An Chipir

-352

An Laitvia

-644

An Liotuáin

-4 633

Lucsamburg

-403

An Ungáir

-5 724

Málta

2

An Ísiltír

4 523

An Ostair

-5 650

An Pholainn

-38 098

An Phortaingéil

-1 358

An Rómáin

-25 665

An tSlóivéin

-146

An tSlóvaic

-6 821

An Fhionlainn

-17 754

An tSualainn

-47 321

AE‑27

-310 000

'



IARSCRÍBHINN III

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999:

‘Sonraí ar thiontuithe talamhúsáide bunaithe ar thíreolaíocht i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa. Feidhmeoidh an fardal gás ceaptha teasa ar bhonn bunachar sonraí leictreonach agus córas faisnéise geografach, agus beidh siad comhdhéanta de:

(a) córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún le talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, mar a shainmhínítear in Airteagal 29(4) de Threoir 2018/2001;

(b) córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún atá faoi réir cosanta, a shainmhínítear mar thalamh atá cumhdaithe le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

-    Talamh a bhfuil luach ard bithéagsúlachta aige mar a shainmhínítear in Airteagal 29(3) de Threoir 2018/2001;

-    Láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo agus Limistéir Chaomhantais Speisialta mar a shainmhínítear le hAirteagal 4 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle 4 agus aonaid talún lasmuigh díobh atá faoi réir bearta cosanta agus caomhnaithe faoi Airteagal 6(1) agus (2) den Treoir sin d’fhonn cuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;

-    Láithreáin phórúcháin agus áiteanna scíthe na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE atá faoi réir bearta cosanta faoi Airteagal 12 den Treoir sin;

-    Na gnáthóga nádúrtha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus gnáthóga na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE a fhaightear lasmuigh de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo nó limistéir chaomhantais speisialta agus a rannchuidíonn leis na gnáthóga agus leis na speicis sin stádas fabhrach caomhnaithe a bhaint amach faoi Airteagal 2 den Treoir sin nó ar féidir iad a chur faoi réir bearta coisctheacha agus feabhais faoi Threoir 2004/35/CE 5 ;

-    Limistéir chaomhantais speisialta a aicmítear faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 agus na haonaid talún lasmuigh díobh atá faoi réir bearta cosanta agus caomhnaithe faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CEE agus Airteagal 6(2) de Threoir 92/43/CEE d’fhonn cuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;

-    Aonaid talún atá faoi réir bearta le haghaidh caomhnú éan a thuairiscítear mar éan nach bhfuil stádas slán acu faoi Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE d’fhonn an ceanglas faoi Airteagal 4(4), an dara habairt den Treoir sin a chomhlíonadh, in iarracht truailliú agus meathlú gnáthóige a sheachaint nó an ceanglas faoi Airteagal 3 den Treoir sin a chomhlíonadh chun éagsúlacht agus limistéar leordhóthanach gnáthóg do speicis éan a chaomhnú, agus a choinneáil ar bun;

-    Aon ghnáthóg eile arna ainmniú ag na Ballstáit chun críocha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 92/42/CEE agus 2009/147/CE;

-    Aonaid talún atá faoi réir bearta is gá chun stádas éiceolaíoch na ndobharlach uisce dromchla dá dtagraítear in Airteagal 4(iii) de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 a chosaint agus chun neamh‑mheathlú an stádais sin a áirithiú;

-    Tuilemhánna nádúrtha nó limistéir chun uisce ó thuilte a choimeád atá faoi chosaint na mBallstát i ndáil le bainistíocht riosca i gcás tuilte faoi Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 ;

(c) córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún faoi réir athchóirithe, arna shainiú mar thalamh atá cumhdaithe le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

-    Láithreáin a bhfuil tábhacht chomhphobail leo, limistéir chaomhantais speisialta agus limistéir faoi chosaint speisialta mar a thugtar tuairisc orthu i bpointe (b) thuas, mar aon leis na haonaid talún lasmuigh díobh atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe nó cúiteacha de dhíth orthu, atá dírithe ar chuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;

-    Gnáthóga na speiceas éan fiáin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir 2009/147/CE nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis sin, a fhaightear lasmuigh de limistéir faoi chosaint speisialta agus atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe de dhíth orthu chun críoch Threoir 2009/147/CE;

-    Na gnáthóga nádúrtha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus gnáthóga na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE lasmuigh de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo nó limistéir chaomhantais speisialta agus atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe de dhíth orthu chun críoch stádas fabhrach caomhantais a bhaint amach faoi Threoir 92/43/CEE agus/nó atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta feabhais de dhíth orthu chun críoch Airteagal 6 de Threoir 2004/35/CE;

-    Limistéir atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu de réir plean athbhunaithe dúlra is infheidhme i mBallstát;

-    Aonaid talún atá faoi réir bearta a éilítear chun stádas maith éiceolaíoch a chur ar ais sna dobharlaigh uisce dromchla dá dtagraítear in Airteagal 4(iii) de Threoir 2000/60/CE, nó bearta a éilítear chun stádas ard éiceolaíoch a chur ar ais i ndobharlaigh den sórt sin i gcás ina gceanglaítear é sin de réir dlí;

-    Aonaid talún atá faoi réir bearta chun limistéir bhogaigh, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI.B(vii) de Threoir 2000/60/CE, a athchruthú agus a athchóiriú;

-    Limistéir a bhfuil athchóiriú éiceachórais de dhíth orthu chun riocht mhaith éiceachórais a bhaint amach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 ;

(d) córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún a bhfuil riosca ard aeráide ag baint leo:

-    Limistéir faoi réir cúitimh de bharr suaití nádúrtha faoi mhír 5 d’Airteagal 13b de Rialachán (AE) 2018/841

-    Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2007/60/CE

-    Limistéir atá sainaitheanta i straitéis náisiúnta um oiriúnú na mBallstát mar limistéir ina bhfuil rioscaí arda nádúrtha agus rioscaí de dhéantús an duine, faoi réir gníomhaíochtaí laghdaithe rioscaí tubaiste a bhaineann leis an aeráid.

Leis an bhfardal gás ceaptha teasa beifear in ann sonraí a mhalartú agus a chomhtháthú idir na bunachair sonraí leictreonacha agus na córais faisnéise gheografacha.

Modheolaíocht Leibhéal 1 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta GCT, don tréimhse 2021-2025. I gcás astaíochtaí agus aistrithe do thaiscumar carbóin arb ionann í agus 25‑30 % ar a laghad d’astaíochtaí nó d’aistrithe i bhfoinse nó i gcatagóir linne a dtugtar tosaíocht di laistigh de chóras náisiúnta fardail de chuid Ballstáit toisc go bhfuil tionchar suntasach ag an meastachán a dhéantar uirthi ar fhardal iomlán tíre GCTanna i dtéarmaí an dearbh‑leibhéil astaíochtaí agus aistrithe, na treochta maidir le hastaíochtaí agus le haistrithe, nó na neamhchinnteachta sna hastaíochtaí agus sna haistrithe sna catagóirí úsáide talún, agus ó 2026 amach i gcás gach meastacháin astaíochtaí agus aistrithe taiscumair carbóin, agus modheolaíocht Leibhéal 2 ar a laghad i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC le haghaidh fardail náisiúnta GCT.

Ó 2026 amach, i gcás gach meastacháin ar astaíochtaí agus aistrithe taiscumair carbóin a thiteann i limistéir ina bhfuil aonaid úsáide talún ina bhfuil stoc ard carbóin dá dtagraítear i bpointe (c) thuas, i limistéir ina bhfuil aonaid úsáide talún faoi chosaint nó faoi athchóiriú dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) thuas, agus i limistéir ina bhfuil aonaid úsáide talún faoi rioscaí arda aeráide sa todhchaí dá dtagraítear i bpointe (f) thuas, cuirfidh na Ballstáit modheolaíocht Leibhéal 3 i bhfeidhm, i gcomhréir le treoirlínte 2006 IPCC le haghaidh fardail náisiúnta GCT.’.

(1) 1    Tá feidhm leis maidir le Talamh Foraoisithe agus Talamh Foraoise Bainistithe amháin.
(2) 2    Tá feidhm leis maidir le Talamh Dífhoraoisithe, Talamh Curaíochta Bainistithe, Féarthalamh Bainistithe agus Bogaigh Bhainistithe amháin.
(3)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(4)    Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).
(5)    Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(6)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(7)    Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le rioscaí tuilte a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).
(8)    Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).