AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.7.2021
COM(2021) 418 final
2021/0235(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Tionscadail Giniúna Leictreachais Gualbhreoslaithe atá in Iarscríbhinn VI
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le cinneadh lena mbunaítear an seasamh a ghlacfaidh an gCoimisiún thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gComhaontú Earnála maidir le Tionscadail Giniúna Leictreachais Gualbhreoslaithe, dá ngairtear an Comhaontú Earnála Gualbhreoslaithe (‘CFSU’), atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (an ‘Socrú’).
Tá nuashonrú ar CFSU á phlé ar leibhéal na Rannpháirtithe sa Socrú, tar éis togra ón Aontas Eorpach a cuireadh isteach an 21 Aibreán 2021 (an ‘Togra’). Iarrtar sa Togra ar na Rannpháirtithe an Socrú a ailíniú lena spriocanna comhroinnte faoin aeráid – ós rud é gur shínigh na Rannpháirtithe go léir Comhaontú Pháras – trí rialacha CFSU a leasú chun deireadh a chur le haon deis tacaíochta i bhfoirm creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus i bhfoirm cabhair cheangailte faoi rialacha an tSocraithe le haghaidh honnmhairiú na ngléasraí cumhachta gualbhreoslaithe agus tionscadail ghaolmhara.
Ós rud é go bhfuil saincheisteanna a bhaineann leis an aeráid i dtreis, go háirithe an tsaincheist maidir le deireadh a chur le gual le haghaidh giniúint leictreachais de réir a chéile , d’fhéadfadh sé go mbeadh na Rannpháirtithe in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an tsaincheist sin roimh COP26 i mí na Samhna 2021. Go háirithe, tá uachtarán COP26 ag tathant ar na náisiúin deireadh a chur le giniúint cumhachta gualbhreoslaithe, agus an 21 Bealtaine 2021, gheall náisiúin G7 deireadh a chur le haon tacaíocht dhíreach nua ón rialtas a thabhairt do ghiniúint idirnáisiúnta cumhachta ó ghual teirmeach gan staonadh faoi dheireadh na bliana 2021, lena n‑áirítear trí Chúnamh Oifigiúil um Fhorbairt, maoiniú onnmhairiúcháin, infheistíocht, agus tacaíocht airgeadais agus cur chun cinn trádála. Ionas go leanfaidh an tAontas Eorpach de na huaillmhianta láidre atá aige a thaispeáint, tá sé ríthábhachtach go mbeidh an tAontas réidh le seasamh a ghlacadh maidir le comhaontú a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an tsaincheist sin i bhfad roimh COP26 a thionólfar ón 1 go dtí an 12 Samhain 2021.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil
Is comhaontú oinigh é an Socrú idir an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe, an Astráil, Ceanada, an Chóiré, an Eilvéis, an Iorua, an Nua-Shéalainn, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin agus an Tuirc, comhaontú a chuireann creat ar fáil creat a chur ar fáil lena bhféadfar creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a úsáid go rianúil. Ciallaíonn sé sin, sa chleachtas, cothroime iomaíochta a leagan síos (i gcás ina mbeidh an iomaíocht bunaithe ar phraghas agus ar cháilíocht na n‑earraí agus na seirbhísí a onnmhairítear agus gan ar na téarmaí airgeadais a chuirtear ar fáil), agus san am céanna obair chun deireadh a chur le fóirdheontais agus leis an saobhadh trádála a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Is i mí Aibreáin 1978 a tháinig an Socrú i bhfeidhm, beidh sé i bhfeidhm go ceann tréimhse éiginnte, agus cé go bhfaigheann sé tacaíocht riaracháin ó Rúnaíocht ECFE, ní Gníomh de chuid ECFE é.
Is socrú é atá faoi réir nuashonruithe rialta lena gcuirtear san áireamh an margadh airgeadais agus forbairtí beartais a dhéanann difear do sholáthar creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Rinneadh an Socrú a thrasuí, agus dá bhrí sin, le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rinneadh ceangailteach é ó thaobh an dlí de san Aontas . Trí bhíthin Gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo, déantar athbhreithnithe ar théarmaí agus ar choinníollacha an tSocraithe a ionchorprú i ndlí an Aontais.
2.2.Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil
Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais i gcruinnithe de chuid Rannpháirtithe sa Socrú , agus sna nósanna imeachta i scríbhinn freisin le haghaidh cinnteoireacht a dhéanann Rannpháirtithe sa Socrú. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí maidir le gach leasú a dhéantar ar an Socrú. Glacann an Chomhairle seasamh an Aontais agus pléann na Ballstáit é i Meitheal na Comhairle um Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag na Rannpháirtithe in CFSU
Chomhaontaigh na Rannpháirtithe CFSU den chéad uair in 2016 chun onnmhaireoirí agus ceannaitheoirí a spreagadh le deireadh a chur le gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe a raibh éifeachtúlacht íseal ag baint leo. Is éard atá in CFSU rialacha earnáilsonracha mar aon le téarmaí agus coinníollacha cothrománacha an tSocraithe. Ní cheadaítear leis an Socrú ach mórghléasraí (os cionn 500 MW) a mhaoiniú ar mórghléasraí iad a bhfuil ‘teicneolaíocht shár-fhorchriticiúil’ nó déine íseal astaíochtaí (faoi bhun 750 g CO2/kWh den leictreachas a tháirgtear) acu agus i gcás na ngléasraí níos lú nach gcomhlíonann caighdeáin ardéifeachtúlachta, déantar maoiniú na ngléasraí sin a theorannú do na tíortha atá incháilithe le haghaidh acmhainní ón gChomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta.
Áirítear clásal athbhreithnithe in CFSU arb é is cuspóir dó na téarmaí agus na coinníollacha a neartú a thuilleadh. Foráiltear in Airteagal 6, pointe (a), ‘go ndéanfar athbhreithniú ar an gComhaontú Earnála seo tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2020, athbhreithniú arb é is cuspóir dó na téarmaí agus na coinníollacha a neartú a thuilleadh sa dara céim a thosóidh tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021, d‘fhonn cur leis an sprioc choiteann chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus leanúint de bheith ag cur deireadh de réir a chéile le tacaíocht oifigiúil do ghléasraí cumhachta gualbhreoslaithe , lena n‑áirítear úsáid gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe nach bhfuil chomh héifeachtúil sin a laghdú’. Go háirithe, foráiltear in Airteagal 6, pointe (b), ‘Cuirfidh an t‑athbhreithniú an méid seo a leanas san áireamh: 1) Na tuarascálacha is déanaí ar eolaíocht aeráide, agus na himpleachtaí le haghaidh cinntí infheistíochta i mbonneagar domhanda i ngeall ar an sprioc leanúnach an téamh domhanda a theorannú go dtí leibhéal atá aoi bhun 2 chéim Celsius níos airde ná na leibhéil teochta réamhthionsclaíocha’.
Ó glacadh CFSU in 2016, léirigh anailís shuntasach luas tapa agus méid na hiarrachta atá ag teastáil chun deireadh a chur de réir a chéile le giniúint cumhachta ó ghual teirmeach má tá an téamh le coinneáil faoi bhun 2°C: tá cásanna éagsúla comhsheasmhach den chuid is mó maidir leis an ngá atá le beagnach gach gléasra cumhachta gualbhreoslaithe a dhúnadh roimh 2040. Mar sin féin, faoi rialacha CFSU a glacadh in 2016, is féidir tacaíocht dhíreach agus indíreach a thabhairt fós do ghléasraí cumhachta gualbhreoslaithe. Mar sin, tagann ceist chomhsheasmhachta chun cinn. Tá Meitheal na Comhairle um Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin ag obair ó 2020 i leith ar thogra chun athbhreithniú a dhéanamh ar CFSU chun aghaidh a thabhairt ar an gceist sin.
3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais
Chuir an Coimisiún Eorpach, thar ceann an Aontais, Togra le haghaidh hathbhreithniú ar CFSU faoi bhráid na Rannpháirtithe sa Socrú an 21 Aibreán 2021 , ar togra é a pléadh i dtús báire agus a glacadh i Meitheal na Comhairle um Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin. Foráiltear sa Togra go gcuirfear deireadh de réir a chéile le maoiniú onnmhairiúcháin le haghaidh na hearnála cumhachta gualbhreoslaithe Go sonrach, iarrann sé go gcuirfear deireadh láithreach leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus le cabhair cheangailte le haghaidh an mhéid seo a leanas:
–onnmhairiú gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe nua agus codanna díobh,
–trealamh a sholáthar do ghléasraí giniúna leictreachais gualbhreoslaithe gan staonadh atá ann cheana mura rud é gurb é cuspóir an trealaimh arna sholáthar é laghdú ar thruailliú agus nach cuirtear fad ama le saolré úsáidte an ghléasra ná ní chuirtear lena acmhainneacht leis, agus
–onnmhairiú earraí agus seirbhísí a bhaineann le forbairt, tógáil nó méadú mianadóireachta guail theirmigh agus le haon chineál iompair a úsáidtear go príomha chun gual teirmeach a bhogadh.
Is é is aidhm don togra seo an bhearna a líonadh idir tiomantas na Rannpháirtithe spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus forálacha CFSU lena bhféadfar tacú fós le honnmhairiú gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe agus leis an slabhra luacha domhanda um ghiniúint cumhachta ó ghual teirmeach Tá an togra ag teacht go hiomlán le tosaíochtaí beartais an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, an 25 Eanáir 2021, d’iarr Comhairle an Aontais Eorpaigh ina Conclúidí maidir le taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh go gcuirfí deireadh de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise atá díobhálach don chomhshaol ar feadh tréimhse shoiléir agus go ndéanfaí aistriú cobhsaí cóir i dtreo aeráidneodrachta, lena n‑áirítear deireadh a chur de réir a chéile le húsáid guail gan staonadh i dtáirgeadh fuinnimh agus – mar chéim thosaigh – deireadh a chur láithreach le gach maoiniú do bhonneagar nua le haghaidh guail i dtríú tíortha.
Ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh lucht creidmheasanna onnmhairiúcháin ECFE cuspóirí an bheartais aeráide a aistriú chuig rialacha an tSocraithe agus chuig bearta praiticiúla ar bhealach leordhóthanach, féachfaidh an tAontas Eorpach le teacht ar chomhaontú maidir le deireadh a chur leis an gcumhacht gualbhreoslaithe sna cruinnithe a bheidh ann amach anseo. Is cinnte go mbeidh roinnt Rannpháirtithe eile ag déanamh a seacht ndíchill chun an sprioc sin a bhaint amach freisin (go príomha, an Ríocht Aontaithe, Ceanada agus na Stáit Aontaithe) agus d’fhógair rannpháirtithe eile (an Chóiré agus an tSeapáin) i mbliana go gcuirfidís deireadh le tacaíocht do ghiniúint idirnáisiúnta cumhachta ó ghual teirmeach gan staonadh Má bhíonn toradh dearfach ar an gcaibidlíocht, d’fhéadfadh sé go n‑iarrfaí ar na Rannpháirtithe modhnuithe a ghlacadh ar CFSU – agus go nglacfaí modhnuithe ar roinnt airteagal den Socrú chun an t‑athbhreithniú ar CFSU a léiriú freisin – le linn ceann dá gcéad seisiún eile, rud a d’fhéadfadh tarlú ag cruinniú urghnách de na Rannpháirtithe roimh COP26, i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair 2021. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh an tAontas Eorpach in ann seasamh a ghlacadh go tráthúil maidir leis an athbhreithniú ar CFSU.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóirí an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
D'fhéadfadh an gníomh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar inneachar reachtaíocht an Aontais, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle. De bharr Airteagal 2 den Rialachán seo, ina sonraítear go [n]déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 3 chun Iarscríbhinn II a leasú mar thoradh ar leasuithe ar na treoirlínte arna gcomhaontú ag Rannpháirtithe sa Socrú’. Áirítear leis sin leasuithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Socrú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is le creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhaineann príomhchuspóir agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe, gníomh a thagann faoi raon feidhme an chomhbheartais thráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach atá leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE ba cheart a bheith ina bunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
2021/0235 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Tionscadail Giniúna Leictreachais Gualbhreoslaithe atá in Iarscríbhinn VI
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’), lena n‑áirítear an Comhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Tionscadail Giniúna Leictreachais Gualbhreoslaithe (‘CFSU’) atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis , rinneadh iad a thrasuí, agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach iad ó thaobh an dlí de san Aontas Eorpach le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 6 de CFSU, ba cheart do na rannpháirtithe sa Socrú (na ‘Rannpháirtithe’) athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú Earnála agus é mar chuspóir acu na téarmaí agus na coinníollacha a neartú a thuilleadh d’fhonn rannchuidiú leis an sprioc choiteann aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus leanúint de bheith ag cur deireadh de réir a chéile leis an tacaíocht oifigiúil le haghaidh gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe.
(3)Ba cheart an cinneadh atá beartaithe maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar CFSU a bheith i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh de bhun Chomhaontú Pháras agus bheartas aeráide an Aontais.
(4)Ina Conclúidí maidir le taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh an 25 Eanáir 2021, d’iarr Comhairle an Aontais Eorpaigh go gcuirfí deireadh de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise, ar fud an domhain, atá díobhálach don chomhshaol ar feadh tréimhse shoiléir agus go ndéanfaí aistriú cobhsaí cóir i dtreo aeráidneodrachta ar fud an domhain, lena n‑áirítear deireadh a chur de réir a chéile le húsáid guail gan staonadh i dtáirgeadh fuinnimh agus – mar chéim thosaigh – deireadh láithreach a chur leis an maoiniú uile do bhonneagar nua le haghaidh guail i dtríú tíortha.
(5)Is iomchuí an seasamh a bhunú a ghlacfar thar ceann an Aontais maidir leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Giniúint Leictreachais Ghualbhreoslaithe, de bhrí go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ó Rannpháirtithe an tSocraithe ceangailteach ar an Aontas, agus beidh sé in ann tionchar cinntitheach a bheith aige ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i ndáil leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Tionscadail Giniúna Leictreachais Gualbhreoslaithe in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil.
Airteagal 2
Modhnuithe ar Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, ar modhnuithe iad atá i gcomhréir le beartas na hIarscríbhinne, d'fhéadfadh na hionadaithe na modhnuithe sin a chomhaontú thar ceann an Aontais gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 3
I gcás ina ndéantar tograí nua maidir leis an ábhar atá san Iarscríbhinn ag cruinniú de na Rannpháirtithe, nó roimhe sin, ar tograí iad nach bhfuil seasamh ag an Aontas ina leith go fóill, déanfar seasamh an Aontais a shonrú trí chomhordú an Aontais sula nglaofar ar na Rannpháirtithe leasú ar an Socrú a ghlacadh. Sna cásanna sin, beidh seasamh an Aontais i gcomhréir le beartais agus le reachtaíocht atá ann cheana.
Airteagal 4
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.7.2021
COM(2021) 418 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Tionscadail Giniúna Leictreachais Gualbhreoslaithe atá in Iarscríbhinn VI
IARSCRÍBHINN
TOGRA
Is é seasamh an Aontais Eorpaigh tacú leis an méid seo a leanas:
(1)deireadh láithreach a chur le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus cabhair cheangailte a sholáthar le haghaidh na nithe seo a leanas:
(a)Tionscadail nua giniúna leictreachais ghualbhreoslaithe, nó codanna díobh a onnmhairiú.
Tionscadail giniúna leictreachais ghualbhreoslaithe a bhaineann le gléasraí cumhachta iomlána, nó codanna díobh, atá breoslaithe ag gual; áirítear leo na comhchodanna, an trealamh, na hábhair agus na seirbhísí uile (lena n‑áirítear oiliúint don phearsanra) atá ag teastáil go díreach chun gléasraí cumhachta den sórt sin a thógáil agus a choimisiúnú.
(b)Trealamh a sholáthar do ghléasraí giniúna leictreachais ghualbhreoslaithe atá ann cheana, mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(i)Is é an laghdú ar thruailliú is cuspóir don trealamh a sholáthraítear.
(ii)Ní chuirtear fad ama le saolré úsáidte an ghléasra ná ní chuirtear lena acmhainneacht mar thoradh ar an trealamh a sholáthraítear.
(2)deireadh láithreach a chur le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus cabhair cheangailte a sholáthar le haghaidh onnmhairiú na n‑earraí agus na seirbhísí a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a)Mianadóireacht guail theirmigh a fhorbairt nó a mhéadú agus mianaigh a thógáil. Áirítear leis sin taiscéalaíocht, eastóscadh agus táirgeadh guail theirmigh agus an bonneagar a bhaineann leis.
(b)Aon chineál iompair (lena n‑áirítear modhanna iompair agus bonneagar a bhaineann leo) a úsáidtear go príomha chun gual teirmeach a bhogadh.
Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (a) agus (b), maidir le tionscadail giniúna leictreachais ghualbhreoslaithe a thagann faoi raon feidhme Fhoscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Fuinneamh In‑athnuaite, Maolú ar an Athrú Aeráide agus Oiriúnú don Athrú Aeráide, agus Tionscadail Uisce (Iarscríbhinn IV) agus a chomhlíonann coinníollacha in Fhoscríbhinn II Is iad na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a bheidh infheidhme maidir le tionscadail den sórt sin na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
Beidh feidhm ag mír 2, pointí (a) agus (b), maidir le honnmhairí uile na n‑earraí agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an Socrú, agus nuair a chumhdaítear iad le Comhaontuithe Earnála freisin.
Mar gheall ar chur chun feidhme an togra seo, d’fhéadfadh athruithe teacht ar an gComhaontú Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin do Thionscadail Giniúna Leictreachais Ghualbhreoslaithe atá in Iarscríbhinn VI, agus chomh maith leis sin, d’fhéadfadh athruithe teacht ar fhorálacha an tSocraithe maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, go háirithe Airteagal 6 de.