AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.4.2021
COM(2021) 173 final
2021/0092(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste um Thrádáil an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar Chinntí Uimh. 1/2014, Uimh. 2/2014, Uimh. 3/2014, Uimh. 4/2014 agus Uimh. 5/2014 ón gCoiste um Thrádáil chun aontachas Eacuadór leis an gComhaontú a chur san áireamh agus chun liostaí na n‑eadránaithe agus na saineolaithe ar Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe a nuashonrú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gCoiste um Thrádáil an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Comhaontú Trádála’ anseo feasta), chun Cinntí an Choiste um Thrádáil a mhodhnú chun aontachas Eacuadór leis an gComhaontú a chur san áireamh agus chun an liosta atá ann de na headránaithe agus na saineolaithe sa Trádáil agus san Fhorbairt Inbhuanaithe a nuashonrú.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Trádála
Síníodh an Comhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, sa Bhruiséil an 26 Meitheamh 2012. I gcomhréir le Cinneadh 2012/735/AE ón gComhairle cuireadh an Comhaontú Trádála i bhfeidhm go sealadach le Peiriú ón 1 Márta 2013 agus leis an gColóim ón 1 Lúnasa 2013.
Leasaíodh an Comhaontú leis an bPrótacal Aontachais ar an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, chun aontachas Eacuadór, a síníodh sa Bhruiséil an 11 Samhain 2016, a chur san áireamh. Tá an Comhaontú Trádála á chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Eacuadór, den pháirt eile, ón 1 Eanáir 2017.
Le hAirteagal 12 den Chomhaontú Trádála bunaítear an Coiste um Thrádáil, ar a bhfuil ionadaithe ó Pháirtí an Aontais agus ionadaithe ó gach Tír Shínithe den Aindéas, ar leibhéal na nAirí nó na n‑ionadaithe a fhéadfar a ainmniú ar na leibhéil sin. Déanann an Coiste um Thrádáil feidhmiú an Chomhaontaithe Trádála agus cur i bhfeidhm ceart a fhorálacha a mhaoirsiú agus a éascú, agus measann sé bealaí eile chun a chuspóirí ginearálta a bhaint amach. Cinntí maidir le haon ábhar a chuirfidh na sainchomhlachtaí a bunaíodh de réir an Chomhaontaithe Trádála faoina bhráid, déanann an Coiste um Thrádáil na cinntí sin a mheas agus a ghlacadh mar a bheartaítear sa Chomhaontú Trádála. Is de chomhthoil a ghlacann an Coiste um Thrádáil a chinntí.
Tá cinntí glactha ag an gCoiste um Thrádáil ar gá iad a leasú chun aontachas Eacuadór leis an gComhaontú a chur san áireamh.
Le Teideal XII den Chomhaontú Trádála cumhdaítear gach díospóid a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála, mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú Trádála.
De bhun aontachas Eacuadór, tá an Coiste um Thrádáil leis an méid seo a leanas a thabhairt cothrom le dáta: Rialacha Nós Imeachta an Choiste um Thrádáil, Rialacha Nós Imeachta agus Cód Iompair d’eadránaithe, liosta na n‑eadránaithe, na Rialacha Nós Imeachta don Ghrúpa Saineolaithe sa Trádáil agus san Fhorbairt Inbhuanaithe agus an Grúpa Saineolaithe ar shaincheisteanna a chumhdaítear leis an Teideal maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe.
2.2.An Coiste um Thrádáil
Leis an gCoiste um Thrádáil a bunaíodh le hAirteagal 12 den Chomhaontú Trádála déantar feidhmiú an Chomhaontaithe Trádála agus cur i bhfeidhm ceart a fhorálacha a mhaoirsiú agus a éascú; déantar meastóireacht ar thoradh chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála, go háirithe forbairt an chaidrimh trádála agus eacnamaíoch idir na Páirtithe; déantar obair gach sainchomhlachta a bunaíodh faoin gComhaontú Trádála a mhaoirsiú agus moltar aon ghníomhaíocht is gá; déantar aon chinneadh maidir le haon ábhar a chuirfidh na sainchomhlachtaí faoina bhráid a mheas agus a ghlacadh; agus glactar a rialacha nós imeachta féin chomh maith lena sceideal cruinnithe agus clár oibre dá chruinnithe. Is de chomhthoil a ghlacann an Coiste um Thrádáil a chinntí. Is i gceangal ar na Páirtithe atá na cinntí a ghlactar agus déanann siad na bearta uile is gá lena gcur chun feidhme. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 4 d’Airteagal 12 den Chomhaontú Trádála, glacfaidh Páirtí an Aontais agus Tír Shínithe na nAindéas lena mbaineann aon chinneadh agus ní bheidh éifeacht leis ach amháin idir na Páirtithe sin, ar choinníoll nach ndéanfaidh na cinntí sin difear do chearta agus d’oibleagáidí Tíre sínithe eile den Aindéas (Airteagal 14 mír 3).
3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gCoiste um Thrádáil an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú, den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Comhaontú Trádála’ anseo feasta), chun Cinntí an Choiste um Thrádáil a mhodhnú chun aontachas Eacuadór leis an gComhaontú a chur san áireamh agus chun an liosta atá ann de na headránaithe agus na saineolaithe sa Trádáil agus san Fhorbairt Inbhuanaithe a nuashonrú.
Ba cheart an cinneadh lena mbunaítear an liosta seo d’eadránaithe ó Eacuadór a bheith déanta ag an gcéad chruinniú den Choiste um Thrádáil, agus ní mór é a dhéanamh anois a luaithe is féidir chun Teideal XII den Chomhaontú Trádála maidir le Réiteach Díospóide a chur chun feidhme ina iomláine.
Phléigh na Páirtithe sa Chomhaontú Trádála an Cinneadh atá beartaithe ón gCoiste um Thrádáil agus chomhaontaigh siad, faoi réir nósanna imeachta cinnteoireachta an Aontais, gur cheart don Choiste um Thrádáil an Cinneadh sin a ghlacadh sa dara leath de 2020.
Tá an Cinneadh ríthábhachtach chun creat institiúideach an Chomhaontaithe Trádála a chur i gcrích agus, dá bhrí sin, chun cur chun feidhme rianúil an Chomhaontaithe Trádála a áirithiú.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear iontu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Coiste um Thrádáil a bunaíodh le comhaontú, mar atá, an Comhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile.
Gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha leis atá sa Chinneadh a iarrtar ar an gCoiste um Thrádáil a ghlacadh, i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 14 den Chomhaontú Trádála. Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe um Thrádáil.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús substaintiúil dlí
4.2.1.Na prionsabail
Braitheann an bunús substainteach dlí maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus inneachar an ghnímh bheartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm teagmhasach nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús substaintiúil dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe, i.e. Cinntí Uimh. 1/2014, Uimh. 2/2014, Uimh. 3/2014, Uimh. 4/2014 agus Uimh. 5/2014 ón gCoiste um Thrádáil a leasú chun, inter alia, na liostaí atá iontu de na headránaithe agus na saineolaithe sa Trádáil agus san Fhorbairt Inbhuanaithe a nuashonrú, tagann an príomhchuspóir agus an t‑ábhar sin faoin gcomhbheartas tráchtála.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe agus go háirithe mír 4 de.
4.3.Conclúid
Is é an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go ndéanfar le gníomh na Comhairle leasú ar Chinntí Uimh. 1/2014, Uimh. 2/2014, Uimh. 3/2014, Uimh. 4/2014 agus Uimh. 5/2014 ón gCoiste um Thrádáil, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2021/0092 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste um Thrádáil an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar Chinntí Uimh. 1/2014, Uimh. 2/2014, Uimh. 3/2014, Uimh. 4/2014 agus Uimh. 5/2014 ón gCoiste um Thrádáil chun aontachas Eacuadór leis an gComhaontú a chur san áireamh agus chun liostaí na n‑eadránaithe agus na saineolaithe ar Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe a nuashonrú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i dteannta Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Síníodh an Comhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála’) sa Bhruiséil an 26 Meitheamh 2012. I gcomhréir le Cinneadh 2012/735/AE ón gComhairle, cuireadh an Comhaontú Trádála i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus a Bhallstáit agus Peiriú ón 1 Márta 2013, agus leis an gColóim ón 1 Lúnasa 2013.
(2)Leasaíodh an Comhaontú Trádála leis an bPrótacal Aontachais chun aontachas Eacuadór, a síníodh sa Bhruiséil an 11 Samhain 2016, a chur san áireamh. I gcomhréir le Cinneadh 2012/735/AE ón gComhairle cuireadh an Comhaontú Trádála i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus a Bhallstáit agus Eacuadór ón 1 Eanáir 2017.
(3)I gcomhréir le hAirteagal 13(2), pointe (g)(vi) den Chomhaontú Trádála, féadfaidh an Coiste um Thrádáil dul chun cinn a dhéanamh maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Trádála a bhaint amach trí bhíthin modhnuithe dá bhforáiltear ann, ar modhnuithe iad ar fhorálacha eile atá faoi réir modhnuithe ag an gCoiste um Thrádáil de bhun foráil fhollasach den Chomhaontú Trádála.
(4)De bhun Airteagal 13(5) den Chomhaontú Trádála, agus aon cheann de na feidhmeanna atá leagtha amach san Airteagal sin 13 á fheidhmiú aige, féadfaidh an Coiste um Thrádáil aon chinneadh a ghlacadh mar a bheartaítear sa Chomhaontú Trádála.
(5)Glacfaidh an Coiste um Thrádáil cinneadh, le nós imeachta i scríbhinn, chun Cinntí Uimh. 1/2014, Uimh. 2/2014, Uimh. 3/2014, Uimh. 4/2014 agus Uimh. 5/2014 uaidh a leasú.
(6)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ceangailteach ar an Aontas.
(7)Le Cinneadh Uimh. 1/2014 ón gCoiste um Thrádáil, rinneadh foráil maidir lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh de bhun Airteagal 13(1), pointe (j) den Chomhaontú Trádála.
(8)Le Cinneadh Uimh. 2/2014 ón gCoiste um Thrádáil, rinneadh foráil maidir leis na Rialacha Nós Imeachta agus leis an gCód Iompair maidir le headránaithe a ghlacadh de bhun Airteagal 13(1), pointe (h), agus Airteagal 315 den Chomhaontú Trádála.
(9)Le Cinneadh Uimh. 3/2014 ón gCoiste um Thrádáil, rinneadh foráil maidir le liostaí na n‑eadránaithe a bhunú de bhun Airteagal 304(1) agus (4) den Chomhaontú Trádála.
(10)Le Cinneadh Uimh. 4/2014 ón gCoiste um Thrádáil, rinneadh foráil maidir le glacadh na Rialacha Nós Imeachta le haghaidh an Ghrúpa Saineolaithe ar Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe de bhun Airteagal 284(6) den Chomhaontú Trádála.
(11)Le Cinneadh Uimh. 5/2014 ón gCoiste um Thrádáil, rinneadh foráil maidir le Grúpa Saineolaithe a bhunú i ndáil le saincheisteanna a chumhdaítear leis an Teideal maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe de bhun Airteagal 284(3) den Chomhaontú Trádála.
(12)Chun aontachas Eacuadór leis an gComhaontú Trádála a chur san áireamh agus chun an gá le liostaí na n‑eadránaithe agus na saineolaithe ar Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe a nuashonrú, ba cheart Cinntí Uimh. 1/2014, Uimh. 2/2014, Uimh. 3/2014, Uimh. 4/2014 agus Uimh. 5/2014 ón gCoiste um Thrádáil a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste um Thrádáil an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile, maidir leis na leasuithe ar Chinntí Uimh. 1/2014, Uimh. 2/2014, Uimh. 3/2014, Uimh. 4/2014 agus Uimh. 5/2014 ón gCoiste um Thrádáil, beidh sé bunaithe ar dhréachtchinneadh an Choiste um Thrádáil atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tar éis a ghlactha, foilseofar cinneadh an Choiste um Thrádáil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tá an Cinneadh seo dírithe ar an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.4.2021
COM(2021) 173 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste um Thrádáil an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar Chinntí Uimh. 1/2014, Uimh. 2/2014, Uimh. 3/2014, Uimh. 4/2014 agus Uimh. 5/2014 ón gCoiste um Thrádáil chun aontachas Eacuadór leis an gComhaontú a chur san áireamh agus chun liostaí na n‑eadránaithe agus na saineolaithe ar Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe a nuashonrú
DRÉACHT
CINNEADH 2/2021 ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIR AN tAONTAS AGUS AN CHOLÓIM-PEIRIÚ-EACUADÓR
an XXX
lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1/2014, Cinneadh Uimh. 2/2014, Cinneadh Uimh. 3/2014, Cinneadh Uimh. 4/2014 agus Cinneadh Uimh. 5/2014 chun aontachas Eacuadór leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile, a chur san áireamh, agus chun liostaí na n-eadránaithe agus na saineolaithe ar Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe a nuashonrú
TÁ AN COISTE UM THRÁDÁIL,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála idir an tAontas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Comhaontú Trádála’ anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 13 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 13(2), pointe (g)(vi) den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Thrádáil dul chun cinn a dhéanamh maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach trí bhíthin modhnuithe dá bhforáiltear ann, ar modhnuithe iad ar fhorálacha eile atá faoi réir modhnú arna ndéanamh an gCoiste um Thrádáil de bhun foráil fhollasach den Chomhaontú. De bhun Airteagal 13(5) den Chomhaontú, agus aon cheann de na feidhmeanna atá leagtha amach san Airteagal sin á fheidhmiú aige, féadfaidh an Coiste um Thrádáil aon chinneadh a ghlacadh mar a bheartaítear sa Chomhaontú.
(2)Le Cinneadh Uimh. 1/2014, rinneadh foráil maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta de bhun Airteagal 13(1), pointe (j) den Chomhaontú.
(3)Le Cinneadh Uimh. 2/2014, rinneadh foráil maidir leis na Rialacha Nós Imeachta agus an Cód Iompair d’eadránaithe a ghlacadh de bhun Airteagal 13(1), pointe (h), agus Airteagal 315 den Chomhaontú.
(4)Le Cinneadh Uimh. 3/2014, rinneadh foráil maidir le liostaí na n-eadránaithe a bhunú de bhun Airteagal 304(1) agus (4) den Chomhaontú.
(5)Le Cinneadh Uimh. 4/2014, rinneadh foráil maidir leis na Rialacha Nós Imeachta le haghaidh an Ghrúpa Saineolaithe ar Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe a ghlacadh de bhun Airteagal 284(6) den Chomhaontú.
(6)Le Cinneadh Uimh. 5/2014 rinneadh foráil maidir le Grúpa Saineolaithe a bhunú i ndáil le saincheisteanna a chumhdaítear leis an Teideal maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe de bhun Airteagal 284(3) den Chomhaontú.
(7)Chun aontachas Eacuadór leis an gComhaontú Trádála a chur san áireamh agus chun an gá le liostaí na n-eadránaithe agus na saineolaithe ar Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe a nuashonrú, ba cheart Cinntí Uimh. 1/2014, Uimh. 2/2014, Uimh. 3/2014, Uimh. 4/2014 agus Uimh. 5/2014 ón gCoiste um Thrádáil a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2014 ó Choiste Trádála AE-na Colóime-Pheiriú an 16 Bealtaine 2014 maidir le glacadh na Rialacha Nós Imeachta dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 13(1) den Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile [2015/1045] a leasú mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
ʽ1. Déanfaidh an Coiste um Thrádáil a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a dhualgais de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 12 den Chomhaontú agus glacfaidh sé freagracht as an gComhaontú a oibriú agus a chur i bhfeidhm i gceart.ʼ,
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
ʽ3. Is é Aire Trádála, Tionscail agus Turasóireachta na Colóime, Aire Trádála Eachtraí agus Turasóireachta Pheiriú, Aire Táirgthe, Trádála Eachtraí, Infheistíochta agus Iascaigh Eacuadór, nó an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as trádáil a bheidh ina chathaoirleach ar an gCoiste um Thrádáil ar bhonn uainíochta bliantúla. Tosóidh an chéad tréimhse ar dháta an chéad chruinnithe den Choiste um Thrádáil agus críochnóidh sí an 31 Nollaig an bhliain chéanna. Féadfaidh an Cathaoirleach a shocrú go ndéanfaidh daoine a ainmneoidh sé faoi seach ionadaíocht thar a cheann mar a fhoráiltear in Airteagal 12(2) den Chomhaontú.ʼ;
(2)in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
ʽ1. Tiocfaidh an Coiste um Thrádáil le chéile uair amháin sa bhliain nó ar iarratas ó cheachtar den dá Pháirtí, mar a fhoráiltear in Airteagal 12(2) den Chomhaontú. Tionólfar na cruinnithe ar bhonn uainíochta, in Bogotá, sa Bhruiséil, i Líoma agus in Quito, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.ʼ.
Airteagal 2
Déantar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2014 ó Choiste Trádála AE-na Colóime-Pheiriú an 16 Bealtaine 2014 maidir le glacadh na Rialacha Nós Imeachta agus an Chóid Iompair d’eadránaithe, dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 13(1) agus Airteagal 315 den Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile [2015/1046] a leasú mar a leanas:
(1)i Riail 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) ciallaíonn ‘an Comhaontú’ an Comhaontú Trádála idir an Cholóim agus Peiriú, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh sa Bhruiséil an 26 Meitheamh 2012, arna leasú le Prótacal Aontachais Eacuadór leis an gComhaontú, a síníodh an 11 Samhain 2016;’
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Riail 7:
‘7. Más lá saoire dlíthiúil ag an gColóim, ag Peiriú, ag Eacuadór nó ag an Aontas Eorpach é an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, féadfar an doiciméad a sheachadadh ar an gcéad lá gnó eile.’
(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Riail 33:
‘33. Mura gcomhaontóidh na páirtithe díospóide a mhalairt, is sa Bhruiséil a thionólfar an éisteacht más í an Cholóim, Peiriú nó Eacuadór an Páirtí is déantóir gearáin agus in Bogotá, i Líoma nó in Quito, de réir mar a bheidh, más é an tAontas an Páirtí is déantóir gearáin.’
Airteagal 3
Déantar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 3/2014 ó Choiste Trádála AE-na Colóime-Pheiriú an 16 Bealtaine 2014, lena mbunaítear liostaí eadránaithe dá dtagraítear in Airteagal 304(1) agus (4) den Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile [2015/1047], a leasú mar a leanas:
(1)leasaítear ‘Liosta na n-eadránaithe dá dtagraítear in Airteagal 304(1) den Chomhaontú’ mar a leanas:
(a) sa liosta ‘Eadránaithe arna moladh ag an gColóim’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2 agus phointe 3:
ʻ2.Javier Gamboa
3.Claudia Orozco’,
(b)cuirtear an liosta seo a leanas isteach idir an liosta ‘Eadránaithe arna moladh ag an gColóim’ agus an liosta ‘Eadránaithe arna moladh ag an Aontas’:
‘Eadránaithe arna moladh ag Eacuadór
1.Hugo Perezcano Díaz
2.Alejandro Sánchez
3.Carlos Vejar
4.Alan Yanovich
5.Andrés Jana’,
(c) sa liosta ‘Eadránaithe arna moladh ag Peiriú’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4 agus phointe 5:
ʽ4.Victor Saco
5.Javier Hernando Illescas Mucha’,
(d) sa liosta ‘Cathaoirligh’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
ʻ2.Pedro Negueloaetcheverry (Eacuadór)’
(2)déantar an ‘Liosta breise d’eadránaithe a bhfuil taithí earnála acu ar ábhair shonracha a chumhdaítear leis an gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 304(4) den Chomhaontú’ a leasú mar a leanas:
(a) faoin gceannteideal ‘Saineolaithe ar Thrádáil in Earraí’, cuirtear an liosta seo a leanas isteach idir an liosta ‘Eadránaithe arna moladh ag an gColóim’ agus an liosta ‘Eadránaithe arna moladh ag an Aontas’:
‘Eadránaithe arna moladh ag Eacuadór
1.Pablo Bentes
2.Jan Bohanes
3.Sofía Bonilla’,
(b) faoin gceannteideal ‘Saineolaithe i réimsí na Trádála i Seirbhísí, Bunaíochtaí, na hIomaíochta, na gCeart Maoine Intleachtúla nó an tSoláthair Rialtais’, cuirtear an liosta seo a leanas isteach idir an liosta ‘Eadránaithe arna moladh ag an gColóim’ agus an liosta ‘Eadránaithe arna moladh ag an Aontas’:
‘Eadránaithe arna moladh ag Eacuadór
1.Gustavo Guerra
2.Alfredo Corral
3.Genaro Eguiguren’,
(c) faoin gceannteideal ‘Saineolaithe i réimsí na Trádála i Seirbhísí, Bunaíochtaí, na hIomaíochta, na gCeart Maoine Intleachtúla nó an tSoláthair Rialtais’, i Liosta na gCathaoirleach, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
ʻ2.Tania Voonʼ
Airteagal 4
Déantar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 4/2014 ó Choiste Trádála AE-na Colóime-Pheiriú an 16 Bealtaine 2014 maidir le glacadh na Rialacha Nós Imeachta le haghaidh an Ghrúpa Saineolaithe um Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 284(6) den Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile [2015/1048], a leasú mar seo a leanas:
(1) i Riail 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
ʽ(a)ciallaíonn ‘an Comhaontú’ an Comhaontú Trádála idir an Cholóim agus Peiriú, de pháirt amháin, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh an 26 Meitheamh 2012, arna leasú le Prótacal Aontachais Eacuadór leis an gComhaontú, a síníodh an 11 Samhain 2016.’
Airteagal 5
Déantar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 5/2014 ó Choiste Trádála AE-na Colóime-Pheiriú an 16 Bealtaine 2014, lena mbunaítear Grúpa Saineolaithe maidir le saincheisteanna a chumhdaítear leis an Teideal maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe, dá dtagraítear in Airteagal 284(3) den Chomhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile [2015/1049], a leasú mar seo a leanas:
(1)i ‘Liosta na saineolaithe’, cuirtear isteach na pointí 13, 14, 15 agus 16 seo a leanas:
‘13.María Amparo Albán
14.Alice Tipping
15.Leopoldo González
16.Fabián Jaramillo’;
(2)sa liosta ‘Cathaoirligh’, cuirtear na pointí 7 agus 8 seo a leanas leis:
‘7.Jacob Olander
8.Martín Padulla’.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […].
Déanfar an Cinneadh seo a tharraingt suas i dteangacha oifigiúla na bPáirtithe sa Chomhaontú agus beidh na téacsanna sin uile barántúil ar an mbonn céanna
Arna dhéanamh i/in/sa [...]
Don Choiste um Thrádáil