An Bhruiséil,20.7.2021

COM(2021) 420 final

2021/0239(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2021) 391 final} - {SWD(2021) 190 final} - {SWD(2021) 191 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ina mbagairt thromchúiseach ar shláine gheilleagar agus chóras airgeadais an Aontais agus ar shlándáil na saoránach. Maidir le thart ar 1 % d’olltáirgeacht intíre bhliantúil an Aontais, mheas Europol gur ‘braitheadh go bhfuil baint aige le gníomhaíocht airgeadais amhrastach’ 1 . I mí an Mheithimh 2019, tar éis roinnt cásanna suntasacha de sciúradh airgid líomhnaithe lena mbaineann institiúidí creidmheasa san Aontas, ghlac an Coimisiún pacáiste 2 lena ndéantar anailís ar éifeachtacht chóras an Aontais maidir le frithsciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT) faoi mar a bhí an tráth sin, agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh gá le hathruithe. Sa chomhthéacs sin, chuir Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála 3 le haghaidh 2020‑2025 i dtábhacht go raibh gá le creat an Aontais a fheabhsú maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac chun Eorpaigh a chosaint ar sceimhlitheoireacht agus coireacht eagraithe.

An 7 Bealtaine 2020 chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta i láthair um beartas cuimsitheach ón Aontas maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc 4 . Sa Phlean Gníomhaíochta sin, gheall an Coimisiún bearta a dhéanamh chun go neartófar rialacha an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac agus a gcur chun feidhme agus shainigh sé cinn de thosaíochtaí nó colúin:

1.    Cur chun feidhme éifeachtach an chreata AML/CFT ón Aontas atá ann cheana a áirithiú,

2.    Leabhar rialacha aonair ón Aontas maidir le AML/CFT a bhunú,

3.    Maoirseacht AML/CFT ar leibhéal an Aontais a thabhairt i gcrích,

4.    Sásra um thacaíocht agus comhar le haghaidh AFAnna a bhunú,

5.    Forálacha dlí choiriúil agus malartú faisnéise a fhorfheidhmiú ar leibhéal an Aontais,

6.    Gné idirnáisiúnta chreat AML/CFT ón Aontas a neartú.

Cé go bhfuil colúin 1, 5 agus 6 den Phlean Gníomhaíochta á gcur chun feidhme, tá gá le gníomhaíocht reachtach i gcás na gceann eile. Tá an togra seo le haghaidh Rialacháin mar chuid de phacáiste AML/CFT de cheithre thogra reachtacha agus meastar gur iomlán comhleanúnach amháin iad sin, agus Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin an 7 Bealtaine 2020 á chur chun feidhme, lena gcruthaítear creat rialála agus institiúideach AML/CFT nua atá níos comhleanúnaí laistigh den Aontas. Cuimsítear an méid seo a leanas leis an bpacáiste:

an togra seo le haghaidh Rialachán maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid (ML) agus maoiniú sceimhlitheoireachta (TF) a chosc;

togra le haghaidh Treoir 5 lena mbunaítear na sásraí ar cheart do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch ML/TF a chosc, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 6

togra le haghaidh Rialachán lena gcruthaítear Údarás de chuid an Aontais um fhrithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (‘AMLA’) 7 , agus

togra le haghaidh athmhúnlú Rialachán (AE) 2015/847 lena leathnaítear ceanglais inrianaitheachta chuig criptea‑shócmhainní 8 .

Leis an togra reachtach seo, i dteannta togra le haghaidh Treoir agus togra le haghaidh athmhúnlú Rialachán (AE) 2015/847, comhlíontar an cuspóir a bhaineann le leabhar rialacha aonair ón Aontas a bhunú (colún 2).

Thacaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon leis an bplean a leag an Coimisiún amach i bPlean Gníomhaíochta Bealtaine 2020. Ina rún an 10 Iúil 2020, d’iarr Parlaimint na hEorpa go neartófaí rialacha an Aontais agus d’fháiltigh sí roimh phleananna chun ollchóiriú a dhéanamh ar chur ar bun institiúideach AML/CFT an Aontais 9 . An 4 Samhain 2020, ghlac Comhairle ECOFIN conclúidí lena dtacaítear le gach ceann de cholúin Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin 10 .

Tá an gá atá le rialacha comhchuibhithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh comhthacaithe leis an bhfianaise a sholáthraítear i dtuarascálacha 2019 a d’eisigh an Coimisiún. Is éard a sainaithníodh sna tuarascálacha sin ná de bharr go bhfuil ceanglais Threoir (AE) 2015/849 forleathan, d’fhág easpa na hinfheidhmeachta dírí agus na gráinneachta sonraí a bhaineann leo gurbh ann d’ilroinnt ina gcur i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta mar aon le léirmhínithe éagsúla. Ní fhágann an staid sin gur féidir déileáil go héifeachtach le staideanna trasteorann agus dá bhrí sin níl siad oiriúnach chun an margadh inmheánach a chosaint go leordhóthanach. Ina theannta sin, gineann an staid sin costais agus ualaí breise ar oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann agus cruthaíonn sí arbatráiste rialála.

Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna thuas agus éagsúlachtaí rialála a sheachaint, aistríodh na rialacha uile a bhfuil feidhm acu maidir leis an earnáil phríobháideach chuig an togra seo le haghaidh Rialachán AML/CFT, de bharr gur faoi Threoir a fhágtar eagrú chóras institiúideach AML/CFT ar an leibhéal náisiúnta, agus aitheantas á thabhairt don ghá atá le solúbthacht le haghaidh Ballstát sa réimse sin.

Mar sin féin, leis an togra seo ní hé go ndéantar forálacha ón Treoir AML/CFT atá ann cheana a aistriú chuig Rialachán, agus é sin amháin; déantar cuid mhór athruithe substaintiúla chun leibhéil níos airde comhchuibhiúcháin agus cóineasúcháin a thabhairt i gcrích agus rialacha AML/CFT á gcur i bhfeidhm ar fud an Aontais:

chun rioscaí nua agus rioscaí atá ag teacht chun cinn a mhaolú, leathnaítear an liosta eintiteas faoi oibleagáid chun soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní a áireamh, ach áirítear earnálacha eile ann freisin amhail ardáin sluachistiúcháin agus oibreoirí imirce;

chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach rialacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, soiléirítear ceanglais i ndáil le beartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha, lena n‑áirítear i gcás grúpaí, agus féachtar leis go mbeidh bearta díchill chuí do chustaiméirí níos gráinní, agus ceanglais níos soiléire ann de réir leibhéal riosca an chustaiméara;

déantar athbhreithniú ar na ceanglais i ndáil le tríú tíortha chun a áirithiú go gcuirfear bearta díchill chuí fheabhsaithe i bhfeidhm maidir leis na tíortha sin ar bagairt iad do chóras airgeadais an Aontais;

tá ceanglais i ndáil le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil faoi réir mionsoiléirithe, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar dhuine atá faoi riteacht pholaitiúil;

tá ceanglais maidir le húinéireacht thairbhiúil cuíchóirithe chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta a áirithiú ar fud an Aontais, agus tugtar ceanglais nua isteach i ndáil le hainmnithe agus eintitis eachtracha chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a cheileann coirpigh taobh thiar de leibhéil idirmheánacha;

chun tuairisciú idirbheart amhrasach a threorú ar bhealach níos soiléire, soiléirítear bratacha dearga a tharraingíonn amhras, de bharr go bhfanann ceanglais maidir le nochtadh agus comhroinnt faisnéise san earnáil phríobháideach gan athrú;

chun comhsheasmhacht iomlán le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí a áirithiú, tugtar isteach ceanglais maidir le catagóirí áirithe de shonraí pearsanta a phróiseáil agus soláthraítear teorainn ama níos giorra chun sonraí pearsanta a choinneáil;

neartaítear na bearta chun maolú a dhéanamh ar mhí‑úsáid ionstraimí iompróra agus déantar foráil lena dteorannaítear úsáid airgid le haghaidh idirbhearta móra a chur isteach i bhfianaise na héifeachta ísle cruthaithe atá leis an gcur chuige reatha lena mbraitear ar thrádálaithe in earraí chun ceanglais AML/CFT a chur chun feidhme i ndáil le híocaíochtaí airgid móra.

Trí rialacha AML/CFT atá infheidhme go díreach a bheith i Rialachán, agus níos mó mionsonraí ann ná mar atá ann faoi láthair i dTreoir (AE) 2015/849, ní hamháin go gcuirfear cóineasú chur i bhfeidhm bhearta AML/CFT chun cinn ar fud na mBallstát, ach soláthrófar creat comhsheasmhach freisin ar ina aghaidh a bheidh AMLA in ann faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha sin ina cháil mar mhaoirseoir díreach ar eintitis áirithe faoi oibleagáid.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is éard atá mar thúsphointe an togra seo Treoir (AE) 2015/849 atá ann cheana, mar a leasaíodh le Treoir (AE) 2018/843 11 . Cé go leantar an cur chuige cuimsitheach rioscabhunaithe leis, déantar é a dhoimhniú agus a fheabhsú leis d’fhonn éifeachtacht agus comhsheasmhacht trasteorann níos fearr a chur i gcrích maidir le cur i bhfeidhm cheanglais AML/CFT. Ag cur leis na leasuithe a tugadh isteach le Treoir 2018/843, déantar trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla ar fud an mhargaidh inmheánaigh a chuíchóiriú leis, agus aghaidh á tabhairt ar na gnéithe sin inar cruthaíodh féidearthachtaí, de dheasca easpa gráinneacht sonraí, do choirpigh chun teacht i dtír ar an nasc is laige. Ní mór caitheamh leis an togra seo mar chuid de phacáiste, leis na tograí reachtacha eile a ghabhann leis, agus iad go hiomlán comhsheasmhach le chéile.

Tá an togra seo comhsheasmhach leis na leasuithe is déanaí a rinneadh ar mholtaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), agus go háirithe i ndáil le leathnú raon feidhme na n‑eintiteas faoi réir cheanglais AML/CFT chun soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní agus bearta atá le déanamh ag eintitis faoi oibleagáid a áireamh chun measúnú agus maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a imghabháil. I gcomhréir le caighdeáin FATF, leis an togra seo áirithítear cur chuige comhsheasmhach ar fud an Aontais chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a dhíorthaíonn ó scaireanna iompróra agus barántais scaireanna iompróra. Ag dul thar chaighdeáin FATF, leis an togra téitear i ngleic le rioscaí a bhaineann go sonrach leis an Aontas nó ag a bhfuil tionchair ar leibhéal an Aontais, amhail iad sin a dhíorthaíonn ó scéimeanna imirce nó íocaíochtaí airgid móra.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Idirghníomhaíonn reachtaíocht ón Aontas maidir le AML/CFT le roinnt píosaí reachtaíochta ón Aontas i réimsí na seirbhís airgeadais agus an dlí choiriúil. Mar chuid de sin, áirítear reachtaíocht ón Aontas maidir le híocaíochtaí agus aistrithe cistí (an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta, an Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta, an Treoir um Airgead Leictreonach 12 ). Seo a leanas roinnt samplaí lena léirítear faoi mar a áirithíodh comhleanúnachas le reachtaíocht eile ón Aontas:

Trí sholáthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní a chuimsiú i measc eintitis atá faoi réir rialacha AML/CFT agus tabhairt isteach ceanglas faisnéise maidir le haistrithe sócmhainní fíorúla, comhlánófar Pacáiste Airgeadais Dhigitigh an 24 Meán Fómhair 2020 13 agus áiritheofar comhsheasmhacht iomlán idir creat an Aontais agus caighdeáin FATF.

Leis an gcur chuige a glacadh chun eintitis atá faoi réir rialacha AML/CFT a shainaithint áiritheofar comhsheasmhacht freisin leis an Rialachán a glacadh le déanaí maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin 14 , sa mhéid a chuirtear ardáin sluachistiúcháin a thagann lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin sin faoi réir rialacha AML/CFT ón Aontas leis sin, ós rud é go bhfuil coimircí AML/CFT áirithe atá sa Rialachán sin le haghaidh ardáin sluachistiúcháin faoina réir.

Sna leasuithe ar rialacha maidir le dícheall cuí do chustaiméirí áirítear forálacha chun dícheall cuí do chustaiméirí a fhorbairt ar bhealach níos fearr i gcásanna ina bhfuil ionduchtú cliant cianda á dhéanamh, comhleanúnach leis an leasú beartaithe ón gCoimisiún ar Rialachán eIDAS i ndáil le creat le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí 15 , lena n‑áirítear tiachóga céannachta digití Eorpacha agus seirbhís iontaoibhe ábhartha, go háirithe fianuithe leictreonacha ar shaintréithe. Tá an méid sin i gcomhréir leis an Straitéis Airgeadais Dhigitigh 16 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 CFAE atá mar bhunús leis an togra seo le haghaidh rialacháin, an bunús dlí céanna leis an gcreat dlíthiúil AML/CFT reatha ón Aontas. Tá Airteagal 114 iomchuí i bhfianaise na bagartha suntasaí arb ann di le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, agus na caillteanais eacnamaíocha agus an suaitheadh i bhfeidhmiú an mhargaidh aonair agus an damáiste do chlú ar an leibhéal trasteorann is féidir a chruthú ar leibhéal an Aontais dá dheasca sin.

Coimhdeacht

I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a ghnóthú go leordhóthanach agus is fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Le pacáiste AML 2019 ón gCoimisiún cuireadh i dtábhacht an bealach a bhí coirpigh in ann teacht i dtír ar na difríochtaí atá ann i measc chórais AML/CFT de chuid na mBallstát. Is féidir le sreabhadh airgid aindleathaigh agus maoiniú sceimhlitheoireachta dochar a dhéanamh do chobhsaíocht agus clú chóras airgeadais an Aontais, agus a bheith ina mbagairt d’fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair. Bearta a glacadh ar an leibhéal náisiúnta amháin, d’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí díobhálacha acu sin ar an margadh inmheánach agus rannchuidiú le hilroinnt. Tá údar le gníomhaíocht ón Aontas chun cothroime iomaíochta a choinneáil ar bun ar fud an Aontais – agus eintitis sna Ballstáit uile faoi réir tacar comhsheasmhach oibleagáidí maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. Fágann an cineál trasteorann a bhaineann le cuid mhór sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta go bhfuil an dea‑chomhar idir maoirseoirí náisiúnta agus AFAnna fíor‑riachtanach chun na coireanna sin a chosc. Tá gníomhaíochtaí trasteorann ag roinnt eintiteas atá faoi réir oibleagáidí AML, agus de dheasca cineálacha cur chuige éagsúla maoirseoirí náisiúnta agus AFAnna cuirtear bac orthu na cleachtais AML/CFT is fearr a bhaint amach ar leibhéal an ghrúpa.

Comhréireacht

Ba chuid lárnach den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra í an chomhréireacht agus rinneadh measúnú ar na roghanna beartaithe uile i réimsí rialála éagsúla de réir chuspóir na comhréireachta. Mar gheall ar an gcineál trasteorann a bhaineann le cuid mhór sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ceanglaítear cur chuige comhleanúnach agus comhsheasmhach ar fud na mBallstát bunaithe ar thacar aonair rialacha i bhfoirm leabhair rialacha aonair. Mar sin féin, leis an togra reatha ní ghlactar cur chuige comhchuibhiúcháin uasta, ós rud é nach bhfuil sé comhoiriúnach le cineál rioscabhunaithe bunúsach chóras AML/CFT an Aontais. I réimsí ina bhfuil údar leis de dheasca rioscaí náisiúnta sonracha, beidh na Ballstáit saor i gcónaí chun rialacha a théann thar na cinn a leagtar amach sa togra seo a thabhairt isteach.

An rogha ionstraime

Is iomchuí an uirlis é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun rannchuidiú le leabhar rialacha aonair a chruthú, ós rud é go bhfuil sé infheidhme go díreach agus láithreach, rud a fhágann go mbaintear an fhéidearthacht a bhaineann le difríochtaí cur i bhfeidhm i mBallstáit éagsúla de dheasca éagsúlachtaí sa trasuí. Tá gá freisin le tacar rialacha atá infheidhme go díreach ar leibhéal an Aontais chun go bhféadfar maoirseacht a dhéanamh ar eintitis áirithe faoi oibleagáid ar leibhéal an Aontais, rud a bheartaítear sa dréachtrialachán lena gcruthaítear AMLA a ghabhann leis an togra seo.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní dhearnadh meastóireacht ex post iomlán go fóill ar an gcóras AML/CFT reatha ón Aontas, i gcomhthéacs roinnt forbairtí reachtacha a rinneadh le déanaí. Glacadh Treoir (AE) 2015/849 an 20 Bealtaine 2015, agus ba é an spriocdháta trasuí le haghaidh na mBallstát an 26 Meitheamh 2017. Glacadh Treoir (AE) 2018/843 an 30 Bealtaine 2018, agus ba é an spriocdháta trasuí an 10 Eanáir 2020. Tá rialú trasuí fós ag dul ar aghaidh. Mar sin féin, an Teachtaireacht ón gCoimisiún Iúil 2019 agus na tuarascálacha a ghabhann léi dá dtagraítear thuas, feidhmíonn siad mar mheastóireacht ar éifeachtacht chóras AML/CFT ón Aontas faoi mar a bhí an tráth sin.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí an straitéis comhairliúcháin lena dtacaítear leis an togra seo comhdhéanta de roinnt comhchodanna:

Comhairliúchán maidir leis an treochlár lena bhfógraítear Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin. Lean an comhairliúchán, ar thairseach an Choimisiúin, Cloisimis uait, ar aghaidh idir an 11 Feabhra agus an 12 Márta 2020, agus fuarthas 42 rannchuidiú ó réimse páirtithe leasmhara;

Comhairliúchán poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí a cuireadh ar aghaidh sa Phlean Gníomhaíochta, oscailte don phobal i gcoitinne agus do na grúpaí páirtithe leasmhara uile, a seoladh an 7 Bealtaine 2020, agus oscailte go dtí an 26 Lúnasa. Fuarthas 202 rannchuidiú oifigiúla sa chomhairliúchán;

Comhairliúchán spriocdhírithe ar na Ballstáit agus údaráis AML/CFT inniúla. Bhí an deis ag na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt i gcruinnithe éagsúla de chuid an tsainghrúpa um sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus thug AFAnna ón Aontas ionchur i gcruinnithe d’Ardán AFA agus trí pháipéir scríofa. Tacaíodh leis na pléití le comhairliúcháin spriocdhírithe de chuid na mBallstát agus údaráis inniúla, agus úsáid á baint as ceistneoirí;

Iarraidh ar chomhairle ón Údarás Baincéireachta Eorpach, a rinneadh i mí an Mhárta 2020; sholáthar ÚBE a thuairim an 10 Meán Fómhair;

An 23 Iúil 2020, d’eisigh MECS tuairim ar Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin;

An 30 Meán Fómhair 2020, d’eagraigh an Coimisiún comhdháil ardleibhéil, lena dtugtar le chéile ionadaithe ó údaráis náisiúnta agus ón Aontas, FPEnna, ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta agus an lucht acadúil.

Bhí ionchur na bpáirtithe leasmhara maidir leis an bPlean Gníomhaíochta dearfach den chuid is mó.

Bailiú agus úsáid saineolais

Agus an togra seo á ullmhú aige, bhí an Coimisiún ag brath ar fhianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil a bailíodh ó fhoinsí aitheanta, lena n‑áirítear comhairle theicniúil ón Údarás Baincéireachta Eorpach. Ina theannta sin, fuarthas faisnéis ó na Ballstáit trí cheistneoirí maidir le rialacha AML a fhorfheidhmiú.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo 17 , rud a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 6 Samhain 2020 agus a formheasadh an 4 Nollaig 2020. Tá an measúnú tionchair céanna ag gabháil leis na tograí reachtacha eile freisin a chuirtear i láthair in éineacht leis an togra seo. Mhol an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála feabhsuithe láithritheacha ar an measúnú tionchair ina thuairim dearfach; rinneadh iad sin.

Sa mheasúnú tionchair bhreithnigh an Coimisiún trí fhadhb: easpa rialacha soiléire agus comhsheasmhacha, maoirseacht neamhréireach ar fud an mhargaidh aonair agus comhordú agus malartú faisnéise neamh‑leordhóthanach i measc AFAnna. Tá an chéad cheann de na fadhbanna sin ábhartha maidir leis an togra seo; maidir leis an bhfadhb sin, breithníodh na roghanna seo a leanas:

1. D’fhanfadh rialacha ón Aontas mar atá gan aon mhodhnú;

2. Leibhéal níos mó comhchuibhiúcháin a áirithe sna rialacha is infheidhme maidir le heintitis faoi oibleagáid agus é a fhágáil faoi na Ballstáit mionsonrú a dhéanamh ar chumhachtaí agus oibleagáidí na n‑údarás inniúil;

3. Leibhéal níos mó comhchuibhiúcháin a áirithiú sna rialacha is infheidhme maidir le heintitis atá faoi réir oibleagáidí AML/CFT agus cumhachtaí agus oibleagáidí maoirseoirí agus AFAnna;

Bunaithe ar thoradh an mheasúnúcháin tionchair, is í rogha 3 an rogha thosaíochta. Ach cur chuige comhsheasmhach agus níos gráinní a thabhairt isteach maidir leis na rialacha ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfaí an ilroinnt reatha a bhaint a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí AML/CFT araon ar eintitis faoi oibleagáid, agus gníomhaíochtaí údarás inniúil. Maidir le heintitis faoi oibleagáid atá gníomhach ar bhonn trasteorann, tabharfar cothroime iomaíochta i gcrích leis sin a mhéid a bhaineann le rialacha AML/CFT agus beidh coigilteas ann i gcostais chur chun feidhme. Cuirfear chun cinn braiteoireacht agus díspreagadh ML/TF ar bhealach níos fearr.

Le hIarscríbhinn VI den Mheasúnú Tionchair scrúdaítear na réimsí éagsúla chun rialacha a chomhchuibhiú ar bhealach níos fearr, lena n‑áirítear an liosta eintiteas faoi oibleagáid, bearta maidir le dícheall cuí do chustaiméirí, tairseach maidir le dícheall cuí do chustaiméirí le haghaidh idirbhearta ócáideacha, beartais AML/CFT, ceanglais maidir le rialuithe agus nósanna imeachta, soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní agus trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla.

Le hIarscríbhinn VIII den Mheasúnú Tionchair déantar anailís ar chur chuige athbhreithnithe ar thríú tíortha ar bagairt iad ar chóras airgeadais an Aontais agus ar an margadh inmheánach ina iomláine; leis an togra seo cuirtear an cur chuige nua sin chun feidhme.

Le hIarscríbhinn IX den Mheasúnú Tionchair déantar anailís ar thabhairt isteach teorainneacha le hidirbhearta airgid móra; leis an togra seo cuirtear an cur chuige nua sin chun feidhme.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Cé gurb amhlaidh, mar a tugadh faoi deara thuas, nach ndearnadh aon mheastóireacht ex post ná seiceáil oiriúnachta fhoirmiúil ar an reachtaíocht AML/CFT reatha ón Aontas go fóill, is féidir roinnt pointí a dhéanamh maidir le heilimintí den togra lena simpleofar é a thuilleadh agus lena bhfeabhsófar an éifeachtúlacht. Ar an gcéad dul síos, trí rialacha níos comhchuibhithe agus níos infheidhme go díreach i Rialachán a chur in ionad rialacha áirithe i dTreoir, bainfear an gá atá le hobair thrasuí sna Ballstáit agus éascófar gnó a dhéanamh le haghaidh eintitis trasteorann san Aontas. Thairis sin, trí thrádálaithe in earraí, atá nasctha leis an toirmeasc beartaithe ar oibríochtaí airgid os cionn EUR 10 000, a bhaint de raon feidhme chreat AML/CFT ón Aontas, scaoilfear na trádálaithe sin ón ualach riaracháin a bhaineann le ceanglais AML/CFT a chur i bhfeidhm i ndáil le hoibríochtaí airgid is mó ná EUR 10 000. Ar deireadh, leis an leibhéal is mó comhchuibhiúcháin ar rialacha AML i roinnt réimsí sonracha éascófar cur chun feidhme beartas, rialuithe agus nósanna imeachta uile‑ghrúpa inmheánacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

Cearta bunúsacha

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do chaighdeáin arda cosanta a thabhairt do chearta bunúsacha. Go háirithe, tugtar isteach coimircí le haghaidh láimhseáil eintiteas faoi oibleagáid ar shonraí pearsanta chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais ábhartha maidir le cosaint sonraí 18 , agus go háirithe i ndáil le catagóirí áirithe de shonraí pearsanta de chineál níos íogaire.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an Rialachán seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áirítear sa togra seo plean ginearálta chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na gcuspóirí sonracha, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún an chéad athbhreithniú a dhéanamh cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin (agus gach trí bliana ina dhiaidh sin), agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar a phríomhthorthaí. Tá na forálacha meastóireachta céanna ag an togra le haghaidh Treoir AML/CFT a ghabhann leis an togra seo agus is féidir an mheastóireacht ar an dá ionstraim a chomhcheangal i dtuarascáil amháin. Tá an t‑athbhreithniú le déanamh de réir Threoirlínte an Choimisiúin um Rialachán Níos Fearr.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Ábhar agus raon feidhme, lena n‑áirítear liosta eintiteas faoi oibleagáid

Cé go dtugtar an chuid is mó de na sainmhínithe anonn ón reachtaíocht AML/CFT reatha ón Aontas, cuirtear roinnt sainmhínithe leis, oiriúnaítear iad nó tugtar cothrom le dáta iad.

Déantar an réimse eintiteas a shainmhínítear mar eintitis faoi oibleagáid faoin reachtaíocht AML/CFT reatha ón Aontas, agus atá faoi réir rialacha AML/CFT ón Aontas dá réir sin, a leasú ar na bealaí seo a leanas: déantar raon feidhme soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní a ailíniú le raon feidhme an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais agus a leathnú dá réir sin leis an Treoir seo; soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thagann lasmuigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2020/1503, cuirtear isteach iad; creidiúnaithe le haghaidh morgáiste agus creidmheasanna tomhaltóirí chomh maith le hidirghabhálaithe morgáiste agus creidmheasa tomhaltóra nach institiúidí creidmheasa ná institiúidí airgeadais iad, cuirtear isteach iad chun cothroime iomaíochta a áirithiú idir oibreoirí a sholáthraíonn an cineál céanna seirbhísí; oibreoirí atá páirteach thar ceann náisiúnaigh tríú tír i gcomhthéacs scéimeanna cónaithe infheisteora, cuirtear isteach iad 19 ; baintear trádálaithe in earraí (go dtí seo, bhí oibleagáid orthu idirbhearta airgid ar luach is mó ná EUR 10 000 a thuairisciú), seachas le haghaidh déileálaithe i miotail agus clocha lómhara, ar cheart dóibh, i bhfianaise an nochta do rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann leis an earnáil, leanúint de cheanglais AML/CFT a chur i bhfeidhm.

Beartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha

An ceanglas atá ar eintitis faoi oibleagáid beartas a bheith i bhfeidhm chun na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta atá rompu a shainaithint agus a mheasúnú, le cur chuige rioscabhunaithe, agus chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí sin, cuirtear leis an reachtaíocht AML/CFT reatha ón Aontas ach soláthraítear níos mó soiléireachta ar na ceanglais. Ní mór d’eintitis faoi oibleagáid na bearta uile a dhéanamh ar leibhéal a mbainistíochta chun beartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha a chur chun feidhme, lena n‑áirítear bainisteoir tiomnaithe um chomhlíonadh a cheapadh, agus a áirithiú go gcuirfear oiliúint iomchuí ar an bhfoireann fhreagrach. An ceanglas maidir le ball den fhoireann a leithdháileadh ar ról an oifigigh um chomhlíonadh agus cúraimí an róil sin, tugtar soiléiriú orthu sin. Soláthraítear soiléirithe i ndáil leis na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le grúpaí, atá le comhlánú a thuilleadh le caighdeáin theicniúla rialála lena mionsonraítear ceanglais íosta, ról máthairghnóthas nach eintitis faoi oibleagáid iad féin agus na coinníollacha faoinar cheart do struchtúir eile amhail líonraí agus comhpháirtíochtaí bearta uile‑ghrúpa a chur i bhfeidhm. Déantar na ceanglais is infheidhme maidir le grúpaí le brainsí a oibríonn i dtríú tíortha a choinneáil ar bun.

Dícheall cuí do chustaiméirí

Cé go dtugtar an chuid is mó de na forálacha maidir le dícheall cuí do chustaiméirí ar aghaidh ón reachtaíocht AML/CFT reatha, leagtar síos roinnt soiléirithe agus mionsonraí breis sa togra seo maidir le dícheall cuí do chustaiméirí. Tugtar soiléiriú ar chuspóir bunúsach an díchill chuí do chustaiméirí á rá go mbaineann sé le heolas leordhóthanach a fháil ar chustaiméirí chun é a chur ar a gcumas d’eintitis faoi oibleagáid na rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta ócáideacha a chinneadh agus cinneadh a dhéanamh ar na bearta maolúcháin comhfhreagracha nach mór dóibh a chur i bhfeidhm. Leagtar síos níos mó forálacha sonracha agus mionsonraithe maidir le sainaithint an chustaiméara agus fíorú chéannacht an chustaiméara. Na coinníollacha maidir le modh ríomh‑shainaitheantais a úsáid mar a leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 20 , tugtar soiléiriú orthu. Cumhachtaítear do AMLA agus ceanglaítear air caighdeáin theicniúla rialála a sholáthar maidir leis na tacair sonraí chaighdeánacha chun daoine nádúrtha agus dlítheanacha a shainaithint; sna caighdeáin theicniúla rialála sin áireofar bearta simplithe sonracha maidir le dícheall cuí do chustaiméirí a fhéadfaidh eintitis faoi oibleagáid a chur chun feidhme i gcás staideanna íosriosca a shainaithnítear sa Mheasúnú Riosca Fornáisiúnta a cheanglaítear ar an gCoimisiún a tharraingt suas. Mionsonraítear rialacha maidir le bearta díchill chuí shimplithe agus fheabhsaithe.

Beartas tríú tír

Oiriúnaítear an beartas maidir le tríú tíortha. Sainaithneoidh an Coimisiún tríú tíortha agus an tsainaithint phoiblí ag an mbunaitheoir caighdeán idirnáisiúnta ábhartha (FATF) á cur san áireamh nó ar bhonn a mheasúnaithe uathrialaigh féin. Tríú tíortha a shainaithnítear amhlaidh ag an gCoimisiún, beidh siad faoi réir dhá thacar iarmhairtí éagsúla, comhréireach leis an riosca a bhaineann leo do chóras airgeadais an Aontais: (i) tríú tíortha atá faoi réir na mbeart díchill chuí fheabhsaithe uile agus frithbhearta tírshonracha breise; agus (ii) tríú tíortha atá faoi réir bearta díchill chuí tírshonracha feabhsaithe. I bprionsabal, tríú tíortha atá ‘faoi réir glao ar ghníomhaíocht’ ag FATF, sainaithneoidh an Coimisiún iad mar thríú tíortha ardriosca. De dheasca chineál marthanach na n‑easnamh straitéiseach tromchúiseach ina gcreat AML/CFT, beidh feidhm ag na bearta díchill chuí fheabhsaithe uile maidir leo chomh maith le frithbhearta tírshonracha chun an bhagairt a mhaolú go comhréireach. Tríú tíortha ag a bhfuil laigí comhlíontachta ina gcórais AML/CFT, a shainmhínítear mar a bheith ‘faoi réir faireachán méadaithe’ ag FATF, sainaithneoidh an Coimisiún iad i bprionsabal agus faoi réir bearta díchill chuí fheabhsaithe tírshonracha, comhréireach leis na rioscaí. Féadfaidh an Coimisiún tríú tíortha a shainaithint freisin, nach bhfuil liostaithe ag FATF, ach atá ina mbagairt shonrach do chóras airgeadais an Aontais agus a bheidh, ar bhonn na bagartha sin, faoi réir bearta díchill chuí fheabhsaithe tírshonracha nó, i gcás inarb iomchuí, na mbeart díchill chuí fheabhsaithe uile agus frithbheart. Agus measúnú á dhéanamh ar an leibhéal bagartha a eascraíonn ó na tríú tíortha sin, féadfaidh an Coimisiún cur le saineolas teicniúil AMLA. Ar deireadh, forbróidh AMLA treoirlínte maidir le rioscaí, treochtaí agus modhanna maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, nach bhfuil gné thírshonrach ag baint leo, ach a eascraíonn as limistéir gheografacha lasmuigh den Aontas agus cuirfidh sé comhairle ar eintitis faoi oibleagáid dá réir sin maidir leis an deis chun bearta a chur chun feidhme chun iad a mhaolú. Is é is aidhm don chur chuige athbhreithnithe sin i leith tríú tíortha a áirithiú go ndéanfar bagairtí seachtracha ar chóras airgeadais an Aontais agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a mhaolú go héifeachtach, trí chur chuige comhchuibhithe a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus níos mó gráinneacht sonraí agus comhréireachta a áirithiú sa sainmhíniú ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an liostú, ar bhonn riosca‑íogair.

Daoine atá faoi riteacht pholaitiúil (PEPanna)

Tá na forálacha maidir le PEPanna bunaithe ar an reachtaíocht AML/CFT reatha, agus oibleagáid ar na Ballstáit liostaí feidhmeanna a tharraingt suas lena dtugtar stádas PEP ar a gcríoch, agus oibleagáidí ar eintitis faoi oibleagáid PEPanna a chur faoi réir bearta maidir le dícheall cuí do chustaiméirí feabhsaithe, ar chur chuige rioscabhunaithe. Na ceanglais is infheidhme maidir le daoine nach bhfuil feidhmeanna poiblí suntasacha acu a thuilleadh, leagtar síos sa reachtaíocht iad.

Spleáchas agus seachfhoinsiú

Ag cur leis na rialacha reatha, leis an togra soiléirítear na coinníollacha faoi seachas chun dul i muinín spleáchais ar dhícheall cuí custaiméara, rud atá déanta cheana ag eintitis eile faoi oibleagáid agus feidhmeanna a sheachfhoinsiú chuig eintitis nó soláthraithe seirbhíse eile. Coinnítear ar bun leis an togra gurb amhlaidh i gceachtar staid gur faoin eintiteas faoi oibleagáid atá an fhreagracht deiridh chun bheith comhréireach leis na rialacha. Ní mór cur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm agus maidir le soláthraithe atá bunaithe i dtríú tíortha ardriosca, tíortha ina bhfuil laigí comhlíontachta agus aon tír eile ar bagairt í do chóras airgeadais an Aontais, níor cheart a bheith ag brath orthu ná feidhmeanna a sheachfhoinsiú chucu.

Faisnéis úinéireachta tairbhiúla

Leis na forálacha maidir le faisnéis úinéireachta tairbhiúla sa togra, cuirtear leo sin sa reachtaíocht AML/CFT reatha ón Aontas, lena n‑áirítear coincheap na húinéireachta tairbhiúla agus an ceanglas chun go bhfaigheadh agus go gcoinneodh na heintitis chorparáideacha uile agus eintitis dhlítheanacha eile faisnéis úinéireachta tairbhiúla leordhóthanach, chruinn agus reatha. Soláthraítear níos mó rialacha mionsonraithe chun an t‑úinéir tairbhiúil nó na húinéirí tairbhiúla d’eintitis chorparáideacha agus d’eintitis dhlítheanacha eile a shainaithint, agus leagtar síos cur chuige comhchuibhithe i leith shainaithint na húinéireachta tairbhiúla. Maidir le hiontaobhais shainráite agus eintitis dhlítheanacha nó socruithe comhchosúla, soláthraítear forálacha chun sainaithint chomhsheasmhach úinéirí tairbhiúla a áirithiú ar fud na mBallstát nuair atá staideanna comhchosúla i gceist, lena n‑áirítear cumhachtú le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún. Sa togra áirítear ceanglais maidir le nochtadh le haghaidh scairshealbhóirí ainmnitheacha agus stiúrthóirí ainmnitheacha, agus tugtar isteach leis na hoibleagáidí chun a n‑úinéireacht thairbhiúil a chlárú san Aontas le haghaidh eintitis dhlítheanacha nach eintitis ón Aontas iad a théann isteach i ngaolmhaireacht ghnó le heintiteas faoi oibleagáid ón Aontas nó a fhaigheann réadmhaoin san Aontas.

Oibleagáidí tuairiscithe

Na forálacha maidir le hidirbhearta amhrasacha a thuairisciú do AFAnna (nó do chomhlacht féinrialála, dá ndéanfadh Ballstát foráil maidir leis sin), tá siad bunaithe orthu sin sa reachtaíocht AML/CFT reatha ón Aontas. Soláthraítear rialacha níos soiléire maidir leis an bhealach atá idirbhearta le sainaithint. Chun éascaíocht a dhéanamh do chomhlíontacht eintiteas faoi oibleagáid lena n‑oibleagáidí um thuairisciú agus foráil a dhéanamh maidir le feidhmiú níos éifeachtaí a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí anailíseacha agus comhar AFAnna, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin chur chun feidhme theicniúla lena sonraítear teimpléad coiteann le haghaidh tuairisciú idirbheart amhrasach atá le húsáid mar bhunús aonfhoirmeach ar fud an Aontais.

Cosaint sonraí

Tá feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679) ón Aontas maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an togra seo. Leis an togra soiléirítear na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le próiseáil catagóirí áirithe sonraí pearsanta de chineál níos íogaire ag eintitis faoi oibleagáid. Ní mór d’eintitis faoi oibleagáid taifid de shonraí pearsanta áirithe a choinneáil ar feadh cúig bliana.

Bearta chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le mí‑úsáid ionstraimí iompróra

Tá foráil sa togra lena gcoisctear ar thrádálaithe in earraí nó seirbhísí glacadh le híocaíochtaí airgid is mó ná EUR 10 000 le haghaidh ceannach aonair, cé go gceadaítear do na Ballstáit uasteorainneacha níos ísle a choinneáil i bhfeidhm le haghaidh idirbhearta airgid móra. Níl feidhm ag an uasteorainn sin maidir le hoibríochtaí príobháideacha idir daoine aonair. Ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na tairbhí agus na tionchair a bhaineann leis an tairseach sin a ísliú a thuilleadh laistigh de thrí bliana ó chur i bhfeidhm an Rialacháin bheartaithe. Tá toirmeasc ar sholáthar agus cumhdach tiachóg criptea‑shócmhainní anaithnid. Cuideachtaí nach bhfuil liostaithe, tá toirmeasc orthu scaireanna iompróra a eisiúint agus ceanglaítear orthu na scaireanna sin a chlárú. Ní cheadaítear barántais scaire iompróra a eisiúint ach amháin i bhfoirm idirghafa.

Forálacha críochnaitheacha

Forálacha maidir le glacadh gníomhartha tarmligthe ag an gCoimisiún faoi Airteagal 290 den Chonradh, leagtar síos iad. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe san Iris Oifigiúil agus tiocfaidh sé chun bheith infheidhme 3 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm. Ní mór don Choimisiún athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo laistigh de chúig bliana tar éis a chur i bhfeidhm agus gach trí bliana ina dhiaidh sin.

2021/0239 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 21 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 22 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is í Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 an phríomhionstraim dlí a bhaineann le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Leis an Treoir sin leagtar amach creat dlíthiúil cuimsitheach, rud a neartaíodh a thuilleadh le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí atá ag teacht chun cinn agus trédhearcacht na húinéireachta tairbhiúla a mhéadú. D’ainneoin na néachtaí lena mbaineann, is léir ón taithí a fuarthas gur cheart feabhsuithe breise a thabhairt isteach chun rioscaí a mhaolú go leordhóthanach agus chun iarrachtaí coiriúla chun mí‑úsáid a bhaint as córas airgeadais an Aontais chun críoch coiriúil a bhrath go héifeachtach.

(2)Is é an príomhdhúshlán a sainaithníodh i leith chur i bhfeidhm fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 lena leagtar síos oibleagáidí ar ghníomhaithe san earnáil phríobháideach, na heintitis faoi oibleagáid mar a ghairtear dóibh, easpa infheidhmeacht dhíreach na rialacha sin agus ilroinnt an chur chuige ar bhonn náisiúnta. Cé gurbh ann do na rialacha sin agus gur tháinig forbairt orthu thar thríocha bliain, tá siad fós á gcur chun feidhme ar bhealach nach bhfuil iomlán comhsheasmhach le ceanglais margaidh inmheánaigh chomhtháite. Dá bhrí sin, rialacha maidir le hábhair a chumhdaítear faoi láthair i dTreoir (AE) 2015/849 a fhéadfaidh a bheith infheidhme go díreach ag na heintitis faoi oibleagáid lena mbaineann, is gá aghaidh a thabhairt orthu i Rialachán nua chun aonfhoirmeacht inmhianaithe an chur i bhfeidhm a bhaint amach.

(3)Tá an ionstraim nua seo mar chuid de phacáiste cuimsitheach arb é is aidhm dó creat AML/CFT an Aontais a neartú. Le chéile, an ionstraim seo, Treoir [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final], Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh athmhúnlú Rialachán (AE) 2015/847 – COM/2021/422 final] agus Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh bunú Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid – COM/2021/421 final] beidh siad mar an creat dlíthiúil lena rialaítear na ceanglais AML/CFT atá le comhlíonadh ag eintitis faoi oibleagáid agus atá mar bhonn faoi chreat institiúideach AML/CFT an Aontais, lena náirítear bunú Údaráis um fhrithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (‘AMLA’).

(4)Is minic a dhéantar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Bheadh tionchar an‑teoranta ag bearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais, gan comhordú ná comhar idirnáisiúnta a chur san áireamh. Dá bhrí sin, na bearta a ghlacann an tAontas sa réimse sin, ba cheart iad a bheith comhoiriúnach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a bheith ar a laghad chomh dian céanna leo. Agus bearta á ndéanamh ar leibhéal an Aontais, ba cheart leanúint d’aird ar leith a thabhairt ar mholtaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) agus ar ionstraimí de chuid comhlachtaí idirnáisiúnta eile atá ag glacadh páirt ghníomhach sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. D'fhonn éifeachtúlacht an chomhraic in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a threisiú, ba cheart do ghníomhartha dlíthiúla ábhartha an Aontais, i gcás inarb iomchuí, a bheith in oiriúint leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir leis an gComhrac in aghaidh Sciúradh Airgid agus Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus an Iomadaithe arna nglacadh ag FATF i mí Feabhra 2012 (‘Moltaí athbhreithnithe FATF’) agus leasuithe ina dhiaidh sin le caighdeáin den sórt sin.

(5)Ó glacadh Treoir (AE) 2015/849, bhí forbairtí a rinneadh le déanaí i gcreat dhlí coiriúil an Aontais ina rannchuidiú leis an gcosc agus leis an gcomhrac in aghaidh sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú sceimhlitheoireachta a neartú. De bharr Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 thángthas ar chomhthuiscint ar choireacht an sciúrtha airgid agus a chionta preideacáide. Le Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 sainmhínítear coireanna airgeadais lena ndéantar difear do leas airgeadais an Aontais, agus ba cheart a mheas gur cionta preideacáide iad freisin i leith sciúradh airgid. Le Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 thángthas ar chomhthuiscint ar choireacht an mhaoinithe sceimhlitheoireachta. Ós rud é go dtugtar soiléiriú anois ar na coincheapa sin i ndlí coiriúil an Aontais, ní gá sainmhíniú a thabhairt a thuilleadh i rialacha AML/CFT an Aontais ar sciúradh airgid, a chionta preideacáide ná maoiniú sceimhlitheoireachta. Ina ionad sin, ba chreat creat AML/CFT an Aontais a bheith go hiomlán comhleanúnach le creat dhlí coiriúil an Aontais.

(6)Tagann forbairt leanúnach ar an teicneolaíocht, rud a thairgeann deiseanna don earnáil phríobháideach táirgí agus córais nua a fhorbairt chun cistí nó luach a mhalartú. Cé gur dearfach an feiniméan é sin, is féidir go nginfear rioscaí nua maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta dá dheasca sin, de réir mar a thagann coirpigh ar bhealaí go leanúnach chun teacht i dtír ar leochaileachtaí chun cistí aindleathacha a cheilt agus a aistriú timpeall an domhain. Tá soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní agus ardáin sluachistiúcháin neamhchosanta ar mhí‑úsáid cainéal nua le haghaidh gluaiseacht airgid aindleathaigh agus tá siad i riocht maith chun na gluaiseachtaí sin a bhrath agus rioscaí a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme reachtaíocht an Aontais a leathnú chun na heintitis sin a chumhdach, i gcomhréir leis na forbairtí a rinneadh le déanaí i gcaighdeáin FATF i ndáil le criptea‑shócmhainní.

(7)Tá ról ríthábhachtach ag na hinstitiúidí agus na daoine a chumhdaítear leis an Rialachán seo mar mhaoir geataí chóras airgeadais an Aontais agus ba cheart dóibh, dá bhrí sin, na bearta uile is gá a dhéanamh chun ceanglais an Rialacháin seo a chur chun feidhme d’fhonn cosc a chur ar choirpigh fáltais a ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha a sciúradh nó gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a mhaoiniú. Ba cheart bearta a chur i bhfeidhm freisin chun maolú a dhéanamh ar aon riosca a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.

(8)Is féidir idirbhearta airgeadais a dhéanamh freisin laistigh den ghrúpa céanna mar bhealach chun airgeadas grúpa a bhainistiú. Mar sin féin, ní dhéantar na hidirbhearta sin vis‑à‑vis custaiméirí ná ní cheanglaítear cur i bhfeidhm beart AML/CFT leo. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a aithint nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí airgeadais ná seirbhísí airgeadais eile atá soláthartha ag comhaltaí grúpa do chomhaltaí eile den ghrúpa sin.

(9)Ba cheart do ghairmithe dlíthiúla neamhspleácha a bheith faoi réir an Rialacháin seo agus páirt á glacadh acu in idirbhearta airgeadais nó corparáideacha, lena náirítear agus comhairle chánach á soláthar, i gcás ina bhfuil riosca ann go mbainfear mí‑úsáid as na seirbhísí atá á soláthar ag na gairmithe dlíthiúla sin chun fáltais gníomhaíochta choiriúla a sciúradh nó chun críche maoinithe sceimhlitheoireachta. Ba cheart, áfach, díolúintí a bheith ann ó aon oibleagáid a bhaineann le faisnéis a thuairisciú roimh imeachtaí breithiúnacha, lena linn nó ina ndiaidh, nó le linn seasamh dlíthiúil cliaint a fhionnadh, rud ba cheart a chumhdach leis an bpribhléid dlíodóra. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh comhairle dhlíthiúil fós faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás go bhfuil an gairmí dlíthiúil rannpháirteach i sciúradh airgid nó i maoiniú sceimhlitheoireachta, go soláthraítear an chomhairle dhlíthiúil chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, nó i gcás ina bhfuil a fhios ag an ngairmí dlíthiúil go bhfuil comhairle dhlíthiúil á lorg ag an gcliant chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.

(10)Chun urraim a áirithiú do na cearta a ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt), i gcás iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach, ar daoine iad, i mBallstáit áirithe, atá i dteideal cliant a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh ar chliant i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha nó chun seasamh cliaint a fhionnadh, níor cheart an fhaisnéis a fhaigheann siad le linn fheidhmiú na gcúraimí sin a bheith faoi réir na noibleagáidí tuairiscithe.

(11)Ba í Treoir (AE) 2018/843 an chéad ionstraim dlí lenar tugadh aghaidh ar na rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le criptea‑shócmhainní san Aontas. Leis sin, cuireadh síneadh le raon feidhme chreat AML/CFT chuig dhá chineál soláthraithe seiribhísí criptea‑shócmhainní: soláthraithe a bhí i mbun seirbhísí malairte idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat agus soláthraithe tiachóg taisceánach. De dheasca forbairtí teicneolaíocha gasta agus an dul chun cinn i gcaighdeáin FATF, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige sin. Le Rialachán [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí i gCriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 - COM/2020/593 final], baineadh amach an chéad chéim chun creat dlíthiúil an Aontais a thabhairt i gcrích agus a thabhairt cothrom le dáta, lenar leagadh síos ceanglais le haghaidh soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní ar mian leo cur isteach ar údarú chun a seirbhísí a sholáthar sa mhargadh aonair. Leis sin tugadh isteach sainmhíniú freisin ar chriptea‑shócmhainní agus soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní lena gcuimsítear raon níos leithne gníomhaíochtaí. Soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní a cuir isteach togra – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí i gCriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 - COM/2020/593 final] ba cheart iad a bheith cumhdaithe leis an Rialachán seo freisin, chun maolú a dhéanamh ar aon riosca a bhaineann le mí‑úsáid criptea‑shócmhainní chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.

(12)Leochaileachtaí ardán sluachistiúcháin i leith rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, tá siad cothrománach agus déantar difear leo don mhargadh inmheánach ina iomláine. Go dtí seo, tháinig cineálacha cur chuige éagsúla chun cinn ar fud na mBallstát ó thaobh bainistíocht a dhéanamh ar na rioscaí sin. Le Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 comhchuibhítear an cur chuige rialála le haghaidh infheistíocht ghnó agus ardáin sluachistiúcháin iasachtbhunaithe ar fud an Aontais agus áirithítear go bhfuil coimircí leordhóthanacha agus comhleanúnacha i bhfeidhm chun déileáil le rioscaí féideartha a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. I measc na nithe sin, is ann do cheanglais maidir le cistí agus íocaíochtaí a bhainistiú i ndáil leis na hidirbhearta airgeadais uile a dhéantar ar na hardáin sin. Ní mór do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ceadúnas nó comhpháirtí le soláthraí seirbhísí íocaíochta nó institiúid creidmheasa a lorg chun na hidirbhearta sin a dhéanamh. Leis an Rialachán leagtar amach coimircí sa nós imeachta um údarú freisin, agus measúnú á dhéanamh ar dhea‑chlú na bainistíochta agus trí nósanna imeachta um dhícheall cuí le haghaidh úinéirí tionscadail. Ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh faoin 10 Samhain 2023 ina thuarascáil ar an Rialachán sin ar cibé acu is féidir nó nach féidir go mbeidh gá le coimircí breise. Dá bhrí sin, tá údar le gan ardáin sluachistiúcháin a cheadúnaítear faoi Rialachán (AE) 2020/1503 a chur faoi réir reachtaíocht AML/CFT ón Aontas.

(13)Ardáin sluachistiúcháin nach gceadúnaítear faoi Rialachán (AE) 2020/1503 fágtar neamhrialáilte iad faoi láthair nó faoi chineálacha cur chuige rialála éagsúla, lena náirítear i ndáil le rialacha agus nósanna imeachta chun dul i ngleic le rioscaí a bhaineann le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Chun bheith comhsheasmhach agus chun a áirithiú nach ann d’aon riosca neamhrialaithe sa timpeallacht sin, maidir leis na hardáin sluachistiúcháin uile nach gceadúnaítear faoi Rialachán (AE) 2020/1503 agus, dá bhrí sin, nach bhfuil faoi réir a choimircí, is gá go mbeidh siad faoi réir rialacha AML/CFT ón Aontas chun maolú a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

(14)Le Treoir (AE) 2015/849 féachadh le maolú a dhéanamh ar na rioscaí maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le híocaíochtaí airgid móra trí dhaoine a thrádálann in earraí a áireamh i measc eintitis faoi oibleagáid nuair a dhéanann nó nuair a fhaigheann siad íocaíochtaí in airgead os cionn EUR 10 000, agus cead á thabhairt do na Ballstáit bearta níos déine a thabhairt isteach. Léiríodh go raibh an cur chuige sin neamhéifeachtach i bhfianaise na dothuisceana ar cheanglais AML/CFT agus dhroch‑chur i bhfeidhm na gceanglas sin, easpa maoirseachta agus an lín theoranta idirbheart amhrasach a thuairiscítear do AFA. Chun maolú leordhóthanach a dhéanamh ar rioscaí a dhíorthaíonn ó mhí‑úsáid suimeanna airgid móra, ba cheart teorainn uile‑Aontais le hidirbhearta airgid móra is mó ná EUR 10 000 a leagan síos. Mar thoradh air sin, níor cheart do dhaoine a thrádálann in earraí a bheith faoi réir oibleagáidí AML/CFT a thuilleadh.

(15)Tá catagóirí áirithe de thrádálaithe in earraí neamhchosanta go mór mór ar rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta de dheasca an ardluacha atá leis na hearraí beaga, iniompartha a ndéileálann siad leo. Ar an gcúis sin, ba cheart do dhaoine a dhéileálann i miotail lómhara agus clocha lómhara a bheith faoi réir cheanglais AML/CFT.

(16)Is éard atá i gceist le hoibreoirí imirce infheistíochta cuideachtaí príobháideacha, comhlachtaí nó daoine a ghníomhaíonn nó a idirghníomhaíonn le húdaráis inniúla na mBallstát thar ceann náisiúnaigh tríú tír nó a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála do náisiúnaigh tríú tír a fhéachann le cearta cónaithe a fháil i mBallstát mar mhalairt ar aon chineál infheistíochtaí, lena náirítear aistrithe caipitil, maoin a cheannach nó a fháil ar cíos, infheistíocht i mbannaí rialtais, infheistíocht in eintitis chorparáideacha, deonú nó dearlacadh gníomhaíochta lena rannchuidítear le leas an phobail agus ranníocaíochtaí le buiséad an stáit. Tá rioscaí agus leochaileachtaí ag baint le scéimeanna cónaithe infheisteora i ndáil le sciúradh airgid, éilliú agus imghabháil cánach. Téann na rioscaí sin in olcas de dheasca na gceart trasteorann atá bainteach le cónaí i mBallstát. Dá bhrí sin, is gá go mbeidh oibreoirí imirce infheistíochta faoi réir oibleagáidí AML/CFT. Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna saoránachta infheisteora, as a dtagann sealbhú náisiúntachta mar mhalairt ar na hinfheistíochtaí sin, mar ní mór a mheas go bhfuil an bonn á bhaint leis na scéimeanna sin de stádas bunúsach shaoránacht an Aontais agus comhar dílis i measc na mBallstát.

(17)Creidiúnaithe tomhaltóra agus morgáiste agus idirghabhálaithe nach institiúidí creidmheasa ná institiúid airgeadais iad, níor cuireadh faoi réir cheanglais AML/CFT iad ar leibhéal an Aontais, ach cuireadh faoi réir na noibleagáidí sin iad i mBallstáit áirithe de dheasca a neamhchosanta ar rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. De réir a samhla gnó, is féidir go mbeidh na creidiúnaithe tomhaltóra agus morgáiste agus na hidirghabhálaithe sin neamhchosanta ar rioscaí suntasacha maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla agus atá neamhchosanta ar na rioscaí sin, go mbeidh siad cumhdaithe le ceanglais AML/CFT, gan beann ar cibé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn siad mar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais. Dá bhrí sin, is iomchuí creidiúnaithe tomhaltóra agus morgáiste agus idirghabhálaithe a áireamh, ar creidiúnaithe agus idirghabhálaithe iad nach institiúidí creidmheasa ná institiúid airgeadais iad ach atá, de dheasca a ngníomhaíochtaí, neamhchosanta ar rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

(18)Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú, is gá a shoiléiriú cé na heintitis san earnáil infheistíochta atá faoi réir cheanglais AML/CFT. Cé gur tháinig gnóthais chomhinfheistíochta faoi raon feidhme Threoir (AE) 2015/849 cheana, is gá an téarmaíocht ábhartha a ailíniú leis an reachtaíocht reatha ón Aontas maidir le ciste infheistíochta, eadhon Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 . Toisc go bhféadfadh sé go mbeadh cistí comhdhéanta gan pearsantacht dhlítheanach, is gá a mbainisteoirí a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais AML/CFT gan beann ar an bhfoirm ina gcuirtear aonaid ná scaireanna i gciste ar fáil lena gceannach san Aontas, lena náirítear i gcás ina ndéantar aonaid nó scaireanna a thairiscint go díreach nó go hindíreach d’infheisteoirí atá bunaithe san Aontas nó a thaisceadh leis na hinfheisteoirí sin ar thionscnamh ón mbainisteoir nó thar ceann an bhainisteora.

(19)Tá sé tábhachtach go mbeidh feidhm ag ceanglais AML/CFT ar bhealach comhréireach agus go mbeidh forchur aon cheanglais comhréireach leis an ról is féidir a bheith ag eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe an Rialacháin seo, oibreoirí áirithe a dhíolmhú ó cheanglais AML/CFT, i gcás ina bhfuil rioscaí ísle maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéanann siad agus i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí de chineál teoranta. Chun a áirithiú go gcuirfear na díolúintí sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart sásra a chur i bhfeidhm lena gceadaítear don Choimisiún riachtanas na ndíolúintí atá le deonú a fhíorú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún na díolúintí sin a fhoilsiú ar bhonn bliantúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(20)Le tacar rialacha comhsheasmhach maidir le córais agus rialuithe inmheánacha is infheidhme maidir leis na heintitis uile faoi oibleagáid a oibríonn sa mhargadh inmheánach, neartófar comhlíontacht AML/CFT agus cuirfear le héifeacht na maoirseachta. Chun maolú leordhóthanach ar rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a áirithiú, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid creat rialaithe inmheánaigh a chur i bhfeidhm arb éard atá ann beartais, rialuithe agus nósanna imeachta rioscabhunaithe agus deighilt shoiléir ar fhreagrachtaí ar fud na heagraíochta. I gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe an Rialacháin seo, ba cheart na beartais, na rialuithe agus na nósanna imeachta sin a bheith comhréireach le cineál agus méid an eintitis faoi oibleagáid agus freagairt do na rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta atá roimh an eintiteas.

(21)Le cur chuige rioscabhunaithe iomchuí ceanglaítear ar eintitis faoi oibleagáid na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta atá rompu a shainaithint de bhua a ngnólachta chun iad a mhaolú go héifeachtach agus chun a áirithiú go mbeidh a mbeartais, a nósanna imeachta agus a rialuithe inmheánacha iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin a bhaineann leo. Ar an mbealach sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid na saintréithe a bhaineann lena gcustaiméirí, na táirgí, na seirbhísí nó na hidirbhearta a thairgeann siad, na tíortha nó na limistéir gheografacha lena mbaineann agus na cainéil dáileacháin a úsáidtear a chur san áireamh. I bhfianaise cineál athraitheach rioscaí, ba cheart an measúnú riosca sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

(22)Is iomchuí saintréithe agus riachtanais eintiteas níos lú faoi oibleagáid a chur san áireamh, agus cóireáil is iomchuí maidir lena riachtanais shonracha, agus cineál an ghnólachta, a áirithiú. Mar chuid de sin, is féidir go náireofar eintitis áirithe faoi oibleagáid a dhíolmhú ó mheasúnú riosca a dhéanamh i gcás ina bhfuil an‑tuiscint ar na rioscaí lena mbaineann san earnáil ina noibríonn an teintiteas.

(23)D’fhorbair FATF caighdeáin ionas go ndéanfaidh dlínsí na rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil fhéideartha na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata a shainaithint agus a mheasúnú, agus chun beart a dhéanamh chun na rioscaí sin a mhaolú. Maidir leis na caighdeáin nua sin atá tugtha isteach ag FATF inniu, ní ghabhann siad ionad na gceanglas dian atá ann cheana na ní bhaineann siad an bonn díobh chun go gcuirfidh tíortha smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme leis na Rialacháin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bhaineann le leathadh arm ollscriosta a chosc, a chur faoi chois agus a shuaitheadh agus maoiniú an mhéid sin. Maidir leis na hoibleagáidí sin, mar a chuirtear chun feidhme iad ar leibhéal an Aontais le Cinntí 2010/413/CBES 31 agus (CBES) 2016/849 32 agus le Rialacháin (AE) Uimh. 267/2012 33 agus (AE) 2017/1509 34 , leanann siad de bheith ina noibleagáidí rioscabhunaithe diana atá ceangailteach ar na daoine nádúrtha agus dlítheanacha uile laistigh den Aontas.

(24)Chun na forbairtí is déanaí a rinneadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú, tugadh ceanglas isteach leis an Rialachán seo chun rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil fhéideartha na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata ar leibhéal eintitis faoi oibleagáid a shainaithint, a thuiscint, a bhainistiú agus a mhaolú.

(25)Tá sé tábhachtach go ndéanfadh eintitis faoi oibleagáid na bearta uile ar leibhéal a mbainistíochta chun beartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha a chur chun feidhme agus chun ceanglais AML/CFT a chur chun feidhme. Cé gur cheart duine ar an leibhéal bainistíochta a shainaithint mar dhuine atá freagrach as beartais, rialuithe agus nósanna imeachta an eintitis faoi oibleagáid a chur chun feidhme, ba cheart do chomhlacht rialaithe an eintitis a bheith go hiomlán freagrach as ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh. Cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme laethúil bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta AML/CFT an eintitis faoi oibleagáid, ba cheart iad a thabhairt de chúram d’oifigeach um chomhlíonadh.

(26)Chun bearta AML/CFT a chur chun feidhme go héifeachtach, tá sé ríthábhachtach freisin go mbeidh tuiscint ag fostaithe eintiteas faoi oibleagáid, agus ag a ngníomhairí agus a ndáileoirí, ag a bhfuil ról ina gcur chun feidhme, go mbeidh tuiscint acu ar na ceanglais agus na beartais, na rialuithe agus na nósanna imeachta inmheánacha atá i bhfeidhm san eintiteas. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid bearta a chur i bhfeidhm, lena náirítear cláir oiliúna, chuige sin.

(27)Daoine aonair ar a gcuirtear cúraimí a bhaineann le comhlíontacht eintitis faoi oibleagáid le ceanglais AML/CFT, ba cheart dóibh tabhairt faoi mheasúnú ar a scileanna, ar a neolas, ar a saineolas, ar a sláine agus ar a niompar. I gcás ina ndéanann fostaithe cúraimí a bhaineann le comhlíontacht eintiteas faoi oibleagáid le creat AML/CFT i ndáil le custaiméirí a bhfuil gaolmhaireacht dhlúth phríobháideach nó ghairmiúil acu leo, is féidir go dtiocfaidh coinbhleachtaí leasa as sin agus go mbainfear an bonn d’ionracas an chórais. Dá bhrí sin, ba cheart cosc a chur ar fhostaithe sna staideanna sin aon chúram a chur i gcrích a bhaineann le comhlíontacht an eintitis faoi oibleagáid le creat AML/CFT i ndáil leis na custaiméirí sin.

(28)Tá ríthábhacht le cur chun feidhme comhsheasmhach bheartais agus nósanna imeachta AML/CFT uile‑ghrúpa chun bainistíocht láidir agus éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta laistigh den ghrúpa. Chuige sin, ba cheart don mháthairghnóthas beartais, rialuithe agus nósanna imeachta uile‑ghrúpa a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Ba cheart a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa faisnéis a mhalartú nuair atá an chomhroinnt sin ábhartha chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Ba cheart comhroinnt faisnéise a bheith faoi réir ráthaíochtaí leordhóthanacha ó thaobh na rúndachta, cosaint sonraí agus úsáid faisnéise de. Ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA dréachtchaighdeáin rialála a tharraingt suas lena sonraítear na híoscheanglais maidir le nósanna imeachta agus beartais uile‑ghrúpa, lena náirítear íoscheanglais maidir le comhroinnt faisnéise laistigh den ghrúpa agus ról agus freagrachtaí máthairghnóthas nach eintitis faoi oibleagáid iad féin.

(29)I dteannta grúpaí, is ann do struchtúir eile, amhail líonraí nó comhpháirtíochtaí, ina bhféadfadh sé go ndéanfadh eintitis faoi oibleagáid úinéireacht, bainistíocht agus rialuithe comhlíontachta coiteanna a chomhroinnt. Chun cothroime iomaíochta a áirithiú ar fud na nearnálacha agus ró‑ualú air á sheachaint, ba cheart do AMLA na staideanna sin a shainaithint inar cheart feidhm a bheith ag beartais uile‑ghrúpa chomhchosúla maidir leis na struchtúir sin.

(30)Is ann d’imthosca ina bhfuil brainsí agus fochuideachtaí eintiteas faoi oibleagáid lonnaithe i dtríú tíortha inarb amhlaidh nach bhfuil na híoscheanglais AML/CFT, lena náirítear oibleagáidí maidir le cosaint sonraí, chomh dian céanna le creat AML/CFT an Aontais. Sna staideanna sin, agus chun cosc iomlán a chur le húsáid chóras airgeadais an Aontais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta saoránach de chuid an Aontais a chosaint ar an gcaighdeán is airde, ba cheart do na brainsí agus do na fochuideachtaí sin ceanglais AML/CFT a leagtar síos ar leibhéal an Aontais a chomhlíonadh. I gcás nach gceadaítear comhlíontacht leis na ceanglais sin le dlí tríú tír, mar shampla de dheasca teorainneacha le cumas an ghrúpa faisnéis a rochtain, a phróiseáil nó a mhalartú de dheasca leibhéal neamh‑leordhóthanach cosanta sonraí nó dlí maidir le rúndacht baincéireachta sa tríú tír, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid bearta breise a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh na brainsí agus na fochuideachtaí atá lonnaithe sa tír sin na rioscaí a láimhseáil go héifeachtach. Ba cheart é a chur de chúram ar AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt lena sonraítear cineál na mbeart breise sin.

(31)Tá ceanglais maidir le dícheall cuí do chustaiméirí fíor‑riachtanach chun a áirithiú go ndéanfaidh eintitis faoi oibleagáid a ngaolmhaireachtaí gnó lena gcliaint, i ndáil leis na rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann leo, a shainaithint, a fhíorú agus go ndéanfar faireachán orthu. Tá sainaithint agus fíorú cruinn sonraí custaiméirí ionchais agus custaiméirí atá ann cheana fíor‑riachtanach chun tuiscint a fháil ar na rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le cliaint, cibé acu daoine nádúrtha nó dlítheanacha.

(32)Is gá caighdeán aonfhoirmeach agus ard a bhaint amach maidir le dícheall cuí do chustaiméirí san Aontas, de réir ceanglais chomhchuibhithe chun custaiméirí a shainaithint agus a gcéannacht a fhíorú, agus éagsúlachtaí náisiúnta á laghdú chun foráil a dhéanamh maidir le cothroime iomaíochta ar fud an mhargaidh aonair agus chun forálacha a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais. An tráth céanna, tá sé fíor‑riachtanach go gcuirfidh eintitis faoi oibleagáid ceanglais maidir le dícheall cuí do chustaiméirí i bhfeidhm ar bhealach rioscabhunaithe. Ní rogha cheadaitheach go míchuí é an cur chuige rioscabhunaithe le haghaidh eintitis faoi oibleagáid. Baineann sé le húsáid cinnteoireachta atá bunaithe ar fhianaise chun díriú níos éifeachtaí ar rioscaí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu ag an Aontas agus acu siúd atá ag oibriú laistigh de.

(33)Níor cheart a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta maidir le dícheall cuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm maidir le custaiméir a dhéanann idirbhearta ócáideacha nó nasctha faoi bhun luach áirithe, mura rud é go bhfuil amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta. De bharr go bhfuil feidhm ag an tairseach EUR 10 000 maidir leis an gcuid is mó de na hidirbhearta ócáideacha, eintitis faoi oibleagáid a oibríonn in earnálacha nó a dhéanann idirbhearta lena mbaineann riosca níos airde sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, ba cheart a cheangal orthu dícheall cuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta ag a bhfuil tairseacha níos ísle. Chun earnálacha nó idirbhearta a shainaithint chomh maith leis na tairseacha leordhóthanacha le haghaidh na nearnálacha nó na nidirbheart sin, ba cheart do AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála thiomnaithe a fhorbairt.

(34)Tá samhlacha gnó áirithe bunaithe ar ghaolmhaireacht ghnó a bheith ag an eintiteas faoi oibleagáid le ceannaí chun seirbhísí tionscanta íocaíochta a thairiscint trína níoctar an ceannaí as earraí nó seirbhísí a sholáthar, agus seachas le custaiméir an cheannaí, a údaraíonn an tseirbhís tionscanta íocaíochta chun idirbheart aonair nó aonuaire chuig an gceannaí a thionscnamh. I samhail ghnó den sórt sin, is é an ceannaí custaiméir an eintitis faoi oibleagáid chun críche rialacha AML/CFT seachas custaiméir an cheannaí. Dá bhrí sin, ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid oibleagáidí maidir le dícheall cuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm vis‑à‑vis an ceannaí.

(35)Le Treoir (AE) 2015/849, d’ainneoin go ndearnadh rialacha na mBallstát sa réimse a bhaineann le hoibleagáidí maidir le sainaithint custaiméara a chomhchuibhiú go méid áirithe, níor leagadh síos rialacha mionsonraithe i ndáil leis na nósanna imeachta atá le leanúint ag eintitis faoi oibleagáid. I bhfianaise ríthábhacht na gné sin agus sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta á gcosc, is iomchuí, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, forálacha níos sonraí agus níos mionsonraithe a thabhairt isteach maidir le sainaithint an chustaiméara agus fíorú shainaithint an chustaiméara, cibé acu i ndáil le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, socruithe dlíthiúla amhail inniúlacht dhlítheanach a bheith ag iontaobhais nó eintitis faoin dlí náisiúnta.

(36)Le forbairtí teicneolaíocha agus dul chun cinn sa digitiú cumasaítear sainaithint agus fíorú slán cianda nó leictreonach ar chustaiméirí ionchais agus custaiméirí ata ann cheana agus is féidir feidhmíocht chianda díchill chuí do chustaiméirí a éascú. Leis na réitigh shainaitheanta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus leis an togra le haghaidh leasú air sin i ndáil le creat le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí 35 cumasaítear modhanna slána agus iontaofa sainaitheanta agus fíorú custaiméara le haghaidh custaiméirí ionchais agus custaiméirí atá ann cheana agus is féidir feidhmíocht chianda díchill chuí custaiméara a éascú. An tsainaithint leictreonach a leagtar amach sa Rialachán sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid í a chur san áireamh agus glacadh léi le haghaidh phróiseas sainaitheanta an chustaiméara. Maidir leis na modhanna sainaitheanta sin, i gcás ina mbeidh bearta maolúcháin riosca iomchuí i bhfeidhm, is féidir go mbeidh riosca caighdeánach nó leibhéal íseal riosca ag baint leo.

(37)Chun a áirithiú go gcuirfear cosc le creat AML/CFT le teacht isteach cistí aindleathacha sa chóras airgeadais, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh sula dtéann siad i mbun gaolmhaireachtaí gnó le cliaint ionchais, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe. Mar sin féin, ionas nach gcuirfear moill gan ghá ar ghnáthiompar gnó, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis a bhailiú ón gcustaiméir ionchais le linn gaolmhaireacht ghnó a bhunú. Féadfaidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais an fhaisnéis is gá a fháil ó na custaiméirí ionchais nuair a bheidh an ghaolmhaireacht bunaithe, ar choinníoll nach ndéantar idirbhearta a thionscnamh go dtí go mbeidh próiseas an díchill chuí do chustaiméirí curtha i gcrích go rathúil.

(38)Taisceoirí a bhfuil a gcistí ina bhfáltais sciúrtha airgid, ba cheart iad a eisiamh ó aisíocaíocht le scéim ráthaithe taiscí. Chun cosc a chur le haisíoc cistí aindleathacha leis na taisceoirí sin, ba cheart d’institiúidí creidmheasa faoi fhormhaoirseacht na maoirseoirí, dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh ar a gcliaint i gcás ina gcinnfear gur mhainnigh nó gur dócha go mainneoidh institiúidí creidmheasa, nó nuair atá taiscí sainithe mar thaiscí nach bhfuil ar fáil. Aon idirbheart amhrasach a shainaithnítear agus an dícheall cuí do chustaiméirí sin á dhéanamh, ba cheart d’institiúidí creidmheasa é a thuairisciú do AFA.

(39)Níl próiseas an díchill chuí do chustaiméirí teoranta do shainaithint ná fíorú chéannacht an chustaiméara. Roimh dhul i mbun gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta ócáideacha a dhéanamh, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid measúnú a dhéanamh freisin ar chuspóir agus cineál gaolmhaireachta gnó. Faisnéis réamhchonarthach nó faisnéis eile faoin táirge nó faoin tseirbhís bheartaithe a chuirtear in iúl don chustaiméir ionchais, féadfaidh sí a bheith ina rannchuidiú leis an tuiscint ar an gcuspóir sin. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann measúnú a dhéanamh i gcónaí ar chuspóir agus cineál gaolmhaireachta gnó ionchais ar bhealach gan débhrí. I gcás ina gcuirtear é ar a gcumas do chustaiméirí cineálacha éagsúla idirbheart nó gníomhaíochtaí a dhéanamh leis an tseirbhís nó leis an táirge a thairgtear, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach a fháil maidir le rún an chustaiméara maidir leis an úsáid atá le baint as an ngaolmhaireacht sin.

(40)Chun éifeachtacht chreat AML/CFT a áirithiú, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaightear óna gcustaiméirí, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid córas faireacháin a chur ar bun freisin chun go mbraithfear idirbhearta neamhthipiciúla a d’fhéadfadh amhras a tharraingt faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta. Chun éifeachtacht an fhaireacháin ar an idirbheart a áirithiú, le gníomhaíocht faireacháin eintiteas faoi oibleagáid ba cheart i bprionsabal na seirbhísí agus na táirgí uile a thairgtear do chustaiméirí agus na hidirbhearta uile a dhéantar thar ceann an chustaiméara nó atá tairgthe don chustaiméir ag an eintiteas faoi oibleagáid, ba cheart iad a chumhdach. Mar sin féin, ní gá grinnscrúdú a dhéanamh ar na hidirbhearta uile ina naonar. Le déine an fhaireacháin ba cheart an cur chuige rioscabhunaithe a urramú agus ba cheart é a bheith deartha timpeall critéir bheachta agus ábhartha agus, go háirithe, saintréithe na gcustaiméirí agus leibhéal an riosca atá bainteach leo, na táirgí agus na seirbhísí a thairgtear, agus na tíortha nó na limistéir gheografacha lena mbaineann á gcur san áireamh. Ba cheart do AMLA treoirlínte a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh déine an fhaireacháin ar ghaolmhaireachtaí gnó agus idirbhearta leordhóthanach agus comhréireach le leibhéal an riosca.

(41)Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a tharraingt suas maidir le dícheall cuí do chustaiméirí. Leis na caighdeáin theicniúla rialála sin ba cheart an tacar íosta faisnéise atá le fáil ag eintitis faoi oibleagáid a leagan amach ionas go bhféadfaidh siad dul i mbun gaolmhaireachtaí gnó nua le custaiméirí nó cinn leanúnacha a mheasúnú, de réir leibhéal an riosca atá bainteach le gach custaiméir. Thairis sin, leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ba cheart soiléireacht leordhóthanach a sholáthar chun go bhféadfaidh gníomhaithe margaidh modhanna slána, inrochtana agus nuálacha a fhorbairt chun céannacht custaiméirí a fhíorú agus dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh, go cianda freisin, agus prionsabal neodracht na teicneolaíochta á urramú. Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh. Tá na cúraimí sonracha sin i gcomhréir le ról agus freagrachtaí AMLA dá bhforáiltear i Rialachán [cuir isteach tagairt –togra le haghaidh bunú Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid - COM/2021/421 final].

(42)Le comhchuibhiú beart díchill chuí do chustaiméirí, ní hamháin gur cheart féachaint le tuiscint atá comhsheasmhach, agus éifeachtach go comhsheasmhach, a fháil ar na rioscaí a bhaineann le custaiméir atá ann cheana nó le custaiméir ionchais gan beann ar an áit a nosclaítear an ghaolmhaireacht ghnó san Aontas, agus beidh a gcomhchuibhiú ina chuidiú leis an aidhm sin a bhaint amach. Leis sin ba cheart a áirithiú freisin nach núsáideann eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis a fhaightear agus dícheall cuí do chustaiméirí á dhéanamh chun cleachtais dí‑bhaincéireachta a shaothrú as a bhféadfaidh imchéimniú oibleagáidí dlíthiúla eile teacht, go háirithe na cinn a leagtar síos i dTreoir 2014/92 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 nó Treoir 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 , gan cuspóirí an Aontais a bhaint amach ó thaobh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc. Chun maoirseacht chuí ar chomhlíontacht leis na hoibleagáidí maidir le dícheall cuí do chustaiméirí a chumasú, tá sé tábhachtach go gcoimeádfaidh eintitis faoi oibleagáid taifead ar na gníomhaíochtaí a dhéantar agus ar an bhfaisnéis a fhaightear le linn phróiseas an díchill chuí do chustaiméirí, gan beann ar cibé acu a bhunaítear nó nach mbunaítear gaolmhaireacht ghnó nua leo agus cibé acu a chuir nó nár chuir siad tuairisc ar idirbheart amhrasach isteach tar éis diúltú gaolmhaireacht ghnó a bhunú. I gcás ina gcinneann an teintiteas faoi oibleagáid gan dul i mbun gaolmhaireacht ghnó le custaiméir ionchais, sna taifid ar dhícheall cuí do chustaiméirí ba cheart na forais le cinneadh den sórt sin a áireamh. Leis sin cuirfear ar a gcumas d’údaráis mhaoirseachta measúnú a dhéanamh ar cibé ar chalabraigh nó nár chalabraigh eintitis faoi oibleagáid a gcleachtais maidir le dícheall cuí do chustaiméirí go hiomchuí agus conas a fhorbraíonn an neamhchosaint atá ag an eintiteas ar riosca, chomh maith le cuidiú chun tógáil ar fhianaise staidrimh maidir leis na rialacha a bhaineann le dícheall cuí do chustaiméirí arna gcur i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid ar fud an Aontais.

(43)Tá an cur chuige chun athbhreithniú a dhéanamh ar chustaiméirí atá ann cheana sa chreat AML/CFT atá i bhfeidhm faoi láthair bunaithe ar riosca cheana féin. Mar gheall ar an riosca níos airde atá ann do sciúradh airgid, cionta preideacáide bainteacha agus do mhaoiniú sceimhlitheoireachta atá bainteach le struchtúir idirghabhála áirithe, áfach, d’fhéadfadh sé nach lamhálfaí leis an gcur chuige sin rioscaí a bhrath agus a mheasúnú go tráthúil. Tá sé tábhachtach mar sin a áirithiú go ndéanfar faireachán ar bhonn tráthrialta ar chatagóirí custaiméirí láithreacha atá sonraithe go soiléir.

(44)Tá an riosca féin athraitheach ina nádúr, agus féadfaidh na hathróga, astu féin nó i gcomhcheangal, an riosca a d'fhéadfadh a bheith ann a mhéadú nó a laghdú, agus ar an tslí sin tionchar a bheith acu ar leibhéal iomchuí na mbeart coisctheach, amhail bearta díchill chuí do chustaiméirí.

(45)I gcásanna lena mbaineann riosca íseal, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann bearta simplithe a chur i bhfeidhm maidir le dícheall cuí do chustaiméirí. Ní hionann sin agus díolúine ó bhearta maidir le dícheall cuí do chustaiméirí ná iad a bheith in easnamh ar fad. Cuimsítear leis in ionad sin tacar beart grinnscrúdúcháin simplithe nó laghdaithe, ar cheart dóibh aghaidh a thabhairt áfach ar gach comhpháirt den ghnáth‑nós imeachta díchill chuí do chustaiméirí. I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bheith in ann mar sin féin minicíocht nó déine a ngrinnscrúdúcháin ar chustaiméirí nó ar idirbhearta a laghdú, nó a bheith in ann dul in iontaoibh toimhdí leordhóthanacha maidir le cuspóir na gaolmhaireachta gnó nó an úsáid as táirgí simplí. Ba cheart go leagfaí amach sna caighdeáin theicniúla rialála maidir le dícheall cuí do chustaiméirí na bearta simplithe sonracha a fhéadfaidh eintitis faoi oibleagáid a chur chun feidhme i gcás staideanna lena mbaineann riosca níos ísle a sainaithníodh sa Mheasúnú Riosca Fornáisiúnta a rinne an Coimisiún. Le linn dó dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ba cheart do AMLA aird chuí a bheith aige do chaomhnú an chuimsithe airgeadais agus shóisialta.

(46)Ba cheart a aithint go bhfuil riosca níos mó ag baint le staideanna áirithe maidir le sciúradh airgid nó maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta. Cé gur cheart céannacht agus próifíl ghnó gach custaiméara a shuí le cur i bhfeidhm tráthrialta na gceanglas maidir le dícheall cuí do chustaiméirí, tá cásanna ann ina mbeidh gá le nósanna imeachta atá go háirithe docht maidir le sainaithint agus maidir le fíorú custaiméirí. Dá bhrí sin, is gá rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le bearta díchill chuí feabhsaithe den sórt sin, lena náirítear bearta díchill chuí feabhsaithe sonracha le haghaidh gaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann.

(47)Is é a chineál leanúnach agus athdhéantach atá mar shaintréith ag na ceanglais a bhaineann leis na gaolmhaireachtaí comhfhreagracha thrasteorann le hinstitiúid is freagróir i dtríú tír. Thairis sin, ní bhíonn an leibhéal céanna riosca maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ag baint le gach seirbhís baincéireachta comhfhreagraí trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart déine na mbeart díchill chuí feabhsaithe a chinneadh trí phrionsabail an chur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm. Níor cheart áfach an cur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm nuair a bhítear ag idirghníomhú le hinstitiúidí freagróra tríú tíre nach bhfuil aon láithreacht fhisiceach acu san áit ina bhfuil siad ionchorpraithe. Ag glacadh leis an riosca ard maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta is dual do bhlaoscbhainc, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus d’institiúidí airgeadais staonadh ó aon ghaolmhaireacht chomhfhreagrach le blaoscbhainc den sórt sin.

(48)I gcomhthéacs na mbeart díchill chuí feabhsaithe, ní hionann formheas a fháil ón mbainistíocht shinsearach chun gaolmhaireachtaí gnó a bhunú, agus a thabhairt le fios, i ngach cás, go bhfuiltear ag fáil formheasa ón mbord stiúrthóirí. Ba cheart go mbeadh sé indéanta go dtabharfadh duine, ag a bhfuil eolas leordhóthanach ar neamhchosaint ar riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta an eintitis agus a bhfuil sinsearacht leordhóthanach aige chun cinntí a dhéanamh a dhéanfadh difear dá neamhchosaint ar riosca, an formheas sin.

(49)Chun feidhmiú cuí chóras airgeadais an Aontais a chosaint ó sciúradh airgid agus ó mhaoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean don Choimisiún chun tríú tíortha, a léiríonn a neasnaimh ina gcórais náisiúnta AML/CFT bagairt do shláine mhargadh inmheánach an Aontais, a shainaithint. Éilíonn cineál athraitheach bhagairtí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta as lasmuigh den Aontas, arna éascú le forbairt leanúnach na teicneolaíochta agus na modhanna atá ar fáil ag na coirpigh, go ndéanfar oiriúnuithe tapa agus leanúnacha ar an gcreat dlíthiúil maidir le tríú tíortha chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar na rioscaí atá ann cheana agus cosc a chur le rioscaí nua teacht chun cinn. Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún i gcuntas faisnéis ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó cheannródaithe caighdeán i réimse AML/CFT amhail ráitis phoiblí FATF, meastóireacht fhrithpháirteach nó tuarascálacha measúnaithe mionsonraithe nó tuarascálacha leantacha foilsithe, agus a mheasúnuithe a oiriúnú do na hathruithe ann, i gcás inarb iomchuí.

(50)Tríú tíortha atá ‘faoi réir glao ar ghníomhaíocht’ ag an mbunaitheoir caighdeán idirnáisiúnta ábhartha (FATF) cuireann siad easnaimh straitéiseacha nach beag de chineál marthanach i láthair ina gcreataí dlíthiúla agus institiúideacha AML/CFT agus maidir lena gcur chun feidhme ar dhócha go mbainfidh ardriosca leo do chóras airgeadais an Aontais. Fágann cineál marthanach na neasnamh straitéiseach nach beag, lena léirítear an easpa tiomantais ón tríú tír dul i ngleic leo nó go dteiptear uirthi go leanúnach é sin a dhéanamh, leibhéal méadaithe bagartha a thagann ó na tríú tíortha sin, ina néilítear freagairt mhaolaitheach éifeachtach, chomhsheasmhach agus chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid an tacar iomlán de bhearta díchill chuí feabhsaithe atá ar fáil a chur i bhfeidhm ar idirbhearta ócáideacha agus ar ghaolmhaireachtaí gnó a bhfuil na tríú tíortha ardriosca sin bainteach leo d’fhonn na rioscaí foluiteacha a bhainistiú agus a mhaolú. Thairis sin, tugann an leibhéal ard riosca údar cuí leis na frithbhearta sonracha breise a chur i bhfeidhm, cibé ar leibhéal na neintiteas faoi oibleagáid nó ag na Ballstáit. Sheachnódh cur chuige den sórt sin éagsúlacht le linn do na frithbhearta ábhartha a bheith á gcinneadh, rud a nochtfadh iomláine chóras airgeadais an Aontais do rioscaí. Mar gheall ar a shaineolas teicniúil, is féidir le AMLA ionchur áisiúil a sholáthar don Choimisiún chun na frithbhearta iomchuí a shainaithint.

(51)Tá laigí maidir le comhlíontacht i gcreat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT agus i gcur chun feidhme an chreata ar thríú tíortha atá faoi réir ‘faireachán méadaithe’ ag FATF soghabhálach lena ndúshaothrú ag coirpigh. Is dóigh go léireoidh sé sin riosca do chóras airgeadais an Aontais, rud a chaithfear a bhainistiú agus a mhaolú. Cé nach gcuirfear deireadh leis an riosca, trí thiomantas a fháil ó na tríú tíortha sin go dtabharfaidh siad aghaidh ar laigí a sainaithníodh, tugtar údar le freagairt mhaolaitheach, rud nach bhfuil chomh tromchúiseach leis an gceann is infheidhme maidir le tríú tíortha ardriosca. Sna cásanna sin, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid an Aontais bearta díchill chuí feabhsaithe a chur i bhfeidhm ar idirbhearta ócáideacha agus ar ghaolmhaireachtaí gnó le linn dóibh a bheith ag déileáil le daoine nádúrtha nó le heintitis dlítheanacha atá bunaithe sna tríú tíortha sin, idirbhearta a bheidh saincheaptha do na laigí sonracha a sainaithníodh i ngach tríú tír. Ach na bearta díchill chuí feabhsaithe a bheidh le cur i bhfeidhm a shainaithint de réir a chéile, d’áiritheofaí leis sin freisin, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, go bhfuil na bearta i gcomhréir leis an leibhéal riosca. Chun cur chuige comhsheasmhach agus comhréireach den sórt sin a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a shainaithint cé na bearta díchill chuí feabhsaithe sonracha a bheidh de dhíth d’fhonn rioscaí tírshonracha a mhaolú. Ag glacadh le saineolas teicniúil AMLA, is féidir leis ionchur áisiúil a sholáthar don Choimisiún chun na bearta díchill chuí feabhsaithe iomchuí a shainaithint.

(52)Tíortha nach sainaithnítear go poiblí mar thíortha atá faoi réir glaonna chun gnímh nó faireacháin mhéadaithe ag bunaitheoirí caighdeán idirnáisiúnta, d’fhéadfadh na tíortha sin bagairt fós ar shláine chóras airgeadais an Aontais. Chun na rioscaí sin a mhaolú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann beart a dhéanamh trína shainaithint, bunaithe ar thacar soiléir critéar agus le tacaíocht AMLA, cé na tríú tíortha a chruthaíonn bagairt shonrach thromchúiseach do chóras airgeadais an Aontais, a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh i ngeall ar laigí comhlíontachta nó easnaimh straitéiseacha nach beag de chineál marthanach ina gcóras AML/CFT, agus na bearta maolaitheacha ábhartha. Ba cheart don Choimisiún na tríú tíortha sin a shainaithint. De réir an leibhéil riosca do chóras airgeadais an Aontais, ba cheart don Choimisiún a cheangal go gcuirfí gach beart díchill chuí feabhsaithe agus frithbhearta tírshonracha i bhfeidhm, faoi mar atá i gcás tríú tíortha ardriosca, nó dícheall cuí do chustaiméirí feabhsaithe tírshonrach, amhail i gcas tríú tíortha ag a bhfuil laigí comhlíontachta.

(53)Ag glacadh leis go bhféadfaí athruithe a dhéanamh ar chreataí AML/CFT na dtríú tíortha sin nó ar a gcur chun feidhme, mar shampla mar thoradh ar thiomantas na tíre aghaidh a thabhairt ar na laigí sainaitheanta nó mar gheall ar bhearta AML/CFT ábhartha a ghlacadh chun dul i ngleic leo, rud a d’fhéadfadh cineál agus leibhéal na rioscaí a thagann uathu a athrú, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar sainaithint na mbeart díchill chuí feabhsaithe sonrach sin chun a áirithiú go mbeidh siad comhréireach agus leordhóthanach i gcónaí.

(54)Ní ó thríú tíortha amháin a thagann na bagairtí seachtracha féideartha do chóras airgeadais an Aontais, ach is féidir leo teacht chun cinn freisin i ndáil le tosca riosca sonracha a bhaineann do chustaiméirí nó do tháirgí, seirbhísí, idirbhearta nó bealaí seachadta a fheictear i ndáil le limistéar geografach táirgeachta sonrach lasmuigh den Aontas. Is gá dá bhrí sin treochtaí, rioscaí agus modhanna sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint, a bhféadfadh neamhchosaint a bheith ag eintitis faoi oibleagáid an Aontais orthu. Is é AMLA is fearr a bheidh in ann aon tíopeolaíocht ML/TF a thagann chun cinn ó lasmuigh den Aontas a bhrath, chun a bhforbairt a fhaire d’fhonn treoraíocht a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid an Aontais maidir leis an ngá bearta díchill chuí feabhsaithe a chur i bhfeidhm atá dírithe ar rioscaí den sórt sin a mhaolú.

(55)Maidir le caidrimh le daoine aonair a bhfuil feidhmeanna poiblí tábhachtacha acu nó a raibh feidhmeanna tábhachtacha acu, laistigh den Aontas nó go hidirnáisiúnta, agus go háirithe daoine aonair ó thíortha ina bhfuil éilliú forleathan, d’fhéadfadh siad an earnáil airgeadais a nochtadh do rioscaí suntasacha dlí agus do rioscaí dá gclú. Tugann an iarracht idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an éilliú bonn cirt freisin don ghá aird ar leith a thabhairt ar na daoine sin agus bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí iomchuí a chur i bhfeidhm i leith daoine a bhfuil nó a raibh feidhmeanna poiblí suntasacha curtha de chúram orthu sa bhaile nó ar an gcoigríoch agus i leith daoine sinsearacha in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is gá bearta a shonrú ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta nó gaolmhaireachtaí gnó le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil. Chun an cur chuige rioscabhunaithe a éascú, ba cheart é a chur de chúram ar AMLA treoirlínte a eisiúint maidir le haghaidh a thabhairt ar an leibhéal rioscaí atá bainteach le catagóir áirithe de dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil, a mbaill teaghlaigh nó daoine is dlúthchomhlaigh díobh.

(56)Ionas go sainaithneofar daoine atá faoi riteacht pholaitiúil san Aontas, ba cheart do na Ballstáit liostaí a eisiúint ina léirítear na feidhmeanna sonracha a cháilíonn mar fheidhmeanna poiblí tábhachtacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a iarraidh ar gach eagraíocht idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar a gcríoch liosta de na feidhmeanna poiblí tábhachtacha ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta. Ba cheart é a chur de chúram ar an gCoimisiún liosta a thiomsú agus a eisiúint, liosta ba cheart a bheadh bailí ar fud an Aontais, maidir le daoine ar cuireadh feidhmeanna poiblí suntasacha ar a niontaoibh in institiúidí nó i gcomhlachtaí de chuid an Aontais.

(57)Nuair nach gcuirfear feidhm phoiblí shuntasach ar iontaoibh custaiméirí a thuilleadh, féadfaidh siad riosca níos airde a chruthú fós, mar shampla mar gheall ar an tionchar neamhfhoirmiúil a d’fhéadfaidís a fheidhmiú fós, nó toisc go bhfuil a bhfeidhmeanna roimhe seo agus a bhfeidhmeanna reatha nasctha. Tá sé fíor‑riachtanach go gcuirfeadh eintitis faoi oibleagáid na rioscaí leanúnacha sin san áireamh agus go gcuirfidís beart díchill chuí feabhsaithe amháin nó níos mó i bhfeidhm go dtí go meastar nach bhfuil aon riosca eile ag baint leis na daoine aonair, agus in aon chás nach lú ná 12 mhí tar éis an ama nach bhfuil cúram orthu a thuilleadh maidir le feidhm phoiblí shuntasach.

(58)Ní minic le cuideachtaí árachais gaolmhaireacht chliant a bheith acu le tairbhithe na bpolasaithe árachais. Ba cheart dóibh a bheith in ann cásanna lena mbaineann riosca níos airde a shainaithint áfach, amhail nuair a ghabhann fáltais an pholasaí chun tairbhe duine atá faoi riteacht pholaitiúil. Chun a chinneadh cibé an amhlaidh atá an cás, ba cheart bearta réasúnacha a áireamh sa pholasaí árachais chun an tairbhí a shainaithint, amhail is gur cliant nua é an duine sin. Féadfar na bearta sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná tráth na híocaíochta nó tráth shannta an pholasaí.

(59)Is féidir mí‑úsáid a bhaint as dlúthghaolmhaireachtaí príobháideacha agus gairmiúla ar mhaithe le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Chuige sin, ba cheart bearta a bhaineann le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil a bheith i bhfeidhm freisin maidir lena mbaill teaghlaigh agus le daoine is eol is dlúthchomhlaigh de dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil. Daoine a shainaithneoidh baill teaghlaigh agus daoine is eol is dlúthchomhlaigh díobh, féadfaidh siad brath ar struchtúr socheacnamaíoch agus cultúrtha thír an duine atá faoi riteacht pholaitiúil. In aghaidh an chúlra sin, ba cheart an cúram a chur ar AMLA treoirlínte a eisiúint maidir leis na critéir a úsáidfear chun daoine ba cheart a mheas mar dhlúthchomhlach a shainaithint.

(60)Tá na ceanglais a bhaineann le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, lena mbaill teaghlaigh agus lena ndlúthchomhlaigh, de chineál coisctheach agus ní de chineál coiriúil, agus níor cheart iad a léirmhíniú mar dhaoine a bhfuil dímheas á tharraingt acu ar dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil a bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht choiriúil. Ach diúltú do ghaolmhaireacht ghnó a dhéanamh le duine díreach ar bhonn cinnidh gur duine é nó í atá faoi riteacht pholaitiúil, tá sé sin contrártha do théacs agus spiorad an Rialacháin seo.

(61)Chun nósanna imeachta maidir le sainaithint custaiméara arís agus arís eile a sheachaint, is iomchuí, faoi réir cosaintí oiriúnacha, a lamháil d’eintitis faoi oibleagáid a bheith ag brath ar fhaisnéis faoi chustaiméirí arna bailiú ag eintitis faoi oibleagáid eile. I gcás ina mbeidh eintiteas faoi oibleagáid ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid, ba cheart an fhreagracht deiridh as dícheall cuí do chustaiméirí a bheith ar an eintiteas faoi oibleagáid a roghnaíonn brath ar dícheall cuí do chustaiméirí arna dhéanamh ag eintiteas faoi oibleagáid eile. Ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid ar a rabhthas ag brath a fhreagracht féin a choinneáil freisin maidir le ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh, lena náirítear an ceanglas tuairisc a thabhairt faoi idirbheart amhrasacha agus taifid a choinneáil.

(62)Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cúraimí a bhaineann le feidhmiú díchill chuí do chustaiméirí a sheachfhoinsiú chuig gníomhaire nó chuig soláthraí seirbhíse seachtrach, mura bhfuil siad bunaithe i dtríú tíortha atá ainmnithe mar thíortha ardriosca, a bhfuil laigí comhlíontachta acu nó a bhagraíonn ar chóras airgeadais an Aontais. Maidir le gaolmhaireachtaí gníomhaireachta nó seachfhoinsithe ar bhonn conartha idir eintitis faoi oibleagáid agus soláthraithe seirbhíse seachtracha nach gcumhdaítear le ceanglais AML/CFT, ní fhéadfadh aon oibleagáid AML/CFT ar na gníomhairí sin nó ar na soláthraithe seirbhísí seachfhoinsithe sin teacht chun cinn ach amháin ón gconradh idir na páirtithe agus ní ón Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart go bhfanfadh an fhreagracht maidir leis na ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh go hiomlán leis an eintiteas faoi oibleagáid féin. Ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid go háirithe a áirithiú, i gcás ina mbeidh an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe rannpháirteach chun críocha sainaithint chianda custaiméara, go nurramófar an cur chuige rioscabhunaithe.

(63)Ionas go bhfeidhmeoidh gaolmhaireachtaí spleáchais agus seachfhoinsithe tríú páirtí go héifeachtúil, tá gá le soiléireacht bhreise maidir leis na coinníollacha ar dá réir a tharlóidh an spleáchas. Ba cheart é a bheith de chúram ar AMLA treoirlínte a fhorbairt maidir leis na coinníollacha faoinar féidir le spleáchas agus le seachfhoinsiú tríú páirtí tarlú, chomh maith le róil agus freagrachtaí na bpáirtithe faoi seach. Chun a áirithiú go ndéanfar formhaoirseacht chomhsheasmhach ar chleachtais spleáchais agus seachfhoinsithe a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart do na treoirlínte soiléireacht a sholáthar freisin ar conas ba cheart do mhaoirseoirí cleachtais den sórt sin a chur san áireamh agus comhlíontacht le ceanglais AML/CFT a fhíorú nuair a ghabhann eintitis faoi oibleagáid i dtuilleamaí na gcleachtas sin.

(64)Tugadh isteach an coincheap maidir le húinéireacht thairbhiúil le Treoir (AE) 2015/849 chun an trédhearcacht maidir le struchtúir chorparáideacha chasta a mhéadú. An gá atá le faisnéis chruinn, chothrom le dáta agus leordhóthanach a rochtain maidir leis an úinéir tairbhiúil, is príomhthoisc é sin i gcoirpigh a rianú a d’fhéadfadh, murach sin, a gcéannacht a cheilt laistiar de struchtúir anaithnid den sórt sin. Ceanglaítear ar na Ballstáit i láthair na huaire a áirithiú go bhfaighidh eintitis chorparáideacha agus eintitis dhlítheanacha eile chomh maith le hiontaobhais shainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla eile faisnéis leormhaith, chruinn agus reatha maidir lena núinéireacht thairbhiúil, agus go gcoinneoidh siad an fhaisnéis sin ina seilbh. Tá éagsúlacht ag baint áfach leis an méid trédhearcachta atá á forchur ag na Ballstáit. Tá na rialacha faoi réir léirmhínithe éagsúla, agus mar gheall air sin bíonn modhanna difriúla ann chun úinéirí tairbhiúla de chuid eintitis nó socraithe ar leith a shainaithint. Tá sé sin i ngeall, inter alia, ar bhealaí neamhréireacha chun úinéireacht indíreach eintitis nó socraithe a ríomh. Cuireann sé sin isteach ar an trédhearcacht a bhí beartaithe a bhaint amach. Is gá dá bhrí sin na rialacha a shoiléiriú maidir le sainmhíniú comhsheasmhach a fháil ar úinéir tairbhiúil agus maidir lena chur i bhfeidhm ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(65)Ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos chun úinéirí tairbhiúla eintiteas corparáideach agus eintiteas dlítheanach eile a shainaithint agus chun na sainmhínithe ar úinéireacht thairbhiúil a chomhchuibhiú. Cé nach gcinneann céatadán sonrach leasa scairshealbhóireachta nó úinéireachta na húinéirí tairbhiúla go huathoibríoch, ba cheart dó a bheith mar thoisc amháin, i measc tosca eile, a chuirfear san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh, áfach, go bhféadfaidh céatadán níos ísle ná 25 % a bheith ina léiriú ar úinéireacht nó ar rialú. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar rialú trí leas úinéireachta 25 % móide ceann de na scaireanna nó de na cearta vótála nó trí leas úinéireachta eile ar gach leibhéal úinéireachta, rud a chiallaíonn gur cheart feidhm a bheith ag an tairseach sin maidir le gach nasc sa struchtúr úinéireachta agus gur cheart gach nasc sa struchtúr úinéireachta agus an meascán díobh a scrúdú i gceart.

(66)Má táthar chun na húinéirí tairbhiúla a shainaithint go bríoch éilítear cinneadh maidir le cibé an ndéantar rialú a fheidhmiú trí mheáin eile. Is gá rialú a chinneadh trí leas úinéireachta ach ní leor é agus ní mó é ná na seiceálacha is gá chun na húinéirí tairbhiúla a chinneadh. An tástáil ar cibé a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn aon duine nádúrtha rialú trí mheáin eile, ní tástáil iardain é sin nach ndéanfar ach amháin nuair nach féidir leas úinéireachta a chinneadh. Ba cheart an dá thástáil, eadhon an tástáil ar rialú trí leas úinéireachta agus é sin ar rialú trí mheáin eile, a dhéanamh i gcomhthreo. D’fhéadfaí a áireamh le rialú trí mheáin eile an ceart níos mó ná leath de chomhaltaí an bhoird nó an eintitis chorparáidigh a cheapadh nó a bhaint; an cumas tionchar suntasach a imirt ar na cinntí arna nglacadh ag an eintiteas corparáideach; rialú trí chomhaontuithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla le húinéirí, comhaltaí nó na heintitis chorparáideacha, chomh maith le socruithe vótála; naisc le baill teaghlaigh bainisteoirí nó stiúrthóirí nó iad sin ar leo an teintiteas corparáideach nó atá á rialú; úsáid a bhaint as socruithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla i gcás ainmnitheach.

(67)Chun trédhearcacht éifeachtach a áirithiú, ba cheart an réimse is leithne is féidir d’eintitis dhlítheanacha agus de shocruithe dlíthiúla a ionchorpraítear nó a chruthaítear i gcríoch na mBallstát a chumhdach le rialacha maidir le húinéireacht thairbhiúil. Áirítear leis sin eintitis dhlítheanacha seachas cinn chorparáideacha agus socruithe atá comhchosúil le hiontaobhais. I ngeall ar dhifríochtaí i gcórais dlí na mBallstát, cuimsítear leis na catagóirí leathana sin éagsúlacht de struchtúir eagraíochtúla difriúla. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le liosta de na cineálacha eintiteas corparáideach agus eintiteas dlítheanach eile i gcás ina naithnítear na húinéirí tairbhiúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le húinéirí tairbhiúla a shainaithint le haghaidh eintiteas corparáideach. Ba cheart don Choimisiún moltaí a dhéanamh do na Ballstáit maidir leis na rialacha sonracha agus na critéir shonracha chun úinéirí tairbhiúla na neintiteas dlítheanach seachas eintitis chorparáideacha a shainaithint.

(68)Chun a áirithiú go mbeifear in ann úinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite agus eintiteas dlítheanach comhchosúla a shainaithint go comhsheasmhach, amhail fondúireachtaí, nó socruithe, is gá rialacha comhchuibhithe maidir le húinéireacht thairbhiúil a leagan síos. Ceanglaítear ar Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le liosta de na cineálacha eintiteas dlítheanach agus na socruithe dlíthiúla atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite i gcás ina sainaithnítear na húinéirí tairbhiúla de réir sainaithint na núinéirí tairbhiúla le haghaidh iontaobhas sainráite agus eintiteas dlítheanach nó socruithe dlíthiúla comhchosúla. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún glacadh, trí ghníomh cur chun feidhme, le liosta de shocruithe dlíthiúla agus d’eintitis dhlítheanacha atá á rialú ag dlí náisiúnta Ballstát, ag a bhfuil struchtúr nó feidhm atá comhchosúil le hiontaobhais shainráite.

(69)Ceanglaítear freisin leis an gcur chuige comhsheasmhach maidir leis an gcóras trédhearcachta i gcomhair úinéireachta tairbhiúla go náiritheofaí go mbailítear an fhaisnéis chéanna maidir le húinéirí tairbhiúla ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Is iomchuí ceanglais bheachta a thabhairt isteach maidir leis an bhfaisnéis ba cheart a bhailiú i ngach cás. Áirítear leis an bhfaisnéis sin tacar íosta sonraí pearsanta maidir leis an úinéir tairbhiúil, cineál agus méid an leasa thairbhiúil atá á choinneáil san eintiteas dlítheanach nó sa socrú dlíthiúil agus faisnéis maidir leis an eintiteas dlítheanach nó leis an socrú dlíthiúil.

(70)Mar bhonn taca faoi chreat éifeachtach maidir le trédhearcacht úinéireachta tairbhiúla tá an teolas atá ag eintitis chorparáideacha agus ag eintitis dhlítheanacha eile ar na daoine nádúrtha arb iad a núinéirí tairbhiúla iad. Dá réir sin, ba cheart do gach eintiteas corparáideach agus do gach eintiteas dlítheanach eile san Aontas faisnéis leormhaith, chruinn agus reatha maidir lena núinéireacht thairbhiúil a bheith ina seilbh acu. Ba cheart an fhaisnéis sin a choinneáil ar feadh 5 bliana agus ba cheart aitheantas an duine atá freagrach as an fhaisnéis a choinneáil a thuairisciú do na cláir. Beidh an tréimhse choinneála sin coibhéiseach leis an tréimhse chun an fhaisnéis a fhaightear a choinneáil laistigh de chur i bhfeidhm cheanglais AML/CFT, amhail bearta díchill chuí do chustaiméirí. Chun a áirithiú go bhféadfar faisnéis a chros‑seiceáil agus a fhíorú, mar shampla tríd an sásra maidir le tuairisciú neamhréireachta, tá bunús lena áirithiú go bhfuil na tréimhsí coinneála sonraí ábhartha ailínithe.

(71)Ba cheart d’eintitis chorparáideacha agus d’eintitis dhlítheanacha eile gach beart is gá a dhéanamh chun a núinéirí tairbhiúla a shainaithint. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann áfach nach in-sainaitheanta aon duine nádúrtha ar leis eintiteas ar deireadh thiar nó a bhfuil rialú á fheidhmiú aige air. I gcásanna eisceachtúla den sórt sin, ar choinníoll go nídeofar gach modh sainaitheantais, féadfar tuairisc a thabhairt ar oifigigh bainistíochta sinsearaí le linn dóibh faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid mar chuid den phróiseas maidir le dícheall cuí do chustaiméirí nó nuair a bheidh an fhaisnéis á cur faoi bhráid an chláir lárnaigh. Ba cheart d’eintitis chorparáideacha agus d’eintitis dhlítheanacha taifid a choimeád de na gníomhaíochtaí a rinneadh d’fhonn a gcuid úinéirí tairbhiúla a shainaithint, go háirithe nuair a bhíonn siad ag brath ar an mbeart sin mar rogha dheiridh, ar cheart údar cuí a bheith leis agus é a dhoiciméadú.

(72)Is gá a áirithiú go mbeidh cothroime iomaíochta i measc na gcineálacha difriúla foirmeacha dlíthiúla agus ionas nach mbainfear mí‑úsáid as iontaobhais agus as socruithe dlíthiúla, rudaí a bhíonn srathaithe i struchtúir chasta go minic chun úinéireacht thairbhiúil a chur faoi cheilt tuilleadh. Ba cheart dá bhrí sin d’iontaobhaithe aon iontaobhais shainráite arna riar i mBallstát a bheith freagrach as faisnéis úinéireachta tairbhiúla atá leormhaith, chruinn agus reatha maidir leis an iontaobhas a fháil agus a shealbhú, agus as a stádas a nochtadh agus an fhaisnéis sin a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid atá ag tabhairt faoi dhícheall cuí custaiméara. Ba cheart d’aon úinéir tairbhiúil eile de chuid an iontaobhais cúnamh a thabhairt don iontaobhaí chun faisnéis den sórt sin a fháil.

(73)I bhfianaise struchtúr sonrach eintiteas dlítheanach ar leith amhail fondúireachtaí, agus an gá atá ann a áirithiú go mbeidh trédhearcacht leordhóthanach ann maidir lena núinéireacht thairbhiúil, ba cheart d’eintitis agus do shocruithe dlíthiúla cosúil le hiontaobhais a bheith faoi réir ceanglais úinéireachta tairbhiúla choibhéiseacha cosúil leo sin a bhfuil feidhm acu maidir le hiontaobhais shainráite.

(74)D’fhéadfadh socruithe i gcomhair ainmnitheach sainaitheantas na núinéirí tairbhiúla a cheilt, toisc go bhféadfadh ainmnitheach gníomhú mar stiúrthóir nó scairshealbhóir eintitis dhlítheanaigh agus ní nochtar an tainmneoir i gcónaí. D’fhéadfadh na socruithe sin an úinéireacht thairbhiúil agus an struchtúr rialaithe a chur faoi cheilt, nuair nach mian le húinéirí tairbhiúla a naitheantas a nochtadh nó a ról laistigh díobh. Tá gá ann dá bhrí sin ceanglais trédhearcachta a thabhairt isteach ionas nach mbainfear mí‑úsáid as na socruithe sin agus chun coirpigh a chosc ó fholú laistiar de dhaoine atá ag gníomhú ar a son. Ba cheart do scairshealbhóirí is ainmnithigh agus stiúrthóirí is ainmnithigh d’eintitis chorparáideacha nó d’eintitis dhlítheanacha eile faisnéis leordhóthanach a choimeád maidir le haitheantas a nainmneora chomh maith le haitheantas aon úinéara thairbhiúil eile de chuid an ainmneora agus iad a nochtadh chomh maith lena stádas i ndáil leis na heintitis chorparáideacha nó eintitis dhlítheanacha eile. Ba cheart d’eintitis chorparáideacha agus d’eintitis dhlítheanacha eile an fhaisnéis chéanna a thuairisciú d’eintitis faoi oibleagáid, nuair a dhéantar bearta díchill chuí do chustaiméirí.

(75)Maidir leis na rioscaí a chruthaíonn eintitis chorparáideacha eachtracha agus socruithe dlíthiúla, a mbaintear mí‑úsáid astu chun fáltais cistí a threorú isteach i gcóras airgeadais an Aontais, ní mór na rioscaí sin a mhaolú. Toisc go bhféadfadh sé nach leor caighdeáin úinéireachta tairbhiúla atá i bhfeidhm i dtríú tíortha chun an leibhéal céanna trédhearcachta agus infhaighteacht chaoithiúil faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi mar atá san Aontas a cheadú, is gá modhanna leordhóthanacha a áirithiú chun úinéirí tairbhiúla eintiteas corparáideach eachtrach nó socruithe dlíthiúla a shainaithint in imthosca sonracha. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar eintitis dhlítheanacha atá ionchorpraithe lasmuigh den Aontas agus ar iontaobhais shainráite nó socruithe dlíthiúla comhchosúla arna riar lasmuigh den Aontas a núinéirí tairbhiúla a nochtadh uair ar bith a oibríonn siad san Aontas trí ghaolmhaireacht ghnó a dhéanamh le heintiteas faoi oibleagáid de chuid an Aontais nó trí réadmhaoin a fháil san Aontas.

(76)Chun comhlíontacht a spreagadh agus chun trédhearcacht éifeachtach a áirithiú maidir le húinéireacht thairbhiúil, ní mór na ceanglais maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhorfheidhmiú. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit smachtbhannaí a chur i bhfeidhm as sáruithe ar na ceanglais sin. Ba cheart na smachtbhannaí sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus nach rachaidís thar a bhfuil riachtanach chun comhlíonadh a spreagadh. Ba cheart do na smachtbhannaí a thugann Ballstáit isteach éifeacht dhíspreagtha choibhéiseach a bheith acu ar fud an Aontais de bharr na sáruithe ar cheanglais maidir le húinéireacht thairbhiúil.

(77)Ba cheart idirbhearta amhrasacha, lena náirítear iarrachtaí ar idirbhearta, agus faisnéis eile atá ábhartha don sciúradh airgid, cionta preideacáide bainteacha agus maoiniú sceimhlitheoireachta a thuairisciú do AFA, ar cheart dó feidhmiú mar aonad náisiúnta lárnach aonair chun amhrais a tuairiscíodh a fháil agus, a anailísiú agus chun torthaí a anailísí a scaipeadh ar na húdaráis inniúla. Ba cheart gach idirbheart amhrasach, lena nairítear iarrachtaí ar idirbhearta a thuairisciú, gan beann ar mhéid an idirbhirt. D’fhéadfadh faisnéis thairseachbhunaithe a bheith ar áireamh freisin san fhaisnéis thuairiscithe. Maidir leis an nochtadh faisnéise a dhéanfaidh eintiteas faoi oibleagáid nó fostaí nó stiúrthóir d’eintiteas faoi oibleagáid den sórt sin chuig AFA de mheon macánta, níor cheart go gcuimseofaí leis sárú ar aon srian ar nochtadh faisnéise agus ní bheidh an teintiteas faoi oibleagáid, a stiúrthóirí nó a fhostaithe faoi dhliteanas ar bith maidir leis.

(78)D’fhéadfadh difríochtaí in oibleagáidí maidir le tuairisciú ar idirbhearta amhrasacha idir Ballstáit dlús a chur faoi na deacrachtaí i gcomhlíontacht AML/CFT a bhí ag eintitis faoi oibleagáid a bhfuil láithreacht nó oibríochtaí trasteorann acu. Thairis sin, bíonn tionchar ag struchtúr agus ag inneachar na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha ar chumas AFA anailís a dhéanamh agus ar chineál na hanailíse sin, agus déanann sé difear freisin do chumais AFAnna dul i gcomhar agus faisnéis a mhalartú. Chun éascaíocht a dhéanamh do chomhlíontacht eintiteas faoi oibleagáid lena noibleagáidí um thuairisciú agus foráil a dhéanamh maidir le feidhmiú níos éifeachtaí a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí anailíseacha agus comhar AFAnna, ba cheart do AMLA dréachtchaighdeáin rialála a fhorbairt lena sonraítear teimpléad coiteann le haghaidh tuairisciú idirbheart amhrasach atá le húsáid mar bhunús aonfhoirmeach ar fud an Aontais.

(79)Ba cheart go mbeadh AFAnna ábalta an fhaisnéis uile is gá a bhaineann lena bhfeidhmeanna a fháil go tapa ó aon eintiteas faoi oibleagáid. Tá a rochtain gan srian agus tapa ar fhaisnéis riachtanach lena áirithiú gur féidir sreafaí airgid a rianú go cuí agus líonraí aindleathacha agus sreafaí a bhrath go luath. Maidir leis na ngá atá ag AFAnna faisnéis bhreise a fháil ó eintitis faoi oibleagáid bunaithe ar amhras sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, d’fhéadfaí an ghníomhaíocht sin a spreagadh trí thuairisc roimh ré ar idirbheart amhrasach a thuairisciú chuig AFA, ach freisin trí mhodhanna eile amhail anailís AFA féin, faisnéis a sholáthair údaráis inniúla nó faisnéis atá i seilbh AFA eile. Dá bhrí sin, ba cheart do na AFAnna, i gcomhthéacs a gcuid feidhmeanna, a bheith ábalta faisnéis a fháil ó aon eintiteas faoi oibleagáid, fiú gan tuairisc roimh ré a bheith déanta. Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid freagra a thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis ó AFA a luaithe is féidir agus in aon chás, laistigh de 5 lá ó fhaightear an iarraidh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus atá práinneach, ba cheart don eintiteas faoi oibleagáid a bheith in ann freagra a thabhairt ar iarraidh AFA laistigh de 24 uair an chloig. Ní áirítear leis seo iarrataí as éadan ar fhaisnéis a chur chuig eintitis faoi oibleagáid i gcomhthéacs anailís AFAnna, ach is iarrataí ar fhaisnéis bunaithe ar dhálaí atá sainithe go leordhóthanach atá i gceist. Ba cheart go mbeadh AFA ábalta an fhaisnéis sin a fháil ar iarraidh arna déanamh ag AFA eile den Aontas agus an fhaisnéis a mhalartú leis an AFA iarrthach.

(80)I gcás eintitis áirithe faoi oibleagáid, ba cheart do na Ballstáit an fhéidearthacht a bheith acu comhlacht féinrialála iomchuí a ainmniú le cur ar an eolas ar an gcéad ásc in ionad an AFA. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an duine, is coimirce thábhachtach é, chun seasamh le cearta bunúsacha a chosaint maidir leis na hoibleagáidí tuairiscithe is infheidhme do dhlíodóirí, córas céadchéime tuairiscithe chuig comhlacht féinrialála a bheith ann. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna agus an tslí ina mbainfidh siad amach cosaint na rúndachta gairmiúla, na rúndachta agus na príobháideachta.

(81)I gcás ina gcinnfidh Ballstát comhlacht féinrialála den sórt sin a ainmniú, féadfaidh sé lamháil don chomhlacht sin nó a cheangal ar an gcomhlacht sin gan aon fhaisnéis a fhaightear ó dhaoine a ionadaíonn an comhlacht sin a tharchur chuig an AFA más rud é go bhfuarthas an fhaisnéis sin ó dhuine de na cliaint, nó go bhfuarthas air é, le linn dóibh staid dhlíthiúil a gcliant a fhionnadh nó an cúram a dhéanamh a gcliant a chosaint nó a ionadú, in imeachtaí breithiúnacha, nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena náirítear comhairle a thabhairt chun na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint, is cuma má fhaightear an fhaisnéis sin roimh na himeachtaí sin, lena linn nó ina ndiaidh.

(82)Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid d’eisceacht a bheith in ann idirbhearta amhrasacha a dhéanamh sula gcuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas más rud é go bhfuil sé dodhéanta an staonadh sin a dhéanamh nó gur dócha go gcuirfeadh sé bac ar iarrachtaí chun dul sa tóir ar na tairbhithe in oibríocht amhrasta sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Níor cheart an eisceacht sin a agairt i ndáil le hidirbhearta lena mbaineann na hoibleagáidí idirnáisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit chun cistí nó sócmhainní eile sceimhlitheoirí, eagraíochtaí sceimhlitheoireachta nó cistí agus sócmhainní iad siúd a mhaoiníonn sceimhlitheoireacht a chalcadh gan mhoill, i gcomhréir leis na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(83)Tá rúndacht i ndáil le tuairisciú idirbheart amhrasach agus i ndáil le faisnéis ábhartha eile a sholáthar do AFAnna fíor‑riachtanach chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla sócmhainní a d’fhéadfadh a bheith nasctha le sciúradh airgid, cionta preideacáide bainteacha nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chalcadh agus a ghabháil. Ní thugtar gníomhaíocht choiriúil le fios le hidirbheart amhrasach. Ach nochtadh gur tuairiscíodh amhras, d’fhéadfadh sé sin smál a chaitheamh ar chlú na ndaoine atá bainteach san idirbheart agus feidhmiú na nanailísí agus na nimscrúduithe a chur i gcontúirt. Dá bhrí sin, níor cheart d’eintitis faoi oibleagáid agus a stiúrthóirí agus a bhfostaithe an custaiméir lena mbaineann nó tríú páirtí a chur ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis á cur faoi bhráid AFA, nó go gcuirfear faoi bhráid AFA í, nó gur cuireadh faoi bhráid AFA í, cibé go díreach nó tríd an gcomhlacht féinrialála, nó go bhfuil anailís ar sciúradh airgid nó ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta á déanamh, nó go bhféadfar í a dhéanamh. Níor cheart feidhm a bheith ag an gcosc ar nochtadh in imthosca sonracha a bhaineann le, mar shampla, nochtaí d’údaráis inniúla agus do chomhlachtaí féinrialála le linn dóibh feidhmeanna maoirseachta a dhéanamh, nó nochtaí chun críche fhorfheidhmiú an dlí nó nuair a dhéantar na nochtaí idir eintitis faoi oibleagáid leis an ngrúpa céanna.

(84)Gluaiseann coirpigh fáltais aindleathacha tríd an iliomad idirghabhálaithe airgeadais chun go seachnófar na fáltais sin a bhrath. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach go lamhálfaí d’eintitis faoi oibleagáid faisnéis a mhalartú, ní hamháin idir comhaltaí an ghrúpa, ach freisin i gcásanna áirithe idir institiúidí creidmheasa agus airgeadais agus eintitis eile a fheidhmíonn laistigh de líonraí, le haird chuí ar rialacha cosanta sonraí.

(85)Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo. Aithnítear sna Ballstáit go léir gur ábhar spéise poiblí é an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí.

(86)Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar ailíniú an chreata AML/CFT le Moltaí FATF athbhreithnithe i lánchomhlíonadh dhlí an Aontais, agus go háirithe maidir le dlí an Aontais i leith cosaint sonraí agus cosaint ceart bunúsach mar a chumhdaítear sa Chairt. Baineann gnéithe áirithe de chur chun feidhme an chreata AML/CFT seo le bailiú, anailísiú, stóráil agus roinnt sonraí. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin a cheadú, agus lánurraim á tabhairt ag an am céanna do chearta bunúsacha, chun na gcríoch amháin a leagtar síos sa Rialachán seo, agus chun dícheall cuí do chustaiméirí, faireachán leanúnach, anailís agus tuairisciú ar idirbhearta neamhghnácha agus amhrasacha a dhéanamh, úinéir tairbhiúil duine dhlítheanaigh nó socraithe dhlíthiúil a shainaithint, duine atá faoi riteacht pholaitiúil a shainaithint agus faisnéis arna comhroinnt ag institiúidí creidmheasa agus ag institiúidí airgeadais agus ag eintitis faoi oibleagáid eile. Ba cheart bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta ina dhiaidh sin ag eintitis faoi oibleagáid a bheith teoranta dá bhfuil riachtanach chun ceanglais AML/CFT a chomhlíonadh agus níor cheart próiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta ar bhealach nach bhfuil comhoiriúnach leis an gcuspóir sin. Ba cheart, go háirithe, diantoirmeasc a chur ar phróiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun críocha tráchtála.

(87)Taispeánann Moltaí athbhreithnithe FATF, chun a bheith in ann comhoibriú go hiomlán agus chun go gcomhlíonfaí go pras na hiarrataí ar fhaisnéis ó údaráis inniúla chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, gur cheart go ndéanfadh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis is gá a fhaightear trí bhearta díchill chuí do chustaiméirí nó trí na taifid ar idirbhearta a chothabháil ar feadh cúig bliana ar a laghad. Chun cineálacha éagsúla cur chuige a sheachaint agus chun na ceanglais a bhaineann le cosaint ar shonraí pearsanta agus deimhneacht dhlíthiúil a chomhlíonadh, ba cheart an tréimhse choinneála a shocrú ag cúig bliana tar éis dheireadh caidrimh ghnó nó idirbhirt ócáidigh.

(88)Nuair a thagraíonn an nóisean maidir le húdaráis inniúla d’údaráis imscrúdúcháin agus ionchúisimh, déanfar é a léirmhíniú mar ní ina náirítear na leibhéil lárnacha agus díláraithe d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) maidir leis na Ballstáit a bhíonn rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE.

(89)Chun riar cuí agus éifeachtach an cheartais a áirithiú i rith na tréimhse idir teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus chun go bhféadfaidh sé idirghníomhú go réidh leis an dlí nós imeachta náisiúnta, ba cheart faisnéis agus doiciméid a bhaineann le himeachtaí leanúnacha dlí chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, arb imeachtaí iad a bhí ar feitheamh sna Ballstáit ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, a choinneáil ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis an dáta sin, agus ba cheart go mbeadh sé indéanta an tréimhse sin a fhadú ar feadh 5 bliana eile.

(90)Tá cearta rochtana ar shonraí ag an ábhar sonraí infheidhme maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críche an Rialacháin seo. Dhéanfadh rochtain ag an ábhar sonraí, áfach, ar aon fhaisnéis a bhaineann le tuarascáil maidir le hidirbheart amhrasach an bonn a bhaint go mór d’éifeachtacht an chomhraic in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Féadfaidh údar maith, dá bhrí sin, a bheith ag eisceachtaí maidir leis an gceart sin, agus srianta ar an gceart sin, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679. Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí a iarraidh go ndéanfaidh údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679 seiceáil ar dhlíthiúlacht na próiseála agus tá sé de cheart aige leigheas breithiúnach a lorg dá dtagraítear in Airteagal 79 den Rialachán sin. Féadfaidh an túdarás maoirseachta gníomhú freisin ar bhonn ex‑officio. Gan dochar do na srianta ar an gceart chun rochtain a fháil, ba cheart go mbeadh an túdarás maoirseachta in ann an tábhar sonraí a chur ar an eolas go ndearna an túdarás maoirseachta gach fíorú is gá, agus faoin toradh maidir le dlíthiúlacht na próiseála atá i gceist.

(91)D’fhéadfadh eintitis faoi oibleagáid dul i muinín seirbhísí oibreoirí príobháideacha eile. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcreat AML/CFT áfach maidir le heintitis faoi oibleagáid amháin, agus ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid freagracht iomlán a choinneáil as comhlíontacht le ceanglais AML/CFT. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus ionas nach dtabharfar roinnt seirbhísí isteach faoi raon feidhme an rialacháin seo go neamhaireach, is gá a shoiléiriú maidir leis na daoine nach ndéanann ach doiciméid pháipéir a thiontú ina sonraí leictreonacha agus atá ag gníomhú faoi chonradh le heintiteas faoi oibleagáid, agus daoine a sholáthraíonn córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile d’institiúidí creidmheasa nó d’institiúidí airgeadais amháin chun cistí a tharchur nó le córais imréitigh agus socraíochta, ní thagann na daoine sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(92)Ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach agus chruinn a fháil agus a shealbhú maidir le húinéireacht thairbhiúil agus rialú daoine dlítheanacha. Toisc go dtugann scaireanna iompróra an úinéireacht don duine ag a bhfuil an scairdheimhniú, lamhálann siad don úinéir tairbhiúil a bheith anaithnid fós. Chun a áirithiú nach mbaintear mí‑úsáid as na scaireanna sin i gcomhair sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart do chuideachtaí - seachas iad sin a bhfuil urrúis liostaithe acu ar mhargadh rialáilte nó a ndéantar a gcuid scaireanna a eisiúint mar urrúis idirghafa - gach scair iompróra reatha a thiontú i scaireanna cláraithe. Ina theannta sin, níor cheart ach amháin barántais scaire iompróra i bhfoirm idirghafa a lamháil.

(93)Fágann anaithnideacht criptea‑shócmhainní go bhfuil siad neamhchosanta ar rioscaí mí‑úsáide chun críoch coiriúil. Ní cheadaítear aistrithe criptea‑shócmhainní a rianú le tiachóga criptea‑shócmhainní anaithnide, agus dá réir sin bíonn sé deacair freisin idirbhearta nasctha a shainaithint, rud a d’fhéadfadh amhras a ardú nó leibhéal leordhóthanach de dhícheall cuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm. Chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais AML/CFT i bhfeidhm go héifeachtach maidir le criptea‑shócmhainní, is gá tiachóga criptea‑shócmhainní anaithnid arna soláthar agus arna gcoimeád ag soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní a thoirmeasc.

(94)Tá úsáid móríocaíochtaí in airgead tirim go mór i mbaol sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta; níor maolaíodh é sin go leordhóthanach leis an gceanglas atá ar thrádálaithe earraí a bheith faoi réir rialacha frithsciúradh airgid le linn íocaíochtaí in airgead tirim de EUR 10 000 nó níos mó a bheith á ndéanamh nó á bhfáil. An tráth céanna, bhain difríochtaí i gcuir chuige i measc Ballstát an bonn den chothroime iomaíochta laistigh den mhargadh inmheánach agus is iad na gnóthaí atá lonnaithe i mBallstáit a bheidh siar leis sin agus na rialuithe níos déine. Is gá dá bhrí sin teorainn a thabhairt isteach ar fud an Aontais ar íocaíochtaí móra de EUR 10 000 in airgead tirim. Ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann tairseacha níos ísle agus forálacha breise níos déine a ghlacadh.

(95)Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na costais, na tairbhí agus na tionchair a bhaineann leis an teorainn ar íocaíochtaí móra in airgead tirim a ísliú ar leibhéal an Aontais d’fhonn an chothroime iomaíochta a dhéanamh níos cothroime fós do ghnóthaí agus na deiseanna a bhíonn ag coirpigh airgead tirim a úsáid i gcomhair sciúradh airgid, a laghdú. Ba cheart féachaint sa mheasúnú sin go háirithe ar an leibhéal is oiriúnaí le haghaidh teorainn chomhchuibhithe ar íocaíochtaí in airgead tirim ar leibhéal an Aontais ag glacadh leis na teorainneacha reatha atá cheana féin ar íocaíochtaí in airgead tirim i roinnt Ballstáit, inforfheidhmitheacht na teorann sin ar leibhéal an Aontais agus na héifeachtaí a bhíonn ag teorainn den sórt sin ar dhlíthairiscint an euro.

(96)Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar na costais, na tairbhí agus na tionchair a bhaineann leis an tairseach a ísliú chun úinéirí tairbhiúla a shainaithint nuair a fheidhmítear rialú tríd úinéireacht. Ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó Bhallstáit nó ó thríú tíortha a bhfuil tairseacha níos ísle tugtha isteach acu a chur san áireamh sa mheasúnú sin.

(97)Chun a áirithiú go gcuirfear na ceanglais AML/CFT i bhfeidhm go comhsheasmhach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe ina sainaithnítear tríú tíortha ardriosca a ghlacadh, tríú tíortha a bhfuil laigí comhlíontachta acu agus tíortha a bhagraíonn ar chóras airgeadais an Aontais agus ina sainítear bearta díchill chuí feabhsaithe atá comhchuibhithe agus comhréireach chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, bearta maolaitheacha chomh maith leis na caighdeáin theicniúla rialála ina leagtar amach na híoscheanglais i mbeartais, rialuithe agus nósanna imeachta uile‑ghrúpa agus na coinníollacha faoin gceanglaítear ar struchtúir a chomhroinneann úinéireacht choiteann, rialuithe bainistíochta nó comhlíontachta beartais, rialuithe agus nósanna imeachta uile‑ghrúpa a chur i bhfeidhm, na gníomhaíochtaí a thógfaidh grúpaí nuair nach gceadaítear le dlíthe tríú tíortha beartais, rialuithe agus nósanna imeachta agus bearta maoirseachta a chur i bhfeidhm ar fud grúpaí, na hearnálacha agus na hidirbhearta atá faoi réir tairseacha níos ísle ar mhaithe le dícheall cuí do chustaiméirí a fheidhmiú agus an fhaisnéis is gá chun dícheall cuí do chustaiméirí a fheidhmiú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 39 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(98)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun socruithe dlíthiúla atá cosúil le hiontaobhais shainráite arna rialú ag dlíthe náisiúnta Ballstát a shainaithint chomh maith le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear an fhormáid a úsáidfear chun idirbhearta amhrasacha a thuairisciú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 .

(99)Sa Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail atá aitheanta leis an gCairt, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus teaghlaigh a urramú (Airteagal 7 den Chairt), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt) agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 den Chairt).

(100)I gcomhréir le hAirteagal 21 den Chairt, ina ndéantar idirdhealú a thoirmeasc ar aon fhoras, ba cheart d’eintitis faoi oibleagáid measúnuithe riosca a dhéanamh i gcomhthéacs díchill chuí do chustaiméirí, gan idirdhealú.

(101)Nuair a bheidh tuarascáil á tarraingt suas ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart go dtabharfadh sé aird chuí ar an urraim do na cearta bunúsacha agus do na prionsabail a aithnítear sa Chairt.

(102)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin cosc a chur ar úsáid chóras airgeadais an Aontais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(103)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 [agus thug sé tuairim uaidh an... 41 ],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Roinn 1

Ábhar agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)na bearta a chuirfidh eintitis faoi oibleagáid i bhfeidhm chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc;

(b)ceanglais trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil d’eintitis dhlítheanacha agus i gcomhair socruithe dlíthiúla;

(c)bearta chun teorainn a chur le mí‑úsáid ionstraimí iompróra.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘sciúradh airgid’ an tiompar mar a leagtar amach in Airteagal 3, míreanna 1 agus 5 de Threoir (AE) 2018/1673 lena náirítear cabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht an tiompar sin a dhéanamh, cibé an ndearnadh nó nach ndearnadh na gníomhaíochtaí a ghin an mhaoin a bhí le sciúradh ar chríoch Ballstáit eile nó ar chríoch tríú tír. Féadfar eolas, intinn nó cuspóir a éilítear mar ghné den iompar sin a infeiriú ó imthosca fíorasacha oibiachtúla;

(2)ciallaíonn ‘maoiniú sceimhlitheoireachta’ an tiompar mar a leagtar amach in Airteagal 11 de Threoir (AE) 2017/541 lena náirítear cabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht an tiompar sin a dhéanamh, cibé an ndearnadh nó nach ndearnadh é ar chríoch Ballstáit eile nó ar chríoch tríú tír. Féadfar eolas, intinn nó cuspóir a éilítear mar ghné den iompar sin a infeiriú ó imthosca fíorasacha oibiachtúla;

(3)ciallaíonn ‘gníomhaíocht choiriúil’ gníomhaíocht choiriúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/1673, chomh maith le calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2017/1371, éilliú éighníomhach agus gníomhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(2) agus míleithreasú cistí poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 4(3), an dara fomhír den Treoir sin;

(4)ciallaíonn ‘maoin’ maoin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir (AE) 2018/1673;

(5)ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 , lena náirítear brainsí díobh, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (17) den Rialachán sin, atá lonnaithe san Aontas, cibé acu atá nó nach bhfuil a príomhoifig suite laistigh den Aontas nó i dtríú tír;

(6)ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’:

(a)gnóthas seachas institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta, a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (2) go (12), (14) agus (15) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 , lena náirítear gníomhaíochtaí oifigí malairte airgeadra (bureaux de change); nó arb é a bpríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil, lena náirítear cuideachta shealbhaíochta airgeadais agus cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;

(b)gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 , a mhéid a dhéanann sé gníomhaíochtaí árachais saoil nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir sin; lena náirítear cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais de ghníomhaíocht mheasctha mar a shainmhínítear, faoi seach, in Airteagal 212(1), pointí (f) agus (g) de Threoir 2009/138/CE;

(c)idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3) de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 i gcás ina ngníomhóidh sé maidir le hárachas saoil agus seirbhísí eile a bhaineann le hinfheistíocht;

(d)gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 ;

(e)gnóthas comhinfheistíochta, go háirithe:

(i) gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE agus a chuideachta bhainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(b) den Treoir sin nó cuideachta infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin agus nach bhfuil cuideachta bhainistíochta ainmnithe aici, a chuireann aonaid UCITS ar fáil lena gceannach san Aontas;

(ii) ciste infheistíochta malartach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE agus a bhainisteoir cistí infheistíochta malartacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(b) den Treoir sin a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 2 den Treoir sin;

(f)brainsí d’institiúidí airgeadais mar a shainmhínítear i bpointí (a) go (e), nuair atá siad lonnaithe san Aontas, cibé acu atá a gceannoifig suite i mBallstát nó i dtríú tír;

(7)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse iontaobhais nó cuideachta’ aon duine a sholáthraíonn aon cheann de na seirbhísí seo a leanas do thríú páirtithe trína ghnó:

(a)foirmiú cuideachtaí nó daoine dlítheanacha eile;

(b)ag gníomhú mar, nó ag socrú do dhuine eile gníomhú mar, stiúrthóir nó rúnaí cuideachta, comhpháirtí de chomhpháirtíocht, nó seasamh comhchosúil i ndáil le daoine dlítheanacha eile;

(c)oifig chláraithe, seoladh gnó, comhfhreagras nó seoladh riaracháin agus seirbhísí eile a bhaineann le cuideachta, comhpháirtíocht nó aon duine nó socrú dlítheanach eile a sholáthar;

(d)ag gníomhú mar, nó ag socrú do dhuine eile gníomhú mar, iontaobhaí iontaobhais sainráite nó i mbun feidhme coibhéisí le haghaidh socrú dlíthiúil comhchosúil;

(e)ag gníomhú mar, nó ag socrú do dhuine eile gníomhú mar, scairshealbhóir ainmnitheach ar son duine eile;

(8)ciallaíonn ‘seirbhísí cearrbhachais’ seirbhís ina bhfuil geall a chur le luach airgeadaíochta i gcluichí seans, lena náirítear iad siúd a bhfuil scil acu cosúil le crannchuir, cluichí casóige, cluichí pócair agus idirbhearta gealltóireachta a chuirtear ar fáil ag suíomh fisiceach, nó ar mhodh ar bith ar shiúl, trí mheáin leictreonacha nó aon teicneolaíocht eile chun cumarsáid a éascú, agus ar iarraidh aonair ó fhaighteoir seirbhísí;

(9)ciallaíonn ‘creidiúnaí morgáiste’ creidiúnaí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 ;

(10)ciallaíonn ‘idirghabhálaí creidmheasa morgáiste’ idirghabhálaí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe 5, de Threoir 2014/17/AE;

(11)ciallaíonn ‘creidiúnaí tomhaltóirí’ creidiúnaí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (b), de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 ;

(12)ciallaíonn ‘idirghabhálaí creidmheasa tomhaltóirí’ idirghabhálaí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (f) de Threoir 2008/48/CE;

(13)ciallaíonn ‘criptea‑shócmhainn’ criptea‑shócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (2) de Rialachán [cuir isteach an tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea‑Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 - COM/2020/593 final] ach amháin nuair a thagann sí faoi na catagóirí atá liostaithe in Airteagal 2(2) den Rialachán sin nó nach gcáilíonn sí ar shlí eile mar chistí;

(14)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí criptea‑shócmhainní’ soláthraí seirbhísí criptea‑shócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (8) de Rialachán [cuir isteach an tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Criptea‑Shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 - COM/2020/593 final] i gcás ina bhfeidhmítear seirbhís criptea‑shócmhainní amháin nó níos mó mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (9) den Rialachán sin;

(15)ciallaíonn ‘airgead leictreonach’ airgead leictreonach arna shainmhíniú in Airteagal 2, pointe (2) de Threoir 2009/110/CE 49 , ach gan luach airgid amhail dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5) den Treoir sin a áireamh;

(16)ciallaíonn ‘gaolmhaireacht ghnó’ gaolmhaireacht ghnó, ghairmiúil nó thráchtála atá nasctha le gníomhaíochtaí gairmiúla eintitis faoi oibleagáid agus a bhfuiltear ag súil leis, nuair a chuirfear an conradh ar bun, go mbeidh eilimint ré ann, lena náirítear gaolmhaireacht ina niarrtar ar eintiteas faoi oibleagáid cuideachta a bhunú nó iontaobhas a bhunú dá chustaiméir, cibé arb é nó nach é foirmiú na cuideachta nó bunú an iontaobhais sin an taon idirbheart a dhéantar don chustaiméir sin;

(17)ciallaíonn ‘idirbhearta nasctha’ dhá idirbheart nó níos mó a bhfuil tionscnamh nó ceann scríbe comhionann nó comhchosúil acu, thar thréimhse shonrach ama;

(18)ciallaíonn ‘tríú tír’ aon dlínse, stát neamhspleách nó críoch uathrialach nach bhfuil mar chuid den Aontas Eorpach ach a bhfuil a reachtaíocht AML/CFT nó a córas forfheidhmiúcháin féin aici;

(19)ciallaíonn ‘gaolmhaireacht chomhfhreagrach’:

(a)institiúid creidmheasa amháin do sholáthar seirbhísí baincéireachta mar an comhfhreagraí d’institiúid creidmheasa eile mar an freagróir, lena náirítear cuntas dliteanais reatha nó eile agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar, amhail bainistíocht airgid thirim, aistrithe cistí idirnáisiúnta, seiceáil imréitigh, iníoctha-trí chuntais agus seirbhísí malairte eachtraí;

(b)an caidreamh idir institiúidí creidmheasa agus institiúidí creidmheasa agus ina measc lena náirítear mar a gcuireann institiúid comhfhreagraí seirbhísí comhchosúla ar fáil d’institiúid freagróra, agus lena náirítear caidreamh a bunaíodh d’idirbhearta urrús nó d’aistrithe cistí;

(20)ciallaíonn ‘blaoscbhanc’ institiúid chreidmheasa nó institiúid airgeadais, nó institiúid a dhéanann gníomhaíochtaí is comhionann leis na cinn arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, atá corpraithe i ndlínse ina bhfuil aon láithreacht fhisiceach aige, ina bhfuil intinn agus bainistíocht shuntasach aige, agus atá neamhchleamhnaithe le grúpa airgeadais rialáilte;

(21)ciallaíonn ‘Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh’ cód tagartha alfa‑uimhriúil uathúil bunaithe ar an gcaighdeán ISO 17442 a shanntar d’eintiteas dlítheanach;

(22)ciallaíonn ‘úinéir tairbhiúil’ aon duine nádúrtha ag a bhfuil eintiteas dlíthiúil nó iontaobhas sainráite nó socrú dlíthiúil comhchosúil ar úinéireacht nó faoina rialú deiridh, chomh maith le haon duine nádúrtha ar a shon nó ar mhaithe leis atá idirbheart nó gníomhaíocht á déanamh;

(23)ciallaíonn ‘socrú dlíthiúil’ iontaobhas sainráite nó socrú ag a bhfuil struchtúr nó feidhm chomhchosúil le hiontaobhas sainráite, lena náirítear fiducie agus cineálacha áirithe Treuhand agus fideicomiso;

(24)ciallaíonn ‘socrú foirmiúil ainmnitheach’ conradh nó socrú foirmiúil lena ngabhann stádas dlí atá coibhéiseach le conradh, idir an tainmnitheach agus an tainmneoir, i gcás inarb eintiteas dlítheanach nó duine nádúrtha é an tainmneoir a eisíonn treoracha d’ainmnitheach chun gníomhú ar a son i gcáil ar leith, lena náirítear mar stiúrthóir nó mar scairshealbhóir, agus i gcás inarb eintiteas dlítheanach nó duine nádúrtha é an tainmnitheach a fhaigheann ordú ón ainmneoir gníomhú ar a son;

(25)ciallaíonn ‘duine atá faoi riteacht pholaitiúil’ duine nádúrtha a chuirtear nó a cuireadh na feidhmeanna poiblí suntasacha seo a leanas de chúram air:

(a)i mBallstát:

(i) cinn Stáit, cinn rialtais, airí agus leasairí nó airí cúnta;

(ii) comhaltaí parlaiminte nó comhlachtaí reachtacha comhchosúla;

(iii) comhaltaí comhlachtaí rialaithe na bpáirtithe polaitiúla;

(iv) comhaltaí cúirteanna uachtaracha, cúirteanna bunreachtúla nó comhlachtaí breithiúnacha eile ardleibhéil, nach bhfuil na cinntí sin faoi réir achomhairc eile, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla;

(v) comhaltaí cúirteanna iniúchóirí nó bhord na mbanc ceannais;

(vi) ambasadóirí, chargés d'affaires agus oifigigh ardaicme sna fórsaí armtha;

(vii) comhaltaí comhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta d’fhiontair faoi úinéireacht an Stáit;

(b)in eagraíocht idirnáisiúnta:

(i) an t‑oifigeach ag a bhfuil an chéim is airde; a leas‑oifigigh agus comhaltaí an bhoird nó na feidhme coibhéisí d’eagraíocht idirnáisiúnta;

(ii) ionadaithe chuig Ballstát nó chuig an Aontas;

(c)ar leibhéal an Aontais:

(i) feidhmeanna ar leibhéal institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais ar coibhéiseach iad leo siúd a liostaítear i bpointí (a)(i), (ii), (iv), (v) agus (vi);

(d)i dtríú tír:

(i) feidhmeanna ar coibhéiseach iad leo siúd a liostaítear i bpointe (a);

(26)ciallaíonn ‘baill teaghlaigh’:

(a)an céile, nó an duine i bpáirtnéireacht chláraithe nó i bpáirtnéireacht shibhialta nó i socrú comhchosúil;

(b)na leanaí agus na céilí leo, nó daoine i bpáirtnéireachtaí cláraithe nó i bpáirtnéireacht shibhialta nó i socrú comhchosúil leis, na leanaí sin;

(c)na tuismitheoirí;

(27)ciallaíonn ‘daoine is eol is dlúthchomhlaigh'

(a)daoine nádúrtha is eol a bhfuil comhúinéireacht thairbhiúilacu ar eintitis dhlíthiúla nó ar shocruithe dlíthiúla, nó ar aon chaidreamh gnó dlúth eile, le duine atá faoi riteacht pholaitiúil;

(b)daoine nádúrtha a bhfuil úinéireacht thairbhiúil aonair acu ar eintiteas dlíthiúil nó ar shocrú dlíthiúil is eol a bheith curtha ar bun le haghaidh tairbhe de facto duine atá faoi riteacht pholaitiúil:

(28)ciallaíonn ‘lucht bainistíochta sinsearach’, i dteannta le comhaltaí feidhmiúcháin an bhoird stiúrthóirí nó, mura bhfuil bord ann, dá chomhlacht rialaithe coibhéiseach, oifigeach nó fostaí ag a bhfuil eolas leordhóthanach ar neamhchosaint na hinstitiúide ar riosca an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta agus ag a bhfuil sinsearacht leordhóthanach chun cinntí a dhéanamh le dul i bhfeidhm ar a neamhchosaint ar rioscaí;

(29)ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa gnóthas arb é atá ann máthairghnóthas, a fhochuideachtaí, agus na heintitis ina bhfuil rannpháirtíocht ag an máthairghnóthas nó a fhochuideachtaí, chomh maith le gnóthais atá nasctha le chéile de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 ;

(30)ciallaíonn ‘airgead’ airgeadra, ionstraimí soshannta iompróra, tráchtearraí a úsáidtear mar stórais luacha an‑leachtacha agus cártaí réamhíoctha, mar a shainítear in Airteagal 2(1), pointí (c) go (f) de Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 ;

(31)ciallaíonn ‘údarás inniúil’:

(a)Aonad Faisnéise Airgeadais;

(b)údarás maoirseachta arna shainiú faoi phointe (33);

(c)údarás poiblí ag a mbíonn an fheidhm an sciúradh airgid a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a chionta preideacáideacha nó an maoiniú sceimhlitheoireachta, nó ag a mbíonn an fheidhm sócmhainní coiriúla a rianú, a urghabháil nó a reo agus a choigistiú;

(d)údarás poiblí ag a bhfuil freagrachtaí ainmnithe as an sciúradh airgid nó an maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac;

(32)ciallaíonn ‘maoirseoir’ an comhlacht ar a gcuirtear freagrachtaí atá ceaptha chun comhlíontacht na neintiteas faoi oibleagáid le ceanglais an Rialacháin seo a áirithiú, lena náirítear an tÚdarás um Chomhrac in aghaidh Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta (AMLA) nuair a dhéanann sé na tascanna a chuirtear ar a iontaoibh in Airteagal 5(2) de Rialachán [ionsáigh tagairt – togra maidir le hÚdarás um Chomhrac in aghaidh Sciúradh Airgid a bhunú- COM/2021/421 final];

(33)ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ maoirseoir is comhlacht poiblí, nó an túdarás maoirseachta ag maoirsiú comhlachtaí féinrialála i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna maoirseachta de bhun Airteagal 29 de Threoir [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh an 6 ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final];

(34)ciallaíonn ‘comhlacht féinrialála’ comhlacht a dhéanann ionadaíocht do chomhaltaí gairme agus a bhfuil ról aige lena rialáil, i gcomhlíonadh feidhmeanna áirithe maoirseachta nó faireacháin agus in áirithiú go bhforfheidhmítear na rialacha a bhaineann leo;

(35)ciallaíonn ‘smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe’ idir reo sócmhainní agus toirmisc ar chur cistí nó sócmhainní eile ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun tairbhe na ndaoine agus na neintiteas ainmnithe de bhun Chinntí ón gComhairle a glacadh ar bhonn Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Rialacháin ón gComhairle a glacadh ar bhonn Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(36)ciallaíonn ‘smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata’ na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe úd dá dtagraítear i bpointe (35) a fhorchuirtear de bhun Chinneadh ón gComhairle (CBES) 2016/849 agus Chinneadh ón gComhairle 2010/413/CBES agus de bhun Rialachán ón gComhairle (AE) 2017/1509 agus Rialachán ón gComhairle (AE) 267/2012.

Roinn 2

Raon feidhme

Airteagal 3

Eintitis faoi oibleagáid

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar na heintitis seo a leanas a bheith ina n‑eintitis faoi oibleagáid:

(1)institiúidí creidmheasa;

(2)institiúid airgeadais;

(3)na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas ag gníomhú dóibh i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí gairmiúla:

(a) iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach, agus aon duine eile nádúrtha nó dlítheanach a ghabhann air féin, go díreach nó trí bhíthin daoine eile a bhfuil gaol ag an duine eile sin leo, cabhair ábhartha, cúnamh nó comhairle maidir le cúrsaí cánach mar phríomhghnó nó mar ghníomhaíocht ghairmiúil a sholáthar;

(b) nótairí agus gairmithe dlí neamhspleácha eile, i gcás ina nglacann siad páirt, bíodh sé trí ghníomhú thar ceann a gcliaint nó dá gcliant in aon idirbheart airgeadais nó réadmhaoine, nó trí chúnamh a thabhairt i bpleanáil nó i ndéanamh idirbheart dá gcliant maidir le ceann ar bith de na nithe seo a leanas:

(i) ceannach nó díol réadmhaoine nó eintiteas gnó;

(ii) bainistiú ar airgead cliant, ar urrúis nó ar shócmhainní eile;

(iii) cuntas bainc, coigiltis nó urrúis a oscailt nó a bhainistiú;

(iv) eagrú na ranníocaíochtaí is gá chun cuideachtaí a chruthú, a oibriú nó a bhainistiú;

(v) cruthú, oibriú nó bainistiú iontaobhas, cuideachtaí, fondúireachtaí, nó struchtúr den chineál céanna;

(c) soláthraithe seirbhíse iontaobhais nó cuideachta;

(d) gníomhairí eastáit, lena n‑áirítear agus iad ag gníomhú mar idirghabhálaithe i ndáil le maoin dhochorraithe a ligean, maidir le hidirbhearta ina bhfuil an cíos míosúil cothrom le EUR 10 000 nó níos mó, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(e) daoine i mbun trádála ar mhiotail lómhara agus clocha lómhara;

(f) soláthraithe seirbhísí cearrbhachais;

(g) soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní;

(h) soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin seachas iad siúd arna rialú le Rialachán (AE) 2020/1503;

(i) daoine atá ag trádáil nó ag gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil saothair ealaíne, lena n‑áirítear nuair is dánlanna agus comhlachtaí ceantála a dhéanann í seo, i gcás ina bhfuil luach an idirbhirt nó na n‑idirbheart nasctha cothrom le EUR 10 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(j) daoine atá ag trádáil nó ag gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil saothair ealaíne, nuair a dhéantar í seo laistigh de shaorlimistéir agus trádstórais chustam, i gcás ina bhfuil luach an idirbhirt nó na n‑idirbheart nasctha cothrom le EUR 10 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta;

(k) creidiúnaithe le haghaidh creidmheasanna morgáiste agus tomhaltais, seachas institiúidí creidmheasa arna sainiú in Airteagal 2(5) agus institiúidí airgeadais arna sainiú in Airteagal 2(6), agus idirghabhálaithe creidmheasa le haghaidh creidmheasanna morgáiste agus tomhaltais;

(l) oibreoirí imirce infheistíochta atá ceadaithe feidhmiú mar ionadaí nó seirbhísí idirghabhála a thairiscint do náisiúnaigh thríú tíre a lorgaíonn cearta cónaithe a fháil i mBallstáit mar chúiteamh ar aon chineál infheistíochta, lena n‑áirítear aistrithe caipitil, ceannach nó fáil maoine ar cíos, infheistíocht i mbannaí rialtais, infheistíocht in eintitis chorparáideacha, deonú nó dearlaic ar ghníomhaíocht ar son leas an phobail agus ranníocaíochtaí le buiséad an stáit.

Airteagal 4

Díolúintí do sholáthraithe áirithe seirbhísí cearrbhachais

1.Cé is moite de na casaíní, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh soláthraithe seirbhísí cearrbhachais a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ar bhonn riosca íseal cruthaithe de chineál agus, i gcás inarb iomchuí, scála na noibríochtaí de na seirbhísí sin.

2.Chun críocha mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit faoi mheasúnú riosca ar sheirbhísí cearrbhachais le measúnú a dhéanamh ar:

(a)leochaileachtaí don sciúradh airgid agus don mhaoiniú sceimhlitheoireachta agus fachtóirí maolaithe na seirbhísí cearrbhachais;

(b)na rioscaí atá nasctha le méid na nidirbheart agus na modhanna íocaíochta a úsáidtear;

(c)an limistéar geografach ina riartar an tseirbhís chearrbhachais.

Agus measúnuithe riosca dá sórt á gcur i gcrích, tabharfaidh na Ballstáit san áireamh torthaí an mheasúnaithe riosca arna dhréachtú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final].

3.Bunóidh na Ballstáit gníomhaíochtaí faireacháin riosca‑bhunaithe nó déanfaidh siad bearta leormhaithe eile chun a áirithiú nach ndéanfar mí‑úsáid ar na díolúintí a dheonaítear de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 5

Díolúintí ar ghníomhaíochtaí airgeadais áirithe

1.Cé is moite de dhaoine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht na seoltán airgid arna sainiú in Airteagal 4, pointe (22) de Threoir (AE) 2015/2366, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh daoine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht airgeadais faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I, pointí (2) go (12), (14) agus (15), le Treoir 2013/36/AE ar bhonn ócáideach nó fíortheoranta, i gcás inar beag é an riosca do sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta; na daoine sin a dhíolmhú ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir go léir seo a leanas:

(a)go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais teoranta i ndearbhthéarmaí;

(b)go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais teoranta ar bhonn idirbhirt;

(c)nach í an ghníomhaíocht airgeadais príomhghníomhaíocht na ndaoine sin;

(d)go bhfuil an ghníomhaíocht airgeadais coimhdeach agus baint dhíreach aici le príomhghníomhaíocht na ndaoine sin;

(e)nach gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(a) go pointe (d) nó (f) í príomhghníomhaíocht na ndaoine sin.

(f)gur do chustaiméirí phríomhghníomhaíocht na ndaoine sin amháin a sholáthraítear an ghníomhaíocht airgeadais agus nach iondúil go soláthraítear don phobal í.

2.Chun críocha mhír 1, pointe (a), éileoidh na Ballstáit nach sáraíonn láimhdeachas iomlán na gníomhaíochta airgeadais tairseach nach mór dó a bheith íseal go leor. Bunófar an tairseach sin ar an leibhéal náisiúnta, ag brath ar chineál na gníomhaíochta airgid.

3.Chun críocha mhír 1, pointe (b), cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm tairseach uasta in aghaidh an chustaiméara agus in aghaidh an idirbhirt aonair, cibé acu a dhéantar an tidirbheart sin in aon oibríocht amháin nó i roinnt oibríochtaí a bhfuil an chuma orthu a bheith nasctha. Bunófar an tairseach uasta sin ar an leibhéal náisiúnta, ag brath ar chineál na gníomhaíochta airgid. Beidh sé íseal go leor chun a áirithiú gur modh neamhphraiticiúil agus neamhéifeachtach le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta na cineálacha idirbheart atá i gceist, agus nach mbeidh siad níos mó ná EUR 1 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta.

4.Chun críocha mhír 1, pointe (c) éileoidh na Ballstáit nach mbeidh láimhdeachas iomlán na gníomhaíochta airgid níos mó ná 5 % de láimhdeachas iomlán an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann.

5.Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta chun críocha an Airteagail seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar aon ghníomhaíocht airgeadais a meastar dóchúlacht ar leith a bheith ag baint léi, de thoradh a cineáil, lena húsáid nó a mhí-úsáid chun críocha sciúrtha airgid mó maoinithe sceimhlitheoireachta.

6.Bunóidh na Ballstáit gníomhaíochtaí faireacháin riosca‑bhunaithe nó déanfaidh siad bearta leormhaithe eile chun a áirithiú nach ndéanfar mí‑úsáid ar na díolúintí a dheonaítear de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 6

Réamhfhógra maidir le díolúintí

1.Fógróidh na Ballstáit don Choimisiún faoi dhíolúine ar bith a bhfuil sé i gceist acu a dheonú i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5 gan mhoill. Áireofar leis an bhfógra réasúnú a bheidh bunaithe ar an measúnú riosca ábhartha i leith na díolúine.

2.Glacfaidh an Coimisiún laistigh de dhá mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2 ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)deimhniú gur féidir an díolúine a dheonú;

(b)le cinneadh réasúnta, dearbhú nach féidir an díolúine a dheonú.

3.Ar fháil cinnidh ón gCoimisiún de bhun mhír 2(a), féadfaidh na Ballstáit glacadh leis an gcinneadh chun an díolúine a dheonú. Luafar sa chinneadh sin na príomhchúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe. Athbhreithneoidh na Ballstáit cinntí mar sin ar bhonn rialta, agus i gcás ar bith ina nuashonraíonn siad a measúnú riosca náisiúnta de bhun Airteagal 8 de Threoir [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final.

4.Faoi [3 mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], fógróidh na Ballstáit don Choimisiún na díolúintí a dheonaítear de bhun Airteagal 2(2) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849 atá i bhfeidhm tráth agus dáta feidhme an Rialacháin seo.

5.Foilseoidh an Coimisiún gach bliain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh liosta na ndíolúintí arna ndeonú de bhun an Airteagail seo.

CAIBIDIL II

BEARTAIS, RIALUITHE AGUS NÓSANNA IMEACHTA INMHEÁNACHA NA nEINTITEAS FAOI OIBLEAGÁID

ROINN 1

Nósanna imeachta inmheánacha, measúnú riosca agus foireann

Airteagal 7

Raon feidhme na mbeartas, na rialuithe agus na nósanna imeachta inmheánacha

1.Beidh beartais, rialuithe agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid d’fhonn comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú, agus go sonrach chun:

(a)maolú agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a aithnítear ar leibhéal an Aontais, an Bhallstáit agus an eintitis faoi oibleagáid;

(b)i dteannta leis an oibleagáid smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm, maolú agus bainistiú a dhéanamh ar riosca mainneachtain cur chun feidhme agus seachaint na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata.

Beidh na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta sin comhréireach le cineál agus méid an eintitis faoi oibleagáid.

2.Folóidh na beartais, na rialuithe agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1:

(a)forbairt beartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha, lena náirítear cleachtais bhainistíochta riosca, dícheall cuí do chustaiméirí, tuairisciú, tuilleamaí agus coimeád taifead, faireachán agus bainistiú ar chomhlíontacht leis na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta sin, chomh maith le beartais i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta de bhun Airteagal 55;

(b)beartais, rialuithe agus nósanna imeachta le gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta ócáideacha a aithint, a scrúdú agus a bhainistiú lena mbaineann riosca níos airde nó níos ísle don sciúradh airgid agus do mhaoiniú na sceimhlitheoireachta;

(c)feidhm iniúchóireachta neamhspleách chun na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear i bpointe (a) a thástáil;

(d)an fíorú, nuair a earcaítear agus nuair a shanntar baill foirne do thascanna agus feidhmeanna áirithe agus nuair a cheaptar a ghníomhairí agus a dháileoirí, go mbíonn dea‑chlú ar na daoine sin, go mbeidh siad comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis na tascanna agus feidhmeanna le cur i gcrích;

(e)cumarsáid inmheánach ar bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánach an eintitis faoi oibleagáid, lena náirítear a ghníomhairí agus a dháileoirí;

(f)beartas maidir le hoiliúint a chur ar fhostaithe, agus de réir mar is ábhartha, a ghníomhairí agus a dháileoirí i ndáil le beartas atá i bhfeidhm san eintiteas faoi oibleagáid chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

Na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha atá leagtha amach sa chéad fhomhír, pointí (a) go (f); taifeadfar i scríbhinn iad. Is é an lucht bainistíochta sinsearach a thabharfaidh faomhadh do na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta sin.

3.Coinneoidh na heintitis faoi oibleagáid na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta suas chun dáta, agus feabhsóidh siad iad mar a naithnítear laigí.

4.Faoi [2 bhliain i ndiaidh don Rialacháin seo teacht i bhfeidhm], eiseoidh AMLA treoirlínte ar na gnéithe ar cheart d’eintitis faoi oibleagáid a thabhairt san áireamh nuair a dhéantar cinneadh ar mhéid a mbeartas, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha.

Airteagal 8

Measúnú riosca

1.Glacfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta iomchuí, comhréireach dá gcineál agus dá méid, chun rioscaí an sciúrtha airgid agus do mhaoiniú na sceimhlitheoireachta dá nochtar iad a aithint agus a mheasúnú, chomh maith le rioscaí mainneachtain cur chun feidhme agus seachaint na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata.

(a)na hathróga riosca atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus na fachtóirí riosca a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III;

(b)na torthaí ó mheasúnú riosca fornáisiúnta arna dhréachtú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid -COM/2021/423 final];

(c)na torthaí ó na measúnuithe riosca náisiúnta a rinne na Ballstáit de bhun Airteagal 8 den [ionsáigh tagairt – [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid -COM/2021/423 final].

2.Déanfar an measúnú riosca arna dhréachtú ag an eintiteas faoi oibleagáid de bhun mhír 1 a dhoiciméadú, a choimeád cothrom le dáta agus a chur ar fáil do mhaoirseoirí.

3.Féadfaidh maoirseoirí a chinneadh nach gá measúnuithe riosca ar dhoiciméadú aonair i gcás go mbeidh na rioscaí sonracha bunúsach san earnáil soiléir agus tuigthe.

Airteagal 9

Feidhmeanna comhlíonta

1.Ceapfaidh na heintitis faoi oibleagáid comhalta feidhmiúcháin amháin chuig a mbord stiúrthóirí, nó mura bhfuil bord ann, chuig a chomhlacht rialaithe coibhéiseach a bheidh freagrach as cur chun feidhme na mbeart chun comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú (‘bainisteoir comhlíontachta’). Mura bhfuil comhlacht rialaithe ag an eintiteas, is é ball dá lucht bainistíochta sinsearach a dhéanfaidh an fheidhm.

2.Beidh an bainisteoir comhlíontachta freagrach as beartais, rialuithe agus nósanna imeachta an eintitis faoi oibleagáid a chur chun feidhme agus as faisnéis a fháil faoi laigí suntasacha nó ábhartha sna beartais, rialuithe agus nósanna imeachta sin. Tuairisceoidh an bainisteoir comhlíontachta ar na cúrsaí sin chuig an mbord stiúrthóirí nó ag an gcomhlacht rialaithe coibhéiseach. I gcás máthairghnóthas, beidh an duine sin freagrach freisin as maoirsiú ar bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta ar fud an ghrúpa.

3.Beidh oifigeach comhlíontachta ag eintitis faoi oibleagáid, le ceapadh ag an mbord stiúrthóirí nó ag an gcomhlacht rialaithe, a bheidh i gceannas ar oibriú laethúil bheartais an eintitis faoi oibleagáid maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT). Beidh an duine sin freagrach freisin as idirbhearta amhrasacha a thuairisciú chuig an Aonad Faisnéise Airgeadais (AFA) i gcomhréir le hAirteagal 50(6).

I gcás eintiteas faoi oibleagáid a chuirtear faoi réir seiceálacha ar a lucht bainistíochta sinsearach nó a n‑úinéirí de bhun Airteagal 6 de Threoir [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final] nó faoi ghníomhartha eile an Aontais, cuirfear oifigigh chomhlíontachta faoi réir fíoraithe go gcomhlíonann siad na ceanglais sin.

Féadfaidh eintiteas faoi oibleagáid atá mar chuid de ghrúpa duine a cheapadh mar a oifigeach comhlíontachta a dhéanfaidh an fheidhm sin in eintiteas eile laistigh den ghrúpa sin.

4.Cuirfidh eintitis faoi oibleagáid acmhainní leordhóthanacha ar fáil do na feidhmeanna comhlíontachta, lena náirítear baill foirne agus teicneolaíocht, i gcomhréir le méid, cineál agus rioscaí an eintitis faoi oibleagáid do chur chun feidhme na bhfeidhmeanna comhlíontachta, agus áiritheoidh siad go ndeonaítear na cumhachtaí chun aon bhearta a mholadh is gá chun éifeachtacht bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid a áirithiú ar na daoine le freagracht as na feidhmeanna sin.

5.Cuirfidh an bainisteoir comhlíontachta tuarascáil faoi bhráid an chomhlachta rialaithe uair amháin in aghaidh na bliana nó níos minice de réir mar is cuí, maidir le cur chun feidhme bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid, agus coinneoidh sé/sí an comhlacht bainistíochta ar an eolas faoi thoradh aon athbhreithnithe. Glacfaidh an comhlacht rialaithe na gníomhaíochtaí is gá chun aon easnaimh a aithnítear ar bhealach tráthúil.

6.I gcás ina mbíonn údar leis i bhfianaise mhéid an eintitis faoi oibleagáid, is féidir leis an duine nádúrtha céanna na feidhmeanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a dhéanamh.

I gcás inar duine nádúrtha nó duine dlítheanach é an t‑eintiteas faoi oibleagáid arb é duine nádúrtha amháin a dhéanann a chuid gníomhaíochtaí, beidh an duine sin freagrach as feidhmiú na dtascanna faoin Airteagal seo.

Airteagal 10

Feasacht faoi cheanglais

Glacfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta chun a áirithiú gur feasach dá bhfostaithe a n‑éilíonn a bhfeidhm amhlaidh, chomh maith lena ngníomhairí agus a ndáileoirí, ar na ceanglais a éiríonn as an Rialachán seo agus ar na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha atá i bhfeidhm san eintiteas faoi oibleagáid, lena n‑áirítear i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo.

Áireofar leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír rannpháirtíocht na bhfostaithe i gcláir oiliúna shonracha leanúnacha chun cuidiú leo oibríochtaí a aithint ag a bhféadfadh baint le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus chun treoir a thabhairt dóibh maidir le conas leanúint ar aghaidh sna cásanna sin. Déanfar na cláir oiliúna sin a dhoiciméadú go cuí.

Airteagal 11

Ionracas na bhfostaithe

1.Aon fhostaí le heintiteas faoi oibleagáid a gcuirtear tascanna a bhaineann le comhlíontacht an eintitis faoi oibleagáid leis an Rialachán seo agus le Rialachán [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh athmhúnlú Rialachán (AE) 2015/847 - COM/2021/422 críochnaitheach] ar a (h)iontaoibh, déanfar measúnú air/uirthi arna fhaomhadh ag an oifigeach comhlíontachta ar:

(a)scileanna, eolas agus saineolas aonair chun tabhairt faoina f(h)eidhmeanna ar bhealach éifeachtach;

(b)dea‑chlú, macántacht agus ionracas.

2.Na fostaithe a gcuirtear tascanna ar a niontaoibh a bhaineann le comhlíontacht an eintitis faoi oibleagáid leis an Rialachán seo; cuirfidh siad an toifigeach comhlíontachta ar an eolas faoi aon ghaolmhaireacht phríobháideach nó ghairmiúil atá bunaithe le custaiméirí nó custaiméirí ionchasacha an eintitis faoi oibleagáid, agus cuirfear cosc orthu ó thabhairt faoi thascanna ar bith a bhaineann le comhlíontacht an eintitis faoi oibleagáid i ndáil leis na custaiméirí sin.

3.Beidh nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid dá gcuid fostaithe, nó do dhaoine i bpost inchomparáide, chun sáruithe an Rialacháin seo a thuairisciú go hinmheánach trí chainéal sonrach, neamhspleách agus anaithnid, a bheidh comhréireacht le cineál agus le méid an eintitis faoi oibleagáid i gceist.

Glacfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta chun a áirithiú go dtugtar cosaint d’fhostaithe, bainisteoirí nó gníomhairí a thuairiscíonn sáruithe de bhun an chéad fhomhír i gcoinne frithbheartaíocht, idirdhealaithe agus aon éagóra eile.

4.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ar eintitis faoi oibleagáid is trádálaí aonair.

Airteagal 12

Cás fostaithe sonracha

I gcás go ndéanfaidh duine nádúrtha a thagann faoi aon cheann de na catagóirí a liostaítear in Airteagal 3, pointe (3) gníomhaíochtaí gairmiúla mar fhostaí de chuid duine dhlítheanaigh, beidh feidhm ag na ceanglais atá leagtha síos sa Roinn seo maidir leis an duine dlítheanach sin seachas an duine nádúrtha.

ROINN 2

Forálacha ag a mbíonn feidhm ar ghrúpaí

Airteagal 13

Ceanglais ar fud an ghrúpa

1.Áiritheoidh máthairghnóthas go mbeidh feidhm ag na ceanglais i leith nósanna imeachta inmheánacha, measúnú riosca agus foirne dá dtagraítear i Roinn 1 den Chaibidil seo i ngach brainse agus fochuideachta den ghrúpa sna Ballstáit, agus i dtríú tíortha i gcás grúpaí a bhfuil a máthairghnóthas bunaithe san Aontas. Ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis faoi oibleagáid ar cuid de ghrúpa iad beartais agus nósanna imeachta uile‑ghrúpa a chur chun feidhme, lena náirítear beartais chun sonraí a chosaint agus beartais agus nósanna imeachta chun faisnéis a chomhroinnt laistigh den ghrúpa chun críocha AML/CFT.

2.Éileoidh na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta i ndáil le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ar eintitis faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa faisnéis a mhalartú nuair a bhaineann ábharthacht leis an gcomhroinnt sin do chosc an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta. Clúdófar go sonrach le comhroinnt faisnéise laistigh den ghrúpa aitheantas agus saintréithe an chustaiméara, a úinéirí tairbhiúla nó an duine a ngníomhaíonn an custaiméir thar a c(h)eann, cineál agus cuspóir na gaolmhaireachta gnó agus na hamhrais gur fáltais ón ngníomhaíocht choiriúil atá sna cistí nó go mbaineann siad leis an maoiniú sceimhlitheoireachta a tuairiscíodh chuig an AFA de bhun Airteagal 50, mura dtugann an AFA treoir éigin eile ina leith.

Cuirfidh grúpaí beartais, rialuithe agus nósanna imeachta i bhfeidhm ar fud an ghrúpa chun a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis a mhalartaítear de bhun an chéad fhomhír faoi réir ráthaíochtaí leordhóthanacha i dtéarmaí rúndachta, cosanta sonraí agus úsáid na faisnéise, lena n‑áirítear lena nochtadh a chosc.

3.Faoi [2 bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin dá nglacadh iad. Is sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a shonrófar na híoscheanglais le beartais ar fud an ghrúpa, lena náirítear íoschaighdeáin don chomhroinnt faisnéise laistigh den ghrúpa, an ról agus na freagrachtaí le máthairghnóthais nach eintitis faoi oibleagáid atá iontu féin i ndáil le comhlíontacht ar fud an ghrúpa a áirithiú le ceanglais AML/CFT agus leis na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag forálacha an Airteagail seo ar eintitis atá mar chuid de struchtúir faoi chomhúinéireacht, comhbhainistíocht nó comhrialú comhlíontachta, lena náirítear líonraí nó comhpháirtíochtaí.

4.Tá an Coimisiún údaraithe chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 38 go 41 de Rialachán [ionsáigh tagairt – togra maidir le hÚdarás um Sciúradh Airgid a Chomhrac a bhunú - COM/2021/421 final].

Airteagal 14

Brainsí agus fochuideachtaí i dtríú tíortha

1.I gcás ina bhfuil brainsí nó fochuideachtaí de chuid eintitis faoi oibleagáid lonnaithe i dtríú tíortha nach mbíonn na ceanglais AML/CFT chomh dian céanna iontu ná na cinn atá leagtha amach sa Rialachán seo, áiritheoidh an teintiteas faoi oibleagáid i gceist go gcomhlíonfaidh na brainsí nó fochuideachtaí sin leis na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo, lena náirítear ceanglais maidir le cosaint sonraí nó a gcoibhéis.

2.I gcás nach féidir de réir dlí an tríú tír na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán a chomhlíonadh, glacfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta breise lena áirithiú go bpléann brainsí agus fochuideachtaí sa tríú tír sin go héifeachtach le riosca an sciúrtha airgid nó an mhaoinithe sceimhlitheoireachta, agus cuirfidh an cheannoifig na maoirseoirí óna mBallstát dúchais ar an eolas faoi. I gcás ina measann maoirseoirí an Bhallstáit dúchais nach leor iad na bearta breise, feidhmeoidh siad gníomhaíochtaí maoirseachta breise, lena náirítear a cheangal nach mbunóidh an grúpa aon ghaolmhaireacht ghnó, cinn atá ann a fhoirceannadh nó gan idirbhearta a dhéanamh, nó a chuid oibríochtaí sa tríú tír a dhúnadh.

3.Faoi [2 bhliain tar éis dáta teachta i bhfeidhm an Rialacháin seo], forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin dá nglacadh iad. Is sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a shonrófar an cineál beart breise dá dtagraítear i mír 2, lena náirítear an gníomhaíocht íosta le glacadh ag eintitis faoi oibleagáid i gcás nach féidir de réir dlí tríú tíre na bearta is gá faoi Airteagal 13 a chur chun feidhme agus na gníomhaíochtaí maoirseacha breise is gá sna cásanna sin.

4.Tá an Coimisiún údaraithe chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 38 go 41 de Rialachán [ionsáigh tagairt – togra maidir le hÚdarás um Sciúradh Airgid a Chomhrac a bhunú - COM/2021/421 final].

CAIBIDIL III

DÍCHEALL CUÍ DO CHUSTAIMÉIRÍ

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 15

Dícheall cuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm

1.Cuirfidh eintitis oibleagáidí bearta díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)nuair a bheidh caidreamh gnó á bhunú;

(b)nuair a bheifear páirteach nó ag cur idirbheart ócáideach i gcrích arb ionann é agus EUR 10 000 nó níos mó, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh an tidirbheart á chur i gcrích in oibríocht amháin nó trí idirbhearta comhnasctha, nó tairseach níos lú atá leagtha síos de bhun mhír 5;

(c)nuair a bheidh amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, beag beann ar aon mhaolú, díolúine nó tairseach;

(d)nuair a bheidh amhras ann faoi fhírinneacht nó leordhóthanacht shonraí céannachta na gcustaiméirí a bheidh faighte roimhe.

2.I dteannta leis na himthosca dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh institiúid creidmheasa agus airgeadais agus soláthraithe seirbhísí criptea‑shócmhainní dícheall cuí do chustaiméirí i bhfeidhm nuair a bhítear ag tionscnamh nó ag rith idirbhirt ócáidigh arb ionann é agus aistriú cistí mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (9) de Rialachán [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh athmhúnlú Rialacháin 2015/847 - COM/2021/422 críochnaithe], nó aistriú criptea‑shócmhainní mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (10) den Rialachán sin, os cionn EUR 1 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta.

3.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cearrbhachais dícheall cuí do chustaiméirí i bhfeidhm nuair a bhaileofar airgead buaite, nuair chuirfear geall, nó an dá rud, nuair a dhéantar idirbhearta arb ionann iad agus EUR 2 000 ar a laghad nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, bíodh an tidirbheart á chur i gcrích in oibríocht amháin nó in idirbhearta comhnasctha.

4.I gcás institiúidí creidmheasa, cuirfear i gcrích feidhmiú an díchill chuí do chustaiméirí freisin, faoi mhaoirseacht na maoirseoirí, ag an tráth a cinneadh an institiúid a bheith i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh de bhun Airteagal 32(1) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 nó nuair nach mbeidh na taiscí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(8) de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 . Is iad na maoirseoirí a chinnfidh déine agus raon feidhme na mbeart díchill chuí do chustaiméirí sin ag féachaint do na himthosca sonracha ag an institiúid creidmheasa.

5.Faoi [2 bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin dá nglacadh iad. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:

(a)na heintitis faoi oibleagáid, earnálacha nó idirbhearta lena mbaineann riosca níos airde don sciúradh airgid agus don mhaoiniú sceimhlitheoireachta, agus a chomhlíonfaidh tairseacha níos ísle ná na cinn atá socraithe i mír 1 pointe (b);

(b)na tairseacha gaolmhara maidir le hidirbheart ócáideach;

(c)na critéir chun idirbhearta comhnasctha a aithint.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt, tabharfaidh AMLA an méid seo a leanas san áireamh:

(a)leibhéil bhunúsacha na rioscaí sna samhlacha gnó de chuid cineálacha éagsúla eintiteas faoi oibleagáid

(b)an measúnú riosca fornáisiúnta arna fhorbairt ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final].

6.Tá an Coimisiún údaraithe chun an seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 38 go 41 de Rialachán [ionsáigh tagairt – togra maidir le hÚdarás um Sciúradh Airgid a Chomhrac a bhunú -COM/2021/421 final].

Airteagal 16

Bearta díchill chuí do chustaiméirí

1.Chun críche dícheall cuí do chustaiméirí a stiúradh, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid na bearta uile seo a leanas i bhfeidhm:

(a)an custaiméir a shainaithint agus aitheantas an chustaiméara a fhíorú;

(b)an túinéir tairbhiúil/na húinéirí tairbhiúla a shainaithint de bhun Airteagail 42 agus 43 agus céannacht an duine sin a fhíorú ionas gur deimhin leis an eintiteas faoi oibleagáid gurb eol dó cé hé an túinéir tairbhiúil, agus go dtuigeann sé úinéireacht agus struchtúr rialaithe an chustaiméara;

(c)measúnú a dhéanamh agus, de réir mar is cuí, faisnéis a fháil maidir le cuspóir agus nádúr beartaithe an chaidrimh gnó;

(d)faireachán leanúnach a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht ghnó lena náirítear scrúdú ar idirbhearta a rinneadh i gcúrsa na gaolmhaireachta gnó sin lena áirithiú go bhfuil na hidirbhearta á ndéanamh ag teacht le heolas an eintitis faoi oibleagáid ar an gcustaiméir, ar an ngnóthas agus ar phróifíl riosca, lena náirítear foinse na gcistí i gcás inar gá.

Agus na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír á gcur i bhfeidhm, fíoróidh eintitis faoi oibleagáid freisin go bhfuil aon duine a airbheartaíonn gníomhú thar ceann an chustaiméara údaraithe amhlaidh agus déanfaidh siad céannacht an duine sin a shainaithint agus a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 18.

2.Cinnfidh eintitis faoi oibleagáid méid na mbeart dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn anailíse aonair ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta ag féachaint do shaintréithe sonracha an chliaint agus na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh, agus ag tabhairt san áireamh an measúnú riosca ag an eintiteas faoi oibleagáid de bhun Airteagal 8 agus na hathróga sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn I chomh maith leis na fachtóirí riosca atá leagtha amach in Iarscríbhinní II agus III.

I gcás ina n‑aithníonn eintitis faoi oibleagáid riosca méadaithe an sciúrtha airgid nó an mhaoinithe sceimhlitheoireachta, glacfaidh siad bearta feabhsaithe díchill chuí de bhun Roinn 4 den Chaibidil seo. I gcás ina n‑aithnítear cásanna a mbaineann riosca níos ísle leo, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta simplithe díchill chuí a chur i bhfeidhm de bhun Roinn 3 den Chaibidil seo.

3.Faoi [2 bhliain i ndiaidh dáta teachta i bhfeidhm an Rialacháin seo], eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na hathróga riosca agus fachtóirí riosca le tabhairt san áireamh ag eintitis faoi oibleagáid nuair a dhéantar gaolmhaireachtaí gnó nó nuair a dhéantar idirbhearta ócáideacha.

4.Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann a léiriú i gcónaí dá maoirseoirí gurb iomchuí iad na bearta a glacadh i bhfianaise na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá aitheanta.

Airteagal 17

Éagumas chun comhlíonadh leis an gceanglas bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm

1.I gcás nach féidir le heintiteas faoi oibleagáid na bearta díchill chuí do chustaiméirí a chomhlíonadh faoi mar atá leagtha síos in Airteagal 16(1), staonfaidh sé ó idirbheart a dhéanamh nó gaolmhaireacht ghnó a bhunú, agus foirceannfaidh sé an ghaolmhaireacht ghnó agus breithneoidh sé tuairisc faoi idirbheart amhrasach a chomhdú leis an AFA i ndáil leis an gcustaiméir i gcomhréir le hAirteagal 50.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ar nótairí, ar dhlíodóirí ná ar ghairmithe dlí neamhspleácha eile, ar iniúchóirí, ar chuntasóirí seachtracha agus ar chomhairleoirí cánach, a mhéid a fhionnfaidh na daoine sin staid dhlíthiúil a gcliant, nó go ndéanfaidh siad an cúram chun an cliant a chosaint nó a ionadú nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena n‑áirítear comhairle a sholáthar chun na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint.

2.I gcás go nglacann eintitis faoi oibleagáid gaolmhaireacht ghnó a dhéanamh nó go ndiúltaíonn siad di, coimeádfaidh siad taifid ar na gníomhaíochtaí d’fhonn an ceanglas a chomhlíonadh bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm, lena náirítear taifid ar chinntí a glacadh agus ar na doiciméid tacaíochta ábhartha. Nuashonrófar doiciméid, sonraí nó faisnéis i seilbh an eintitis faoi oibleagáid nuair a dhéantar athbhreithniú ar an dícheall cuí do chustaiméirí de bhun Airteagal 21.

Airteagal 18

Aitheantas custaiméara a shainaithint agus a fhíorú

1.Cé is moite de na cásanna lena mbaineann riosca níos ísle a bhfuil feidhm ag bearta faoi Roinn 3 agus gan beann ar chur i bhfeidhm bearta breise i gcásanna lena mbaineann riosca níos airde faoi Roinn 4, gheobhaidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad d’fhonn an custaiméir agus an duine ag gníomhú ar a son a shainaithint:

(a)i gcás duine nádúrtha:

(i) céadainm agus sloinne;

(ii) áit agus dáta breithe;

(iii) náisiúntacht nó náisiúntachtaí, nó daoine gan stát agus teifeach nó stádas cosanta coimhdí de réir mar is infheidhme, agus an uimhir aitheantais náisiúnta, de réir mar is infheidhme;

(iv) gnátháit chónaithe nó, murab ann do sheoladh cónaithe seasta lena mbaineann cónaí dlisteanach san Aontas, an seoladh poist ag ar féidir teacht ar an duine nádúrtha agus, de réir mar is féidir, slí bheatha, gairm, nó stádas fostaíochta agus uimhir aitheantais chánach;

(b)le haghaidh eintitis dhlítheanaigh:

(i) foirm dhlíthiúil agus ainm an eintitis dhlítheanaigh;

(ii) seoladh na hoifige cláraithe nó oifigiúla, agus más éagsúil í, an phríomhláthair ghnó, agus an tír chorpraithe;

(iii) ainmneacha na n‑ionadaithe dlíthiúla, chomh maith le huimhir chlárúcháin, uimhir aitheantais chánach agus Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh más ann dóibh. Fíoróidh na heintitis faoi oibleagáid freisin go bhfuil gníomhaíochtaí ag an eintiteas dlítheanach ar bhonn na ndoiciméad cuntasaíochta don bhliain airgeadais is déanaí nó faisnéis ábhartha eile aige;

(c)le haghaidh iontaobhaí de chuid iontaobhais shainráite nó duine i mbun poist choibhéisigh i socrú dlíthiúil comhchosúil:

(i) an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointí (a) agus (b), agus i bpointe (b) den mhír seo le haghaidh na ndaoine atá aitheanta mar úinéirí tairbhiúla;

(ii) seoladh cónaithe an iontaobhaí (na n‑iontaobhaithe) nó an duine (na ndaoine) i mbun poist choibhéisigh i socrú dlíthiúil comhchosúil, agus na cumhachtaí lena rialaítear agus lena gceanglaítear na socruithe dlíthiúla, chomh maith leis an uimhir aitheantais chánach agus an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh más ann dóibh;

(d)le haghaidh eagraíochtaí eile leis an gcáil dhlíthiúil de réir an dlí náisiúnta:

(i) ainm, seoladh na hoifige cláraithe nó a coibhéis;

(ii) ainmneacha na ndaoine atá údaraithe chun feidhmiú mar ionadaí na heagraíochta chomh maith le, de réir mar is infheidhme, foirm dhlíthiúil uimhir aitheantais chánach, uimhir chlárlainne; Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh agus gníomhais an chomhlachais nó a choibhéis.

2.Chun críocha úinéir tairbhiúil ar eintitis faoi oibleagáid a shainaithint, baileoidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (a), agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo.

I gcás nach bhfuil duine nádúrtha ar bith aitheanta mar úinéir tairbhiúil, tar éis gach modh sainaitheanta de bhun an chéad fhomhír a ídiú, nó i gcás aon amhrais gurb é/iad an t‑úinéir tairbhiúil (na húinéirí tairbhiúla) é/iad an duine (na daoine) atá aitheanta, sainaithneoidh eintitis faoi oibleagáid an duine (na daoine) nádúrtha i mbun an phoist (na bpost) mar oifigeach bainistíochta sinsearach (oifigigh bhainistíochta shinsearaigh) san eintiteas corparáideach nó dlítheanach eile, agus fíoróidh siad a n‑aitheantas. Coimeádfaidh eintitis faoi oibleagáid taifid ar na gníomhaíochtaí a glacadh chomh maith leis na deacrachtaí a fheictear le linn an phróisis aitheanta, ónar tháinig dul i muinín sainaithint oifigigh bhainistíochta shinsearaigh.

3.I gcás tairbhithe iontaobhas nó eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla comhchosúla atá ainmnithe ag tréithe nó aicme ar leith, gheobhaidh eintiteas faoi oibleagáid faisnéis leordhóthanach maidir leis an tairbhí ionas go mbeidh sé ábalta an teintiteas faoi oibleagáid a shásamh go mbeidh sé ábalta céannacht an tairbhí a shuíomh tráth na híocaíochta nó nuair a fheidhmeoidh an tairbhí a chearta dílsithe.

4.Gheobhaidh eintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis, na doiciméid agus na sonraí is gá d’fhíorú an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil trí cheachtar díobh seo a leanas:

(a)doiciméad aitheantais, pas nó a gcoibhéis a chur isteach, agus sealbhú na faisnéise ó fhoinsí iontaofa agus neamhspleácha, má rinneadh rochtain dhíreach orthu nó má sholáthair an custaiméir iad;

(b)úsáid modhanna aitheanta leictreonacha agus seirbhísí iontaobhais ábhartha faoi mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) 910/2014.

Chun críocha fíorú na faisnéise faoin úinéir tairbhiúil (faoi na húinéirí tairbhiúla), ceadóidh eintitis faoi oibleagáid na cláir lárnacha freisin dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final] chomh maith le faisnéis bhreise. Cinnfidh eintitis faoi oibleagáid méid na faisnéise breise a cheadófar, ag féachaint do na rioscaí a bhaineann leis an idirbheart nó leis an ngaolmhaireacht ghnó agus an t‑úinéir tairbhiúil.

Airteagal 19

Uainiú an fhíoraithe ar aitheantas an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil.

1.Tarlóidh fíorú ar aitheantas an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil roimh bhunú na gaolmhaireachta gnó nó roimh chur i gcrích idirbhirt ócáidigh. Ní bheidh an oibleagáid sin i bhfeidhm ar chásanna lena mbaineann riosca níos ísle de réir Roinn 3 den Chaibidil seo, ar an gcoinníoll go bhfuil údar do chur siar an fhíoraithe sin leis an riosca níos ísle.

2.De mhaolú ar mhír 1, féadfar fíorú ar aitheantas an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil a chur i gcrích le linn bunú na gaolmhaireachta gnó más gá ionas nach gcuirfear isteach ar ghnáthiompar gnó agus i gcás inar beag é riosca an sciúrtha airgid nó an mhaoinithe sceimhlitheoireachta. Sna himthosca sin, ba cheart na nósanna imeachta sin a chríochnú a luaithe is indéanta tar éis na teagmhála tosaigh.

3.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais cuntas a oscailt, lena náirítear cuntais a cheadaíonn idirbhearta in urrúis inaistrithe, de réir mar a cheanglódh custaiméir ar an gcoinníoll go bhfuil dóthain coimircí ann chun a áirithiú nach ndéanfaidh an custaiméir idirbhearta ná nach ndéanfar ar a shon iad nó go bhfaighfear comhlíontacht iomlán le ceanglais díchill chuí do chustaiméirí atá leagtha síos in Airteagal 16(1), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b).

4.Nuair a dhéantar gaolmhaireacht ghnó nua le heintiteas dlíthiúil nó le hiontaobhaí iontaobhais shainráite nó an duine i mbun poist choibhéisigh i gcomhshocrú dlíthiúil comhchosúil dá dtagraítear in Airteagail 42, 43 agus 48 agus faoi réir chlárú na faisnéise faoi úinéireacht thairbhiúil de bhun Airteagal 10 de Threoir [ionsáigh tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final], baileoidh eintitis faoi oibleagáid cruthúnas ar chlárúchán nó sliocht den chlár.

Airteagal 20

Cuspóir agus cineál beartaithe ghaolmhaireacht ghnó nó idirbheart ócáideach a shainaithint

Sula rachfar i mbun gaolmhaireacht ghnó nó sula bhfeidhmeofar idirbheart ócáideach, gheobhaidh eintiteas faoi oibleagáid an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad chun cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta nó an idirbhirt a thuiscint:

(a)cuspóir an chuntais, an idirbhirt nó na gaolmhaireachta ghnó a shamhlaítear;

(b)méid réamh-mheasta agus réasúnaíocht eacnamaíoch na nidirbheart nó na ngníomhaíochtaí a shamhlaítear;

(c)foinse cistí;

(d)ceann scríbe cistí;

Airteagal 21

faireachán leanúnach a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht ghnó agus faireachán a dhéanamh ar idirbhearta a dhéanann custaiméirí

1.Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid faireachán leanúnach ar an ngaolmhaireacht ghnó, lena náirítear idirbhearta a dhéanann an custaiméir le linn na gaolmhaireachta sin, lena rialú go mbeidh na hidirbhearta sin comhsheasmhach le heolas an eintitis faoi oibleagáid ar an gcustaiméir, le gníomhaíocht ghnó agus le próifíl riosca an chustaiméara, agus i gcás inar gá, leis an bhfaisnéis faoi thionscnamh na gcistí, agus chun na hidirbhearta sin a bhrath a dhéanfar faoi réir anailís níos cuimsithí de bhun Airteagal 50.

2.I gcomhthéacs an fhaireacháin leanúnaigh dá dtagraítear i mír 1, cinnteoidh eintitis faoi oibleagáid go gcoimeádfar doiciméid, sonraí nó faisnéis ábhartha an chustaiméara cothrom le dáta.

Beidh a mhinice a dhéanfar faisnéis chustaiméara a thabhairt cothrom le dáta de bhun na chéad fomhíre maidir leo bunaithe ar an riosca a chruthaíonn an ghaolmhaireacht ghnó. In aon chás, ní rachaidh an tréimhse minicíochta maidir le faisnéis chustaiméara a thabhairt cothrom le dáta thar chúig bliana.

3.Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid athbhreithniú ar an bhfaisnéis chustaiméara agus, i gcás inarb ábhartha, í a thabhairt cothrom le dáta i gcás:

(a)ina bhfuil athrú ar imthosca ábhartha custaiméara;

(b)ina bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar an eintiteas faoi oibleagáid le linn na bliana féilire ábhartha dul i dteagmháil leis an gcustaiméir chun críche aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an úinéir tairbhiúil/na húinéirí tairbhiúla a athbhreithniú nó chun Treoir 2011/16/AE ón gComhairle a chomhlíonadh 54 ;

(c)ina dtagann siad ar an eolas faoi fhíric ábhartha a bhaineann leis an gcustaiméir.

4.Faoi [2 bhliain ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], eiseoidh AMLA treoirlínte maidir le faireachán leanúnach a dhéanamh ar ghaolmhaireacht ghnó agus ar na hidirbhearta a dhéantar i gcomhthéacs gaolmhaireacht den sórt sin.

Airteagal 22

Caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an bhfaisnéis is gá chun dícheall cuí do chustaiméirí a fheidhmiú

1.Faoi [2 bhliain ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh. Sonrófar sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin:

(a)na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le heintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 16 agus an fhaisnéis atá le bailiú chun críche dícheall cuí caighdeánach, simplithe agus feabhsaithe do chustaiméirí a dhéanamh, de bhun Airteagail 18 agus 20 agus Airteagail 27(1) agus 28(4), lena náirítear ceanglais íosta i gcásanna riosca níos ísle;

(b)na cineálacha bearta díchill chuí shimplithe a bhféadfaidh eintitis faoi oibleagáid a chur i bhfeidhm i gcásanna riosca níos ísle de bhun Airteagal 27(1), lena náirítear bearta infheidhme maidir leo maidir le catagóirí sonracha eintiteas faoi oibleagáid agus táirgí nó seirbhísí, ag féachaint do thorthaí an mheasúnaithe riosca fornáisiúnta tarraingthe suas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de [cuirtear isteach tagairt – togra maidir leis an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final];

(c)na foinsí iontaofa agus neamhspleácha faisnéise a fhéadfar a úsáid chun sonraí nó daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a shainaithint chun críocha Airteagal 18(4);

(d)an liosta saintréithe nach mór a bheith ag modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaoibhe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18(4), pointe (b), chun ceanglais Airteagal 16, pointí (a), (b) agus (c) i gcás díchill chuí chaighdeánaigh, shimplithe agus fheabhsaithe a chomhlíonadh.

2.Beidh na ceanglais agus na bearta dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)an riosca bunúsach a bhaineann leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil;

(b)cineál, méid agus atarlú an idirbhirt;

(c)na cainéil a úsáidtear chun an ghaolmhaireacht ghnó a stiúradh nó chun idirbhearta ócáideacha a dhéanamh.

3.Déanfaidh AMLA athbhreithniú rialta ar na caighdeáin theicniúla rialála agus, más gá, déanfaidh an dréacht chun na caighdeáin sin a thabhairt cothrom le dáta a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun críocha, inter alia, nuálaíocht agus forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 38 go 41 de Rialachán [cuirtear isteach tagairt – togra maidir le hÚdarás um Sciúradh Airgid a Chomhrac a bhunú - COM/2021/421 final].

ROINN 2

Beartas tríú tír agus bagairtí ML/TF ó lasmuigh den Aontas

Airteagal 23

Tríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha suntasacha ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint.

1.Déanfaidh an an Coimisiún tríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha suntasacha ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint agus a ainmniú mar ‘thríú tíortha ardriosca’.

2.Chun na tíortha dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 60 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, i gcás:

(a)gur sainaithníodh easnaimh straitéiseacha suntasacha i gcreat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT an tríú tír;

(b)gur sainaithníodh easnaimh straitéiseacha suntasacha in éifeachtacht chóras AML/CFT an tríú tír chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta;

(c)go bhfuil na heasnaimh straitéiseacha suntasacha a sainaithníodh faoi phointí (a) agus (b) de chineál leanúnach agus nach bhfuil aon bheart chun iad a mhaolú tógtha nó á thógáil.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin laistigh de mhí amháin i ndiaidh don Choimisiún a dheimhniú go bhfuil na critéir i bpointí (a), (b) nó (c) comhlíonta.

3.Chun críocha mhír 2, cuirfidh an Coimisiún san áireamh glaonna ar chur i bhfeidhm beart díchill chuí agus beart maolaitheach breise (‘frithbhearta’) le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus bunaitheoirí caighdeán a bhfuil inniúlacht acu sa réimse maidir le cosc a chur ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, chomh maith le meastóireachtaí, measúnuithe, tuarascálacha nó ráitis phoiblí ábhartha atá tarraingthe suas acu.

4.I gcás ina sainaithnítear tríú tír i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid na bearta díchill chuí feabhsaithe a liostaítear i bpointí (a) go (g) d’Airteagal 28(4)i bhfeidhm maidir leis na gaolmhaireachtaí gnó nó na bearta ócáideacha a bhaineann le daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ón tríú tír sin.

5.Sainaithneofar sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2, i measc na bhfrithbheart a liostaítear in Airteagal 29, na frithbhearta sonracha lena maolaítear rioscaí a bhaineann le tíortha sonracha ó thríú tíortha ardriosca.

6.Déanfaidh an an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn rialta lena chinntiú go gcuirfear na hathruithe sa chreat AML/CFT den tríú tír san áireamh sna frithbhearta sonracha a shainaithneofar de bhun mhír 5 agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na rioscaí agus leordhóthanach maidir leo.

Airteagal 24

Tríú tíortha a bhfuil laigí comhlíontachta ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint

1.Déanfaidh an an Coimisiún tríú tíortha a bhfuil laigí comhlíontachta ina gcórais náisiúnta AML/CFT a shainaithint.

2.Chun na tíortha dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 60 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, i gcás:

(a)gur sainaithníodh laigí comhlíontachta i gcreat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT an tríú tír;

(b)gur sainaithníodh laigí comhlíontachta in éifeachtacht chóras AML/CFT an tríú tír chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin laistigh de mhí amháin i ndiaidh don Choimisiún a dheimhniú go bhfuil na critéir i bpointí (a) nó (b) comhlíonta.

3.Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, le linn dó na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 a tharraingt suas, faisnéis faoi dhlínsí a bhfuil níos mó faireacháin a dhéanamh orthu ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag bunaitheoirí caighdeán a bhfuil inniúlacht acu sa réimse maidir le cosc a chur ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, chomh maith le meastóireachtaí, measúnuithe, tuarascálacha nó ráitis phoiblí ábhartha atá tarraingthe suas acu.

4.Sainaithneofar sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 na bearta díchill chuí feabhsaithe sonracha i measc iad sin a liostaítear i bpointí (a) go (g) d’Airteagal 28(4), a chuirfidh eintitis faoi oibleagáid i bhfeidhm maidir le rioscaí a bhaineann le gaolmhaireachtaí gnó nó bearta ócáideacha a bhaineann le daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha ón tríú tír sin.

5.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn rialta lena chinntiú go gcuirfear na hathruithe sa chreat AML/CFT den tríú tír san áireamh sna bearta díchill chuí feabhsaithe a shainaithneofar de bhun mhír 4 agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na rioscaí agus leordhóthanach maidir leo.

Airteagal 25

Tríú tíortha a bhagraíonn ar chóras airgeadais an Aontais a shainaithint

1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 60 lena sainaithnítear tríú tíortha a dhéanann bagairt shonrach agus thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh seachas iad sin a chuimsítear le Airteagail 23 agus 24.

2.Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, le linn dó na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas, na critéir seo a leanas go háirithe:

(a)creat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT an tríú tír, go háirithe:

(i) sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a choiriúlú;

(ii) bearta a bhaineann le dícheall cuí do chustaiméirí;

(iii) ceanglais maidir le coinneáil taifead;

(iv) ceanglais chun idirbhearta amhrasacha a thuairisciú;

(v) faisnéis chruinn agus thráthúil maidir le húinéireacht thairbhiúil daoine dlítheanacha agus comhshocruithe dlíthiúla a bheith ar fáil d’údaráis inniúla;

(b)cumhachtaí agus nósanna imeachta údaráis inniúla an tríú tír chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena náirítear smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha iomchuí, chomh maith le cleachtas an tríú tír i dtaca le comhoibriú agus malartú faisnéise le húdaráis inniúla na mBallstát;

(c)éifeachtacht chóras AML/CFT an tríú tír chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta;

3.Chun críocha leibhéal na bagartha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar AMLA tuairim a ghlacadh atá dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar an tionchar sonrach ar ionracas chóras airgeadais an Aontais de bharr leibhéal na bagartha a bhaineann le tríú tír.

4.Cuirfidh an Coimisiún san áireamh go háirithe, le linn dó na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas, na meastóireachtaí, na measúnuithe nó na tuarascálacha ábhartha arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus lucht leagtha amach caighdeán a bhfuil inniúlacht acu i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

5.I gcás inarb ionann an bhagairt shonrach agus thromchúiseach ón tríú tír lena mbaineann agus easnamh straitéiseach suntasach, beidh feidhm le hAirteagal 23(4) agus sainaithneofar na frithbhearta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 23(5) sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2.

6.I gcás inarb ionann an bhagairt shonrach agus thromchúiseach ón tríú tír lena mbaineann agus laige comhlíontachta, sainaithneofar na bearta díchill chuí sonracha feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 24(4) sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2.

7.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn rialta lena chinntiú go gcuirfear na hathruithe sa chreat AML/CFT den tríú tír san áireamh sna bearta dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na rioscaí agus leordhóthanach maidir leo.

Airteagal 26

Treoirlínte maidir le rioscaí ML/TF, treochtaí agus modhanna

1.Faoi [3 bliana ón dáta a thagann an Rialacháin seo i bhfeidhm], glacfaidh AMLA treoirlínte lena sainmhíneofar na treochtaí, na rioscaí agus na modhanna um sciúradh airgid agus um maoiniú sceimhlitheoirí a bhaineann le haon limistéar geografach taobh amuigh den Aontas a bhfuil eintitis faoi oibleagáid neamhchosanta ina leith. Cuirfidh AMLA san áireamh, go háirithe, na tosca riosca atá liostaithe in Iarscríbhinn III. I gcás ina sainaithnítear cásanna lena mbaineann riosca níos airde, cuirfear bearta díchill chuí feabhsaithe san áireamh sna treoirlínte, bearta a bhreithneoidh eintitis faoi oibleagáid a chur i bhfeidhm chun riosca den sórt sin a mhaolú.

2.Déanfaidh AMLA athbhreithniú ar na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad gach dhá bhliain.

3.Cuirfidh AMLA san áireamh, le linn dó na treoirlínte dá tagraítear i mír 1 a eisiúint agus a athbhreithniú, na meastóireachtaí, na measúnuithe nó na tuarascálacha ábhartha de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta agus bunaitheoirí caighdeán a bhfuil inniúlacht acu i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

ROINN 3

Dícheall cuí do chustaiméirí simplithe

Airteagal 27

Bearta simplithe díchill chuí do chustaiméirí

1.I gcás inar leibhéal íseal riosca a bhaineann leis an ngaolmhaireacht ghnó nó leis an idirbheart, agus na tosca riosca a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III á gcur san áireamh, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid na bearta simplithe díchill chuí do chustaiméirí seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)céannacht an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil a fhíorú i ndiaidh don ghaolmhaireacht ghnó a bheith bunaithe, ar choinníoll gur thug an riosca sonrach níos ísle a sainaithníodh údar le hiarchur den sórt sin, ach in aon chás tráth nach déanaí ná 30 lá ó bunaíodh an ghaolmhaireacht;

(a)laghdú a chur ar an minicíocht a thugtar sonraí céannachta na gcustaiméirí cothrom le dáta;

(b)laghdú a chur ar an méid faisnéise a bhailítear chun cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó a shainaithint, nó iad a bhunú ar chineál na nidirbheart nó na gaolmhaireachta gnó a bunaíodh;

(c)laghdú a chur ar mhinicíocht nó méid an ghrinnscrúdaithe a dhéantar ar idirbhearta a dhéanann an custaiméir;

(d)aon bheart díchill chuí simplithe ábhartha eile a shainaithníonn AMLA de bhun Airteagal 22 a chur i bhfeidhm.

Beidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhréireach le cineál agus méid an ghnó agus le gnéithe sonracha an riosca níos ísle a sainaithníodh. Mar sin féin, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid faireachán leordhóthanach ar na hidirbhearta agus ar an gcaidreamh gnó chun go bhféadfar idirbhearta neamhghnácha nó amhrasacha a bhrath.

2.Áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid go gcuimseofar sna nósanna imeachta inmheánacha arna mbunú de bhun Airteagal 7 na bearta sonracha maidir le fíorú simplithe a dhéanfar i ndáil leis na cineálacha difriúla custaiméirí lena mbaineann riosca níos ísle. Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid cinntí a thaifeadadh chun faisnéis chúlra bhreise maidir le riosca níos ísle a chur san áireamh.

3.Chun críocha na mbearta dícheall cuí simplithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), glacfaidh eintitis faoi oibleagáid nósanna imeachta bainistíochta riosca maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad seirbhísí a chur ar fáil nó idirbhearta a dhéanamh do chustaiméir sula ndéantar an fíorú, lena náirítear trí bhíthin teorainn a chur ar mhéid, líon nó cineál na nidirbheart is féidir a dhéanamh nó trí bhíthin faireachán a dhéanamh ar idirbhearta lena áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na noirm ionchasacha don ghaolmhaireacht ghnó i gceist.

4.Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid a fhíorú ar bhonn rialta gur ann fós do na coinníollacha maidir le dícheall cuí simplithe a chur i bhfeidhm. Beidh minicíocht fhíoruithe den sórt sin i gcomhréir le cineál agus méid an ghnó agus leis na rioscaí a bhaineann leis an ngaolmhaireacht shonrach.

5.Staonfaidh eintitis faoi oibleagáid ó bhearta díchill chuí simplithe a chur i bhfeidhm in aon cheann de na cásanna a leanas:

(a)i gcás ina mbeidh amhras ar na heintitis faoi oibleagáid maidir le fírinneacht na faisnéise arna cur ar fáil ag an gcustaiméir nó ag an úinéir tairbhiúil ag an gcéim sainaitheanta;

(b)i gcás nach bhfuil an fhaisnéis chúlra a léiríonn riosca níos ísle ann a thuilleadh;

(c)eisítear cás a bhféadfadh riosca níos ísle a bheith i gceist leis trí bhíthin an fhaireacháin ar idirbhearta an chustaiméara agus an fhaisnéis a bhailítear i gcomhthéacs na gaolmhaireachta gnó;

(d)i gcás ina bhfuil amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta;

ROINN 4

Dícheall cuí do chustaiméirí feabhsaithe

Airteagal 28

Raon feidhme maidir le bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm

1.Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 23, 24, 25 agus 30 go 36, chomh maith le cásanna eile de riosca níos airde a shainaithníonn na heintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 16(2), an dara fomhír (‘cásanna de riosca níos airde’), cuirfidh eintitis faoi oibleagáid bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí i bhfeidhm chun na rioscaí sin a bhainistiú agus a mhaolú go cuí.

2.Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid scrúdú ar chúlra agus ar cheann scríbe na gcistí a bhaineann le gach idirbheart a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas, agus chun críche na nidirbheart sin:

(a)is casta iad na hidirbhearta;

(b)is idirbhearta iad atá níos mó ná mar is gnách;

(c)tá pátrún neamhghnách ag baint leis an gcaoi ina ndéantar na hidirbhearta;

(d)ní léir ní léir go bhfuil cuspóir eacnamaíoch nó dleathach ag na hidirbhearta.

3.Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, agus measúnú á dhéanamh acu ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le gaolmhaireacht ghnó nó le hidirbheart ócáideach, cuirfidh na heintitis faoi oibleagáid ar a laghad an fhaisnéis chúlra maidir le riosca a d’fhéadfadh a bheith níos airde a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus na treoirlínte a ghlac AMLA de bhun Airteagal 26 san áireamh.

4.Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, i gcásanna lena mbaineann riosca níos airde, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid aon cheann de na bearta feabhsaithe díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm, comhréireach leis na rioscaí níos airde arna sainaithint:

(a)faisnéis bhreise a fháil faoin gcustaiméir agus faoin úinéir tairbhiúil/faoi na húinéirí tairbhiúla;

(b)faisnéis bhreise a fháil maidir le cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó;

(c)faisnéis bhreise a fháil faoi fhoinse na gcistí agus faoi fhoinse rachmas an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil/na núinéirí tairbhiúla;

(d)faisnéis a fháil faoi na cúiseanna atá leis na hidirbhearta beartaithe nó comhlíonta agus faoina gcomhsheasmhacht leis an ngaolmhaireacht ghnó;

(e)faomhadh an lucht bainistíochta sinsearaí a fháil chun an ghaolmhaireacht ghnó a bhunú nó leanúint leis;

(f)faireachán feabhsaithe ar an ngaolmhaireacht ghnó a dhéanamh trí mhéadú a dhéanamh ar líon agus ar uainiú na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm, agus rogha a dhéanamh faoi phatrúin idirbheart is gá a scrúdú tuilleadh;

(g)a éileamh go ndéanfar an chéad íocaíocht trí chuntas in ainm an chustaiméara le hinstitiúid chreidmheasa faoi réir chaighdeáin díchill chuí do chustaiméirí nach lú ó thaobh stóinseachta de ná na cinn arna leagan síos sa Treoir seo.

5.Cé is moite de na cásanna a chuimsítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, i gcás ina sainaithníonn Ballstáit cásanna de riosca níos airde de bhun Airteagal 8 den Treoir [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final], féadfaidh siad a cheangal ar eintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí feabhsaithe a chur i bhfeidhm agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta sin a shonrú. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún agus do AMLA maidir leis na ceanglais dhíchill chuí feabhsaithe a chuirtear ar eintitis faoi oibleagáid a bhunaítear ina gcríoch laistigh de mhí amháin ón dáta a nglactar iad, chomh maith le réasúnú leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá mar bhonn taca faoi chinneadh den sórt sin.

I gcás inar dhócha go ndéanfaidh na rioscaí arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fomhíre difear do chóras airgeadais an Aontais, breithneoidh AMLA, ar iarratas ón gCoimisiún nó dá thionscnamh féin, na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 26 a thabhairt cothrom le dáta.

6.Ní dhéanfar bearta díchill chuí do chustaiméirí a agairt go huathoibríoch maidir le brainsí nó le fochuideachtaí faoi úinéireacht eintiteas faoi oibleagáid a bhunaítear san Aontas atá suite sna tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagail 23, 24 agus 25, i gcás ina gcomhlíonann na brainsí sin nó na fochuideachtaí sin go hiomlán na beartais, na rialuithe agus na nósanna imeachta uile-ghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 14.

Airteagal 29

Frithbhearta chun bagairtí ML/TF ó lasmuigh den Aontas a mhaolú

Chun críocha Airteagail 23 agus 25, féadfaidh an an Coimisiún roghnú ó na frithbhearta seo a leanas:

(a)frithbhearta a bhfuil eintitis faoi oibleagáid le cur i bhfeidhm maidir le daoine agus eintitis dhlítheanacha lena mbaineann tríú tíortha ardriosca agus, i gcás inarb iomchuí, tíortha eile lena mbaineann riosca do chóras airgeadais an Aontais, atá comhdhéanta de:

(i) gnéithe breise de bhearta díchill chuí feabhsaithe a chur i bhfeidhm;

(ii) sásraí tuairiscithe ábhartha feabhsaithe nó tuairisciú córasach idirbheart airgeadais a thabhairt isteach;

(iii) teorainn a chur le gaolmhaireachtaí gnó nó le hidirbhearta le daoine nádúrtha nó le heintitis dhlíthiúla ó na tríú tíortha sin;

(b)frithbhearta a bhfuil na Ballstáit le cur i bhfeidhm maidir le tríú tíortha ardriosca agus, i gcás inarb iomchuí, tíortha eile lena mbaineann riosca do chóras airgeadais an Aontais, atá comhdhéanta de:

(i) diultú fochuideachtaí nó brainsí nó oifigí ionadaíocha d’institiúidí airgeadais eintiteas faoi oibleagáid ón tír lena mbaineann a bhunú, nó go gcuirfí san áireamh ar shlí eile gur as tríú tír nach bhfuil córais leormhaithe AML/CFT aici an t‑eintiteas faoi oibleagáid ábhartha;

(ii) toirmeasc a chur ar eintitis faoi oibleagáid brainsí nó oifigí ionadaíocha a bhunú sa tríú tír lena mbaineann, nó go gcuirfí san áireamh ar shlí eile gur i dtríú tír nach bhfuil córais leormhaithe AML/CFT aici a bheadh an brainse ábhartha nó an oifig ionadaíoch;

(iii) scrúdú maoirseachta méadaithe nó ceanglais iniúchóireachta sheachtracha mhéadaithe a cheangal do bhrainsí agus d’fhochuideachtaí eintiteas faoi oibleagáid atá lonnaithe sa tríú tír lena mbaineann;

(iv) ceanglais iniúchóireachta sheachtracha mhéadaithe do ghrúpaí airgeadais maidir le haon cheann dá gcuid brainsí nó fochuideachtaí atá lonnaithe sa tríú tír lena mbaineann.

(v) a cheangal ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúidí freagróra sa tríú tír lena mbaineann, nó más gá sin, iad a fhoirceannadh.

Airteagal 30

Bearta díchill chuí feabhsaithe sonracha do ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann

Maidir le gaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann, lena n‑áirítear gaolmhaireachtaí a bunaíodh d’idirbhearta urrús nó d’aistrithe cistí, lena mbaineann íocaíochtaí a dhéanamh le hinstitiúid chomhfhreagrach i dtríú tír, chomh maith leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 16, ceanglófar ar institiúidí creidmheasa agus ar institiúidí airgeadais, agus iad ag tosú amach i ngaolmhaireacht ghnó, na nithe a leanas a dhéanamh:

(a)faisnéis leordhóthanach a bhailiú faoin institiúid freagróra chun nádúr ghnó an fhreagróra a thuiscint go hiomlán agus chun cáilíocht na maoirseachta agus cáil na hinstitiúide a chinneadh ó fhaisnéis atá ar fáil go poiblí;

(b)measúnú a dhéanamh ar rialuithe AML/CFT na hinstitiúide freagróra;

(c)formheas a fháil ón mbainistíocht shinsearach sula mbunófar caidreamh comhfhreagraí nua;

(d)freagrachtaí gach institiúide faoi seach a dhoiciméadú;

(e)maidir le cuntais iníoctha, a bheith sásta gur fhíoraigh an institiúid freagróra céannacht na gcustaiméirí agus gur dhein dícheall cuí leantach ar na custaiméirí ag a bhfuil rochtain dhíreach ar chuntais na hinstitiúide comhfhreagraí, agus go bhfuil sé ábalta sonraí díchill chuí do chustaiméirí ábhartha a sholáthar don institiúid freagróra, arna iarraidh sin.

I gcás ina gcinneann institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais scor de ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann ar chúiseanna a bhaineann le beartas in aghaidh sciúradh airgid agus le beartas frithmhaoinithe sceimhlitheoireachta, déanfaidh siad a gcinneadh a thaifeadadh.

Airteagal 31

Toirmeasc ar ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha le bainc blaoscbhainc

Ní dhéanfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais gaolmhaireacht chomhfhreagrach le blaoscbhanc ná ní leanfaidh siad leo. Déanfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais bearta iomchuí chun a áirithiú nach ngabhfaidh siad de ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúid chreidmheasa ná le hinstitiúid airgeadais is eol a lamhálann do bhlaoscbhanc a cuntais a úsáid, ná nach leanfaidh siad leo.

Airteagal 32

Forálacha sonracha maidir le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil

1.Sa bhreis ar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 16, beidh córais chuí bainistíochta riosca i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid, lena náirítear nósanna imeachta rioscabhunaithe, chun a chinneadh cibé a bhfuil nó nach bhfuil an custaiméir nó úinéir tairbhiúil an chustaiméara ina dhuine atá faoi riteacht pholaitiúil.

2.Maidir le bearta nó gaolmhaireachtaí gnó le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid na bearta seo a leanas i bhfeidhm:

(a)formheas na bainistíochta sinsearaí a fháil chun gaolmhaireachtaí gnó a bhunú le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, nó chun leanúint leo;

(b)bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun foinse an tsaibhris agus foinse na gcistí a bhaineann le caidreamh gnó nó idirbhearta leis na daoine atá faoi riteacht pholaitiúil a shuíomh;

(c)iompar feabhsaithe, faireachán leanúnach ar na caidrimh ghnó sin.

3.Faoi [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], eiseoidh AMLA treoirlínte maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)na critéir chun daoine a shainaithint a thagann faoin sainmhíniú ar dhaoine ar eol gur dhlúthchomhlaigh iad;

(b)an méid riosca a bhaineann le catagóir sonrach de dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil, a mbaill teaghlaigh nó daoine ar eol gur dhlúthchomhlaigh iad, lena náirítear treoraíocht faoin gcaoi a bhfuil measúnú le déanamh ar rioscaí den sórt sin an tráth nach mbeidh feidhm phoiblí shuntasach ag an duine a thuilleadh, chun críocha Airteagal 35.

Airteagal 33

Liosta d’fheidhmeanna poiblí suntasacha

1.Déanfaidh gach Ballstát liosta a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta ina gcuirfear in iúl na feidhmeanna beachta a cháilíonn, de réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin náisiúnta, mar fheidhmeanna poiblí suntasacha chun críocha phointe 25 d’Airteagal 2. Iarrfaidh na Ballstáit ar gach eagraíocht idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar a gcríoch liosta feidhmeanna tábhachtacha ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta chun críocha Airteagal 2, pointe (25). Áireofar sna liostaí sin freisin aon fheidhm a fhéadfar a thabhairt d’ionadaithe tríú tíortha agus chomhlachtaí idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar leibhéal an Bhallstáit. Tabharfaidh Ballstát fógra faoi na liostaí sin, chomh maith le haon athrú a dhéanfar orthu, don Choimisiún agus do AMLA.

2.Déanfaidh an Coimisiún liosta na bhfeidhmeanna beachta a cháilíonn mar fheidhmeanna poiblí suntasacha ar leibhéal an Aontais a thiomsú agus a choimeád cothrom le dáta. Áireofar sa liosta sin freisin aon fheidhm a fhéadfar a thabhairt d’ionadaithe tríú tíortha agus chomhlachtaí idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar leibhéal an Aontais.

3.Déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar na liostaí dá bhforáiltear i mír1 agus mír 2 den Airteagal seo, liosta aonair a chur i dtoll a chéile de gach feidhm phoiblí thábhachtach chun críocha Airteagal 2, pointe (25). Foilseoidh an Coimisiún an liosta aonair sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh AMLA an liosta ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 34

Daoine atá faoi riteacht pholaitiúil ar thairbhithe de pholasaithe árachais iad

Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta réasúnacha chun a chinneadh cibé a bhfuil nó nach bhfuil na tairbhithe de pholasaí árachais saoil nó de pholasaí árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht nó, i gcás inarb ábhartha, úinéir tairbhiúil an tairbhí, ina ndaoine atá faoi riteacht pholaitiúil. Déanfar na bearta sin tráth nach déanaí ná tráth na híocaíochta nó tráth an tsannta, go hiomlán nó go páirteach, an pholasaí. I gcás ina sainaithneofar rioscaí níos airde, chomh maith leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 16 a chur i bhfeidhm, déanfaidh na heintitis faoi oibleagáid:

(a)an bhainistíocht shinsearach a chur ar an eolas sula níocfar fáltais pholasaí;

(b)imscrúdú feabhsaithe a dhéanamh ar an gcaidreamh gnó iomlán leis an sealbhóir polasaí.

Airteagal 35

Bearta i ndáil le daoine a scorann de bheith ina ndaoine atá faoi riteacht pholaitiúil.

1.I gcás nach mbeidh feidhm phoiblí shuntasach curtha ar iontaoibh duine atá faoi riteacht pholaitiúil ag an Aontas, ag Ballstát, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta níos mó, ceanglófar ar eintitis faoi oibleagáid go gcuirfí san áireamh an riosca leanúnach a bhaineann leis an duine sin agus iad ag déanamh measúnú ar riosca um sciúradh airgid agus um maoiniú sceimhlitheoireachta i gcomhréir le hAirteagal 16.

2.Cuirfidh eintitis faoi oibleagáid ceann amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 28(4) i bhfeidhm chun na rioscaí a bhaineann leis an ngaolmhaireacht ghnó a mhaolú, go dtí go measfar nach mbaineann riosca leis an duine sin a thuilleadh, ach in aon chás ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí i ndiaidh an tráth nach gcuirfear feidhm phoiblí suntasach ar iontaoibh an duine sin níos mó.

3.Beidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear i mír 2 dá réir sin i gcás ina dtéann eintiteas faoi oibleagáid i ngaolmhaireacht ghnó le duine ar chuir an tAontas, Ballstát, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta feidhm phoiblí shuntasach ar a iontaoibh roimhe seo.

Airteagal 36

Baill teaghlaigh agus dlúthchomhlaigh daoine atá faoi riteacht pholaitiúil

Beidh feidhm leis na bearta dá dtagraítear in Airteagail 32, 34 agus 35 freisin maidir le baill teaghlaigh nó daoine is eol is dlúthchomhlaigh de dhaoine atá faoi riteacht pholaitiúil.

ROINN 5

Forálacha sonracha maidir le dícheall cuí do chustaiméirí

Airteagal 37

Sonraíochtaí don earnáil árachais saoil agus árachas eile a bhaineann le hinfheistíocht

I gcás gnó árachais saoil nó árachas eile a bhaineann le hinfheistíocht, chomh maith leis na bearta díchill chuí do chustaiméirí a éilítear don chustaiméir agus don úinéir tairbhiúil, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid na bearta díchill chuí seo a leanas do chustaiméirí ar thairbhithe polasaithe árachais saoil agus polasaithe árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht, a luaithe a shainaithneofar nó a ainmneofar na tairbhithe:

(a)i gcás tairbhithe a shainaithneofar mar dhaoine ainmnithe nó socruithe dlíthiúla, ainm an duine nó an tsocraithe a thógáil;

(b)i gcás tairbhithe atá ainmnithe de réir saintréithe nó de réir aicme nó trí mhodh eile, faisnéis leordhóthanach a fháil maidir leis na tairbhithe sin le go mbeidh sé ábalta an tairbhí a shainaithint tráth na híocaíochta.

Chun críocha phointe (a) agus (b) den chéad fhomhír, déanfar fíorú chéannacht na dtairbhithe agus, i gcás inarb ábhartha, a n‑úinéirí tairbhiúla, tráth na híocaíochta. I gcás sannadh, go hiomlán nó go páirteach, den árachas saoil nó eile árachas a bhaineann le hinfheistíocht do thríú páirtí, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid atá ar an eolas faoin sannadh an t‑úinéir tairbhiúil a shainaithint tráth an tsannta leis an duine nádúrtha nó dlítheanach nó leis an socrú dlíthiúil a gheobhaidh luach an pholasaí a shanntar dá leas féin.

ROINN 6

Feidhmiú ag tríú páirtithe

Airteagal 38

Forálacha ginearálta a bhaineann le bheith ag brath ar eintitis eile faoi oibleagáid

1.Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid brath ar eintitis eile faoi oibleagáid, bíodh siad lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír, chun na ceanglais díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 16(1) a chomhlíonadh, ar choinníoll:

(a)go gcuireann na heintitis eile faoi oibleagáid na ceanglais díchill chuí do chustaiméirí agus na ceanglais maidir le coimeád taifead a leagtar síos sa Rialachán seo, nó a gcomhionann, i bhfeidhm i gcás go mbeidh na heintitis eile faoi oibleagáid bunaithe nó lonnaithe i dtríú tír;

(b)go ndéantar maoirsiú ar chomhlíontacht le ceanglais AML/CFT ag na heintitis eile faoi oibleagáid ar bhealach comhsheasmhach le Caibidil IV de Threoir [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final].

Is leis an eintiteas faoi oibleagáid atá ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid, áfach, a fhanfaidh an fhreagracht deiridh maidir le ceanglais díchill chuí do chustaiméirí a chomhlíonadh.

2.Agus cinneadh á dhéanamh acu brath ar eintitis eile faoi oibleagáid atá lonnaithe i dtríú tíortha, cuirfidh eintitis faoi oibleagáid san áireamh na tosca riosca geografacha atá liostaithe in Iarscríbhinní II agus III agus aon fhaisnéis ábhartha nó treoraíocht a chuireann an Coimisiún, AMLA nó údaráis inniúla eile ar fáil. 

3.I gcás eintitis faoi oibleagáid ar chuid de ghrúpa iad, is féidir comhlíontacht le ceanglais an Airteagail seo agus Airteagal 39 a áirithiú trí bhíthin bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta uile-ghrúpa, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha ar fad seo a leanas:

(a)braitheann an teintiteas faoi oibleagáid ar fhaisnéis arna sholáthar ag eintiteas faoi oibleagáid atá mar chuid den ghrúpa céanna agus aige sin amháin;

(b)cuireann an grúpa beartais agus nósanna imeachta AML/CFT, bearta díchill chuí do chustaiméirí agus rialacha maidir le coimeád taifead i bhfeidhm atá go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó le rialacha coibhéiseacha i dtríú tíortha;

(c)déanann údarás inniúil an Bhallstáit baile nó an tríú tír maoirseacht ar leibhéal grúpa ar chur i bhfeidhm éifeachtach na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) i gcomhréir le Caibidil IV den Treoir [cuir isteach tagairt – togra maidir leis an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final] i gcomhréir le rialacha an tríú tír sin.

4.Ní bhraithfidh eintitis faoi oibleagáid ar eintitis faoi oibleagáid arna mbunú i dtríú tíortha arna sainaithint de bhun Roinn 2 den Chaibidil seo. Mar sin féin, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid arna mbunú san Aontas a bhfuil a mbrainsí agus a bhfochuideachtaí bunaithe sna tríú tíortha sin brath ar na brainsí agus na fochuideachtaí sin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha ar fad a leagtar amach i bpointí (a) go (c) de mhír 3.

Airteagal 39

Próiseas maidir le bheith ag brath ar eintiteas eile faoi oibleagáid

1.Gheobhaidh eintitis faoi oibleagáid ón eintiteas faoi oibleagáid ar a bhfuil siad ag brath an fhaisnéis ar fad is gá maidir leis an ngnó atá á thabhairt isteach nó maidir leis na ceanglais díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(1).

2.Glacfaidh eintitis faoi oibleagáid a bhraitheann ar eintitis eile faoi oibleagáid na céimeanna ar fad is gá lena áirithiú go gcuirfidh an teintiteas faoi oibleagáid ar a bhfuil siad ag brath na nithe seo a leanas ar fáil ach iad a iarraidh:

(a)cóipeanna den fhaisnéis a bhailítear chun an custaiméir a shainaithint;

(b)na doiciméid tacaíochta ar fad nó na foinsí iontaofa faisnéise ar fad a úsáideadh chun céannacht an chliaint a fhíorú, agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht úinéirí tairbhiúla an chustaiméara nó na ndaoine ar thar a gceann a ghníomhaíonn an custaiméir, lena náirítear sonraí a fhaightear trí bhíthin modhanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí iontaobhais ábhartha mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014; agus

(c)aon fhaisnéis a bhailítear maidir le cuspóir agus nádúr beartaithe na gaolmhaireachta gnó;

3.Cuirfidh an teintiteas faoi oibleagáid a bhfuiltear ag brath air an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil gan mhoill agus in aon chás laistigh de chúig lá oibre.

4.Sonrófar na coinníollacha maidir le tarchur na faisnéise agus na ndoiciméad a luaitear i míreanna 1 agus 2 i gcomhaontú i scríbhinn idir na heintitis faoi oibleagáid.

5.I gcás ina mbraitheann an teintiteas faoi oibleagáid ar eintiteas faoi oibleagáid atá mar chuid dá ghrúpa, is féidir nós imeachta a bhunaítear ar leibhéal an ghrúpa a chur in ionad an chomhaontaithe i scríbhinn, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 38(2).

Airteagal 40

Seachfhoinsiú

1.Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid tascanna a eascraíonn as ceanglais faoin Rialachán seo a sheachfhoinsiú chun críche dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh maidir le gníomhaire nó soláthraí seirbhíse seachtrach, cibé acu an duine nádúrtha nó duine dlítheanach é, cé is moite de dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a chónaíonn nó atá bunaithe i dtríú tíortha arna sainaithint de bhun Roinn 2 den Chaibidil seo.

Beidh an t‑eintiteas faoi oibleagáid go hiomlán faoi dhliteanas as aon ghníomh a dhéanfaidh gníomhairí nó soláthraithe seirbhíse seachtracha a bhfuil gníomhaíochtaí seachfhoinsithe chucu.

2.Ní dhéanfar na tascanna seachfhoinsithe de bhun mhír 1 ar bhealach a chuirfeadh isteach go hábhartha ar cháilíocht bhearta agus nósanna imeachta an eintitis faoi oibleagáid riachtanais an Rialacháin seo agus Rialachán [cuir isteach tagairt – togra maidir le hathmhúnlú ar Rialachán (EU) 2015/847 - COM/2021/422 final] a chomhlíonadh. Ní dhéanfar na tascanna seo a leanas a sheachfhoinsiú cibé na cúinsí.

(a)formheas mheasúnú riosca an eintitis faoi oibleagáid;

(b)na rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm de bhun Airteagal 7;

(c)tarraingt suas agus formheas bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta an eintitis faoi oibleagáid le ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(d)próifíl riosca shannadh ar chliant ionchasach agus gaolmhaireacht ghnó a dhéanamh leis an gcliant sin;

(e)critéir a shainaithint chun idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha nó neamhghnácha a bhrath;

(f)gníomhaíochtaí amhrasacha nó dearbhuithe tairseachbhunaithe a thuairisciú don AFA de bhun Airteagal 50.

3.I gcás go ndéanann eintiteas faoi oibleagáid tasc a sheachfhoinsiú de bhun mhír 1, áiritheoidh sé go gcuirfidh an gníomhaire nó an soláthraí seirbhíse seachtrach na bearta agus na nósanna imeachta a ghlac an teintiteas faoi oibleagáid i bhfeidhm. Déanfar na coinníollacha maidir le tascanna den sórt sin a fheidhmiú a leagan síos i gcomhaontú i scríbhinn idir an teintiteas faoi oibleagáid agus an teintiteas seachfhoinsithe. Feidhmeoidh an teintiteas faoi oibleagáid rialuithe tráthrialta lena fháil amach cibé a bhfuil nó nach bhfuil bearta agus nósanna imeachta den sórt sin á gcur i bhfeidhm go héifeachtach ag an eintiteas seachfhoinsithe. Cinnfear minicíocht rialuithe den sórt sin ar bhonn chineál criticiúil na dtascanna seachfhoinsithe.

4.Cinnteoidh eintitis faoi oibleagáid nach ndéanfar seachfhoinsiú ar bhealach a chuirfeadh isteach go hábhartha ar chumas na núdarás maoirseachta faireachán agus rianú a dhéanamh ar chomhlíontacht an eintitis faoi oibleagáid leis na ceanglais ar fad a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 41

Treoirlínte maidir le feidhmiú ag tríú páirtithe

Faoi [3 bliana ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], eiseoidh AMLA treoirlínte d’eintitis faoi oibleagáid maidir le:

(a)na coinníollacha atá inghlactha d’eintitis faoi oibleagáid chun brath ar fhaisnéis a bhailíonn eintiteas eile faoi oibleagáid, lena náirítear i gcás díchill chuí cianda do chustaiméirí;

(b)gaolmhaireachtaí seachfhoinsithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 40, iad a rialáil agus nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fheidhmeanna ag na heintitis faoi oibleagáid, agus go háirithe na feidhmeanna sin atá le meas amhail gur chriticiúil iad;

(c)róil agus freagracht gach gníomhaí, cibé an i gcás go mbraitheann siad ar eintiteas eile faoi oibleagáid nó ar sheachfhoinsiú;

(d)cuir chuige mhaoirseachta ar a bheith ag brath ar eintitis eile faoi oibleagáid agus ar sheachfhoinsiú.

CAIBIDIL IV

TRÉDHEARCACHT MAIDIR LE hÚINÉIREACHT TAIRBHIÚIL

Airteagal 42

Úinéirí tairbhiúla d’eintitis chorparáideacha agus d’eintitis dhlítheanacha eile a shainaithint

1.I gcás eintiteas corparáideach, is é an duine nádúrtha/na daoine nádúrtha a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, an teintiteas corparáideach, trí leas úinéireachta nó trí rialú trí mheáin eile, an túinéir tairbhiúil/na húinéirí tairbhiúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2(22).

Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh ‘rialú trí leas úinéireachta’ úinéireacht 25 % móide ceann amháin de na scaireanna nó cearta vótála nó leas úinéireachta eile san eintiteas corparáideach, lena n‑áirítear trí scairshealbhaíochtaí iompróra, ar gach leibhéal úinéireachta.

Chun críocha an Airteagail seo, áireofar ar a laghad ceann amháin de na nithe seo a leanas le ‘rialú trí mheáin eile’:

(a)an ceart maidir le níos mó ná leath de chomhaltaí an bhoird nó oifigigh chomhchosúla den eintiteas corparáideach a cheapadh nó a bhaint;

(b)an cumas tionchar suntasach a imirt ar na cinntí arna nglacadh ag an eintiteas corparáideach, lena náirítear cearta crosta, cearta cinntí agus aon chinntí maidir le dáileacháin bhrabúis nó as a dtagann athrú ar shócmhainní;

(c)rialú, bíodh sin roinnte nó gan a bheith roinnte, trí chomhaontuithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla le húinéirí, comhaltaí nó na heintitis chorparáideacha, trí fhorálacha sna hairteagail chomhlachais, trí chomhaontuithe comhpháirtíochta, trí chomhaontuithe cuibhreannais, nó trí dhoiciméid choibhéiseacha, ag brath ar thréithe sonracha an eintitis dhlítheanaigh, chomh maith le ar shocruithe vótála;

(d)naisc le baill teaghlaigh bainisteoirí nó stiúrthóirí/daoine ar úinéirí nó rialaitheoirí an eintitis chorparáidigh iad;

(e)úsáid a bhaint as socruithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla i gcás ainmnitheach.

Féadfar rialú trí mheáin eile a chinneadh i gcomhréir leis na critéir in Airteagal 22 (1) go (5) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.I gcás eintiteas dlítheanach seachas eintiteas corparáideach, is é an duine nádúrtha a shainaithnítear de réir mhír 1 den Airteagal seo, ach amháin sa chás go mbeidh feidhm le hAirteagal 43(2), an túinéir tairbhiúil/na húinéirí tairbhiúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2(22).

3.Faoi [3 mhí ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], tabharfaidh Ballstáit fógra faoi liosta de na cineálacha eintiteas corparáideach agus eintiteas dlítheanach eile ar ann dóibh faoina ndlíthe náisiúnta, agus a aithnítear a núinéir tairbhiúil/a núinéirí tairbhiúla i gcomhréir le mír 1, don Choimisiún. Cuirfear san áireamh san fhógra catagóirí sonracha eintiteas, tuairisc ar shaintréithe, ainmneacha agus, i gcás inarb infheidhme, bunús dlí le dlíthe náisiúnta na mBallstát. Cuirfear in iúl freisin cibé a bhfuil nó nach bhfuil feidhm leis an sásra faoi Airteagal 45(3), de bharr foirm sonrach agus struchtúr eintiteas dlítheanach seachas eintitis chorparáideacha, chomh maith le réasúnú mionsonraithe do na gcúiseanna leis sin.

4.Déanfaidh an an Coimisiún moltaí do Ballstáit maidir leis na rialacha sonracha agus critéir chun úinéir tairbhiúil/úinéirí tairbhiúla eintiteas dlítheanach seachas eintitis chorparáideacha a shainaithint faoi [bliain amháin ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm]. I gcás go gcinnfidh na Ballstáit gan aon cheann de na moltaí a chur i bhfeidhm, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún agus cuirfidh siad údar ar fáil i gcás cinneadh.

5.Ní bheidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)cuideachtaí a liostaítear ar mhargadh rialáilte atá faoi réir ceanglais nochta i gcomhréir le dlí an Aontais nó faoi réir caighdeáin idirnáisiúnta chomhionanna; agus

(b)comhlachtaí a rialaítear faoin dlí poiblí mar a shainmhínítear iad i bpointe (4) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 .

Airteagal 43

Úinéirí tairbhiúla iontaobhas sainráite agus eintiteas dlítheanach nó socruithe comhchosúla a shainaithint

1.I gcás iontaobhas sainráite, is iad na daoine nádúrtha ar fad seo a leanas a bheidh sna húinéirí tairbhiúla:

(a)an socraitheoir/na socraitheoirí;

(b)an tiontaobhaí/na hiontaobhaithe;

(c)an cosantóir/na cosantóirí, más ann;

(d)na tairbhithe nó i gcás go bhfuil aicme tairbhithe ann, na daoine laistigh den aicme sin a fhaigheann tairbhe ón socrú dlíthiúil nó ón eintiteas dlíthiúil, gan beann ar aon tairseach, chomh maith leis an aicme tairbhithe. Mar sin féin, maidir le scéimeanna pinsin laistigh de raon feidhme Threoir (an Aontais) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 agus lena ndéantar foráil maidir le haicme tairbhithe, ní bheidh ach an aicme tairbhithe ina tairbhí;

(e)aon duine nádúrtha eile a fheidhmíonn rialú deiridh ar an iontaobhas sainráite trí úinéireacht dhíreach nó neamhdhíreach nó trí mheáin eile, lena náirítear trí shlabhra rialaithe nó úinéireachta.

2.I gcás eintitis dhlítheanacha agus socruithe dlíthiúla cosúil le hiontaobhais sainráite, is iad na daoine nádúrtha ag a bhfuil seasamh coibhéiseach nó comhchosúil leis na daoine sin dá dtagraítear i mír 1 a bheidh sna húinéirí tairbhiúla.

Tabharfaidh Ballstáit fógra faoi liosta de shocruithe dlíthiúla agus d’eintitis dhlítheanacha, cosúil le hiontaobhais sainráite, don Choimisiún faoi [3 mhí ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], i gcás go sainaithnítear an t‑úinéir tairbhiúil/na húinéirí tairbhiúla i gcomhréir le mír 1.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún liosta de shocruithe dlíthiúla agus d’eintitis dhlítheanacha a ghlacadh, trí ghníomh cur chun feidhme, agus iad á rialú faoi dhlíthe na mBallstát ar cheart dóibh a bheith faoi réir na gceanglas céanna trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil agus atá iontaobhais sainráite. Glacfar leis an ngníomh cur chun feidhme sin de réir an nóis imeachta scrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 61(2) den Rialachán seo.

Airteagal 44

Faisnéis úinéireachta tairbhiúla

1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta, agus beidh an méid seo a leanas san áireamh léi:

(a)céadainm agus sloinne, áit bhreithe agus dáta breithe iomlán, seoladh cónaithe, tír chónaithe agus náisiúntacht nó náisiúntachtaí an úinéara tairbhiúil, uimhir aitheantais náisiúnta agus an foinse léi, amhail pas nó doiciméad aitheantais náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir aitheantais chánach nó uimhir choibhéiseach eile arna sannadh ar an duine ag a thír/a tír ghnáthchónaithe.

(b)cineál agus méid an leasa thairbhiúil atá á choinneáil san eintiteas dlítheanach nó sa socrú dlíthiúil, bíodh sin trí leas úinéireachta nó rialú trí mheáin eile, chomh maith le dáta éadála an leasa thairbhiúil atá á choinneáil;

(c)faisnéis faoin eintiteas dlítheanach nó faoin socrú dlíthiúil dá bhfuil an duine nádúrtha ina úinéir tairbhiúil i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 16(1), chomh maith leis an gcur síos ar an struchtúr rialaithe agus úinéireachta.

2.Gheofar faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil laistigh de 14 lá féilire ón dáta a gcruthaítear eintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla. Tabharfar cothrom le dáta í go pras, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 14 lá i ndiaidh aon athrú ar an úinéir tairbhiúil/na húinéirí tairbhiúla, agus ar bhonn bliantúil.

Airteagal 45

Oibleagáidí eintiteas dlítheanach

1.Déanfaidh gach eintiteas corparáideach agus gach eintiteas dlítheanach eile san Aontas faisnéis leordhóthanach, chruinn agus reatha maidir lena núinéireacht thairbhiúil a fháil agus a choinneáil.

Soláthróidh eintitis dhlítheanacha, sa bhreis ar fhaisnéis faoina n‑úinéir dlíthiúil/a n‑úinéirí dlíthiúla, faisnéis faoin úinéir tairbhiúil/faoi na húinéirí tairbhiúla d’eintitis faoi oibleagáid nuair a dhéanfaidh na heintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí do chustaiméirí i gcomhréir le Caibidil III.

Soláthróidh úinéir tairbhiúil/úinéirí tairbhiúla eintiteas corparáideach nó eintiteas dlíthiúil eile an fhaisnéis uile atá de dhíth ón eintiteas corparáideach ón eintiteas dlíthiúil eile.

2.I gcás, i ndiaidh gach modh sainaitheantais atá ar fáil a ídiú de bhun Airteagail 42 agus 43, nach sainaithneofar aon duine mar an túinéir tairbhiúil, nó i gcás aon amhras gurb é an duine sainaitheanta an túinéir tairbhiúil, nó gurb iad na daoine sainaitheanta na húinéirí tairbhiúla, coimeádfaidh na heintitis chorparáideacha nó dhlíthiúla eile taifid de na gníomhartha a rinneadh chun a núinéir tairbhiúil/a núinéirí tairbhiúla a shainaithint.

3.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil á soláthar acu i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 10 de Threoir [cuir isteach tagairt – togra maidir leis an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final], soláthróidh eintitis chorparáideacha nó eintitis dhlítheanacha eile an méid seo a leanas:

(a)ráiteas, agus réasúnú leis, nach bhfuil aon úinéir tairbhiúil ann nó nárbh fhéidir an túinéir tairbhiúil/na húinéirí tairbhiúla a shainaithint agus a fhíorú;

(b)mionsonraí faoin duine nádúrtha nó faoi na daoine nádúrtha a bhfuil post mar oifigeach bainistíochta sinsearach aige/acu san eintiteas corparáideach nó dlítheanach atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis is gá faoi phointe (a) d’Airteagal 44(1).

4.Cuirfidh eintitis dhlítheanacha an fhaisnéis arna bailiú de bhun an Airteagail seo ar fáil, ach í a iarraidh agus gan mhoill, d’údaráis inniúla.

5.Coinneofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 ar feadh cúig bliana i ndiaidh an dáta a lánscoirtear cuideachtaí nó a dtagann deireadh leo ar bhealach eile, bíodh sin ag daoine arna nainmniú ag an eintiteas chun na doiciméid a choinneáil, nó ag riarthóirí nó leachtaitheoirí nó daoine eile a bhfuil baint acu le lánscor an eintitis. Tuairisceofar céannacht agus mionsonraí teagmhála an duine atá freagrach as an bhfaisnéis a choinneáil chuig na cláir dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir [cuir isteach tagairt – togra maidir leis an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final].

Airteagal 46

Oibleagáidí maidir le hiontaobhaithe

1.Déanfaidh iontaobhaithe aon iontaobhais shainráite a bheidh á riar i mBallstát, agus daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil, faisnéis leordhóthanach, chruinn agus chothrom le dáta a fháil agus a choimeád maidir leis an úinéireacht thairbhiúil i leith an tsocraithe dhlíthiúil. Coinneofar faisnéis den sórt sin ar feadh cúig bliana i ndiaidh deireadh a theacht lena rannpháirtíocht san iontaobhas sainráite nó le socrú dlíthiúil comhchosúil.

2.Déanfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 a stádas a nochtadh agus an fhaisnéis faoin úinéir tairbhiúil nó faoi na húinéirí tairbhiúla a sholáthar d’eintitis faoi oibleagáid agus bearta díchill chuí do chustaiméirí á ndéanamh ag na heintitis faoi oibleagáid, i gcomhréir le Caibidil III.

3.Soláthróidh úinéir tairbhiúil/úinéirí tairbhiúla iontaobhais shainráite nó socraithe dhlíthiúil chomhchosúil, seachas an tiontaobhaí nó an duine a bhfuil post coibhéiseach aige, an fhaisnéis uile is gá chun ceanglais na Caibidle seo a chomhlíonadh, don iontaobhaí nó don duine a bhfuil post coibhéiseach aige i socrú dlíthiúil comhchosúil.

4.Cuirfidh iontaobhaithe iontaobhais shainráite, agus daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil, an fhaisnéis arna bailiú de bhun an Airteagail seo ar fáil, ach í a iarraidh agus gan mhoill, d’údaráis inniúla.

Airteagal 47

Oibleagáidí maidir le daoine ainmnithe

Déanfaidh scairshealbhóirí ainmnitheacha agus stiúrthóirí ainmnitheacha d’eintitis chorparáideacha nó d’eintitis dhlítheanacha eile faisnéis leordhóthanach, chruinn agus chothrom le dáta a choimeád maidir le céannacht a n‑ainmneora chomh maith le céannacht úinéir tairbhiúil/úinéirí tairbhiúla an ainmneora agus iad a nochtadh chomh maith lena stádas i ndáil leis na heintitis chorparáideacha nó eintitis dhlítheanacha eile. Déanfaidh eintitis chorparáideacha nó eintitis dhlítheanacha eile an fhaisnéis sin a thuairisciú chuig na cláir arna mbunú de bhun Airteagal 10 de Threoir [cuir isteach tagairt – togra maidir leis an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final].

Déanfaidh eintitis chorparáideacha agus eintitis dhlítheanacha eile an fhaisnéis sin a thuairisciú chuig eintitis faoi oibleagáid i gcás go bhfuil bearta díchill chuí do chustaiméirí á nglacadh ag na heintitis faoi oibleagáid i gcomhréir le Caibidil III.

Airteagal 48

Socruithe agus eintitis dhlítheanacha eachtracha

1.Coimeádfar faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil eintiteas dlítheanach atá ionchorpraithe taobh amuigh den Aontas nó maidir le hiontaobhais shainráite nó socruithe dlíthiúla comhchosúla a riartar taobh amuigh den Aontas ar an gclár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir [cuir isteach tagairt – togra maidir leis an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final] arna chur ar bun ag an mBallstát i gcás ina ndéanann eintitis den sórt sin nó iontaobhaithe iontaobhas sainráite nó daoine ag a bhfuil post coibhéiseach i socruithe dlíthiúla comhchosúla na nithe seo a leanas:

(a)dul i ngaolmhaireacht ghnó le heintiteas faoi oibleagáid;

(b)réadmhaoin a fháil ina gcríoch féin.

2.I gcás go dtéann an teintiteas dlítheanach, iontaobhaí an iontaobhais shainráite nó an duine a bhfuil post coibhéiseach i socrú dlíthiúil comhchosúil aige, isteach i ngaolmhaireachtaí gnó iolracha nó i gcás go bhfaigheann siad réadmhaoin i mBallstáit éagsúla, measfar gur leor deimhniú um chruthúnas ar chlárú na faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil arna shealbhú ar chlár lárnach ag Ballstáit amháin mar chruthúnas leordhóthanach ar chlárú.

Airteagal 49

Smachtbhannaí

Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha na Caibidle seo chun a áirithiú go gcuirfear iad chun feidhme. Ní mór go mbeadh na smachtbhannaí dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin faoi smachtbhannaí faoi [6 mhí ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], chomh maith leis an mbunús dlí ina leith agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL V
OIBLEAGÁIDÍ TUAIRISCITHE

Airteagal 50

Idirbhearta amhrasacha a thuairisciú

1.Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid gach idirbheart amhrasach, lena náirítear iarrachtaí ar idirbhearta, a thuairisciú chuig an AFA.

Oibreoidh eintitis faoi oibleagáid, agus, i gcás inarb iomchuí, a stiúrthóirí agus a bhfostaithe, i gcomhar le chéile go hiomlán trí na nithe seo a leanas a dhéanamh go pras:

(a)an AFA a chur ar an eolas, lena náirítear trí thuarascáil a chomhadú, ar a dtionscnamh féin, i gcás go mbeidh a fhios ag an eintiteas faoi oibleagáid, go bhfuil amhras air nó go bhfuil forais réasúnta aige amhras a bheith air, gur fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil iad cistí, is cuma an méid atá i gceist, nó go bhfuil baint acu le maoiniú sceimhlitheoireachta, agus trí freagairt go pras ar iarraidh ón AFA ar fhaisnéis bhreise sna cásanna sin;

(b)an fhaisnéis go léir is gá a sholáthar go díreach do AFA, arna hiarraidh sin dó.

Chun críocha phointí (a) agus (b), tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid freagra ar iarraidh ar fhaisnéis ón AFA laistigh de 5 lá. I gcásanna lena mbaineann réasúnú agus práinn, beidh AFAanna in ann sprioc-am den sórt sin a laghdú go dtí 24 uair an chloig.

2.Chun críocha mhír 1, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid measúnú ar idirbhearta arna sainaithint de bhun Airteagal 20 mar idirbhearta neamhthipiciúla chun na cinn sin a bhrath a bhféadfar a bheith in amhras fúthu ó thaobh nasc a bheith acu le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta.

Bunaítear amhras ar shaintréithe an chustaiméara, ar mhéid agus ar chineál an idirbhirt nó na gníomhaíochta, ar an nasc idir roinnt idirbheart nó gníomhaíochtaí agus ar aon thoisc eile is eol don eintiteas faoi oibleagáid, lena n‑áirítear comhsheasmhacht an idirbhirt nó na gníomhaíochta le próifíl riosca an chliaint.

3.Faoi [dhá bhliain ón dáta a thagann an Rialacháin seo i bhfeidhm], forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin dá nglacadh iad. Sonrófar, sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, an fhormáid atá le húsáid chun idirbhearta amhrasacha a thuairisciú de bhun mhír 1.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra maidir le hÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid a bhunú - COM/2021/421 final]

5.Déanfaidh AMLA treoraíocht faoi ghníomhaíocht nó iompraíocht amhrasach a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil.

6.Déanfaidh an duine arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 9(3) an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur chuig AFA an Bhallstáit, a bhfuil an teintiteas faoi oibleagáid a dhéanann an fhaisnéis a tharchur bunaithe ar a chríoch.

Airteagal 51

Forálacha sonracha maidir le tuairisciú idirbheart amhrasach ag catagóirí áirithe d’eintitis faoi oibleagáid

1.De mhaolú ar Airteagal 50(1), féadfaidh na Ballstáit lamháil do na heintitis faoi oibleagáid dá dá dtagraítear i bpointe 3(a), (b) agus (d) d’Airteagal 3 an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 50(1) a tharchur do chomhlacht féinrialála arna ainmniú ag an mBallstát.

Déanfaidh an comhlacht féinrialála ainmnithe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharchur don AFA go pras agus gan scagadh.

2.Beidh nótairí, dlíodóirí agus gairmithe dlí eile, iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 50(1) a mhéid a bhaineann díolúine den sórt sin le faisnéis a fhaigheann siad ó chliant leo nó a fhaigheann siad faoi chliant leo, le linn dóibh staid dhlíthiúil a gcliant a fhionnadh, nó an cúram a dhéanamh chun an cliant a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena náirítear comhairle a sholáthar chun na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint, is cuma an bhfaightear an fhaisnéis sin roimh na himeachtaí sin, lena linn nó ina ndiaidh.

Airteagal 52

Toiliú ón AFA maidir le hidirbheart a fheidhmiú

1.Staonfaidh eintitis faoi oibleagáid ó idirbhearta a dhéanamh a bhfuil a fhios acu nó a bhfuil amhras orthu ina leith go bhfuil baint acu le fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil nó le maoiniú sceimhlitheoireachta go dtí go mbeidh an gníomh is gá críochnaithe acu i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 50(1), agus go mbeidh aon treoracha sonracha breise ón AFA nó ó údarás inniúil eile comhlánaithe acu i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

2.I gcás go mbeidh staonadh ó na hidirbhearta dá dtagraítear i mír 1 dodhéanta nó i gcás go gcuirfidh sé sin bac ar iarrachtaí chun dul sa tóir ar thairbhithe idirbhirt amhrasta, cuirfidh na heintitis faoi oibleagáid é sin in iúl don AFA díreach ina dhiaidh sin.

Airteagal 53

Nochtadh don AFA

Ní bheidh i nochtadh faisnéise de mheon macánta ag eintiteas faoi oibleagáid nó ag fostaí nó stiúrthóir d’eintiteas faoi oibleagáid den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 50 agus Airteagal 51 sárú ar aon srian ar nochtadh faisnéise arna fhorchur ag conradh nó ag aon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin, agus ní bheidh an t‑eintiteas faoi oibleagáid, a stiúrthóirí nó a fhostaithe faoi dhliteanas ar bith fiú in imthosca nárbh eol dóibh go cruinn an bhunghníomhaíocht choiriúil agus is cuma ar tharla gníomhaíocht choiriúil iarbhír.

Airteagal 54

Toirmeasc ar nochtadh

1.Ní nochtfaidh eintitis faoi oibleagáid agus a stiúrthóirí agus a bhfostaithe don chustaiméir lena mbaineann nó d’aon triú duine go bhfuil an fhaisnéis á tarchur, go mbeidh an fhaisnéis á tarchur nó go bhfuil sí tarchurtha i gcomhréir le hAirteagal 50 nó le hAirteagal 51 nó go bhfuil anailís ar sciúradh airgid nó ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta á déanamh nó go bhféadfar í a dhéanamh.

2.Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le nochtuithe d’údaráis inniúla agus do chomhlachtaí féinrialála i gcás ina ndéanann siad feidhmeanna maoirseachta, nó maidir le nochtadh chun críocha sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus gníomhaíocht choiriúil eile a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

3.De mhaolú ar mhír 1, is féidir nochtadh a dhéanamh idir na heintitis faoi oibleagáid ar den ghrúpa céanna iad, nó idir na heintitis sin agus a mbrainsí agus a bhfochuideachtaí arna mbunú i dtríú tíortha, ar choinníoll go ndéanfaidh na brainsí agus na fochuideachtaí sin na beartais agus na nósanna imeachta uile-ghrúpa a chomhlíonadh go hiomlán, lena náirítear nósanna imeachta chun faisnéis a roinnt laistigh den ghrúpa, i gcomhréir le hAirteagal 13, agus go ndéanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta uile-ghrúpa na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

4.De mhaolú ar mhír 1, is féidir nochtadh a dhéanamh idir na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i bpointe 3(a) agus (b) d’Airteagal 3, nó idir eintitis ó thríú tíortha a fhorchuireann ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, a chomhlíonfaidh a gcuid dualgas gairmiúil, cibé mar fhostaithe nó nach ea, laistigh den duine dlítheanach céanna nó struchtúr níos mó a mbaineann an duine leis agus a chomhroinneann úinéireacht choiteann, rialú um bainistiú nó um chomhlíonadh, lena náirítear líonraí nó comhpháirtíochtaí.

5.Maidir le heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i bpointí (1), (2), (3)(a) agus (b) d’Airteagal 3, i gcásanna a bhaineann leis an gcustaiméir céanna agus leis an idirbheart céanna lena mbaineann dhá eintiteas faoi oibleagáid nó níos mó, agus de mhaolú ar mhír 1, is féidir nochtadh a dhéanamh idir na heintitis faoi oibleagáid ábhartha ar choinníoll go bhfuil siad lonnaithe san Aontas, nó le heintitis i dtríú tír a fhorchuireann ceanglais atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go bhfuil siad ó gcatagóir chéanna d’eintitis faoi oibleagáid agus go bhfuil siad faoi réir rúndacht ghairmiúil agus ceanglais um chosaint sonraí pearsanta.

6.I gcás go bhféachfaidh na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear i bpointe 3(a) agus (b) d’Airteagal 3 le cliant a chur ó ghabháil do ghníomhaíocht mhídhleathach, ní hionann é agus nochtadh de réir bhrí mhír 1.

CAIBIDIL VI

COSAINT SONRAÍ AGUS TAIFID A CHOIMEÁD

Airteagal 55

Catagóirí áirithe sonraí pearsanta a phróiseáil

1.A mhéid a bhfuil fíorghá leis chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid catagóir speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil agus sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin faoi réir na gcosaintí dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3.

2.Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann sonraí pearsanta arna gcuimsí le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil ar choinníoll:

(a)go gcuireann eintitis faoi oibleagáid a gcustaiméirí nó a gcustaiméirí ionchais ar an eolas go bhféadfar catagóirí sonraí den sórt sin a phróiseáil chun críche ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(b)go mbeidh na sonraí de thionscnamh foinsí iontaofa, cruinn agus cothrom le dáta;

(c)go nglacann an teintiteas faoi oibleagáid bearta ar ardleibhéal slándála i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe i dtéarmaí rúndachta.

3.Sa bhreis ar mhír 2, beidh eintitis faoi oibleagáid in ann sonraí pearsanta arna gcuimsiú le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil ar choinníoll:

(a)go mbaineann sonraí pearsanta den sórt sin le sciúradh airgid, a chionta preideacáide, nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta.

(b)go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid a lamhálann idirdhealú, agus sonraí den sórt sin á bpróiseáil, idir líomhaintí, imscrúduithe, imeachtaí agus ciontuithe, agus an ceart bunúsach chun trialach córa, an ceart cosanta agus toimhde na neamhchiontachta a chur i gcuntas.

4.Ní dhéanfaidh eintitis faoi oibleagáid sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo ach amháin chun críocha cosc a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála orthu ar bhealach nach bhfuil ag luí leis na críocha sin. Toirmeascfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo chun críocha tráchtála.

Airteagal 56

Taifid a choimeád

1.Coimeádfaidh eintitis faoi oibleagáid na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta féideartha a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ag an AFA nó ag údaráis inniúla eile:

(a)cóip de na doiciméid agus den fhaisnéis a fhaightear agus dícheall cuí do chustaiméirí á dhéanamh de bhun Chaibidil III, lena náirítear faisnéis a fhaightear trí mheáin sainaitheantais leictreonaigh, agus torthaí na hanailíse arna déanamh de bhun Airteagal 50;

(b)an fhianaise thacaíochta agus taifid na nidirbheart, arb é a bheidh iontu na doiciméid bhunaigh nó cóipeanna a bheidh inghlactha in imeachtaí breithiúnacha faoin dlí náisiúnta is infheidhme, a bhfuil gá leo chun idirbhearta a shainaithint.

2.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cinneadh a dhéanamh tagairt d’fhaisnéis a choimeád in ionad cóipeanna den fhaisnéis sin, ar choinníoll go náiritheofar le cineál agus modh coimeádta na faisnéise sin go bhféadfaidh na heintitis faoi oibleagáid an fhaisnéis a sholáthar d’údaráis inniúla láithreach agus nach féidir an fhaisnéis a leasú nó a athrú.

Tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid a bhainfidh úsáid as an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír sainmhíniú ar a nósanna imeachta inmheánacha atá tarraingthe suas de bhun Airteagal 7, ar na catagóirí faisnéise dá gcoimeádfaidh siad tagairt in ionad cóip nó leagan bunaidh, chomh maith leis na nósanna imeachta chun an fhaisnéis a aisghabháil le go bhféadfar í a sholáthar d’údaráis inniúla ar í a iarraidh.

3.Coimeádfar an fhianaise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar feadh tréimhse cúig bliana i ndiaidh dheireadh gaolmhaireachta gnó lena gcustaiméir nó i ndiaidh dháta idirbhirt ócáidigh. Ar dhul in éag don tréimhse coinneála sin, scriosfaidh eintitis faoi oibleagáid sonraí pearsanta.

Beidh feidhm freisin ag an tréimhse coinneála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i leith na sonraí atá inrochtana trí na sásraí lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir [cuir isteach tagairt – togra maidir leis an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final].

4.I gcás, amhail ar [an dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], go mbeidh imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh ar feitheamh i mBallstát, agus i gcás ina mbeidh faisnéis nó doiciméid a bhaineann leis na himeachtaí sin ar feitheamh i seilbh ag eintiteas faoi oibleagáid, féadfaidh an teintiteas faoi oibleagáid an fhaisnéis nó na doiciméid sin a choinneáil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar feadh tréimhse cúig bliana ón [an dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm].

Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit coinneáil faisnéise nó sonraí den sórt sin a cheadú nó a cheangal ar feadh tréimhse bhreise chúig bliana, i gcás inar suíodh gá agus comhréireacht coinneála tuilleadh den sórt sin chun sciúradh amhrasta airgid nó maoiniú amhrasta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

Airteagal 57

Taifid a sholáthar d’údaráis inniúla

Beidh córais i bhfeidhm ag eintitis faoi oibleagáid a chuireann ar a gcumas fiosrúcháin óna AFA nó ó údaráis inniúla eile a fhreagairt go hiomlán agus go tapa, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, faoi cibé acu an bhfuil caidreamh gnó le daoine sonraithe á chothabháil acu nó cothabháilte acu le linn tréimhse cúig bliana roimh an bhfiosrúchán sin, agus maidir le cineál an chaidrimh sin, trí chainéil shlána agus ar shlí a áirithíonn rúndacht iomlán na bhfiosrúchán.

CAIBIDIL VII

Bearta chun rioscaí a dhíorthaíonn ó ionstraimí anaithnide a mhaolú

Airteagal 58

Cuntais anaithnide agus scaireanna iompróra agus barántais scaireanna iompróra

1.Cuirfear toirmeasc ar institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais agus soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní cuntais anaithnide, pasleabhair anaithnide, taisceadáin anaithnide nó tiachóga criptea-shócmhainní anaithnide a choinneáil, chomh maith le haon chuntas eile a lamhálann d’anaithnidiú shealbhóir an chuntais chustaiméara.

Beidh úinéirí agus tairbhithe cuntas anaithnid, pasleabhar anaithnid, taisceadán anaithnid nó tiachóg criptea-shócmhainní atá ann cheana féin faoi réir bearta díchill chuí do chustaiméirí sula ndéanfar na cuntais, na pasleabhair, na taisceadáin nó na tiachóga criptea-shócmhainní sin a úsáid in aon slí.

2.Ní ghlacfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a ghníomhaíonn mar fhaighteoirí le híocaíochtaí a dhéantar le cártaí réamhíoctha anaithnide a eisítear i dtríú tíortha, mura bhforáiltear a mhalairt sna caighdeáin theicniúla rialála a ghlac an an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 22 ar bhonn riosca íseal cruthaithe.

3.Cuirfear toirmeasc ar chuideachtaí scaireanna iompróra a eisiúint agus aistreoidh siad gach scair iompróra atá ann cheana féin ina scaireanna cláraithe faoi [2 bhliain i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm an Rialachán seo]. Mar sin féin, lamhálfar do chuideachtaí a bhfuil urrúis liostaithe ar mhargadh rialáilte acu, nó a eisítear a scaireanna mar urrúis idirghafa, scaireanna iompróra a choimeád.

Cuirfear toirmeasc ar chuideachtaí barántais scaireanna iompróra nach mbeidh i bhfoirm idirghafa a eisiúint.

Airteagal 59

Teorainneacha le móríocaíochtaí in airgead tirim

1.Féadfaidh daoine a thrádálann earraí nó a sholáthraíonn seirbhísí íocaíocht in airgead tirim a dhéanamh nó a fháil chomh hard le EUR 10 000 nó méid coibhéiseach in airgeadra náisiúnta nó eachtrach, cibé acu a dhéantar an tidirbheart sin in aon oibríocht amháin nó i roinnt oibríochtaí a bhfuil an chuma orthu a bheith nasctha;

2.Féadfaidh Ballstáit teorainneacha níos ísle a ghlacadh i ndiaidh chomhairliúchán an Bhainc Cheannais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Chinneadh 98/415/EC ón gComhairle 57 . Tabharfar fógra faoi na teorainneacha níos ísle sin don Choimisiún laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar an beart isteach ar leibhéal náisiúnta.

3.I gcás gur ann do theorainneacha ar leibhéal náisiúnta atá faoi bhun na teorann a leagtar amach i mír 1 cheana féin, beidh feidhm fós acu. Tabharfaidh Ballstáit fógra faoi na teorainneacha sin laistigh de 3 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.Ní bheidh feidhm ag an teorainn dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)íocaíochtaí idir dhaoine nádúrtha nach bhfuil ag gníomhú i bhfeidhm ghairmiúil;

(b)íocaíochtaí nó taiscí a dhéantar ag áitreabh institiúidí creidmheasa. Sna cásanna sin, tuairisceoidh an institiúid creidmheasa an íocaíocht nó an taisce atá os cionn na teorann don AFA.

5.Áiritheoidh Ballstáit go nglacfar bearta iomchuí, lena náirítear smachtbhannaí, in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ghníomhaíonn ina gcáil ghairmiúil i gcás go mbeifear in amhras faoi shárú ar an teorainn a leagtar amach i mír 1, nó ar theorainn níos ísle arna glacadh ag na Ballstáit.

6.Déanfar leibhéal foriomlán na smachtbhannaí a ríomh, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta, ar bhealach a thabharfaidh torthaí a bheidh comhréireach do thromchúis an tsáraithe, agus dá bharr sin a dhíspreagfaidh cionta eile den chineál céanna.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 60

Gníomhartha tarmligthe

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 23, 24 agus 25 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 23, 24 agus 25 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 23,24 agus 25 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse aon mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú mí amháin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 61

An coiste

1.Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste um Chosc ar Sciúradh Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta arna bhunú le hAirteagal 28 de Rialachán [cuir isteach tagairt – togra maidir le athmhúnlú Rialachán (AE) 2015/847 - COM/2021/422 final]. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh sa choiste sin.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 62

Athbhreithniú

Faoi [5 bliana ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 63

Tuarascálacha

Faoi [3 bliana ón dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm], cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú an gá agus an comhréireach:

(a)an céatadán a ísliú i ndáil le húinéireacht thairbhiúil eintiteas dlíthiúil a shainaithint;

(b)an teorainn maidir le móríocaíochtaí in airgead tirim a ísliú tuilleadh.

Airteagal 64

Gaol le Treoir 2015/849

Déanfar tagairtí do Threoir (AE) 2015/849 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus do Threoir [cuir isteach tagairt – togra maidir leis an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final] agus a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 65

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm leis ó [3 bliana ón dáta a thagann sé i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Europol, From suspicion to action: Converting financial intelligence into greater operational impact [Ó amhras go gníomhaíocht: Faisnéis airgeadais a thiontú ina tionchar oibríochtúil níos mó], 2017.
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún - I dtreo chur chun feidhme feabhsaithe chreat an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (COM/2019/360 final), Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le measúnú a dhéanamh ar chásanna sciúrtha airgid a líomhnaíodh le déanaí lena mbaineann institiúidí creidmheasa ón Aontas, (COM/2019/373 final), Tuarascáil lena ndéantar measúnú ar an gcreat maidir le comhar idir AFAnna (COM/2019/371 final); Tuarascáil maidir le measúnú riosca fornáisiúnta (COM/2019/370 final).
(3)    COM(2020) 605 final
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Plean Gníomhaíochta um beartas cuimsitheach ón Aontas maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc (C/2020/2800), IO C 164, 13.5.2020, lgh. 21–33.
(5)    COM/2021/423 final
(6)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)
(7)    COM/2021/421 final
(8)    COM/2021/422 final
(9)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2020 maidir le beartas cuimsitheach ón Aontas i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin agus forbairtí eile a rinneadh le déanaí (2020/2686(RSP)), P9_TA(2020)0204
(10)    Conclúidí ón gComhairle maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, 12608/20
(11)    Na tagairtí uile do ‘reachtaíocht AML/CFT reatha ón Aontas’ sa Mheabhrán Míniúcháin seo, ba cheart glacadh leis go dtagraítear don Treoir seo leo.
(12)    Treoracha (AE) 2015/2366, 2014/92 agus 2009/110 faoi seach.
(13)    Go háirithe an togra le haghaidh Rialachán maidir le Margaí i gCriptea-shócmhainní, COM/2020/593 final.
(14)    Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).
(15)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí, COM/2021/281 final.
(16)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions on a Digital Finance Strategy for the EU [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas Eorpach], COM/2020/591 final.
(17)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin - Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an bpacáiste de thograí reachtacha ón gCoimisiún maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT), agus forfheidhmiú an dlí, lena n‑áirítear:
(18)    An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679)
(19)    Measann an Coimisiún, maidir le scéimeanna saoránachta infheisteora is é sin scéimeanna lena dtairgtear saoránacht Bhallstáit mar mhalairt ar íocaíochtaí agus infheistíochtaí réamhchinntithe, nach gcomhlíonann siad prionsabal an chomhair dhílis (Airteagal 4(3) CAE) ná stádas bunúsach shaoránacht an Aontais mar a leagtar síos sna Conarthaí (Airteagal 20 CFAE). Dá thoradh sin, níl sé beartaithe ag an gCoimisiún na scéimeanna sin a rialáil.
(20)    Lena n‑áirítear leasuithe a bheartaítear a dhéanamh air leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí, COM/2021/281 final.
(21)    IO C […], […], lch. […].
(22)    IO C , , lch. .
(23)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(24)    Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43).
(25)    Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac leis an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22).
(26)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(27)    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‑ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
(28)    Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).
(29)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(30)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(31)    2010/413/CBES: Cinneadh an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n‐aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).
(32)    Cinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2013/183/CBES (IO L 141, 28.5.2016, lch. 79).
(33)    Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (IO L 88, 24.3.2012, lch. 1).
(34)    Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon‑Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (IO L 224, 31.8.2017, lch. 1).
(35)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh‑shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73) agus an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí, COM/2021/281 final.
(36)    Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).
(37)    Treoir (AE) Uimh. 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(38)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(39)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(40)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(41)    IO C, , lch. .
(42)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(43)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(44)    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(45)    Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
(46)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(47)    Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).
(48)    Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
(49)    Treoir 2009/110/CE an 16 Meán Fómhair 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun gnó foras airgid leictreonaigh, gnó den sórt sin a shaothrú nó maoirsiú stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(50)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 1).
(51)    Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe i dtaca le hairgead ag teacht isteach san Aontas nó ag imeacht as an Aontas agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 (IO L 284, 12.11.2018, lch. 6)
(52)    Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n‑institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(53)    Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí. Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 173, 12.6.2014, Lch. 149).
(54)    Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
(55)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)
(56)    Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht ar institiúidí um sholáthar pinsean ceirde (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(57)    Cinneadh ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le comhairliúchán an Bhainc Cheannais Eorpaigh ag údaráis náisiúnta i ndáil le dréachtfhorálacha reachtacha (IO L 189, 3.7.1998, lch. 42).

An Bhruiséil,20.7.2021

COM(2021) 420 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta

{SEC(2021) 391 final} - {SWD(2021) 190 final} - {SWD(2021) 191 final}


IARSCRÍBHINN I

Liosta táscach d’athróga riosca

Is liosta neamh-uileghabhálach an méid thíos d’athróga riosca a chuirfidh eintitis faoi oibleagáid san áireamh agus iad ag tarraingt suas tuarascáil ar an measúnú riosca i gcomhréir le hAirteagal 8 chun cinneadh a dhéanamh faoin méid is ceart bearta díchill chuí custaiméara a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 16:

(a)Athróga riosca custaiméara:

(i) gníomhaíocht ghnó nó ghairmiúil an chustaiméara agus úinéir tairbhiúil an chustaiméara;

(ii) clú an chustaiméara agus úinéir tairbhiúil an chustaiméara;

(iii) nádúr agus iompar an chustaiméara agus úinéir tairbhiúil an chustaiméara;

(iv) na dlínsí ina bhfuil an custaiméir agus úinéir tairbhiúil an chustaiméara lonnaithe;

(v) na dlínsí ar príomhionaid ghnó an chustaiméara agus úinéir tairbhiúil an chustaiméara iad;

(vi) na dlínsí lena bhfuil naisc phearsanta ábhartha ag an gcustaiméir agus ag úinéir tairbhiúil an chustaiméara;

(b)Athróga riosca i dtaca le táirge, seirbhís nó idirbheart:

(i) críoch cuntais nó caidrimh;

(ii) rialtacht nó ré an chaidrimh gnó;

(iii) leibhéal na sócmhainní atá le taisceadh ag custaiméir nó méid na n-idirbheart arna ndéanamh;

(iv) an leibhéal trédhearcachta, nó doiléireachta, a thugann an táirge, an tseirbhís nó an t-idirbheart;

(v) castacht an táirge, na seirbhíse nó an idirbhirt;

(vi) luach nó méid an táirge, na seirbhíse nó an idirbhirt.

(c)Athróga riosca i dtaca le bealach seachadta:

(i) an méid nach ndéantar an caidreamh gnó ar bhonn duine le duine;

(ii) aon lucht cur in aithne nó idirmheánaithe a bheith ann a d’fhéadfadh an custaiméir a úsáid agus nádúr a gcaidrimh leis an gcustaiméir;

(d)Athróg riosca i dtaca le hárachas saoil agus le hárachas eile a bhaineann le hinfheistíocht:

(i) an leibhéal riosca atá i gceist le tairbhí an pholasaí árachais.



IARSCRÍBHINN II

Tosca lena mbaineann riosca níos ísle

Is liosta neamh-uileghabhálach de thosca agus de chineálacha fianaise de riosca níos ísle dá dtagraítear in Airteagal 16 an méid seo a leanas:

(1)    Tosca riosca custaiméara:

(a)cuideachtaí poiblí arna liostú ar stocmhalartán agus atá faoi réir na gceanglas nochta (trí rialacha an stocmhalartáin nó tríd an dlí nó trí mhodhanna in-fhorfheidhmithe), a fhorchuireann ceanglais chun trédhearcacht leordhóthanach ar úinéireacht thairbheach a áirithiú;

(b)údaráis nó fiontair phoiblí;

(c)custaiméirí atá ina gcónaí i limistéir gheografacha le riosca níos ísle mar a leagtar amach i bpointe (3);

(2)Tosca riosca i dtaca le táirge, seirbhís, idirbheart nó bealach seachadta:

(a)polasaithe árachais saoil a bhfuil préimh íseal acu;

(b)polasaithe árachais le haghaidh scéimeanna pinsin mura bhfuil aon rogha chun géilleadh go luath agus nach féidir an polasaí a úsáid mar chomhthaobhacht;

(c)pinsean, scéim aoisliúntais nó scéim dá samhail a thugann socair scoir d’fhostaithe, ina ndéantar ranníocaíochtaí trí asbhaint ó phá, agus nach gceadaíonn rialacha na scéime go ndéanfaí ús baill a shannadh faoin scéim;

(d)táirgí nó seirbhísí airgeadais a chuireann seirbhísí sainmhínithe agus teorannaithe go hiomchuí ar fáil do chineálacha áirithe custaiméirí chun rochtain a mhéadú chun críocha cuimsithe airgeadais;

(e)táirgí ina mbainistíonn tosca eile na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta amhail teorainneacha sparáin nó trédhearcacht úinéireachta (e.g. cineálacha áirithe airgid leictreonaigh);

(3)Tosca riosca geografacha — clárúchán, bunú, cónaí sna:

(a)Ballstáit;

(b)tríú tíortha ag a bhfuil córais éifeachtacha AML/CFT;

(c)tríú tíortha arna sainaithint ag foinsí inchreidte mar thíortha ina bhfuil leibhéil ísle éillithe nó gníomhaíochta coiriúla eile;

(d)tríú tíortha a bhfuil ceanglais acu, bunaithe ar fhoinsí inchreidte amhail meastóireachtaí frithpháirteacha, tuarascálacha measúnaithe mionsonraithe nó tuarascálacha leantacha foilsithe, ceanglais chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac atá ag teacht le Moltaí athbhreithnithe FATF agus a chuireann na ceanglais sin chun feidhme go héifeachtach.

IARSCRÍBHINN III

Tosca lena mbaineann riosca níos airde

Is liosta neamh-uileghabhálach de thosca agus de chineálacha fianaise a bhféadfadh riosca níos airde a bheith ag gabháil leo dá dtagraítear in Airteagal 16 an méid seo a leanas:

(1)Tosca riosca custaiméara:

(a)déantar an caidreamh gnó in imthosca neamhghnácha;

(b)custaiméirí atá ina gcónaí i limistéir gheografacha lena mbaineann riosca níos airde mar a leagtar amach i bpointe (3);

(c)daoine dlítheanacha nó socruithe ar ionstraimí sealbhaithe sócmhainní pearsanta iad;

(d)cuideachtaí a bhfuil scairshealbhóirí ainmnitheacha nó scaireanna i bhfoirm iompróra acu;

(e)gnóthaí atá dian ar airgead tirim;

(f)tá cuma neamhghnách nó an-chasta ar struchtúr úinéireachta na cuideachta, i bhfianaise chineál ghnó na cuideachta;

(g)is náisiúnach ó thríú tír é an custaiméir a dhéanann iarratas le haghaidh cearta cónaithe i mBallstát mar mhalartú ar aon chineál infheistíochta, lena n-áirítear aistrithe caipitil, maoin a cheannach nó a ligean ar cíos, infheistíocht a dhéanamh i mbannaí rialtais, infheistíocht a dhéanamh in eintitis chorparáideacha, tabhartas nó maoiniú a thabhairt do ghníomhaíocht a théann chun leasa an phobail agus ranníocaíochtaí le buiséad an stáit;

(2)Tosca riosca i dtaca le táirge, seirbhís, idirbheart nó bealach seachadta:

(a)baincéireacht phríobháideach;

(b)táirgí nó idirbhearta a d’fhéadfadh a bheith i bhfabhar neamhainmníochta;

(c)íocaíocht a fhaightear ó thríú páirtithe neamhaithnid nó neamhchomhlachaithe;

(d)táirgí nua agus cleachtais ghnó nua, lena n-áirítear sásraí nua seachadta, agus teicneolaíochtaí nua nó atá á bhforbairt a úsáid le haghaidh táirgí nua agus táirgí atá ann cheana;

(e)idirbhearta a bhaineann le hola, le hairm, le miotail lómhara, le táirgí tobac, le déantáin chultúrtha agus nithe eile a bhfuil tábhacht seandálaíochta, stairiúil nó chultúrtha agus reiligiúnach, nó tearcluach eolaíoch ag baint leo, chomh maith le heabhar agus speicis faoi chosaint;

(3)Tosca riosca geografacha:

(a)tríú tíortha faoi réir faireachán méadaithe nó atá sainaitheanta ag FATF ar bhealach eile i ngeall ar na laigí comhlíontachta ina gcórais AML/CFT;

(b)tríú tíortha atá sainaitheanta ag foinsí inchreidte/ próisis aitheanta, amhail meastóireachtaí frithpháirteacha, tuarascálacha measúnaithe mionsonraithe nó tuarascálacha leantacha foilsithe, nach bhfuil córais éifeachtacha AML/CFT acu;

(c)tríú tíortha atá sainaitheanta ag foinsí inchreidte/ próisis aitheanta go bhfuil leibhéil shuntasacha éillithe nó gníomhaíochta coiriúla eile acu;

(d)tríú tíortha faoi réir smachtbhannaí, trádbhac nó bearta dá samhail arna n-eisiúint, mar shampla, ag an Aontas nó na Náisiúin Aontaithe;

tríú tíortha a chuireann cistiú nó tacaíocht do ghníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta ar fáil nó ag a bhfuil eagraíochtaí sceimhlitheoireachta ag feidhmiú taobh istigh dá dtír.

(e)

IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

Treoir (AE) 2015/849

Treoir (AE) XXXX/XX [cuir isteach tagairt don togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid]

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

-

-

Airteagal 1(2)

-

-

Airteagal 1(3)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 1(4)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 1(5)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 1(6)

Airteagal 2, pointí (1) agus (2)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3

Airteagal 2(2)

Airteagal 4

Airteagal 2(3)

Airteagal 5(1)

Airteagal 2(4)

Airteagal 5(2)

Airteagal 2(5)

Airteagal 5(3)

Airteagal 2(6)

Airteagal 5(4)

Airteagal 2(7)

Airteagal 5(5)

Airteagal 2(8)

Airteagal 6

Airteagal 2(9)

Airteagal 4(3) agus Airteagal 5(6)

Airteagal 3, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (6)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 3, pointe (4)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 2, pointe (35)

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 2, pointe (22)

Airteagal 3, pointe (6) (a)

Airteagal 42(1)

Airteagal 3, pointe (6) (b)

Airteagal 43

Airteagal 3, pointe (6) (c)

Airteagal 42(2)

Airteagal 3, pointe (7)

Airteagal 2, pointe (7)

Airteagal 3, pointe (8)

Airteagal 2, pointe (19)

Airteagal 3, pointe (9)

Airteagal 2, pointe (25)

Airteagal 3, pointe (10)

Airteagal 2, pointe (26)

Airteagal 3, pointe (11)

Airteagal 2, pointe (27)

Airteagal 3, pointe (12)

Airteagal 2, pointe (28)

Airteagal 3, pointe (13)

Airteagal 2, pointe (16)

Airteagal 3, pointe (14)

Airteagal 2, pointe (8)

Airteagal 3, pointe (15)

Airteagal 2, pointe (29)

Airteagal 3, pointe (16)

Airteagal 2, pointe (15)

Airteagal 3, pointe (17)

Airteagal 2, pointe (20)

Airteagal 3, pointe (18)

Airteagal 2, pointe (13)

Airteagal 3, pointe (19)

-

-

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 5

-

-

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(2) agus (3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 7(1)

Airteagal 8(4)

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(5)

Airteagal 7(2) agus (3)

Airteagal 9

Airteagal 23

Airteagal 10

Airteagal 58

Airteagal 11

Airteagal 15

Airteagal 12

-

-

Airteagal 13(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 16(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 16(2)

Airteagal 13(4)

Airteagal 16(4)

Airteagal 13(5)

Airteagal 37

Airteagal 13(6)

Airteagal 18(3)

Airteagal 14(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 19(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 19(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 17

Airteagal 14(5)

Airteagal 21(2) agus (3)

Airteagal 15

Airteagal 27

Airteagal 16

Airteagal 27(1)

Airteagal 17

-

-

Airteagal 18(1)

Airteagal 28(1)

Airteagal 18(2)

Airteagal 28(2)

Airteagal 18(3)

-

Airteagal 28(3)

Airteagal 18(4)

-

-

Airteagal 18a(1)

Airteagal 28(4)

Airteagal 18a(2)

-

Airteagal 23(5) agus Airteagal 29, pointe (a)

Airteagal 18a(3)

Airteagal 23(5) agus Airteagal 29, pointe (b)

Airteagal 18a(4)

-

-

Airteagal 18a(5)

-

-

Airteagal 19

Airteagal 30

Airteagal 20

Airteagal 32

Airteagal 20a

Airteagal 33

Airteagal 21

Airteagal 34

Airteagal 22

Airteagal 35

Airteagal 23

Airteagal 36

Airteagal 24

Airteagal 31

Airteagal 25

Airteagal 38(1)

Airteagal 26

Airteagal 38

Airteagal 27

Airteagal 39

Airteagal 28

Airteagal 38(3)

Airteagal 29

-

-

Airteagal 30(1)

Airteagal 45(1) agus (3) agus Airteagal 49

Airteagal 30(2)

Airteagal 45(4)

Airteagal 30(3)

Airteagal 10(1)

Airteagal 30(4)

Airteagal 10(5)

Airteagal 30(5)

Airteagal 11 agus Airteagal 12(1)

Airteagal 30(5)a

Airteagal 12(2)

Airteagal 30(6)

Airteagal 11(1), (2) agus (3)

Airteagal 30(7)

Airteagal 45(2)

Airteagal 30(8)

Airteagal 18(4)

Airteagal 30(9)

Airteagal 13

Airteagal 30(10)

Airteagal 10(11) agus (12)

Airteagal 31(1)

Airteagail 43(1) agus 46(1) agus Airteagal 49

Airteagal 31(2)

Airteagal 46(2)

Airteagal 31(3)

Airteagal 46(3)

Airteagal 31(3a)

Airteagal 10(1)

Airteagal 48

Airteagal 31(4)

Airteagal 11 agus Airteagal 12(1)

Airteagal 31(4a)

Airteagal 12(2)

Airteagal 31(5)

Airteagal 10(5)

Airteagal 31(6)

Airteagal 18(4)

Airteagal 31(7)

Airteagal 45(2)

Airteagal 31(7a)

Airteagal 13

Airteagal 31(9)

Airteagal 10(11) agus (12)

Airteagal 31(10)

Airteagal 43(2)

Airteagal 31a

Airteagal 15(1)

Airteagal 32(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 32(2)

Airteagal 46(1)

Airteagal 32(3)

Airteagal 17(2), (4) agus (5)

Airteagal 32(4)

Airteagail 18(1) agus 19(1)

Airteagal 32(5)

Airteagal 19(1)

Airteagal 32(6)

Airteagal 19(2)

Airteagal 32(7)

Airteagal 20(1)

Airteagal 32(8)

Airteagal 17(3)

Airteagal 32(9)

Airteagal 18(4)

Airteagal 32a(1)

Airteagal 14(1)

Airteagal 32a(2)

Airteagal 14(2)

Airteagal 32a(3)

Airteagal 14(3)

Airteagal 32a(4)

Airteagal 14(4)

Airteagal 32b

Airteagal 16

Airteagal 33(1)

Airteagal 50(1)

Airteagal 33(2)

Airteagal 50(6)

Airteagal 34(1)

Airteagal 51(1)

Airteagal 34(2)

Airteagal 51(2)

Airteagal 34(3)

-

-

Airteagal 35

Airteagal 52

Airteagal 36

Airteagal 32

Airteagal 37

Airteagal 53

Airteagal 38

Airteagal 43(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 39

Airteagal 54

Airteagal 40

Airteagal 56

Airteagal 41

Airteagal 55

Airteagal 42

Airteagal 57

Airteagal 43

-

-

Airteagal 44(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 44(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 44(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 44(4)

Airteagal 9(6)

Airteagal 45(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 45(2)

-

-

Airteagal 45(3)

Airteagal 14(1)

Airteagal 45(4)

Airteagal 35

Airteagal 45(5)

Airteagal 14(2)

Airteagal 45(6)

Airteagal 14(3)

Airteagal 45(7)

Airteagal 14(4)

Airteagal 45(8)

Airteagal 13(2)

Airteagal 45(9)

Airteagal 5(1)

Airteagal 45(10)

Airteagal 5(2)

Airteagal 45(11)

Airteagal 5(3)

Airteagal 46(1)

Airteagal 10

Airteagal 46(2)

-

-

Airteagal 46(3)

Airteagal 21

Airteagal 46(4)

Airteagal 9

Airteagal 47(1)

Airteagal 4

Airteagal 47(2)

Airteagal 6(1)

Airteagal 47(3)

Airteagal 6(2)

Airteagal 48(1)

Airteagal 29(1)

Airteagal 48(1a)

Airteagal 29(5) agus Airteagal 46

Airteagal 48(2)

Airteagal 29(2) agus (5)

Airteagal 48(3)

Airteagal 29(6)

Airteagal 48(4)

Airteagail 33 agus 34

Airteagal 48(5)

Airteagail 33(4) agus 34(2)

Airteagal 48(6)

Airteagal 31(1)

Airteagal 48(7)

Airteagal 31(2)

Airteagal 48(8)

Airteagal 31(5)

Airteagal 48(9)

Airteagal 29(3)

Airteagal 48(10)

Airteagal 31(4)

Airteagal 49

Airteagal 45(1)

Airteagal 50

Airteagal 47

Airteagal 50a

Airteagal 45(3)

Airteagal 51

-

-

Airteagal 52

Airteagal 22

Airteagal 53

Airteagal 24

Airteagal 54

Airteagal 26

Airteagal 55

Airteagal 27

Airteagal 56

Airteagal 23(2) agus (3)

Airteagal 57

Airteagal 28

Airteagal 57a(1)

Airteagal 50(1)

Airteagal 57a(2)

Airteagal 50(2)

Airteagal 57a(3)

Airteagal 50(3)

Airteagal 57a(4)

Airteagail 33(1) agus 34(1) agus (3)

Airteagal 57a(5)

Airteagal 37

Airteagal 57b

Airteagal 51

Airteagal 58(1)

Airteagal 39(1)

Airteagal 58(2)

Airteagal 39(2)

Airteagal 58(3)

Airteagal 39(3)

Airteagal 58(4)

-

-

Airteagal 58(5)

Airteagal 39(4)

Airteagal 59(1)

Airteagal 40(1)

Airteagal 59(2)

Airteagail 40(2) agus 41(1)

Airteagal 59(3)

Airteagal 40(3)

Airteagal 59(4)

Airteagal 40(4)

Airteagal 60(1)

Airteagal 42(1)

Airteagal 60(2)

Airteagal 42(2)

Airteagal 60(3)

Airteagal 42(3)

Airteagal 60(4)

Airteagal 39(5)

Airteagal 60(5)

Airteagal 42(4)

Airteagal 60(6)

Airteagal 42(5)

Airteagal 61

Airteagal 43

Airteagal 62(1)

Airteagal 44(1)

Airteagal 62(2)

Airteagal 6(6)

Airteagal 62(3)

Airteagal 44(2)

Airteagal 63

-

-

Airteagal 64

Airteagal 60

Airteagal 64a

Airteagal 54

Airteagal 61

Airteagal 65

-

-

Airteagal 66

-

-

Airteagal 67

-

-

Airteagal 68

-

-

Airteagal 69

-

-

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

-

-