AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.4.2021
COM(2021) 180 final
2021/0096(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hábhair áirithe riaracháin agus foirne le haghaidh an Chomhphobail Iompair
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach, coiste a bunaíodh faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (‘TCT’) i ndáil le cinntí a bhaineann le roinnt ábhair riaracháin a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach: 1) aisíocaíocht ar speansais arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair, 2) aisíocaíocht le foireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair i ndáil le costais taistil agus athshuímh ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse, agus 3) ranníocaíocht an Chomhphobail Iompair le hárachas sláinte, dífhostaíochta, pinsin agus míchumais le haghaidh fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair
Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chonradh um an gComhphobal Iompair, conradh a bhí á chur i bhfeidhm go sealadach ó 2017 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.
2.2.An Coiste Stiúrtha Réigiúnach
Bunaítear an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le hAirteagal 24 den Chonradh um an gComhphobal Iompair. Tá sé freagrach as riar agus cur chun feidhme cuí an Chonartha um an gComhphobal Iompair. Chun na críche sin, déanann sé moltaí agus cinntí sna cásanna sin dá bhforáiltear sa Chonradh um an gComhphobal Iompair. Go sonrach, déanann an Coiste Stiúrtha Réigiúnach an méid seo a leanas:
(a) ullmhaíonn sé obair na Comhairle Aireachta,
(b) déanann sé cinntí maidir le coistí teicniúla a bhunú,
(c) déanann sé moltaí agus cinntí i gcomhréir leis an gConradh um an gComhphobal Iompair,
(d) a mhéid a bhaineann le gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais, déanann sé beart de réir mar is iomchuí, go háirithe trí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh um an gComhphobal Iompair a athbhreithniú,
(e) ceapann sé Stiúrthóir na Buanrúnaíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Aireachta,
(f) féadfaidh sé Leas‑Stiúrthóir amháin nó níos mó a cheapadh ar an mBuanrúnaíocht,
(g) leagann sé síos rialacha na Buanrúnaíochta,
(h) féadfaidh sé, trí bhíthin cinnidh, leibhéal na ranníocaíochtaí buiséid a athbhreithniú,
(i) glacann sé buiséad bliantúil an Chomhphobail Iompair,
(j) glacann sé an cinneadh lena sonraítear an nós imeachta le haghaidh an buiséad a chur chun feidhme, cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh agus cigireacht a dhéanamh,
(k) déanann sé cinntí faoi dhíospóidí a chuireann na Páirtithe Conarthacha ina láthair,
(l) glacann sé prionsabail ghinearálta sa réimse a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid, i ndáil le doiciméid atá i seilbh comhlachtaí a bunaíodh leis an gConradh um an gComhphobal Iompair nó a bunaíodh faoin gConradh sin,
(m) glacann sé tuarascálacha bliantúla a chuirtear faoi bhráid na Comhairle Aireachta, maidir le cur chun feidhme an Ghréasáin Chuimsithigh,
(n) i leith gníomhartha áirithe de chuid an Aontais, bunaíonn sé teorainneacha ama agus bealaí i dtaca le trasuí na ngníomhartha sin ag Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa.
2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach
Glacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach cinntí maidir le 1) aisíocaíocht ar speansais arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair, 2) aisíocaíocht le foireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair i ndáil le costais taistil agus athshuímh ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse, agus 3) ranníocaíocht an Chomhphobail Iompair le hárachas sláinte, dífhostaíochta, pinsin agus míchumais le haghaidh fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair.
Na cinntí atá beartaithe, beidh siad ceangailteach ó thaobh dlí de ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 25(1) den Chonradh um an gComhphobal Iompair.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Chun an Conradh um an gComhphobal Iompair a chur chun feidhme agus le haghaidh bainistiú cuí ar an mBuanrúnaíocht, is gá go nglacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach na cinntí sin. Mar gur páirtí sa Chonradh um an gComhphobal Iompair é an tAontas, is gá seasamh an Aontais a bhunú.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear orthu sin, freisin, ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.An cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht a bunaíodh le comhaontú, mar atá an Conradh um an gComhphobal Iompair, é an Coiste Stiúrtha Réigiúnach.
Is gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo na gníomhartha atáthar ag iarraidh ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 30 den Chonradh um an gComhphobal Iompair, tugtar de chumhacht don Choiste Stiúrtha Réigiúnach rialacha na Buanrúnaíochta a leagan síos, go háirithe le haghaidh dálaí oibre fhoireann na Rúnaíochta. Faoi Airteagal 35 den Chonradh um an gComhphobal Iompair, tugtar de chumhacht don Choiste Stiúrtha Réigiúnach cinntí a ghlacadh lena sonraítear an nós imeachta um chur chun feidhme an bhuiséid. De thoradh a gcineáil, agus mar ábhar dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, tá eilimintí sna rialacha sin a dhéanann difear do sheasamh dlíthiúil na bpáirtithe sa Chonradh um an gComhphobal Iompair agus, dá bhrí sin, do sheasamh dlíthiúil an Aontais freisin. Dá bharr sin, ní mór a mheas gur rialacha iad a bhfuil éifeachtaí dlí leo.
Ní dhéantar creat institiúideach an Chonartha um an gComhphobal Iompair a fhorlíonadh ná a leasú leis na gníomhartha atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
I dtaca leis an mbunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a nglactar seasamh ina leith thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a aithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt, agus nach bhfuil san aidhm nó sa chomhpháirt eile ach fo-aidhm nó fo-chomhpháirt, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin ar an mbunús dlí nach foláir a bheith leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis san am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an ceann eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na boinn chomhfhreagracha dlí ar fad a áireamh sa bhunús substainteach dlí atá leis an gcinneadh faoi Airteagal 218(9) de CFAE.
4.2.2.An cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Na gníomhartha atá beartaithe, tá siad riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an Conradh um an gComhphobal Iompair mar is cuí. Dá réir sin, leis an gConradh um an gComhphobal Iompair, saothraítear cuspóirí i réimsí an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre, ar modhanna iompair iad a chumhdaítear le hAirteagal 91 CFAE, agus i réimse an iompair de mhuir freisin, modh iompair a chumhdaítear le hAirteagal 100(2) CFAE, agus baineann compháirteanna den Chonradh leis an réimsí sin. Ó tá gné chothrománach ar an ngníomh atá beartaithe, baineann an gníomh sin leis na nithe sin go léir.
Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atáthar a mholadh: Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) CFAE.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atáthar a mholadh.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
I gcomhréir le hAirteagal 25(2) den Chonradh um an gComhphobal Iompair, foilseofar na cinntí ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2021/0096 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hábhair áirithe riaracháin agus foirne le haghaidh an Chomhphobail Iompair
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (‘TCT’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 24 den Chonradh um an gComhphobal Iompair, bunaíodh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach chun an Conradh um an gComhphobal Iompair a riar agus a chur chun feidhme mar is cuí. De bhun Airteagail 30 agus 35 den Chonradh um an gComhphobal Iompair, glacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach rialacha maidir le dálaí oibre fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, agus maidir le cur chur feidhme an bhuiséid.
(3)Glacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, le linn a chruinnithe i mBealtaine 2021, cinntí maidir le haisíocaíocht ar speansais arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair; aisíocaíocht le foireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair i ndáil le costais taistil agus athshuímh ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse; agus ranníocaíocht an Chomhphobail Iompair le hárachas sláinte, dífhostaíochta, pinsin agus míchumais le haghaidh fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair. Mura bpléifear leis na hábhair sin le linn an chruinnithe sin, déanfar glacadh na gcinntí sin a sceidealú don chruinniú ina dhiaidh sin.
(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach a bhunú, óir tá na cinntí sin riachtanach do dhea‑fheidhmiú Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair agus beidh siad ina gceangal ar an Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach, coiste a bunaíodh faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a mhéid a bhaineann le rialacha a ghlacadh maidir le haisíocaíocht ar speansais arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair; aisíocaíocht le foireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair i ndáil le costais taistil agus athshuímh ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse; agus beidh ranníocaíocht an Chomhphobail Iompair le hárachas sláinte, dífhostaíochta, pinsin agus míchumais le haghaidh fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair bunaithe ar dhréachtchinntí comhfhreagracha an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Choiste Stiúrtha Réigiúnach toiliú le mionathruithe ar na dréachtchinntí sin gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.4.2021
COM(2021) 180 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hábhair áirithe riaracháin agus foirne le haghaidh an Chomhphobail Iompair
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. 2021/
Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
an …
i dtaca le glacadh rialacha maidir le haisíocaíocht ar speansais arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 35 de,
TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Leagtar amach san Iarscríbhinn na rialacha maidir le haisíocaíocht ar speansais arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair.
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An Cathaoirleach
IARSCRÍBHINN
Na rialacha maidir le haisíocaíocht ar speansais arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair
1.Raon feidhme
1.1.Baineann na rialacha sin le rannpháirtithe a dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Chomhphobal Iompair:
(a)an Chomhairle Aireachta, an Coiste Stiúrtha Réigiúnach, Coistí Teicniúla, an Fóram Sóisialta;
(b)an Coiste um an mBuiséad;
(c)Tascfhórsaí, Grúpaí Comhordúcháin agus comhlachtaí oibre eile a bunaíodh le cinntí nó conclúidí na Comhairle Aireachta, an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh;
(d)comhdhálacha, cruinnithe, ceardlanna agus fóraim eile, arna n‑eagrú ag Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a bhaineann le clár oibre an Chomhphobail Iompair;
(e)cruinnithe de chineál difriúil arna n‑eagrú laistigh de raon feidhme chur chun feidhme an Chonartha um an gComhphobal Iompair (díospóireachtaí ardleibhéil, ceardlanna etc.);
(f)nósanna imeachta roghnúcháin do phoist arna bhfoilsiú ag an gComhphobal Iompair (comhaltaí den phainéal roghnúcháin); nó
(g)nósanna imeachta roghnúcháin do phoist arna bhfoilsiú ag an gComhphobal Iompair (iarratasóirí).
1.2.I bprionsabal, ní bheidh ach ionadaí amháin in aghaidh an pháirtí is tairbhí (aireacht, údarás rialála, gníomhaireacht, eintiteas etc.) incháilithe le haghaidh aisíocaíochta. Féadfaidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair (‘an Bhuanrúnaíocht’) imeacht ón riail seo, le cinneadh réasúnaithe, i gcás cruinnithe comhpháirteacha idir roinnt coistí nó meithleacha.
1.3.Ní aisíocfar ach costais taistil agus lóistín. Ní íocfar aon liúntas laethúil ina dteannta sin.
2.Costais taistil
2.1.Beidh na rannpháirtithe ar fad a dtugtar cuireadh dóibh i dteideal aisíocaíocht le haghaidh speansais an taistil ón áit a shonraítear ar a gcuireadh (seoladh baile nó seoladh oibre) chuig áit an chruinnithe, ar an modh iompair is iomchuí agus fad slí an turais á chur san áireamh. Go ginearálta, taisteal d’iarnród den dara grád a bheidh i gceist i gcás turas is lú ná 400 km (aon bhealach amháin, de réir an achair oifigiúil d’iarnród) agus aerthaisteal den ghrád barainne i gcás achair 400 km nó níos mó.
2.2.Déanfaidh Stiúrthóir na Buanrúnaíochta iarracht chun a áirithiú go n‑eagrófar na cruinnithe ar bhealach go mbeidh na rannpháirtithe in ann leas a bhaint as na rátaí taistil is barrainní.
2.3.Ní aisíocfar na speansais taistil ach nuair a chuirfear bundoiciméid tacaíochta ar fáil.
2.4.I gcás nach mbeidh modh iompair d’aer nó d’iarnród ar fáil nó nach mbeidh sé costéifeachtach, údarófar taisteal de bhus nó de ghluaisteán.
2.5.Is ag ráta EUR 0.22 in aghaidh an km a aisíocfar an costas a ghabhfaidh le taisteal d’fheithicil príobháideach.
2.6.Ní dhéanfar táillí tacsaí a aisíoc ach amháin mura bhfuil aon iompar áitiúil ar fáil.
2.7.Aisíocfar costais taistil suas le EUR 700.
3.Lóistín
3.1.Rannpháirtithe a dtugtar cuireadh dóibh nach mbeidh de rogha acu ach oíche amháin nó níos mó a chaitheamh san áit a mbeidh an cruinniú ar siúl, toisc amanna na gcruinnithe a bheith ar neamhréir le hamanna na n‑eitiltí nó na dtraenacha, beidh siad i dteideal aisíocaíocht a fháil ar chostais lóistín, suas le EUR 120 in aghaidh na hoíche. Ní fhéadfaidh an líon oícheanta a bheith níos mó ná an líon laethanta cruinnithe + 1.
3.2.D’fhéadfaí aisíocaíocht a fháil ar chostais oíche bhreise ar bhonn eisceachtúil, faoi réir formheas a fháil roimh ré ó Stiúrthóir na Buanrúnaíochta, más rud é go mbeadh an rannpháirtí ar tugadh cuireadh dó in ann laghdú a fháil ar chostas an iompair ar fiú níos mó é ná costas na hoíche breise má chuirtear fad leis an tréimhse fanachta.
3.3.Ní aisíocfar ach costais lóistín. Ní aisíocfar aon chaiteachas eile a bhaineann leis an tréimhse fanachta ag an óstán (idirlíon, teileafón, fótachóipeáil, mionbheár, bricfeasta nach bhfuil san áireamh, etc.).
4.Ceannach ticéad agus lóistín
4.1.I bprionsabal, cuirfidh na rannpháirtithe ar tugadh cuireadh dóibh, mar a shainmhínítear i bpointe (a) go pointe (e) d’Airteagal 1.1, a dticéid agus a lóistín féin in áirithe. Déanfar na háirithintí a luaithe is féidir ionas gur féidir an táille/ráta is eacnamaíche a fháil. Beidh réamhíocaíocht caiteachais, lena n‑áirítear taisteal agus/nó lóistín atá curtha in áirithe ag Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, teoranta do chásanna eisceachtúla agus beidh sí faoi réir fhorálacha Airteagal 6.
4.2.I gcás rannpháirtithe mar a shainmhínítear faoi phointe (f) agus faoi phointe (g) d’Airteagal 1.1, is í an Bhuanrúnaíocht a dhéanfaidh na socruithe taistil agus lóistín.
5.Nós Imeachta Aisíocaíochta
5.1.Déanfar iarraidh ar aisíocaíocht taistil a chur isteach i bhformáid leictreonach chuig an mBuanrúnaíocht 15 lá féilire ar a dhéanaí tar éis dháta an chruinnithe atá i gceist.
5.2.Úsáidfear an fhoirm i bhFoscríbhinn 1. Beidh doiciméid tacaíochta ag gabháil leis an iarraidh mar fhianaise ar na costais arna dtabhú, is é sin ticéid (ticéid iompair phoiblí san áireamh) agus sonraisc nó, i gcás áirithintí ar líne, asphrionta na háirithinte leictreonaí agus cártaí bordála don turas amach. Ní mór grád an taistil, an t‑am taistil agus an méid a íocadh a bheith léirithe sna doiciméid a chuirfear ar fáil. Ní dhéanfar aon aisíocaíocht i gcás nach gcuirtear tacar iomlán sonrasc ar fáil.
5.3.Déanfar aon chomhfhreagras gaolmhar maidir leis na hábhair aisíocaíochta a sheoladh i scríbhinn chuig: finance@transport‑community.org
5.4.Is trí aistriú bainc amháin a dhéanfar aisíocaíochtaí.
5.5.Déanfar aisíocaíocht in Euro le cuntas bainc sonraithe na hinstitiúide nó na heagraíochta lena n‑ainmneofar rannpháirtí an chruinnithe. Beidh feidhm ag an ráta malairte a mbeidh feidhm aige ar dháta an chruinnithe.
5.6.Ní fhéadfar aisíocaíocht a dhéanamh i gcuntas bainc príobháideach an rannpháirtí ar tugadh cuireadh dóibh ach amháin ar iarratas i scríbhinn ón institiúid nó ón eagraíocht lena n‑ainmnítear an rannpháirtí.
5.7.Beidh an méid seo a leanas sna mionsonraí cuntais bainc atá le tíolacadh: ainm an tairbhí (sealbhóir cuntais), seoladh shealbhóir an chuntais, ainm bainc, uimhir cuntais bainc (IBAN), Cód Swift (BIC).
6.Réamhíocaíochtaí ar speansais taistil agus lóistín
6.1.Féadfaidh Stiúrthóir na Buanrúnaíochta a chinneadh, ar bhonn iarraidh arna cur faoina bhráid i scríbhinn ón institiúid nó ón eagraíocht ainmniúcháin, cé acu atá nó nach bhfuil réamhíocaíocht ar chostais taistil agus lóistín do rannpháirtithe, mar a shainmhínítear faoi Airteagal 1.1, pointí (a) go (e), le déanamh.
6.2.Cuirfear an iarraidh ar réamhíocaíocht faoi bhráid na Buanrúnaíochta i scríbhinn chuig an seoladh ríomhphoist tiomnaithe finance@transport‑community.org, 21 lá féilire ar a laghad roimh dháta an chruinnithe. Úsáidfear an fhoirm i bhFoscríbhinn 2. Má chuirtear iarraidh den sórt sin isteach go déanach, féadfaidh sé a bheith ina údar leis an iarraidh a dhiúltú.
6.3.Tar éis iarraidh a fhormheas, agus i gcomhréir leis an dréachtchlár oibre don chruinniú, déanfaidh an Bhuanrúnaíocht an taisteal agus an lóistín don rannpháirtí i gceist a chur in áirithe. Seolfaidh an Bhuanrúnaíocht trí ríomhphost na dearbhuithe áirithinte le haghaidh an ticéid agus an lóistín chuig an rannpháirtí ar tugadh cuireadh dó.
6.4.Agus iarratas á dhéanamh ar réamhíocaíocht ar chaiteachais taistil, geallann an rannpháirtí páirt a ghlacadh sa chruinniú i dtrácht.
6.5.I gcás nach mbeidh an rannpháirtí ar tugadh cuireadh dó in ann páirt a ghlacadh sa chruinniú – ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha go díreach i leith an Chomhphobail Iompair – slánóidh an institiúid nó an eagraíocht ainmniúcháin an Bhuanrúnaíocht as na costais arna dtabhú i ndáil le heagrú an turais (e.g. costais ticéad a cuireadh in áirithe, lena n‑áirítear táillí cealaithe, etc.).
7.Forálacha riaracháin agus críochnaitheacha
7.1.Beidh Stiúrthóir na Buanrúnaíochta freagrach as cur chun feidhme cuí na Rialacha seo.
7.2.Coinneoidh an Bhuanrúnaíocht, ar feadh tréimhse 5 bliana, na taifid, na doiciméid agus an fhianaise a bhaineann leis an aisíocaíocht, lena n‑áirítear doiciméid a bhaineann le láimhseáil eisceachtúil.
7.3.Cuirfear na Rialacha seo ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an Chomhphobail Iompair tráth a nglactha.
FOSCRÍBHINN 1 – IARRAIDH AR AISÍOCAÍOCHT TAISTIL
|
1. SONRAÍ AN CHRUINNITHE
Tuairisc ar an gcruinniú:
|
Áit:
|
|
Dáta:
Líon laethanta:
|
|
|
2. RANNPHÁIRTÍ
SLOINNE:
CÉADAINM:
INSTITIÚID/EAGRAÍOCHT:
TEIDEAL:
TÍR:
RÍOMHPHOST:
TEILEAFÓN:
|
|
3. SONRAÍ BAINC — cuir IBAN iomlán agus cód SWIFTIBIC ar fáil le do thoil
|
|
AINM AGUS SEOLADH SHEALBHÓIR AN CHUNTAIS (INSTITIÚID): (sonraigh ainm úinéir/thairbhí an chuntais bainc sa réimse seo)
|
|
AINM AN BHAINC
|
|
Uimhir Chuntais
|
|
Cód SWIFT (BIC)
|
|
IBAN
|
|
4. LÓISTÍN
|
Ón:
|
Go dtí an:
|
|
DÁTAÍ FANACHTA
|
|
|
|
Líon iomlán na n‑oícheanta san óstán (uasráta EUR 120/oíche)
|
|
|
Cuir cóip de shonrasc admhála an óstáin i gceangal le do thoil
|
|
5. SPEANSAIS TAISTIL
|
Eitleán, traein, bus fad-achair, iompar áitiúil, etc.
|
Ó
|
GO
|
AICME
|
MÉID
|
AIRGEADRA
|
In EUR
|
|
An cúrsa taistil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lean ar aghaidh ar bhileog ar leith más gá. Cuir faoi iamh cóip de na hadmhálacha/sonraisc atá ar fáil, lena n‑áirítear pasanna bordála i gcomhair eitiltí/ticéid traenach/bus
|
GLUAISTEÁN
|
Ó:
|
Go:
|
Go dtí an: (Filleadh)
|
|
Cruthúnas ar an achar ceangailte (cóip den bhealach ó Google Maps nó
ViaMichelin.com nó Rome2Rio.com, le cur isteach i bhformáid PDF nó JPG)
|
KM an dá bhealach:
|
|
|
Iomlán EUR:
|
|
TACSAÍ (mura raibh iompar poiblí áitiúil ar fáil) – na hadmhálacha is gá; tá fírinniú breise riachtanach
|
Méid
|
Airgeadra
|
In EUR
|
|
|
|
|
|
|
|
LÍON IOMLÁN a ÉILÍTEAR in EURO:
Nótaí eile:
|
|
Deimhním gur fíor-ráiteas ar speansais taistil atá tabhaithe agam féin atá san éileamh taistil seo. Níor aisíocadh agus ní chúiteofar na speansais seo ó fhoinse ar bith eile agus níl aon speansais a íocadh nó atá le híoc go díreach ó fhoinse eile curtha isteach agam.
Dáta: SÍNIÚ AN RANNPHÁIRTÍ:
|
FOSCRÍBHINN 2 – IARRATAS AR RÉAMHÍOCAÍOCHT DE CHAITEACHAS TAISTIL
|
1.Sonraí an Taistealaí — líon isteach GACH réimse marcáilte le {*}, le do thoil
|
|
Sloinne*:
|
|
|
Ainm*:
|
|
|
Ainm na heagraíochta/na hinstitiúide*:
|
|
|
Feidhm:
|
|
|
Uimhir an Phas* (ag teastáil le haghaidh áirithinte):
|
|
|
Uimhir Theagmhála:
|
|
|
Seoladh ríomhphoist:
|
|
|
Teideal agus Áit an Chruinnithe
|
|
|
Dátaí an Chruinnithe:
|
Ón:
|
Go dtí an:
|
|
Bealach Taistil:
|
Ag imeacht ó:
|
Ceann scríbe:
|
|
2.Iarratas ar Áirithint – cuir tic sa bhosca cuí le do thoil
|
|
LÓISTÍN TAISTIL
|
|
NÓTAÍ TÁBHACHTACHA DO RANNPHÁIRTITHE:
•Tá an fhoirm seo mar bhunús do na socruithe taistil a rinne Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair thar ceann an taistealaí. Déanfaidh oifigeach uachtarach díreach an taistealaí é a fhormheas roimh ré agus cuirfear é i bhfoirm scanta chuig bosca poist na Buanrúnaíochta: finance@transport‑community.org
•Is é an taistealaí amháin atá freagrach as cirte na sonraí arna gcur isteach agus ar a bhfuil freagracht iomlán as sonraí neamhiomlána nó earráideacha a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le cealú, le neamhfhéidearthacht taisteal, le hathrú ar shonraí áirithinte agus/nó le táillí gaolmhara breise.
•Ní aisíocfar gach costas breise (mionbheár a úsáid san óstán, táillí páirceála, oícheanta breise etc.).
•Tá sé d’oibleagáid ar an taistealaí gach pas bordála/ticéad taistil a choinneáil mar chruthúnas taistil agus nuair a fhillfidh sé iarrfar air na cóipeanna scanta a sheoladh chuig an ríomhphost thuasluaite.
•Déanfaidh an Bhuanrúnaíocht na socruithe taistil laistigh de na tairiscintí taistil agus lóistín atá ar fáil ar an margadh atá ag teacht le teorainneacha agus rátaí na Rialacha Aisíocaíochta.
•Daingníonn an duine thíos-sínithe gurb eol dó an clásal aisíoca a leagtar síos i Rialacha Aisíocaíochta an Chomhphobail Iompair is infheidhme, ina Airteagal. 6.5: I gcás nach mbeidh an rannpháirtí ar tugadh cuireadh dó in ann páirt a ghlacadh sa chruinniú – ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha go díreach i leith an Chomhphobail Iompair – slánóidh an institiúid nó an eagraíocht ainmniúcháin an Bhuanrúnaíocht as na costais arna dtabhú i ndáil le heagrú an turais (e.g. costais ticéad a cuireadh in áirithe, lena n‑áirítear táillí cealaithe etc.).
|
|
Síniú an iarrthóra: _____________
Dáta: _______
|
Formheas Cheann na hinstitiúide/na heagraíochta ainmniúcháin: ___________ Dáta: ______
|
|
3.LE hAGHAIDH ÚSÁID INMHEÁNACH BHUANRÚNAÍOCHT AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
|
|
Costais mheasta (in EUR)
|
Infhaighteacht an Bhuiséid
|
|
Ticéad Eitilte/ Ticéad Traenach/ Gluaisteán
|
|
TÁ NÍL
Oifigeach Airgeadais & Cuntasaíochta:
|
|
Lóistín
|
|
|
|
Meastachán ar an gcostas IOMLÁN:
|
|
FORMHEAS AN STIÚRTHÓRA:
Faofa Gan faomhadh
|
|
Gealltanas Buiséadach Uimh.:
|
|
|
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. 2021/
Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
an …
maidir le rialacha a ghlacadh i dtaca le haisíocaíocht le foireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair i ndáil le costais taistil agus athshuímh ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagail 30 agus 35 de,
TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Leagtar amach san Iarscríbhinn na rialacha maidir le haisíocaíocht le foireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair i ndáil le costais taistil agus athshuímh ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse.
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An Cathaoirleach
Iarscríbhinn
Rialacha i dtaca le haisíocaíocht le foireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair i ndáil le costais taistil agus athshuímh ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse
1.Raon feidhme
1.1.Tá feidhm ag na rialacha seo maidir leis seo a leanas:
(a)aisíocaíocht chostais taistil fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair faoi réir Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair (‘an fhoireann’), a gcéilí, agus leanaí cleithiúnacha idir 2 bhliain agus 18 mbliana d’aois, atá ina gcónaí sa teach leo, ar dhul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse;
(b)costas aistrithe agus stórála foirne a aisíoc, tar éis dul i mbun dualgas dóibh agus ar fhoirceannadh seirbhíse;
(c)liúntas suiteála a íoc leis an bhfoireann ar dhul i mbun dualgas dóibh.
2.Speansais taistil
2.1.Aisíocfar speansais taistil mar seo a leanas:
(a)dul i mbun dualgas don duine: ón áit earcaíochta go dtí an áit fostaíochta;
(b)foirceannadh seirbhíse, ón áit fostaíochta go dtí an áit tionscnaimh, ar choinníoll go bhfuil athrú ar an bpríomháit chónaithe i gceist leis sin agus go ndéantar é laistigh de 3 bliana ó dháta an fhoirceanta.
2.2.Go ginearálta, is é a bheidh i gceist le modh iompair taisteal d’iarnród den dara grád i gcás turas is lú ná 400 km (aon bhealach amháin, de réir an achair oifigiúil d’iarnród) agus aerthaisteal den ghrád barainne i gcás achair 400 km nó níos mó.
2.3.Féadfar costais bagáiste sa bhreis a aisíoc suas le 10 kg in aghaidh gach taistealaí incháilithe.
2.4.Ní aisíocfar na speansais taistil ach nuair a chuirfear bundoiciméid tacaíochta ar fáil.
2.5.I gcás nach mbeidh modh iompair d’aer nó d’iarnród ar fáil nó nach mbeidh sé costéifeachtach, údarófar taisteal de bhus nó de ghluaisteán.
2.6.Is ag ráta EUR 0.22 in aghaidh an km a aisíocfar an costas a ghabhfaidh le taisteal d’fheithicil príobháideach.
2.7.Ní aisíocfar táillí tacsaí.
3.Speansais Aistrithe
3.1.Déanfar caiteachais a thabhófar i leith aistriú troscáin agus earraí pearsanta lena n‑áirítear costas árachais in aghaidh gnáthrioscaí (go háirithe bristeacha, gadaíocht, tine etc.) a aisíoc, faoi réir údarú roimh ré ó Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair:
(a)dul i mbun dualgas don duine, bliain amháin ar a mhéad tar éis dheireadh na tréimhse promhaidh: le haghaidh aistriú ón áit chónaithe go dtí an áit fostaíochta. Ní aisíocfar na costais a bhaineann le haistriú a rinneadh sular thosaigh ball foirne sa phost;
(b)foirceannadh seirbhíse, chun aistriú as an áit fostaíochta go dtí an áit tionscnaimh, nó go dtí áit atá ar an bhfad céanna nó níos giorra ar shiúl.
3.2.Is liúntas aistrithe cnapshuime nó na speansais arna dtabhú go hiarbhír a bheidh sna costais a bheidh le haisíoc.
3.3.Aisíocfar na speansais a thabhófar, lena n‑áirítear an costas stórála ar feadh uastréimhse 60 lá agus árachas in aghaidh gnáthrioscaí, laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
(a)8000 kg nó 40 m3 i gcás baill foirne incháilithe a bheidh in éineacht leis an stáisiún dualgais nó a bheidh duine amháin ar a laghad dá dteaghlach in éineacht leo agus iad ag taisteal ar chostas Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair;
(b)4000 kg nó 30 m3 i gcás baill foirne incháilithe nach mbeidh aon duine dá dteaghlach in éineacht leo agus iad ag taisteal ar chostas Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair;
(c)is é EUR 6 000 an uasteorainn a bheidh ann d’aisíocaíocht costas aistrithe a thabhófar.
3.4.Is ar talamh nó ar muir nó ar an modh is buntáistí go heacnamaíoch a dhéanfar an t‑iompar, de réir mar a chinnfidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, agus na costais a bhaineann le pacáistiú, boscú, iompar, díphacáil, díphacáistiú agus dleachtanna custaim, más ann dóibh, á gcur san áireamh.
3.5.Beidh sé de cheangal ar an bhfoireann tairiscintí ó thrí chuideachta aistrithe ar a laghad a chur faoi bhráid Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair lena bhformheas.
3.6.Is é a bheidh i liúntas aistrithe cnapshuime 30 faoin gcéad de bhuntuarastal an bhaill foirne, le huasteorainn EUR 1 500.
4.Liúntas suiteála
4.1.Beidh baill foirne nach mbeidh aon duine dá dteaghlach in éineacht leo agus iad ag taisteal ar chostas na Buanrúnaíochta, i dteideal liúntas suiteála a fháil tráth a gceaptha, liúntas arb ionann é agus méid tuarastail mhíosúil amháin.
4.2.Beidh baill foirne incháilithe a bheidh duine in éineacht leo ag an stáisiún dualgais nó a bheidh duine amháin ar a laghad dá dteaghlach in éineacht leo agus iad ag taisteal ar chostas na Buanrúnaíochta i dteideal liúntas suiteála a fháil tráth a gceaptha arb ionann é agus dhá thuarastal mhíosúla arna n‑íoc an tráth céanna ag Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair.
5.Forálacha riaracháin agus críochnaitheacha
5.1.Cuirfidh baill foirne Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair ar an eolas má tá a speansais taistil agus aistrithe agus, i gcás inarb infheidhme, speansais taistil agus aistrithe bhaill dá dteaghlach, clúdaithe go páirteach nó go hiomlán ag tríú páirtí (e.g. údaráis Rialtais, eintiteas a thug an cuireadh, fostóir an chéile, fostóir eile, etc.), agus sa chás sin déanfaidh Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair an sciar sin amháin de na speansais nach gcumhdaítear leis an tríú páirtí a aisíoc nó a chumhdach.
5.2.Beidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair freagrach as cur chun feidhme cuí na Rialacha seo.
5.3.Coinneoidh Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair na taifid, na doiciméid agus an fhianaise a bhaineann le haisíocaíocht speansas aistrithe agus taistil agus le híocaíocht liúntas suiteála ar feadh tréimhse 5 bliana.
5.4.Beidh feidhm ag na rialacha ón lá tar éis a nglactha ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach.
5.5.Na baill foirne a chuaigh i mbun dualgas sular glacadh na rialacha sin, beidh siad i dteideal aisíocaíocht ar na speansais taistil agus aistrithe agus íocaíocht liúntais suiteála i gcomhréir leis na rialacha sin, tar éis dóibh doiciméid tacaíochta a thíolacadh maidir leis an gcostas iarbhír a tabhaíodh agus suas go dtí na huasteorainneacha a shainítear.
5.6.Ag brath ar fhorbairtí i bpraghsanna, féadfaidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a mholadh don Choiste Stiúrtha Réigiúnach athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá ann faoi láthair.
5.7.Cuirfear na rialacha reatha ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an Chomhphobail Iompair tráth a nglactha.
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. 2021/
Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR
an …
maidir le rialacha a ghlacadh i dtaca le ranníocaíocht an Chomhphobail Iompair le hárachas sláinte, dífhostaíochta, pinsin agus míchumais le haghaidh fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair
TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,
Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagail 30 agus 35 de,
TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Tá na rialacha maidir le ranníocaíocht an Chomhphobail Iompair le hárachas sláinte, dífhostaíochta, pinsin agus míchumais le haghaidh fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair leagtha amach san Iarscríbhinn.
Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh
An Cathaoirleach
Iarscríbhinn
Rialacha maidir le ranníocaíocht an Chomhphobail Iompair le hárachas sláinte, dífhostaíochta, pinsin agus míchumais le haghaidh fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair
1.Raon feidhme
1.1.Beidh feidhm ag na rialacha sin i leith bhaill foirne uile Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair atá faoi réir Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair (‘an fhoireann’).
1.2.I gcomhréir le hAirteagal 12(b) de Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, leagtar amach sna rialacha sin ranníocaíocht an Chomhphobail Iompair le hárachas sláinte, dífhostaíochta, pinsin agus míchumais le haghaidh na foirne.
2.Árachas sláinte
2.1.Tá baill foirne freagrach as scéim árachais sláinte chuí a shocrú ón gcéad lá a cheapfar iad. Cuirfidh baill foirne an Comhphobal Iompair ar an eolas i scríbhinn faoina scéim árachais sláinte laistigh de mhí amháin tar éis a gceaptha.
2.2.7.8 % a bheidh i ranníocaíocht an Chomhphobail Iompair le hárachas sláinte na mball foirne, arna ríomh ar an meán‑bhuntuarastal a d’íoc Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair le linn na míosa roimhe sin.
3.Árachas pinsin
3.1.Tá baill foirne freagrach as scéim árachais pinsin chuí a shocrú dóibh féin ón gcéad lá a cheapfar iad. Cuirfidh baill foirne an Comhphobal Iompair ar an eolas i scríbhinn faoina scéim árachais pinsin laistigh de mhí amháin tar éis a gceaptha.
3.2.5 % de bhuntuarastal an bhaill foirne sin a bheidh i ranníocaíocht an Chomhphobail Iompair le hárachas pinsin baill foirne.
4.Árachas míchumais agus saoil
4.1.Déanfaidh Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair baill foirne a árachú i gcás díobhála, tionóisce, breoiteachta ceirde, báis nó míchumais is inchurtha i leith comhlíonadh dualgas oifigiúil.
5.Árachas dífhostaíochta
5.1.Tá baill foirne freagrach as árachas dífhostaíochta iomchuí a shocrú ar a gcostas féin.
6.Forálacha críochnaitheacha
6.1.Beidh Stiúrthóir na Buanrúnaíochta freagrach as cur chun feidhme cuí na Rialacha seo.
6.2.Beidh feidhm ag na rialacha sin ón [gcéad lá den mhí féilire tar éis a nglactha].
6.3.Ag brath ar fhorbairtí i bpraghsanna, féadfaidh Stiúrthóir Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a mholadh don Choiste Stiúrtha Réigiúnach athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá ann faoi láthair.
6.4.Cuirfear na rialacha reatha ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an Chomhphobail Iompair tráth a nglactha.