An Bhruiséil,2.6.2021

COM(2021) 275 final

2021/0132(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe leis an gCiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, lena n-áirítear an dara tráthchuid le haghaidh 2021


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Baineann an togra le Dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an dara tráthchuid de na ranníocaíochtaí airgeadais leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) a bheidh le híoc ag na páirtithe le CEF in 2021.

Déantar an 11ú CEF agus cistí CEF eile atá fós oscailte (mar shampla, an tOchtú, an Naoú agus an 10ú CEF) a bhainistiú faoin sraith rialacha seo a leanas:

An Comhaontú Comhpháirtíochta atá ann faoi láthair idir baill den Ghrúpa de Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) ar thaobh amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit ar an taobh eile (an ‘Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE’) mar a leasaíodh go deireanach 1 ,

Cinneadh Uimh. 2/2020 2 de Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 4 Nollaig 2020 chun Cinneadh Uimh 3/2019 3 de Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 30 Samhain 2021, nó go dtí go dtiocfaidh Comhaontú ACC-AE nua (‘an Comhaontú nua’) i bhfeidhm, nó go ndéanfar an Comhaontú nua a chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus Stáit ACC, cibé acu is túisce.

Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle maidir le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta 4 .

An Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad cruinnithe i dtionól den Chomhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na gCríoch Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo 5 (an 11ú ‘Comhaontú Inmheánach’ de chuid CEF).

Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta 6 (an ‘11ú Rialachán Airgeadais CEF’).

Tá sna doiciméid thuasluaite gealltanais ilbhliantúla ó na páirtithe chuig CEF tacaíocht a thabhairt do chisteán CEF ó thaobh airgeadais de. Déantar foráil san 11ú Rialachán Airgeadais CEF maidir le ranníocaíochtaí tráthrialta atá le déanamh ag na páirtithe chuig CEF isteach sa chisteán CEF i leith gealltanais airgeadais réamhchinnte. Is de bharr Cinntí teicniúla ón gComhairle a dhéantar na ranníocaíochtaí tráthrialta, agus cuirtear san áireamh sna Cinntí sin cur chun feidhme na ngealltanas airgeadais a cinneadh cheana.

Dá bhrí sin, i dtaca le roinnt de na ceannteidil sa mheabhrán míniúcháin, níl na ceannteidil sin infheidhme maidir le glaonna ar ranníocaíochtaí tráthrialta mar an gceann seo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

I gcomhréir le hAirteagal 19(3) den 11ú Rialachán Airgeadais CEF, ní mór don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin togra seo tráth nach déanaí ná 21 lá féilire tar éis don Choimisiún Eorpach, ag feidhmiú dó thar ceann an Aontais Eorpaigh, an togra seo a chur i láthair.

2021/0132 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe leis an gCiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, lena n-áirítear an dara tráthchuid le haghaidh 2021

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad cruinnithe i dtionól den Chomhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais le haghaidh na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo 7 , agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF), agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 8 CEF (dá ngairtear ‘an 11ú Rialachán Airgeadais CEF’ anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 19(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle 9 , tá an Coimisiún Eorpach le togra a chur i láthair faoin 15 Meitheamh 2021 lena sonrófar méid an dara tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2021, méid bliantúil athbhreithnithe na ranníocaíochta le haghaidh 2021, i gcás nach mbeidh an méid ag teacht leis na riachtanais iarbhír.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, an 6 Aibreán 2021, tá meastacháin nuashonraithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) maidir le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu seolta ag BEI chuig an gCoimisiún.

(3)De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, foráiltear go n‑ídeofar ar dtús, agus glaonna á ndéanamh ar ranníocaíochtaí, na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta (EDFanna) roimhe seo. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 do BEI agus don Choimisiún.

(4)De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an comhaontú um tharraingt siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an ‘Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina bpáirtithe in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den chomhaontú um tharraingt siar, níltear chun sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF nó faoi CEFanna roimhe sin a athúsáid, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020.

(5)Le Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle 10 , socraítear méid bliantúil ranníocaíochtaí CEF le haghaidh 2021 ag EUR 3 700 000 000 don Choimisiún Eorpach agus ag EUR 300 000 000 don Bhanc Eorpach Infheistíochta.

(6)Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair an Chiste Eorpaigh Forbraíochta a íoc leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, mar an dara tráthchuid le haghaidh 2021, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 317, 15.12.2000, lch. 3
(2)    IO L 420, 14.12.2020, lch. 32
(3)    IO L 1, 3.1.2020, lch. 3
(4)    IO L 438, 28.12.2020, lgh. 188-191
(5)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(6)    IO L 307, 3.12.2018, lgh. 1‑21
(7)    IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(8)    IO L 58, 3.3.2015, lgh. 17‑38
(9)    Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 7.)
(10)    Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n áirítear an uasteorainn le haghaidh 2022, an méid bliantúil le haghaidh 2021, an chéad tráthchuid le haghaidh 2021 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024 (IO L 385, 13.11.2020, lch. 13).

An Bhruiséil,2.6.2021

COM(2021) 275 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe leis an gCiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, lena n-áirítear an dara tráthchuid le haghaidh 2021


IARSCRÍBHINN

NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE

Scála 11ú CEF %

An dara tráthchuid 2021 (EUR)

Iomlán

BEI

An Coimisiún

11ú CEF

11ú CEF

AN BHEILG

3,24927

4 224 051,00

38 991 240,00

43 215 291,00

AN BHULGÁIR

0,21853

284 089,00

2 622 360,00

2 906 449,00

AN tSEICIA

0,79745

1 036 685,00

9 569 400,00

10 606 085,00

AN DANMHAIRG

1,98045

2 574 585,00

23 765 400,00

26 339 985,00

AN GHEARMÁIN

20,57980

26 753 740,00

246 957 600,00

273 711 340,00

AN EASTÓIN

0,08635

112 255,00

1 036 200,00

1 148 455,00

ÉIRE

0,94006

1 222 078,00

11 280 720,00

12 502 798,00

AN GHRÉIG

1,50735

1 959 555,00

18 088 200,00

20 047 755,00

AN SPÁINN

7,93248

10 312 224,00

95 189 760,00

105 501 984,00

AN FHRAINC

17,81269

23 156 497,00

213 752 280,00

236 908 777,00

AN CHRÓIT

0,22518

292 734,00

2 702 160,00

2 994 894,00

AN IODÁIL

12,53009

16 289 117,00

150 361 080,00

166 650 197,00

AN CHIPIR

0,11162

145 106,00

1 339 440,00

1 484 546,00

AN LAITVIA

0,11612

150 956,00

1 393 440,00

1 544 396,00

AN LIOTUÁIN

0,18077

235 001,00

2 169 240,00

2 404 241,00

LUCSAMBURG

0,25509

331 617,00

3 061 080,00

3 392 697,00

AN UNGÁIR

0,61456

798 928,00

7 374 720,00

8 173 648,00

MÁLTA

0,03801

49 413,00

456 120,00

505 533,00

AN ÍSILTÍR

4,77678

6 209 814,00

57 321 360,00

63 531 174,00

AN OSTAIR

2,39757

3 116 841,00

28 770 840,00

31 887 681,00

AN PHOLAINN

2,00734

2 609 542,00

24 088 080,00

26 697 622,00

AN PHORTAINGÉIL

1,19679

1 555 827,00

14 361 480,00

15 917 307,00

AN RÓMÁIN

0,71815

933 595,00

8 617 800,00

9 551 395,00

AN tSLÓIVÉIN

0,22452

291 876,00

2 694 240,00

2 986 116,00

AN tSLÓVAIC

0,37616

489 008,00

4 513 920,00

5 002 928,00

AN FHIONLAINN

1,50909

1 961 817,00

18 109 080,00

20 070 897,00

AN tSUALAINN

2,93911

3 820 843,00

35 269 320,00

39 090 163,00

AN RÍOCHT AONTAITHE

14,67862

19 082 206,00

176 143 440,00

195 225 646,00

IOMLÁN - AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE

100,00

130 000 000,00

1 200 000 000,00

1 330 000 000,00