AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.8.2021
COM(2021) 461 final
2021/0259(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair i dtaca le Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair i dtaca le glacadh beartaithe Cinnidh ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach maidir le Coiste Teicniúil um Iompar Uisce‑iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Conradh um an gComhphobal Iompair
Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chonradh um an gComhphobal Iompair (TCT), atá á chur i bhfeidhm go sealadach ó 2017. Is é is aidhm don Chonradh Comhphobal Iompair a chruthú i réimse an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre agus de mhuiriompar, agus chun gréasán iompair a fhorbairt idir an tAontas Eorpach agus Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.
2.2.An Coiste Stiúrtha Réigiúnach
Bunaítear an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le hAirteagal 24 den Chonradh um an gComhphobal Iompair. Tá sé freagrach as riar agus cur chun feidhme cuí an Chonartha um an gComhphobal Iompair. Chun na críche sin, déanann sé moltaí agus cinntí sna cásanna sin dá bhforáiltear sa Chonradh um an gComhphobal Iompair. Go sonrach, déanann an Coiste Stiúrtha Réigiúnach an méid seo a leanas:
(a) ullmhaíonn sé obair na Comhairle Aireachta,
(b) déanann sé cinntí maidir le coistí teicniúla a bhunú,
(c) déanann sé moltaí agus cinntí i gcomhréir leis an gConradh um an gComhphobal Iompair,
(d) a mhéid a bhaineann le gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais, déanann sé beart de réir mar is iomchuí, go háirithe trí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh um an gComhphobal Iompair a athbhreithniú,
(e) ceapann sé Stiúrthóir na Buanrúnaíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Aireachta,
(f) féadfaidh sé Leas‑Stiúrthóir amháin nó níos mó a cheapadh ar an mBuanrúnaíocht,
(g) leagann sé síos rialacha na Buanrúnaíochta,
(h) féadfaidh sé, trí bhíthin cinnidh, leibhéal na ranníocaíochtaí buiséid a athbhreithniú,
(i) glacann sé buiséad bliantúil an Chomhphobail Iompair,
(j) glacann sé an cinneadh lena sonraítear an nós imeachta le haghaidh an buiséad a chur chun feidhme, cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh agus cigireacht a dhéanamh,
(k) déanann sé cinntí faoi dhíospóidí a chuireann na Páirtithe Conarthacha ina láthair,
(l) glacann sé prionsabail ghinearálta sa réimse a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid, i ndáil le doiciméid atá i seilbh comhlachtaí a bunaíodh leis an gConradh um an gComhphobal Iompair nó a bunaíodh faoin gConradh sin,
(m) glacann sé tuarascálacha bliantúla, a chuirtear faoi bhráid na Comhairle Aireachta, maidir le cur chun feidhme an Ghréasáin Chuimsithigh,
(n) i leith gníomhartha áirithe de chuid an Aontais, bunaíonn sé teorainneacha ama agus bealaí i dtaca le trasuí na ngníomhartha sin ag Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach
Le linn a chéad chruinnithe eile, glacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach Cinneadh lena mbunaítear Coiste Teicniúil um Iompar Uisce‑iompartha agus um Ilmhodúlacht (‘an gníomh atá beartaithe’).
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de TCT, lena bhforáiltear an méid seo a leanas: ‘Beidh cinneadh ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha’.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Tá glacadh an chinnidh seo ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach riachtanach le haghaidh TCT a chur chun feidhme go cuí chun Comhphobal Iompair a chruthú i réimse an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre agus de mhuiriompar, agus chun gréasán iompair a fhorbairt idir an tAontas Eorpach agus Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa. Is é an aidhm a bheidh ag Coiste Teicniúil um Iompar Uisce‑iompartha agus Ilmhódúlacht aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ríthábhachtacha maidir le hiompar uisce‑iompartha (gnóthaí muirí, uiscebhealaí intíre agus calafoirt) chomh maith le gnéithe ilmhódúlachta agus a n‑úsáid éifeachtúil a chur chun cinn. Mar gur páirtí sa Chonradh um an gComhphobal Iompair é an tAontas, is gá seasamh an Aontais a bhunú.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht a bunaíodh trí bhíthin Conartha, eadhon an Conradh um an gComhphobal Iompair, é an Coiste Stiúrtha Réigiúnach.
Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo na gníomhartha atáthar ag iarraidh ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 26 de TCT, tá sé de chumhacht ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach cinntí a ghlacadh chun coistí teicniúla a bhunú. De thoradh a gcineáil, agus mar ábhar dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, tá eilimintí sna cinntí sin a dhéanann difear do sheasamh dlíthiúil na bpáirtithe sa Chonradh um an gComhphobal Iompair agus, dá bhrí sin, do sheasamh dlíthiúil an Aontais freisin. Dá bharr sin, ní mór a mheas gur rialacha iad a bhfuil éifeachtaí dlí leo.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús substaintiúil dlí
4.2.1.Prionsabail
Braitheann an bunús substaintiúil dlí le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús substaintiúil dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
An gníomh atá beartaithe, tá siad riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an Conradh um an gComhphobal Iompair mar is cuí. Dá réir sin, leis an gConradh um an gComhphobal Iompair, saothraítear cuspóirí i réimsí an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre, ar modhanna iompair iad a chumhdaítear le hAirteagal 91 CFAE, agus i réimse an iompair de mhuir freisin, modh iompair a chumhdaítear le hAirteagal 100(2) CFAE, agus baineann compháirteanna den Chonradh leis na réimsí sin. Ó tá gné chothrománach ar an ngníomh atá beartaithe, baineann an gníomh sin leis na nithe sin go léir.
Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe: Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) CFAE.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina mbunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
I gcomhréir le hAirteagal 25(2) den Chonradh um an gComhphobal Iompair, foilseofar na cinntí ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2021/0259 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair i dtaca le Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rinneadh an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (‘TCT’) a fhormheas thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.
(2)Bunaíodh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le TCT chun TCT a riar agus a chur chun feidhme mar is cuí. De bhun Airteagal 26 de TCT, féadfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach cinntí a ghlacadh chun coistí teicniúla a chur ar bun.
(3)Féadfaidh coistí teicniúla tograí a dhéanamh ina réimse freagrachta don Choiste Stiúrtha Réigiúnach le haghaidh cinnidh. Ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha a bhíonn ar na coistí teicniúla. Is féidir le Ballstáit uile an Aontais a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir.
(4)Ní fada go nglacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach cinneadh chun Coiste Teicniúil um Iompar Uisce‑iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú.
(5)Le bunú Coiste Teicniúil um Iompar Uisce‑iompartha agus Ilmhódúlacht, éascófar cur chun feidhme cuí TCT maidir le Comhphobal Iompair a chruthú i réimse an iompair de bhóthar, d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus de mhuiriompar, agus chun gréasán iompair a fhorbairt idir an tAontas Eorpach agus Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa.
(6)Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag Coiste Teicniúil um Iompar Uisce‑iompartha agus Ilmhódúlacht aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ríthábhachtacha maidir le hiompar uisce‑iompartha (gnóthaí muirí, uiscebhealaí intíre agus calafoirt), maidir le gnéithe ilmhódúlachta agus a n‑úsáid éifeachtúil a chur chun cinn.
(7)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach a bhunú óir tá na cinntí sin riachtanach le haghaidh TCT a chur chun feidhme agus beidh siad ina gceangal ar an Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach arna chur ar bun ag an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair maidir le Coiste Teicniúil um Iompar Uisce‑iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú, bunófar an seasamh sin ar an dréachtghníomh ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Choiste Stiúrtha Réigiúnach toiliú le mionathruithe ar an dréachtchinneadh sin gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.8.2021
COM(2021) 461 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair i dtaca le Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú
IARSCRÍBHINN
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. 2021/
Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
an …
maidir le cinneadh a ghlacadh chun Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 26 de,
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
1.
Glactar leis seo an cinneadh chun Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú.
2
Is é an aidhm a bheidh ag Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ríthábhachtacha maidir le hiompar uisce-iompartha (gnóthaí muirí, uiscebhealaí intíre agus calafoirt) chomh maith le gnéithe ilmhódúlachta agus a n-úsáid éifeachtúil a chur chun cinn.
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An tUachtarán