AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.9.2021
COM(2021) 547 final
2021/0291(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2021) 318 final} - {SWD(2021) 244 final} - {SWD(2021) 245 final} - {SWD(2021) 246 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ó 2009 i leith, tá an Coimisiún ag iarraidh teorainn a chur le hilroinnt mhargadh na gcomhéadan luchtúcháin le haghaidh gutháin phóca agus gléasanna den tsamhail chéanna. Ní raibh de thoradh ar na tionscnaimh sin, áfach, ach scéimeanna deonacha nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí agus, dá bhrí sin, ní áirithítear leo go gcuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach ná go haonfhoirmeach iad.
I mí an Mheithimh 2009, ar iarraidh ón gCoimisiún, chomhaontaigh mórtháirgeoirí guthán póca meabhrán tuisceana a shíniú maidir le comhchuibhiú luchtairí d’fhóin phóca a chumasaítear do shonraí, sin fóin a dhíoltar san Aontas. Chomhaontaigh na sínitheoirí sonraíocht uilíoch a fhorbairt atá bunaithe ar an gcomhéadan USB 2.0 micro-B, lena bhféadfaí lán‑chomhoiriúnacht leis na gutháin phóca a ghearradh ar an margadh.
Tháinig laghdú ar ilroinnt an mhargaidh mar gheall ar an meabhrán tuisceana agus dá bharr sin rinneadh ailíniú ar fud an domhain nach mór. Mar thoradh ar a chur chun feidhme, laghdaíodh líon na réiteach luchtúcháin le haghaidh gutháin phóca ó 30 go dtí nach raibh ann ach trí cinn amháin agus bhí an laghdú sin éifeachtach. Mar sin féin, bhíothas in ann úsáid a bhaint as comhéadain luchtúcháin dílseánaigh mar gheall ar an meabhrán tuisceana, agus lean mórtháirgeoir guthán póca de réiteach amháin den sórt sin a úsáid (agus á úsáid fós féin), rud a chuireann cosc ar idir-inoibritheacht iomlán. Ina theannta sin, níor thug an meabhrán tuisceana aghaidh riamh ar shaincheisteanna comhshaoil a eascraíonn as na comhéadain luchtúcháin éagsúla sin atá ann i gcónaí agus as prótacail chumarsáide luchtúcháin.
Mura gcuirfidh an tAontas aon bheart i gcrích, meastar go mairfidh an ilroinnt sin de mhargadh na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin i gcónaí agus ní thabharfar aghaidh ar an tionchar atá ar an gcomhshaol ach oiread.
Ó chuaigh an meabhrán tuisceana in éag in 2014 (tar éis dhá litir athnuachana), bhí an Coimisiún Eorpach ag féachaint le comhaontú deonach nua a ghlacadh agus é sin a chur chun cinn. I mí an Mhárta 2018, tar éis roinnt babhtaí plé idir na monaróirí ábhartha agus malartú tuairimí leis an gCoimisiún, mhol an tionscal meabhrán tuisceana nua maidir le réiteach luchtúcháin uilíoch todhchaíoch le haghaidh gutháin chliste. Mar sin féin, níor mheas an Coimisiún go raibh an meabhrán tuisceana nua sásúil toisc nach bhfuil sé i gcomhréir le cuspóirí comhchuibhithe an Aontais, lena bhféachtar le hilroinnt na réiteach luchtúcháin a theorannú (na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin araon) le haghaidh gutháin phóca agus ítimí trealaimh raidió den tsamhail chéanna. Leis an meabhrán tuisceana nua atá beartaithe, leanadh de bheith ag ceadú réitigh dhílseánaigh a úsáid (modhanna nasctha a bhaineann le ceannaitheoirí sonracha), ar réitigh iad nach measann an Coimisiún údar cuí a bheith leo a thuilleadh i bhfianaise na mbuntáistí teicniúla atá ann mar thoradh ar an gcomhéadan USB Type-C a thabhairt isteach.
Sa chomhthéacs sin, sheol an Coimisiún staidéar measúnaithe tionchair in 2018 maidir le togra féideartha a bhí dírithe ar réiteach uilíoch a chur chun feidhme maidir le gutháin phóca a luchtú (agus, b’fhéidir, catagóirí nó aicmí eile den tsamhail chéanna a bhaineann le trealamh raidió). Cé gurb é bunchuspóir an tionscnaimh seo feabhas a chur ar an áisiúlacht don tomhaltóir, thángthas ar an gconclúid sa staidéar dá bhforchuirfí comhéadan luchtúcháin uilíoch agus prótacal cumarsáide maidir le luchtú uilíoch ó thaobh an trealaimh raidió de (gutháin chliste, ach d'fhéadfaí taibléid, ceamaraí, léitheoirí etc a chur san aíreamh freisin), agus an díchuachadh a spreagadh agus a fhorchur (i.e. an soláthar d'úsáideoir deiridh an trealaimh raidió gan an gléas luchtúcháin) go rachadh sin chun tairbhe do thomhaltóirí agus go laghdódh sé dramhthrealamh leictreonach (r-dhramhaíl). Tháinig sé chun tosaigh sa chonclúid freisin nach mbainfí amach idir-inoibritheacht iomlán an luchtaithe mura ndéanfaí ach an comhéadan luchtúcháin a chomhchuibhiú (i gcás trealamh raidió a luchtaítear trí luchtú sreangaithe nuair is é an gabhdán luchtúcháin é an comhéadan sin). Go deimhin, tá prótacail cumarsáide luchtúcháin éagsúla ann faoi láthair agus ní áirithíonn siad go léir an fheidhmíocht luchtúcháin chéanna más rud é go n‑úsáidtear gléas luchtúcháin branda eile. Ina theannta sin, thángthas ar an gconclúid sa staidéar gur dhócha go gcuirfí leis an áisiúlacht do thomhaltóirí ar an iomlán dá mbeadh gléas luchtúcháin uilíoch ann le haghaidh cineálacha éagsúla trealaimh raidió. Maidir le luchtú gan sreang (i.e. is iondúil gurb í an teicneolaíocht luchtúcháin seachas luchtú sreinge atá i gceist), thángthas ar an gconclúid sa staidéar dá dtarlódh aon dul chun cinn sa teicneolaíocht i leith luchtú gan sreang go bhféadfadh sé sin an bonn a bhaint den réasúnaíocht atá le réiteach nascóra uilíoch, trí laghdú suntasach a dhéanamh ar ábharthacht na réiteach luchtúcháin sreangaithe i gcoitinne. I bhfianaise na gconclúidí sin, I mí Dheireadh Fómhair 2020, sheol an Coimisiún dhá staidéar chomhlántacha, maidir le gutháin phóca agus gléasanna leictreonacha iniompartha den tsamhail chéanna agus teicneolaíochtaí luchtúcháin gan sreang a dhíchuachadh chun an bonn fianaise a neartú don togra.
I mí Eanáir 2020, ghlac Parlaimint na hEorpa rún lena n— iarrtar go nglacfaí go práinneach caighdeán maidir le luchtaire uilíoch le haghaidh gutháin phóca d’fhonn tuilleadh ilroinnte sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Go sonrach, iarradh ar an gCoimisiún sa rún beart reachtach a ghlacadh, más gá, chun caighdeán maidir le luchtaire uilíoch a bhunú. Thaobhaigh sé leis an gCoimisiún freisin a áirithiú nach bhfuil sé d’oibleagáid ar thomhaltóirí a thuilleadh luchtairí nua a cheannach le gach ítim nua trealaimh raidió agus gur cheart bearta díchuachta (an soláthar d’úsáideoir deiridh trealaimh raidió gan gléas luchtúcháin) a thabhairt isteach le réiteach luchtúcháin uilíoch, mar mura ndéanfaí sin, ní bhainfí an aidhm amach chun méid na ngléasanna luchtúcháin a tháirgtear in aghaidh na bliana a laghdú agus, ar an gcaoi sin, dramhthrealamh leictreonach (r-dhramhaíl) a laghdú.
Luaitear go sonrach i gclár oibre 2020 de chuid an Choimisiúin a rinneadh a choigeartú go mbeidh togra nua ann maidir le luchtairí uilíocha le haghaidh gutháin phóca agus catagóirí nó aicmí trealaimh raidió den tsamhail chéanna.
Chun go mbainfear amach an sprioc dheiridh maidir le luchtaire uilíoch agus go mbeidh réamhchoinníollacha ann maidir le díchuachadh fiúntach fónta, fuarthas amach sna trí staidéar tacaíochta a cuireadh i gcrích go gcomhtháthódh an trealamh raidió na nithe seo a leanas: comhéadan luchtúcháin comhchuibhithe ó thaobh an trealaimh raidió de (an gabhdán luchtúcháin i gcás trealamh raidió a luchtaítear trí luchtú sreangaithe), idir-inoibritheacht uilíoch íosta an luchtaithe trí phrótacal cumarsáide luchtúcháin comhchuibhithe, agus faisnéis mhionsonraithe faoi riachtanais luchtúcháin an trealaimh raidió.
Tagann dearadh an trealaimh raidió faoi raon feidhme Threoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh trealaimh raidió. Ar an taobh eile, tagann saintréithe an tsoláthair cumhachta seachtraí faoi raon feidhme Threoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú.
Is é is aidhm don togra seo ilroinnt an mhargaidh a chosc ó thaobh comhéadain luchtúcháin agus prótacail chumarsáide luchtúcháin, cur leis an áisiúlacht do thomhaltóirí agus an r-dhramhaíl a laghdú. Go háirithe, déanfaidh sí na nithe seo a leanas:
- gutháin phóca agus catagóirí nó aicmí trealaimh raidió den tsamhail chéanna(táibléid, ceamaraí digiteacha, cluasáin agus ceannfhearais, consóil físchluichí láimhe agus callairí iniompartha) a athluchtaítear trí luchtú sreinge, an comhéadan luchtúcháin le haghaidh na nithe sin a chomhchuibhiú ionas gur féidir iad a athluchtú trí ghabhdán luchtúcháin uilíoch a úsáid;
- ráthaíocht a thabhairt go n‑ionchorpróidh na gléasanna sin, i gcás ina dtacaíonn siad le mearluchtú, an prótacal cumarsáide luchtúcháin céanna ar a laghad;
- deis a thabhairt chun comhchuibhiú a dhéanamh ar an réimse seo amach anseo mar fhreagairt d’fhorbairtí teicneolaíocha, lena n‑áirítear aon chineál comhéadain luchtúcháin a chomhchuibhiú seachas luchtú sreinge;
- ceanglais a thabhairt isteach ionas nach mbeidh sé d’oibleagáid ar úsáideoirí deiridh gléas luchtúcháin nua a cheannach aon uair a cheannóidh siad guthán póca nua nó ítim trealaimh raidió den tsamhail chéanna agus;
- ceanglais a thabhairt isteach ionas go bhfaighidh úsáideoirí deiridh an fhaisnéis is gá maidir lena saintréithe feidhmíochta luchtúcháin agus maidir leis an ngléas luchtúcháin ar féidir a úsáid leis agus iad ag ceannach guthán póca nó ítim de threalamh raidió den tsamhail chéanna.
Rinneadh Measúnú Tionchair chun roghanna beartais a scrúdú maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) an comhéadan luchtúcháin trealaimh raidió a chomhchuibhiú;
(b) tacaíocht don phrótacal cumarsáide luchtúcháin iomchuí maidir leis an trealamh raidió agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin bhfeidhmíocht luchtúcháin; agus
(c) réiteach díchuachta ar a laghad a chur ar fáil ar an margadh.
|
Rogha Beartais
|
(A) Nascóir leis an ngléas deiridh a chomhchuibhiú
|
(B) Tacaíocht don phrótacal luchtúcháin iomchuí maidir leis an ngléas deiridh agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin bhfeidhmíocht luchtúcháin;
|
(C) Réitigh díchuachta ar a laghad a chur ar fáil ar an margadh.
|
|
Rogha 0
|
Gan aon bheart a dhéanamh
|
Gan aon bheart a dhéanamh
|
Gan aon bheart a dhéanamh
|
|
Rogha 1
|
Éigeantach
|
Gan aon bheart a dhéanamh
|
Gan aon bheart a dhéanamh
|
|
Rogha 2
|
Gan aon bheart a dhéanamh
|
Éigeantach
|
Gan aon bheart a dhéanamh
|
|
Rogha 3
|
Gan aon bheart a dhéanamh
|
Éigeantach
|
Éigeantach
|
|
Rogha 4
|
Éigeantach
|
Éigeantach
|
Gan aon bheart a dhéanamh
|
|
Rogha 5
|
Éigeantach
|
Éigeantach
|
Éigeantach
|
Maidir le gach rogha, tá fo-roghanna ann a bhfuil raon feidhme cúng acu (i.e. ní chumhdaítear leo ach gutháin phóca amháin) nó le raon feidhme níos leithne (lena n‑áirítear freisin gléasanna áirithe a bhfuil saintréithe luchtúcháin acu atá inchomparáide le saintréithe luchtúcháin gutháin póca). Is í rogha 5 an rogha thosaíochta i leith an bheartais, agus raon feidhme leathan aici toisc go mbaineann sí leis an gcomhbhabhtáil is cothroime idir na cuspóirí go léir agus go rachaidh sé chun tairbhe don chuid is mó de na páirtithe leasmhara agus don chomhshaol.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tugtar ceanglais bhreise isteach leis an togra, ceanglais a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le gutháin phóca agus le catagóirí nó aicmí trealamh raidió den tsamhail chéanna, i dTreoir 2014/53/AE, lena mbunaítear creat rialála chun trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus trealamh raidió a chur i seirbhís san Aontas agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a ráthú don trealamh sin.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Baineann an togra le Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Gheilleagar Ciorclach, lena bhfógraítear tionscnaimh a dhéanann difear do shaolré iomlán na dtáirgí, e.g. díriú ar a ndearadh, próisis an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, an tomhaltas inbhuanaithe a chothú, agus féachaint lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní a úsáidtear a choinneáil i ngeilleagar an Aontais chomh fada agus is féidir.
Is faoin dara tosaíocht de chlár oibre 2020 an Choimisiúin (‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’) a áirítear togra le haghaidh reachtaíocht maidir le luchtairí uilíocha le haghaidh gutháin phóca agus catagóirí nó aicmí trealaimh raidió den tsamhail chéanna.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar an mbunús dlí céanna leis an ngníomh reachtach atá á leasú, i.e. Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Is inniúlacht é an margadh inmheánach a roinntear idir an tAontas agus na Ballstáit.
Ceann de chuspóirí Threoir 2014/53/AE is ea dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a ráthú. Is do luchtairí uilíocha a thagraíonn Airteagal 3(3)(a) den Treoir, Airteagal a bhfuil feidhm aige más rud é go nglactar gníomh tarmligthe ábhartha an Choimisiúin.
Luaitear in aithris 12 den Treoir go simplíonn an idir-inoibritheacht idir trealamh raidió agus oiriúintí amhail luchtairí úsáid trealaimh raidió agus go laghdaítear dramhaíl agus costais neamhriachtanacha.
Mura ndéanfar comhchuibhiú ar an réimse seo, beidh difríochtaí suntasacha ann idir dlíthe, rialacháin, forálacha riaracháin nó cleachtais na mBallstát maidir le hidir-inoibritheacht guthán póca agus catagóirí nó aicmí trealaimh raidió den tsamhail chéanna le gléas luchtúcháin uilíoch agus maidir leis an díchuachadh.
D’fhéadfadh an ghníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic leis na fadhbanna constaicí a chur ar shaorghluaiseacht earraí. Thairis sin, tá an ghníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta teoranta do chríoch an Bhallstáit nó na mBallstát atá i gceist. As siocair go bhfuil idirnáisiúnú na trádála ag méadú, tá líon na gcásanna trasteorann ag dul i méad. Mar gheall ar ghníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais, bainfear na cuspóirí comhaontaithe amach ar bhealach i bhfad níos éifeachtúla, agus, go háirithe, beidh faireachas margaidh níos éifeachtaí dá bharr. Dá bhrí sin, is iomchuí gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann na leasuithe atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha síos a ghnóthú.
Ní fhorchuirtear leis na ceanglais nua nó leasaithe ualaí ná costais neamhriachtanacha ar earnáil na tionsclaíochta (go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide) ná ar chórais riaracháin. I gcás inar sainaithníodh tionchair dhiúltacha, moltar an fhreagairt is comhréirí san anailís ar an rogha thosaíochta.
•An rogha ionstraime
Is féidir forálacha ábhartha Threoir 2014/53/AE a leasú trí bhíthin Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/53/AE. Ba cheart do na Ballstáit an Treoir leasaitheach a thrasuí trí bhíthin ionstraimí náisiúnta dlí.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinneadh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin seo a leanas idir mí na Bealtaine 2019 agus mí Aibreáin 2021 chun measúnú a dhéanamh ar réimsí a d’fhéadfaí a athbhreithniú agus ar thionchar na rogha beartais atá beartaithe i leith réimsí éagsúla:
–leis an measúnú ar thionchar tionscanta (2018-2019) díríodh ar shaoránaigh, ar chomhlachais tomhaltóirí, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, ar chomhlachais monaróirí agus ar mhonaróirí aonair;
–le comhairliúchán poiblí (2019) díríodh ar na Ballstáit, ar shaoránaigh, ar chomhlachais tomhaltóirí, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, ar chomhlachais monaróirí, agus ar mhonaróirí aonair;
–le dhá shuirbhé tomhaltóirí (2019 agus 2021) díríodh ar shaoránaigh;
–le suirbhé ar pháirtithe leasmhara (2020-2021) díríodh ar na Ballstáit, ar shaoránaigh, ar chomhlachais tomhaltóirí agus ar mhonaróirí;
–le hagallaimh spriocdhírithe (2021) díríodh ar chomhlachais tomhaltóirí, ar chomhlachais chomhshaoil, ar údaráis faireachais margaidh, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, ar comhlachais monaróirí, agus ar mhonaróirí;
–i gcruinnithe de ghrúpaí saineolaithe tugadh aghaidh ar chomhlachais tomhaltóirí, ar na Ballstáit, ar údaráis faireachais margaidh, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, ar chomhlachais monaróirí, agus ar mhonaróirí.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Sheol an Coimisiún staidéar measúnaithe tionchair, rud a fuair tacaíocht ó thrí staidéar, agus arb é is ábhar dó togra dlí féideartha lena ndíreofaí ar na nithe seo a leanas: deireadh a chur leis an ilroinnt agus aghaidh a thabhairt ar an áisiúlacht do thomhaltóirí; an r-dhramhaíl a laghdú; bheith ag féachaint chun tosaigh agus faireachán a dhéanamh ar staid na dteicneolaíochtaí luchtúcháin a bheidh ann amach anseo (e.g. gan sreang), rud arb é an aidhm a bheidh leis an ilroinnt a chosc ach gan bac a chur ar an nuálaíocht. Is iad seo a leanas na trí staidéar tacaíochta: staidéar measúnaithe tionchair ar réiteach uilíoch chun gutháin phóca a luchtú agus réiteach uilíoch a d’fhéadfaí a úsáid chun gléasanna iniompartha beaga agus meánmhéide eile a luchtú (‘an chéad staidéar’); measúnú ar stádas na dteicneolaíochtaí luchtúcháin gan sreang a úsáidtear le haghaidh gutháin phóca agus gléasanna den tsamhail chéanna (‘an dara staidéar’); agus staidéar measúnaithe tionchair ar Dhíchuachadh Luchtairí (‘an tríú staidéar’).
•Measúnú tionchair
Sa chéad staidéar tacaíochta, fuarthas amach go raibh Meabhrán Tuisceana 2009 éifeachtach ó thaobh comhchuibhiú a dhéanamh ar réitigh luchtúcháin (comhéadan luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin) agus ó thaobh feabhas a chur ar an áisiúlacht do thomhaltóirí. Mar sin féin, níor baineadh amach comhchuibhiú iomlán ar na réitigh luchtúcháin. Ina theannta sin, níor cuireadh díchuachadh i gcrích ar chaoi ar bith a bhí suntasach, agus ní raibh ach roinnt monaróirí san Aontas ag tairiscint rogha do thomhaltóirí guthán a cheannach gan gléas luchtúcháin, rud a chuirfeadh teorainn leis na tairbhí don chomhshaol a bhfuiltear ag súil leo.
Comhairliúchán poiblí an Choimisiúin maidir le luchtairí guthán póca, fuarthas amach sa chéad staidéar go raibh formhór shaoránaigh an Aontais a ghlac páirt sa chomhairliúchán sin míshásta míshásta (41 %) nó an‑mhíshásta (22 %) leis ‘an staid reatha maidir le luchtairí guthán póca agus a n‑idirnasc gan bac fánaíochta’, agus chomhaontaigh 76 % go bhfuil an staid reatha mí‑áisiúil d’úsáideoirí guthán póca nó chomhaontaigh siad ‘go láidir’ leis an tuairim sin. Ba léir freisin go raibh tacaíocht ann i measc na bhfreagróirí ar son luchtaire uilíoch. Bhí 63 % i bhfabhar an tAontas a chumhacht rialála a fheidhmiú chun caighdeán maidir le luchtairí a shainordú, agus mheas 31 % gur cheart don Aontas comhaontú ar fud an tionscail a chur chun cinn. Níor mhol ach 6 % de na saoránaigh a ndearnadh suirbhé orthu gur cheart don Aontas staonadh ó aon chineál idirghabhála. Thug údaráis phoiblí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí tomhaltóirí le fios freisin gur thacaigh siad le réiteach luchtúcháin uilíoch.
Fuarthas amach sa chéad staidéar freisin go bhfuil tionchar ar an gcomhshaol ag tomhaltas amhábhar chun gléasanna luchtúcháin a tháirgeadh chomh maith le tionchar i dtéarmaí r-dhramhaíl a ghiniúint ag deireadh shaolré an táirge. Measadh gur cruthaíodh tuairim is 11 000 t r-dhramhaíola in 2018 ó ghléasanna luchtúcháin guthán póca agus go raibh na hastaíochtaí ón tsaolré ghaolmhar thart ar 600 ktCO2e. Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar na méideanna sin sna blianta amach romhainn, go príomha mar gheall ar mhearluchtairí níos troime.
Tagraíonn an staidéar do mhórfhorbairt theicneolaíoch eile: an luchtú teagmhála neamhleictrí (gan sreang). Tá an teicneolaíocht sin ag brath ar chomhéadan luchtúcháin nach n‑úsáideann gabhdán luchtúcháin tiomnaithe (murab ionann agus trealamh raidió, a luchtaítear trí cheangal sreinge). Ó tugadh isteach gutháin a d’fhéadfaí a luchtú gan sreang, tá tomhaltóirí á gceannach ar bonn seasta ó shin. Idir 2016 agus 2018, tháinig méadú faoi shé ar dhíolacháin, go dtí thart ar 44 milliún aonad, nó thart ar 28 % de na díolacháin in 2018. Mar sin féin, ní mheastar gur athsholáthar le haghaidh luchtú sreinge í an teicneolaíocht sin i láthair na huaire mar gheall ar rátaí éifeachtúlachta na luchtairí sin. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil gléasanna luchtúcháin gan sreang agus gléasanna gnáthluchtúcháin sreinge le fáil san am céanna, tá teorainn leis an deis laghdú a dhéanamh ar r-dhramhaíl toisc go mbaineann luchtairí gan sreang úsáid níos déine as ábhair ná mar a bhaineann luchtairí sreinge.
Sa chéad staidéar rinneadh breithniú freisin ar a mhéid a d’fhéadfadh tionscnamh maidir le luchtaire uilíoch tacú leis an treocht atá ann faoi láthair i ndáil le díchuachadh deonach (i.e. oibreoirí eacnamaíocha a thairgeann gutháin gan ghléasanna luchtúcháin) chun iad a chur chun tairbhe don chomhshaol agus chun an rogha sin a thabhairt do chustaiméirí. Thángthas ar an gconclúid go bhféadfadh tionscnamh den sórt sin, lena ngabhann bearta eile chun díchuachadh a spreagadh, cur le cuspóirí comhshaoil an AE. Dá airde an ráta díchuachta, is mó na buntáistí don chomhshaol agus do thomhaltóirí, ó thaobh coigiltis chostais agus áisiúlachta de.
De réir an dara staidéar, is teicneolaíocht atá á forbairt é an luchtú gan sreang fós, lena léirítear ilroinnt íseal na gcomhéadan luchtúcháin agus leibhéal maith idir-inoibritheachta idir réitigh luchtúcháin, is cosúil, dá bhrí sin, go mbeadh sé róluath ceanglais éigeantacha a thabhairt isteach maidir leis an teicneolaíocht sin. Mar sin féin, de réir mar a thagann forbairt ar an teicneolaíocht agus de réir mar a dhéantar í a ionchorprú i níos mó táirgí, d’fhéadfaí ilroinnt teacht chun cinn dá mba rud é go n‑úsáidfí comhéadain luchtúcháin éagsúla agus prótacail chumarsáide luchtúcháin.
De réir an tríú staidéar, bíonn comhbhabhtálacha an‑soiléir sofheicthe i gceist leis na roghanna díchuachta, go háirithe i gcás tairbhí don comhshaol i gcomparáid le costas airgeadais agus caillteanas áisiúlachta do thomhaltóirí. Formhór na bhfreagróirí ar shuirbhéanna ar pháirtithe leasmhara, (údaráis phoiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus saoránaigh phríobháideacha), b’fhearr leo an rogha oibleagáid a chur ar mhonaróirí agus ar dháileoirí rogha a thabhairt do chustaiméirí soláthar cumhachta seachtrach nua (EPS) agus/nó cábla le guthán póca nua a cheannach nó gan é a cheannach. Mar sin féin, mheas a sé as gach deich bhfreagróirí ón tionscal gur cheart go mbeadh sé de shaoirse ag gach monaróir nó dáileoir guthán póca a ngutháin phóca agus a luchtairí féin a dhíol (i.e. na nithe atá le cur sa bhosca miondíola).
Léiríodh sa tríú staidéar, ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, go raibh sé fógartha ag roinnt monaróirí (a chuimsíonn 30-40 % de sciar an mhargaidh) nach gcuirfí EPS (agus gabhálais eile) sa bhosca miondíola i gcás samhlacha nua áirithe. Tá daoine eile ag breathnú ar a gcuid roghanna, agus is cosúil gur dócha go dtosódh cuid acu ar a laghad freisin réitigh dhíchuachta a thairiscint go luath amach anseo. Mar sin féin, is cosúil nach bhfuil fonn ar na monaróirí sin a bhfuil infheistíocht mhór déanta acu i dteicneolaíocht luchtúcháin dílseánaigh, ós rud é gur cuid thábhachtach dá straitéis mhargaíochta í ardfheidhmíocht luchtúcháin a nguthán cuachta agus EPS. Mar sin féin, teipeann ar mhonaróirí a d’fhorbair na réitigh sin a léiriú gurb amhlaidh atá sé mar thoradh ar an bhforbairt agus nach bhfuil sé mar thoradh ar na bloic réitigh atá acu ná ar an éifeachtúlacht a bhaineann le luchtairí eile a úsáid.
Comhéadan luchtúcháin comhchuibhithe ó thaobh an trealaimh raidió de (i.e. i gcás trealamh raidió a luchtaítear trí luchtú sreangaithe arb é atá ann gabhdán luchtúcháin), idir-inoibritheacht uilíoch íosta an luchtaithe trí phrótacal cumarsáide luchtúcháin comhchuibhithe, agus dá bhrí sin is réamhchoinníollacha maidir le díchuachadh fiúntach fónta é an soláthar faisnéise faoi riachtanais luchtúcháin an trealaimh raidió.
Rinneadh measúnú tionchair ina ndearnadh scrúdú ar na roghanna beartais lena gcomhcheanglaítear na trí (3) bheart éagsúla seo a leanas: (a) an comhéadan luchtúcháin trealaimh raidió a chomhchuibhiú; (b) tacaíocht don phrótacal cumarsáide luchtúcháin iomchuí maidir leis an trealamh raidió agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin bhfeidhmíocht luchtúcháin; agus (c) réiteach le haghaidh díchuachadh ar a laghad a chur ar fáil ar an margadh.
Maidir le gach rogha, tá fo-roghanna ann a bhfuil raon feidhme cúng acu (i.e. gutháin phóca amháin) nó le raon feidhme níos leithne (gléasanna áirithe a bhfuil saintréithe luchtúcháin acu atá inchomparáide le saintréithe luchtúcháin gutháin póca). Is í rogha 5 an rogha thosaíochta i leith an bheartais, agus raon feidhme leathan aici toisc go mbaineann sí leis an gcomhbhabhtáil is cothroime idir na cuspóirí go léir agus go rachaidh sí chun tairbhe don chuid is mó de na páirtithe leasmhara agus don chomhshaol.
Meastar go nginfear tairbhí don chomhshaol le Rogha 5 trí astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú thart ar 180 ktCO2e in aghaidh na bliana, úsáid ábhair a laghdú thart ar 2600 t in aghaidh na bliana, agus an r-dhramhaíl a laghdú 980 t in aghaidh na bliana. Is é díchuachadh an soláthar seachtrach cumhachta (EPS) is mó a chuireann leis na tairbhí don chomhshaol a bhuí le laghdú ó thaobh eastóscadh acmhainní, monarú, iompair, úsáide agus dhiúscairt na luchtairí.
Maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí, déanfaidh an rogha thosaíochta idir-inoibritheacht a áirithiú trí chomhéadan uilíoch agus feidhmíocht luchtúcháin, lena laghdófar díolacháin EPSanna agus cáblaí neamhspleácha agus lena gcuirfear a n‑athúsáid chun cinn. Maidir leis an gcomhéadan luchtúcháin a chomhchuibhiú, is leor port luchtúcháin USB Type-C a fhorchur ar an trealamh raidió chun aghaidh a thabhairt ar an mhí‑áisiúlacht atá ann do thomhaltóirí nach féidir leo a ngléasanna a luchtú toisc nach bhfuil aon luchtaire comhoiriúnach ar fáil dóibh. Mar thoradh air sin beidh laghdú thart ar EUR 250 milliún in aghaidh na bliana ar chaiteachas tomhaltóirí ar na hítimí sin freisin.
Meastar go gcuirfidh an rogha thosaíochta EUR 105 milliún in aghaidh na bliana le láimhdeachas na n‑oibreoirí eacnamaíocha ar an iomlán. Is mó na sochair láimhdeachais do mhiondíoltóirí agus do dháileoirí (EUR 457 milliún in aghaidh na bliana), mar gheall ar ghléasanna luchtúcháin gan bheith curtha sa bhosca miondíola agus dá bhrí sin a bheith á gceannach níos minice ina n‑aonar, ná an tionchar diúltach ar an láimhdeachas monaróirí gléasanna (EUR 352 milliún in aghaidh na bliana) arna dtabhú le cur i bhfeidhm an nascóra uilíoch i ndáil le monaróirí gléasanna agus an caillteanas brabúis freisin do mhonaróirí EPS.
Trí bhíthin idirthréimhse maolófar na costais dhíreacha ar mhonaróirí nach n‑úsáideann an nascóir uilíoch agus nach mór dóibh a dtrealamh a athdhearadh agus dá bhrí sin meastar gur diomaibhseach na costais sin. Meastar gurb é EUR 30 milliún na costais dhíreacha ar mhonaróirí a bhaineann úsáid as prótacail chumarsáide mearluchtaithe dílseánaigh nach bhfuil comhoiriúnach don réiteach uilíoch faoi láthair. Is deacair na costais indíreacha a mheas (mar gheall ar neamhthoilteanas na monaróirí an fhaisnéis sin a nochtadh) agus ní fheicfear iad ach amháin sa chaillteanas ríchíosanna do mhonaróirí nach n‑úsáideann an cónascóir uilíoch le haghaidh dtáirgí cheana féin.
|
|
Sochar (in aghaidh na bliana)
|
Costas (in aghaidh na bliana)
|
|
Astaíochtaí na ngás ceaptha teasa
|
180 ktCO2e
|
|
|
Úsáid ábhair
|
2 600 tona
|
|
|
R-dhramhaíl
|
980 tona
|
|
|
Caiteachas tomhaltóirí
|
250 m€
|
|
|
Láimhdeachas miondíoltóirí agus dáileoirí
|
457 m€
|
|
|
Láimhdeachas monaróirí ar fud an domhain
|
|
352 m€
|
|
Athdhearadh trealaimh chun nascóir uilíoch a chur i ngníomh
|
|
San áireamh sa mhéid thuas.
Is costas é seo a mhaolófar de bharr na hidirthréimhse, is é sin de réir mar a bhainfidh níos mó agus níos mó monaróirí úsáid as an nascóir uilíoch fiú sa bhonnlíne.
|
|
Prótacal cumarsáide maidir le luchtú uilíoch a chur i bhfeidhm
|
|
San áireamh sa mhéid thuas.
|
|
Réiteach díchuachta a chur i ngníomh
|
|
San áireamh sa mhéid thuas.
|
|
Caillteanas ríchíosanna
|
|
Do-intomhaiste
|
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ceanglaítear le Treoir 2014/53/AE cheana féin ar mhonaróirí a áirithiú go ndéantar trealamh raidió a chuirtear ar mhargadh an Aontais a dhearadh agus a mhonarú i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach sa Treoir sin agus go mbíonn faisnéis ag gabháil leis (e.g. faisnéis maidir le sábháilteacht, úsáid bheartaithe trealaimh raidió agus srianta úsáide). Ní bheidh feidhm ag na ceanglais nua ach maidir le catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió agus dá bhrí sin ní mheastar go gcruthóidh siad ualach breise
Níl na leasuithe cuimsitheach ná ní dhéanann siad aon athrú suntasach ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair maidir le trealamh raidió.
•Cearta bunúsacha
Má dhéantar an comhéadan a chomhchuibhiú le haghaidh gutháin phóca agus gléasanna eile den tsamhail sin, sa mhéid is go ndéantar iad a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge, ionas gur féidir iad a athluchtú trí ghabhdán luchtúcháin uilíoch agus prótacal cumarsáide luchtúcháin uilíoch a úsáid, agus má dhíchuachtar na gléasanna sin óna luchtairí féin, cuirfear leis an leibhéal cosanta comhshaoil (Airteagal 37 den Chairt) agus le cosaint an tomhaltóra (Airteagal 38 den Chairt).
Meastar gur cruthaíodh tuairim is 11 000 tona r-dhramhaíola in 2018 ó luchtairí guthán agus gurbh ionann na hastaíochtaí saolré gaolmhara thart ar 600 ktCO2e. Táthar ag súil go dtiocfaidh beagán méadaithe ar na méideanna sin sna blianta amach romhainn, is é sin go príomha mar gheall ar aistriú go húsáid mearluchtairí níos troime.
Dá bhrí sin, laghdóidh an togra dramhaíl chomhshaoil agus áiritheoidh sé an áisiúlacht do thomhaltóirí.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní dhéanfaidh an togra aon difear do bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is é atá beartaithe leis an togra Treoir 2014/53/AE a leasú lena gceanglaítear cheana in Airteagal 47 den Treoir sin:
– ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú na Treorach agus tuarascáil a thabhairt uirthi 2 bhliain tar éis dháta infheidhmeachta na Treorach agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin; agus
–ar na Ballstáit tuarascáil ar a chur i bhfeidhm a chur chuig an gCoimisiún bliain amháin tar éis dháta infheidhmeachta na Treorach agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.
Foráiltear in Airteagal 2 den togra go gcuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi thrasuí na leasuithe.
•An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
Tá an gníomh atá beartaithe ábhartha maidir leis an LEE agus, dá bhrí sin, ba cheart é a chuimsiú ann.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagal 1 den togra leasaítear forálacha áirithe de Threoir 2014/53/AE.
Is iad seo a leanas na príomhleasuithe ar Threoir 2014/53/AE atá le tabhairt isteach leis an togra seo.
(1)Cuirtear mír nua le hAirteagal 3 (ina leagtar amach na buncheanglais) agus cuirtear Iarscríbhinn nua isteach.
Mír 4 nua (Airteagal 3): Ceanglaítear leis an mír seo ítimí de threalamh raidió, a liostaítear in Iarscríbhinn nua (Cuid I) a cuireadh isteach leis an togra, chun an comhéadan luchtúcháin agus an prótacal cumarsáide luchtúcháin a bhfuil tuairisc air san Iarscríbhinn nua sin a chomhlíonadh. Leis an mír chéanna, tugtar de chumhacht don Choimisiún leasú a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ar inneachar na hIarscríbhinne nua, lena bhféadfar, amach anseo, más gá, aghaidh a thabhairt ar aon chineál breise teicneolaíochtaí luchtúcháin seachas luchtú sreinge.
Iarscríbhinn Nua (Cuid I): Éilíonn sé go bhfeisteofar gutháin phóca agus gléasanna raidió den tsamhail céanna, más rud é go bhféadfar iad a athluchtú trí luchtú sreinge, le gabhdán USB Type-C agus, más rud é go n‑éilíonn siad freisin luchtú ag voltais níos airde ná 5 volta nó sruthanna níos airde ná 3 aimpéar nó cumhachtaí níos airde ná 15 vata, go n‑ionchorpróidh siad an prótacal cumarsáide luchtúcháin a bhaineann le USB Power Delivery.
(2)Cuirtear Airteagal nua 3a isteach maidir le catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió a sholáthar gan gléasanna luchtúcháin.
(3)Ceanglaítear leis an Airteagal nua seo, más rud é go soláthraíonn oibreoir eacnamaíoch trealamh raidió, mar aon le gléas luchtúcháin, don úsáideoir deiridh, go gceanglófar ar an oibreoir eacnamaíoch sin freisin an trealamh raidió céanna a thairiscint do gach úsáideoir deiridh gan aon ghléas luchtúcháin.
(4)Leasaítear Airteagal 10(8) ionas go gcuirfear ceanglas nua faisnéise leis.
(5)Go sonrach, i gcás trealamh raidió a mbeidh feidhm ag ceanglais nua an togra maidir leis, cuirfear faisnéis ar fáil maidir lena shaintréithe feidhmíochta luchtúcháin chomh maith le seachadadh cumhachta an ghléis luchtúcháin is féidir a úsáid leis an trealamh raidió sin. Sonraítear mionsonraí na faisnéise san Iarscríbhinn nua (Cuid II) agus tugtar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, inneachar na hIarscríbhinne nua sin (cuid II) a leasú.
(6)Leasaítear Airteagal 17, lena leagtar amach na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme, chun comhlíonadh na mbuncheanglas a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2014/53/AE a léiriú, d’fhonn tagairtí a chur isteach i mír 2, do na ceanglais nua sin a bheartaítear a chur isteach in Airteagal 3 de Threoir 2014/53/AE (buncheanglais).
(7)Dá bhrí sin, beidh sé de rogha ag an monaróir an nós imeachta um rialú inmheánach táirgí a leanúint i gcónaí chun a léiriú go gcomhlíontar na ceanglais nua sin (buncheanglais).
(8)Leasaítear Airteagail 40 agus 43 d’fhonn iad a ailíniú leis na ceanglais nua a cuireadh isteach leis an togra.
(9)Ar an gcaoi sin, beidh na cumhachtaí ag na Ballstáit bearta a dhéanamh i gcoinne na dtáirgí sin nach gcomhlíonann na ceanglais nua.
(10)Leasaítear Airteagal 44, a bhaineann le cumhachtaí tarmligthe, chun tagairtí do na cumhachtaí tarmligthe a thugtar don Choimisiún tríd an togra a chur isteach.
Le hAirteagal 2 ceanglaítear ar na Ballstáit na leasuithe a thrasuí trí bhíthin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta – 12 mhí tar éis an ghlactha] agus cuir i bhfeidhm iad ón [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta – 12 mhí tar éis thréimhse an trasuímh a shonraítear sa mhír thuas].
Aon cheanglas atá le tabhairt isteach leis an togra, ní bheidh feidhm aige maidir le haon ghléas raidió a chuirtear ar mhargadh an Aontais roimh an dáta sin a mbeidh an Treoir seo infheidhme.
2021/0291 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ceann de chuspóirí Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle is ea dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a ráthú. De bhun Airteagal 3(3), pointe (a), den Treoir sin, ceann de na buncheanglais nach mór do threalamh raidió a chomhlíonadh is ea go n‑idiroibríonn sé le gabhálais, go háirithe le luchtairí uilíocha. I ndáil leis sin, luaitear in aithris (12) de Threoir 2014/53/AE go ndéanann an idir-inoibritheacht idir trealamh raidió agus gabhálais amhail luchtairí úsáid trealaimh raidió a shimpliú agus dramhaíl agus costais neamhriachtanacha a laghdú.
(2)Ó 2009 i leith, tá iarrachtaí á ndéanamh ar leibhéal an Aontais chun ilroinnt na gcomhéadan luchtúcháin le haghaidh gutháin phóca agus ítimí trealaimh raidió den tsamhail chéanna a theorannú. Tionscnaimh dheonacha a rinneadh le déanaí, níor chomhlíon siad cuspóirí beartais an Aontais go hiomlán chun an dramhaíl leictreonach (r-dhramhaíl) a laghdú, an áisiúlacht do thomhaltóirí a áirithiú agus ilroinnt mhargadh na ngléasanna luchtúcháin a sheachaint.
(3)Tá an tAontas ar a dhícheall cur go mór le húsáid éifeachtúil acmhainní trí bhíthin bogadh i dtreo geilleagar glan ciorclach trí thionscnaimh amhail Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thabhairt isteach agus, le déanaí, tríd an gComhaontú Glas don Eoraip a thabhairt isteach. Is é is aidhm don Treoir seo laghdú a dhéanamh ar an r-dhramhaíl a ghintear trí threalamh raidió a dhíol agus laghdú a dhéanamh ar eastóscadh amhábhar agus astaíochtaí CO2 a gintear le táirgeadh, iompar agus diúscairt luchtairí, agus geilleagar ciorclach a chur chun cinn ar an gcaoi sin.
(4)Le Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Gheilleagar Ciorclach déantar foráil maidir le tionscnaimh ar feadh shaolré iomlán na dtáirgí, lena ndéantar na nithe seo a leanas – díriú ar dhearadh na dtáirgí, próisis an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, an tomhaltas inbhuanaithe a chothú, agus féachaint lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní a úsáidtear a choinneáil i ngeilleagar an Aontais chomh fada agus is féidir.
(5)Chuir an Coimisiún staidéar measúnaithe tionchair i gcrích, inar léiríodh nach bhfuil lántairbhe á bhaint as an margadh inmheánach, mar is é easpa áisiúlachta do thomhaltóirí agus méadú ar an r-dhramhaíl an toradh atá ar ilroinnt leanúnach mhargadh na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin le haghaidh gutháin phóca agus trealamh raidió eile den tsamhail céanna.
(6)Cuirtear bac ar an idir-inoibritheacht idir trealamh raidió agus gabhálais amhail luchtairí ós rud é go bhfuil comhéadain dhifriúla luchtúcháin ann do chatagóirí áirithe nó d’aicmí áirithe de threalamh raidió a úsáideann luchtú sreinge amhail gutháin phóca iniompartha, táibléid, ceamaraí digiteacha, cluasáin nó ceannfhearais, consóil físchluichí láimhe agus callairí iniompartha. Ina theannta sin, tá roinnt cineálacha prótacal cumarsáide mearluchtúcháin ann nach ndéantar íosleibhéal feidhmíochta a ráthú ina leith i gcónaí. Mar thoradh air sin, tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun leibhéal uilíoch idir-inoibritheachta a chur chun cinn, sin agus soláthar faisnéise a bhaineann le saintréithe luchtaithe trealaimh raidió d'úsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, is gá ceanglais oiriúnacha a thabhairt isteach i dTreoir 2014/53/AE maidir leis na prótacail chumarsáide luchtúcháin, an comhéadan luchtúcháin (i.e. gabhdán luchtúcháin) i gcatagóirí nó in aicmí áirithe de threalamh raidió, chomh maith leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil d’úsáideoirí deiridh maidir le saintréithe luchtúcháin na gcatagóirí sin nó na n‑aicmí sin de threalamh raidió.
(7)Mura ndéanfar comhchuibhiú ar an réimse seo, d'fhéadadh difríochtaí suntasacha a bheith ann idir dlíthe, rialacháin, forálacha riaracháin nó cleachtais na mBallstát maidir le hidir-inoibritheacht guthán póca agus catagóirí nó aicmí trealaimh raidió den tsamhail céanna lena ngléasanna luchtúcháin agus maidir le soláthar trealaimh raidió gan gléasanna luchtúcháin.
(8)Mar gheall ar mhéid an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh gutháin phóca in‑athluchtaithe agus catagóirí nó aicmí trealaimh raidió den tsamhail céanna, sin agus ar leathadh cineálacha éagsúla de ghléasanna luchtúcháin le haghaidh an trealaimh raidió sin, agus ar thrádáil shuntasach trasteorann na dtáirgí sin, tá gá le gníomhaíocht reachtach níos láidre ar leibhéal an Aontais seachas ar an leibhéal náisiúnta nó ar bhonn beartais dheonacha, chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach.
(9)Is gá, dá bhrí sin, an comhéadan luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin a chomhchuibhiú le haghaidh catagóirí sonracha nó aicmí sonracha de threalamh raidió a athluchtaítear trí luchtú sreinge. Is gá freisin an bhunchloch a leagan síos le haghaidh oiriúnú a dhéanfaí ar aon dul chun cinn teicneolaíoch amach anseo, rud atá le déanamh trí chomhchuibhiú na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin i ndáil le trealamh raidió is féidir a luchtú ar aon mhodh seachas ar luchtú sreinge lena n‑áirítear luchtú trí radathonnta (luchtú gan sreang). Le comhchuibhiú den chineál sin, ba cheart dramhaíl chomhshaoil a laghdú, an áisiúlacht do thomhaltóirí a áirithiú agus a sheachaint go ndéanfaí an margadh a ilroinnt idir comhéadain luchtúcháin éagsúla, prótacail chumarsáide luchtúcháin éagsúla, agus tionscnaimh ar bith ar an leibhéal náisiúnta a d’fhéadfadh bacainní a chur ar thrádáil sa mhargadh inmheánach.
(10)Bheadh comhchuibhiú den chineál sin neamhiomlán, áfach, mura gcomhcheanglófaí é le ceanglais maidir le díol comhcheangailte trealaimh raidió agus a luchtairí agus maidir le faisnéis atá le cur ar fáil d’úsáideoirí deiridh. Chuirfeadh ilroinnt na gcineálacha cur chuige i measc na mBallstát maidir le margú na gcatagóirí nó na n‑aicmí lena mbaineann de threalamh raidió agus a ngléasanna luchtúcháin bac ar thrádáil trasteorann na dtáirgí sin, mar shampla trína chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha a dtáirgí a athphacáistiú ag brath ar an mBallstát ina mbeadh na táirgí le soláthar. Is é an toradh a bheadh air sin go mbeadh tuilleadh mí‑áisiúlachta ann do thomhaltóirí agus go gcruthófaí r-dhramhaíl neamhriachtanach, rud a dhéanfadh na sochair a fhrithchúiteamh a eascraíonn as comhchuibhiú an chomhéadain luchtúcháin agus an phrótacail cumarsáide luchtúcháin. Dá bhrí sin, is gá ceanglais a fhorchur lena áirithiú nach mbeidh sé d’oibleagáid ar úsáideoirí deiridh gléas luchtúcháin nua a cheannach gach uair a cheannóidh siad guthán póca nua nó ítim de trealaimh raidió den tsamhail céanna. Chun éifeachtacht na gceanglas sin a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis is gá maidir leis na saintréithe luchtaithe a thabhairt d'úsáideoirí agus iad ag ceannach guthán póca nó ítim trealaimh raidió den tsamhail chéanna.
(11)Tá sé indéanta go teicniúil a shainiú gurb é USB Type-C an gabhdán luchtúcháin uilíoch le haghaidh na gcatagóirí nó na n‑aicmí ábhartha de threalamh raidió . An teicneolaíocht USB Type-C, teicneolaíocht atá á húsáid ar fud an domhain, is teicneolaíocht í atá glactha ar leibhéal an chaighdeánaithe idirnáisiúnta agus atá trasuite sa chóras Eorpach ag Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) faoi shraith Chaighdeán Eorpach EN IEC 62680-1.
(12)Teicneolaíocht atá i gcoiteann cheana féin ag go leor catagóirí nó aicmí de threalamh raidió is ea USB Type-C óir soláthraíonn sé luchtú ardchaighdeáin agus aistriú ardchaighdeáin sonraí. An gabhdán luchtúcháin USB Type-C, nuair a chomhcheanglaítear é leis an prótacal cumarsáide luchtúcháin maidir le USB Power Delivery, tá sé in ann suas go dtí 100 W de chumhacht a sholáthar agus dá bhrí sin is rud é a fhágann go bhfuil neart solúbthachta ann fós chun réitigh mearluchtaithe a fhorbairt a thuilleadh, agus a fhágann ag an am céanna gur féidir cúram a dhéanamh sa mhargadh de ghutháin bhunleibhéil nach bhfuil gá acu leis an mearluchtú. Gutháin phóca agus trealamh raidió den tsamhail chéanna a thacaíonn le mearluchtú, d'fhéadfaidís gnéithe USB Power Delivery mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN IEC 62680-1-2:2020 ‘Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: a ionchorprú. Comhpháirteanna coitianta – sonraíocht USB Power Delivery’.
(13)Maidir le luchtú ar mhodhanna eile seachas luchtú sreinge, d’fhéadfaí réitigh éagsúla a fhorbairt amach anseo, réitigh a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an idir-inoibritheacht, ar an áisiúlacht do thomhaltóirí agus ar an gcomhshaol. Cé go bhfuil sé róluath ceanglais shonracha a fhorchur ar na réitigh sin ag an gcéim seo, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann gníomhú chun iad a chomhchuibhiú amach anseo, más rud é go bhfeictear ilroinnt sa mhargadh inmheánach.
(14)Ba cheart Airteagal 3 de Threoir 2014/53/AE a leasú chun comhéadain luchtúcháin agus prótacail chumarsáide luchtúcháin a chumhdach. Ba cheart na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió a chumhdaítear go sonrach leis an bhforáil nua seo a mhionsonrú a thuilleadh in iarscríbhinn nua a ghabhann le Treoir 2014/53/AE.
(15)Ina theanna sin, ba cheart Treoir 2014/53/AE a leasú chun Airteagal nua a chur isteach a bhainfidh leis na ceanglais maidir le catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió a sholáthar gan gléasanna luchtúcháin. Ba cheart na catagóirí nó na haicmí lena mbaineann de threalamh raidió, chomh maith leis na sonraíochtaí i ndáil le réitigh luchtúcháin, a shonrú in iarscríbhinn nua a ghabhann le Treoir 2014/53/AE.
(16)Déantar foráil in Airteagal 10(8) de Threoir 2014/53/AE maidir le faisnéis a áireamh sna treoracha úsáide agus mar sin ba cheart ceanglais bhreise faisnéise a chur isteach san Airteagal sin. Ba cheart mionsonraí na gceanglas nua a shonrú san Iarscríbhinn nua a ghabhann le Treoir 2014/53/AE. Chuirfeadh na ceanglais faisnéise sin ar chumas do thomhaltóirí a chinneadh cén soláthar cumhachta seachtraí (EPS) is iomchuí a bhfuil gá leis chun a dtrealamh raidió a luchtú. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann na ceanglais sin a oiriúnú amach anseo chun aon athrú ar cheanglais lipéadaithe EPS a léiriú, arb athruithe iad a d'fhéádfaí a thabhairt isteach faoi Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(17)Ba cheart Airteagal 17 de Threoir 2014/53/AE, Airteagal ina leagtar amach na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, a leasú chun tagairtí do na buncheanglais nua atá le cur isteach in Airteagal 3 den Treoir sin a chur isteach. Dá bhrí sin, ba cheart an rogha a bheith ag an monaróir an nós imeachta um rialú inmheánach a leanúint chun a léiriú go gcomhlíontar na buncheanglais nua sin.
(18)Ba cheart Airteagail 40, 43 agus 44 de Threoir 2014/53/AE a leasú chun na tagairtí atá iontu do na forálacha nua a thugtar isteach leis an Treoir seo, chun na tagairtí sin a oiriúnú.
(19)Chun aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairt a dhéanfar amach anseo sa teicneolaíocht luchtúcháin agus chun an idir-inoibritheacht uilíoch íosta a áirithiú idir trealamh raidió agus na gléasanna luchtúcháin don trealamh raidió sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió agus ar na sonraíochtaí maidir leis na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin, chomh maith leis na mionsonraí maidir leis an bhfaisnéis i ndáil le luchtú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(20)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/53/AE a leasú dá réir.
(21)Ba cheart dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun dul ar aghaidh le hoiriúnuithe riachtanacha an trealaimh raidió a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, trealamh a bhfuil sé beartaithe acu é a chur ar mhargadh an Aontais.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 2014/53/AE mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a)i mír 3, an chéad fhomhír, pointe (a), cuirtear an frása ‘seachas na gléasanna luchtúcháin le haghaidh catagóirí nó aicmí de threalamh raidió a shonraítear in Iarscríbhinn Ia, Cuid I, dá dtagraítear go sonrach i mír 4 den Airteagal seo’ in ionad na camóige agus an fhrása ‘ , go háirithe le luchtairí uilíocha’;
(b)cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘4. Trealamh raidió a thagann faoi na catagóirí nó na haicmí a shonraítear in Iarscríbhinn Ia, Cuid I, déanfar é sa tslí go gcomhlíonfaidh sé na sonraíochtaí maidir le luchtú a leagtar amach san Iarscríbhinn sin le haghaidh na catagóire nó na haicme ábhartha de threalamh raidió.
Maidir le trealamh raidió is féidir a athluchtú trí luchtú sreinge, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Iarscríbhinn Ia a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil, agus chun an idir-inoibritheacht uilíoch íosta idir trealamh raidió agus a ngléasanna luchtúcháin a áirithiú tríd an méid seo a leanas:
(a)catagóirí nó aicmí de threalamh raidió a mhodhnú, a chur isteach nó a bhaint;
(b)sonraíochtaí teicniúla a mhodhnú, a chur isteach nó a bhaint, lena n‑áirítear tagairtí agus tuairiscí, i ndáil leis an ngabhdán/na gabhdáin luchtúcháin agus leis an bprótacal/na prótacail chumarsáide luchtúcháin, le haghaidh gach catagóire nó aicme lena mbaineann de threalamh raidió.’
Maidir le trealamh raidió is féidir a athluchtú trí mhodhanna seachas luchtú sreinge, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Iarscríbhinn Ia a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil, agus chun an idir-inoibritheacht uilíoch íosta idir trealamh raidió agus a ngléasanna luchtúcháin a áirithiú tríd an méid seo a leanas:
(a)catagóirí nó aicmí trealaimh raidió a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur isteach nó a bhaint;
(b)sonraíochtaí teicniúla a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur isteach nó a bhaint, lena n‑áirítear tagairtí agus tuairiscí, i ndáil le comhéadan/comhéadain luchtúcháin agus prótacal/prótacail chumarsáide luchtúcháin, le haghaidh gach catagóire nó aicme lena mbaineann de threalaimh raidió.’;
(2)cuirtear Airteagal 3a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 3a
Deis d’úsáideoirí deiridh catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió a fháil gan gléas luchtúcháin
I gcás ina dtabharfaidh oibreoir eacnamaíoch an deis d’úsáideoirí deiridh trealamh raidió a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3(4) a fháil mar aon le gléas luchtúcháin, tairgfear an deis don úsáideoir deiridh an trealamh raidió a fháil gan aon ghléas luchtúcháin.’;
(3)in Airteagal 10(8), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Trealamh raidió a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3(4), an chéad fhomhír, beidh faisnéis ag gabháil leis faoi shonraíochtaí a bhaineann le cumas luchtúcháin agus lena ghléas luchtúcháin, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn Ia, Cuid II. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Iarscríbhinn Ia, Cuid II a leasú trí mhionsonra ar bith maidir leis an bhfaisnéis sin nó maidir leis an gcaoi a léireofar an fhaisnéis sin a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur léi nó a bhaint.’;
(4)in Airteagal 17(2), cuirtear an frása ‘Airteagal 3(1) agus (4)’ in ionad an fhrása ‘Airteagal 3(1)’;
(5)Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le trealamh raidió a bhfuil riosca ag baint leis nó nach bhfuil i gcomhréir le buncheanglais’;
(b)i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear na focail ‘nó nach gcomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na buncheanglais is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 3’ isteach tar éis na bhfocal ‘cosaint leasa phoiblí a chumhdaítear leis an Treoir seo’;
(6)Leasaítear Airteagal 43(1) mar a leanas:
(a)i bpointe (h), cuirtear na focail ‘an fhaisnéis’ in ionad na bhfocal ‘faisnéis maidir leis an úsáid atá beartaithe do threalamh raidió’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):
‘(j) Ní chomhlíontar Airteagal 3a ná Airteagal 5.’;
(7)Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
(a)i mír 2, cuirtear an abairt seo a leanas isteach tar éis na chéad abairte:
‘Maidir le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(4) agus in Airteagal 10(8), an tríú fomhír, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go ceann tréimhse cúig bliana ó [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar aghaidh;
(b)i míreanna 3 agus i 5, cuirtear an frása ‘Airteagal 3(3), Airteagail 3(4), 4(2) agus 5(2), agus d'Airteagal 10(8), an tríú fomhír’ in ionad an fhrása ‘Airteagail 3(3), 4(2) agus 5(2)’;
(8)an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, cuirtear isteach é mar Iarscríbhinn Ia.
Airteagal 2
1.Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [OP cuir isteach an dáta – 12 mhí ón dáta a ghlacfar an Treoir seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [OP cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis thréimhse an trasuímh a shonraítear sa mhír thuas].
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán