An Bhruiséil,30.6.2021

COM(2021) 347 final

2021/0171(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creidmheasanna tomhaltóirí




{SEC(2021) 281 final} - {SWD(2021) 170 final} - {SWD(2021) 171 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Treoir 2008/48/CE maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí (‘an Treoir maidir le Creidmheas Tomhaltóirí’ nó ‘an Treoir’), a leasaíodh in 2011, 2014, 2016 agus 2019 1 , bunaíodh creat comhchuibhithe de chuid an Aontais maidir le creidmheas tomhaltóirí, chun teacht chun cinn margaidh inmheánaigh a fheidhmíonn go rianúil i gcreidmheas tomhaltóirí a éascú agus chun ardleibhéal cosanta a sholáthar do thomhaltóirí chun muinín na dtomhaltóirí a áirithiú.

Fuarthas amach i Meastóireacht REFIT 2 a rinneadh in 2018-2019 go bhfuil cuspóirí Threoir 2008, eadhon ardchaighdeáin cosanta tomhaltóirí a áirithiú agus forbairt margaidh inmheánaigh creidmheasa a chothú, fós ábhartha i gcomhthéacs tírdhreach rialála atá ilroinnte go mór ar fud an Aontais agus nár baineadh amach ach i bpáirt. Cuireann ilroinnt den sórt sin, mar aon le héiginnteacht dhlíthiúil mar gheall ar fhoclaíocht neamhbheacht roinnt forálacha den Treoir, bac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh i gcás creidmheas tomhaltóirí agus ní ráthaíonn sí ardleibhéal seasmhach cosanta le haghaidh tomhaltóirí.

Ó glacadh Treoir 2008, tá athrú as cuimse tagtha ar an bpróiseas cinnteoireachta agus ar nósanna na dtomhaltóirí i gcoitinne mar gheall ar an digitiú, agus is mian leis na tomhaltóirí go mbeadh próiseas níos rianúla agus níos gasta ann chun creidmheas a fháil agus is minic a dhéanann siad amhlaidh ar líne. Tá tionchar aige sin ar an earnáil iasachtaithe freisin, earnáil atá á digitiú de réir a chéile. Tá gníomhaithe nua margaidh, amhail ardáin iasachtaithe idir piaraí, ag tairiscint comhaontuithe creidmheasa i bhfoirmeacha éagsúla. Tá táirgí nua, amhail creidmheas ardchostais gearrthéarmach tagtha chun cinn. Leis an digitiú, tá bealaí nua ann freisin chun faisnéis a nochtadh go digiteach agus chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa tomhaltóirí a bhaineann úsáid as córais chinnteoireachta uathoibrithe agus sonraí neamhthraidisiúnta.

Chuir géarchéim COVID‑19 agus na bearta gaibhniúcháin a tháinig as sin isteach freisin ar gheilleagar an Aontais agus bhí tionchar mór acu ar an margadh creidmheasa agus ar thomhaltóirí, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha, rud a fhágann go bhfuil go leor teaghlach de chuid an Aontais níos leochailí ó thaobh airgeadais de. Os a choinne sin, chuir an ghéarchéim dlús leis an gclaochlú digiteach. Le linn ghéarchéim COVID‑19, ghlac na Ballstáit sraith beart faoisimh a fhéachann leis an ualach airgeadais atá ar shaoránaigh agus ar theaghlaigh a laghdú, amhail moratoria aisíocaíochta iasachta a tugadh i gcoitinne do chreidmheas tomhaltóirí.

Sa chomhthéacs sin, d’fhógair an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir um Chreidmheas do Thomhaltóirí ina Chlár Oibre le haghaidh na bliana 2020. Sa Chlár Oibre athbhreithnithe a glacadh i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19 cuireadh dáta glactha an athbhreithnithe siar go dtí an dara ráithe de 2021 3 .

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Dhéanfaí comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana a ráthú sa togra.

Rialaítear téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí le Treoir 93/13/CEE maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, lena bhforáiltear nach bhfuil téarmaí conarthacha nach gcaibidlítear ar leithligh ina gceangal ar na tomhaltóirí más rud é, i gcontrárthacht leis an gceanglas a bhaineann le ‘meon macánta’, go gcruthaítear éagothroime shuntasach leo maidir le cearta agus oibleagáidí tomhaltóirí ar thaobh amháin agus díoltóirí agus soláthraithe ar an taobh eile, chun aimhleas na dtomhaltóirí. Déantar an ceanglas ginearálta sin a fhorlíonadh le liosta samplaí de théarmaí is féidir a mheas a bheith éagórach. Tá feidhm ag Treoir 93/13/CEE i gcomhthráth le rialacha eile maidir le cosaint tomhaltóirí faoi dhlí an Aontais.

Le Treoir 2002/65/CE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais rialaítear creidmheasanna tomhaltóirí atá díolmhaithe faoi láthair ag raon feidhme na Treorach um Chreidmheas Tomhaltóirí a dhíoltar i gcéin, e.g. ar líne. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir faoi láthair, mar a fógraíodh i gClár Oibre an Choimisiúin 2020.

Rialaítear fógraíocht mhíthreorach le Treoir 2005/29/CE a bhaineann le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus le Treoir 2006/114/CE a bhaineann le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcaidreamh idir trádálaithe. Mar sin féin, ní chuirtear san áireamh leis na rialacha sin sainiúlachtaí an chreidmheasa tomhaltóra ná ní thugtar aghaidh iontu ar an ngá go mbeadh tomhaltóirí in ann an fhógraíocht a chur i gcomparáid le chéile.

I Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, ‘RGCS’) leagtar amach na rialacha is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, cearta bunúsacha daoine aonair a neartú agus rialacha le haghaidh cuideachtaí agus comhlachtaí poiblí a shoiléiriú. Rialaíonn prionsabail íoslaghdaithe sonraí, cruinneas, teorannú stórála mar a leagtar síos in Airteagal 5 de RGCS úsáid sonraí chun measúnuithe ar acmhainneacht creidmheasa a dhéanamh. Gan imeacht ón RGCS, tá sé d’aidhm ag an togra seo aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a sainaithníodh i bpróiseáil sonraí pearsanta a bhaineann go sonrach le cleachtais a thugtar faoi deara i margadh creidmheasa an tomhaltóra, i.e. úsáid a bhaint as foinsí malartacha sonraí chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa nó trédhearcacht na measúnuithe a dhéantar trí úsáid a bhaint as teicnící meaisínfhoghlama.

Dhéanfaí comhsheasmhacht le reachtaíocht eile, amhail na leasuithe a tugadh isteach i dTreoir 2005/29/CE le Treoir (AE) 2019/2161 maidir le forfheidhmiú agus nuachóiriú níos fearr ar rialacha cosanta tomhaltóirí an Aontais, a ráthú freisin sa togra, lena n‑áirítear forálacha atá i gcomhréir leis an Treoir sin.

In 2020, ghlac an Coimisiún pacáiste den Acht um Sheirbhísí Digiteacha. Áirítear ann Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil) agus lena dtugtar isteach creat cothrománach le haghaidh seirbhísí idirmheánacha, agus Gníomh um Margaí Digiteacha lena dtugtar isteach rialacha d’ardáin a ghníomhaíonn mar ‘mhaoir gheata’ san earnáil dhigiteach.

In 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Togra le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga 4 , chun glacadh na hintleachta saorga (IS) a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt freisin ar na rioscaí a bhaineann le húsáidí áirithe na hintleachta saorga.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá cuspóirí an togra comhsheasmhach le beartais agus le cuspóirí an Aontais.

Tá an togra comhsheasmhach agus comhlántach le reachtaíocht agus beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe i réimse na cosanta tomhaltóirí, amhail Treoir 2011/83/AE maidir le cearta tomhaltóirí, Treoir 2013/11 maidir le Réiteach Malartach Díospóide Tomhaltóirí agus Treoir 2014/17/AE maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe, lena rialaítear comhaontuithe creidmheasa morgáiste (an Treoir maidir le Creidmheas Morgáiste).

In 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún Togra le haghaidh Treorach maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, ceannaitheoirí creidmheasa agus comhthaobhacht a aisghabháil 5 , togra atá á chaibidliú faoi láthair ag na comhreachtóirí.

I mí Mheán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún pacáiste airgeadais digiteach , lena n‑áirítear straitéis airgeadais dhigitigh agus tograí reachtacha maidir le criptea-shócmhainní agus athléimneacht dhigiteach, le haghaidh earnáil airgeadais iomaíoch an Aontais lena dtugtar rochtain do thomhaltóirí ar tháirgí nuálacha airgeadais agus cosaint tomhaltóirí agus cobhsaíocht airgeadais á n‑áirithiú ag an am céanna. Go comhsheasmhach, tá sé d’aidhm ag an togra seo rialacha creidmheasa tomhaltóirí a nuachóiriú d’fhonn freastal ar na hathruithe a tháinig chun cinn de thoradh an digitithe. Comhlánaítear leis an togra seo freisin Rialachán (AE) 2020/1503 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin le haghaidh gnólachtaí, mar níl feidhm ag an rialachán sin maidir le seirbhísí sluachistiúcháin le haghaidh tomhaltóirí.

Déantar foráil sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE/an Conradh) maidir le gníomhaíocht chun a áirithiú go mbunófar margadh inmheánach agus go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ag a bhfuil ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí mar aon leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Tá roinnt constaicí fós ar sholáthar trasteorann creidmheasa tomhaltóirí.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 CFAE maidir le comhlánú an mhargaidh inmheánaigh an bunús dlí don treoir atá beartaithe, agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 169 CFAE 6 . Tugann sé an inniúlacht don Aontas bearta a achtú chun rialacha náisiúnta a chomhfhogasú maidir le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Trí ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a chruthú, is é is aidhm don togra feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a éascú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta mura dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh 7 .

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, is fearr is féidir leis an Aontas iad a bhaint amach.

Déantar foráil sa Chonradh maidir le gníomhaíocht chun a áirithiú go mbunófar margadh inmheánach agus go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ag a bhfuil ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí mar aon leis an saorsholáthar seirbhísí. Tá margadh den sórt sin le haghaidh creidmheas do thomhaltóirí teoranta fós de dheasca roinnt constaicí. Cuireann na constaicí sin srian ar leibhéal na gníomhaíochta soláthair agus éilimh trasteorann, rud a laghdaíonn iomaíocht agus dá bharr sin rogha do thomhaltóirí.

Le gníomhaíocht AE, d’áiritheofaí ardleibhéal cosanta comhsheasmhach do thomhaltóirí agus creat dlíthiúil níos soiléire agus níos comhchuibhithe le haghaidh gnólachtaí, d’ísleofaí bacainní ar chreidmheas a sholáthar i mBallstáit eile (trí sholáthar trasteorann díreach nó trí fhochuideachtaí a bhunú).

Le digitiú, agus le teacht isteach ionchasach gníomhaithe nua digiteacha ar an margadh creidmheasa, meastar go dtiocfaidh méadú ar an soláthar creidmheasa trasteorann. Ar an gcaoi sin, beidh comhrialacha an Aontais oiriúnach don ré dhigiteach a bheidh níos riachtanaí agus níos éifeachtaí chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach.

Comhréireacht

Ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhain amach. Ní rialaítear leis gach gné den iasachtú agus den iasachtaíocht ach díríonn sé ar phríomhghnéithe an idirbhirt creidmheasa tomhaltóra chun forbairt soláthair seirbhíse trasteorann a éascú agus tomhaltóirí a chosaint sa chomhthéacs sin.

Cuireadh na rialacha atá beartaithe faoi thástáil comhréireachta chun rialáil iomchuí chomhréireach a áirithiú. Bheadh costais do sholáthraithe i gceist leo ach bheadh cur chuige uaillmhianach a sheasfadh an aimsir i gceist leo, rud a d’fhágfadh gur mó na tairbhí do thomhaltóirí agus don tsochaí i gcoitinne a bheadh i gceist leo.

An rogha ionstraime

An ionstraim a roghnaíodh, is treoir í lena n‑aisghairtear Treoir 2008/48/CE.

Tá treoir ina ceangal maidir leis an toradh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach, ach fágtar faoi na húdaráis náisiúnta an fhoirm agus na modhanna a roghnú 8 . Gabhfaidh an treoir atá beartaithe ionad Threoir 2008 ach coimeádfar roinnt mhaith dá gnéithe inti. Cuirfidh treoir ar chumas na mBallstát an reachtaíocht atá i bhfeidhm a leasú (mar thoradh ar Threoir 2008/48/CE a thrasuí) a mhéid is gá chun comhlíonadh a áirithiú, agus tionchar athchóirithe den sórt sin ar a gcórais reachtacha á chur san áireamh ag an am céanna. Is ionstraim iomlán comhchuibhithe í an treoir atá beartaithe sna réimsí a chumhdaíonn sí, ach i réimsí áirithe, fágtar roinnt roghanna rialála faoi na Ballstáit.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2014, thíolaic an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme na Treorach 9 , a ndearna sé cleachtadh rúnda siopadóireachta lena haghaidh agus rinne sé suirbhé tomhaltóirí chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na Treorach. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil gur ghá leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na Treorach.

In 2020, thíolaic an Coimisiún tuarascáil eile maidir le cur chun feidhme na Treorach 10 , chun príomhthorthaí Mheastóireacht REFIT 2018-2019 chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur i bhfeidhm na Treorach 11 , ó glacadh í. Cuireadh in iúl go láidir sa tuarascáil go bhfuil cuspóirí Threoir 2008 fós ábhartha agus go raibh sé éifeachtach i bpáirt maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú agus maidir le teacht chun cinn margaidh inmheánaigh a fheidhmíonn go rianúil. Is iad na cúiseanna nach raibh an Treoir éifeachtach ach i bpáirt an Treoir féin (mar shampla, foclaíocht neamhbheacht airteagal áirithe) agus fachtóirí seachtracha, amhail a cur i bhfeidhm praiticiúil agus forfheidhmiú na Treorach sna Ballstáit agus gnéithe de mhargadh creidmheasa na dtomhaltóirí nach gcumhdaítear léi. Sainaithníodh sa mheastóireacht roinnt easnamh a bhaineann le raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach, a sainmhínithe agus a téarmaí a bhíonn doiléir uaireanta, oibleagáidí faisnéise nach bhfuil curtha in oiriúint do na meáin dhigiteacha, easpa soiléireachta sna forálacha maidir le measúnú ar acmhainneacht creidmheasa, rud a fhágann nach leor an chosaint a thugtar do thomhaltóirí, agus go mbíonn difríochtaí san fhorfheidhmiú.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Le blianta beaga anuas, thug an Coimisiún faoi roinnt gníomhaíochtaí comhairliúcháin maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le creidmheas tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais. Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir le Meastóireacht REFIT, ar foilsíodh torthaí na meastóireachta sin in 2020, agus maidir leis an measúnú tionchair a rinneadh le haghaidh Athbhreithniú REFIT ar an Treoir. Mar chuid de Mheastóireacht agus d’Athbhreithniú REFIT, rinneadh dhá chomhairliúchán phoiblí 12 sa bhreis ar chineálacha eile comhairliúcháin (suirbhéanna tomhaltóirí, agallaimh agus suirbhéanna le páirtithe leasmhara, ceistneoirí spriocdhírithe a seoladh chuig údaráis náisiúnta, 13 cruinnithe déthaobhacha, ceardlanna, cruinnithe grúpa saineolaithe tiomnaithe na mBallstát, comhairliúchán le Grúpa Úsáideoirí na Seirbhísí Airgeadais, chomh maith le pléití ad hoc le linn na gCruinnithe Mullaigh bliantúla Tomhaltóirí).

D’eagraigh Parlaimint na hEorpa éisteacht freisin i Márta 2021 ar athbhreithniú na Treorach, agus d’fhoilsigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Tuarascáil Faisnéise in 2019 maidir leis an meastóireacht ar an Treoir um Chreidmheas do Thomhaltóirí 14 .

Rinne grúpa údarás de chuid an Chomhair um Chosaint Tomhaltóirí (CPC) (comhaltaí den líonra CPC) seiceáil chomhlíonta chomhordaithe ar fhógraíocht ar líne agus rinne siad tairiscintí táirgí creidmheasa tomhaltóirí a cheannach i mí Feabhra/Márta 2021 15 .

Leis an bpróiseas leathan comhairliúcháin, táthar in ann príomhdhearcaí na bpáirtithe leasmhara maidir leis na príomh‑shaincheisteanna a shainaithint. Sainaithníodh san aiseolas ó na páirtithe leasmhara gurb é digitiú an mhargaidh an príomhspreagthóir a bheidh le cur san áireamh sa phróiseas athbhreithnithe. Tá eagraíochtaí tomhaltóirí i bhfabhar athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an Treoir, chun dul i ngleic le roinnt fadhbanna a sainaithníodh san athbhreithniú a bhaineann le raon feidhme neamhleor chur i bhfeidhm na Treorach, cleachtais neamhfhreagracha iasachtaithe, ró‑ualach faisnéise, úsáid sonraí agus rófhéichiúnas, go háirithe i gcomhthéacs COVID‑19. Aontaíonn freagróirí ó gach grúpa páirtithe leasmhara agus ó na Ballstáit gur gá an fhaisnéis a fhaigheann tomhaltóirí ag na céimeanna fógraíochta agus réamhchonarthacha a chuíchóiriú agus úsáid mhéadaitheach na ngléasanna digiteacha a léiriú, má tá sé chun a chuspóir a bhaint amach maidir leis an tomhaltóir a chosaint. Tá ionadaithe gnó go láidir i bhfabhar cobhsaíocht rialála agus idirghabhálacha neamhrialála, nó athruithe spriocdhírithe ar an Treoir chun í a chur in oiriúint d’fhorbairtí digitithe. Molann siad na ceanglais maidir le nochtadh faisnéise a shimpliú, agus dóthain solúbthachta a choinneáil ag an am céanna sa phróiseas measúnaithe ar acmhainneacht chreidmheasa. Tacaíonn údaráis náisiúnta go ginearálta le leasú reachtach. Dealraíonn sé go bhfuil roinnt Ballstát i bhfabhar athruithe cuimsitheacha reachtacha chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh, cé go molann Ballstáit eile cur chuige níos spriocdhírithe. Aithníonn tromlach na n‑údarás náisiúnta go dtacódh rialacha comhchuibhithe le forbairt an mhargaidh trasteorann. Is mór ag na páirtithe leasmhara uile na tairbhí a bhaineann le fiach‑sheirbhísí comhairleacha do thomhaltóirí agus creidiúnaithe leochaileacha, ós rud é go gcuireann na seirbhísí sin ar chumas creidiúnaithe fiacha a aisghabháil go héifeachtach.

Rinneadh achoimre ar an ionchur a fuarthas agus baineadh úsáid as chun an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo a ullmhú, agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na rialacha nua ar pháirtithe leasmhara.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhain an Coimisiún leas freisin as sraith staidéar agus as tuarascálacha ar shaincheisteanna a bhaineann le hiasachtaíocht fhreagrach agus le hiasachtú freagrach. Áirítear orthu sin staidéar ICF a thacaíonn le Measúnú Tionchair na Treorach (2021) 16 ; staidéar ICF lena dtacaítear leis an meastóireacht ar an Treoir um Chreidmheas do Thomhaltóirí (2020) 17 ; an staidéar iompraíochta LE Europe et al. maidir le digitiú ar mhargú agus ar chiandíol i dtaca le seirbhísí airgeadais miondíola (2019) 18 ; staidéar CIVIC maidir le díobháil do thomhaltóirí a thomhas san Aontas Eorpach (2017) 19 ; agus an staidéar CIVIC maidir le rófhéichiúnas na dteaghlach Eorpach (2013) 20 .

Rinne an Coimisiún mapáil freisin ar chineálacha cur chuige náisiúnta maidir le measúnú ar acmhainneacht chreidmheasa de bhun na Treorach maidir le Creidmheas Tomhaltóirí i gcomhthéacs Phlean Gníomhaíochta 2017 21 maidir le Seirbhísí Airgeadais do Thomhaltóirí , i gcomhar le húdaráis na mBallstát, agus d’fhoilsigh sé é in 2018 22 .

Measúnú tionchair

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair le haghaidh an togra seo.

Ba iad cuspóirí ginearálta Athbhreithniú REFIT díobháil do thomhaltóirí a laghdú agus na rioscaí a bhaineann le hiasachtaí a fháil i margadh atá ag athrú, soláthar trasteorann creidmheasa do thomhaltóirí a éascú agus borradh a chur faoi iomaíochas an mhargaidh inmheánaigh. Agus seo ar fad i gcomhréir le bunchuspóirí na Treorach.

Is iad seo a leanas na roghanna a measadh chun na cuspóirí a bhaint amach: cás gan athrú beartais (Rogha 0 – bonnlíne), idirghabháil neamhrialála (Rogha 1); leasú spriocdhírithe ar an Treoir, ag díriú ar na forálacha atá ann faoi láthair a dhéanamh níos soiléire agus níos éifeachtaí (Rogha 2); leasú cuimsitheach ar an Treoir chun forálacha nua a chur isteach i gcomhréir le dlí an Aontais atá ann cheana (Rogha 3a) nó chun forálacha nua a chur isteach, forálacha a théann níos faide ná dlí an Aontais atá ann cheana (Rogha 3b). Bunaithe ar an measúnú tionchair, is é Rogha 3a an rogha thosaíochta, arna comhlánú le bearta áirithe cost‑éifeachtúla arna nglacadh ó roghanna eile.

Is é atá i rogha na tosaíochta leasú a dhéanamh ar an Treoir chun forálacha nua a chur san áireamh, i gcomhréir le acquis reatha an Aontais. Mar achoimre ghairid ar phríomhghnéithe rogha na tosaíochta, cuireadh na bearta seo a leanas san áireamh: raon feidhme na Treorach a leathnú chun iasachtaí faoi bhun EUR 200, creidmheas saor ó ús, gach rótharraingt agus gach comhaontú léasaithe a chumhdach, chomh maith le comhaontuithe creidmheasa a thugtar i gcrích trí ardáin iasachtaithe idir piaraí; sainmhíniú ar phríomhthéarmaí éagsúla a leasú; mínithe leordhóthanacha a sholáthar do thomhaltóirí; laghdú a dhéanamh ar an méid faisnéise a bheidh le cur ar fáil do thomhaltóirí san fhógraíocht a dhíríonn ar fhaisnéis bhunriachtanach nuair a chuirtear ar fáil í trí bhealaí áirithe; níos mó sonraí maidir le conas agus cathain a chuirtear faisnéis réamhchonarthach i láthair tomhaltóirí chun a chinntiú go ndéanfar í ar bhealach níos éifeachtaí; cosc a chur ar bhoscaí ar cuireadh tic leo roimh ré; toirmeasc ar chleachtais cheangail; caighdeáin maidir le seirbhísí comhairleacha; toirmeasc a chur ar tháirgí creidmheasa a dhíol gan iarraidh; oibleagáid a chur ar na Ballstáit caidhpeanna a shocrú ar rátaí úis, ar an ráta céatadánach bliantúil muirir nó ar chostas iomlán an chreidmheasa; rialacha iompair gnó a bhunú agus oibleagáid a chur ar sholáthraithe creidmheasa agus ar idirghabhálaithe credimheasa a áirithiú go mbeidh an tsraith chuí scileanna agus eolais ag na baill foirne; léiriú a thabhairt gur cheart measúnuithe ar acmhainneacht creidmheasa a dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis maidir le cúinsí airgeadais agus eacnamaíocha, atá riachtanach, leordhóthanach agus comhréireach; foráil maidir le foinsí malartacha sonraí a úsáid chun measúnuithe ar acmhainneacht creidmheasa a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail Rialachán Ginearálta (AE) 2016/679 maidir le Cosaint Sonraí; oibleagáid ar na Ballstáit oideachas airgeadais a chur chun cinn; oibleagáid ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun creidiúnaithe a spreagadh staonadh réasúnta a chleachtadh; infhaighteacht fiach‑sheirbhísí comhairleacha a fheabhsú; feabhas a chur ar na coinníollacha forfheidhmiúcháin trí airteagal a thabhairt isteach maidir le húdaráis inniúla; maidir le pionóis, áirítear riail 4 % (an fhíneáil íosta uasta) mar a leagtar síos i dTreoir Omnibus (AE) 2019/2161 a mhéid a bhaineann le sáruithe forleathana trasteorann.

Measadh go raibh an rogha thosaíochta an‑éifeachtach maidir le cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach, rud a d’áiritheodh ardleibhéal comhleanúnachais le reachtaíocht an Aontais agus éifeachtúlacht ó thaobh na dtionchar eacnamaíoch agus sóisialta a measúnaíodh. Táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach aige ar chosaint tomhaltóirí, go laghdófar an díobháil, go gcothófar muinín agus go bhfeabhsófar an cuimsiú sóisialta. Is dócha go neartóidh sé cothrom na Féinne laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát, trí ilroinnt an chreata dlí reatha a laghdú. Bheadh laghdú thart ar EUR 2 billiún ar dhíobháil tomhaltóra sa tréimhse 2021-2030 i gceist leis na bearta cainníochtaithe faoin rogha thosaíochta. Sa bhreis ar na bearta cainníochtaithe sin, bheadh tairbhí beart eile i gceist leis an rogha seo amhail caidhpeanna ar ráta bliantúil céatadánach an mhuirir/rátaí úis a mheastar a bheith an‑tairbheach do thomhaltóirí agus don tsochaí, ach nach bhféadfaí a chainníochtú, an rogha thosaíochta a dhéanamh níos inmharthana. Meastar freisin go bhfuil an tionchar ar an tsochaí an‑dearfach, a bhuí le bearta chun an rófhéichiúnas a chosc agus chun aghaidh a thabhairt air, rud a fheabhsaíonn an cuimsiú sóisialta. Áirítear ar na bearta sin measúnuithe ar acmhainneacht chreidmheasa, bearta staonta agus fiach‑sheirbhísí comhairleacha a neartú. In aghaidh gach EUR 1 a chaitear ar chomhairle fiachais, meastar go soláthróidh sé sin idir EUR 1.4-5.3 i sochair choibhéiseacha, go príomha trí chostais shóisialta an rófhéichiúnais a sheachaint.

Is iad soláthraithe creidmheasa a sheasfadh an chuid is mó de chostais chur chun feidhme na Treorach nua. Bheadh roinnt beart níos costasaí do sholáthraithe a thairgeann táirgí faoi láthair nach gcumhdaítear leis an Treoir (e.g. caidhpeanna ar ráta úis, ráta céatadánach bliantúil na táille nó costas iomlán an chreidmheasa). Meastar go mbeidh costas idir EUR 1.4 billiún agus 1.5 billiún ar na bearta cainníochtaithe le haghaidh na mbanc. Meastar go gcuirfear na costais ar aghaidh chuig na tomhaltóirí (cé nach rabhthas in ann a fháil amach cá mhéad a bheidh i gceist).

Ní thugtar aghaidh ar chosaint tomhaltóirí a dheonaíonn creidmheas trí ardáin iasachtaithe idir piaraí toisc nach dtagann sé le loighic an togra. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs eile, déanfar measúnú ar chosaint tomhaltóirí a dhéanann infheistíocht trí na hardáin sin, agus ar fhreagrachtaí na n‑ardán i leith na dtomhaltóirí sin, agus, más iomchuí, déanfar togra dlí ina dhiaidh sin.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Áirítear Athbhreithniú REFIT i roinn REFIT de chuid Chlár Oibre an Choimisiúin. Bheadh costais ar ghnólachtaí i gceist leis an togra, ach meastar freisin go laghdóidh sé a n‑ualach riaracháin, a bhuí le soiléireacht dhlíthiúil níos fearr. Tá roinnt beart á gcur chun feidhme cheana féin i roinnt Ballstát, ionas nach mbeadh costais shuntasacha bhreise ar ghnólachtaí sna Ballstáit sin.

A bhuí leis an togra, simplítear ceanglais áirithe faisnéise agus tá sé d’aidhm aige ceanglais a chur in oiriúint d’úsáid dhigiteach. Go sonrach, laghdóidh an togra na costais fógraíochta ar sholáthraithe/idirghabhálaithe creidmheasa ar mheáin áirithe, e.g. raidió, agus áiritheofar ag an am céanna go bhfaighidh tomhaltóirí faisnéis níos soiléire atá níos fusa a phróiseáil agus a thuiscint. Meastar gur EUR 1.4 milliún in aghaidh na bliana a bheadh i gceist le simpliú na gceanglas maidir le creidmheas tomhaltóirí a fhógairt ar chraoltaí raidió, méid arb ionann é agus 14 mhilliún le linn na tréimhse 2021-2030.

Baineann costas tosaigh le riachtanais faisnéise le haghaidh úsáid digiteach a oiriúnú, go sonrach trí Fhorbhreathnú Caighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra. San fhadtéarma, áfach, laghdódh sé an t‑ualach ar ghnólachtaí, a d‘fhéadfadh an fhoirm iomlán Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra a sholáthar trí ríomhphost, gan gá í a chur in oiriúint do scáileáin dhigiteacha. Ós rud é gur chuir thart ar aon trian de thomhaltóirí comhaontú creidmheasa ar líne isteach, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag an laghdú ualaigh sin ar deireadh thar 25 milliún iasacht phearsanta bainc in aghaidh na bliana.

Maidir leis an ualach laghdaithe ar riaracháin phoiblí, táthar ag súil go laghdóidh an leibhéal níos airde soiléireachta dlíthiúla agus an creat rialála simplithe líon na ngearán agus go méadófar leibhéal na deimhneachta agus an chomhlíonta, rud a fhágfaidh go mbeidh nósanna imeachta forfheidhmiúcháin níos éifeachtúla. Táthar ag súil freisin go mbeidh gnóthachain éifeachtúlachta i bhforfheidhmiú oibleagáidí na Treorach mar thoradh ar bhearta sonracha chun comhordú a threisiú agus coinníollacha chun an Treoir a fhorfheidhmiú.

Níor sainaithníodh go bhfuil tionchar sonrach ar FBManna suntasacha, mar sin ní ndearnadh measúnú ar leithligh orthu.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann sé lena áirithiú go n‑urramófar ina n‑iomláine na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, an ceart chun maoine, an neamh‑idirdhealú, cosaint an teaghlaigh agus an tsaoil ghairmiúil, agus cosaint tomhaltóirí de bhun Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Aon phróiseáil sonraí pearsanta chun críche na Treorach seo, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2016/679. Áirítear leis sin nár cheart ach na sonraí sin a bhailiú agus a phróiseáil ar shlí eile ar sonraí iad atá leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra a mheasúnú.

Cuirfidh sé toirmeasc ar idirdhealú atá bunaithe ar náisiúntacht nó ar áit chónaithe, nó ar aon fhoras dá dtagraítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh nuair a bheidh comhaontú creidmheasa á iarraidh, á chur i gcrích nó á shealbhú laistigh den Aontas, ar mhaithe le creidiúnaithe agus tomhaltóirí araon.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra seo ar bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais ná ar bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais, rud a fhágann ar lár na gnáthchostais riaracháin a bhaineann le comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a áirithiú, ós rud é nach gcruthaítear aon choiste nua agus nach ndéantar gealltanais airgeadais ar bith.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Treorach athbhreithnithe, má ghlactar í, tar éis a teacht i bhfeidhm. Is é an Coimisiún is mó a bheidh i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar thionchar na Treorach, bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag údaráis na mBallstát agus ag soláthraithe creidmheasa, a bheidh bunaithe ar fhoinsí sonraí atá ann cheana, i gcás inar féidir sin chun ualaí breise ar na páirtithe leasmhara éagsúla a sheachaint.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tugtar an achoimre seo a leanas chun an chinnteoireacht a éascú trí ábhar príomha na Treorach a leagan amach. In Airteagal 1 (ábhar) luaitear go bhfuil sé d’aidhm ag an Treoir gnéithe de dhlíthe, de rialacháin agus d’fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa áirithe le haghaidh tomhaltóirí agus seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a chomhchuibhiú.

In Airteagal 2 (raon feidhme) leagtar amach raon feidhme na Treorach lena gcumhdaítear comhaontuithe creidmheasa áirithe le haghaidh tomhaltóirí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin. Tá roinnt díolúintí a cheadaítear le hAirteagal 2 de Threoir 2008/48/CE fós bailí, ach maidir le méideanna íosta, comhaontuithe léasaithe le rogha earraí nó seirbhísí a cheannach, saoráidí rótharraingthe, creidmheas ráta úis saor in aisce gan táillí nó creidmheas atá le haisíoc laistigh de 3 mhí agus ní bhaintear ach táillí neamhshuntasacha.

In Airteagal 3 (sainmhínithe) sainítear na téarmaí a mbaintear úsáid astu sa togra seo. A mhéid is féidir, cuireadh sainmhínithe ar chomhréim leis na sainmhínithe atá i dtéacsanna eile an Aontais, go háirithe Treoir 2014/17/CE maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dho-aistrithe. Mar sin féin, i bhfianaise shainiúlachtaí na Treorach seo, cuireadh roinnt acu in oiriúint do riachtanais an togra seo.

Leagtar amach in Airteagal 4 (méideanna atá sloinnte in euro a chomhshó ina n‑airgeadra náisiúnta) rialacha chun na méideanna a shloinntear in euro a chomhshó ina n‑airgeadra náisiúnta.

Áirítear in Airteagal 5 (oibleagáid faisnéis a chur ar fáil saor in aisce do thomhaltóirí) oibleagáid faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí saor in aisce i gcomhréir leis an Treoir.

Le hAirteagal 6 (neamh‑idirdhealú) ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach ndéantar idirdhealú i gcoinne tomhaltóirí atá ina gcónaí go dleathach ar bhonn a náisiúntachta, a n‑áit chónaithe nó mar gheall ar aon fhoras dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt agus comhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin á n‑iarraidh, á dtabhairt i gcrích nó á sealbhú acu san Aontas.

In Airteagal 7 (comhaontuithe creidmheasa agus seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a fhógairt agus a mhargú) tugtar isteach prionsabail ghinearálta maidir le cumarsáidí margaíochta agus fógraíochta.

Leagtar amach in Airteagal 8 (faisnéis chaighdeánach atá le cur san áireamh i bhfógraíocht comhaontuithe creidmheasa agus seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin) foirm agus ábhar na faisnéise atá le cur san áireamh san fhógraíocht. Baineann an fhaisnéis chaighdeánach le príomhghnéithe creidmheasa. I gcásanna sonracha agus a bhfuil údar cuí leo, i gcás nach gcumasóidh an meán a mbaintear úsáid as chun an fhaisnéis atá le cur san fhógraíocht a chur in iúl in amharcthaispeántas na faisnéise, amhail i bhfógraíocht raidió, ba cheart an fhaisnéis sin a laghdú chun ró‑ualach faisnéise a sheachaint agus chun ualach nach bhfuil gá leis a laghdú. Leis na forálacha seo, comhlánaítear na hoibleagáidí atá i dTreoir 2002/65/CE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus i dTreoir 2005/29/CE maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach.

Ceanglaítear le hAirteagal 9 (faisnéis ghinearálta) go gcuirfidh creidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin faisnéis ghinearálta shoiléir agus intuigthe ar fáil faoi chomhaontuithe creidmheasa.

Le hAirteagal 10 (faisnéis réamhchonarthach), cruthaítear oibleagáid do chreidiúnaithe, d’idirghabhálaithe creidmheasa nó do sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin faisnéis réamhchonarthach phearsantaithe a thabhairt do thomhaltóirí bunaithe ar an bhfoirm le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra a bhfuil siad chun Forbhreathnú Caighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra a fháil freisin ina leagtar amach príomhghnéithe an chreidmheasa atá i gceist, chun cabhrú leo tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile. Tá sé de chuspóir aige a áirithiú go bhfeicfidh tomhaltóirí an fhaisnéis riachtanach ar fad, fiú ar scáileán teileafón soghluaiste. Tá inneachar agus leagan amach an Fhorléargais Chaighdeánaithe Eorpaigh ar Chreidmheas do Thomhaltóirí sonraithe in Iarscríbhinn II, agus tá inneachar agus leagan amach na foirme le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra sonraithe in Iarscríbhinn I. Ní mór faisnéis réamhchonarthach a sholáthar ar a laghad lá amháin sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon chomhaontú creidmheasa, nó ag comhaontú chun seirbhísí nó tairiscint creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar. Má sholáthraítear faisnéis réamhchonarthach níos lú ná lá amháin sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon chomhaontú creidmheasa, comhaontú chun seirbhísí nó tairiscint creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar, ní mór do chreidiúnaithe, d’idirghabhálaithe creidmheasa nó do sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin é a chur i gcuimhne do thomhaltóirí, lá amháin tar éis an conradh a thabhairt i gcrích, go bhfuil an deis acu tarraingt siar ón gcomhaontú creidmheasa nó ón gcomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar.

Le hAirteagal 11 (faisnéis réamhchonarthach maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(5) nó (6)), cuirtear oibleagáid ar chreidiúnaithe agus ar idirghabhálaithe creidmheasa faisnéis réamhchonarthach phearsantaithe a thabhairt do thomhaltóirí le haghaidh cineálacha áirithe creidmheasa tomhaltóirí ar bhonn na foirme le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra, sa bhreis ar an aon leathanach amháin d’Fhorbhreathnú Caighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra. Tá inneachar agus leagan amach na foirme mionsonraithe in Iarscríbhinn III. I gcás comhaontuithe creidmheasa eile, ní mór faisnéis réamhchonarthach a sholáthar lá amháin ar a laghad sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon chomhaontú creidmheasa nó tairiscint, murach sin ní mór do chreidiúnaithe agus d’idirghabhálaithe creidmheasa é a chur i gcuimhne do thomhaltóirí, lá amháin sula mbeidh an conradh tugtha i gcrích, go bhfuil an deis acu tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa.

Le hAirteagal 12 (mínithe leordhóthanacha), ceanglaítear ar chreidiúnaithe, ar idirghabhálaithe creidmheasa nó ar sholáthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin na comhaontuithe creidmheasa atá beartaithe, an tseirbhís creidmheasa sluachistiúcháin agus na seirbhísí coimhdeacha a mhíniú go leordhóthanach do thomhaltóirí, ionas go mbeidh siad in ann a mheas an bhfuil siad curtha in oiriúint dá riachtanais agus dá staid airgeadais.

Le hAirteagal 13 (tairiscintí pearsantaithe ar bhonn próiseáil uathoibrithe), ní mór tomhaltóirí a chur ar an eolas nuair a thíolactar tairiscintí pearsantaithe dóibh, ar bhonn próiseáil uathoibrithe, lena n‑áirítear próifíliú.

Le hAirteagal 14 (cleachtais chéimnithe agus chuachta), cuirtear toirmeasc ar chleachtais cheangail, ach amháin más féidir a léiriú go mbíonn tairbhe shoiléir ann do thomhaltóirí dá mbarr, agus aird chuí á tabhairt ar infhaighteacht agus ar phraghsanna na gcineálacha táirgí atá i gceist, agus ceadaítear cleachtais chuachta ag an am céanna.

Le hAirteagal 15 (comhaontú intuigthe maidir le seirbhísí coimhdeacha a cheannach), toirmisctear comhaontú tomhaltóirí a shainaithint trí roghanna réamhshocraithe amhail boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré.

Le hAirteagal 16 (seirbhísí comhairleacha) bunaítear caighdeáin chun a áirithiú, i gcás ina dtabharfaidh an creidiúnaí, an t‑idirghabhálaí creidmheasa nó soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin comhairle, go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas faoi sin, gan aon oibleagáid a thabhairt isteach comhairle a thabhairt. Tugtar ceanglas isteach leis go measfaí líon leordhóthanach comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar an margadh agus go dtabharfaí comhairle i gcomhréir le próifíl an iasachtaí.

Le hAirteagal 17 (toirmeasc ar dhíolacháin creidmheasa gan iarraidh), toirmisctear aon díol gan iarraidh a dhéanamh ar chreidmheas, lena n‑áirítear cártaí creidmheasa réamhcheadaithe nár iarradh agus a sheoltar chuig tomhaltóirí nó an creidiúnaí rótharraingt/teorainn caiteachais na dtomhaltóirí a ardú go haontaobhach, gan a iarratas ó na tomhaltóirí roimh ré nó gan comhaontú sainráite uathu.

Le hAirteagal 18 (oibleagáid acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra a mheasúnú) ceanglaítear ar an gcreidiúnaí nó ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin measúnú a dhéanamh ar chumas an tomhaltóra an creidmheas a aisíoc, agus leas an tomhaltóra á chur san áireamh agus bunaithe ar fhaisnéis riachtanach chomhréireach maidir le hioncam agus costais an tomhaltóra agus maidir le himthosca airgeadais agus eacnamaíocha eile, gan dul thar a bhfuil riachtanach chun measúnú den sórt sin a dhéanamh. Ceanglaítear léi freisin go gcuirfear creidmheas ar fáil le haghaidh tomhaltóirí más rud é, de thoradh an mheasúnaithe ar acmhainneacht creidmheasa, gur dócha go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa nó as an gcomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar ar an mbealach a cheanglaítear faoin gcomhaontú sin ach amháin in imthosca sonracha a bhfuil údar cuí leo. Ina theannta sin, nuair a bhíonn na measúnuithe ar acmhainneacht creidmheasa bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe, lena n‑áirítear próifíliú, tá sé de cheart ag tomhaltóirí idirghabháil dhaonna a iarraidh agus í a fháil ó thaobh an chreidiúnaí de, míniú fóinteach ar an measúnú ar acmhainneacht creidmheasa, agus a dhearcadh a chur in iúl agus agóid a dhéanamh in aghaidh an mheasúnaithe creidmheasa.

Le hAirteagal 19 (bunachair sonraí) tugtar isteach forálacha chun a áirithiú go mbeidh creidiúnaithe nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis ó bhunachair sonraí ábhartha ar bhonn neamh‑idirdhealaitheach.

In Airteagal 20 (foirm an chomhaontaithe creidmheasa agus an chomhaontaithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar) agus Airteagal 21 (faisnéis atá le cur san áireamh sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar), leagtar amach an fhoirm agus an fhaisnéis atá le cur san áireamh i gcomhaontuithe creidmheasa nó i gcomhaontuithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar.

Leagtar amach in Airteagal 22 (faisnéis maidir le modhnú an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar) coimircí sonracha atá le cur i bhfeidhm le haghaidh tomhaltóirí i gcás ina ndéanfar modhnú ar chomhaontuithe creidmheasa nó ar chomhaontuithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar.

In Airteagal 23 (athruithe ar an ráta iasachtaíochta) leagtar amach an fhaisnéis nach mór a thabhairt don tomhaltóir má thagann athrú ar an ráta iasachta.

Le hAirteagal 24 (saoráidí rótharraingthe) tugtar isteach forálacha lena chinntiú go gcoinnítear tomhaltóirí ar an eolas go rialta maidir le sonraí áirithe faoina saoráid rótharraingthe.

Leagtar amach in Airteagal 25 (maoirsiú) rialacha maidir le rótharraingtí a nglactar go hintuigthe leo trína, áit ina gcuireann creidiúnaí cistí ar fáil le haghaidh tomhaltóirí a sháraíonn an t‑iarmhéid reatha i gcuntas reatha an tomhaltóra nó sa tsaoráid rótharraingte comhaontaithe. I gcás rótháirgeadh suntasach, ní mór an tomhaltóir a chur ar an airdeall agus a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme.

In Airteagal 26 (ceart tarraingt siar) moltar an rogha do thomhaltóirí tarraingt siar ó chomhaontú creidmheasa nó ó chomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar faoi chúinsí atá cosúil leo sin dá dtagraítear i dTreoir 2002/65/CE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí.

In Airteagal 27 (comhaontuithe creidmheasa nasctha) leagtar amach rialacha sonracha maidir le comhaontuithe creidmheasa nasctha agus maidir leis an gceart tarraingt siar atá ag tomhaltóirí.

Leagtar amach in Airteagal 28 (comhaontuithe creidmheasa neamhiata nó comhaontuithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar) coinníollacha sonracha chun comhaontuithe neamhiata a fhoirceannadh.

Leagtar amach in Airteagal 29 (aisíocaíocht luath) an ceart atá ag tomhaltóirí a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh roimh an dáta dlite. I gcás aisíocaíocht luath iomlán nó pháirteach, tá an tomhaltóir i dteideal laghdú ar chostas iomlán an chreidmheasa, agus tá an creidiúnaí i dteideal cúiteamh cóir, cúiteamh a mbeidh bonn cirt oibiachtúil leis, a fháil as costais a d’fhéadfadh a bheith nasctha go díreach le haisíoc luath an chreidmheasa.

Baineann Airteagal 30 (ráta bliantúil céatadánach an mhuirir a ríomh) leis an bpríomhtháscaire a úsáidtear chun táirgí creidmheasa tomhaltóirí a chur i gcomparáid le chéile. Ceanglaítear leis, i gcás táirgí creidmheasa tomhaltóirí, úsáid a bhaint as an sainmhíniú ar an ráta céatadánach bliantúil muirir a mbaintear úsáid as i dTreoir 2008/48/CE. Tugtar mionsonraí maidir le modh ríofa APR in Iarscríbhinn 4 agus leagtar síos forálacha maidir leis an modheolaíocht a leasú chun go mbeifear in ann forbairtí sa mhargadh a chur san áireamh.

Le hAirteagal 31 (caidhpeanna ar rátaí úis, ráta céatadánach bliantúil muirir agus costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir) tugtar isteach caidhpeanna atá le cur ar an ráta úis is infheidhme maidir le comhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí, ar an APR agus/nó ar chostas iomlán an chreidmheasa. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh caidhp shonrach a bhunú do shaoráid chreidmheasa imrothlach.

In Airteagail 32 (iompar na n‑oibleagáidí gnó nuair atá creidmheas á thabhairt do thomhaltóirí) agus 33 (ceanglais maidir le heolas agus inniúlacht le haghaidh na foirne), leagtar síos coinníollacha tábhachtacha le haghaidh creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin chun leibhéal ard gairmiúlachta a áirithiú maidir le creidmheas tomhaltóirí a sholáthar, amhail ceanglais maidir le beartais agus ceanglais luacha saothair chun an t‑eolas agus na scileanna iomchuí a bheith acu.

Le hAirteagal 34 (oideachas airgeadais) tugtar isteach bearta oideachais airgeadais a bheidh le cur chun cinn ag na Ballstáit, go háirithe i ndáil le comhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí, chun litearthacht airgeadais tomhaltóirí a fheabhsú, lena n‑áirítear maidir le táirgí a dhíoltar go digiteach.

Le hAirteagal 35 (riaráistí agus bearta staonta) tugtar isteach bearta chun staonadh réasúnta a spreagadh sula dtionscnaítear imeachtaí forfheidhmiúcháin.

Ceanglaítear le hAirteagal 36 (fiach‑sheirbhísí comhairleacha) ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear fiach‑sheirbhísí comhairleacha ar fáil, le haghaidh tomhaltóirí.

Sonraítear in Airteagal 37 (institiúidí neamhchreidmheasa a ligean isteach, a chlárú agus a mhaoirsiú) nach mór d’institiúidí neamhchreidmheasa a bheith faoi réir próisis iontrála, clárú agus maoirseacht leordhóthanach. Ba cheart a áirithiú leis sin go ndéanfar gach creidiúnaí agus soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a rialáil agus a mhaoirsiú go leordhóthanach, cé acu más institiúid chreidmheasa atá i gceist nó nach ea.

In Airteagal 38 (oibleagáidí sonracha le haghaidh idirghabhálaithe creidmheasa) tá forálacha maidir le bearta speisialta i ndáil le hidirghabhálaithe creidmheasa.

In Airteagal 39 (sannadh na gceart), a chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17 de Threoir 2008/48/CE, luaitear go bhfuil cearta áirithe le coimeád i gcás ina sannfar cearta an chreidiúnaí do thríú páirtí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ina sannfar an comhaontú creidmheasa féin do thríú páirtí. Is éard a thuigtear le sannaí aon duine dár sannadh cearta an chreidiúnaí, is é sin le rá árachóir creidmheasa, gníomhaireacht bailithe fiachais, cuideachta athchomhairimh nó cuideachta urrúsaithe etc.

Foráiltear in Airteagal 40 (réiteach díospóide lasmuigh den chúirt), gur cheart rochtain a bheith ag tomhaltóirí ar nósanna imeachta malartacha maidir le réiteach díospóidí chun díospóidí idir tomhaltóirí agus creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a réiteach i dtaca le cearta agus oibleagáidí a bhunaítear leis an Treoir seo, gan idirdhealú a dhéanamh idir díospóidí conarthacha agus réamhchonarthacha. Ba cheart na nósanna imeachta malartacha sin maidir le díospóidí a réiteach, agus na heintitis a thairgeann iad, a bheith ag teacht leis na ceanglais cháilíochta a bhunaítear le Treoir 2013/11/AE.

Ceanglaítear le hAirteagal 41 (údaráis inniúla) ar na Ballstáit údaráis inniúla shonracha a ainmniú chun an Treoir a chur chun feidhme.

In Airteagal 42 (leibhéal comhchuibhithe) agus in Airteagal 43 (cineál éigeantach na Treorach), deimhnítear prionsabal an chomhchuibhithe iomláin agus cineál ríthábhachtach na Treorach. Ní bheidh na Ballstáit i dteideal forálacha eile a bheith i bhfeidhm acu maidir leis na réimsí a chumhdaítear leis an Treoir sa mhéid go bhfuil forálacha comhchuibhithe inti sna réimsí sin.

Le hAirteagal 44 (pionóis), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear bearta nó smachtbhannaí riaracháin iomchuí i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonadh na Treorach. Ina theannta sin, i gcás ‘sáruithe forleathana’ agus ‘sáruithe forleathana lena ngabhann gné Aontais’, mar a shainmhínítear sa Rialachán athbhreithnithe maidir le CCT, ceanglófar ar na Ballstáit fíneálacha de 4 % ar a laghad de láimhdeachas an chreidiúnaí, an idirghabhálaí creidmheasa nó an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sna Ballstáit lena mbaineann a chur ina ndlí náisiúnta.

Leagtar amach in Airteagal 45 (tarmligean a fheidhmiú) na nósanna imeachta atá le leanúint chun codanna áirithe den Treoir a oiriúnú, a shonrú nó a thabhairt cothrom le dáta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

In Airteagail 46 (athbhreithniú agus faireachán), 47 (aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha), 48 (trasuí), 49 (teacht i bhfeidhm) agus Airteagal 50 (seoltaí), tá forálacha caighdeánacha agus foclaíocht nach gá aon bharúil speisialta a thabhairt ina leith.

2021/0171 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creidmheasanna tomhaltóirí




TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 23 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 leagtar síos rialacha ar leibhéal an Aontais maidir le comhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí agus seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin le haghaidh tomhaltóirí.

(2)In 2014, thíolaic an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme Threoir 2008/48/CE. In 2020, thíolaic an Coimisiún an dara tuarascáil maidir le cur chun feidhme na Treorach sin agus Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin chun torthaí meastóireachta REFIT ar an Treoir a thíolacadh inar áiríodh comhairliúchán leathan le geallsealbhóirí ábhartha.

(3)Leis na tuarascálacha agus na comhairliúcháin sin nochtadh go raibh Treoir 2008/48/CE éifeachtach i bpáirt chun ardchaighdeáin cosanta tomhaltóirí a áirithiú agus forbairt margaidh aonair le haghaidh creidmheasa a chothú, agus go bhfuil na cuspóirí sin fós ábhartha. Eascraíonn na cúiseanna nach raibh an Treoir sin ach leathéifeachtach ón Treoir féin, mar gheall, mar shampla ar fhoclaíocht neamhbheacht in airteagail ar leith, agus ó imthosca seachtracha, amhail na forbairtí atá nasctha le digitiú, cur i bhfeidhm agus forghníomhú praiticiúil sna Ballstáit agus ón gcaoi go bhfuil gnéithe den mhargadh creidmheasa tomhaltóirí ann nach gcumhdaítear leis an Treoir.

(4)Rannchuidigh an digitiú le forbairtí margaidh nár tuaradh tráth a glacadh Treoir 2008/48/CE. Go deimhin, tá athruithe suntasacha tagtha ar mhargadh na gcomhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí de bharr na mearfhorbairtí teicneolaíocha a cláraíodh ó Threoir 2008 i leith, ó thaobh an tsoláthair de agus ó thaobh an éilimh de araon, amhail teacht chun cinn táirgí nua agus forbairt iompraíocht agus roghanna na dtomhaltóirí.

(5)Mar ghealla ar fhoclaíocht neamhbheacht forálacha áirithe de Threoir 2008/48/CE, lena gceadaítear do na Ballstáit forálacha éagsúla a ghlacadh a théann thar na forálacha dá bhforáiltear sa Treoir sin, bhí creat rialála ilroinnte ann ar fud an Aontais i roinnt gnéithe de chreidmheas tomhaltóirí.

(6)Maidir leis an staid de facto agus de jure atá mar thoradh ar na difríochtaí náisiúnta sin, i roinnt cásanna, tagann saobhadh iomaíochta i measc creidiúnaithe san Aontas as sin agus cruthaítear bacainní ar an margadh inmheánach. Cuirtear srian le cumas na dtomhaltóirí tairbhiú de thairiscint creidmheasa trasteorann, tairiscint atá ag dul i méid de réir a chéile, agus meastar go dtiocfaidh méadú breise air sin de thoradh digitiú. Dá réir sin, is féidir go mbeidh iarmhairtí ag an saobhadh agus ag na srianta sin i dtéarmaí éilimh laghdaithe ar earraí agus seirbhísí. Tagann cosaint neamhleor agus neamhchomhsheasmhach mar thoradh ar an staid freisin le haghaidh tomhaltóirí ar fud an Aontais.

(7)Le blianta beaga anuas, tháinig athrú ar an gcreidmheas a thairgtear do thomhaltóirí agus tá éagsúlacht mhór ag baint leis anois. Tháinig táirgí nua creidmheasa chun cinn, go háirithe sa timpeallacht ar líne, agus tagann forbairt leanúnach ar a núsáid. As sin tháinig éiginnteacht dhlíthiúil chun cinn maidir leis an Treoir 2008/48/CE a chur i bhfeidhm maidir le táirgí nua den sórt sin.

(8)Comhlánaíonn an Treoir seo na rialacha a leagtar amach i dTreoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart a shoiléiriú gur cheart go mbeadh feidhm ag foráil na Treorach seo mar lex specialis i gcás ina mbeadh coimhlint idir na forálacha.

(9)I gcomhréir le hAirteagal 26 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuimsíonn an margadh inmheánach limistéar ina náirithítear saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus saoirse bunaíochta. Má dhéantar creat dlíthiúil níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla a fhorbairt le haghaidh creidmheas tomhaltóirí, ba cheart muinín na dtomhaltóirí a mhéadú agus forbairt gníomhaíochtaí trasteorann a éascú.

(10)Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh creidmheasanna tomhaltóirí a fheabhsú, is gá foráil a dhéanamh maidir le creat comhchuibhithe Aontais i roinnt príomhréimsí. I bhfianaise an mhargaidh atá ag forbairt i gcreidmheas tomhaltóirí, go háirithe sa timpeallacht ar líne, agus soghluaisteacht mhéadaitheach saoránach Eorpach, le reachtaíocht réamhbhreathnaitheach ón Aontas lenar féidir oiriúnú d’fhoirmeacha creidmheasa amach anseo agus lena dtugtar an méid iomchuí solúbthachta do na Ballstáit maidir lena gcur chun feidhme, cuideofar le cothroime iomaíochta a chruthú do ghnólachtaí.

(11)Le hAirteagal 169(1) agus Airteagal 169(2), pointe (a), CFAE, foráiltear go bhfuil an tAontas le rannchuidiú le gnóthú ardleibhéil cosanta tomhaltóirí trí bhearta a ghlactar de bhun Airteagal 114 CFAE. Le hAirteagal 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’) foráiltear go bhfuil ardleibhéal cosanta tomhaltóirí le háirithiú le beartais ón Aontas.

(12)Tá sé tábhachtach go mbainfeadh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí. Mar sin, ba cheart é a bheith indéanta saorghluaiseacht tairiscintí creidmheasa a dhéanamh faoi na dálaí is fearr dóibh sin a thairgeann creidmheas agus dóibh sin a cheanglaíonn é araon, agus aird chuí á tabhairt ar staideanna sonracha sna Bhallstáit.

(13)Tá gá le comhchuibhiú iomlán chun a áirithiú go mbeidh leasanna na dtomhaltóirí uile san Aontas cosanta ar ardleibhéal agus ar leibhéal coibhéiseach agus chun margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a chruthú. Dá bhrí sin, níor cheart a cheadú do na Ballstáit forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach a imíonn ó na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag an srian sin, áfach, ach amháin i gcás ina bhfuil forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo. I gcás nach ann d’aon fhoráil chomhchuibhithe den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun reachtaíocht náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach. Dá réir sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, mar shampla, forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach an díoltóra nó an tsoláthraí seirbhíse agus an chreidiúnaí. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit freisin forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach maidir le cealú conartha chun earraí a dhíol nó seirbhísí a sholáthar má fheidhmíonn an tomhaltóir a cheart chun tarraingt siar ón gcomhaontú creidmheasa nó ón gcomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar. Ina leith sin, i gcás comhaontuithe creidmheasa imrothlaigh, ba cheart a cheadú do na Ballstáit íostréimhse a shocrú is gá a ligean in éag idir an tráth a iarrann an creidiúnaí aisíocaíocht agus an lá nach mór an creidmheas a aisíoc.

(14)Cinntear raon feidhme an chomhchuibhithe leis na sainmhínithe atá sa Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid ar na Ballstáit chun an Treoir seo a chur chun feidhme a bheith teoranta dá raon feidhme mar a chinntear leis na sainmhínithe sin. Mar sin féin, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach seo ag na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le réimsí nach gcumhdaítear lena raon feidhme. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh Ballstát reachtaíocht náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, reachtaíocht náisiúnta a chomhfhreagraíonn don Treoir seo nó d’fhorálacha áirithe den Treoir seo maidir le comhaontuithe creidmheasa lasmuigh dá raon feidhme, mar shampla maidir le comhaontuithe creidmheasa arb amhlaidh, ar iad a bheith tugtha i gcrích, a iarrtar ar an tomhaltóir ní a thaisceadh mar urrús i slánchoimeád an chreidiúnaí agus ina bhfuil dliteanas an tomhaltóra teoranta go docht don ní sin atá curtha i ngeall. Thairis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit an Treoir seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le creidmheas nasctha nach dtagann faoi réim an tsainmhínithe ar chomhaontú creidmheasa nasctha sa Treoir seo. Mar sin, d’fhéadfaí forálacha na Treorach seo maidir le comhaontuithe creidmheasa nasctha a chur i bhfeidhm maidir le comhaontuithe creidmheasa nach bhfónann ach i bpáirt chun conradh a mhaoiniú le hearraí a sholáthar nó seirbhís a sholáthar.

(15)Tá Treoir 2008/48/CE curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát maidir le réimsí nach gcumhdaítear lena raon feidhme chun an leibhéal cosanta tomhaltóirí a fheabhsú. Go deimhin, is féidir le roinnt de na comhaontuithe creidmheasa nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin a bheith díobhálach do thomhaltóirí, lena náirítear iasachtaí gearrthéarmacha a bhfuil costas ard ag baint leo a mbíonn a méid níos ísle de ghnáth ná an íostairseach EUR 200 a leagtar amach i dTreoir 2008/48/CE. Sa chomhthéacs sin, agus leis an aidhm ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus an margadh creidmheasa tomhaltóirí trasteorann a éascú, ba cheart do raon feidhme na Treorach seo roinnt comhaontuithe a bhí eisiata ó raon feidhme Threoir 2008/48/CE a chumhdach, amhail comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí faoi bhun EUR 200. Mar an gcéanna, ba cheart táirgí eile a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, mar gheall ar na costais arda atá orthu nó na táillí arda a bhaineann leo i gcás íocaíochtaí a chailltear, a chumhdach leis an Treoir seo, chun trédhearcacht mhéadaithe agus cosaint níos fearr a áirithiú do thomhaltóirí, rud as a dtiocfaidh muinín tomhaltóirí níos airde. Chuige sin, maidir le comhaontuithe fostaithe nó léasaithe, comhaontuithe creidmheasa i bhfoirm saoráid rótharraingte agus i gcás inar gá an creidmheas a aisíoc laistigh de mhí amháin, agus comhaontuithe creidmheasa i gcás ina ndeonaítear an creidmheas saor ó ús agus gan aon mhuirear eile, lena náirítear scéimeanna Ceannaigh Anois, Íoc Níos Déanaí, i.e. uirlisí nua airgeadais leictreonaigh a ligeann do thomhaltóirí rudaí a cheannach agus íoc astu de réir a chéile, agus comhaontuithe creidmheasa ar faoina dtéarmaí atá an creidmheas le haisíoc laistigh de 3 mhí agus nach bhfuil ach muirir neamhshuntasacha iníoctha, níor cheart iad a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo. Thairis sin, ba cheart gach comhaontú creidmheasa suas go dtí EUR 100 000 a áireamh i raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo. Ba cheart uastairseach na gcomhaontuithe creidmheasa faoin Treoir seo a mhéadú chun innéacsú a chur san áireamh chun coigeartú d’éifeachtaí an bhoilscithe ó 2008 i leith agus sna blianta atá le teacht.

(16)Is cineál maoiniúcháin é sluachistiú atá ar fáil le haghaidh tomhaltóirí níos minice anois, le haghaidh costas beag nó infheistíochtaí de ghnáth. Déanann Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26  seirbhísí sluachistiúcháin a eisiamh óna raon feidhme, lena náirítear seirbhísí sluachistiúcháin lena néascaítear deonú creidmheasa, ar seirbhísí iad a thugtar do thomhaltóirí mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/48/CE. Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an Treoir seo Rialachán (AE) 2020/1503 a chomhlánú tríd an eisiamh sin a leigheas trí shoiléireacht dhlíthiúil a thabhairt maidir leis an gcóras dlí is infheidhme le haghaidh seirbhísí sluachistiúcháin nuair a fhéachann tomhaltóir le creidmheas a fháil trí sholáthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

(17)Oibríonn soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ardán digiteach atá ar oscailt don phobal chun iasachtóirí ionchasacha a mheaitseáil le tomhaltóirí atá ag iarraidh cistiú, nó chun an mheaitseáil sin a éascú. Is féidir go mbeidh an cistiú sin i bhfoirm creidmheasa tomhaltóirí. I gcás ina soláthróidh soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin creidmheas go díreach do thomhaltóirí, bheadh feidhm ag forálacha na Treorach a bhaineann le creidiúnaithe maidir leo. I gcás ina néascaíonn soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin deonú creidmheasa idir creidiúnaithe ag gníomhú dóibh i gcúrsa a gcuid trádála, a ngnó nó a ngairme, agus tomhaltóirí, ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí do chreidiúnaithe faoin Treoir seo maidir leis na creidiúnaithe sin. I gcás den sórt sin, gníomhaíonn soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin mar idirghabhálaithe creidmheasa, agus mar sin ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí d’idirghabhálaithe creidmheasa faoin Treoir seo maidir leo.

(18)Thairis sin, ba cheart feidhm a bheith ag roinnt forálacha den Treoir seo maidir le soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ag gníomhú dóibh i gcáil den sórt sin seachas mar chreidiúnaithe nó idirghabhálaithe creidmheasa, i gcás ina néascóidh siad creidmheas a dheonú idir, ar thaobh amháin, daoine a dheonaíonn creidmheas do thomhaltóirí lasmuigh dá dtrádáil, dá ngnó nó dá ngairm, agus ar an taobh eile, tomhaltóirí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do sholáthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin rialacha agus oibleagáidí áirithe de chuid na Treorach seo a chomhlíonadh, lena náirítear an oibleagáid measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa agus na rialacha maidir le faisnéis réamhchonarthach. Maidir le daoine a dheonaíonn creidmheas nach bhfuil le linn a dtrádála, a ngnó nó a ngairme, do thomhaltóirí trí ardán creidmheasa sluachistiúcháin, níor cheart iad a bheith faoi réir oibleagáidí creidiúnaithe faoin Treoir seo.

(19)I gcás comhaontuithe creidmheasa sonracha nach bhfuil ach cuid de na forálacha den Treoir seo infheidhme maidir leo, ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun rialáil a dhéanamh, ina ndlí náisiúnta, ar na cineálacha comhaontuithe creidmheasa sin a mhéid a bhaineann le gnéithe eile nach ndéantar a chomhchuibhiú leis an Treoir seo.

(20)Comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí, ar bhonn leanúnach, nó maidir le soláthar earraí den chineál céanna, i gcás ina níocfaidh an tomhaltóir astu ar feadh fhad a soláthair trí thráthchodanna, is féidir go mbeidh siad anéagsúil, i dtéarmaí leasanna na bpáirtithe conarthacha lena mbaineann, agus mhódúlachtaí agus fheidhmiú na nidirbheart, le comhaontuithe creidmheasa a chumhdaítear leis an Treoir seo. Dá bhrí sin, níor cheart comhaontuithe den sórt sin a mheas mar chomhaontuithe creidmheasa chun críocha na Treorach seo. Áirítear le comhaontú den sórt sin, mar shampla, conradh árachais i gcás ina níoctar as an árachas i dtráthchodanna míosúla.

(21)Comhaontuithe creidmheasa lena gcumhdaítear deonú creidmheasa a urraítear le réadmhaoin agus comhaontuithe creidmheasa arb é is cuspóir dóibh maoiniú a dhéanamh ar éadáil nó ar choinneáil ceart maoine i dtalamh nó i bhfoirgneamh atá ann cheana nó atá beartaithe, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo ós rud é go ndéantar iad a rialáil le Treoir 2014/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 . Creidmheasanna nach nurraítear áfach, arb é is cuspóir dóibh maoin chónaithe dhochorraithe a athchóiriú, lena náirítear iad sin lena mbaineann méid iomlán creidmheasa os cionn EUR 100 000, níor cheart iad a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo.

(22)Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil an creidiúnaí ina dhuine dlítheanach nó nádúrtha. Leis an Treoir seo, áfach, níor cheart difear a dhéanamh do cheart na mBallstát soláthar creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a theorannú do dhaoine dlítheanacha, agus dóibh sin amháin, nó do dhaoine dlítheanacha áirithe.

(23)Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe den Treoir seo maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha (idirghabhálaithe creidmheasa) arb amhlaidh, i gcúrsa a dtrádála, a ngnó nó a gceirde, a chuireann comhaontuithe creidmheasa faoi bhráid tomhaltóirí nó a thairgeann dóibh iad, ar tháille, a chuidíonn le tomhaltóirí trí obair ullmhúcháin a dhéanamh i leith comhaontuithe creidmheasa nó a thugann comhaontuithe creidmheasa i gcrích le tomhaltóirí thar ceann an chreidiúnaí.

(24)Ba cheart faisnéis, amhail faisnéis réamhchonarthach nó faisnéis ghinearálta, a chur ar fáil saor in aisce do thomhaltóirí.

(25)Leis an Treoir seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, tugtar lánurraim leis an Treoir seo do na cearta maidir le cosaint sonraí pearsanta, chun maoine, chun neamhidirdhealú, chun cosaint shaol an teaghlaigh agus an tsaoil ghairmiúil, agus cosaint tomhaltóirí de bhun na Cairte.

(26)I dtaca le tomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu go dleathach san Aontas, níor cheart idirdhealú a dhéanamh orthu mar gheall ar a náisiúntacht ná a náit chónaithe, nó ar aon fhoras dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt nuair atá comhaontú creidmheasa á iarraidh, á thabhairt i gcrích nó á shealbhú acu chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar laistigh den Aontas.

(27)Ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar chleachtais éagóracha nó mhíthreoracha, go háirithe i ndáil leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an creidiúnaí, idirghabhálaí creidmheasa nó soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 . Tá feidhm fós ag an Treoir sin maidir le comhaontuithe creidmheasa agus seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus oibríonn sí mar ‘eangach shábháilteachta’ lena náirithítear gur féidir ardleibhéal cosanta coiteann do thomhaltóirí a choinneáil ar bun in aghaidh cleachtais tráchtála éagóracha i ngach earnáil, lena náirítear trí bhearnaí i ndlí eile an Aontais a chomhlánú agus a líonadh.

(28)Is gnách le fógraíocht díriú ar tháirge amháin nó ar roinnt táirgí go háirithe, ach ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann a gcuid cinntí féin a dhéanamh agus eolas iomlán acu ar an raon táirgí creidmheasa atá á dtairiscint. Maidir leis sin, tá ról tábhachtach ag faisnéis ghinearálta chun oideachas a chur ar an tomhaltóir maidir leis an raon leathan táirgí agus seirbhísí atá ar fáil agus na príomhghnéithe a bhaineann leo. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann dá bhrí sin faisnéis ghinearálta maidir leis na táirgí creidmheasa atá ar fáil a rochtain ag gach tráth. Ba cheart dó sin a bheith gan dochar don oibleagáid maidir le faisnéis réamhchonarthach phearsanta a sholáthar do thomhaltóirí.

(29)Ba cheart forálacha sonracha a leagan síos maidir le fógraíocht a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus míreanna áirithe d’fhaisnéis chaighdeánach atá le soláthar do thomhaltóirí chun é a chur ar a gcumas dóibh, go háirithe, tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile. Ba cheart an fhaisnéis sin a thabhairt ar bhealach soiléir, gonta agus feiceálach trí shampla ionadaíoch. Ba cheart an fhaisnéis chaighdeánach a léiriú roimh ré agus go suntasach, ar bhealach soiléir agus i bhformáid tharraingteach. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith inléite go soiléir agus oiriúnaithe chun na srianta teicniúla de chuid meáin áirithe, amhail scáileáin fóin shoghluaiste, a chur san áireamh. Coinníollacha fógraíochta sealadacha, amhail ráta mealltach le ráta úis níos ísle le haghaidh mhíonna tosaigh an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ní mór iad a shainaithint go soiléir amhlaidh. Ba cheart do thomhaltóirí an fhaisnéis fhíorriachtanach uile a fheiceáil d’aon amharc, fiú amháin nuair a bhreathnaíonn siad uirthi ar scáileán fóin shoghluaiste. Ba cheart uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an chreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an idirghabhálaí creidmheasa agus an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a chur in iúl freisin don tomhaltóir chun a chur ar a chumas dó nó ar a cumas di dul i dteagmháil leis an gcreidiúnaí, leis an idirghabhálaí creidmheasa nó leis an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin go tapa agus go héifeachtúil. Ba cheart uasteorainn a sholáthar i gcás nach féidir an méid iomlán creidmheasa a léiriú mar na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil, go háirithe i gcás ina dtugtar le comhaontú creidmheasa saoirse tarraingthe anuas don tomhaltóir le teorainn maidir leis an méid. Leis an uasteorainn ba cheart an uasteorainn creidmheasa is féidir a chur ar fáil don tomhaltóir a léiriú. I gcásanna sonracha agus a bhfuil bonn cirt leo, chun feabhas a chur ar thuiscint an tomhaltóra ar fhaisnéis a nochtar i bhfógraíocht maidir le comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i gcás nach gceadaítear leis an meán a úsáidtear í a thaispeáint ó amharc, amhail i bhfógraíocht raidió, d’fhéadfaí an méid faisnéise a nochtar a laghdú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun ceanglais faisnéise a rialáil ina ndlí náisiúnta maidir le fógraíocht ar chomhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nach bhfuil faisnéis maidir le costas an chreidmheasa iontu.

(30)Ionas go mbeidh na tomhaltóirí in ann a gcinntí a dhéanamh agus láneolas acu ar na fíorais, ba cheart faisnéis leordhóthanach a thabhairt dóibh, chun go mbreithneoidís go cúramach iad ar a bhfóillíocht agus ar a náisiúlacht féin, lá amháin ar a laghad roimh thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar, lena náirítear faisnéis faoi choinníollacha agus costas an chreidmheasa agus faoina noibleagáidí, mar aon le mínithe leordhóthanacha ar na nithe sin. Ba cheart na rialacha sin a bheith gan dochar do Threoir 93/13/CEE ón gComhairle 29 .

(31)Ba cheart faisnéis réamhchonarthach a sholáthar trí fhoirm don Fhaisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra. Chun cuidiú le tomhaltóirí tairiscintí a thuiscint agus a chur i gcomparáid le chéile, ba cheart foirm le haghaidh an Fhorbhreathnaithe Chaighdeánaigh Eorpaigh um Chreidmheas Tomhaltóra lena ndéantar achoimre ar an bpríomhghné den chreidmheas a sholáthar anuas ar an bhfoirm le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra, trínar cheart do thomhaltóirí an fhaisnéis fhíorriachtanach uile a fheiceáil d’aon amharc, fiú amháin ar scáileán fóin shoghluaiste. Ba cheart an fhaisnéis a bheith soiléir, inléite go soiléir agus oiriúnaithe chun na srianta teicniúla de chuid meáin áirithe amhail scáileán fóin shoghluaiste a chur san áireamh. Ba cheart í a thaispeáint ar bhealach leordhóthanach agus oiriúnach ar chainéil éagsúla, lena áirithiú gur féidir le gach tomhaltóir faisnéis a rochtain ar an mbonn céanna agus i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 .

(32)Chun an trédhearcacht agus an inchomparáideacht is iomláine is féidir a áirithiú maidir le tairiscintí, leis an bhfaisnéis réamhchonarthach ba cheart, go háirithe, ráta céatadánach bliantúil an mhuirir is infheidhme maidir leis an gcreidmheas a áireamh, a chinntear ar an mbealach céanna ar fud an Aontais. Ós rud é nach féidir ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a léiriú ag an gcéim sin ach amháin trí shampla, ba cheart an sampla sin a bheith ionadaíoch. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ag comhfhreagairt, mar shampla, do mheánfhad agus don mhéid iomlán creidmheasa a deonaíodh le haghaidh an chineáil comhaontaithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin atá á mheas agus, más infheidhme, do na hearraí a ceannaíodh. Nuair atá an sampla ionadaíoch á chinneadh, ba cheart minicíocht cineálacha áirithe comhaontaithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i margadh sonrach a chur san áireamh freisin. A mhéid a bhaineann leis an ráta iasachta, le minicíocht na dtráthchodanna agus le caipitliú úis, ba cheart do chreidiúnaithe úsáid a bhaint as a ngnáthmhodh chun an creidmheas tomhaltóirí lena mbaineann a ríomh. I gcás ina soláthrófar faisnéis réamhchonarthach níos lú ná lá amháin sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon chomhaontú creidmheasa nó comhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar, cuirfidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an tidirghabhálaí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, i gcuimhne do thomhaltóirí, lá amháin tar éis an conradh a thabhairt i gcrích, go bhfuil an deis acu tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa.

(33)Ba cheart costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir na costais uile a chuimsiú, lena náirítear ús, coimisiúin, cánacha, táillí le haghaidh idirghabhálaithe creidmheasa agus aon táille eile nach mór don tomhaltóir a íoc maidir leis an gcomhaontú creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, seachas costais nótaire. Ba cheart eolas iarbhír creidiúnaithe ar na costais a mheasúnú go hoibiachtúil, agus ceanglais gairmiúlachta a leagtar síos sa Treoir seo á gcur san áireamh.

(34)Comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ina ndéantar ráta iasachta a athbhreithniú go tréimhsiúil i gcomhréir le hathruithe a tharlaíonn i ráta tagartha dá dtagraítear sa chomhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, níor cheart a mheas gur comhaontaithe creidmheasa ná seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin le ráta seasta iasachta iad.

(35)Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun forálacha náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach lena dtoirmeasctar ar an gcreidiúnaí nó ar sholáthraí na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a cheangal ar an tomhaltóir, i dtaca leis an gcomhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, cuntas bainc a oscailt nó comhaontú a thabhairt i gcrích i leith seirbhís choimhdeach eile, nó na costais nó na táillí a íoc le haghaidh na gcuntas bainc sin nó seirbhísí coimhdeacha eile. Sna Ballstáit sin ina gceadaítear tairiscintí comhcheangailte den sórt sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas sula dtabharfar an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar i gcrích, faoi aon seirbhís choimhdeach atá éigeantach ionas go bhfaighfear an creidmheas ar an gcéad dul síos nó faoi na téarmaí agus coinníollacha a mhargaítear. Na costais is iníoctha i leith na seirbhísí coimhdeacha sin, go háirithe préimheanna árachais, ba cheart iad a áireamh i gcostas iomlán an chreidmheasa. De rogha air sin, mura féidir méid na gcostas sin a chinneadh roimh ré, ba cheart do thomhaltóirí faisnéis leordhóthanach a fháil ag céim réamhchonarthach faoi chostais a bheith ann. Ba cheart glacadh leis go bhfuil eolas ag an gcreidiúnaí féin nó ag soláthraí na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar chostais na seirbhísí coimhdeacha a thairgeann sé don tomhaltóir féin, nó thar ceann tríú páirtí, mura rud é go mbraitheann a bpraghas ar shaintréithe nó ar staid shonrach an tomhaltóra.

(36)Maidir le cineálacha sonracha comhaontuithe creidmheasa, áfach, is iomchuí, chun leibhéal leordhóthanach cosanta tomhaltóirí a áirithiú gan ualach iomarcach a chur ar chreidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, ar idirghabhálaithe creidmheasa, na ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach a shrianadh, agus cineál sonrach na gcineálacha comhaontuithe sin á chur san áireamh.

(37)Ba cheart faisnéis chuimsitheach a thabhairt don tomhaltóir sula dtabharfaidh sé an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar chun críche, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil idirghabhálaí creidmheasa páirteach i margú an chreidmheasa. Dá bhrí sin, go ginearálta, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach maidir le hidirghabhálaithe creidmheasa freisin. I gcás ina ngníomhóidh soláthróirí earraí agus seirbhísí mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach, áfach, ní iomchuí go bhforchuirtear orthu an oibleagáid dhlíthiúil an fhaisnéis réamhchonarthach a sholáthar i gcomhréir leis an Treoir seo. Féadfar a mheas go bhfuil soláthróirí earraí agus seirbhísí, mar shampla, ag gníomhú mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach murab í a ngníomhaíocht mar idirghabhálaithe creidmheasa príomhchuspóir a dtrádála, a ngnó nó a ngairme. Sna cásanna sin, gnóthaítear leibhéal leordhóthanach cosanta tomhaltóirí fós ós rud é gur cheart don chreidiúnaí a bheith freagrach as a áirithiú go bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis réamhchonarthach iomlán ón idirghabhálaí creidmheasa, má chomhaontaíonn an creidiúnaí agus an tidirghabhálaí amhlaidh, nó ar bhealach iomchuí éigin eile.

(38)Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit cineál ceangailteach ionchasach na faisnéise atá le soláthar don tomhaltóir a rialáil roimh thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus maidir leis an tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin le bheith faoi cheangal aige.

(39)D’ainneoin na faisnéise réamhchonarthaí atá le soláthar, is féidir go mbeidh cúnamh breise fós ag teastáil ón tomhaltóir chun a chinneadh, laistigh den raon táirgí a bheartaítear, cén comhaontú creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin is iomchuí le haghaidh a riachtanas agus a staide airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthróidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an cúnamh sin i ndáil leis na táirgí creidmheasa a thairgeann siad don tomhaltóir, trí mhínithe leordhóthanacha a sholáthar maidir leis an bhfaisnéis ábhartha lena náirítear go háirithe saintréithe fíorriachtanacha na dtáirgí a mholtar don tomhaltóir ar bhealach pearsantaithe ionas gur féidir leis an tomhaltóir na héifeachtaí a fhéadfaidh a bheith acu ar a staid eacnamaíoch a thuiscint. Ba cheart do chreidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an bealach a dtugtar na mínithe sin a oiriúnú do na himthosca ina dtairgtear an creidmheas agus don ghá atá ag an tomhaltóir le cúnamh, agus eolas agus taithí an tomhaltóra ar chreidmheas agus cineál táirgí creidmheasa aonair á gcur san áireamh. Níor cheart na mínithe sin a bheith ina moladh pearsanta astu féin.

(40)Mar a léiríodh sa Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga (an Gníomh um Intleacht Shaorga) 31 , is féidir córais intleachta saorga (AI) a úsáid go héasca in earnálacha éagsúla an gheilleagair agus na sochaí, lena náirítear ar bhonn trasteorann, agus a bheith i gcúrsaíocht ar fud an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a cheadú do chreidiúnaithe, d’idirghabhálaithe creidmheasa agus do sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin praghas a dtairiscintí a phearsantú le haghaidh tomhaltóirí sonracha nó catagóirí sonracha tomhaltóirí bunaithe ar chinnteoireacht uathoibríoch agus ar phróifíliú uathoibríoch ar iompraíocht tomhaltóirí lenar féidir leo cumhacht ceannaigh an tomhaltóra a mheasúnú. Dá bhrí sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas go soiléir nuair atá an praghas a chuirtear faoina mbráid pearsantaithe ar bhonn na próiseála uathoibrithe, ionas gur féidir leo na rioscaí ionchasacha a chur san áireamh ina gcinneadh ceannaigh.

(41)Mar riail ghinearálta, níor cheart cleachtais nasctha a cheadú mura rud é nach bhféadfaí an tseirbhís airgeadais ná an táirge a thairgtear mar aon leis an gcomhaontú creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thairiscint ar leithligh ós cuid iomlán chomhtháite den chreidmheas í nó é, mar shampla i gcás saoráid rótharraingte. Agus cúinsí comhréireachta á gcur san áireamh, ba cheart go mbeadh creidiúnaithe nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin in ann a cheangal ar an tomhaltóir beartas árachais ábhartha a bheith aige chun aisíoc an chreidmheasa a ráthú nó chun luach an urrúis a árachú, ba cheart an deis a bheith ag an tomhaltóir a sholáthraí árachais féin a roghnú. Níor cheart go ndéanfadh sé sin dochar do na coinníollacha creidmheasa arna socrú ag an gcreidiúnaí nó ag soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ar choinníoll go bhfuil an leibhéal coibhéiseach ráthaíochta ag polasaí árachais an tsoláthraí sin agus atá ag an bpolasaí árachais atá beartaithe nó atá á thairiscint ag an gcreidiúnaí nó ag na soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin. Thairis sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit, an cumhdach a sholáthraítear le conarthaí árachais a chaighdeánú, go hiomlán nó i bpáirt, chun comparáidí a éascú idir tairiscintí éagsúla le haghaidh tomhaltóirí ar mian leo na comparáidí sin a dhéanamh.

(42)Ba cheart seirbhísí coimhdeacha a chur i láthair ar bhealach soiléir agus trédhearcach. Ina theannta sin, níor cheart go mbeifí in ann comhaontú an tomhaltóra leis na seirbhísí coimhdeacha sin a bhunú ar thátal ach ní mór comhaontú den sórt sin a bheith ina ghníomh soiléir dearfach lena mbunaítear léiriú a thugtar faoi shaoirse, atá sonrach, eolasach agus gan débhrí ar fhormheas an tomhaltóra. Sa chomhthéacs sin, níor cheart tost, boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré ná neamhghníomhaíocht a bheith ionann le comhaontú.

(43)Gníomhaíocht is ea comhairle a sholáthar i bhfoirm moladh pearsantaithe (‘seirbhísí comhairleacha’), rud a fhéadfaidh a bheith comhcheangailte le gnéithe eile de chreidmheas a dheonú nó a idirghabháil. Dá bhrí sin, chun bheith in ann cineál na seirbhísí a sholáthraítear dóibh a thuiscint, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina bhfuil i gceist le seirbhísí comhairleacha den sórt sin agus cibé acu atá nó nach bhfuil seirbhísí comhairleacha á soláthar nó faoi cibé acu is féidir nó nach féidir iad a sholáthar. I bhfianaise a thábhachtaí atá úsáid na dtéarmaí ‘comhairle’ agus ‘comhairleoirí’ do thomhaltóirí, ba cheart a cheadú do na Ballstáit úsáid na dtéarmaí sin, nó téarmaí comhchosúla, a thoirmeasc nuair atá seirbhísí comhairleacha á soláthar do thomhaltóirí ag creidiúnaithe, ag idirghabhálaithe creidmheasa nó ag soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin. Is iomchuí a áirithiú go bhforchuireann na Ballstáit coimircí i gcás ina dtugtar tuairisc ar chomhairle mar chomhairle neamhspleách chun a áirithiú go mbeidh an raon táirgí atá á mheas agus na socruithe luacha saothair i gcomhréir le hionchais tomhaltóirí maidir leis an gcomhairle sin. Le linn seirbhísí comhairleacha a sholáthar, ba cheart don chreidiúnaí, don idirghabhálaí creidmheasa nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin léiriú a sholáthar ar cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an moladh bunaithe ar a raon táirgí féin, agus air sin amháin, nó ar raon leathan táirgí ó gach cearn den mhargadh, ionas gur féidir leis an tomhaltóir an bonn ar a bhfuil an moladh déanta a thuiscint. Thairis sin, ba cheart don chreidiúnaí, don idirghabhálaí creidmheasa nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin léiriú a sholáthar ar an táille is iníoctha ag an tomhaltóir as na seirbhísí comhairleacha nó, i gcás nach féidir an méid a fháil amach tráth an nochta, an modh a úsáidtear lena ríomh.

(44)Féadfaidh díolacháin chreidmheasa nár iarr na tomhaltóirí a bheith ionann le cleachtais atá díobhálach don tomhaltóir i roinnt cásanna. Maidir leis sin, ba cheart creidmheas gan iarraidh a dhíol a thoirmeasc, lena náirítear cártaí creidmheasa neamhiarrtha réamhfhormheasta a sheoltar chuig na tomhaltóirí, nó méadú aontaobhach rótharraingte nó teorainn cárta creidmheasa tomhaltóirí.

(45)Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun cleachtais fhreagracha a chur chun cinn le linn na gcéimeanna uile den chaidreamh creidmheasa, agus gnéithe sonracha a margaidh creidmheasa á gcur san áireamh. Féadfar a áireamh sna bearta sin, mar shampla, soláthar faisnéise do thomhaltóirí, agus oideachas a chur orthu, lena náirítear rabhaidh maidir leis na rioscaí a bhaineann le mainneachtain íocaíochta agus le rófhéichiúnas. Sa mhargadh creidmheasa atá ag dul i leithne, go háirithe, is den tábhacht nár cheart do chreidiúnaithe dul i mbun iasachtú mífhreagrach ná creidmheas a thabhairt gan measúnú acmhainneachta creidmheasa roimh ré. Ba cheart do na Ballstáit an mhaoirseacht is gá a dhéanamh chun iompraíocht den sórt sin ó chreidiúnaithe a sheachaint agus ba cheart dóibh na modhanna is gá a chinneadh chun smachtbhanna a chur ar iompraíocht den sórt sin. Gan dochar d’fhorálacha riosca creidmheasa Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 , ba cheart do chreidiúnaithe nó do sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a bheith freagrach as acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra a sheiceáil go leithleach. Chuige sin, ba cheart a cheadú do chreidiúnaithe nó do sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin úsáid a bhaint as faisnéis a sholáthraíonn an tomhaltóir ní hamháin le linn an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i gceist a ullmhú, ach freisin le linn caidreamh tráchtála seanbhunaithe. Ba cheart do thomhaltóirí gníomhú go stuama freisin agus a noibleagáidí conarthacha a urramú.

(46)Tá sé fíorriachtanach go ndéanfar measúnú agus fíorú ar chumas agus ar chlaonadh an tomhaltóra an creidmheas a aisíoc sula dtugtar comhaontú creidmheasa nó comhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i gcrích. Ba cheart an measúnú acmhainneachta creidmheasa sin a dhéanamh chun leas an tomhaltóra, chun cleachtais iasachtaithe mhífhreagracha agus rófhéichiúnas a chosc, agus ba cheart a chur san áireamh ann na fachtóirí uile is gá agus is ábhartha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chumas tomhaltóra an creidmheas a aisíoc. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann treoraíocht bhreise a eisiúint maidir le critéir bhreise agus modhanna chun acmhainneacht creidmheasa tomhaltóra a mheasúnú, mar shampla trí theorainneacha a leagan síos ar chóimheasa iasachtaluacha nó iasachtaioncaim.

(47)Ba cheart an measúnú acmhainneachta creidmheasa a bheith bunaithe ar fhaisnéis maidir le staid airgeadais agus eacnamaíoch, lena náirítear ioncam agus costais, an tomhaltóra. I dTreoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le tionscnamh agus faireachán na hiasachta (EBA/GL/2020/06), soláthraítear treoirlínte maidir leis na catagóirí sonraí a fhéadfar a úsáid chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha acmhainneachta creidmheasa, lena náirítear fianaise ar ioncam nó foinsí eile aisíocaíochta, faisnéis ar shócmhainní agus ar dhliteanais airgeadais, nó faisnéis ar cheangaltais airgeadais eile. Sonraí pearsanta, amhail sonraí pearsanta a aimsítear ar ardáin meán sóisialta nó sonraí sláinte, lena náirítear sonraí ailse, níor cheart iad a úsáid le linn measúnú acmhainneachta creidmheasa a dhéanamh. Ba cheart do thomhaltóirí faisnéis a sholáthar maidir lena staid airgeadais agus eacnamaíoch chun an measúnú acmhainneachta creidmheasa a éascú. I bprionsabal, níor cheart creidmheas a chur ar fáil don tomhaltóir ach amháin i gcás ina léireoidh toradh an mheasúnaithe acmhainneachta creidmheasa gur dóigh go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa nó as an gcomhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar ar an mbealach a éilítear faoin gcomhaontú sin. Mar sin féin, ba cheart an measúnú sin a bheith diúltach, is féidir leis an gcreidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin creidmheas a chur ar fáil in imthosca sonracha a bhfuil údar cuí leo amhail cásanna ina bhfuil caidreamh seanbhunaithe acu leis an tomhaltóir, nó i gcás iasachtaí chun speansais eisceachtúla cúraim sláinte, iasachtaí le haghaidh mic léinn nó iasachtaí a mhaoiniú le haghaidh tomhaltóirí atá faoi mhíchumas. I gcás den sórt sin, agus cinneadh á dhéanamh an gcuirfear nó nach gcuirfear an creidmheas ar fáil don tomhaltóir, ba cheart don chreidiúnaí nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin méid agus cuspóir an chreidmheasa a chur san áireamh, agus an dóchúlacht go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcomhaontú.

(48)Leis an Togra le haghaidh Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh maidir leis an Intleacht Shaorga) bunaítear gur cheart córais intleachta saorga a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scór creidmheasa nó acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha, gur cheart iad a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go gcinntear leo rochtain na ndaoine sin ar acmhainní airgeadais nó seirbhísí fíorriachtanacha amhail seirbhísí tithíochta, leictreachais agus teileachumarsáide. I bhfianaise an méid mór sin atá i ngeall, aon uair atá baint ag an measúnú acmhainneachta creidmheasa le próiseáil uathoibríoch, ba cheart é a bheith de cheart ag an tomhaltóir idirghabháil an duine a fháil ar thaobh an chreidiúnaí nó na soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin. Ba cheart go mbeadh sé de cheart freisin ag an tomhaltóir míniú bríoch a fháil ar an measúnú a rinneadh agus ar fheidhmiú na próiseála uathoibríoch a úsáideadh, lena náirítear i measc nithe eile na príomhathróga, an loighic agus na rioscaí lena mbaineann, chomh maith leis an gceart a thuairim a chur in iúl agus an measúnú acmhainneachta creidmheasa agus an cinneadh sin a chonspóid.

(49)Chun measúnú a dhéanamh ar stádas creidmheasa tomhaltóra, ba cheart don chreidiúnaí nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin bunachair sonraí creidmheasa a cheadú freisin. Is féidir go gceanglófar leis na himthosca dlíthiúla agus iarbhír go nathróidh ceadú na mbunachar sonraí sin ó thaobh raon feidhme de. Chun aon saobhadh iomaíochta a chosc i measc creidiúnaithe nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ba cheart go mbeidh rochtain acu ar bhunachair sonraí phríobháideacha nó phoiblí maidir le tomhaltóirí i mBallstát nach bhfuil siad bunaithe faoi choinníollacha neamhidirdhealaitheacha ann i gcomparáid le creidiúnaithe nó le soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin atá bunaithe sa Bhallstát sin. Ba cheart do na Ballstáit an rochtain trasteorann ar bhunachair sonraí phríobháideacha nó phoiblí a éascú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . Chun an chómhalartacht a fheabhsú, i mbunachair sonraí creidmheasa ba cheart go gcoinneofaí ar a laghad faisnéis maidir le riaráistí íocaíochta tomhaltóirí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.

(50)I gcás ina bhfuil cinneadh diúltú d’iarratas ar chreidmheas bunaithe ar cheadú bunachair sonraí creidmheasa, ba cheart don chreidiúnaí nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi sin agus faoin bhfaisnéis maidir leis nó léi atá sa bhunachar sonraí a ceadaíodh.

(51)Ní rialáiltear leis an Treoir seo saincheisteanna dhlí na gconarthaí i ndáil le bailíocht comhaontuithe creidmheasa nó comhaontuithe maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar. Dá bhrí sin, sa réimse sin, féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach. Féadfaidh na Ballstáit rialáil a dhéanamh ar an gcóras dlí lena rialaítear an tairiscint chun an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thabhairt i gcrích, go háirithe an tráth atá sí le tabhairt agus an tréimhse ar lena linn atá sí le bheith ceangailteach ar an gcreidiúnaí nó ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin. Má dhéantar tairiscint den sórt sin an tráth céanna a thugtar an fhaisnéis réamhchonarthach dá bhforáiltear leis an Treoir seo, ba cheart í a sholáthar, cosúil le haon fhaisnéis bhreise is mian leis an gcreidiúnaí nó leis an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thabhairt don tomhaltóir, i ndoiciméad ar leithligh. Féadfaidh an doiciméad ar leithligh sin a bheith i gceangal leis an bhFaisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.

(52)Ba cheart an fhaisnéis uile is gá a bheith sa chomhaontú creidmheasa agus sa chomhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar ar bhealach soiléir agus gonta chun é a chur ar a chumas don tomhaltóir a bheith ar an eolas faoina chearta agus faoina oibleagáidí faoin gcomhaontú sin.

(53)Gan dochar do Threoir 93/13/CEE, agus d’oibleagáidí réamhchonarthacha faoin Treoir seo, agus chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, ba cheart, in am trátha agus roimh aon mhodhnú ar théarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar, tuairisc a chur ar fáil don tomhaltóir, tuairisc ar na hathruithe atá beartaithe agus, i gcás inarb infheidhme, an gá atá le toiliú tomhaltóirí nó ar na hathruithe a tugadh isteach trí fheidhmiú an dlí; an tamscála maidir le cur chun feidhme na nathruithe sin; na modhanna maidir le gearán a dhéanamh atá ar fáil don tomhaltóir chomh maith leis an tréimhse ama atá ag an tomhaltóir chun gearán a dhéanamh agus ainm agus seoladh an údaráis inniúil ina bhféadfar an gearán a chur isteach. Níor cheart don mhodhnú a dhéantar ar chonradh difear a dhéanamh d’aon cheart a bheidh ag tomhaltóir, lena náirítear cearta faisnéise faoin Treoir seo.

(54)Chun trédhearcacht iomlán a áirithiú, ba cheart faisnéis a sholáthar don tomhaltóir maidir leis an ráta iasachta, ag céim réamhchonarthach agus nuair a thugtar an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i gcrích araon. Le linn an chaidrimh chonarthaigh, ba cheart tuilleadh eolais a chur ar fáil don tomhaltóir maidir le hathruithe ar an ráta iasachta athraitheach agus le hathruithe ar na híocaíochtaí atá ann mar gheall air sin. Tá an méid sin gan dochar d’fhorálacha an dlí náisiúnta nach mbaineann le faisnéis do thomhaltóirí agus lena leagtar síos coinníollacha maidir le hathruithe, nó lena bhforordaítear iarmhairtí athruithe, seachas athruithe maidir le híocaíochtaí, i rátaí iasachta agus dálaí eacnamaíocha eile lena rialáiltear an creidmheas, mar shampla rialacha lena ndéantar foráil nach bhféadfaidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an ráta iasachta a athrú ach amháin i gcás inarb ann do chúis bhailí leis an athrú sin nó go bhféadfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcás ina dtiocfadh athrú ar an ráta iasachta nó ar dháil eacnamaíoch shonrach eile maidir leis an gcreidmheas.

(55)I gcás rótharraingt intuigthe suntasach is faide ná tréimhse míosa, ba cheart don chreidiúnaí faisnéis a chur faoi bhráid an tomhaltóra gan mhoill maidir leis an rótharraingt intuigthe, lena náirítear an méid lena mbaineann, an ráta iasachta agus aon phionós, muirear nó ús ar riaráistí is infheidhme. I gcás rótharraingt intuigthe thráthrialta, ba cheart don chreidiúnaí seirbhísí comhairleacha a sholáthar don tomhaltóir, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, chun cuidiú le tomhaltóirí roghanna malartacha nach bhfuil chomh costasach céanna a shainaithint, nó tomhaltóirí a atreorú i dtreo fiachsheirbhísí comhairleacha.

(56)Ba cheart ceart chun tarraingt siar a bheith ag tomhaltóirí gan phionós agus gan aon oibleagáid a bheith orthu bonn cirt a thabhairt. Níor cheart an ceart chun tarraingt siar a úsáid de mheon mímhacánta, áfach.

(57)I gcás ina dtarraingeoidh tomhaltóir siar as comhaontú creidmheasa nó comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a bhfuil earraí faighte ag an tomhaltóir maidir leis, go háirithe as ceannach i dtráthchodanna nó as comhaontú fostaithe nó léasaithe lena ndéantar foráil maidir le hoibleagáid cheannaigh, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’aon rialáil a dhéanann na Ballstáit ar cheisteanna maidir le hearraí a thabhairt ar ais nó aon cheist ghaolmhar.

(58)I gcásanna áirithe, déantar foráil sa dlí náisiúnta cheana nach féidir cistí a chur ar fáil don tomhaltóir roimh dhul in éag spriocama shonraigh. Sna cásanna sin, is féidir gur mian le tomhaltóirí a áirithiú go bhfaigheann siad na hearraí nó na seirbhísí a cheannaigh siad go luath. Dá bhrí sin, i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag na Ballstáit foráil a dhéanamh go heisceachtúil, más éard is mian leis an tomhaltóir go sainráite ná fáil luath na nearraí nó na seirbhísí a ceannaíodh, go bhféadfaí an spriocam maidir le feidhmiú an chirt chun tarraingt siar a laghdú ionas go mbeadh sé mar an gcéanna leis an spriocam nach féidir cistí a chur ar fáil roimhe sin.

(59)I gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, is ann do chaidreamh idirthuilleamaíochta idir ceannach earraí nó seirbhísí agus an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thugtar i gcrích chun na críche sin. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfeidhmeoidh an tomhaltóir an ceart chun tarraingt siar i leith an chomhaontaithe ceannaigh, bunaithe ar dhlí an Aontais, níor cheart don tomhaltóir a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú creidmheasa nasctha a thuilleadh. Níor cheart difear a dhéanamh leis sin don dlí náisiúnta is infheidhme maidir le comhaontuithe creidmheasa nasctha i gcásanna inar cuireadh comhaontú ceannaigh ar neamhní nó inar fheidhmigh an tomhaltóir a cheart chun tarraingt siar bunaithe ar an dlí náisiúnta. Níor cheart difear a dhéanamh leis sin do chearta tomhaltóirí ach oiread, cearta a dheonaítear le dlí náisiúnta ar dá réir nach bhféadfaidh an tomhaltóir agus soláthróir earraí nó soláthróir seirbhísí gealltanas a dhéanamh, ná nach bhféadfar aon íocaíocht a dhéanamh idir na daoine sin, fad nach mbeidh an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin sínithe ag an tomhaltóir chun ceannach earraí nó seirbhísí a mhaoiniú.

(60)Ba cheart an ceart a bheith ag na páirtithe conarthacha foirceannadh caighdeánach a dhéanamh ar chomhaontú creidmheasa imrothlaigh. Ina theannta sin, i gcás inar comhaontaíodh amhlaidh sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ba cheart an ceart a bheith ag an gcreidiúnaí nó ag an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ceart an tomhaltóra chun tarraingt anuas ar chomhaontú creidmheasa imrothlaigh a chur ar fionraí ar chúiseanna a bhfuil údar oibiachtúil leo. Féadfar a áireamh sna cúiseanna sin, mar shampla, amhras faoi úsáid neamhúdaraithe nó chalaoiseach a bheith á baint as an gcreidmheas nó riosca atá méadaithe go suntasach a bhaineann le héagumas an tomhaltóra a oibleagáid nó a hoibleagáid maidir le haisíoc an chreidmheasa a chomhlíonadh. Leis an Treoir seo níor cheart difear a dhéanamh do dhlí náisiúnta na gconarthaí lena rialáiltear cearta na bpáirtithe conarthacha an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh ar bhonn sárú conartha.

(61)Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart a cheadú don tomhaltóir leigheasanna a lorg in aghaidh an chreidiúnaí nó an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i gcás fadhbanna a bhaineann leis an gcomhaontú ceannaigh. Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh, áfach, a mhéid, agus na coinníollacha ar fúthu, a cheanglaítear ar an tomhaltóir na leigheasanna a lorg in aghaidh an tsoláthróra, go háirithe trí chaingean a thionscnamh in aghaidh an tsoláthróra, roimh bheith in ann iad a lorg in aghaidh an chreidiúnaí nó na soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin. Níor cheart go mbainfí a gcearta de thomhaltóirí faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear dliteanas comhpháirteach agus leithleach ar an díoltóir nó ar an soláthróir seirbhísí agus ar an gcreidiúnaí nó ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

(62)Ba cheart an ceart a bheith ag an tomhaltóir a oibleagáidí nó a hoibleagáidí a urscaoileadh roimh an dáta a chomhaontaítear sa chomhaontú creidmheasa. Mar a fhoráiltear le rialú Lexitor Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, 34 beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa, i gcás ina ndéanfar an creidmheas a aisíoc go luath go náireofar na costais uile a forchuireadh ar an tomhaltóir. I gcás aisíocaíocht luath ba cheart don chreidiúnaí a bheith i dteideal cúiteamh atá cóir agus a bhfuil údar oibiachtúil leis a fháil as na costais a bhaineann go díreach leis an aisíocaíocht luath, agus aon choigilteas a dhéanann an creidiúnaí leis sin á chur san áireamh. Chun modh ríofa an chúitimh a chinneadh, áfach, is den tábhacht roinnt prionsabal a urramú. Ba cheart ríomh an chúitimh atá dlite don chreidiúnaí a bheith trédhearcach agus intuigthe do thomhaltóirí atá ag an gcéim réamhchonarthach cheana agus in aon chás le linn fheidhmiú an chomhaontaithe creidmheasa. Ina theannta sin, ba cheart do chreidiúnaithe a bheith in ann an modh ríofa a chur i bhfeidhm go héasca, agus ba cheart rialú maoirseachta an chúitimh ag na húdaráis inniúla a éascú. Dá bhrí sin, agus ós rud é nach ndéantar creidmheas tomhaltóirí, i bhfianaise a fhaid agus a mhéid, a mhaoiniú le sásraí cistiúcháin fadtéarmacha, ba cheart an uasteorainn le haghaidh an chúitimh a leagan síos i dtéarmaí méid comhréidh. Leis an gcur chuige sin léirítear cineál sonrach creidmheasanna tomhaltóirí agus níor cheart dochar a dhéanamh don chur chuige i leith táirgí eile a mhaoinítear le sásraí cistiúcháin fadtéarmacha, amhail iasachtaí morgáiste ar ráta seasta.

(63)Ba cheart an ceart a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh nach bhféadfaidh an creidiúnaí cúiteamh as aisíocaíocht luath a éileamh ach amháin ar choinníoll gur mó an méid a aisíoctar thar thréimhse 12 mhí tairseach atá sainithe ag na Ballstáit. Le linn an tairseach sin a shocrú, rud nár cheart EUR 10 000 a shárú, ba cheart do na Ballstáit meánmhéid creidmheasanna tomhaltóirí ina margadh a chur san áireamh.

(64)Chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn agus chun ardleibhéal cosanta a áirithiú le haghaidh tomhaltóirí ar fud an Aontais, is gá inchomparáideacht faisnéise a bhaineann le rátaí céatadánacha bliantúla an mhuirir a áirithiú ar fud an Aontais.

(65)Cleachtas coiteann is ea uasteorainneacha a shocrú ar rátaí úis, ar rátaí céatadánacha bliantúla nó ar chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir i roinnt Ballstát. Cruthaíodh go ndeachaigh an tuasteorannú sin chun tairbhe do thomhaltóirí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a gcóras dlí reatha a choinneáil ar bun. Chun iarracht a dhéanamh, áfach, cosaint tomhaltóirí a mhéadú gan teorainneacha nach bhfuil gá leo a fhorchur ar na Ballstáit, ba cheart uasteorainneacha ar rátaí úis, ar rátaí céatadánacha bliantúla an mhuirir agus/nó ar chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir a thabhairt isteach ar fud an Aontais.

(66)Tá difríochtaí substaintiúla i ndlíthe na mBallstát éagsúil maidir le seoladh gnó agus comhaontuithe creidmheasa á ndeonú nó i soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin. Agus aitheantas á thabhairt don éagsúlacht sna cineálacha gníomhaithe atá páirteach in idirghabháil creidmheasa, tá caighdeáin áirithe ar leibhéal an Aontais fíorriachtanach chun ardleibhéal gairmiúlachta agus seirbhíse a áirithiú.

(67)Leis an gcreat de chuid an Aontais is infheidhme ba cheart an mhuinín a thabhairt do thomhaltóirí go gcuireann creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin leasanna an tomhaltóra san áireamh, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don chreidiúnaí, don idirghabhálaí creidmheasa agus do sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an tráth sin agus ar thoimhdí réasúnacha maidir le rioscaí do staid an tomhaltóra thar théarma an chomhaontaithe creidmheasa a bheartaítear nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a bheartaítear. Príomhghné a bhaineann le muinín sin na dtomhaltóirí a áirithiú is ea an ceanglas a bhaineann lena áirithiú go mbeidh ardleibhéal cothroime, macántachta agus gairmiúlachta sa tionscal, go ndéanfar bainistíocht iomchuí ar choinbhleachtaí leasa lena náirítear iad sin a eascraíonn as luach saothair agus go gceanglófar comhairle a thabhairt chun leas an tomhaltóra.

(68)Is iomchuí a áirithiú go mbeidh leibhéal leordhóthanach eolais ag foireann ábhartha creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin chomh maith le leibhéal leordhóthanach inniúlachta inti chun ardleibhéal gairmiúlachta a ghnóthú. Ba cheart a cheangal, dá bhrí sin, go gcruthófar eolas agus inniúlacht ábhartha ar leibhéal na cuideachta, bunaithe ar na híoscheanglais maidir le heolas agus inniúlacht. Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor chun na ceanglais sin is infheidhme maidir le daoine nádúrtha aonair a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun. Chun críoch na Treorach seo, maidir leis an bhfoireann atá ag gabháil go díreach do ghníomhaíochtaí faoin Treoir seo, ba cheart foireann cúloifige agus oifige tosaigh a áireamh inti, lena náirítear an bhainistíocht, a chomhlíonann ról tábhachtach i bpróiseas an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin. Daoine a chomhlíonann feidhmeanna tacaíochta nach bhfuil baint acu le próiseas an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, lena náirítear acmhainní daonna agus pearsanra teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, níor cheart a mheas gur foireann faoin Treoir seo iad. Ba cheart do na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le feasacht a ardú maidir le ceanglais na Treorach seo i gcreidiúnaithe beaga agus meánmhéide (FBManna) agus a gcomhlíontacht a éascú, amhail feachtais faisnéise, treoracha d’úsáideoirí, scéimeanna oiliúna d’fhostaithe.

(69)Chun cumas tomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le hiasacht a fháil agus fiacha a bhainistiú go freagrach, ba cheart do na Ballstáit bearta a chur chun cinn chun tacú le hoideachas a chur ar thomhaltóirí i ndáil le hiasacht a fháil agus fiacha a bhainistiú go freagrach go háirithe i ndáil le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí. D’fhéadfaí an oibleagáid sin a chomhlíonadh agus an creat inniúlachta airgeadais arna fhorbairt ag an Aontas in éineacht leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta á chur san áireamh. Tá tábhacht ar leith le treoraíocht a sholáthar do thomhaltóirí a gheobhaidh creidmheas tomhaltóirí den chéad uair, agus go háirithe maidir le huirlisí digiteacha. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún samplaí deachleachtas a shainaithint chun tuilleadh forbartha ar bhearta a éascú chun feasacht airgeadais tomhaltóirí a fheabhsú. Féadfaidh an Coimisiún na samplaí sin den dea-chleachtas a fhoilsiú i gcomhar le tuarascálacha comhchosúla arna dtarraingt suas i bhfianaise gníomhartha reachtacha eile an Aontais.

(70)I bhfianaise na niarmhairtí suntasacha ar chreidiúnaithe, tomhaltóirí agus cobhsaíocht airgeadais ionchasach imeachtaí forfheidhmithe, is iomchuí a mholadh do chreidiúnaithe déileáil go réamhghníomhach le riosca creidmheasa atá ag teacht chun cinn ag céim luath agus na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh creidiúnaithe iarrachtaí staonta réasúnacha agus go ndéanfaidh siad iarrachtaí réasúnacha chun an staid a réiteach trí mhodhanna eile sula dtionscnaítear imeachtaí forfheidhmithe. I gcás inar féidir, ba cheart réitigh a fháil ina gcuirtear san áireamh, i measc gnéithe eile, imthosca aonair an tomhaltóra, leasanna agus cearta an tomhaltóra, a chumas an creidmheas a aisíoc agus an gá réasúnach atá le costais mhaireachtála, agus lena dteorannaítear costais tomhaltóirí i gcás mainneachtana. Níor cheart do na Ballstáit cosc a chur ar na páirtithe i gcomhaontú creidmheasa a chomhaontú go sainráite gurb amhlaidh atá aistriú earraí, a chumhdaítear le comhaontú creidmheasa nasctha, chuig an gcreidiúnaí nó fáltais ó dhíolachán na nearraí sin leordhóthanach chun an creidmheas a aisíoc.

(71)Is féidir go náireofar i mbearta staonta athmhaoiniú iomlán nó páirteach ar chomhaontú creidmheasa nó modhnú ar na téarmaí agus na coinníollacha a bhí ann roimhe sin de chuid comhaontú creidmheasa. Féadfaidh na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, a bheith ar áireamh sa mhodhnú sin: síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa; cineál an chomhaontaithe creidmheasa a athrú; íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda uile nó cuid di a iarchur ar feadh tréimhse; an ráta úis a athrú; saoire íocaíochta a thairiscint; aisíocaíochtaí páirteacha; comhshó airgeadra; agus maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.

(72)Tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí rompu a ngealltanais airgeadais a chomhlíonadh, rachaidh cuidiú speisialaithe maidir lena bhfiacha a bhainistiú chun tairbhe dóibh. Is é is cuspóir d’fhiachsheirbhísí comhairleacha cuidiú le tomhaltóirí a bhfuil fadhbanna airgeadais rompu agus treoir a thabhairt dóibh, a mhéid is féidir, a bhfiacha gan íoc a aisíoc, agus caighdeán saoil maith a choinneáil ar bun agus a ndínit a chaomhnú san am céanna. Sa chúnamh pearsantaithe agus neamhspleách sin a sholáthraíonn oibreoirí gairmiúla nach creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa, soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ná seirbhíseoirí creidmheasa iad, féadfar comhairleoireacht dhlíthiúil, bainistíocht airgid agus bainistíocht fiach a áireamh ann chomh maith le cúnamh sóisialta agus síceolaíoch. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear fiachsheirbhísí comhairleacha arna soláthar ag oibreoirí gairmiúla neamhspleácha ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do thomhaltóirí, agus go gcuirfear, i gcás inar féidir, tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí acu a bhfiach a aisíoc ar aghaidh chuig fiachsheirbhísí comhairleacha sula ndéantar imeachtaí forghníomhaithe a thionscnamh. Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit fós ceanglais shonracha le haghaidh seirbhísí den sórt sin a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach.

(73)Chun trédhearcacht agus cobhsaíocht an mhargaidh a áirithiú, agus ar feitheamh tuilleadh comhchuibhithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bearta iomchuí le haghaidh rialáil nó maoirseacht a dhéanamh ar chreidiúnaithe agus ar sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i bhfeidhm.

(74)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh institiúidí neamhchreidmheasa faoi réir próiseas leordhóthanach maidir le ligean isteach lena náirítear an institiúid neamhchreidmheasa a iontráil i gclár agus socruithe maoirseachta ag údarás inniúil.

(75)Ní rialáiltear leis an Treoir seo ach amháin oibleagáidí áirithe de chuid idirghabhálaithe creidmheasa i ndáil le tomhaltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun oibleagáidí breise ar idirghabhálaithe creidmheasa a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach, lena náirítear na coinníollacha faoina bhféadfaidh idirghabhálaí creidmheasa táillí a fháil ó thomhaltóir a d’iarr a sheirbhís.

(76)Maidir le sannadh ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó faoi chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, níor cheart é a bheith d’éifeacht leis sin an tomhaltóir a chur i staid nach bhfuil chomh fabhrach céanna. Ba cheart an tomhaltóir a chur ar an eolas go cuí freisin nuair a shanntar an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin do thríú páirtí. Más rud é, áfach, go leanann an creidiúnaí tosaigh, i gcomhaontú leis an sannaí, den chreidmheas a sheirbheáil maidir leis an tomhaltóir, ní chun leas suntasach an tomhaltóra atá sé é a chur ar an eolas faoin sannadh. Dá bhrí sin, bheadh ceanglas ar leibhéal an Aontais go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoin sannadh sna cásanna sin iomarcach.

(77)Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor i gcónaí chun rialacha náisiúnta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach lena ndéantar foráil maidir le foirmeacha comhchoiteanna cumarsáide i gcás inar gá sin chun na gcríoch a bhaineann le héifeachtacht idirbheart casta amhail urrúsúcháin nó leachtú sócmhainní a tharlaíonn i leachtú riaracháin éigeantach banc.

(78)Ba cheart do thomhaltóirí rochtain a bheith acu ar nósanna imeachta réitithe díospóide lasmuigh den chúirt atá leordhóthanach agus éifeachtach chun díospóidí a éiríonn as cearta agus oibleagáidí a bhunaítear faoin Treoir seo a réiteach, agus úsáid á baint as eintitis atá ann cheana nuair is iomchuí. Áirithítear rochtain den sórt sin cheana féin le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 a mhéid a bhaineann le díospóidí conarthacha ábhartha. Ba cheart rochtain a bheith ag tomhaltóirí freisin áfach ar nósanna imeachta um réiteach malartach díospóidí i gcás díospóidí réamhchonarthacha maidir le cearta agus oibleagáidí a bhunaítear leis an Treoir seo, mar shampla, i ndáil le ceanglais faisnéise réamhchonarthaí, seirbhísí comhairleacha agus measúnú acmhainneachta creidmheasa agus freisin i ndáil leis an bhfaisnéis a thugann idirghabhálaithe creidmheasa a dtugann creidiúnaithe luach saothair maidir leo agus dá bhrí nach mbíonn aon chaidreamh díreach conarthach acu le tomhaltóirí. Ba cheart na nósanna imeachta malartacha sin maidir le díospóidí a réiteach, agus na heintitis a thairgeann iad, a bheith ag teacht leis na ceanglais cháilíochta a bhunaítear le Treoir 2013/11/AE.

(79)Ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú dá gcumhachtaítear forfheidhmiú na Treorach seo a áirithiú, agus a áirithiú go ndeonófar cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin do na húdaráis inniúla sin chomh maith leis na hacmhainní leordhóthanacha is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh. Ba cheart d’údaráis inniúla Ballstát éagsúil dul i gcomhar le chéile aon uair is gá chun a ndualgais a dhéanamh faoin Treoir seo.

(80)Rialacha maidir leis na pionóis chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar na forálacha náisiúnta a ghlactar de bhun na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit iad a leagan síos agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Cé go leanann rogha na bpionós de bheith faoi dhiscréid na mBallstát, ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(81)Tá difear suntasach idir na rialacha náisiúnta atá ann cheana maidir le pionóis ar fud an Aontais. Go háirithe, ní áirithíonn gach Ballstát gur féidir fíneálacha éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar thrádálaithe a bhíonn freagrach as sáruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. Chun a áirithiú gur féidir le húdaráis na mBallstát pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais atá faoi réir bearta comhordaithe imscrúdaithe agus forfheidhmithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 , ba cheart fíneálacha a thabhairt isteach mar eilimint de na pionóis i leith sáruithe den sórt sin. Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht dhíspreagtha ag na fíneálacha, ba cheart do na Ballstáit an uasfhíneáil maidir le sáruithe den sórt sin a leagan síos ina ndlí náisiúnta agus ar leibhéal atá 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an chreidiúnaí, an idirghabhálaí creidmheasa nó an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. I gcásanna áirithe, is féidir gur grúpa cuideachtaí a bheidh sna trádálaithe sin freisin.

(82)Chun trédhearcacht agus muinín tomhaltóirí a fheabhsú, féadfaidh an túdarás inniúil aon phionós riaracháin a nochtadh don phobal, ar pionós é a fhorchuirtear maidir le sárú ar na bearta a dhéantar de bhun na Treorach seo, mura rud é go ndéanfaí dochar mór do na margaí airgeadais leis an nochtadh sin nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

(83)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon bunú rialacha coiteanna maidir le gnéithe áirithe d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát maidir le creidmheas tomhaltóirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus aird á tabhairt ar fhorbairtí margaidh i bhfianaise an digitithe agus an chuspóra chun soláthar creidmheasa trasteorann a éascú ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(84)Chun gnéithe neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le toimhdí breise chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 37 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(85)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 38 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(86)Agus an líon leasuithe is gá a dhéanamh ar Threoir 2008/48/CE de thoradh fhorás na hearnála creidmheasa tomhaltóirí á chur san áireamh agus chun leas shoiléireacht reachtaíocht an Aontais, ba cheart an Treoir sin a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad.

(87)Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm ón [OP: cuir isteach an dáta: sé mhí ó spriocdháta an trasuí]. Mar sin féin, agus na himthosca eacnamaíocha deacra atá ann de thoradh phaindéim COVID19 á gcur san áireamh mar aon leis na dúshláin shonracha atá le sárú ag micreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do ghnóthais den sórt sin ullmhú do chur i bhfeidhm na Treorach seo. Dá bhrí sin, maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun an Treoir seo a chomhlíonadh ón [OP: cuir isteach an dáta: 18 mhí ón spriocdháta trasuí].

(88)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 39 agus thug sé tuairim uaidh an XX XXXX 40 ,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Treoir seo creat coiteann chun comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le creidmheasanna tomhaltóirí i bhfoirm comhaontuithe creidmheasa áirithe le haghaidh tomhaltóirí agus seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin le haghaidh tomhaltóirí.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le comhaontuithe creidmheasa.

Beidh feidhm freisin ag Airteagail 1, 2 agus 3, Airteagail 5 go 10, Airteagail 12 go 23, Airteagail 26, 27 agus 28, Airteagail 30 go 33, Airteagal 37 agus Airteagail 39 go 50 maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i gcás nach soláthróidh creidiúnaí nó idirghabhálaí creidmheasa na seirbhísí sin.

2.Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)comhaontuithe creidmheasa a urraítear le morgáiste nó le hurrús inchomparáide eile a úsáidtear go comónta i mBallstát ar mhaoin dhochorraithe chónaithe nó a urraítear le ceart a bhaineann le maoin dhochorraithe chónaithe;

(b)comhaontuithe creidmheasa arb é is cuspóir dóibh cearta maoine a fháil nó a choinneáil i dtalamh nó i bhfoirgneamh atá ann cheana nó atá beartaithe;

(c)comhaontuithe creidmheasa lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is mó ná EUR 100 000;

(d)comhaontuithe creidmheasa i gcás ina ndeonaíonn fostóirí an creidmheas dá bhfostaithe mar ghníomhaíocht thánaisteach saor ó ús nó a thairgtear ar rátaí céatadánacha bliantúla an mhuirir is ísle ná na cinn atá i réim ar an margadh agus nach dtairgtear don phobal i gcoitinne;

(e)comhaontuithe creidmheasa a thugtar i gcrích le gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 nó le hinstitiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 chun a cheadú d’infheisteoir idirbheart a dhéanamh a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí airgeadais a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina bhfuil baint ag an ngnólacht infheistíochta nó ag an institiúid creidmheasa ag a bhfuil an creidmheas á dheonú leis an idirbheart sin;

(f)comhaontuithe creidmheasa atá mar thoradh ar shocraíocht ar thángthas uirthi sa chúirt nó os comhair údarás reachtúil eile;

(g)comhaontuithe creidmheasa a bhaineann leis an íocaíocht iarchurtha, saor in aisce, le haghaidh fiach atá ann cheana;

(h)comhaontuithe creidmheasa i gcás ina niarrtar ar an tomhaltóir ní a thaisceadh mar urrús i slánchoimeád an chreidiúnaí agus ina bhfuil dliteanas an tomhaltóra teoranta go docht don ní sin atá curtha i dtaisce;

(i)comhaontuithe creidmheasa a bhaineann le hiasachtaí a dheonaítear do phobal srianta faoi fhoráil reachtúil chun críche leasa ghinearálta, agus ar rátaí úis níos ísle ná na cinn atá i réim ar an margadh nó saor ó ús nó ar théarmaí eile atá níos fabhraí don tomhaltóir ná na cinn atá i réim ar an margadh.

(j)Comhaontuithe creidmheasa atá ann cheana ar [OP: cuir isteach an dáta sé mhí tar éis an spriocdháta trasuí]; mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(1), an dara habairt, Airteagal 25(2) agus Airteagail 28 agus 39 maidir le gach comhaontú creidmheasa neamhiata a bheidh ann an [OP: cuir isteach an dáta sé mhí ón spriocdháta don trasuí].

3.D’ainneoin mhír 2, pointe (c), tá feidhm ag an Treoir seo maidir le comhaontuithe creidmheasa neamhurraithe lena mbaineann méid iomlán creidmheasa is mó ná EUR 100 000, i gcás inarb é is cuspóir do na comhaontuithe creidmheasa sin maoin dhochorraithe chónaithe a athchóiriú.

4.I gcás comhaontuithe creidmheasa i bhfoirm rótharraingt intuigthe, ní bheidh feidhm ach amháin ag Airteagail 1, 2 agus 3 Airteagal 25, agus Airteagail 41 go 50.

5.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ach amháin ag Airteagail 1, 2 agus 3, Airteagail 7 agus 8, Airteagal 11, Airteagal 19, Airteagal 20, Airteagal 21(1) pointí (a) go (h) agus (l), Airteagal 21(3) agus Airteagal 23, Airteagal 25, Airteagail 28 go 51 maidir le comhaontuithe creidmheasa a thugann eagraíocht i gcrích a bhfuil a ballraíocht srianta do dhaoine atá ina gcónaí nó atá fostaithe i suíomh ar leith nó d’fhostaithe agus d’fhostaithe ar scor de chuid fostóra ar leith, nó do dhaoine a chomhlíonann cáilíochtaí eile a leagtar síos faoin dlí náisiúnta mar bhunús le nasc coiteann a bheith idir na comhaltaí agus a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)bunaítear í chun tairbhe frithpháirtí a comhaltaí;

(b)ní dhéanann sí brabúis le haghaidh aon duine eile seachas a comhaltaí;

(c)comhlíonann sí críoch shóisialta a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta;

(d)ní fhaigheann ná ní bhainistíonn sí ach amháin coigiltis a comhaltaí ná ní sholáthraíonn sí foinsí creidmheasa ach amháin do na comhaltaí sin;

(e)soláthraíonn sí creidmheas ar bhonn ráta céatadánach bliantúil an mhuirir atá níos ísle ná an ceann atá i réim ar an margadh nó atá faoi réir uasteorainn a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.

Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe creidmheasa a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, más comhaontuithe iad a thug eagraíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích i gcás ina bhfuil luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinne an eagraíocht sin neamhshuntasach i ndáil le luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile sa Bhallstát ina bhfuil an eagraíocht bunaithe agus ina bhfuil luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinne na heagraíochtaí sin uile sa Bhallstát níos lú ná 1 % de luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinneadh sa Bhallstát sin.

Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú gach bliain ar cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm aon díolúine den sórt sin dá dtagraítear sa dara fomhír fós comhlíonta agus déanfaidh siad beart chun an díolúine a tharraingt siar i gcás ina measann siad nach gcomhlíontar na coinníollacha sin a thuilleadh.

6.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ach amháin ag Airteagail 1, 2 agus 3, Airteagail 7 agus 8, Airteagal 11, Airteagal 19, Airteagal 20, Airteagal 21(1), pointí (a) go (h), (l) agus (r), Airteagal 21(3), Airteagal 23, Airteagal 25, Airteagail 28 go 38 agus Airteagail 40 go 50 maidir le comhaontuithe creidmheasa lena ndéantar foráil chun go gcomhaontóidh an creidiúnaí agus an tomhaltóir socruithe i leith íocaíocht iarchurtha nó modhanna aisíocaíochta, i gcás ina bhfuil an tomhaltóir ar mainneachtain cheana maidir leis an gcomhaontú creidmheasa tosaigh agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)is dócha go seachnófaí leis an socrú féidearthacht imeachtaí dlíthiúla maidir le mainneachtain an tomhaltóra;

(b)ní bheadh an tomhaltóir a dhéanann an socrú faoi réir téarmaí is lú fabhar ná na cinn a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa tosaigh.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha atá lasmuigh dá thrádáil nó dá trádáil, dá ghnó nó dá gnó, dá ghairm nó dá gairm;

(2)ciallaíonn ‘creidiúnaí’ duine nádúrtha nó dlítheanach a dheonaíonn creidmheas nó a gheallann creidmheas a dheonú i gcúrsa a thrádála nó a trádála, a ghnó nó a gnó, nó a ghairme nó a gairme;

(3)ciallaíonn ‘comhaontú creidmheasa’ comhaontú trína ndeonaíonn creidiúnaí nó trína ngeallann creidiúnaí creidmheas a dheonú do thomhaltóir i bhfoirm íocaíocht iarchurtha, iasachta nó garaíocht airgeadais chomhchosúil eile seachas comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí ar bhonn leanúnach ná soláthar earraí den chineál céanna, i gcás ina níocfaidh an tomhaltóir as na seirbhísí nó na hearraí sin ar feadh fhad a soláthair trí thráthchodanna;

(4)ciallaíonn ‘seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin’ seirbhísí arna soláthar ag ardán sluachistiúcháin chun deonú creidmheasa tomhaltóra a éascú;

(5) ciallaíonn ‘costas iomlán an chreidmheasa le haghaidh an tomhaltóra’ na costais uile, lena náirítear ús, coimisiúin, cánacha agus aon chineál eile táillí a cheanglaítear ar an tomhaltóir a íoc i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus arb eol don chreidiúnaí fúthu, i gcás comhaontuithe creidmheasa, nó arb eol don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin fúthu, i gcás seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, seachas costais nótaire; tá costais i leith seirbhísí coimhdeacha a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa nó le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin san áireamh freisin i gcostas iomlán an chreidmheasa le haghaidh an tomhaltóra i gcás ina mbeidh sé éigeantach, ina theannta sin, conradh a thabhairt i gcrích maidir leis na seirbhísí coimhdeacha sin chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus na coinníollacha a mhargaítear;

(6)ciallaíonn ‘an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir’ suim an mhéid iomlán creidmheasa agus costas iomlán an chreidmheasa le haghaidh an tomhaltóra;

(7)ciallaíonn ‘ráta céatadánach bliantúil muirir’ nó ‘APR’ costas iomlán an chreidmheasa le haghaidh an tomhaltóra, arna shloinneadh mar chéatadán bliantúil de mhéid iomlán an chreidmheasa, i gcás inarb infheidhme, lena náirítear na costais dá dtagraítear in Airteagal 30(2);

(8)ciallaíonn ‘ráta iasachta’ an ráta úis a shloinntear mar chéatadán seasta nó athraitheach a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an méid a tarraingíodh anuas;

(9)ciallaíonn ‘ráta iasachta seasta’ an ráta iasachta a chomhaontaíonn an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus an tomhaltóir sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar feadh fhad iomlán an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, nó roinnt rátaí iasachta a chomhaontaíonn an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus an tomhaltóir sa chomhaontú creidmheasa nó sna seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar feadh tréimhsí páirteacha ar ina leith a chinntear na rátaí iasachta agus úsáid eisiach á baint as céatadán seasta sonrach. Mura gcinntear na rátaí iasachta uile sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, measfar nach bhfuil an ráta iasachta socraithe ach amháin ar feadh na dtréimhsí páirteacha ar lena naghaidh atá na rátaí iasachta cinnte go heisiach le céatadán seasta sonrach a chomhaontaítear ar thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(10)ciallaíonn ‘méid iomlán creidmheasa’ an uasteorainn nó na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil faoi chomhaontú creidmheasa nó faoi sheirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(11)ciallaíonn ‘meán marthanach’ aon ionstraim lena gcuirtear ar a chumas nó ar a chumas don tomhaltóir faisnéis atá dírithe go pearsanta air nó uirthi a stóráil ar bhealach atá inrochtana le haghaidh tagairt sa todhchaí ar feadh tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise agus lena bhféadfar an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(12)ciallaíonn ‘idirghabhálaí creidmheasa’ duine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil ag gníomhú mar chreidiúnaí ná nótaire ná nach gcuireann tomhaltóir i láthair creidiúnaí, agus sin amháin, agus a dhéanann an méid seo a leanas, le linn a thrádála, a ghnó, nó a ghairme, ar tháille, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm airgid nó aon fhoirm chomhaontaithe eile de bhreithniú airgeadais:

(a)comhaontuithe creidmheasa a chur i láthair tomhaltóirí nó a thairiscint dóibh;

(b)cúnamh a thabhairt do thomhaltóirí trí obair ullmhúcháin nó riarachán réamhchonarthach eile a dhéanamh i leith comhaontuithe creidmheasa seachas dá dtagraítear i bpointe (a); nó

(c)comhaontuithe creidmheasa a thabhairt i gcrích le tomhaltóirí thar ceann an chreidiúnaí;

(13)ciallaíonn ‘faisnéis réamhchonarthach’ an fhaisnéis is gá ón tomhaltóir chun bheith in ann tairiscintí creidmheasa éagsúla a chur i gcomparáid le chéile agus cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis an gcomhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le soláthar na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thabhairt i gcrích;

(14)ciallaíonn ‘próifíliú’ aon chineál próiseála uathoibríche ar shonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;

(15)ciallaíonn ‘modhanna cianchumarsáide’ aon mhodh cianchumarsáide mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e) de Threoir 2002/65/CE;

(16)ciallaíonn ‘cleachtas nasctha’ comhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thairiscint nó a dhíol i bpacáiste le táirgí airgeadais nó seirbhísí ar leith eile i gcás nach gcuirtear an comhaontú creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar fáil don tomhaltóir ar leithligh;

(17)ciallaíonn ‘cleachtas cuachta’ comhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thairiscint nó a dhíol i bpacáiste le táirgí airgeadais nó seirbhísí ar leith eile i gcás ina gcuirtear an comhaontú creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar fáil freisin don tomhaltóir ar leithligh ach ní gá go ndéantar sin ar na téarmaí ná na coinníollacha céanna atá ann nuair a thairgtear iad cuachta leis na táirgí nó leis na seirbhísí eile sin;

(18)ciallaíonn ‘seirbhísí comhairleacha’ moltaí pearsanta a thugtar do thomhaltóir i leith idirbheart amháin nó níos mó a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus ar gníomhaíocht ar leithligh iad ó dheonú creidmheasa agus ó ghníomhaíochtaí an idirghabhálaithe creidmheasa a shainmhínítear i bpointe (12);

(19)ciallaíonn ‘saoráid rótharraingte’ comhaontú creidmheasa sainráite trína gcuireann creidiúnaí cistí ar fáil do thomhaltóir is mó ná an tiarmhéid reatha i gcuntas reatha an tomhaltóra;

(20)ciallaíonn ‘rótharraingt intuigthe’ rótharraingt, a bhfuil glacadh léi go hintuigthe, trína gcuireann creidiúnaí cistí ar fáil do thomhaltóir, cistí is mó ná an tiarmhéid reatha i gcuntas reatha an tomhaltóra nó an tsaoráid rótharraingte a comhaontaíodh;

(21)ciallaíonn ‘comhaontú creidmheasa nasctha’ comhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin inarb amhlaidh

(a)a fhónann an creidmheas nó na seirbhísí i gceist go heisiach chun comhaontú a mhaoiniú maidir le soláthar earraí sonracha nó soláthar seirbhíse sonraí, agus

(b)go bhfuil an dá chomhaontú sin, ó thaobh oibiachtúil de, ina naonad tráchtála; measfar gurb ann d’aonad tráchtála i gcás ina maoiníonn an soláthróir nó an soláthraí seirbhíse féin an creidmheas don tomhaltóir nó, i gcás ina maoineoidh tríú páirtí an creidmheas, ina núsáidfidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin seirbhísí an tsoláthróra nó an tsoláthraí seirbhíse maidir le tabhairt i gcrích nó ullmhú an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, nó i gcás ina sonrófar go sainráite na hearraí sonracha nó soláthar seirbhíse sonraí sa chomhaontú creidmheasa nó sna seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(22)ciallaíonn ‘aisíocaíocht luath’ fuascailt iomlán nó urscaoiledh páirteach oibleagáidí an tomhaltóra faoi chomhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(23)ciallaíonn ‘ardán sluachistiúcháin’ ardán sluachistiúcháin mar a shainítear é in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2020/1503;

(24)ciallaíonn ‘saoráid creidmheasa imrothlaigh’ cineál comhaontaithe creidmheasa a eisíonn an creidiúnaí lena soláthraítear an cumas don tomhaltóir cistí a tharraingt anuas nó a tharraingt siar, cistí a aisíoc, agus cistí a tharraingt siar arís.

(25)ciallaíonn ‘fiachsheirbhísí comhairleacha’ cúnamh pearsantaithe de chineál teicniúil, dlíthiúil nó síceolaíoch a sholáthraíonn oibreoirí gairmiúla neamhspleácha i bhfabhar tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí acu nó a bhféadfadh sé go mbeadh deacrachtaí acu a gceangaltais airgeadais a chomhlíonadh;

Airteagal 4

Méideanna a shloinntear in euro a chomhshó ina n‑airgeadra náisiúnta

1.Chun críocha na Treorach seo, na Ballstáit sin a dhéanann na méideanna a shloinntear in euro a chomhshó ina nairgeadra náisiúnta, úsáidfidh siad ar dtús sa chomhshó sin an ráta malairte atá i réim ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

2.Féadfaidh na Ballstáit na méideanna a eascraíonn as an gcomhshó dá dtagraítear i mír 1 a shlánú, ar choinníoll nach mbeidh an slánú sin níos mó ná EUR 10.

Airteagal 5

Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar saor in aisce do thomhaltóirí

Ceanglóidh na Ballstáit, nuair a sholáthraítear faisnéis do thomhaltóirí i gcomhréir leis an Treoir seo, go soláthraítear an fhaisnéis sin gan muirear ar an tomhaltóir.

Airteagal 6

   Neamh‑idirdhealú    

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun creidmheas a dheonú idirdhealaitheach i leith tomhaltóirí atá ina gcónaí go dlíthiúil san Aontas mar gheall ar a náisiúntacht nó a n‑áit chónaithe ná mar gheall ar aon fhoras eile dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nuair a dhéanann na tomhaltóirí sin comhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a iarraidh, a thabhairt i gcrích nó a choinneáil laistigh den Aontas.

CAIBIDIL II

FAISNÉIS A BHEIDH LE SOLÁTHAR ROIMH AN gCOMHAONTÚ CREIDMHEASA NÓ AN COMHAONTÚ MAIDIR LE SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ CREIDMHEASA SLUACHISTIÚCHÁIN A THABHAIRT I gCRÍCH

Airteagal 7

Fógraíocht agus margaíocht ar chomhaontuithe creidmheasa agus seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin

Gan dochar do Threoir 2005/29/CE, ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh aon chumarsáid fógraíochta agus mhargaíochta maidir le comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin cothrom, soiléir agus nach mbeidh sí míthreorach. Foclaíocht i dteachtaireachtaí fógraíochta agus margaíochta den chineál sin lena bhféadfar ionchais bhréagacha a chruthú i gcás tomhaltóra maidir le hinfhaighteacht nó costas creidmheasa, toirmeascfar í.

Airteagal 8

Faisnéis chaighdeánach atá le cur san áireamh i bhfógraíocht comhaontuithe creidmheasa agus seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin

1.Fógraíocht maidir le comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin lena léirítear ráta úis nó aon fhigiúr a bhaineann le costas an chreidmheasa don tomhaltóir, ceanglóidh na Ballstáit go náireofar faisnéis chaighdeánach inti i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina gceanglaítear leis an dlí náisiúnta léiriú ar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir i bhfógraíocht maidir le comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nach léiríonn ráta úis ná aon fhigiúr a bhaineann le haon chostas creidmheasa don tomhaltóir de réir bhrí na chéad fhomhíre.

2.Beidh an fhaisnéis chaighdeánach inléite go héasca nó inchloiste go soiléir, de réir mar is iomchuí, agus oiriúnaithe do shrianta teicniúla an mheáin a úsáidtear le haghaidh fógraíochta agus sonrófar trí shampla ionadaíoch na heilimintí seo a leanas ar fad inti ar bhealach soiléir, gonta agus feiceálach:

(a)an ráta iasachta, seasta nó athraitheach nó iad araon, mar aon le mionsonraí aon mhuirir a áirítear i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir;

(b)an méid iomlán creidmheasa;

(c)ráta céatadánach bliantúil an mhuirir;

(d)i gcás inarb infheidhme, fad an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(e)i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha, an praghas in airgead tirim agus méid aon réamhíocaíochta;

(f)i gcás inarb infheidhme, an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus méid na dtráthchodanna.

I gcásanna sonracha agus a bhfuil bonn cirt leo, maidir leis an meán a úsáidtear chun an fhaisnéis chaighdeánach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl, i gcás nach gceadaítear leis an meán sin an fhaisnéis a thaispeáint ó amharc, ní bheidh feidhm ag pointe (e) ná (f) san fhomhír sin.

3.I gcás ina bhfuil tabhairt i gcrích conartha maidir le seirbhís choimhdeach a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheas nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin éigeantach chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus na coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith, agus nach féidir costas na seirbhíse sin a chinneadh roimh ré, sonrófar san fhaisnéis chaighdeánach sin ar bhealach soiléir, gonta agus feiceálach, mar aon le ráta céatadánach bliantúil an mhuirir dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), an oibleagáid chun an conradh sin a dhéanamh.

Airteagal 9

Faisnéis ghinearálta

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh creidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, faisnéis ghinearálta atá soiléir agus intuigthe maidir le comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar fáil do thomhaltóirí, ag gach tráth ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile. 

2.Beidh an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh san fhaisnéis ghinearálta dá dtagraítear i mír 1:

(a)céannacht, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist eisitheoir na faisnéise;

(b)an chríoch dá núsáidfear an creidmheas;

(c)fad féideartha na gcomhaontuithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(d)na cineálacha rátaí iasachtaithe atá ar fáil, ag léiriú cibé an bhfuil siad seasta nó athraitheach nó an dá cheann, le tuairisc ghearr ar na saintréithe a bhaineann le ráta seasta nó ráta athraitheach, lena náirítear na himpleachtaí gaolmhara don tomhaltóir;

(e)sampla ionadaíoch den mhéid iomlán creidmheasa, costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus ráta céatadánach bliantúil an mhuirir;

(f)léiriú ar chostais bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann, nach bhfuil ar áireamh i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, a bheidh le híoc i dtaca le comhaontú creidmheasa nó le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(g)raon na roghanna difriúla a bheidh ar fáil chun an creidmheas a aisíoc leis an gcreidiúnaí, lena náirítear líon, minicíocht agus méid na dtráthchodanna aisíocaíochta tráthrialta;

(h)tuairisc ar na coinníollacha a bhaineann go díreach le haisíocaíocht luath;

(i)tuairisc ar an gceart chun tarraingt siar;

(j)léiriú ar na seirbhísí coimhdeacha atá mar chúram ar an tomhaltóir a fháil chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus ar na coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith agus, i gcás inarb infheidhme, soiléiriú go bhféadfar na seirbhísí coimhdeacha a cheannach ó sholáthraí nach é an creidiúnaí é; agus

(k)rabhadh ginearálta maidir le hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag neamhchomhlíonadh na ngealltanas atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

Airteagal 10

Faisnéis réamhchonarthach

1.Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an tidirghabhálaí creidmheasa nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, an fhaisnéis réamhchonarthach a sholáthar don tomhaltóir, ar faisnéis í is gá chun tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile chun cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le comhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thabhairt i gcrích ar bhonn na dtéarmaí agus na gcoinníollacha maidir le creidmheas a thairgeann an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus, más infheidhme, na roghanna atá curtha in iúl agus an fhaisnéis atá soláthartha ag an tomhaltóir. Soláthrófar faisnéis réamhchonarthach den sórt sin don tomhaltóir lá amháin ar a laghad sula mbeidh sé faoi cheangal ag aon chomhaontú nó tairiscint chreidmheasa, nó ag aon chomhaontú nó tairiscint ar sholáthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nó tairiscint.

I gcás ina soláthró an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír i dtréimhse is gairide ná lá amháin sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gcomhaontú creidmheasa, na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nó an tairiscint, ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, ar an idirghabhálaí creidmheasa, nó ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a mheabhrú do thomhaltóirí, ag úsáid an mheáin mharthanaigh chéanna, gur féidir leis nó léi tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus an nós imeachta atá le leanúint chun tarraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 26. Soláthrófar an meabhrú sin don tomhaltóir, ar a dhéanaí, lá amháin tar éis an comhaontú creidmheasa, an comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thabhairt i gcrích nó tar éis glacadh leis an tairiscint ar chreidmheas.

2.Soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile tríd an bhfoirm le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Beidh an fhaisnéis uile a sholáthrófar san fhoirm chomh feiceálach céanna. Measfar na ceanglais faisnéise sa mhír seo agus in Airteagal 3, míreanna (1) agus (2) de Threoir 2002/65/CE a bheith comhlíonta ag an gcreidiúnaí má sholáthair sé nó sí an Fhaisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.

3.Sonrófar na heilimintí uile seo a leanas san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1:

(a)an cineál creidmheasa;

(b)céannacht, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an chreidiúnaí chomh maith le, i gcás inarb infheidhme, céannacht, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an idirghabhálaí creidmheasa agus an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin lena mbaineann;

(c)an méid iomlán creidmheasa agus na coinníollacha lena rialaítear an tarraingt anuas;

(d)fad an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(e)i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;

(f)an ráta iasachta, nó na rátaí iasachta uile i gcás ina bhfuil feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm gach ráta iasachta agus, i gcás ina mbeidh fáil air sin, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir le gach ráta iasachta tosaigh, chomh maith leis na tréimhsí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun gach ráta iasachta a athrú;

(g)ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir, a léirítear trí shampla ionadaíoch ina luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun an ráta sin a ríomh; I gcás ina mbeidh an creidiúnaí nó soláthraí na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin curtha ar an eolas ag an tomhaltóir faoi chomhpháirt amháin nó níos mó dá chreidmheas tosaíochta nó dá creidmheas tosaíochta, amhail fad an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le soláthar na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus an méid iomlán creidmheasa, cuirfidh an creidiúnaí nó soláthraí na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin na comhpháirteanna sin san áireamh.

(h)i gcás ina soláthrófar le comhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin bealaí tarraingthe anuas éagsúla le muirir nó rátaí iasachta éagsúla agus ina núsáidfidh an creidiúnaí an toimhde a leagtar amach i gCuid II, pointe (b) d’Iarscríbhinn IV, léireoidh sé nó sí go bhféadfaidh rátaí céatadánacha bliantúla muirir atá níos airde a bheith mar thoradh ar shásraí tarraingthe anuas eile maidir leis an gcineál comhaontaithe creidmheasa sin nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin sin;

(i)méid, líon agus minicíocht na níocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an tord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;

(j)i gcás inarb infheidhme, na muirir i leith cuntas éigeantach amháin nó roinnt cuntais éigeantacha a choinneáil ar bun ina ndéantar idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon a thaifeadadh, na muirir i leith modh íocaíochta a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, aon mhuirear eile a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, agus na coinníollacha faoina bhféadfar aon cheann de na muirir sin a athrú;

(k)i gcás inarb infheidhme, aon chostas is iníoctha ag an tomhaltóir le nótaire ar an gcomhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thabhairt i gcrích;

(l)an oibleagáid, más ann, conradh seirbhíse coimhdí a dhéanamh a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, i gcás ina bhfuil tabhairt i gcrích conartha den sórt sin éigeantach chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus na coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith;

(m)an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;

(n)rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha;

(o)i gcás inarb infheidhme, na hurraí a cheanglaítear;

(p)an ceart chun tarraingt siar a bheith ann;

(q)an ceart chun aisíocaíocht luath a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúiteamh a fháil agus an bealach a gcinnfear an cúiteamh sin;

(r)ceart an tomhaltóra chun bheith curtha ar an eolas láithreach agus saor in aisce, de bhun Airteagal 19(2), faoin toradh ar cheadú bunachair sonraí a dhéantar chun a acmhainneacht creidmheasa nó a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;

(s)ceart an tomhaltóra, mar a leagtar amach i mír 8, go soláthrófar cóip den dréachtchomhaontú creidmheasa dó nó di, nó den dréachtchomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, arna iarraidh sin agus saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil an creidiúnaí toilteanach tráth na hiarrata dul ar aghaidh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin leis an tomhaltóir;

(t)i gcás inarb infheidhme, léiriú go raibh an praghas pearsantaithe ar bhonn próiseála uathoibríoch, lena náirítear próifíliú;

(u)i gcás inarb infheidhme, an tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí nó soláthraí na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(v)an deis a bheith ann dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt don tomhaltóir agus na bealaí chun rochtain a fháil air;

I gcás ina ndéanfar tagairt sa chomhaontú creidmheasa nó sna seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin do thagarmharc mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (3), de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 , déanfaidh an creidiúnaí nó i gcás inarb infheidhme, an t‑idirghabhálaí creidmheasa nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ainm an tagarmhairc sin agus a riarthóra agus a impleachtaí ionchasacha ar an tomhaltóir a sholáthar don tomhaltóir i ndoiciméad ar leithligh, rud a fhéadfaidh a bheith i gceangal leis an bhfoirm le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra.

4.An tráth céanna a dhéantar an fhoirm le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra a sholáthar don tomhaltóir, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an tidirghabhálaí creidmheasa nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, an fhoirm le haghaidh an Fhorbhreathnaithe Chaighdeánaigh Eorpaigh um Chreidmheas Tomhaltóra a leagtar amach in Iarscríbhinn II a sholáthar don tomhaltóir, ina mbeidh an fhaisnéis réamhchonarthach seo a leanas:

(a)an méid iomlán creidmheasa;

(b)fad an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar

(c)an ráta iasachta nó, na rátaí iasachta uile má tá feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla;

(d)ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir;

(e)i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;

(f)costais i gcás íocaíochtaí déanacha;

5.Beidh faisnéis a thaispeántar san fhoirm le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra agus san fhoirm le haghaidh an Fhorbhreathnaithe Chaighdeánaighh Eorpaigh um Chreidmheas Tomhaltóra comhsheasmhach. Beidh sí inléite go soiléir agus cuirfear srianta teicniúla an mheáin ar a dtaispeántar í san áireamh inti. Taispeánfar an fhaisnéis ar bhealach leordhóthanach oiriúnach ar na bealaí éagsúla.

Aon fhaisnéis bhreise a fhéadfaidh an creidiúnaí a sholáthar don tomhaltóir, tabharfar i ndoiciméad ar leithligh í, rud a fhéadfaidh a bheith i gceangal leis an bhfoirm le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra nó leis an bhfoirm le haghaidh an Fhorbhreathnaithe Chaighdeánaigh Eorpaigh um Chreidmheas Tomhaltóra.

6.De mhaolú ar mhír 3, i gcás cumarsáid ghuththeileafónaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2002/65/CE, sa tuairisc ar phríomhshaintréithe na seirbhíse airgeadais atá le soláthar de bhun Airteagal 3(3), pointe (b), an dara fleasc, den Treoir seo áireofar ar a laghad na heilimintí dá dtagraítear i mír 3, pointí (c), (d), (e), (f) agus (i) den Airteagal seo, mar aon le ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a léirítear trí shampla ionadaíoch agus an méid iomlán iníoctha ag an tomhaltóir.

7.Más rud é go bhfuil an comhaontú tugtha i gcrích arna iarraidh sin don tomhaltóir trí mhodh cianchumarsáide ar shlí a chuireann bac ar an bhfaisnéis a sholáthar i gcomhréir leis an airteagal seo, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an tidirghabhálaí creidmheasa nó soláthraí na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, an fhoirm le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra agus an fhoirm le haghaidh an Fhorbhreithnithe Chaighdeánaigh Eorpaigh um Chreidmheas Tomhaltóra a sholáthar don tomhaltóir díreach tar éis an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar.

8.Arna iarraidh sin don tomhaltóir, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an tidirghabhálaí creidmheasa nó soláthraí na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, sa bhreis ar an bhfoirm le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra agus ar an bhfoirm le haghaidh an Fhorbhreithnithe Chaighdeánaigh Eorpaigh um Chreidmheas Tomhaltóra, cóip den dréachtchomhaontú creidmheasa, nó den dréachtchomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar, a sholáthar saor in aisce don tomhaltóir, ar choinníoll go mbeidh an creidiúnaí, tráth na hiarrata, toilteanach dul ar aghaidh leis an gcomhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích nó leis an gcomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar leis an tomhaltóir.

9.I gcás comhaontú creidmheasa nó comhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin arb amhlaidh nach neascraíonn amúchadh comhfhreagrach láithreach ar an méid iomlán creidmheasa as íocaíochtaí a dhéanann an tomhaltóir, ach a úsáidtear mar chaipiteal le linn tréimhsí agus faoi choinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa, sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nó i gcomhaontú coimhdeach, áireoidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an tidirghabhálaí creidmheasa nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1, ráiteas soiléir agus gonta nach ndéantar foráil sna comhaontuithe creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin sin maidir le ráthaíocht go naisíocfar an méid iomlán creidmheasa a tharraingítear anuas faoin gcomhaontú creidmheasa nó faoi na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, mura rud é go dtugtar ráthaíocht den sórt sin go sainráite.

10.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthróirí earraí ná seirbhísí atá ag gníomhú mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach. Tá an méid sin gan dochar don oibleagáid atá ar an gcreidiúnaí, nó i gcás inarb infheidhme, ar an idirghabhálaí creidmheasa ná ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a áirithiú go bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 11

Faisnéis réamhchonarthach maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(5) nó (6)

1.Maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(5) nó (6), soláthrófar an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear in Airteagal 10(1), de mhaolú ar mhír 2 den Airteagal sin, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile tríd an bhfoirm le haghaidh na Faisnéise Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Beidh an fhaisnéis uile a sholáthrófar san fhoirm sin chomh feiceálach céanna. Measfar na ceanglais faisnéise sa mhír seo agus in Airteagal 3, míreanna (1) agus (2) de Threoir 2002/65/CE a bheith comhlíonta ag an gcreidiúnaí má sholáthair sé nó sí an Fhaisnéis Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.

2.Maidir le comhaontuithe creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 2(5) nó (6), sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear in Airteagal 10(1), de mhaolú ar mhír 3 den Airteagal sin, gach ceann de na gnéithe a leanas:

(a)an cineál creidmheasa;

(b)céannacht, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an chreidiúnaí chomh maith le, i gcás inarb infheidhme, céannacht, seoladh geografach, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an idirghabhálaí creidmheasa lena mbaineann;

(c)an méid iomlán creidmheasa;

(d)fad an chomhaontaithe creidmheasa;

(e)an ráta iasachta agus na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm an ráta sin, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta iasachta tosaigh, na muirir is infheidhme ón tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích, agus, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoina bhféadfar na muirir sin a athrú;

(f)ráta céatadánach bliantúil an mhuirir, a léirítear trí shamplaí ionadaíocha ina luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun an ráta sin a ríomh;

(g)méid, líon agus minicíocht na níocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an tord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;

(h)na coinníollacha agus an nós imeachta chun an gcomhaontú creidmheasa a fhoirceannadh;

(i)an ceart chun aisíocaíocht luath a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúiteamh a fháil agus an bealach a gcinnfear an cúiteamh sin.

(j)i gcás inarb infheidhme, léiriú go bhféadfar a iarraidh ar an tomhaltóir méid an chreidmheasa a aisíoc ina iomláine tráth ar bith;

(k)an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;

(l)ceart an tomhaltóra chun bheith curtha ar an eolas láithreach agus saor in aisce, de bhun Airteagal 19(2), faoin toradh ar cheadú bunachair sonraí a dhéantar chun a acmhainneacht creidmheasa nó a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;

(m)i gcás inarb infheidhme, léiriú go raibh an praghas pearsantaithe ar bhonn próiseáil uathoibríoch, lena náirítear próifíliú;

(n)i gcás inarb infheidhme, an tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(o)an deis a bheith ann dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh an tomhaltóra agus na bealaí chun rochtain a fháil air;

3.An tráth céanna a dhéantar an fhoirm le haghaidh na Faisnéise Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra a sholáthar don tomhaltóir, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an tidirghabhálaí creidmheasa, an fhoirm le haghaidh an Fhorbhreathnaithe Chaighdeánaigh Eorpaigh um Chreidmheas Tomhaltóra a leagtar amach in Iarscríbhinn II a sholáthar don tomhaltóir:

4.Beidh faisnéis a thaispeántar san fhoirm le haghaidh na Faisnéise Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra agus san fhoirm le haghaidh an Fhorbhreathnaithe Caighdeánaigh um Chreidmheas Tomhaltóra comhsheasmhach. Beidh sí inléite go soiléir agus cuirfear srianta teicniúla an mheáin ar a dtaispeántar í san áireamh inti. Taispeánfar an fhaisnéis ar bhealach leordhóthanach oiriúnach ar na bealaí éagsúla.

5.De mhaolú ar mhír 2, i gcás cumarsáid ghuththeileafónaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2002/65/CE, sa tuairisc ar phríomhshaintréithe na seirbhíse airgeadais atá le soláthar de bhun Airteagal 3(3), pointe (b), an dara fleasc, den Treoir seo áireofar ar a laghad na nithe dá dtagraítear i mír 2, pointí (c) go (f) agus (l) den Airteagal seo.

6.Arna iarraidh sin don tomhaltóir, déanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an tidirghabhálaí creidmheasa, i dteannta na foirme le haghaidh na Faisnéise Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra agus an fhoirm le haghaidh an Fhorbhreathnaithe Caighdeánaigh Eorpaigh um Chreidmheas Tomhaltóra, cóip den dréachtchomhaontú creidmheasa a sholáthar don tomhaltóir saor in aisce, ar choinníoll go bhfuil an creidiúnaí toilteanach tráth na hiarrata dul ar aghaidh le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa leis an tomhaltóir.

7.Más rud é gur tugadh an comhaontú i gcrích arna iarraidh sin don tomhaltóir agus úsáid á baint as modh cianchumarsáide nach gcumasaíonn an fhaisnéis a sholáthar i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh an creidiúnaí an fhoirm le haghaidh na Faisnéise Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra agus an fhoirm le haghaidh an Fhorbhreathnaithe Chaighdeánaigh Eorpaigh um Chreidmheas Tomhaltóra a sholáthar don tomhaltóir díreach tar éis an comhaontú creidmheasa a thabhairt i gcrích.

8.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le soláthróirí earraí ná seirbhísí atá ag gníomhú mar idirghabhálaithe creidmheasa i gcáil choimhdeach. Tá an méid sin gan dochar don oibleagáid atá ar an gcreidiúnaí, nó i gcás inarb infheidhme, ar an idirghabhálaí creidmheasa a áirithiú go bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 12

Mínithe leordhóthanacha 

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar chreidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ar idirghabhálaithe creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin mínithe leordhóthanacha a sholáthar don tomhaltóir ar na comhaontuithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a bheartaítear agus aon seirbhís choimhdeach a fhágann gur féidir leis an tomhaltóir a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil na comhaontuithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a bheartaítear agus na seirbhísí coimhdeacha oiriúnaithe dá riachtanais agus dá staid airgeadais. Áireofar na heilimintí seo a leanas sna mínithe:

(a)an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 10, 11 agus 38;

(b)saintréithe fíorriachtanacha an chomhaontaithe creidmheasa, na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nó na seirbhísí coimhdeacha a bheartaítear;

(c)na héifeachtaí sonracha a fhéadfaidh a bheith ag an gcomhaontú creidmheasa, ag seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nó ag seirbhísí coimhdeacha a bheartaítear ar an tomhaltóir, lena náirítear na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar mhainneachtain íocaíochta nó íocaíocht dhéanach an tomhaltóra;

(d)i gcás ina bhfuil seirbhísí coimhdeacha cuachta le comhaontú creidmheasa nó le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, cibé acu is féidir nó nach féidir gach comhpháirt den chuach a fhoirceannadh ar leithligh agus na hiarmhairtí a bheadh ann don tomhaltóir mar gheall ar fhoirceannadh den sórt sin.

2.An ceanglas dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an mbealach a thabharfar na mínithe agus a mhéid a thabharfar iad, féadfaidh na Ballstáit é a oiriúnú don mhéid seo a leanas:

(a)imthosca na staide ina dtairgtear an creidmheas;

(b)an duine dá dtairgtear an creidmheas;

(c)cineál an chreidmheasa a thairgtear.

Airteagal 13

Tairiscintí pearsantaithe ar bhonn próiseáil uathoibríoch

Ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin tomhaltóirí ar an eolas nuair a chuirtear tairiscint phearsantaithe ina láthair atá bunaithe ar phróifíliú nó cineálacha eile próiseála uathoibríoch ar shonraí pearsanta.

CAIBIDIL III

CLEACHTAIS NASCTHA AGUS CHUACHTA, COMHAONTÚ MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ COIMHDEACHA, SEIRBHÍSÍ COMHAIRLEACHA AGUS DÍOLACHÁIN CHREIDMHEASA GAN IARRAIDH

Airteagal 14

Cleachtais nasctha agus chuachta

1.Féadfaidh na Ballstáit cleachtais chuachta a cheadú ach toirmeascfaidh siad cleachtais nasctha.

2.De mhaolú ar mhír 1 agus gan dochar do chur i bhfeidhm an dlí iomaíochta, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chreidiúnaithe nó do sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a iarraidh ar an tomhaltóir cuntas íocaíochta nó coigiltis a oscailt nó a choinneáil ar bun, i gcás inar ceann díobh seo a leanas an taon chuspóir amháin atá le cuntas den sórt sin:

(a)caipiteal a charnadh chun an creidmheas a aisíoc;

(b)an creidmheas a sheirbheáil;

(c)acmhainní a thiomsú chun an creidmheas a fháil:

(d)slándáil bhreise a sholáthar don chreidiúnaí i gcás mainneachtana.

3.De mhaolú ar mhír 1, agus gan dochar do chur i bhfeidhm an dlí iomaíochta, féadfaidh na Ballstáit cleachtais nasctha a cheadú nuair is féidir leis an gcreidiúnaí nó leis an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a léiriú don údarás inniúil gurb é atá mar thoradh ar na táirgí nasctha nó na catagóirí táirge a thairgtear, ar théarmaí agus coinníollacha atá comhchosúil le chéile, tairbhe shoiléir do na tomhaltóirí agus aird chuí á tabhairt ar infhaighteacht agus praghsanna na dtáirgí ábhartha a thairgtear ar an margadh.

4.Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chreidiúnaithe nó do sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a cheangal ar an tomhaltóir polasaí árachais ábhartha a bheith aige a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, agus comaoineacha comhréireachta á gcur san áireamh. Sna cásanna sin, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglaítear ar an gcreidiúnaí nó ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin glacadh leis an bpolasaí árachais ó sholáthróir atá éagsúil lena sholáthróir tosaíochta nó lena soláthróir tosaíochta i gcás ina bhfuil leibhéal ráthaíochta an pholasaí árachais sin coibhéiseach leis an gceann atá molta ag an gcreidiúnaí nó ag an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, gan coinníoll an chreidmheasa a thairgtear don tomhaltóir a mhodhnú.

Airteagal 15

Comhaontú bunaithe ar thátal chun seirbhísí coimhdeacha a cheannach

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbaineann creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa ná soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin tátal as go bhfuil comhaontú tomhaltóra ann le ceannach seirbhísí coimhdeacha a chuirtear i láthair trí roghanna mainneachtana. Áirítear boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré le roghanna mainneachtana. 

2.Maidir le comhaontú tomhaltóirí le ceannach seirbhísí coimhdeacha a chuirtear i láthair trí bhoscaí, tabharfar é le gníomh soiléir dearfach lena mbunaítear léiriú a thugtar faoi shaoirse, atá sonrach, eolasach agus gan débhrí ar a chomhaontú nó a comhaontú maidir leis an inneachar agus an tsubstaint a bhaineann leis na boscaí.

Airteagal 16

Seirbhísí comhairleacha

1.Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí, agus, i gcás inarb infheidhme an tidirghabhálaí creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an tomhaltóir a chur ar an eolas go sainráite, i gcomhthéacs idirbheart ar leith, maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil seirbhísí comhairleacha á soláthar, nó is féidir nó nach féidir iad a sholáthar, don tomhaltóir.

2.Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí, agus, i gcás inarb infheidhme an tidirghabhálaí creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, roimh sholáthar seirbhísí comhairleacha nó tabhairt i gcrích conartha maidir le soláthar seirbhísí den sórt sin, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don tomhaltóir ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile:

(a)léiriú ar cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an moladh bunaithe ar a raon táirgí féin, agus air sin amháin, nó ar raon leathan táirgí ó gach cearn den mhargadh i gcomhréir le mír 3, pointe (c).

(b)i gcás inarb infheidhme, léiriú ar an táille is iníoctha ag an tomhaltóir as na seirbhísí comhairleacha nó, i gcás nach féidir méid na táille sin a fháil amach nuair a sholáthraítear an fhaisnéis, an modh a úsáidtear lena ríomh.

An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), féadfar í a sholáthar don tomhaltóir i bhfoirm faisnéis réamhchonarthach bhreise i gcomhréir le hAirteagal 10(5), an dara fomhír.

3.I gcás ina soláthraítear seirbhísí comhairleacha do thomhaltóirí, ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an méid seo a leanas:

(a)an fhaisnéis fhíorriachtanach a fháil maidir le staid airgeadais, roghanna agus cuspóirí an tomhaltóra i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa nó le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, le go bhféadfaidh an creidiúnaí, idirghabhálaí creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a mholadh atá oiriúnach don tomhaltóir.

(b)measúnú a dhéanamh ar an staid airgeadais agus ar riachtanais an tomhaltóra ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) a bheidh cothrom le dáta tráth an mheasúnaithe, agus cuirfear toimhdí réasúnacha san áireamh ann maidir leis na rioscaí atá ann do staid airgeadais an tomhaltóra thar théarma an chomhaontaithe creidmheasa nó na gcomhaontuithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a mholtar;

(c)líon sách mór comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a mheas ina raon táirgí agus ar an mbonn sin comhaontú creidmheasa nó roinnt comhaontuithe creidmheasa, nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a mholadh as measc an raoin táirgí sin atá oiriúnach do riachtanais, staid airgeadais agus imthosca pearsanta an tomhaltóra;

(d)gníomhú chun leas an tomhaltóra;

(e)taifead ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile ar an moladh a sholáthraítear a thabhairt don tomhaltóir.

4.Féadfaidh na Ballstáit úsáid na téarmaí ‘comhairle’ agus ‘comhairleoir’ nó téarmaí comhchosúla a thoirmeasc nuair atá na seirbhísí comhairleacha á margú agus á soláthar do thomhaltóirí ag creidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

I gcás nach dtoirmeascfaidh na Ballstáit úsáid na dtéarmaí ‘comhairle’ ná ‘comhairleoir’ ná téarmaí comhchosúla, forchuirfidh siad na coinníollacha seo a leanas maidir le húsáid an téarma ‘comhairle neamhspleách’ nó ‘comhairleoir neamhspleách’ ag creidiúnaithe nó idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthraíonn seirbhísí comhairleacha:

(a)déanfaidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin líon sách mór comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin atá ar fáil ar an margadh a mheas;

(b)ní íocfaidh creidiúnaí amháin ná níos mó luach saothair le hidirghabhálaithe creidmheasa i ndáil leis na seirbhísí comhairleacha.

Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den dara fomhír ach amháin i gcás inar lú an líon creidiúnaithe arna meas ná tromlach den mhargadh.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais níos déine a fhorchur maidir le húsáid na dtéarmaí ‘comhairle neamhspleách’ nó ‘comhairleoir neamhspleách’ ag creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

5.Ceanglóidh na Ballstáit go dtabharfaidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin rabhadh do thomhaltóir nuair is féidir go spreagfar le comhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin riosca sonrach don tomhaltóir i bhfianaise a staide airgeadais.

6.Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh ach amháin creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin seirbhísí comhairleacha a sholáthar.

Féadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar an gcéad fhomhír, a cheadú do dhaoine eile seachas iad sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír seirbhísí comhairleacha a sholáthar i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)soláthraítear na seirbhísí comhairleacha ar bhealach teagmhasach i gcúrsa gníomhaíocht ghairmiúil a rialáiltear le forálacha dlí nó rialála nó cód eitice nach neisiatar soláthar na seirbhísí sin leo;

(b)déantar na seirbhísí comhairleacha a sholáthar i gcomhthéacs bainistíocht féich atá ann cheana ag cleachtóirí dócmhainneachta agus déantar an ghníomhaíocht bhainistíochta sin a rialáil le forálacha dlí nó rialála;

(c)déantar na seirbhísí comhairleacha a sholáthar i gcomhthéacs bainistiú fiach atá ann cheana ag soláthraithe fiachsheirbhísí comhairleacha poiblí nó deonacha nach noibríonn ar bhonn tráchtála;

(d)soláthraíonn daoine atá údaraithe agus maoirsithe ag údaráis inniúla na seirbhísí comhairleacha.

Airteagal 17

Toirmeasc ar dhíolacháin chreidmheasa gan iarraidh

Toirmeascfaidh na Ballstáit díol aon chreidmheasa le tomhaltóirí, gan a réamhiarraidh ná a gcomhaontú sainráite.

CAIBIDIL IV

MEASÚNÚ ACMHAINNEACHTA CREIDMHEASA AGUS ROCHTAIN AR BHUNACHAIR SONRAÍ

Airteagal 18

Oibleagáid chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra

1.Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí nó, i gcás inarb infheidhme, an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin measúnú críochnúil ar acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra sula dtugtar comhaontú creidmheasa nó comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i gcrích. Déanfar an measúnú sin ar mhaithe le leas an tomhaltóra, chun cleachtais iasachtaithe mhífhreagracha agus rófhéichiúnas a chosc, agus tabharfar aird iomchuí ann ar fhachtóirí atá ábhartha maidir le fíorú a dhéanamh ar ionchas an tomhaltóra a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gcomhaontú creidmheasa nó faoin gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

2.Déanfar an measúnú acmhainneachta ar bhonn faisnéis ábhartha agus chruinn maidir le hioncam agus costais an tomhaltóra agus imthosca airgeadais agus eacnamaíocha eile is gá agus is comhréireach amhail fianaise ar ioncam nó ar fhoinsí eile aisíocaíochta, faisnéis ar shócmhainní airgeadais agus ar dhliteanais, nó faisnéis ar cheanglais airgeadais eile. Gheofar an fhaisnéis ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha ábhartha, lena náirítear an tomhaltóir agus, i gcás inar gá, ar bhonn bunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19 a cheadú.

Déanfar an fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir leis an mír seo a fhíorú go hiomchuí, i gcás inar gá trí thagairt do dhoiciméadacht atá infhíoraithe go neamhspleách.

3.Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí nó, i gcás inarb infheidhme, an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nósanna imeachta a bhunú le haghaidh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 agus go ndéanfaidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin taifead agus cothabháil ar na nósanna imeachta sin.

Ceanglóidh na Ballstáit freisin go ndéanfaidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin taifead agus cothabháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2.

4.Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanann an creidiúnaí ná an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an creidmheas a chur ar fáil don tomhaltóir ach amháin i gcás ina léiríonn toradh an mheasúnaithe acmhainneachta creidmheasa gur dóigh go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa nó as an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar an mbealach a éilítear faoin gcomhaontú sin.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás ina léireoidh toradh an mheasúnaithe ar acmhainneacht creidmheasa nach dócha go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa nó as an gcomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar ar an mbealach a cheanglaítear faoin gcomhaontú sin, féadfaidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin creidmheas a chur ar fáil don tomhaltóir ar bhonn eisceachtúil in imthosca sonracha a bhfuil údar maith leo.

5.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh creidiúnaí nó soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin comhaontú creidmheasa nó comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thabhairt i gcrích le tomhaltóir, nach ndéanfaidh an creidiúnaí ná an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a chur ar ceal ná a athrú ar dhóigh a dhéanfadh dochar don tomhaltóir ar na forais nach ndearnadh an measúnú acmhainneachta creidmheasa i gceart. Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás ina léirítear go ndearna an tomhaltóir an fhaisnéis a thugtar don chreidiúnaí nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin dá dtagraítear i mír 2 a cheilt nó a fhalsú go feasach.

6.I gcás ina mbaineann úsáid próifílithe nó próiseála uathoibríche eile ar shonraí pearsanta leis an measúnú acmhainneachta creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de cheart ag an tomhaltóir:

(a)idirghabháil an duine a iarraidh agus a fháil ar thaobh an chreidiúnaí nó an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin chun an cinneadh a athbhreithniú;

(b)míniú soiléir ar an measúnú acmhainneachta creidmheasa a iarraidh agus a fháil ón gcreidiúnaí nó ón soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, lena náirítear míniú ar an loighic agus ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil uathoibríoch ar shonraí pearsanta chomh maith lena tionchar agus lena héifeachtaí ar an gcinneadh;

(c)a thuairim nó a tuairim a chur in iúl agus agóid a dhéanamh in aghaidh an mheasúnaithe acmhainneachta creidmheasa agus an chinnidh.

7.Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina ndiúltaítear don iarratas creidmheasa go gceanglaítear ar an gcreidiúnaí nó ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an tomhaltóir a chur ar an eolas gan mhoill faoin diúltú agus, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil an measúnú acmhainneachta creidmheasa bunaithe ar phróiseáil sonraí uathoibríoch.

8.I gcás ina gcomhaontóidh na páirtithe an méid iomlán creidmheasa a athrú tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa, nó an chomhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglaítear ar an gcreidiúnaí nó ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin acmhainneacht creidmheasa an tomhaltóra a athmheasúnú ar bhonn faisnéis cothrom le dáta sula ndeonaítear aon mhéadú suntasach ar an méid iomlán creidmheasa.

9.Maidir leis na Ballstáit a gceanglaítear ar chreidiúnaithe nó ar sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin lena reachtaíocht measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa tomhaltóirí ar bhonn an bunachar sonraí ábhartha a cheadú, féadfaidh siad an ceanglas sin a choinneáil.

Airteagal 19

1.Bunachair I gcás creidmheas trasteorann, áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh rochtain ag creidiúnaithe agus ag soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ó Bhallstáit eile ar bhunachair sonraí a úsáidtear sa Bhallstát sin chun acmhainneacht creidmheasa tomhaltóirí a mheasúnú. Beidh na coinníollacha rochtana ar bhunachair sonraí den sórt sin neamhidirdhealaitheach.

2.Beidh feidhm ag mír 1 maidir le bunachair sonraí phoiblí agus phríobháideacha araon.

3.Sna bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1, coinneofar ar a laghad faisnéis maidir le riaráistí íocaíochta tomhaltóirí.

4.I gcás ina ndiúltaítear don iarratas creidmheasa ar bhonn bunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 a cheadú, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an tomhaltóir ar an eolas láithreach agus gan mhuirear maidir le toradh an cheadaithe sin agus maidir le mionsonraí an bhunachair sonraí a ceadaíodh.

CAIBIDIL V

FOIRM AGUS INNEACHAR COMHAONTUITHE CREIDMHEASA

Airteagal 20

Foirm an chomhaontaithe creidmheasa agus an chomhaontaithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar

1.Ceanglóidh na Ballstáit go ndréachtófar comhaontuithe creidmheasa nó comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile agus go soláthrófar cóip den chomhaontú creidmheasa nó den chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin do na páirtithe conarthacha uile.

2.Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun maidir le bailíocht comhaontuithe creidmheasa nó comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thabhairt i gcrích atá i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 21

Faisnéis atá le háireamh sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar

1.Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfar na heilimintí uile seo a leanas a shonrú ar bhealach soiléir agus gonta sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin:

(a)an cineál creidmheasa;

(b)céannachtaí, seoltaí geografacha, uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist na bpáirtithe conarthacha chomh maith le, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh geografach an idirghabhálaí creidmheasa nó an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin lena mbaineann;

(c)an méid iomlán creidmheasa agus na coinníollacha lena rialaítear an tarraingt anuas;

(d)Fad an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar

(e)i gcás creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha i leith earraí nó seirbhísí sonracha agus i gcás comhaontuithe creidmheasa nasctha, na hearraí nó na seirbhísí sonracha agus a bpraghas in airgead tirim;

(f)an ráta iasachta, nó na rátaí iasachta uile i gcás ina bhfuil feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm gach ráta iasachta agus, i gcás ina mbeidh fáil air sin, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir le gach ráta iasachta tosaigh, chomh maith leis na tréimhsí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun gach ráta iasachta a athrú;

(g)ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir, a ríomhtar tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i gcrích agus léiriú ar na toimhdí uile a úsáidtear sa ríomh sin;

(h)méid, líon agus minicíocht na níocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir agus, i gcás inarb iomchuí, an tord ina ndéanfar íocaíochtaí a leithdháileadh ar iarmhéideanna éagsúla gan íoc a mhuirearaítear ar rátaí iasachta éagsúla chun críoch aisíocaíochta;

(i)i gcás ina bhfuil amúchadh caipitil ar chomhaontú creidmheasa nó ar an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin lena ngabhann fad seasta i gceist, ceart an tomhaltóra ráiteas cuntais i bhfoirm tábla amúchta a fháil, arna iarraidh sin agus saor in aisce, tráth ar bith i rith fhad an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(j)i gcás ina mbeidh muirir agus ús le híoc gan amúchadh caipitil, ráiteas ina léirítear na tréimhsí agus na coinníollacha le haghaidh íocaíocht an úis agus aon mhuirir athfhilltigh agus neamhathfhilltigh ghaolmhair;

(k)i gcás inarb infheidhme, na muirir i leith cuntas éigeantach amháin nó roinnt díobh a choinneáil ar bun ina ndéantar idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon a thaifeadadh, na muirir i leith modh íocaíochta a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, aon mhuirear eile a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa nó as an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na muirir sin a athrú;

(l)an ráta úis is infheidhme i gcás íocaíochtaí déanacha mar is infheidhme tráth thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus na socruithe maidir lena choigeartú, agus, i gcás inarb infheidhme, aon mhuirear is iníoctha i leith mainneachtana;

(m)rabhadh maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain nó íocaíochtaí déanacha;

(n)i gcás inarb infheidhme, ráiteas go mbeidh táillí nótaire iníoctha;

(o)i gcás inarb infheidhme, na hurraí agus an tárachas a cheanglaítear;

(p)cibé acu is ann nó nach ann do cheart chun tarraingt siar, an tréimhse ar féidir an ceart sin a fheidhmiú lena linn agus coinníollacha eile lena rialaítear feidhmiú an chirt sin, lena náirítear faisnéis maidir leis an oibleagáid atá ar an tomhaltóir a leagtar amach in Airteagal 26(3), pointe (b) an caipiteal a tarraingíodh anuas agus an tús a íoc, agus méid an úis is iníoctha in aghaidh an lae;

(q)faisnéis maidir leis na cearta a leagtar amach in Airteagal 27, chomh maith leis na coinníollacha maidir leis na cearta sin a fheidhmiú;

(r)an ceart chun aisíocaíocht luath a fháil a leagtar amach in Airteagal 29, an nós imeachta chun aisíocaíocht luath a fháil, chomh maith le, i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le ceart an chreidiúnaí chun cúiteamh a fháil agus an bealach a gcinnfear an cúiteamh sin;

(s)an nós imeachta atá le leanúint agus an ceart chun an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh nó an comhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar á bhfeidhmiú;

(t)an deis a bheith ann dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt don tomhaltóir agus na bealaí chun rochtain a fháil air;

(u)i gcás inarb infheidhme, téarmaí agus coinníollacha conarthacha eile;

(v)i gcás inarb infheidhme, ainm agus seoladh an údaráis maoirseachta inniúil.

Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír inléite go soiléir agus oiriúnaithe chun srianta teicniúla an mheáin ar a dtaispeántar í a chur san áireamh. Taispeánfar an fhaisnéis ar bhealach leordhóthanach oiriúnach ar na bealaí éagsúla.

2.I gcás ina mbeidh feidhm ag mír 1, pointe (i) déanfaidh an creidiúnaí agus i gcás inarb iomchuí, an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, saor in aisce agus tráth ar bith i rith ré an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar, ráiteas cuntais i bhfoirm tábla amúchta a chur ar fáil don tomhaltóir.

Léireofar sa tábla amúchta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na híocaíochtaí atá dlite agus na tréimhsí agus na coinníollacha a bhaineann le híocaíocht na méideanna sin.

Beidh miondealú sa tábla amúchta freisin ar gach aisíocaíocht agus sonrófar sa mhiondealú sin an t‑amúchadh caipitil, an t‑ús a ríomhfar ar bhonn an ráta iasachta agus, i gcás inarb infheidhme, aon chostas breise.

I gcás nach mbeidh an ráta iasachta seasta nó ina bhféadfar na costais bhreise a athrú faoin gcomhaontú creidmheasa nó faoin gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, léireofar sa tábla amúchta, go soiléir agus go gonta, nach leanfaidh na sonraí atá sa tábla de bheith bailí ach amháin go dtí go ndéanfar an ráta iasachta nó na costais sin a athrú i gcomhréir leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

3.I gcás comhaontú creidmheasa nó comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin arb amhlaidh nach neascraíonn amúchadh comhfhreagrach láithreach ar an méid iomlán creidmheasa as íocaíochtaí a dhéanann an tomhaltóir, ach a úsáidtear mar chaipiteal le linn tréimhsí agus faoi choinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa, sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nó i gcomhaontú coimhdeach, áireoidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an tidirghabhálaí creidmheasa nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1, ráiteas soiléir agus gonta nach ndéantar foráil sna comhaontuithe creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin sin maidir le ráthaíocht go naisíocfar an méid iomlán creidmheasa a tharraingítear anuas faoin gcomhaontú creidmheasa nó faoin gcomhaontú maidir le soláthar na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, mura rud é go dtugtar ráthaíocht den sórt sin go sainráite.

CAIBIDIL VI

MODHNÚITHE AN CHOMHAONTAITHE CREIDMHEASA AGUS ATHRUITHE AR AN RÁTA IASACHTA

Airteagal 22

Faisnéis maidir le modhnú an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar

Gan dochar d’oibleagáidí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí nó soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl don tomhaltóir sula ndéanfaidh siad téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa creidmheasa a mhodhnú, nó sula ndéanfar an comhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar:

(a)tuairisc shoiléir ar na hathruithe a bheartaítear agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ngá atá le toiliú an tomhaltóra nó ar na hathruithe a thugtar isteach le feidhmiú an dlí;

(b)an tamscála maidir le cur chun feidhme na nathruithe sin;

(c)an modh chun gearán a dhéanamh atá ar fáil don tomhaltóir maidir leis na modhnuithe sin;

(d)an tréimhse atá ar fáil chun aon ghearán den sórt sin a thaisceadh;

(e)ainm agus seoladh an údaráis inniúil a bhféadfar an gearán sin a chur faoina bhráid.

Airteagal 23

Athruithe sa ráta iasachta

1.Ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an tomhaltóir ar an eolas faoi aon athrú ar an ráta iasachta, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, sula dtagann an tathrú i bhfeidhm.

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír méid na n‑íocaíochtaí atá le déanamh tar éis theacht i bhfeidhm an ráta iasachta nua agus, i gcás ina dtagann athrú ar líon nó ar mhinicíocht na n‑íocaíochtaí, mionsonraí ina leith sin.

2.De mhaolú ar mhír 1, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin a thabhairt don tomhaltóir go tréimhsiúil i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)tá comhaontú déanta ag na páirtithe ar fhaisnéis thréimhsiúil den sórt sin sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(b)athrú i ráta tagartha is cúis leis an athrú sa ráta iasachta;

(c)cuirtear an ráta tagartha nua ar fáil go poiblí trí mhodhanna iomchuí;

(d)tá an fhaisnéis maidir leis an ráta tagartha nua le fáil freisin ag áitreabh an chreidiúnaí nó an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

CAIBIDIL VII

SAORÁIDÍ RÓTHARRAINGTE AGUS RÓTHARRAINGT INTUIGTHE

Airteagal 24

Saoráidí rótharraingte

1.I gcás ina mbeidh creidmheas deonaithe i bhfoirm saoráid rótharraingte, ceanglóidh na Ballstáit go gcoimeádfaidh an creidiúnaí, ar feadh fhad an chomhaontaithe creidmheasa, an tomhaltóir ar an eolas go tráthrialta trí ráitis chuntais, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:

(a)an tréimhse bheacht lena mbaineann an ráiteas cuntais;

(b)méideanna agus dátaí na dtarraingtí anuas;

(c)an tiarmhéid ón ráiteas roimhe sin, agus dáta an ráitis sin;

(d)an tiarmhéid nua;

(e)dátaí agus méideanna na níocaíochtaí atá déanta ag an tomhaltóir;

(f)an ráta iasachta a cuireadh i bhfeidhm;

(g)aon mhuirear a cuireadh i bhfeidhm;

(h)i gcás inarb infheidhme, an tíosmhéid atá le híoc ag an tomhaltóir.

2.I gcás ina mbeidh creidmheas deonaithe i bhfoirm saoráid rótharraingte, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, faoi mhéaduithe sa ráta iasachta nó in aon mhuirear is iníoctha, sula dtagann an tathrú i gceist i bhfeidhm.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear san fhomhír sin a thabhairt go tréimhsiúil ar an mbealach dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)tháinig na páirtithe ar chomhaontú maidir leis an bhfaisnéis thréimhsiúil sin sa chomhaontú creidmheasa;

(b)athrú i ráta tagartha is cúis leis an athrú sa ráta iasachta;

(c)cuirtear an ráta tagartha nua ar fáil go poiblí trí mhodhanna iomchuí;

(d)tá an fhaisnéis maidir leis an ráta tagartha nua le fáil ag áitreabh an chreidiúnaí freisin.

Airteagal 25

Rótharraingt intuigthe

1.I gcás comhaontú chun cuntas reatha a oscailt, i gcás ina bhfuil féidearthacht go gceadófaí rótharraingt intuigthe don tomhaltóir, ceanglóidh na Ballstáit go náireoidh an creidiúnaí an fhaisnéis sin sa chomhaontú sin, i dteannta na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (e). Déanfaidh an creidiúnaí in aon chás an fhaisnéis sin a sholáthar don tomhaltóir ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile ar bhonn tráthrialta.

2.I gcás rótharraingt intuigthe shuntasach is faide ná tréimhse míosa, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas gan mhoill, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, maidir leis na nithe uile seo a leanas:

(a)an rótharraingt intuigthe;

(b)an méid lena mbaineann;

(c)an ráta iasachta;

(d)aon phionós, muirear nó ús ar riaráistí is infheidhme.

Ina theannta sin, i gcás rótharraingt intuigthe thráthrialta, déanfaidh an creidiúnaí seirbhísí comhairleacha a thairiscint don tomhaltóir, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, nó tomhaltóirí a atreorú i dtreo fiach‑sheirbhísí comhairleacha.

3.Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’aon riail sa dlí náisiúnta lena gceanglaítear ar an gcreidiúnaí cineál eile táirge creidmheasa a thairiscint nuair atá fad na rótharraingte intuigthe suntasach.

CAIBIDIL VIII

RÓTHARRAINGT, FOIRCEANNADH AGUS AISÍOCAÍOCHT LUATH

Airteagal 26

An ceart chun tarraingt siar

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an tomhaltóir tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa nó as an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin gan aon chúis a thabhairt laistigh de thréimhse 14 lá féilire.

Tosóidh an tréimhse chun tarraingt siar dá dtagraítear sa chéad fhomhír ó cheachtar de na laethanta seo a leanas:

(a)an lá a thugtar an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar i gcrích; nó

(b)an lá a fhaigheann an tomhaltóir na téarmaí agus na coinníollacha conarthacha agus an fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21, más déanaí an lá sin ná an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo.

Measfar gur baineadh amach an sprioc‑am dá dtagraítear sa chéad fhomhír má sheolann an tomhaltóir an fógra dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), chuig an gcreidiúnaí nó chuig an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin sula dtéann an sprioc‑am sin in éag.

2.Más rud é, i gcás comhaontú creidmheasa nasctha, go ndéantar foráil cheana leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme an [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] nach féidir cistí a chur ar fáil don tomhaltóir sula dtéann tréimhse shonrach in éag, féadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar mhír 1, foráil a dhéanamh go bhféadfar an tréimhse dá dtagraítear sa mhír sin a laghdú go dtí an fad céanna leis an tréimhse shonrach sin arna iarraidh sin go sainráite ag an tomhaltóir.

3.Má fheidhmíonn an tomhaltóir a cheart nó a ceart chun tarraingt siar, déanfaidh sé nó sí na bearta seo a leanas:

(a)fógra a thabhairt don chreidiúnaí nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i gcomhréir leis an bhfaisnéis a thugann an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin de bhun Airteagal 21(1), pointe (p) ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile laistigh den spriocam a leagtar amach i mír 1;

(b)an caipiteal a íoc leis an gcreidiúnaí nó leis an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin chomh maith leis an ús a fabhraíodh air ón dáta a rinneadh an creidmheas a tharraingt anuas go dtí an dáta a aisíoctar an caipiteal, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis dó nó di an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) a sheoladh.

Déanfar an t‑ús dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a ríomh ar bhonn an ráta iasachta a comhaontaíodh. Ní bheidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i dteideal aon chúiteamh eile ón tomhaltóir i gcás tarraingt siar, seachas cúiteamh as aon mhuirear neamh‑in‑aisíoctha a d’íoc an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin le haon chomhlacht riaracháin poiblí.

4.Má sholáthraíonn an creidiúnaí, an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nó tríú páirtí seirbhís choimhdeach a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ar bhonn comhaontú idir an tríú páirtí sin agus an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ní bheidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh seirbhíse coimhdí a thuilleadh má fheidhmíonn an tomhaltóir an ceart chun tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa nó as an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i gcomhréir leis an Airteagal seo.

5.Má tá ceart chun tarraingt siar ag an tomhaltóir faoi mhíreanna 1, 3 agus 4 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagail 6 ná 7 de Threoir 2002/65/CE.

6.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag míreanna 1 go 4 den Airteagal sin maidir le comhaontuithe creidmheasa nó le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a cheanglaítear le dlí náisiúnta iad a thabhairt i gcrích trí sheirbhísí nótaire, ar choinníoll go ndeimhníonn an nótaire go ráthaítear na cearta dá bhforáiltear faoi Airteagail 10 agus 9, agus Airteagail 10 agus 21 a bheith ag an tomhaltóir.

7.Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’aon riail sa dlí náisiúnta lena mbunaítear tréimhse nach bhféadfar tús a chur le comhlíonadh an chonartha lena linn.

Airteagal 27

Comhaontuithe creidmheasa nasctha

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh tomhaltóir a d’fheidhmigh an ceart chun tarraingt siar bunaithe ar dhlí an Aontais, maidir le conradh chun earraí nó seirbhísí a sholáthar, faoi cheangal a thuilleadh ag comhaontú creidmheasa nasctha.

2.I gcás nach soláthraítear na hearraí ná seirbhísí a chumhdaítear le comhaontú creidmheasa nasctha, nó nach soláthraítear iad ach i bpáirt, nó nach bhfuil siad i gcomhréir leis an gconradh maidir lena soláthar sin, beidh an ceart ag an tomhaltóir leigheasanna a lorg in aghaidh an chreidiúnaí nó an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin má lorg an tomhaltóir leigheasanna in aghaidh an tsoláthróra ach nach bhfuair sé nó sí an sásamh a bhfuil sé nó sí ina theideal de réir an dlí nó an chonartha le haghaidh soláthar na nearraí nó na seirbhísí. Cinnfidh na Ballstáit a mhéid a bheidh na leigheasanna sin infheidhmithe agus na coinníollacha faoina mbeidh siad infheidhmithe.

3.Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’aon riail náisiúnta lena gcuirtear dliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach ar an gcreidiúnaí nó ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i leith aon éileamh a fhéadfaidh a bheith ag an tomhaltóir in aghaidh an tsoláthróra i gcás ina mbeidh ceannach na nearraí nó na seirbhísí ón soláthróir maoinithe le comhaontú creidmheasa nó le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

Airteagal 28

Comhaontuithe creidmheasa neamhiata nó comhaontuithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar

1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an tomhaltóir foirceannadh caighdeánach a dhéanamh ar chomhaontú creidmheasa neamhiata nó ar chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin neamhiata saor in aisce tráth ar bith, mura rud é go mbeidh tréimhse fógra comhaontaithe ag na páirtithe. Ní bheidh tréimhse den sórt sin níos faide ná aon mhí amháin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, i gcás ina gcomhaontófar amhlaidh sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, foirceannadh caighdeánach a dhéanamh ar chomhaontú creidmheasa neamhiata nó ar chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin neamhiata trí fhógra 2 mhí ar a laghad a thabhairt don tomhaltóir ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, i gcás ina gcomhaontófar amhlaidh sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ar chúiseanna a bhfuil údar oibiachtúil leo, foirceannadh a dhéanamh ar cheart an tomhaltóra tarraingt anuas ar chomhaontú creidmheasa neamhiata. Déanfaidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin bhfoirceannadh agus faoi na cúiseanna atá leis ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, i gcás inar féidir sula ndéanfar an foirceannadh agus ar a dhéanaí díreach ina dhiaidh sin, mura rud é go dtoirmeasctar le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an fhaisnéis sin a sholáthar nó más rud é go bhfuil an soláthar sin contrártha do chuspóirí an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.

Airteagal 29

Aisíocaíocht luath

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tomhaltóir i dteideal aisíocaíocht luath tráth ar bith. Sna cásanna sin, beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa, arb éard a bheidh ann an tús agus na costais le haghaidh an fhaid a bheidh fágtha den chonradh. Le linn an laghdú sin a ríomh, déanfar na costais uile a fhorchuireann an creidiúnaí ar an tomhaltóir a chur san áireamh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an creidiúnaí, i gcás aisíocaíocht luath, i dteideal cúiteamh, atá cóir agus a bhfuil údar oibiachtúil leis, a fháil as costais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann go díreach leis an aisíocaíocht luath, ar choinníoll go dtagann an aisíocaíocht luath laistigh de thréimhse a bhfuil an ráta iasachta socraithe ina leith.

Ní fhéadfaidh an cúiteamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith níos mó ná 1 % de mhéid an chreidmheasa faoi réir aisíocaíocht luath i gcás inar faide ná bliain amháin an tréimhse idir an aisíocaíocht luath agus an foirceannadh a comhaontaíodh ar an gcomhaontú creidmheasa. I gcás nach faide ná bliain amháin an tréimhse sin, ní bheidh an cúiteamh níos mó ná 0,5 % de mhéid an chreidmheasa faoi réir aisíocaíocht luath.

3.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh an creidiúnaí i dteideal an chúitimh dá dtagraítear i mír 2 i gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)rinneadh an aisíocaíocht faoi chonradh árachais a ceapadh chun ráthaíocht aisíocaíochta creidmheasa a sholáthar;

(b)deonaítear an creidmheas i bhfoirm saoráid rótharraingte;

(c)tagann an aisíocaíocht laistigh de thréimhse nach bhfuil an ráta iasachta socraithe ina leith.

4.De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)níl an creidiúnaí i dteideal an chúitimh dá dtagraítear i mír 2 ach amháin ar an gcoinníoll gur mó méid na haisíocaíochta luaithe ná an tairseach a leagtar amach sa dlí náisiúnta, rud nach sáróidh EUR 10 000 laistigh d’aon tréimhse 12 mhí;

(b)féadfaidh an creidiúnaí cúiteamh níos airde a éileamh go heisceachtúil más féidir leis an gcreidiúnaí a chruthú gur mó an caillteanas a fulaingíodh de dheasca aisíocaíocht luath ná an méid a cinneadh i gcomhréir le mír 2.

5.I gcás inar mó an cúiteamh a éilíonn an creidiúnaí ná an caillteanas a fulaingíodh go hiarbhír de dheasca na haisíocaíochta luaithe, beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhfhreagrach.

Chun críocha na chéad fhomhíre, is é a bheidh sa chaillteanas ná an difríocht idir an ráta úis a comhaontaíodh ar dtús agus an ráta úis ar ar féidir leis an gcreidiúnaí an méid atá faoi réir aisíocaíocht luath ar an margadh tráth na haisíocaíochta sin a thabhairt ar iasacht, agus cuirfear san áireamh ann tionchar na haisíocaíochta luaithe ar na costais riaracháin.

6.Ní bheidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 2 in aon chás níos mó ná an méid úis a bheadh íoctha ag an tomhaltóir le linn na tréimhse idir an aisíocaíocht luath agus an dáta a comhaontaíodh le haghaidh fhoirceannadh an chomhaontaithe creidmheasa.

CAIBIDIL IX

RÁTA CÉATADÁNACH BLIANTÚIL AN MHUIRIR AGUS UASTEORAINNEACHA AR RÁTAÍ AGUS AR CHOSTAIS

Airteagal 30

Ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh

1.Ríomhfar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir i gcomhréir leis an bhfoirmle mhatamaiticiúil a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn IV. Is ionann é, ar bhonn bliantúil, agus luach reatha na ngealltanas uile (tarraingtí anuas, aisíocaíochtaí agus muirir), a bheidh ann amach anseo nó atá ann cheana, atá comhaontaithe ag an gcreidiúnaí nó ag an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus an tomhaltóir.

2.Chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh, déanfar costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir a chinneadh, cé is moite d’aon mhuirear is iníoctha ag an tomhaltóir as neamhchomhlíonadh aon cheann dá ghealltanais nó dá gealltanais a leagtar síos sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus de mhuirir seachas an praghas ceannaigh a bhfuil sé d’oibleagáid air a íoc chun earraí nó seirbhísí a cheannach, cibé acu in airgead tirim nó ar creidmheas a dhéantar an tidirbheart.

Na costais a bhaineann le cuntas a choinneáil ar bun, ar cuntas é ina dtaifeadtar idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, na costais a bhaineann le modh íocaíochta a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon, agus costais eile a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta, áireofar iad i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir mura rud é go bhfuil oscailt an chuntais roghnach agus gur sainaithníodh costais an chuntais go soiléir agus ar leithligh sa chomhaontú creidmheasa, sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nó in aon chomhaontú eile a tugadh i gcrích leis an tomhaltóir.

3.Déanfar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh bunaithe ar an toimhde go leanfaidh an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin de bheith bailí ar feadh na tréimhse a comhaontaíodh agus go ndéanfaidh an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus an tomhaltóir a noibleagáidí a chomhlíonadh faoi na téarmaí agus faoi na dátaí a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

4.I gcás comhaontuithe creidmheasa nó comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ina bhfuil clásail lena gceadaítear athruithe sa ráta iasachta nó athruithe i muirir áirithe i ráta céatadánach bliantúil an mhuirir lena bhfágtar nach féidir iad a chainníochtú tráth an ríofa, déanfar ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh ar an toimhde go leanfaidh an ráta iasachta agus muirir eile de bheith seasta i ndáil leis an leibhéal tosaigh agus go leanfaidh siad de bheith infheidhme go dtí deireadh an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

5.I gcás inar gá, féadfar na toimhdí breise a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn IV a úsáid agus ráta céatadánach bliantúil an mhuirir á ríomh.

Mura mbeidh na toimhdí a leagtar amach san Airteagal seo agus i gCuid II d’Iarscríbhinn IV leordhóthanach chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh ar bhealach aonfhoirmeach nó mura ndéantar iad a oiriúnú a thuilleadh do na staideanna tráchtála ar an margadh, cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an tAirteagal seo agus Cuid II d’Iarscríbhinn IV a leasú chun na toimhdí breise is gá a chur isteach chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh nó chun na toimhdí atá ann cheana a mhodhnú.

Airteagal 31

Uasteorainneacha ar rátaí úis, ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir

1.Tabharfaidh na Ballstáit uasteorainneacha isteach ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)rátaí úis is infheidhme maidir le comhaontuithe creidmheasa nó le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(b)ráta céatadánach bliantúil an mhuirir;

(c)costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir.

2.Féadfaidh na Ballstáit uasteorainneacha breise a thabhairt isteach le haghaidh saoráidí creidmheasa imrothlacha.

CAIBIDIL X

SEOLADH OIBLEAGÁIDÍ GNÓ AGUS CEANGLAIS LE hAGHAIDH NA FOIRNE

Airteagal 32

Seoladh oibleagáidí gnó le linn creidmheas a sholáthar do thomhaltóirí

1.Ceanglóidh na Ballstáit go ngníomhóidh an creidiúnaí, an tidirghabhálaí creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar bhealach macánta, cóir, trédhearcach agus gairmiúil agus go gcuirfidh siad cearta agus leasanna na dtomhaltóirí san áireamh le linn aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)táirgí creidmheasa a mhonarú;

(b)creidmheas a dheonú, a idirghabháil nó deonú creidmheasa a éascú;

(c)seirbhísí comhairleacha a sholáthar maidir le creidmheas;

(d)seirbhísí coimhdeacha a sholáthar do thomhaltóirí;

(e)comhaontú creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a fhorghníomhú.

Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), bunaithe ar fhaisnéis maidir le himthosca an tomhaltóra agus aon cheanglas sonrach a chuireann tomhaltóir in iúl agus ar thoimhdí réasúnacha maidir le rioscaí do staid an tomhaltóra i rith fhad an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), bunaithe freisin ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 16, mír 3, pointe (a).

2.Maidir leis an mbealach a níocann creidiúnaithe luach saothair lena bhfoireann agus lena nidirghabhálaithe creidmheasa agus maidir leis an mbealach a níocann idirghabhálaithe creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a bhfoireann, áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear bac leo sin ar chomhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1.

3.Áiritheoidh na Ballstáit, le linn beartais luacha saothair a bhunú agus a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfoireann atá freagrach as measúnú acmhainneachta creidmheasa, go gcomhlíonfaidh creidiúnaithe na prionsabail seo a leanas ar bhealach agus a mhéid atá iomchuí maidir lena méid, lena neagrúchán inmheánach agus le cineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí:

(a)tá an beartas luacha saothair comhsheasmhach le bainistíocht riosca stuama agus éifeachtach agus cuirtear an bhainistíocht sin chun cinn leis agus ní spreagtar glacadh riosca leis a sháraíonn an leibhéal riosca a nglacann an creidiúnaí leis;

(b)tá an beartas luacha saothair i gcomhréir le straitéis gnó, cuspóirí, luachanna agus leasanna fadtéarmacha an chreidiúnaí, agus ionchorpraítear bearta ann chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, go háirithe trí fhoráil a dhéanamh nach bhfuil an luach saothair ag brath ar líon ná ar chion na niarratas ar chreidmheas a nglactar leo.

4.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina soláthraíonn creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, seirbhísí comhairleacha, nach ndéantar dochar le struchtúr luacha saothair na foirne lena mbaineann dá gcumas gníomhú chun leas an tomhaltóra agus go háirithe nach bhfuil sé ag brath ar spriocanna díolacháin. Chun an sprioc sin a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit coimisiúin a íocann an creidiúnaí leis an idirghabhálaí creidmheasa a thoirmeasc freisin.

5.Féadfaidh na Ballstáit srianta a thoirmeasc nó a fhorchur ar na híocaíochtaí ó thomhaltóir le creidiúnaí, le hidirghabhálaí creidmheasa nó le soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin roimh thabhairt i gcrích comhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

Airteagal 33

Ceanglais maidir le heolas agus inniúlacht le haghaidh na foirne

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglóidh creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ar a bhfoireann leibhéal iomchuí eolais agus inniúlachta a choimeád cothrom le dáta i ndáil le comhaontuithe creidmheasa nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a mhonarú, a thairiscint agus a dheonú, gníomhaíochtaí idirghabhála creidmheasa a dhéanamh, agus seirbhísí comhairleacha nó seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar. I gcás ina náireofar seirbhís choimhdeach i dtabhairt i gcrích comhaontaithe creidmheasa nó comhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, ceanglófar eolas agus inniúlacht iomchuí i ndáil leis an tseirbhís choimhdeach sin.

2.Bunóidh na Ballstáit íoscheanglais maidir le heolas agus inniúlacht le haghaidh foireann creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 1, agus go mbeidh cumhachtaí ag na húdaráis inniúla chun a cheangal ar chreidiúnaithe, ar idirghabhálaithe creidmheasa agus ar sholáthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an fhianaise a sholáthar, arb í an fhianaise í a mheasann an túdarás inniúil is gá chun an mhaoirseacht sin a chumasú.

CAIBIDIL XI

OIDEACHAS AIRGEADAIS AGUS TACAÍOCHT AIRGEADAIS DO THOMHALTÓIRÍ AG A bhFUIL DEACRACHTAÍ AIRGEADAIS

Airteagal 34

Oideachas airgeadais

1.Cuirfidh na Ballstáit bearta chun cinn lena dtacaítear le hoideachas a chur ar thomhaltóirí i ndáil le hiasacht a fháil agus fiacha a bhainistiú go freagrach, go háirithe i ndáil le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí. Soláthrófar faisnéis shoiléir agus ghinearálta maidir leis an bpróiseas deonaithe creidmheasa do thomhaltóirí chun iad a threorú, go háirithe iad sin a ghlacann creidmheas tomhaltóirí den chéad uair, agus go háirithe ar uirlisí digiteacha.

Scaipfidh na Ballstáit faisnéis freisin maidir leis an treoraíocht a fhéadfaidh eagraíochtaí tomhaltóirí agus údaráis náisiúnta a sholáthar do thomhaltóirí.

Ní chuirfidh an mhír seo cosc ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hoideachas airgeadais breise.

2.Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar an oideachas airgeadais atá ar fáil do thomhaltóirí sna Ballstáit a fhoilsiú agus a mheasúnú agus sainaithneoidh sé samplaí deachleachtas a d’fhéadfaí a fhorbairt a thuilleadh chun feasacht airgeadais tomhaltóirí a mhéadú.

Airteagal 35

Riaráistí agus bearta staonta

1.Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe beartais agus nósanna imeachta iomchuí a bheith acu chun go ndéanfaidh siad iarrachtaí chun, i gcás inarb iomchuí, staonadh réasúnach a fheidhmiú sula dtionscnaítear imeachtaí forfheidhmithe. Cuirfear san áireamh le bearta staonta den sórt sin, i measc eilimintí eile, imthosca an tomhaltóra agus féadfaidh, i measc féidearthachtaí eile, na nithe seo a leanas a bheith i gceist leo:

(a)athmhaoiniú iomlán nó páirteach ar chomhaontú creidmheasa;

(b)modhnú ar na téarmaí agus ar na coinníollacha atá ann cheana do chomhaontú creidmheasa, agus féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh leis sin i measc nithe eile:

(i) síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;

(ii) cineál an chomhaontaithe creidmheasa a athrú;

(iii) íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad nó cuid di a iarchur ar feadh tréimhse;

(iv) an ráta úis a athrú;

(v) saoire íocaíochta a thairiscint;

(vi) aisíocaíochtaí páirteacha;

(vii) comhshó airgeadra;

(viii) maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.

2.Tá liosta na mbeart féideartha i mír 1, pointe (b), gan dochar do rialacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus ní cheanglaítear leo ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na bearta uile sin sa dlí náisiúnta.

3.Féadfaidh na Ballstáit a cheangal, i gcás ina gceadaítear don chreidiúnaí muirir a shainmhíniú agus a fhorchur ar an tomhaltóir a eascraíonn as mainneachtain, nach mbeidh na muirir sin níos mó ná mar is gá chun an creidiúnaí a chúiteamh as na costais a thabhaigh sé de dheasca na mainneachtana.

4.Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chreidiúnaithe muirir bhreise a fhorchur ar an tomhaltóir i gcás mainneachtana. Sa chás sin tabharfaidh na Ballstáit uasteorainn ar na muirir sin isteach.

5.Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar na páirtithe i gcomhaontú creidmheasa a chomhaontú go sainráite gur leor, chun an creidmheas a aisíoc, earraí a chumhdaítear le comhaontú creidmheasa nasctha nó fáltais ó dhíol na nearraí sin a chur ar ais nó a aistriú chuig an gcreidiúnaí.

Airteagal 36

Fiach‑sheirbhísí comhairleacha

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear fiach‑sheirbhísí comhairleacha ar fáil do thomhaltóirí.

CAIBIDIL XII

CREIDIÚNAITHE AGUS IDIRGHABHÁLAITHE CREIDMHEASA

Airteagal 37

Ligean isteach, clárú agus maoirseacht ar institiúidí neamhchreidmheasa

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin nach institiúidí creidmheasa iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi réir próiseas ligin isteach leordhóthanach agus faoi réir socruithe clárúcháin agus maoirseachta arna mbunú ag údarás inniúil neamhspleách.

Airteagal 38

Oibleagáidí sonracha d’idirghabhálaithe creidmheasa

Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh idirghabhálaithe creidmheasa an méid seo a leanas:

(a)méid a gcumhachtaí a léiriú, i bhfógraíocht agus i ndoiciméadacht a bheartaítear do thomhaltóirí, agus cibé acu a oibríonn nó nach noibríonn siad go heisiach le creidiúnaí amháin nó níos mó nó mar idirghabhálaí neamhspleách;

(b)aon táille is iníoctha ag an tomhaltóir leis an idirghabhálaí creidmheasa do sheirbhísí a sholáthrófar a nochtadh don tomhaltóir;

(c)teacht ar chomhaontú leis an tomhaltóir maidir le haon táille dá dtagraítear i bpointe (b) ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile sula dtugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích;

(d)aon táille dá dtagraítear i bpointe (b) a chur in iúl don chreidiúnaí, chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh.

CAIBIDIL XIII

CEARTA A SHANNADH AGUS RÉITEACH DÍOSPÓIDE

Airteagal 39

Cearta a shannadh

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tomhaltóir, i gcás ina ndéanfar cearta an chreidiúnaí a shannadh do thríú páirtí faoi chomhaontú creidmheasa nó faoi chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, nó faoin gcomhaontú féin, i dteideal aon chosaint a bhí ar fáil dó in aghaidh an chreidiúnaí bunaidh a phléadáil in aghaidh an tsannaí, lena náirítear fritháireamh i gcás ina gceadaítear an chosaint sin sa Bhallstát lena mbaineann.

2.Ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí bunaidh nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin bunaidh an tomhaltóir ar an eolas faoin sannadh dá dtagraítear i mír 1, seachas i gcás ina leanfaidh an creidiúnaí bunaidh, trí chomhaontú leis an sannaí, den chreidmheas maidir leis an tomhaltóir a sheirbheáil.

Airteagal 40

Réiteach díospóide lasmuigh den chúirt

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí ar nósanna imeachta réitithe díospóide lasmuigh den chúirt a bheidh leordhóthanach agus éifeachtach chun díospóidí idir tomhaltóirí agus creidiúnaithe, idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a réiteach i ndáil le cearta agus oibleagáidí a bhunaítear faoin Treoir seo, agus úsáid á baint as comhlachtaí atá ann cheana féin i gcás inarb iomchuí. Beidh na nósanna imeachta sin um réiteach malartach díospóidí lasmuigh den chúirt, agus na heintitis a thairgeann iad, ag teacht leis na ceanglais cháilíochta a leagtar síos le Treoir 2013/11/AE.

2.Spreagfaidh na Ballstáit na heintitis a dhéanann an réiteach díospóide dá dtagraítear i mír 1 le dul i gcomhar le chéile chun díospóidí trasteorann a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa nó le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a réiteach.

CAIBIDIL XIV

ÚDARÁIS INNIÚLA

Airteagal 41

Údaráis inniúla

1.Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis náisiúnta inniúla dá gcumhachtaítear chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na Treorach seo a áirithiú (‘údaráis inniúla’) agus áiritheoidh siad go ndeonófar cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin dóibh chomh maith leis na hacmhainní leordhóthanacha is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go héifeachtach.

Beidh na húdaráis ina n‑údaráis phoiblí nó ina gcomhlachtaí a aithnítear leis an dlí náisiúnta nó a aithníonn údaráis phoiblí dá gcumhachtaítear go sainráite chun na críche sin leis an dlí náisiúnta. Ní bheidh siad ina gcreidiúnaithe, ina n‑idirghabhálaithe creidmheasa ná ina soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

2.Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na húdaráis inniúla, na daoine uile a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla, chomh maith le hiniúchóirí agus saineolaithe a fhaigheann treoracha ó na húdaráis inniúla, go mbeidh siad faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní fhéadfar aon fhaisnéis rúnda a fhéadfaidh siad a fháil i gcúrsa a ndualgas a nochtadh d’aon duine ná d’aon údarás ar bith, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán, ach amháin nuair is amhlaidh go gceanglaítear malartú nó tarchur na faisnéise sin go sainráite le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

3.Áiritheoidh na Ballstáit gurb amhlaidh gur ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon a bheidh sna údaráis inniúla:

(a)údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 ;

(a)údaráis seachas na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (a) ar choinníoll go gceanglaítear le dlíthe náisiúnta, le rialacháin náisiúnta nó le forálacha riaracháin ar na húdaráis sin dul i gcomhar leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (a) aon uair is gá chun a ndualgais a dhéanamh faoin Treoir seo.

4.Maidir leis na húdaráis a ainmnítear mar údaráis inniúla chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na Treorach seo a áirithiú, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na húdaráis sin na critéir a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394.

5.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainmniú na núdarás inniúil agus faoi aon athrú air sin, agus, i gcás ina bhfuil níos mó ná aon údarás inniúil amháin ar a gcríoch, aon roinnt ar na dualgais faoi seach idir na húdaráis inniúla sin á léiriú. Déanfar an chéad fhógra den sórt sin a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí 2 bhliain ón dáta a thagann an Treoir i bhfeidhm.

6.Feidhmeoidh na húdaráis inniúla a gcumhachtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)go díreach faoina núdarás féin nó faoi mhaoirseacht na núdarás breithiúnach; nó

(b)trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, trí achomharc, mura mbeidh rath ar an iarratas chun an cinneadh is gá a dheonú.

7.I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin ar a gcríoch, áiritheoidh na Ballstáit go saineofar a ndualgais faoi seach go soiléir agus go rachaidh na húdaráis sin i ndlúthchomhar lena chéile ionas gur féidir leo a ndualgais faoi seach a urscaoileadh go héifeachtach.

8.Foilseoidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é go leanúnach ar a shuíomh gréasáin.

CAIBIDIL XV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 42

Leibhéal an chomhchuibhithe

1.Mura bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo, a mhéid atá forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit forálacha nach bhfuil i gcomhréir leo sin a leagtar síos sa Treoir seo a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta.

2.I gcás ina mbainfidh Ballstát úsáid as aon cheann de na roghanna rialála dá bhforáiltear in Airteagail 2(5) agus 2(6), Airteagal 8(1), Airteagal 8(2)(c), Airteagal 20(2), Airteagal 26(2) agus Airteagal 29(4), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin mar aon le haon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin. Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí freisin chun an fhaisnéis sin a scaipeadh i measc creidiúnaithe náisiúnta, idirghabhálaithe creidmheasa, soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus tomhaltóirí.

Airteagal 43

Cineál dianriachtanach na Treorach seo

1.Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh tomhaltóirí na cearta a thugtar dóibh leis na bearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a tharscaoileadh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach féidir teacht timpeall ar na forálacha a ghlactar chun an Treoir seo a thrasuí mar thoradh ar an mbealach a ndéantar comhaontuithe a fhoirmliú.

3.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach gcaillfidh tomhaltóirí an chosaint a dheonaítear leis an Treoir seo de bhua dlí tríú tír a roghnú mar an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa nó le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, i gcás ina bhfuil dlúthnasc ag an gcomhaontú creidmheasa nó ag na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin le críoch Ballstáit amháin nó níos mó.

Airteagal 44

Pionóis

1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta a ghlactar de bhun na Treorach seo a leagan síos agus déanfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin faoin [OP: cuir isteach dáta – sé mhí ón spriocdháta trasuí] agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, ina mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an chreidiúnaí, an idirghabhálaí creidmheasa nó soláthraí na seirbhísí sluachistiúcháin creidmheasa sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.

3.Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhféadfaidh an túdarás inniúil aon phionós riaracháin a nochtadh don phobal, ar pionós é a fhorchuirtear maidir le sárú ar na bearta a ghlactar de bhun na Treorach seo, mura rud é go ndéanfaí dochar mór do na margaí airgeadais leis an nochtadh sin nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

Airteagal 45

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 30(5) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ón xx xx xxxx. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 30(5) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 30(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 46

Athbhreithniú agus faireachán

1.Gach 5 bliana agus den chéad uair 5 bliana ó dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo, tabharfaidh an Coimisiún faoi mheastóireacht uirthi. San áireamh leis an meastóireacht beidh measúnú ar na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 2 (2), pointe c, agus i gCuid II d’Iarscríbhinn IV, agus ar na céatadáin a úsáidtear chun an cúiteamh is iníoctha i gcás aisíocaíocht luath a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 29, agus measúnú á dhéanamh orthu i bhfianaise treochtaí eacnamaíocha san Aontas agus staid an mhargaidh lena mbaineann.   

2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán freisin ar an éifeacht atá ag na roghanna rialála dá dtagraítear in Airteagal 42 ar an margadh inmheánach agus ar thomhaltóirí.

3.Tuairisceoidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta agus an mheasúnaithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.

Airteagal 47

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

Déantar Treoir 2008/48/CE a aisghairm an [OP: cuir isteach an dáta – sé mhí tar éis an spriocdháta trasuí]. Mar sin féin, maidir leis an gcaidreamh, faoi raon feidhme na Treorach seo, idir tomhaltóirí agus creidiúnaithe nó idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a cháilíonn mar mhicrifhiontair, mar fhiontair bheaga agus mar fhiontair mheánmhéide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 , leanfaidh Treoir 2008/48/CE d’fheidhm a bheith aici go dtí [OP: cuir isteach an dáta – 18 mí tar éis an spriocdháta trasuí].

Leanfaidh Treoir 2008/48/CE d’fheidhm a bheith aici freisin maidir le comhaontuithe creidmheasa arb ann dóibh an [OP: cuir isteach an dáta - sé mhí ón spriocdháta trasuí] go dtí [a bhfoirceannadh].

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(1), an dara habairt, Airteagal 25(2) agus Airteagail 28 agus 39 den Treoir seo maidir le gach comhaontú creidmheasa neamhiata atá ann an [OP: cuir isteach an dáta – sé mhí tar éis an spriocdháta trasuí].

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Airteagal 48

Trasuí

1.Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [OP: cuir isteach an dáta - 24 mhí ón dáta a ghlacfar an Treoir] ar a dhéanaí, na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach. Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón [OP: cuir isteach an dáta – sé mhí ón spriocdháta trasuí].

Mar sin féin, maidir leis an gcaidreamh, faoi raon feidhme na Treorach seo, idir tomhaltóirí agus creidiúnaithe nó idirghabhálaithe creidmheasa nó soláthraithe seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a cháilíonn mar mhicrifhiontair, mar fhiontair bheaga agus mar fhiontair mheánmhéide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE, cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón [OP: cuir isteach an dáta – 18 mí ón spriocdháta trasuí].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 49

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 50

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Le Treoir 2011/90/AE, Treoir 2014/17/AE, Rialachán (AE) 2016/1011 agus Rialachán (AE) 2019/1243.
(2)    Foilsíodh torthaí na Meastóireachta in 2020. Meastóireacht doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ar Threoir 2008/48/CE maidir le comhaontú creidmheasa do thomhaltóirí, an Bhruiséil, 5.11.2020, SWD(2020) 254 final.
(3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Clár Oibre Coigeartaithe an Choimisiúin 2020, I dtreo Aontas a fhéachann le níos mó a bhaint amach COM(2020)440 final.
(4)    COM(2021) 206 final.
(5)    COM/2018/0135 críochnaitheach.
(6)    Luaitear in Airteagal 169 CFAE gur féidir na cuspóirí a bhaint amach maidir le leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú trí bhearta a ghlactar de bhun Airteagal 114 CFAE.
(7)    Liostaítear in Airteagal 3 CFAE réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas.
(8)    Airteagal 288 CFAE.
(9)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Threoir 2008/48/CE maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí, 14.5.2014, COM(2014) 259 final.
(10)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Threoir 2008/48/CE maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí, 5.11.2020, COM(2020) 963 final.
(11)    Foilsíodh torthaí na Meastóireachta in 2020. Meastóireacht doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ar Threoir 2008/48/CE maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí, 5.11.2020, SWD(2020) 254 final.
(12)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/1844-Evaluation‑of-the-Consumer-Credit‑Directive/public-consultation_en       https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12465-Consumer-Credit‑Agreement‑review-of-EU-rules/public-consultation_en  
(13)    I dteannta na suirbhéanna agus na n‑agallamh leis na húdaráis náisiúnta, forbraíodh trí cheistneoir dírithe ar chomhlachtaí um Réiteach Malartach Díospóidí (ADR) agus ar chomhaltaí na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC) agus ar ionaid na Lárionad Cosanta Tomhaltóirí (CPC).
(14)    INT/884-EESC-2019-01055-00-00-ri-tra.
(15)     Mini-sweep on consumer credit , 2021.
(16)    ICF, Staidéar ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag athbhreithniú ar CCD, 2021 (le foilsiú in éineacht leis an togra).
(17)    ICF, Evaluation of Directive 2008/48/EC on credit agreements for consumers , 2020.
(18)    LE Europe, VVA Europe, Ipsos NV, ConPolicy and Time.lex, Behavioural study on the digitalisation of the marketing and distance selling of retail financial services , 2019.
(19)    CIVIC Consulting, Study on measuring consumer detriment in the European Union , 2017.
(20)    CIVIC Consulting, The over-indebtedness of European households: mapáil cothrom le dáta ar an staid, cineál agus cúiseanna, éifeachtaí agus tionscnaimh chun a thionchar a mhaolú , 2013.
(21)    COM(2017) 0139 final.
(22)    Mapáil na gcineálacha cur chuige náisiúnta maidir le measúnú ar acmhainneacht creidmheasa faoi Threoir 2008/48/CE maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí: https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/mapping_national_approaches_creditworthiness_assessment.pdf  
(23)

   

(24)    Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
(25)    Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE agus 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).
(26)    Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin le haghaidh gnó agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).
(27)    Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34);
(28)    Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
(29)    Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
(30)    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
(31)    COM/2021/206 críochnaitheach.
(32)    Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(33)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(34)

   Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 11 Meán Fómhair 2019, Lexitor, C-383/18, ECLI:EU:C:2019:702.

(35)    Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).
(36)    Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
(37)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1
(38)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(39)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(40)    
(41)    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(42)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(43)    Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
(44)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. ).
(45)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

An Bhruiséil,30.6.2021

COM(2021) 347 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le creidmheasanna tomhaltóirí









{SEC(2021) 281 final} - {SWD(2021) 170 final} - {SWD(2021) 171 final}


IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS CHAIGHDEÁNACH EORPACH UM CHREIDMHEAS TOMHALTÓRA

1.   Céannacht agus mionsonraí teagmhála an chreidiúnaí, an idirghabhálaí creidmheasa nó sholáthraí na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin

I gcás inarb infheidhme

Creidiúnaí

[Céannacht]

Seoladh

Uimhir theileafóin 

Seoladh ríomhphoist 

Uimhir facs  (*)

Seoladh gréasáin  (*)

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

I gcás inarb infheidhme

 

Idirghabhálaí creidmheasa

[Céannacht]

Seoladh

Uimhir theileafóin 

Seoladh ríomhphoist

Uimhir facs  (*)

Seoladh gréasáin  (*)

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

I gcás inarb infheidhme

Soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin

[Céannacht]

Seoladh

Uimhir theileafóin 

Seoladh ríomhphoist

Uimhir facs  (*)

Seoladh gréasáin 

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

(*)   Tá an fhaisnéis sin roghnach.

Aon uair a léirítear ‘i gcás inarb infheidhme’, ní mór don chreidiúnaí nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an bosca a líonadh isteach má tá an fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcreidmheas, nó an fhaisnéis nó an ró iomlán a scriosadh mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcineál creidmheasa lena mbaineann.

Tugtar mínithe don chreidiúnaí nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin leis na léirithe atá idir lúibíní cearnacha agus ní mór an fhaisnéis chomhfhreagrach a chur ina n‑ionad.

2.   Tuairisc ar phríomhghnéithe an táirge creidmheasa

An cineál creidmheasa

 

An méid iomlán creidmheasa

Ciallaíonn sé sin an uasteorainn nó na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

 

Na coinníollacha lena rialaítear an tarraingt anuas

Ciallaíonn sé sin conas agus cathain a gheobhaidh tú an t‑airgead.

 

Fad an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin

 

Tráthchodanna agus, i gcás inarb iomchuí, an t‑ord ina leithdháilfear na tráthchodanna

Beidh ort an méid seo a leanas a íoc:

[Méid, líon agus minicíocht na n‑íocaíochtaí atá le déanamh ag an tomhaltóir]

Beidh ús agus/nó muirir iníoctha ar an mbealach seo a leanas:

An méid iomlán a bheidh le híoc agat

Ciallaíonn sé sin an méid caipitil a fuarthas ar iasacht móide ús agus costais a d’fhéadfadh a bheith ag baint le do chreidmheas.

[Suim an mhéid iomlán creidmheasa agus chostas iomlán an chreidmheasa]

I gcás inarb infheidhme

Déantar an creidmheas a dheonú i bhfoirm íocaíocht iarchurtha le haghaidh earra nó seirbhíse nó a nascadh le soláthar earraí sonracha nó soláthar seirbhíse

Ainm an earra/na seirbhíse

Praghas ar airgead tirim

 

I gcás inarb infheidhme

Urraí a cheanglaítear

Is tuairisc é sin ar an urrús atá le soláthar agat i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa.

 

[Cineál na n‑urraí]

 

I gcás inarb infheidhme

Ní thagann amúchadh láithreach ar an gcaipiteal as aisíocaíochtaí.

 

I gcás inarb infheidhme

Bhí an praghas pearsantaithe ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe.

3.    Costais an chreidmheasa

An ráta iasachta nó, i gcás inarb infheidhme, rátaí iasachta éagsúla a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin

[ %

— seasta nó,

— athraitheach (leis an innéacs nó leis an ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta iasachta tosaigh),

— tréimhsí]

Ráta céatadánach bliantúil an mhuirir (APR)

Is é sin an costas iomlán a shloinntear mar chéatadán bliantúil den mhéid iomlán creidmheasa.

Is ann do APR chun cuidiú leat tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile.

[ % Ní mór sampla ionadaíoch a leagan amach anseo, ar sampla é lena luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh]

An bhfuil sé éigeantach, chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus ar na coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith, ceann díobh seo a fháil:

— polasaí árachais lena n‑urraítear an creidmheas, nó

— conradh seirbhíse coimhdí eile?

Murab eol don chreidiúnaí, don idirghabhálaí creidmheasa ná don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin costais na seirbhísí sin, ní áirítear in APR iad.

 

Tá/níl [má tá, sonraigh an cineál árachais]

Tá/níl [má tá, sonraigh an cineál seirbhíse coimhdí]

 

Tá/níl [má tá, sonraigh an cineál árachais]

Tá/níl [má tá, sonraigh an cineál seirbhíse coimhdí]

 

Costais ghaolmhara

I gcás inarb infheidhme

Ceanglaítear cuntas amháin nó níos mó a choinneáil ar bun chun idirbhearta íocaíochta agus tarraingtí anuas araon a thaifeadadh

 

I gcás inarb infheidhme

Méid na gcostas as modh íocaíochta sonrach (e.g. cárta creidmheasa) a úsáid

 

I gcás inarb infheidhme

Aon chostas eile a eascraíonn as an gcomhaontú creidmheasa nó as an gcomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar

 

I gcás inarb infheidhme

Coinníollacha faoinar féidir na costais thuasluaite a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a athrú

 

I gcás inarb infheidhme

Oibleagáid táillí nótaire a íoc

 

Costais íocaíochtaí déanacha

D’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ann duit mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain (e.g. díol éigeantach) agus go mbeadh sé níos deacra duit creidmheas a fháil sa todhchaí.

Déanfar [… (an ráta úis is infheidhme agus socruithe maidir lena choigeartú agus, i gcás inarb infheidhme, muirir mhainneachtana)] a ghearradh ort as íocaíochtaí déanacha.

4.   Gnéithe dlí tábhachtacha eile

An ceart chun tarraingt siar

Tá an ceart agat tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa nó as an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin laistigh de thréimhse 14 lá féilire.

 

Aisíocaíocht luath

Tá an ceart agat an creidmheas a aisíoc go luath tráth ar bith go hiomlán nó go páirteach.

 

I gcás inarb infheidhme

Tá an creidiúnaí i dteideal cúitimh i gcás aisíocaíocht luath

 

[Cinneadh an chúitimh (modh ríofa) i gcomhréir leis na forálacha lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 29 de Threoir …]

Bunachar sonraí a cheadú

Ní mór don chreidiúnaí, don idirghabhálaí creidmheasa nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin tú a chur ar an eolas láithreach agus gan mhuirear maidir leis an toradh ar bhunachar sonraí a cheadú, má dhiúltaítear d’iarratas creidmheasa ar bhonn ceadú den sórt sin. Níl feidhm ag an méid sin má thoirmeasctar le dlí an Aontais an fhaisnéis sin a sholáthar nó má tá an soláthar sin contrártha do chuspóirí an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.

 

Ceart chun dréacht‑chomhaontú creidmheasa nó dréacht— chomhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar 

Tá an ceart agat, arna iarraidh sin, cóip den dréacht‑chomhaontú creidmheasa nó den dréacht‑chomhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a fháil saor in aisce. Níl feidhm ag an bhforáil sin mura bhfuil an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, tráth d’iarrata, toilteanach dul ar aghaidh chun an comhaontú creidmheasa nó an comhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a thabhairt i gcrích leat.

 

I gcás inarb infheidhme

An tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach

 

Tá an fhaisnéis sin bailí ón … go dtí an …

Maidir le sásamh

Tá an ceart agat sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt a rochtain

[An sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh an tomhaltóra agus na bealaí chun é a rochtain]

I gcás inarb infheidhme

5.   Faisnéis bhreise i gcás cianmhargú seirbhísí airgeadais

(a)  Maidir leis an gcreidiúnaí nó leis an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin

 

I gcás inarb infheidhme

Ionadaí an chreidiúnaí nó an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin i do Bhallstát cónaithe

Seoladh

Uimhir theileafóin Seoladh ríomhphoist  

Uimhir facs  (*)

Seoladh gréasáin  (*)

 

[Céannacht]

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

 

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

 

I gcás inarb infheidhme

Clárú

 

[An clár trádála ina bhfuil an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin taifeadta agus a uimhir chláraithe nó modh sainaitheantais coibhéiseach sa chlár sin]

I gcás inarb infheidhme

An t‑údarás maoirseachta

 

(b)  Maidir leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin 

 

I gcás inarb infheidhme

An ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú

 

[Treoracha praiticiúla maidir leis an gceart chun tarraingt siar a fheidhmiú lena léireofar, inter alia, an tréimhse chun an ceart a fheidhmiú, an seoladh ar cheart fógra maidir le feidhmiú an chirt chun tarraingt siar a sheoladh chuige agus na hiarmhairtí a bhainfeadh le neamhfheidhmiú an chirt chun tarraingt siar]

I gcás inarb infheidhme

An dlí a ghlacann an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin mar bhonn chun caidreamh a bhunú leat roimh thabhairt i gcrích an chonartha creidmheasa

 

I gcás inarb infheidhme

Clásal lena sonraítear an dlí rialála is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus/nó leis an gcúirt inniúil

 

[An clásal ábhartha le leagan amach anseo]

I gcás inarb infheidhme

Córas teanga

 

Soláthrófar faisnéis agus téarmaí conarthacha i [teanga shonrach]. Le do thoiliú, tá sé beartaithe againn cumarsáid a dhéanamh i [teanga shonrach/teangacha sonracha] ar feadh fhad an chomhaontaithe creidmheasa nó na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

(c)  Maidir le sásamh

 

Sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt a rochtain

[An sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh an tomhaltóra is páirtí sa chianchonradh agus na bealaí chun é a rochtain]

(*)   Tá an fhaisnéis sin roghnach le haghaidh an chreidiúnaí nó le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.



IARSCRÍBHINN II

FORBHREATHNÚ CAIGHDEÁNACH EORPACH UM CHREIDMHEAS TOMHALTÓRA

An méid iomlán creidmheasa

Ciallaíonn sé sin an uasteorainn nó na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

 

Fad an chomhaontaithe creidmheasa nó na  seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin

 

An ráta iasachta nó, i gcás inarb infheidhme, rátaí iasachta éagsúla a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis na seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin

[ %

— seasta nó,

— athraitheach (leis an innéacs nó leis an ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta iasachta tosaigh),

— tréimhsí]

Ráta céatadánach bliantúil an mhuirir (APR)

Is é sin an costas iomlán a shloinntear mar chéatadán bliantúil den mhéid iomlán creidmheasa.

Is ann do APR chun cuidiú leat tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile.

[ % Ní mór sampla ionadaíoch a leagan amach anseo, ar sampla é lena luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh]

I gcás inarb infheidhme

Déantar an creidmheas a dheonú i bhfoirm íocaíocht iarchurtha le haghaidh earra nó seirbhíse nó a nascadh le soláthar earraí sonracha nó soláthar seirbhíse

Ainm an earra/na seirbhíse

Praghas ar airgead tirim

 

Costais íocaíochtaí déanacha

D’fhéadfadh sé go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ann duit mar gheall ar íocaíochtaí a mhainneachtain (e.g. díol éigeantach) agus go mbeadh sé níos deacra duit creidmheas a fháil sa todhchaí.

Déanfar [… (an ráta úis is infheidhme agus socruithe maidir lena choigeartú agus, i gcás inarb infheidhme, muirir mhainneachtana)] a ghearradh ort as íocaíochtaí déanacha.

Aon uair a léirítear ‘i gcás inarb infheidhme’, ní mór don chreidiúnaí nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin an bosca a líonadh isteach má tá an fhaisnéis ábhartha maidir leis an táirge creidmheasa, nó an fhaisnéis nó an ró iomlán a scriosadh mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcineál creidmheasa lena mbaineann.

Tugtar mínithe don chreidiúnaí nó don soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin leis na léirithe atá idir lúibíní cearnacha agus ní mór an fhaisnéis chomhfhreagrach a chur ina n‑ionad.

Ba cheart an Forbhreathnú Caighdeánach Eorpach um Chreidmheasa Tomhaltóra a thaispeáint ar leathanach amháin ar bharr na foirme le haghaidh na Faisnéise Caighdeánaí Eorpaí um Chreidmheas Tomhaltóra, ba cheart é a bheith inléite go soiléir agus oiriúnaithe chun na srianta teicniúla de chuid meáin áirithe ar a dtaispeánfar é a chur san áireamh.



IARSCRÍBHINN III

FAISNÉIS EORPACH UM CHREIDMHEAS TOMHALTÓRA

Creidmheas tomhaltóirí a thairgeann eagraíochtaí creidmheasa áirithe (Airteagal 2(5) de Threoir…)

Comhshó fiachais

1.   Céannacht agus sonraí teagmhála an chreidiúnaí nó an idirghabhálaí creidmheasa

Creidiúnaí

[Céannacht]

Seoladh

Uimhir theileafóin 

Seoladh ríomhphoist 

Uimhir facs  (*)

Seoladh gréasáin  (*)

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

I gcás inarb infheidhme

 

Idirghabhálaí creidmheasa

[Céannacht]

Seoladh

Uimhir theileafóin 

Seoladh ríomhphoist 

Uimhir facs  (*)

Seoladh gréasáin  (*)

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

(*)   Tá an fhaisnéis sin roghnach.

Aon uair a léirítear ‘i gcás inarb infheidhme’, ní mór don chreidiúnaí an bosca a líonadh isteach má tá an fhaisnéis ábhartha maidir leis an táirge creidmheasa, nó an fhaisnéis nó an ró iomlán a scriosadh mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcineál creidmheasa lena mbaineann.

Tugtar mínithe don chreidiúnaí leis na léirithe atá idir lúibíní cearnacha agus ní mór an fhaisnéis chomhfhreagrach a chur ina n‑ionad.

2.   Tuairisc ar phríomhghnéithe an táirge creidmheasa

An cineál creidmheasa

 

An méid iomlán creidmheasa

Ciallaíonn sé sin an uasteorainn nó na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an gcomhaontú creidmheasa.

 

Fad an chomhaontaithe creidmheasa

 

I gcás inarb infheidhme

Is féidir go n‑iarrfar ort méid iomlán an chreidmheasa a aisíoc tráth ar bith.

 

I gcás inarb infheidhme

Bhí an praghas pearsantaithe ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe.

3.   Costais an chreidmheasa

An ráta iasachta nó, i gcás inarb infheidhme, rátaí iasachta éagsúla ag a bhfuil feidhm maidir leis an gcomhaontú creidmheasa

[ %

— seasta nó,

— athraitheach (leis an innéacs nó an ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta iasachta tosaigh)],

I gcás inarb infheidhme

Ráta céatadánach bliantúil an mhuirir (APR) 

Is é sin costas iomlán an chreidmheasa a shloinntear mar chéatadán bliantúil den mhéid iomlán creidmheasa. Is ann do APR chun cuidiú leat tairiscintí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile.

 

[ % Ní mór sampla ionadaíoch a leagan amach anseo, ar sampla é lena luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun ráta céatadánach bliantúil an mhuirir a ríomh]

I gcás inarb infheidhme

Costais

I gcás inarb infheidhme

Na coinníollacha faoina bhféadfar na costais sin a athrú

 

[Na costais is infheidhme ón tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích]

Costais íocaíochtaí déanacha

Déanfar […… (an ráta úis is infheidhme agus socruithe maidir lena choigeartú agus, i gcás inarb infheidhme, muirir mhainneachtana)] a ghearradh ort as íocaíochtaí déanacha.

4.   Gnéithe dlí tábhachtacha eile

An comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh

[Na coinníollacha agus an nós imeachta chun an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh]

Bunachar sonraí a cheadú

Ní mór don chreidiúnaí tú a chur ar an eolas láithreach agus gan mhuirear maidir leis an toradh ar bhunachar sonraí a cheadú, má dhiúltaítear d’iarratas creidmheasa ar bhonn ceadú den sórt sin. Níl feidhm ag an méid sin má thoirmeasctar le dlí an Aontais an fhaisnéis sin a sholáthar nó má tá an soláthar sin contrártha do chuspóirí an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí.

 

I gcás inarb infheidhme

 

An tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach

Tá an fhaisnéis sin bailí ón … go dtí an …

I gcás inarb infheidhme

5.   Faisnéis bhreise

Tráthchodanna agus, i gcás inarb iomchuí, an t‑ord ina leithdháilfear na tráthchodanna

Beidh ort an méid seo a leanas a íoc:

[Sampla ionadaíoch de thábla tráthchodanna lena n‑áirítear méid, líon agus minicíocht na n‑íocaíochtaí a bheidh le déanamh ag an tomhaltóir]

An méid iomlán a bheidh le híoc agat

 

Aisíocaíocht luath

Tá an ceart agat an creidmheas a aisíoc go luath tráth ar bith go hiomlán nó go páirteach.

I gcás inarb infheidhme

Tá an creidiúnaí i dteideal cúitimh i gcás aisíocaíocht luath

 

[Cinneadh an chúitimh (modh ríofa) i gcomhréir leis na forálacha lena gcuirtear Airteagal 16 de Threoir 2008/48/CE chun feidhme]

Maidir le sásamh

Tá an ceart agat sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt a rochtain

[An sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh an tomhaltóra agus na bealaí chun é a rochtain]

I gcás inarb infheidhme

6.   Faisnéis bhreise atá le tabhairt i gcás cianmhargú seirbhísí airgeadais

(a)  Maidir leis an gcreidiúnaí

 

I gcás inarb infheidhme

Ionadaí an chreidiúnaí i do Bhallstát cónaithe

Seoladh

Uimhir theileafóin 

Seoladh ríomhphoist 

Uimhir facs  (*)

Seoladh gréasáin  (*)

 

[Céannacht]

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

[Seoladh geografach atá le húsáid ag an tomhaltóir]

I gcás inarb infheidhme

Clárú

 

[An clár trádála ina bhfuil an creidiúnaí taifeadta agus a uimhir chláraithe nó modh sainaitheantais coibhéiseach sa chlár sin]

I gcás inarb infheidhme

An t‑údarás maoirseachta

 

(b)  Maidir leis an gcomhaontú creidmheasa

 

An ceart chun tarraingt siar

Tá an ceart chun tarraingt siar as an gcomhaontú creidmheasa agat laistigh de thréimhse 14 lá féilire.

I gcás inarb infheidhme

An ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú

 [Treoracha praiticiúla maidir leis an gceart chun tarraingt siar a fheidhmiú lena léireofar, inter alia, an seoladh ar cheart fógra maidir le feidhmiú an chirt chun tarraingt siar a sheoladh chuige agus na hiarmhairtí a bhainfeadh le neamhfheidhmiú an chirt chun tarraingt siar]

I gcás inarb infheidhme

An dlí a ghlacann an creidiúnaí mar bhonn chun caidreamh a bhunú leat roimh thabhairt i gcrích an chonartha creidmheasa

 

I gcás inarb infheidhme

Clásal lena sonraítear an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa agus/nó an chúirt inniúil

 

[An clásal ábhartha le leagan amach anseo]

I gcás inarb infheidhme

Córas teanga

 

Soláthrófar faisnéis agus téarmaí conarthacha i [teanga shonrach]. Le do thoiliú, tá sé beartaithe againn cumarsáid a dhéanamh i [teanga shonrach/teangacha sonracha] ar feadh fhad an chomhaontaithe creidmheasa.

(c)  Maidir le sásamh

Sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt a rochtain

 

[An sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh an tomhaltóra is páirtí sa chianchonradh agus na bealaí chun é a rochtain]

(*)   Tá an fhaisnéis sin roghnach le haghaidh an chreidiúnaí.



IARSCRÍBHINN IV

I.   An bhunchothromóid lena léirítear coibhéis na dtarraingtí anuas ar thaobh amháin agus aisíocaíochtaí agus muirir ar an taobh eile.

Is é atá sa bhunchothromóid, lena suitear ráta céatadánach bliantúil an mhuirir (APR), ar bhonn bliantúil, luach reatha iomlán na dtarraingtí anuas ar thaobh amháin agus luach reatha iomlán na n‑aisíocaíochtaí agus íocaíochtaí na muirear ar an taobh eile, i.e.:

i gcás inarb amhlaidh:

— X

APR,

— m

uimhir na tarraingthe anuas deireanaí,

— k

uimhir tarraingthe anuas, mar sin 1 ≤ k ≤ m,

— Ck

méid na tarraingthe anuas k,

— tk

an t‑eatramh, a shloinntear i mblianta agus i gcodáin de bhliain, idir dáta na chéad tarraingthe anuas agus dáta gach tarraingthe anuas ina dhiaidh sin, mar sin t1 = 0,

— m’

uimhir na haisíocaíochta deireanaí muirear nó na híocaíochta deireanaí muirear,

— l

uimhir aisíocaíochta muirear nó íocaíochta muirear,

— Dl

méid aisíocaíochta muirear nó íocaíochta muirear,

— sl

an t‑eatramh, a shloinntear i mblianta agus i gcodáin de bhliain, idir dáta na chéad tarraingthe anuas agus dáta gach aisíocaíochta muirear nó íocaíochta muirear.

Nótaí

(a)Ní gá gur méideanna comhionanna a bheidh sna méideanna a íocann an dá pháirtí ag tráthanna éagsúla agus ní gá gur ag eatraimh chomhionanna a íoctar iad.

(b)Is é dáta na chéad tarraingthe anuas a bheidh sa dáta tosaigh.

(c)Déanfar na heatraimh idir na dátaí a úsáidtear sna ríomhanna a shloinneadh i mblianta nó i gcodáin de bhliain. Glactar leis go bhfuil 365 lá (nó 366 lá i gcás blianta bisigh), 52 sheachtain nó 12 mhí chomhionanna in aon bhliain amháin. Glactar leis go bhfuil 30,41666 lá (i.e. 365/12) i mí, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil bliain bhisigh ann.

I gcás nach féidir eatraimh idir dátaí a úsáidtear sna ríomhanna a shloinneadh mar líon iomlán seachtainí, míonna ná blianta, sloinnfear na heatraimh mar líon iomlán de cheann de na tréimhsí sin i gcomhar le líon laethanta. Le linn úsáid a bhaint as laethanta:

(a) áireofar gach lá, lena n‑áirítear deirí seachtaine agus saoirí;

(ii) déanfar tréimhsí comhionanna agus ansin laethanta a áireamh siar go dtí dáta na tarraingthe siar tosaigh;

(iii) gheofar fad na tréimhse laethanta seachas an chéad lá agus lena n‑áirítear an lá deireanach agus sloinnfear é i mblianta tríd an tréimhse sin a roinnt leis an líon laethanta (365 nó 366) den bhliain iomlán a áirítear siar ón lá deireanach go dtí an lá céanna den bhliain roimhe sin.

(d)Déanfar toradh an ríomha a shloinneadh agus cruinneas ionaid dheachúlaigh amháin ar a laghad ann. Más 5 nó comhionann leis sin an figiúr ag an ionad deachúlach ina dhiaidh sin, cuirfear 1 leis an bhfigiúr ag an ionad deachúlach áirithe sin.

(e)Is féidir an chothromóid a athscríobh agus úsáid á baint as aon suim aonair agus coincheap na sreafaí (Ak), a bheidh deimhneach nó diúltach, is é sin le rá íoctha nó faighte le linn tréimhsí 1 go n, sloinnte i mblianta, i.e.

,

i gcás inarb é S comhardú reatha na sreafaí. Más é an aidhm atá ann an choibhéis sreafaí a choinneáil ar bun, beidh an luach nialasach.

II.   Is iad seo a leanas na toimhdí breise chun APR a ríomh.

(a)I gcás lena dtabharfar saoirse tarraingthe anuas don tomhaltóir le comhaontú creidmheasa nó le comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin, measfar an méid iomlán creidmheasa a bheith tarraingthe anuas láithreach agus go hiomlán.

(b)Má dhéantar saoirse tarraingthe anuas a thabhairt go ginearálta don tomhaltóir le comhaontú creidmheasa nó le comhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ach má fhorchuirtear leis, i measc na mbealaí éagsúla tarraingthe anuas, teorainn maidir leis an méid creidmheasa agus leis an tréimhse, measfar an méid creidmheasa a bheith tarraingthe anuas an dáta is luaithe a shocraítear sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus i gcomhréir leis na teorainneacha tarraingthe anuas sin.

(c)Má dhéantar foráil i gcomhaontú creidmheasa nó i gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin maidir le bealaí éagsúla tarraingthe anuas lena ngabhann muirir éagsúla nó rátaí iasachta éagsúla, measfar an méid iomlán creidmheasa a bheith tarraingthe anuas ar an muirear is airde agus ar an ráta iasachta is airde a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an sásra tarraingthe anuas is comónta le haghaidh an chineáil sin comhaontaithe creidmheasa nó comhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

(d)I gcás saoráid rótharraingte, measfar an méid iomlán creidmheasa a bheith tarraingthe anuas go hiomlán agus ar feadh fhad iomlán an chomhaontaithe creidmheasa. Murab eol fad na saoráide rótharraingthe, déanfar APR a ríomh ar an toimhde gurb é fad an chreidmheasa 3 mhí.

(e)I gcás comhaontú creidmheasa neamhiata nó comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin neamhiata, seachas saoráid rótharraingte, glacfar leis:

(i) go soláthraítear an creidmheas ar feadh tréimhse 1 bhliana dar tús dáta na tarraingthe anuas tosaigh, agus go nglanann an íocaíocht chríochnaitheach a dhéanann an tomhaltóir iarmhéid an chaipitil, an úis agus muirear eile, más ann;

(ii) go n‑aisíocann an tomhaltóir an caipiteal in íocaíochtaí míosúla comhionanna, dar tús 1 mhí tar éis dháta na tarraingthe anuas tosaigh. I gcásanna, áfach, nach mór an caipiteal a aisíoc go hiomlán in íocaíocht aonair amháin agus ar an mbealach sin amháin, laistigh de gach tréimhse íocaíochta, glacfar leis gur thar thréimhse 1 bhliana a tharlaíonn tarraingtí anuas agus aisíocaíochtaí comhleanúnacha ar an gcaipiteal ina iomláine a dhéanann an tomhaltóir. Déanfar ús agus muirir eile a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na tarraingtí anuas sin agus na haisíocaíochtaí sin ar chaipiteal agus mar a leagtar amach sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

Chun críocha an phointe sin, is é is comhaontú creidmheasa neamhiata nó comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin neamhiata ann comhaontú creidmheasa nó comhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin gan fad seasta agus lena n‑áirítear creidmheasanna nach mór a aisíoc go hiomlán laistigh de thréimhse nó ina diaidh ach, nuair a aisíoctar iad, tagann siad chun bheith ar fáil arís lena dtarraingt anuas.

(f)I gcás comhaontuithe creidmheasa nó comhaontuithe chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar seachas rótharraingtí agus comhaontuithe creidmheasa neamhiata nó comhaontú chun seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a sholáthar dá dtagraítear sna toimhdí a leagtar amach i bpointe (d) agus i bpointe (e):

(i) i gcás nach féidir an dáta aisíocaíochta caipitil ná an méid aisíocaíochta caipitil atá le déanamh ag an tomhaltóir a fháil amach, glacfar leis go ndéantar an aisíocaíocht an dáta is luaithe dá bhforáiltear sa chomhaontú creidmheasa nó sa chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus le haghaidh an mhéid is ísle dá bhforáiltear leis an gcomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(ii) i gcás inar féidir an t‑eatramh idir dáta na tarraingthe anuas tosaigh agus dáta na chéad íocaíochta atá le déanamh ag an tomhaltóir a fháil amach, glacfar leis gurb é an t‑eatramh is gairide é.

(g)I gcás nach féidir an dáta íocaíochta ná an méid íocaíochta atá le déanamh ag an tomhaltóir a fháil amach ar bhonn an chomhaontaithe creidmheasa ná an chomhaontaithe maidir le seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin ná na dtoimhdí a leagtar amach i bpointí (d), (e) ná (f), glacfar leis go ndéantar an íocaíocht i gcomhréir leis na dátaí agus leis na coinníollacha a cheanglaíonn an creidiúnaí nó an soláthraí seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin agus, nuair nach eol na dátaí agus na coinníollacha sin:

(i) íoctar muirir úis mar aon leis na haisíocaíochtaí caipitil;

(ii) déantar muirear neamhúsmhar a shloinntear mar shuim aonair a íoctar ar dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin;

(iii) déantar muirir neamhúsmhara a shloinntear mar roinnt íocaíochtaí a íoctar ag eatraimh thráthrialta, dar tús dáta na chéad aisíocaíochta caipitil, agus murab eol méid na n‑íocaíochtaí sin, glactar leis gur méideanna comhionanna iad;

(iv) glanann an íocaíocht chríochnaitheach iarmhéid an chaipitil, an úis agus muirear eile, más ann.

(h)I gcás nach ndearnadh an uasteorainn is infheidhme maidir leis an gcreidmheas a chomhaontú go fóill, glacfar leis gur EUR 1 500 atá inti.

(i)Má thairgtear rátaí iasachta éagsúla agus muirir éagsúla le haghaidh tréimhse theoranta nó méid teoranta, measfar go mbeidh an ráta iasachta agus na muirir ar an ráta is airde ar feadh fhad iomlán an chomhaontaithe creidmheasa nó an chomhaontaithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin.

(j)Le haghaidh comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí nó comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí creidmheasa sluachistiúcháin a gcomhaontaítear ráta iasachta seasta ina leith le haghaidh na tréimhse tosaigh, ar tréimhse í, a ndéantar ar theacht chun críche di, ráta iasachta nua a chinneadh agus a choigeartú go tréimhsiúil ina dhiaidh sin de réir táscaire comhaontaithe, déanfar APR a ríomh bunaithe ar an toimhde gurb ionann an ráta iasachta, ag deireadh thréimhse an ráta iasachta sheasta, agus an ráta iasachta a bhí ann tráth a ríomhadh APR, bunaithe ar luach an táscaire a comhaontaíodh an tráth sin.


(k)

IARSCRÍBHINN V

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2008/48/CE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1), an chéad fhomhír

Airteagal 2(1), an dara fomhír

Airteagal 2(2), pointí (a), (b), (c)

Airteagal 2(2), pointí (a), (b), (c)

Airteagal 2(2), pointí (d), (e), (f)

Airteagal 2(2), pointí (g), (h), (i), (j), (k), (l)

Airteagal 2(2), pointí (d), (e), (f), (g), (h), (i)

Airteagal 2(2a)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(4), 2(5), 2(6)

Airteagal 2(4), 2(5), 2(6)

Airteagal 3, pointí (a), (b), (c)

Airteagal 3, pointí 1, 2, 3

Airteagal 3, pointí 4, 5

Airteagal 3, pointí (d), (e), (f)

Airteagal 3, pointí 13, 20, 21

Airteagal 3, pointí (g), (h), (i), (j), (k), (l), (m)

Airteagal 3, pointí 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12

Airteagal 3, pointe (n)

Airteagal 3, pointe 22

Airteagal 3, pointí 14, 15, 16, 17, 18, 19, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 4

Airteagal 8

---

Airteagal 9

Airteagal 5(1), an chéad fhomhír

Airteagal 10(1), an chéad fhomhír

Airteagal 10 (1), an dara fomhír

Airteagal 5(1), an dara fomhír, pointí (a), (b), (c), (d), (e), (f)

Airteagal 10 (3), an chéad fhomhír, pointí a, b, c, d, e, f

Airteagal 5(1), an dara fomhír, pointe (g), an chéad abairt agus an tríú habairt

Airteagal 10 (3), an chéad fhomhír, pointí g agus h

Airteagal 5(1), an dara fomhír, pointe (g), an dara habairt

Airteagal 10 (3), an dara fomhír

Airteagal 5(1), an dara fomhír, pointí (h), (i), (j), (k), (l), (m), (n), (o), (p), (q), (r), (s)

Airteagal 10(3), an chéad fhomhír, pointí (i), (j), (k), (l), (m), (n), (o), (p), (q), (r), (s), (u)

Airteagal 10 (3), an chéad fhomhír, pointí (t), (v)

Airteagal 5(1), an tríú fomhír

Airteagal 10 (3), an tríú fomhír

Airteagal 5(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 10 (5), an dara fomhír

Airteagal 5(2)

Airteagal 10 (6)

Airteagal 5(3)

Airteagal 10 (7)

Airteagal 5(4)

Airteagal 10 (8)

Airteagal 5(5)

Airteagal 10 (9)

Airteagal 5(6)

(cuid d’Airteagal 12)

Airteagal 6

-

-

Airteagal 11

Airteagal 7

Airteagal 10 (10)

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 8

Airteagal 18

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 9

Airteagal 19

Airteagal 10(1)

Airteagal 20

Airteagal 10(2), 10(3) agus 10(4)

Airteagal 21

Airteagal 10(5)

-

-

Airteagal 22

Airteagal 11

Airteagal 23

Airteagal 12

Airteagal 24

Airteagal 13

Airteagal 28

Airteagal 14

Airteagal 26

Airteagal 15

Airteagal 27

Airteagal 16

Airteagal 29

Airteagal 17

Airteagal 39

Airteagal 18

Airteagal 25

Airteagal 19

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 20

Airteagal 37

Airteagal 21

Airteagal 38

Airteagal 41

Airteagal 22

Airteagal 42, 43

Airteagal 23

Airteagal 44

Airteagal 24

Airteagal 40

Airteagal 24a

Airteagal 45

Airteagal 26

Airteagal 42(2)

Airteagal 27(1)

Airteagal 48

Airteagal 27(2)

Airteagal 46

Airteagal 28

Airteagal 4

Airteagal 29

Airteagal 47

Airteagal 30

Airteagal 47

Airteagal 31

Airteagal 49

Airteagal 32

Airteagal 50

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

-

Iarscríbhinn II

-

Iarscríbhinn V