An Bhruiséil,2.6.2021

COM(2021) 278 final

2021/0140(CNS)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013

{SEC(2021) 225 final} - {SWD(2021) 119 final} - {SWD(2021) 120 final}



MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Comhthéacs ginearálta

Tá limistéar Schengen 1 ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Chuir sé leis an tsaorghluaiseacht trína chur ar a gcumas do níos mó ná 420 milliún duine gluaiseacht a dhéanamh gan bheith faoi réir rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, chomh maith le seachadadh trasteorann earraí agus seirbhísí a éascú, agus tá buntáistí móra ann, idir shóisialta agus eacnamaíoch, dár sochaithe a bhuí leis.

Tháinig leathnú suntasach ar chomhar Schengen ó bunaíodh ar dtús é, comhar ar cuireadh tús leis mar shocrú idir cúig Bhallstát faoi chreat idir-rialtasach nuair a síníodh ‘Comhaontú Schengen’ an 14 Meitheamh 1985. Le 35 bliain anuas, tá forbairt leanúnach feicthe ag an Aontas i dtreo limistéar dea-fheidhmiúil a bhunú gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, mar aon le hiontaoibh fhrithpháirteach threisithe idir na Ballstáit. Sa lá atá inniu ann, is scéal eile ar fad atá ann agus tá dúshláin eile sárú ag an Aontas ná mar a bhí nuair a bunaíodh é. Éagobhsaíochta i gcomharsanacht na hEorpa agus níos faide i gcéin, géarchéim na ndídeanaithe in 2015 agus na hiarmhairtí a bhain léi, an bhagairt sceimhlitheoireachta leanúnach agus paindéim COVID-19, chuir na rudaí sin brú suntasach ar Schengen agus, fiú amháin, is é an toradh a bhí orthu gur chuir roinnt Ballstát rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i bhfeidhm an athuair ar feadh tréimhse fhada.

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair limistéar Schengen, ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2020, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, straitéis maidir le Schengen 2 . Sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann 3 , chuir an Coimisiún in iúl ndéanfadh Straitéis Schengen tionscnaimh reachtacha agus oibríochtúla a chomhcheangal, tionscnaimh atá dírithe ar limistéar níos láidre, níos athléimní, agus gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a áirithiú, agus na struchtúir rialachais agus faireacháin a bhaineann leis á n‑atreisiú an tráth céanna. Tionscnamh amháin den sórt sin is ea an t‑athbhreithniú ar shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen (dá ngairtear ‘sásra meastóireachta Schengen’ nó ‘an Sásra’ anseo feasta.

Is éard a thacaítear le Schengen cnuasach mór beart lena ndéantar an easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chúiteamh, an tsaorghluaiseacht a éascú agus ceartas agus ardleibhéal slándála a áirithiú. Is éard atá in ‘acquis Schengen’ na forálacha arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais i gcomhréir le Prótacal Uimh. 19 atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar aon leis na gníomhartha a chuireann leo nó atá bainteach leo ar bhealach eile. Dá bhrí sin, cuimsíonn an acquis (1) na bearta ag na teorainneacha seachtracha (bainistiú teorainneacha seachtracha), (2) na bearta cúiteacha (comhbheartas víosaí, comhar póilíneachta, beartas um fhilleadh, agus Córas Faisnéise Schengen), agus (3) sásra meastóireachta agus faireacháin atá láidir. Cuimsíonn acquis Schengen freisin ceanglais maidir le cosaint sonraí agus maidir le cearta bunúsacha eile a urramú. Tá na trí cholún riachtanacha chomhlántacha a luaitear thuas ina mbonn taca do Schengen agus is mar gheall ar na colúin sin is féidir an limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith ann. Braitheann cobhsaíocht fhoriomlán na hailtireachta casta sin ar neart gach colúin ar leith agus ar chomhleanúnachas agus comhtháthú an chórais ina iomláine.

Braitheann dea-fheidhmiú limistéar Schengen ar chur chun feidhme ceart éifeachtúil na rialacha comhchoiteanna, i.e. acquis Schengen agus, i dtéarmaí níos ginearálta, ar iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit. Is féidir le heasnamh nó easpa cur chun feidhme i mBallstát amháin difear a dhéanamh do na Ballstáit eile go léir agus limistéar Schengen a chur i mbaol ina dhiaidh sin. Is buneilimint de struchtúir rialachais Schengen iad faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann na Ballstáit acquis Schengen chun feidhme agus ar an obair leantach atá bunaithe ar mholtaí maidir le feabhsú a comhaontaíodh go comhpháirteach. In 1998, bhunaigh na páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún Schengen Buanchoiste a bhfuil sainordú aige easnaimh i gcur chun feidhme acquis Schengen a shainaithint agus réitigh a mholadh 4 . Tar éis acquis Schengen a chomhtháthú i gcreat dlíthiúil an Aontais, cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle 5 (dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta) in ionad an Chinnidh lena mbunaítear an Buanchoiste, agus is é an Rialachán sin a thugann bunús dlí don Sásra faoi láthair. Tháinig an Rialachán i bhfeidhm in 2015.

Is é is cuspóir do shásra meastóireachta Schengen ardleibhéal iontaoibhe frithpháirtí idir na Ballstáit rannpháirteacha a choinneáil ar bun agus ar an gcaoi sin cur le dea-fheidhmiú limistéar Schengen trína ráthú go gcuireann na Ballstáit rialacha Schengen i bhfeidhm go héifeachtach. Ba cheart don Sásra na spriocanna sin a bhaint amach trí bhíthin meastóireachtaí neamhchlaonta oibiachtúla lenar féidir easnaimh i gcur i bhfeidhm praiticiúil na reachtaíochta a shainaithint agus lenar féidir a áirithiú go dtabharfar aghaidh go pras ar na heasnaimh sin.

Cé gur féidir leis an Sásra acquis Schengen ina iomláine a chumhdach ó thaobh an dlí de, is é an cleachtas atá ann go ndéanann an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na réimsí sonracha beartais le haghaidh gach timthrialla meastóireachta ilbhliantúil a chinneadh. Ar bhonn an chleachtais sin, chumhdaigh an chéad agus an dara timthriall meastóireachta ilbhliantúil meastóireachtaí sonracha chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme beart sna réimsí seo a leanas: bainistiú teorainneacha seachtracha, filleadh, an comhbheartas víosaí, comhar póilíneachta, Córas Faisnéise Schengen (SIS), cosaint sonraí agus easpa rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha. Réimsí beartais eile a thiocfaidh faoi acquis Schengen amach anseo, d’fhéadfadh na réimsí sin a bheith mar chuid den Sásra má chinntear amhlaidh sa chlár meastóireachta ilbhliantúil arna chur ar bun ag an gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin agus ar bhonn an chleachtais sin, cumhdaíonn an Sásra comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, reachtaíocht maidir le hairm thine, agus beartas drugaí freisin, ach díreach d’fhonn a chinneadh an bhfuil Ballstát réidh le creat dlíthiúil Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine nó i bpáirt.

De réir an Rialacháin, tá an Coimisiún freagrach as comhordú agus eagrú foriomlán na meastóireachta agus an fhaireacháin, agus as an bParlaimint Eorpach agus na Parlaimintí náisiúnta a choimeád ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachtaí. I gcomhréir le hAirteagal 70 CFAE, is freagracht chomhroinnte é an Sásra i gcónaí: déanann an Coimisiún meastóireachtaí go comhpháirteach le saineolaithe ó na Ballstáit agus le tacaíocht ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE. Tá an cur chuige idir piaraí sin ríthábhachtach chun cuntasacht, úinéireacht ar thorthaí agus iontaoibh fhrithpháirteach a áirithiú. Seiceálann saineolaithe ó na Ballstáit an méid atá á dhéanamh ag a gcomhghleacaithe, molann siad réitigh agus gríosaíonn siad gníomhaíocht mura mbíonn na réitigh sin á gcur i bhfeidhm ag an mBallstát. Ina theannta sin, tá an Chomhairle rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta a mhéid a bhaineann le moltaí a ghlacadh maidir le togra ón gCoimisiún.

Forais agus cuspóirí an togra

I bhfianaise na ndúshlán atá os comhair limistéar Schengen le blianta beaga anuas agus ról an tSásra i rialachas Schengen, tá sé tábhachtach go bhfuil an sé oiriúnach don fheidhm i gcónaí agus go mbaintear lánacmhainneacht an tSásra amach chun bheith in ann dul in oiriúint d’fhorbairtí reachtacha a rinneadh le déanaí, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus Ballstáit nua a chuimsiú a bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm acu ina iomláine nó i bpáirt.

Le hAirteagal 22 den Rialachán, cuireadh de cheangal ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú an Rialacháin laistigh de shé mhí ón dáta a glacadh na tuarascálacha meastóireachta uile faoin gcéad chlár meastóireachta ilbhliantúil (2015-2019). Chuir an Coimisiún a athbhreithniú i láthair i dtuarascáil 6 agus i ndoiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi 7 an 25 Samhain 2020, lenar cumhdaíodh gnéithe uile an Rialacháin, lena n‑áirítear feidhmiú na nósanna imeachta um ghníomhartha a ghlacadh faoin Sásra.

Is éard a cinneadh san athbhreithniú go raibh an Sásra ina shiocair le feabhsuithe follasacha. Ar an iomlán, tá na Ballstáit ag cur acquis Schengen chun feidhme ar bhealach leormhaith agus tugadh aghaidh mar is cuí ar easnaimh thromchúiseacha. Deimhnítear san athbhreithniú go gcuireann an Sásra, mar atá, creat daingean ar fáil chun meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme acquis Schengen.

Aithnítear san athbhreithniú, áfach, go bhfuil easnaimh shuntasacha i bpróiseas anásta an tSásra, agus go nglacann an próiseas meastóireachta agus obair leantach agus cur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta méid iomarcach ama. Ní léir ach oiread gur uirlis atá éifeachtach a dóthain iad na moltaí ón gComhairle chun a áirithiú go ngníomhóidh na Ballstáit go tapa, ós rud é nár cuireadh brú polaitiúil leordhóthanach ar na Ballstáit gníomhú mar gheall ar chineál teicniúil an phróisis. Cé gur aithníodh i meastóireachtaí easnaimh thromchúiseacha i deich gcuairt mheastóireachta 8 , ní raibh plé ag na hairí ach uair amháin, nuair a bhí easnaimh thromchúiseacha sa Ghréig i mbainistiú na dteorainneacha seachtracha.

Is cosúil nach bhfuil dóthain iontaoibhe ag na Ballstáit as an Sásra, ós rud é gur lean roinnt Ballstát le cúig bliana anuas de rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh, d’ainneoin meastóireachtaí dearfacha ar bhainistiú teorainneacha seachtracha, d’ainneoin comhar póilíneachta agus Chóras Faisnéise Schengen, agus d’ainneoin measúnú foriomlán go bhfuil acquis Schengen á chur chun feidhme ar bhealach leormhaith ag na Ballstáit. Ina theannta sin, suitear san athbhreithniú nach féidir leis an Sásra dul in oiriúint do chúinsí nua ná d’fhorbairtí nua oibríochtúla agus reachtacha de bharr dholúbthacht reatha an tSásra.

Is é is conclúid don athbhreithniú go gcuireann roinnt easnamh cosc ar an Sásra oibriú chomh héifeachtach agus a d’fhéadfadh sé agus oibriú chomh héifeachtach agus ba cheart dó, rud a chuireann bac air barr a chumais a bhaint amach. Is iad seo a leanas na heasnaimh sin:

1.fad iomarcach an phróisis meastóireachta (10 mí‑12 mhí) agus an tréimhse ama do na Ballstáit moltaí a chur chun feidhme (dhá bhliain);

2.acmhainneacht neamhleor na mBallstát líon leordhóthanach saineolaithe a chur ar fáil do na meastóireachtaí, agus trian amháin de na saineolaithe uile ag teacht ó chúig Bhallstát agus easnamh seasta saineolaithe i réimsí beartais sonracha;

3.úsáid agus éifeachtúlacht fho-optamach na gcuairteanna gan réamhfhógra agus na n‑uirlisí meastóireachta agus faireacháin eile, go háirithe meastóireachtaí téamacha;

4.obair leantach mhall ar na pleananna gníomhaíochta agus cur chun feidhme mall na bpleananna sin, mar aon le heaspa cur chuige cuimsitheach comhsheasmhach maidir le faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme; agus

5.taobh amuigh den mheastóireacht ar an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint, ní dhéantar an measúnú ar urraim do chearta bunúsacha i gcur chun feidhme acquis Schengen a chomhtháthú sa Sásra ar bhealach leormhaith.

Tugadh le fios san athbhreithniú go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar roinnt de na heasnaimh sin ar an leibhéal oibríochtúil, ach go mbeadh gá le hathruithe reachtacha i gcás cinn eile.

Leag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon béim ar an ngá atá le hathchóiriú a dhéanamh ar an Sásra. Ina rún in 2017 9 , d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún gníomhú, agus rinne an Chomhairle amhlaidh cheana féin, trí bhíthin an chomhairliúcháin a sheol Uachtaránacht na Fionlainne in 2019 10 . Níos déanaí fós, ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir leis an Sásra 11 lena n‑iarrtar ar an gCoimisiún tionscnaimh a chur chun tosaigh ar mhaithe le feabhas a chur ar éifeachtúlacht fhoriomlán an tSásra agus lena áirithiú go bhfuil sé solúbtha i gcónaí agus gur féidir leis dul in oiriúint do na cúinsí agus forbairtí a bhíonn ag teacht chun cinn i ndáil le acquis Schengen, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus chun dul in oiriúint do dhálaí nua.

Tar éis chonclúidí an athbhreithnithe cúig bliana, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí achoimre a dhéanamh ar na heasnaimh thuasluaite mar thrí dhúshlán idirnasctha:

Fócas straitéiseach teoranta agus scoilteadh suntasach a chuireann cosc ar fhorléargas a fháil ar fheidhmiú limistéar Schengen ina iomláine, rud a d’fhéadfadh plé polaitiúil a éascú murach sin;

Inniúlacht neamhleor a bheith in ann imthosca agus forbairtí reachtacha agus oibríochtúla nua a shainaithint agus dul in oiriúint agus freagairt dóibh go tapa; agus

Glacadh leigheasanna agus cur chun feidhme leigheasanna atá mall, agus córas idir piaraí nach gcuireann an méid brú a raibh coinne leis.

Ar bhonn an ionchuir a bailíodh ó na páirtithe leasmhara ábhartha sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo, shainaithin an Coimisiún roinnt roghanna beartais a ndearnadh achoimre orthu faoi roinn 3 arb é is aidhm dóibh éifeachtacht an tSásra a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú go gcuirfear acquis Schengen chun feidhme ar bhealach níos trédhearcaí, níos éifeachtaí agus níos comhsheasmhaí.

Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna thuasluaite, tá sé beartaithe leis an togra seo: (1) fócas straitéiseach an tSásra a mhéadú agus a áirithiú go mbainfear úsáid níos comhréirí as na huirlisí meastóireachta éagsúla; (2) na nósanna imeachta a ghiorrú agus a shimpliú chun an próiseas a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, agus piarbhrú a mhéadú; (3) rannpháirtíocht saineolaithe ó na mBallstát a bharrfheabhsú mar aon leis an gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE; agus (4) an mheastóireacht ar an urraim do chearta bunúsacha faoi acquis Schengen a neartú. Bainfear amach na cuspóirí sin go háirithe tríd an gcur chuige seo a leanas:

(1) Fócas straitéiseach an tSásra a mhéadú agus a áirithiú go mbainfear úsáid níos comhréirí agus níos straitéisí as na huirlisí meastóireachta agus faireacháin éagsúla

An tsolúbthacht a mhéadú chun raon feidhme na meastóireachtaí agus na dtosaíochtaí meastóireachta sonracha a chur in oiriúint do na dhálaí nua in acquis Schengen trí liosta reatha na réimsí beartais sonracha a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu a bhaint agus trí nós imeachta a bhunú chun na réimsí tosaíochta a chinneadh ag tús gach timthrialla meastóireachta. Faoin Rialachán atá ann faoi láthair, rinneadh meastóireacht ar gach Ballstát i sé réimse beartais trí bhíthin sé cinn de mheastóireachtaí aonair arb é an toradh a bhíonn orthu sé thuarascáil mheastóireachta agus sé shraith moltaí. Mar sin féin, níl na réimsí beartais sin go hiomlán oiriúnaithe a thuilleadh do na dhálaí nua. Mar shampla, beidh sraith nua córas TF oibríochtúil in 2023 agus déanfaidh siad Córas Faisnéise Schengen a chomhlánú. De réir mar a thagann forbairt ar an acquis slándála, beidh gá le gnéithe breise a chur san áireamh sna meastóireachtaí, go háirithe maidir leis an gcomhar póilíneachta. Tá roinnt réimsí beartais, i bhfianaise forbairtí reachtacha, ag éirí níos idirnasctha agus níos idirspleáiche (cuir i gcás Córas Faisnéise Schengen agus filleadh nó Córas Faisnéise Schengen agus comhar póilíneachta). Dá bhrí sin, meastóireachtaí a struchtúrú de réir meastóireachtaí ar réimsí beartais sonracha, b’fhéidir nach é sin an bealach is iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí idirnasctha sin. Trí liosta na réimsí beartais a bhaint, méadaíonn an togra solúbthacht chun meastóireachtaí a struchtúrú ar bhealach difriúil, agus meastóireacht a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla nó ar ghnéithe nua a d’fhéadfadh a bheith ann, rud a chuirfidh ar chumas an tSásra dul in oiriúint go tapa do nádúr dinimiciúil acquis Schengen. An tráth céanna, cruthaíonn sé deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an nós imeachta chun teacht ar chomhaontú i ndáil leis na tosaíochtaí meastóireachta ag tús gach timthrialla meastóireachta.

Clársceidealú solúbtha a chruthú. Ina theannta sin, cruthaíonn an togra creat reachtach solúbtha le haghaidh clársceidealaithe. Cuireann sé na rialacha maidir leis an gclársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil in oiriúint ionas go mbeifear in ann freagairt níos gasta a thabhairt ar fhadhbanna agus dúshláin atá ag teacht chun cinn, trí na mionsonraí a áirítear faoi láthair sna cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla a laghdú, agus tríd an ngá atá le leasuithe a laghdú.

Dul i dtreo meastóireachtaí atá go hiomlán rioscabhunaithe de réir a chéile. Cruthaítear oibleagáid leis an togra torthaí na meastóireachtaí a rinneadh roimhe seo a chur san áireamh chomh maith le sásraí meastóireachta agus faireacháin eile de chuid an Aontais (e.g. measúnú leochaileachta Frontex nó an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT)). Ina theannta sin (mar a mhínítear thíos), cruthaítear oibleagáidí breise leis an togra maidir le measúnuithe riosca agus feasacht staide a iarraidh ar chomhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí AE, i gcás inarb ábhartha. Leis an gcreat solúbtha nua agus leis na hoibleagáidí breise, d’fhéadfaí, le himeacht ama, meastóireacht chuimsitheach rioscabhunaithe a dhéanamh ar an mBallstát, mar shampla, nach gcumhdódh ach na gnéithe arna sainaithint trí bhíthin anailís riosca agus feasacht staide, agus chumhdódh meastóireacht amháin in aghaidh an Bhallstáit na réimsí beartais ábhartha uile in aon tuarascáil mheastóireachta amháin. D’fhágfadh sé freisin go bhféadfaí meastóireacht chomhthráthach a dhéanamh ar roinnt Ballstát a bhfuil na dúshláin chéanna rompu.

A áirithiú nach bhfuil aon bhearna ann agus meastóireacht á déanamh ar chur chun feidhme acquis Schengen i mBallstát. De réir mar a thagann forbairt ar chreat dlíthiúil Schengen agus de réir mar a éiríonn sé níos casta, tá na Ballstáit ag dul i muinín gníomhaithe eile chun tacú leo na cúraimí sin a bhfuil siad freagrach astu a chur chun feidhme. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás cuideachtaí príobháideacha i réimse an bheartais víosaí (e.g. na soláthraithe seirbhíse seachtracha) nó i réimse na dteorainneacha seachtracha (e.g. aerlínte nó aerfoirt a dhéanann cuideachtaí príobháideacha bainistiú orthu). Is amhlaidh atá freisin i gcás comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí AE ar neartaíodh a sainorduithe le blianta beaga anuas chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, cuir i gcás agus iad ag déanamh seiceálacha nó faireachas teorann, nó seiceálacha slándála dara líne. Ós rud é go bhféachann an Sásra le forbhreathnú a thabhairt ar an staid i mBallstát, soiléirítear leis an togra gur féidir leis an Sásra tacú le gníomhaíochtaí comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE a fhíorú a mhéid a chomhlíonann siad feidhmeanna thar ceann na mBallstát chun cabhrú le forálacha acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hoibríochtúil. Is é an cuspóir, dá bhrí sin, gan meastóireacht a dhéanamh ar na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí sin per se. Beidh fíorú na ngníomhaíochtaí sin leabaithe sa mheastóireacht ar na Ballstáit, ar an gcaoi chéanna leis an staid reatha, mar shampla, le linn na meastóireachtaí i réimse an chomhbheartais víosaí, nuair a sheiceálann na foirne gníomhaíochtaí na gcuideachtaí príobháideacha (soláthraithe seirbhíse seachtracha) sin atá bainteach le glacadh iarratas ar víosa; nó ag na teorainneacha seachtracha nuair a sheiceálann na foirne bonneagar aerfoirt a dhéanann cuideachta phríobháideach bainistiú air. Déanfar an ghné sin de na meastóireachtaí gan dochar do na freagrachtaí a shanntar don Choimisiún agus do chomhlachtaí rialaithe ábhartha na ngníomhaireachtaí, na n‑oifigí agus na gcomhlachtaí lena mbaineann, agus urramófar go hiomlán iad. Má shainaithnítear sna meastóireachtaí gurb ann d’easnaimh i ndáil le feidhmeanna a dhéanann comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí AE nó i ndáil le feidhmeanna a dtacaíonn siad leo, ba cheart don Coimisiún na comhlachtaí rialaithe ábhartha a chur ar an eolas.

An timthriall meastóireachta a shíneadh ó chúig bliana go seacht mbliana, rud a fhágann gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar na Ballstáit dhá uair ar a laghad le linn an timthrialla seacht mbliana. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí úsáid ní ba chothroime, ní ba sholúbtha agus ní ba straitéisí a bhaint as na huirlisí meastóireachta agus faireacháin go léir atá ar fáil, rud lena n‑áiritheofaí faireachán ní ba dhlúithe agus ní ba spriocdhírithe ar na Ballstáit.

Foirmeacha agus modhanna na ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a neartú. Is iad cuairteanna tréimhsiúla clársceidealaithe príomh‑mhodh na meastóireachtaí i gcónaí ach beifear in ann líon na gcuairteanna gan réamhfhógra a mhéadú. Beifear in ann gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh go cianda (e.g. trí fhíschomhdháil). Beidh ról méadaitheach ag ‘meastóireachtaí téamacha’ agus beidh oibleagáid ann meastóireacht théamach amháin ar a laghad a dhéanamh in aghaidh na bliana. Go dtí seo, níor rinneadh ach dhá mheastóireacht théamacha (ceann amháin i dtaca le straitéisí náisiúnta um bainistiú comhtháite teorainneacha agus ceann amháin i dtaca le comhar áitiúil le Schengen i réimse an chomhbheartais víosaí). Déantar forálacha maidir le gníomhaíochtaí faireacháin (athchuairteanna agus uirlis nua ar a dtugtar ‘cuairteanna fíorúcháin’) níos soiléire agus níos solúbtha.

Mar riail ghinearálta, ní bheadh gá le fógra a thabhairt roimh ré i gcás meastóireachtaí gan réamhfhógra. D’áiritheofaí leis an méid sin go mbainfí úsáid ní b’fhearr as meastóireachtaí gan réamhfhógra, go háirithe ionas go ndéanfaí meastóireachtaí chun imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíontacht oibleagáidí faoi acquis Schengen, go sonrach mar fhreagairt ar tháscairí i ndáil le fadhbanna a bhfuil tionchar suntasach acu ar fheidhmiú limistéar Schengen, nó líomhaintí tromchúiseacha maidir le sáruithe ar chearta bunúsacha. Tá feidhm i gcónaí le fógra teoranta roimh ré maidir le cuairteanna gan réamhfhógra arb é is cuspóir dóibh ‘seiceáil sláinte randamach’ a dhéanamh ar chur chun feidhme acquis Schengen ó thaobh na mBallstát. Ní bheidh cuairteanna gan réamhfhógra faoi réir clársceidealaithe agus féadfar iad a eagrú ar ghearrfhógra ag brath ar na himthosca.

Na tuarascálacha bliantúla ar thorthaí na meastóireachtaí a rinneadh agus an staid mar atá maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne na Ballstáit, dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, ba cheart go mbeidís mar chuid de ‘Thuarascáil ar Staid Schengen’ bliantúil. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh plé polaitiúil gach gné den ailtireacht chasta a thacaíonn le feidhmiú cuí Schengen a chumhdach go cuimsitheach. Chun na críche sin, athsheolfaidh an Coimisiún glacadh ‘Tuarascáil ar Staid Schengen’ le bheidh mar bhonn faoin bplé ag Fóram Schengen a cruthaíodh le déanaí. Meastóireachtaí Schengen, an staid maidir le heaspa seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha agus staid chur chun feidhme na moltaí, beidh na nithe sin ina gcuid thábhachtach den tuarascáil.

(2) Na nósanna imeachta a ghiorrú agus a shimpliú chun an próiseas a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, agus piarbhrú a mhéadú

Dlús suntasach a chur leis an bpróiseas meastóireachta, le sprioc-amanna nós imeachta soiléire. Mar riail ghinearálta, glacfaidh an Coimisiún na tuarascálacha meastóireachta agus na moltaí in aon ghníomh amháin laistigh de cheithre mhí ó thráth na gníomhaíochta meastóireachta (agus níos tapa fiú i gcás ina n‑aithneofar sa mheastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach). Ní hamháin go n‑áiritheodh sé sin tuilleadh soiléireachta maidir leis an nasc cúisíoch idir torthaí na tuarascála agus na moltaí, ach chuirfeadh sé dlús leis an bpróiseas freisin. Sheachnófaí leis sin aon mhoill ar mholtaí a ghlacadh, rud a tharlaíonn faoi láthair i bpróiseas cinnteoireachta dhá chéim (i.e. tuarascálacha meastóireachta arna nglacadh ag an gCoimisiún agus moltaí arna nglacadh ag an gComhairle). Leis an nós imeachta scrúdúcháin, áirithítear rannpháirtíocht iomlán na Comhairle i gcónaí sa phróiseas meastóireachta agus sna moltaí (tuairim dhearfach ó Choiste Schengen ina mbíonn na Ballstáit uile rannpháirteach agus ina vótálann siad ar an ngníomh aonair, gníomh ina bhfuil torthaí na meastóireachta agus na moltaí araon). 

An piarbhrú a mhéadú trí chumhachtaí cinnteoireachta na Comhairle a dhíriú ar chásanna atá ábhartha ó thaobh na polaitíochta de agus trína ról a mhéadú maidir le hobair leantach agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí. Cé go raibh sé beartaithe, leis an nós imeachta dhá chéim atá ann faoi láthair, plé polaitiúil a chur chun cinn ar leibhéal na Comhairle agus piarbhrú a chur i gcás easnaimh thromchúiseacha nó nuair nach mbíonn na moltaí á gcur chun feidhme ag Ballstát, is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo nár baineadh amach an cuspóir a bhí beartaithe leis an gcur chuige sin a úsáid i ngach cás agus le gach tuarascáil, rud a chuir go mór le fad agus castacht an phróisis agus a chuir éifeachtacht an phróisis i mbaol.

Tá dlúthbhaint ag na Ballstáit cheana féin leis an bpróiseas meastóireachta (meastóireachtaí a dhéanamh leis an gCoimisiún, na tuarascálacha meastóireachta agus na dréachtmholtaí a chomhdhréachtú) agus le próiseas glactha na tuarascála meastóireachta trí bhíthin nós imeachta scrúdúcháin an Choiste. Ina theannta sin, is de chineál teicniúil seachas de chineál polaitiúil iad formhór na saincheisteanna a sainaithnítear le linn na meastóireachtaí. De dheasca an ualaigh mhóir oibre sa Chomhairle (scrúdú ar 40 tuarascáil in aghaidh na bliana agus na cinntí cur chun feidhme ón gComhairle a eascraíonn astu sin a bhfuil na céadta moladh iontu), agus de dheasca chineál an‑mhionsonraithe agus an‑logánta na moltaí, níorbh fhéidir aon fhíorphlé a dhéanamh. Is éard a léirigh an t‑athbhreithniú cúig bliana, cé go nglacann an Chomhairle na moltaí i ngach cás, níor spreag sé sin an piarbhrú a rabhthas ag súil leis, agus léirigh sé nár chuir an Sásra bonn faoi phlé polaitiúil ar staid Schengen. Fiú nuair a shainaithin an Sásra easnaimh thromchúiseacha, ní dhearnadh plé ar na torthaí ar leibhéal na n‑airí ach uair amháin. Thairis sin, tá ról an‑teoranta ag an gComhairle maidir le hobair leantach agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme phleananna gníomhaíochta na mBallstát.

Leis an athbhreithniú atá beartaithe, féachtar leis na heasnaimh sin a leigheas trína áirithiú go nglacfaidh an Chomhairle moltaí i gcásanna a meastar go bhfuil an breisluach agus an tionchar is mó acu chun an plé polaitiúil a stiúradh maidir le hábhair a bhfuil leas ginearálta ag baint leo ó thaobh fheidhmiú limistéar Schengen de. Is iad seo a leanas na cásanna sin: meastóireachtaí téamacha, ‘meastóireachtaí céaduaire’ (nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh an bhfuil Ballstát réidh chun acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine nó i réimse sonrach) agus easnaimh thromchúiseacha d’fhonn piarbhrú agus plé polaitiúil a mhéadú ar leibhéal na Comhairle. An tráth céanna, moltar nósanna imeachta a shimpliú le haghaidh cásanna de chineál níos teicniúla.

Cuireann an togra go mór le ról na Comhairle san obair leantach agus san fhaireachán a dhéantar ar dhul chun cinn na gcásanna sin, agus déanann sé foráil freisin maidir le sásra méadúcháin i gcás easpa dul chun cinn. Go háirithe, i gcás easnamh tromchúiseach, socróidh an Chomhairle teorainneacha ama chun na moltaí a chur chun feidhme agus sonróidh an Chomhairle minicíocht na dtuarascálacha ar dhul chun cinn ón mBallstát lena mbaineann, Ballstát a mbeidh air na tuarascálacha sin ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle araon. Beidh sé de cheangal ar an gComhairle a seasamh a chur in iúl maidir leis an tuarascáil ón gCoimisiún tar éis na hathchuairte agus maidir leis na pleananna gníomhaíochta a thabhairt i gcrích. Tá forálacha comhchosúla i bhfeidhm maidir le tabhairt i gcrích pleananna gníomhaíochta a bhaineann le ‘meastóireachtaí céaduaire’.

Ina theannta sin, beidh ról níos mó ag an gComhairle, i ngach cás, sa chéim faireacháin: foráiltear leis an togra go gcuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi staid chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta dhá uair sa bhliain ar a laghad. Sa bhreis air sin, glacfaidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach gach bliain maidir leis na meastóireachtaí a rinneadh agus ba cheart don Chomhairle iad a phlé d’fhonn conclúidí a ghlacadh ar an ábhar sin. Ar deireadh, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas nuair nach mbeidh dul chun cinn leormhaith á dhéanamh ag Ballstát i dtaobh an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme.

Forálacha a bhaineann le cásanna ina sainaithníodh i meastóireachtaí gurb ann d’easnamh tromchúiseach, na forálacha sin a neartú agus dlús a chur orthu: tugtar isteach nós imeachta mear le haghaidh easnaimh thromchúiseacha chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar na heasnaimh a sainaithníodh go pras. Ionchorpraíonn an togra an sainmhíniú ar easnaimh thromchúiseacha sa téacs normatach, arb é an sainmhíniú atá i dtreoirlínte meastóireachta Schengen faoi láthair, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus comhthuiscint ar an gcoincheap a áirithiú. Beidh ar an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air tús a chur le gníomhaíochtaí cur chun feidhme láithreach chun an t‑easnamh a leigheas fiú sula nglacfar an tuarascáil agus beidh air an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas gan mhoill faoi na bearta a rinneadh. I gcás easnamh tromchúiseach, ba cheart don Chomhairle na moltaí a ghlacadh laistigh de dhá mhí go leith ó dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta; déanfar athchuairt chun cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha a fhíorú tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis na meastóireachta (d’fhéadfadh sí a bheith ní ba luaithe, ag brath ar na sprioc-amanna chun gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur chun feidhme, sprioc-amanna arna leagan síos ag an gComhairle); cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach gurb ann d’easnamh tromchúiseach, ar mhaith le grinnscrúdú polaitiúil níos dlúithe, mar atá léirithe sa phointe thuas.

Forálacha a chruthaíonn constaicí nós imeachta nach bhfuil gá leo, na forálacha sin a bhaint agus a shimpliú. Leis an togra, ní éileofaí a thuilleadh go gcaithfí leis na tuarascálacha meastóireachta mar dhoiciméid ‘RESTREINT UE/EU RESTRICTED’. Leis an athrú sin, cuirfear leis an trédhearcacht, simpleofar an nós imeachta agus cuirfear dlús leis trí láimhseáil níos tapa tuarascálacha a cheadú agus trí tharchur tuarascálacha chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig Parlaimint na hEorpa a éascú 12 . D’ainneoin sin, chaithfí le tuarascálacha meastóireachta mar dhoiciméid ‘íogaire’ 13 agus bheadh an deis ag na Ballstáit aicmiú na dtuarascálacha a iarraidh. Dhéanfadh an togra simpliú ar an measúnú sásúlachta ar phleananna gníomhaíochta na mBallstát: ní ghlacfaidh an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis na measúnuithe a thuilleadh, ach cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann (agus an Chomhairle) ar an eolas fós faoina thuairimí, trí litir riaracháin cuir i gcás. Ar deireadh, laghdófaí an t‑ualach riaracháin foriomlán ar na Ballstáit dá laghdófaí minicíocht na dtuarascálacha leantacha (Airteagal 16(3) agus (4)), trí thuarascáil ar dhul chun cinn a éileamh gach sé mhí seachas gach trí mhí mar atá ann faoi láthair.

(3) An mheastóireacht ar an urraim do chearta bunúsacha faoi acquis Schengen a neartú

An mheastóireacht ar chearta bunúsacha i gcur chun feidhme acquis Schengen a neartú tuilleadh ar fud an tSásra (sa bhreis ar chosaint sonraí a dhéantar meastóireacht air mar réimse beartais sonrach), lena n‑áirítear níos mó anailísí riosca a bheith á gcur isteach ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha; neartú a dhéanamh ar an tagairt do chearta bunúsacha san fhoráil maidir le hoiliúint agus foráil shonrach a áireamh sa Rialachán maidir le húsáid na fianaise arna soláthar ag tríú páirtithe, lena n‑áirítear sásraí faireacháin náisiúnta, mar aon leis an bhféidearthacht meastóireachtaí gan réamhfhógra a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré, má tá táscairí ann go ndearnadh sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha.

(4) Rannpháirtíocht saineolaithe ó na mBallstát agus an comhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE a bharrfheabhsú, mar aon le sineirgí le sásraí meastóireachta agus faireacháin eile, chun meastóireachtaí níos spriocdhírithe, níos straitéisí agus níos saincheaptha a bhaint amach

Díorma saineolaithe a chruthú. Faoi láthair, seolann an Coimisiún cuirí chun saineolaithe a ainmniú roimh gach meastóireacht (trí mhí roimh an meastóireacht shonrach). Is próiseas é sin a mbíonn go leor ama ag teastáil ina leith agus ní bhíonn na Ballstáit in ann líon leordhóthanach saineolaithe cáilithe a ainmniú i gcónaí toisc gur beag ama a thugtar dóibh faoin nós imeachta atá ann faoi láthair pleanáil a dhéanamh. I gcásanna den sórt sin, ní mór don Choimisiún na glaonna ar shaineolaithe ar mheastóireachtaí a shíneadh roinnt uaireanta. Ina theannta sin, tá easnamh seasta saineolaithe i réimsí beartais sonracha.

Cuirfear glao bliantúil chun saineolaithe a ainmniú ar dhíorma in ionad an chórais seo. Beidh ar na Ballstáit saineolaí amháin ar a laghad a ainmniú in aghaidh an réimse beartais a shainaithneofar sa chlár meastóireachta ilbhliantúil (e.g. víosaí, bainistiú teorainneacha seachtracha, filleadh, cosaint sonraí) in aghaidh na bliana agus a áirithiú go mbeidh fáil air le haghaidh meastóireachtaí. Deimhneoidh an Coimisiún roghnú na saineolaithe ar an díorma agus coimeádfaidh sé liosta de bhaill an díorma cothrom le dáta. Is é an díorma a bheidh ina phríomhfhoinse meastóirí Schengen le haghaidh meastóireachtaí sonracha (i.e. foirne a chur ar bun le haghaidh meastóireachtaí sonracha) agus cuideoidh an díorma go mór freisin le cuairteanna gan réamhfhógra a eagrú. Agus na foirne á mbunú, tabharfar aird chuí ar acmhainneacht na riarachán náisiúnta agus ar an ngá atá le cothromaíocht gheografach a áirithiú. Ní hionann a bheith ainmnithe ar an díorma agus a rá go mbeidh gach saineolaí ar an díorma ag teastáil i gcónaí. Áiritheoidh an díorma go gcuirfear na foirne ar bun ar bhealach nach mbeidh chomh anásta agus go mbeidh níos mó intuarthachta agus solúbthachta ann freisin don Choimisiún agus do shaineolaithe ó na mBallstát araon ós rud é go ndéanfar an phleanáil le haghaidh meastóireachtaí a dháileadh ar na Ballstáit ar fad i bhfad roimh ré. Roimh gach meastóireacht, is féidir leis an gCoimisiún dul go díreach chuig na baill aonair sa díorma chun foirne a chur ar bun, rud a fhágfaidh go mbeidh an próiseas i bhfad níos tapa agus níos simplí. Agus na foirne sonracha á mbunú aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin go mbeidh cothromaíocht gheografach ann a mhéid is féidir. Más rud é, i gcás meastóireacht shonrach, go bhfuil gá le próifíl faoi leith agus nach féidir saineolaí a chur ar fáil ón díorma, féadfaidh an Coimisiún dul i muinín glaonna sonracha ar shaineolaithe. Le díorma saineolaithe a chruthú, d’fhéadfaí foireann idirdhisciplíneach a chur ar bun chun meastóireacht a dhéanamh ar gach réimse ábhartha de acquis Schengen.

An comhar a neartú le Frontex, eu-LISA, Europol, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Foráiltear leis an togra gur cheart comhar cómhalartach a bheith ann ionas gur féidir leis na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí sin úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a bhailítear tríd an bpróiseas meastóireachta. Beidh an Coimisiún in ann réimse níos leithne faisnéise agus táirgí anailíse riosca a fháil ó na comhlachtaí agus ó na gníomhaireachtaí freisin.

Ina theannta sin, méadaíonn an togra na sineirgí leis na sásraí meastóireachta agus faireacháin arna gcur chun feidhme ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE. Le blianta beaga anuas, cuireadh sásraí rialaithe cáilíochta agus sásraí faireacháin eile ar bun ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ar féidir leo an Sásra a chomhlánú. Foráiltear leis an togra maidir le comhleanúnachas agus sineirgí méadaithe le gníomhaíochtaí Frontex agus leis an bpróiseas measúnaithe leochaileachta go háirithe. An measúnú leochaileachta a dhéanann Frontex, is sásra comhlántach é ar shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen le haghaidh rialú cáilíochta a ráthú ar leibhéal an Aontais agus ullmhacht leanúnach a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, chun freagairt d’aon dúshlán ag an teorainn sheachtrach. Tugann an measúnú leochaileachta léargas ar acmhainneacht oibríochtúil Ballstáit i réimse na dteorainneacha seachtracha d’fhonn laigí a d’fhéadfadh a bheith sa chóras a shainaithint. Is cur chuige atá dírithe ar an todhchaí agus ar ghéarchéim a chosc. Tá torthaí an phróisis measúnaithe leochaileachta á roinnt cheana féin ag an gCoimisiún le foireann na saineolaithe ó na Ballstáit roimh mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/1896 14  agus tá bealaí foirmiúla curtha ar bun aige le haghaidh faisnéis a mhalartú le Frontex. Chun sineirgí a mhéadú tuilleadh, tá forálacha sonracha sa togra chun an fhaisnéis a bhailítear tríd an bpróiseas measúnaithe leochaileachta a uasmhéadú d’fhonn léiriú staide feabhsaithe a chruthú i leith fheidhmiú limistéar Schengen. Tá sé mar aidhm aige freisin dúbláil iarrachtaí agus moltaí a thagann salach ar a chéile a sheachaint a mhéid is féidir.

Samplaí ábhartha i réimsí beartais eile ina mbeifear in ann sineirgí méadaithe a chruthú faoi na forálacha nua dá bhforáiltear sa togra is iad an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (‘EMPACT’) nó an fhormhaoirseacht arna déanamh ag an gCoimisiún le tacaíocht ó eu-LISA maidir le hullmhúchán na mBallstát le haghaidh chur chun feidhme na gcóras TF ábhartha. D’fhéadfadh an tábhacht chéanna a bheith le sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta (a spreagtar faoi Rialachán (AE) 2019/1896) amach anseo agus leagann an togra síos an bonn chun sineirgí agus malartú faisnéise a áirithiú. Sa bhreis air sin, chuirfí torthaí an tsásra faireacháin neamhspleách san áireamh sna meastóireachtaí, ar sásra é a forbraíodh faoin togra agus lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha.

Tugtar sprioc-am uaillmhianach sa togra chun an Rialachán a chur i bhfeidhm ina iomláine (ón [1 Meán Fómhair 2022]).

An anailís a rinne an Coimisiún, anailís a chuirtear ar fáil sa mheasúnú tionchair 15 a ghabhann leis an togra seo agus a bhfuil achoimre déanta uirthi i roinn 3, is é sin an bonn atá faoin togra seo le haghaidh athbhreithniú cuimsitheach ar an Rialachán.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Gabhann an togra seo leis an Teachtaireacht dar teideal A strategy towards a full functioning and resilient Schengen area [Straitéis i dtreo limistéar Schengen lánfheidhmiúil athléimneach] 16 ina gcuirtear cur chuige cuimsitheach chun tosaigh le haghaidh an limistéir saoirse, slándála agus ceartais a dhéanamh níos láidre agus níos athléimní in aghaidh aon dúshlán agus aon bhagairt a bheidh ann amach anseo.

Ba cheart don Sásra creat dlí láidir a sholáthar chun an reachtaíocht ina hiomláine atá ina bonn taca d’fheidhmiú limistéar Schengen a chumhdach, reachtaíocht a bhíonn ag síorathrú. Sa chomhthéacs sin, ceann de chuspóirí sonracha an togra is ea fócas straitéiseach a mhéadú sa phróiseas meastóireachta agus faireacháin. Chuige sin, is gá comhsheasmhacht a áirithiú le forálacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo ar cuid de acquis Schengen iad. Chun na críche sin, ba cheart an Sásra a oiriúnú do raon feidhme athraitheach dhlí ábhartha an Aontais. Le blianta beaga anuas, thug an tAontas faoi roinnt tionscnamh chun limistéar Schengen a dhéanamh níos láidre agus níos athléimní. Cuimsíonn na hathruithe sin roinnt gnéithe nua, go háirithe maidir le bainistiú na dteorainneacha seachtracha. De bhreis ar Chóras Faisnéise Schengen agus an Córas Faisnéise Víosaí, faoi dheireadh 2023, beidh córais TF nua mar thaca le bainistiú na dteorainneacha seachtracha, córais ar nós an Chórais Dul Isteach/Imeachta 17 agus an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil 18 . Ina theannta sin, áiritheofar idir-inoibritheacht 19 idir bunachair sonraí ábhartha. Thairis sin, togra le haghaidh Cód AE um Chomhar Póilíneachta faoi Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas Slándála 20 atá le glacadh níos déanaí in 2021, mar aon le glacadh an togra le haghaidh leasú ar Chód Teorainneacha Schengen 21 chun aghaidh a thabhairt ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó COVID-19 agus ón gcaibidlíocht maidir le togra 2017 le haghaidh Cód Teorainneacha Schengen a leasú, beidh na tionscnaimh sin tábhachtach chun slándáil a mhéadú agus chun sláine limistéar Schengen a athbhunú.

ról na ngníomhaireachtaí AE atá bainteach le cur chun feidhme acquis Schengen níos tábhachtaí ná riamh freisin. In 2019, ba chéim thábhachtach é cruthú an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, lena n‑áirítear buanchór 10 000 a chur ar bun faoi 2027, céim i dtreo fíor-rialú Eorpach ar na teorainneacha seachtracha a bhaint amach agus córas coiteann AE um fhilleadh a bhunú de réir a chéile. Tá sainordú Europol á uasghrádú faoi láthair tar éis togra ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 22 .

Mar a thuairiscítear thuas, cuid de na gníomhartha dlíthiúla sna réimsí beartais éagsúla a chumhdaítear leis an Sásra, tá a gcuid uirlisí meastóireachta agus faireacháin féin acu ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, is gá sineirgí a chruthú agus a áirithiú chun dúbláil a sheachaint agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as uirlisí faireacháin earnálacha. Is gné thábhachtach den togra seo an t‑idirghníomhú sin a choinneáil ar bun agus a mhionchoigeartú. I ndáil leis sin, tá forálacha sa togra chun comhleanúnachas a mhéadú tuilleadh, go háirithe le gníomhaíochtaí Frontex agus le próiseas na measúnuithe leochaileachta. Ba cheart don Sásra agus na moltaí atá aige na cinn faoin bpróiseas measúnaithe leochaileachta a chomhlánú. Samplaí ábhartha i réimsí beartais eile ina mbeifear in ann sineirgí méadaithe a chruthú is iad EMPACT (gníomhaíochtaí tosaíochta i réimse an chomhair póilíneachta), nó an t‑oifigeach um chearta bunúsacha in Frontex (faireachán ar an bhfuil na cearta bunúsacha á gcomhlíonadh ag Frontex ag na teorainneacha seachtracha). D’fhéadfadh an tábhacht chéanna a bheith le sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta (a spreagtar faoi Rialachán (AE) 2019/1896) amach anseo, arb iad sásraí meastóireachta agus faireacháin ‘náisiúnta’ Schengen iad. Sa bhreis air sin, chuirfí torthaí an tsásra faireachán neamhspleách náisiúnta san áireamh sna meastóireachtaí, ar sásra é a forbraíodh faoin togra agus lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha. 23  

Forbraíodh an togra le bheith comhsheasmhach le forálacha atá ann cheana sa réimse beartais (i.e. réimsí beartais a chumhdaítear faoi acquis Schengen), agus tugadh aird chuí freisin ar thionscnaimh atá ar siúl agus tionscnaimh atá beartaithe, ar tionscnaimh iad nach bhfuil i bhfeidhm go fóill. I dtéarmaí níos leithne, trí na réimsí éagsúla beartais a nascadh ar bhealach níos fearr, d’fhéadfadh an tionscnamh éifeachtacht an chur chuige iomlánaíoch a mholtar i straitéisí an Choimisiúin a threisiú agus comhlántacht na n‑uirlisí uile a forbraíodh mar chuid d’iarrachtaí reachtacha nua a threisiú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach leis na cuspóirí agus na tionscnaimh atá beartaithe faoi Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas Slándála, tionscnaimh agus cuspóirí a théann níos faide ná acquis Schengen, amhail an togra chun malartú uathoibríoch catagóirí tábhachtacha sonraí a threisiú faoi Chinntí Prüm ón gComhairle 24 agus le tionscnaimh a bheidh ann amach anseo faoi Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe, 2021-2025 25 . Tá sé comhsheasmhach freisin leis na tionscnaimh a chuimsítear sa Chomhaontú Nua um Imirce agus Tearmann 26 .

Ag breathnú níos faide ná an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, cuireann limistéar Schengen le feidhmiú an Mhargaidh Aonair agus tá buntáistí sóisialta agus eacnamaíocha ann do shochaí na hEorpa a bhuí leis an margadh sin 27 , san iliomad réimsí amhail an trádáil, an fhostaíocht, an t‑oideachas, an cultúr, an turasóireacht, an t‑iompar agus níos mó. Bearta atá dírithe ar éifeachtacht an tSásra a mhéadú agus ar an gcaoi sin feidhmiú níos fearr limistéar Schengen, tá na bearta sin, de réir a nádúir, i gcomhréir freisin le cuspóirí na réimsí beartais sin. Léirigh an suaitheadh a tharla mar thoradh ar phaindéim COVID-19 níos fearr ná aon ghéarchéim roimhe seo a thábhachtaí atá sé sláine Schengen a chaomhnú. Tá dea-fheidhmiú Schengen ríthábhachtach chun téarnamh eacnamaíoch iar-COVID a bhaint amach. Rannchuideoidh Sásra láidir éifeachtach leis an méid sin agus ar an gcaoi sin leis an dea-thionchar eacnamaíoch agus sóisialta a atá ag Schengen ar shaoránaigh agus gnólachtaí ar fud na hEorpa.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 70 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra. Foráiltear go sonrach in Airteagal 70 maidir le hinniúlacht na Comhairle bearta a ghlacadh, ar thogra ón gCoimisiún, lena leagtar síos na socruithe ar dá réir a dhéanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, meastóireacht oibiachtúil neamhchlaonta ar an bhfuil beartais an Aontais sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais á gcur chun feidhme ag údaráis na mBallstát. Leis an togra déantar Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a aisghairm agus a ionadú, rialachán atá bunaithe ar an bhforáil sin den Chonradh freisin.

I gcomhréir leis an ráiteas 28 ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún a ghabhann leis an Rialachán, ní mór an togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa chun a tuairim a chur san áireamh sula nglacfar an téacs críochnaitheach. Tá sé le glacadh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta áfach.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is é Airteagal 70 CFAE an bunús dlí le haghaidh bearta lena ndéanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, meastóireacht oibiachtúil neamhchlaonta ar an bhfuil beartais an Aontais sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais á gcur chun feidhme ag údaráis na mBallstát. Cé gur iomaí athrú atá beartaithe leis an togra seo, ní dhéanann sé athrú bunúsach ar chuspóirí ná raon feidhme an tSásra. Tá an togra laistigh de na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 70 CFAE .

Is é is cuspóir don togra an Sásra atá ann cheana a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh agus é a dhéanamh níos éifeachtúla. Deimhníodh san athbhreithniú ar an Rialachán a rinneadh in 2020 go bhfuil gá le sásra láidir ar leibhéal an Aontais. Is amhlaidh atá i gcónaí go n‑eascraíonn breisluach AE an tSásra go príomha ó na freagrachtaí a roinnt idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Cruthaíonn sé sin bonn láidir chun iontaoibh fhrithpháirteach a chothú. Is féidir a áirithiú le meastóireachtaí a dhéantar ar leibhéal an Aontais go sainaithneofar easnaimh a eascraíonn as neamhshiméadrachtaí, éagsúlachtaí agus cur chun feidhme mícheart acquis Schengen agus go sainaithneofar go prapúil iad, ar easnaimh iad a d’fhéadfadh sláine Schengen a chur i mbaol murach sin. Thairis sin, leis an bpiarbhrú atá ann ar leibhéal an Aontais, cruthaítear an dreasacht is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit na heasnaimh a leigheas go tapa, go háirithe i gcás easnaimh thromchúiseacha.

Ina theannta sin, tugann an tionscnamh aird chuí ar phrionsabal na coimhdeachta trí bhunús a leagan síos le haghaidh comhordú feabhsaithe leis na meastóireachtaí a dhéantar faoi shásraí rialaithe cáilíochta agus sásraí faireacháin náisiúnta. Ceann de na cuspóirí is ea fócas an tSásra a dhíriú ar easnaimh a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar dhea-fheidhmiú limistéar Schengen ina iomláine. Ba cheart déileáil le saincheisteanna a bhfuil raon feidhme teoranta acu ar an leibhéal náisiúnta. Tá an cur chuige sin comhsheasmhach freisin le Rialachán (AE) 2019/1896, lena spreagtar sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta a fhorbairt faoi chomhchodanna an bhainistithe comhtháite teorainneacha san Eoraip.

Mar chríoch, chun déileáil go héifeachtach leis na heasnaimh a sainaithníodh san athbhreithniú gurb ann dóibh agus a ndearnadh tuilleadh anailíse orthu sa mheasúnú tionchair, tá gá le hathruithe reachtacha.

Comhréireacht

Foráiltear in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Maidir le foirm na gníomhaíochta sin, ba ghá foirm a roghnú a d’fhágfadh go bhféadfaí cuspóirí an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme ar shlí chomh héifeachtach agus is féidir.

Bunaíodh an Sásra in 2013 trí bhíthin Rialacháin, ós rud é go n‑éilíonn an Sásra sonrach seo rialacha soiléire maidir leis na freagrachtaí agus na nósanna imeachta, ar sásra é a chuirtear chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus atá á chomhordú ag an gCoimisiún. Athbhreithniú ar Rialachán atá sa tionscnamh atá beartaithe agus dá bhrí sin ní mór dó bheith i bhfoirm Rialacháin freisin.

Maidir leis an inneachar, scrúdaíodh comhréireacht na bpríomhghnéithe nua sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis (roinn 7.3).

I measc nithe eile, tá sé beartaithe leis an togra an próiseas meastóireachta a chuíchóiriú tríd an bpróiseas cinnteoireachta dhá chéim atá ann faoi láthair a shimpliú, ionas go nglacfadh an Coimisiún, mar riail ghinearálta, ní hamháin na tuarascálacha meastóireachta ach na moltaí freisin, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme amháin (faoi láthair, glacann an Coimisiún an tuarascáil agus togra le haghaidh Moltaí ón gComhairle). Is léir ón taithí a fuarthas le blianta beaga anuas go bhfuil an nós imeachta i bhfad níos faide mar gheall ar na moltaí a bheith á nglacadh ag an gComhairle (2-3 mhí ar an meán) agus go gcuireann an t‑ualach oibre iomarcach teorainn le cumhacht na Comhairle an piarbhrú is gá a chur agus plé ginearálta a dhéanamh ar staid Schengen. Leis an gcur chuige athbhreithnithe, féachtar leis na heasnaimh sin a leigheas ar bhealach comhréireach trína áirithiú go nglacfar na moltaí ón gComhairle sna cásanna sin a meastar go bhfuil an breisluach agus an tionchar is mó acu chun plé polaitiúil a stiúradh maidir le hábhair a bhfuil leas ginearálta ag baint leo ó thaobh fheidhmiú limistéar Schengen de, eadhon meastóireachtaí céaduaire agus easnaimh thromchúiseacha mar aon le meastóireachtaí téamacha, agus an tráth céanna an nós imeachta a shimpliú le haghaidh cásanna de chineál níos teicniúla. Cuireann an togra go mór le ról na Comhairle san obair leantach agus san fhaireachán a dhéantar ar dhul chun cinn na gcásanna sin, agus déanann sé foráil freisin maidir le sásra méadúcháin i gcás easpa dul chun cinn.

Mar chríoch, ní théann aon cheann de na hathruithe a mholtar sa tionscnamh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach i roinn 1 a bhaint amach, agus dá bhrí sin urramaítear leis an togra prionsabal na comhréireachta. Go deimhin, laghdóidh roinnt gnéithe den togra an t‑ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún.

An rogha ionstraime

Ós rud é go bhfuil sé i gceist leis an tionscnamh beartaithe sásra meastóireachta atá ann cheana a athbhreithniú agus a nuashonrú, ar sásra é a bunaíodh le Rialachán (Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013), is i bhfoirm Rialacháin a bheidh sé freisin.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

I gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin agus chuir sé tuarascáil i láthair mar aon le doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi an 25 Samhain 2020 29 . Mar a mhínítear i roinn 1, ba é sin túsphointe dréachtaithe an togra.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá an comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara cumhdaithe go mion sa mheasúnú tionchair 30 a ghabhann leis an togra seo. Tríd is tríd, tacaíonn na páirtithe leasmhara leis an Sásra a neartú chun é a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun a áirithiú gur féidir leis dul in oiriúint d’fhorbairtí reachtacha a rinneadh le déanaí agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua.

Measúnú tionchair 31

Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil agus ar thorthaí comhairliúcháin leathain leis na páirtithe leasmhara, dhréachtaigh an Coimisiún ceithre rogha beartais a bhfuil sraith beart iontu uile chun na cuspóirí a bhaint amach. Níl i Rogha 1 ach bearta oibríochtúla chun an cur chun feidhme a ailíniú leis na riachtanais atá ann faoi láthair. Is éard atá i Rogha 2 leasuithe reachtacha spriocdhírithe ar an Rialachán chun raon feidhme forálacha sonracha a shoiléiriú ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú maidir le hoibleagáidí na ngníomhaithe éagsúla lena mbaineann, agus nósanna imeachta atá ann cheana a chuíchóiriú agus a shimpliú. Is cur chuige níos uaillmhianaí í Rogha 3 lena ndéanfaí na simplithe atá sa chéad dá rogha maille le hathruithe tábhachtacha ar fheidhmiú an tSásra. Is cur chuige comhcheangailte é Rogha 4 lena dtugtar le chéile gnéithe ó na roghanna éagsúla ag brath ar réimse na hidirghabhála. Is roghanna iad seo a bhíonn ag tógáil ar a chéile, agus i bhformhór na gcásanna is bearta carnacha iad seachas roghanna malartacha, ag brath ar leibhéal na huaillmhéine. Sa phacáiste beartais tosaíochta (Rogha 4) comhcheanglaítear sraith beart ó roghanna 1, 2 agus 3.

Cuspóir Sonrach 1: Bearnaí i dtorthaí na meastóireachta a sheachaint agus fócas straitéiseach a mhéadú

Is í an rogha thosaíochta an raon feidhme atá ann faoi láthair a choimeád, ar raon feidhme é lena gcumhdaítear gach gné de acquis Schengen, agus na tosaíochtaí (réimsí beartais) a chur in oiriúint do na dhálaí nua le clársceidealú níos solúbtha agus an timthriall meastóireachta a shíneadh ó chúig bliana go seacht mbliana. Cinneadh gan raon feidhme an tSásra a mhéadú chun saincheisteanna lasmuigh de acquis Schengen a chumhdach (e.g. i réimse an bheartais tearmainn), mar gheall ar chúiseanna dlíthiúla den chuid is mó, ach ar chúiseanna polaitiúla chomh maith céanna, ar rogha í nach dtacaíonn go leor Ballstát léi. Coinneofar an struchtúr atá ann faoi láthair ar mheastóireachtaí de réir réimsí beartais ach beidh sé níos solúbtha. Níor measadh go raibh sé indéanta go praiticiúil faoi láthair bogadh go meastóireacht uilechuimsitheach amháin in aghaidh an Bhallstáit (ach dírítear air sin sa mheántéarma). Moltar athruithe uaillmhianacha reachtacha, áfach, maidir le foirmeacha agus modhanna na ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin chun raon na n‑uirlisí atá ar fáil a leathnú agus na critéir agus na coinníollacha a bhaineann lena n‑úsáid a shoiléiriú: meastóireachtaí téamacha córasacha, dhá chineál cuairteanna gan réamhfhógra le fógra 24 uair an chloig nó gan an fógra sin ag brath ar an gcuspóir, agus dhá chineál athchuairteanna (‘athchuairteanna i dtaca le heasnaimh thromchúiseacha’ agus ‘cuairteanna fíorúcháin’).

Cuspóir Sonrach 2: Na róil agus dáileadh na bhfreagrachtaí a chuíchóiriú agus próisis agus nósanna imeachta a shimpliú

Sa phacáiste beartais tosaíochta, tá leasuithe chun próisis a luathú agus nósanna imeachta a shimpliú mar aon le hathruithe uaillmhianacha dlí chun an nós imeachta cinnteoireachta a mhodhnú. Dí‑aicmiú tuarascálacha meastóireachta, mar riail, teorainneacha ama dlíthiúla a shocrú le haghaidh na tuarascálacha meastóireachta agus na moltaí a ghlacadh, measúnú simplithe an Choimisiúin ar na pleananna gníomhaíochta agus minicíocht laghdaithe na n‑oibleagáidí tuairiscithe atá ar na Ballstáit, leis na nithe sin déanfar na nósanna imeachta a luathú agus a éascú agus tacaíonn páirtithe leasmhara leo go ginearálta. Maidir leis an athrú atá beartaithe sa nós imeachta cinnteoireachta, ar dá réir a ghlacann an Coimisiún na tuarascálacha meastóireachta agus na moltaí araon (agus ról na Comhairle a choinneáil ar bun an tráth céanna sa chuid is mó de na cásanna is ábhartha ó thaobh na polaitíochta de), leanfaidh na Ballstáit de bheith rannpháirteach go hiomlán i nglacadh na dtuarascálacha meastóireachta agus na moltaí tríd an nós imeachta scrúdúcháin.

Cuspóir Sonrach 3: Cur chun feidhme na gcoimircí maidir le cearta bunúsacha faoi acquis Schengen a neartú

Is í an rogha thosaíochta athruithe a thabhairt isteach chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú maidir le gnéithe atá ábhartha i ndáil le cearta bunúsacha agus béim a chur ar an tábhacht a bhaineann leo. Tá sé beartaithe tagairt do chur isteach rialta anailísí riosca ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha a áireamh, an tagairt do chearta bunúsacha a neartú i dtaca le hoiliúint a chur ar fáil, rannpháirtíocht Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha i gcuairteanna meastóireachta a mhéadú, agus airteagal sonrach a áireamh maidir le húsáid fianaise arna soláthar ag tríú páirtithe.

I dteannta na ngnéithe thuasluaite, tá roinnt athruithe teicniúla sa togra chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an tSásra a mhéadú. Ar bhonn aonair, ní bhaineann ach tionchar dearfach sách teoranta le gach ceann acu (agus sin é an fáth nach raibh siad faoi réir an mheasúnaithe tionchair), ach is tionchar dearfach é an tionchar iomlán atá ag na bearta sin.

Cuspóir Sonrach 4: Rannpháirtíocht saineolaithe ó na mBallstát a bharrfheabhsú mar aon le rannpháirtíocht comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE

Tá leasuithe dlíthiúla sa phacáiste beartais tosaíochta chun an próiseas maidir le saineolaithe a ainmniú a athrú trí dhíorma buan saineolaithe a chruthú a bheidh faoi bhainistiú an Choimisiúin, agus an tráth céanna solúbthacht a thabhairt maidir le méid na bhfoirne a chinneadh. Sa bhreis air sin, leis na hathruithe atá beartaithe, uasmhéadaítear an t‑ionchur ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE agus ó shásraí rialaithe cáilíochta eile agus cuirtear feabhas ar an gcomhordú leo, trí anailís riosca agus comhordú a fheabhsú agus trí rannpháirtíocht le hoibleagáidí dlíthiúla nua a neartú. Bhí tacaíocht leathan do na bearta sin i measc na bpáirtithe leasmhara.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Laghdóidh roinnt gnéithe den togra an t‑ualach riaracháin ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún, agus ar an gComhairle go háirithe sa chéim cinnteoireachta (ós rud é nach mbeadh ar an gComhairle moltaí a eisiúint i ngach cás) agus sa chéim faireacháin, tríd an minicíocht a laghdú i ndáil leis na ceanglais maidir le tuairisciú ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta agus tríd an measúnú ar na pleananna gníomhaíochta sin ag an gCoimisiún a shimpliú. Moltar nósanna imeachta simplithe agus níos tapa freisin le haghaidh na céime meastóireachta a mhéid a bhaineann leis na modhanna agus na huirlisí meastóireachta, le cur ar bun na bhfoirne agus le glacadh na dtuarascálacha meastóireachta. Cuireadh meastacháin chainníochtaithe, a mhéid is féidir, ar fáil sa mheasúnú tionchair.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo urramaítear na cearta bunúsacha a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus tugtar isteach athruithe reachtacha sonracha chun a áirithiú go bhfuil oibleagáidí maidir le cearta bunúsacha cumhdaithe go soiléir faoin Sásra.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá ráiteas airgeadais i gceangal leis an togra seo. Cosnaíonn sé tuairim is EUR 2 milliún ar an gCoimisiún gach bliain chun an Sásra a reáchtáil. Coinneofar an leibhéal caiteachais sin ar bun; ní éilíonn an togra méadú ar na hacmhainní daonna agus airgeadais atá leithdháilte cheana féin don Choimisiún. Is é an phríomhchúis atá leis sin, an tsraith athruithe a bhfuil laghdú ar an ualach riaracháin ar an gCoimisiún mar thoradh uirthi agus na forálacha lenar féidir meastóireachtaí níos spriocdhírithe (agus níos giorra fós) a dhéanamh le foirne níos lú. Le linn na hoibre ar an measúnú tionchair, bhí an Coimisiún treoraithe ag an bprionsabal gur cheart éifeachtúlacht agus éifeachtacht an tSásra a mhéadú gan acmhainní breise daonna agus airgeadais a bheith de dhíth.

Leanfar de chostais arna dtabhú ag saineolaithe ó na mBallstát a aisíoc agus ní mheastar go mbeidh aon mhéadú ann ina leith sin ach an oiread. De bharr na n‑athruithe atá beartaithe, déanfar níos mó ar bhealach níos éifeachtúla leis na hacmhainní céanna.

5.EILIMINTÍ EILE

Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa laistigh de sé mhí ó ghlacadh na dtuarascálacha meastóireachta uile maidir leis na meastóireachtaí a chumhdaítear leis an gcéad timthriall meastóireachta ilbhliantúil seacht mbliana faoin Rialachán nua.

Mar chuid den mheasúnú tionchair agus i gcomhréir le rialacha maidir le rialáil níos fearr, forbraíodh liosta neamh‑uileghabhálach de tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a úsáidfear don athbhreithniú. Ina theannta sin, tá uirlis nua TF á forbairt ag an gCoimisiún chun nuachóiriú a dhéanamh ar an bhfaireachán a dhéanann na Ballstáit ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta. Meastar go mbeidh an uirlis sin ag feidhmiú cheana féin in 2021.

Na hiarmhairtí atá ag na prótacail éagsúla atá i gceangal leis na Conarthaí agus ag na comhaontuithe comhlachais a tugadh i gcrích le tríú tíortha

Toisc go bhfuil an bunús dlí don togra seo le fáil i dTeideal V de Chuid a Trí CFAE, tá feidhm ag an gcóras ‘geoiméadrachta athraithí’, dá bhforáiltear i bprótacail maidir le seasamh na Danmhairge agus na hÉireann agus i bprótacal Schengen. Is forbairt é an togra ar acquis Schengen. Ní foláir iarmhairtí an togra seo do phrótacail éagsúla agus do chomhaontuithe comhlachais Schengen éagsúla a mheas i ndáil leis na tíortha seo a leanas: an Danmhairg agus Éire; an Íoslainn agus an Iorua; agus an tSualainn agus Lichtinstéin. Ar an dóigh chéanna, ní foláir na hiarmhairtí maidir leis na hIonstraimí Aontachais éagsúla a mheas. Tá tuairisc mhionsonraithe ar chás gach ceann de na Stáit lena mbaineann sna haithrisí críochnaitheacha den togra seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Comparáid airteagal ar airteagal le forálacha an Rialacháin atá ann faoi láthair:

Airteagal 1 – Ábhar agus raon feidhme

Tá an t‑airteagal gan athrú den chuid is mó, ach déanann sé cuspóir an tSásra a shoiléiriú (‘a áirithiú go ndéanann na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin go gcuidíonn siad le limistéar dea-fheidhmiúil a bheith ann gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha’). Aistríodh mír 3 go hAirteagal 15 (‘saineolaithe ó na Ballstáit’).

Airteagal 2 – Sainmhínithe

Cuireadh isteach roinnt sainmhínithe nua chun soiléireacht dhlíthiúil a thabhairt agus chun inléiteacht an Rialacháin a mhéadú. Cuirtear isteach an sainmhíniú ar ‘easnamh tromchúiseach’ chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus chun comhthuiscint ar an gcoincheap a áirithiú. Tá an sainmhíniú ag brath ar an sainmhíniú atá in úsáid faoi láthair i ‘Treoir Mheastóireachta Schengen’, ar treoir de chuid an Choimisiúin í. Tugtar sainmhínithe san airteagal freisin ar ‘meastóireacht céaduaire’, ‘meastóireacht thréimhsiúil’, ‘meastóireacht gan réamhfhógra’, ‘meastóireacht théamach’, ‘cuairt’, ‘athchuairt’, ‘cuairt fíorúcháin’, ‘gníomhaíocht mheastóireachta’ agus ‘foireann’.

Airteagal 3 – Freagrachtaí agus dualgas comhair

Ní thugtar aon athrú suntasach isteach. Aistríodh na míreanna 4 agus 5 nua anseo ó Airteagal 13 toisc gur freagrachtaí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún atá iontu go bunúsach.

Airteagal 4 – Foirmeacha na meastóireachtaí

Ar mhaithe le soiléireacht a thabhairt, cuireann an t‑airteagal leis na sainmhínithe trí fhoirmeacha na meastóireachtaí a liostú agus déanann sé na coinníollacha maidir le meastóireachtaí gan réamhfhógra agus meastóireachtaí téamacha a shonrú.

Airteagal 5 – Foirmeacha na ngníomhaíochtaí faireacháin

Ar mhaithe le soiléireacht a thabhairt, liostaítear san airteagal na foirmeacha na ngníomhaíochtaí faireacháin.

Airteagal 6 – Modhanna meastóireachta agus faireacháin

Ar an gcaoi chéanna, ar mhaithe le soiléireacht a thabhairt, liostaítear san airteagal na modhanna atá le húsáid le haghaidh gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin, i.e. cuairteanna (le réamhfhógra nó gan réamhfhógra), ceistneoirí nó modhanna cianda eile, e.g. físchomhdhálacha. Sonraítear ann go bhféadfar na modhanna sin a úsáid go neamhspleách nó in éineacht le chéile.

Airteagal 7 – Comhar leis na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE

Treisíonn an t‑airteagal nua seo an tábhacht a bhaineann le dlúthchomhar a bhunú chun críocha an Rialacháin seo le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE ábhartha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme acquis Schengen (go háirithe Frontex, eu-LISA agus Europol). Tagraítear go sainráite ann don ghá atá leis an gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha a threisiú freisin. Ar bhonn an airteagail seo, leanfaidh an Coimisiún d’fhaisnéis ábhartha, sonraí staidrimh agus anailísí riosca a iarraidh ar na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí sin. Beidh comhroinnt na faisnéise cómhalartach: foráiltear in airteagal ina dhiaidh sin (Airteagal 10) go bhféadfaidh an Coimisiún sonraí i ndáil le tuarascálacha meastóireachta, pleananna gníomhaíochta agus nuashonruithe ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta a chomhroinnt leo chun na sineirgí a mhéadú agus chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint.

Airteagal 8 – Comhar le Frontex

Is leagan oiriúnaithe d’Airteagal 7 den Rialachán atá ann faoi láthair é an t‑airteagal seo a dhéanann forbairt an Rialacháin maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach a chur san áireamh.

Airteagal 9 – Comhar le Europol

Bunaithe ar an togra ón gCoimisiún 32 chun Rialachán Europol a leasú, tugtar crostagairt san airteagal seo d’Airteagal 4(1)(s) de Rialachán (AE) 2016/794 33 , ar dá réir a bheidh ar Europol tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo le saineolas, anailís, tuarascálacha agus faisnéis ábhartha eile. Tá an téacs ar feitheamh go dtí go nglacfar an togra.

Airteagal 10 – Sineirgí le gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin eile

Chun an fócas straitéiseach a mhéadú agus chun meastóireacht níos spriocdhírithe a dhearadh, éilíonn an t‑airteagal go mbainfear níos mó sineirgí as na sásraí agus na hardáin ábhartha atá faoi chúram gníomhaireachtaí AE agus riaracháin náisiúnta amhail an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), nó an fhormhaoirseacht a dhéanann eu-LISA a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit a ullmhú le haghaidh chur chun feidhme na gcóras TF ábhartha mar aon leis na torthaí ó na sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta nó sásraí faireacháin neamhspleácha. Foráiltear leis an airteagal freisin gur cheart na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí a bheith ina soláthraithe faisnéise, agus ní hamháin sin ach ina dtairbhithe freisin, agus ar an gcaoi sin, gur cheart an Coimisiún a bheith in ann sonraí i ndáil le tuarascálacha meastóireachta, pleananna gníomhaíochta agus nuashonruithe ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta a chomhroinnt leo.

Airteagal 11 – Faisnéis ó thríú páirtithe

IS é an t‑airteagal seo an bunús dlí le haghaidh úsáid faisnéise arna soláthar ag tríú páirtithe (e.g. oifigí ombudsman, údaráis a dhéanann faireacháin ar urramú na gceart bunúsach, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta) chun an clársceidealú agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí meastóireachta a dhéanamh níos éifeachtúla. D’fhéadfadh faisnéis den sórt sin a bheith úsáideach go háirithe chun meastóireacht a dhéanamh ar urramú na gceart bunúsach i gcur chun feidhme acquis Schengen.

Airteagal 12 – Clár meastóireachta ilbhliantúil

Chun bheith in ann na meastóireachtaí uile is gá a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtaí, chun bheith in ann freagairt do dhúshláin atá ag teacht chun cinn, chun úsáid níos solúbtha agus níos cothroime a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil, agus chun foráil a dhéanamh maidir le faireachán níos dlúithe agus níos spriocdhírithe, déantar téarma an chláir ilbhliantúil a shíneadh ó chúig bliana go seacht mbliana. Déantar cur síos san airteagal ar inneachar an chláir meastóireachta ilbhliantúil ina sainaithneofar na réimsí tosaíochta sonracha a chumhdófar leis na meastóireachtaí tréimhsiúla. Leagfaidh sé amach freisin liosta sealadach de na Ballstáit atá le bheith faoi réir na meastóireachtaí tréimhsiúla i mbliain ar leith. Tugtar nós imeachta simplithe isteach freisin chun an clár a choigeartú, ar dá réir a fhéadfaidh sé nach gá leasú ar an gclár, i.e. an gníomh cur chun feidhme lena mbaineann, mar thoradh ar imeachtaí agus imthosca force majeure. Is léir ón taithí a fuarthas le blianta beaga anuas go bhfuil gá le solúbthacht den sórt sin. Mar gheall ar phaindéim COVID-19, b’éigean an clár meastóireachta bliantúil le haghaidh 2020 a leasú. Ina theannta sin, is minic a bhíonn teagmhais gan choinne ag baint le meastóireachtaí i réimse an chomhbheartais víosaí, ós rud é go mbíonn siad ar siúl i dtríú tíortha. Is é an toradh a bhí ar theagmhais den sórt sin, leasú a dhéanamh ar an gclár, rud a mbíonn go leor ama ag teastáil ina leith.

Airteagal 13 – Clár meastóireachta bliantúil

Gan aon mhórathrú i gcomparáid leis an airteagal comhfhreagrach atá ann faoi láthair (Airteagal 6). Sa chlár meastóireachta bliantúil beidh tograí le haghaidh meastóireachtaí tréimhsiúla ar Bhallstáit mar a shonraítear sa chlár meastóireachta ilbhliantúil; meastóireacht chéaduair ar Bhallstát (más gá) agus meastóireacht théamach amháin ar a laghad. Cuimseoidh sé sceideal ama sealadach de na meastóireachtaí sin, ach ní gá go gcuimseodh sé na suíomhanna a dtabharfar cuairt orthu/ a ndéanfar meastóireacht orthu. Ní dhéanfar meastóireachtaí gan réamhfhógra a chlársceidealú a thuilleadh ach déanfar iad a eagrú ar ghearrfhógra de réir mar is gá. Níl aon tionchar aige sin ar na Ballstáit ach éascóidh sé pleanáil inmheánach agus nósanna imeachta sa Choimisiún agus méadóidh sé solúbthacht agus inniúlacht chun freagairt d’imthosca nua. Ar aon dul leis an gclár ilbhliantúil, tugtar nós imeachta simplithe isteach chun an clár a choigeartú mar thoradh ar theagmhais agus imthosca force majeure.

Airteagal 14 – Ceistneoir caighdeánach

Gan aon athrú suntasach i gcomparáid leis an airteagal comhfhreagrach atá ann faoi láthair (Airteagal 9). Ní bheidh sé riachtanach ceistneoir caighdeánach nua a ghlacadh mar gheall ar ghlacadh an Rialacháin nua (Airteagal 31). Ba cheart leanúint den cheann atá ann faoi láthair a úsáid. Coigeartaíodh an sprioc-am chun an ceistneoir a sheoladh amach agus chun na freagraí a fháil ó na Ballstáit lena n‑áirithítear nár cheart (nó ní gá gur cheart) an chuid is mó den obair ar thaobh na mBallstát a dhéanamh le linn thréimhse saoire an tsamhraidh. Ina theannta sin, sonraítear gur cheart do na Ballstáit, ar iarraidh ón gCoimisiún, a bhfreagraí ar an gceistneoir caighdeánach a nuashonrú agus, má iarrtar sin orthu, freagra a thabhairt ar cheisteanna comhlántacha roimh mheastóireachtaí sonracha, agus gur cheart dóibh na torthaí ó shásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta agus ó iniúchtaí inmheánacha a chur ar fáil. Áirithítear leis an bhforáil sin go mbeidh gach faisnéis ábhartha agus cothrom le dáta ar fáil do na foirne chun meastóireachtaí sonracha a dhéanamh go héifeachtúil.

Airteagal 15 – Saineolaithe ó na Ballstáit

Gan aon athrú suntasach i gcomparáid leis an airteagal atá ann faoi láthair (Airteagal 12). Aistríodh mír 2 anseo ón Airteagal 1 atá ann faoi láthair.

Airteagal 16 – Oiliúint na saineolaithe

Measadh go raibh sé inmhianaithe an fhoráil maidir le hoiliúint a atreisiú trí airteagal sonrach a thabhairt isteach maidir leis an ábhar sin; agus béim a leagan ar a thábhachtaí atá na ceisteanna ábhartha uile maidir le cearta bunúsacha i gcúrsaí oiliúna agus rannpháirtíocht chórasach na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha ina leith sin. Déantar tagairt shonrach don ghá atá ann na curaclaim oiliúna tosaigh a choimeád cothrom le dáta agus oiliúint athnuachana a eagrú. Ina theannta sin, féadfar ‘breathnóir’ ó Bhallstát nó ón gCoimisiún a bheith ar gach foireann mheastóireachta. Beidh taithí ag na saineolaithe ‘sóisearacha’ sin ar mheastóireachtaí sula nglacann siad páirt iontu mar bhaill foirne lánfheidhme. Mar bhreathnóirí, d’fhéadfaí a chur de chúram orthu cúnamh teicniúil a chur ar fáil (mar a shonraítear in Airteagal 18) ach níor cheart dóibh a bheith rannpháirteach i bpríomhobair na bhfoirne (measúnú ar thorthaí agus dréachtú). Mar sin féin, is é an Coimisiún a sheasfaidh na costais i gcomhréir le hAirteagal 3.

Airteagal 17 – Díorma saineolaithe ó na Ballstáit

Is é is aidhm don airteagal nua seo, mar a mínítear go mion faoi roinn 1 cheana féin, a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach saineolaithe a bhfuil taithí acu rannpháirteach i ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin agus go gcuirfear na foirne ar bun ar bhealach níos tapa, ar bealach é nach mbeidh ualach chomh trom céanna ag baint leis. Leis an díorma, beidh níos mó intuarthachta agus solúbthachta ann. San airteagal, déantar foráil maidir le rialacha mionsonraithe agus sprioc-amanna i ndáil leis an díorma a chur ar bun agus sainítear na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit. Bítear ag súil leis go dtabharfaidh baill an díorma agus na húdaráis náisiúnta freagra dearfach ar chuirí sonracha; níor cheart diúltú leo ach amháin ar chúiseanna tromchúiseacha gairmiúla nó pearsanta.

Airteagal 18 – Na foirne a chur ar bun

San airteagal seo déantar na hairteagail chomhfhreagracha 10 agus 11 atá ann faoi láthair a chumasc agus a leasú. Foráiltear leis, mar riail ghinearálta, go roghnófar na baill foirne ón díorma saineolaithe nuachurtha ar bun (féach Airteagal 17) agus acmhainneacht na riarachán náisiúnta níos lú á cur san áireamh. Mar sin féin, glao a eisiúint chuig na Ballstáit go léir, arb é an bealach chun saineolaithe a fháil faoi láthair é, coinnítear an bealach sin mar fhéidearthacht bhreise le haghaidh cásanna i nach mbeidh an Coimisiún in ann líon leordhóthanach saineolaithe a fháil ón díorma. Beidh solúbthacht ann maidir le líon na saineolaithe ar na foirne. Saineoidh an Coimisiún méid na bhfoirne ag brath ar na riachtanais agus na dúshláin a bhaineann le gach gníomhaíocht meastóireachta agus faireacháin. Nuair atá na foirne á gcur le chéile, déanfaidh an Coimisiún cothromaíocht gheografach agus uainíocht a áirithiú agus cuirfear san áireamh acmhainneacht na riarachán náisiúnta agus an gá le héagsúlacht próifílí. Tá rialacha san airteagal freisin maidir le príomhshaineolaithe a ainmniú agus a roghnú agus leagtar amach na príomhfhreagrachtaí atá orthu.

Airteagal 19 – Cuairteanna a dhéanamh

Is é an príomhathrú i gcomparáid leis an airteagal comhfhreagrach atá ann faoi láthair (Airteagal 13) go ndéanfar, mar riail ghinearálta, cuairteanna gan réamhfhógra ar an láthair gan fógra a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann. Is fíor sin go háirithe nuair is é is cuspóir don chuairt meastóireacht a dhéanamh ar chleachtais ag teorainneacha inmheánacha (faoi mar atá faoi láthair); má thagann an Coimisiún ar an eolas faoi fhadhbanna córasacha nó fadhbanna atá ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh tionchar diúltach suntasach a bheith acu ar fheidhmiú limistéar Schengen; nó má líomhnaítear go bhfuil Ballstát ag déanamh faillí thromchúiseach ar a oibleagáidí faoi acquis Schengen, lena n‑áirítear líomhaintí tromchúiseacha maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a bhaineann le cur chun feidhme acquis Schengen. Is eisceacht a bheidh ann fógra a thabhairt 24 uair an chloig roimh ré i gcásanna inarb é príomhchuspóir na cuairte gan réamhfhógra, gnáthfhíorú a dhéanamh ar chur chun feidhme acquis Schengen. Tugtar le fios go soiléir san airteagal go bhféadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh leis an gclár mionsonraithe le haghaidh cuairteanna: cuairteanna ar údaráis agus comhlachtaí náisiúnta, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirnáisiúnta, agus ar eintitis, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme acquis Schengen, atá rannpháirteach ann nó a mbaineann an cur chun feidhme sin leo, mar aon le cruinnithe leis na grúpaí sin uile, agus obair i gcomhar á déanamh leis an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air.

Airteagal 20 – Modhanna cianda

Sonraítear san airteagal go bhféadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, Treoirlínte a bhunú maidir gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh trí bhíthin ceistneoirí nó modhanna cianda eile (e.g. físchomhdhálacha). Cé go bhfuil treoirlínte ann maidir le cuairteanna a dhéanamh, ní ann do threoirlínte den sórt sin maidir le meastóireachtaí a dhéanamh trí bhíthin ceistneoirí nó modhanna cianda. Tá foráil chomhchosúil ann cheana (foráil a choimeádtar in Airteagal 19) maidir le cuairteanna gan réamhfhógra a dhéanamh.

Airteagal 21 – Tuarascálacha meastóireachta

Tugtar isteach athruithe tábhachtacha chun an nós imeachta a luathú agus a dhéanamh níos éifeachtaí, go háirithe trí sprioc-amanna nua agus níos giorra thabhairt agus trína éileamh go nglacfar na tuarascálacha tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis na meastóireachta.

Beidh na tuarascálacha meastóireachta níos dírithe, agus beidh torthaí substaintiúla iontu; go príomha, dea-chleachtais nó cleachtais neamhchomhlíontacha. Mar sin féin, coimeádtar an chatagóir ‘comhlíontach ach feabhas ag teastáil’, go háirithe toisc gur léiríodh gur uirlis úsáideach í chun leibhéal chur chun feidhme acquis Schengen a ardú go caighdeáin arda agus comhchuibhiú breise a áirithiú an tráth céanna. Beidh moltaí sna tuarascálacha freisin, mar riail ghinearálta, agus leanfar dá nglacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme faoin nós imeachta scrúdúcháin. Tugtar míniú breise ina leith sin faoi alt 2 (‘Comhréireacht’) agus leagtar amach eisceachtaí ón riail ghinearálta in Airteagail 23, 24 agus 25 (féach thíos).

Airteagal 22 – Bearta leantacha agus faireachán

Tugtar isteach roinnt athruithe suntasacha, ar an gcéad dul síos chun a áirithiú go leigheasfar na heasnaimh ar bhealach níos tapa agus chun an t‑ualach riaracháin a eascraíonn ó mhinicíocht na hoibleagáide tuairiscithe a laghdú freisin. Déanfar plean gníomhaíochta i ndiaidh gach tuarascáil mheastóireachta. Tabharfaidh seirbhísí an Choimisiúin a gcuid tuairimí maidir leis na pleananna gníomhaíochta, cuir i gcás trí bhíthin litreacha riaracháin, seachas trí Theachtaireachtaí foirmiúla ón gCoimisiún, mar a dhéantar faoin Rialachán atá ann faoi láthair. Más rud é go nach measann seirbhísí an Choimisiún gur sásúil an plean gníomhaíochta, cuirfidh an Ballstát plean gníomhaíochta athbhreithnithe isteach laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a fuair siad na tuairimí. Mar riail ghinearálta, laghdófar minicíocht an tuairiscithe leantaigh ó thrí mhí go sé mhí. Mar sin féin, mar ghné nua, níor cheart na tuarascálacha leantacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin amháin, ach faoi bhráid na Comhairle freisin. Mar chuid dá ghníomhaíochtaí faireacháin féadfaidh an Coimisiún athchuairteanna agus cuairteanna fíorúcháin a eagrú. Ó thaobh na gceanglas eagraíochtúla agus tuairiscithe de, beidh na cuairteanna sin níos éadroime ná cuairteanna meastóireachta. Treiseofar ról Pharlaimint na hEorpa agus ról na Comhairle sa chéim faireacháin: cuirfidh an Coimisiún ar an eolas iad dhá uair sa bhliain ar a laghad faoi staid chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta, faoi thoradh athchuairteanna agus cuairteanna fíorúcháin, agus má fheictear dó go bhfuil easpa mhór dul chun cinn ann ó thaobh plean gníomhaíochta a chur chun feidhme.

Airteagal 23 – Forálacha sonracha i gcás easnamh tromchúiseach ar sainaithníodh sa tuarascáil mheastóireachta gurb ann dó

Tá forálacha sonracha san airteagal seo i gcás ina n‑aithnítear sa mheastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach. Tugtar rannpháirtíocht níos dlúithe don Chomhairle, nósanna imeachta níos tapa agus spriocdhátaí níos déine. Glacann an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta agus glacfaidh an Chomhairle na moltaí ar leithligh ón tuarascáil mheastóireachta. Déanfar sprioc-amanna dochta a fhorchur ar an gCoimisiún (chun an tuarascáil a ghlacadh) agus ar an gComhairle (chun na moltaí a ghlacadh). Beidh feidhm ag rialacha nós imeachta níos déine sa chéim faireacháin: tosóidh an Ballstát ar ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur chun feidhme láithreach tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin easnamh tromchúiseach agus cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit ar an eolas gan mhoill. Cuirfear ceangal ar an mBallstát a phlean gníomhaíochta a chur ar fáil laistigh de mhí amháin agus eagróidh an Coimisiún athchuairt atá le déanamh tráth nach déanaí ná bliain amháin ó dháta na gníomhaíochta meastóireachta. Tar éis na hathchuairte, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil athchuairte faoi bhráid na Comhairle, tuarascáil ina gcuirfear in iúl an seasamh atá aige maidir leis an tuarascáil. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin rún atá aige an plean gníomhaíochta a thabhairt i gcrích agus iarrfar ar an gComhairle a seasamh a chur in iúl maidir leis an tabhairt i gcrích atá beartaithe. I gcás easnaimh thromchúiseacha ag na teorainneacha seachtracha, féadfaidh feidhm a bheith ag Airteagail 21 agus 29 de Chód Teorainneacha Schengen.

Airteagal 24 – Forálacha sonracha maidir le meastóireachtaí céaduaire

Tá gá le rialacha sonracha freisin le haghaidh meastóireachtaí céaduaire. Ar an gcaoi chéanna le cásanna ina n‑aithnítear sa mheastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach, tugtar rannpháirtíocht níos dlúithe don Chomhairle, nósanna imeachta tapa agus sprioc-amanna diana (ach ní chomh dian céanna leis na cinn in Airteagal 23), mar aon le rialacha níos déine sa chéim faireacháin.

Airteagal 25 – Foráil shonrach maidir le meastóireachtaí téamacha

Déantar foráil maidir le rannpháirtíocht níos dlúithe a bheith ag an gComhairle i meastóireachtaí téamacha, ar an gcaoi chéanna le meastóireachtaí céaduaire. Measadh nach raibh gá le forálacha sonracha maidir leis an gcéim faireacháin.

Airteagal 26 – Faisnéis íogair

I bprionsabal, ní dhéanfar tuarascálacha meastóireachta agus athchuairte a rúnaicmiú mar dhoiciméid ‘RESTREINT UE/EU RESTRICTED’ a thuilleadh. Cinnfear a stádas i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme. Is féidir rúnaicmiúchán a dhéanamh i gcónaí freisin ar iarraidh chuí‑réasúnaithe ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air.

Airteagal 27 – Coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na hÉireann

Leanann an t‑airteagal an t‑airteagal comhfhreagrach atá ann faoi láthair (Airteagal 18), gan an Ríocht Aontaithe a lua.

Airteagal 28 – Tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle

Leanann an t‑airteagal an t‑airteagal comhfhreagrach atá ann faoi láthair (Airteagal 20). Déanann an tuarascáil bhliantúil chuimsitheach na hoibleagáidí tuairiscithe ath‑threisithe faoi Airteagal 22 a chomhlánú. Pléifidh an Chomhairle an tuarascáil agus glacfaidh sí conclúidí ina leith.

Airteagal 29 – Nós imeachta coiste

Leanann an t‑airteagal, den chuid is mó, an t‑airteagal comhfhreagrach atá ann faoi láthair (Airteagal 21).

Airteagal 30 – Athbhreithniú

Leanann an t‑airteagal an t‑airteagal comhfhreagrach atá ann faoi láthair (Airteagal 22).

Airteagal 31 – Aisghairm

Leis an airteagal seo aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, le héifeacht ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin nua.

Airteagal 32 – Forálacha idirthréimhseacha

San airteagal seo foráiltear maidir le clár ilbhliantúil nua a ghlacadh, clár a chuirfí ar bun faoin 1 Samhain 2022 agus a chuirfí tús leis an 1 Eanáir 2023. Is féidir na dátaí sin a oiriúnú ag brath ar luas na caibidlíochta maidir leis an togra.

Ós rud é go gcuirfear deireadh leis an gclár ilbhliantúil atá ann faoi láthair leath bealaigh tríd (i mí Eanáir 2023), sonraítear san fhoráil gur cheart na meastóireachtaí a rinneadh cheana faoin dara clár ilbhliantúil a glacadh faoin Rialachán atá ann faoi láthair, gur cheart na meastóireachtaí sin a chur san áireamh sa chlár ilbhliantúil nua. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin go dtosóidh an clár ilbhliantúil seacht mbliana nua le meastóireacht ar na Ballstáit nach ndearnadh meastóireacht orthu faoin timthriall atá ann faoi láthair, agus, a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit a ndearnadh meastóireacht orthu cheana idir 2020 agus teacht i bhfeidhm na rialacha nua, go gcuirfear na Ballstáit sin isteach ag deireadh an timthrialla meastóireachta nua.

Soiléirítear san airteagal freisin go n‑úsáidfear an ceistneoir caighdeánach a glacadh faoin Rialachán atá ann faoi láthair go dtí go mbunófar an ceistneoir caighdeánach dá bhforáiltear faoi Airteagal 14 den Rialachán seo.

Airteagal 33 – Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Chun úsáid a bhaint as gnóthachain éifeachtúlachta uile an Rialacháin nua a luaithe agus is féidir, leagtar síos sprioc-am uaillmhianach san airteagal maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin nua (ón [1 Meán Fómhair 2022]), sprioc-am ar féidir é a choigeartú le linn na caibidlíochta ar an togra.

2021/0140 (CNS)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 70 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 34 ,

Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá limistéar Schengen atá gan rialú teorann ag na teorainneacha inmheánacha ag brath ar na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach éifeachtúil. Is éard atá san acquis bearta i réimse na dteorainneacha seachtracha, bearta cúitimh i ngeall ar an easpa rialuithe ag teorainneacha seachtracha agus creat faireacháin láidir, ar bearta iad a éascaíonn an tsaorghluaiseacht agus a áirithíonn ardleibhéal slándála, ceartas agus cosaint na gceart bunúsach, lena náirítear cosaint sonraí slándála.

(2)Ó bhí 1998 ann, is buneilimint de limistéar Schengen é an mheastóireacht agus an faireachán idir phiaraí a dhéantar ar chur i bhfeidhm acquis Schengen, rudaí ar uirlisí iad chun ardleibhéal freagrachta agus úinéireachta a choinneáil ar bun i leith na dtorthaí agus chun iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit a neartú freisin.

(3)Bunaíodh sásra sonrach Schengen um meastóireacht agus faireachán le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 35 a cuireadh chun feidhme in 2015.

(4)Ba cheart feabhas a chur ar shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen ar mhaithe lena éifeachtacht agus lena éifeachtúlacht a mhéadú. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an sásra meastóireachta agus faireacháin athbhreithnithe ardleibhéal iontaoibhe frithpháirtí idir na Ballstáit a choinneáil ar bun trína ráthú go ndéanann na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach, de réir na gcaighdeán coiteann, na mbunphrionsabal agus na nósanna a comhaontaíodh, sa chaoi go gcuideofar le dea-fheidhmiú limistéar Schengen.

(5)Is trí mheastóireachtaí oibiachtúla neamhchlaonta ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin na spriocanna sin a bhaint amach, meastóireachtaí lenar féidir easnaimh a shainaithint i gcur i bhfeidhm acquis Schengen a d’fhéadfadh cur isteach ar fheidhmiú ceart limistéar Schengen, lenar féidir a áirithiú go réiteofaí na heasnaimh sin go tapa agus lenar féidir bonn a thabhairt le hidirphlé ar fheidhmiú limistéar Schengen trí chéile. Chuige sin, tá gá le dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, na comhfhreagrachtaí a dháileadh ar bhealach cothrom agus gné phiarmheasúnaithe an chórais a choinneáil ar bun. Sa bhreis air sin, tá gá le rannpháirtíocht níos dlúithe ó Pharlaimint na hEorpa. I bhfianaise mhéid na nathruithe, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad.

(6)Féadfaidh an sásra meastóireachta agus faireacháin réimsí uile limistéar Schengen atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chumhdach, seachas na cinn a bhfuil sásra meastóireachta sonrach ann dóibh cheana faoi dhlí an Aontais. Ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin an reachtaíocht ábhartha uile a chuimsiú maille le gníomhaíochtaí oibríochtúla a chuidíonn le feidhmiú limistéar Schengen.

(7)I ngach meastóireacht, ba cheart aird a thabhairt ar dhea-fheidhmiú na núdarás a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm, i gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an 1 agus 2 Márta 2012. Ina theannta sin, ba cheart don mheastóireacht cleachtais eintiteas príobháideach a chuimsiú amhail aerlínte nó soláthraithe seirbhísí seachtracha a mhéid atá siad rannpháirteach i gcur chun feidhme acquis Schengen nó a mhéid a dhéanann cur chun feidhme acquis Schengen difear dóibh agus iad ag comhoibriú leis na Ballstáit. Ar an gcaoi chéanna, ó tharla go bhfuil ról níos mó ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE i gcur chun feidhme acquis Schengen, ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin tacú le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí, na noifigí agus na ngníomhaireachtaí AE sin a fhíorú a mhéid a ghníomhaíonn siad thar ceann na mBallstát chun cuidiú le cur i bhfeidhm oibríochtúil fhorálacha acquis Schengen. Ba cheart fíorú na ngníomhaíochtaí sin a leabú sa mheastóireacht ar na Ballstáit agus é a dhéanamh gan dochar do na freagrachtaí arna sannadh don Choimisiún agus do chomhlachtaí ceannais ábhartha na ngníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí lena mbaineann de réir na rialachán bunaidh agus na nósanna imeachta meastóireachta agus faireacháin atá acu féin, agus na freagrachtaí sin a urramú go hiomlán. Má shainaithnítear sna meastóireachtaí gurb ann d’easnaimh i ndáil le feidhmeanna a dhéanann comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí AE, nó i ndáil le feidhmeanna a dtacaíonn siad leo, ba cheart don Coimisiún é sin a chur in iúl do na comhlachtaí ceannais ábhartha.

(8)Ba cheart do ghníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a bheith spriocdhírithe agus aird á tabhairt ar thorthaí na meastóireachtaí a rinneadh cheana agus ar thorthaí ó shásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta. Ba cheart tacú leo trí chomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE a threisiú, rannpháirtíocht chórasach i meastóireachtaí Schengen a thabhairt dóibh, sin agus anailís riosca agus malartú faisnéise a fheabhsú. Baineann an comhar agus an rannpháirtíocht sin go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF (eu-LISA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Ba cheart an comhar sin a bheith níos cómhalartaí agus, sa bhreis ar rannchuidiú leis an sásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart do na gníomhaireachtaí leas a bhaint as freisin.

(9)An measúnú leochaileachta a dhéanann Frontex, is sásra comhlántach é ar an sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunaítear leis an Rialachán seo, ar mhaithe le rialú cáilíochta a ráthú ar leibhéal an Aontais agus ullmhacht leanúnach a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun freagairt ar aon dúshlán ag an teorainn sheachtrach. Is cuid de Bhainistiú Comhtháite Teorainneacha san Eoraip iad an dá shásra. Ba cheart an sineirge idir an mheastóireacht leochaileachta agus an sásra meastóireachta agus faireacháin a uasmhéadú d’fhonn léiriú staide feabhsaithe a chruthú i leith fheidhmiú limistéar Schengen agus dúbláil iarrachtaí agus moltaí a thagann salach ar a chéile a sheachaint a mhéid is féidir. Chun na críche sin, ba cheart malartú faisnéise rialta a bheith ann idir Frontex agus an Coimisiún faoi na torthaí ón dá shásra. Chun an bhéim straitéiseach a mhéadú agus chun meastóireacht níos spriocdhírithe a dhearadh, is gá níos mó sineirgí a bhaint as na sásraí agus na hardáin ábhartha atá faoi chúram gníomhaireachtaí AE agus riaracháin náisiúnta amhail an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), nó an fhormhaoirseacht a dhéanann an Coimisiún le tacú ó eu-LISA a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit a ullmhú le haghaidh chur chun feidhme na gcóras TF ábhartha mar aon leis na torthaí ó na sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta.

(10)Le linn na meastóireachta, ba cheart béim ar leith a leagan ar a fhíorú go bhfuil cearta bunúsacha á nurramú mar chuid de chur i bhfeidhm acquis Schengen, mar aon le meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm ceart na gceanglas cosanta sonraí a bhaineann le acquis Schengen, rud a dhéantar meastóireachtaí ar leithligh air. Chun inniúlacht an tsásra meastóireachta agus faireacháin a mhéadú ionas gur féidir sárú ar chearta bunúsacha i réimsí beartais ábhartha a shainaithint, is gá bearta breise a chur chun feidhme. Ba cheart oiliúint chuí a chur ar mheastóirí Schengen ina leith sin, agus ba cheart úsáid níos fearr a bhaint as faisnéis ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ról níos mó a thabhairt dá saineolaithe ó thaobh dhearadh agus chur chun feidhme na meastóireachtaí de. Thairis sin, an fhianaise a chuirtear ar fáil go poiblí nó trí shásraí faireacháin neamhspleácha nó an fhianaise a chuireann tríú páirtithe ábhartha ar fáil astu féin, amhail oifigí ombudsman, údaráis a dhéanann faireachán ar an urraim do chearta bunúsacha, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirnáisiúnta, ba cheart an fhianaise sin a chur san áireamh ó thaobh chlársceidealú, dhearadh agus chur chun feidhme na meastóireachtaí sin.

(11)Ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin rialacha trédhearcacha éifeachtúla soiléire a bhunú maidir le foirmeacha agus modhanna atá le chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin, maidir le húsáid saineolaithe ardcháilithe agus maidir leis an obair leantach ar thorthaí na meastóireachtaí.

(12)Ba cheart foirmeacha na meastóireachtaí agus na modhanna a dhéanamh ní ba sholúbtha chun éifeachtúlacht an tsásra meastóireachta agus faireacháin a mhéadú agus chun cur lena inniúlacht dul in oiriúint d’imthosca nua agus d’fhorbairtí reachtacha nua agus chun úsáid acmhainní na mBallstát, an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí, na noifigí agus na ngníomhaireachtaí AE a chuíchóiriú. Ba cheart meastóireachtaí tréimhsiúla trí bhíthin cuairteanna a bheith ina bpríomhbhealach chun an mheastóireacht a dhéanamh. Ba cheart céatadán na gcuairteanna gan réamhfhógra agus meastóireachtaí téamacha a mhéadú de réir a chéile chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos cothroime as na huirlisí atá ar fáil. Ba ceart foirmeacha na meastóireachtaí a shainiú go soiléir. Leis an sásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart go bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh ar roinnt Ballstát san am céanna, mar aon le meastóireachtaí a dhéanamh go cianda nó go leathchianda, sin agus meastóireacht a dhéanamh ar réimsí beartais le chéile, ag brath ar an réimse beartais agus ar an gcineál gníomhaíochta meastóireachta agus faireacháin atá ann. Leis an sásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart féachaint le tuarascálacha meastóireachta cuimsitheacha a tharraingt suas ina ndéanfaí measúnú ar fheidhmíocht fhoriomlán an Bhallstáit ó thaobh chur i bhfeidhm acquis Schengen de.

(13)Ba cheart úsáid ní ba mhinice a bhaint as meastóireachtaí téamacha chun anailís chomparáideach ar chleachtais na mBallstát a chur ar fáil. Ba cheart na meastóireachtaí sin a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme athruithe reachtacha suntasacha, de réir mar a thosóidh na hathruithe ag teacht i bhfeidhm, agus ar chur chun feidhme tionscnamh nua, mar aon le measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna i réimsí beartais éagsúla nó ar chleachtais na mBallstát a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu.

(14)Cuairteanna gan réamhfhógra, atá ar cheann de na huirlisí is éifeachtaí chun cleachtais na mBallstát a fhíorú, ba cheart iad a eagrú, ag brath ar an gcuspóir atá leo, gan fógra a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann, sin nó gan ach fógra gairid a thabhairt dóibh. Ba cheart cuairteanna gan réamhfhógra a eagrú ‘chun críoch imscrúdaithe’ d’fhonn comhlíonadh na noibleagáidí faoi acquis Schengen a fhíorú, lena náirítear oibleagáidí i leith freagairt ar thásca a léiríonn teacht chun cinn fadhbanna córasacha a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar fheidhmiú limistéar Schengen nó i leith freagairt ar sháruithe ar chearta bunúsacha, go háirithe líomhaintí maidir le sáraithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha ag na teorainneacha seachtracha. I gcásanna mar sin, bhainfí an bonn de chuspóir na cuairte dá bhfógrófaí roimh ré í. Ba cheart cuairteanna gan réamhfhógra a bhfuil réamhfhógra 24 uair an chloig ag baint leo a eagrú más é príomhchuspóir na cuairte seiceáil randamach a dhéanamh i ndáil le cur chun feidhme acquis Schengen ag an Ballstát.

(15)Tá fianaise ann cheana go bhfuil breisluach ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo a chlársceidealú trí chláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla i dtaobh intuarthacht agus deimhneacht a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart an tsolúbthacht is gá a bheith ag baint leis na cláir sin ionas gur féidir iad a chur in oiriúint do nádúr dinimiciúil acquis Schengen le himeacht ama. I gcás force majeure, ba cheart na cláir a choigeartú i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann gan aon ghá a bheith ann na cláir a leasú go foirmiúil. Sa chlár meastóireachta ilbhliantúil a ghlacfar ar feadh seacht mbliana, ba cheart na réimsí tosaíochta sonracha atá le cumhdach sna meastóireachtaí tréimhsiúla a shainaithint. Leis an gcur chuige sin, ba cheart gurbh ann do níos mó solúbthachta mar aon le roghnú tosaíochtaí ní b’fhearr agus úsáid ní ba chothroime agus ní ba straitéisí a bhaint as na huirlisí atá ar fáil. Agus an clár meastóireachta ilbhliantúil á shíneadh ó chúig bliana go seacht mbliana, ba cheart faireachán méadaithe ar na Ballstáit atá ní ba ghrinne agus ní ba spriocdhírithe a bheith mar thoradh air sin gan an leibhéal grinnscrúdaithe a laghdú.

(16)Ba cheart d’fhoirne ar a bhfuil ionadaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe arna nainmniú ag na Ballstáit na gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh. Ba cheart na cáilíochtaí cuí a bheith ag na hionadaithe agus ag na saineolaithe sin, lena náirítear eolas teoiriciúil láidir agus taithí phraiticiúil. Chun a áirithiú ar bhealach níos gasta agus níos simplí gur leor an líon saineolaithe rannpháirteacha a bhfuil taithí acu, ba cheart don Choimisiún díorma saineolaithe a bhunú agus a choinneáil ar bun i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Ba cheart gurbh é an díorma sin an príomhfhoinse saineolaithe le haghaidh gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin.

(17)Ba cheart tuilleadh solúbthachta a chur ar fáil i ndáil le méid na bhfoirne meastóireachta agus faireacháin chun an éifeachtúlacht a mhéadú agus chun an tualach riaracháin a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún méid na bhfoirne a shainiú agus a oiriúnú ag brath ar na riachtanais agus na dúshláin a bhaineann le gach gníomhaíocht meastóireachta agus faireacháin. Nuair a bheidh na foirne á gcur le chéile, ba cheart don Choimisiún cothromaíocht gheografach agus uainíocht a áirithiú a mhéid is féidir agus ba cheart acmhainneacht na riarachán náisiúnta agus an gá le héagsúlacht próifílí a chur san áireamh. Le prionsabal na freagrachta comhroinnte, na hintuarthachta agus an ghealltanais a ghlacfar nuair a ainmneofar saineolaithe ar an díorma, tugtar le tuiscint gur cheart do na saineolaithe a fhaigheann cuireadh chun bheith páirteach i meastóireachtaí sonracha freagra dearfach a thabhairt ar an gcuireadh sin; níor cheart ach d’fhoras tromchúiseach gairmiúil nó pearsanta a bheith ina údar cuí leis an gcinneadh a dhiúltú.

(18)Na costais oibríochtúla a bhaineann leis na gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin (taisteal, lóistín agus bia), ba cheart do bhuiséad an Aontais na costais sin a sheasamh. Aon liúntas laethúil breise le haghaidh saineolaithe náisiúnta atá rannpháirteach sna misin mheastóireachta agus faireacháin mar aon le costais foirne na ndaoine a thagann in ionad na saineolaithe sin agus iad as láthair, d’fhéadfaí na costais sin a chumhdach le cláir náisiúnta na mBallstát faoi na Cistí AE ábhartha, i gcomhréir le cuspóirí na gCistí sin agus leis na rialacha is infheidhme maidir leo.

(19)Ba cheart gur ghairid agus gur ghonta iad na tuarascálacha meastóireachta. Ba cheart dóibh díriú ar easnaimh a bhfuil tionchar suntasach acu agus tábhacht a leagan ar réimsí a bhféadfaí feabhsuithe suntasacha a chur orthu. Níor cheart torthaí fánacha a chur sna tuarascálacha. Bíodh sin mar atá, ag deireadh na gníomhaíochta meastóireachta, ba cheart don fhoireann na torthaí sin a chur in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, lena náirítear na húdaráis a bhfuil an sásra rialaithe cáilíochta náisiúnta ábhartha faoina gcúram. Ba cheart don fhoireann a dícheall a dhéanamh na cleachtais is fearr a shainaithint lena gcur sna tuarascálacha. Go háirithe, i dtaca le bearta nua nuálacha a chuireann feabhas mór ar chur chun feidhme na rialacha comhchoiteanna ar bearta iad a d’fhéadfadh Ballstáit eile a chur i ngníomh, ba cheart na bearta sin a chur i dtábhacht mar dhea-chleachtas chun críocha na tuarascála.

(20)Moltaí maidir leis na heasnaimh arna sainaithint a réiteach (lena náirítear sáruithe ar chearta bunúsacha), ba cheart na moltaí sin a bheith sna tuarascálacha meastóireachta go hiondúil agus ba cheart don Choimisiún iad a ghlacadh i ngníomh amháin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme tríd an nós imeachta scrúdúcháin i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 36 . Nuair a chomhdhlúthaítear an tuarascáil agus na moltaí le chéile in aon doiciméad amháin atá faoi réir nós imeachta um ghlacadh amháin, treisítear an ceangal bunúsach idir torthaí na meastóireachta agus na moltaí. Sa bhreis air sin, i ngeall ar fhoilsiú brostaithe na moltaí, ba cheart gurbh fhéidir leis na Ballstáit na heasnaimh a réiteach ar bhealach ní ba thapa agus ní b’éifeachtúla. An tráth céanna, le húsáid an nós imeachta scrúdúcháin, ba cheart go náiritheofaí rannpháirtíocht na mBallstát sa phróiseas cinnteoireachta a mbeidh glacadh na moltaí ina thoradh air.

(21)Bíodh sin mar atá, ó tharla go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún maidir leis an bpiarbhrú agus an gá le plé polaitiúil a chur chun cinn, ba cheart dó moltaí a ghlacadh i leith na gcásanna a bhfuil tábhacht pholaitiúil agus leas ginearálta ag baint leo ó thaobh fheidhmiú limistéar Schengen de. Ba cheart a mheas gurb iad na cásanna sin atá i gceist i gcás meastóireacht arb é is conclúid di gurb ann d’easnamh tromchúiseach, i gcás meastóireachtaí téamacha, nó sna cásanna ina ndéantar meastóireacht chun a fhíorú, i gcás Ballstát a bhfuil acquis Schengen ina cheangal air agus nár cuireadh deireadh le rialacha ag teorainneacha inmheánacha ina leith go fóill, an gcomhlíonann an Ballstát sin na coinníollacha maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine, sin nó meastóireacht chun a fhíorú, i gcás Ballstát nach bhfuil acquis Schengen ina cheangal air agus ar Ballstát é a roghnaigh codanna de acquis Schengen a chur i bhfeidhm, an gcomhlíonann an Ballstáit sin na coinníollacha maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm i bpáirt.

(22)Sa bhreis air sin, i gcás ina sainaithneofar i meastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha sonracha lena náirithiú go nglacfar beart ceartaitheach go prapúil. I bhfianaise an riosca a bhaineann le heasnamh den sórt sin, a luaithe a chuirfear an teasnamh tromchúiseach in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, ba cheart don Bhallstát sin bearta a chur chun feidhme láithreach chun an teasnamh a leigheas, lena náirítear, i gcás inar gá, na hacmhainní oibríochtúla agus airgeadais uile atá ar fáil a shlógadh. Ba cheart gníomhaíocht cheartaitheach a bheith faoi réir sprioc-amanna ní ba ghairide agus scrúdú polaitiúil agus meastóireacht ní ba ghrinne le linn an phróisis. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas nuair a shuitear i meastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach agus ba cheart athchuairt i dtaca leis an easnamh tromchúiseach a eagrú nach déanaí ná bliain amháin ó dháta na meastóireachta chun a fhíorú an bhfuil na heasnaimh lena mbaineann leigheasta ag an mBallstát. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir le hathchuairt a chur bhráid na Comhairle tar éis na hathchuairte.

(23)Chun easnamh tromchúiseach a shainaithint, tá gá le measúnú críochnúil a dhéanamh de réir an cháis ar bhonn critéir shoiléire maidir le gné, scála agus tionchar féideartha na bhfadhbanna, ar critéir iad a d’fhéadfadh a bheith difriúil i gcás gach réimse beartais. Na príomheilimintí le haghaidh acquis Schengen a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach mar aon le teaglaim tosca éagsúla, is nithe iad a d’fhéadfadh bheith ina gcúis le toradh a aicmiú mar easnamh tromchúiseach. Mar sin féin, i gcás easnamh arna sainaithint, má mheastar go bhféadfadh an teasnamh sin feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú teorannacha inmheánacha a chur i mbaol anois nó sa ghearrthéarma, nó go bhféadfadh sé tionchar diúltach suntasach a imirt ar chearta daoine aonair, ba cheart an teasnamh sin a mheas mar easnamh tromchúiseach. I gcás ina sainaithneofar i dtuarascáil mheastóireachta gurb ann d’easnamh tromchúiseach maidir leis an rialú teorann a chur i gcrích ag na teorainneacha seachtracha, féadfaidh feidhm a bheith ag Airteagail 21 agus 29 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 .

(24)Ba cheart béim láidir ar obair leantach agus faireacháin a bheith mar chuid den sásra meastóireachta agus faireacháin, agus is é an Coimisiún, i gcomhar leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa, ar cheart dó an bhéim sin a áirithiú, gan ualach díréireach a chruthú do na gníomhaithe atá páirteach ann. Ba cheart pleananna gníomhaíochta a chur i bhfeidhm ar bhonn na meastóireachtaí. Agus na pleananna gníomhaíochta á dtarraingt suas, ba cheart do na Ballstáit a ndearnadh meastóireacht orthu aird iomlán a thabhairt ar na deiseanna cistiúcháin a chuireann an tAontas ar fáil agus an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní sin. Chun dlús a chur leis an bpróiseas, ba cheart don Choimisiún a chuid tuairimí a thabhairt ar shásúlacht na bpleananna gníomhaíochta, i bhfoirm litreach mar shampla. Chun obair leantach phrapúil a áirithiú, mura measann seirbhísí an Choimisiúin gur sásúil an plean gníomhaíochta, ba cheart ceangal a chur ar an mBallstát lena mbaineann plean gníomhaíochta leasaithe a chur isteach laistigh d’aon mhí amháin ó fuair sé na tuairimí. Ba cheart don Ballstát tuairisc ar an obair leantach a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle gach sé mhí de ghnáth.

(25)Mar chuid dá ghníomhaíochtaí faireacháin ba cheart don Choimisiún a bheith in ann athchuairteanna agus cuairteanna fíorúcháin a eagrú. Ba cheart athchuairteanna a eagrú chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ó thaobh chur chun feidhme plean gníomhaíochta tar éis meastóireacht inar sainaithníodh easnamh tromchúiseach nó tar éis meastóireacht a dhéantar roimh aontachas iomlán an Bhallstáit le acquis Schengen (‘meastóireacht chéaduaire’) nuair is é is conclúid di nár chomhlíon an Ballstáit a ndearnadh meastóireacht air na coinníollacha is gá chun acquis Schengen a chur i bhfeidhm sa réimse beartais a ndearnadh meastóireacht ina leith. Ba cheart an tuarascáil maidir le hathchuairt a theorannú don dul chun cinn atá déanta ó thaobh na moltaí a chur chun feidhme. Seachas sin, má mheastar gur gá sin, féadfar cuairteanna fíorúcháin a eagrú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme plean gníomhaíochta tar éis meastóireacht nár sainaithníodh easnamh tromchúiseach inti. Ba cheart cuairteanna fíorúcháin a eagrú i gcónaí roimh phlean gníomhaíochta a thabhairt chun críche tar éis meastóireacht chéaduaire a dhéanamh. Ó thaobh na gceanglas eagraíochtúla agus tuairiscithe de, ba cheart cuairteanna fíorúcháin a bheith níos éadroime ná cuairteanna meastóireachta. Go háirithe, ba cheart foirne níos lú a bheith ag baint leo agus níor cheart gurbh é ba thoradh orthu torthaí nua ná gá a bheith le tuarascáil ar leithligh a ghlacadh. Ba cheart don Chomhairle páirt ní ba ghníomhaí a ghlacadh sa chéim faireacháin agus ba cheart di a seasamh a chur in iúl maidir le tabhairt chun críche beartaithe na bpleananna gníomhaíochta.

(26)Tá sé riachtanach agus inmhianaithe go mbíonn plé ar siúl go rialta ar an leibhéal polaitiúil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle chun feasacht a mhéadú maidir le cur chun feidhme acquis Schengen, chun na Ballstáit a sháraíonn na rialacha comhchoiteanna go leanúnach a thabhairt chun cuntais agus chun an brú orthu a mhéadú na heasnaimh arna sainaithint a leigheas. Ba cheart don Choimisiún ionchur leormhaith a chur ar fáil chun an plé sin a éascú lena náirítear trí thuarascáil bhliantúil chuimsitheach a ghlacadh ina gcumhdaítear na meastóireachtaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin agus an staid atá ann ó thaobh chur chun feidhme na moltaí, rud a bheadh mar chuid den tuarascáil ar ‘Staid Schengen’. Moltar do Pharlaimint na hEorpa rúin a ghlacadh agus ba cheart don Chomhairle conclúidí a ghlacadh chun an brú a mhéadú ar na Ballstáit nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh acu. Ba cheart do ‘Fhóram Schengen’, agus é ina chéim uathúil chun Schengen a phlé ar ardleibhéal le hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, ba cheart dó ardán a chur ar fáil do phlé neamhfhoirmiúil d’fhonn acquis Schengen a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.

(27)An sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart dó feidhm chomhlántach a chomhlíonadh maidir le faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí atá cur chun feidhme praiticiúil bheartais an Aontais trí athbhreithniú piaraí. Cumhacht ghinearálta an Choimisiúin chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí nósanna imeachta um shárú, níor cheart difear a dhéanamh don chumhacht sin.

(28)Stádas rúnaicmithe na tuarascála meastóireachta agus na tuarascála maidir le hathchuairt, ba cheart é a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme arna leagan amach i dTreoir (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún 38 . An Ballstát a ndearnadh meastóireacht air, ba cheart an deis a bheith aige i gcónaí rúnaicmiú na tuarascála nó codanna di a iarraidh i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme.

(29)I bhfianaise an róil ar leith a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus do na parlaimintí náisiúnta faoin abairt dheireanach d’Airteagal 70 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar a leagtar béim air in Airteagal 12, pointe (c), den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a mhéid a bhaineann leis na parlaimintí náisiúnta, ba cheart don Chomhairle agus don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta a chur go hiomlán ar an eolas maidir le hábhar agus torthaí na meastóireachtaí. Anuas air sin, dá mba rud é go gcuirfeadh an Coimisiún togra isteach le haghaidh an Rialachán seo a leasú, rachadh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 19(7), pointe (h) dá Rialacha Nós Imeachta 39 , chun an tuairim uaithi a chur san áireamh, a mhéid is féidir, roimh an téacs críochnaitheach a ghlacadh.

(30)Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit agus a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu.

(31)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla a ghlacadh, ceistneoir caighdeánach a bhunú agus a nuashonrú, agus tuarascálacha meastóireachta agus tuarascálacha maidir le hathchuairt a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 .

(32)Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le heasnamh tromchúiseach, go néilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(33)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(34)Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 43 .

(35)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 44 .

(36)Maidir leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 45 .

(37)Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 46 .

(38)A mhéid a bhaineann leis an gCipir, an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chróit, is éard atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(39)An fíorú i gcomhréir leis na nósanna imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme maidir leis an mBulgáir, an Chipir, an Rómáin agus an Chróit, ó tharla go bhfuil an fíorú sin curtha i gcrích cheana féin de bhun a nIonstraim Aontachais féin, níor cheart an fíorú faoi Airteagal 1(2)(b) den Rialachán seo a aththionscnamh i ndáil leis na Ballstáit sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leis an Rialachán seo bunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin lena áirithiú go ndéanann na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin go gcuidíonn siad le limistéar dea-fheidhmiúil a bheith ann gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.

2.Leis an sásta a bhunófar déanfar foráil maidir le meastóireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin oibiachtúla neamhchlaonta a bhfuil sé d’aidhm acu na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú sna Ballstáit ar ina leith a bhfuil feidhm ag acquis Schengen ina iomláine, agus sna Ballstáit ar ina leith a bhfuil feidhm aige i bpáirt i gcomhréir leis na Prótacail ábhartha atá i gceangal leis le CAE agus le CFAE;

(b)a fhíorú go bhfuil na coinníollacha is gá maidir leis na codanna ábhartha de acquis Schengen a chur i bhfeidhm comhlíonta ag na Ballstáit nár glacadh cinneadh ón gComhairle ina leith, cinneadh ina sonraítear go bhfuil feidhm le bheith ag forálacha acquis Schengen, ina niomláine nó i bpáirt, maidir leo.

3.Féadfaidh na meastóireachtaí gach gné de acquis Schengen a chumhdach agus feidhmiú na núdarás a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm a chur san áireamh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo:

(a)ciallaíonn ‘acquis Schengen’ na forálacha arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais i gcomhréir le Prótacal Uimh. 19 atá i gceangal le CAE agus le CFAE, , mar aon leis na gníomhartha a chuireann leo nó atá bainteach leo ar bhealach eile;

(b)ciallaíonn ‘meastóireacht chéaduaire’ meastóireacht chun a fhíorú an gcomhlíonann Ballstát a bhfuil acquis Schengen ina cheangal air agus ar Ballstát é nár cuireadh deireadh le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ina leith, an gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine nó, i gcás Ballstát nach bhfuil acquis Schengen ina cheangal air agus ar Ballstát é a roghnaigh codanna de acquis Schengen a chur i bhfeidhm, chun a fhíorú an gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm i bpáirt;

(c)ciallaíonn ‘meastóireacht thréimhsiúil’ meastóireacht atá sa chlár meastóireachta ilbhliantúil agus sna cláir mheastóireachta bhliantúla, ar meastóireacht í chun a fhíorú go bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ag Ballstát d’fhonn measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Bhallstáit sin maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm;

(d)ciallaíonn ‘meastóireacht gan réamhfhógra’ meastóireacht nach bhfuil sna cláir mheastóireachta bhliantúla agus ilbhliantúla, ar meastóireacht í chun a fhíorú go bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ag Ballstát amháin nó níos mó i réimse beartais amháin nó níos mó;

(e)ciallaíonn ‘meastóireacht théamach’ meastóireacht arb é is aidhm di anailís chomparáideach ar reachtaíocht nó cleachtais na mBallstát a chur ar fáil, nó anailís ar chur i bhfeidhm codanna sonracha de acquis Schengen i roinnt Ballstát;

(f)ciallaíonn ‘cuairt’ cuairt ar Bhallstát nó ar a chonsalachtaí chun gníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin a dhéanamh;

(g)ciallaíonn ‘athchuairt’ cuairt a dhéantar chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn plean gníomhaíochta tar éis meastóireacht inar sainaithníodh gurb ann d’easnamh tromchúiseach nó tar éis meastóireacht chéaduaire arb é ba chonclúid di nár chomhlíon an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air na coinníollacha is gá maidir le cur i bhfeidhm acquis Schengen;

(h)ciallaíonn ‘cuairt fíorúcháin’ cuairt nach athchuairt í, cúirt a dhéantar chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm plean gníomhaíochta;

(i)ciallaíonn ‘easnamh tromchúiseach’ easnamh amháin nó níos mó a bhaineann le cur i bhfeidhm éifeachtach príomhghnéithe de acquis Schengen, easnaimh a bhfuil tionchar diúltach suntasach acu, ar bhonn aonair nó i dteaglaim, ar chearta daoine aonair nó ar fheidhmiú limistéar Schengen, nó a bhfuil baol ann go mbeidh an tionchar sin acu le himeacht ama;

(j)ciallaíonn ‘gníomhaíocht mheastóireachta’ cuairt shonrach, meastóireacht bunaithe ar cheistneoir nó meastóireacht eile a dhéantar go cianda;

(k)ciallaíonn ‘foireann’ grúpa ina bhfuil saineolaithe arna nainmniú ag na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún a dhéanann meastóireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin.

Airteagal 3

Freagrachtaí agus dualgas comhair

1.Beidh na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach go comhpháirteach as cur chun feidhme an tsásra meastóireachta agus faireacháin, le rannchuidiú ó na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ábhartha i gcomhréir lena sainorduithe féin.

2.Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as na cláir mheastóireachta bhliantúla agus ilbhliantúla a chur ar bun, ceistneoirí a dhréachtú, sceideal na gcuairteanna a shocrú, cuairteanna a dhéanamh, agus tuarascálacha meastóireachta agus moltaí a dhréachtú. Áiritheoidh sé freisin go ndéanfar na gníomhaíochtaí leantacha agus faireacháin.

3.Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go hiomlán i gcomhar ag gach céim de na meastóireachtaí ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

4.Déanfaidh na Ballstáit gach beart, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun tacaíocht agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na foirne i dtaca le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin.

Áiritheoidh siad go mbeidh an Coimisiún agus na foirne a dhéanann gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin in ann a gcúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, go háirithe tríd an deis a thabhairt don Choimisiún agus do na foirne dul i dteagmháil go díreach leis na daoine ábhartha agus trí rochtain iomlán gan bhac a thabhairt ar na limistéir ar fad, ar na háitribh ar fad agus ar na doiciméid ar fad ar iarradh rochtain orthu, lena n‑áirítear treoirlínte agus treoracha náisiúnta agus inmheánacha, mar aon le cinn rúnaicmithe.

5.Na socruithe taistil is gá chuig an mBallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air agus ón mBallstát sin, is é an Coimisiún a bheidh freagrach as na socruithe sin a dhéanamh le haghaidh ionadaithe ón gCoimisiún agus le haghaidh saineolaithe ó na Ballstáit atá ar na foirne.

Is é an Coimisiún a sheasfaidh na costais taistil agus lóistín le haghaidh na saineolaithe agus le haghaidh an bhreathnóra dá dtagraítear in Airteagal 16(2), daoine atá rannpháirteach sna cuairteanna.

Is é an Ballstát a bhfuil cuairt á tabhairt air a bheidh freagrach as an iompar is gá ar an láthair a sholáthar.

Airteagal 4

Foirmeacha na meastóireachtaí

1.Féadfaidh na meastóireachtaí a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)meastóireachtaí céaduaire;

(b)meastóireachtaí tréimhsiúla;

(c)meastóireachtaí gan réamhfhógra;

(d)meastóireachtaí téamacha.

2.Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí gan réamhfhógra a eagrú, go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(a)chun meastóireacht a dhéanamh ar chleachtais ag teorainneacha inmheánacha;

(b)nuair atá sé ar an eolas faoi fhadhbanna córasacha nó fadhbanna atá ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh tionchar diúltach suntasach a bheith acu ar fheidhmiú limistéar Schengen;

(c)nuair atá foras ann lena mheas go bhfuil Ballstát ag déanamh faillí thromchúiseach ina noibleagáidí faoi acquis Schengen lena náirítear líomhaintí maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha ag na teorainneacha seachtracha.

3.Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí téamacha a eagrú, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme athruithe reachtacha suntasacha, de réir mar a thosóidh na hathruithe ag teacht i bhfeidhm, nó ar chur chun feidhme tionscnamh nua, nó chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna i réimsí beartais éagsúla nó ar chleachtais Ballstát a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu.

Airteagal 5

Foirmeacha na ngníomhaíochtaí faireacháin

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí faireacháin aon cheann de na nithe seo a leanas a chuimsiú:

(a)athbhreithniú ar phleananna gníomhaíochta agus tuarascálacha leantacha arna gcur isteach ag na Ballstáit a ndearnadh meastóireacht orthu;

(b)athchuairteanna;

(c)cuairteanna fíorúcháin.

Airteagal 6

Modhanna meastóireachta agus faireacháin

Féadfar meastóireachtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 a dhéanamh trí bhíthin cuairteanna le réamhfhógra nó gan réamhfhógra, agus trí bhíthin ceistneoirí nó modhanna cianda eile.

Féadfar gach modh meastóireachta agus faireacháin a úsáid go neamhspleách nó in éineacht le chéile, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 7

Comhar leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE

1.Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ábhartha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme acquis Schengen, agus oibreoidh sé i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

Féadfaidh an Coimisiún socruithe a dhéanamh leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ar mhaithe leis an gcomhar a éascú.

2.Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir lena sainorduithe féin, faisnéis, sonraí staidrimh nó anailísí riosca a thabhairt ar mhaithe le feasacht staide a fheabhsú de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/1896 a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme acquis Schengen ag na Ballstáit.

Airteagal 8

Comhar le Frontex

1.Faoin 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh Frontex anailís riosca faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát ar mhaithe leis an gclár meastóireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo.

2.An anailís riosca dá dtagraítear i mír 1, cumhdóidh sí gach gné ábhartha a bhaineann leis an mbainistiú comhtháite teorainneacha agus beidh moltaí inti freisin maidir le cuairteanna gan réamhfhógra sa bhliain ina dhiaidh sin, gan beann ar ord na mBallstát a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu gach bliain, de réir mar a bhunófar sa chlár meastóireachta ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 12.

Féadfaidh na moltaí sin a bheith bainteach le haon réigiún nó limistéar sonrach agus beidh liosta de dheich gcuid shonracha de na teorainneacha seachtracha ar a laghad agus 10 bpointe trasnaithe teorann shonracha ar a laghad sna moltaí sin, mar aon le suíomhanna sonracha atá ábhartha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht Threoir 2008/115/CE 47 , agus faisnéis ábhartha eile.

Airteagal 9

Comhar le Europol

I gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (s) de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 , cuirfidh Europol saineolas, anailís, tuarascálacha agus faisnéis ábhartha eile ar fáil chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 10

Sineirgí le gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin eile

1.Torthaí na sásraí agus na nionstraimí ábhartha, lena náirítear gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanann na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE a bhfuil baint acu le cur chun feidhme acquis Schengen, gníomhaíochtaí a dhéanann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus gníomhaíochtaí a dhéanann sásraí agus comhlachtaí faireacháin náisiúnta neamhspleácha agus sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta eile, is torthaí iad a bhainfidh an Coimisiún úsáid astu nuair a bheidh a chuid gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin féin á nullmhú aige, ar mhaithe le feasacht a fheabhsú maidir le feidhmiú limistéar Schengen agus ar mhaithe le dúbláil iarrachtaí agus bearta a thagann salach ar a chéile a sheachaint.

2.Is ina gcomhlánú ar mholtaí a rinneadh de bhun Airteagal 32(7) de Rialachán (AE) 2019/1896 faoin measúnú leochaileachta a bheidh moltaí faoin Rialachán seo.

3.Féadfaidh an Coimisiún sonraí na dtuarascálacha meastóireachta, pleananna gníomhaíochta agus nuashonruithe maidir le cur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta a chomhroinnt leis na comhlachtaí náisiúnta ábhartha agus leis na comhlachtaí AE ábhartha dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach slán prapúil.

Déanfar an fhaisnéis a chomhroinnt i gcomhréir le sainorduithe na gcomhlachtaí, na n‑oifigí agus na ngníomhaireachtaí AE lena mbaineann.

Airteagal 11

Faisnéis ó thríú páirtithe

I gclársceidealú agus i gcur chun feidhme na meastóireachtaí agus na ngníomhaíochtaí faireacháin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis a sholáthróidh tríú páirtithe, lena n‑áirítear údaráis neamhspleácha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

CAIBIDIL II

CLÁRSCEIDEALÚ

Airteagal 12

Clár meastóireachta ilbhliantúil

1.Cuirfidh an Coimisiún clár meastóireachta ilbhliantúil ar bun a chumhdóidh tréimhse seacht mbliana, i gcás inarb iomchuí agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ábhartha, agus déanfaidh sé é sin sé mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse seacht mbliana ina dhiaidh sin.

I ngach timthriall meastóireachta ilbhliantúil, déanfar meastóireacht thréimhsiúil amháin ar gach Ballstát mar aon le meastóireacht gan réamhfhógra nó meastóireacht théamach amháin ar a laghad.

2.Is trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a ghlacfaidh an Coimisiún an clár meastóireachta ilbhliantúil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3). Tarchuirfidh an Coimisiún an clár meastóireachta ilbhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

3.Sainaithneoidh an clár meastóireachta ilbhliantúil réimsí tosaíochta sonracha a bheidh le cumhdach faoi na meastóireachtaí tréimhsiúla agus beidh sceideal ama sealadach le haghaidh na meastóireachtaí sin sa chlár.

Leagfaidh sé amach liosta sealadach de na Ballstáit atá le bheith faoi réir na meastóireachtaí tréimhsiúla, gan dochar do choigeartuithe a dhéanfar faoi mhír 4 i mbliain ar leith. An t‑ord sealadach ina bhfuil na Ballstáit le bheith faoi réir meastóireacht tréimhsiúil, cuirfear san áireamh ann an t‑am a chuaigh thart ó rinneadh an mheastóireacht thréimhsiúil roimhe sin. Cuirfear san áireamh ann freisin toradh na meastóireachtaí a rinneadh roimhe sin, luas chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta, agus faisnéis ábhartha eile atá ar fáil don Choimisiún maidir le cleachtais na mBallstát.

4.Más rud é go gcuireann force majeure cosc ar na meastóireachtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an sceideal ama sealadach a bhunófar de bhun mhír 3, féadfaidh an Coimisiún coigeartuithe a dhéanamh ar sceideal ama na meastóireachtaí lena mbaineann, i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi theagmhais den sórt sin agus faoin tionchar a mheastar a bheidh acu ar sceidealú meastóireachtaí faoin gclár meastóireachta ilbhliantúil.

Airteagal 13

Clár meastóireachta bliantúil

1.Cuirfidh an Coimisiún clár meastóireachta bliantúil ar bun, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, faoin 15 Samhain sa bhliain roimh an mbliain a mbaineann an clár léi, bunaithe, go háirithe, ar na hanailísí riosca agus ar fhaisnéis eile a gheobhaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 9, 10 agus 11. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

2.Beidh sceideal ama sealadach le haghaidh na meastóireachtaí seo a leanas sa chlár meastóireachta bliantúil:

(a)meastóireachtaí tréimhsiúla ar Bhallstáit de réir mar a shonraítear sa chlár meastóireachta ilbhliantúil;

(b)meastóireacht chéaduaire ar Bhallstát tar éis dó dearbhú a dhéanamh faoina ullmhacht le haghaidh meastóireachta;

(c)meastóireacht théamach amháin ar a laghad.

3.Tarchuirfidh an Coimisiún an clár meastóireachta bliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Más rud é go gcuireann force majeure cosc ar na meastóireachtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an sceideal ama sealadach a bhunófar de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún coigeartuithe a dhéanamh ar sceideal ama na meastóireachtaí lena mbaineann, i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi theagmhais den sórt sin agus faoin tionchar a mheastar a bheidh acu ar sceidealú meastóireachtaí faoin gclár meastóireachta bliantúil.

Airteagal 14

Ceistneoir caighdeánach

1.Déanfaidh an Coimisiún ceistneoir caighdeánach a chur ar bun agus a nuashonrú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

Agus an ceistneoir á tharraingt suas ag an gCoimisiún, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 7.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

3.Cumhdóidh an ceistneoir caighdeánach cur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha agus na modhanna eagrúcháin agus teicniúla atá ar fáil maidir le cur chun feidhme acquis Schengen, lena náirítear na cinn dá dtagraítear i Lámhleabhair, i gcatalóga Schengen agus sna sonraí staidrimh ábhartha.

4.Faoin 1 Lúnasa gach bliain, seolfaidh an Coimisiún an ceistneoir caighdeánach chuig na Ballstáit a bhfuil meastóireachtaí tréimhsiúla le déanamh orthu an bhliain dár gcionn i gcomhréir leis an gclár meastóireachta bliantúil.

Tabharfaidh na Ballstáit sin a bhfreagraí don Choimisiún laistigh de thrí mhí ón gceistneoir caighdeánach a fháil.

Cuirfidh an Coimisiún na freagraí ar fáil do na Ballstáit eile.

5.Ar iarraidh ón gCoimisiún, déanfaidh na Ballstáit a ndearnadh meastóireacht orthu a bhfreagraí ar an gceistneoir caighdeánach a nuashonrú agus, má iarrtar sin orthu, freagra a thabhairt ar cheisteanna comhlántacha roimh mheastóireachtaí sonracha, agus cuirfidh siad na torthaí ar fáil ó shásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta agus ó iniúchtaí inmheánacha.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA COITEANNA MAIDIR LE MEASTÓIREACHTAÍ AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ FAIREACHÁIN

Airteagal 15

Saineolaithe ó na Ballstáit

1.Na saineolaithe ó na Ballstáit a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin, beidh na cáilíochtaí iomchuí acu, lena náirítear sáreolas teoiriciúil agus taithí phraiticiúil sna réimsí a chumhdaítear faoin sásra meastóireachta agus faireacháin, mar aon le heolas fónta ar phrionsabail, nósanna imeachta agus teicnící na meastóireachta, agus beidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i dteanga choiteann.

2.Saineolaithe ó na Ballstáit a bhfuil acquis Schengen ina cheangal orthu ach nach gcuireann i bhfeidhm ina iomláine go fóill é, i gcomhréir leis an Ionstraim Aontachais ábhartha, féadfaidh na saineolaithe sin a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin ar gach cuid de acquis Schengen.

Airteagal 16

Oiliúint na saineolaithe

1.Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhar leis na comhlachtaí, na oifigí nó na gníomhaireachtaí AE ábhartha, go bhfaighidh saineolaithe ó na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún oiliúint leormhaith le bheith ina meastóirí Schengen.

Cuimseoidh na cúrsaí oiliúna le haghaidh meastóirí Schengen gnéithe maidir le cearta bunúsacha arna bhforbairt le rannpháirtíocht Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na comhlachtaí, na hoifigí nó na gníomhaireachtaí AE ábhartha, na curaclaim oiliúna tosaigh a choimeád cothrom le dáta agus, i gcás inar gá, oiliúint leantach agus oiliúint athnuachana a chur ar fáil.

2.Chun críoch oiliúna, féadfar ‘breathnóir’ ó Bhallstát nó ón gCoimisiún a bheith ar gach foireann a dhéanann meastóireachtaí tréimhsiúla.

Airteagal 17

Díorma saineolaithe ó na Ballstáit

1.Féadfaidh an Coimisiún díorma saineolaithe a chur ar bun gach bliain i gcomhar leis na Ballstáit, ar saineolaithe iad a bhfuil cúlra gairmiúil acu a chumhdaíonn na réimsí tosaíochta sonracha a leagtar amach sa chlár meastóireachta ilbhliantúil.

2.I gcomhthráth le cur ar bun an chláir meastóireachta ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 13(1), ar iarraidh ón gCoimisiún, ainmneoidh na Ballstáit saineolaí cáilithe amháin ar a laghad in aghaidh gach réimse shonraigh a sainaithníodh sa chlár meastóireachta ilbhliantúil le haghaidh dhíorma saineolaithe na bliana ina dhiaidh sin.

3.Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh sonraithe a dhéanamh san iarraidh maidir le ceanglais ghairmiúla na saineolaithe atá le hainmniú, ag brath ar na meastóireachtaí a chuimsítear sa chlár meastóireachta bliantúil.

4.Ainmneoidh na Ballstáit saineolaithe laistigh de cheithre seachtaine tar éis dóibh an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na saineolaithe na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 15 agus na ceanglais shonracha a leagtar amach san iarraidh maidir leis an díorma a chur ar bun.

6.Saineolaithe a fuair an oiliúint iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 16, ainmneofar iad ar an díorma saineolaithe a chuirfear ar bun i dtaca leis an mbliain i ndiaidh na bliana sin ina ndearna siad an cúrsa oiliúna lena mbaineann.

7.Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 7 saineolaithe a ainmniú ar an díorma.

8.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na saineolaithe a ainmneofar agus deimhneoidh sé roghnú na saineolaithe ar an díorma laistigh de sheachtain amháin.

9.I gcás nach gcomhlíonfaidh aon duine de na saineolaithe sna réimsí sonracha na ceanglais dá dtagraítear i mír 3, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát lena mbaineann saineolaí nua a ainmniú le haghaidh an réimse tosaíochta shonraigh lena mbaineann.

10.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na saineolaithe ainmnithe ar fáil le haghaidh na meastóireachtaí.

Mura mbeidh saineolaí ar fáil a thuilleadh le haghaidh an díorma, ainmneoidh an Ballstát lena mbaineann ionadaí gan mhoill.

11.Coimeádfaidh an Coimisiún liosta na saineolaithe atá sa díorma cothrom le dáta agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoi líon na saineolaithe atá ainmnithe in aghaidh an Bhallstáit agus faoi phróifílí na saineolaithe.

Airteagal 18

Na foirne a chur ar bun

1.Saineoidh an Coimisiún líon na saineolaithe ó na Ballstáit agus líon na nionadaithe ón gCoimisiún a bheidh rannpháirteach i bhfoireann ar bhonn shaintréithe agus riachtanais na gníomhaíochta meastóireachta nó faireacháin. Roghnóidh an Coimisiún saineolaithe ón díorma saineolaithe le bheith ina mbaill ar fhoireann.

2.Nuair a bheidh saineolaithe á roghnú ag an gCoimisiún, tabharfaidh sé aird ar na próifílí is gá le haghaidh gníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin ar leith, agus cuirfidh sé san áireamh an gá atá le cothromaíocht gheografach a áirithiú, mar aon le cothromaíocht ó thaobh taithí ghairmiúil de agus acmhainneacht na núdarás náisiúnta.

Ní bheidh saineolaithe ó na Ballstáit rannpháirteach i bhfoireann a dhéanann gníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin ar an mBallstát ina bhfuil siad fostaithe.

3.Tabharfaidh an Coimisiún cuireadh do na saineolaithe roghnaithe díreach tar éis an dáta a shocrófar an ghníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin agus tráth nach déanaí ná 10 seachtaine roimh dháta tosaigh sceidealaithe na gníomhaíochta meastóireachta nó faireacháin. Na saineolaithe ar tugadh cuireadh dóibh, tabharfaidh siad freagra laistigh de sheachtain amháin ón dáta a gheobhaidh siad an cuireadh, i gcomhaontú lena núdaráis ainmniúcháin.

4.I gcás cuairteanna gan réamhfhógra, seolfaidh an Coimisiún na cuirí tráth nach déanaí ná coicís roimh an dáta a bhfuil sé sceidealaithe tús a chur leis an gcuairt. Tabharfaidh na saineolaithe freagra laistigh de 72 uair an chloig ón dáta a gheobhaidh siad an cuireadh, i gcomhaontú lena núdaráis ainmniúcháin.

5.Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 7 ionadaí a ainmniú, ionadaí a mbeidh taithí ghairmiúil agus taithí allamuigh ábhartha aige, chun páirt a ghlacadh mar bhreathnóir i ngníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin. Beidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 maidir leis an iarraidh agus an freagra.

6.Más mian le Ballstát breathnóir a ainmniú chun na gcríoch oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 16(3), cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé sceidealaithe tús a chur leis an meastóireacht.

7.Na breathnóirí dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6, tacóidh siad leis an bhfoireann de réir mar a iarrfaidh na príomhshaineolaithe sin orthu, ach ní bheidh siad rannpháirteach i bpróiseas cinnteoireachta inmheánach na foirne.

8.Má mhainníonn an Coimisiún deimhniú a fháil maidir le rannpháirtíocht an lín saineolaithe is gá ón díorma sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé sceidealaithe tús a chur leis an ngníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin, nó seachtain amháin ar a laghad i gcás cuairteanna gan réamhfhógra, iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit ar fad gan mhoill saineolaithe cáilithe a ainmniú lasmuigh den díorma le haghaidh na bhfolúntas sin.

9.Freagróidh na Ballstáit laistigh de 72 uair an chloig ón iarraidh sin a fháil.

Ainmneoidh an Coimisiún príomhshaineolaí ón gCoimisiún agus molfaidh sé an príomhshaineolaí ón mBallstát. Ainmneoidh na baill den fhoireann an príomhshaineolaí ón mBallstát a luaithe is féidir tar éis an fhoireann a chur ar bun.

Beidh na príomhshaineolaithe freagrach go háirithe as an bpleanáil fhoriomlán, gníomhaíochtaí ullmhúcháin, an fhoireann a eagrú, an mheastóireacht a dhéanamh, dréachtú na tuarascála meastóireachta a chomhordú, an tseiceáil cháilíochta, gníomhaíochtaí leantacha, agus gníomhaíochtaí faireacháin ábhartha, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 19

Cuairteanna a dhéanamh

1.Déanfaidh na foirne na gníomhaíochtaí ullmhúcháin uile is gá lena áirithiú go mbeidh na cuairteanna éifeachtúil, cruinn agus comhsheasmhach.

2.An clár mionsonraithe le haghaidh na gcuairteanna i mBallstát nó i gconsalachtaí Ballstáit, is é an Coimisiún a chuirfidh an clár sin ar bun, i ndlúthchomhar leis na príomhshaineolaithe agus leis an mBallstát lena mbaineann.

D’fhéadfadh a bheith san áireamh leis sin cuairteanna ar údaráis agus comhlachtaí náisiúnta, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirnáisiúnta, agus ar eintitis, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme acquis Schengen, atá rannpháirteach ann nó a mbaineann an cur chun feidhme sin leo, mar aon le cruinnithe leis na grúpaí sin uile, agus obair i gcomhar á déanamh leis an mBallstát atá faoi réir na gníomhaíochta meastóireachta nó faireacháin.

3.Le haghaidh cuairteanna le réamhfhógra, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann agus tabharfaidh sé fógra don Bhallstát sin faoin gclár mionsonraithe ceithre seachtaine ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé sceidealaithe an chuairt a dhéanamh. Cuirfidh sé ainmneacha na mball den fhoireann agus ainmneacha na mbreathnóirí ar fáil roimh ré. Ainmneoidh an Ballstát lena mbaineann pointe teagmhála chun na socruithe praiticiúla a dhéanamh maidir leis an gcuairt.

4.Na cuairteanna gan réamhfhógra, déanfar iad gan fógra a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann. Mar eisceacht air sin, féadfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann 24 uair an chloig ar a laghad roimh an am a bhfuil an chuairt le bheith ar siúl nuair is é is príomhchuspóir don chuairt gan réamhfhógra sin fíorú randamach a dhéanamh ar chur chun feidhme acquis Schengen.

Is é an Coimisiún a chuirfidh an clár mionsonraithe le haghaidh cuairteanna gan réamhfhógra ar bun. I gcás ina mbeidh fógra tugtha do na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún an clár ama agus an clár mionsonraithe a cheadú leis an mBallstát lena mbaineann.

5.I ndlúthchomhar leis na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a bhunú maidir le cuairteanna gan réamhfhógra a dhéanamh agus iad a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 20

Modhanna cianda

I gcomhar leis na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a bhunú maidir gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh trí bhíthin ceistneoirí nó modhanna cianda eile.

Airteagal 21

Tuarascálacha meastóireachta

1.Déanfaidh an fhoireann tuarascáil mheastóireachta a dhréachtú tar éis gach meastóireachta.

Is trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a dhéanfaidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3). Glacfar an tuarascáil mheastóireachta tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta.

Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig na parlaimintí náisiúnta, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

2.Nuair a bheidh an tuarascáil mheastóireachta á hullmhú ag na foirne, tabharfaidh siad aird ar fhreagraí ar an gceistneoir caighdeánach, ar aon fhaisnéis bhreise a gheofar i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 9, 10 agus 11, agus ar thorthaí na gníomhaíochta meastóireachta. Féadfar ábhar faisnéise agus digiteach a chuimsiú sna tuarascálacha meastóireachta chun tacú leis na torthaí. I gcás ina ndéanfar meastóireacht trí bhíthin cuairte, déanfaidh an fhoireann an tuarascáil mheastóireachta a dhréachtú le linn na cuairte.

Is ar na foirne a bheidh an fhreagracht iomlán as an tuarascáil mheastóireachta a dhréachtú agus as sláine agus cáilíocht na tuarascála a áirithiú. I gcás easaontais, déanfaidh an fhoireann gach iarracht teacht ar chomhréiteach.

3.Déanfar anailís sa tuarascáil mheastóireachta ar na gnéithe cáilíochtúla, cainníochtúla, oibríochtúla, riaracháin agus eagraíochtúla agus liostófar inti na heasnaimh, na réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu agus na dea-chleachtais a sainaithníodh le linn na meastóireachta.

4.Féadfar torthaí a mheasúnú mar cheann díobh seo a leanas:

(a)dea-chleachtas;

(b)comhlíontach ach feabhas ag teastáil;

(c)neamhchomhlíontach.

5.Beidh moltaí sa tuarascáil mheastóireachta maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus na réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a sainaithníodh le linn na meastóireachta agus tabharfar léiriú inti ar na tosaíochtaí maidir lena gcur chun feidhme. Féadfar sprioc-amanna a leagan síos sa tuarascáil mheastóireachta maidir le cur chun feidhme na moltaí. I gcás ina sainaithneofar sa mheastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach, beidh feidhm ag na forálacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 23.

6.Tarchuirfidh an Coimisiún an dréachttuarascáil mheastóireachta chuig an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air laistigh de cheithre seachtaine ó dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta. Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air a bharúlacha maidir leis an dréachttuarascáil mheastóireachta ar fáil laistigh de dhá sheachtain tar éis dó í a fháil. Tionólfar cruinniú maidir le dréachtú arna iarraidh sin don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis na barúlacha a fháil ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air. Féadfar barúlacha an Bhallstáit a ndearnadh meastóireacht air a léiriú sa dréachttuarascáil mheastóireachta.

Airteagal 22

Obair leantach agus faireachán

1.Laistigh de dhá mhí ón dáta a ghlacfar an tuarascáil mheastóireachta, cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air plean gníomhaíochta faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na moltaí uile a chuimsítear sa tuarascáil mheastóireachta.

2.Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an bhfoireann a rinne an ghníomhaíocht mheastóireachta, cuirfidh sé a chuid tuairimí maidir le sásúlacht an phlean gníomhaíochta ar fáil agus, laistigh de mhí amháin ón dáta a chuirfear an plean isteach, cuirfidh sé a chuid tuairimí in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar na Ballstáit barúlacha a thabhairt maidir leis an bplean gníomhaíochta.

Mura measfaidh an Coimisiún gur tugadh aghaidh ar na moltaí uile ar bhealach leormhaith, déanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air plean gníomhaíochta athbhreithnithe a chur isteach laistigh de mhí amháin tar éis dó na tuairimí a fháil.

3.Tuairisceoidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta gach sé mhí ón dáta a ghlacfar an tuarascáil mheastóireachta go dtí go measfaidh an Coimisiún go bhfuil an plean gníomhaíochta curtha chun feidhme ina iomláine. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh ar an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air cloí le minicíocht eile maidir leis an tuairisciú, ag brath ar chineál na neasnamh agus ar staid chur chun feidhme na moltaí.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an plean gníomhaíochta curtha chun feidhme, cuirfidh sé an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air ar an eolas faoi thabhairt i gcrích an phlean gníomhaíochta.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi staid chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta dhá uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, faisnéis a sholáthar faoina chuid tuairimí maidir le sásúlacht na bpleananna gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 2, faoi thoradh na n‑athchuairteanna agus na gcuairteanna fíorúcháin, agus faoina bharúil an ann d’easpa shuntasach dul chun cinn i ndáil le plean gníomhaíochta a chur chun feidhme.

CAIBIDIL IV

EASNAMH TROMCHÚISEACH AGUS FOIRMEACHA SONRACHA MEASTÓIREACHTA

Airteagal 23

Forálacha sonracha i gcás easnamh tromchúiseach ar sainaithníodh sa tuarascáil mheastóireachta gurb ann dó

1.Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos i mír 2 go 7 maidir le meastóireachtaí inar sainaithníodh gurb ann d’easnamh tromchúiseach.

2.Ag deireadh na gníomhaíochta meastóireachta, thar ceann na foirne, déanfaidh na príomhshaineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit a chur in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air gur sainaithníodh gurb ann d’easnamh tromchúiseach.

Déanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air bearta ceartaitheacha láithreacha lena n‑áirítear, i gcás inar gá, na hacmhainní oibríochtúla agus airgeadais uile atá ar fáil a shlógadh. Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air an Coimisiún agus na Ballstáit ar an eolas gan mhoill faoi na gníomhaíochtaí ceartaitheacha láithreacha a rinneadh nó atá beartaithe. I gcomhthráth leis sin, cuirfidh an Coimisiún na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 7 ar an eolas faoin easnamh tromchúiseach i bhfianaise na tacaíochta a d’fhéadfadh siad a thabhairt don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin.

3.Na torthaí arb é cinneadh maidir le heasnamh tromchúiseach is toradh orthu, is orthu a dhíreofar sa tuarascáil mheastóireachta a dhréachtófar i gcomhréir le hAirteagal 21(2), (3) agus (4). Ní bheidh moltaí sa tuarascáil. Tarchuirfidh an Coimisiún an dréachttuarascáil mheastóireachta chuig an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air laistigh de dhá sheachtain ó dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta.

Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air a bharúlacha maidir leis an dréacht‑tuarascáil mheastóireachta ar fáil laistigh de chúig lá oibre tar éis dó í a fháil.

Ar mhórchúiseanna práinne cuí‑réasúnaithe a bhaineann leis an easnamh tromchúiseach, glacfaidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29(4).

4.I bhfianaise na dtorthaí, déanfaidh an fhoireann moltaí a dhréachtú maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bheidh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an easnamh tromchúiseach ar sainaithníodh sa dréachttuarascáil mheastóireachta gurb ann dó.

Cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle maidir leis na moltaí lena mbaineann a ghlacadh.

5.Glacfaidh an Chomhairle moltaí laistigh de dhá sheachtain ón dáta a gheofar an togra.

Tarchuirfidh sé na moltaí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Socróidh an Chomhairle teorainneacha ama le haghaidh chur chun feidhme na moltaí a bhaineann le heasnamh tromchúiseach agus sonróidh sí minicíocht maidir leis an tuairisciú a dhéanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air don Choimisiún agus don Chomhairle i ndáil le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta.

6.Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air a phlean gníomhaíochta faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle laistigh de mhí amháin tar éis ghlacadh na moltaí. Tarchuirfidh an Coimisiún an plean gníomhaíochta sin chuig Parlaimint na hEorpa.

Tabharfaidh an Coimisiún a chuid tuairimí maidir le sásúlacht an phlean gníomhaíochta don Bhallstáit a ndearnadh meastóireacht air laistigh de dhá sheachtain ó cuireadh isteach é. Tarchuirfidh an Coimisiún a chuid tuairimí chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa.

7.Ar mhaithe leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na moltaí a bhaineann leis an easnamh tromchúiseach a fhíorú, eagróidh an Coimisiún athchuairt atá le déanamh tráth nach déanaí ná bliain amháin ó dháta na gníomhaíochta meastóireachta.

Glacfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le hathchuairt trí bhíthin gníomh cur chun feidhme agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3). Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil maidir le hathchuairt faoi bhráid na Comhairle.

8.Cuirfidh an Chomhairle a seasamh maidir leis an tuarascáil in iúl.

9.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin rún atá aige an plean gníomhaíochta a thabhairt i gcrích.

Iarrfaidh an Coimisiún ar an gComhairle a seasamh a chur in iúl maidir leis an tabhairt i gcrích atá beartaithe.

Agus cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún an dtabharfar an plean gníomhaíochta i gcrích, cuirfidh sé an seasamh sin san áireamh.

10.Maidir leis an easnamh tromchúiseach, má mheastar gur bagairt thromchúiseach é ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, nó má mheastar gur sárú tromchúiseach córasach ar chearta bunúsacha é, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi láithreach, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó do Bhallstát.

Airteagal 24

Forálacha sonracha maidir le meastóireachtaí céaduaire

1.Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 maidir le meastóireachtaí céaduaire.

2.Ní bheidh moltaí sa tuarascáil mheastóireachta a dhréachtófar i gcomhréir le hAirteagal 21(2), (3) agus (4). I bhfianaise na dtorthaí, déanfaidh an fhoireann moltaí a dhréachtú maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a sainaithníodh sa dréachttuarascáil mheastóireachta. Beidh feidhm ag na hamlínte in Airteagal 21(1) agus (6).

Cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle maidir leis na moltaí lena mbaineann a ghlacadh.

3.Glacfaidh an Chomhairle moltaí laistigh de dhá mhí ón dáta a gheofar an togra.

Tarchuirfidh sí na moltaí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Féadfaidh an Chomhairle teorainneacha ama a shocrú le haghaidh cur chun feidhme moltaí sonracha.

Eagróidh an Coimisiún athchuairt i gcás ina gcinnfear sa tuarascáil mheastóireachta nár chomhlíon an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air na coinníollacha is gá maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm. Glacfaidh an Coimisiún an tuarascáil maidir le hathchuairt trí bhíthin gníomh cur chun feidhme agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3). Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil maidir le hathchuairt faoi bhráid na Comhairle.

4.Déanfaidh an Coimisiún cuairt fíorúcháin sula dtabharfar an plean gníomhaíochta i gcrích.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi thoradh na cuairte fíorúcháin agus faoin rún atá aige an plean gníomhaíochta a thabhairt i gcrích.

5.Iarrfaidh an Coimisiún ar an gComhairle a seasamh a chur in iúl maidir leis an tabhairt i gcrích atá beartaithe.

Agus cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún an dtabharfar an plean gníomhaíochta i gcrích, cuirfidh sé an seasamh sin san áireamh.

Airteagal 25

Foráil shonrach maidir le meastóireachtaí téamacha

Beidh feidhm ag Airteagal 24(2) agus (3) maidir le meastóireachtaí téamacha.

Má shainaithnítear sa mheastóireacht théamach gurb ann d’easnamh tromchúiseach, beidh feidhm ag Airteagal 23.

CAIBIDIL V

FORALACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Faisnéis íogair

1.Measfaidh na foirne gur faoi rún a bheidh aon fhaisnéis a gheobhaidh siad agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas.

2.Cinnfear stádas rúnaicmiúcháin na dtuarascálacha i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444. Féadfar iad a rúnaicmiú freisin mar ‘EU RESTRICTED/RESTREINT UE’ ar iarraidh chuíréasúnaithe ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air.

3.Is i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme a dhéanfar faisnéis agus doiciméid rúnaicmithe a tharchur agus a láimhseáil chun críocha an Rialacháin seo. Ní chuirfidh na rialacha sin bac ar fhaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa ná do na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí AE ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 7.

Airteagal 27

Coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na hÉireann

1.Ní bheidh saineolaithe ó Éirinn rannpháirteach ach amháin sa mheastóireacht ar an gcuid de acquis Schengen ar údaraíodh Éire le bheith rannpháirteach inti.

2.Cumhdóidh na meastóireachtaí cur i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil acquis Schengen ag Éire a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin de acquis Schengen ar údaraíodh Éire le bheith rannpháirteach inti, agus an chuid sin amháin.

3.Ní bheidh Éire rannpháirteach ach amháin i nglacadh na moltaí ag an gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcuid de acquis Schengen ar údaraíodh Éire le bheith rannpháirteach inti.

Airteagal 28

Tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain maidir leis na meastóireachtaí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil don phobal agus beidh faisnéis inti faoi na meastóireachtaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin, faoi na conclúidí a baineadh astu agus faoin staid mar atá maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne na Ballstáit. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin chuig na parlaimintí náisiúnta. Pléifidh an Chomhairle an tuarascáil agus glacfaidh sí conclúidí ina leith.

Airteagal 29

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 30

Athbhreithniú

Tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle laistigh de shé mhí ón dáta a ghlacfar na tuarascálacha meastóireachta uile maidir leis na meastóireachtaí a chumhdaítear faoin gcéad chlár meastóireachta ilbhliantúil, clár a ghlacfar i gcomhréir leis an Rialachán seo. Faoin athbhreithniú sin, cumhdófar eilimintí uile an Rialacháin seo, lena n‑áirítear feidhmiú na nósanna imeachta um ghníomhartha a ghlacadh faoin sásra meastóireachta. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 31

Forálacha idirthréimhseacha

1.Cuirfear an chéad chlár meastóireachta ilbhliantúil faoin Rialachán seo ar bun faoin [1 Samhain 2022] agus cuirfear tús leis an [1 Eanáir 2023].

Sa chlár, cuirfear san áireamh na meastóireachtaí a rinneadh cheana faoin dara clár ilbhliantúil a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus déanfar an chéad chlár meastóireachta ilbhliantúil a tharraingt suas sa tslí go leanfar den chlár sin.

2.Úsáidfear an ceistneoir caighdeánach a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 go dtí go mbunófar an ceistneoir caighdeánach dá bhforáiltear faoi Airteagal 14 den Rialachán seo.

Airteagal 32

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle ón [1 Meán Fómhair 2022] amach.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [1 Meán Fómhair 2022].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 an 7 Deireadh Fómhair 2013

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Ceannteideal 4 – Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

1.3.Teideal 11 – Bainistiú Teorainneacha

Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 49  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is éard a thacaítear le Schengen cnuasach mór beart lena ndéantar an easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chúiteamh agus lena ráthaítear leibhéal ard slándála go héifeachtach. Is é is cuspóir ginearálta don togra seo a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit an tacar reachtaíochta sin, ar a dtugtar acquis Schengen, a chur chun feidhme go hiomlán, i gceart agus go héifeachtach, ar reachtaíocht í lena bhféadfar Limistéar Schengen a fheidhmiú go cuí.

Áirítear na trí cholún seo a leanas in acquis Schengen:

(1) bearta ag na teorainneacha seachtracha (bainistiú teorainneacha seachtracha),

(2) bearta cúiteacha (comhbheartas maidir le víosaí, comhar póilíneachta, beartas fillte agus Córas Faisnéise Schengen), chomh maith le ceanglais maidir le sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha a chosaint, agus

(3) sásra láidir faireacháin.

Is éard is cuspóir ginearálta don tionscnamh seo feabhas a chur ar shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen a sheasann don tríú colún. Is é is aidhm don togra an sásra a dhéanamh níos éifeachtaí trína a dhéanamh níos solúbtha ó thaobh an tsaoil a bhíonn ag síorathrú agus níos tapúla ionas gur féidir é a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna reatha go prapúil agus go cuí gan aon ghá a bheith ann leasuithe a dhéanamh air go minic.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

I gcomhréir le Clár Oibre an Choimisiúin 2021, is cuid é an togra seo den Chuspóir Beartais maidir lenár nDóigh Bhearta Eorpach a chur chun cinn, go háirithe Tionscnamh 34 de phacáiste Schengen, pointe b) Leasú ar an Rialachán lena mbunaítear an Sásra Meastóireachta Schengen.

I gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin laistigh de shé mhí ó glacadh na tuarascálacha meastóireachta uile faoin gcéad chlár meastóireachta ilbhliantúil (2015-2019). Cumhdaíodh gnéithe uile an Rialacháin san athbhreithniú, lena n‑áirítear feidhmiú na nósanna imeachta chun gníomhartha a ghlacadh faoin Sásra. Thíolaic an Coimisiún a athbhreithniú i dtuarascáil 50 agus i ndoiciméad inmheánach oibre 51 a ghabhann léi an 25 Samhain 2020. Fuarthas amach san athbhreithniú go bhfuil feabhas nithiúil tagtha ar chur chun feidhme acquis Schengen cheana ag na Ballstáit i ngeall ar sásra. Shainaithin sé, áfach, roinnt easnamh ar cheart aghaidh a thabhairt orthu:

(1) fad iomarcach an phróisis meastóireachta (10 mí -12 mhí) agus an tréimhse ama do na Ballstáit moltaí a chur chun feidhme (2 bhliain) ;

(2) an easpa líon leordhóthanach saineolaithe chun páirt a ghlacadh sna meastóireachtaí, agus 5 Bhallstát ag soláthar aon trian de na saineolaithe go léir maille le heasnamh ainsealach saineolaithe i réimsí beartais ar leith;

(3) úsáid agus éifeachtúlacht fho-optamach na gcuairteanna gan réamhfhógra agus uirlisí eile meastóireachta agus faireacháin, go háirithe meastóireachtaí téamacha ;

(4) obair leantach agus cur chun feidhme mall a dhéanamh ar na pleananna gníomhaíochta agus easpa cur chuige cuimsitheach agus comhsheasmhach maidir le faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme;

(5) taobh amuigh den mheastóireacht ar cheanglais cosanta sonraí, ní dhéantar an measúnú ar urraim do chearta bunúsacha i gcur chun feidhme acquis Schengen a chomhtháthú go leordhóthanach sa Sásra.

Léirítear sa tuarascáil go bhféadfaí dul i ngleic le cuid de na heasnaimh sin ar an leibhéal oibríochtúil, ach bheadh gá le hathruithe reachtacha chun na rialacha agus na nósanna imeachta atá ann cheana a shoiléiriú agus a threisiú chun go mbeidh an sásra go hiomlán sainoiriúnaithe.

Mar obair leantach agus i gcomhréir le conclúidí an Chéad Fhóraim Schengen an 30 Samhain 2020, rinne an Coimisiún tacar comhairliúcháin teicniúla leis na páirtithe leasmhara agus d’ullmhaigh sé measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Bunaithe ar thorthaí na dtionscnamh sin agus ar chonclúidí thuarascáil Schengen, shainaithin an Coimisiún na cuspóirí sonracha seo a leanas nach mór aghaidh a thabhairt orthu leis an togra seo:

1.    Cuspóir sonrach uimh. 1: Fócas straitéiseach an tSásra a mhéadú agus a áirithiú go mbainfear úsáid níos comhréirí agus níos straitéisí as na huirlisí éagsúla meastóireachta agus faireacháin: Tá coinne leis go mbainfear an méid sin amach trí raon feidhme na meastóireachtaí a choinneáil agus san am céanna a inoiriúnaitheacht do dhálaí nua agus dálaí síoraithraitheacha a fheabhsú, trí fhoráil a dhéanamh maidir le rialacha clársceidealaithe atá níos solúbtha agus síneadh a chur le tréimhse an timthrialla meastóireachta.

2.    Cuspóir sonrach uimh. 2: Na nósanna imeachta a ghiorrú agus a shimpliú chun an próiseas a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus chun an piarbhrú a mhéadú chun dul i ngleic le fad iomarcach na nósanna imeachta agus an t‑ualach riaracháin a bhaineann leo. Fágann siad gurb ann do chinnteoireacht athbhreithnithe lena ndírítear ar ról na Comhairle sna cásanna is ábhartha ó thaobh na polaitíochta de, ar na rialacha leantacha feabhsaithe, agus ar shimpliú suntasach (e.g. dí‑aicmiú tuarascálacha meastóireachta de ghnáth, minicíocht laghdaithe na n‑oibleagáidí tuairiscithe ag na Ballstáit, teorainneacha ama ceangailteacha áirithe chun dlús a chur leis an bpróiseas).

3.    Cuspóir sonrach uimh. 3: An mheastóireacht ar an urraim do choimircí ceart bunúsach faoi acquis Schengen a neartú trí bhearta spriocdhírithe a thabhairt isteach chun cosaint na gceart bunúsach a chomhtháthú agus a chuíchóiriú ar bhealach níos fearr sa Sásra mar fhreagairt ar iarrataí seanbhunaithe na bpáirtithe leasmhara.

4.    Cuspóir sonrach uimh. 4: Rannpháirtíocht saineolaithe na mBallstát agus an comhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE a bharrfheabhsú, chomh maith le sineirgí le sásraí meastóireachta agus faireacháin eile, chun meastóireachtaí níos spriocdhírithe, níos straitéisí agus níos saincheaptha a bhaint amach: Tá gá leis sin chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas saineolaithe cáilithe le haghaidh meastóireachtaí agus an mhíchothromaíocht ó thaobh rannchuidiú na mBallstát chomh maith le húsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus chun sineirgí le hionstraimí eile a fheabhsú. Leis an togra seo, bunaítear díorma buan bliantúil saineolaithe atá faoi bhainistiú an Choimisiúin, rud a chuireann solúbthacht ar fáil maidir le méid na bhfoirne agus a mhéadaíonn na dreasachtaí rannpháirtíochta. Leis na hathruithe atá beartaithe, uasmhéadaítear an t‑ionchur agus cuirtear feabhas ar an gcomhordú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE agus le sásraí rialaithe cáilíochta eile trí anailís riosca a fheabhsú, trí chomhordú feabhsaithe, agus trí rannpháirtíocht neartaithe le hoibleagáidí dlíthiúla nua.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is gné dhílis den Dóigh Bheatha Eorpach í an tsaorghluaiseacht, agus chun í a chaomhnú, ní mór don Aontas a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit acquis Schengen i bhfeidhm mar is ceart agus ina iomláine.

Le blianta beaga anuas, tá limistéar saorghluaiseachta Schengen á thástáil ag sraith dúshlán de chineál éagsúil amhail an ghéarchéim imirce, bagairtí sceimhlitheoireachta agus na hiarmhairtí a bhaineann le COVID-19. Mar gheall ar na dálaí nua atá ann, leagadh béim ar an ngá atá ann feabhas a chur ar an struchtúr rialachais agus ar na huirlisí atá ar fáil chun go n‑oibreoidh Schengen go rianúil. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen san aitheasc 52 ar Staid an Aontais 2020 Straitéis nua maidir le Schengen chun limistéar lánfheidhmiúil saorghluaiseachta a áirithiú. Chuir an Coimisiún in iúl sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann go gcomhcheanglófaí leis an Straitéis tionscnaimh reachtacha agus oibríochtúla a bheidh dírithe ar Schengen níos láidre agus níos athléimní a chruthú. Is éard atá sa tionscnamh reachtach sin athbhreithniú ar an Sásra.

Dearbhaítear i gclár oibre an Choimisiúin do 2021 53 nach mór rialacha nua a chur i bhfeidhm chun feidhmiú limistéar Schengen a chaomhnú agus a fheabhsú. Faoin gcuspóir beartais maidir lenár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn, geallann an Coimisiún pacáiste Schengen (gníomh 34) a thíolacadh a mbeidh an Leasú ar an Rialachán lena mbunaítear an Sásra Meastóireachta Schengen mar chuid de, ar leasú é atá le glacadh sa dara ráithe de 2021.

Is gné lárnach de Straitéis nua Schengen an Choimisiúin é an togra seo. Is é is aidhm dó a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit rialacha Schengen i bhfeidhm go héifeachtach, rud a d’fheabhsódh iontaoibh fhrithpháirteach eatarthu agus a chuirfeadh le dea-fheidhmiú an limistéir saorghluaiseachta.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Forbraíodh liosta neamh‑uileghabhálach de tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun faireachán a dhéanamh ar a mhéid a bhainfear amach na hathruithe atá beartaithe agus úsáidfear é chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán.

Chun réimsí an tsimplithe riaracháin a thomhas, cuirtear na táscairí seo a leanas ar aghaidh:

   An líon leasuithe ar an gclár meastóireachta

   Líon na nglaonna ar shaineolaithe

    An líon tograí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí

   An líon moltaí ón gComhairle

   Líon na bPleananna Gníomhaíochta Measúnachta (Cumarsáid an Choimisiúin)

   Líon na dtuarascálacha ar dhul chun cinn

Forbraíodh na táscairí seo a leanas chun an rath a thomhas de réir ngach cuspóra shonraigh, a gcomhfhreagraíonn cuspóir oibríochtúil dó, a thomhas:

   Líon na meastóireachtaí neamhfhógartha agus téamacha (meán bliantúil thar an timthriall) – cuspóir sonrach 1

   Plé i leith na dtorthaí ag leibhéal Aireachta nó staid na himeartha maidir leis na moltaí – cuspóir sonrach 1

   Meánfhad an phróisis meastóireachta – cuspóir sonrach 2

   Easnaimh a sainaithníodh le sásra meastóireachta Schengen ar feitheamh le leigheas ag deireadh na bliana – cuspóir sonrach 2

   Líon na mbreathnóirí FRA i Meastóireachtaí Schengen – cuspóir sonrach 3

   Líon na saineolaithe a bhfuil ar chearta bunúsacha acu – cuspóir sonrach 3

   An meánlíon saineolaithe atá ag teastáil in aghaidh na cuairte meastóireachta – cuspóir sonrach 4

   Cóimheas saineolaithe ainmnithe/riachtanacha – cuspóir sonrach 4

   Líon na dtuarascálacha anailíse riosca nó tuarascálacha eile – cuspóir sonrach 4

Ina theannta sin, tá uirlis nua TF á forbairt ag an gCoimisiún chun nuachóiriú a dhéanamh ar an bhfaireachán a dhéanann na Ballstáit ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta. Tá coinne leis go mbeidh an uirlis sin ag feidhmiú cheana féin in 2021.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Is é cuspóir foriomlán shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen cur i bhfeidhm ceart acquis Schengen a fhíorú agus, nuair is gá, feabhsuithe a mholadh agus a gcur chun feidhme a áirithiú.

Tá caomhnú limistéar Schengen mar limistéar saorghluaiseachta gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ag brath ar shásra éifeachtach agus éifeachtúil chun meastóireacht a dhéanamh ar na bearta atá le cur chun feidhme ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus ar bhearta cúiteacha arb é is aidhm dóibh saoirse gluaiseachta agus ardleibhéal slándála agus ceartais a áirithiú i limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.

Tá limistéar Schengen bunaithe ar iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit i dtaobh a gcumas chun bearta áirithe a chur chun feidhme go hiomlán ag na teorainneacha seachtracha agus bearta cúiteacha laistigh dá gcríocha, rud a ligeann dóibh deireadh a chur le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Tá gné idir-rialtasach ag baint le bunús shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen ó na 1990idí nuair a bhí na Ballstáit i bhfeighil na meastóireachtaí go hiomlán, agus an Coimisiún ag glacadh páirte mar bhreathnóir. Rinneadh cuid de chreat an Aontais Eorpaigh de acquis Schengen le teacht i bhfeidhm Chonradh Amstardam in 1999, rud a d’fhág go rabhthas in ann bunús dlí an tsásra atá i bhfeidhm faoi láthair a ghlacadh tríd an bhfreagracht as a chomhordú agus as a eagrúchán foriomlán a aistriú chuig an gCoimisiún.

Ó glacadh an Rialachán maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen in 2013 54 , tá sraith dúshlán nua le sárú ag an Aontas Eorpach. Tá géarchéim imirce nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ann, agus is iad na hiarmhairtí a bhí leis ba chúis le réaltachtaí nua chomh maith le sraith ionsaithe sceimhlitheoireachta. Tháinig paindéim COVID-19 chun cinn, rud atá fós ar siúl agus ag cur bac ar ghnáthfheidhmiú ghnáthshaol laethúil na saoránach. Léirigh an méid sin go léir nach leor na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair chun cabhrú le Schengen déileáil le brúnna nua atá ag teacht chun cinn. Mar thoradh air sin, ghlac an tAontas líon suntasach tionscnamh, lena n‑áirítear reachtaíocht, i réimse na ngnóthaí baile chun cabhrú le dul i ngleic go héifeachtach le riachtanais nua atá ag teacht chun cinn.

Níor tháinig aon athrú ar shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, áfach, agus bhí deacrachtaí aige forbairtí reachtacha agus beartais a cuireadh i bhfeidhm le déanaí a chur san áireamh.

I gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2012 ón gComhairle, rinne an Coimisiún anailís ar fheidhmiú Shásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen. I dtorthaí an athbhreithnithe seo 55 , thángthas ar an gconclúid gur léirigh an Sásra a bhreisluach suntasach cheana féin agus gur rannchuidigh sé le cur chun feidhme acquis Schengen ag na Ballstáit a fheabhsú. Dheimhnigh sé go bhfuil na Ballstáit ag cur acquis Schengen chun feidhme go leordhóthanach ar an iomlán agus gur tugadh aghaidh go pras ar easnaimh thromchúiseacha. D’ainneoin an dul chun cinn sin, thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil gurb ann fós d’easnaimh áirithe agus do chleachtais éagsúla ar fud na mBallstát, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shláine agus ar fheidhmiú limistéar Schengen amach anseo.

I bhfianaise an fhógra a thug an tUachtarán von der Leyen go gcuirfeadh sí straitéis nua Schengen agus an plé ar ardleibhéal polaitiúil i láthair ag an gCéad Fhóram Schengen an 30 Samhain 2020, rinne an Coimisiún grinnmheasúnú tionchair agus comhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara. Ba é ba chonclúid do na torthaí gur féidir tionchair dhearfacha an tSásra a dheimhniú go cinntitheach agus gur cruthaíodh go raibh breisluach ag baint leis. Mhol siad, áfach, chun an Sásra a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, gur cheart é a leasú ar bhealach a fhágann go bhfuil sé oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn agus chun dul in oiriúint do réaltachtaí nua. Ina theannta sin, sainaithníodh gnéithe áirithe nós imeachta chun a fheidhmiú praiticiúil a fheabhsú mar thoradh ar an taithí a fuarthas sa chéad timthriall meastóireachta 5 mbliana.

Ar an mbonn sin, tá an deis á tapú ag an gCoimisiún chun an togra reatha a chur ar aghaidh. Tá an Rialachán atá beartaithe le glacadh faoi nós imeachta reachtach speisialta i gcomhréir le hAirteagal 70 den CFAE.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Eascraíonn breisluach AE an tionscnaimh go príomha as rannpháirtíocht chomhordaithe na mBallstát, go díreach agus tríd an gComhairle, rud a chruthaíonn bonn láidir chun iontaoibh fhrithpháirteach a ghiniúint i measc na mBallstát i gcomparáid le meastóireachtaí ar leibhéal na mBallstát. Leis na meastóireachtaí a chomhordaítear ar leibhéal an Aontais, déantar comparáid idir na cleachtais chur chun feidhme ó Bhallstát go chéile a éascú mar aon le measúnú ar éifeachtaí comhcheangailte an chur chun feidhme i mBallstáit éagsúla a éascú. Fágann sé sin freisin gur féidir easnaimh a shainaithint a eascraíonn as neamhshiméadrachtaí agus as éagsúlachtaí i gcur chun feidhme acquis Schengen, rudaí a d’fhéadfadh sláine Schengen a chur i mbaol. Féadfaidh an piarbhrú a eascraíonn as an Sásra dreasacht bhreise a chruthú chun acquis Schengen a chur chun feidhme i gceart. Laghdaíonn an tionscnamh an baol go mbeidh ualach díréireach ar líon beag Ballstát i dtaobh feidhmiú an tSásra.

Is é is aidhm don togra béim an tSásra a aistriú go dtí easnaimh a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith acu ar dhea-fheidhmiú Schengen ina iomláine. Ba cheart saincheisteanna a bhfuil raon feidhme teoranta acu a láimhseáil ar an leibhéal náisiúnta.

Ní théann na bearta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a bhaint amach agus prionsabal na coimhdeachta á chur san áireamh trí bhonn a leagan síos le haghaidh comhordú feabhsaithe leis na meastóireachtaí arna ndéanamh faoi shásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí comhchosúil a fuarthas cheana

Baineann an togra seo leas as na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle, ina ndéantar foráil maidir le meastóireachtaí Schengen a dhéanamh ar bhonn timthriall meastóireachta 5 bliana. Tar éis an chéad timthrialla meastóireachta a chlúdaigh an tréimhse 2014-2019, mheas an Coimisiún an dul chun cinn a rinneadh agus na heasnaimh a sainaithníodh agus chuir sé na torthaí i láthair i dtuarascáil Schengen 56 . Agus an togra reatha á ullmhú, cuireann an Coimisiún conclúidí agus moltaí an athbhreithnithe sin san áireamh chomh maith le dearcadh na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo tar éis an chéad Fhóraim Schengen. Cuirtear san áireamh inti freisin na conclúidí 57 ón gComhairle a glacadh le déanaí maidir le feidhmiú shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen (Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle) an 19 Aibreán 2021, lena ndearbhaítear ról ríthábhachtach an tSásra chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil acquis Schengen a áirithiú agus chun ardleibhéal iontaoibhe frithpháirtí idir na Ballstáit i réimse na saorghluaiseachta a áirithiú. Sna conclúidí sin, iarrtar ar an gCoimisiún freisin tionscnaimh a chur ar aghaidh chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fhoriomlán an tSásra agus a sholúbthacht a áirithiú ag an am céanna.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Cuireann an Coimisiún an togra seo i láthair mar ghné riachtanach de Straitéis Schengen lena n‑áirítear Teachtaireacht pholaitiúil maidir le Schengen, i measc doiciméid eile. Leanann sé ón gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, Meán Fómhair 2020.

Agus é ag baint leis an tríú colún de rialachas Schengen, ní dhéanann an togra seo difear don reachtaíocht atá ábhartha maidir leis an gcéad dá cholún Schengen (teorainneacha seachtracha agus bearta cúitimh) ach tá sé d’aidhm aige cuidiú leis na Ballstáit iad a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.

Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar thábhacht ról na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá bainteach le cur chun feidhme acquis Schengen. Mar léiriú ar an bhforbairt sin, déantar foráil sa togra maidir le meastóireacht agus faireachán a dhéanamh, go pointe áirithe, ar ghníomhaíochtaí chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, a mhéid a bhfuil a mbaill foirne ag cur gníomhaíochtaí chun feidhme thar ceann na mBallstát.

Cuireann an Sásra creat dlí stóinsithe ar fáil atá solúbtha freisin chun iomlán na reachtaíochta a bhíonn ag síorathrú maidir le feidhmiú limistéar Schengen a chumhdach. Ós rud é go ndearnadh forbairtí dinimiciúla le déanaí ar an reachtaíocht sin a bhféadfaí a bheith ag súil go leanfar leo amach anseo, ceapadh an togra seo ar bhealach a fhágann gur féidir an Sásra a chur in oiriúint d’fhorbairt ionchasach acquis Schengen gan gá na rialacha maidir lena mheastóireacht agus faireachán a dhéanamh air a leasú ina dhiaidh sin.

Tá a n‑uirlisí meastóireachta agus faireacháin féin i gcuid de na gníomhartha dlíthiúla sna réimsí beartais a chumhdaíonn an Sásra. Déantar foráil sa togra maidir le sineirgí a áirithiú chun dúbláil a sheachaint agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as uirlisí faireacháin earnálacha.

Na gníomhaíochtaí a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo agus atá ábhartha maidir leis an togra seo, tá siad i gcomhréir go hiomlán leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin cuairteanna meastóireachtaí a mhaoiniú do shaineolaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Go dtí seo, maoiníodh na cuairteanna meastóireachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle le gníomhaíochtaí an Aontais, an Ciste Slándála Inmheánaí/Teorainneacha agus Víosaí. A luaithe a thiocfaidh an Rialachán atá beartaithe i bhfeidhm, beidh na cuairteanna meastóireachta a eagrófar laistigh dá shainchúram incháilithe chun maoiniú a fháil le Saoráid Théamach na hIonstraime um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV). Ina theannta sin, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit acmhainní óna gcláir a úsáid faoi IBTV agus na moltaí á gcur chun feidhme acu chun aghaidh leordhóthanach a thabhairt ar aon leochaileacht nó riosca arna shainaithint tar éis meastóireacht Schengen a dhéanamh. Ar deireadh, trí na timthriallta meastóireachta a shíneadh ó 5 go 7 bliana, foráiltear leis an sásra go bhféadfaí sineirgí níos fearr a áirithiú leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Níl aon mhéadú ar mhaoiniú ag teastáil sa togra i gcomparáid le maoiniú na gcuairteanna meastóireachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle. Moltar rialacha nua ann a bhfuil sé d’aidhm acu éifeachtúlacht agus éifeachtacht a fheabhsú d’fhonn torthaí níos fearr a bhaint amach le hacmhainní airgeadais gan athrú.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí maidir le hathshannadh

Leis an athchóiriú, beartaítear an Sásra a dhéanamh níos éifeachtúla do na páirtithe uile lena mbaineann (na Ballstáit, an Coimisiún, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE ábhartha). Is é an bunchuspóir ó thaobh acmhainní de úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ach fanacht laistigh de na hacmhainní daonna agus buiséadacha atá ann cheana.

Tá sé ríthábhachtach a shoiléiriú nach ionstraim chostasach í an Sásra. I bhfírinne, cosnaíonn sé suas le EUR 2 mhilliún in aghaidh na bliana ar an gCoimisiún cuairteanna meastóireachta agus monatóireachta a eagrú.

I measc na rialacha nua atá beartaithe chun cuairteanna meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh tá síneadh le cur leis na timthriallta meastóireachta ó 5 go 7 bliana chomh maith le laghduithe ar mheánfhad na gcuairteanna agus ar mheánmhéid na bhfoirne meastóireachta agus faireacháin. Tá coinne leis go laghdóidh na hathruithe sin costais fhoriomlána na gcuairteanna.

Mheas an Coimisiún go dtiocfaidh laghdú thart ar aon trian ar chostais na meastóireachtaí fógartha (na cinn is daoire i ngeall ar a bhfad agus líon na saineolaithe atá i gceist) i gcomparáid leis an staid faoi mar atá sé faoi láthair mar gheall ar an éifeacht a bheadh ag na cuairteanna sin le chéile, líon laghdaithe saineolaithe (solúbthacht méid na foirne) agus an líon níos ísle de mheastóireachtaí a fhógrófar (síneadh a chur leis an timthriall meastóireachta). Ba cheart a chur san áireamh freisin go bhfuil an Sásra nua ceaptha chun meastóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí nua ar acquis Schengen, forbairtí a tháinig chun cinn go suntasach le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, déanfar éifeachtúlacht an tSásra nua a fheabhsú tuilleadh toisc go ndéanfaidh sé meastóireacht ar níos mó oibleagáidí reachtacha do na Ballstáit le costais laghdaithe i gcomparáid leis an Sásra atá ag feidhmiú faoi láthair. Sásra.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ón teacht i bhfeidhm, agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 58   

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn 'Nótaí' le do thoil.

Nótaí

Beidh an Coimisiún freagrach as bainistiú foriomlán na ngníomhaíochtaí a mbeidh impleachtaí airgeadais ag baint leo agus a mbeidh baint dhíreach acu le cur chun feidhme oibríochtúil an Rialacháin. Is éard atá i gceist leo go príomha maoiniú a thabhairt chun cuairteanna meastóireachta agus faireacháin a eagrú, amhail costais taistil agus lóistín do shaineolaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, lena n‑áirítear do na saineolaithe sin a bhfuil stádas breathnóra acu.

Ní mheastar go mbeidh athrú ar an leibhéal caiteachais i gcomparáid leis na hacmhainní a úsáidtear chun cuairteanna meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déantar foráil in Airteagal 28 agus in Airteagal 30 den togra maidir leis na rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú.

Geallann an Coimisiún go n‑ullmhóidh sé tuarascáil chuimsitheach gach bliain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na meastóireachtaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin, faoi na conclúidí a baineadh astu agus faoin staid mar atá maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne na Ballstáit. Cuirfear an tuarascáil sin chuig na Parlaimintí náisiúnta.

Oibreoidh sásra meastóireachta agus faireacháin nua Schengen ar bhonn timthriallta meastóireachta ilbhliantúla 7 mbliana. Nuair a bheidh an chéad timthriall críochnaithe agus sé mhí tar éis na tuarascálacha meastóireachta go léir faoin timthriall sin a bheith glactha, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin.

Mar chuid den mheasúnú tionchair agus i gcomhréir le rialacha maidir le rialáil níos fearr, forbraíodh liosta neamh‑uileghabhálach de tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a úsáidfear don athbhreithniú ar an Rialachán. Ina theannta sin, tá uirlis nua TF á forbairt ag an gCoimisiún chun nuachóiriú a dhéanamh ar an bhfaireachán a dhéanann na Ballstáit ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta. Tá coinne leis go mbeidh an uirlis sin ag feidhmiú cheana féin in 2021.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Ar bhonn an taithí rathúil ó chur chun feidhme shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen agus ar a mhaoiniú faoi Ghníomhaíochtaí an Aontais, an Ciste Slándála Inmheánaí/Teorainneacha agus Víosaí trí bhainistíocht dhíreach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún prionsabail mhaoiniú an tsásra nua a choinneáil ar bun. I gcomhréir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua, tacóidh Saoráid Théamach na hIonstraime um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí leis trí bhainistíocht dhíreach.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá córas rialaithe inmheánaigh bunaithe ag AS HOME atá saincheaptha dá shaintréithe agus dá imthosca sonracha agus déanann sé measúnú rialta ar a chur chun feidhme agus ar a fheidhmiú foriomlán.

Níl rioscaí móra earráidí ina cláir chaiteachais ag Ard‑Stiúrthóireacht HOME. Is deimhniú ar an méid sin an easpa torthaí suntasacha arís is arís eile i dtuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí.

Trí bhainistíocht dhíreach, tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí a chuireann le cuspóirí comhbheartais an Aontais. Ar cheann de na cuspóirí sin tá cur chun feidhme ceart, tráthúil agus éifeachtach acquis Schengen ag na Ballstáit a áirithítear le sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen.

Clúdaíodh maoiniú an tsásra atá ann faoi láthair le gníomhaíochtaí an Aontais, an Ciste Slándála Inmheánaí/Teorainneacha agus Víosaí 2014-2020. Ó 2021 i leith, beidh sé cumhdaithe faoi Shaoráid Théamach na hIonstraime um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí trí bhainistíocht dhíreach. Leanfar den Sásra athbhreithnithe a bheidh ann amach anseo a mhaoiniú trí bhainistíocht dhíreach faoin tSaoráid Théamach nua.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

Déanann an Coimisiún a dhícheall na caighdeáin is airde bainistíochta airgeadais a bhaint amach. Tá dianrialuithe agus slabhraí soiléire cuntasachta curtha i bhfeidhm ag AS HOME chun a áirithiú gur úsáideadh acmhainní i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus go dtugann na rialuithe cost‑éifeachtúla na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun‑idirbheart. Chun a léiriú go bhfuil sé tiomanta don úsáid is fearr a bhaint as acmhainní airgeadais, socraíonn an Coimisiún ráta earráide an‑íseal mar cheann dá spriocanna straitéiseacha. Chun an sprioc sin a bhaint amach, tá bearta curtha i bhfeidhm ag AS HOME chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú le linn bhainistiú na n‑idirbheart.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá a straitéis frithchalaoise féin forbartha agus á cur chun feidhme ag AS HOME ar bhonn na modheolaíochta arna soláthar ag OLAF agus i gcomhréir le Straitéis Frith‑Chalaoise an Choimisiúin (CAFS). Beidh sé mar aidhm aige a áirithiú go mbeidh a rialuithe inmheánacha maidir le frithchalaois ailínithe go hiomlán leis an CAFS agus go mbeidh a chur chuige i leith bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a shainaithint.

Ba é conclúid DG HOME 2019 AAR gur oibrigh na próisis chun calaois a chosc agus a bhrath go sásúil agus gur rannchuidigh siad, dá bhrí sin, leis an gcinnteacht maidir leis na cuspóirí rialaithe inmheánaigh a bhaint amach.

Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar Straitéis Frithchalaoise AS HOME arb é is aidhm dó an straitéis a ailíniú le Straitéis Frith‑Chalaoise nuashonraithe an Choimisiúin, agus rialuithe frith‑chalaoise á n‑oiriúnú níos fearr do réimsí beartais agus d’oibríochtaí na hArd‑Stiúrthóireachta, agus a n‑éifeachtacht agus a n‑éifeachtúlacht a mhéadú ar an gcaoi sin.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas  
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 59 .

ó thíortha de chuid CSTE 60

ó thíortha is iarrthóirí 61

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

4

11 02 01 – An Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV)

LD.

NÍL

NÍL

NÍL

Nóta: Ba cheart a thabhairt faoi deara go gcumhdaítear na leithreasuithe a iarradh i gcomhthéacs an togra le leithreasaí dá bhforáiltear cheana sa LFS is bunús leis an Rialachán IBTV. Ní iarrtar aon acmhainní breise airgeadais ná daonna i gcomhthéacs an togra reachtaigh seo.

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

4

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

Ard‑Stiúrthóireacht: HOME

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 62 11 02 01 An Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV)

Gealltanais

(1a)

2,005

2,005

2,005

2,005

2,005

10,025

Íocaíochtaí

(2a)

2,005

2,005

2,005

2,005

2,005

10,025

Gealltanais

Íocaíochtaí

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 63  

N/B

(3)

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh AS HOME

Gealltanais

=1a+1b +3

2,005

2,005

2,005

2,005

2,005

10,025

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

2,005

2,005

2,005

2,005

2,005

10,025

•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 4 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

2,005

2,005

2,005

2,005

2,005

10,025

Íocaíochtaí

=5+ 6

2,005

2,005

2,005

2,005

2,005

10,025

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

2,005

2,005

2,005

2,005

2,005

10,025

Íocaíochtaí

(5)

2,005

2,005

2,005

2,005

2,005

10,025

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6

den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

2,005

2,005

2,005

2,005

2,005

10,025

Íocaíochtaí

=5+ 6

2,005

2,005

2,005

2,005

2,005

10,025



Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: HOME

• Acmhainní daonna

N/B

2,488

2,488

2,488

2,488

2,488

12,440

• Caiteachas riaracháin eile

N/B

IOMLÁN AS HOME

Leithreasuithe

N/B

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

N/B

2,488

2,488

2,488

2,488

2,488

12,440

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

4,493

4,493

4,493

4,493

4,493

22,465

Íocaíochtaí

4,493

4,493

4,493

4,493

4,493

22,465

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 64

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 65 Bearnaí a sheachaint agus fócas straitéiseach a mhéadú 

- Aschur

Plé i leith na dtorthaí ag leibhéal Aireachta in aghaidh na bliana nó staid na himeartha maidir leis na moltaí

1

- Aschur

Tuairisciú an Choimisiúin maidir leis an sásra in aghaidh na bliana

1

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 Dáileadh na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí a chuíchóiriú, agus an próiseas agus na nósanna imeachta a shimpliú agus a luathú

- Aschur

Meánfhad an phróisis mheastóireachta – tuarascáil mheastóireachta a ghlacadh laistigh de 4 mhí tar éis na cuairte meastóireachta

4 mhí

-Aschur

Líon na meastóireachtaí téamacha in aghaidh na bliana

0,142

 

-

 

-

1

0,142

1

0,142

1

0,142

1

0,142

1

0,142

5

0,710

-Aschur

Líon na saineolaithe atá páirteach i gcuairteanna fógartha agus in athchúirteanna

0,005

 

 

 

-

338

1,601

338

1,601

338

1,601

338

1,601

338

1,601

1.687,5

8,005

-Aschur

Nós imeachta leantach – cuirfidh na Ballstáit plean gníomhaíochta isteach chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí 2 mhí tar éis an tuarascáil mheastóireachta a ghlacadh

2 mhí

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

 

1,743

 

1,743

 

1,743

 

1,743

 

1,743

 

8,715

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 Cur chun feidhme na gcoimircí maidir le cearta bunúsacha faoi acquis Schengen a neartú

- Aschur

Líon na dtuarascálacha anailíse riosca nó tuarascálacha eile

4

- Aschur

Líon na seisiún oiliúna maidir le cearta bunúsacha in aghaidh na bliana

1

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4 Rannpháirtíocht saineolaithe ó na Ballstáit agus rannpháirtíocht comhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí AE a bharrfheabhsú...

- Aschur

Cóimheas saineolaithe ainmnithe/riachtanacha

1 nó níos mó

- Aschur

Uirlis TF Koel

0,110

1

0,110

1

0,110

1

0,110

1

0,110

1

0,110

1

0,550

- Aschur

Líon na seisiún oiliúna, lena n‑áirítear maidir le cearta bunúsacha, in aghaidh na bliana

0,012

 

-

 

-

1

0,012

1

0,012

1

0,012

1

0,012

1

0,012

5

0,060

- Aschur

Oiliúint maidir le Víosaí

0,140

 

-

 

-

1

0,140

1

0,140

1

0,140

1

0,140

1

0,140

5

0,700

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4

0,262

0,262

0,262

0,262

0,262

1,310

IOMLÁIN

2,005

2,005

2,005

 

2,005

 

2,005

10,025

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021 66

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

2,488

2,488

2,488

2,488

2,488

12,440

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

2,488

2,488

2,488

2,488

2,488

12,440

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 67  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán 
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

2,488

2,488

2,488

2,488

2,488

12,440

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.


3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

14.7

14.7

14.7

14.7

14.7

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 68

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

3

3

3

3

3

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   69

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

17.7

17.7

17.7

17.7

17.7

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath‑imlonnófar laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Foireann AD: Forbairtí beartais, reachtacha agus oibríochtúla a shainaithint, a chur chun feidhme agus a chomhordú i ndáil le sásra meastóireachta Schengen, bainistiú na dTeorainneacha Seachtracha agus rialachas Schengen agus cur chun feidhme acquis Schengen sna réimsí ábhartha beartais.

Foireann AST: Cúnamh oibríochtúil agus riaracháin a thabhairt, chomh maith le gnó agus pleanáil do mheastóireacht Schengen a bhainistiú

Foireann SC: Tacaíocht oibríochtúil agus riaracháin a chur ar fáil don aonad agus cúnamh a thabhairt don Cheann Aonaid

Pearsanra seachtrach

Forbairtí beartais, reachtacha agus oibríochtúla a shainaithint, a chur chun feidhme agus a chomhordú i ndáil le sásra meastóireachta Schengen, bainistiú na dTeorainneacha Seachtracha agus rialachas Schengen agus cur chun feidhme acquis Schengen sna réimsí ábhartha beartais.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás athchlárú mór.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain 
N 70

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

(2)má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 71

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    Lasmuigh de na Ballstáit, clúdaíonn Schengen an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin freisin (‘Tíortha Comhlachaithe Schengen’ mar a ghairtear díobh). Ní cuid de limistéar Schengen í Éire, ach cuireann sí acquis Schengen i bhfeidhm i bpáirt ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann. Tá an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit agus an Rómáin faoi cheangal ag acquis Schengen, ach níor cuireadh deireadh le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i leith na mBallstát sin go fóill.
(2)    Aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa, an 16 Meán Fómhair 2020.
(3)    COM(2020) 609 final an 23.9.2020, lgh. 14-15.
(4)    Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (SCH/Com-ex (98) 26 def.), IO L 239, 22.9.2000, lch. 138.
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n‑aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen, IO L 295, 6.11.2013, lch. 27.
(6)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Feidhmiú Shásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle. COM(2020)779 final.
(7)    SWD (2020)327 final.
(8)    Mar a léiríodh san Athbhreithniú cúig bliana, sainaithníodh easnaimh thromchúiseacha sa Sásra i deich meastóireacht i dtrí réimse: bainistiú teorainneacha seachtracha (an Ghréig, an Íoslainn, an Spáinn agus an tSualainn); comhbheartas víosaí (an Fhionlainn agus an Ísiltír); Córas Faisnéise Schengen (an Bheilg, an Fhrainc, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe).
(9)    Tuarascáil ar an tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmiú limistéar Schengen (2017/2256(INI)).
(10)    Doiciméad 13244/2019 ón gComhairle.
(11)    Doiciméad 7939/21 ón gComhairle.
(12)    D’iarr Parlaimint na hEorpa agus eagraíochtaí neamhrialtasacha go mbeadh rochtain ní b’éasca ar na tuarascálacha meastóireachta.
(13)    Go háirithe i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain ar dhoiciméid.
(14)    IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.
(15)    SWD (2021) 119 final.
(16)    COM(2021) 277 final.
(17)    Rialachán (AE) 2017/2226, IO L 327, 9.12.2017, lch. 20.
(18)    Rialachán (AE) 2018/1240, IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.
(19)    Rialachán (AE) 2019/817, IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.
(20)    COM(2020)605 final an 24.7.2020.
(21)    Rialachán (AE) 2016/399, IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.
(22)    COM(2020) 796 final.
(23)    COM(2020) 612 final. Féach Airteagal 7.
(24)    Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac agus Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Cinneadh 2008/615/CGB.
(25)    SWD(2021) 74 final an 14.4.2021.
(26)    COM(2020)605 final.
(27)    In 2016, measadh go dtiocfadh costais dhíreacha láithreacha as athbhunú iomlán na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha arb ionann iad agus méid idir EUR 5 billiún agus 18 billiún in aghaidh na bliana, COM(2016) 120 final, lch 3.
(28)    IO L 295, 6.11.2013, lch. 37.
(29)    Féach fonótaí 6 agus 7.
(30)    Féach, go háirithe, Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair.
(31)    Tá bileog achoimre an mheasúnaithe tionchair agus an tuairim dhearfach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála ar fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/?lang=en .
(32)    COM(2020)796 final an 9.12.2020.
(33)    IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.
(34)    IO C , , p. .
(35)    Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n‑aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um meastóireacht agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).
(36)    IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(37)    Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(38)    Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
(39)    Cinneadh 2009/937/CGB ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialachán Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).
(40)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(41)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(42)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(43)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha acquis Schengen (I O L 64, 7.3.2002, lch. 20 ).
(44)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(45)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
(46)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(47)    Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(48)    Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(49)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(50)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Feidhmiú Shásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle. COM(2020)779 final.
(51)    SWD (2020)327 final.
(52)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/SPEECH_20_1655 .
(53)    COM(2020) 690 final.
(54)    Rialachán (AE) Uimh. 1053/2012 ón gComhairle.
(55)    COM(2020) 779 final.
(56)    COM(2020) 779 final.
(57)     https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-7939-2021-INIT/en/pdf  
(58)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(59)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(60)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(61)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(62)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(63)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(64)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(65)    Mar a shonraítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(66)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(67)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(68)    AC = Foireann ar Conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(69)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(70)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(71)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,2.6.2021

COM(2021) 278 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle
maidir le

bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013






{SEC(2021) 225 final} - {SWD(2021) 119 final} - {SWD(2021) 120 final}


IARSCRÍBHINN

Tábla Comhghaoil

An Rialachán seo

Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

-

Airteagal 5

-

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

-

Airteagal 10

-

Airteagal 11

-

Airteagal 12

Airteagal 5

Airteagal 13

Airteagal 6

Airteagal 14

Airteagal 9

Airteagal 15

Airteagal 12

Airteagal 16

Airteagal 12

Airteagal 17

-

Airteagal 18

Airteagail 10 agus 11

Airteagal 19

Airteagal 13

Airteagal 20

-

Airteagal 21

Airteagail 14 agus 15

Airteagal 22

Airteagal 16

Airteagal 23

-

Airteagal 24

-

Airteagal 25

-

Airteagal 26

Airteagal 17

Airteagal 27

Airteagal 18

-

Airteagal 19

Airteagal 28

Airteagal 20

Airteagal 29

Airteagal 21

Airteagal 30

Airteagal 22

Airteagal 31

Airteagal 23

Airteagal 32

Airteagal 23

Airteagal 33

Airteagal 24