AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.8.2021
COM(2021) 480 final
2021/0273(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta i dtaca le glacadh beartaithe cinnidh lena gcuirfear síneadh leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 go dtí an 31 Nollaig 2023
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992
Is é is aidhm don Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) a áirithiú go mbeidh comhar idirnáisiúnta feabhsaithe ann maidir le cúrsaí siúcra ar fud an domhain agus saincheisteanna gaolmhara, go gcuirfear fóram ar fáil le haghaidh comhairliúcháin idir-rialtasacha maidir le siúcra agus bealaí chun feabhas a chur ar gheilleagar domhanda an tsiúcra, go n‑éascófar trádáil trí fhaisnéis ar mhargadh domhanda an tsiúcra agus milseoirí eile a bhailiú agus a sholáthar agus go spreagfar éileamh méadaithe ar shiúcra, go háirithe le haghaidh úsáidí neamhthraidisiúnta.
Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993.
Is páirtí é an tAontas sa Chomhaontú.
2.2.An Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta
Is í an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta an comhlacht atá freagrach as na feidhmiú na bhfeidhmeanna uile is gá chun forálacha an Chomhaontaithe a chomhlíonadh. Glacann sí rialacha agus rialacháin lena n‑áirítear rialacha nós imeachta le haghaidh na Comhairle agus a cuid coistí agus rialacháin airgeadais agus foirne na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra (‘ISO’). Coimeádann an Chomhairle na taifid riachtanacha agus foilsíonn sí tuairisc bhliantúil agus eolas eile má mheastar é a bheith iomchuí.
Tá 2000 vóta san iomlán ag comhaltaí den Chomhaontú. Tá méid áirithe vótaí ag gach comhalta den Chomhaontú, méid a choigeartaítear go bliantúil agus critéir réamhshainithe sa Chomhaontú á leanúint. Déanfar cinntí uile na Comhairle de chomhthoil, i bprionsabal, ach amháin má leagtar síos a mhalairt sa Chomhaontú. I gcás nach bhfuil comhthoil ann, déanfar cinntí agus moltaí trí vóta tromlaigh shimplí, ach amháin má fhoráiltear maidir le vóta speisialta sa Chomhaontú.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta
Tugadh an Comhaontú i gcrích le Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993. Tugadh i gcrích é le haghaidh tréimhse 3 bliana go dtí an 31 Nollaig 1995 agus ó shin i leith, cuireadh síneadh leis go tráthrialta le haghaidh tréimhsí breise 2 bhliain, mar a fhoráiltear le hAirteagal 45 den Chomhaontú. Cuireadh an síneadh deireanach leis an gComhaontú i mí Iúil 2019 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021.
An 26 Samhain 2021, le linn an 59ú seisiún a bheidh aici, glacfaidh an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta cinneadh maidir le síneadh 2 bhliain eile a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (‘an gníomh atá beartaithe’).
Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe é a chur ar a cumas don Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra leanúint dá cuid oibre.
Cumhdóidh síneadh an Chomhaontaithe an tréimhse idir an 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Thug an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 i gcrích le Cinneadh 92/580/CEE agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993 le haghaidh tréimhse 3 bliana go dtí an 31 Nollaig 1995. Cuireadh síneadh leis go tráthrialta ó shin i leith le haghaidh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh an síneadh deireanach leis an gComhaontú le cinneadh ón gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta le linn an 55ú seisiún a bhí aici an 19 Iúil 2019 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021.
Ba bhall gníomhach den Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta é an tAontas riamh agus is chun leas an Aontais é síneadh suas le 2 bhliain eile a chur leis an gComhaontú. Is mórtháirgeoir siúcra é an tAontas agus tá sé ar cheann de na comhpháirtithe trádála siúcra is mó dá bhfuil ag comhaltaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra.
Tá 2,000 vóta san iomlán ag na 87 gcomhalta den Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra. Is comhalta amháin é an tAontas Eorpach. Baineann ualú le gach vóta ar fiú £661 le haghaidh bhuiséad riaracháin 2021 é. Le haghaidh nósanna imeachta buiséadacha (féach Airteagal 25 den Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992), i.e. chun ranníocaíochtaí bliantúla airgeadais na mball a shocrú, tá 538 vóta ag an Aontas, agus dá bhrí sin Is é £355,618 an ranníocaíocht atá dlite le haghaidh 2021. Déantar na huimhreacha seo a choigeartú ar bhonn bliantúil.
Tá cinneadh foirmiúil maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2023 sceidealaithe don 59ú seisiún den Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a thionólfar an 26 Samhain 2021 i Londain.
Is é is cuspóir don togra seo údarú na Comhairle a lorg don Choimisiún chun vótáil sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta , thar ceann an Aontais, i bhfabhar síneadh a chur leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2023.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
Déantar foráil, le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), le haghaidh cinntí lena leagfar síos‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Bunaíodh an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta le hAirteagail 3 agus 8 den Chomhaontú, agus féadfar dul ar a hiontaoibh chun cinntí áirithe a ghlacadh.
Is í an éifeacht atá ag an ngníomh atá beartaithe, lena dtugtar cumhacht don Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta faoi Airteagal 45(2) den Chomhaontú, síneadh a chur le bailíocht an Chomhaontaithe, ar comhaontú idirnáisiúnta é atá ina cheangal ar an Aontas. Dá bhrí sin, tá éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh atá beartaithe.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is le comhbheartas tráchtála (trádáil i dtáirgí talmhaíochta) a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 207 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go leasófar an Comhaontú le gníomh ón gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta , is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2021/0273 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rinne an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993. Tugadh an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana go dtí an 31 Nollaig 1995.
(2)De bhun Airteagail 3 agus 8 den Chomhaontú, bunaíodh an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta chun cinntí áirithe a ghlacadh. De bhun Airteagal (45)2 den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. Ó tugadh an Comhaontú i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta le haghaidh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh an síneadh deireanach leis an gComhaontú le cinneadh ón gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta i mí Iúil 2019 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021.
(3)Le linn an 59ú seisiún a bheidh aici an 26 Samhain 2021, glacfaidh an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta cinneadh maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh tréimhse eile suas le 2 bhliain, ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023.
(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 59ú seisiún den Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a bhunú, óir is chun leas an Aontais é síneadh a chur leis an gComhaontú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Vótáil i bhfabhar síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992, le haghaidh tréimhse eile suas le dhá bhliain ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023, is é sin an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 59ú seisiún den Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
|
RÁITEAS AIRGEADAIS
|
FinancSt/10/
LK/hn/4760052
|
|
|
6.22.2021.1
|
|
|
DÁTA: 28.06.2021
|
|
1.
|
CEANNTEIDEAL BUISÉID:
14 20 03 06 Eagraíochtaí agus Comhaontuithe Idirnáisiúnta
|
LEITHREASUITHE:
B2021 6 300 000 EUR
|
|
2.
|
TEIDEAL:
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992.
|
|
3.
|
BUNÚS DLÍ: Airteagal 207 i gcomhar le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
4.
|
AIDHMEANNA:
Síneadh 2 bhliain eile a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra atá ann faoi láthair (1 Eanáir 2022 - 31 Nollaig 2023).
|
|
5.
|
IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS
|
TRÉIMHSE 12 MHÍ
(EUR milliún)
|
AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA
2021
(EUR milliún)
|
AN CHÉAD BHLIAIN AIRGEADAIS EILE
2022
(EUR milliún)
|
|
5.0
|
CAITEACHAS
-
ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN AONTAIS
(AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA)
-
ÚDARÁIS NÁISIÚNTA
-
EILE
|
|
|
0.41
|
|
5.1
|
IONCAM
-
ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS
(TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM)
-
NÁISIÚNTA
|
|
|
|
|
|
|
2023 (EUR milliún)
|
|
|
|
5.0.1
|
CAITEACHAS MEASTA
|
0.46
|
|
|
|
5.1.1
|
IONCAM MEASTA
|
|
|
|
|
5.2
|
MODH RÍOMHA: Bunaithe ar thoimhdí ar líon measta vótaí (538) an Aontais (líon a athraíonn gach bliain), ar mhéid measta atá le híoc in aghaidh an vóta in GBP (661).
|
|
6.0
|
AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASUITHE A CUIREADH ISTEACH I gCAIBIDIL ÁBHARTHA AN BHUISÉID ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR?
|
IS FÉIDIR
|
|
6.1
|
AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR?
|
-
|
|
6.2
|
AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH?
|
-
|
|
6.3
|
AN mBEIDH GÁ LE LEITHREASUITHE A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO?
|
BEIDH
|
|
NÓTAÍ:
Is féidir an méid iarbhír atá le híoc a bheith éagsúil ag brath ar líon deiridh na vótaí a fhaigheann an tAontas, ar an méid atá le híoc in aghaidh an vóta in GBP agus ar an ráta malairte EUR/GBP.
|