An Bhruiséil,11.6.2021

COM(2021) 307 final

2021/0142(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiúin maidir le bailiú, le taisceadh agus le glacadh dramhaíl a tháirgtear le linn loingseoireachta ar an Réin agus ar uiscebhealaí intíre eile (CDNI) a mhéid a bhaineann le glacadh an rúin arb é is aidhm dó an cosc ar sceitheadh fuíolluisce tí a leathnú chun soithí uiscebhealaí intíre a iompraíonn idir 12 agus 50 paisinéir a chumhdach


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiúin maidir le bailiú, le taisceadh agus le glacadh dramhaíl a tháirgtear le linn loingseoireachta ar an Réin agus ar uiscebhealaí intíre eile (CDNI) a mhéid a bhaineann le glacadh an rúin arb é is aidhm dó an cosc ar sceitheadh fuíolluisce tí a leathnú chun soithí uiscebhealaí intíre a iompraíonn níos mó ná 12 phaisinéir agus soithí cábáin paisinéirí ag a bhfuil níos mó ná 12 leaba codlata a chumhdach.

2.Comhthéacs an togra

2.1.CDNI

An Coinbhinsiúin maidir le bailiú, le taisceadh agus le glacadh dramhaíl a tháirgtear le linn loingseoireachta ar an Réin agus ar uiscebhealaí intíre eile (CDNI), arna shíniú an 9 Meán Fómhair 1996 in Strasbourg, sainítear ann an creat dlíthiúil maidir le bailiú, le taisceadh agus le glacadh dramhaíl a ghintear le linn loingseoireachta ar an Réin agus ar uiscebhealaí eile. Tar éis do na stáit shínithe uile é a dhaingniú, tháinig an CDNI i bhfeidhm an 1 Samhain 2009. Tá cúig Bhallstát de chuid an Aontais (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Lucsamburg agus an Ísiltír) agus an Eilvéis ina bpáirtithe sa CDNI.

Is í Comhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa CDNI an comhlacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha CDNI a bhfuil inniúlachtaí rialála aige maidir le hábhair loingseoireachta intíre i dtaca le dramhaíl ar an Réin agus ar uiscebhealaí intíre eile, agus is éard atá inti ionadaithe ó Pháirtithe Conarthacha an CDNI. Bíonn cruinniú ag an gComhdháil gach bliain. Glacann sí rúin CDNI. Tá vóta amháin ag gach Páirtí Conarthach, agus is d’aon toil a dhéantar na cinntí. Tá na rúin sin ceangailteach ó thaobh dlí de ar na Páirtithe Conarthacha i gcomhréir le hAirteagail 14 agus 19 den CDNI. Níl an tAontas ina bhall den CDNI.

2.2.An gníomh atá beartaithe ag an CDNI

Ag an gcruinniú a bheidh ag Comhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa CDNI an 22 Meitheamh 2021 tá sí chun rún a ghlacadh arb é is aidhm dó an cosc ar sceitheadh fuíolluisce tí a leathnú chun soithí uiscebhealaí intíre a bhfuil níos mó ná 12 agus níos lú ná 50 paisinéir á n‑iompar acu agus soithí cábáin paisinéirí ag a bhfuil níos mó ná 12 agus níos lú ná 50 leaba codlata a chumhdach laistigh de raon feidhme CDNI 1 .

Tagraíonn sé do gach soitheach uiscebhealaí intíre a bhfuil níos mó ná 12 agus níos lú ná 50 paisinéir á n‑iompar acu agus do gach soitheach cábáin paisinéirí ag a bhfuil níos mó ná 12 agus níos lú ná 50 leaba codlata, ar cuireadh i mbun seirbhíse iad tar éis an 30.12.2008. Baineann an tsaincheist sin le ceanglais chomhshaoil agus theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre.

I gcomhréir le hAirteagal 9.01(3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le CDNI, déantar sceitheadh dramhaíola tí a thoirmisc maidir leis an méid seo a leanas:

(1)Soithí cúrsála ag a bhfuil níos mó ná 50 leaba codlata agus

(2)Soithí paisinéirí atá ceadaithe níos mó ná 50 paisinéir a iompar.

Leis an dréacht den rún leathnaítear an toirmeasc sin chun soithí uiscebhealaí intíre a bhfuil idir 12 agus 50 paisinéir á n‑iompar acu agus soithí cábáin paisinéirí a bhfuil níos mó ná 12 agus níos lú ná 50 leaba codlata a chumhdach. Tá toirmeasc ar sceitheadh dramhaíola nasctha leis an oibleagáid atá ar Pháirtithe Conarthacha sa CDNI chun stáisiún fála a shuiteáil le haghaidh fuíolluisce tí ar uiscebhealaí laistigh dá gcríocha.

Le forálacha an dréachtrúin méadófar an chomhsheasmhacht leis na ceanglais theicniúla a leagtar síos le dlí an Aontais.

leis an CDNI déantar oibriú soithí a rialáil a mhéid a bhaineann le sceitheadh fuíolluisce mar chuid de chaomhnú an chomhshaoil. Rialaítear na ceanglais theicniúla le haghaidh soithí loingseoireachta intíre le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n‐aisghairtear Treoir 2006/87/CE 2 . Bunaítear le Treoir (AE) 2016/1629 forálacha an Aontais maidir leis na ceanglais theicniúla is gá chun sábháilteacht árthaí i mbun loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre a áirithiú agus déanamh chabhail an tsoithigh a chur san áireamh. In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin tagraítear do na caighdeáin theicniúla le haghaidh soithí loingseoireachta intíre (ES-TRIN) a bhunaítear leis an gCoiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta Intíre (CESNI). Tá tagairt den ES-TRIN 2019/1 is déanaí in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629.

Faoi Airteagal 19.14 den ES-TRIN 2019/1, beidh soithí paisinéirí a feistithe le humair bhailiúcháin le haghaidh fuíolluisce tí i gcomhréir le (2) den Airteagal seo nó feistithe le hionaid chóireála séarachais ar bord iomchuí i gcomhréir le Caibidil 18 de ES-TRIN 2019/1. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir le gach soitheach paisinéirí a iompraíonn níos mó ná 12 phaisinéir, ach ag féachaint do na forálacha idirthréimhseacha seo a leanas:

1.I gcás soithí cábáin ag a bhfuil uasmhéid 50 leaba agus i gcás soithí turais lae ag a bhfuil uasmhéid 50 paisinéir: Níl feidhm ag an gceanglas maidir le humar nó ionad cóireála séarachais maidir le soithí a bhí i mbun seirbhíse cheana féin roimh an 1.1.2006.

2.I gcás soithí cábáin ag a bhfuil níos mó ná 50 leaba: Tá feidhm ag an gceanglas maidir le humar nó ionad cóireála séarachais cheana féin.

3.I gcás soithí a bhí ann roimh an 30.12.2008 agus nár oibríodh ach lasmuigh den Réin, féadfar glacadh le maoluithe faoi Airteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/1629.

Leis an dréachtrún CDNI, ní thugtar aghaidh ach ar shoithí a cuireadh i mbun seirbhíse tar éis an 30.12.2008 (ar an Réin nó lasmuigh di) agus mar sin tá sé comhoiriúnach le caighdeán 2019/1 ES-TRIN lena gceanglaítear cheana féin trealamh umair bailithe fuíolluisce tí nó gléasra cuí cóireála camrais ar bord do na soithí sin.

Cuirtear san áireamh i bhforálacha an CDNI cosaint an chomhshaoil (toirmeasc ar sceitheadh fuíolluisce tí in uiscebhealaí) agus soláthraíonn ES-TRIN ceanglais theicniúla maidir le tógáil soithigh agus maidir le suiteáil iomchuí agus trealamh iomchuí lenar féidir fuíolluisce a bhailiú.

Le CDNI agus ES-TRIN araon cuireadh dátaí infheidhmeachta na bhforálacha sin ar bun. Ós rud é go gcomhlánaíonn a chéile iad na forálacha sin, is gá ailíniú na ndátaí sin a áirithiú chun neamhréireacht a sheachaint sna rialacháin atá ábhartha do shoithí uiscebhealaí intíre atá i mbun loingseoireachta ar an Réin.

Tá dréachtrún CDNI ailínithe leis na ceanglais dá bhforáiltear faoi Threoir 2016/1629 agus, dá bhrí sin, chuirfeadh sé leis an gcomhsheasmhacht leis na ceanglais a leagtar síos le dlí an Aontais.

Thairis sin, le hAirteagal 9.01, mír 4, de dhréachtrún CDNI, thabharfaí díolúine ón toirmeasc comhfhreagrach ar an sceitheadh faoi rún CDNI do na soithí sin atá díolmhaithe ón gceanglas trealamh umar bailithe fuíolluisce tí a shuiteáil nó trealamh ionad cóireála séarachais ar bord iomchuí faoi Threoir (AE) 2016/1629.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Is é an seasamh atá beartaithe ag an Aontas comhaontú le glacadh an rúin arb é is aidhm dó an cosc ar sceitheadh fuíolluisce tí a leathnú chun soithí uiscebhealaí intíre a iompraíonn idir 12 agus 50 paisinéir a chumhdach.

Ní thagann reachtaíocht an Aontais sa réimse seo salach ar a chéile. Ina theannta sin, tacaítear go mór leis sin le tionscnaimh agus cuspóirí cosanta comhshaoil.

leis an CDNI déantar oibriú soithí a rialáil a mhéid a bhaineann le sceitheadh fuíolluisce mar chuid de chaomhnú an chomhshaoil. Le Treoir (AE) 2016/1629 bunaítear forálacha an Aontais maidir leis na ceanglais theicniúla is gá chun sábháilteacht árthaí i mbun loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre a áirithiú agus déanamh chabhail an tsoithigh a chur san áireamh, lena n‑áirítear saincheisteanna a bhaineann le trealamh soithigh maidir le humair bailithe fuíolluisce tí nó ionaid cóireála séarachais ar bord iomchuí.

Is é an seasamh atá beartaithe ag an Aontas comhaontú le glacadh an rúin atá i gceist ós rud é go méadaítear leis an chomhsheasmhacht leis na ceanglais a leagtar síos le dlí an Aontais.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’.

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina bhall den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú, nó nach bhfuil 3 .

Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 4 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa CDNI a bhunaítear le comhaontú idirnáisiúnta. Is é atá sa ghníomh a iarrtar ar Chomhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa CDNI a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. D'fhéadfadh an gníomh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar ábhar reachtaíocht an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/1629. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil tionchar ag an ngníomh atá beartaithe ar an reachtaíocht a bhaineann le ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre ós rud é go ndéantar foráil leis maidir leis na ceanglais a bhaineann leis an toirmeasc ar sceitheadh fuíolluisce agus le trealamh iomchuí a shuiteáil ar shoithí uiscebhealaí intíre, agus go ndéantar na ceanglais theicniúla do na soithí sin (lena n-áirítear forálacha maidir le bailiú fuíolluisce) a rialáil le Treoir (AE) 2016/1629.

Dá bhrí sin, is gá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa CDNI a bhunú maidir le rún a ghlacadh lena ndírítear ar an gcosc ar sceitheadh fuíolluisce tí a leathnú chun soithí uiscebhealaí intíre a iompraíonn idir 12 agus 50 paisinéir a chumhdach.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar na ngníomhartha atá beartaithe le comhbheartas iompair.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 91(1) CFAE bunús substainteach dlí an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 91(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina mbunús dlí don chinneadh atá beartaithe.

2021/0142 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiúin maidir le bailiú, le taisceadh agus le glacadh dramhaíl a tháirgtear le linn loingseoireachta ar an Réin agus ar uiscebhealaí intíre eile (CDNI) a mhéid a bhaineann le glacadh an rúin arb é is aidhm dó an cosc ar sceitheadh fuíolluisce tí a leathnú chun soithí uiscebhealaí intíre a iompraíonn idir 12 agus 50 paisinéir a chumhdach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Coinbhinsiún maidir le bailiú, le taisceadh agus le glacadh dramhaíl a tháirgtear le linn loingseoireachta ar an Réin agus ar uiscebhealaí intíre eile (CDNI) an 9 Meán Fómhair 1996, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 2009.

(2)De bhun Airteagal 19 den Choinbhinsiún, féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe Conarthacha an Coinbhinsiún agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis a leasú.

(3)Le gníomhaíocht ón Aontas in earnáil na loingseoireachta intíre, ba cheart é a bheith d’aidhm aonfhoirmeacht a áirithiú i gceanglais theicniúla a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, a mhéid a bhaineann le soithí uiscebhealaí intíre san Aontas.

(4)Le linn an chruinnithe a bheidh ag Comhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa CDNI an 22 Meitheamh 2021 tá sí chun rún a ghlacadh arb é is aidhm dó an cosc ar sceitheadh fuíolluisce tí a leathnú chun soithí uiscebhealaí intíre a iompraíonn níos mó ná 12 phaisinéir agus soithí cábáin paisinéirí ag a bhfuil níos mó ná 12 leaba codlata a chumhdach. Faoi fhorálacha an rúin beifear faoi oibleagáid an trealamh iomchuí a shuiteáil ar bord soithí a thagann faoi raon feidhme an rúin seo.

(5)Sa chaighdeán teicniúil le haghaidh soithí loingseoireachta intíre (ES-TRIN 2019/1) a ghlac an Coiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (‘CESNI’) an 8 Samhain 2018, leagtar síos ceanglais theicniúla aonfhoirmeacha atá riachtanach chun sábháilteacht soithí uiscebhealaí intíre a áirithiú. Cuimsítear ann forálacha speisialta maidir le catagóirí sonracha soithí amhail soithí paisinéirí, forálacha maidir le trealamh agus suiteálacha soithí, lena náirítear saoráidí bailithe fuíolluisce agus saoráidí diúscartha fuíolluisce chomh maith le treoracha le haghaidh chur i bhfeidhm an chaighdeáin theicniúil.

(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa CDNI a bhunú, ós rud é go mbeidh forálacha an rúin in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(7)Le dréachtrún an CDNI, ba cheart an chomhsheasmhacht leis na ceanglais a leagtar síos le dlí an Aontais a mhéadú, go príomha i réimse na ndátaí infheidhmeachta maidir leis an trealamh iomchuí a shuiteáil chun fuíolluisce a bhailiú ar shoithí uiscebhealaí intíre. Ina theannta sin, le dréachtrún an CDNI, tacaítear go mór le tionscnaimh agus cuspóirí cosanta comhshaoil.

(8)Níl an tAontas ina chomhalta de Chomhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa CDNI. Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí den CDNI, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ag cruinniú an 22 Meitheamh 2021, laistigh de Chomhdháil na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiúin, is é seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le bailiú, le taisceadh agus le glacadh dramhaíl a tháirgtear le linn loingseoireachta ar an Réin agus ar uiscebhealaí intíre eile (‘CDNI’), comhaontú le glacadh an rúin arb é is aidhm dó an cosc ar sceitheadh fuíolluisce tí a leathnú chun soithí uiscebhealaí intíre a iompraíonn idir 12 agus 50 paisinéir a chumhdach.

Airteagal 2

Na Ballstáit sin den Aontas atá ina mbaill de Comhdháil na bPáirtithe sa CDNI, cuirfidh siad an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach.

Airteagal 3

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagal 1 gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le CDNI
(2)    Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).
(3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C‑399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(4)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C‑399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.