AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,15.7.2021
COM(2021) 399 final
2021/0219(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Forais agus cuspóirí an togra
Ní mór do gach gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) ‘faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ a sholáthar i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE. Cuidíonn an fhaisnéis maidir le beartas cuspóirí agus infheistíochta, próifíl riosca agus luaíochta, muirir, feidhmíocht roimhe seo agus sonraí praiticiúla eile le hinfheisteoirí sainghnéithe GCUInna a thuiscint agus cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh. Sonraítear in Airteagail 78 go 82, agus 94 den Treoir príomhphrionsabail na faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir. Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 583/2010 ón gCoimisiún rialacha breise maidir lena hábhar agus lena formáid.
Cáilíonn GCUInna mar tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, lena gceanglaítear go mbeidh ‘doiciméad faisnéise bunriachtanaí’ ag gabháil le gach PRIIP. Áirítear sa doiciméad faisnéis maidir le próifíl riosca agus luaíochta PRIIP, lena n‑áirítear caillteanas uasta féideartha an chaipitil arna infheistiú agus cásanna feidhmíochta iomchuí, na costais a bheidh ar infheisteoirí a iompar agus infheistíocht á déanamh acu ann, agus sonraí eile. Arís eile, cuidíonn an fhaisnéis sin le hinfheisteoirí miondíola sainghnéithe an táirge a thuiscint agus cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh. Leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún na rialacha sonracha maidir le cur i láthair, ábhar, athbhreithniú, athcheartú agus soláthar an doiciméid. Leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1904 na rialacha maidir leis an idirghabháil táirgí.
Le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, déantar foráil maidir leis an socrú idirthréimhseach trína bhfuil díolúine shealadach ag cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh, ón gceanglas doiciméid faisnéise bunriachtanaí a sholáthar d’infheisteoirí. Tá feidhm ag an socrú faoi láthair go dtí an 31 Nollaig 2021.
Tá dhá bheart eile ag gabháil leis an Treoir seo. Ar an gcéad dul síos, tá an Coimisiún ag moladh go gcuirfear síneadh leis an socrú idirthréimhseach i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 go dtí an 30 Meitheamh 2022. Ar an gcaoi sin, beidh an t‑am is gá ann chun ullmhú le haghaidh dheireadh an tsocraithe idirthréimhsigh agus chun an beart eile a chur chun feidhme (lena mbaineann leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653) ón 1 Iúil 2022. Dá bhrí sin, sioncrónaítear trí bheart i dtéarmaí dátaí cur i bhfeidhm.
Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, ón 1 Iúil 2022, gheobhadh infheisteoirí miondíola in GCUI doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 mar aon le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE. Is inmhianaithe cás a sheachaint ina bhfaigheadh infheisteoirí miondíola dhá dhoiciméad nochta réamhchonarthacha éagsúla i ndáil leis an GCUI céanna. Áirithítear leis an Treoir seo go measfar go gcomhlíonann doiciméad faisnéise bunriachtanaí arna dhréachtú, arna sholáthar, arna athbhreithniú agus arna aistriú le haghaidh GCUI ar leith i gcomhréir leis an Rialachán, na ceanglais maidir le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir faoi Threoir 2009/65/CE.
Ní thagann an tionscnamh seo faoin gclár um oiriúnacht rialála (REFIT).
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Sonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 cur i láthair agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí le haghaidh PRIIPanna, formáid chaighdeánaithe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, an mhodheolaíocht le haghaidh chur i láthair an riosca agus na luaíochta agus na costais a ríomh mar aon leis na coinníollacha agus an íosmhinicíocht chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus na coinníollacha maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil d'infheisteoirí miondíola. Chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) dréachtleasuithe isteach go comhpháirteach ar na caighdeáin theicniúla rialála sa Rialachán, lena n‑áirítear coigeartuithe teicniúla chun cur i bhfeidhm na rialacha a ghabhann le GCUInna a éascú.
Féachann an togra seo lena áirithiú go measfar go gcomhlíonann na doiciméid faisnéise bunriachtanaí a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 na ceanglais maidir le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir le haghaidh GCUInna in Airteagal 78 go 82, agus 94 de Threoir 2009/65/CE.
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is é an phríomhthosaíocht atá ag an gCoimisiún geilleagar an Aontais a neartú agus infheistíocht a spreagadh chun poist a chruthú sna 27 mBallstát, trí mhargadh aonair níos doimhne le haghaidh caipitil – nó aontas na margaí caipitil (CMU) a chruthú. Is féidir a bheith ag súil go rachaidh reachtaíocht níos fearr d’infheisteoirí miondíola chun tairbhe i réimsí beartais eile ina bhfuil ról tábhachtach ag idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí.
Is é is aidhm don togra seo cás a sheachaint ina gcuirfí dhá dhoiciméad nochta réamhchonarthacha éagsúla ar fáil d’infheisteoirí miondíola i ndáil leis an GCUI céanna. Leis an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, cuirfear ar chumas infheisteoirí miondíola sainghnéithe eacnamaíocha agus dlíthiúla GCUInna a chur i gcomparáid le sainghnéithe PRIIPanna. Maidir leis an nochtadh réamhchonarthach, ní bheidh ar mhonaróirí agus ar dhaoine a dhíolann GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ach na hoibleagáidí dlíthiúla faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a chomhlíonadh. Rannchuidíonn an togra seo le margaí caipitil níos comhtháite a fhorbairt trína dhéanamh níos éasca d’infheisteoirí, do bhainisteoirí cistí agus, mar thoradh air sin, do chuideachtaí a bhfuil infheistíocht déanta acu tairbhe a bhaint as an margadh aonair.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arb é an bunús dlí é le Treoir 2009/65/CE.
Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar síos in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). De réir leis phrionsabail sin, ní fhéadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a dhéanamh ach amháin mura féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach agus iad ag gníomhú leo féin.
Tá gá le hidirghabháil an Aontais chun fáil réidh leis na bacainní atá ar an margadh inmheánach do sheirbhísí agus táirgí airgeadais, trí chur chuige aonfhoirmeach a thabhairt isteach maidir le nochtadh faisnéise a bhaineann le PRIIPanna. Is féidir an fhadhb a sainaithníodh (dhá dhoiciméad nochta réamhchonarthacha éagsúla i ndáil leis an GCUI céanna) a réiteach ar leibhéal an Aontais amháin, ós rud é nach mór aon leasú ar Threoir 2009/65/CE a dhéanamh trí thogra ón gCoimisiún.
Comhréireacht
Comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tá gá leis na bearta atá beartaithe chun na hiarmhairtí a bhaineann le cur i bhfeidhm comhthreomhar Threoir 2009/65/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a laghdú.
Tá gá leis an ngníomhaíocht seo ón Aontas chun a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla agus monaróirí PRIIPanna rialacha PRIIPanna i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun oibriú rianúil an mhargaidh aonair le haghaidh cistí infheistíochta a áirithiú. Laghdóidh an togra an t‑ualach comhlíonta agus na costais ar GCUInna tríd an dúbailt i nochtadh réamhchonarthach, ceanglais throma, agus an chastacht nach bhfuil gá léi agus an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaint.
An rogha ionstraime
Is é an cuspóir atá ann deireadh a chur le bacainní trí Threoir a leasú. Dá bhrí sin, is é Treoir an ionstraim is iomchuí.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Níl measúnú tionchair ar leithligh ag gabháil leis an togra seo, ós rud é go ndearnadh measúnú tionchair cheana féin le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, lena gcumhdaítear GCUInna freisin. Ní chruthaítear leis an togra oibleagáidí nua le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.
Cuirtear chun cinn sa togra na cearta a chumhdaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. Is é an príomhchuspóir cearta tomhaltóirí a neartú (Airteagal 38 den Chairt) agus an ceart seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát (Airteagal 15(2) den Chairt).
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl tionchar buiséadach ag an togra ar an gCoimisiún.
5.EILIMINTÍ EILE
Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Leis an athbhreithniú a dhéanfaidh an Coimisiún ar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, mar chuid den straitéis infheistíochta Miondíola atá le teacht, cuirfear san áireamh cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos sa Rialachán. Beidh comhairliúchán poiblí agus pléití le ÚBE, ESMA, ÚEÁPC agus údaráis inniúla na mBallstát ina lón eolais dó.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Cuirtear isteach leis an togra seo Airteagal 82a nua i dTreoir 2009/65/CE. Leagtar síos leis an Airteagal ar bhealach soiléir, beacht agus neamhchoinníollach, i gcás ina ndéantar doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, a sholáthar, a athbhreithniú agus a aistriú le haghaidh GCUI de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, ba cheart a mheas go gcomhlíonann sé na ceanglais is infheidhme maidir le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir chun críoch na Treorach sin.
.
2021/0219 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagal 78 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirtear de cheangal ar chuideachtaí infheistíochta agus ar chuideachtaí bainistíochta doiciméad gearr a tharraingt suas ina mbeidh faisnéis bhunriachtanach maidir le sainghnéithe gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) a thairgtear d’infheisteoirí (‘doiciméid faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir’ nó ‘KIID’) chun go bhféadfaidh na hinfheisteoirí sin tuiscint réasúnta a bheith acu ar chineál agus rioscaí an GCUI lena mbaineann, agus cinntí infheistíochta a dhéanamh ar bhonn eolasach dá réir sin.
(2)Le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirtear de cheangal ar mhonaróirí táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna), an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas don táirge sin, sula gcuirtear PRIIP ar fáil d'infheisteoirí miondíola d'fhonn a chur ar chumas infheisteoirí miondíola príomhghnéithe agus rioscaí PRIIP lena mbaineann a thuiscint agus a chur i gcomparáid le chéile (‘doiciméad faisnéise bunriachtanaí’ nó ‘KID’).
(3)Cáilíonn GCUInna freisin mar PRIIPanna, a bhfuil ‘KID’ ag teastáil ina leith de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. Mar sin féin, le hAirteagal 32(1) den Rialachán sin, na cuideachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2009/65/CE, cuideachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sin agus daoine a dhíolann aonaid GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh, tá díolúine acu ó na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán sin, agus ó ‘KID’ a tháirgeadh dá réir sin, go dtí an 31 Nollaig 2021 (‘an socrú idirthréimhseach’).
(4)Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún, forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair agus ábhar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí, le formáid caighdeánaithe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, leis an modheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta agus chun na costais a ríomh, mar aon leis na coinníollacha agus an íosmhinicíocht i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus na coinníollacha maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil d'infheisteoirí miondíola.
(5)An [IO cuir isteach an dáta], ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) …/2021 ón gCoimisiún, lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún, inter alia, chun go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta, agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh úsáid a bhaint as cur i láthair, ábhar agus formáid caighdeánaithe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Mar sin féin, socraíodh an 1 Iúil 2022 mar dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021 chun a ndóthain ama a thabhairt do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ullmhú do dheireadh an tsocraithe idirthréimhsigh agus don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh dá réir sin. Ós rud é gur socraíodh an 1 Iúil 2022 mar dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021, agus ós rud é go bhfuil gá lena áirithiú go mbeidh deireadh an tsocraithe idirthréimhsigh i gcomhthráth le dáta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021, leasaíodh Rialachán Uimh. 1286/2014 cheana féin le Rialachán (AE) .../2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach go dtí an 30 Meitheamh 2022.
(6)Cumhdaítear na ceanglais chéanna faisnéise leis an ‘bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ a cheanglaítear le hAirteagal 78 de Threoir 2009/65/CE agus leis na ‘doiciméid faisnéise bunriachtanaí’ a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. Dá bhrí sin, is iomchuí a sheachaint go bhfaigheadh infheisteoirí miondíola in PRIIPanna ar spéis leo aonaid GCUInna a fháil, an dá dhoiciméad i ndáil leis an táirge airgeadais céanna, amhail ón 1 Iúil 2022. Ba cheart, dá bhrí sin, a leagan síos go measfar go gcomhlíonann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí na ceanglais is infheidhme maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a cheanglaítear le Treoir 2009/65/CE.
(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/65/CE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I dTreoir 2009/65/CE, cuirtear an tAirteagal 82a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 82a
Faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir arna soláthar trí dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí
I gcás ina ndéanfaidh cuideachta infheistíochta nó, le haghaidh aon cheann de na cistí coiteanna atá á mbainistiú aici, cuideachta bainistíochta doiciméid faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, a sholáthar, a athbhreithniú agus a aistriú a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh doiciméid faisnéise bunriachtanaí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, áiritheoidh na Ballstáit go measfaidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí na ceanglais is infheidhme maidir leis an bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir mar a leagtar amach in Airteagail 78 go 82 agus Airteagal 94 den Treoir seo.
_____________________
*
Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).’.
Airteagal 2
1.Na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2022.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2.A luaithe a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas, in am trátha chun a bharúlacha a thíolacadh, faoi aon dréachtaí de na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá beartaithe acu a ghlacadh sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán