An Bhruiséil,3.5.2021

COM(2021) 233 final

2021/0120(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa cheathrú seisiún is seachtó den Chomhthionól Eagraíochta Domhanda Sláinte


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo le bunú an tseasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an gceathrú seisiún is seachtó den Chomhthionól Domhanda Sláinte (WHA) i ndáil le Cinneadh a ghlacadh atá beartaithe maidir leis na módúlachtaí/próiseas chun conradh idirnáisiúnta a bhunú maidir leis an gcomhrac in aghaidh paindéimí.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Bunaíodh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ina sainghníomhaireacht sláinte de chuid na Náisiún Aontaithe i gcomhréir le téarmaí Airteagal 57 de Chairt na Náisiún Aontaithe. Tháinig Bunreacht 1 na hEagraíochta Domhanda Sláinte i bhfeidhm an 7 Aibreán 1948 agus sainítear príomhchuspóir na heagraíochta ann ‘an leibhéal sláinte is airde is féidir a chinntiú do gach pobal’.

Tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach laistigh de EDS. Bunaíodh an stádas sin trí mhalartú litreacha a foilsíodh san Iris Oifigiúil an 4 Eanáir 2001 2 . Áiríodh ar an malartú ‘Memorandum concerning the framework and arrangements for cooperation between the World Health Organization and the Commission of the European Communities’ [Meabhrán maidir leis an gcreat agus na socruithe le haghaidh comhar idir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach]. Tá Ballstáit uile an Aontais ina gcomhaltaí de EDS.

2.2.An Comhthionól Domhanda Sláinte

Is é an Comhthionól Domhanda Sláinte príomhchomhlacht rialaithe EDS. Is iad príomhfheidhmeanna an Chomhthionóil Dhomhanda Sláinte beartais EDS a chinneadh, an tArd‑Stiúrthóir a cheapadh, beartais airgeadais a mhaoirsiú, agus an buiséad clár atá beartaithe a athbhreithniú agus a fhormheas.

Bíonn an Comhthionól Domhanda Sláinte á thionól gach bliain sa Ghinéiv, san Eilvéis. Beidh an ceathrú seisiún is seachtó den Chomhthionól á thionól go fíorúil ón 24 Bealtaine go dtí an 1 Meitheamh 2021.

De réir Airteagal 59 de Bhunreacht EDS, tá vóta amháin ag gach Comhalta sa Chomhthionól Domhanda Sláinte. Is trí thromlach na gComhaltaí atá i láthair agus a vótálann a dhéantar cinntí, ach amháin i líon beag cásanna mar a leagtar amach in Airteagal 60 den Bhunreacht, lena sonraítear go bhfuil gá le tromlach dhá thrian. Go praiticiúil, déanfar gach iarracht teacht ar chomhaontú trí chomhthoil. Níl aon cheart vótála ag an Aontas Eorpach.

Faoi Airteagal 19 de Bhunreacht EDS, tugtar an t‑údarás don Chomhthionól Domhanda Sláinte coinbhinsiúin nó comhaontuithe a ghlacadh i ndáil le hábhar ar bith a thagann faoi inniúlacht na hEagraíochta.

2.3.An gníomh atá beartaithe sa cheathrú seisiún is seachtó den Chomhthionól Domhanda Sláinte

I mí na Bealtaine 2021, le linn a cheathrú seisiún is seachtó, meastar go nglacfaidh an Comhthionól Domhanda Sláinte cinneadh nós imeachta maidir le modúlachtaí/próiseas chun conradh idirnáisiúnta a bhunú maidir leis an gcomhrac i gcoinne paindéimí. Go sonrach, is é is cuspóir don chinneadh Cruinniú Idir-rialtasach a bhunú chun Creat‑Choinbhinsiún EDS um ullmhacht agus freagairt phaindéimeach a dhréachtú agus a chaibidliú lena mheas ag an gComhthionól Sláinte Domhanda faoi Airteagal 19 de Bhunreacht EDS.

3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais

Tá an tAontas agus a chuid Ballstát ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun an tslándáil dhomhanda sláinte a neartú agus tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar thús cadhnaíochta freisin, go háirithe maidir le hullmhacht agus freagairt d’éigeandálaí sláinte, ar bhonn na gConclúidí 3 ón gComhairle i mí na Samhna 2020 maidir le ról an Aontais i neartú EDS inter alia.

Tá plé á dhéanamh faoi láthair ar an togra chun conradh idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích maidir le paindéimí i gcomhthéacs na n‑iarrachtaí leanúnacha idirnáisiúnta chun slándáil dhomhanda sláinte a threisiú i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim. Is é an aidhm fhoriomlán ba cheart a bheith ag Conradh den sórt sin gealltanas polaitiúil agus dlíthiúil do struchtúr domhanda sláinte feabhsaithe a áirithiú.

Dá mbeadh an tAontas rannpháirteach i bhforbairt conartha den sórt sin, bheadh sin i gcomhréir le hAirteagal 21(1) CAE lena ndearbhaítear an méid seo a leanas: ‘Féachfaidh an tAontas le caidrimh a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó domhanda a pháirtíonn na prionsabail chéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfidh sé réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna chun cinn, go háirithe faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe.’ D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach 4 i mí Feabhra 2021 go bhfuil sí tiomanta do ‘slándáil dhomhanda sláinte a chur chun cinn, lena n‑áirítear tríd an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a neartú agus trí obair a dhéanamh chun conradh idirnáisiúnta maidir le paindéimí a bhaint amach faoi chuimsiú na heagraíochta sin’.

Cé nach ndearnadh cinneadh faoina raon feidhme beacht go fóill, is é atá beartaithe leis an gConradh idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte. Is dócha go mbainfidh an cuspóir sin le réimsí beartais atá fréamhaithe faoi Theideal XIV de Chuid III CFAE ach d’fhéadfadh sé baint a bheith aige freisin le roinnt airteagal eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an méid seo a leanas mar shampla:

Rioscaí zónóiseacha a chosc agus a bhainistiú mar chuid de cur chuige na hAon Sláinte Amháin, lena gceanglaítear naisc a dhéanamh le conarthaí comhshaoil maidir le saincheisteanna amhail bithéagsúlacht agus trádáil i speicis atá i mbaol, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú agus ar Rialacháin eile chomh maith;

Córas struchtúrtha chun pataiginí, seichimh ghéiniteacha agus na tairbhí a eascraíonn astu chun críocha na sláinte poiblí a chomhroinnt (arb é reachtaíocht ábhartha an Aontais é Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha agus na tairbhí a bhaineann leis na hacmhainní sin mar aon lena n‑úsáid a roinnt go cóir agus go cothromasach san Aontas);

Cearta an duine agus cosaint príobháideachais, go háirithe i bhfianaise na teicneolaíochta faireachais, na hintleachta saorga agus úsáid mórshonraí chun críocha na sláinte poiblí (e.g. Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin); agus

Bearta chun cur chun feidhme agus comhlíontacht a chur chun cinn, e.g. próisis athbhreithnithe piaraí agus saineolaithe, sásraí cuntasachta frithpháirtí, socruithe fíorúcháin agus cigireachta, agus próisis um réiteach díospóidí.

Leis an gConradh déanfar difear freisin do Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte agus don Rialachán a bheidh ann amach anseo maidir le bagairtí sláinte trasteorann.

I bhfianaise an mhéid thuas agus an difear is dócha a d’fhéadfadh reachtaíocht an Aontais atá ann faoi láthair a dhéanamh do réimsí éagsúla de ghníomhaíocht an Aontais, tá sé ríthábhachtach go n‑áiritheofar rannpháirtíocht an Aontais i gcomhar leis na Ballstáit. Ba cheart go dtreorófaí a seasamh leis na prionsabail seo a leanas sa phlé a dhéanfaidh siad ag an gComhthionól Domhanda Sláinte amach anseo maidir le Cinneadh a d’fhéadfadh a bheith ann lena mbunaítear próiseas chun Creat‑Choinbhinsiún EDS maidir le hUllmhacht agus Freagairt a dhréachtú agus a chaibidliú:

a.Ba cheart an deis a bheith ag an Aontas a bheith rannpháirteach ina pháirtí conarthach sa Chonradh d’fhonn tacú go hiomlán le próiseas EDS a bhunú le haghaidh CreatChoinbhinsiún nua maidir le hUllmhacht agus Freagairt Phaindéimeach.

b.Leis an gcinneadh ón gComhthionól Domhanda Sláinte, lena leagtar amach gnéithe nós imeachta na caibidlíochta, ba cheart an deis a bheith ag an Aontas Eorpach a bheith lánrannpháirteach sa phróiseas caibidlíochta.

c.Ní mór don ChreatChoinbhinsiún nua an creat idirnáisiúnta atá ann faoi láthair a neartú, a bheith comhlántach leis, agus breisluach a thabhairt dó, an creat idirnáisiúnta chun éigeandálaí sláinte a chosc agus freagairt dóibh, agus an toradh a bheidh ar an gCruinniú Mullaigh an 21 Bealtaine á chur san áireamh. I gcomhréir leis sin, ba cheart d’aon ChreatChoinbhinsiún nua cur chun feidhme na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) a chomhlánú agus a threisiú, agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar aon bhearna sna Rialacháin sin.

d.Ba cheart a chur san áireamh sa phlé faoi ChreatChoinbhinsiún an toradh ó na painéil neamhspleácha 5 a dhéanann athbhreithniú ar an bhfreagairt phaindéimeach idirnáisiúnta faoi stiúir EDS, chun a áirithiú go bhfuil sí bunaithe go daingean ar an bhfianaise agus go léirítear iontu na ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí dhomhanda maidir le dul i ngleic le paindéim COVID-19.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE, gan beann ar cibé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú 6 , nó nach bhfuil.

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 7 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Comhthionól Sláinte Domhanda a bunaíodh le comhaontú, eadhon Bunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte, a síníodh i Nua-Eabhrac an 22 Iúil 1946.

Is gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige atá sa chinneadh a iarrfar ar an gComhairle Ghinearálta a ghlacadh, an cinneadh maidir le módúlachtaí. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta le haghaidh Chomhaltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 60 de Bhunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Tá éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh atá beartaithe freisin toisc go gcinnfear leis an mbeidh sé de chumas ag an Aontas Eorpach páirt iomlán a ghlacadh i ndréachtú agus i gcaibidlíocht chreat‑choinbhinsiúin EDS maidir le hullmhacht agus freagairt phaindéimeach lena mheas ag an gComhthionól Domhanda Sláinte faoi Airteagal 19 de Bhunreacht EDS agus a bheith ina pháirtí sa Choinbhinsiún seo agus ina eagraíocht um lánpháirtíocht eacnamaíoch réigiúnach.

Beidh tionchar ag an gCreat‑Choinbhinsiún ar fheidhmiú inniúlachtaí an Aontais agus, ag brath ar a raon feidhme, ar reachtaíocht an Aontais i réimsí amhail sláinte, trádáil, saorghluaiseacht, cosaint sonraí, an margadh inmheánach, comhar um fhorbairt, agus d’fhéadfadh gach ceann díobh a bheith ábhartha faoin gCreat‑Choinbhinsiún.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús substaintiúil dlí do chinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is é a bhaineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe le comhar idirnáisiúnta atá ag méadú i rith an ama i réimse na hullmhachta agus na freagartha paindéimí laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, arb é is aidhm dó ‘réitigh iltaobhacha a chur chun cinn le haghaidh fadhbanna coiteanna, go háirithe faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe.’ Go háirithe, is é is príomhaidhm dó dul i ngleic le móraicídí trasteorann agus le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 168(3) agus (5) CFAE bunús dlí substainteach an nós imeachta don chinneadh atáthar a bheartú.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 168(3) agus (5) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de CFAE, a bheith ina mbunús dlí don chinneadh atáthar a mholadh.

2021/0120 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa cheathrú seisiún is seachtó den Chomhthionól Eagraíochta Domhanda Sláinte

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(3) agus (5) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Sonraítear in Airteagal 21, mír 1, CAE, go bhféachfaidh an tAontas le caidrimh a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó domhanda a pháirtíonn na prionsabail dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfidh sé réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna chun cinn, go háirithe faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe.

(2)Tháinig Bunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte (‘an Comhaontú’) i bhfeidhm an 7 Aibreán 1948.

(3)De bhun Airteagal 60 den Chomhaontú, féadfaidh an Comhthionól Domhanda Sláinte cinntí a ghlacadh trí thromlach Chomhaltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) atá i láthair agus a vótálann.

(4)Le linn a cheathrú seisiún is seachtó a thosóidh ar an 24 Bealtaine 2021, glacfaidh Comhthionól Domhanda Sláinte le cinneadh maidir le Cruinniú Idir-rialtasach a bhunú chun CreatChoinbhinsiún EDS i ndáil le hUllmhacht agus Freagairt Phaindéimeach a dhréachtú agus a chaibidliú.

(5)Is iomchuí an seasamh a bhunú a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Chomhthionól Domhanda Sláinte, ós rud é go gcinnfear le cinneadh an Chomhthionóil Dhomhanda Sláinte cumas an Aontais Eorpaigh a bheith rannpháirteach i ndréachtú agus i gcaibidlíocht ChreatChoinbhinsiún EDS maidir le hUllmhacht agus Freagairt Phaindéimeach agus d’fhéadfadh an tAontas a bheith ina pháirtí ann agus ina eagraíocht um lánpháirtíocht eacnamaíoch réigiúnach.

(6)Is amhlaidh is mó a bheidh an comhar idirnáisiúnta a dhéanfar i bhfreagairt do phaindéimí laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe ach an tAontas Eorpach a bheith lánrannpháirteach i ndréachtú agus i gcaibidliú CreatChoinbhinsiún de chuid EDS maidir le hUllmhacht agus Freagairt Phaindéimeach agus dá bhféadfaí aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún a chur i gcrích.

(7)Tá Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí den Chomhthionól Domhanda Sláinte chun seasamh an Aontais a chur in iúl.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is mar seo a leanas a bheidh an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa cheathrú seisiún is seachtó den Chomhthionól Domhanda Sláinte:

Tacaíonn an tAontas Eorpach le próiseas de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte a bhunú le haghaidh Creat‑Choinbhinsiún nua maidir le hUllmhacht agus Freagairt Phaindéimeach agus ní mór an deis a bheith aige a bheith rannpháirteach agus é ina pháirtí conarthach i gconradh den sórt sin.

Ní mór don chinneadh ón gComhthionól Domhanda Sláinte, lena leagtar amach gnéithe nós imeachta na caibidlíochta, an deis a thabhairt don Aontas a bheith lán‑rannpháirteach sa phróiseas caibidlíochta, i bhfianaise aontachas an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann leis an gCoinbhinsiún agus é ina eagraíocht um lánpháirtíocht eacnamaíoch réigiúnach.

Ba cheart é sin a bhaint amach trí thagairtí sonracha a chur isteach i gcorp téacs an chinnidh lena soiléirítear go mbeidh aon chomhlacht idir-rialtasach a chuirfear ar bun chun an Coinbhinsiún a dhréachtú agus a chaibidliú oscailte le haghaidh eagraíochtaí um lánpháirtíocht eacnamaíoch réigiúnach a bheith rannpháirteach ann.

Airteagal 2

Is iad Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 agus iad ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais

Airteagal 3

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     BUNDOICIMÉID (who.int)
(2)     https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/eu_world/docs/exchange_of_letters_2001.pdf
(3)    https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-12276-2020-INIT/en/pdf
(4)    Ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí, 25-26 Feabhra 2021
(5)    Go sonrach an Painéal Neamhspleách ar Ullmhacht agus Freagairt Phaindéimeach, Coiste Athbhreithnithe IHR agus Coiste Neamhspleách Maoirseachta agus Comhairleach le haghaidh chlár EDS um éigeandálaí sláinte
(6)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64
(7)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64