AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.6.2021
COM(2021) 298 final
2018/0206(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)
2018/0206 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2018) 382 final - 2018/0206(COD) (2018)
|
30 Bealtaine 2018
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste na Réigiún
|
An 5 Nollaig 2018 agus an 14 Deireadh Fómhair 2020
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
|
An 17 Deireadh Fómhair 2018 agus an 18 Meán Fómhair 2020
|
|
Dáta chomhaontú na Comhairle maidir le cur chuige ginearálta páirteach
|
3 Aibreán 2019
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh
|
4 Aibreán 2019
|
|
Dáta tíolactha an togra leasaithe chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2020) 447 final 2018/0206(COD)
|
28 Bealtaine 2020
|
|
Dáta chomhaontú na Comhairle maidir le cur chuige ginearálta páirteach le haghaidh an togra leasaithe
|
22 Iúil 2020
|
|
Dáta na gcruinnithe tríthaobhacha
|
9 Nollaig 2019
23 Samhain 2020
10 Nollaig 2020
28 Eanáir 2021
|
|
Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil i gCoiste na mBuanionadaithe
|
3 Márta 2021
|
|
Dáta glactha an chéad léamh ón gComhairle
|
27 Bealtaine 2021
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) príomhchiste an Aontais le haghaidh na n‑infheistíochtaí sna daoine. Is é is aidhm do CSE+ tacú leis na Ballstáit ardleibhéil fostaíochta a bhaint amach, mar aon le cosaint shóisialta chothrom, sin agus lucht saothair oilte athléimneach atá ullamh don saol oibre atá rompu, maille le sochaithe cuimsitheacha comhtháite ionas go gcuirfear deireadh leis an mbochtaineacht agus go ndéanfar beart de réir na bprionsabal a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.
Ag seo na nithe nua is tábhachtaí a mhol an Coimisiún in 2018 d’fhonn an ciste a chur sa riocht gur rud níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bheidh ann:
–Cumasc cistí a dhíríonn ar infheistíochtaí sna daoine: Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg, an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD), Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) agus an Clár Sláinte.
–Ailíniú níos láidre leis an Seimeastar Eorpach i gcomhréir leis na prionsabail atá i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.
–Breis solúbthachta i dtaobh na gceanglas i leith an dírithe théamaigh: iad curtha in oiriúint do riachtanais na mBallstát.
–Breis scóipe ach laghdú i líon na gcuspóirí sonracha, agus na cuspóirí céanna a bheith níos comhchuibhithe.
–FEAD agus CSE a chomhtháthú ionas gurtreise do ghné an chuimsithe shóisialta. Ba cheart go n‑éascódh sin na forálacha atá ann maidir le cúnamh bia/cúnamh ábhartha agus le tacaíocht don chuimsiú sóisialta agus do bhearta gníomhacha a chomhcheangal.
–Coinníollacha a thabhairt isteach maidir le hincháilitheacht do chostais foirne dhíreacha agus do cheannach trealaimh, troscáin agus feithiclí.
–Déantar simpliú ar na hoibleagáidí atá ann i leith an fhaireacháin agus an tuairiscithe, agus laghdaítear líon na dtáscairí.
I mí na Bealtaine 2020, faoi chuimsiú raon feidhme an Phacáiste don Téarnamh, is éard a measadh gurbh ábhartha an togra CSE+ a leasú chun na cúinsí atá ag athrú de bharr phaindéim COVID‑19 a léiriú, agus chun cabhrú leis na Ballstáit téarnamh a dhéanamh sa mheántéarma/san fhadtéarma ón ngéarchéim leanúnach.
Seo a leanas na hathruithe ba thábhachtaí:
–Ceanglais nua agus ceanglais athbhreithnithe i leith an dírithe théamaigh:
–An ceanglas maidir le díriú téamach ar thacaíocht don fhostaíocht le haghaidh an aosa óig, is ceanglas é a méadaíodh ó 10 % go 15 % sna Ballstáit inar ráta os cionn mheán an Aontais atá sa ráta daoine óga idir 15 agus 29 bliana d’aois nach bhfuil fostaithe, faoi oideachas ná faoi oiliúint.
–I gcás na mBallstát uile, tugadh isteach ceanglas seasta nua maidir leis an díriú téamach don dul i ngleic leis an mbochtaineacht i measc na leanaí, is é sin ceanglas 5 %.
–Cumhachtú nua na mbeart sealadach chun freagairt d’imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha.
–Breis béime ar an dá aistriú idir ghlas agus digiteach, sin agus ar an gcomhionannas idir na fir agus na mná.
–An tsraith a bhaineann le cúrsaí sláinte a chur ar ceal, sraith atá ina Clár EU4Health ar leith feasta.
3.Barúlacha maidir leis an seasamh ón gComhairle
Léiríonn an seasamh ón gComhairle an comhaontú ar thángthas air sna cruinnithe tríthaobhacha. I measc na n‑athruithe is tábhachtaí a tugadh isteach ar thogra an Choimisiúin, tá an méid seo:
–Airteagal 4(3) maidir leis na bearta sealadacha atá ann chun CSE+ a úsáid mar fhreagairt ar imthosca neamhghnácha agus eisceachtúla . Thug an Chomhairle teorainn ama 18 mí isteach don chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena nglactar bearta sealadacha, na scéimeanna oibre gearr-ama cuir i gcás, ach a n‑iarrfaidh an Ballstát sin. Rud eile a luaitear sa téacs comhaontaithe is ea go bhféadfaidh an Coimisiún leasuithe ar Rialachán CSE+ a mholadh ach measúnú a bheith déanta ar úsáid na mbeart sealadach, agus d’fhéadfadh leasuithe ar na ceanglais maidir le díriú téamach a bheith san áireamh sa togra, ach amháin na ceanglais a bhaineann le tacaíocht d’fhostaíocht an aosa óig mar aon le tacaíocht do na daoine is díothaí.
–Airteagal 5 maidir leis an mbuiséad. Is 88 billiún Euro iomlán an bhuiséid atá socraithe do CSE+ (praghsanna 2018). As an 88 billiún sin, tá 87.3 billiún á leithdháileadh ar shraith bhainistíocht chomhroinnte CSE+, agus 676 milliún ar shraith EaSI, sraith atá faoi bhainistíocht dhíreach. Mar chuid den tsraith chomhbhainistíochta, déanfar 473 milliún a leithdháileadh ar na réigiúin is forimeallaí agus ar na limistéir is tearc daonra sa tuaisceart mar gheall ar na riachtanais shonracha atá acu araon, maille le 175 milliún le haghaidh gníomhaíochtaí comhair thrasnáisiúnta a dhéanfar a bhainistiú faoi bhainistíocht neamhdhíreach.
–Airteagal 7 i dtaobh na gceanglas atá ann maidir leis an díriú téamach. Shocraigh an Chomhairle gurb iad seo a leanas na ceanglais a bheidh ann maidir leis an díriú téamach.:
–An cuimsiú sóisialta: 25 % ar a laghad le haghaidh na mBallstát uile.
–Tacaíocht do na daoine is díothaí: 3 % ar a laghad i gcás na mBallstát ar fad (ar an 25 % anuas) mar aon le ráta cómhaoinithe seasta 90 %. Is éard a bhí molta ag an gCoimisiún go gcuirfí 2 % ar a laghad san áireamh sa 25 % a bhaineann leis an gcuimsiú sóisialta.
–Bochtaineacht na leanaí: 5 % ar a laghad i gcás na mBallstát a bhfuil bochtaineacht an‑mhór ann i measc na leanaí (na Ballstáit inarb airde ná meán an Aontais le haghaidh na tréimhse idir 2017 agus 2019 an meánráta leanaí is óige ná 18 mbliana d’aois a bhí i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta le linn an ama sin, de réir shonraí Eurostat) agus é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit eile ar fad suim iomchuí a leithdháileadh. Is é ráta seasta a bhí molta ag an gCoimisiún 5 % i gcás na mBallstát uile.
–Fostaíocht an Aosa Óig: 12.5 % ar a laghad i gcás na mBallstát uile a bhfuil dífhostaíocht i measc na hóige go mór i gceist iontu (na Ballstáit inarb airde ná meán an Aontais le haghaidh na tréimhse idir 2017 agus 2019 ráta na ndaoine óga idir 15 bliana agus 29 mbliana d'aois nach raibh fostaithe, faoi oideachas, ná faoi oiliúint le linn an ama sin, de réir shonraí Eurostat), agus é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstát eile suim iomchuí a leithdháileadh. Is éard a bhí molta ag an gCoimisiún 15 % i gcás na mBallstát a bhfuil ráta NEET os cionn an mheáin acu.
–Fothú acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n‑eagraíochtaí sochaí sibhialta: ní mór do na Ballstáit uile suim iomchuí a leithdháileadh, agus Ballstáit a bhfuil moltaí tír-shonracha ábhartha ann ina leith , ní mór dóibhsean 0.25 % ar a laghad a leithdháileadh. Is éard a bhí molta ag an gCoimisiún suim ‘iomchuí’ ó na Ballstáit uile.
–Airteagal 8 maidir leis an nasc idir CSE+ agus an Chairt um Chearta Bunúsacha. Tá crostagairtí do na forálacha ábhartha san Airteagal nua, na forálacha atá i Rialachán na bhForálacha Coiteanna, d’fhonn feabhas a chur ar shofheictheacht na Cairte um Chearta Bunúsacha.
–Glacadh Chlár Oibre EaSI - is éard a chinn an Chomhairle go ndéanfaidh an Coimisiún saineolas a thiomsú i leith ullmhú na gclár oibre bliantúil trí dhul i gcomhairle le Meitheal shraith EaSI a bunaíodh faoi Choiste CSE+ (coiste arna bhunú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), agus trí pháirtithe leasmhara eile a bheith páirteach ann freisin. Is i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26 (Airteagal 31 leasaithe) a shaineofar inneachar an Chláir Oibre, agus is trí Chinneadh simplí ón gCoimisiún a ghlacfaidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil.
Maidir leis an gcomhaontú a tugadh i gcrích, is díol sásaimh don Choimisiún na cuspóirí foriomlána a bhí i mbuntogra an Choimisiúin a bheith tugtha i gcrích a bheag nó a mhór.
Eiseoidh an Coimisiún dhá ráiteas a chuirfidh i bhfios gur de thiomantas an Choimisiúin a áirithiú go gcláróidh na Ballstáit méid iomchuí dá gcuid acmhainní CSE+ chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na hóige agus leis an mbochtaineacht i measc na leanaí, sin agus go n‑úsáidfidh siad ionstraimí cistithe eile de chuid an Aontais agus acmhainní náisiúnta atá ar fáil chun tacú le hinfheistíochtaí leordhóthanacha sna réimsí sin.
Eiseofar na ráitis in am do vótáil iomlánach Pharlaimint na hEorpa. Fógraíodh iad ag an COREPER an 3 Márta, agus cuirfear le miontuairiscí na Comhairle iad nuair a ghlacfar an gníomh. Beifear ag iarraidh iad a fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tá na ráitis i gceangal iarscríbhinne leis seo.
4.Conclúid
Glacann an Coimisiún leis an togra ón gComhairle.