AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.5.2021
COM(2021) 225 final
2018/0328(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis
an seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta
2018/0328 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis
an seasamh ón gComhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta
1.Cúlra
|
An dáta a tíolacadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2018) 630 final – 2018/0328 COD)
|
An 12 Meán Fómhair 2018
|
|
Dáta chomhaontú na Comhairle maidir le sainordú caibidlíochta
|
An 13 Márta 2019
|
|
Dáta an chéad chruinnithe thríthaobhaigh
|
An 13 Márta 2019
|
|
Dáta an dara cruinniú tríthaobhach
|
An 20 Márta 2019
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh
|
An 17 Aibreán 2019
|
|
Dáta chomhaontú na Comhairle maidir le sainordú caibidlíochta athbhreithnithe
|
An 3 Meitheamh 2020
|
|
Dáta an tríú cruinniú tríthaobhach
|
An 25 Meitheamh 2020
|
|
Dáta chomhaontú na Comhairle maidir le sainordú caibidlíochta athbhreithnithe
|
An 22 Iúil 2020
|
|
Dáta an ceathrú cruinniú tríthaobhach
|
An 29 Deireadh Fómhair 2020
|
|
Dáta chomhaontú na Comhairle maidir le sainordú caibidlíochta athbhreithnithe
|
An 9 Nollaig 2020
|
|
Dátaí an cúigiú cruinniú tríthaobhach (an cruinniú deiridh)
|
An 11 Nollaig 2020
|
|
Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil i gCoiste na mBuanionadaithe
|
An 16 Nollaig 2020
|
|
An dáta a vótáil Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh Pharlaimint na hEorpa leis an gcomhaontú comhréitigh a fhormhuiniú
|
An 14 Eanáir 2021
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle, an chéad léamh
|
An 20 Aibreán 2021
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Ba é ba aidhm do thogra an Choimisiúin maidir leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála (dá ngairtear ‘an Lárionad’ anseo feasta) agus do Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (dá ngairtear ‘an Líonra’ anseo feasta) acmhainneacht na cibearshlándála Eorpaí a neartú, an geilleagar agus an tsochaí a chosaint ar chibearionsaithe, an barr feabhais i gcúrsaí taighde a chothú agus iomaíochas thionscal an Aontais sa réimse sin a threisiú. Foráladh go mbeadh na cistí le haghaidh na cibearshlándála faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile le haghaidh 2021-2027 á mbainistiú ag an Ionad, agus go mbeadh maoiniú de chuid an Chláir don Eoraip Dhigiteach agus de chuid an Chláir Fís Eorpach á chur chun feidhme aige.
Ba é ba aidhm don Lárionad agus don Líonra cuidiú leis an Aontas agus na Ballstáit peirspictíocht straitéiseach fhorghníomhach níos fadtéarmaí a ghlacadh maidir le beartas cibearshlándála tionsclaíche, de bhreis ar an taighde agus ar an bhforbairt. Ba cheart go gcuideofaí ní amháin leis an gcur chuige sin teacht ar réitigh cheannródaíocha ar na dúshláin chibearshlándála atá roimh na hearnálacha príobháideacha agus poiblí ach go dtacófaí freisin leis na réitigh sin a chur in úsáid go héifeachtach. Bhí an Líonra agus an Lárionad ceaptha in éindí feabhas a chur ar ár gceannasacht theicneolaíoch trí bhíthin tograí cibearshlándála mórscála.
Anuas air sin, ba é ba aidhm don togra pobail thionsclaíocha agus thaighde mar aon le húdaráis phoiblí a bheith in ann rochtain a fháil ar acmhainneacht thábhachtach amhail saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, rud nach minic a mbíonn sé d'acmhainn ag na Ballstáit aonair a dhéanamh toisc nach leordhóthanach na hacmhainní airgeadais agus daonna a bhíonn acu.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
Tá an seasamh ón gComhairle ina léiriú ar an gcomhaontú ar thángthas air sna cruinnithe tríthaobhacha. Áirítear an méid seo a leanas ar na hathruithe is mó tábhacht ar thogra an Choimisiúin:
–Suíomh: is i mBúcairist atá suíomh an Lárionaid, mar a luaitear in aithris.
–Cuspóirí agus cúraimí: leagtar amach cuspóirí agus cúraimí an Lárionaid in airteagail ar leithligh. Déantar idirdhealú idir cúraimí straitéiseacha agus cúraimí cur chun feidhme.
–Sineirgí sibhialta-míleata agus dé-úsáid: ní dhéantar aon tagairt shainráite don Chiste Eorpach Cosanta.
–Lárionaid Náisiúnta Chomhordúcháin (LNCanna): measúnú deimhneach ón gCoimisiún ar na heintitis a ainmnítear ag na Ballstáit, ní ceanglas a thuilleadh é maidir le bheith ina LNC. Mar sin féin, chun go mbeidh LNC incháilithe do thacaíocht airgeadais dhíreach an Aontais a fháil, is gá go fóill measúnú deimhneach a fháil ón gCoimisiún.
–‘Clár Oibre’ Straitéiseach: beidh ‘Clár Oibre’ á ghlacadh ag an Lárionad i.e. ‘straitéis teicneolaíochta, tionsclaíochta agus taighde cibearshlándála atá cuimsitheach inbhuanaithe ina leagfar amach na moltaí straitéiseacha le haghaidh earnáil (...) agus na tosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh ghníomhaíocht an Lárionaid um Inniúlachtaí (...)’
–Vótáil: beidh vóta amháin ag gach Ballstát ar an mBord Rialaithe. Beidh mionlach blocála ag an gCoimisiún maidir leis na cinntí go léir a dhéanfadh difear díreach do leithdháileadh chistí an Aontais agus don riarachán, cé is moite den Chlár Oibre. I gcás an Chláir Oibre cuireadh isteach coimirce ina luaitear nach bhfuil an Clár Oibre ceangailteach i ndáil le cinntí a bheidh le déanamh maidir leis na cláir oibre bhliantúla. Maidir le cinntí nach ndéanann difear díreach do leithdháileadh cistí an Aontais ná don riarachán, níl ach vóta amháin ag an gCoimisiún. An t-aon eisceacht amháin ón riail go bhfuil vóta amháin ag gach Ballstát ar an mbord rialaithe, baineann sin leis an gcúram atá ar an mBord cinntí a ghlacadh maidir le tuairisc gníomhaíochtaí comhpháirteacha. I dtaca leis na cinntí sin, tá cearta vótála ag na Ballstáit agus ag an Aontas i gcomhréir lena ranníocaíocht ábhartha leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach i gceist.
–Cómhaoiniú: ní dhéantar ranníocaíocht na mBallstát le gníomhaíocht an Lárionaid sa Rialachán, agus is de chineál deonach í. Dá réir sin foráiltear, sa téacs a mhéid a bhaineann le Fís Eorpach, nach mbeidh i méid ranníocaíocht an Aontais ach an méid a gheallann na Ballstáit ina ranníocaíocht ar bhonn bliantúil.
D’eisigh an Coimisiún an ráiteas seo a leanas maidir leis an ábhar: ‘Tugann an Coimisiún dá aire comhaontú Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an gcómhaoiniú ag na Ballstáit. Cé go bhféadann an Coimisiún glacadh leis nach sonraítear ranníocaíocht na mBallstát mar chuid den Rialachán, is cúis aiféala don Choimisiún go gcuimsítear sa chomhaontú polaitiúil tuairim na ranníocaíochtaí “deonacha” a mhéid is nach léirítear leis sin tiomantas fadtéarmach na bpáirtithe go léir lena mbaineann.
Is é is bonn le rathúnas an Lárionaid ranníocaíocht éifeachtach na mBallstát, ranníocaíocht nach bhféadfaí misean an Lárionaid a bhaint amach dá huireasa.
Soiléiríonn an Coimisiún nach ndéanfaidh an tAontas rannchuidiú trí mhaoiniú de chuid Fhís Eorpach a chur ar fáil ach amháin a mhéid atá sé beartaithe ag na Ballstáit a ghealladh ar bhonn bliantúil. Ina theannta sin, ba mhaith leis an gCoimisiún a chur i bhfáth, i dtaca le gealltanas a dhéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó, go mbeidh an gealltanas sin ina ghealltanas ceangailteach ón uair a dhéanfar é.’
–Foireann: déanfar riachtanais acmhainní daonna an Lárionaid a chomhlíonadh ar an gcéad dul síos trí bhaill foirne nó poist a ath-imlonnú ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus trí acmhainní daonna breise a earcú.
Measann an Coimisiún go gcosnaítear leis an gcomhaontú ar thángthas air cuspóirí an chéad togra ón gCoimisiún.
4.Conclúid
Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle.