AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.8.2021
COM(2021) 491 final
2021/0278(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (‘Bun‑Rialachán CBI’), le saothrú bheo‑acmhainní bitheolaíocha na mara ní mór líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe (‘UTI’) a tháirgeadh. Tá socrú bliantúil na ndeiseanna iascaireachta i bhfoirm gabhálacha iomlána incheadaithe (‘TAC’) agus cuótaí ina uirlis thábhachtach sa chomhthéacs sin.
Le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil (‘MAP’) le haghaidh na stoc trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus le haghaidh na n‑iascach a shaothraíonn na stoic sin, sonraítear a thuilleadh na luachanna básmhaireachta a arna sloinneadh mar raonta. Úsáidtear na luachanna sin sa togra seo chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach agus go háirithe chun an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.
Is é cuspóir don togra seo deiseanna iascaireachta na mBallstát le haghaidh 2022 a shocrú, le haghaidh na stoc éisc is tábhachtaí ó thaobh na tráchtála de i Muir Bhailt. Chun na cinntí maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe agus cuótaí bliantúla a shimpliú agus a shoiléiriú, tá deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt á socrú le Rialachán ar leith ó 2006.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Socraítear leis an togra cuótaí ar na leibhéil atá comhsheasmhach le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha an Chomhbheartais Iascaigh, agus tá sé comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir le forbairt inbhuanaithe.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’).
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas;
Is comhbheartas é an Comhbheartas Iascaigh. Faoi Airteagal 43(3) CFAE, tá sé de dhualgas ar an gComhairle bearta maidir le socrú agus cionroinnt deiseanna iascaireachta a ghlacadh.
Leis an togra seo le haghaidh Rialachán ón gComhairle, déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit. Faoi Airteagal 16(6) agus (7) agus Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is faoi na Ballstáit atá sé deiseanna den sórt sin a chionroinnt ar réigiúin nó ar oibreoirí de réir na gcritéar a leagtar síos sna hAirteagail sin. Dá bhrí sin, tá dóthain lamháil inlíochta ag na Ballstáit maidir le cinntí a bhaineann leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch dá rogha chun leas a bhaint as na deiseanna iascaireachta a cionroinneadh orthu.
Níl impleachtaí airgeadais nua ag an togra do na Ballstáit. Glacann an Chomhairle an Rialachán seo gach bliain, agus tá na modhanna poiblí agus príobháideacha chun é a chur chun feidhme i bhfeidhm cheana féin.
•Rogha ionstraime
An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.
Is togra maidir le bainistiú iascaigh é seo atá bunaithe ar Airteagal 43(3) CFAE.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Chuathas i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt bunaithe ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhairliúchán faoi na Deiseanna Iascaireachta le haghaidh 2022 faoin gComhbheartas Iascaigh COM(2021) 279 final. Sholáthair an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (‘ICES’) an bunús eolaíoch atá leis an togra. Na réamhthuairimí a chuir na páirtithe leasmhara in iúl maidir leis na stoic éisc uile lena mbaineann, cuireadh iad san áireamh a mhéid ab fhéidir gan a bheith ag teacht salach ar na beartais atá ann cheana ná a bheith ag cur leis an meath ar staid na n‑acmhainní leochaileacha.
Pléadh an chomhairle eolaíoch maidir le teorainneacha ar ghabhálacha agus stádas na stoc freisin leis na Ballstáit san fhóram réigiúnach BALTFISH i mí an Mheithimh 2021.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Chuathas i gcomhairle leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara, ar eagraíocht eolaíoch í.
Bíonn comhairle eolaíoch á lorg ag an Aontas ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara gach bliain maidir leis an staid ina bhfuil stoic éisc thábhachtacha. Cumhdaítear gach stoc i Muir Bhailt leis an gcomhairle sin a fhaightear agus moltar gabhálacha iomlána incheadaithe do na stoic is tábhachtaí ó thaobh na tráchtála de (
http://www.ices.dk/advice/Pages/Latest‑Advice.aspx
).
•Measúnú tionchair
Tá an togra ina chuid de chur chuige fadtéarmach lena ndéantar an iascaireacht a mhodhnú agus a chothabháil ar leibhéil inbhuanaithe fhadtéarmacha. Meastar go mbeidh brú iascaireachta cobhsaí agus cuótaí níos airde ann de thoradh an chur chuige sin, agus dá bhrí sin, go mbeidh ioncam níos fearr ann le haghaidh iascairí agus teaghlaigh iascairí. Meastar go rachaidh an méadú ar líon na ngabhálacha chun tairbhe don tionscal iascaireachta, do thomhaltóirí, don tionscal próiseála agus miondíola, agus chomh maith leis sin don chuid eile den tionscal a bhaineann le hiascaireacht tráchtála agus áineasa.
I dtaca le cinntí a glacadh maidir leis na deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt le blianta beaga anuas, d’éirigh leo, go dtí 2019, básmhaireacht iascaireachta na stoc a bhfuil comhairle UTI ag gabháil leo a thabhairt i gcomhréir le raonta na huastáirgeachta inbhuanaithe tráth a socraíodh an ghabháil iomlán incheadaithe do na stoic uile seachas scadán Mhuir Bhailt Thiar, agus stoic a athbhunú agus an acmhainn iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta a athchothromú. Ar an drochuair, tháinig brú mór ar throsc Mhuir Bhailt Thoir in 2019 agus measann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara gur dócha go leanfaidh an stoc de bheith ídithe sna blianta amach romhainn.
Tá trosc Mhuir Bhailt Thiar ag streachailt freisin chun leibhéil shláintiúla a bhaint amach arís le roinnt blianta agus ó 2020 tá bithmhais scadán Mhuir Bhailt Láir tite faoi bhun leibhéil shláintiúla freisin. Tá roinnt pobal de bradán an‑lag le blianta fada freisin. Dá bhrí sin, teastaíonn dul chun cinn go fóill chun na stoic ar fad a athbhunú agus chun iad a thabhairt i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe.
An 28 Bealtaine 2021 d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara a comhairle eolaíoch maidir leis na stoic i Muir Bhailt tríd an gcomhairle maidir le trosc Mhuir Bhailt Thiar agus an dá ghabháil iomlána incheadaithe le haghaidh an bhradáin a chur siar go lár mhí Mheán Fómhair. Measann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go bhfuil bithmhais scadán Mhuir Bhailt Thiar agus throsc Mhuir Bhailt Thoir fós faoi bhun teorainneacha bitheolaíocha sábháilte. Tá bithmhais scadán Mhuir Bhailt Láir fós faoi bhun teorainneacha sláintiúla. Tá bithmhais throsc Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun teorainneacha sláintiúla le roinnt blianta anuas. Tugtar comhairle réamhchúraim maidir le trosc Mhuir Bhailt Thoir. Tugtar comhairle maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe i ndáil le cúig stoc, a bhfuil trí cinn díobh ar leibhéil shláintiúla (an salán agus scadán Mhurascaill Ríge agus scadán Mhurascaill na Boitnia), agus dhá cheann díobh nach bhfuil ar leibhéil shláintiúla (scadán Mhuir Bhailt Thiar agus scadán Mhuir Bhailt Láir). Tá dhá stoc leathóg ann, a dtugtar comhairle maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe i leith ceann amháin díobh agus comhairle réamhchúraim maidir leis an gceann eile.
Agus an méid thuas á chur san áireamh agus go dtí go bhfoilseofar an chomhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara maidir le trí ghabháil iomlána incheadaithe agus an fhaisnéis chomhlántach ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara maidir leis an gceathrú stoc, leis an togra seo chuirfí cosc ar iascach dírithe ar scadán Mhuir Bhailt Thiar ag a bhfuil gabháil iomlán incheadaithe maidir le foghabhálacha dosheachanta, agus laghdófaí deiseanna iascaireachta le haghaidh scadán Mhurascaill na Boitnia faoi 5 % agus deiseanna iascaireachta le haghaidh scadán Mhuir Bhailt Láir faoi 54 %. Méadú 21 % ar dheiseanna iascaireachta le haghaidh scadáin Mhurascaill Ríge a bheadh de thoradh an togra, agus dhéanfaí iad siúd a thar‑rolladh le haghaidh na leathóige, an tsaláin agus le haghaidh foghabhálacha throsc Mhuir Bhailt Thoir.
Dá bhrí sin, beidh tionchar eacnamaíoch an togra le haghaidh 2022 ina laghdú ar na deiseanna iascaireachta sna Ballstáit uile. Tríd is tríd, beidh timpeall 434 500 tona de dheiseanna iascaireachta Mhuir Bhailt de thoradh ar an togra seo (i.e. gan trosc Mhuir Bhailt Thiar, scadán Mhuir Bhailt Thiar agus an dá ghabháil iomlána incheadaithe maidir le bradán), ar laghdú 11,6 % é i gcomparáid le deiseanna iascaireachta leasaithe 2021.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Leanann an togra de bheith solúbtha ó thaobh cur i bhfeidhm sásraí um malartuithe cuótaí a tugadh isteach cheana sna Rialacháin lena mbaineann deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt sna blianta roimhe sin. Níl aon fhoráil nua ná nósanna imeachta riaracháin á mbeartú d’údaráis phoiblí (údaráis AE nó údaráis náisiúnta) a d’fhéadfadh an t‑ualach riaracháin a mhéadú.
Baineann an togra le Rialachán bliantúil a bhfuil feidhm aige maidir le 2022 agus dá bhrí sin níl clásal athbhreithnithe ann.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí ag an togra maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle go ndéantar faireachán ar úsáid na ndeiseanna iascaireachta i bhfoirm ghabhálacha iomlána incheadaithe agus cuótaí.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra, socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe nó grúpaí stoc i ndáil leis na Ballstáit atá ag iascaireacht i Muir Bhailt.
Tháinig Rialachán (AE) 2016/1139 lena mbunaítear Plean Bainistíochta Ilbhliantúil maidir le Muir Bhailt i bhfeidhm an 20 Iúil 2016. Faoi fhorálacha an phlean seo, tá na deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir le cuspóirí an phlean agus beidh siad i gcomhréir leis na spriocraonta básmhaireachta iascaireachta, ar spriocraonta iad arna soláthar leis an gcomhairle eolaíoch is fearr, go háirithe comhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil. Maidir le stoic a bhaineann tairbhe as comhairle maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe, foráiltear le hAirteagal 4(3) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil go ndéanfar gabháil iomlán incheadaithe a shocrú i bprionsabal ag luach phointe FUTI nó faoina bhun (‘raon íosta FUTI’), cé gur féidir gabháil iomlán incheadaithe a shocrú i gcónaí faoi raonta FUTI de réir Airteagal 4(4) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil. Maidir le stoic shláintiúla féadfar an ghabháil iomlán incheadaithe, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(5) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil, a shocrú os cionn luach phointe an raon de FUTI (‘an raon is airde de FUTI’). Maidir le stoic a bhfuil bithmhais acu atá faoi bhun teorainneacha sláintiúla (‘Btrigger’), foráiltear le hAirteagal 5(1) den Phlean Ilbhliantúil go bhfuil bearta ceartaitheacha iomchuí le glacadh chun a áirithiú go bhfillfidh an stoc go tapa ar leibhéil shláintiúla agus go háirithe go bhfuil an ghabháil iomlán incheadaithe le socrú ar leibhéal laghdaithe faoi bhun an raon is airde de FUTI, agus an laghdú ar bhithmhais á chur san áireamh. Fiú má tá bithmhais stoic faoi bhun teorainneacha bitheolaíocha sábháilte (‘Blim’ mar a thugtar air), foráiltear le hAirteagal 5(2) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil go bhfuil bearta ceartaitheacha breise le glacadh. Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin iascach dírithe ar an stoc lena mbaineann a chur ar fionraí agus an laghdú leordhóthanach ar dheiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc sin nó stoic eile san iascach. Féadfar bearta ceartaitheacha eile a ghlacadh freisin ach ba cheart baint fheidhmiúil a bheith acu leis na deiseanna iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a roghnú i gcomhréir le cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide.
De réir Bhun‑Rialachán CBI, tá deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a fhaigheann comhairle réamhchúraim le socrú ar leibhéil lena n‑áiritheofar ar a laghad céim inchomparáide chaomhnaithe. Chomh maith leis sin, sonraítear in Aithris 8 de Bhun‑Rialachán CBI gur cheart a chur san áireamh sna cinntí bainistíochta a bhaineann le hiascaigh mheasctha an deacracht a bhaineann leis na stoic uile in iascach measctha a iascach ar leibhéal na huastáirgeachta inbhuanaithe ag an am céanna, go háirithe i gcásanna ina dtugtar le tuiscint le comhairle eolaíoch gur fíordheacair é feiniméan an ‘tachtspeiceas’ a sheachaint trí mhéadú ar roghnaíocht na dtrealamh iascaireachta atá á n‑úsáid.
Tá na deiseanna iascaireachta atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 16(1) (a thagraíonn do phrionsabal na cobhsaíochta coibhneasta) agus le hAirteagal 16(4) (a thagraíonn do chuspóirí CBI agus do na rialacha dá bhforáiltear i bpleananna ilbhliantúla) de Bhun‑Rialachán CBI.
I gcás inarb ábhartha, d’fhonn cuótaí an Aontais a shocrú do na stoic a roinntear le Cónaidhm na Rúise, rinneadh cainníochtaí na stoc ar leith sin a asbhaint ó na gabhálacha iomlána incheadaithe a mhol an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara. Leagtar amach na gabhálacha iomlána incheadaithe agus na cuótaí arna gcionroinnt ar na Ballstáit san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra.
Maidir le scadán Mhuir Bhailt Thiar, tháinig méadú de bheagán an ar méid stoic a mheas an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara ach níl sé ach ag 54 % den phointe tagartha teorann i dtaca le bithmhais stoic sceite, leibhéal ar faoina bhun a d’fhéadfadh laghdú a bheith ar an acmhainn atáirgthe (‘Blim’) arna bunú ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara. Tá an earcaíocht íseal le blianta fada agus thit sí go leibhéal íseal nach bhfacthas riamh cheana. Ós rud é go dtabharfaí an bhithmhais os cionn Blim sa ghearrthéarma mar thoradh ar chás nach bhfuil ann aon ghabháil ann, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara an chomhairle a thug sí maidir le gabhálacha nialasacha don 4ú bliain as a chéile.
Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 5(2) agus Airteagal 4(4) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil, molann an Coimisiún an t‑iascach dírithe a dhúnadh ach amháin i gcás iascach atá go hiomlán eolaíoch agus gabháil iomlán incheadaithe a shocrú maidir le foghabhálacha dosheachanta chun tachtadh iascach eile a sheachaint. I mbliana, d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara den chéad uair páipéar seirbhíse teicniúla faoi fhoghabhálacha dosheachanta scadáin Mhuir Bhailt Thiar in iascaigh eile. Mar sin féin, ní luaitear iascach Mhuir Bhailt ann. D’iarr an Coimisiún ar an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún a thogra cothrom le dáta agus molfaidh sé leibhéal gabhála iomláine incheadaithe a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin faighte aige ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara.
Mar sin féin, níl an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara in ann fós luachanna raonta básmhaireachta na huastáirgeachta inbhuanaithe a chinneadh i gcás trosc Mhuir Bhailt Thoir agus dá bhrí sin d’eisigh sí comhairle réamhchúraim. Don 3ú bliain as a chéile, d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara comhairle maidir le gabhálacha nialasacha in 2022. Measann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go leanann méid an stoic de bheith faoi bhun teorainneacha bitheolaíocha sábháilte (‘Blim’) agus go bhfanfaidh sé faoina bhun sa mheántéarma fiú mura ndéanfar aon iascaireacht in aon chor. Ina theannta sin, measann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go bhfuil titim bheag tagtha ar an mbithmhais ó bhí 2020 ann agus go bhfuil an earcaíocht fós ar leibhéal níos ísle ná riamh. I bhfianaise na staide laghdaithe stoic, glacadh dianbhearta ó bhí 2019 ann. Dúnadh iascach dírithe ar throsc Mhuir Bhailt Thoir, cé is moite d’iascaigh atá go hiomlán eolaíoch, agus tá an gHabháil iomlán incheadaithe teoranta d’foghabhálacha dosheachanta chun tachtadh fhormhór na n‑iascach eile i Muir Bhailt a sheachaint.
Ina theannta sin, glacadh bearta breise feabhais a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta i bhfoirm sceitheadh a chosc le linn an bhuaic‑ama sa séasúr sceite agus na limistéir sceite a d’fhéadfadh a bheith ann, cé is moite d’iascaigh atá go hiomlán eolaíoch, d’iascaigh chósta áirithe ar mhionscála ina n‑úsáidtear trealaimh éighníomhacha agus d’iascaigh pheiligeacha lena gcaitheamh ag an duine arna ndéanamh lasmuigh de na príomhlimistéir ionchasacha sceite. Ina theannta sin, tá cosc ar iascaireacht áineasa ó bhí 2020 ann sa phríomhlimistéar dáileacháin ós rud é go mbeadh na cainníochtaí a ghabhfaí substaintiúil i gcomparáid leis an ngabháil iomlán incheadaithe maidir le foghabhálacha. Ós rud é nach raibh dóthain ama ann fós chun go mbeadh stádas stoic feabhsaithe ann mar thoradh ar na bearta feabhais sin, is iomchuí iad a choinneáil ar bun agus leibhéal an ghabháil iomlán incheadaithe a choinneáil gan athrú.
Maidir le trosc Mhuir Bhailt Thiar, mar gheall ar shaincheisteanna maidir le neamhréireachtaí cúlghabhálacha a sainaithníodh le linn an phróisis measúnaithe, chinn an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara a comhairle a chur siar go dtí lár mhí Mheán Fómhair 2021. Tá an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara á chur in iúl ó bhí 2019 ann, áfach, go raibh staid an stoic leochaileach agus go raibh sé ag dul in olcas arís. Thairis sin, bhí an stoc ag brath ar aicme bliana maithe amháin a ndearnadh a bhithmhais a athbhreithniú síos go rialta, áfach. Faoi láthair, níl aon táscaire ann go dtiocfadh feabhas suntasach ar an tuiscint ar stádas foriomlán an stoic. Go dtí go bhfaighfear comhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara, is iomchuí, dá bhrí sin, na bearta feabhais a bhaineann go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta atá ann in 2021 maidir le sceitheadh a chosc agus srianta áirithe ar iascaigh dhírithe agus áineasa a choinneáil ar bun gan athrú. Tabharfaidh an Coimisiún a thogra cothrom le dáta maidir le leibhéal na gabhála iomláine incheadaithe agus an teorainn ghabhála maidir leis an tslatiascaireacht áineasa a luaithe a eiseoidh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara a comhairle.
Mheas an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara in 2020 go raibh bithmhais scadán Mhuir Bhailt Láir faoi bhun leibhéil shláintiúla (‘Btrigger’). Measadh anuraidh go mbeadh an bhithmhais ar ais os cionn leibhéil shláintiúla in 2021 ach tá laghdú breise tagtha uirthi, go hiarbhír, agus tá sí gar do Blim. Ina theannta sin, mheas an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara anuraidh go raibh aicme 2019 láidir ach is cosúil go bhfuil sé faoi bhun an mheáin, rud a fhágann nach raibh aon earcaíocht láidir ann ó bhí 2015 ann. Tá beartaithe ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil, na deiseanna iascaireachta a shocrú ag an bpointe íochtarach de raon FUTI. Measann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara gur cheart don bhithmhais a bheith os cionn leibhéil shláintiúla arís in 2023 leis an leibhéal básmhaireachta iascaireachta sin.
Comhfhreagraíonn na gabhálacha iomlána incheadaithe atá beartaithe do scadán Mhurascaill Ríge, do scadán Mhurascaill na Boitnia agus don salán an raon básmhaireacht iascaireachta na huastáirgeachta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Plean Bainistíochta Ilbhliantúil. Tá bithmhais an tsaláin sláintiúil ach tá an brú iascaireachta fós ró-ard. Thairis sin, molann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go smaoineofaí ar idirghníomhaíochtaí ilspeiceas ós rud é gur speiceas tábhachtach foráiste é an salán le haghaidh an troisc. Ina theannta sin, déantar saláin a ghabháil in iascach measctha i dteannta scadán nach mór laghdú suntasach a dhéanamh ar an ngabháil iomlán incheadaithe ina leith don 2ú bliain as a chéile faoi rialacha an Phlean Ilbhliantúil. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún gan gabháil iomlán incheadaithe le haghaidh salán a mhéadú dá bhrí sin, ach molann sé é a thar‑rolladh.
Comhfhreagraíonn an ghabháil iomlán incheadaithe le haghaidh leathóg do mheascán de chomhairle maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe i gcás an stoic i bhforanna 21 go 23 agus de chur chuige na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara i gcás stoic atá teoranta ó thaobh sonraí de (comhairle réamhchúraim) don stoc i bhforanna 24 go 32. Tá an dá stoc ag forbairt go maith, ach ba cheart idirghníomhaíochtaí ilspeiceas a chur san áireamh. Is foghabháil dhosheachanta in iascaigh leathóg é an trosc, agus is féidir leibhéil foghabhála suntasacha a bheith ann go háirithe chomh fada agus nach n‑úsáidtear trealaimh iascaireachta níos roghnaithí. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na deiseanna iascaireachta le haghaidh throsc Mhuir Bhailt Thoir a choimeád ar leibhéal an‑íseal, agus níl coinne leis go mbeidh méadú suntasach ar an ngabháil de thoradh comhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara i ndáil le trosc Mhuir Bhailt Thiar a bheith curtha siar. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún go ndéanfaí gabháil iomlán incheadaithe le haghaidh leathóg a thar‑rolladh i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil.
Chinn an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara a comhairle maidir leis an dá ghabháil iomlána incheadaithe i dtaca le bradán a chur siar go lár mhí Mheán Fómhair 2021. Tabharfaidh an Coimisiún a thogra cothrom le dáta a luaithe a eiseoidh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara a comhairle. Mar sin féin, i measúnú a rinneadh in 2020 ar bhradáin sa phríomh‑imchuach, fuair an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara amach go raibh na pointí tagartha agus an chomhairle a tugadh san am a chuaigh thart ar neamhréir leis an gcur chuige na huastáirgeachta inbhuanaithe. Ina theannta sin, tá roinnt pobal bradán in aibhneacha lag le blianta fada agus níl ach comharthaí téarnaimh teoranta. Iascaigh mhara thráchtála agus áineasa ina bhfuil stoc measctha agus atá sa phríomh‑imchuach, díríonn siad ar na stoic éisc uile, lena n‑áirítear na stoic laga sin. Mheas an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara, dá bhrí sin, nach raibh aon ráta buainte ann d’iascaigh mhara tráchtála ina bhfuil stoc measctha lena n‑áiritheofaí go sroichfeadh gach pobal bradán i limistéar na gabhála iomláine incheadaithe uastáirgeacht inbhuanaithe laistigh de ghlúin amháin bradán.
Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle, tugadh coinníollacha breise isteach maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n‑áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4, forálacha solúbthachta le haghaidh stoic réamhchúraim agus anailíseacha faoi seach. Faoi Airteagal 2 de, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus gabhálacha iomlána incheadaithe á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 ná 4 maidir leo, go háirithe bunaithe ar stádas bitheolaíoch na stoc. Níos déanaí fós, tugadh an sásra solúbthachta isteach faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gach stoc a chumhdaítear leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach bheo‑acmhainní bitheolaíocha na mara a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh, ba cheart a shoiléiriú nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ach amháin i gcás nach mbaineann na Ballstáit leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán Uimh. 1380/2013.
Molann an Coimisiún freisin Rialachán (AE) 2021/92 a leasú chun gabháil iomlán incheadaithe a shocrú le haghaidh troisc Ioruacha a gcuirfear tús lena n‑iascach an 1 Samhain. Tá leibhéal na gabhála iomláine incheadaithe socraithe ag ‘pm’ go dtí go bhfoilseofar an chomhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara a bhfuil coinne léi go luath i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus go dtí go rachfar i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe.
2021/0278 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ceanglaítear, le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go nglactar bearta caomhantais agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bhíonn ar fáil, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascaigh agus ag comhlachtaí comhairleacha eile, mar aon le comhairle ó Chomhairlí Comhairleacha a bunaíodh do na limistéir gheografacha ábhartha inniúlachta agus moltaí comhpháirteacha na mBallstát.
(2)Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n‐áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Foráiltear le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gur cheart go ndéanfar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit ar dhóigh lena n‑áirithítear cobhsaíocht choibhneasta ghníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic nó iascaigh.
(3)Foráiltear le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gurb é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach faoi 2015 i gcás inar féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 ar a dhéanaí le haghaidh na stoc uile. Ba é cuspóir na hidirthréimhse go dtí 2020 baint amach na huastáirgeachta inbhuanaithe i gcás na stoc uile a chothromú leis na gnéithe socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta gaolmhara.
(4)Ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (‘TAC’) a bhunú, dá bhrí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch atá ar fáil, agus aird á tabhairt ar ghnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú, agus aird á tabhairt ar na tuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara.
(5)Bunaítear le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle plean ilbhliantúil le haghaidh na stoc trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus maidir leis an iascach i Muir Bhailt agus leis an iascach a shaothraíonn na stoic sin (‘an plean’). Is é is aidhm don phlean a áirithiú go ndéanfaidh saothrú beo‑acmhainní bitheolaíocha na mara pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun os cionn leibhéil atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Foráiltear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás stoic atá faoi réir pleananna ilbhliantúla sonracha, go bhfuil na deiseanna iascaireachta le bunú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna pleananna sin.
(6)I gcomhréir le hAirteagal 4(1) den phlean, bhí na deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoic a liostaítear in Airteagal 1 den phlean le socrú chun básmhaireacht iascaireachta ar leibhéal uastáirgeachta inbhuanaithe a shloinneadh i raonta a bhaint amach a luaithe is féidir agus ar bhonn forchéimnitheach agus incriminteach, faoi 2020. Dá bhrí sin, tá na teorainneacha gabhála is infheidhme in 2022 maidir leis na stoic ábhartha i Muir Bhailt le leagan síos i gcomhréir le cuspóirí an phlean.
(7)D’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (‘ICES’) a comhairle bhliantúil stoic maidir le stoic Mhuir Bhailt an 28 Bealtaine 2021. Thug sí le fios nach raibh bithmhais scadán Mhuir Bhailt Thiar i bhforanna 20 go 24 ach ag 54 % de luach tagartha na teorann do bhithmhais stoic sceite, leibhéal ar faoina bhun a d’fhéadfadh acmhainn atáirgthe laghdaithe a bheith ann (‘Blim’). Ina theannta sin, tá an earcaíocht fós ar leibhéil níos ísle ná riamh. Dá bhrí sin, d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara comhairle don 4ú bliain as a chéile maidir le gabhálacha nialasacha. I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, tá gach beart feabhais iomchuí le glacadh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Thairis sin, ceanglaítear leis an bhforáil sin bearta feabhais breise a ghlacadh. Ós ídithe atá an stoc, is iomchuí an t‑iascach dírithe a dhúnadh cé is moite d’oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha, agus chun na críche sin amháin, agus go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Thairis sin, chun feiniméan an ‘tachtspeiceas’ a sheachaint agus chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an t‑iascach a choimeád ar bun i bhfianaise na n‑impleachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus an gá atá le stádas maith bitheolaíoch a bhaint amach le haghaidh na stoc sin, agus aird á tabhairt ar an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar gach stoc in iascach measctha ag an uastáirgeacht inbhuanaithe ag an am céanna, is iomchuí TAC sonrach a bhunú le haghaidh fhoghabhálacha dosheachanta na stoc sin.
(8)Maidir le stoc throsc Mhuir Bhailt Thoir, bhí an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara in ann a comhairle réamhchúraim a bhunú arís ar mheasúnú atá níos iomláine ó thaobh sonraí de ó bhí 2019 ann. Measann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go leanann an bhithmhais de bheith faoi bhun Blim agus go bhfuil laghdú breise tagtha uirthi ó anuraidh. Dá bhrí sin, d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara comhairle don 3ú bliain as a chéile maidir le gabhálacha nialasacha. Ó bhí 2019 ann glacadh bearta dochta caomhnaithe san Aontas. De bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, dúnadh iascach dírithe ar throsc Mhuir Bhailt Thoir agus socraíodh an ghabháil iomlán incheadaithe ar leibhéal an‑íseal i dtaca le foghabhálacha dosheachanta throsc Mhuir Bhailt Thoir chun feiniméan an ‘tachtspeiceas’ in iascaigh eile a sheachaint. Ina theannta sin, glacadh bearta breise feabhais a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta i bhfoirm sceitheadh a chosc agus toirmeasc ar iascaireacht áineasa sa phríomhlimistéar dáileacháin. I bhfianaise na comhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara agus staid na stoc atá gan athrú, is iomchuí leibhéal na ndeiseanna iascaireachta agus na bearta feabhais a bhfuil nasc feidhmiúil acu leo a choinneáil ar bun gan athrú.
(9)[Coinneálaí ionaid le haghaidh throsc Mhuir Bhailt Thiar]
(10)In 2020 mheas an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go raibh bithmhais scadáin Mhuir Bhailt tite faoi bhun an phointe tagartha do bhithmhais stoic sceite ar faoina bhun a bhfuil gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta le déanamh (Btrigger). In 2021, mheas an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go raibh laghdú breise tagtha ar an mbithmhais agus go bhfuil sí gar do Blim anois. Is iomchuí dá bhrí sin na deiseanna iascaireachta a shocrú de réir Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/1139.
(11)De réir comhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara, bíonn trosc á fhoghabháil in iascaigh leathóg. Gabhtar saláin in iascach measctha le scadáin agus is speiceas creiche don trosc é. Is iomchuí na hidirghníomhaíochtaí ilspeiceas sin a chur san áireamh agus na deiseanna iascaireachta á socrú le haghaidh leathóg agus salán.
(12)[Coinneálaí ionaid le haghaidh bradáin sa phríomh‑imchuach]
(13)[Coinneálaí ionaid le haghaidh bradáin i Murascaill na Fionlainne]
(14)Nuair a tugadh isteach cosc ar iascaireacht breac geal thar 4 mhuirmhíle agus teorannú ar fhoghabhálacha breac geal go 3 % den chomhghabháil breac geal agus bradán, an cosc agus an teorannú araon a tugadh isteach a chuir leis an laghdú ar an míthuairisciú, a bhí tábhachtach roimhe seo, ar ghabhálacha in iascach bradán, go háirithe iad siúd a thuairiscítí mar ghabhálacha breac geal. Is iomchuí dá bhrí sin an fhoráil sin a choinneáil ar bun chun an míthuairisciú a choinneáil ag leibhéal íseal.
(15)Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 de, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus maidir le sonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta a tharchur chuig an gCoimisiún. Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo, dá bhrí sin, na cóid a bhaineann le stoic a thabhairt i dtír, stoic atá faoi réir an Rialacháin seo agus atá le húsáid ag na Ballstáit agus sonraí á seoladh chuig an gCoimisiún.
(16)Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle, tugadh coinníollacha breise isteach maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n‐áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4, forálacha solúbthachta le haghaidh gabhálacha iomlána incheadaithe réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus gabhálacha iomlána incheadaithe á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 nó 4 maidir leo, go háirithe bunaithe ar stádas bitheolaíoch na stoc. Níos déanaí fós, tugadh an sásra solúbthachta ó bhliain go bliain isteach le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gach stoc atá faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach bheo‑acmhainní bitheolaíocha na mara, a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh agus a chuirfeadh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a shuí nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
(17)Thairis sin, ós rud é go bhfuil bithmhais stoc throsc Mhuir Bhailt Thoir agus scadán Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun Blim agus nach gceadaítear ach iascaigh foghabhála agus eolaíocha in 2022, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin gan an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis na stoic sin in 2022 ionas nach rachaidh gabhálacha in 2022 thar an ngabháil iomlán incheadaithe arna socrú maidir le troisc Mhuir Bhailt Thoir agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar.
(18)Is ón 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair a mhaireann an bhliain iascaireachta don trosc Ioruach i roinn 3a ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais d’fholimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe de roinn 2a ICES. Ba cheart gabháil iomlán incheadaithe a bhunú le haghaidh troisc Ioruacha sna limistéir sin de réir comhairle eolaíoch nua. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle a leasú dá réir.
(19)Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an trosc Ioruach i roinn 3a ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí an Aontais d’fholimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES ón 1 Samhain 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach arna fhoilsiú.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc i Muir Bhailt agus leasaítear deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile arna socrú le Rialachán (AE) 2021/92.
Airteagal 2
Raon feidhme
1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí an Aontais a oibríonn i Muir Bhailt.
2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite dóibh sna forálacha ábhartha.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘foroinn’ foroinn de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) de Mhuir Bhailt mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ón gComhairle;
(2)ciallaíonn ‘an ghabháil iomlán is incheadaithe’ (‘TAC’) líon gach stoic ar ceadmhach a ghabháil in imeacht bliana;
(3)ciallaíonn ‘cuóta’ an cion den ghabháil iomlán incheadaithe a chionroinntear ar an Aontas, ar Bhallstát nó ar thríú tír;
(4)ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara, mar shampla le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt.
CAIBIDIL II
DEISEANNA IASCAIREACHTA
Airteagal 4
TACanna agus cionrannta
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo na gabhálacha iomlána incheadaithe, na cuótaí agus na coinníollacha a bhaineann go feidhmiúil leo, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 5
Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta
Beidh cionroinnt deiseanna iascaireachta i measc na mBallstát, mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo, gan dochar do na nithe seo a leanas:
(a)malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(b)asbhaintí agus ath‑chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
(c)gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(d)cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó arna n‑aistriú faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
(e)asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 6
Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír
Sainaithnítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo stoic na speiceas nach spriocspeicis iad laistigh de na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 atá incháilithe don mhaolú ón oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh an chuóta ábhartha.
Airteagal 7
Dúnadh chun sceitheadh trosc a chosaint
1.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 25 agus 26 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.
2.Beidh díolúine ón toirmeasc a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:
(a)oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;
(b)soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó trealamh iascaireachta comhchosúil éighníomhach eile i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;
(c)soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 25, inar lú ná 50 méadar doimhneacht an uisce, ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealamh á úsáid acu arb ionann méid a mhogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír.
3.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 22 agus 23 ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa.
4.Beidh feidhm ag an díolúine ón toirmeasc a leagtar síos i mír 3 sna cásanna seo a leanas:
(a)oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;
(b)soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó trealamh iascaireachta comhchosúil éighníomhach eile i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;
(c)soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 24, inar lú ná 40 méadar doimhneacht an uisce, ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealaimh á n‑úsáid acu arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír.
5.Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) agus (c) agus mír 4, pointí (b) agus (c) go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.
Airteagal 8
Bearta maidir le hiascaigh áineasa le haghaidh trosc i bhforanna 22-26
1.In iascaigh áineasa, ní fhéadfar níos mó ná [pm] eiseamal trosc a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae i bhForanna 22 agus 23 agus i bhforoinn 24 laistigh de 6 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte.
2.De mhaolú ar mhír 1, ní fhéadfar níos mó ná [pm] eiseamal trosc a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae i bhforanna 22 agus 23 agus i bhforoinn 24 laistigh de 6 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte sa tréimhse ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta 2022.
3.Toirmeascfar iascaireacht áineasa na dtrosc i bhforoinn 24 thar 6 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte, agus i bhforanna 25 agus 26.
4.Tá míreanna 1, 2 agus 3 gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine.
Airteagal 9
Bearta maidir le hiascaireacht le haghaidh breac geal agus bradán i bhforanna 22-32
1.Beidh cosc ar shoithí iascaireachta bric gheala a iascach thar 4 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte i bhforanna 22‑32 ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2022. Agus bradáin á n‐iascach sna huiscí sin, ní rachaidh foghabhálacha breac geal thar 3 % den ghabháil iomlán bradán agus breac geal tráth ar bith a bheidh ar bord nó tugtha i dtír tar éis gach turais iascaireachta.
2.Tá mír 1 gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine.
Airteagal 10
Solúbthacht
1.Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim, agus beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus ag Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TAC anailíseach.
2.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3(2) agus (3) agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n‑úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 11
Tarchur sonraí
Nuair a sheolfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cainníochtaí na stoc a ghabhtar nó a thugtar i dtír chuig an gCoimisiún, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 12
Leasú ar Rialachán (AE) 2021/92
In Iarscríbhinn IA, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla deiseanna Iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara i roinn 3a ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais d’fholimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe de roinn 2a ICES:
‘
|
Speiceas:
|
An trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara
|
Limistéar:
|
3a; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais Eorpaigh d’fholimistéar 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a
|
|
|
Trisopterus esmarki
|
|
|
(NOP/2A3A4.)
|
|
|
|
Bliain
|
2021
|
|
2022
|
|
|
TAC anailíseach
|
|
|
An Danmhairg
|
116 447
|
(1)(3)
|
pm
|
(1)(6)
|
|
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96
|
|
An Ghearmáin
|
22
|
(1)(2)(3)
|
pm
|
(1)(2)(6)
|
|
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96
|
|
An Ísiltír
|
86
|
(1)(2)(3)
|
pm
|
(1)(2)(6)
|
|
|
|
|
|
|
An tAontas
|
116 555
|
(1)(3)
|
pm
|
(1)(6)
|
|
|
|
|
|
|
An Ríocht Aontaithe
|
11 745
|
|
pm
|
|
|
|
|
|
|
|
An Iorua
|
0
|
(4)
|
pm
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
Oileáin Fharó
|
0
|
(5)
|
pm
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
TAC
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(1)
|
Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha cadóg agus faoitíní (OT2/* 2A3A4). Foghabhálacha cadóg agus faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.
|
|
(2)
|
Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéir 2a, 3a agus 4 ICES.
|
|
|
|
|
|
(3)
|
Ní fhéadfar cuóta an Aontais a iascach ach ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021.
|
|
|
|
|
|
(4)
|
Bainfear úsáid as greille shórtála.
|
|
|
|
|
|
|
(5)
|
Bainfear úsáid as greille shórtála. Áirítear leis seo uasmhéid 15 % d’fhoghabhálacha dosheachanta (NOP/*2A3A4), nach mór a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo.
|
|
|
(6)
|
Féadfar cuóta an Aontais a iascach ón 1 Samhain 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022.
|
|
‘
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022. Ina ainneoin sin, beidh feidhm ag Airteagal 12 ón 1 Samhain 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán