AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.7.2021
COM(2021) 356 final
2021/0176(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, a mhéid a bhaineann le srianta ar an rochtain ar uiscí an Aontais
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, bunaítear maolú maidir le crios 12 mhuirmhíle na mBallstát (uiscí teorann) ón riail ghinearálta maidir le comhrochtain shoithí iascaireachta an Aontais ar uiscí agus ar acmhainní an Aontais a leagtar amach in Airteagal 5(1) den Rialachán sin. Leis an maolú sin údaraítear do na Ballstáit iascaireacht sa chrios 12 mhuirmhíle sin a shrianadh do shoithí áirithe. Maidir leis na srianta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm ar bhonn an mhaolaithe, chuir siad laghdú ar an mbrú iascaireachta sna limistéir is íogaire ó thaobh na bitheolaíochta de agus chuir siad leis an gcobhsaíocht eacnamaíoch do ghníomhaíochtaí cósta ar an mionchóir.
Bunaítear le hAirteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maolú comhchosúil le haghaidh uiscí suas le 100 muirmhíle ó bhonnlínte na réigiún is forimeallaí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 349 den Chonradh. Leis an maolú ceadaítear do na Ballstáit an iascaireacht a shrianadh do na soithí iascaireachta atá cláraithe i gcalafoirt na gcríoch sin.
Beidh na maoluithe i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2022, agus is é is aidhm don togra go seachnófar deireadh a chur leis an gcóras rochtana sonrach a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus Airteagal 5(3) den Rialachán. Moltar ann leasú a dhéanamh ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin chun síneadh a chur leis an tréimhse inar féidir leis na Ballstáit srian a chur leis an rochtain atá acu ar a n‑uiscí faoi na forálacha sin.
Tá cuspóirí an chórais shonraigh fós chomh bailí agus a bhí siad le fiche nó tríocha bliain roimhe sin. Is é is cúis leis sin an staid caomhnúcháin ina bhfuil an-chuid stoc faoi láthair, an íogaireacht leanúnach atá ag uiscí cósta maidir le caomhnú agus deacrachtaí leanúnacha i limistéir chósta atá ag brath go mór ar iascaigh agus nach dócha go mbainfidh siad tairbhe as aon fhorbairt eacnamaíoch eile. Má dhéantar modhnú ar na socruithe atá ann faoi láthair, tá baol mór ann go gcuirfear isteach ar an gcothromaíocht a forbraíodh ó tugadh isteach an córas speisialta seo.
Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra na maoluithe reatha a fhadú go ceann 10 bliana eile.
Ina theannta sin, moltar leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Socraítear in Iarscríbhinn I, i gcás gach Ballstáit, na criosanna geografacha laistigh de bhandaí cósta Ballstát eile ina bhféadfaidh sé gníomhaíochtaí iascaireachta a shaothrú agus cé na speicis a fhéadfaidh sé a ghabháil. Léiríonn an leasú seo imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, chomh maith le teachtaireacht chomhpháirteach ón Iodáil agus ón nGréig chuig an gCoimisiún an 9 Meitheamh 2020 maidir le rochtain shoithí iascaireachta na hIodáile ar uiscí teorann na Gréige, rud a léiríonn na socruithe déthaobhacha a bhí le comhlíonadh ag na Ballstáit lena mbaineann. Ar deireadh, tar éis an bhreithiúnais i gcás C-457/18, maidir leis na fonótaí ina dtagraítear don Chomhaontú Eadrána idir an tSlóivéin agus an Chróit, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009, ba cheart iad a bhaint d’Iarscríbhinn I i ngeall ar easpa inniúlachta an Aontais maidir le hábhair teorann.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
Is é Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo.
De réir Airteagal 3(1)(d) CFAE, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas maidir le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara faoin gComhbheartas Iascaigh CBI). Tagann an togra faoin inniúlacht eisiach sin agus, dá bharr sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.Ós rud é go mbaineann an togra go príomha le síneadh ama teoranta ar bhailíocht birt atá ann cheana i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, níl aon ábhar imní ann maidir le prionsabal na comhréireachta.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Bailiú agus úsáid saineolais
Sa dara leath de 2020, iarradh ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil maidir leis na srianta a chuireann siad i bhfeidhm faoi Airteagal 5(2) agus Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Fuarthas aighneachtaí ó 16 Bhallstát agus dearbhaíodh gur gá leanúint den chóras maolaithe atá ann cheana gan aon mhodhnú a dhéanamh air. Ba é an t‑aon eisceacht amháin a bhí ann leasú ar Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a d’iarr an Iodáil agus an Ghréig chun rochtain ar uiscí teorann na Gréige sa Mhuir Aeigéach, sa Mhuir Iónach agus i Muir na Libia a léiriú.
I mí na Nollag 2020, thug an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) tuarascáil isteach maidir leis an ngné shóisialta de CBI. Pléadh sa tuarascáil, i measc nithe eile, cibé an bhféadfadh sé gur chabhraigh nó nár chabhraigh na srianta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm faoi Airteagal 5(2) den Rialachán le gníomhaíochtaí iascaireachta traidisiúnta cabhlaigh chósta a chaomhnú chun bonneagar sóisialta agus eacnamaíoch na limistéar sin a chothabháil.
Thug CETEI dá haire nach rabhthas in ann measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú a rinne na srianta sin, ós rud é go raibh gá le tuilleadh anailíse agus nár mhór go leor tosca rannchuidithe eile a chur san áireamh. Mar sin féin, tháinig na saineolaithe ar an gconclúid nach ndearna aon Bhallstát tuairisciú ar aon choinbhleachtaí maidir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Thug CETEI ar aird go nglactar go maith leis an riail sin, atá i bhfeidhm ó thús na 1970idí agus a áiríodh i gcéad bhunrialachán CBI in 1982 agus i ngach athbhreithniú ar bhunrialachán CBI ó shin i leith (1992, 2002, 2013) agus go seachnaíonn sí coinbhleachtaí idir na Ballstáit.
•Measúnú tionchair
Mar a léirítear sa treochlár don tionscnamh seo, cuireann an togra síneadh le ré an chórais atá ann cheana, mar a rinneadh in 2012 le leasú ar an Rialachán CBI a bhí ann roimhe seo. Déanann na leasuithe ar Iarscríbhinn I iad féin a theorannú do na forbairtí is déanaí i rialachas na n‑uiscí teorann a léiriú. Dá bhrí sin, níor ghá aon mheasúnú tionchair a dhéanamh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon chaiteachas breise ón Aontas i gceist leis an mbeart seo.
2021/0176 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, a mhéid a bhaineann le srianta ar an rochtain ar uiscí an Aontais
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá rochtain chomhionann ag soithí iascaireachta an Aontais ar uiscí agus ar acmhainní an Aontais, faoi réir rialacha an Chomhbheartais Iascaireachta.
(2)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle foráiltear maidir le maoluithe ón riail maidir le rochtain chomhionann sna cúinsí seo a leanas.
(3)Údaraítear do na Ballstáit an iascaireacht a shrianadh do shoithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht de ghnáth sna huiscí sin ó chalafoirt ar an gcósta cóngarach in uiscí suas le 12 mhuirmhíle óna mbonnlínte.
(4)Sna huiscí suas le 100 muirmhíle ó bhonnlínte na réigiún is forimeallaí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 349 den Chonradh, údarófar do na Ballstáit freisin an iascaireacht a shrianadh do shoithí iascaireachta atá cláraithe i gcalafoirt na gcríoch sin.
(5)Chuaigh na rialacha atá ann cheana lena gcuirtear srian ar rochtain ar acmhainní laistigh de chriosanna 12 mhuirmhíle na mBallstát chun sochair do chúrsaí caomhnaithe trí iarracht iascaireachta a shrianadh sa chuid is íogaire d’uiscí an Aontais. Caomhnaíodh leis na rialacha sin gníomhaíochtaí iascaireachta traidisiúnta a bhfuil forbairt shóisialta agus eacnamaíoch roinnt pobal cósta ag brath go mór orthu.
(6)Maidir le srianta lena dteorannaítear rochtain ar acmhainní bitheolaíocha na mara timpeall réigiúin fhorimeallacha an Aontais dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 349 den Chonradh chuir siad le caomhnú gheilleagar áitiúil na gcríocha sin, ag féachaint don staid struchtúrach, shóisialta agus eacnamaíoch ina bhfuil siad.
(7)Rachaidh na maoluithe atá ann cheana maidir le srianta ar rochtain ar uiscí an Aontais in éag an 31 Nollaig 2022. Ba cheart síneadh ama deich mbliana eile a chur leis na maoluithe sin chun leanúnachas na mbeart cosanta atá ann faoi láthair a áirithiú agus chun nach gcuirfear isteach ar an gcothromaíocht a forbraíodh ó tugadh isteach an córas speisialta sin.
(8)Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a leasú tar éis do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus tar éis don Iodáil agus don Ghréig iarraidh chomhpháirteach a dhéanamh maidir le rochtain soithí Iodálacha ar an Muir Iónach, ar an Muir Aeigéach agus ar Mhuir na Libia.
(9)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 mar a leanas:
(1)I míreanna 2, 3 agus 4 d’Airteagal 5, cuirtear na téarmaí ‘31 Nollaig 2032’ in ionad na dtéarmaí ‘31 Nollaig 2022’.
(2)Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát ón 1 Eanáir 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.7.2021
COM(2021) 356 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an Togra le haghaidh
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, a mhéid a bhaineann le srianta ar an rochtain ar uiscí an Aontais
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN II
ROCHTAIN AR UISCÍ CÓSTA DE RÉIR BHRÍ AIRTEAGAL 5(2)
(1)Uiscí cósta na hÉireann
(a)ROCHTAIN DON FHRAINC
|
Limistéar geografach
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)
|
|
|
|
1. Ceann Iorrais siar ó thuaidh Gob Chorráin an Fhiaigh siar
|
Iasc grinnill
|
Gan teorainn
|
|
|
Gliomach na hIorua
|
Gan teorainn
|
|
2. Carn Uí Néid ó dheas Na Stácaí ó dheas
|
Iasc grinnill
|
Gan teorainn
|
|
|
Gliomach na hIorua
|
Gan teorainn
|
|
|
Ronnach
|
Gan teorainn
|
|
3. Na Stácaí ó dheas Corcaigh ó dheas
|
Iasc grinnill
|
Gan teorainn
|
|
|
Gliomach na hIorua
|
Gan teorainn
|
|
|
Ronnach
|
Gan teorainn
|
|
|
Scadán
|
Gan teorainn
|
|
4. Corcaigh ó dheas, Ceann an Chairn ó dheas
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
|
5. Ceann an Chairn ó dheas, Inis Sionnach soir ó dheas
|
Gach speiceas, seachas sliogéisc
|
Gan teorainn
|
(b)ROCHTAIN DON ÍSILTÍR
|
Limistéar geografach
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhíle)
|
|
|
|
1. Na Stácaí ó dheas
Ceann an Chairn ó dheas
|
Scadán
|
Gan teorainn
|
|
|
Ronnach
|
Gan teorainn
|
(c)ROCHTAIN DON GHEARMÁIN
|
Limistéar geografach
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)
|
|
|
|
1. An Seancheann ó dheas, Ceann an Chairn ó dheas
|
Scadán
|
Gan teorainn
|
|
2. Corcaigh ó dheas
Ceann an Chairn ó dheas
|
Ronnach
|
Gan teorainn
|
(d)ROCHTAIN DON BHEILG
|
Limistéar geografach
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)
|
|
|
|
1. Corcaigh ó dheas
Ceann an Chairn ó dheas
|
Iasc grinnill
|
Gan teorainn
|
|
2. Ceann Chill Mhantáin soir Loch Cairlinn soir ó dheas
|
Iasc grinnill
|
Gan teorainn
|
(2)Uiscí cósta na Beilge
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Idir 3 agus 12 mhuirmhíle
|
an Ísiltír
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
|
|
an Fhrainc
|
Scadán
|
Gan teorainn
|
(3)Uiscí cósta na Danmhairge
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Cósta na Mara Thuaidh (Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Hanstholm) (6 go 12 mhuirmhíle)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Blåvands Huk
|
an Ghearmáin
|
Iasc leathógach
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Séaclaí agus cloicheáin
|
Gan teorainn
|
|
|
an Ísiltír
|
Iasc leathógach
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Iasc cruinn
|
Gan teorainn
|
|
Ó Blåvands Huk go dtí Bovbjerg
|
an Bheilg
|
Trosc
|
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin
|
|
|
|
An chadóg
|
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin
|
|
|
an Ghearmáin
|
Iasc leathógach
|
Gan teorainn
|
|
|
an Ísiltír
|
An leathóg
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An sól
|
Gan teorainn
|
|
Ó Thyborøn go dtí Hanstholm
|
an Bheilg
|
An faoitín
|
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin
|
|
|
|
An leathóg
|
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin
|
|
|
an Ghearmáin
|
Iasc leathógach
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An salán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Trosc
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Liúdar
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An chadóg
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An ronnach
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An scadán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An faoitín
|
Gan teorainn
|
|
|
an Ísiltír
|
Trosc
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An leathóg
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An sól
|
Gan teorainn
|
|
Skagerrak
(Hanstholm go Skagen) (idir 4 agus 12 mhuirmhíle)
|
an Bheilg
|
An leathóg
|
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin
|
|
|
an Ghearmáin
|
Iasc leathógach
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An salán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Trosc
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Liúdar
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An chadóg
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An ronnach
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An scadán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An faoitín
|
Gan teorainn
|
|
|
an Ísiltír
|
Trosc
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An leathóg
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An sól
|
Gan teorainn
|
|
Kattegat (idir 3 agus 12 mhíle)
|
an Ghearmáin
|
Trosc
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Iasc leathógach
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Gliomach na hIorua
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Scadán
|
Gan teorainn
|
|
Ó Zeeland ó thuaidh go dtí líne dhomhanleithid a théann trí theach solais Forsnæs
|
an Ghearmáin
|
Salán
|
Gan teorainn
|
|
Muir Bhailt
(lena n‑áirítear Belts, Sound, Bornholm) (3 go 12 mhuirmhíle)
|
an Ghearmáin
|
Iasc leathógach
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Trosc
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Scadán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Salán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Eascann
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Bradán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An faoitín
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An ronnach
|
Gan teorainn
|
|
Skagerrak
(idir 4 agus 12 mhíle)
|
an tSualainn
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
|
Kattegat
(idir 3 agus 12 mhíle)
|
an tSualainn
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
|
Muir Bhailt
(idir 3 agus 12 mhíle)
|
an tSualainn
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
(4)Uiscí cósta na Gearmáine
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Cósta na Mara Thuaidh
(idir 3 agus 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán
|
an Danmhairg
|
Iasc grinnill
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Salán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Corr ghainimh
|
Gan teorainn
|
|
|
an Ísiltír
|
Iasc grinnill
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Séaclaí agus cloicheáin
|
Gan teorainn
|
|
Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí pointe ó thuaidh Amrum ag 54° 43′N
|
an Danmhairg
|
Séaclaí agus cloicheáin
|
Gan teorainn
|
|
An Cósta Baltach
(idir 3 agus 12 mhíle)
|
an Danmhairg
|
Trosc
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Leathóg
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Scadán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Salán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Eascann
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An faoitín
|
Gan teorainn
|
|
|
|
An ronnach
|
Gan teorainn
|
(5)Uiscí cósta na Fraince agus na ranna thar lear
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Cósta an Atlantaigh Thoir Thuaidh (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)
|
|
|
|
|
Ó theorainn na Beilge/na Fraince go dtí oirthear Departement Manche (inbhear Vire-Grandcamp les Bains 49° 23' 30" N-1° 2 'WNNE)
|
an Bheilg
|
Iasc grinnill
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Muiríní
|
Gan teorainn
|
|
|
an Ísiltír
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
|
Dunkerque (2° 20′ E) go dtí
Cap d’Antifer (0° 10′ E)
|
an Ghearmáin
|
Scadán
|
Gan teorainn ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig amháin
|
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Cósta an Atlantaigh (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)
|
|
|
|
|
Ó theorainn na Spáinne/na Fraince go dtí 46° 08′ N
|
an Spáinn
|
Ainseabhaithe
|
Iascaireacht dhírithe,
Gan teorainn ó 1
|
|
|
|
|
Márta go 30 Meitheamh
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iascaireacht le haghaidh baoite beo
|
|
|
|
|
ón 1 Iúil go 31
|
|
|
|
|
Deireadh Fómhair amháin
|
|
|
|
Sairdíní
|
Gan teorainn ó 1
|
|
|
|
|
Eanáir go 28 Feabhra
|
|
|
|
|
agus ón 1 Iúil go 31
|
|
|
|
|
Nollaig
|
|
|
|
|
Ina theannta sin, gníomhaíochtaí
|
|
|
|
|
a bhaineann leis na
|
|
|
|
|
speicis a luaitear
|
|
|
|
|
ní mór tabhairt fúthu
|
|
|
|
|
i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí
|
|
|
|
|
a saothraíodh i rith 1984,
|
|
|
|
|
agus laistigh
|
|
|
|
|
de na teorainneacha sin
|
|
Cósta na Meánmhara
(idir 6 agus 12 mhuirmhíle)
|
|
|
|
|
Teorainn na Spáinne Cap Leucate
|
an Spáinn
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
(6)Uiscí cósta na Spáinne
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Cósta an Atlantaigh (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)
|
|
|
|
|
Ó theorainn na Fraince/na Spáinne go dtí
Teach solais Cap Mayor (3° 47' W)
|
an Fhrainc
|
Iasc peiligeach
|
Gan teorainn i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a saothraíodh i rith 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin.
|
|
Cósta na Meánmhara
(idir 6 agus 12 mhuirmhíle)
|
|
|
|
|
Teorainn na Fraince/Cap Creus
|
an Fhrainc
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
(7)Uiscí cósta na Cróite
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Cróite atá suite ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, áit a mbuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana)
|
an tSlóivéin
|
Iasc grinnill agus speicis bheaga peiligeach lena n‑áirítear mionsairdín agus ainseabhaí
|
100 tona do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n‑áirítear 5 shoitheach iascaireachta atá feistithe le trál
|
(8)Uiscí cósta na hIsiltíre
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
(idir 3 agus 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán
|
an Bheilg
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
|
|
an Danmhairg
|
Iasc grinnill
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Salán
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Corr ghainimh
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Bolmán
|
Gan teorainn
|
|
|
an Ghearmáin
|
Trosc
|
Gan teorainn
|
|
|
|
Séaclaí agus cloicheáin
|
Gan teorainn
|
|
(idir 6 agus 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán
|
an Fhrainc
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
(9)Uiscí cósta na Slóivéine
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Slóivéine atá suite ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, áit a mbuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana)
|
an Chróit
|
Iasc grinnill agus speicis bheaga peiligeach lena n‑áirítear mionsairdín agus ainseabhaí
|
100 tona do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n‑áirítear 5 shoitheach iascaireachta atá feistithe le trál
|
(10)Uiscí cósta na Fionlainne
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Muir Bhailt (idir 4 agus 12 mhíle)
|
an tSualainn
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
(11)Uiscí cósta na Sualainne
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
Skagerrak (idir 4 agus 12 mhuirmhíle)
|
an Danmhairg
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
|
Kattegat (idir 3 agus 12 mhíle)
|
an Danmhairg
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
|
Muir Bhailt (idir 4 agus 12 mhíle)
|
an Danmhairg
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
|
|
an Fhionlainn
|
Gach speiceas
|
Gan teorainn
|
(12)Uiscí cósta na Gréige
|
Limistéar geografach
|
Ballstát
|
Speiceas
|
Tábhacht nó tréithe ar leith
|
|
An Mhuir Iónach idir 6 agus 12 mhuirmhíle in uiscí teorann na Gréige
|
an Iodáil
|
Ceifileapóid
Crústaigh
Iasc grinnill
Speicis pheiligeacha mhóra
|
Líon uasta 68 soitheach
|
|
Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán na Créite (Thoir de 26˚00’00” E) 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige
|
|
|
|
|
Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán Koufonisi 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige
|
|
|
|
|
Ó dheas-Siar ó dheas ó oileán Kasos 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige
|
|
|
|
|
Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán Karpathos 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige
|
|
|
|
|
Ó dheas-Siar ó dheas (Siar ó 27˚59’02.00” E) ó oileán Ródas 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige.
|
|
|
|
’