AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.3.2021
COM(2021) 201 final
2021/0077(BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d’Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Comhthéacs an togra
Cumhdaítear leis an gcinneadh seo slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CDAE’ anseo feasta) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta) le haghaidh méid EUR 484 199 841 chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc de thoradh tubaistí nádúrtha réigiúnacha a tharla sna tíortha sin le linn 2020, agus do 20 Ballstát agus tír aontachais (an Albáin, an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Montainéagró, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSeirbia, an Spáinn, an Ungáir) chomh maith mar fhreagairt ar an mór-éigeandáil sláinte poiblí a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19 go luath in 2020.
Tá ag gabháil leis an slógadh sin Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DBL) Uimh. 2/2021 lena moltar méid EUR 47 981 598 a thabhairt anonn ó leithdháileadh 2020 nár úsáideadh go díreach chuig líne bhuiséid oibríochtúil CDAE agus DEC Uimh. 03/2021 lena moltar méid EUR 427 543 750 a aistriú ón gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (dá ngairtear ‘an Ciste um Chabhair Éigeandála’ anseo feasta) chuig líne bhuiséid oibríochtúil CDAE, i ngealltanais agus in íocaíochtaí araon. I gcomhréir le hAirteagal 4a (4) de Rialachán CDAE, cuireadh EUR 50 000 000 isteach i mBuiséad Ginearálta 2021 cheana (i ngealltanais agus in íocaíochtaí) chun airleacain a íoc. Úsáidfear na leithreasuithe sin chun EUR 8 674 493 a íoc i ndáil leis na hairleacain le haghaidh na dtubaistí nádúrtha réigiúnacha sa Ghréig agus sa Fhrainc. Na hairleacain le haghaidh na gcásanna a bhaineann le Covid-19, airleacain arb ionann iad agus EUR 132 736 830, rinneadh iad a íoc ó leithdháileadh CDAE in 2020.
2.Faisnéis agus coinníollacha
2.1An Ghréig – tuilte in Sterea Ellada i mí Lúnasa 2020
(1)Rinne an Ghréig iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE an 29 Deireadh Fómhair 2020 chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú i ndiaidh na dtuilte i Réigiún Sterea Ellada i mí Lúnasa 2020.
(2) Cuireadh an t‑iarratas isteach laistigh de 2 sheachtain déag ó rinneadh taifead, an 9 Lúnasa 2020, den chéad damáiste a rinne an tubaiste, iarratas ina bhfuil an fhaisnéis go léir a theastaíonn faoi Airteagal 4 den Rialachán.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Leis an iarratas, léiríodh an tubaiste mar ‘thubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) den Rialachán, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal NUTS 2 de Stát incháilithe as a n‑eascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1,5 % de OTI an réigiúin sin. De réir mheastacháin údaráis na Gréige, is é EUR 132 004 000 méid an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh. An damáiste a rinneadh, is 1,54 % de OTI Sterea Ellada é, an réigiún ar leibhéal NUTS 2 lena mbaineann, agus dá bhrí sin sáraíonn sé an tairseach EUR 128 286 000 (1,5 % de OTI réigiúnach). Dá bhrí sin, tá an t‑iarratas ón nGréig incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CDAE.
(5)Is é an damáiste díreach iomlán a rinneadh is bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní fhéadfar an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach amháin le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3(2) den Rialachán, cé is moite den litir bheag e).
(6)San iarratas a rinne an Ghréig an 29 Deireadh Fómhair 2020, iarradh go n‑íocfaí airleacan mar a leagtar síos in Airteagal 4a den Rialachán. An 2 Márta 2021 ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 1507 lena ndéantar airleacan arbh fhiú EUR 330 010 a dhámhachtain. Cuirfear méid an airleacain san áireamh chun iarmhéid na ranníocaíochta leis an Stát is tairbhí a ríomh. Airleacain a íocadh go míchuí, déanfaidh an Coimisiún iad a aisghabháil.
(7)Déantar cur síos mionsonraithe san iarratas ar an an méid a tharla agus ar an damáiste a rinneadh. An 9 Lúnasa 2020, ghéaraigh ar an gcóras stoirme samhraidh “Thalia” a chuir isteach ar thuaisceart na Gréige 2 lá roimhe sin, agus leath sí chuig lár agus chuig oirdheisceart mhórthír na Gréige, rud ba chúis le gníomhaíocht mheitéareolaíoch ingearach agus feiniméin adhaimsire. Thug an adhaimsir báisteach (300 mm báistí i gcaitheamh ocht n‑uaire a chloig), stoirmeacha móra toirní agus gaoth láidir. Mar gheall ar an mbáisteach throm, chuaigh dhá abhainn thar ar a mbruacha, blocáladh bóithre agus bhí 3 000 teach faoi uisce mar thoradh uirthi, rud a d’fhág go raibh idir thurasóirí agus chónaitheoirí araon i ngaiste. Thit gach ceann de na sé phríomhdhroichead ar Abhainn an Lilas agus rinneadh creimeadh ar chlaífoirt bóthair na habhann. Leis an adhaimsir, rinneadh damáiste forleathan don eangach leictreachais, don bhonneagar poiblí agus do thithe príobháideacha agus cuid mhór den ghréasán bóithre réigiúnacha, cuireadh as feidhm iad go buan nó go sealadach. Mar gheall ar thopagrafaíocht an tírdhreacha chrochta, tháinig maidhmeanna tuile agus sciorrthaí talún tubaisteacha mar thoradh ar an mbáisteach thobann (in abhantracha na n‑aibhneacha go príomha). Maraíodh ochtar de dheasca na dtuilte agus na sciorrthaí láibe. Rinneadh damáiste nach beag do ghnólachtaí agus d’earnáil na talmhaíochta freisin. Ar an iomlán, is leis an damáiste fisiciúil a rinneadh do bhonneagar an ghréasáin (bonneagair a bhaineann le huisce agus le dramhuisce, le hiompar, le droichid, le gréasán fuinnimh agus le teileachumarsáid) is mó a bhaineann costais an damáiste dhírigh iomláin ar fad a áiríodh san iarratas.
(8)Ba é EUR 106 124 000 meastachán na Gréige ar chostas na n‑oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán agus cuireadh i láthair é agus é miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó de sin (os cionn EUR 69 mhilliún) leis na costais a ghabhann le bonneagar iompair (bóithre agus droichid) a chur ar ais mar a bhí, agus baineann an dara sciar is mó, EUR 27 milliún, leis an gcostas a ghabhann leis na hoibríochtaí glanta sa limistéar ar bhuail tubaiste é.
(9)Dhearbhaigh údaráis na Gréige nach ann d’aon chumhdach árachais ar na costais incháilithe.
(10)I dtaca le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta um shárú ar siúl faoi láthair.
(11)I gcomhthéacs chur chun feidhme Threoir 2007/60/CE maidir le measúnú agus bainistíocht riosca tuilte, tugadh na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích: Réamhthuarascáil Measúnaithe Riosca Tuilte (Márta 2012), sainaithint na limistéar ina bhfuil baol mór tuilte sna 14 Limistéar Abhantrach sa tír agus nuashonrú ar an Réamhthuarascáil Measúnaithe Riosca Tuilte (Samhain 2012). I Márta 2017 tugadh i gcríoch guaiseacha tuilte agus riosca maidir leis na 14 Limistéar Abhantrach sa tír. Tugadh i gcrích Pleananna Bainistíochta Riosca Tuilte maidir le gach Limistéar Abhantrach sa tír.
2.2An Ghréig- cioclón Ianos i mí Mheán Fómhair 2020
(1)Rinne an Ghréig iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE an 9 Nollaig 2020 chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú i ndiaidh an damáiste a rinne Cioclón Ianos na Meánmhara i mí Mheán Fómhair 2020.
(2)Cuireadh an t‑iarratas isteach laistigh den sprioc 12 sheachtain ó rinneadh taifead, an 19 Meán Fómhair 2020, den chéad damáiste a rinne an tubaiste, iarratas ina bhfuil an fhaisnéis go léir a theastaíonn faoi Airteagal 4 den Rialachán.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Leis an iarratas, léiríodh an tubaiste mar ‘thubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) den Rialachán, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal NUTS 2 de Stát incháilithe as a n‑eascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1.5 % de OTI an réigiúin sin nó 1.5% den OTI ualaithe i gcás tubaiste ilréigiúnach. Baineann an t‑iarratas le cúig réigiún ar leibhéal NUTS 2 sa Ghréig (Ionia Nisia (EL62), Sterea Ellada (EL64), Ditiki Ellada (EL63), Thessalia (EL61), Peloponnisos (EL65)). De réir mheastacháin údaráis na Gréige, is é EUR 863 540 756 méid an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh. An damáiste a rinneadh, is 11,08 % de OTI ualaithe cúig réigiún ar leibhéal NUTS 2 lena mbaineann é agus dá bhrí sin sáraíonn sé an tairseach. Dá bhrí sin, tá an t‑iarratas ón nGréig incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CDAE.
(5)Is é an damáiste díreach iomlán a rinneadh is bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní fhéadfar an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach amháin le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3(2) den Rialachán, cé is moite den litir bheag e).
(6)San iarratas a rinne an Ghréig an 9 Nollaig 2020, iarradh go n‑íocfaí airleacan mar a leagtar síos in Airteagal 4a den Rialachán. An 2 Márta 2021, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 1511 lena ndéantar airleacan arbh fhiú EUR 2 158 852 a dhámhachtain. Cuirfear méid an airleacain san áireamh chun iarmhéid na ranníocaíochta leis an Stát is tairbhí a ríomh. Airleacain a íocadh go míchuí, déanfaidh an Coimisiún iad a aisghabháil.
(7)Déantar cur síos mionsonraithe san iarratas ar an an méid a tharla agus ar an damáiste a rinneadh. Cioclón trópaiceach sa Mheánmhuir ab ea Cioclón Ianos, cioclón ar a dtugtar Medicane Ianos freisin agus a chuir isteach ar an nGréig ón 17 Meán Fómhair go dtí an 20 Meán Fómhair 2020. Trasna na Gréige trí Thessaly láir a réab an stoirm hairicín seo, agus sna réigiúin ar ar chuir sí isteach, bhí gaoth láidir 120 km/h, báisteach agus tuilte uafásacha, arbh iad ba chúis le bás ceathrair agus le damáiste ollmhór do thithe agus do bhonneagair. Bhuail báisteach throm roinnt abhantrach ar mórthréith dá gcuid an mhoirfeolaíocht ghéar, rud a spreag tonnta maidhmeanna tuile tromchúiseacha. Fuair Cathracha Karditsa agus Mouzaki méid ollmhór uisce agus bhí siad faoi uisce ar feadh roinnt laethanta. Bhí 5 000 áitreabh faoi uisce i gcathair Karditsa, rinneadh damáiste do 97 % de na siopaí ann agus scriosadh 15 sráidbhaile sa cheantar. Cuireadh isteach go mór ar an soláthar leictreachais agus ar an soláthar uisce in go leor sráidbhailte. Rinneadh damáiste tromchúiseach don bhonneagar iarnróid agus don ghréasán bóithre. Rinneadh taifead de 100 sciorradh talún agus de 40 droichead a scoitheadh sa cheantar sléibhtiúil céanna. Bhí fadhbanna ar an ngréasán bóithre de dheasca na dtonaí de láib agus de smionagar, na gcéadta crann agus craobh dífhréamhaithe. Mar gheall ar thuilte forleathana agus gearrthacha cumhachta, fógraíodh staid éigeandála le haghaidh na n‑oileán Ithaca, Kefalonia, agus Zakynthos. Rinne seirbhísí éigeandála a thuairisciú go bhfuair siad os cionn 2 500 iarratas ar chúnamh ó dhaoine a bhí sáinnithe i dtithe faoi uisce agus i gcarranna, agus tharrtháil seirbhís dóiteáin na Gréige beagnach 1 000 duine sna réigiúin a bhí buailte.
(8)Ba é EUR 507 660 619 meastachán na Gréige ar chostas na n‑oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán agus cuireadh i láthair é agus é miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó (os cionn EUR 293 mhilliún) leis na costais a ghabhann le bonneagar iompair a chur ar ais mar a bhí, agus baineann an dara sciar is mó leis na costais a ghabhann le bonneagar uisce agus fuíolluisce a chur ar ais mar a bhí (os cionn EUR 13 milliún).
(9)Dhearbhaigh údaráis na Gréige nach ann d’aon chumhdach árachais ar na costais incháilithe.
(10)I dtaca le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta um shárú ar siúl faoi láthair.
(11)I gcomhthéacs chur chun feidhme Threoir 2007/60/CE maidir le measúnú agus bainistíocht riosca tuilte, tugadh na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích: Réamhthuarascáil Measúnaithe Riosca Tuilte (Márta 2012), sainaithint na limistéar ina bhfuil baol mór tuilte sna 14 Limistéar Abhantrach sa tír agus nuashonrú ar an Réamhthuarascáil Measúnaithe Riosca Tuilte (Samhain 2012). I Márta 2017 tugadh i gcríoch guaiseacha tuilte agus riosca maidir leis na 14 Limistéar Abhantrach sa Tír. Tugadh i gcrích Pleananna Bainistíochta Riosca Tuilte maidir le gach Limistéar Abhantrach sa tír.
2.3An Ghréig- an crith talún ar na hoileáin Samas, Ikaria agus Chios i mí Dheireadh Fómhair 2020
(1)Rinne an Ghréig iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE an 22 Eanáir 2021 chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú i ndiaidh an damáiste a rinne an crith talún ar oileáin Samas, Ikaria agus Chios i mí Dheireadh Fómhair 2020.
(2)Cuireadh an t‑iarratas isteach laistigh den sprioc 12 sheachtain ó rinneadh taifead, an 30 Deireadh Fómhair 2020, den chéad damáiste a rinne an tubaiste, iarratas ina bhfuil an fhaisnéis go léir a theastaíonn faoi Airteagal 4 den Rialachán.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Leis an iarratas, léiríodh an tubaiste mar ‘thubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) den Rialachán, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal NUTS 2 de Stát incháilithe as a n‑eascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1,5 % de OTI an réigiúin sin. De réir mheastacháin údaráis na Gréige, is é EUR 101 252 020 méid an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh. An damáiste a rinneadh, is 39,72 % de OTI Voreio Aigaio é, an réigiún ar leibhéal NUTS 2 lena mbaineann, agus dá bhrí sin sáraíonn sé an tairseach EUR 38 239 500 (1,5 % de OTI réigiúnach). Dá bhrí sin, tá an t‑iarratas ón nGréig incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CDAE.
(5)Is é an damáiste díreach iomlán a rinneadh is bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní fhéadfar an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach amháin le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3(2) den Rialachán, cé is moite den litir bheag e).
(6)San iarratas a rinne an Ghréig an 22 Eanáir 2021, iarradh go n‑íocfaí airleacan mar a leagtar síos in Airteagal 4a den Rialachán. An 8 Márta 2021 ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 1623 lena ndéantar airleacan arbh fhiú EUR 253 010 a dhámhachtain. Cuirfear méid an airleacain san áireamh chun iarmhéid na ranníocaíochta leis an Stát is tairbhí a ríomh. Airleacain a íocadh go míchuí, déanfaidh an Coimisiún iad a aisghabháil.
(7)Déantar cur síos mionsonraithe san iarratas ar an an méid a tharla agus ar an damáiste a rinneadh. An 30 Deireadh Fómhair 2020, thart ar 14 km soir ó thuaidh ón oileán Gréigeach, Samas, tharla crith talún ar mhéid 7.0. Trí lá tar éis an mhórchreatha talún, rinneadh taifead de thuairim is 150 iarchrith, iarchreathanna de dhéine éagsúil. Ba é an scoilt a tharla le linn an chéad chreatha talún ba chúis le hathrú géar i ngrinneall na farraige agus le sciorradh talún fomhuirí. Dá thoradh sin, tar éis an chéad chreatha talún, tharla trí thonn imtharraingteacha suas le 1,5 méadar ar airde agus tharraing siad sin trasna ceantair éagsúla ar an taobh thuaidh de Shamas. Rinne an crith talún agus an súnámaí damáiste ar na hoileáin sa Mhuir Aeigéach Thuaidh mar atá Samas, Ikaria agus Chios. Maraíodh beirt sa tubaiste agus gortaíodh 19 nduine mar gur thit foirgnimh agus smionagar eile orthu. Rinneadh damáiste mór d’eaglaisí, do scoileanna, do thaispeántais mhúsaeim agus do thithe príobháideacha. Ba shuntasach iad na tubaistí agus an damáiste a tharla in Vathi Shamas, agus bhí idir 2,000 agus 3,000 duine thíos le fadhbanna tithíochta. I gcás gach seanfhoirgneamh cloiche a bhí sa chathair, bhí damáiste áirithe nó scrios ar fad i gceist. Tá fadhb le 300 teach ar fad in Samas tar éis an chreatha talún. Scrios an crith talún cuid mhór den ghréasán bóithre.
(8)Ba é EUR 23 785 020 meastachán na Gréige ar chostas na n‑oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán agus cuireadh i láthair é agus é miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó de sin (os cionn EUR 10 mhilliún) leis na costais a ghabhann leis an mbonneagar iompair a chur ar ais mar a bhí, agus baineann an dara sciar is mó (os cionn EUR 6,6 milliún) leis na costais a ghabhann leis an mbonneagar oideachais a chur ar ais mar a bhí agus na costais a ghabhann leis na hoibríochtaí glanta sa limistéar ar bhuail tubaiste é (os cionn EUR 4,5 milliún).
(9)Dhearbhaigh údaráis na Gréige nach ann d’aon chumhdach árachais ar na costais incháilithe.
(10)I dtaca le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta um shárú ar siúl faoi láthair.
(11)Tugann iarratas na Gréige cur síos ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú a bhaineann le cineál na tubaiste. Bunaithe ar na creathanna talún láidre a bhuail an Ghréig idir 1978 agus 1981, chuir rialtas na Gréige beartas um baol tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú ar bun a raibh mar aidhm leis teacht aniar i bpobail áitiúla a fheabhsú trí chreat i dtaca le beartais a chur chun feidhme chun baoil aitheanta a laghdú, tionchar creathanna talún a bhainistiú agus nósanna imeachta/gníomhaíocht chun baoil nua a chosc. Sa Chód Gréigeach Um Thógáil Fhrithsheisimeach, tá leagan nuashonraithe den Léarscáil Guaiseacha Seismeacha.
2.4 An Fhrainc- stoirm Alex i réigiún Provence-Alpes-Côtes d’Azur i mí Dheireadh Fómhair 2020
(1)Rinne an Fhrainc iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE an 21 Nollaig 2020 chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú i ndiaidh an damáiste a rinne stoirm Alex i réigiún Provence-Alpes-Côtes d’Azur i mí Dheireadh Fómhair 2020.
(2)Cuireadh an t‑iarratas isteach laistigh den sprioc 12 sheachtain ó rinneadh taifead, an 2 Deireadh Fómhair 2020, den chéad damáiste a rinne an tubaiste, iarratas ina bhfuil an fhaisnéis go léir a theastaíonn faoi Airteagal 4 den Rialachán.
(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(4)Leis an iarratas, léiríodh an tubaiste mar ‘thubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) den Rialachán, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal NUTS 2 de Stát incháilithe as a n‑eascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1,5 % de OTI an réigiúin sin. De réir mheastachán údaráis na Fraincise, is é EUR 2 373 000 000 méid iomlán an damáiste dhírigh a rinneadh. An damáiste a rinneadh, is 1,5 % de OTI Provence-Alpes-Côtes d’Azur é, an réigiún ar leibhéal NUTS 2 lena mbaineann, agus dá bhrí sin sáraíonn sé an tairseach EUR 2 372 040 600 (1,5 % de OTI réigiúnach). Dá bhrí sin, tá an t‑iarratas ón bhFrainc incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CDAE.
(5)Is é an damáiste díreach iomlán a rinneadh is bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní fhéadfar an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach amháin le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3(2) den Rialachán, cé is moite den litir bheag e).
(6)San iarratas a rinne an Fhrainc an 21 Nollaig 2020, iarradh go n‑íocfaí airleacan mar a leagtar síos in Airteagal 4a den Rialachán. An 22 Feabhra 2021, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 1340 lena ndéantar airleacan arbh fhiú EUR 5 932 500 a dhámhachtain. Cuirfear méid an airleacain san áireamh chun iarmhéid na ranníocaíochta leis an Stát is tairbhí a ríomh. Airleacain a íocadh go míchuí, déanfaidh an Coimisiún iad a aisghabháil.
(7)Déantar cur síos mionsonraithe san iarratas ar an an méid a tharla agus ar an damáiste a rinneadh. Réab stoirm Alex trasna na Fraince ón 1 go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2020. Rinne an stoirm damáiste tromchúiseach go háirithe i réigiún Provence-Alpes-Côtes d’Azur – chuir báisteach neamhghnách isteach ar ghleannta alpach éagsúla atá suite ar an taobh thuaidh de chathair Nice, agus i roinnt suíomhanna, ar ráta ba mhó ná méid an “uair amháin sa chéad”. An meascán den bháisteach throm agus den mhoirfeolaíocht áitiúil (ar mórthréith dá cuid na gleannta cúnga agus na fánaí géara), spreag sé próisis éagsúla ghuaiseacha amhail sciorradh talún, sreafaí smionagair, tonnta maidhmeanna tuile agus dianphróisis chreimthe ar feadh na n‑uiscebhealaí. Leis an méid carnach den bháisteach a thit, sroicheadh toirte nár taifeadadh riamh roimhe seo. Mar thoradh air sin, rinneadh damáiste mór do gach gréasán bonneagair agus scriosadh cuid díobh, agus bhí roinnt bailte scoite amach de bharr gur thit na droichid agus na príomhbhóithre. Cuireadh isteach ar na céadta tithe, agus cailleadh 9 nduine. Maidir le déine agus le méid na báistí a bhí ann, bhí sé cosúil le cásanna nach dtarlaíonn uair amháin sa chéad nó níos annaimhe, agus bhí gaoth láidir ag gabháil leis an mbáisteach sin (rinneadh taifeadadh de luas suas le 161 km/h). Na bardais is mó a bhí buailte, is i ngleannta Roya, Tiné agus Vésubia atá siad suite. Buaileadh gleannta Estéron agus Var freisin, ar bhonn níos lú. I rith laethanta tosaigh na stoirme, theip ar gach líonra (uisce, leictreachas agus bóithre) i ngleannta Roya, Tiné agus Vésubia agus scaradh na daoine amach ón saol lasmuigh. Ar an iomlán, rinne an stoirm damáiste tubaisteach do mhaoin phoiblí agus phríobháideach, agus rinneadh damáiste suntasach don bhonneagar bóithre agus iarnróid, agus d’eangacha leictreachais. Cuireadh isteach go mór ar chúrsaí gnó agus ar thurasóireacht.
(8)Ba é EUR 1 805 243 000 meastachán na Fraince ar chostas na n‑oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh is incháilithe faoi Airteagal 3(2) den Rialachán agus cuireadh i láthair é agus é miondealaithe de réir chineál na n‑oibríochtaí. Baineann an sciar is mó (os cionn EUR 663 mhilliún) leis na costais a ghabhann le bonneagar bóithre a chur ar ais mar a bhí, agus baineann an dara sciar is mó leis na costais a ghabhann le foirgnimh phoiblí agus earraí eile a dheisiú (os cionn EUR 340 milliún).
(9)Dhearbhaigh na húdaráis sin nach bhfuil aon chumhdach árachais le fáil ar na costais incháilithe.
(10)I dtaca le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, níl aon nós imeachta um shárú ar siúl faoi láthair.
(11)Rinneadh Treoir 2007/60/CE a thrasuí i ndlí na Fraince le hAirteagal 221 de Dlí Uimh. 2010-788 an 12 Iúil 2010 lenar bunaíodh gealltanas náisiúnta le haghaidh an chomhshaoil agus Foraithne Uimh. 2011-227 an 2 Márta 2011 maidir le measúnú agus bainistíocht riosca i gcás tuilte. Chun an Treoir seo a thrasuí, tá sé socraithe Stát na Fraince a bheith ag brath ar ghníomhaíochtaí náisiúnta trí straitéis um bhainistíocht riosca i gcás tuilte a tharraingt suas agus ar ghníomhaíochtaí críochacha a bhfuil pleananna bainistíocht riosca i gcás tuilte ag gabháil leo arna ndréachtú ar leibhéal na limistéir abhantrach. Is é FRMP an uirlis chun an Treoir maidir le Tuilte a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil.
2.5 An Albáin, an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Montainéagró, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSeirbia, an Spáinn, an Ungáir- mór-éigeandáil sláinte poiblí a bhí annde dheasca phaindéim COVID-19 go luath in 2020
I mí na Nollag 2019, tuairiscíodh eipidéim niúmóine de bhunús anaithnid do EDS ó Wuhan na Síne. Sainaithníodh é seo níos déanaí mar thréithchineál nua de choróinvíreas nach bhfacthas roimhe sin sa duine daonna– galar choróinvíreas 2019 (COVID-19). An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh EDS éigeandáil eipidéime ar scála idirnáisiúnta de dheasca eipidéim nua an choróinvíris.
In 2020 mar chuid den Tionscnamh Infheistíochta Freagartha don Choróinvíreas (CRII), leasaíodh an Rialachán EUSF trí éigeandálaí sláinte poiblí a chur san áireamh faoi raon feidhme phrionsabal dlúthpháirtíochta an Aontais.
Ina dhiaidh sin, roimh spriocdháta an 24 Meitheamh 2020, fuair an Coimisiún 22 iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE. Ar an iomlán, tá cúnamh iarrtha ag 19 mBallstát (an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Ungáir) agus trí thír aontachais (an Albáin, Montainéagró agus an tSeirbia).
Rinne seirbhísí an Choimisiúin mionscrúdú ar na hiarratais ar fad a fuarthas i gcomhréir leis an Rialachán, go háirithe le hAirteagail 2, 3 agus 4 de. Leagtar na gnéithe is tábhachtaí den mheasúnú amach thíos.
(1)Cuireadh gach ceann de na 22 iarratas isteach roimh spriocdháta deiridh oifigiúil an 24 Meitheamh 2020 le haghaidh na mór-éigeandála sláinte poiblí a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19 (i.e. laistigh de dhá sheachtain déag ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/461).
(2)Is mór-éigeandáil sláinte poiblí í paindéim COVID-19 agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.
(3)Sna 22 iarratas a fuarthas, tá an fhaisnéis go léir a cheanglaítear faoi Airteagal 4 den Rialachán.
(4)D’iarr seacht mBallstát ina n‑iarratais go n‑íocfaí airleacan maidir leis an ranníocaíocht a raibh siad ag súil léi ó CDAE (an Chróit, Éire, an Ghearmáin, an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn agus an Ungáir). Le hAirteagal 4a den Rialachán, beartaítear nach féidir ach leis na Ballstáit réamhíocaíochtaí a iarraidh faoin gCiste. Tá réamh-mheasúnú déanta ag seirbhísí an Choimisiúin ar na hiarratais a fuair siad ó na seacht mBallstát seo agus tháinig siad ar an gconclúid gur chomhlíon na seacht n‑iarratas na coinníollacha maidir le hairleacan a íoc ó CDAE.
(5)Sa bhliain 2020, ar bhonn an réamh-mheasúnaithe, bhunaigh seirbhísí an Choimisiúin an caiteachas iomlán, ar glacadh leis go sealadach, i gcás na Cróite, na hÉireann, na Gearmáine, na Gréige, na Portaingéile, na Spáinne agus na hUngáire chun an réamhíocaíocht a chinneadh agus chun na críche sin amháin. Leis an leasú is déanaí a rinneadh ar CDAE, méadaíodh an réamhíocaíocht suas le 25 % de mhéid na ranníocaíochta airgeadais agus gan dul thar EUR 100 milliún.
(6)An 27 Samhain 2020, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 8574 chun airleacan EUR 23 279 441 a dhámhachtain ó CDAE agus d’íoc sé sin le hÉirinn ina dhiaidh sin.
(7)An 2 Nollaig 2020, ghlac an Coimisiún an méid seo a leanas:
–Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 8686 chun airleacan EUR 8 462 280 a dhámhachtain ó CDAE agus d’íoc sé sin leis an gCróit ina dhiaidh sin;
–Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 8667 chun airleacan EUR 15 499 409 a dhámhachtain ó CDAE agus d’íoc sé sin leis an nGearmáin ina dhiaidh sin;
–Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 8687 chun airleacan EUR 4 535 700 a dhámhachtain ó CDAE agus d’íoc sé sin leis an nGréig ina dhiaidh sin;
–Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 8683 chun airleacan EUR 26 587 069 a dhámhachtain ó CDAE agus d’íoc sé sin leis an Ungáir ina dhiaidh sin;
–Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 8688 chun airleacan EUR 37 528 511 a dhámhachtain ó CDAE agus d’íoc sé sin leis an bPortaingéil ina dhiaidh sin;
–Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 8696 chun airleacan EUR 16 844 420 a dhámhachtain ó CDAE agus d’íoc sé sin leis an Spáinn ina dhiaidh sin.
(8)I gcomhréir leis an Rialachán, cuireadh méid an airleacain san áireamh chun iarmhéid na ranníocaíochta leis an Stát is tairbhí a ríomh. Airleacain a íocadh go míchuí, déanfaidh an Coimisiún iad a aisghabháil.
(9)Rinneadh measúnú ar gach iarratas a fuarthas i bpacáiste aonair chun cóir chomhsheasmhach agus chomhionann a chinntiú. Rinne an Coimisiún roinnt gnéithe a scrúdú go críochnúil, amhail incháilitheacht an chaiteachais (lena n‑áirítear, anailís a dhéanamh ar cé acu a cumhdaíodh oibríochtaí incháilitheacha leis an gcaiteachas arna thíolacadh nó nár cumhdaíodh agus ar cé acu agus ar tháinig an caiteachas faoin tréimhse incháilitheachta nó nár tháinig), an éigeandáil a bhaineann leis an gcaiteachas agus a nasc díreach le paindéim COVID-19, comhsheasmhacht an mheasúnaithe fhoriomláin. I gcás inar ghá, d’iarr an Coimisiún ar na tíortha is iarrthóirí, breis faisnéise, míniúchán agus réasúnaithe a sholáthar.
(10)Trí roinnt malartuithe leis na húdaráis náisiúnta freagracha, bhí an Coimisiún in ann soiléiriú a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir le hincháilitheacht cineálacha áirithe caiteachais arna ndearbhú agus a mheasúnú a thabhairt chun críche. Dá réir sin, bhunaigh seirbhísí an Choimisiúin an caiteachas poiblí iomlán ar bhearta práinnfhreagartha lenar glacadh i gcás gach iarratais.
(11)Le linn an mheasúnaithe agus tar éis na malartuithe le húdaráis na Slóivéine, shuigh seirbhísí an Choimisiúin go ndearnadh rómheastachán ar an gcaiteachas poiblí iomlán díreach, mar a thuairiscigh údaráis na Slóivéine ina n‑iarratas CDAE a cuireadh isteach an 22 Meitheamh 2020 agus, dá bhrí sin, ar ghá é a laghdú, le comhaontú ó na húdaráis sin. Ós rud é gurb é EUR 1 430,574 milliún tairseach mór-éigeandáil sláinte poiblí le haghaidh na Polainne in 2020 agus go bhfuil an caiteachas poiblí athbhreithnithe iomlán go mór faoi bhun na tairsí faoi seach, níl an t‑iarratas ón bPolainn incháilithe do thacaíocht ó CDAE.
(12)Le linn an mheasúnaithe agus tar éis na malartuithe le húdaráis na Slóivéine, shuigh seirbhísí an Choimisiúin go ndearnadh rómheastachán ar an gcaiteachas poiblí iomlán díreach, mar a thuairiscigh údaráis na Slóivéine ina n‑iarratas CDAE a cuireadh isteach an 17 Meitheamh 2020 agus, dá bhrí sin, ar ghá é a laghdú, le comhaontú ó na húdaráis sin. Ós rud é gurb é EUR 135,102 milliún tairseach mór-éigeandáil sláinte poiblí le haghaidh na Slóivéine in 2020 agus go bhfuil an caiteachas poiblí athbhreithnithe iomlán go mór faoi bhun na tairsí faoi seach, níl an t‑iarratas ón bPolainn incháilithe do thacaíocht ó CDAE.
2.6Conclúid
Na tubaistí dá dtagraítear sna hiarratais a chuir an Ghréig agus an Fhrainc isteach agus na 20 iarratas a bhain le paindéim COVID-19, comhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán mar gheall ar na cúiseanna a leagtar amach thuas.
3.Maoiniú ó leithdháiltí CDAE 2021
Le Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (“Rialachán CAI” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 9 de, féadtar CDAE a shlógadh, i gcomhthéacs SEAR. Le pointe 10 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (IIA), chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, leagtar síos na módúlachtaí le haghaidh shlógadh CDAE i gcomhthéacs SEAR.
Ós rud é gurbh í an dlúthpháirtíocht, den chuid is mó, ba bhonn dlisteanachta do bhunú CDAE, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart an chabhair a bheith ina cabhair fhorásach. Is éard a thagann de sin, de réir an chleachtais go nuige seo, gur cheart gur dhlúithe an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar an gcion sin den damáiste is mó ná tairseach ‘an mhórthubaiste nádúrtha’ le haghaidh shlógadh CDAE (i.e. 0,6 % den ollioncam náisiúnta nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, cibé acu méid is lú), ná an chabhair a thabharfaí mar fhreagairt ar dhamáiste a bheadh ar an tairseach sin nó faoin tairseach sin. Is é an ráta a cuireadh i bhfeidhm roimhe seo chun leithdháiltí a shainiú do mhórthubaistí 2,5 % den damáiste díreach iomlán, faoin tairseach, agus 6 % don chuid den damáiste atá os cionn na tairsí. I gcás tubaistí réigiúnacha agus tubaistí a nglactar leo faoin bhforáil maidir le ‘tír chomharsanachta’, is é 2,5 % an ráta.
Ní bheidh sa ranníocaíocht níos mó ná costas iomlán measta na n‑oibríochtaí incháilithe. Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil CDAE 2002-2003, agus ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa léi.
Ar bhonn na n‑iarratas ón nGréig agus ón bhFrainc, is mar seo a leanas atá ríomh na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE, bunaithe ar an meastachán ar chostas iomlán an damáiste dhírigh a rinneadh:
|
Na Ballstáit
|
Cáiliú na tubaiste
|
Damáiste díreach iomlán
(EUR)
|
Tairseach atá curtha i bhfeidhm i gcás tubaiste réigiúnach
[1.5% de OTI]
( EUR)
|
Méid iomlán na cabhrach atá beartaithe
(EUR)
2.5% den damáiste díreach iomlán
|
Airleacain
(EUR)
|
|
AN GHRÉIG
tuilte Sterea Ellada
|
Réigiúnach
(Airt. 2(3))
|
132 004 000
|
128 286 000
|
3 300 100
|
330 010
|
|
AN GHRÉIG
cioclón Ianos
|
Réigiúnach
(Airt. 2(3))
|
863 540 756
|
116 933 271
|
21 588 519
|
2 158 852
|
|
AN GHRÉIG
crith talún
|
Réigiúnach
(Airt. 2(3))
|
101 252 020
|
38 239 500
|
2 531 301
|
253 131
|
|
AN FHRAINC
stoirm Alex
|
Réigiúnach
(Airt. 2(3))
|
2 373 000 000
|
2 372 040 600
|
59 325 000
|
5 932 500
|
|
IOMLÁN
|
86 744 920
|
8 674 493
|
I gcás mór-éigeandálaí sláinte poiblí, cuireann an Coimisiún i bhfeidhm modh atá comhchosúil lena n‑úsáidtear i gcás tubaistí nádúrtha chun méideanna cabhrach a chinneadh: Faigheann tír 2,5 % de mhéid iomlán an chaiteachais incháilithe poiblí nach mó ná méid na tairsí tír-shonraí le haghaidh mór-éigeandálaí sláinte, móide 6 % den chuid den chaiteachas poiblí a sháraíonn an tairseach. Cuireadh an méid sin in iúl freisin ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Ós rud é gur thug an ríomh sin méid iomlán le haghaidh na dtíortha uile a sháraíonn na hacmhainní buiséid atá ar fáil, laghdófar na méideanna in aghaidh gach tíre ar bhonn pro rata.
Maidir leis na hiarratais CDAE a thíolaic an Albáin, an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Montainéagró, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSeirbia, an Spáinn agus an Ungáir a bhain leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19, molann seirbhísí an Choimisiúin don údarás buiséadach na méideanna seo a leanas a shlógadh:
|
|
Tír
|
Caiteachas poiblí iomlán a éilíodh
(EUR)
|
Chaiteachas poiblí iomlán incháilithe lenar ghlac an CE (EUR)
|
Tairseach mór-éigeandálaí sláinte
(EUR milliún)
|
Méid an chúnaimh a d’fhéadfaí a thabhairt
(EUR)
|
Cúnamh pro rata
méid
(EUR)
|
Airleacan arna íoc
|
Méid na hiarmhéide atá le slógadh
(EUR)
|
|
1
|
An Albáin
|
54 998 000
|
54 755 654
|
38,852
|
1 925 519
|
905 271
|
0
|
905 271
|
|
2
|
an Ostair
|
2 111 595 244
|
1 798 883 065
|
1 153,959
|
67 544 419
|
31 755 580
|
0
|
31 755 580
|
|
3
|
an Bheilg
|
2 192 550 000
|
2 132 102 000
|
1 388,322
|
79 334 850
|
37 298 777
|
0
|
37 298 777
|
|
4
|
an Chróit
|
658 771 839
|
358 524 373
|
151,638
|
16 204 132
|
7 618 270
|
8 462 280
|
0
|
|
5
|
an tSeicia
|
1 832 510 000
|
959 231 097
|
588,597
|
36 952 971
|
17 373 205
|
0
|
17 373 205
|
|
6
|
an Eastóin
|
173 328 000
|
171 932 664
|
76,647
|
7 633 315
|
3 588 755
|
0
|
3 588 755
|
|
7
|
an Fhrainc
|
7 011 813 781
|
4 284 611 574
|
1 792,639
|
194 334 329
|
91 365 053
|
0
|
91 365 053
|
|
8
|
an Ghearmáin
|
2 079 000 000
|
2 079 000 000
|
1 792,639
|
61 997 635
|
29 147 795
|
15 499 409
|
13 648 386
|
|
9
|
an Ghréig
|
623 925 000
|
623 925 000
|
551,220
|
18 142 800
|
8 529 722
|
4 535 700
|
3 994 022
|
|
10
|
an Ungáir
|
1 997 208 000
|
1 632 956 193
|
385,263
|
84 493 167
|
39 723 926
|
26 587 069
|
13 136 857
|
|
11
|
Éire
|
1 997 000 000
|
1 996 328 000
|
762,921
|
93 077 445
|
43 759 771
|
23 279 441
|
20 480 330
|
|
12
|
an Iodáil
|
3 755 558 000
|
3 749 558 000
|
1 792,639
|
162 231 115
|
76 271 930
|
0
|
76 271 930
|
|
13
|
an Laitvia
|
178 626 000
|
91 884 602
|
85,947
|
2 504 931
|
1 177 677
|
0
|
1 177 677
|
|
14
|
an Liotuáin
|
176 974 000
|
176 932 597
|
131,433
|
6 015 801
|
2 828 291
|
0
|
2 828 291
|
|
15
|
Lucsamburg
|
168 230 000
|
168 230 000
|
114,768
|
6 076 920
|
2 857 025
|
0
|
2 857 025
|
|
16
|
Montainéagró
|
15 329 000
|
15 329 000
|
14,154
|
424 350
|
199 505
|
0
|
199 505
|
|
17
|
an Phortaingéil
|
3 470 870 000
|
2 318 870 000
|
598,233
|
118 194 045
|
55 568 181
|
37 528 511
|
18 039 670
|
|
18
|
an Rómáin
|
848 631 000
|
841 391 000
|
596,025
|
29 622 585
|
13 926 870
|
0
|
13 926 870
|
|
19
|
an tSeirbia
|
495 400 765
|
495 400 765
|
121,926
|
25 456 636
|
11 968 276
|
0
|
11 968 276
|
|
20
|
an Spáinn
|
15 750 543 061
|
2 941 717 381
|
1 792,639
|
113 760 678
|
53 483 861
|
16 844 420
|
36 639 441
|
|
IOMLÁN
|
1 125 927 643
|
529 347 741
|
132 736 830
|
397 454 921
|
I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán CAI, is é EUR 1 200 000 000 i bpraghsanna 2018 nó EUR 1 273 450 000 i bpraghsanna reatha uasteorainn bhliantúil fhoriomlán SEAR. Leagtar síos in Airteagal 9(4) de Rialachán CAI gur gá 25 % de leithdháileadh foriomlán SEAR 2021 (EUR 318 362 500 i bpraghsanna reatha) a choinneáil go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2021, ach beidh sé ar fáil do chomhpháirteanna uile SEAR ón dáta sin. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán CAI, is é an t‑uasmhéid is féidir le CDAE a shlógadh go dtí an 1 Meán Fómhair 50 % de leithdháileadh foriomlán SEAR tar éis an 25 % thuasluaite a asbhaint. Dá bhrí sin, is é EUR 477 543 750 an t‑uasmhéid is féidir le CDAE a shlógadh ó leithdháileadh 2021 go dtí an 1 Meán Fómhair 2021. I gcomhréir le hAirteagal 4a (4) de Rialachán CDAE, cuireadh EUR 50 000 000 isteach i mBuiséad Ginearálta 2021 cheana (i ngealltanais agus in íocaíochtaí) chun airleacain a íoc. Úsáidfear an tsuim sin chun airleacain na 4 thubaiste nádúrtha a íoc agus an tsuim a bheidh fágtha (i.e. EUR 41 325 507), beidh sí ar fáil d’aon riachtanas maidir le hairleacain níos déanaí sa bhliain.
Ina theannta sin, níor úsáideadh méid EUR 47 981 598 de leithdháileadh 2020 go dtí deireadh na bliana sin agus tugtar anonn go dtí 2021 é.
Dá bhrí sin, is é EUR 525 525 348 an t‑uasmhéid atá ar fáil faoi CDAE ag an bpointe seo in 2021 agus is leor an méid sin chun na riachtanais faoin gCinneadh seo um Shlógadh a chumhdach mar a luaitear thuas (EUR 484 199 841, ar bhain EUR 86 744 920 de leis na tubaistí nádúrtha sa Ghréig agus sa Fhrainc agus EUR 397 454 921 de hiarratais a bhaineann le COVID-19).
|
An méid atá ar fáil faoi láthair faoi EUSF:
|
|
|
Leithdháileadh bliantúil SEAR 2021
|
EUR 1 273 450 000
|
|
Lúide 25% de leithdháileadh SEAR 2021 le coinneáil go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2021
|
-EUR 318 362 500
|
|
Leithdháileadh iomlán SEAR ar fáil go dtí an 1 Deireadh Fómhair
|
EUR 955 087 500
|
|
An méid atá ar fáil do CDAE go dtí an 1 Meán Fómhair ó leithdháileadh SEAR 2021 (50 % de leithdháileadh SEAR 2021 atá ar fáil)
|
EUR 477 543 750
|
|
An méid de arna chur in áirithe le haghaidh airleacan
|
EUR 50 000 000
|
|
Móide an sciar sin den leithdháileadh le haghaidh 2020 nár caitheadh agus a tugadh anonn go 2021
|
EUR 47 981 598
|
|
An méid iomlán atá ar fáil le haghaidh CDAE go dtí an 1 Meán Fómhair 2021
|
EUR 525 525 348
|
|
An méid iomlán a bheartaítear a shlógadh le haghaidh na dtubaistí nádúrtha sa Ghréig agus sa Fhrainc, agus le haghaidh na n‑iarratas a bhaineann le COVID-19
|
EUR 484 199 841
|
|
Infhaighteachtaí atá fágtha go dtí an 1 Meán Fómhair
|
EUR 41 325 507
|
2021/0077 (BUD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d’Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 10 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí.
(2)Ní fhéadfaidh a bheith sa Chiste níos mó ná na huasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal (9) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle. I gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus le hAirteagal 9(4) de Rialachán CAI, is é EUR 477 543 750 an t‑uasmhéid is féidir le CDAE a shlógadh ó leithdháileadh 2021 go dtí an 1 Meán Fómhair 2021. I gcomhréir le hAirteagal 4a (4) de Rialachán CDAE, cuireadh EUR 50 000 000 isteach i mBuiséad Ginearálta 2021 cheana (i ngealltanais agus in íocaíochtaí) chun airleacain a íoc. Ina theannta sin, níor úsáideadh méid EUR 47 981 598 de leithdháileadh 2020 go dtí deireadh na bliana sin agus tugtar anonn go dtí 2021 é. Dá bhrí sin, is é EUR 525 525 348 an t‑uasmhéid atá ar fáil faoi EUSF ag an bpointe seo in 2021, agus is leor an tsuim sin chun na riachtanais faoin gCinneadh um Shlógadh seo a chumhdach.
(3)An 29 Deireadh Fómhair 2020, chuir an Ghréig iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na dtuilte i mí Lúnasa 2020 in Sterea Ellada.
(4)An 9 Nollaig 2020, chuir an Ghréig iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, de bharr an damáiste a rinne cioclón Ianos i Meán Fómhair 2020, cioclón a chuir isteach ar Réigiúin Ionia Nisia, Sterea Ellada, Ditiki Ellada, Thessalia agus Peloponnisos.
(5)An 22 Eanáir 2021, chuir an Ghréig iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis an chreatha talún i mí Dheireadh Fómhair 2020 a bhuail na hoileáin Samas, Ikaria agus Chios.
(6)An 21 Nollaig 2020, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, de bharr an damáiste a rinne stoirm Alex i réigiún Provence-Alpes-Côtes d’Azur i mí Dheireadh Fómhair 2020.
(5)Faoin 24 Meitheamh 2020, chuir an Albáin, an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Montainéagró, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSeirbia agus an Spáinn agus an Ungáir iarratais isteach chun an Ciste shlógadh i ndáil leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19 go luath in 2020.
(6)Tá na hiarratais ó na Ballstáit sin i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a thabhairt ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.
(7)Ba cheart, dá bhrí sin, an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus leis an Albáin, an Bheilg, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Montainéagró, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSeirbia, an Spáinn, an Ungáir i ndáil leis an mór-éigeandáil sláinte phoiblí.
(8) I gcás na Cróite, ós rud é gur mó an méid deiridh cúnaimh ná an t‑airleacan a íocadh cheana, ní gá aon mhéid breise a shlógadh agus an t‑airleacan a íocadh go míchuí, déanfar é a aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 4a de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.
(9)Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(a)tabharfar an méid EUR 3 300 100 don Ghréig i ndáil leis na tuilte in Sterea Ellada, lena n‑áirítear EUR 330 010 mar réamhíocaíocht;
(b)tabharfar an méid EUR 21 588 519 don Ghréig i ndáil le cioclón Ianos, lena n‑áirítear an méid EUR 2 158 852 mar réamhíocaíocht;
(c)tabharfar an méid EUR 2 531 301 don Ghréig i ndáil leis an gcrith talún sna hoileáin Samas, Chios agus Ikaria, lena n‑áirítear EUR 253 131 mar réamhíocaíocht;
(d)tabharfar an méid EUR 59 325 000 don Fhrainc i ndáil le stoirm Alex, lena n‑áirítear an méid EUR 5 932 500 mar réamhíocaíocht.
Airteagal 2
I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2021, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le mór-éigeandáil sláinte poiblí a shlógfar Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó … [dáta a ghlactha].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle