AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.8.2021
COM(2021) 498 final
2021/0281(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a ghlacfar le thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann i dtaca leis an laghdú sealadach ar an éarlais íosta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) i ndáil leis an Líne Choiteann atá beartaithe i dtaca leis an laghdú sealadach ar an éarlais íosta.
2.COMHTHÉACS AN TOGRA
2.1.An Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil
Comhaontú oinigh is ea an Socrú a bhfuil sé d'aidhm aige creat a chur ar fáil lena bhféadfar na creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil a úsáid go rianúil. Ciallaíonn sé sin, i gcleachtas, cothroime iomaíochta a bhunú (de bharr an iomaíocht a bheith bunaithe ar phraghas agus ar cháilíocht na n-earraí agus na seirbhísí a onnmhairítear agus gan a bheith bunaithe ar na téarmaí airgeadais a chuirtear ar fáil), agus ag an am céanna oibriú chun deireadh a chur le fóirdheontais agus le saobhadh trádála a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil. (‘tacaíocht oifigiúil’). Tháinig an Socrú i bhfeidhm i mí Aibreáin 1978, agus is go ceann tréimhse éiginnte é.
Tá an Socrú leabaithe in ECFE ó thaobh riaracháin de, agus cuireann Rúnaíocht ECFE um Chreidmheasanna tacaíocht ar fáil dó. Mar sin féin, ní Gníomh de chuid ECFE é.
Is Rannpháirtí é an tAontas Eorpach sa Socrú – ní rannpháirtithe iad na Ballstáit – a rinneadh a thrasuí san acquis communautaire de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011. Dá bhrí sin, tá an Socrú ceangailteach ó thaobh dlí de, óir is é sin dlí an Aontais.
2.2.Na Rannpháirtithe sa Socrú
Faoi láthair, tá aon rannpháirtí dhéag sa Socrú (‘Rannpháirtithe sa Socrú’): An tAontas Eorpach, an Astráil, Ceanada, an Chóiré, an Eilvéis, an Iorua, an Nua Shéalainn, an Ríocht Aontaithe, an Tuirc, an tSeapáin, agus na Stáit Aontaithe.
Féadfaidh Rannpháirtithe sa Socrú cinntí a dhéanamh faoi na modhnuithe ar an Socrú agus go háirithe, is féidir leo glacadh le Línte Coiteanna i gcomhréir le Cuid IV, Roinn 5 den Socrú. Déantar cinntí de chomhthoil, sa dóigh nach féidir modhnú ar an Socrú nó ar an Líne Choiteann a ghlacadh má chuireann aon Rannpháirtí ina choinne.
Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais i gcruinnithe de na Rannpháirtithe sa Socrú, agus sna nósanna imeachta i scríbhinn maidir le cinnteoireacht a dhéanann na Rannpháirtithe sa Socrú freisin.
Is ionstraim í an líne choiteann faoin Socrú lena gceadaítear do rannpháirtithe, ar bhonn eisceachtúil, imeacht ó fhorálacha an tSocraithe maidir le hidirbheart sonrach nó, ar bhonn sealadach, maidir le líon neamhshonrach idirbheart. Féadfar glacadh leis na Línte Coiteanna i nós imeachta i scríbhinn trí fhanacht i dtost, toisc go measfar go nglacann Rannpháirtí a fhanann ina thost leis an togra maidir le Líne Choiteann. Is amhlaidh atá i gcás ina léiríonn Rannpháirtí nach bhfuil aon seasamh aige. Tabharfar na freagraí ar thogra le haghaidh Líne Choiteann laistigh de 20 lá féilire i bprionsabal, agus d’fhéadfaí síneadh ocht lá féilire a chur leis an tréimhse sin (Airteagail 56 agus 57 sa Socrú). Cuirfidh Rúnaíocht Creidmheasa Onnmhairiúcháin ECFE na Rannpháirtithe ar an eolas faoi cé acu a glacadh nó nár glacadh leis an Líne Choiteann agus tiocfaidh an Líne Choiteann a comhaontaíodh i bhfeidhm trí lá féilire tar éis an fhógra sin (Airteagal 59 den Socrú).
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Rannpháirtithe sa Socrú
Is é atá sa bheart atá beartaithe togra le haghaidh Líne Choiteann a chuirfí faoi bhráid Rannpháirtithe sa Socrú i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn 5 den Socrú. Is é a bheadh sa Líne Choiteann atá beartaithe beart práinneach eisceachtúil chun freagairt don chúlú eacnamaíoch is toradh ar ghéarchéim shláinte COVID-19 agus chun go laghdófar tionchar tromchúiseach na géarchéime ar chur i gcrích tionscadal tábhachtach arna gcur i gcrích ag tionscal onnmhairiúcháin an Aontais i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim (féach tuilleadh sonraí i roinn 3 thíos). Dhéanfadh an Líne Choiteann atá beartaithe, má chomhaontaítear í, leasú sealadach ar fhorálacha an tSocraithe lena rialaítear an ceanglas éarlaise agus an tacaíocht oifigiúil uasta (Airteagal 11 a) agus Airteagal 11 c) den Socrú).
I bhfianaise na héigeandála a bhaineann leis an mbeart, ba cheart an togra a chur isteach a luaithe is féidir, agus, má chomhaontaítear é, ba cheart an Líne Choiteann atá beartaithe a bheith infheidhme maidir leis na Rannpháirtithe uile a luaithe is féidir. Mar thoradh ar an nós imeachta sonrach tosta 28 lá a leagtar síos sa Socrú (féach in 2.2 thuas), an togra ón Aontas le haghaidh na Líne Coitinne, féadfaidh na Rannpháirtithe comhaontú go huathoibríoch gurb é an togra sin an leagan deiridh den Líne Choiteann, ar choinníoll nach ndéanfar aon agóid ina choinne, agus ba cheart é a theacht i bhfeidhm trí lá tar éis dheireadh an nós imeachta.
I bhfianaise an mhéid thuas, is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais, i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, a leagan síos de bhrí go mbeidh an Líne Choiteann atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas agus go mbeidh tionchar aige ar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011, ina sonraítear go mbeidh ‘feidhm san Aontas ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’). Cuirtear téacs an tSocraithe i gceangal leis an Rialachán seo.’
Tá coinne leis go dtionscnófar an nós imeachta maidir leis an Líne Choiteann i mí Iúil 2021.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Tá nasc díreach idir an Líne Choiteann atá beartaithe agus géarchéim sláinte COVID-19.
Leis an Líne Choiteann atá beartaithe bheadh deis ag ceannaitheoirí poiblí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, ar ceannaitheoirí iad a cheannaíonn earraí agus seirbhísí dá dtugtar tacaíocht oifigiúil creidmheasanna onnmhairiúcháin, éarlais íosta de 5 % ar a laghad de luach an chonartha onnmhairiúcháin a íoc ar feadh tréimhse 12 mhí, in ionad 15 % mar a cheanglaítear faoi láthair le hAirteagal 11 a) den Socrú. Dá réir sin, is éard a bheadh i gceist leis sin, an teorainn leis an tacaíocht oifigiúil uasta a fhéadfaidh na Rannpháirtithe a chur ar fáil de bhun Airteagal 11 c) den Socrú a mhéadú go sealadach, ó uasteorainn 85 % suas le 95 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin, don tréimhse chéanna.
I gcomhthéacs chúlú eacnamaíoch COVID-19, tá brú mór airgeadais ar thríú tíortha a allmhairíonn earraí, seirbhísí agus tionscadail (e.g. cúram sláinte agus oideachas agus earnálacha eile freisin) ó chuideachtaí san Aontas. Is na ceannaitheoirí ceannasacha/poiblí i dtíortha i mbéal forbartha a chuireann an chuid is mó de na tionscadail lena mbaineann i gcrích. Faoi ghnáthchúinsí eacnamaíocha, gheobhadh na bainc atá ag maoiniú na n-iasachtaí cumhdach árachais don chuid éarlaise den iasacht ar an margadh príobháideach. Mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, áfach, tá drogall ar an earnáil phríobháideach nó níl sí toilteanach fiú an cumhdach sin a chur ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha. Gan an cumhdach sin, diúltaíonn na bainc an chuid éarlaise de thionscadal a mhaoiniú i dtíortha i mbéal forbartha – arb iad is mó a bhfuil gá acu leis na tionscadail sin – agus ciallaíonn sé sin nach féidir na tionscadail sin a chur i gcrích. Ní mór aghaidh a thabhairt go práinneach ar an gcliseadh margaidh sin.
Rachadh an Líne Choiteann atá beartaithe chun tairbhe do na hallmhaireoirí agus do na honnmhaireoirí araon: chuirfeadh sé faoiseamh airgeadais láithreach ar fáil do rialtas na tíre is ceannaitheoir agus chuirfeadh sé lena chumas leanúint ar aghaidh le tionscadail infheistíochta a chur i gcrích. San am céanna, thabharfadh sé deis d’onnmhaireoirí réitigh sholúbtha a chur ar fáil i dtréimhsí deacra agus a ngnólachtaí a choinneáil i mbun gnó.
Ar bhonn an mhéid thuas, tá sé beartaithe an ceanglas éarlaise a éilítear ar cheannaitheoirí poiblí a ísliú ó 15 % go 5 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin. Bheadh dhá shrian thábhachtacha leis an mbeart sin, áfach, agus béim á leagan ar a ghné forbartha agus a chuspóirí eisceachtúla. Ar an gcéad dul síos, ní bheadh feidhm ag an mbeart atá beartaithe ach maidir le ceannaitheoirí poiblí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim (tíortha Chatagóir II mar a thugtar orthu de bhun Airteagal 11 den Socrú agus i gcomhréir leis an sainmhíniú ón mBanc Domhanda). Ar an dara dul síos, bheadh teorainn ama leis an mbeart ar feadh thréimhse ionchasach iarmhairtí eacnamaíocha na paindéime. Dá bhrí sin, ní rachadh sé chun fónaimh ach d’idirbhearta ar ina leith a fuarthas an t-iarratas ar thacaíocht creidmheasanna onnmhairiúcháin laistigh de 12 mhí ó thús thréimhse bhailíochta na Líne Coitinne, ar choinníoll go ndearnadh an chaibidlíocht faoi théarmaí an idirbhirt a thabhairt i gcrích laistigh de 18 mí tar éis dheireadh thréimhse bhailíochta na Líne Coitinne seo (mar a deimhníodh leis an ngealltanas deiridh a rinne an ghníomhaireacht um chreidmheas onnmhairiúcháin). Ar deireadh, i gcomhthéacs rialacha an tSocraithe, tá sé tábhachtach freisin a thabhairt faoi deara go dtacódh an beart atá beartaithe le honnmhairí ní hamháin ó thíortha an Aontais ach go mbeadh feidhm aige freisin maidir le tacaíocht oifigiúil i ngach tír atá rannpháirteach sa Socrú.
Agus a chur san áireamh gurb é cuspóir na Líne Coitinne atá beartaithe an tionchar tromchúiseach atá ag géarchéim sláinte COVID-19 ar chur i gcrích tionscadal tábhachtach ag tionscal onnmhairiúcháin an Aontais i dtíortha i mbéal forbartha, agus go mbeartaíonn an tAontas an togra a dhéanamh le haghaidh na Líne Coitinne sin, an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais is é ba cheart a bheith ann an dréacht-togra san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a dhéanamh agus tacú leis.
3.1.Bunús dlí don nós imeachta
3.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
3.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is é atá sa Líne Choiteann atá beartaithe, ar rud é a iarrfar ar Rannpháirtithe sa Socrú a ghlacadh i nós imeacht i scríbhinn, gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Tá éifeachtaí dlíthiúla leis an ngníomh atá beartaithe de bhua Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle, ina sonraítear go mbeidh ‘feidhm san Aontas ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’). Cuirtear téacs an tSocraithe i gceangal leis an Rialachán seo.’
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta don chinneadh atáthar a mholadh.
3.2.Bunús substaintiúil dlí
3.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
3.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach atá faoin gcinneadh atá beartaithe.
3.3.Conclúid
Is é an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9).
4.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go ndéanfaidh gníomh ó na Rannpháirtithe sa Socrú leasú ar an Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil arb é atá in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2021/0281 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh a ghlacfar le thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann i dtaca leis an laghdú sealadach ar an éarlais íosta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rinneadh na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a thrasuí, agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach ó thaobh an dlí de san Aontas Eorpach iad le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(2)Déanfaidh na Rannpháirtithe sa Socrú (‘na Rannpháirtithe’) a chinneadh, i nós imeachta i scríbhinn, faoi thogra an Aontais Eorpaigh le haghaidh Líne Choiteann i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn 5 den Socrú , ionas go bhféadfar laghdú sealadach a dhéanamh ar an éarlais íosta a éilítear de bhun Airteagal 11 a) den Socrú (an ‘Líne Choiteann atá beartaithe’), i bhfianaise an chúlaithe eacnamaíoch atá ann faoi láthair i ngeall ar COVID-19.
(3)Thabharfaí deis leis an Líne Choiteann atá beartaithe do cheannaitheoirí poiblí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, ar ceannaitheoirí iad a cheannaíonn earraí agus seirbhísí dá dtugtar tacaíocht oifigiúil creidmheasanna onnmhairiúcháin, éarlaisí íosta de 5 % ar a laghad de luach an chonartha onnmhairiúcháin a íoc ar feadh tréimhse 12 mhí, in ionad éarlaisí íosta de 15 % mar a cheanglaítear le hAirteagal 11 a) den Socrú. Dá réir sin, chiallódh sé sin go méadófaí an srian maidir le tacaíocht oifigiúil uasta a d’fhéadfadh na Rannpháirtithe a chur ar fáil de bhun Airteagal 11 c) den Socrú, ó uasteorainn 85 % suas le 95 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin, don tréimhse chéanna.
(4)Tá an beart eisceachtúil seo riachtanach chun dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíoch a d’eascair as géarchéim sláintíochta COVID-19 agus chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar tromchúiseach atá ag an ngéarchéim ar thionscadail thábhachtacha arna gcur i gcrích ag tionscal an Aontais i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim.
(5)Is iomchuí seasamh a leagan síos a ghlacfar thar ceann an Aontais maidir leis an Líne Choiteann atá beartaithe sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe, de bhrí go mbeidh an Líne Choiteann atá beartaithe, a luaithe a chomhaontófar í, in ann tionchar cinntitheach a bheith aici ar inneachar dhlí an Aontais de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a bhunófar an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a mhéid a bhaineann leis an togra le haghaidh Líne Choiteann i dtaca leis an laghdú sealadach ar an éarlais íosta.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.8.2021
COM(2021) 498 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh a ghlacfar le thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann i dtaca leis an laghdú sealadach ar an éarlais íosta
IARSCRÍBHINN
Dréacht‑Togra ón Aontas Eorpach le haghaidh Líne Choiteann
i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn 5 den Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil
ECH [•]/2021
An ceanglas éarlaise a ísliú go 5 %
Tá beatha agus dálaí maireachtála na ndaoine ar fud an domhain ag dul in olcas go mór de dheasca COVID‑19. Toisc láidir a chuireann leis na hiarmhairtí diúltacha is ea an cúlú sa gheilleagar domhanda de dheasca na géarchéime sláintíochta. Sa chás urghnách seo, thosaigh rialtais agus institiúidí idirnáisiúnta ag dul i ngleic leis. Tá cuid mhór dá gcuid iarrachtaí ag déileáil le bearta a cheaptar le haghaidh na héifeachtaí diúltacha eacnamaíocha a mhaolú. Cé gur gnách go mbíonn níos mó acmhainní agus roghanna ag na tíortha tionsclaíocha dul i ngleic leis na fadhbanna, bíonn ar thíortha ísealioncaim agus meánioncaim aghaidh a thabhairt ar an iomad srianta, go háirithe, is minic nach mbíonn acmhainní leordhóthanacha airgeadais acu .
Chuir gníomhaireachtaí um chreidmheas onnmhairiúcháin (‘ECAnna’) agus a n‑údaráis sraith beart chun feidhme arb é is aidhm dóibh sreafaí trádála idirnáisiúnta a choinneáil ar bun agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais a dtionscal agus ceannaitheoirí/tíortha eachtracha. Cé go meastar go laghdóidh a lán tíortha a gcláir infheistíochta, beidh gá mór fós le hinfheistíochtaí i dtionscadail chun géarchéimeanna a chosc agus i mbuntionscadail bhonneagair. Tá bearta ann, áfach, nach féidir a dhéanamh ach go comhpháirteach ós rud é go bhfuil siad faoi réir rialacha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, amhail Comhshocrú ECFE maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil.
I bhfianaise na staide tromchúisí eacnamaíche, d’iarr an dá chomhlachas tionscail chomh maith le cuideachtaí aonair ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an ceanglas éarlaise atá ann faoi láthair a mhaolú toisc go bhfuil tíortha is ceannaitheoirí faoi bhrú airgeadais níos mó ná riamh. Is iad na ceannaitheoirí ceannasacha/poiblí i dtíortha atá i mbéal forbartha a chuireann an chuid is mó de na tionscadail lena mbaineann i gcrích. Faoi ghnáthchúinsí eacnamaíocha, bheadh an deis ag ceannaitheoirí an éarlais a mhaoiniú le téarmaí níos faide aisíocaíochta agus d’iarrfadh na bainc mhaoinithe cumhdach don chuid sin den iasacht ar an margadh príobháideach agus gheobhaidís é de ghnáth. I ngeall ar ghéarchéim COVID‑19, is cosúil go bhfuil drogall ar an earnáil phríobháideach nó nach bhfuil sí toilteanach fiú an cumhdach sin a chur ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha. Gan cumhdach den sórt sin, níl na bainc réidh chun an chuid sin de thionscadal a mhaoiniú sna tíortha arb iad is mó a bhfuil gá acu le tionscadail den sórt sin. Dá bhrí sin, is léir anois gurb ann do chliseadh ó thaobh an mhargaidh de agus nach mór aghaidh a thabhairt air go práinneach.
Rachadh an Líne Choiteann atá beartaithe chun tairbhe don dá thaobh: chuirfeadh sé faoiseamh airgeadais láithreach ar fáil do rialtas na tíre is ceannaitheoir agus chuirfeadh sé lena chumas leanúint ar aghaidh le tionscadail infheistíochta a chur i gcrích. D’ardódh sé an méid is féidir a shlógadh le haghaidh tionscadail tosaíochta, mar atá in earnáil an chúraim sláinte agus thabharfadh sé an deis d’onnmhaireoirí réitigh sholúbtha a chur ar fáil i dtréimhsí deacra agus a ngnólachtaí a choinneáil i mbun gnó.
I bhfianaise an mhéid sin, molaimid go laghdófar an éarlais a éilítear ar cheannaitheoirí ceannasacha agus poiblí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim go 5 %, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
·bheadh éifeacht fhioscach láithreach ag an mbeart ar thíortha atá ag streachailt leis an ngéarchéim;
·mhéadódh an beart an tsolúbthacht atá ag teastáil ó onnmhaireoirí chun leanúint ar aghaidh anois lena ngnólachtaí;
·thabharfadh an beart aghaidh ar na hábhair imní a chuir an tionscal in iúl;
·bheadh an beart an‑chúng agus an‑spriocdhírithe agus ní chumhdódh sé ach catagóirí ceannaitheora roghnaithe;
·ní chuirfeadh an beart inbhuanaitheacht fiachais i mbaol, ós rud é go mbeadh comhlíontacht fhorálacha an Mholta maidir le hIasachtú Inbhuanaithe ó ECFE agus na n‑oibleagáidí faoi chláir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda fós ina réamhchoinníoll chun tacú le tionscadail den sórt sin; agus
·beart sealadach a bheadh i gceist, agus scoirfeadh sé go huathoibríoch de bheith i bhfeidhm tar éis 12 mhí.
Togra le haghaidh Líne Choiteann: ECH [•]/2021
|
1. Uimhir Thagartha:
|
ECH [•]/2021
|
|
2. Ceannaitheoirí agus tíortha is allmhaireoirí:
|
Ceannaitheoirí ceannasacha nó poiblí (i gcomhréir le hIarscríbhinn XII) i dtíortha de chatagóir II (Airt. 10) a bhfuil ráthaíocht acu ón Aireacht Airgeadais nó ón mbanc ceannais.
|
|
3. Tuairisc ar an idirbheart:
|
Tionscadal faoi réir Airteagal 11 den Socrú.
|
|
4. Téarmaí agus coinníollacha
|
I gcomhréir le gach airteagal eile den Socrú.
|
|
5. Togra le haghaidh Líne Choiteann:
|
An ceanglas éarlaise a ísliú go 5 % (Airt. 11 a)) agus an uasteorainn tacaíochta oifigiúla a mhéadú go 95 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin (Airt. 11 c)). Tiocfaidh an beart i bhfeidhm láithreach agus beidh sé fós i bhfeidhm go ceann 12 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm. Féadfaidh idirbhearta a thagann faoi raon feidhme an tSocraithe tairbhiú den tacaíocht oifigiúil faoi théarmaí agus coinníollacha na Líne Coitinne seo ar choinníoll na nithe seo a leanas:
1.fuarthas an t‑iarratas ar chreidmheas onnmhairiúcháin arna thacú go hoifigiúil faoi dheireadh thréimhse bhailíochta na Líne Coitinne seo ar a dhéanaí, agus
2.is é rud go bhfuil dáta an ghealltanais deiridh laistigh de 18 mí tar éis dheireadh thréimhse bhailíochta na Líne Coitinne seo.
|
|
6. Náisiúntacht agus ainmneacha na dtairgeoirí aitheanta iomaíocha,
|
Ní bhaineann le hábhar mar gheall ar chineál ginearálta an togra seo.
|
|
7. Tréimhse tairisceana:
|
Neamhbhainteach
|
|
8. Faisnéis eile.
|
Is é is aidhm don bheart seo brú fioscach ar thíortha ísealioncaim agus meánioncaim a mhaolú agus acmhainní a scaoileadh chun leanúint ar aghaidh le tionscadail tosaíochta; ina theannta sin, cuidíonn sé le leas a bhaint as na hacmhainní airgeadais is gá ó fhoinsí príobháideacha trí aghaidh a thabhairt ar an gcliseadh sa mhargadh de dheasca ghéarchéim leanúnach COVID‑19.
|