AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.7.2021
COM(2021) 376 final
2021/0189(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE,
maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
(An Ciste Eorpach Cosanta)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i gcomhar leis an gCinneadh ón gComhchoiste a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
2.Comhthéacs an togra
2.1.Comhaontú LEE
Leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach le haghaidh saoránach agus oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud na 30 Stát in LEE ina bhfuil Ballstáit an Aontais, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Thairis sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint tomhaltóirí, turasóireacht agus cultúr, a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí sa Chomhaontú é an tAontas Eorpach in éineacht lena Bhallstáit.
2.2.Comhchoiste LEE
Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí ón gComhchoiste. I gcomhréir le Conradh Liospóin, is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí atá freagrach as ábhair LEE a chomhordú ar thaobh an Aontais.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE
Táthar ag súil go nglacfaidh Comhchoiste LEE an Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse.
Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun rannpháirtíocht Stáit CSTE LEE sa Chiste Eorpach Cosanta a chumhdach. Dá bhrí sin, déanfar Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 a ionchorprú i gComhaontú LEE.
Measann Stáit CSTE LEE go dtagann ábhair chosanta lasmuigh de raon feidhme Chomhaontú LEE, agus dá bhrí sin nach leathnaítear raon feidhme Chomhaontú LEE le glacadh an Chinnidh seo chun ábhair chosanta lasmuigh de rannpháirtíocht Stáit CSTE LEE sa Chiste Eorpach Cosanta a chumhdach.
Ós rud é nár léirigh Lichtinstéin ná an Íoslainn gur spéis leo a bheith rannpháirteach sa Chiste Eorpach Cosanta, baineann an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE leis an Iorua amháin.
I gcomhréir le beartas buiséadach an Aontais, ní féidir a bheith rannpháirteach in aon chor i ngníomhaíocht de chuid an Aontais go dtí go n‑íocfar an ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach. Is féidir an ranníocaíocht a dhéanamh, áfach, tar éis ghlacadh an dréacht-Chinnidh seo ón gComhairle agus tar éis don Choimisiún Eorpach glao an Aontais ar chistí a bhunú agus é a chur faoi bhráid Stáit CSTE LEE.
Dá bhrí sin, chun an bhearna a líonadh le haghaidh na tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an t‑am a gheofar an ranníocaíocht thuasluaite, beidh feidhm chúlghabhálach ag an dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh. Leis an éifeacht chúlghabhálach sin, ní dhéantar difear do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann, agus déantar prionsabal an ionchais dhlisteanaigh a urramú.
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Cuireann an Coimisiún an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Tá súil ag an gCoimisiún é a chur i láthair Chomhchoiste LEE a luaithe is féidir.
Maidir le hábhar agus cineál dhréacht an Chinnidh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal, téitear thar an méid ar féidir a mheas mar oiriúnuithe teicniúla de réir Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle. Is í an Chomhairle, dá bhrí sin, a bhunóidh seasamh an Aontais.
4.Bunús dlí
4.1.An bunús dlí atá leis an nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, eadhon Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí atá leis an nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí áirithe a áireamh sa bhunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Comhfhreagróidh an bunús dlí substainteach atá leis an gcinneadh atá beartaithe don bhunús dlí substainteach atá leis an ngníomh dlí a dhéanann sé a ionchorprú i gComhaontú LEE.
Tá sé d’aidhm ag an gCiste Eorpach Cosanta iomaíochas agus nuálaíocht bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta an Aontais a chothú trí thacú le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha atá dírithe ar an gcosaint. Dá réir sin, tá Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 bunaithe ar na teidil ‘Tionscal’ agus ‘Taighde agus forbairt theicneolaíoch agus an spás’ den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (Airteagail 173, 182, 183 agus 188).
Dá bhrí sin, tá na forálacha seo a leanas sa bhunús dlí substainteach atá leis an gcinneadh atá beartaithe: Airteagal 173(3), Airteagal 182(4), Airteagal 183, agus an dara mír d’Airteagal 188 CFAE.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 173(3), Airteagal 182(4), Airteagal 183 an dara mír d’Airteagal 188 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a bheith ina mbunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.
5.Impleachtaí Buiséadacha
Déanfaidh an Iorua ranníocaíochtaí i leith Bhuiséad an Aontais. Socrófar an méid cruinn i gcomhréir le forálacha Chomhaontú LEE, tar éis ghlacadh an dréacht-Chinnidh seo ón gComhairle.
6.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, ós rud é go leasófar é le gníomh Chomhchoiste LEE is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2021/0189 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE,
maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
(An Ciste Eorpach Cosanta)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3), Airteagal 182(4), Airteagal 183, agus an dara mír d’Airteagal 188 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.
(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú, Prótacal ina bhfuil forálacha maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse.
(3)Tá Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 (maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, (maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse), beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.7.2021
COM(2021) 376 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE,
maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
(An Ciste Eorpach Cosanta)
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE
Uimh. […]
an […]
lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 a chumhdach.
(2)Maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE sna gníomhaíochtaí atá mar thoradh ar Rialachán (AE) 2021/697, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 1 Eanáir 2021, gan beann ar an tráth a ghlacfar an Cinneadh seo nó má thugtar fógra maidir le comhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2021.
(3)Ba cheart d’eintitis a bunaíodh i Stáit CSTE a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí lena gcuirfear tús roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí sin, a chuirfear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, féadfar iad a mheas a bheith incháilithe faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis na costais a thabhaíonn eintitis a bunaíodh i mBallstáit an Aontais ar choinníoll go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta lena mbaineann.
(4)I gComhaontú LEE agus go háirithe in Airteagal 81 de, leagtar amach coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE agus a n‑institiúidí, a ngnóthas, a n‑eagraíochtaí agus a náisiúnach i gcláir an Aontais Eorpaigh.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin chun go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ón 1 Eanáir 2021,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas le mír 5 d’Airteagal 1 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘-32021 R 0697: Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).
Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a chuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, féadfar iad a mheas a bheith incháilithe amhail ó thús na gníomhaíochta faoin gcomhaontú deontais nó cinneadh deontais lena mbaineann ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh Uimh. XX/2021 ó Chomhchoiste LEE an xx 2021 [an Cinneadh seo] i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta.
Díolmhófar an Íoslainn agus Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach sa chlár seo agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
[…]
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
[…]
Dearbhú ó Stáit CSTE
i ndáil le Cinneadh Uimh. […] an xx 2021 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE chun comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun rannpháirtíocht Stáit CSTE sa Chiste Eorpach Cosanta a chumhdach
[lena ghlacadh leis an gCinneadh agus lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil]
Leis an gCinneadh seo leathnaítear comhar na bPáirtithe Conarthacha chun rannpháirtíocht Stáit CSTE sa Chiste Eorpach Cosanta a chumhdach. Measann Stáit CSTE go dtagann ábhair chosanta lasmuigh de raon feidhme Chomhaontú LEE, agus dá bhrí sin nach leathnaítear raon feidhme Chomhaontú LEE le glacadh an Chinnidh seo chun ábhair chosanta lasmuigh de rannpháirtíocht Stáit CSTE sa Chiste Eorpach Cosanta a chumhdach. Cuireann Stáit CSTE i dtábhacht freisin nach mbeidh an Íoslainn ná Lichtinstéin rannpháirteach sa Chiste Eorpach Cosanta ná nach ndéanfaidh siad ranníocaíochtaí ina leith.