AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.7.2021
COM(2021) 551 final
2021/0211(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2021) 551 final} - {SWD(2021) 557 final} - {SWD(2021) 601 final} - {SWD(2021) 602 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontas Glas don Eoraip, seoladh straitéis nua fáis don Aontas arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha, atá tíosach ar acmhainní agus iomaíoch. Athdhearbhaítear leis uaillmhian an Choimisiúin chun a spriocanna aeráide a mhéadú agus go mbeadh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach faoi 2050. Thairis sin, tá sé d’aidhm leis freisin sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise tionchar tromchúiseach phaindéim COVID‑19 ar shláinte, ar dhálaí maireachtála agus oibre, agus ar fholláine shaoránaigh an Aontais.
Dúshlán práinneach is ea é dul i ngleic leis an athrú aeráide. I gcomhréir leis na torthaí eolaíocha sa Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), ní mór astaíochtaí CO2 domhanda glan‑nialasacha a bhaint amach thart ar an mbliain 2050, agus neodracht maidir le gach gás ceaptha teasa eile a bhaint amach a luaithe is féidir níos déanaí sa chéad. Is gá don Aontas a ghníomhaíocht a mhéadú mar gheall ar an dúshlán práinneach seo agus ceannaireacht dhomhanda a léiriú trína bheith aeráidneodrach faoi 2050. Leagtar amach an cuspóir seo sa Teachtaireacht ‘Pláinéad Glan do Chách’ - Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua‑aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de’.
Bunaithe ar straitéis an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus ar mheasúnú cuimsitheach tionchair, moladh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Mheán Fómhair 2020 maidir le Uaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a ghéarú (‘an plean um Sprioc Aeráide 2030’) uaillmhian an Aontais a ardú agus moladh ann plean cuimsitheach chun sprioc cheangailteach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 a mhéadú i dtreo laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí ar bhealach freagrach. Ach uaillmhian 2030 a ardú anois, tugtar cinnteacht don lucht ceaptha beartas agus d’infheisteoirí, ionas nach mbeidh mar thoradh ar chinntí a dhéanfar sna blianta romhainn ceangal a chur ar leibhéil astaíochtaí, rud a bheadh neamhréireach le cuspóir an Aontais a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Tá sprioc 2030 i gcomhréir leis an gcuspóir i gComhaontú Pháras chun an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1.5 °C.
Thacaigh an Chomhairle Eorpach le sprioc cheangailteach nua an Aontais le haghaidh 2030 ag a cruinniú i mí na Nollag 2020. D’iarr sí freisin ar an gCoimisiún ‘a mheas cad é an bealach is fearr ar féidir leis na hearnálacha eacnamaíocha uile rannchuidiú le sprioc 2030 agus na tograí is gá a dhéanamh, lena ngabhfaidh mionscrúdú ar an tionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta ar leibhéal na mBallstát, agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar sholúbthachtaí atá ann cheana’.
Chuige sin, tá sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht ceangailteach ó thaobh dlí de faoin Dlí Aeráide Eorpach, mar a comhaontaíodh leis na comhreachtóirí, agus ardaítear uaillmhian 2030 trí sprioc a leagan amach chun laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990.
Chun an chonair a mholtar sa Dlí Aeráide Eorpach a leanúint agus an leibhéal méadaithe uaillmhéine sin a sheachadadh faoi 2030, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir leis an aeráid agus le fuinnimh atá i bhfeidhm faoi láthair a meastar nach mbeidh mar thoradh orthu ach laghdú 40 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus laghdú 60 % faoi 2050. Tá an pacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’) seo, mar a fógraíodh sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030, ar an mbloc tógála is cuimsithí sna hiarrachtaí chun sprioc aeráide uaillmhianach nua 2030 a chur chun feidhme, agus beidh ar gach earnáil agus beartas eacnamaíoch rannchuidiú leis.
Ina theannta sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún i mí na Nollag 2020 féachaint ar bhealaí a fhiosrú chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS) a neartú, agus a shláine a chaomhnú agus an gá le dul i ngleic le hábhair imní maidir le dáileachán agus bochtaineacht fuinnimh a chur san áireamh. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún freisin féachaint ar bhearta a mholadh lena gcuirfear ar a gcumas do thionscail atá dian ar fhuinneamh teicneolaíochtaí aeráidneodracha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus a n‑iomaíochas tionsclaíoch á chaomhnú.
Rinneadh athbhreithniú in 2018 ar an reachtaíocht ETS atá ann faoi láthair chun laghdú 43 % a bhaint amach in astaíochtaí EU ETS faoi 2030 i gcomparáid le 2005, rud atá comhleanúnach le sprioc laghdaithe astaíochtaí ar fud gheilleagar an Aontais de 40 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Léirítear, áfach, in anailís níos déanaí de chuid sheirbhísí an Choimisiúin go mbainfí amach laghdú -51 % ar astaíochtaí in 2030 i gcomparáid le 2005 sna hearnálacha a chumhdaítear le EU ETS faoi láthair dá bhfágfaí an reachtaíocht gan athrú.
Bíodh is go sárófaí leis sin an rannchuidiú -43 % dá dtagraítear thuas, níor rannchuidiú leordhóthanach é le sprioc fhoriomlán -55 % ar a laghad i gcomparáid le 1990. Dá bhrí sin, is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí ar bhealach atá i gcomhréir le sprioc aeráid 2030 chun laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 faoi bhun leibhéil 1990 mar aon le conair réidh chothrom i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, ar bhealach costéifeachtach comhleanúnach agus an gá le haistriú cóir agus an gá atá ann do gach earnáil rannchuidiú le hiarrachtaí an Aontais ar son na haeráide á gcur san áireamh.
Mar a mhínítear sa mheasúnú tionchair, meastar gur le rannchuidiú -61 % i gcomparáid le 2005 ó na hearnálacha a chumhdaítear le EU ETS is fearr a léirítear torthaí an Phlean um Sprioc Aeráide 2030 agus is é sin a ghlactar mar uaillmhian EU ETS lena rannchuidítear le sprioc fhoriomlán -55 % ar a laghad i gcomparáid le 1990. Is é a bheidh i gceist le cur le rannchuidiú comhshaoil EU ETS an líon iomlán lamháltas a eisítear faoi EU ETS (an ‘chaidhp’) go príomha a oiriúnú. Mar sin féin, téann líon laghdaithe lamháltas atá ar fáil don mhargadh i bhfeidhm ar cholúin eile de EU ETS agus den phraghas carbóin. Téann sé i bhfeidhm ar bhunphrionsabail amhail an gá le cobhsaíocht margaidh, an chosaint in aghaidh riosca sceite carbóin, na héifeachtaí dáileacháin atá cothromaithe go cáiréiseach idir na Ballstáit, agus infhaighteacht cistí le haghaidh na riachtanas méadaithe infheistíochta i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin.
An tráth céanna a thugtar EU ETS i gcomhréir leis an sprioc fhoriomlán de -55 % ar a laghad i gcomparáid le 1990, ní mór an uaillmhian mhéadaithe aeráide seo a léiriú freisin sa rannchuidiú le hiarrachtaí aeráide an Aontais d’earnálacha atá lasmuigh de EU ETS faoi láthair. Dar leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030, ní thiocfadh laghdú mar is gá ar astaíochtaí in earnálacha áirithe, in éagmais bearta breise, le bheith ar an mbóthar ceart chun laghdú 55 % ar astaíochtaí ar fud an gheilleagair a bhaint amach. Go deimhin, sa mhuiriompar, is airde na hastaíochtaí anois ná mar a bhí in 1990, agus meastar go dtiocfaidh méadú eile ar astaíochtaí ón muiriompar sa chás ‘gnó mar is gnách’. Sna conairí go léir a measúnaíodh mar chuid den Phlean um Sprioc Aeráide 2030 agus den Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, beartaítear laghdú 80-82 % ar astaíochtaí ón loingseoireacht idirnáisiúnta faoi 2050 i gcomparáid le 1990 (is ionann é sin agus laghdú 88-89 % ar astaíochtaí i gcomparáid le 2008), le bheith comhsheasmhach leis an uaillmhian aeráide níos airde. Dá bhrí sin, ghabh an Coimisiún Eorpach air féin an gealltanas chun EU ETS a fhairsingiú leis an muiriompar a chuimsiú mar chuid de chiseán beart de chuid an Aontais chun dul i ngleic le hastaíochtaí ón muiriompar, i dteannta gníomhaíochta a comhaontaíodh laistigh de IMO. Sa chomhthéacs sin, cuireann an Coimisiún fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ó bhí 2019 ann ar an togra chun Rialachán (AE) 2015/757 a leasú chun aird chuí a thabhairt ar an gcóras bailithe sonraí domhanda le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long (COM(2019) 38 final) agus tugann an Coimisiún aird ar thacaíocht iomlánach Pharlaimint na hEorpa maidir le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS) a fhairsingiú chun astaíochtaí ón muiriompar a chuimsiú ó 2023 ar aghaidh. Ba cheart astaíochtaí ón muiriompar a chuimsiú sa chóras trádála astaíochtaí atá ann cheana féin. Chun aistriú rianúil a áirithiú, ba cheart tréimhse céimnithe isteach a thabhairt isteach, agus ní bheadh ar chuideachtaí loingseoireachta ach lamháltais a ghéilleadh le haghaidh cion dá n‑astaíochtaí fíordheimhnithe sa tréimhse sin, agus thiocfadh méadú ar an gcion go 100 % thar 4 bliana. Ó tharla nach gcuirfí leis ach thart ar 90 milliún tonna CO2 tríd an gcóras trádála astaíochtaí atá ann cheana féin a fhairsingiú don mhuiriompar, ní bheadh ach tionchar teoranta ann ar an infhaighteacht lamháltas le haghaidh na n‑earnálacha eile a chuimsítear.
Chun cuimsiú na hearnála muirí in EU ETS a chur san áireamh, ba cheart Rialachán (AE) 2015/757 a leasú, go háirithe maidir le tuairisciú sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta agus ag féachaint ar ról na n‑údarás riaracháin i dtaca le cuideachtaí loingseoireachta. Comhlánaítear leis na leasuithe sin na leasuithe a mholtar in COM(2019) 38 final.
Mar a shonraítear sa Phlean um Sprioc Aeráide 2030, is í earnáil na tógála atá freagrach faoi láthair go díreach agus go hindíreach as 36 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le fuinneamh san Aontas agus tá acmhainneacht chostéifeachtach mhór ag an earnáil chun astaíochtaí a laghdú. Cuimsítear breis is leath de na hastaíochtaí sin faoin gcóras trádála astaíochtaí atá ann cheana féin, go háirithe an soláthar leictreachais atá le húsáid i bhfoirgnimh agus formhór na n‑astaíochtaí a bhaineann le téamh ceantair. Mar sin féin, déantar go leor tithe cónaithe a théamh go fóill le córais as dáta ina n‑úsáidtear breoslaí iontaise truaillitheacha amhail gual agus ola.
Tá acmhainneacht laghdaithe chostéifeachtach mhór ag earnáil an iompair de bhóthar freisin. Sa lá atá inniu ann, an t‑iompar de bhóthar is cúis leis an gcúigiú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais Eorpaigh, agus tá méadú breis is an ceathrú cuid tagtha ar astaíochtaí ón earnáil ó bhí 1990 ann. Faoi mar a breithníodh sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún earnáil na tógála agus earnáil an iompair de bhóthar a chuimsiú sa trádáil astaíochtaí. Dá gcuimseofaí na hearnálacha sin faoin trádáil astaíochtaí, nuair a chuirtear é sin i gcomhthéacs bearta rialála agus infheistíochta iomchuí eile le haghaidh na n‑earnálacha sin, dhéanfaí foráil maidir le dreasachtaí eacnamaíocha níos mó agus níos comhchuibhithe chun astaíochtaí thar na hearnálacha sin a laghdú san Aontas agus maidir le cinnteacht níos mó go mbainfí amach laghdú ar astaíochtaí sna hearnálacha sin.
Ba cheart trádáil astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthair a thabhairt isteach le trádáil astaíochtaí ar leith ach atá fogasach. Ar an gcaoi sin, seachnófar aon chur isteach ar an gcóras trádála astaíochtaí dea‑fheidhmithe le haghaidh suiteálacha do-aistrithe agus na heitlíochta, mar gheall ar na hacmhainneachtaí laghdaithe éagsúla sna hearnálacha sin agus na dtosca éagsúla a théann i bhfeidhm ar an éileamh. Níor cheart measúnú a dhéanamh ar aon chumasc féideartha den dá chóras ach amháin tar éis don trádáil astaíochtaí nua a bheith i bhfeidhm le roinnt blianta, bunaithe ar an taithí. Tá cur chuige réamhtheachtach i leith eintitis rialaithe ag teastáil leis an gcóras a fhairsingiú chun foirgnimh agus an t‑iompar de bhóthar a chuimsiú.
Tá cobhsaíocht margaidh ríthábhachtach le go bhfeidhmeodh EU ETS i gceart lena spriocanna a bhaint amach. Leis an gcobhsaíocht margaidh a áirithiú, bunaíodh cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh (MSR) le Cinneadh (AE) 2015/1814. Thosaigh an cúlchiste ag feidhmiú i mí Eanáir 2019. Is iad cuspóirí an chúlchiste dul i ngleic le míchothromaíochtaí stairiúla idir an soláthar agus an t‑éileamh agus chun EU ETS a dhéanamh níos athléimní i ndáil le míchothromaíochtaí móra. Ní mór don sásra an chobhsaíocht rialála a chaomhnú agus intuarthacht fhadtéarmach a áirithiú. Ceanglaítear le hAirteagal 3 den Chinneadh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú an chúlchiste laistigh de 3 bliana ó thús na feidhme. Ní mór an t‑athbhreithniú sin a bhreithniú i gcomhar leis na héifeachtaí ar an gcobhsaíocht margaidh a bhainfeadh le huaillmhian EU ETS a mhéadú, ionas go ndéanfar na leasuithe is gá ar an gcúlchiste a mholadh in éineacht leis na leasuithe ar EU ETS leis an togra seo.
Sa chomhthéacs sin, is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha atá ag an togra seo mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’):
–EU ETS a neartú sa raon feidhme atá aige faoi láthair chun an rannchuidiú iomchuí le sprioc fhoriomlán -55 % ar a laghad d’astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le 1990 a sholáthar;
–cosaint éifeachtach leanúnach a áirithiú le haghaidh na n‑earnálacha a bhfuil riosca suntasach sceite carbóin ag roinnt leo agus glacadh teicneolaíochtaí ísealcharbóin a spreagadh an tráth céanna;
–dul i ngleic le héifeachtaí dáileacháin agus sóisialta an aistrithe sin, trí athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid ioncam ceantála agus ar mhéid agus feidhmiú na sásraí cistiúcháin ísealcharbóin;
–a áirithiú go rannchuidíonn na hearnálacha eile seachas iad sin a chuimsítear in EU ETS faoi láthair ar bhealach costéifeachtach leis an laghdú is gá ar astaíochtaí i gcomhréir le spriocanna AE agus gealltanais faoi Chomhaontú Pháras go háirithe trí astaíochtaí ón muiriompar agus astaíochtaí ó fhoirgnimh agus ón iompar de bhóthar a chur san áireamh faoi rialacha EU ETS agus sineirgí le beartais eile ina ndírítear ar na hearnálacha sin á n‑áirithiú;
–athbhreithniú a dhéanamh ar chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe astaíochtaí CO2 ón muiriompar chun cuimsiú na hearnála muiriompair in EU ETS a chur san áireamh;
–athbhreithniú a dhéanamh ar chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir leis an oibleagáid dhlíthiúil chomhfhreagrach agus iniúchadh a dhéanamh ar leasuithe féideartha ar a dhearadh, chun cuspóirí dlíthiúla sa chinneadh maidir le cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh a chomhlíonadh agus chun dul i ngleic le haon saincheist a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhthéacs na huaillmhéine méadaithe.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach. Céim chuimsitheach is ea an pacáiste aeráide agus fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’) chun reachtaíocht an Aontais a ollchóiriú lena ailíniú le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais. Tá gach tionscnamh sa phacáiste idirnasctha go dlúth, agus tá gach ceann ag brath ar dhearadh na gceann eile. Tá an togra reachtach seo forlíontach leis na tograí arna ndéanamh sa phacáiste agus cothaíonn sé comhsheasmhacht leo.
Cuimsítear earnálacha lasmuigh de EU ETS leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (ESR), lena mbunaítear sprioc fhoriomlán uile-Aontais maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar aon le spriocanna bliantúla ceangailteacha le haghaidh na mBallstát aonair a bheidh le baint amach faoi 2030. Cuimsítear leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill i measc nithe eile earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh, chomh maith le hastaíochtaí ó loingseoireacht intíre, agus is ionann iad sin le chéile agus thart ar 50 % d’astaíochtaí ESR. Murab ionann is EU ETS, níl na hearnálacha a chumhdaítear le ESR faoi réir comhartha faoi phraghas an charbóin ar fud an Aontais. Ach na dreasachtaí eacnamaíocha breise a sholáthar (trí phraghsáil carbóin) is gá chun an laghdú astaíochtaí costéifeachtach a bhaint amach i bhfoirgnimh agus san iompar de bhóthar, comhlánóidh an Córas Trádála Astaíochtaí nua an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill sa raon feidhme atá ann faoi láthair, rud a dhéanann dreasachtaí agus cuntasacht le haghaidh gníomhaíocht náisiúnta a choinneáil ar bun. Léirigh líon mór geallsealbhóirí a thábhachtaí atá an ghné dheiridh sin. Ó tharla go ndéantar uaillmhian 2030 den trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a leagan amach ar bhealach comhsheasmhach le rannchuidiú costéifeachtach na n‑earnálacha a chuimsítear, ní dhéantar aon saobhadh ar rannchuidiú na n‑earnálacha ESR nach gcuimsítear le praghsáil carbóin ar fud an Aontais. Féadfar feabhas a chur ar éifeachtacht na praghsála carbóin le bearta náisiúnta lena dtéitear i ngleic le bacainní neamh‑phraghais nó lena gcuirtear réitigh mhalartacha ar fáil.
Sonraítear in aithris 4 de Threoir (AE) 2018/410 gur cheart tús a chur le gníomhaíocht ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) nó ón Aontas ón mbliain 2023 ar aghaidh, lena n‑áirítear an réamhobair maidir le glacadh agus le cur chun feidhme birt lena n‑áirithítear go rannchuidíonn an earnáil go hiomchuí leis na hiarrachtaí is gá chun na cuspóirí a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus aird chuí a thugann na geallsealbhóirí go léir. Ina theannta sin, tá laghdú ar astaíochtaí ón muiriompar ina chuid de ghealltanas an Aontais maidir le laghdú ar fud an gheilleagair faoi Chomhaontú Pháras.
Níl aon bheart leormhaith i bhfeidhm go dtí seo, ar an leibhéal domhanda nó san Aontas, chun an laghdú ar astaíochtaí is gá ó earnáil an mhuiriompair a bhaint amach le bheith i gcomhréir le leibhéal méadaithe uaillmhéine aeráide an Aontais. Ar leibhéal AE, tá faireachán, tuairisciú agus fíorú á dhéanamh (trí Rialachán an Aontais maidir le MRV Muirí) ó bhí 2018 ann ar astaíochtaí CO2 ó longa a bhfuil olltonnáiste 5 000 tona acu atá ag taisteal chuig calafoirt laistigh de LEE nó uathu. Ar an leibhéal domhanda, tá creat rialála maidir le héifeachtúlacht fuinnimh long nua i bhfeidhm agus formheasadh bearta éifeachtúlachta fuinnimh le déanaí le haghaidh long atá ann cheana féin. Ghlac IMO Straitéis Tosaigh maidir le hAstaíochtaí Gás Ceaptha Teasa ó Longa a Laghdú freisin, agus leagtar amach ann cuspóir maidir le laghdú 50 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050 i gcomparáid le leibhéil 2008. Cé go gcuirtear fáilte roimh an dul chun cinn a bhaintear amach in IMO, ní leor na bearta sin chun an loingseoireacht idirnáisiúnta a dhícharbónú i gcomhréir le cuspóirí aeráide idirnáisiúnta.
Mar gheall air sin, gheall an Coimisiún Eorpach ciseán beart de chuid an Aontais a mholadh chun cur le rannchuidiú an mhuiriompair le hiarrachtaí aeráide an Aontais, i dteannta na mbeart a comhaontaíodh ar leibhéal domhanda laistigh de IMO. Anuas ar EU ETS a fhairsingiú chuig an muiriompar, tá sa chiseán beart go háirithe tionscnamh FuelEU Maritime a bhfuil mar aidhm leis cur le héileamh agus le húsáid breoslaí iompair malartacha in‑athnuaite, mar aon le togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh (ETD) maidir leis an díolúine reatha ó cháin le haghaidh breosla a úsáidtear i longa.
Faoi láthair, cuimsítear go díreach nó go hindíreach le EU ETS tuairim is 30 % d’astaíochtaí foirgneamh mar thoradh ar théamh. Baineann sé sin le téamh ceantair agus leis an leictreachas a úsáidtear chun críoch téimh a chuimsítear faoin gcóras. Bheadh buntáistí móra i dtéarmaí éifeachtacht an laghdaithe ar astaíochtaí ann dá gcuimseofaí na hastaíochtaí go léir ón dó breoslaí iontaise san earnáil seo agus dá ndéanfaí iad a chomhtháthú i dtrádáil astaíochtaí an Aontais. San iompar de bhóthar, bheadh de bhuntáiste ag an trádáil astaíochtaí astaíochtaí flíteanna faoi bhun na caidhpe a ghabháil agus an tráth céanna athrú iompair a spreagadh lena mbainfidh éifeachtaí marthanacha ar réitigh shoghluaisteachta tríd an gcomhartha praghais. Mar sin féin, is leis na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán is mó a áirithítear soláthar feithiclí glana atá nua‑aimseartha agus nuálach, lena n‑áirítear gluaisteáin leictreacha. I gcomhthráth le trádáil astaíochtaí a chur i bhfeidhm maidir leis an iompar de bhóthar, tá an Coimisiún ag moladh go neartófaí na caighdeáin maidir le CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna le haghaidh 2030 chun bealach follasach a áirithiú i dtreo na soghluaisteachta saor ó astaíochtaí. Anuas ar úsáidí féideartha an ioncaim ceantála a sonraíodh cheana féin lena n‑áirítear e.g. cruthú scileanna agus athdháileadh saothair a chur chun cinn, d’fhéadfaí cuid den ioncam a ghintear le trádáil astaíochtaí sna hearnálacha nua a úsáid chun dul i ngleic leis an tionchar sóisialta a eascraíonn as an trádáil astaíochtaí nua sna hearnálacha sin agus a infheistítear i mbearta a bhfuil mar aidhm leo luas a chur faoin mborradh faoin athchóiriú foirgneamh chomh maith leis an nglacadh le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus an bonneagar is gá a fhorbairt, amhail stáisiún luchtaithe cliste atá lonnaithe go straitéiseach le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha. Maidir le bearta tacaíochta chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn i dteaghlaigh leochaileacha nó ar ioncam íseal, d’fhéadfaidís rannchuidiú freisin chun éifeachtaí dáileacháin iomarcacha a sheachaint. Chuige sin, laistigh den phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’), déanann an Coimisiún moladh chun Ciste Aeráide Sóisialta a bhunú chun pleananna na mBallstát ábhartha a mhaoiniú le dul i ngleic le gnéithe sóisialta na trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar le béim ar leith ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair. Úsáidfear cuid d’ioncam ceantála an chórais nua chun pleananna na mBallstát a mhaoiniú.
Moltar go ndéanfar an leibhéal uaillmhéine, an chaidhp ar astaíochtaí agus an chonair le haghaidh an Chórais Trádála Astaíochtaí nua a leagan amach go comhleanúnach i gcomhréir le laghdú costéifeachtach ar astaíochtaí ó fhoirgnimh agus ón iompar de bhóthar a eascraíonn as meascán de phraghsáil carbóin agus neartú an chreata rialála atá ann cheana féin le haghaidh na n‑earnálacha sin.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is tosaíocht bhunúsach den Aontas Eorpach iad an Comhaontú Glas don Eoraip, an cuspóir maidir le haeráidneodracht, agus an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach. Cuideoidh an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’), Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach atá mar aidhm ag an Eoraip a bhaint amach. Rachaidh na beartais sin le chéile i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus cuirfidh siad luas faoin aistriú i dtreo geilleagar glan inbhuanaithe lena ndéanfar nasc idir gníomhú ar son na haeráide agus an fás eacnamaíoch.
Is gá athruithe a dhéanamh ar an aeráid atá ann faoi láthair, agus ar an gcreat beartais fuinnimh chun glan‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990 ar scála uile-gheilleagair. Tá athbhreithniú cuimsitheach sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’) ar an reachtaíocht aeráide agus fuinnimh chun an cuspóir sin a bhaint amach. Tá an togra chun leasú a dhéanamh ar an gCóras Trádála Astaíochtaí ina chuid den tsraith mhór sin de thograí beartais a dheartar go comhleanúnach. Ionstraim bhunriachtanach is ea é an Córas chun cabhrú leis an Aontas sprioc mhéadaithe 2030 a bhaint amach mar aon le haistriú rathúil cóir i dtreo na haeráidneodrachta in 2050. Mar sin, tá an tionscnamh seo nasctha le go leor réimsí beartais eile, lena n‑áirítear beartais sheachtracha an Aontais. Mar shampla, mar ionstraim mhargadhbhunaithe uile-Aontais, tá an Córas Trádála Astaíochtaí comhsheasmhach le margadh inmheánach an Aontais agus neartaíonn sé an margadh inmheánach a thuilleadh.
Leis an gCiste méadaithe don Nuálaíocht faoi Threoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí, mar cheann de phríomhionstraimí an Aontais chun teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin a thabhairt níos gaire don mhargadh, comhlánaítear bearta eile amhail Fís 2020 agus Fís Eorpach ina ndírítear go príomha ar chéimeanna taighde níos luaithe. Leis an gCiste méadaithe don Nuachóiriú faoi Threoir an Aontais maidir le Trádáil Astaíochtaí, tacaítear le hinfheistíochtaí chun an earnáil cumhachta agus córais fuinnimh níos leithne a nuachóiriú, rud a chuireann leis an éifeachtúlacht fuinnimh, agus a éascaíonn aistriú cóir i réigiúin atá spleách ar ghual sna Ballstáit ina bhfuil ioncam níos ísle. Ar an gcaoi sin, comhlánaítear ionstraimí eile amhail an beartas comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir.
Áirithítear comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais freisin trí chomhleanúnachas na measúnuithe tionchair le haghaidh EU ETS leo siúd le haghaidh na coda eile de chreat aeráide, fuinnimh agus iompair 2030, amhail an chomhlántacht de thrádáil astaíochtaí a fhairsingiú leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, agus le bearta eile a chuirtear i láthair mar chuid den chiseán beart chun dul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar. Baintear leas as bonnlíne choiteann agus cásanna beartais bunúsacha atá i bpáirtchoiteann le tionscnaimh eile den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’). Cuirtear san áireamh leis na cásanna sin gach gníomhaíocht agus beartas de chuid an Aontais.
Maidir leis na costais riaracháin bhreise ar an bhfairsingiú chuig an iompar de bhóthar agus foirgnimh, beartaítear na costais sin a theorannú trí leas a bhaint, nuair is féidir, as struchtúir atá ann cheana féin a úsáidtear le haghaidh na Treorach maidir le Cánachas Fuinnimh agus Oibleagáidí maidir le Coigilteas Fuinnimh faoin Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Ina dhiaidh sin, chuirfí feabhas ar choigilteas fuinnimh breise leis an gCóras Trádála Astaíochtaí nua, a bhféadfaí nasc a dhéanamh idir é agus coigilteas fuinnimh faoi Airteagal 7 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 192 CFAE an bunús dlí don togra seo. I gcomhréir le hAirteagal 191 agus Airteagal 192(1) CFAE, rannchuideoidh an tAontas Eorpach, inter alia, leis na cuspóirí a leanas a shaothrú: cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó fadhbanna comhshaoil ar fud an domhain, agus go háirithe leis an athrú aeráide a chomhrac.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Ionstraim reachtach reatha de chuid an Aontais is ea Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) a glacadh in 2003. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 de CFAE, ní féidir cuspóirí an togra seo chun Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí a leasú a bhaint amach ach trí ionstraim reachtach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Ar an dóigh chéanna, is beart reatha de chuid an Aontais é Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú le haghaidh scéim trádála an Aontais. Ní fhéadfar é a leasú, mar atá beartaithe sa togra seo, ar leibhéal náisiúnta ná áitiúil mar is gá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.
Fadhb thrasteorann is ea an t‑athrú aeráide agus féadfaidh gníomhaíocht an Aontais an ghníomhaíocht dhomhanda, réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil a chomhlánú agus a neartú go héifeachtach. Ach sprioc 2030 le haghaidh laghduithe ar ghás ceaptha teasa an Aontais a mhéadú, beidh tionchar aige sin ar go leor earnálacha ar fud gheilleagar an Aontais agus ní féidir dá bhrí sin déanamh d’uireasa gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus tá deis i bhfad níos mó ann go dtarlóidh an claochlú riachtanach dá bharr, ag feidhmiú mar spreagadh láidir le haghaidh athrú costéifeachtach agus cóineasú aníos. Thairis sin, tá gné thábhachtach ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de ag baint le cuid mhór de ghnéithe an togra seo, go háirithe na roghanna a bhaineann leis na sásraí le haghaidh cosaint ar sceitheadh carbóin agus le haghaidh an chistiúcháin ísealcharbóin.
Mar mhargadh carbóin, spreagtar le EU ETS laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí leis na réitigh is costéifeachtaí ar dtús thar na ngníomhaíochtaí a chuimsítear leis, agus éifeachtúlacht níos mó a bhaint amach de bhua a fhairsinge. Dá gcuirfí beart cosúil leis i bhfeidhm go náisiúnta, bheadh margaí carbóin ilroinnte níos lú ann, agus bheadh baol saobhadh iomaíochta ann dá bharr agus is dócha go mbeadh costais laghdaithe foriomlána níos airde dá thoradh. Tá an loighic chéanna i gceist maidir leis an síneadh ar phraghsáil carbóin chuig earnálacha nua.
Ní mór gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh ar leibhéal Eorpach mar thoradh ar ghné thrasteorann na hearnála muiriompair. Is féidir gníomhaíocht níos fairsinge a spreagadh agus an bealach a réiteach di le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, e.g. a mhéid a bhaineann le muiriompar laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus le tríú tíortha.
•Comhréireacht
Mar a leagtar amach i ranna 3 agus 7 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, cloíonn an togra seo le prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé níos faide ná an méid is gá d’fhonn na cuspóirí a bhaint amach i ndáil le sprioc an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le haghaidh 2030 ar bhealach atá costéifeachtach, agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh á áirithiú an tráth céanna.
Thacaigh an Chomhairle Eorpach le laghdú foriomlán uile-gheilleagair agus intíre 55 % ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. Cumhdaíonn an togra seo cuid mhór de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin, agus déantar athbhreithniú ar Threoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí d’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
Is le Treoir is fearr is féidir cuspóirí an togra seo a shaothrú. Is é sin an ionstraim dlí is iomchuí chun leasuithe a dhéanamh ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí atá ann cheana (Treoir 2003/87/CE).
Ceanglaítear le Treoir ar na Ballstáit na cuspóirí a bhaint amach agus na bearta a chur chun feidhme ina gcórais dlí shubstaintigh agus nós imeachta náisiúnta. Bíonn saoirse níos mó ag na Ballstáit faoin gcur chuige sin agus beart de chuid an Aontais á chur i bhfeidhm acu ná mar a bhíonn i gcás Rialacháin, sa mhéid is go bhfágtar faoi na Ballstáit é an bealach is iomchuí a roghnú chun na bearta sa Treoir a chur chun feidhme. Ar an dóigh sin, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na rialacha leasaithe comhsheasmhach lena gcreat dlíthiúil substainteach agus nós imeachta atá ann cheana chun EU ETS a chur chun feidhme, go háirithe maidir le ceadanna a rialáil le haghaidh suiteálacha chomh maith le bearta forfheidhmiúcháin agus pionóis.
Tá Treoir ar an ionstraim iomchuí freisin chun Cinneadh (AE) 2015/1814 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú toisc go bhfuil dlúthbhaint idir an t‑athbhreithniú ar an ionstraim dlí sin agus éifeachtaí uaillmhian mhéadaithe EU ETS ar chobhsaíocht an mhargaidh.
Tá an Treoir seo ar an ionstraim iomchuí freisin chun Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, mar cuimsítear leis an Treoir seo astaíochtaí CO2 ó ghníomhaíochtaí muiriompair áirithe in EU ETS bunaithe ar shonraí ar astaíochtaí a thagann ó Rialachán (AE) 2015/757.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní dhearnadh aon mheastóireacht ex post ná seiceáil oiriúnachta a bhaineann leis an togra seo i ngeall ar chéim luath an chur chun feidhme de reachtaíocht ETS atá i bhfeidhm faoi láthair, a tháinig i bhfeidhm in 2021 arna leasú le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá dhroim sin, ní raibh fáil ach ar shonraí teoranta le haghaidh meastóireachta.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Bhí na Ballstáit, ionadaithe tionscail ón earnáil phríobháideach, eagraíochtaí neamhrialtasacha, institiúidí taighde agus acadúla, ceardchumainn agus saoránaigh rannpháirteach ag céimeanna éagsúla d’fhorbairt an togra seo.
Déanann an t‑athbhreithniú ar EU ETS forbairt ar an aiseolas ar an bPlean um Sprioc Aeráide 2030 agus ar idirnaisc EU ETS le beartais chomhthreomhara agus cuspóirí níos leithne an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ba é príomhchuspóir na gcomhairliúchán ar an athbhreithniú ar EU ETS tuairimí na ngeallsealbhóirí a bhailiú ar neartú an EU ETS atá ann cheana féin, fairsingiú EU ETS chun earnálacha nua a chuimsiú (muiriompar chomh maith le foirgnimh, iompar de bhóthar nó dóchán breoslaí iontaise) agus ar an athbhreithniú ar chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh (MSR). Lorgaíodh freisin sa chomhairliúchán ionchuir ar an gcaoi ar cheart dul i ngleic leis an riosca sceite carbóin, úsáid ioncaim, agus sásraí tacaíochta ísealcharbóin.
Ar dtús d’iarr an Coimisiún aiseolas ar mheasúnú ar thionchar tionscanta, inar tugadh breac-chuntas ar bhreithnithe tosaigh agus roghanna beartais an athbhreithnithe. Ansin d’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar líne le ceistneoir le haghaidh gach ceann de na tograí den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’), agus fuarthas beagnach 500 freagra. Chun tacú leis an tionscnamh a bhaineann le praghsáil carbóin le haghaidh an mhuiriompair, rinneadh suirbhé spriocdhírithe ar pháirtithe leasmhara mar aon le clár agallamh spriocdhírithe. Ina theannta sin, reáchtáil an Coimisiún cruinnithe (fíorúla) déthaobhacha agus iltaobhacha le páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear cruinnithe le hionadaithe tionscail ó earnálacha éagsúla, ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na Ballstáit, agus ghlac an Coimisiún páirt i gcomhdhálacha fíorúla. Ar deireadh, d’ordaigh an Coimisiún do chonraitheoir dhá cheardlann le saineolaithe ar an athbhreithniú ar chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh.
Tuairiscítear torthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo agus cuireadh san áireamh iad a mhéid is féidir le haghaidh an togra reatha.
Go ginearálta, léiríodh tacaíocht leathan le haghaidh EU ETS mar ionstraim bheartais sa chomhairliúchán poiblí.
Tacaíonn go leor geallsealbhóirí le neartú an EU ETS atá ann cheana chun a uaillmhian a mhéadú i gcomhréir le sprioc nua 2030 agus bunaithe ar bhreithnithe cost‑éifeachtúlachta. Níorbh ann ach líon beag freagróirí ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta a d’áitigh ar son rannchuidiú níos ísle nó níos airde, faoi seach, i gcomparáid le prionsabal na cost‑éifeachtúlachta. Chun an uaillmhian neartaithe a bhaint amach, mheas na geallsealbhóirí go ginearálta go raibh tábhacht leis an bhfachtóir laghdaithe línigh, agus luaigh cuid de na geallsealbhóirí a thábhachtaí atá meascán lena mbaineann laghdú aonuaire ar chainníocht na lamháltas, mar a léirítear sa togra seo.
Maidir le leithdháileadh saor in aisce agus an riosca sceite carbóin, tá tromlach mór geallsealbhóirí i bhfabhar leasú a dhéanamh ar an gcreat sceite carbóin atá i bhfeidhm faoi láthair, bíodh is gur mian le geallsealbhóirí áirithe ón tionscal an creat sceite carbóin atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil mar atá. Tá tuairimí éagsúla ann ar na roghanna leasaithe sonracha agus ba le tabhairt isteach beart eile chun laghduithe breise ar gháis ceaptha teasa a spreagadh ba mhó a tacaíodh. Soláthraítear spreagadh den sórt sin sa togra trína chur de choinníoll ar an leithdháileadh saor in aisce infheistíochtaí a dhéanamh i dteicnící chun cur leis an éifeachtúlacht fuinnimh. Thacaigh réimse leathan geallsealbhóirí cé is moite de chodanna áirithe den earnáil phríobháideach le hathrú a dhéanamh ar na luachanna tagarmhairc chun cuimsiú níos tapúla an dul chun cinn nuálaíochta agus teicneolaíochta a áirithiú. Áirítear an cur chuige sin sa togra seo mar meastar go soláthraítear leis dáileadh níos cothroime agus níos trédhearcaí de leithdháileadh saor in aisce ná cion níos airde do gach earnáil leis an bhfachtóir ceartúcháin trasearnála.
Maidir le húsáid ioncaim ceantála, léirítear leis an togra an dearcadh a léirigh cuid mhór geallsealbhóirí go bhfuil gá le rialacha níos déine le háirithiú go gcaitheann Ballstáit ioncam ceantála EU ETS i gcomhréir le cuspóirí aeráide.
Maidir le sásraí cistiúcháin ísealcharbóin, cuireann geallsealbhóirí fáilte go ginearálta roimh mhéadú ar mhéid an Chiste Nuálaíochta chomh maith le tabhairt isteach ionstraimí tacaíochta breise amhail conarthaí difríochta carbóin. Léirítear é sin go hiomchuí sa togra trí mhéid an Chiste Nuálaíochta a mhéadú agus trína raon feidhme a fhairsingiú.
Maidir leis an gCiste don Nuachóiriú, tacaíonn tromlach na ngeallsealbhóirí, go háirithe ón tsochaí shibhialta agus ó chodanna den earnáil phríobháideach, le méadú ar an gCiste don Nuachóiriú, mar a léirítear sa togra seo. Tacaíonn geallsealbhóirí go ginearálta le cuíchóiriú na gcineálacha infheistíochta is féidir a mhaoiniú leis an gCiste don Nuachóiriú agus le feabhas a chur ar chomhleanúnachas an Chiste don Nuachóiriú leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Rannchuidíonn an togra leis an gcuspóir seo trí dheireadh a chur leis an eisceacht le haghaidh maoiniú téimh ceantair ina ndóitear breoslaí iontaise i mBallstáit áirithe.
Tá tacaíocht láidir ag cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh (MSR) ar fud grúpaí geallsealbhóirí; mar sin féin, ní ann d’aon chomhdhearcadh maidir leis na hathruithe is ceart a dhéanamh ar na paraiméadair. Léirigh an tsochaí shibhialta tacaíocht níos mó do neartú pharaiméadair chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh ná mar a léirigh an earnáil phríobháideach. Tacaíodh le coinneáil ar bun na rialach neamhbhailíochtaithe, gan chuntar nó le leasú, cé gur mhol geallsealbhóirí áirithe gur cheart deireadh a chur leis an riail neamhbhailíochtaithe. Ag na ceardlanna le saineolaithe, mheas roinnt geallsealbhóirí go bhfuil gá le ráta iontógála athraitheach chun éifeachtaí móra tairsí agus athbhreithnithe níos minice a sheachaint. Leis an togra seo, aimsítear cothromaíocht idir an gá le laghdú ar an mbarrachas margaidh a áirithiú thar thréimhse réasúnta, intuarthacht an tsásra chomh maith lena chastacht. Ina theannta sin, tá an togra chun lamháltais agus astaíochtaí eitlíochta a chur san áireamh i ríomh an bharrachais ag teacht leis an rogha is fearr le formhór na ngeallsealbhóirí.
Maidir leis an muiriompar, léirigh tromlach mór na ngeallsealbhóirí a ghlac páirt sa suirbhé spriocdhírithe gur cheart don earnáil mhuirí rannchuidiú níos mó leis an ngníomhú ar son na haeráide ná mar a dhéanann faoi láthair. Is é fairsingiú EU ETS atá ann faoi láthair chuig an muiriompar an rogha praghsála carbóin is fearr a léirigh geallsealbhóirí as measc na roghanna molta, agus chuir tionscal na loingseoireachta i dtábhacht a thábhachtaí atá bearta ar leibhéal idirnáisiúnta. Téitear i ngleic sa togra le dearcthaí a léirigh geallsealbhóirí trí astaíochtaí ó thurais laistigh den Aontas agus leath na n‑astaíochtaí ó thurais lasmuigh den Aontas a chuimsiú agus clásal athbhreithnithe a chur san áireamh i ndáil leis an obair san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) i dtreo ionstraimí margadhbhunaithe domhanda. Tá sé ar cheann de na cúig chur chuige atá á mbreithniú i gcónaí i gcomhthéacs Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC).
Maidir le hearnálacha an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh, tá amhras ar roinnt geallsealbhóirí go ginearálta, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta ar thaobh na bhfostóirí agus na bhfostaithe araon, faoi thrádáil astaíochtaí a fhairsingiú chuig na hearnálacha sin. I measc na roghanna a chuirtear i láthair, is é tosú amach le córas neamhspleách, mar a léirítear sa togra seo, an rogha beartais is fearr le réimse leathan geallsealbhóirí. Tá éagsúlacht tuairimí ann ar cibé ar cheart nó nár cheart a chinneadh cheana féin san athbhreithniú ar EU ETS cathain agus conas a d’fhéadfaí trádáil astaíochtaí le haghaidh earnálacha an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh a chuimsiú de réir a chéile san EU ETS atá ann cheana féin. Go háirithe, léirigh eagraíochtaí neamhrialtasacha na rioscaí a bhaineann leis an dá chóras a nascadh. Cuirtear na hábhair imní sin san áireamh go hiomchuí sa togra trí thrádáil astaíochtaí agus clásal athbhreithnithe atá ar leithligh ach cóngarach dá chéile.
•
Bailiú agus úsáid saineolais
Leis an togra seo, cuirtear le fianaise a bailíodh sa mheasúnú tionchair le haghaidh an athbhreithnithe roimhe seo ar EU ETS a cuireadh i gcrích in 2018, an measúnú tionchair a ghabhann leis an bPlean um Sprioc Aeráide 2030, anailís a rinneadh chun tacú le fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach an Choimisiúin ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua‑aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de, agus fianaise ábhartha a tiomsaíodh i dtionscnaimh chomhthráthacha eile faoin gComhaontú Glas, chomh maith le staidéir níos luaithe a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar, ón iompar de bhóthar agus ó fhoirgnimh. Cuireann sé le sonraí ar astaíochtaí agus le heispéiris ó chur chun feidhme chórais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe an Aontais.
Mar an gcéanna le tograí agus le measúnuithe tionchair eile den phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’), baintear leas sa togra seo as bailiúchán uirlisí samhaltaithe comhtháite lena gcuimsítear iomlán na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa ó gheilleagar an Aontais Eorpaigh. Úsáidtear na huirlisí seo chun sraith croí‑chásanna a tháirgeadh lena léirítear pacáistí beartais féin‑chomhsheasmhacha atá ailínithe leis an sprioc mhéadaithe aeráide le haghaidh 2030 lena ndéantar forbairt ar na cásanna a forbraíodh le haghaidh an Phlean um Sprioc Aeráide 2030.
Tá na cásanna bunaithe ar an gCás Tagartha AE a tugadh cothrom le dáta, réamh‑mheastachán maidir le héabhlóid chórais fuinnimh an Aontais agus na gcóras fuinnimh náisiúnta agus astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin gcreat beartais atá i bhfeidhm faoi láthair lena n‑áirítear tionchair COVID‑19. Ullmhaíodh na cásanna sin le cabhair ó chonradh le E3M lab in Ollscoil Theicniúil Náisiúnta na hAithne, agus foilsítear na torthaí samhaltaithe mionsonraithe i dteannta na dtograí.
Ina theannta sin, braitheann an Coimisiún ar an mbailiúchán taighde eimpírigh phiarmheasúnaithe atá ag dul i méid ar EU ETS agus baineann leas as roinnt conarthaí tacaíochta. I measc na gconarthaí tacaíochta, rinne Vivid Economics staidéar chun tacú leis an gCoimisiún Eorpach san athbhreithniú ar Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh. I ndáil le forálacha maidir le sceitheadh carbóin, ba iad Öko-Institut, Trinomics, Ricardo agus Adelphi a rinne an obair thacaíochta.
Thairis sin, rinne foireann staidéir faoi stiúir Ricardo staidéar dar teideal ‘EU ETS for maritime transport and possible alternative options or combinations to reduce greenhouse gas emissions’.
•Measúnú tionchair
Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an Treoir bheartaithe, agus cuireann an measúnú tionchair le torthaí an mheasúnaithe tionchair chuimsithigh a rinneadh le haghaidh an Phlean um Sprioc Aeráide 2030. Leis sin cruthaíodh an bonn anailíseach chun an cuspóir a leagan amach de ghlanlaghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Tá achoimre feidhmiúcháin agus an tuairim dhearfach ón mbord um ghrinnscrúdú rialála ar an measúnú tionchair á gcur ar fáil go poiblí freisin. Tá an measúnú tionchair bunaithe ar chásanna samhaltaithe comhtháite lena léirítear idirghníomhaíocht ionstraimí beartais éagsúla ar oibreoirí eacnamaíocha, chun comhlántacht, comhleanúnachas agus éifeachtacht a áirithiú maidir le huaillmhian aeráide 2030 a bhaint amach. Déantar é sin a chomhlánú le sonraí atá ar fáil agus uirlisí anailíseacha sonracha chun dul i ngleic le ceisteanna sonracha maidir le dearadh an bheartais.
Déantar anailís ar thrí chineál faidhbe sa mheasúnú tionchair. Ar dtús, iad sin a bhaineann leis an ngá chun an EU ETS atá ann cheana féin a neartú ar bhealach atá i gcomhréir leis an sprioc chun glanlaghdú níos mó a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, i gcomparáid le 1990, de -55 % ar a laghad, agus éagothroime soláthair/éilimh á seachaint. Ansin, an gá lena áirithiú go rannchuidíonn earnálacha áirithe go leordhóthanach le baint amach na sprice méadaithe. Ar deireadh, an gá le hinfheistíocht níos mó agus inniúlacht níos mó chun dul i ngleic le dáileadh thionchar na mbeart laghdaithe astaíochtaí, fad atá na cistí teoranta i gcónaí.
Maidir le neartú an EU ETS atá ann cheana chun a uaillmhian a mhéadú i gcomhréir le sprioc nua 2030 de ghlanlaghdú ‑55 % ar a laghad a bhaint amach, bheadh gach ceann de na pacáistí roghanna éifeachtach agus éifeachtúil chun sprioc 2030 a bhaint amach. Thángthas ar chonclúid sa mheasúnú tionchair freisin go bhfuil gá le cur chuige níos spriocdhírithe i leith leithdháileadh saor in aisce, i gcás ina bhfuil feidhm leis i gcónaí, i bhfoirm tagarmharcanna neartaithe agus coinníollacht ar iarrachtaí dícharbónaithe chun an glacadh teicneolaíochtaí ísealcharbóin a spreagadh.
Maidir le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh, léiríodh leis an measúnú tionchair, i measc nithe eile, chun dea‑fheidhmiú EU ETS a choinneáil ar bun, gur cheart an ráta iontógála a choinneáil ar bun ag 24 % go dtí 2030 agus a chur in oiriúint chun an ‘éifeacht tairsí’ neamh‑inmhianaithe a bhaint. Bíonn an éifeacht tairsí sin le feiceáil nuair a bhíonn an líon iomlán lamháltas i gcúrsaíocht (TNAC) an‑ghar do thairseach uasta 833 mhilliún, lena gcinntear an iontógáil lamháltas sa Chúlchiste. Sa chás sin, d’fhéadfadh lamháltas amháin níos mó nó níos lú in TNAC an líon iomlán iontógála de 200 milliún lamháltas a thruicearú nó gan rud ar bith a thruicearú, ag brath ar cibé acu an bhfuil TNAC os cionn na tairsí nó faoina bun. D’fhéadfadh éiginnte go dtarlódh sé sin nó nach dtarlódh a bheith ina cúis le luaineacht praghsanna ar an margadh agus cur leis an riosca drochúsáide margaidh.
Rinneadh anailís ar cheithre phríomhrogha agus ar raonta feidhme geografacha éagsúla chun an creat beartais aeráide a fhairsingiú chuig an muiriompar. Is é lánpháirtiú na hearnála muiriompair san EU ETS atá ann cheana rogha na tosaíochta.
Féachadh sa mheasúnú tionchair ar thrádáil astaíochtaí a bhunú le haghaidh an iompair de bhóthar agus foirgneamh nó gach dóchán breosla iontaise a bhunú mar thrádáil astaíochtaí neamhspleách nua mar phríomhrogha. Sholáthrófaí dreasachtaí eacnamaíocha breise leis an dá rogha agus leis an gcaidhp d’áiritheofaí seachadadh an laghdaithe choibhneasta chéanna ar astaíochtaí sna hearnálacha lena mbaineann de 43 % faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Tá buntáistí soiléire i dtéarmaí éifeachtúlacht eacnamaíoch ag baint le foirgnimh agus iompar de bhóthar, agus iad sin amháin, a chuimsiú i raon feidhme córas trádála astaíochtaí breise, go háirithe mar sheachnófaí leis sin cruthú córas cosanta nua in aghaidh an riosca sceite carbóin le haghaidh na gcodanna sin den tionscal beag nach mbeadh córas den sórt sin de dhíth orthu ach ar dóchúil go mbeadh siad faoi réir ualaigh a bheadh díréireach lena bhuntáistí.
•
Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tugadh tús áite go comhsheasmhach i reachtaíocht EU ETS do chuir chuige chun an t‑ualach rialála a íoslaghdú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údarás araon. Cé go bhfuil formhór na suiteálacha faoi EU ETS sna tionscail atá dian ar fhuinneamh lena mbaineann struchtúir mhargaidh a mbíonn fiontair mhóra mar thréith acu, freastalaítear leis an togra freisin ar astairí beaga, a bhféadfaí gur le fiontair bheaga agus mheánmhéide nó le micrifhiontair iad. Go háirithe, i dteannta na rialacha atá ann cheana lena laghdaítear an t‑ualach riaracháin agus na costais a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí, tairbhíonn suiteálacha le hastaíochtaí ísle den fhéidearthacht atá ag Ballstáit iad a eisiamh ó EU ETS más rud é go bhfuil siad faoi réir bearta náisiúnta as a n‑eascraíonn rannchuidiú coibhéiseach le laghdú ar astaíochtaí.
I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin i leith Rialáil Níos Fearr, ullmhaíodh an togra seo go hionchuimsitheach, bunaithe ar thrédhearcacht iomlán agus caidreamh leanúnach le geallsealbhóirí, éisteacht le haiseolas seachtrach, agus grinnscrúdú seachtrach á chur san áireamh lena áirithiú go n‑aimsítear an chothromaíocht cheart leis an togra (féach freisin an roinn maidir le saineolas a bhailiú agus a úsáid).
Leis an bhfairsingiú a bheartaítear chuig an muiriompar, chuirfí leis na sásraí faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV) atá ann cheana lena ndíolmhaítear longa beaga agus nach mór iad a leasú le bheith oiriúnach do thrádáil astaíochtaí. Ach córas aonair MRV a choinneáil, coinneofar na hiarrachtaí comhlíontachta agus an t‑ualach riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta níos ísle ná mar a bheadh dá mbeadh roinnt córais éagsúla ann. Bheadh feidhm réamhtheachtach ag EU ETS nua le haghaidh earnálacha eile, agus thógfaí ar fhorálacha atá ann cheana lena rialaítear stórais chánach nó soláthróirí breoslaí.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, cuirtear leis an togra seo leis an gcuspóir go dtabharfaí ardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Bíonn ioncam nach beag á ghiniúint ag EU ETS. Fabhraítear formhór an ioncaim ceantála sin chuig na Ballstáit faoi láthair.
Déanfaidh an Coimisiún coigeartuithe ar chreat buiséadach an Aontais a chur i láthair mar chuid den phacáiste Acmhainní Dísle atá le teacht lena n‑áirítear togra chun an creat airgeadais ilbhliantúil a leasú. Tairbheoidh buiséid náisiúnta na mBallstát d’fhairsingiú raon feidhme EU ETS chuig an muiriompar agus den trádáil astaíochtaí nua le haghaidh an iompair de bhóthar agus foirgneamh.
Déantar feidhmiú slán chlárlann an Aontais a chistiú ó bhuiséad an Aontais. Beidh gá le hacmhainní breise le haghaidh fheidhmiú slán chlárlann an Aontais chun raon feidhme EU ETS a fhairsingiú chuig an muiriompar agus le haghaidh EU ETS nua le haghaidh an iompair de bhóthar agus foirgneamh, mar a shonraítear sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra seo. Cuirfear na hacmhainní sin ar fáil trí ath‑imlonnú i bhfianaise na srianta ar an Riarachán Poiblí Eorpach ó thaobh buiséid agus foirne de faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil atá i bhfeidhm faoi láthair, agus déanfar caiteachas oibriúcháin gaolmhar a chistiú le himchlúdach an chláir LIFE. Déanfar roghanna forbartha agus soláthair TF i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir leis na treoirlínte i dtaca le teicneolaíocht faisnéise agus cibearshlándáil a chistiú, an 10 Meán Fómhair 2020, lena n‑áirítear údarú roimh ré ón mBord Teicneolaíochta Faisnéise agus Cibearshlándála le haghaidh caiteachas TF áirithe.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán agus de mheastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú EU ETS ina Thuarascáil bhliantúil ar an Margadh Carbóin, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 10(5) de Threoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí. Cuimsítear leis sin tionchair an athbhreithnithe reatha ar EU ETS freisin. Beidh feidhm ag Tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin ar an Margadh Carbóin agus tuarascáil bhliantúil na mBallstát maidir leis na hearnálacha chuig a bhfairsingítear an trádáil astaíochtaí freisin. Beidh na sonraí faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a fhaightear trí rialáil na n‑earnálacha nua ina bpríomhfhoinse faisnéise don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn sna hearnálacha lena mbaineann.
Ba cheart do na rialacha faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe le haghaidh na loingseoireachta cloí leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le togra COM(2019) 38 final agus an togra seo.
Thairis sin, déantar foráil maidir le meastóireacht ar an dul chun cinn ar chur i bhfeidhm na Treorach maidir le Trádáil Astaíochtaí in Airteagal 21 reatha sa Treoir féin.
Leis an tionscnamh seo, cuirtear leis an bpróiseas atá bunaithe ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar an gcreat trédhearcachta stóinsithe d’astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar fhaisnéis eile faoin aeráid atá i Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Úsáidfidh an Coimisiún, inter alia, an fhaisnéis a chuirfidh Ballstáit faoina bhráid agus a thuairisceoidh Ballstáit faoin Rialachán maidir le Rialachas mar bhunús dá mheasúnú tráthrialta ar dhul chun cinn. Ina theannta sin, leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1999 na forálacha maidir le tuairisciú a dhéanamh ar úsáid ioncaim ceantála a ghintear faoin Treoir seo. Ní mór anailís a dhéanamh ar thionchar na n‑athruithe sa Treoir seo agus d’fhéadfaí gur ghá leasú a dhéanamh ar an Rialachán sin amach anseo chun comhleanúnachas idir an dá ghníomh dlí a áirithiú.
Tá sonraí breise ar fhaireachán agus ar mheastóireacht le fáil i roinn 9 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Is iad seo a leanas príomhghnéithe na Treorach maidir le Trádáil Astaíochtaí a leasaítear:
Muiriompar (Airteagal 3, Airteagail 3g go 3ge, agus Airteagal 16)
Cuireann an togra síneadh le raon feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais chun an muiriompar a chuimsiú. Chuige sin, déantar leasú leis an togra ar an sainmhíniú ar ‘astaíochtaí’ in Airteagal 3(b) chun astaíochtaí a chuimsiú ó longa atá ag gabháil do ghníomhaíocht mhuiriompair, fairsingítear Caibidil II den Treoir chun ‘eitlíocht agus muiriompar’ a chuimsiú, agus cuirtear muiriompar leis mar ghníomhaíocht nua in Iarscríbhinn I. De bhreis air sin, áirítear ann sainmhínithe nua ar ‘cuideachta loingseoireachta’ agus ‘údarás riaracháin i leith cuideachtaí loingseoireachta’ in Airteagal 3(v) agus Airteagal 3(w) faoi seach. Chun Caibidil II a fhairsingiú le muiriompar a chuimsiú, cuirtear isteach Airteagail 3g go 3ge.
Tá feidhm ag fairsingiú EU ETS chuig muiriompar i ndáil le hastaíochtaí ó thurais laistigh den Aontas, leath de na hastaíochtaí ó thurais lasmuigh den Aontas agus astaíochtaí a tharlaíonn nuair atá long i mbeart i gcalafort san Aontas; na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le hearnálacha eile a chumhdaítear le EU ETS, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an muiriompar i ndáil le ceantáil, aistriú, géilleadh agus cur ar ceal lamháltas, pionós agus clárlann (Airteagal 16). Tá an oibleagáid chun lamháltais a ghéilleadh san earnáil muiriompair á tabhairt isteach de réir a chéile sa tréimhse idir 2023 agus 2025, agus beidh ar chuideachtaí loingseoireachta 100 % dá n‑astaíochtaí fíoraithe a ghéilleadh ó 2026 ar aghaidh (Airteagal 3ga). I gcomhréir leis an tabhairt isteach sin, sa mhéid a thugtar lamháltais níos lú suas i ndáil le hastaíochtaí fíoraithe le haghaidh muiriompair sna blianta sin, ba cheart líon na lamháltas nach dtugtar suas a chur ar ceal. Beidh feidhm ag na rialacha faireacháin agus tuairiscithe, chomh maith leis na rialacha fíoraithe agus creidiúnaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/757, arna leasú (Airteagail 3gb agus 3gc). De bhreis ar rialacha ginearálta EU ETS maidir le pionóis, féadfar orduithe díbeartha a eisiúint in aghaidh longa atá faoi fhreagracht cuideachta loingseoireachta a mhainnigh lamháltais a ghéilleadh le haghaidh dhá thréimhse tuairiscithe chomhleanúnacha nó níos mó, a mbeidh mar thoradh leis go bhféadfadh an Ballstát brataí longa faoina chúram a choinneáil agus cead isteach chuig calafort faoi dhlínse Ballstáit seachas an Ballstát brataí a dhiúltú (Airteagal 16(11a)). Leithdháiltear gach cuideachta loingseoireachta a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm EU ETS ar Bhallstát – an t‑údarás riaracháin – lena riar faoin Treoir. Cinntear an t‑údarás riaracháin bunaithe ar an áit a bhfuil an chuideachta loingseoireachta cláraithe. Mura bhfuil an chuideachta cláraithe i mBallstát, déantar í a leithdháileadh ar an mBallstát inar tháinig sí isteach sa chalafort ba mhinice sa dá bhliain faireacháin roimhe sin. Amhail ó 2024, déanfaidh an Coimisiún liosta cuideachtaí loingseoireachta a chumhdaítear leis an Treoir agus a n‑údarás riaracháin faoi seach a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta (Airteagal 3gd). Féadfaidh údaráis riaracháin cúnamh na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) a iarraidh chun a n‑oibleagáidí faoin Treoir seo a dhéanamh, go háirithe maidir le formheas pleananna faireacháin agus fíorú astaíochtaí (Airteagal 18b). De bharr a thaithí maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/757 agus a uirlisí TF, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí cúnamh breise a thabhairt d’údaráis riaracháin chun an Treoir a chur chun feidhme, mar shampla tríd an malartú faisnéise a éascú nó trí threoirlínte agus critéir a fhorbairt. Áirítear clásal tuairiscithe athbhreithnithe (Airteagal 3ge) chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Caibidle seo agus chun forbairtí ábhartha ar leibhéal na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta a chur san áireamh.
Fachtóir laghdaithe línigh agus laghdú aonuaire ar an gcaidhp (Airteagal 9)
Athraítear an fachtóir laghdaithe línigh go dtí 4.2 % ón mbliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo lena leasaítear an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí. Déantar an fachtóir laghdaithe línigh méadaithe a chomhcheangal le coigeartú síos den chaidhp ionas go mbeidh an éifeacht chéanna ag an bhfachtóir laghdaithe línigh nua is a bheadh aige dá mbeadh feidhm leis ó 2021 ar aghaidh. Áirithítear leis sin go dtiocfaidh meath ar an gcainníocht fhoriomlán lamháltas (‘caidhp’) ar luas bliantúil níos mó a mbeidh mar thoradh air laghdú foriomlán ar astaíochtaí in earnálacha faoi EU ETS de 61 % faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Ina theannta sin, ón mbliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo ar aghaidh, cuirfear méid lamháltas leis an gcaidhp a chomhfhreagróidh do na hastaíochtaí muiriompair a áireofar in EU ETS agus a dhíorthófar ó shonraí ó chóras MRV Muiriompair an Aontais Eorpaigh le haghaidh na mblianta 2018 agus 2019, arna choigeartú, ón mbliain 2021 ar aghaidh, de réir an fhachtóra laghdaithe línigh.
Úsáid ioncaim ceantála (Airteagal 10)
Chun dul i ngleic leis na riachtanais níos mó ó thaobh infheistíochtaí ísealcharbóin, déantar an fhoráil maidir le húsáid ioncaim ceantála a leasú ionas go bhfuil ar na Ballstáit an t‑ioncam go léir a úsáid, sa mhéid nach leithdháiltear é ar bhuiséad an Aontais, chun críoch a bhaineann leis an aeráid, lena n‑áirítear chun tacú le hathchóiriú inbhuanaithe teaghlach ar ioncam íseal. Tíolacfaidh an Coimisiún coigeartuithe ar chreat buiséadach an Aontais mar chuid den phacáiste Acmhainní Dísle atá le teacht lena n‑áirítear togra chun an creat airgeadais ilbhliantúil a leasú.
De bhreis air sin, chun dul i ngleic le héifeachtaí dáileacháin agus sóisialta an aistrithe, tá foráil sa togra maidir le 2.5 % breise den chaidhp a cheantáil chun aistriú fuinnimh na mBallstát sin arb ísle a OTI per capita ná 65 % de mheán an Aontais in 2016-2018 a chistiú tríd an gCiste don Nuachóiriú.
Cur chuige tagarmharcála níos déine agus coinníollacht le haghaidh leithdháileadh saor in aisce a bhunú (Airteagal 10a(1))
Chun an fhéidearthacht go ndéanfaí an fachtóir ceartúcháin a chur i bhfeidhm tar éis an choigeartaithe ar an gcaidhp, moltar go leanfaí níos gaire an laghdú astaíochtaí in earnálacha agus i bhfo‑earnálacha le tabhairt cothrom le dáta na dtagarmharcanna tríd an t‑uasráta tabhartha cothrom le dáta a mhéadú go 2.5 % sa bhliain ó 2026 ar aghaidh in áit 1.6 % mar atá faoi láthair. Meastar go soláthraítear leis an gcur chuige seo dáileadh níos cothroime agus níos trédhearcaí de leithdháileadh saor in aisce i gcomparáid le cion níos airde do gach earnáil leis an bhfachtóir ceartúcháin trasearnála.
Ina theannta sin, déantar iarrachtaí dícharbónaithe chun an glacadh teicneolaíochtaí ísealcharbóin a spreagadh a chur de choinníoll ar an leithdháileadh saor in aisce. Maidir le suiteálacha a chuimsítear leis an oibleagáid chun iniúchadh fuinnimh a dhéanamh faoi Airteagal 8(4) atá i bhfeidhm faoi láthair den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (‘EED’), ceanglófar orthu moltaí na tuarascála iniúchta a chur chun feidhme, nó cur chun feidhme beart eile a léiriú a bhfuil mar thoradh orthu laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá coibhéiseach leo siúd a mholtar sa tuarascáil iniúchta. Dhéanfaí a leithdháileadh saor in aisce a laghdú mura ndéanfaidís amhlaidh. I gcomhréir le hAirteagal 8(4) EED, níl FBManna faoi réir iniúchadh fuinnimh. De bhreis air sin, faoi choinníollacha Airteagal 8(6) EED, i gcás fiontair nach FBManna iad agus a bhfuil córas bainistíochta fuinnimh nó comhshaoil á chur chun feidhme acu, díolmhaítear iad ón gceanglas maidir le hiniúchadh fuinnimh. Moltar go ndéanfaí athrú ar na rialacha lena gcinntear an díolúine maidir le hiniúchadh fuinnimh a dhéanamh faoi EED athbhreithnithe, ó dhíolúine FBManna i dtreo díolúine bunaithe ar an ídiú fuinnimh. Bheadh riail díolúine den sórt oiriúnach don choinníollacht maidir le leithdháileadh saor in aisce.
Bearta coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (Airteagal 10a(1))
Is éard atá i gceist le Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM) sásra malartach chun rioscaí sceite carbóin a mhaolú. Níor cheart d’earnálacha agus d’fho‑earnálacha atá cumhdaithe faoin sásra sin leithdháileadh saor in aisce a fháil dá bhrí sin. Bunaítear idirthréimhse chun ligean do tháirgeoirí, allmhaireoirí agus trádálaithe dul i dtaithí ar an gcóras nua, agus tabharfar leithdháileadh saor in aisce isteach céim ar chéim de réir mar a chéimneofar CBAM isteach. Bunaítear rialacha bunaithe ar ríomh an mhéid deiridh atá le baint ón leithdháileadh saor in aisce atá le cur ar ceant.
Conarthaí difríochta carbóin agus an Ciste Nuálaíochta a mhéadú (Airteagal 10a(8))
Gné thábhachtach iad na conarthaí difríochta carbóin (CCDanna) chun laghduithe astaíochtaí sa tionscal a spreagadh, ag cur deis ar fáil don Aontas praghas seasta a ghealladh d’infheisteoirí teicneolaíochtaí nuálacha atá neamhdhíobhálach don aeráid a chúitíonn laghduithe ar astaíochtaí CO2 os cionn na leibhéal praghsanna reatha in EU ETS. Síntear raon feidhme an Chiste Nuálaíochta d’fhonn é a cheadú le tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail trí shásraí tairisceana iomaíocha amhail na conarthaí. Thairis sin, méadaítear an Ciste Nuálaíochta le 50 milliún lamháltas a fuarthas ar an mbealach céanna ó na lamháltais atá ar fáil le haghaidh leithdháileadh saor in aisce agus le cur ar ceant mar is amhlaidh i gcás maoiniú an Chiste faoi láthair. Mar thoradh air sin, eascróidh 40 milliún lamháltas ó na lamháltais atá ar fáil le haghaidh leithdháileadh saor in aisce, agus 10 milliún lamháltas ó na lamháltais atá le cur ar ceant.
An Ciste don Nuachóiriú (Airteagal 10d)
Leis an togra seo déantar an Ciste don Nuachóiriú a ailíniú le cuspóirí nua aeráide an Aontais trína éileamh go bhfuil infheistíochtaí comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus leis an Dlí Aeráide Eorpach agus trí dheireadh a chur le tacaíocht d’infheistíochtaí a bhaineann le haon bhreosla iontaise, agus ní breoslaí iontaise soladacha amháin faoi mar atá an cás faoi láthair. Anuas air sin, déanfaidh an togra an méid seo a leanas: méadóidh sé an céatadán den chiste nach mór a infheistiú in infheistíochtaí tosaíochta; cuirfidh sé béim níos mó ar fhoinsí in‑athnuaite agus infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh in iompar, foirgnimh, dramhaíl agus talmhaíocht; díreoidh sé ar éifeachtúlacht fuinnimh mar réimse tosaíochta ar thaobh an éilimh, lena n‑áirítear an tionscal go follasach mar earnáil incháilithe; agus áireofar leis tacaíocht do theaghlaigh chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh.
Gabháil agus Úsáid Dé‑Ocsaíd Charbóin (Airteagal 3, pointe (b) agus Airteagal 12(3b))
Spreagfaidh an uaillmhian mhéadaithe aeráide daoine le húsáid a bhaint as na réitigh teicneolaíochta uile chun astaíochtaí a laghdú, lena n‑áirítear dé‑ocsaíd charbóin a ghabháil agus a úsáid. Mar thoradh air sin, suitear leis an togra nach n‑eascróidh oibleagáidí tabhairt suas le haghaidh astaíochtaí CO2 a chríochnaíonn mar a bheith ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid.
Bacainní a bhaint le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin trí raon feidhme EU ETS agus tagarmharcanna a leasú (Airteagal 2, Airteagal 10a agus Iarscríbhinn I)
Leasaítear rialacha EU ETS maidir le leithdháileadh saor in aisce chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do dhícharbónú tionscal dianfhuinnimh trí theicneolaíochtaí nuálacha a úsáid.
Faigheann teicneolaíochtaí éifeachtúla atá díreach faoin leibhéal tagarmairc leithdháileadh níos mó saor in aisce ná mar a astaíonn siad. Fágann sé sin go bhfuil teicneolaíochtaí nuálacha atá lasmuigh de EU ETS faoi mhíbhuntáiste iomaíoch, agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí i gcoinne infheistíochtaí sna teicneolaíochtaí sin. Féadfaidh suiteálacha nuálacha a bheith lasmuigh de EU ETS mar athraíonn siad a bpróiseas táirgthe nó mar laghdaíonn ionchur teirmeach rátaithe foriomlán aonad dócháin na suiteála go dtí níos lú ná 20 MW.
Tugtar aghaidh ar an díspreagadh sin tríd an méid seo a leanas: (i) na suiteálacha a fhanann laistigh de EU ETS a shonrú i gcás ina laghdaíonn siad acmhainn fhioriomlán a n‑aonaid dócháin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (e.g. trí leictriú); (ii) sainmhínithe gníomhaíochtaí a dhéanamh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de (ag baint tagairtí do bhreoslaí iontaise nó do phróisis táirgthe shonracha); (iii) tagairt a dhéanamh d’inniúlachtaí táirgthe seachas inniúlachtaí dócháin agus (iv) athbhreithniú a dhéanamh ar shainmhínithe lena áirithiú go láimhseáiltear suiteálacha go cothrom agus neamhspleách ón teicneolaíocht a úsáideadh, lena n‑áirítear nuair a úsáidtear teicneolaíochtaí ísealcharbóin nó saor ó charbón. Má dhéantar suiteálacha nuálacha in EU ETS a chothabháil laghdófar luachanna tagarmhairc freisin agus spreagfar laghduithe astaíochtaí níos mó dá bharr.
Trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a thabhairt isteach (Caibidil IVa)
Ba cheart trádáil nua astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a bhunú mar chóras neamhspleách ó 2025 ar aghaidh (Caibidil IVa). Le linn na céad bliana, beidh ar na heintitis rialaithe ceadúnas astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith acu agus tuairisc a thabhairt ar a n‑astaíochtaí le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025 (Airteagail 30b agus 30f). Ní bheidh feidhm ag eisiúint lamháltas agus oibleagáidí comhlíontachta le haghaidh na n‑eintiteas sin ach ó 2026 amháin, rud a cheadóidh don chóras nua tosú ag feidhmiú ar bhealach eagraithe agus éifeachtúil (Airteagail 30c, 30d agus 30e). Mar gheall go bhfuil líon mór astaírí beaga in earnáil na bhfoirgeamh agus an iompair de bhóthar, agus ar son cúiseanna indéantachta teicniúla agus éifeachtúlachta riaracháin, ní bhunaítear an pointe rialaithe leis na hastaírí, ach níos faide suas sa slabhra soláthair (Airteagal 30b agus Iarscríbhinn III). Dá bhrí sin, is é an scaoileadh breoslaí i gcomhair tomhaltais a úsáidtear le haghaidh dócháin in earnáil na bhfoirgneamh agus in earnáil an iompair de bhóthar an ghníomhaíocht a rialófar le haghaidh an chórais nua (Iarscríbhinn III). Déantar raon feidhme earnáil na bhfoirgeamh agus an iompair de bhóthar a shainmhínú ar bhonn na bhfoinsí ábhartha d’astaíochtaí atá áirithe i d6 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa (Iarscríbhinn III). Tá na heintitis rialáilte sainmhínithe i gcomhréir le córas dleachta máil Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, ós rud é go bhfuil sásra láidir faireacháin agus tuairiscithe le haghaidh na gcainníochtaí breoslaí a scaoiltear lena dtomhailt ann cheana féin chun críoch cánach faoin Treoir sin. Beidh na hoibleagáid faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar ailínithe a fhad agus is féidir leis na sásraí dea‑fheidhmiúla a bunaíodh le haghaidh suiteálacha do‑aistrithe agus na heitlíochta (Airteagal 30(f)).
Socrófar an chaidhp astaíochtaí le haghaidh an chórais nua trádála astaíochtaí ó 2026 ar aghaidh bunaithe ar shonraí a bailíodh faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill agus leibhéal uaillmhéine agus laghdú chun laghduithe 43 % a bhaint amach in 2030 i gcomparáid le 2005 le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar (Airteagal 30c agus Iarscríbhinn IIIa). Sainítear fachtóir laghdaithe línigh comhfhreagrach. Tráth a bhunaítear faireachán agus tuairisciú na trádála astaíochtaí nua, déanfar cainníocht fhoriomlán na lamháltas le haghaidh 2028 a leasú ar bhonn na sonraí MRV atá ar fáil don tréimhse idir 2024 agus 2026. Ní dhéanfar athbhreithniú ar an bhfachtóir laghdaithe línigh ach amháin má tá na sonraí MRV níos airde ar bhealach suntasach ná an uasteorainn tosaigh, agus ní mar gheall ar dhifríochtaí mionscála le sonraí fardail UNFCCC an Aontais.
Déanfar na lamháltais le haghaidh na trádála astaíochtaí nua a chur ar ceant toisc nach soláthraítear aon leithdháileadh saor in aisce (Airteagal 30d). Chun tús réidh trádála astaíochtaí sna hearnálacha nua a áirithiú, déanfar méid áirithe lamháltas a thús‑ualú (an chéad fhomhír d’Airteagal 30d(2)). Ina theannta sin, d’fhonn cobhsaíochta an mhargaidh a áirithiú ón tús feidhmeoidh Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh sna hearnálacha lena mbaineann bunaithe ar rialacha sonracha (an dara fomhír d’Airteagal 30d(2)). Ós rud é gur córas nua é, bunaítear sásraí maolaithe chun aghaidh a thabhairt ar luaineacht iomarcach praghsanna a d’fhéadfadh a bheith ann, rud a d’fhéadfadh a bheith an‑ard nuair a thosófar ag trádáil astaíochtaí sna hearnálacha nua (Airteagal 30h).
Chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na dúshláin idirthréimhseacha agus shóisialta a bhaineann leis an bpraghsáil carbóin sna hearnálacha nua, agus chun tacaíocht spriocdhírithe le haghaidh na nuálaíochta a áirithiú, rannchuideoidh trádáil astaíochtaí i gcomhair an iompair de bhóthar agus foirgneamh leis na cistí íseal‑charbóin atá ann cheana féin. Mar sin, cuirfear 150 milliún lamháltas a eiseofar faoin gcóras trádála astaíochtaí nua le haghaidh iompar de bhóthar agus foirgneamh ar fáil don Chiste Nuálaíochta chun an t‑aistriú glas a spreagadh (Airteagal 30d(4)).
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm rialacha na trádála astaíochtaí nua agus, más gá, molfaidh sé athbhreithniú faoin 1 Eanáir 2028 chun feabhas a chur ar a éifeachtacht, a riar agus a chur i bhfeidhm praiticiúil (Airteagal 30i).
Is iad seo a leanas príomhghnéithe Chinneadh MSR a leasaítear trí bhíthin an togra:
Glánéileamh ón eitlíocht (Airteagal 1(4a)) agus ón earnáil mhuirí a chur san áireamh
Leasaítear leis an togra ríomh an líon foriomlán lamháltas i gcúrsaíocht ionas go gcuirtear astaíochtaí eitlíochta agus lamháltais a eisítear i leith na heitlíochta san áireamh. Leasaigh Rialachán (AE) 2017/2392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Airteagal 12(3) den Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí chun cur ar chumas gach oibreora gach lamháltas a eisítear dá oibleagáidí tabhairt suas a úsáid, lena n‑áirítear lamháltais eitlíochta. Cuirfear feabhas ar chruinneas agus ar éifeachtúlacht an chúlchiste mar thomhas ar chobhsaíocht an mhargaidh tríd a sholáthar agus éileamh trí lamháltais eitlíochta a chur san áireamh nuair atá an cúlchiste á ríomh, fad atá a shláine comhshaoil á caomhnú. Má ghlactar an togra seo chun EU ETS a leasú, cuirfear astaíochtaí agus lamháltais eitlíochta san áireamh sa líon iomlán lamháltas atá i gcúrsaíocht san áit inar tharla siad, nó san áit inar eisíodh iad, amhail ón mbliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an leasaithe seo. Cé nach bhfuil aon lamháltas muirí ar leithligh ann, ní mór an téacs a mhodhnú freisin chun lamháltais agus astaíochtaí a bhaineann leis an earnáil mhuirí a chur san áireamh sa ríomh, toisc nach dtagraítear sa téacs ach d’astaíochtaí agus do lamháltais i gcomhair suiteálacha i láthair na huaire. Chun saobhadh mar gheall ar thabhairt isteach ceanglas muiriompair a sheachaint, cuirfear an difríocht idir astaíochtaí fíoraithe agus lamháltais a thugtar suas don earnáil mhuirí, a chuirfear ar ceal seachas iad a chur ar ceant, san áireamh i líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht amhail agus gur eisíodh na lamháltais.
Ráta iontógála (Airteagal 1(5))
Leasaítear an ráta iontógála chun dul i ngleic leis an ‘éifeacht tairsí’ a tharlódh nuair a bheadh an líon iomlán lamháltas i gcúrsaíocht (TNAC) an‑ghar don tairseach uasta. Sa chás sin, d’fhéadfadh lamháltas amháin níos mó nó níos lú in TNAC iontógálacha a spreagadh nó a mhalairt, ag brath ar cibé acu an bhfuil TNAC os cionn na tairsí nó faoina bun. Tá baol ann, mar gheall ar éiginnte go dtarlódh sé sin nó nach dtarlódh, go gcruthófaí luaineacht praghsanna ar an margadh.
Modhnaíonn an togra sásra an ráta iontógála. Molann sé iontógáil mhaolánach den chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh (MSR) nuair atá TNAC idir 833 mhilliún agus 1096 mhilliún. Sa chás sin, is ionann an iontógáil agus an difríocht idir TNAC agus tairseach uasta 833 mhilliún. Fad agus go mbeadh TNAC os cionn lamháltais de 1096 mhilliún, bheadh feidhm ag an ngnáthráta iontógála (24 % go dtí 2030).
Is é is cúis leis an bhfigiúr de 1096 mhilliún lamháltas a roghnú go mbíonn an iontógáil de 24 %, ag an méid sin, agus an difríocht idir TNAC agus an tairseach uasta gar dá chéile. Tugann sé sin aghaidh ar an éifeacht tairsí, fad agus atá iontógáil MSR éifeachtach á coinneáil ar bun má tá TNAC níos airde.
Sainmhíniú ar an líon iomlán lamháltas atá i gcúrsaíocht (TNAC) (Airteagal 1(5))
Agus TNAC á ríomh, sonrófar san fhoirmle nach n‑áirítear sa soláthar lamháltas ach lamháltais a eisítear agus nach gcuirtear sa chúlchiste, agus ní bhainfear an líon lamháltas sa chúlchiste as an soláthar lamháltas a thuilleadh. Leis an athrú seo, soiléirítear ríomh an lín iomláin lamháltas i gcúrsaíocht, agus ní bhíonn aon tionchar ábhartha aige ar a thoradh, lena n‑áirítear ar ríomhanna TNAC roimhe seo.
Sásra neamhbhailíochtaithe (Airteagal 1(5a))
Ó 2023 ar aghaidh, beidh lamháltais i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh (MSR) atá os cionn leibhéal mhéideanna ceantála na bliana roimhe neamhbhailithe. Braitheann leibhéal mhéideanna ceantála na bliana roimhe áfach ar ghnéithe éagsúla, amhail caidhp agus oibríocht an Chúlchiste féin. Chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal lamháltas atá fós sa chúlchiste tar éis an neamhbhailíochtaithe níos intuartha, moltar teorainn a chur leis an líon lamháltas atá sa chúlchiste ag leibhéal 400 milliún lamháltas. Tá an luach seo ag teacht freisin leis an tairseach níos ísle le haghaidh luach TNAC, a scaoiltear lamháltais ón gCúlchiste faoina bun.
Cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh (MSR) don trádáil astaíochtaí le haghaidh an iompair de bhóthar agus foirgneamh (Airteagal 1a)
Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca éagothroime idir soláthar agus éileamh, beidh Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh i bhfeidhm don trádáil astaíochtaí nua le haghaidh an iompair de bhóthar agus foirgneamh freisin, lena mbunófar iontógálacha agus scaoileadh lamháltas atá bunaithe ar na tairseacha le haghaidh an bharrachais lamháltas sa mhargadh sin. Thairis sin, ionas go mbeidh Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh in ann feidhmiú mar uirlis éifeachtach chun dul i ngleic le héagothroime ar an margadh nuair a chuirtear tús leis an trádáil astaíochtaí sa dá earnáil agus ina dhiaidh sin, cruthófar roinnt lamháltas sa chúlchiste do na hearnálacha nua. Chun dul i ngleic leis an luaineacht iomarcach praghsanna a d’fhéadfadh a bheith ann, bunaítear bearta chun go mbeifear in ann lamháltais bhreise a scaoileadh ón gCúlchiste. Bunófar an sásra spreagtha le haghaidh an scaoilte bhreise seo, áfach, ar an méadú sa mheánphraghas lamháltais agus ní ar an mbarrachas lamháltas sa mhargadh.
Is iad seo a leanas príomhghnéithe Rialachán (AE) 2015/757, a dtugtar an Rialachán MRV air, a leasaítear tríd an togra seo:
Tugtar sainmhínithe nua isteach leis an togra ar ‘údarás riaracháin’ agus ar ‘shonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta’. Thairis sin, leis na na leasuithe a bheartaítear, beidh oibleagáid ar chuideachtaí a bpleananna faireacháin a chur faoi bhráid na n‑údarás riaracháin atá freagrach lena bhformheas (Airteagail leasaithe 6 agus 7), sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a thuairisciú (Airteagal leasaithe 4) agus, i ndiaidh na sonraí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a fhíorú (Airteagail leasaithe 13 go dtí 16), na sonraí comhiomlánaithe fíoraithe seo a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh (Airteagal nua 11a agus Airteagal leasaithe 12). Níl aon oibleagáid ar an bhfíoraitheoir an tuarascáil astaíochtaí ar leibhéal loinge agus an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2015/757 a fhíorú, toisc go bhfuil na tuarascálacha seo ar leibhéal loinge deimhnithe cheana féin. Leis an togra, tugtar cumhacht freisin don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na modhanna agus na rialacha faireacháin a leasú freisin ionas go mbeidh siad oiriúnach don trádáil astaíochtaí (Airteagal leasaithe 5(2)) agus chun Rialachán (AE) 2015/757 a fhorlíonadh leis na rialacha maidir le pleananna faireacháin agus athruithe orthu a fhormheas ag údaráis rialacháin, na rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta agus maidir leo a chur isteach (Airteagail 6(8), 7(5) agus 11a(4)), agus na rialacha maidir leis na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a fhíorú agus maidir le tuarascáil fíorúcháin a eisiúint i leith na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta (Airteagail 13(6) agus 15(6)).
Agus moladh á dhéanamh an Rialachán MRV a leasú, comhlánaíonn an togra seo togra COM(2019) 38 final ón gCoimisiún.
2021/0211 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’). D’aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.
(2)Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár na Teachtaireachta maidir leis an ‘gComhaontú Glas don Eoraip’, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11 Nollaig 2019.
(3)Nasctar leis an gComhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh acu. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t‑aistriú cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.
(4)Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise tionchar tromchúiseach phaindéim COVID‑19 ar shláinte, ar dhálaí maireachtála agus oibre, agus ar fholláine shaoránaigh an Aontais, a léiríonn gur gá dár sochaí agus dár ngeilleagar a bheith níos athléimní in aghaidh suaití seachtracha agus gníomhú go luath chun iad a chosc nó a mhaolú. Leanann saoránaigh Eorpacha de thuairimí láidre a chur in iúl go mbaineann sé sin go háirithe leis an athrú aeráide.
(5)Thug an tAontas faoina ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair a laghdú san Aontas faoi 55 % ar a laghad faoi leibhéil 1990 faoin mbliain 2030 sa rannchuidiú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020.
(6)I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cumhdaíonn an tAontas sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 sa reachtaíocht. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach aeráide an Aontais maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.
(7)Is gá do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS), arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun glanlaghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach atá costéifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a mhéadú ar bhealach atá i gcomhréir leis an sprioc chun glanlaghdú a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030.
(8)Ba cheart do EU ETS táirgeadh ó shuiteálacha a laghdaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa go páirteach nó go hiomlán a dhreasú. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú atá ar roinnt catagóirí gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a leasú lena áirithiú go láimhseáiltear suiteálacha go cothrom sna hearnálacha lena mbaineann. Thairis sin, ba cheart leithdháileadh saor in aisce chun táirge a tháirgeadh a bheith neamhspleách ó chineál an phróisis táirgthe. Ní mór an sainmhíniú ar na táirgí agus ar na próisis agus na hastaíochtaí a chumhdaítear le haghaidh roinnt tagarmharcanna a mhodhnú dá bhrí sin chun cothroime iomaíochta idir teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí reatha a áirithiú. Ní mór freisin an nuashonrú ar na luachanna tagarmhairc le haghaidh na scaglann agus na hidrigine a dhíchúpláil chun an tábhacht a bhaineann le hidrigin a tháirgeadh lasmuigh d’earnáil na scaglann a léiriú.
(9)Rinneadh Treoir 96/61/CE ón gComhairle a aisghairm le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart na tagairtí do Threoir 96/61/CE in Airteagal 2 de Threoir 2003/87/CE agus in Iarscríbhinn IV inti athabhairt cothrom le dáta dá réir sin. I bhfianaise an ghá atá le laghduithe práinneacha ar astaíochtaí ar fud an gheilleagair, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann gníomhú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa atá faoi raon feidhme EU ETS a laghdú trí bheartais eile seachas teorainneacha astaíochtaí a ghlactar de bhun Threoir 2010/75/AE.
(10)Lena Theachtaireacht dar teideal ‘Pathway to a Healthy Planet for All’ [Conair chuig Plainéad Sláintiúil do Chách], tá sé i gceist ag an gCoimisiún go mbeidh an tAontas saor ó thruailliú faoi 2050, trí thruailliú thar aer, fhionnuiscí, fharraigí agus ithreacha a laghdú go mbeidh sé ar leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach don tsláinte agus d’éiceachórais nádúrtha. Is minic a chumasóidh bearta faoi Threoir 2010/75/AE, mar an phríomh‑ionstraim lena rialaítear astaíochtaí truaillithe aeir, uisce agus ithreach, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú freisin. I gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2003/87/CE, ba cheart do Bhallstáit comhordú idir ceanglais cheadúnais Threoir 2003/87/CE agus ceanglais Threoir 2010/75/AE a áirithiú.
(11)Ag aithint gur minic a laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin araon le teicneolaíochtaí nua, nuálacha, tá sé tábhachtach sineirgí a áirithiú idir beartais a sholáthraíonn laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar thruailleáin araon, is é sin Treoir 2010/75/AE, agus tá sé tábhachtach a n‑éifeachtacht a athbhreithniú i dtaca leis seo.
(12)Úsáideadh an sainmhíniú ar ghineadóirí leictreachais chun uasmhéid an leithdháilte saor in aisce don tionscal sa tréimhse ó 2013 go dtí 2020 a chinneadh, ach láimhseáladh gléasraí teasa agus cumhachta in éineacht go difriúil i gcomparáid le suiteálacha tionsclaíocha dá bharr. Chun úsáid na comhghiniúna ardéifeachtúla teasa agus cumhachta in éineacht a spreagadh agus chun a áirithiú go láimhseáiltear gach suiteáil a fhaigheann leithdháileadh saor in aisce le haghaidh táirgeadh teasa agus do théamh ceantair go cothrom, ba cheart gach tagairt do ghineadóirí leictreachais i dTreoir 2003/87/CE a scriosadh. Thairis sin, sonraítear incháilitheacht na bpróiseas tionsclaíoch uile don leithdháileadh saor in aisce le Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún 2019/331. Dá bhrí sin, tá na forálacha ar ghabháil agus stóráil dé‑ocsaíde carbóin in Airteagal 10a(3) de Threoir 2003/87/CE as feidhm anois agus ba cheart iad a scriosadh.
(13)Faoi EU ETS, ba cheart go measfaí gurb ionann astaíochtaí agus gáis cheaptha teasa nach scaoiltear go díreach san atmaisféar agus ba cheart lamháltais a thabhairt suas le haghaidh na n‑astaíochtaí sin ach amháin má stóráiltear i láithreán stórála iad i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó má tá siad ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na coinníollacha a measfar go bhfuil gáis cheaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan iontu i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid, lena n‑áirítear, teastas aistrithe dé-ocsaíde carbóin a fháil, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise forbairtí rialaitheacha maidir le haistrithe dé-ocsaíde carbóin a dheimhniú.
(14)Is é gníomhaíocht mhuiriompair idirnáisiúnta, a bhfuil muiraistir idir calafoirt faoi dhlínse dhá Bhallstát difriúil nó idir calafort faoi dhlínse Ballstáit agus calafort lasmuigh de dhlínse aon Bhallstát mar chuid di, an t‑aon mhodh iompair nach n‑áirítear le gealltanais an Aontais roimhe seo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá méadú de thart ar 36 % ó 1990 tagtha ar na hastaíochtaí ó bhreosla a dhíoltar san Aontas le haghaidh aistear a imíonn ó Bhallstát amháin agus a thagann isteach i mBallstát difriúil nó i dtríú tír. Is ionann na hastaíochtaí sin agus gar do 90 % d’astaíochtaí loingseoireachta uile an Aontais mar tháinig laghdú de 26 % ó 1990 ar astaíochtaí ó bhreosla a dhíoltar san Aontas le haghaidh aistear a imíonn ó Bhallstát agus a thagann isteach sa Bhallstát céanna. Sa chás ‘gnó mar is gnách’, táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú de thart ar 14 % idir 2015 agus 2030 agus de 34 % idir 2015 agus 2050 ar astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair idirnáisiúnta. Má thagann méadú ar thionchar an athraithe aeráide ar na gníomhaíochtaí muiriompair mar atáthar ag tuar, dhéanfaí dochar suntasach do laghduithe arna ndéanamh ag earnálacha eile chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
(15)In 2013, ghlac an Coimisiún straitéis chun astaíochtaí muirí a chomhtháthú de réir a chéile i mbeartas an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Mar chéad chéim sa chur chuige seo, bhunaigh an tAontas córas chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí ón muiriompar i Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus leagfar spriocanna laghdaithe síos don earnáil mhuirí agus cuirfear beart i bhfeidhm atá bunaithe ar an margadh ina dhiaidh sin. I gcomhréir le gealltanas na gcomhreachtóirí, arna léiriú i dTreoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart tús a chur le gníomhaíocht ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) nó ón Aontas ó 2023 ar aghaidh, lena n‑áirítear an réamhobair maidir le glacadh agus le cur chun feidhme birt lena n‑áirithítear go rannchuidíonn an earnáil go hiomchuí leis na hiarrachtaí is gá chun na cuspóirí a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus aird chuí á tabhairt ag na páiritithe leasmhara uile.
(16)De bhun Threoir (AE) 2018/410, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin dul chun cinn atá déanta in IMO maidir le cuspóir uaillmhianach i ndáil le hastaíochtaí a laghdú agus maidir le bearta tionlacain chun a áirithiú go gcuireann an earnáil mhuiriompair go cuí leis na hiarrachtaí a bhfuil gá leo chun na cuspóirí a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois le hastaíochtaí domhanda muirí a theorannú trí IMO agus ba cheart na hiarrachtaí sin a spreagadh. Cé go bhfáiltítear roimh an dul chun cinn a rinneadh trí IMO le déanaí, ní bheidh na bearta seo leordhóthanach chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, áfach.
(17)Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé i gceist aige bearta breise a dhéanamh chun dul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil mhuiriompair trí réimse beart a chuirfidh ar chumas an Aontais a chuspóirí laghdaithe astaíochtaí a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú chun an earnáil mhuiriompair in EU ETS a chur san áireamh chun a áirithiú go gcuirfidh an earnáil seo le cuspóirí méadaithe aeráide an Aontais chomh maith le cuspóirí Chomhaontú Pháras, lena gcuirtear ceangal ar thíortha forbartha ceannaireacht a ghlacadh trí thabhairt faoi chuspóirí laghdaithe astaíochtaí ar fud an gheilleagair, fad agus a spreagtar tíortha i mbéal forbartha am a chur ar fáil do chuspóirí laghdaithe nó teorannaithe astaíochtaí ar fud an gheilleagair. Toisc gur cheart uasteorainn a chur le hastaíochtaí ó eitlíocht idirnáisiúnta lasmuigh den Eoraip ó mhí Eanáir 2021 ar aghaidh trí ghníomh domhanda atá bunaithe ar an margadh fad agus nach bhfuil aon ghníomh i bhfeidhm a chuireann uasteorainn le hastaíochtaí muiriompair nó a chuireann praghas orthu, is iomchuí go gcumhdóidh EU ETS sciar de na hastaíochtaí ó aistir idir calafort faoi dhlínse Ballstáit agus calafort faoi dhlínse tríú tíre, agus go mbeadh an tríú tír in ann gníomh iomchuí a chinneadh maidir le sciar eile na n‑astaíochtaí. Ba cheart do shíneadh EU ETS leis an earnáil mhuiriompair na hastaíochtaí a leanas a chur san áireamh dá réir sin: leath de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, leath de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, astaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit, agus astaíochtaí i mbeart i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit. Tá sé tugtha faoi deara gur bealach praiticiúil é an cur chuige sin chun réiteach a fháil ar an tsaincheist maidir le Freagrachtaí agus Inniúlachtaí Coiteanna ach Difreáilte, ar dúshlán é a bhí ann le fada i gcomhthéacs UNFCCC. Le cumhdach sciar de na hastaíochtaí ó aistir isteach agus amach araon idir an tAontas agus tríú tíortha, déantar éifeachtacht EU ETS a áirithiú, go háirithe trí thionchar comhshaoil an bhirt a mhéadú i gcomparáid le raon feidhme geografach atá teoranta d’aistir laistigh den Aontas, agus an baol le cuairteanna ar chalafort chun críocha éalaitheacha agus an baol le dí‑chomhchruinniú gníomhaíochtaí athlastála lasmuigh den Aontas a theorannú. Chun cuimsiú rianúil na hearnála in EU ETS a áirithiú, ba cheart an líon lamháltas a thabharfaidh cuideachtaí loingseoireachta suas a mhéadú de réir a chéile maidir le hastaíochtaí fíoraithe a tuairiscíodh don tréimhse 2023 go dtí 2025. Chun sláine comhshaoil an chórais a chosaint, sa mhéid a thugtar lamháltais níos lú suas i ndáil le hastaíochtaí fíoraithe le haghaidh muiriompair sna blianta sin, nuair a bheidh an difríocht idir na hastaíochtaí fíoraithe agus na lamháltais arna dtabhairt suas bunaithe gach bliain, ba cheart líon comhfhreagrach lamháltas a chur ar ceal. Ó 2026 ar aghaidh, ba cheart do chuideachtaí loingseoireachta an líon lamháltas a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí fíoraithe a tuairiscíodh sa bhliain roimhe sin a thabhairt suas.
(18)Ba cheart forálacha Threoir 2003/87/CE maidir le gníomhaíochtaí muiriompair a choinneáil faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí arna ndéanamh amach anseo chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n‑áirítear an dara athbhreithniú domhanda in 2028, agus an t‑athbhreithniú a dhéanfar gach 5 bliana ina dhiaidh sin, a bheidh mar bhonn do rannchuidithe comhleanúnacha arna gcinneadh go náisiúnta. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún an dul chun cinn sna cainteanna IMO a bhaineann le beart domhanda margadhbhunaithe a thuairisciú aon am roimh an dara athbhreithniú domhanda in 2028 - agus tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2028, dá bhrí sin - do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ina thuarascáil, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar ionstraimí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta agus, measúnú a dhéanamh, de réir mar is ábhartha, ar na bealaí inar féidir na hionstraimí sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí Threoir 2003/87/CE a athbhreithniú. Ina thuarascáil, ba cheart don Choimisiún tograí a chur san áireamh de réir mar is iomchuí.
(19)Ba cheart don Choimisiún feidhmiú Threoir 2003/87/CE a athbhreithniú maidir le gníomhaíochtaí muiriompair i bhfianaise taithí ar a cur i bhfeidhm, lena n‑áirítear maidir le cleachtais a bhféadfadh cleachtais éalaitheacha a bheith iontu, agus ba cheart dó bearta a mholadh ansin chun a héifeachtacht a áirithiú.
(20)Maidir leis an gcuideachta loingseoireachta, a shainmhínítear mar an longúinéir nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht as oibriú na loinge ón longúinéir; agus a chomhaontaigh, ar ghlacadh na freagrachta sin, dul i gceann na ndualgas agus na bhfreagrachtaí go léir arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, ba cheart í a bheith ar an duine nó an eagraíocht atá freagrach as EU ETS a chomhlíonadh. Tá an sainmhíniú seo bunaithe ar an sainmhíniú ar ‘chuideachta’ in Airteagal 3, pointe (d) de Rialachán (AE) 2015/757, agus i gcomhréir leis an gcóras bailithe sonraí domhanda arna bhunú ag IMO in 2016. I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, d’fhéadfadh an chuideachta, trí bhíthin socraithe chonarthaigh, an t‑eintiteas atá freagrach go díreach as na cinntí a dhéanann difear d’astaíochtaí CO 2 na loinge a choinneáil cuntasach maidir leis na costais chomhlíonta faoin Treoir seo. Is iondúil gurbh é an t‑eintiteas seo an t‑eintiteas a bheadh freagrach as rogha breosla, bealach agus luas na loinge.
(21)Chun an t‑ualach riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta a laghdú, ba cheart do Bhallstát amháin a bheith freagrach as gach cuideachta loingseoireachta. Ba cheart don Choimisiún an chéad liosta de chuideachtaí loingseoireachta a rinne gníomhaíocht mhuirí a thagann faoi raon feidhme EU ETS a fhoilsiú, ina sonrófar an t‑údarás riaracháin i leith gach cuideachta loingsoireachta. Ba cheart an liosta a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad chun cuideachtaí loingseoireachta a athleagan ar údarás riaracháin eile, de réir mar is ábhartha. I gcás cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i mBallstát, ba cheart gurbh é an Ballstát sin a bheadh ina údarás riaracháin. I gcás cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i dtríú tír, ba cheart gurbh é an Ballstát lena mbaineann an líon measta is mó cuairteanna ar chalafort le linn aistear ag an gcuideachta loingseoireachta a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE le 2 bhliain faireacháin anuas a bheadh ina údarás riaracháin. I gcás cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i dtríú tír agus nach ndearna aon aistear a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE le 2 bhliain faireacháin anuas, ba cheart gurbh é an Ballstát ónar thosaigh an chuideachta loingseoireachta a chéad aistear a thagann faoin raon feidhme na Treorach sin a bheadh ina údarás riaracháin. Ba cheart don Choimisiún liosta cuideachtaí loingseoireachta a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn débhliantúil ina sonrófar an t‑údarás riaracháin le haghaidh gach cuideachta loingseoireachta. Chun a áirithiú go láimhseáiltear cuideachtaí loingseoireachta go cothrom, ba cheart do Bhallstáit rialacha comhoiriúnaithe maidir le riaradh cuideachtaí loingseoireachta a bhfuil siad freagrach astu a leanúint, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe atá le bunú ag an gCoimisiún.
(22)Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go gcomhlíonann na cuideachtaí loingseoireachta a riarann siad ceanglais Threoir 2003/87/CE. I gcás nach n‑éiríonn le cuideachta loingseoireachta na ceanglais sin a chomhlíonadh agus i gcás nár éirigh le haon bhearta forfheidhmiúcháin a rinne an t‑údarás riaracháin chun comhlíontacht a áirithiú, ba cheart do Bhallstáit gníomhú i ndlúthpháirtíocht. Mar bheart in am an éigin, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit cead isteach a dhiúltú do longa faoi chúram na cuideachta loingseoireachta lena mbaineann, seachas an Ballstát a bhfuil a bhrat ar foluain ag an long, ar cheart go bhféadfadh sé an long sin a choinneáil.
(23)Ba cheart do chuideachtaí loingseoireachta faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar a sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair ar leibhéal cuideachta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/757. Ba cheart na tuarascálacha ar shonraí comhiomlánaithe astaíochtaí a fhíorú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin. Nuair atá na fíoraithe á ndéanamh ar leibhéal cuideachta, níor cheart don fhíoraitheoir an tuarascáil astaíochtaí ar leibhéal loinge agus an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Rialachán sin a fhíorú, toisc go bhfuil na tuarascálacha sin ar leibhéal loinge deimhnithe cheana féin.
(24)Bunaithe ar thaithí ar chúraimí cosúil leo a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) nó d’eagraíocht ábhartha eile, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir lena sainordú, cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na húdaráis riaracháin i leith chur chun feidhme Threoir 2003/87/CE. De bharr a thaithí maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/757 agus a uirlisí TF, d’fhéadfadh ESMA cúnamh a thabhairt do na húdaráis riaracháin go háirithe maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí a ghintear le gníomhaíochtaí muiriompair a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo trí mar shampla an malartú faisnéise a éascú nó trí threoirlínte agus critéir a fhorbairt.
(25)Leasaigh Rialachán (AE) 2017/2392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Airteagal 12(3) den Treoir 2003/87/CE chun cur ar chumas gach oibreora gach lamháltas a eisítear a úsáid. Ba cheart an ceanglas go mbeidh oibleagáid chun lamháltas a thabhairt suas i gceadúnais astaíochtaí gás ceaptha teasa, de bhun Airteagal 6(2), pointe (e), den Treoir sin, a ailíniú dá réir sin.
(26)Ní mór do laghdú 61 % i gcomparáid le 2005 teacht ar astaíochtaí na n‑earnálacha atá cumhdaithe ag EU ETS chun cuspóir laghdaithe astaíochtaí an Aontais le haghaidh 2030 a bhaint amach. Ní mór cainníocht lamháltas EU ETS ar fud an Aontais a laghdú chun an comhartha fadtéarmach faoi phraghas an charbóin is gá a chruthú agus chun an leibhéal seo dícharbónaithe a thiomáint. Chuige sin, ba cheart an fachtóir laghdaithe línigh a mhéadú, agus cuimsiú astaíochtaí ó mhuiriompar á chur san áireamh freisin. Ba cheart an comhartha fadtéarmach faoi phraghas an charbóin a dhíorthú ó na hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair a tuairiscíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757 le haghaidh 2018 agus 2019 san Aontas, arna choigeartú, ón mbliain 2021 ar aghaidh, de réir an fhachtóra laghdaithe línigh.
(27)Ag cur san áireamh go leasaítear Treoir 2003/87/CE leis an Treoir seo i leith tréimhse chur chun feidhme atá tosaithe an 1 Eanáir 2021 cheana féin, ar son cúiseanna intuarthachta, éifeachtachta comhshaoil agus simplíochta, ba cheart do chonair laghdaithe línigh níos géire EU ETS a bheith ina líne dhíreach ó 2021 go dtí 2030, chun laghduithe astaíochtaí in EU ETS de 61 % a bhaint amach faoi 2030, mar an chéim iomchuí, idirmheánach chun aeráidneodracht ar fud gheilleagar an Aontais in 2050 a bhaint amach. Toisc nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag an bhfachtóir laghdaithe línigh ach ón mbliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart laghdú aonuaire ar chainníocht na lamháltas an chainníocht iomlán lamháltas a laghdú ionas go mbeidh sí i gcomhréir leis an leibhéal laghdaithe bhliantúil seo arna ndéanamh ó 2021 ar aghaidh.
(28)Chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, beidh gá le hacmhainní poiblí substaintiúla san Aontas chomh maith le buiséid náisiúnta a thiomnú don aistriú aeráide. Chun caiteachas substaintiúil a bhaineann leis an aeráid a chomhlánú agus a dhaingniú i mbuiséad an Aontais, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais a úsáid chun críocha a bhaineann leis an aeráid. Áirítear leis sin úsáid na tacaíochta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam trí chánacha saofa a laghdú. De bhreis air sin, chun dul i ngleic le héifeachtaí dáileacháin agus sóisialta an aistrithe i mBallstáit ar ioncam íseal, ba cheart méid breise 2.5 % den chainníocht lamháltas ar fud an Aontais ó [bliain theacht i bhfeidhm na Treorach] go dtí 2030 a úsáid chun aistriú fuinnimh na mBallstát sin arb ísle a n‑olltáirgeacht intíre (OTI) per capita ná 65 % de mheán an Aontais in 2016-2018 a chistiú tríd an gCiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE.
(29)Ba cheart dreasachtaí breise a sholáthar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ach theicnící costéifeachtacha a úsáid. Chuige sin, ba cheart leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce do shuiteálacha do-aistrithe ó 2026 ar aghaidh a chur de choinníoll ar infheistíochtaí a dhéanamh i dteicnící chun cur leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun astaíochtaí a laghdú. Trína áirithiú go ndírítear é seo ar úsáideoirí fuinnimh níos mó thiocfadh laghdú substaintiúil ar an ualach atá ar ghnólachtaí a úsáideann níos lú fuinnimh, a bhféadfaí gur le fiontair bheaga agus mheánmhéide nó le micrifhiontair iad. [Tá an tagairt le deimhniú leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh athbhreithnithe]. Ba cheart na gníomhartha tarmligthe ábhartha a choigeartú dá réir sin.
(30)Is éard atá i gceist le Sásra Coigeartaithe Teorann Carbóin (CBAM), arna bhunú faoi Rialachán (AE) […./..] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sásra malartach in ionad leithdháileadh saor in aisce chun dul i ngleic le riosca sceite carbóin. A mhéid atá earnálacha agus fo‑earnálacha cumhdaithe faoin mbeart sin, níor cheart dóibh leithdháileadh saor in aisce a fháil. Is gá deireadh idirthréimhseach a chur le lamháltais saor in aisce céim ar chéim, áfach, chun ligean do tháirgeoirí, allmhaireoirí agus trádálaithe dul i dtaithí ar an gcóras nua. Ba cheart laghdú an leithdháilte saor in aisce a chur chun feidhme trí fhachtóir a chur i bhfeidhm sa leithdháileadh saor in aisce le haghaidh earnálacha CBAM, de réir mar a chéimneofar CBAM isteach. Ba cheart don chéatadán seo (an fachtóir CBAM) a bheith cothrom le 100 % le linn na hidirthréimhse idir teacht i bhfeidhm [Rialachán CBAM] agus 2025, 90 % in 2026 agus ba cheart é a laghdú faoi 10 bpointe céatadáin in aghaidh na bliana chun go mbainfidh sé 0 % amach agus deireadh a chur le leithdháileadh saor in aisce faoin deichiú bliain ar an mbealach sin. Ba cheart na gníomhartha tarmligthe ábhartha maidir le leithdháileadh saor in aisce a choigeartú dá réir sin le haghaidh na n‑earnálacha agus na bhfo-earnálacha atá cumhdaithe ag CBAM. Ní mór an leithdháileadh saor in aisce nach soláthraítear d’earnálacha CBAM a thuilleadh bunaithe ar an ríomh seo (éileamh CBAM) a chur ar ceant agus fabhrófar na hioncaim chuig an gCiste don Nuálaíocht, d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, gabháil agus úsáid dé‑ocsaíde carbóin (‘CCU’), gabháil agus stóráil gheolaíoch carbóin (‘CCS’), fuinneamh in‑athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscadail in earnálacha CBAM. Chun cloí leis an sciar den leithdháileadh saor in aisce atá ar fáil le haghaidh earnálacha nach n‑áirítear le CBAM, ba cheart an méid deiridh atá le baint ón leithdháileadh saor in aisce agus atá le cur ar ceant a ríomh bunaithe ar an sciar a léirítear le héileamh CBAM i leith riachtanais maidir le leithdháileadh saor in aisce gach earnála a fhaigheann leithdháileadh saor in aisce.
(31)Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar dhul chun cinn teicneolaíochta agus chun na luachanna tagarmhairc comhfhreagracha a choigeartú ar an tréimhse ábhartha leithdháilte fad agus atá dreasachtaí laghdaithe astaíochtaí á n‑áirithiú agus cúiteamh ceart á thabhairt don nuálaíocht, ba cheart uaschoigeartú na luachanna tagarmhairc a mhéadú ó 1.6 % go dtí 2.5 % in aghaidh na bliana. Don tréimhse ó 2026 go 2030, ba cheart na luachanna tagarmhairc a choigeartú laistigh de réimse 4 % go dtí 50 % dá réir sin i gcomparáid leis an luach is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020.
(32)Tá cur chuige cuimsitheach i leith na nuálaíochta riachtanach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tacaítear leis na hiarrachtaí taighde agus nuálaíochta is gá, i measc nithe eile, trí Fhís Eorpach, ina n‑áirítear cistiú suntasach agus ionstraimí nua do na hearnálacha a thagann faoi ETS. Ba cheart go n‑áiritheodh Ballstáit nach gcuireann na forálacha náisiúnta trasuímh bac ar nuálaíochtaí agus go bhfuil siad neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.
(33)Ba cheart síneadh a chur le raon feidhme an Chiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin a bhaineann le breoslaí a úsáidtear in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthair. Thairis sin, ba cheart don Chiste don Nuálaíocht tacú le hinfheistíochtaí chun earnáil an mhuiriompair a dhícharbónú, lena n‑áirítear infheistíochtaí a dhéanamh i mbreoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin agus amóinia a tháirgtear ó athnuaiteáin, chomh maith le teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha ar nós teicneolaíochtaí gaoithe. Toisc go leithdháiltear ioncaim a ghintear ó phionóis a ardaítear i Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime] ar an gCiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtugtar aird chuí do thacaíocht le haghaidh tionscnamh nuálach atá ceaptha chun luas a chur faoi fhorbairt agus faoi chur chun feidhme breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí, mar a shonraítear in Airteagal 21(1) de Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime]. Chun a áirithiú go bhfuil cistiú leordhóthanach ar fáil le haghaidh nuálaíochta laistigh den raon feidhme sínithe seo, ba cheart an Ciste don Nuálaíocht a fhorlíonadh le 50 milliún lamháltas, a eascraíonn go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a chur ar ceant ar shlí eile, agus go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce, i gcomhréir le sciar reatha an chistithe a sholáthraítear ó gach foinse don Chiste don Nuálaíocht.
(34)De bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1122 ón gCoimisiún, i gcás nach n‑oibríonn oibreoirí aerárthaigh eitiltí atá cumhdaithe ag EU ETS a thuilleadh, cuirtear stádas coiscthe ar a gcuntais, agus ní fhéadfar próisis a thionscnamh ó na cuntais sin a thuilleadh. D’fhonn sláine comhshaoil an chórais a chaomhnú, ba cheart lamháltais nach n‑eisítear d’oibreoirí aerárthaigh mar gheall ar a ndúnta a úsáid chun aon easnamh i dtabhairt suas ag na hoibreoirí sin a chumhdach, agus ba cheart aon lamháltas atá fágtha a úsáid chun luas a chur faoi ghníomhú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trína gcur isteach sa Chiste don Nuálaíocht.
(35)Is gné thábhachtach iad Conarthaí Difríochta Carbóin (CCD) chun laghduithe astaíochtaí i dtionscal a spreagadh, agus iad ag cur deis ar fáil praghas a ghealladh d’infheisteoirí teicneolaíochtaí nuálacha atá neamhdhíobhálach don aeráid a chúitíonn laghduithe astaíochtaí CO2 atá níos airde ná na cinn sin a spreagtar leis na leibhéil phraghsanna faoi láthair in EU ETS. Ba cheart síneadh a chur leis an réimse beart a bhféadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacaíocht a thabhairt dó d’fhonn tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail trí thairiscintí atá iomaíoch ó thaobh praghais de, amhail Conarthaí Difríochta Carbóin. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar na rialacha beachta don chineál seo tacaíochta.
(36)I gcás ina gcuirtear gníomhaíocht suiteála ar fionraí ar bhonn sealadach, déantar an leithdháileadh saor in aisce a choigeartú ar na leibhéil ghníomhaíochta ar a dtugtar tuairisc go héigeantach ar bhonn bliantúil. Thairis sin, féadfaidh údaráis inniúla eisiúint lamháltas astaíochtaí a chur ar fionraí i gcás suiteálacha a chuir oibríochtaí ar fionraí fad agus nach bhfuil aon fhianaise ann go dtosóidh siad oibríochtaí arís. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh ar oibreoirí a léiriú don údarás inniúil a thuilleadh go dtosóidh a suiteáil ag táirgeadh arís laistigh de theorainn ama sonraithe agus réasúnta i gcás ina gcuirfear gníomhaíochtaí ar fionraí ar bhonn sealadach.
(37)Féadfar a éileamh le ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar an leithdháileadh saor in aisce arna dheonú do shuiteálacha do-aistrithe de bhun Airteagal 11(2) de Threoir 2003/87/CE go ndeonófar lamháltais bhreise saor in aisce nó go dtabharfar barrachas lamháltas ar ais. Ba cheart na lamháltais atá curtha i leataobh le haghaidh iontrálaithe nua faoi Airteagal 10a(7) de Threoir 2003/87/CE a úsáid chun na gcríoch sin.
(38)Ba cheart raon feidhme an Chiste don Nuachóiriú a ailíniú le cuspóirí aeráide is déanaí an Aontais trína éileamh go bhfuil infheistíochtaí comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Rialachán (AE) 2021/1119, agus trí dheireadh a chur leis an tacaíocht d’aon infheistíocht a bhaineann le breoslaí iontaise. Thairis sin, ba cheart an céatadán den Chiste don Nuachóiriú nach mór a dhíriú ar infheistíochtaí tosaíochta a mhéadú go dtí 80 %; ba cheart díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh mar réimse tosaíochta ar thaobh an éilimh; agus ba cheart tacaíocht le haghaidh teaghlach chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, lena n‑áirítear i gceantair tuaithe agus iargúlta, a chur san áireamh laistigh de raon feidhme na n‑infheistíochtaí tosaíochta.
(39)Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún leagtar íos rialacha maidir le faireachán ar astaíochtaí ó bhithmhais atá comhsheasmhach leis na rialacha maidir le húsáid bithmhaise a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir le fuinneamh in‑athnuaite. De réir mar a éireoidh an reachtaíocht níos casta maidir leis na critéir inbhuanaitheachta i gcomhair bithmhaise leis na rialacha is deireanaí arna mbunú le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart bronnadh na gcumhachtaí cur chun feidhme in Airteagal 14(1) de Threoir 2003/87/CE a leathnú go dtí glacadh na gcoigeartuithe is gá chun critéir inbhuanaitheachta le haghaidh bithmhaise, lena n‑áirítear bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a chur i bhfeidhm in EU ETS. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a shonrú conas an stóráil ar astaíochtaí ó mheascáin de bhithmhais atá nialas‑rátaithe agus de bhithmhais nach dtagann ó fhoinsí nialas‑rátaithe a chur san áireamh.
(40)Féadann breoslaí in‑athnuaite leachta agus gásacha de thionscnamh neamh‑bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a bheith tábhachtach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnálacha atá deacair a dhícharbónú. I gcás ina dtáirgtear breoslaí carbóin athchúrsáilte agus breoslaí in‑athnuaite leachta agus gásacha de thionscnamh neamh‑bhitheolaíoch ó dhé-ocsaíd charbóin ghafa faoi ghníomhaíocht a chumhdaítear leis an Treoir seo, ba cheart na hastaíochtaí a chur san áireamh faoin ngníomhaíocht sin. D’fhonn a áirithiú go rannchuidíonn breoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamh‑bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun comhaireamh dúbailte na mbreoslaí a rannchuidíonn le laghduithe a sheachaint, is iomchuí an cumhachtú in Airteagal 14(1) a leathnú go sainráite chuig glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme ag an gCoimisiún lena leagtar síos na coigeartuithe is gá ar conas scaoileadh dé-ocsaíde carbóin faoi dheireadh a chur san áireamh agus ar conas comhaireamh dúbailte a sheachaint d’fhonn a áirithiú go bhfuil dreasachtaí iomchuí i bhfeidhm, agus láimhseáil na mbreoslaí sin á gcur san áireamh freisin faoi Threoir (AE) 2018/2001.
(41)Ós rud é go mbítear ag súil go n‑iomprófaí dé-ocsaíd charbóin freisin ar bhealaí eile seachas píblínte, le longa agus le trucail mar shampla, ba cheart an cumhdach reatha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE um iompar gás ceaptha teasa chun críocha stórála a leathnú chuig gach cóir iompair ar chúiseanna córa comhionainne agus gan beann ar cibé atá na córa iompair cumhdaithe ag EU ETS nó nach bhfuil. I gcás ina bhfuil na hastaíochtaí ón iompar cumhdaithe freisin le gníomhaíocht eile faoi Threoir 2003/87/CE, ba cheart na hastaíochtaí a chur san áireamh faoin ngníomhaíocht sin chun comhaireamh dúbailte a sheachaint.
(42)Mar thoradh ar eisiamh suiteálacha ina mbaintear úsáid eisiach as bithmhais ó EU ETS, tá cásanna ann ina bhfuil brabúis amhantair faighte ag suiteálacha a dhéanann sciar mór de bhithmhais a dhó trí lamháltais saor in aisce a fháil a sháraíonn go mór astaíochtaí iarbhír. Dá bhrí sin, ba cheart luach tairsí le haghaidh dóchán bithmhaise nialas‑rátaithe a thabhairt isteach agus suiteálacha atá os cionn an luacha sin a eisiamh ó EU ETS. Tá an luach tairsí de 95 % ag teacht leis an bparaiméadar éiginnteachta atá leagtha amach in Airteagal 2(16) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún.
(43)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hUaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a uaschéimniú, cuireadh i dtábhacht an dúshlán ar leith a bhaineann leis na hastaíochtaí a laghdú in earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh. Dá bhrí sin, d’fhógair an Coimisiún go bhféadfaí astaíochtaí ón iompar de bhóthar agus ó fhoirgnimh a chur san áireamh i bhforbairt bhreise ar thrádáil astaíochtaí. Bhunófaí trádáil astaíochtaí don dá earnáil nua sin le trádáil astaíochtaí ar leith ach fogasach. Ar an gcaoi sin, sheachnófaí aon chur isteach ar an trádáil astaíochtaí dea‑fheidhmithe in earnáil na suiteálacha do-aistrithe agus earnáil na heitlíochta. Tá beartais agus bearta comhlántacha ag gabháil leis an gcóras nua, a thugann cosaint i gcoinne tionchar mhíchuí praghsanna, rud lena múnlaítear ionchais rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus arb é is aidhm dóibh comhartha faoi phraghas an charbóin a bhaint amach don gheilleagar iomlán. Léiríonn an taithí gur gá córas éifeachtach faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin a bhunú chun an margadh nua a fhorbairt. I bhfianaise sineirgí agus comhleanúnachas a áirithiú le bonneagar reatha an Aontais do EU ETS a chumhdaíonn na hastaíochtaí ó shuiteálacha do-aistrithe agus ón eitlíocht, is iomchuí trádáil astaíochtaí a bhunú le haghaidh earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh trí leasú ar Threoir 2003/87/CE.
(44)D’fhonn an creat cur chun feidhme is gá a bhunú agus chun tráthchlár réasúnta a thabhairt chun sprioc 2030 a bhaint amach, ba cheart go dtosódh trádáil astaíochtaí sa dá earnáil nua in 2025. Le linn na céad bliana, ba cheart a cheangal ar na heintitis rialáilte ceadúnas astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith acu agus a n‑astaíochtaí a thuairisciú le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025. Ba cheart go mbeadh eisiúint lamháltas agus oibleagáidí comhlíontachta le haghaidh na n‑eintiteas sin infheidhme amhail ó 2026. Fágfaidh an seicheamhú sin go mbeifear in ann tús a chur le trádáil astaíochtaí sna hearnálacha ar bhealach ordúil agus éifeachtúil. D’fhágfadh sé freisin sé go mbeadh bearta maoinithe an Aontais agus Ballstát i bhfeidhm d’fhonn a áirithiú go dtugtar isteach trádáil astaíochtaí an Aontais sa dá earnáil go cóir agus go cothrom ó thaobh na sochaí de chun tionchar an phraghais charbóin ar theaghlaigh agus úsáideoirí iompair leochaileacha a mhaolú.
(45)Ós rud é go bhfuil líon an‑mhór astairí beaga in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, ní féidir an pointe rialaithe a shocrú ar leibhéal eintiteas a astaíonn go díreach gáis cheaptha teasa, mar is amhlaidh i gcás na suiteálacha do-aistrithe agus na heitlíochta. Dá bhrí sin, ar chúiseanna indéantachta teicniúla agus éifeachtúlachta riaracháin, tá sé níos iomchuí an pointe rialaithe a shocrú níos réamhtheachtachaí sa slabhra soláthair. Ba cheart gurbh é an beart a spreagfadh an oibleagáid chomhlíontachta faoin trádáil astaíochtaí nua ná breoslaí a scaoileadh i gcomhair tomhaltais a úsáidtear le haghaidh dócháin in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, lena n‑áirítear le haghaidh dócháin agus gáis cheaptha teasa á n‑iompar de bhóthar le stóráil go geolaíoch. Chun cumhdach dúbailte a sheachaint, níor cheart scaoileadh breoslaí i gcomhair tomhaltais a úsáidtear i ngníomhaíochtaí eile faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a chumhdach.
(46)Ba cheart na heintitis rialáilte sa dá earnáil nua agus an pointe rialaithe a shainiú ar aon dul leis an gcóras dleachta máil arna bhunú le Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, leis na hoiriúnaithe is gá, ionas go socraítear leis an Treoir sin cheana córas láidir rialaithe i gcomhair na gcainníochtaí breosla uile a scaoiltear lena dtomhailt chun críocha dleachta máil a íoc. Níor cheart d’úsáideoirí deiridh breoslaí sna hearnálacha sin a bheith faoi réir oibleagáidí faoi Threoir 2003/87/CE.
(47)Ba cheart do na heintitis rialáilte a thagann faoi raon feidhme na trádála astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a bheith faoi réir ceanglas maidir le cead astaíochtaí gás ceaptha teasa atá cosúil leis na ceanglais i gcomhair oibreoirí suiteálacha do-aistrithe. Is gá rialacha a bhunú i ndáil le hiarratais ar cheadanna, coinníollacha i gcomhair eisiúint, inneachar, agus athbhreithniú ceadanna, agus aon athrú a bhaineann leis an eintiteas rialáilte. Ionas go dtosóidh an córas nua go hordúil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cead bailí ag eintitis rialáilte a thagann laistigh de raon feidhme na trádála astaíochtaí nua amhail tús an chórais in 2025.
(48)Ba cheart do chainníocht iomlán na lamháltas don trádáil nua astaíochtaí conair líneach a leanúint chun an sprioc maidir le laghdú astaíochtaí 2030 a bhaint amach, ag cur rannchuidiú costéifeachtach foirgneamh agus an iompair de bhóthar san áireamh mar atá laghdú 43 % ar astaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas a shocrú den chéad uair in 2026, chun conair a leanúint a thosóidh in 2024 ó luach theorainneacha astaíochtaí 2024 (1 109 304 000 CO2t), arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar bhonn na n‑astaíochtaí tagartha le haghaidh na n‑earnálacha sin le haghaidh na tréimhse ó 2016 go 2018. Dá réir sin, ba cheart an fachtóir laghdaithe línigh a shocrú ag 5.15 %. Amhail 2028, ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas a shocrú ar bhonn na meánastaíochtaí tuairiscithe le haghaidh na mblianta 2024, 2025 agus 2026, agus ba cheart í a laghdú ag an laghdú bliantúil absalóideach céanna mar atá socraithe ó 2024, a chomhfhreagraíonn d’fhachtóir laghdaithe línigh de 5.43 % i gcomparáid le luach inchomparáide 2025 don chonair atá sainithe thuas. Má tá na hastaíochtaí sin i bhfad níos airde ná an luach conaire sin agus mura n‑eascraíonn an éagsúlacht sin ó dhifríochtaí mionscála idir modheolaíochtaí chun astaíochtaí a thomhas, ba cheart an fachtóir laghdaithe línigh a choigeartú chun an laghdú riachtanach ar astaíochtaí a bhaint amach in 2030.
(49)Is é ceantáil lamháltas an bealach is simplí agus is éifeachtúla ó thaobh an gheilleagair le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh, agus seachnaítear leis sin freisin brabúis amhantair. Tá earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar araon faoi bhrú iomaíoch réasúnta íseal ó lasmuigh den Aontas nó níl siad faoi bhrú iomaíoch ar chor ar bith agus níl riosca sceite carbóin ag roinnt leo. Dá bhrí sin, níor cheart lamháltais le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a leithdháileadh trí cheantáil ach i gcás nach ann d’aon leithdháileadh saor in aisce.
(50)Chun a áirithiú go gcuirfear tús réidh leis an trádáil astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar agus ag cur san áireamh an gá atá ag na heintitis rialáilte le lamháltais a fhalú nó a cheannach roimh ré chun a riosca praghais agus leachtachta a mhaolú, ba cheart méid níos airde lamháltas a chur ar ceant go luath. In 2026, ba cheart mar sin do na méideanna ceantála a bheith 30 % níos airde ná cainníocht iomlán na lamháltas le haghaidh 2026. Ba leor an méid sin chun leachtacht a sholáthar, má théann astaíochtaí i laghad ar aon dul le riachtanais laghdaithe, agus sa chás nach dtagann laghduithe ar astaíochtaí chun cinn ach de réir a chéile. Tá na rialacha mionsonraithe don ualú tosaigh sin ar mhéid ceantála le socrú i ngníomh tarmligthe i ndáil le ceantáil, arna ghlacadh de bhun Airteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE.
(51)Tá na rialacha dáileacháin maidir le sciartha ceantála thar a bheith ábhartha le haghaidh aon ioncaim ceantála a d’fhabhrófaí chuig na Ballstáit, go háirithe i bhfianaise an ghá le cumas na mBallstát a neartú le déileáil le tionchair shóisialta comhartha faoi phraghas ar charbón in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar. D’ainneoin go bhfuil saintréithe an‑difriúla ag baint leis an dá earnáil, is cuí riail choiteann i gcomhair dáileacháin a shocrú atá cosúil leis an gceann a bhaineann le suiteálacha do‑aistrithe. Ba cheart an phríomhchuid de na lamháltais a dháileadh i measc na mBallstát uile ar bhonn mheándháileadh na n‑astaíochtaí sna hearnálacha arna gcumhdach le linn na tréimhse ó 2016 go 2018.
(52)Ba cheart cúiteamh sóisialta éifeachtach a bheith i gceist nuair atá praghas carbóin á thabhairt isteach i ndáil le hiompar de bhóthar agus foirgnimh, go háirithe i bhfianaise na leibhéil bochtaineachta fuinnimh atá ann cheana. Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 milliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6.9 % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019. Chun cúiteamh sóisialta agus dáileacháin éifeachtach a bhaint amach, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit na hioncaim cheantála a chaitheamh ar na cuspóirí a bhaineann le haeráid agus fuinneamh atá sonraithe cheana don trádáil reatha astaíochtaí, ach freisin le haghaidh beart arna thabhairt isteach go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ghaolmhara na n‑earnálacha nua mar atá earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh lena n áirítear gníomhaíochtaí beartais gaolmhara faoi Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart ioncaim ceantála a úsáid le dul i ngleic leis na gnéithe sóisialta den trádáil astaíochtaí le haghaidh na n earnálacha nua agus béim faoi leith ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair. Chuige sin, cuirfidh Ciste Aeráide Sóisialta nua cistiú tiomnaithe ar fáil do Bhallstáit chun tacú leis na saoránaigh Eorpacha is mó atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta nó i mbaol aici. Cuirfidh an Ciste cothroime agus dlúthpháirtíocht chun cinn idir na Ballstáit agus laistigh díobh agus baol na bochtaineachta fuinnimh agus soghluaisteachta á maolú fad is atá an t‑aistriú ar siúl. Cuirfidh sé le sásraí dlúthpháirtíochta atá ann cheana agus comhlánóidh sé iad. Comhfhreagróidh acmhainní an Chiste nua i bprionsabal do 25 % de na hioncaim ionchasacha ón trádáil astaíochtaí nua i gcaitheamh na tréimhse 2026-2032, agus cuirfear chun feidhme iad ar bhonn na bPleananna Aeráide Sóisialta ar cheart do Bhallstáit iad a chur ar aghaidh faoi Rialachán (AE) 20.../nn ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ina theannta sin, ba cheart do gach Ballstát a gcuid ioncam ceantála a úsáid inter alia chun cuid de chostais a bPleananna Aeráide Sóisialta a mhaoiniú.
(53)Ba cheart don tuairisciú ar úsáid ioncam ceantála a bheith ailínithe leis an tuairisciú reatha arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(54)Tá an nuálaíocht agus forbairt teicneolaíochtaí nua ísealcharbóin in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfaidh na hearnálacha sin rannchuidiú costéifeachtach leis na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo. Dá bharr sin, ba cheart 150 milliún lamháltas ó thrádáil astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a chur ar fáil don Chiste Nuálaíochta chun an laghdú costéifeachtach ar astaíochtaí a spreagadh.
(55)Ba cheart d’eintitis rialáilte atá cumhdaithe leis an trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar lamháltais i gcomhair a gcuid astaíochtaí fíoraithe a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn do mhéideanna na mbreoslaí atá scaoilte acu lena dtomhailt. Ba cheart dóibh lamháltais a thabhairt suas den chéad uair le haghaidh a gcuid astaíochtaí fíoraithe in 2026. D’fhonn an t‑ualach riaracháin a íoslaghdú, ba cheart roinnt rialacha is infheidhme maidir leis an gcóras reatha um thrádáil astaíochtaí le haghaidh suiteálacha do-aistrithe agus eitlíochta, a chur i bhfeidhm maidir le trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar, leis na hoiriúnuithe is gá. Áirítear leis sin, go háirithe, rialacha maidir le haistriú, tabhairt suas agus cur ar ceal lamháltas, chomh maith leis na rialacha maidir le bailíocht lamháltas, pionóis, údaráis inniúla agus oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát.
(56)Chun go mbeadh trádáil astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar éifeachtach, ba cheart go bhféadfaí faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí a bhfuil deimhneacht ard agus costas réasúnta ag baint leo. Ba cheart astaíochtaí a chur i leith eintiteas rialáilte ar bhonn cainníochtaí breosla arna scaoileadh lena dtomhailt agus iad comhcheangailte le fachtóir astaíochta. Ba cheart go bhféadfadh eintitis rialáilte na hearnálacha ina scaoiltear na breoslaí lena dtomhailt, chomh maith le húsáideoirí deiridh na mbreoslaí, a shainaithint go cruinn agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu, chun éifeachtaí neamh‑inmhianaithe, amhail ualach dúbailte, a sheachaint. Ionas go mbeadh neart sonraí ar fáil chun líon iomlán na lamháltas le haghaidh na tréimhse ó 2028 go 2030 a shocrú, ba cheart do na heintitis rialáilte a shealbhaíonn cead ag tús an chórais in 2025 a gcuid astaíochtaí stairiúla gaolmhara le haghaidh 2024 a thuairisciú.
(57)Is iomchuí bearta a thabhairt isteach chun déileáil le riosca féideartha de mhéaduithe iomarcacha ar phraghsanna, a d’fhéadfadh, má tá siad fíor-ard ag tús na trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar, an bonn a bhaint de réidhe teaghlach agus daoine aonair le hinfheistiú ina gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ba cheart go gcomhlánódh na bearta sin na cosaintí arna gcur ar fáil le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh arna bhunú le Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá feidhmiúil ó 2019 i leith. Cé gurb é an margadh fós a shocróidh an praghas carbóin, spreagfar bearta cosanta le huathoibreánachas bunaithe ar rialacha, trína scaoilfear lamháltais ó Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh díreach má chomhlíontar coinníollacha spreagtha coincréiteacha atá bunaithe ar an méadú ar an meánphraghas lamháltais. Ba cheart don mheicníocht bhreise sin a bheith thar a bheith frithghníomhach freisin chun aghaidh a thabhairt ar luaineacht iomarcach de thoradh fachtóirí eile seachas athrú ar phrionsabail bhunúsacha an mhargaidh. Ba cheart na bearta a chur in oiriúint do na leibhéil dhifriúla de mhéadú iomarcach ar phraghsanna, a mbeidh céimeanna difriúla den idirghabháil mar thoradh orthu. Ba cheart don Choimisiún faireachán grinn a dhéanamh ar na coinníollacha spreagtha agus ba cheart don Choimisiún na bearta a ghlacadh ar bhonn práinne nuair a chomhlíontar na coinníollacha. Tá sé sin gan dochar d’aon bhearta tionlacain a d’fhéadfadh Ballstáit a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair shóisialta.
(58)Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na trádála astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, lena n‑áirítear céim an chóineasaithe praghsanna leis an gCóras Trádála Astaíochtaí reatha, agus, más gá, ba cheart athbhreithniú a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun éifeachtacht, riar agus cur i bhfeidhm praiticiúil na trádála astaíochtaí a fheabhsú le haghaidh na n‑earnálacha sin ar bhonn eolais shealbhaithe chomh maith le cóineasú méadaithe praghsanna. Ba cheart ceangal a bheith ar an gCoimisiún an chéad tuarascáil faoi na hábhair sin a chur faoi bhráid faoin 1 Eanáir 2028.
(59)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hAirteagail 3gd(3), 12(3b) agus 14(1) de Threoir 2003/87/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Chun sineirgí leis an gcreat reatha rialála a áirithiú, ba cheart deonú na gcumhachtaí cur chun feidhme in Airteagail 14 agus 15 den Treoir sin a leathnú chun earnálacha an iompair de bhóthar agus foirgneamh a chuimsiú. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(60)D’fhonn gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe i ngníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hAirteagail 10(4) agus 10a(8) den Treoir sin. Ina theannta sin, chun sineirgí leis an gcreat reatha rialála a áirithiú, ba cheart an tarmligean in Airteagail 10(4) agus 10a(8) de Threoir 2003/87/CE a leathnú chun earnálacha an iompair de bhóthar agus foirgneamh a chuimsiú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad ina mínítear an gaol idir comhpháirteanna de threoir agus codanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.
(61)Tá sé ríthábhachtach go mbeidh EU ETS dea‑fheidhmiúil athchóirithe ann, ina mbeidh ionstraim lena ndéanfar an margadh a chobhsú, chun go mbainfidh an tAontas an sprioc a comhaontaíodh do 2030 amach agus chun go gcomhlíonfaidh sé na gealltanais faoi Chomhaontú Pháras. Féachtar le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann faoi láthair idir soláthar agus éileamh lamháltas sa mhargadh. Foráiltear le hAirteagal 3 de Chinneadh (AE) 2015/1814 le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcúlchiste 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus aird faoi leith tugtha ar an bhfigiúr céatadáin chun líon na lamháltas atá le cur i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a shocrú, chomh maith leis an tairseach le haghaidh líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht (TNAC) agus líon na lamháltas atá le scaoileadh ón gcúlchiste.
(62)I bhfianaise an ghá atá le comhartha infheistíochta níos láidre a léiriú maidir le hastaíochtaí a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus d’fhonn EU ETS a neartú, ba cheart Cinneadh (AE) 2015/1814 a leasú chun go méadófar an ráta céatadáin lena gcinntear líon na lamháltas atá le cur i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh gach bliain. Ina theannta sin, le haghaidh leibhéal níos ísle de TNAC, ba cheart go mbeadh an iontógáil comhionann leis an difríocht idir TNAC agus an tairseach lena gcinntear an iontógáil lamháltas. Sheachnófaí leis sin, an éiginnteacht shuntasach maidir leis na méideanna ceantála a leanann nuair atá an TNAC gar don tairseach, agus ag an am céanna d’áiritheodh sé go mbainfeadh an barrachas amach an bandaleithead méide ar laistigh de a mheastar go bhfuil an margadh carbóin ag feidhmiú ar bhealach cothrom.
(63)Ina theannta sin, chun aáirithiú go mbeidh an leibhéal lamháltas atá fós i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidhtar éis an neamhbhailíochtaithe intuartha, níor cheart go mbeadh neamhbhailíochtú lamháltas sa chúlchiste ag brath a thuilleadh ar mhéideanna ceantála na bliana roimhe. Dá bhrí sin, ba cheart an líon lamháltas sa chúlchiste a fheistiú ar leibhéal 400 milliún lamháltas, a chomhfhreagraíonn don íostairseach le haghaidh luach an TNAC.
(64)Tá sé léirithe freisin leis an anailís ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh na Treorach seo gur cheart an glanéileamh ón eitlíocht a chur san áireamh i líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht. Ina theannta sin, ós rud é gur féidir lamháltais eitlíochta a úsáid ar an mbealach céanna le lamháltais ghinearálta, dá gcuirfí eitlíocht san áireamh sa chúlchiste bheadh sé níos cruinne, agus dá bharr sin bheadh sé ina uirlis níos fearr chun cobhsaíocht an mhargaidh a áirithiú. Ba cheart astaíochtaí eitlíochta agus lamháltais a eisítear i leith eitlíochta amhail an bhliain tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm, a chur san áireamh agus líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht á ríomh.
(65)D’fhonn ríomh an líon iomlán lamháltas atá i gcúrsaíocht (TNAC) a shoiléiriú ba cheart a shonrú le Cinneadh (AE) 2015/1814 nár cheart ach lamháltais a eisítear agus nach gcuirtear i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a chur san áireamh i soláthar na lamháltas. Ina theannta sin, níor cheart a thuilleadh go ndéanfadh an fhoirmle líon na lamháltas atá i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a bhaint den soláthar lamháltas. Ní bheadh aon tionchar ábhartha ag an athrú sin ar thoradh ríomh an TNAC, lena n‑áirítear ar ríomh an TNAC nó ar ríomhanna an TNAC nó ar an gcúlchiste san am atá thart.
(66)Chun riosca na héagothroime idir soláthar agus éileamh a mhaolú i ndáil le tosú na trádála astaíochtaí i gcomhair earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, agus chun é a dhéanamh níos frithsheasmhaí i gcoinne suaití margaidh, ba cheart meicníocht riail-bhunaithe Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a chur i bhfeidhm ar na hearnálacha nua. Chun go mbeadh an cúlchiste ag feidhmiú ó thús an chórais, ba cheart é a bhunú le maoiniú tosaigh de 600 milliún lamháltas um thrádáil astaíochtaí in earnálacha an iompair ar bhóthar agus foirgneamh. Ba cheart go mbeadh na híostairseacha agus na huastairseacha tosaigh, a spreagann scaoileadh nó iontógáil lamháltas ón gcúlchiste, faoi réir clásail athbhreithnithe ghinearálta. Ba cheart cloí le rialacha an chúlchiste le haghaidh earnálacha eile i gcás gnéithe eile mar líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht nó méid na lamháltas arna scaoileadh nó arna gcur sa chúlchiste.
(67)Is gá Rialachán (AE) 2015/757 a leasú chun cuimsiú na hearnála muiriompair in EU ETS a chur san áireamh. Ba cheart Rialachán (AE) 2015/757 a leasú chun é a chur de dhualgas ar chuideachtaí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí a thuairisciú ar leibhéal cuideachta agus a gcuid pleananna fíoraithe um faireachán agus a gcuid sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh lena bhfaomhadh. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh leis na modhanna faireacháin ar astaíochtaí CO2 a leasú i dteannta leis na rialacha maidir le faireachán, chomh maith le haon fhaisnéis eile is ábhartha atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2015/757, d’fhonn feidhmiú éifeachtach EU ETS ar leibhéal riaracháin a áirithiú agus chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2015/757 leis na rialacha um fhaomhadh pleananna faireacháin agus na hathruithe orthu ag údaráis riaracháin, leis na rialacha maidir le faireachán, tuairisciú ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí agus maidir lena gcur isteach ar leibhéal cuideachta agus leis na rialacha maidir le fíorú ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta agus maidir le tuarascáil fhíoraithe a eisiúint i ndáil leis na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta. D’fhéadfaí na sonraí a ndéantar faireachán, tuairisciú agus fíorú orthu faoi Rialachán (AE) 2015/757 a úsáid chun críche comhlíontacht le dlí eile de chuid an Aontais lena gceanglaítear faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar an bhfaisnéis chéanna loinge.
(68)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2003/87/CE, Cinneadh (AE) 2015/1814 agus Rialachán (AE) 2015/757 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2003/87/CE
Leasaítear Treoir 2003/87/CE mar a leanas:
(1)In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1.
Beidh Feidhm ag an Treoir seo maidir leis na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinní I agus III, agus maidir leis na gáis cheaptha teasa atá liostaithe in Iarscríbhinn II. I gcás, maidir le suiteáil atá cuimsithe i raon feidhme EU ETS de thoradh aonaid dócháin a oibriú lena ngabhann ionchur teirmeach rátáilte iomlán a sháraíonn 20 MW, go n‑athraíonn sí a cuid próiseas táirgthe chun a hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus nach sroicheann sí an tairseach sin a thuilleadh, fanfaidh sí faoi raon feidhme EU ETS go dtí deireadh na tréimhse 5 bliana is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1), an dara fomhír, tar éis athrú a dhéanamh ar a próiseas táirgthe.
2.
Beidh feidhm ag an Treoir seo gan dochar d’aon cheanglais de bhun Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*).
_________
(*) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) IO L 334, 17.12.2010, lch. 17.’;
(2)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) ciallaíonn ‘astaíochtaí’ gáis cheaptha teasa a bheith á scaoileadh san atmaisféar ó fhoinsí i suiteáil nó á scaoileadh ó aerárthach ag gabháil do ghníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó ó longa atá ag gabháil do ghníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I de na gáis a shonraítear i leith na gníomhaíochta sin, nó ciallaíonn sé gáis cheaptha teasa a chomhfhreagraíonn don ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith á scaoileadh;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d) ciallaíonn ‘cead astaíochtaí gás ceaptha teasa’ an cead a eisítear i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 agus Airteagal 30b;’;
(c)scriostar pointe (u);
(d)cuirtear isteach pointí (v) go (z) mar a leanas:
‘(v) ciallaíonn ‘cuideachta loingseoireachta’ an longúinéir nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht as oibriú na loinge ón longúinéir; agus a chomhaontaigh, ar ghlacadh na freagrachta sin, dul i gceann na ndualgas agus na bhfreagrachtaí go léir arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*);
_________
(*) Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 (IO L 64, 4.3.2006, lch. 1).
(w) ciallaíonn ‘údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta’ an t‑údarás atá freagrach as Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais a riar i leith cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le hAirteagal 3gd;’;
(x) chun críocha Chaibidil IVa, ciallóidh ‘eintiteas rialáilte’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, seachas tomhaltóir deiridh na mbreoslaí, a bhíonn ag gabháil den ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus a thagann faoi réim ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:
(i)i gcás ina dtéann an breosla trí thrádstóras cánach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(11) de Threoir (AE) 2020/262(*) ón gComhairle, an coimeádaí údaraithe trádstórais mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) den Treoir sin, atá faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc atá inmhuirearaithe de bhun Airteagal 7 den Treoir sin;
(ii)mura bhfuil pointe (i) infheidhme, aon duine eile atá faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc atá inmhuirearaithe de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2020/262 i leith na mbreoslaí a chumhdaítear sa Chaibidil seo;
(iii)mura bhfuil pointí (i) agus (ii) infheidhme, aon duine eile arna chlárú ag údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit chun críche a bheith faoi dliteanas an dleacht mháil a íoc, lena n‑áirítear aon duine atá díolmhaithe ón dleacht mháil a íoc, dá dtagraítear in Airteagal 21(5), an ceathrú fomhír, de Threoir 2003/96/CE(**) ón gComhairle;
(iv)mura bhfuil pointí (i), (ii) agus (iii) infheidhme, nó i gcás ina mbeidh roinnt daoine i gcomhpháirt agus go leithleach faoi dhliteanas an dleacht mháil chéanna a íoc, aon duine eile a ainmníonn Ballstát.
_________
(*) Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020 lch. 4.)
(**) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).
(y) chun críocha Chaibidil IVa, ciallóidh ‘breosla’ aon bhreosla a liostaítear i dTábla A agus Tábla C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/96/CE, chomh maith le haon táirge eile arna thairiscint le díol mar bhreosla nó mar bhreosla téimh mar a shonraítear in Airteagal 2(3) den Treoir sin;
(z) chun críocha Chaibidil IVa, beidh an bhrí chéanna a shainmhínítear in Airteagal 6(3) de Threoir (AE) 2020/262 le ‘imréiteach chun úsáide sa stát’.’;
(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:
‘EITLÍOCHT AGUS IOMPAR MUIRÍ’
(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3a:
‘Airteagal 3a
Raon feidhme
Beidh feidhm ag Airteagail 3b go 3f maidir le leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i leith na ngníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I. Beidh feidhm ag Airteagail 3g go 3ge i ndáil leis na gníomhaíochtaí muiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I.’
(5)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3f agus Airteagal 3g:
‘Airteagal 3f
Pleananna faireacháin agus tuairiscithe
Áiritheoidh an Ballstát riaracháin go gcuirfidh gach oibreoir aerárthaigh plean faireacháin ina leagtar amach bearta chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus sonraí tona‑ciliméadair faoi bhráid an údaráis inniúil sa Bhallstát sin chun críche iarratas faoi Airteagal 3e agus go bhformheasfaidh an t‑údarás inniúil na pleananna sin i gcomhréir leis na hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 14.
Airteagal 3g
Raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí muiriompair
1.Beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair i leith caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit, céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit agus céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa i mbeart i gcalafort faoin dhlínse Ballstáit.
2.Beidh feidhm ag Airteagal 9, Airteagal 9a agus Airteagal 10 maidir le gníomhaíochtaí muiriompair ar an gcaoi chéanna agus atá feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear le EU ETS.’
(6)cuirtear Airteagail 3ga go 3ge mar seo a leanas leis:
‘Airteagal 3ga
Céimniú isteach na gceanglas maidir le muiriompar
Beidh cuideachtaí loingseoireachta faoi dhliteanas lamháltais a thabhairt suas de réir an sceidil seo a leanas:
(a)20 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2023;
(b)45 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2024;
(c)70 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2025;
(d)100 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin.
A mhéid a thugtar suas níos lú lamháltas i gcomparáid leis na hastaíochtaí fíoraithe ón muiriompar le haghaidh 2023, 2024 agus 2025, nuair a bheidh an difríocht idir na hastaíochtaí fíoraithe agus na lamháltais arna dtabhairt suas bunaithe i leith gach bliana, cuirfear cainníocht chomhfhreagrach lamháltas ar ceal seachas ar ceant de bhun Airteagal 10.
Airteagal 3gb
Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí ó mhuiriompar
I leith astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I, áiritheoidh an t‑údarás riaracháin go ndéanfaidh cuideachta loingseoireachta ar a fhreagracht faireachán agus tuairisciú ar na paraiméadair ábhartha le linn tréimhse tuairiscithe, agus go gcuirfidh sí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta faoi bhráid an údaráis riaracháin i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).
_________
(*) Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).
Airteagal 3gc
Fíorú agus creidiúnú a dhéanamh ar astaíochtaí ó mhuiriompar
An tuairisciú a dhéantar ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta loingseoireachta a chuireann cuideachta loingseoireachta isteach de bhun Airteagal 3gb, áiritheoidh an t‑údarás riaracháin i leith na cuideachta loingseoireachta sin go ndéanfar an tuairisciú a chreidiúnú i gcomhréir leis na rialacha fíoraithe agus creidiúnaithe a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2015/757 (*).
_________
(*) Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).
Airteagal 3gd
An t‑údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta
1. Is éard a bheidh san údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta:
(a) i gcás cuideachta loingseoireachta atá cláraithe i mBallstát, an Ballstát ina bhfuil an chuideachta loingseoireachta cláraithe;
(b) i gcás cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstát, an Ballstát lena mbaineann an líon measta is mó cuairteanna ar chalafort le linn muiraistear ag an gcuideachta loingseoireachta sin le 2 bhliain faireacháin anuas agus a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3g;
(c) i gcás cuideachta loingseoireachta nach bhfuil cláraithe i mBallstáit agus nár thug faoi aon mhuiraistear a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3g le 2 bhliain faireacháin anuas, is é an Ballstát ónar thosaigh an chuideachta loingseoireachta a chéad mhuiraistear a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3g a bheidh ina údarás riaracháin.
I gcás inarb iomchuí, tabharfar an t‑údarás riaracháin a bheidh freagrach i leith cuideachta loingseoireachta cothrom le dáta go débhliantúil.
2. Bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr a bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún seo a leanas:
(a) roimh an 1 Feabhra 2024, foilseoidh sé liosta de na cuideachtaí loingseoireachta a thug faoi gníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháinig faoin raon feidhme a shainítear in Airteagal 3g an 1 Eanáir 2023, nó le héifeacht ón dáta sin, agus sonrófar ann an t‑údarás riaracháin le haghaidh gach cuideachta loingseoireachta i gcomhréir le mír 1; agus
(b) gach dara bliain ina dhiaidh sin ar a laghad, tabharfaidh sé an liosta cothrom le dáta chun cuideachtaí loingseoireachta a athshannadh ar údarás riaracháin eile i gcás inarb iomchuí nó chun cuideachtaí loingseoireachta a chur san áireamh a bhfuil ghníomhaíocht mhuiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháinig faoin raon feidhme a shainítear in Airteagal 3g déanta acu ina dhiaidh sin.
3. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun riail mhionsonraithe a bhunú maidir le riarachán cuideachtaí loingseoireachta ag údaráis riaracháin faoin Treoir seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).
Airteagal 3ge
Tuairisciú agus athbhreithniú
1. Breithneoidh an Coimisiún leasuithe féideartha i ndáil le glacadh birt dhomhanda margadhbhunaithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar a laghdú. I gcás ina nglacfar le beart den sórt sin, agus in aon chás roimh athbhreithniú domhanda 2028 agus tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé scrúdú ar aon bheart den sórt sin. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndiaidh na tuarascála chun an Treoir seo a leasú de réir mar is iomchuí.
2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Caibidle seo agus ar threochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéid a bhaineann le cuideachtaí a fhéachann gan a bheith faoi cheangal cheanglais na Treorach seo. Más iomchuí, molfaidh an Coimisiún bearta chun seachaint den sórt sin a chosc.’;
(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3h:
‘Airteagal 3h
Raon feidhme
Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i leith gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I seachas gníomhaíochtaí eitlíochta agus muiriompair.’;
(8)in Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
‘(e) oibleagáid lamháltais a thabhairt suas arb ionann iad agus astaíochtaí iomlána na suiteála i ngach bliain féilire, mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15, laistigh de cheithre mhí tar éis dheireadh na bliana sin.’;
(9)Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:
(a)scriostar na focail ‘ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(1)’ agus fonóta (1);
(b)cuirtear an mhír seo a leanas leis:
(c)‘Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar éifeachtacht na sineirgí le Treoir 2010/75/AE. Ba cheart ceadanna atá ábhartha don chomhshaol agus don aeráid a chomhordú lena áirithiú go gcuirfear bearta i gcrích go héifeachtúil agus níos gasta, bearta atá ag teastáil chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh. Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhthéacs aon athbhreithniú ar an Treoir seo amach anseo.’;
(10)in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘In [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an leasaithe seo], laghdófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi [-- milliún lamháltas (le cinneadh ag brath ar an mbliain teacht i bhfeidhm)]. Sa bhliain chéanna, méadófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi 79 milliún lamháltas le haghaidh an mhuiriompair. ‘Ag tosú in [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an leasaithe seo], is é 4.2 % a bheidh mar fhachtóir líneach. Foilseoidh an Coimisiún cainníocht na lamháltas uile-Aontais laistigh de 3 mhí ó [dáta theacht i bhfeidhm an leasaithe seo le cur isteach].’;
(11)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
‘Cuirfear 2 % de chainníocht iomlán na lamháltas idir 2021 agus 2030 ar ceant chun ciste a bhunú chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun córais fuinnimh de chuid Ballstáit áirithe a nuachóiriú (‘na Ballstáit is tairbhithe’), mar a leagtar amach in Airteagal 10d (an ‘Ciste don Nuachóiriú’). Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na Ballstáit sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 60 % de mheán an Aontais in 2013. Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don chainníocht sin lamháltas i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn IIb.
Thairis sin, cuirfear 2.5 % de chainníocht iomlán na lamháltas idir [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach] agus 2030 ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú. Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na mBallstát sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 65 % de mheán an Aontais sa tréimhse 2016 go 2018. Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don chainníocht sin lamháltas i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn IIb.
(b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte agus an dara abairte:
‘3. Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas, seachas le haghaidh na n‑ioncam bunaithe mar acmhainní féin i gcomhréir le hAirteagal 311(3) de CFAE agus a iontráiltear i mbuiséad an Aontais. Úsáidfidh Ballstáit a n‑ioncaim a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 2, seachas na hioncaim a úsáidtear chun costais charbóin indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 10a(6)a chúiteamh, le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:’;
(c)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
‘(h) bearta atá ceaptha an éifeachtúlacht fuinnimh, córais téimh cheantair agus insliú a fheabhsú, nó tacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam, lena n‑áirítear trí chánacha saofa a laghdú;’;
(d)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil, lena n‑áirítear na módúlachtaí chun sciar ioncam a aistriú chuig buiséad an Aontais, chun a áirithiú go ndéantar é ar bhealach oscailte, trédhearcach, comhchuibhithe agus neamh‑idirdhealaitheach.’
(12)Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)cuirtear an dá fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:
‘I gcás suiteálacha a chumhdaítear leis an oibleagáid iniúchadh fuinnimh a dhéanamh faoi Airteagal 8(4) de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*) [tá an tagairt don Airteagal le tabhairt cothrom le dáta leis an Treoir athbhreithnithe], ní dheonófar leithdháileadh saor in aisce ina iomláine ach amháin má chuirtear moltaí na tuarascála iniúchóra chun feidhme, a mhéid nach mó ná 5 bliana an tréimhse aisghabhála le haghaidh na n‑infheistíochtaí ábhartha agus go bhfuil costais na n‑infheistíochtaí sin comhréireach. Thairis sin, laghdófar méid an leithdháilte saor in aisce faoi 25 %. Ní laghdófar méid an leithdháilte saor in aisce má léiríonn oibreoir go bhfuil bearta eile curtha chun feidhme aige a bhfuil mar thoradh orthu laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá coibhéiseach leo siúd a mholtar sa tuarascáil iniúchóra. Déanfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a choigeartú dá réir sin.
Ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce do shuiteálacha in earnálacha nó i bhfo-earnálacha a mhéid go gcumhdaítear iad le bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin mar a bhunaítear le Rialachán (AE) ..../.. [tagairt do CBAM](**). Déanfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a choigeartú dá réir sin.
_________
(*) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).’;
(**) [Tagairt iomlán CBAM]
(ii)cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag deireadh an tríú fomhír:
‘Chun tuilleadh dreasachtaí a sholáthar chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú agus feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, déanfar athbhreithniú ar na tagarmharcanna ex ante uile-Aontais a cinneadh roimh gach tréimhse ó 2026 go 2030 i bhfianaise an modhnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar shainmhínithe agus teorainneacha córas na dtagarmharcanna táirge reatha.’;
(b)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. Ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce i ndáil le táirgeadh na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán [CBAM] amhail ó dháta chur i bhfeidhm an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha.
De mhaolú ar an bhfomhír roimhe seo, le haghaidh na chéad bhlianta tar éis fheidhmiú Rialachán [CBAM], tairbheoidh táirgeadh na dtáirgí seo ón leithdháileadh saor in aisce i méideanna laghdaithe. Cuirfear fachtóir lena laghdófar an leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na dtáirgí sin i bhfeidhm (an fachtóir CBAM). Beidh an fachtóir CBAM cothrom le 100 % le haghaidh na tréimhse le linn theacht i bhfeidhm [rialachán CBAM] agus deireadh 2025, 90 % in 2026 agus laghdófar é faoi dheich bpointe céatadáin in aghaidh na bliana chun go mbainfidh sé 0 % amach faoin deichiú bliain.
Déanfar an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce a ríomh gach bliain mar an meánsciar ar an éileamh ar leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán [CBAM] i gcomparáid leis an éileamh iomlán ar leithdháileadh saor in aisce a ríomhtar le haghaidh gach suiteáil, le haghaidh na tréimhse ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11, mír 1. Cuirfear an fachtóir CBAM i bhfeidhm.
Cuirfear leithdháiltí a leanann as an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le hAirteagal 10a(8).’;
(c)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i)Sa tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c);
‘(c) Le linn na tréimhse ó 2026 go 2030, cinnfear na luachanna tagarmhairc ar an mbealach céanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (d) ar bhonn faisnéis a thíolacfar de bhun Airteagal 11 le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 agus ar bhonn an ráta bliantúil maidir le laghdú a chur i bhfeidhm i leith gach bliana idir 2008 agus 2028.’;
(iii)sa tríú fomhír, cuirtear an pointe (d) seo a leanas leis:
‘(d) I gcás inar mó ná 2.5 % an ráta bliantúil maidir le laghdú nó i gcás inar lú ná 0.2 % é, is iad na luachanna tagarmhairc don tréimhse ó 2026 go 2030 na luachanna tagarmhairc is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020 agus iad laghdaithe de cibé ceann den dá ráta is ábhartha i leith gach bliana idir 2008 agus 2028.’;
(iv)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:
‘De mhaolú air sin, maidir leis na luachanna tagarmhairc le haghaidh cumhránaice agus gás sintéiseach, déanfar na luachanna tagarmhairc sin a choigeartú leis an gcéatadán céanna is a dhéanfar le tagarmharcanna na scaglann d’fhonn cothroime iomaíochta a chaomhnú do tháirgeoirí na dtáirgí sin.’;
(d)scriostar míreanna 3 agus 4;
(e)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Ba cheart do na Ballstáit bearta airgeadais a ghlacadh, i gcomhréir leis an dara agus leis an gceathrú fomhír, i bhfabhar earnálacha nó fo-earnálacha atá neamhchosanta ar fhíor-riosca sceite carbóin i ngeall ar chostais shuntasacha indíreacha a thabhaítear iarbhír ó chostais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thugtar ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais, ar choinníoll go mbeidh bearta airgeadais den sórt sin i gcomhréir le rialacha maidir leis an Státchabhair, agus go háirithe, nach ndéanfar saobhadh míchuí ar iomaíocht an mhargaidh inmheánaigh leo. Níor cheart do na bearta airgeadais arna nglacadh costais indíreacha a chumhdaítear le leithdháileadh saor in aisce i gcomhréir leis na tagarmharcanna a bhunaítear de bhun mhír 1 a chúiteamh. I gcás ina gcaitheann Ballstát méid níos mó ná coibhéis 25 % dá ioncaim ceantála sa bhliain inar tabhaíodh na costais indíreacha, ba cheart dó na cúiseanna leis an méid sin a shárú a leagan amach.’;
(f)i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Ó 2021 ar aghaidh, déanfar lamháltais nach leithdháilfear de bhun mhíreanna 19, 20 agus 22 ar shuiteálacha a chur le méid na lamháltas a chuirfear ar leataobh i gcomhréir leis an gcéad abairt den chéad fhomhír den mhír seo.’;
(g)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:
‘8. Déanfar 365 milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 85 milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10, chomh maith leis na lamháltais a leanann as an leithdháileadh saor in aisce a laghdú dá dtagraítear in Airteagal 10a(1a), a chur ar fáil do Chiste leis an gcuspóir tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin agus chun rannchuidiú le cuspóirí maidir le truailliú nialasach (an ‘Ciste don Nuálaíocht’). Lamháltais nach n‑eisítear chuig oibreoirí aerárthaigh mar gheall ar dhúnadh oibreoirí aerárthaigh agus nach bhfuil gá leo chun aon easnamh i dtabhairt suas ag na hoibreoirí sin a chumhdach, úsáidfear iad chomh maith le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Sa bhreis air sin, le 50 milliún lamháltas neamh‑leithdháilte ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, forlíonfar aon ioncam a bheidh fágtha ón 300 milliún lamháltas atá ar fáil sa tréimhse ó 2013 go 2020 faoi Chinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún(*) agus úsáidfear iad ar bhealach tráthúil le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Ina theannta sin, leithdháilfear na hioncaim shannta sheachtracha dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) [FuelEU Maritime] chuig an gCiste don Nuálaíocht agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an mír seo.
Cumhdóidh an Ciste don Nuálaíocht na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I gus Iarscríbhinn III, lena n‑áirítear gabháil agus úsáid dé‑ocsaíde carbóin (‘CCU’) atá sábháilte don chomhshaol agus a rannchuidíonn go suntasach le tionchair an athraithe aeráide a mhaolú, chomh maith le táirgí a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de a tháirgtear sna hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus chun cabhrú le spreagadh a thabhairt chun tionscadail a thógáil agus a oibriú arb é is aidhm dóibh CO2 a ghabháil agus a stóráil (‘CCS’) go geolaíoch ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, agus spreagadh a thabhairt freisin do theicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann le fuinneamh in‑athnuaite agus stóráil fuinnimh; in áiteanna atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de. Féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacú freisin le teicneolaíochtaí nuálacha agus bonneagar nuálach ceannródaíoch chun an earnáil mhuirí a dhícharbónú agus chun breoslaí ísealcharbóin nó breoslaí saor ó charbóna tháirgeadh le haghaidh na heitlíochta, an iarnróid agus an iompair de bhóthar. Tabharfar aird ar leith ar thionscadail in earnálacha a chumhdaítear faoin [rialachán CBAM] d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, CCU, CCS, fuinneamh in‑athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú.
Beidh tionscadail i gcríoch gach Ballstáit, tionscadail ar mhionscála san áireamh, incháilithe. Teicneolaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht, beidh siad nuálach agus ní bheidh siad ar fáil ó thaobh tráchtála go fóill ar scála comhchosúil gan tacaíocht, ach beidh siad ina réitigh cheannródaíocha nó beidh siad aibí a ndóthain chun iad a chur i bhfeidhm ar scála réamhthráchtála.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá dírithe ar an gCiste don Nuálaíocht ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na módúlachtaí a leagtar síos in Airteagal 10(4). Ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna fáltais ón gceantáil. Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le bearta ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.
Roghnófar tionscadail ar bhonn critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, agus aird á tabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach go mór faoi bhun na dtagarmharcanna dá dtagraítear i mír 2. Beidh d’acmhainneacht ag tionscadail go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm go forleathan nó costais a laghdú i leith aistriú chuig geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha lena mbaineann. Le tionscadail lena mbaineann CCU, léireofar glanlaghdú in astaíochtaí agus áiritheofar go ndéanfar CO2 a sheachaint nó a stóráil go buan. I gcás deontais a chuirtear ar fáil trí ghlao ar thograí, féadfar tacú le suas le 60 % de chostais ábhartha na dtionscadal agus as a measc sin ní gá suas le 40 % a bheith ag brath ar sheachaint astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fíoraithe, ar choinníoll go ndéanfar garspriocanna réamhshocraithe, agus an teicneolaíocht atá in úsáid á cur san áireamh, a bhaint amach. I gcás tacaíocht a chuirtear ar fáil trí thairiscint iomaíoch agus i gcás tacaíocht cúnaimh teicniúil, féadfar tacú le suas le 100 % de chostais ábhartha na dtionscadal.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht, lena n‑áirítear an nós imeachta agus na critéir roghnúcháin, agus na hearnálacha incháilithe agus ceanglais teicneolaíocha le haghaidh na gcineálacha éagsúla tacaíochta.
Ní bhfaighidh aon tionscadal tacaíocht tríd an gcóras sa mhír seo a sháróidh 15 % de líon iomlán na lamháltas a bheidh ar fáil chun na críche sin. Cuirfear na lamháltais san áireamh i mír 7.’;.
_________
(*) Cinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún an 3 Samhain 2010 lena leagtar síos na critéir agus na bearta maidir le maoiniú tionscadal taispeántais tráchtála atá ceaptha CO2 a ghabháil ar bhealach sábháilte ó thaobh an chomhshaoil agus a stóráil go geolaíoch chomh maith le tionscadail taispeántais de theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in‑athnuaite faoin scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 290, 6.11.2010, lch. 39).
(h)i mír 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘19. Ní thabharfar aon leithdháileadh saor in aisce do shuiteáil nach n‑oibríonn a thuilleadh.’;
(i)cuirtear an mhír 22 seo a leanas leis:
‘22. I gcás inar gá ceartúchán a chur i bhfeidhm ar na leithdháiltí saor in aisce arna ndeonú de bhun Airteagal 11(2), cuirfear ceartúcháin den sórt sin i gcrích le lamháltais ó mhéid na lamháltas a chuirtear ar leataobh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo nó trí lamháltais a chur le méid na lamháltas sin.’;
(13)in Airteagal 10c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
‘Ceanglóidh na Ballstáit ar shuiteálacha giniúna leictreachais agus ar oibreoirí líonra is tairbhithe tuarascáil a thabhairt, faoin 28 Feabhra gach bliain, maidir le cur chun feidhme a n‑infheistíochtaí roghnaithe, lena n‑áirítear iarmhéid an leithdháilte saor in aisce agus an chaiteachais infheistíochta a tabhaíodh agus na cineálacha infheistíochtaí a dtacaítear leo. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis sin, agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar fáil don phobal.’;
(14)Leasaítear Airteagal 10d mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:
‘1. Bunófar ciste chun tacú le hinfheistíochtaí atá beartaithe ag na Ballstáit is tairbhithe, lena n‑áirítear tionscadail infheistíochta ar mhionscála a mhaoiniú, chun córais fuinnimh a nuachóiriú agus chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú don tréimhse ó 2021 go 2030 (an ‘Ciste don Nuachóiriú’). Maoineofar an Ciste don Nuachóiriú trí lamháltais a chur ar ceant mar a leagtar amach in Airteagal 10, le haghaidh na mBallstát is tairbhí a leagtar amach ann.
Beidh na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ag teacht le haidhmeanna na Treorach seo, chomh maith le cuspóirí na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (*) agus Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras. Ní chuirfear aon tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú ar fáil do shaoráidí giniúna fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise.’;
_________
(*) COM(2019) 640 final.
(**) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Úsáidfear 80 % ar a laghad de na hacmhainní airgeadais ón gCiste don Nuachóiriú d’fhonn tacú le hinfheistíochtaí sna réimsí seo a leanas:
(a)leictreachas a ghiniúint agus a úsáid ó fhoinsí in‑athnuaite;
(b)téamh agus fuarú ó fhoinsí in‑athnuaite;
(c)feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ar thaobh an éilimh, lena n‑áirítear san iompar, i bhfoirgnimh, sa talmhaíocht agus i gcúrsaí dramhaíola;
(d)stóráil fuinnimh agus nuachóiriú líonraí fuinnimh, lena n‑áirítear píblínte téimh ceantair, eangacha le haghaidh traschur leictreachais agus méadú ar idirnaisc idir na Ballstáit;
(e)tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal, lena n‑áirítear i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta, chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun a gcórais téimh a nuachóiriú; agus
(f)aistriú cóir i réigiúin, sna Ballstáit is tairbhí, a bhíonn ag brath ar an gcarbón, chun tacú le hath‑imlonnú, le hathoiliúint agus le breisoiliúint oibrithe, leis an oideachas, le tionscnaimh cuardaithe poist agus le gnólachtaí nuathionscanta, agus an t‑agallamh ar bun leis na comhpháirtithe sóisialta.’;
(15)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Áiritheoidh na Ballstáit go n‑aithneofar na lamháltais arna n‑eisiúint ag údarás inniúil Bhallstáit eile chun oibleagáidí oibreora, oibreora aerárthaigh nó cuideachta loingseoireachta faoi mhír 3 a chomhlíonadh’;
(b)scriostar mír 2a;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Áiritheoidh na Ballstáit, na Ballstáit riaracháin agus na húdaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta, faoin 30 Aibreán gach bliain ar a dhéanaí, na rudaí seo a leanas:
(a) go dtabharfaidh oibreoir gach suiteála méid áirithe lamháltas suas, atá cothrom leis na hastaíochtaí iomlána ón tsuiteáil sin le linn na bliana féilire roimhe sin mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15;
(b) go dtabharfaidh oibreoir aerárthaigh méid áirithe lamháltas suas, atá cothrom lena astaíochtaí iomlána le linn na bliana féilire roimhe sin mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15;
(c) go dtabharfaidh cuideachta loingseoireachta méid áirithe lamháltas suas, atá cothrom lena hastaíochtaí iomlána le linn na bliana féilire roimhe sin mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 3gc;
Áiritheoidh na Ballstáit, na Ballstáit riaracháin agus na húdaráis riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta, go gcuirfear lamháltais a thabharfar suas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír ar ceal ina dhiaidh sin.’;
(d)i mír 3‑a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘3‑a I gcás inar gá agus don fhad is gá chun sláine comhshaoil EU ETS a chosaint, beidh toirmeasc ar oibreoirí, oibreoirí aerárthaigh agus ar chuideachtaí loingseoireachta in EU ETS lamháltais a úsáid arna n‑eisiúint ag Ballstát ina bhfuil na hoibleagáidí a bhíonn ar oibreoirí aerárthaigh, ar chuideachtaí loingseoireachta agus ar oibreoirí eile ag dul i léig.’;
(e)cuirtear an mhír 3b seo a leanas isteach:
‘3b. Ní éireoidh oibleagáid chun lamháltais a thabhairt suas i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar go ngabhtar nó go n‑úsáidtear iad le bheith ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na ceanglais go measfar go bhfuil gáis cheaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).’;
(16)in Airteagal 14(1), cuirtear an abairt seo a leanas leis an gcéad fhomhír:
‘Cuirfidh na gníomhartha cur chun feidhme sin i bhfeidhm na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bithmhaise a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*), leis na coigeartuithe is gá le haghaidh cur i bhfeidhm faoin Treoir seo, chun go mbeidh an bhithmhaise seo nialas‑rátaithe. Sonrófar iontu an chaoi le stóráil astaíochtaí ó mheascán d’fhoinsí atá nialas‑rátaithe agus foinsí nach bhfuil nialas‑rátaithe a chur san áireamh. Sonrófar iontu freisin an chaoi le hastaíochtaí ó bhreoslaí in‑athnuaite de thionscnamh neamh‑bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh, chun a áirithiú go gcuirfear na hastaíochtaí sin san áireamh agus go seachnófar an t‑áireamh dúbailte.’;
_________
(*) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).’;
(17)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil IV:
‘FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN EITLÍOCHT, LEIS AN MUIRIOMPAIR AGUS LE SUITEÁLACHA DO‑AISTRITHE’.
(18)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar ainmneacha na n‑oibreoirí, na n‑oibreoirí aerárthaigh agus na gcuideachtaí loingseoireachta a dhéanann sárú ar na ceanglais lamháltais leordhóthanacha a thabhairt suas faoin Treoir seo.’;
(b)cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:
‘3a. Cuirfear na pionóis a leagtar amach i mír 3 i bhfeidhm i leith cuideachtaí loingseoireachta freisin.’;
(c)cuirtear an mhír 11a seo a leanas isteach:
‘11a. I gcás cuideachta loingseoireachta a mhainnigh na ceanglais tabhairt suas a chomhlíonadh ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile nó níos mó agus i gcás inar mhainnigh bearta forghníomhaithe eile comhlíontacht a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt teacht isteach, i ndiaidh dó an deis a thabhairt don chuideachta loingseoireachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú díbeartha a eisiúint a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún, don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), do na Ballstáit eile agus don Bhratstát lena mbaineann. Mar thoradh ar ordú díbeartha den sórt sin a eisiúint, diúltóidh gach Ballstát, seachas an Ballstát a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long, cead isteach in aon cheann dá chalafoirt do longa faoi fhreagracht na cuideachta loingseoireachta lena mbaineann go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí tabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12. I gcás ina bhfuil brat Ballstáit ar foluain ag an long, ordóidh an Ballstát lena mbaineann, i ndiaidh an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordóidh sé go gcoinneofaí an long go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta loingseoireachta a hoibleagáidí. Beidh an mhír seo gan dochar do rialacha idirnáisiúnta muirí is infheidhme i gcás longa atá i nguais.’;
(19)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18b:
‘Airteagal 18b
Cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus eagraíochtaí ábhartha eile
Chun críocha a oibleagáidí faoi Airteagail 3c(4), 3f, 3gb, 3gc, 3gd, 3ge agus 18a a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agus údaráis riaracháin cúnamh na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí nó eagraíochta ábhartha eile a iarraidh agus féadfaidh siad aon chomhaontú iomchuí a thabhairt i gcrích leis na heagraíochtaí sin chun na críche sin.
(20)I mír 2 d’Airteagal 30, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:
‘Leanfar d’athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta is infheidhme maidir le hearnálacha CMAN i bhfianaise chur i bhfeidhm Rialachán xxx [tagairt do CBAM].’;
(21)Cuirtear an Chaibidil IVa seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 30:
‘CAIBIDIL IVa
CÓRAS TRÁDÁLA ASTAÍOCHTAÍ LE hAGHAIDH FOIRGNEAMH AGUS IOMPAR DE BHÓTHAR
Airteagal 30a
Raon feidhme
Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le hastaíochtaí, ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa, eisiúint agus tabhairt suas lamháltas, faireachán, tuairisciú agus fíorú i leith na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III. Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon astaíocht a chumhdaítear le Caibidil II, Caibidil IIa ná Caibidil III.
Airteagal 30b
Ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa
1.Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir 2025, nach ndéanfaidh aon eintiteas rialáilte an ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn III mura rud é go sealbhaíonn an t‑eintiteas rialáilte sin cead arna eisiúint ag údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.
2.San iarratas ar chead astaíochtaí gás ceaptha teasa chuig an údarás inniúil ag an eintiteas rialáilte de bhun mhír 1 faoin gCaibidil seo, áireofar tuairisc ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:
(a)an t‑eintiteas rialáilte;
(b)an cineál breoslaí a scaoileann sé i gcomhair tomhaltais agus a úsáidtear le haghaidh dócháin in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III agus na modhanna trína scaoileann sé na breoslaí sin i gcomhair tomhaltais;
(c)úsáid nó úsáidí deiridh na mbreoslaí a scaoiltear lena dtomhailt le haghaidh na gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III;
(d)na bearta atá beartaithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí, i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 30f;
(e)achoimre neamhtheicniúil ar na sonraí i bpointí (a) go (d).
3.Eiseoidh an t‑údarás inniúil cead astaíochtaí gás ceaptha teasa lena n‑údarófar don eintiteas rialáilte dá dtagraítear i mír 1 tabhairt faoin ngníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, más deimhin leis go bhfuil an t‑eintiteas in ann faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí a chomhfhreagraíonn do na méideanna breoslaí a scaoiltear lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III.
4.Áireofar i gceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa an méid seo a leanas, ar a laghad:
(f)ainm agus seoladh an eintitis rialáilte;
(g)tuairisc ar na modhanna trína scaoileann an t‑eintiteas rialáilte na breoslaí i gcomhair tomhaltais sna hearnálacha a chumhdaítear faoin gCaibidil seo;
(h)liosta de na breoslaí a scaoileann an t‑eintiteas rialáilte i gcomhair tomhaltais sna hearnálacha a chumhdaítear faoin gCaibidil seo;
(i)plean faireacháin a chomhlíonann na ceanglais a bhunaítear leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 14;
(j)na ceanglais tuairiscithe a bhunaítear leis an gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 14;
(k)oibleagáid lamháltais a thabhairt suas, ar lamháltais iad arna n‑eisiúint faoin gCaibidil seo, arb ionann iad agus na hastaíochtaí iomlána i ngach bliain féilire, mar a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagal 15, laistigh de cheithre mhí tar éis dheireadh na bliana sin.
5.Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do na heintitis rialáilte pleananna faireacháin a nuashonrú gan a chead a athrú. Cuirfidh na heintitis rialáilte aon phlean faireacháin nuashonraithe faoi bhráid an údaráis inniúil lena bhformheas.
6.Cuirfidh an t‑eintiteas rialáilte an t‑údarás inniúil ar an eolas maidir le haon athruithe atá beartaithe ar chineál a ghníomhaíochta nó ar na breoslaí a scaoileann sé i gcomhair tomhaltais, a d’fhéadfadh a éileamh go ndéanfaí an cead astaíochtaí gás ceaptha teasa a nuashonrú. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an t‑údarás inniúil an cead a nuashonrú i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 14. I gcás ina mbeidh athrú ar chéannacht an eintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, déanfaidh an t‑údarás inniúil an cead a nuashonrú chun ainm agus seoladh an eintitis rialáilte nua a áireamh.
Airteagal 30c
Cainníocht foriomlán na lamháltas
1.
Laghdófar cainníocht uile‑Aontais na lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo gach bliain ó 2026 ar bhealach líneach ag tosú in 2024. Saineofar luach 2024 mar theorainneacha astaíochtaí 2024, arna ríomh ar bhonn na n‑astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*) le haghaidh na n‑earnálacha a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus an chonair laghdaithe línigh á cur i bhfeidhm le haghaidh na n‑astaíochtaí uile laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin. Laghdófar an chainníocht gach bliain i ndiaidh 2024 faoi chonair laghdaithe línigh de 5.15 %. Faoin 1 Eanáir 2024, foilseoidh an Coimisiún cainníocht uile‑Aontais na lamháltas le haghaidh 2026.
2.
Laghdófar cainníocht uile‑Aontais na lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo gach bliain ó 2028 ar bhealach líneach ag tosú in 2025 ar bhonn na meánastaíochtaí a thuairisceofar faoin gCaibidil seo le haghaidh na mblianta 2024 go 2026. Laghdófar cainníocht na lamháltas faoi chonair laghdaithe línigh de 5.43 %, seachas má bheidh feidhm ag coinníollacha phointe 1 d’Iarscríbhinn IIIa, agus sa chás sin, laghdófar an chainníocht faoi chonair laghdaithe línigh a choigeartófar i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IIIa. Faoin 30 Meitheamh 2027, foilseoidh an Coimisiún cainníocht uile‑Aontais na lamháltas le haghaidh 2028 agus, más gá, an fachtóir laghdaithe línigh coigeartaithe.
_________
(*) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
Airteagal 30d
Ceantáil lamháltas le haghaidh na gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III
1.Ó 2026, cuirfear lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ar ceant, seachas má chuirtear i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhagaidh, arna bhunú le Treoir (AE) 2015/1814, iad. Cuirfear na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ar ceant ar leithligh ó na lamháltais a chumhdaítear le Caibidil II, IIa agus III.
2.Tosófar ceantáil na lamháltas faoin gCaibidil seo in 2026 le méid a fhreagraíonn do 130 % de na méideanna ceantála le haghaidh 2026 arna mbunú ar bhonn chainníocht uile‑Aontais na lamháltas le haghaidh na bliana sin agus na sciartha agus méideanna ceantála faoi seach de bhun mhíreanna 3, 5 agus 6. Ní úsáidfear na méideanna breise atá le cur ar ceant ach amháin chun lamháltais a thabhairt suas de bhun Airteagal 30e(2) agus bainfear iad as na méideanna ceantála le haghaidh na tréimhse ó 2028 go 2030. Socrófar na coinníollacha le haghaidh na gceantanna luatha sin i gcomhréir le mír 7 agus Airteagal 10(4).
In 2026, cruthaítear 600 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo mar shealúchais i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh de bhun Airteagal 1a(3) de Threoir (AE) 2015/1814.
3.Cuirfear 150 milliún lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo ar ceant agus cuirfear gach ioncam ó na ceantanna sin ar fáil le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht a bhunaítear faoi Airteagal 10a(8). Beidh feidhm ag Airteagal 10a(8) maidir leis na lamháltais dá dtagraítear sa mhír seo.
4.Cainníocht foriomlán na lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo i ndiaidh na gcainníochtaí a leagtar amach i mír 3 a bhaint, cuirfidh na Ballstáit ar ceant iad agus leithdháilfear orthu í i sciartha atá díreach mar an gcéanna le sciar astaíochtaí tagartha an Bhallstáit lena mbaineann faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na n‑earnálacha a chumhdaítear leis an gCaibidil seo le haghaidh mheán na tréimhse ó 2016 go 2018.
5.Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 4, seachas le haghaidh na n‑ioncam bunaithe mar acmhainní féin i gcomhréir le hAirteagal 311(3) de CFAE agus iontráilte i mbuiséad an Aontais. Úsáidfidh Ballstáit a n‑ioncaim a ghintear ó cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(a)bearta atá beartaithe rannchuidiú le téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú nó le riachtanais fuinnimh foirgneamh a laghdú, lena n‑áirítear fuinnimh inathnuaite agus bearta gaolmhara a chomhtháthú de réir Airteagal 7(11) agus Airteagail 12 agus 20 de Rialachán 2012/27/AE [tagairtí le tabhairt cothrom le dáta leis an Treoir athbhreithnithe’, chomh maith le bearta chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do theaghlaigh ar ioncam íseal sna foirgnimh is neamhfheidhmiúla;
(b)bearta atá beartaithe dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe iomlán idir‑inoibritheach le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun feidhme nó bearta chun athrú chuig modhanna iompair phoiblí a spreagadh agus feabhas a chur ar an ilmhódúlacht, nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann le húsáideoirí iompair ar ioncaim ísle agus ar mheánioncaim.
Úsáidfidh na Ballstáit cuid dá n‑ioncam ceantála a ghintear i gcomhréir leis an Airteagal seo chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann leis an trádáil astaíochtaí faoin gCaibidil seo agus cuirfear béim shonrach ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 20.../nn [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta](*). I gcás ina gcuireann Ballstát [Plean Aeráide Sóisialta] faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Rialacháin sin, úsáidfidh an Ballstát na hioncaim sin inter alia chun an plean sin a mhaoiniú.
Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais nó beartais rialaitheacha, a dhéanann tacaíocht airgeadais a ghiaráil, a bhunaítear chun na críocha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus arb ionann a luach agus na hioncaim a ghintear ó cheantáil na lamháltas dá dtagraítear sa Chaibidil seo, má tá na beartais sin i bhfeidhm acu agus má chuireann siad chun feidhme iad.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid na n‑ioncam agus na ngníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo tríd an bhfaisnéis sin a áireamh ina gcuid tuarascálacha a dhéantar a thíolacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).
6.Beidh feidhm ag Airteagail 10(4) agus 10(5) maidir leis na lamháltais a eisítear faoin gCaibidil seo.
_________
(*) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(**) [ionsáigh tagairt]
Airteagal 30e
Aistriú, tabhairt suas agus cur ar ceal lamháltas
1.Beidh feidhm ag Airteagal 12 maidir leis na hastaíochtaí, na heintitis rialáilte agus na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo cé is moite d’Airteagal 12, míreanna (2a), (3), (3a), mír (4), an tríú agus an ceathrú abairt, agus mír (5). Chun na críche seo:
(a)léifear aon tagairt d’astaíochtaí amhail is gur tagairt do na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;
(b)léifear aon tagairt d’oibreoirí suiteálacha amhail is gur tagairt do na heintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;
(c)léifear aon tagairt do lamháltais amhail is gur tagairt do na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann.
2.Ón 1 Eanáir 2027 amach, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an t‑eintiteas rialáilte líon áirithe lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo suas, arb ionann iad agus na hastaíochtaí iomlána, a fhreagraíonn do chainníocht na mbreoslaí a scaoiltear lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III, sa bhliain féilire roimhe sin mar atá fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus 30f, agus go ndéanfar na lamháltais sin a chur ar ceal ina dhiaidh sin, agus déanfar an méid sin faoin 30 Aibreán gach bliain.
Airteagal 30f
Faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí agus creidiúnú
1.Beidh feidhm ag Airteagail 14 agus 15 maidir leis na hastaíochtaí, na heintitis rialáilte agus na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo. Chun na críche seo:
(a)léifear aon tagairt d’astaíochtaí amhail is gur tagairt do na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;
(b)léifear aon tagairt do ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I amhail is gur tagairt don ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III atá ann;
(c)léifear aon tagairt d’oibreoirí amhail is gur tagairt do na heintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;
(d)léifear aon tagairt do lamháltais amhail is gur tagairt do na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach eintiteas rialáilte, le haghaidh gach bliain féilire ó 2025 amach, faireachán ar na hastaíochtaí a fhreagraíonn do chainníochtaí na mbreoslaí a scaoiltear lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III. Áiritheoidh siad freisin go dtabharfaidh gach eintiteas rialáilte tuairisc i leith na n‑astaíochtaí sin don údarás inniúil sa bhliain dar gcionn, ag tosú in 2026, i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 14(1).
3.Áiritheodh na Ballstáit go dtabharfaidh gach eintiteas rialáilte a shealbhaíonn cead i gcomhréir le hAirteagal 30b an 1 Eanáir 2025 tuairisc ar a chuid astaíochtaí stairiúla don bhliain 2024 faoin 30 Márta 2025.
4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na heintitis rialáilte in ann cainníochtaí beachta an bhreosla a scaoiltear lena dtomhailt a úsáidtear le haghaidh dócháin in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar mar a shainaithnítear in Iarscríbhinn III, agus úsáid deiridh na mbreoslaí arna scaoileadh lena dtomhailt ag na heintitis rialáilte, go mbeidh siad in ann iad a shainaithint agus a dhoiciméadú go hiontaofa agus go cruinn in aghaidh an chineáil breosla. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aon riosca go ndéanfaí astaíochtaí a chumhdaítear faoin gCaibidil seo agus na hastaíochtaí faoi Chaibidil II, IIa agus III a áireamh faoi dhó a sheachaint. Glacfar rialacha mionsonraithe chun an t‑áireamh dúbailte a sheachaint i gcomhréir le hAirteagal 14(1).
5.Leagtar na prionsabail i dtaca le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo amach i gCuid C d’Iarscríbhinn IV.
6.Leagtar na critéir i dtaca leis na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a fhíorú amach i gCuid C d’Iarscríbhinn V.
Airteagal 30g
Riarachán
Beidh feidhm ag Airteagail 13, 15a, Airteagail 16(1), (2), (3), (4) agus (12), Airteagail 17, 18, 19, 20, 21, 22, 22a, 23 agus 29 maidir leis na hastaíochtaí, na heintitis rialáilte agus na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo. Chun na críche seo:
(a)léifear aon tagairt d’astaíochtaí amhail is gur tagairt do na hastaíochtaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;
(b)léifear aon tagairt d’oibreoir amhail is gur tagairt do na heintitis rialáilte a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann;
(c)léifear aon tagairt do lamháltais amhail is gur tagairt do na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo atá ann.
Airteagal 30h
Bearta i gcás ardú iomarcach ar phraghsanna
1.I gcás, ar feadh níos mó ná trí mhí as a chéile, ina bhfuil an meánphraghas lamháltais sna ceantanna a dhéantar i gcomhréir leis an ngníomh arna ghlacadh faoi Airteagal 10(4) níos mó ná dhá oiread an mheánphraghais lamháltais le linn na sé mhí as a chéile roimhe sin sna ceantanna le haghaidh na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn práinne, cinneadh 50 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a scaoileadh ó Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1a(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814.
2.I gcás, ar feadh níos mó ná 3 mhí as a chéile, go bhfuil an meánphraghas lamháltais sna ceantanna a dhéantar i gcomhréir leis an ngníomh arna ghlacadh faoi Airteagal 10(4) níos mó ná trí oiread an mheánphraghais lamháltais le linn na 6 mhí as a chéile roimhe sin sna ceantanna le haghaidh na lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn práinne, cinneadh 150 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a scaoileadh ó Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1a(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814.
Airteagal 30i
Athbhreithniú ar gCaibidil seo
Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Caibidle seo maidir lena n‑éifeachtacht, a riarachán agus a gcur i bhfeidhm praiticiúil, lena n‑áirítear maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoi Threoir (AE) 2015/1814 agus úsáid lamháltais na Caibidle seo chun oibleagáidí comhlíonta na n‑eintiteas comhlíonta a chumhdaítear i gCaibidil II, IIa agus III a chomhlíonadh. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra chun an Chaibidil seo a leasú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in éineacht leis an tuarascáil sin. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2031, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fhéidearthacht na n‑earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III sa Chóras Trádála Astaíochtaí a chumhdaíonn na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Threoir 2003/87/CE a chomhtháthú.’;
(22)Leasaítear Iarscríbhinní I, IIb, IV agus V a ghabhann le Treoir 2003/87/CE i gcomhréir le hIarscríbhinn I leis an Treoir seo, agus cuirtear Iarscríbhinn III, IIIa agus IIIb isteach i dTreoir 2003/87/CE mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2015/1814
Leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
(a)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Is éard a bheidh i líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht i mbliain ar leith líon carnach na lamháltas a eisíodh agus nár cuireadh i gcúlchiste sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008, lena n‑áirítear an líon a eisíodh de bhun Airteagal 13(2) de Threoir 2003/87/CE mar atá sí i bhfeidhm go dtí an 18 Márta 2018 sa tréimhse sin agus teidlíochtaí creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid a d’fheidhmigh suiteálacha faoi EU ETS i leith astaíochtaí go dtí an 31 Nollaig sa bhliain áirithe sin, lúide na tonaí carnacha d’astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha faoi EU ETS idir an 1 Eanáir 2008 agus an 31 Nollaig an bhliain áirithe chéanna sin, agus aon lamháltas a chuirtear ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE.’;
(b)cuirtear mír 4a seo a leanas isteach:
‘4a. Amhail ó [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo], áireofar i ríomh líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht líon na lamháltas a eisíodh i leith na heitlíochta agus an mhuiriompair ó thús na bliana sin, agus líon na lamháltas a thug oibreoirí aerárthaigh agus oibreoirí loinge suas i leith astaíochtaí arb iad lamháltais na haonaid is féidir a úsáid i leith oibleagáidí EU ETS.
Maidir leis na lamháltais a chuirtear ar ceal de bhun Airteagal 3ga de Threoir 2003/87/CE, measfar go mbeidh siad eisithe chun críocha líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht a ríomh.’;
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus 5a:
‘5. In aon bhliain ar leith, má tá líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht idir 833 milliún agus 1 096 milliún, bainfear líon lamháltas atá comhionann leis an difríocht idir líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht, mar a leagtar amach san fhoilseachán is déanaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, agus 833 milliún, ó mhéid na lamháltas atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE agus cuirfear sa chúlchiste iad thar thréimhse 12 mhí ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin. Má tá líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht os cionn 1 096 milliún lamháltas, beidh líon na lamháltas atá le baint ó mhéid na lamháltas atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE agus le cur sa chúlchiste thar thréimhse 12 mhí ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin, beidh an líon sin comhionann le 12 % de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht. De mhaolú ar an abairt dheiridh, déanfar an céatadán a dhúbailt go dtí an 31 Nollaig 2030.
Gan dochar do líon iomlán na lamháltas atá le baint de bhun na míre seo, go dtí an 31 Nollaig 2030, ní chuirfear lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(2), an chéad fhomhír, pointe (b) de Threoir 2003/87/CE san áireamh agus sciartha na mBallstát a rannchuidíonn leis an líon iomlán sin á gcinneadh.
5a. Mura rud é go gcinnfear a mhalairt sa chéad athbhreithniú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3, ní bheidh lamháltais a choinnítear sa chúlchiste os cionn 400 milliún lamháltas bailí a thuilleadh ó 2023.’;
(2)cuirtear Airteagal 1a isteach mar a leanas:
‘Airteagal 1a
Feidhmiú Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh le haghaidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar
1.Cuirfear lamháltais a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE i roinn ar leithligh den chúlchiste a bunaíodh de bhun Airteagal 1 den Chinneadh seo, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach san Airteagal seo, agus scaoilfear iad ón roinn sin.
2.Feidhmeofar an cur sa chúlchiste faoin Airteagal seo ón 1 Meán Fómhair 2027. Déanfar na lamháltais a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE a chur sa chúlchiste, a choinneáil ann, agus a scaoileadh uaidh ar leithligh ó na lamháltais a chumhdaítear le hAirteagal 1 den Chinneadh seo.
3.In 2026, cruthófar an roinn dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 30d(2), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE. Faoin 1 Eanáir 2031, ní bheidh na lamháltais dá dtagraítear sa mhír seo nach bhfuil scaoilte ón gcúlchiste bailí a thuilleadh.
4.Foilseoidh an Coimisiún líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht a chumhdaítear i gCaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE gach bliain, faoin 15 Bealtaine sa bhliain ina dhiaidh sin, ar leithligh ó líon na lamháltas atá i gcúrsaíocht faoi Airteagal 1(4). Is éard a bheidh i líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht faoin Airteagal seo i mbliain ar leith líon carnach na lamháltas a chumhdaítear faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE a eisíodh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2026, lúide na tonnaí carnacha d’astaíochtaí fíoraithe a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE don tréimhse idir an 1 Eanáir 2026 agus an 31 Nollaig sa bhliain áirithe chéanna sin, agus aon lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE a chuirtear ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE. Tarlóidh an chéad fhoilsiú faoin 15 Bealtaine 2027.
5.In aon bhliain ar leith, má tá líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht, mar a leagtar amach san fhoilseachán is déanaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, os cionn 440 milliún lamháltas, bainfear 100 milliún lamháltas ó mhéid na lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 30d de Threoir 2003/87/CE agus cuirfear sa chúlchiste iad thar thréimhse 12 mhí ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin.
6.In aon bhliain ar leith, má tá líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht níos lú ná 210 milliún, scaoilfear 100 milliún lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa ón gcúlchiste agus cuirfear iad le méid na lamháltas a chumhdaítear le Caibidil IVa atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 30d de Threoir 2003/87/CE. I gcás ina bhfuil níos lú ná 100 milliún lamháltas sa chúlchiste, scaoilfear gach lamháltas sa chúlchiste faoin mír seo.
7.Cuirfear na méideanna atá le scaoileadh ón gcúlchiste i gcomhréir le hAirteagal 30h de Threoir 2003/87/CE le méid na lamháltas a chumhdaítear faoi Chaibidil IVa atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 30d de Threoir 2003/87/CE laistigh de thréimhse 3 mhí ó theacht i bhfeidhm an bhirt arna ghlacadh de bhun Airteagal 30h de Threoir 2003/87/CE.
8.Beidh feidhm ag Airteagal 1(8) agus Airteagal 3 maidir leis na lamháltais a chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE.’.
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2015/757
Leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 mar a leanas:
(1)in Airteagal 3, cuirtear isteach na pointí (q) agus (r) seo a leanas:
‘(q)
ciallaíonn ‘údarás riaracháin’ an t‑údarás riaracháin i leith cuideachta loingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 3gd de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
(r) ciallaíonn ‘sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta’ suim na n‑astaíochtaí CO2 atá le tuairisciú ag cuideachta faoi Threoir 2003/87/CE, i leith gach long ar a freagracht le linn na tréimhse tuairiscithe.
*
Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).’;
(2)in Airteagal 4, cuirtear an mhír 8 seo a leanas isteach:
‘8.
Tuairisceoidh cuideachtaí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta na long ar a bhfreagracht le linn tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 11a.’;
(3)in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú, d’fhonn leasuithe ar Threoir 2003/87/CE agus rialacha ábhartha idirnáisiúnta agus caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha a chur san áireamh. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinní I agus II a leasú d’fhonn eilimintí na modhanna faireacháin a leagtar amach iontu a bheachtú, i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha agus d’fhonn feidhmiú éifeachtach EU ETS a bunaíodh de bhun Threoir 2003/87/CE a áirithiú,’;
(4)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Bainfidh cuideachtaí úsáid as pleananna faireacháin caighdeánaithe bunaithe ar theimpléid agus déanfar pleananna faireacháin a thíolacadh ag baint úsáid as córais uathoibrithe agus formáidí malartaithe sonraí. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na teimpléid sin, lena n‑áirítear na rialacha teicniúla chun iad a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus chun iad a aistriú go huathoibríoch. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).’;
(b)cuirtear isteach mír 6, 7 agus 8 seo a leanas:
‘6. Laistigh de 3 mhí den [dáta teacht i bhfeidhm Threoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí], cuirfidh cuideachtaí faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh plean faireacháin le haghaidh gach ceann dá longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus déanfaidh an fíoraitheoir measúnú air ar dtús le háirithiú go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo.
7. D’ainneoin mhír 6, i gcás longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo den chéad uair i ndiaidh theacht i bhfeidhm dáta [theacht i bhfeidhm Rialachán athbhreithnithe ETS], cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo faoi bhráid an údaráis rialacháin fhreagraigh gan mhoill mhíchuí tráth nach déanaí ná 3 mhí i ndiaidh céad chuairt gach loinge ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.
8. Laistigh de 2 bhliain de theacht i bhfeidhm [Rialachán athbhreithnithe ETS], formheasfaidh na húdaráis rialacháin fhreagracha na pleananna faireacháin arna dtíolacadh ag cuideachtaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an dara fomhír. Maidir le longa a thagann faoi raon feidhme [Rialachán athbhreithnithe ETS] den chéad uair i ndiaidh a theacht i bhfeidhm, formheasfaidh an t‑údarás riaracháin freagrach an plean faireacháin arna thíolacadh laistigh de 4 mhí i ndiaidh chéad chuairt na loinge ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an dara fomhír.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha a bhaineann le pleananna faireacháin a fhormheas ag údaráis riaracháin.’.
(5)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Tar éis an mheasúnaithe, cuirfidh an fíoraitheoir in iúl don chuideachta cibé an bhfuil na modhnuithe sin i gcomhréir nó nach bhfuil. Cuirfidh an chuideachta a plean faireacháin modhnaithe faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh nuair a bheidh fógra faighte aici ón bhfíoraitheoir go bhfuil an plean faireacháin i gcomhréir.’;
(b)cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:
‘5.
Formheasfaidh an t‑údarás riaracháin modhnuithe ar an bplean faireacháin faoi mhír 2, pointí (a), (b), (c), (d), i gcomhréir leis an rialacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an dara fomhír den mhír seo.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha a bhaineann le hathruithe ar na pleananna faireacháin a fhormheas ag údaráis riaracháin.’.
(6)in Airteagal 10, an chéad fhomhír, cuirtear an pointe (k) seo a leanas léi:
‘(k) astaíochtaí comhiomlánaithe iomlána CO2 le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair.’;
(7)cuirtear an tAirteagal 11a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 11a
Sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a thuairisciú agus a thíolacadh
1.Cinnfidh cuideachtaí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta le linn tréimhse tuairiscithe, bunaithe ar shonraí na tuarascála astaíochtaí agus na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 11(2) le haghaidh gach loinge a bhí ar a bhfreagracht le linn na tréimhse tuairiscithe, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4.
2.Ó 2024 amach, cuirfidh an chuideachta faoi bhráid an údaráis rialacháin fhreagraigh faoin 31 Márta gach bliain na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a chumhdaíonn na hastaíochtaí sa tréimhse tuairiscithe atá le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 agus atá fíoraithe i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán seo (na ‘sonraí comhiomlánaithe fíoraithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta’).
3.Féadfaidh an t‑údarás riaracháin a éileamh ar chuideachtaí na sonraí comhiomlánaithe fíoraithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a thíolacadh faoi dháta níos luaithe ná an 31 Márta, ach tráth nach luaithe ná an 28 Feabhra.
4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta agus na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin.’;
(8)Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘ Formáid na tuarascála astaíochtaí agus tuairisciú sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Déanfar an tuarascáil astaíochtaí agus tuairisciú sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a chur isteach trí úsáid a bhaint as córais uathoibríocha agus as formáidí malartaithe sonraí, lena n‑áirítear teimpléid leictreonacha.’;
(9)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht na tuarascála astaíochtaí agus na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 11(2) leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 go 12 agus in Iarscríbhinní I agus II.’;
(b)cuirtear an mhír 5 agus 6 seo a leanas leis:
‘5. Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta leis na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 6.
Nuair is é conclúid an fhíoraitheora, le dearbhú réasúnach, go bhfuil na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta saor ó mhíráiteas ábhartha, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin ina luaitear go bhfuil na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta fíoraithe chun sástachta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 6.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na rialacha maidir leis na sonraí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a fhíorú agus tuarascáil fíorúcháin a eisiúint.’;
(10)Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d) na ríomhanna as a leanann cinneadh na n‑astaíochtaí iomlána CO2 agus iomlán comhiomlánaithe na n‑astaíochtaí CO2 le tuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair.’;
(b)cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:
‘4. Agus fíorú na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta á mheas, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar iomláine agus comhsheasmhacht na sonraí arna dtuairisciú leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an gcuideachta, lena n‑áirítear a tuarascálacha ar astaíochtaí fíoraithe agus an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11(2).’;
(11)in Airteagal 15, cuirtear an mhír 6 seo a leanas isteach:
‘6.
Maidir le fíorú na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta, comhlíonfaidh an fíoraitheoir agus an chuideachta na rialacha fíorúcháin a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an dara fomhír. Ní fhíoróidh an fíoraitheoir an tuarascáil astaíochtaí agus an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11(2) maidir le gach long ar freagracht na cuideachta.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na rialacha maidir leis na sonraí comhiomlánaithe ar leibhéal cuideachta a fhíorú, lena n‑áirítear na modhanna fíorúcháin agus an nós imeachta fíorúcháin.’;
(12)in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Maidir le fíoraitheoirí a dhéanann measúnú ar na pleananna faireacháin, na tuarascálacha astaíochtaí agus na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta, agus a eisíonn tuarascálacha fíorúcháin agus doiciméid comhlíontachta dá dtagraítear sa Rialachán seo, beidh siad creidiúnaithe i ndáil le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.’;
(13)in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 3:
‘3. I gcás longa a mhainnigh na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile nó níos mó agus i gcás inar mhainnigh bearta forghníomhaithe eile comhlíonadh a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt teacht isteach, i ndiaidh dó an deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordú díbeartha a eisiúint a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún, do EMSA, do na Ballstáit eile agus don Bhratstát lena mbaineann. De thoradh ordú díbeartha den sórt sin a eisiúint, diúltóidh gach Ballstát, seachas an Ballstát a bhfuil a bhrat ar foluain ag an long, cead isteach in aon cheann dá chalafoirt don long lena mbaineann go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 18. I gcás ina bhfuil brat Ballstáit in ar foluain ag an long, ordóidh an Ballstát lena mbaineann, i ndiaidh dó deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh, ordóidh sé go gcoinneofaí an long go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí. Déanfar comhlíonadh na n‑oibleagáidí sin a dheimhniú le fógra faoi dhoiciméad bailí comhlíontachta a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta a d’eisigh an t‑ordú díbeartha. Beidh an mhír seo gan dochar do rialacha idirnáisiúnta muirí is infheidhme i gcás longa atá i nguais.’;
(14)Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
(a)I mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2), a mhéid a bhaineann le feidhmiú EU ETS a áirithiú, agus in Airteagail 6(8), 7(5), 11a(4), 13(6) agus 15(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó theacht i bhfeidhm [Rialachán athbhreithnithe MRV].’;
(b)i míreanna 3 agus 5, cuirtear na focail ‘Airteagail 5(2), 6(8), 7(5), 11a(4), 13(6) 15(5), 15(6) agus 16(3)’ in ionad na bhfocal’Airteagail 5(2), 15(5), 16(3)’.
Airteagal 4
Trasuí
1.Cuirfidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus socruithe riaracháin i bhfeidhm a bhfuil gá leo chun Airteagail 1 agus 2 den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
3.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 5
Forálacha idirthréimhseacha
1.Agus a n‑oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4(1) den Treoir seo á gcomhlíonadh acu, áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh a reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuítear pointe (u) d’Airteagal 3, Airteagal 10a(3) agus 10a(4), Airteagal 10c(7) agus pointe 1 d’Iarscríbhinn I, a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, mar atá sí i bhfeidhm an [an dáta roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo] d’fheidhm a bheith aici go dtí an 31 Nollaig 2025.
Airteagal 6
Dáta chur i bhfeidhm Airteagal 3
Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón [dáta ar a dtiocfaidh an Treoir athbhreithnithe maidir le Trádáil Astaíochtaí i bhfeidhm].
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 8
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo. Beidh Airteagal 3, áfach, ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
Ábhar
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.
Baineann an togra/tionscnamh le
1.4.
Cuspóirí
1.4.1.
Cuspóirí ginearálta
1.4.2.
Cuspóirí sonracha
1.4.3.
An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
1.4.4.
Táscairí feidhmíochta
1.5.
Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.
Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.
1.5.2.
Breisluach AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é ‘breisluach AE’ an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil ón Aontas ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.
Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.
Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.
Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
1.7.
Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.
Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.
Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.
Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
3.2.
An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.2.
An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 chun Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais a neartú agus é a shíneadh ar aon dul le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais le haghaidh 2030.
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Gníomhaíocht ar son na haeráide
Ceannteideal 3 Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
Teideal 9 – An Comhshaol agus Gníomhaíocht ar son na hAeráide
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
✓ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
Athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir ETS ar bhealach atá i gcomhréir le huaillmhian aeráide 2030 chun laghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 faoi bhun leibhéil 1990 mar aon le conair réidh chothrom i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, ar bhealach costéifeachtach comhleanúnach agus an gá le haistriú cóir agus an gá atá ann do gach earnáil rannchuidiú le hiarrachtaí an Aontais ar son na haeráide á gcur san áireamh.
1.4.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach Uimh. 1
EU ETS a neartú ina raon feidhme atá ann faoi láthair chun an rannchuidiú iomchuí le sprioc fhoriomlán -55 % ar a laghad d’astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le 1990 a sholáthar;
Cuspóir sonrach Uimh. 2
Cosaint éifeachtach leanúnach a áirithiú le haghaidh na n‑earnálacha a bhfuil riosca suntasach sceite carbóin ag roinnt leo agus glacadh teicneolaíochtaí ísealcharbóin a spreagadh an tráth céanna;
Cuspóir sonrach Uimh. 3
Dul i ngleic le héifeachtaí dáileacháin agus sóisialta an aistrithe sin, trí athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid ioncam ceantála agus ar mhéid agus feidhmiú na sásraí cistiúcháin ísealcharbóin;
Cuspóir sonrach Uimh. 4
A áirithiú go rannchuidíonn na hearnálacha eile seachas iad sin a chuimsítear in EU ETS faoi láthair ar bhealach costéifeachtach leis an laghdú is gá ar astaíochtaí i gcomhréir le spriocanna AE agus gealltanais faoi Chomhaontú Pháras go háirithe trí astaíochtaí ón muiriompar in EU ETS a chur san áireamh agus trí Rialachán (AE) 2015/757 a leasú chun é a chur in oiriúint don trádáil astaíochtaí.
Cuspóir sonrach Uimh. 5
A áirithiú go rannchuidíonn na hearnálacha eile seachas iad sin a chuimsítear in EU ETS faoi láthair ar bhealach costéifeachtach leis an laghdú is gá ar astaíochtaí i gcomhréir le spriocanna AE agus gealltanais faoi Chomhaontú Pháras, agus trí thrádáil astaíochtaí ó fhoirgnimh agus ón iompar de bhóthar a chur san áireamh agus sineirgí le beartais eile chomhlántacha ina ndírítear ar na hearnálacha sin á n‑áirithiú;
Cuspóir sonrach Uimh. 6
Athbhreithniú a dhéanamh ar chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir leis an oibleagáid dhlíthiúil chomhfhreagrach agus iniúchadh a dhéanamh ar leasuithe féideartha ar a dhearadh, chun cuspóirí dlíthiúla sa chinneadh maidir le cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh a chomhlíonadh agus chun dul i ngleic le haon saincheist a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhthéacs na huaillmhéine méadaithe.
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Rinneadh athbhreithniú in 2018 ar an reachtaíocht ETS atá ann faoi láthair chun laghdú 43 % a bhaint amach in astaíochtaí EU ETS faoi 2030 i gcomparáid le 2005, rud atá comhleanúnach le sprioc laghdaithe astaíochtaí ar fud gheilleagar an Aontais de 40 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Ní dhéanfadh na hearnálacha eacnamaíocha a chuimsítear le EU ETS faoi láthair rannchuidiú leordhóthanach le sprioc athbhreithnithe foriomlán an Aontais maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa go mbainfí laghdú -55 % ar a laghad ar astaíochtaí amach in 2030 i gcomparáid le 1990 dá bhfágfaí an reachtaíocht gan athrú.
Bunaítear leis an tionscnamh reatha an ceart is gá chun na laghduithe ionchasacha ar astaíochtaí a bhaint amach trí na rudaí a leanas a dhéanamh:
- EU ETS a chur in oiriúint don uaillmhian mhéadaithe aeráide de laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí, mar a chumhdaítear sa Dlí Aeráide Eorpach.
- an Ciste don Nuálaíocht a neartú mar iarracht mhéadaithe teicneolaíochtaí ísealcharbóin a fhás go tapa don mhargadh chun é a chur ar a chumas don Aontas a sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí a bhaint amach.
- an Ciste don Nuachóiriú a neartú chun dlús a chur le nuachóiriú na gcóras fuinnimh i mBallstáit ar ioncam íseal.
- a áirithiú go rannchuidíonn earnáil an mhuiriompair ar bhealach costéifeachtach leis an laghdú is gá ar astaíochtaí i gcomhréir le spriocanna AE agus gealltanais faoi Chomhaontú Pháras go háirithe trí astaíochtaí ón muiriompar idir‑LEE ar a laghad a chur san áireamh.
- rannchuidiú ábhartha earnálacha an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh leis an gcuspóir nua laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a áirithiú.
Déantar an creat a athbhreithniú ar bhealach a chaomhnaíonn sláinte ETS atá ann faoi láthair agus a chuireann san áireamh an gá le dul i ngleic le hábhair imní maidir le dáileachán agus bochtaineacht fuinnimh.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Táscaire Uimhir 1: leibhéal an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas in 2030 (sprioc de laghdú 55 % i gcomparáid le 1990, mar a chumhdaítear sa Dlí Aeráide Eorpach).
Táscaire Uimhir 2: leibhéal an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha i gCóras Trádála Astaíochtaí (ETS) an Aontais Eorpaigh atá ann cheana féin in 2030 (sprioc de laghdú 61 % i gcomparáid le 2005).
Táscaire Uimhir 3: leibhéal an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh earnálacha an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh sa ETS nua in 2030 (sprioc de laghdú 43 % i gcomparáid le 2005).
Déantar leibhéil an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas a thuairisciú faoi Rialachán (AE) 2018/1999 agus faoi reachtaíocht thánaisteach eile a bhaineann le faireachán agus tuairisciú sa ETS.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.
Cuirfidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha reachtaíochta i bhfeidhm is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh agus tá an Coimisiún chun na bearta ábhartha cur chun feidhme a fhorbairt.
Ar na bearta eile atá le forbairt, ag tosú i ndiaidh an Treoir a ghlacadh, beidh roinnt gníomhartha tánaisteacha reachtacha le hathbhreithniú agus le glacadh. Go háirithe, bainfidh sé sin leis an reachtaíocht thánaisteach ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le ceantáil; Clárlann an Aontais; faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus fíorú tuarascálacha astaíochtaí agus creidiúnú fíoraitheoirí; agus leithdháileadh saor in aisce. Le haghaidh an chur chun feidhme, beidh gá freisin le forbairtí casta TF i gClárlann an Aontais chun déileáil le cineál nua lamháltas agus oibreoirí nua agus nós imeachta soláthair nua a sheoladh le haghaidh an chomhardáin ceantála. Déanfar roghanna forbartha agus soláthair TF de réir na Cumarsáide ar na treoirlínte maidir le teicneolaíocht faisnéise agus cibearshlándáil a mhaoiniú, an 10 Meán Fómhair 2020.
1.5.2.Breisluach AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Fadhb thrasteorann is ea an t‑athrú aeráide agus féadfaidh gníomhaíocht an Aontais an ghníomhaíocht réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil a chomhlánú agus a neartú go héifeachtach. Ach sprioc 2030 le haghaidh laghduithe ar ghás ceaptha teasa an Aontais a mhéadú, beidh tionchar aige sin ar go leor earnálacha ar fud gheilleagar an Aontais agus ní féidir dá bhrí sin déanamh d’uireasa gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus tá deis i bhfad níos mó ann go dtarlóidh an claochlú riachtanach dá bharr, ag feidhmiú mar spreagadh láidir le haghaidh athrú costéifeachtach agus cóineasú aníos. Thairis sin, tá gné thábhachtach ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de ag baint le cuid mhór de ghnéithe an togra seo, go háirithe na roghanna a bhaineann leis na sásraí le haghaidh cosaint ar sceitheadh carbóin agus le haghaidh an chistiúcháin ísealcharbóin.
Mar mhargadh carbóin, spreagtar le EU ETS laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí leis na réitigh is costéifeachtaí ar dtús thar na ngníomhaíochtaí a chuimsítear leis, agus éifeachtúlacht níos mó a bhaint amach de bhua a fhairsinge. Dá gcuirfí beart cosúil leis i bhfeidhm go náisiúnta, bheadh margaí carbóin ilroinnte níos lú ann, agus bheadh baol saobhadh iomaíochta ann dá bharr agus is dócha go mbeadh costais laghdaithe foriomlána níos airde dá thoradh. Tá an loighic chéanna i gceist maidir leis an síneadh ar phraghsáil carbóin chuig earnálacha nua.
Ní mór gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh ar leibhéal Eorpach mar thoradh ar ghné thrasteorann na hearnála muiriompair. Is féidir forbairt gníomhaíochta domhanda a spreagadh agus an bealach a réiteach di le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais freisin, e.g. a mhéid a bhaineann le muiriompar laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Ionstraim beartais reatha de chuid an Aontais a glacadh in 2003 is ea Treoir ETS. Tá taithí luachmhar faighte ag an gCoimisiún le linn na tréimhse ní b’fhaide ná 15 bliana ina raibh EU ETS ag feidhmiú.
Leis an togra seo, cuirtear le taithí a fuarthas le linn athbhreithnithe agus tograí EU ETS roimhe seo, lena n‑áirítear an t‑athbhreithniú is déanaí a tugadh i gcrích in 2018, an Teachtaireacht maidir le dlús a chur le huaillmhian aeráide 2030 na hEorpa, an Straitéis Fhadtéarmach ar mhaithe le geilleagar rathúil, nua‑aimseartha, iomaíoch atá aeráidneodrach agus tionscnaimh ábhartha eile faoin gComhaontú Glas don Eoraip. Leis an tionscnamh seo cuirtear leis an bpróiseas atá bunaithe ar phleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid agus ar an gcreat atá sa Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide.
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Is féidir caiteachas gaolmhar oibríochtúil a chumhdach le leithreasuithe faoin gclár LIFEmar a comhaontaíodh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil atá i bhfeidhm faoi láthair.
Tá an togra seo mar chuid den phacáiste aeráide agus fuinnimh ‘Oiriúnach do 55’ (‘Fit for 55’). Is é an cuspóir foriomlán atá leis an bpacáiste reachtaíocht an Aontais a ailíniú le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais. Tá gach tionscnamh sa phacáiste idirnasctha go dlúth, agus tá gach ceann ag brath ar dhearadh na gceann eile. Tá an togra reachtach seo forlíontach leis na tograí arna ndéanamh sa phacáiste agus cothaíonn sé comhsheasmhacht leo.
Áirithítear comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais freisin trí chomhleanúnachas na measúnuithe tionchair le haghaidh EU ETS leo siúd le haghaidh na coda eile de chreat aeráide, fuinnimh agus iompair 2030, amhail an chomhlántacht de thrádáil astaíochtaí a fhairsingiú leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, agus le bearta eile a chuirtear i láthair mar chuid den chiseán beart chun dul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar. Baintear leas as bonnlíne choiteann agus cásanna beartais bunúsacha atá i bpáirtchoiteann le tionscnaimh eile den phacáiste. Cuirtear san áireamh leis na cásanna sin gach gníomhaíocht agus beartas de chuid an Aontais.
Maidir leis na costais riaracháin bhreise, féadfar iad a theorannú trí leas a bhaint, nuair is féidir, as struchtúir atá ann cheana féin a úsáidtear le haghaidh na Treorach ina leagtar amach na socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil agus faoin Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Ina dhiaidh sin, chuirfí feabhas ar choigilteas fuinnimh breise leis an gCóras Trádála Astaíochtaí nua, a bhféadfaí nasc a dhéanamh idir é agus coigilteas fuinnimh faoi Airteagal 7 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige
◻ tréimhse theoranta
◻
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
✓ tréimhse neamhtheoranta
·Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2023 go 2024,
·agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
✓ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
✓ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
✓
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
✓ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
✓BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;
◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a chuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.
Nótaí
Bainistítear lamháltais EU ETS trí reachtaíocht as a bhfuil ranna an Choimisiúin freagrach.
Tá an Ciste Nuálaíochta á chur chun feidhme cuid mhór ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA).
Is faoi fhreagracht na mBallstát is tairbhithe, a oibríonn i ndlúthchomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Coiste Infheistíochta arna bhunú don chiste agus an Coimisiún Eorpach, a fheidhmíonn an Ciste don Nuachóiriú.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo
Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán agus de mheastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú ETS ina Thuarascáil bhliantúil ar an Margadh Carbóin, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 10(5) den Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí. Cuimsítear leis sin tionchair an athbhreithnithe reatha ar ETS freisin. Beidh feidhm ag Tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin ar an Margadh Carbóin agus tuarascáil bhliantúil na mBallstát maidir leis na hearnálacha chuig a bhfairsingítear an trádáil astaíochtaí freisin. Beidh na sonraí MRV a fhaightear trí rialáil na n‑earnálacha nua ina bpríomhfhoinse faisnéise don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn sna hearnálacha lena mbaineann.
Thairis sin, tá meastóireacht ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Threoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí rialaithe in Airteagal 21 atá i bhfeidhm faoi láthair, lena n‑éilítear ar Bhallstáit tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina dtugtar aird ar leith ar shaincheisteanna lena n‑áirítear leithdháileadh lamháltas, feidhmiú na Clárlainne, cur i bhfeidhm an fhaireacháin agus an tuairiscithe, fíorú agus creidiúnú agus saincheisteanna a bhaineann le comhlíontacht.
Ar deireadh, déanann an Coimisiún staidéir go tráthrialta ar ghnéithe ábhartha éagsúla de bheartas an Aontais don athrú aeráide.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Neamhbhainteach - Ní chuirtear clár nua airgeadais chun feidhme leis an togra ach ceaptar beartas fadtéarmach leis. Níl feidhm le modh bainistíochta, cur chun feidhme sásraí maoinithe, módúlachtaí íocaíochta agus straitéis rialaithe maidir le rátaí earráide. Chun an togra seo a chur chun feidhme, beidh gá acmhainní daonna a athshannadh laistigh den Choimisiún. Tá nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Is é EU ETS an phríomh‑mheicníocht bheartais chun laghdú astaíochtaí an Aontais Eorpaigh ó thart ar leath den gheilleagar a bhaint amach. Ó bhí 2013 ann, cuirtear de chúram ar an gCoimisiún Clárlann an Aontais a sholáthar, arb é atá ann bunachar sonraí ar líne a sholáthraíonn cuntasaíocht chruinn ar gach idirbheart lamháltas agus comhardán ceantála le haghaidh lamháltais na mBallstát a chur ar ceant, agus an bonneagar tacaíochta ábhartha don dá cheann acu sin. Tá riosca de chibirionsaithe calaoiseacha a d’fhéadfadh gadaíocht nó míleithreasú lamháltas leanúint astu ag bagairt ar Chlárlann an Aontais ina gcoinnítear lamháltais faoi EU ETS, as a dtiocfadh caillteanas suntasach airgeadais (suas le roinnt billiún euro), dlíthíocht dhlíthiúil agus tionchar suntasach ar chlú agus ar inchreidteacht an Choimisiúin. Tá an riosca cothrománach agus, in éineacht le DG CLIMA, baineann sé le DG DIGIT, HR-DS, BUDG agus LS. Tá bearta maolaitheacha curtha i bhfeidhm. Méadófar an riosca i gcomhréir le méaduithe ar luach an mhargaidh carbóin. Éilítear le dáileadh lamháltas saor in aisce ag luach iomlán an‑ard freisin beartais dhiana maidir leis an gcaoi ar féidir na lamháltais sin a dháileadh, agus cinnteacht go n‑urramófar na rialacha atá i bhfeidhm. Is éard atá i gceist leis sin córas bainistithe agus rialaithe ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Choimisiúin. Ar deireadh, má chuirtear earnálacha nua le ETS méadófar cumhdach foriomlán an chórais agus luach an mhargaidh agus an riosca a bhaineann leis.
Tá Coiste Stiúrtha Ardleibhéil a bhfuil an phríomh‑Ard‑Stiúrthóireacht agus na hArd‑Stiúrthóireachtaí a bhaineann leis páirteach ann i bhfeidhm ó bhí 2011 ann. Rinneadh measúnú riosca iomlán in 2014 inar aithníodh na bearta nua slándála TF mar a glacadh ó 2015. De thoradh na moltaí a rinne IAS ina thuarascáil iniúchóra ar Chlárlann EU ETS (slándáil TF), cuireadh bearta chun feidhme chun tuilleadh feabhais a chur ar shlándáil chóras na clárlainne, chomh maith le bearta maidir le rialachas, dearbhú cáilíochta agus tástáil. Tá bearta breise maolaitheacha á gcur chun feidhme ó bhí 2014 ann.
In 2019, rinneadh measúnú riosca nua le haghaidh Chlárlann an Aontais. Dhréachtaigh DG CLIMA plean nua slándála ina bhfuil dhá bheart slándála dhéag atá le cur chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndlúthchomhar le DIGIT.
Déanann an Ardbhainistíocht faireachán ar an gcur chun feidhme agus tionóltar Coistí Stiúrtha go tráthrialta le DG CLIMA agus DIGIT.
2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
Ní eascraíonn rialuithe/rioscaí suntasacha nua nach gcumhdófaí faoi chreat rialaithe inmheánaigh atá ann cheana mar gheall ar an tionscnamh seo. Níor beartaíodh aon bhearta eile seachas cur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Mar fhreagairt ar na rioscaí sonracha calaoise atá roimh EU ETS, dhaingnigh DG CLIMA na treoirlínte uile‑Choimisiún maidir le heitic ghairmiúil agus ionracas le ‘Cód Eitice agus Iompair i ndáil le déileáil cos istigh, calaois agus nochtadh faisnéise íogaire’, oiliúint shonrach agus tionscnaimh ardaithe feasachta. D’fhorbair sé freisin Beartas Aicmiúcháin Faisnéise Íogaire EU ETS agus na horduithe gaolmhara láimhseála ag a bhfuil trí leibhéal íogaireachta. Tá na trí mharcáil ghaolmhara ETS formheasta ag DG HE‑DS (dá dtagraítear i bhFógra Slándála 1 ina athbhreithniú uimhir 10). In 2019 d’fhoilsigh DG HR‑DS fógra slándála C(2019) 1904 lena dtugtar beartas maidir le faisnéis Íogair Neamhaicmithe (SNC) cothrom le dáta. D’fhoilsigh DG CLIMA, i gcomhréir leis an mbeartas nua sin, orduithe nua láimhseála le haghaidh fhaisnéis SNC DG CLIMA. Eagraítear seisiúin oiliúna iomchuí do nuatheachtaithe go tráthrialta.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
(2)Línte buiséid atá ann cheana féin
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
Dif./Neamhdhif. [1]
|
ó thíortha de chuid CSTE[2]
|
ó thíortha is iarrthóirí[3]
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
3
|
09 01 01 01
|
Neamhdhif.
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3
|
09 02 03
|
LD
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
20 01 02 01
|
Neamhdhif.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
20 02 06 01
|
Neamhdhif.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
20 02 06 02
|
Neamhdhif.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
7
|
20 02 06 03
|
Neamhdhif.
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
(3)Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh: Níl sé infheidhme.
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
·◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
·✓
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
3
|
‘acmhainní nádúrtha agus an comhshaol’
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ard‑Stiúrthóireacht: CLIMA
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
09 02 03
|
Gealltanais
|
(1)
|
1,241
|
1,485
|
2,138
|
1,893
|
1,369
|
8,126
|
|
Íocaíochtaí
|
(2)
|
|
0,496
|
1,339
|
1,747
|
2,040
|
5,622
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
09 01 01 01
|
|
(3)
|
1,029
|
1,632
|
1,476
|
1,184
|
0,952
|
6,273
|
IOMLÁN na leithreasuithe i gcomhair DG CLIMA
|
Gealltanais
|
= 1 + 3
|
2,270
|
3,118
|
3,615
|
3,077
|
2,320
|
14,400
|
|
Íocaíochtaí
|
= 2 + 3
|
1,029
|
2,128
|
2,815
|
2,931
|
2,992
|
11,895
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
1,241
|
1,485
|
2,138
|
1,893
|
1,369
|
8,126
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
-
|
0,496
|
1,339
|
1,747
|
2,040
|
5,622
|
IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
1,029
|
1,632
|
1,476
|
1,184
|
0,952
|
6,273
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
= 4 + 6
|
2,270
|
3,118
|
3,615
|
3,077
|
2,320
|
14,400
|
|
Íocaíochtaí
|
= 5 + 6
|
1,029
|
2,128
|
2,815
|
2,931
|
2,992
|
11,895
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
1,241
|
1,485
|
2,138
|
1,893
|
1,369
|
8,126
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
-
|
0,496
|
1,339
|
1,747
|
2,040
|
5,622
|
IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
1,029
|
1,632
|
1,476
|
1,184
|
0,952
|
6,273
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
= 4 + 6
|
2,270
|
3,118
|
3,615
|
3,077
|
2,320
|
14,400
|
|
Íocaíochtaí
|
= 5 + 6
|
1,029
|
2,128
|
2,815
|
2,931
|
2,992
|
11,895
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
Ard‑Stiúrthóireacht: CLIMA
|
|
Acmhainní daonna
|
3,344
|
3,648
|
3,648
|
3,648
|
3,648
|
17,936
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,210
|
0,404
|
0,176
|
0,060
|
0,060
|
0,910
|
IOMLÁN AS CLIMA
|
3,554
|
4,052
|
3,824
|
3,708
|
3,708
|
18,846
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
3,554
|
4,052
|
3,824
|
3,708
|
3,708
|
18,846
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
5,824
|
7,170
|
7,439
|
6,785
|
6,028
|
33,245
|
|
Íocaíochtaí
|
4,583
|
6,180
|
6,639
|
6,639
|
6,700
|
30,741
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
líne bhuiséid
|
ASCHUIR
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
iomlán
|
|
|
Cineál[1]
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
cuspóir sonrach 4 - muirí
|
- tabhair ardán Thetis‑MRV cothrom le dáta
|
09 02 03
|
comhaontú comhair EMSA
|
|
|
0,250
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0,250
|
- modhnuithe ar Chlárlann an Aontais
|
09 02 03
|
Conarthaí Seirbhíse
|
|
|
0,260
|
|
0,304
|
|
0,133
|
|
0,127
|
|
0,126
|
|
0,949
|
|
09 01 01 01
|
QTM, Extramuros, trealamh
|
|
|
0,626
|
|
0,730
|
|
0,330
|
|
0,316
|
|
0,313
|
|
2,314
|
- síneadh ar an Deasc freastail
|
09 02 03
|
Conarthaí Seirbhíse
|
|
|
0 000
|
|
0,013
|
|
0,099
|
|
0,088
|
|
0,080
|
|
0,280
|
|
09 01 01 01
|
QTM, Extramuros, trealamh
|
|
|
0 000
|
|
0,053
|
|
0,116
|
|
0,083
|
|
0,055
|
|
0,306
|
- tabhair córas tuairiscithe MRV ETS cothrom le dáta
|
09 02 03
|
Conarthaí Seirbhíse
|
|
|
0,099
|
|
0,120
|
|
0,202
|
|
0,103
|
|
0,054
|
|
0,579
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4
|
|
1,234
|
|
1,220
|
|
0,880
|
|
0,715
|
|
0,628
|
|
4,677
|
cuspóir sonrach 5 - foirgnimh agus iompar
|
- modhnuithe ar Chlárlann an Aontais
|
09 02 03
|
Conarthaí Seirbhíse
|
|
|
0,173
|
|
0,203
|
|
0,089
|
|
0,084
|
|
0,084
|
|
0,633
|
|
09 01 01 01
|
QTM, Extramuros, trealamh
|
|
|
0,404
|
|
0,473
|
|
0,207
|
|
0,197
|
|
0,195
|
|
1,476
|
- síneadh ar an Deasc freastail
|
09 02 03
|
Conarthaí Seirbhíse
|
|
|
0 000
|
|
0,091
|
|
0,365
|
|
0,300
|
|
0,250
|
|
1 007
|
|
09 01 01 01
|
QTM, Extramuros, trealamh
|
|
|
0 000
|
|
0,377
|
|
0,824
|
|
0,589
|
|
0,389
|
|
2,178
|
- tabhair córas tuairiscithe MRV ETS cothrom le dáta
|
09 02 03
|
Conarthaí Seirbhíse
|
|
|
0,459
|
|
0,754
|
|
1,250
|
|
1,191
|
|
0,774
|
|
4,429
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 5
|
|
1,036
|
|
1,898
|
|
2,734
|
|
2,362
|
|
1,692
|
|
9,722
|
IOMLÁN
|
|
2,270
|
|
3,118
|
|
3,615
|
|
3,077
|
|
2,320
|
|
14,400
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
·◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
·✓
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
3,344
|
3,648
|
3,648
|
3,648
|
3,648
|
17,936
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,210
|
0,404
|
0,176
|
0,060
|
0,060
|
0,910
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
3,554
|
4,052
|
3,824
|
3,708
|
3,708
|
18,846
|
|
|
|
|
|
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7[1] den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
1,029
|
1,632
|
1,476
|
1,184
|
0,952
|
6,273
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
1,029
|
1,632
|
1,476
|
1,184
|
0,952
|
6,273
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
4,583
|
5 684
|
5,300
|
4,892
|
4,660
|
25,119
|
Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
·◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
·✓
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Ÿ Poist sa phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
22
|
24
|
24
|
24
|
24
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
Ÿ Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE)[1]
|
20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
XX 01 xx yy zz
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
- i dtoscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
22
|
24
|
24
|
24
|
24
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Éilítear acmhainní breise AD chun na críocha a leanas:
- Dréachtú dlíthiúil agus formheas leasuithe ar reachtaíocht thánaisteach ina leagtar amach rialacha mionsonraithe cur chun feidhme maidir le ceantáil; Clárlann an Aontais; faireachán agus tuairisciú; fíorú tuarascálacha astaíochtaí agus creidiúnú fíoraitheoirí; leithdháileadh saor in aisce;
- Cúraimí cur chun feidhme a bhaineann le síneadh ETS chuig muiriompar (lena n‑áirítear na leasuithe is gá ar an gcóras MRV atá ann cheana) agus chuig an trádáil nua astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar;
- Soláthar an ardáin nó na n‑ardán nua ceantála le haghaidh ceantáil lamháltas ginearálta, chomh maith le cineál nua lamháltas le haghaidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar
- Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na n‑oibleagáidí faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin (MRV)
- Tuilleadh cur chun feidhme agus formhaoirseacht ar chistí ísealcharbóin
- Oiriúnuithe TF i gClárlann an Aontais.
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
·✓
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Cumhdófar an caiteachas laistigh d’imchlúdach LIFE.
·◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
·◻
is gá athscrúdú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
·✓
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
·◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
·◻
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
·✓Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
✓
ar acmhainní dílse
✓ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
Ní féidir seo a chainníochtú