AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.4.2021
COM(2021) 174 final
2021/0093(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil Pháirtithe Choinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Marthanacha a mhéid a bhaineann leis an togra chun Iarscríbhinn A a leasú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tháinig Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (an Coinbhinsiún) i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2004. Formheasadh é le Cinneadh ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2004, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, maidir le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (2006/507/CE) agus tháinig sé i bhfeidhm maidir leis an gComhphobal Eorpach an 14 Feabhra 2005. Is é is aidhm don Choinbhinsiún sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha (POPanna). Cuirtear creat ar fáil leis an gCoinbhinsiún, creat atá bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim, chun deireadh a chur le táirgeadh, úsáid, allmhairiú agus onnmhairiú POPanna, maidir lena láimhseáil agus lena ndiúscairt go sábháilte agus le scaoileadh POPanna áirithe a tháirgtear go neamhbheartaithe a dhíothú nó a laghdú.
Le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais na gealltanais a leagtar amach sa Choinbhinsiún agus sa Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (an Prótacal), arna fhormheas le Cinneadh 259/2004/CE ón gComhairle.
Bunaíodh Comhdháil na bPáirtithe de bhun Airteagal 19 den Choinbhinsiún agus is é comhlacht rialaithe Choinbhinsiúin Stócólm. Uair gach dhá bhliain is gnách leis an gcomhlacht sin teacht le chéile, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin. Chomh maith leis sin, déanann sé athbhreithniú ar cheimiceáin a chuireann an Coiste Athbhreithnithe Truailleán Orgánach Marthanach faoina bhráid chun a measta (CAPOP).
I gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Choinbhinsiún, chuir Páirtí faoi bhráid na Rúnaíochta togra chun aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, togra a ndearna CAPOP a athbhreithniú de réir Airteagal 8(3) agus (4). Mhol CAPOP do Chomhdháil na bPáirtithe chun aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a liostú in Iarscríbhinn A gan díolúintí sonracha. Is faoi rialú Airteagal 22 den Choinbhinsiún atá an nós imeachta um leasuithe ar Iarscríbhinní a ghlacadh.
I gcomhréir le hAirteagal 23 den Choinbhinsiún, is aon vóta amháin atá ag gach Páirtí. Mar sin féin, i dtaca le heagraíochtaí réigiúnacha comhtháite eacnamaíochta – an tAontas Eorpach, mar shampla – feidhmíonn na heagraíochtaí sin a gceart chun vótáil le líon vótaí is ionann agus líon a mBallstát atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún.
Ag an deichiú gnáthchruinniú, measfaidh Comhdháil na bPáirtithe cinneadh a ghlacadh maidir le haigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS, a liostú in Iarscríbhinn A (díothú), in Iarscríbhinn B (srianadh) agus/nó in Iarscríbhinn C (táirgeadh neamhbheartaithe) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
Is é an éifeacht atá leis an liostú in Iarscríbhinn A, B agus/nó C go mbeidh na ceimiceáin faoi réir bearta atá dírithe ar tháirgeadh agus ar úsáid na gceimiceán sin a dhíothú nó ar shrian a chur orthu, lena n‑áirítear scaoileadh POPanna a tháirgtear go neamhbheartaithe a laghdú nó a dhíothú.
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 22(4) den Choinbhinsiún, lena bhforáiltear maidir leis an méid seo a leanas: ‘Beidh moladh, glacadh agus teacht i bhfeidhm na leasuithe ar Iarscríbhinní A, B nó C faoi réir na nósanna imeachta céanna agus a bhaineann le moladh, glacadh agus teacht i bhfeidhm iarscríbhinní breise ar an gCoinbhinsiún, ach amháin nach dtiocfaidh leasú ar Iarscríbhinn A, B nó C i bhfeidhm maidir le haon Pháirtí a dhéanann dearbhú maidir leis na hIarscríbhinní sin a leasú i gcomhréir le mír 4 d’Airteagal 25, agus aon leasú den sórt sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm maidir leis an bPáirtí sin an nóchadú lá tar éis thaisceadh a ionstraime daingniúcháin, a ghlactha, a fhormheasa nó a aontachais leis an taisce i ndáil leis an leasú sin.’
Ní úsáidtear aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS, san Aontas Eorpach d’aon turas ach féadfaidh na ceimiceáin a bheith ann mar eisíontas i gcúr comhraic dóiteáin de bhunús fluairín agus in aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS). Maidir le PFHxS a bheith in PFOS, ba cheart a thabhairt faoi deara go liostaítear PFOS in Iarscríbhinn B a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, rialachán agus coinbhinsiún lena toirmiscfear PFOS a úsáid san Aontas cé is moite dá úsáid mar shochtach ceocháin i bplátáil chrua-chrómiam go dtí 2025. Cuireadh deireadh le húsáid PFOS de réir a chéile i mbeagnach gach Ballstát.
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil Pháirtithe Choinbhinsiún Stócólm i dtaca le cinneadh a mheastar a ghlacfar maidir le hIarscríbhinn A a leasú trí aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a liostú. Má dhéanann Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm cinneadh chun PFHxS a liostú in Iarscríbhinn A, ceanglófar ar na Páirtithe sa Choinbhinsiún na bearta is gá a ghlacadh chun úsáid PFHxS ina gcríoch a dhíothú nó srian a chur lena úsáid, i gcomhréir lena n‑oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún. Chun cinneadh an Aontais a chur chun feidhme, molfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le POPanna chun aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a áireamh. Beidh toirmeasc ar na substaintí sin a tháirgeadh agus a úsáid san Aontas.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra comhleanúnach le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1021, is é sin an Rialachán lena gcuirtear Coinbhinsiún Stócólm chun feidhme san Aontas, agus comhlánaíonn sé an Rialachán sin. Tá sé i gcomhréir go hiomlán leis an gcuspóir sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha mharthanacha.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhleanúnach le cur chuige ginearálta Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 vis‑à-vis substaintí PBT (imchoimeádach, inbhithbhailithe agus tocsaineach) ós rud é go bhforáiltear sa dá rialachán sin maidir le critéir nach gceadaíonn, i bprionsabal, substaintí gníomhacha ar substaintí PBT iad a chur ar an margadh ná a úsáid. Scrúdaítear i bPáipéar Comhthuisceana an gaol idir Coinbhinsiún Stócólm, Rialachán (AE) 2019/1021 agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, maidir le srianta agus ceanglais údarúcháin, chun comhleanúnachas a áirithiú.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta atá leis an gCinneadh ón gComhairle atá beartaithe, arb é an bunús iomchuí é le haghaidh gníomh lena sainítear seasamh an Aontais Eorpaigh i ndáil le comhaontú idirnáisiúnta, eadhon Coinbhinsiún Stócólm sa chás seo.
Is é Airteagal 192 CFAE, mír 1, an bunús dlí substainteach, ós rud é gur ar chuspóir comhshaoil (i.e. truailleáin orgánacha mharthanacha a dhíothú) den chuid is mó atá na bearta a comhaontaíodh faoi Choinbhinsiún Stócólm dírithe.
Dá réir sin, ba cheart Airteagal 192(1) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Is ábhar imní domhanda iad truailleáin orgánacha mharthanacha agus cuirtear Coinbhinsiún Stócólm chun feidhme san Aontas le Rialachán (AE) 2019/1021. Ós rud é go bhfuil an tAontas ina Pháirtí sa Choinbhinsiún, is iomchuí don Aontas a bheith rannpháirteach sa chinnteoireacht ag Comhdháil na bPáirtithe.
•Comhréireacht
Is ábhar imní domhanda iad truailleáin orgánacha mharthanacha agus is é is aidhm do Choinbhinsiún Stócólm táirgeadh agus úsáid na gceimiceán sin a dhíothú. Ós rud é gur measadh na ceimiceáin a bheith i gcomhlíontacht leis na critéir i gcomhréir le hIarscríbhinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, mhol Coiste Athbhreithnithe Truailleán Orgánach Marthanach an Choinbhinsiúin aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a liostú. Dá bhrí sin, is comhréireach tacú le liostú an cheimiceáin sin in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht iomchuí ar an leibhéal domhanda.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Pléadh an togra leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile sa 23ú cruinniú a bhí ag Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin: Údaráis Inniúla le haghaidh Rialachán (AE) 2019/1021. Ina theannta sin, chuathas i gcomhairle go forleathan le páirtithe leasmhara ar feadh an athbhreithnithe ar an gceimiceán a rinne Coiste Athbhreithnithe Truailleán Orgánach Marthanach an Choinbhinsiúin agus tugadh aghaidh ar a mbarúlacha.
•Measúnú tionchair
Ní dhearnadh measúnú tionchair, ach rinneadh measúnú socheacnamaíoch agus anailís ar roghanna malartacha i gcomhthéacs an tsainchomhaid maidir le srianta, REACH, i ndáil le haigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS. Is é conclúid thuairim na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán gur cheart na costais shocheacnamaíocha an tsriain atá beartaithe a theorannú agus go bhfuil sé comhréireach chun monaraíocht PFHxS, é a chur ar an margadh agus é a úsáid a shrianadh go mór.
Tháinig Coiste Athbhreithnithe Truailleán Orgánach Marthanach ar an gconclúid gur truailleán orgánach marthanach an ceimiceán agus mhol sé an liostú gan díolúine shonrach. Tá an moladh sin bunaithe ar mheasúnú ar thionchar na mbeart bainistithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus faisnéis shocheacnamaíoch á cur san áireamh.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl aon tionchar ag an togra ar ghníomhaíocht tráchtála ós rud é nach bhfuil an ceimiceán in úsáid ar bhonn tráchtála san Aontas agus, dá bhrí sin, ní dhéantar micrifhiontair a dhíolmhú leis ná ní áirítear ann rialacha speisialta le haghaidh FBManna. Níl aon tionchar ag an togra ar iomaíochas earnála an Aontais ná ar thrádáil ós rud é nach ndéantar an ceimiceán a thrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní mheastar go bhfuil gá le plean cur chun feidhme, le faireachán, le meastóireacht ná le tuairisciú.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra tugtar sainordú don Choimisiún tacú le haigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a liostú in Iarscríbhinn A gan díolúintí sonracha ag Comhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm thar ceann an Aontais Eorpaigh.
2021/0093 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil Pháirtithe Choinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Marthanacha a mhéid a bhaineann leis an togra chun Iarscríbhinn A a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (‘an Coinbhinsiún’) i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2004 agus tugadh é i gcrích thar ceann an Aontais le Cinneadh 2006/507/CE ón gComhairle.
(2)Is le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chuirtear Coinbhinsiún Stócólm chun feidhme laistigh den Aontas.
(3)De bhun Airteagal 8 den Choinbhinsiún, déanfaidh Comhdháil na bPáirtithe cinneadh maidir le ceimiceán a liostú, agus a bhearta rialaithe ábhartha a shonrú, in Iarscríbhinní A, B agus/nó C.
(4)Meastar go nglacfar cinneadh, ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil Pháirtithe Choinbhinsiún Stócólm, maidir le tuilleadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn A.
(5)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil na bPáirtithe, is iomchuí é a bhunú, óir beidh an cinneadh a ghlacfar ina gceangal ar an Aontas.
(6)D’fhonn sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS) a scaoileadh a thuilleadh, mar aon lena shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS, is gá táirgeadh agus úsáid na gceimiceán sin a laghdú nó a dhíothú ar an leibhéal domhanda agus tacú lena liostú sa Choinbhinsiún,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil Pháirtithe Choinbhinsiún Stócólm, i gcomhréir le moltaí ábhartha Choiste Athbhreithnithe Truailleán Orgánach Marthanach, tacú le haigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile a bhaineann le PFHxS a liostú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún gan díolúintí sonracha.
I bhfianaise na bhforbairtí a rinneadh ag an deichiú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Stócólm, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, an seasamh seo a mhionchoigeartú, trí chomhordú ar an láthair gan cinneadh breise ón gComhairle.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán