AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,8.4.2021
COM(2021) 153 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara Eitlíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Túinéise, den pháirt eile
COMHAONTÚ EORA-MHEÁNMHARA EITLÍOCHTA
idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Túinéise, den pháirt eile
CLÁR
AIRTEAGAL 1: Sainmhínithe
TEIDEAL I: FORÁLACHA EACNAMAÍOCHA
AIRTEAGAL 2: Cearta tráchta agus tábla na mbealaí
AIRTEAGAL 3: Údarú oibríochta
AIRTEAGAL 4: Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú
AIRTEAGAL 5: Infheistíocht in aeriompróirí
AIRTEAGAL 6: Dlíthe agus rialacháin a chomhlíonadh
AIRTEAGAL 7: Iomaíocht chóir
AIRTEAGAL 8: Gníomhaíochtaí gnó
AIRTEAGAL 9: Dleachtanna custaim agus muirir
AIRTEAGAL 10: Muirir úsáideora
AIRTEAGAL 11: Taraifí paisinéara agus taraifí lastais
AIRTEAGAL 12: Staidreamh
TEIDEAL II: COMHAR RIALÁLA
AIRTEAGAL 13: An tsábháilteacht eitlíochta
AIRTEAGAL 14: An tslándáil eitlíochta
AIRTEAGAL 15: Bainistiú an aerthráchta
AIRTEAGAL 16: Cosaint an Chomhshaoil
AIRTEAGAL 17: Dliteanas an aeriompróra
AIRTEAGAL 18: An tomhaltóir a chosaint
AIRTEAGAL 19: Gnéithe sóisialta
TEIDEAL III: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA
AIRTEAGAL 20: Léirmhíniú agus cur chun feidhme
AIRTEAGAL 21: Comhchoiste
AIRTEAGAL 22: Réiteach díospóidí agus eadráin
AIRTEAGAL 23: Coimircí
AIRTEAGAL 24: An gaol le comhaontuithe eile
AIRTEAGAL 25: Idirphlé réigiúnach
AIRTEAGAL 26: Athruithe agus modhnuithe
AIRTEAGAL 27: Foirceannadh
AIRTEAGAL 28: Clárú an Chomhaontaithe
AIRTEAGAL 29: Aontachas Ballstát nua den Aontas Eorpach
AIRTEAGAL 30: Teacht i bhfeidhm
IARSCRÍBHINN I
: Foráil idirthréimhseach
IARSCRÍBHINN Ia: Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hAerfort Idirnáisiúnta Thúinis agus na Cartaige
IARSCRÍBHINN II
: Rialacha is infheidhme maidir leis an eitlíocht shibhialta
DRÉACHT
COMHAONTÚ EORA-MHEÁNMHARA EITLÍOCHTA
idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Túinéise, den pháirt eile
RÍOCHT NA BEILGE,
POBLACHT NA BULGÁIRE,
POBLACHT NA SEICE,
RÍOCHT NA DANMHAIRGE,
POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
POBLACHT NA hEASTÓINE,
ÉIRE,
AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,
RÍOCHT NA SPÁINNE,
POBLACHT NA FRAINCE,
POBLACHT NA CRÓITE,
POBLACHT NA hIODÁILE,
POBLACHT NA CIPIRE,
POBLACHT NA LAITVIA,
POBLACHT NA LIOTUÁINE,
ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,
AN UNGÁIR,
MÁLTA,
RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,
POBLACHT NA hOSTAIRE,
POBLACHT NA POLAINNE,
POBLACHT NA PORTAINGÉILE,
AN RÓMÁIN,
POBLACHT NA SLÓIVÉINE,
POBLACHT NA SLÓVAICE,
POBLACHT NA FIONLAINNE,
RÍOCHT NA SUALAINNE,
ós páirtithe iad den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh dá ngairtear, don dá cheann acu le chéile, ‘na Conarthaí de chuid an Aontais Eorpaigh’ anseo feasta agus Ballstáit den Aontas Eorpach dá ngairtear, dóibh uile le chéile, ‘Ballstáit an Aontais Eorpaigh’, nó do gach ceann acu as féin, ‘Ballstát den Aontas Eorpach’, anseo feasta,
agus an tAontas Eorpach,
de pháirt amháin, agus
Poblacht na Túinéise, dá ngairtear ‘an Túinéis’ anseo feasta,
den pháirt eile,
ós páirtithe iad an Túinéis agus na Ballstáit den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’), a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944, in éineacht leis an Aontas Eorpach;
AG AITHINT DÓIBH go bhfuil an Comhaontú Eora-Mheánmhara Eitlíochta seo faoi raon feidhme na Comhpháirtíochta Eora-Mheánmhara a beartaíodh i nDearbhú Barcelona, an 28 Samhain 1995;
AG TABHAIRT DÁ nAIRE go bhfuil siad ar aon toil Limistéar Eora-Mheánmhara Eitlíochta a chur chun cinn agus an Limistéar sin arna bhunú ar phrionsabail an chóineasaithe rialála, an chomhair rialála agus an léirscaoilte ar an rochtain ar an margadh, faoi dhála iomaíochta córa;
AGUS É DE MHIAN ACU feabhas a chur ar na haersheirbhísí agus córas eitlíochta idirnáisiúnta a chur chun cinn bunaithe ar an neamh-idirdhealú agus ar an iomaíocht chóir oscailte i measc aeriompróirí sa mhargadh;
AGUS É DE MHIAN ACU a leasanna a chur chun cinn i leith an aeriompair;
AG AITHINT DÓIBH a thábhachtaí agus atá an nascacht aeriompair éifeachtúil i dtaca le cur chun cinn na trádála, na turasóireachta, na hinfheistíochta agus na forbartha eacnamaíche agus sóisialta;
AGUS IAD AG IARRAIDH an leibhéal sábháilteachta agus slándála is airde a áirithiú san aeriompar agus ag athdhearbhú dóibh go bhfuil imní mhór orthu faoi bhearta nó bagairtí in aghaidh slándáil aerárthaí, a chuireann sábháilteacht daoine agus maoine i gcontúirt, a dhéanann dochar d’oibriú an aeriompair agus a chreimeann ar an muinín atá ag an bpobal i sábháilteacht na heitlíochta sibhialta;
AG TABHAIRT DÁ nAIRE an Choinbhinsiúin um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a osclaíodh lena shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944;
AGUS IAD LEAGTHA AR an leas is mó a bhaint as na tairbhí ab fhéidir a bheith sa chomhar i réimse na rialála agus i gcomhchuibhiú an dlí agus na rialacháin ábhartha atá acu i réimse na heitlíochta sibhialta;
AG AITHINT DÓIBH na dtairbhí suntasacha féideartha a ghabhann le seirbhísí eitlíochta iomaíocha agus le tionscail eitlíochta inmharthanacha;
AGUS IAD AG IARRAIDH dálaí iomaíocha córa a chur ar fáil d’aeriompróirí;
AG AITHINT DÓIBH go bhféadfadh fóirdheontais an iomaíocht idir aeriompróirí a shaobhadh agus bunchuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur i mbaol;
AGUS É D’INTINN ACU úsáid a bhaint as na comhaontuithe eitlíochta agus na socruithe atá ann cheana idir na páirtithe conarthacha chun rochtain a oscailt ar mhargaí agus uasmhéadú a dhéanamh ar na tairbhí do phaisinéirí, coinsíneoirí, iompróirí, aerfoirt agus a gcuid fostaithe, agus do phobail an dá pháirtí chonarthacha;
AG CUR I dTREIS DÓIBH gur tábhachtach an comhshaol a chosaint le linn fhorbairt agus chur chun feidhme an bheartais eitlíochta idirnáisiúnta;
AG DEARBHÚ DÓIBH gur gá gníomhú go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus dul i mbun comhair d’fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil eitlíochta a laghdú, ar shlí atá i gcomhréir leis na comhaontuithe iltaobhacha ar an tsaincheist sin, go háirithe cur chun feidhme bearta domhanda margadhbhunaithe, mar a aontaíodh ag an 39ú Tionól de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) agus go háirithe le hionstraimí ábhartha EESI agus le Comhaontú Pháras an 12 Nollaig 2015, faoi Chreat-Choinbhinsiún NA ar an Athrú Aeráide;
AG CUR I dTREIS DÓIBH a thábhachtaí atá sé tomhaltóirí a chosaint agus leibhéal iomchuí cosanta tomhaltóirí a bhaint amach i réimse na seirbhísí eitlíochta, agus ag aithint dóibh go bhfuil gá le comhar frithpháirteach sa réimse sin;
AG AITHINT DÓIBH gur gá nach mbeidh de thoradh ar fheabhsú deiseanna trádála go dtiocfaidh díghrádú ar dhálaí oibre ná ar chaighdeáin maidir le hobair na bpáirtithe conarthacha, agus ag cur i dtreis dóibh a thábhachtaí atá gné shóisialta na heitlíochta idirnáisiúnta agus a thábhachtaí atá sé scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag rochtain níos leithne ar mhargaí ar oibrithe, ar phoist agus ar dhálaí oibre;
AG TABHAIRT DÁ nAIRE a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an rochtain atá ag an earnáil eitlíochta ar chaipiteal agus é de chuspóir leis sin leanúint d’fhorbairt a dhéanamh ar an aeriompar i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm i ngach ceann de na páirtithe conarthacha;
AG CUR SAN ÁIREAMH dóibh go bhfuil an Comhaontú seo le cur i bhfeidhm ar shlí fhorchéimneach agus gur féidir, le sásra oiriúnach, an comhchuibhiú síorfheabhsaitheach le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a áirithiú,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
AIRTEAGAL 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, mura luaitear a mhalairt, is mar seo a leanas a chiallaítear téarmaí:
1.
‘Comhaontú’: an comhaontú seo, na hiarscríbhinní agus na foscríbhinní a ghabhann leis, arna leasú;
2.
‘seirbhís eitlíochta’: iompar paisinéirí, bagáiste, tráchtearraí agus post ar aerárthaí, ar leithligh nó le chéile, a thairgtear don phobal ar luach saothair, ar a n‑áirítear aersheirbhísí sceidealta agus neamhsceidealta;
3.
‘cinneadh maidir le saoránacht’: cinneadh, maidir le haeriompróir atá ag beartú aersheirbhísí a sholáthar faoin gComhaontú seo, go bhfuil an t‑aeriompróir sin ag comhlíonadh na gceanglas faoi Airteagal 3 maidir lena úinéireacht, lena rialú iarbhír, agus lena phríomháit ghnó;
4.
‘oiriúnacht’: cinneadh a dhéantar maidir le haeriompróir atá ag beartú aersheirbhísí a sholáthar faoin gComhaontú seo go bhfuil acmhainn airgeadais shásúil aige maille le taithí bhainistíochta leordhóthanach agus go bhfuil dea-rún aige na dlíthe agus na rialacháin infheidhme maidir leis na páirtithe conarthacha agus na ceanglais a bhfuil oibriú na seirbhísí faoina réir a chomhlíonadh;
5.
‘údaráis inniúla’: na gníomhaireachtaí rialtais nó na heintitis rialtais atá freagrach as feidhmeanna riaracháin faoin gComhaontú seo;
6.
‘Coinbhinsiún’: an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a osclaíodh lena shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944, agus áirítear air sin:
(a)
aon leasú a tháinig i bhfeidhm faoi Airteagal 94(a) den Choinbhinsiún agus a dhaingnigh an Túinéis, de pháirt amháin, agus Ballstát den Aontas Eorpach nó Ballstáit den Aontas Eorpach, den pháirt eile, agus atá ábhartha don ábhar i gceist; agus
(b)
aon iarscríbhinn nó aon leasú ar iarscríbhinn arna ghlacadh faoi Airteagal 90 den Choinbhinsiún, a mhéid a bheidh an iarscríbhinn sin nó ag an leasú sin infheidhme, ag aon am áirithe, maidir leis an Túinéis agus leis an mBallstát den Aontas Eorpach nó leis na Ballstáit den Aontas Eorpach, le gach ceann acu, agus atá ábhartha don ábhar i gceist;
7.
‘costas iomlán’: costas na seirbhíse a sholáthraítear móide muirear réasúnta i ndáil leis an bhforchostas riaracháin;
8.
‘seirbhís eitlíochta idirnáisiúnta’: aeriompar a ghabhann tríd an aerspás os cionn críoch dhá Stát nó níos mó ná dhá Stát;
9.
‘páirtithe conarthacha’: de pháirt amháin, an Túinéis agus, den pháirt eile, an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit;
10.
‘príomháit ghnó’: ceannáras nó oifig chláraithe atá ag aeriompróir i gcríoch páirtí chonarthaigh agus ar ann a fheidhmítear príomhfheidhmeanna airgeadais agus rialú oibríochtúil an aeriompróra, ar a n‑áirítear bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí, mar a liostaítear ina cheadúnas oibríochta;
11.
ciallaíonn ‘stad chun críoch nach críocha tráchta’ tuirlingt a dhéantar chun aon chríche seachas paisinéirí, bagáiste, lasta agus/nó post a thógáil nó a chur ar talamh;
12.
‘táillí paisinéara’: na praghsanna atá le híoc le haeriompróirí nó lena ngníomhairí nó le díoltóirí eile ticéad as paisinéirí agus bagáiste a iompar ar aersheirbhísí (ar a n‑áirítear aon mhodh iompair eile a bhaineann leis sin) agus na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag na praghsanna sin, ar a n‑áirítear luachanna saothair agus coinníollacha a thairgtear do ghníomhaireachtaí agus seirbhísí cúnta eile;
13.
‘taraifí lastais’: na praghsanna atá le híoc as iompar lasta ar aersheirbhísí (ar a n‑áirítear aon mhodh iompair eile a bhaineann leis sin) agus na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag na praghsanna sin, ar a n‑áirítear luachanna saothair agus coinníollacha a thairgtear do ghníomhaireachtaí agus seirbhísí cúnta eile;
14.
‘críoch’: i gcás na Túinéise, na limistéir talún (an mhórthír agus na hoileáin), mar aon leis na huiscí inmheánacha agus na huiscí teorann atá faoina dlínse agus leis an aerpsás os a cionn, agus, i gcás an Aontais Eorpaigh agus a chuid Ballstát, na limistéir talún, na huiscí inmheánacha agus na huiscí teorann de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus an t‑aerspás os a gcionn.
15.
‘muirir úsáideora’: muirir a ghearrtar ar aeriompróirí le haghaidh seirbhísí nó áiseanna aerfoirt, seirbhísí nó áiseanna i dtaca le gnéithe comhshaoil na n‑aerfort, seirbhísí nó áiseanna aerloingseoireachta, seirbhísí nó áiseanna slándála eitlíochta, agus seirbhísí nó áiseanna a bhaineann leo;
16.
‘féinseirbhís láimhseála’: cás ina mbaineann úsáideoir úsáid as catagóir amháin nó níos mó de sheirbhísí láimhseáil ar an talamh agus nach dtugann sé aon chonradh d’aon chineál chun críche le tríú páirtí chun seirbhísí den sórt sin a sholáthar; Chun críoch an tsainmhínithe seo, ní mheasfar gur tríú páirtithe ina measc féin iad úsáideoirí aerfoirt sna cásanna seo a leanas:
(a) i gcás ina mbeidh scair thromlaigh ag ceann amháin acu sa cheann eile, nó
(b) i gcás ina mbeidh scair thromlaigh ag eintiteas amháin i ngach ceann acu;
17.
‘comhaontú comhlachais’, an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Túinéise, den pháirt eile, a síníodh sa Bhruiséil an 17 Iúil 1995;
18.
‘seirbhís fhormheasta’ agus ‘bealach sonraithe’: seirbhís eitlíochta idirnáisiúnta agus bealach sonraithe, faoi seach, faoi Airteagal 2 (Cearta tráchta) den Chomhaontú seo;
19. ‘aersheirbhís sceidealta’: sraith eitiltí a mbaineann na saintréithe seo a leanas go léir leo:
(a) i gcás gach eitilte tá suíocháin agus/nó cumas iompair lasta agus/nó poist ar fáil le ceannach go leithleach ag an bpobal (díreach ón aeriompróir nó óna ghníomhairí údaraithe);
(b) oibrítear í chun freastal ar thrácht idir an dá aerfort chéanna nó níos mó ná an dá aerfort chéanna, cibé acu:
- de réir tráthchlár foilsithe,
- le heitiltí a bhíonn ann chomh rialta nó chomh minic sin gur léir gur sraith chórasach iad;
20. ‘aersheirbhís neamhsceidealta’: seirbhís aeriompair ar bith nach seirbhís sceidealta í;
21.
‘aeriompróir’: gnóthas a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige nó údarú atá coibhéiseach leis sin;
22.
‘rialú iarbhír’: caidreamh arb éard atá ann cearta, conarthaí nó aon mhodh eile, a thugann deis, ar leithligh nó go comhpháirteach agus ag féachaint do bhreithnithe an fhíorais nó an dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach ar ghnóthas, trína mbíthin seo a leanas go háirithe:
a)tríd an gceart sócmhainní uile an ghnóthais, nó cuid díobh, a úsáid;
b)trí chearta nó trí chonarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí comhlachtaí gnóthais nó a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar shlí eile ar reáchtáil ghnó an ghnóthais;
23.
‘rialú rialála iarbhír’: is iad na rudaí seo a leanas atá san fhianaise thacaíochta is gá le haghaidh rialú rialála iarbhír ag Stát ar aeriompróir:
a)tá ceadúnas nó cead bailí oibríochta ag an aeriompróir, ceadúnas nó cead a d’eisigh údarás inniúil an Stáit sin –teastas aeroibreora, mar shampla;
b)comhlíonann an t‑aeriompróir critéir an Stáit sin maidir le hoibriú aersheirbhísí idirnáisiúnta – cruthúnas ar fhóntacht airgeadais, an cumas na critéir leasa pobail a shásamh agus oibleagáidí a bhaineann le ráthaíochtaí seirbhíse, mar shampla;
24.
‘ceadúnas oibríochta’:
(i) i gcás an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit, ceadúnas oibríochta agus aon doiciméad nó deimhniú ábhartha arna n‑eisiúint faoi Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus aon ionstraim atá i gcomharbas air agus
(ii) i gcás na Túinéise, ceadúnais oibríochta, deimhnithe, ceaduithe nó díolúintí, arna n‑eisiúint faoin gcuid de dhlí na Túinéise atá bailí sa réimse atá i gceist;
25.
‘SESAR’ (Taighde um Bainistíocht Aerthráchta Maidir Leis an Aerspás Eorpach Aonair): cur chun feidhme teicniúil an Aerspáis Eorpaigh Aonair a dhéanann foráil le haghaidh taighde, forbairt agus soláthar comhordaithe sioncronaithe na nglúine nua de chórais bainistíochta aerthráchta;
26. ‘an cúigiú saoirse’: an ceart nó an phribhléid arna bronnadh ag stát amháin (an “Stát is Bronntóir”) ar aeriompróirí Stáit eile (“an Stát is Faighteoir”), seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a sholáthar idir críoch an Stáit is Bronntóir agus críoch tríú stát, faoi réir an choinníll gur i gcríoch an Stáit is Faighteoir a chuirtear tús leis na seirbhísí sin nó gur inti a thagann siad chun deiridh;
TEIDEAL I
FORÁLACHA EACNAMAÍOCHA
AIRTEAGAL 2
Cearta tráchta agus tábla na mbealaí
1.
Na cearta a shainítear san Airteagal seo, beidh siad faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinní I agus Ia a ghabhann leis an gComhaontú seo.
Sceideal bealaí
2.
Bronnfaidh gach páirtí ar aeriompróirí an pháirtí eile na cearta chun seirbhísí aeriompair a sholáthar ar na bealaí a shonraítear anseo thíos:
(i) i gcás aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh:
Pointí laistigh den Aontas Eorpach - idirphointí - pointí laistigh den Túinéis - pointí in aon áit eile
(ii) i gcás aeriompróirí de chuid na Túinéise:
Pointí laistigh den Túinéis - idirphointí - pointí laistigh den Aontas Eorpach - pointí in aon áit eile
Cearta tráchta
3.
Bronnfaidh gach páirtí conarthach ar an bpáirtí conarthach eile na cearta seo a leanas i dtaca le seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a bheidh á n‑oibriú ag aeriompróirí an pháirtí eile:
(a) an ceart chun eitilt thar a chríoch gan tuirlingt;
(b) an ceart chun stadanna nach chun críocha tráchtála iad a dhéanamh ar a chríoch;
(c) an ceart chun aersheirbhísí idirnáisiúnta a oibriú ar na bealaí seo a leanas:
(i) i gcás aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh:
idir aon phointe laistigh den Aontas Eorpach agus aon phointe laistigh den Túinéis
(ii) i gcás aeriompróirí de chuid na Túinéise:
idir aon phointe laistigh den Túinéis agus aon phointe laistigh den Aontas Eorpach
(d) na cearta a shonraítear ar bhealaí eile sa Chomhaontú seo.
Solúbthacht oibríochta
4.
Féadfaidh aeriompróirí de chuid gach páirtí conarthach déanamh mar a leanas, maidir le haon eitilt nó le gach eitilt, agus de réir a rogha féin, i gcás na mbealaí a shonraítear i mír 2 thuas:
(a) eitiltí a dhéanamh i gceachtar den dá threo nó sa dá threo;
(b) uimhreacha eitilte éagsúla a chumasc i dtaca le haon oibríocht amháin aerárthaigh;
(c) freastal ar idirphointí, ar phointí in áiteanna eile agus ar phointí laistigh de chríocha na bpáirtithe conarthacha, de réir aon teaglaim nó aon oird, i gcomhréir le forálacha mhír 2 thuas;
(d) gan stad ag aon phointe áirithe nó ag aon phointí áirithe;
(e) trácht a aistriú ó aon cheann dá gcuid aerárthaí go dtí aon cheann eile dá gcuid aerárthaí ag aon phointe (athrú lasta);
(f) stadanna faoi bhealach a dhéanamh ag aon phointe laistigh nó lasmuigh de chríoch ceann amháin nó ceann eile de na páirtithe conarthacha;
(g) trácht idirthurais a iompar trí chríoch an pháirtí chonarthaigh eile;
(h) trácht a chumasc ar an aerárthach céanna cibé áit tionscnaimh atá ag an trácht sin; agus
(i) freastal ar níos mó ná aon phointe amháin ar an tseirbhís chéanna (il-chríochfortú);
An tsolúbthacht oibríochta dá bhforáiltear sa mhír seo, féadfar í a fheidhmiú gan aon teorannú i dtaca le geograf ná treo eitilte agus gan dochar d’aon cheart chun trácht a iompar a cheadaítear ar aon slí eile faoin gComhaontú seo, ar choinníoll:
(i) i gcás seirbhísí de chuid aeriompróirí de chuid na Túinéise, gur ag freastal ar phointe laistigh den Túinéis a bheidh na seirbhísí sin;
(ii) i gcás seirbhísí de chuid aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh, gur ag freastal ar phointe laistigh den Aontas Eorpach a bheidh na seirbhísí sin.
5.
Ceadóidh gach páirtí conarthach do gach aeriompróir minicíocht agus toilleadh na seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a chuirfidh sé ar fáil a chinneadh de réir a bhreithiúnais ar ghnéithe tráchtála an mhargaidh. Ar bhonn an chirt sin, ní dhéanfaidh ceachtar den dá pháirtí chonarthacha, ag gníomhú dó go haontaobhach, srian a chur ar an méid tráchta, ar mhinicíocht ná ar rialtacht na seirbhíse, ar bhealaí, ar áit tionscnaimh ná áit cinn scríbe an tráchta, ar an gcineál aerárthaigh nó ar chineálacha na n‑aerárthaí a úsáideann aeriompróirí an pháirtí chonarthaigh eile, ach amháin ar chúiseanna custaim, teicniúla, oibríochtúla, ar chúiseanna a bhaineann le bainistiú aerthráchta, le cosaint an chomhshaoil nó na sláinte, nó ar chúiseanna eile dá bhforáiltear ar shlite eile sa Chomhaontú seo.
6.
Ní mheasfar go dtugann aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo d’aeriompróirí:
(a) na Túinéise an ceart chun paisinéirí, bagáiste, lasta, agus/nó post a ghlacadh ar bord in aon Bhallstát den Aontas Eorpach, agus pointe eile sa Bhallstát céanna sin den Aontas Eorpach mar cheann scríbe acu;
(b) an Aontais Eorpaigh an ceart chun paisinéirí, bagáiste, lasta, agus/nó post a ghlacadh ar bord, agus pointe eile sa Túinéis mar cheann scríbe acu.
7. Gan dochar d’Airteagal 24 (an gaol le comhaontuithe eile), ní léirmhíneofar aon fhoráil de chuid an Chomhaontaithe seo mar ní lena mbronntar an ceart ar aeriompróirí de chuid an dá pháirtí chonarthacha chun an 5ú saoirse a fheidhmiú ar idirphointí agus ar phointí lasmuigh de na bealaí a shonraítear i mír 2 thuas.
8. I dtaca le tagairtí do phointí san Airteagal seo, tuigfear gur tagairtí iad d’aerfoirt a aithnítear go hidirnáisiúnta.
9.
Agus a gcuid ceart agus oibleagáidí faoi seach á bhfeidhmiú ag na páirtithe conarthacha faoin gComhaontú seo, ní dhéanfaidh na páirtithe conarthacha aon idirdhealú maidir le haeriompróirí de chuid an pháirtí chonarthaigh eile, go háirithe ar bhonn na náisiúntachta.
10.
D’ainneoin aon fhoráil eile de chuid an Chomhaontaithe seo, féadfaidh páirtí conarthach diúltú dul i gceann gníomhaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta chuig críoch tríú tír nach bhfuil caidreamh taidhleoireachta aige léi, nó ón gcríoch sin nó ar idirthuras tríthi.
AIRTEAGAL 3
Údarú oibríochta
1.
Ar fháil iarratais ar údarú oibríochta dóibh ó aeriompróir de chuid pháirtí conartha amháin, bronnfaidh údaráis inniúla an pháirtí eile na húdaruithe oibríochta agus na ceaduithe teicniúla iomchuí agus déanfaidh siad sin leis an moill is lú is féidir sa nós imeachta, ar choinníoll:
(a) i gcás aeriompróra de chuid na Túinéise:
(i) gur sa Túinéis atá an phríomháit ghnó ag an aeriompróir, agus go bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige i gcomhréir le dlí na Túinéise; agus
(ii) go bhfuil an rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun ag an Túinéis, óir gurb í atá freagrach as an deimhniú aeroibreora a eisiúint; agus
(iii) go bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí rannpháirtíocht tromlaigh, na Túinéise agus/nó náisiúnach di;
(b) i gcás aeriompróra de chuid an Aontais Eorpaigh:
(I)gur i gcríoch an Aontais Eorpaigh faoi na Conarthaí de chuid an Aontais Eorpaigh atá príomháit ghnó an aeriompróra agus go bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh; agus
(II)go bhfuil an rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun ag an mBallstát atá freagrach as eisiúint an deimhniú aeroibreora agus go bhfuil aitheantas an údaráis inniúil léirithe go soiléir; agus
(iii)
go bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, agus go bhfuil sé faoi rialú iarbhír ag Ballstát nó Ballstáit den Aontas Eorpach nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus/nó ag náisiúnaigh de na Ballstáit sin, nó acu sin araon le chéile
(c) go bhfuiltear ag comhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach in Airteagail 13 (An tsábháilteacht eitlíochta) agus 14 (An tslándáil eitlíochta) den Chomhaontú seo; agus
(d) go bhfuil an t‑aeriompróir ag comhlíonadh na gcoinníollacha a fhorordaítear faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuireann an páirtí a bheidh ag meas an iarratais i bhfeidhm de ghnáth ar oibriú an aeriompair idirnáisiúnta.
2.
Caithfidh na páirtithe conarthacha le haeriompróirí uile an pháirtí chonarthaigh eile ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus údaruithe oibríochta agus ceaduithe teicniúla á n‑eisiúint acu.
3.
Ar fháil iarratais ar údarú dó ó aeriompróir de chuid páirtí chonarthaigh amháin, tabharfaidh údaráis inniúla an pháirtí eile aitheantas d’aon chinneadh maidir le hoiriúnacht agus/nó d’aon chinneadh maidir le saoránacht a rinne údaráis inniúla an chéad pháirtí i leith an aeriompróra sin amhail agus dá mba iad a údaráis inniúla féin a dhéanfadh an cinneadh sin, agus ní dhéanfaidh sé aon fhiosruithe eile faoi na hábhair sin, ach amháin mar a fhoráiltear dó sin i bpointí a) agus b) thíos.
a)Más rud é, ar fháil iarratais ar údarú dóibh ó aeriompróir, nó ar dheonú údaraithe den sórt sin dóibh, go mbeidh údar imní faoi leith ag údaráis inniúla, d’ainneoin an chinnidh arna dhéanamh ag údarás inniúla an pháirtí eile, gurbh fhéidir nár comhlíonadh na coinníollacha a fhorordaítear in Airteagal 3 (Údarú oibríochta) den Chomhaontú seo maidir le deonú údaruithe nó ceadanna iomchuí, cuirfidh siad comhairle ar na húdaráis sin ina dtabharfaidh siad na cúiseanna substainteacha atá leis an imní atá orthu. Sa chás sin, féadfaidh ceachtar de na páirtithe conarthacha comhairliúcháin a iarraidh, comhairliúcháin a bhféadfaidh ionadaithe ó údaráis inniúla an dá pháirtí chonarthacha a bheith ina gcuid díobh, agus/nó faisnéis bhreise atá ábhartha don imní sin; freastalófar ar na hiarrataí sin gan moill mhíchuí. Má fhanann an cheist gan réiteach, féadfaidh ceachtar de na páirtithe conarthacha an t‑ábhar a chur faoi bhráid an Chomhchoiste a bhunaítear faoi Airteagal 21 (An Comhchoiste) den Chomhaontú seo agus féadfaidh siad, i gcomhréir le mír 10 d’Airteagal 21, bearta coimirce iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 23 (Bearta coimirce).
b)Ní chumhdaíonn na nósanna imeachta seo aitheantas do chinntí i ndáil le:
(i) deimhnithe nó ceadúnais sábháilteachta;
(ii) socruithe slándála; nó
(iii) cumhdach árachais.
AIRTEAGAL 4
Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú
1.
Féadfaidh údaráis inniúla ceachtar de na páirtithe conarthacha údaruithe oibríochta a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú nó oibríochtaí de chuid aeriompróra de chuid an pháirtí eile a chur ar fionraí nó a theorannú ar shlite eile sna cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás aeriompróra de chuid na Túinéise:
-nach sa Túinéis atá a phríomháit ghnó ag an aeriompróir nó nach bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid na Túinéise; nó
-nach bhfuil rialú rialála iarbhír á fheidhmiú nó á choinneáil ar bun ag an Túinéis, nó nach bhfuil aitheantas an údaráis inniúil léirithe go soiléir; nó
-nach bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí rannpháirtíocht tromlaigh, na Túinéise agus/nó náisiúnach de chuid na Túinéise nó nach bhfuil sé faoi rialú iarbhír na Túinéise agus/nó náisiúnach de chuid na Túinéise;
(b)
i gcás aeriompróra de chuid an Aontais Eorpaigh:
-nach i gcríoch an Aontais Eorpaigh faoi na Conarthaí de chuid an Aontais Eorpaigh atá príomháit ghnó an aeriompróra nó nach bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais Eorpaigh; nó
-nach bhfuil rialú rialála iarbhír ar an aeriompróir á fheidhmiú agus á choinneáil ar bun ag an mBallstát den Aontas Eorpach atá freagrach as an Deimhniú Aeroibreora a eisiúint nó nach bhfuil aitheantas an údaráis inniúil léirithe go soiléir; nó
-nach bhfuil an t‑aeriompróir faoi úinéireacht dhíreach, nó faoi úinéireacht trí shealúchas tromlaigh, nó nach bhfuil sé faoi rialú iarbhír, Ballstáit nó Ballstát den Aontas Eorpach nó de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus/nó náisiúnach de na Ballstáit sin, nó díobh sin araon;
(c)
nár chomhlíon an t‑aeriompróir na dlíthe agus na rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 6 (Dlíthe agus rialacháin a chomhlíonadh) den Chomhaontú seo; nó
(d)
nach bhfuil na forálacha a leagtar amach in Airteagal 13 (Sábháilteacht eitlíochta) agus Airteagal 14 (Slándáil eitlíochta) den Chomhaontú seo á gcoinneáil ar bun nó á riar;
(e)
go bhfuil cinneadh déanta ag páirtí conarthach i gcomhréir le hAirteagal 7 (Iomaíocht chóir ) den Chomhaontú seo nach bhfuil na coinníollacha maidir le timpeallacht iomaíoch á gcomhlíonadh.
2.
Ach amháin má tá sé fíor-riachtanach gníomhú láithreach chun cosc a chur le breis neamhchomhlíonta le pointí (c) nó (d) de mhír 1, ní dhéanfar na cearta a bhunaítear leis an Airteagal seo a fheidhmiú gan dul i gcomhairliúchán roimh ré le húdaráis inniúla an pháirtí chonarthaigh eile.
AIRTEAGAL 5
Infheistíocht in aeriompróirí
1. D’ainneoin Airteagal 3 (Údarú oibríochta) agus Airteagal 4 (Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí agus a theorannú) den Chomhaontú seo, agus ar fháil dearbhaithe dóibh ón gComhchoiste, de bhun Airteagal 21(8), go bhféadfaidh gach páirtí conarthach agus/nó náisiúnaigh díobh, de bhua a ndlíthe faoi seach, úinéireacht rannpháirtíochta tromlaigh a fháil ar aeriompróir de chuid an pháirtí chonarthaigh eile agus/nó rialú rialála iarbhír a fheidhmiú ar an aeriompróir sin, féadfaidh na páirtithe a cheadú go mbeadh aeriompróir de chuid na Túinéise faoi úinéireacht trí bhíthin rannpháirtíocht tromlaigh agus/nó go mbeadh sé faoi rialú iarbhír ag Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh agus/nó ag náisiúnaigh díobh, nó féadfaidh siad a cheadú go mbeadh aeriompróir de chuid an Aontais Eorpaigh faoi úinéireacht trí bhíthin rannpháirtíocht tromlaigh agus/nó go mbeadh sé faoi rialú iarbhír ag an Túinéis agus/nó náisiúnaigh di, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal sin.
2. I ndáil le mír 1 den Airteagal seo, ceadófar go leithleach infheistíochtaí ag na páirtithe conarthacha, de bhua cinneadh roimh ré de chuid an Chomhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Chomhaontú seo. Sonrófar leis an gcinneadh sin na coinníollacha a bhaineann le hoibriú na seirbhísí aontaithe faoin gComhaontú seo agus le hoibriú na seirbhísí idir tríú tíortha agus na páirtithe conarthacha. Ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 21 mír 10 den Chomhaontú seo maidir leis an gcineál sin cinnidh.
AIRTEAGAL 6
Dlíthe agus rialacháin a chomhlíonadh
1.
Le linn dul isteach i gcríoch páirtí chonarthaigh amháin, nó le linn a bheith laistigh den chríoch sin nó a bheith á fágáil, comhlíonfaidh aeriompróirí an pháirtí chonarthaigh eile na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme laistigh den limistéar sin a bhaineann le haerárthaí aeriompair idirnáisiúnta a ligean isteach ina chríoch nó a ligean amach as a chríoch nó a bhaineann le hoibriú nó loingseoireacht aerárthaí.
2.
Le linn dul isteach i gcríoch páirtí chonarthaigh amháin, nó le linn a bheith laistigh den chríoch sin nó le linn a bheith á fágáil, comhlíonfaidh paisinéirí agus criú, nó comhlíonfar thar a gceann, nó, i gcás lasta, comhlíonfaidh seoltóir an pháirtí chonarthaigh eile, na dlíthe agus na rialacháin (ar a n‑áirítear rialacháin a bhaineann le dul isteach, imréiteach, inimirce, pasanna, custaim agus coraintín, nó i gcás poist, na rialacháin phoist) a bhaineann le paisinéirí, le criú, nó le lasta aerárthaí a ligean isteach i gcríoch an pháirtí chonarthaigh chéadluaite sin, nó a ligean amach aisti.
3.
Údaraíonn gach páirtí conarthach d’aeriompróirí de chuid an pháirtí chonarthaigh eile bearta a dhéanamh, ar a chríoch féin, chun a áirithiú nach mbeidh ar iompar leo ach daoine a bhfuil na doiciméid taistil ina seilbh a theastaíonn chun dul isteach ina chríoch nó chun idirthuras a dhéanamh trína chríoch.
AIRTEAGAL 7
Iomaíocht chóir
1.
Aithníonn na páirtithe conarthacha gurb é cuspóir coiteann atá ann timpeallacht a chruthú le haghaidh iomaíocht chóir, ina mbeidh deiseanna cothroma comhionanna ag aeriompróirí an dá pháirtí chonarthacha dul in iomaíocht in oibriú a gcuid seirbhísí údaraithe ar bhealaí sonraithe. Dá réir sin, déanfaidh na páirtithe conarthacha gach beart is iomchuí chun a áirithiú go gcloífear go hiomlán leis an gcuspóir sin.
2.
Dearbhaíonn na Páirtithe gur tábhachtach, i dtaca le cuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur chun cinn, saoriomaíocht chóir neamhshaofa a bheith ann agus tugann siad dá n‑aire gur tábhachtach, i dtaca le seirbhísí aeriompair a sholáthar go héifeachtach, dlí iomaíochta cuimsitheach agus údarás iomaíochta neamhspleách a bheith ann, agus chomh maith leis sin forfheidhmiú slán éifeachtach ar an dlí iomaíochta náisiúnta atá acu. An dlí iomaíochta lena ndéileáiltear leis an saincheisteanna a chumhdaítear leis an Airteagal seo, arna leasú go tréimhsiúil, atá ag gach páirtí conarthach, beidh sé infheidhme maidir le maidir le gníomhaíochtaí aeriompróirí i gcríoch gach ceann de na páirtithe conarthacha. Tá sé de chuspóirí coiteanna ag na páirtithe conarthacha comhoiriúnacht agus cóineasú na ndlíthe iomaíochta atá acu a áirithiú mar aon lena gcur i bhfeidhm iarbhír. Oibreoidh siad i gcomhar le chéile, i gcás inar gá sin agus ina bhfuil údar cuí leis i dtaca le dlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus déanfaidh siad sin go háirithe trína n‑aeriompróir(í) nó náisiúnaigh eile díobh a údarú chun faisnéis ábhartha a thabhairt, i gcomhréir lena rialacha agus lena gcásdlí féin, faoi chásanna a thionscain údaráis iomaíochta an pháirtí chonarthaigh eile agus a bhaineann le dlí na hiomaíochta.
3.
Ní dhéanfaidh aon fhoráil a dhéantar leis an gComhaontú seo difear d’údarás ná do chumhachtaí na n‑údarás iomaíochta ná na gcúirteanna atá ag ceachtar de na páirtí conarthacha (nó ag an gCoimisiún Eorpach), ná ní shrianfaidh siad an t‑údarás ná na cumhachtaí sin ná ní laghdóidh siad orthu, agus i dtaca le haon cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta, beidh siad fós faoi inniúlacht eisiach na n‑údarás agus na gcúirteanna sin. Aon bheart a dhéanfaidh páirtí conarthach faoin Airteagal seo, déanfar é gan dochar d’aon bheart eile ab fhéidir a dhéanfadh na húdaráis nó na cúirteanna sin.
4.
Aon bheart a dhéanfar de bhua an Airteagail seo, is ar na páirtithe conarthacha amháin a bheidh an fhreagracht as agus bainfidh an beart sin go heisiach leis an bpáirtí conarthach eile agus/nó le haeriompróir(í) de chuid an pháirtí chonarthaigh eile a sholáthraíonn seirbhísí aeriompair chuig na páirtithe conarthacha, nó uathu. Ní fhéadfaidh beart den sórt sin a bheith ina ábhar i de bheart ina ábhar nós imeachta um réiteach díospóidí de réir bhrí Airteagal 22 (Réiteach díospóide agus eadráin) den Chomhaontú seo.
Iomaíocht éagórach
5.
Cuirfidh gach páirtí conarthach deireadh le gach cineál idirdhealaithe nó cleachtais éagóracha a dhéanfadh dochar do chumas aeriompróirí de chuid an pháirtí chonarthaigh eile dul san iomaíocht, faoi dhálaí córa cothroma, i soláthar seirbhísí aeriompair.
Fóirdheontais agus Státchabhair
6.
Ní dheonóidh ná ní údaróidh ceachtar den dá pháirtí chonarthacha fóirdheontais ná státchabhair dá gcuid aeriompróirí i gcás ina bhféadfadh sé go mbeadh de thoradh orthu saobhadh éagórach ar an iomaíocht chóir chothrom i soláthar seirbhísí aeriompair le haghaidh aeriompróirí an pháirtí chonarthaigh eile. Féadfaidh a bheith mar chuid de na fóirdheontais nó den chabhair sin, go háirithe, tras-fhóirdheontais, cúiteamh i leith caillteanais oibriúcháin, soláthar caipitil, deontas, ráthaíochtaí, iasachtaí nó árachais faoi choinníollacha fabhracha, cosaint ar fhéimheacht, tarscaoileadh suimeanna dlite, tarscaoileadh an chirt ar ghnáthíocaíocht as acmhainní poiblí, faoiseamh nó díolúintí cánach, cúiteamh i leith táillí arna muirearú ag na húdaráis phoiblí agus rochtain, ar bhonn idirdhealaitheach nó neamhthráchtálach, ar sheirbhís agus ar shuiteálacha aeriompair nó aerfoirt, ar bhreosla, ar láimhseáil ar an talamh, ar shlándáil, ar chórais áirithinte ar ríomhaire, ar leithroinnt sliotán agus rochtain ar shuiteálacha agus ar sheirbhísí gaolmhara eile atá riachtanach chun seirbhísí aeriompair a oibriú.
7.
I gcás ina ndeonóidh páirtí conarthach fóirdheontais nó Státchabhair d’aeriompróir, déanfaidh sé trédhearcacht na mbeart sin a áirithiú trí mhodhanna iomchuí, agus féadfar a áireamh ar na modhanna sin go gcuirfí de cheangal ar an aeriompróir tuairisc ar leithligh ar na fóirdheontais nó ar an gcabhair sin a thabhairt ina chuid cuntas.
8.
Cuirfidh gach páirtí conarthach ar fáil don pháirtí eile, ar fháil iarratais dó ón bpáirtí eile, agus cuirfidh sé ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta, tuarascálacha airgeadais a bhaineann le heintitis atá faoi dhlínse an chéad pháirtí agus aon fhaisnéis eile a ndéanfadh an páirtí eile iarratas, le húdar réasúnta, ina leith chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Airteagail seo. Féadfaidh faisnéis mhionsonraithe faoi fhóirdheontais nó cabhair, de réir bhrí mhír 6 thuas, a bheith mar chuid de sin. An páirtí conarthach a iarrfaidh rochtain ar an bhfaisnéis sin, láimhseálfaidh sé an fhaisnéis sin i modh rúin.
9.
Gan dochar d’aon bheart a dhéanfaidh an t‑údarás inniúil atá freagrach as iomaíocht agus/nó an chúirt atá freagrach as na rialacha dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 a fhorfheidhmiú:
(a)
má thagann ceann de na páirtithe conarthacha ar an tuairim go ndearnadh idirdhealú ar aeriompróir nó go bhfuil cleachtais éagóracha ann, de réir bhrí mhíreanna 5 agus 6 thuas, atá ag imirt éagóra ar aeriompróir agus más féidir a léiriú go bhfuil sin amhlaidh, féadfaidh sé barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid an pháirtí chonarthaigh eile. Ar a chur sin in iúl dó don pháirtí conarthach eile, féadfaidh páirtí dul i muinín údaráis inniúla an pháirtí eile, go háirithe na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, chun saincheisteanna a bhaineann leis an Airteagal seo a phlé. Thairis sin, féadfaidh ceann de na páirtithe conarthacha a iarraidh ar an bpáirtí conarthach eile dul i gceann comhairliúchán leis faoin ábhar chun an fhadhb a réiteach. Tionólfar na comhairliúcháin sin laistigh de thríocha (30) lá tar éis an t‑iarratas a fháil. Idir an dá linn, malartóidh na páirtithe faisnéis a bheidh leordhóthanach chun scrúdú iomlán a dhéanamh ar an imní a léiríodh.
(b)
mura n‑éireoidh leis na páirtithe conarthacha an tsaincheist a réiteach trí bhíthin comhairliúchán laistigh de thríocha (30) lá ó thús na gcomhairliúchán, nó mura dtosófar na comhairliúcháin laistigh de thríocha (30) lá tar éis an t‑iarratas maidir le sárú líomhainte ar mhíreanna 5 agus 6 thuas a fháil, beidh an páirtí conarthach a d’iarr na comhairliúcháin i dteideal feidhmiú na gceart a bhronntar leis an gComhaontú seo ar aeriompróir(í) an pháirtí chonarthaigh eile a chur ar fionraí, trí aon údarú oibríochta a dhiúltú, a tharraingt siar, a chúlghairm nó a chur ar fionraí, trí fhorchur na gcoinníollacha a mheasann sé a bheith riachtanach i dtaca le feidhmiú na gceart sin, trí fhorchur muirear nó trí bhearta eile a dhéanamh. Aon bheart a dhéanfar faoin mír seo, beidh sé iomchuí, comhréireach agus ní rachaidh sé, i dtaca lena raon agus le fad ama, thar an méid is gá go fíor.
Straitéis in aghaidh trustaí
10.
Cuirfidh gach páirtí conarthach i bhfeidhm go héifeachtach reachtaíocht in aghaidh trustaí i gcomhréir le mír 2 agus cuirfidh siad toirmeasc ar aeriompróirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
i gcomhar le haon aeriompróir(í) eile, comhaontuithe a thabhairt i gcrích, cinntí a dhéanamh nó dul i gceann cleachtais chomhbheartaithe arbh fhéidir dóibh difear a dhéanamh do sheirbhísí aeriompair chuig an bpáirtí conarthach nó ón bpáirtí conarthach agus a bhfuil d’aidhm nó d’fheidhm leo an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh. Féadfar a dhearbhú nach infheidhme an toirmeasc sin más rud é go gcuidíonn na comhaontuithe sin, na cinntí sin nó na cleachtais sin feabhas a chur ar tháirgeadh nó ar dháileadh seirbhísí nó go gcuidíonn siad le cur chun cinn an dul chun cinn theicniúil nó eacnamaíoch agus, san am ceanna, go bhfágann siad go mbeadh an tomhaltóir in ann sciar cóir a bheith aige den tairbhe a thiocfadh astu, agus más rud é: (i) aon srianta a fhorchur ar na gnóthais atá i gceist, ar srianta iad nach bhfuil fíor-riachtanach chun na haidhmeanna sin a ghnóthú; (ii) an deis a thabhairt do na haeriompróirí sin, i dtaca le sciar mór de na seirbhísí i gceist, an iomaíocht a chur ar ceal, ná
(b)
mí-úsáid a bhaint as suíomh ceannasachta, ar dhóigh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sheirbhísí aeriompair chuig an bpáirtí sin nó ón bpáirtí sin.
11.
Cuirfidh gach páirtí conarthach de chúram ar an údarás iomaíochta neamhspleách iomchuí atá aige agus/nó ar an gcúirt iomaíochta neamhspleách iomchuí atá aige, agus orthu sin amháin, an reachtaíocht in aghaidh trustaí dá dtagraítear i mír 10 thuas a chur i bhfeidhm.
12.
Gan dochar d’aon bheart a dhéanfaidh an t‑údarás iomaíochta inniúil agus/nó an chúirt atá freagrach as na rialacha dá dtagraítear i mír 10 a fhorfheidhmiú, má thagann ceann amháin de na páirtithe ar an tuairim gur imríodh éagóir ar aeriompróir trí shárú líomhainte ar mhír 10 agus más féidir a léiriú go bhfuil sin amhlaidh, féadfaidh sé aighneachtaí i scríbhinn a chur faoi bhráid an pháirtí chonarthaigh eile. Agus an páirtí conarthach eile curtha ar an eolas, féadfaidh páirtí dul i muinín údaráis inniúla an pháirtí eile, go háirithe na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, le saincheisteanna a bhaineann leis an Airteagal sin a phlé. Thairis sin, féadfaidh ceann de na páirtithe conarthacha comhairliúcháin ar an gceist a iarraidh leis an bpáirtí conarthach eile chun an fhadhb a réiteach. Tionólfar na comhairliúcháin sin laistigh de thríocha (30) lá tar éis an t‑iarratas a fháil. Idir an dá linn, malartóidh na páirtithe faisnéis leordhóthanach ionas go bhféadfar scrúdú iomlán ar ábhar na himní a léiríodh.
13.
Mura n‑éireoidh leis na páirtithe conarthacha an tsaincheist a réiteach trí bhíthin comhairliúcháin laistigh de thríocha (30) lá ó thús na gcomhairliúchán, nó mura dtosaítear na comhairliúcháin laistigh de thríocha (30) lá tar éis an t‑iarratas a fháil maidir le sárú líomhainte ar mhír 10, agus ar an gcoinníoll gur chinn an t‑údarás iomaíochta nó an chúirt gur sáraíodh na rialacha maidir le cairtéil, beidh an páirtí conarthach a d’iarr na comhairliúcháin i dteideal feidhmiú na gcearta a bhronntar leis an gComhaontú seo a chur ar fionraí i gcás aeriompróir(í) an pháirtí chonarthaigh eile, trí aon údarú oibríochta a dhiúltú, a tharraingt siar, a chúlghairm nó a chur ar fionraí, trí na coinníollacha a fhorchur a mheasann sé is riachtanach maidir le feidhmiú na gceart sin, trí mhuirir a fhorchur nó trí bhearta eile. Aon bheart a dhéanfar faoin mír seo, beidh sé iomchuí, comhréireach agus ní rachaidh sé, i dtaca lena raon agus le fad ama, thar an méid is gá go fíor.
AIRTEAGAL 8
Gníomhaíochtaí gnó
Gan dochar do na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, áiritheoidh na páirtithe conarthacha go n‑áiritheofar, lena gcuid dlíthe, rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme, ar a laghad, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialachán agus na gcaighdeán i réimse an aeriompair mar a leagtar amach iad i gCuid A d’Iarscríbhinn II.
Gnóthaíocht a dhéanamh
1.
Tá na páirtithe conarthacha ar aon intinn faoi gur lú na tairbhí a bhainfí amach leis an gComhaontú seo dá mbeadh tosca a chuirfeadh bacainní roimh dhéanamh gnóthaíochta ag teacht sa chosán ag oibreoirí tráchtála. Dá bhrí sin rachaidh siad i gceann próiseas éifeachtach cómhalartach lena gcuirfear i leataobh bacainní atá roimh oibreoirí tráchtála de chuid an dá pháirtí chonarthacha i dtaca le déanamh gnóthaíochta i gcás ina bhféadfadh na bacainní ciotaí a dhéanamh d’oibríochtaí tráchtála, saobhadh a dhéanamh ar an iomaíocht nó ciotaí a dhéanamh i dtaca leis an gcothrom iomaíochta a chur ar fáil.
2.
An Comhchoiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 21 den Chomhaontú seo, ceapfaidh sé próiseas comhair maidir le déanamh gnóthaíochta agus maidir le deiseanna tráchtála; déanfaidh sé faireachán ar an dul chun cinn i dtaca le haghaidh a thabhairt, ar shlí éifeachtach, ar bhacainní atá roimh oibreoirí tráchtála agus iad ag tabhairt faoi ghnóthaíocht, agus déanfaidh sé forbairtí sa réimse sin a athbhreithniú go rialta, go háirithe iad sin a bhaineann le hathruithe reachtacha agus rialála. I gcomhréir le hAirteagal 21 (an Comhchoiste) den Chomhaontú seo, féadfaidh páirtí conarthach cruinniú den Chomhchoiste a iarraidh chun aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo a réiteach.
Ionadaithe na n‑aeriompróirí
3.
I dtaca leis na hoifigí agus na suiteálacha atá riachtanach le haghaidh seirbhísí a sholáthar faoin gComhaontú seo, beidh aeriompróirí gach páirtí chonarthaigh i dteideal iad a bhunú ar chríoch an pháirtí chonarthaigh eile.
4.
Beidh aeriompróirí gach páirtí i dteideal, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an pháirtí eile a bhaineann le dul isteach, áit chónaithe agus fostaíocht, beidh siad i dteideal foireann thráchtála, bhainistíochta, dhíolacháin, theicniúil, oibríochtúil, agus foireann speisialtóireachta eile a theastaíonn chun tacú le soláthar seirbhísí eitlíochta, a thabhairt isteach i gcríoch an Pháirtí eile agus a choinneáil ar bun sa chríoch sin. Éascóidh agus deifreoidh an dá Pháirtí bronnadh na n‑údaruithe fostaíochta, i gcás ina dteastaíonn, le haghaidh baill foirne a bheifear a fhostú in oifigí i gcomhréir leis an mír seo, ar a n‑áirítear pearsanra ar dhualgais shealadacha nach mairfidh níos faide ná nócha (90) lá, faoi réir na ndlíthe agus na rialachán ábhartha a bheidh i bhfeidhm. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar aeriompróirí de chuid an dá pháirtí chonarthacha comhpháirtithe áitiúla a bheith acu.
Láimhseáil ar an talamh
5.
(a) Gan dochar do phointe (b) thíos, beidh na cearta seo a leanas ag gach aeriompróir de chuid páirtí chonarthaigh i gcríoch an pháirtí chonarthaigh eile:
(i) an ceart chun a chuid láimhseáil ar talamh a dhéanamh é féin; nó
(ii) an ceart chun roghnú as measc soláthróirí atá in iomaíocht le chéile a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar an talamh ina n‑iomláine nó go páirteach, i gcás ina gceadaítear do na soláthróirí sin rochtain a bheith acu ar an margadh ar bhonn dlíthe agus rialachán gach páirtí chonarthaigh, agus i gcás ina bhfuil na soláthróirí sin i láthair ar an margadh.
(b) Na cearta a bhunaítear faoi phointí (a)(i) agus (ii) thuas, ní bheidh siad faoi réir aon rud ach srianta sonracha i ndáil leis an spás nó an toilleadh a bheidh le fáil, srianta a chinnfear de réir an ghá le hoibríocht an aerfoirt a choinneáil sábháilte. I gcás ina gcuirfidh na srianta sin bac, cosc nó teorannú ar an láimhseáil ar an talamh, agus i gcás nach mbeidh aon iomaíocht iarbhír idir soláthróirí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar an talamh, áiritheoidh an páirtí conarthach ábhartha go mbeidh na seirbhísí sin uile le fáil faoi dhálaí iomchuí cothroma do na haeriompróirí uile; Cinnfear praghsanna na seirbhísí sin i gcomhréir le critéir ábhartha, oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
6.
Beidh gach soláthróir seirbhísí láimhseáil ar an talamh, bíodh sé ina aeriompróir nó ná bíodh, i dteideal, ar chríoch an pháirtí chonarthaigh eile, seirbhísí láimhseáil ar an talamh a sholáthar d’aeriompróirí atá ag feidhmiú ag an aerfort céanna, ach é sin a dhéanamh le húdarú agus i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin atá i bhfeidhm.
Sliotáin a leithroinnt ag aerfoirt
7.
Áiritheoidh gach páirtí conarthach, i dtaca leis na rialacháin, na treoirlínte agus na nósanna imeachta infheidhme atá aige i ndáil le sliotáin ag na haerfoirt ina chríocha a bhainistiú, go gcuirfear i bhfeidhm iad ar shlí neamhspleách, thrédhearcach, éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach agus nach mbeidh siad ina mbac ar rochtain ar an margadh.
Pleananna oibríochta, cláir agus sceidil
8.
Féadfaidh páirtí conarthach a éileamh go gcoinneofaí ar an eolas é, chun críocha faisnéise amháin, faoi phleananna oibríochta, cláir agus sceidil na n‑aersheirbhísí a oibrítear faoin gComhaontú seo. Má éilíonn páirtí go gcoinneofaí ar an eolas é amhlaidh, déanfaidh sé an t‑ualach riaracháin a ghabhann leis sin, agus leis na nósanna imeachta, chomh héadrom agus is féidir ar na hidirghabhálaithe aeriompair agus ar aeriompróirí an pháirtí chonarthaigh eile.
Díola, costais áitiúla agus aistriú cistí
9.
Féadfaidh aon aeriompróir de chuid aon pháirtí chonarthaigh seirbhís aeriompair agus seirbhísí gaolmhara a dhíol i gcríoch an pháirtí chonarthaigh eile, agus féadfaidh sé an díol a dhéanamh thar a cheann féin nó thar ceann aeriompróra eile, go díreach agus/nó, de réir dhiscréid an aeriompróra, trína ghníomhaire díola, trí aon idirghabhálaí arna cheapadh ag an aeriompróir nó trí bhíthin an idirlín nó aon bhealaí eile. Beidh sé de cheart ag gach aeriompróir na seirbhísí sin a dhíol, agus ní bheidh aon bhac ar aon duine iad a cheannach, in airgeadra na críche sin nó in airgeadraí eile atá inmhalartaithe go héasca i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta um hairgeadra.
10.
Údaraítear d’aeriompróirí gach páirtí chonarthaigh, i dtaca le caiteachas a thabhaigh siad ar chríoch an pháirtí chonarthaigh eile, go háirithe chun breosla a cheannach, ach freisin chun nithe eile a cheannach, íocaíocht a dhéanamh i leith an chaiteachais sin in airgeadra áitiúil nó in airgeadra atá inmhalartaithe go héasca, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le malartú airgeadra agus trádáil sheachtrach.
11.
Beidh gach aeriompróir i dteideal, má iarrann sé amhlaidh, an barrachas ioncaim uile óna chuid caiteachais áitiúil a chomhshó in airgeadraí atá inmhalartaithe go héasca agus an barrachas ioncaim sin a tharchur ag aon tráth, ar aon slí, go dtí a rogha tír gan srian ná muirear, ag an ráta malairte a bheidh infheidhme tráth an tarchurtha.
Na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le malartú agus le tarchur barrachais ioncaim, beidh siad infheidhme i gcomhréir leis na rialacha um malartú seachtrach a oibríonn gach páirtí. Ní bheidh an malartú ná an t‑aistriú faoi réir aon mhuirear cé is moite de na muirir a ghearrann bainc de ghnáth as seirbhísí den sórt sin.
Socruithe margaíochta comhoibritheacha
12.
Agus é ag oibriú nó ag tairiscint seirbhísí faoin gComhaontú seo, féadfaidh aon aeriompróir de chuid aon pháirtí dul i gcomhaontuithe um chomhar tráchtála, comhaontuithe um spásbhlocáil áirithintí nó socruithe maidir le comhroinnt cód eitilte mar shampla, leo seo a leanas:
(a) aeriompróir amháin nó níos mó de chuid na bpáirtithe conarthacha; agus
(b) aeriompróir amháin nó níos mó de chuid tríú tír; agus
(c) oibreoirí iompar de thalamh nó iompar de mhuir as aon tír;
ar choinníoll: (i) go mbeidh na cearta tráchta iomchuí ag an iompróir oibríoch agus (ii) go mbeidh na cearta bealaigh iomchuí ag na hiompróirí atá ag díol na seirbhíse agus (iii) go gcomhlíonfaidh na socruithe na ceanglais a chuirtear i bhfeidhm de ghnáth ar shocruithe den chineál sin.
13.
Maidir le paisinéirí a iompar ar eitilt a dhíolfar ar shlí a bhainfidh feidhm as comhaontuithe um chomhar tráchtála, cuirfear an ceannaitheoir ar an eolas ag an díolphointe, ag an bpointe seiceála isteach, nó in aon chás roimh an mbordáil i gcás nach mbíonn seiceáil isteach riachtanach le haghaidh nasceitilte, maidir le cé na soláthróirí iompair a oibreoidh earnálacha éagsúla na seirbhíse.
Seirbhísí idirmhódúla
14.
I ndáil le hiompar paisinéirí, ní bheidh soláthróirí iompair de mhuir agus tír faoi réir na ndlíthe agus na rialachán lena rialaítear an t‑aeriompar ar an mbonn amháin gur faoina ainm féin a thairgeann aeriompróir an t‑iompar de mhuir agus tír sin.
15.
D’ainneoin aon fhoráil eile de chuid an Chomhaontaithe seo, beidh sé de chead, gan aon srian, ag aeriompróirí agus soláthróirí indíreacha iompair lastais de chuid na bpáirtithe conarthacha úsáid a bhaint, i dtaca le nascadh le haeriompar idirnáisiúnta, as iompar de mhuir agus tír go dtí aon phointe i gcríocha na bpáirtithe conarthacha, nó i dtríú tíortha, nó ó na pointí agus na tíortha sin, ar a n‑áirítear iompar go dtí na haerfoirt uile ina bhfuil saoráidí custaim, nó ó na haerfoirt sin, agus áirítear leis sin, i gcás inarb infheidhme, an ceart chun lastas faoi shéala custaim a iompar faoi na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme. Beidh rochtain ag an lasta sin, bíodh sé á iompar de mhuir agus tír nó le haeriompar, ar shaoráidí agus próiseáil custaim na n‑aerfort. Féadfaidh aeriompróirí a roghnú go ndéanfaidh siad an t‑iompar de mhuir agus tír iad féin nó go gcuirfidh siad ar fáil é trí bhíthin socruithe le hiompróirí eile iompair de mhuir agus tír, ar a n‑áirítear iompar de mhuir agus tír a oibríonn aeriompróirí eile agus soláthróirí indíreacha aeriompair lastais. Féadfar seirbhísí lastais idirmhódúla den chineál sin a thairiscint ar phraghas seasta amháin ar son an aeriompair agus an iompair de mhuir agus tír le chéile, ar choinníoll nach gcuirfear coinsíneoirí ar míthreoir maidir leis na fíricí a bhaineann leis an iompar sin.
Saincheadú agus brandáil
16.
Beidh aeriompróirí gach páirtí chonarthaigh i dteideal comhshocruithe saincheadúnacháin nó brandála a dhéanamh le cuideachtaí, ar a n‑áirítear aeriompróirí, de chuid ceachtar den dá pháirtí chonarthacha nó de chuid tríú tíortha, ar choinníoll go mbeidh an t‑údarás iomchuí ag na haeriompróirí agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuireann na páirtithe conarthacha i bhfeidhm de ghnáth ar shocruithe mar sin, go háirithe iad sin a éilíonn go nochtfar aitheantas an aeriompróra atá ag oibriú na seirbhíse.
Léasú
17.
Féadfaidh aeriompróirí de chuid ceachtar de na páirtithe conarthacha conarthaí a thabhairt i gcrích leo seo a leanas, i dtaca le soláthar aerárthaí le criú nó aerárthaí gan chriú, le haghaidh seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a oibriú:
(a) aon aeriompróir nó aon aeriompróirí de chuid na bpáirtithe; agus
(b) aeriompróir amháin nó níos mó de chuid tríú tír;
ar choinníoll go mbeidh na húdaruithe iomchuí ag rannpháirtithe uile an tsocraithe agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos faoi na dlíthe agus na rialacháin a chuireann na páirtithe i bhfeidhm ar shocruithe mar sin. Ní éileoidh ceachtar den dá pháirtí, i dtaca le haeriompróir a sholáthraíonn aerárthaí, go mbeidh cearta tráchta ag an aeriompróir sin faoin gComhaontú seo le haghaidh na mbealaí ar a n‑oibreofar na haerárthaí. Féadfaidh na páirtithe conarthacha a éileamh go mbeidh formheas a gcuid údarás inniúil ag na comhaontuithe sin. I gcás ina n‑éileoidh páirtí conarthach an formheas sin, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, laghdóidh sé an oiread is féidir an t‑ualach riaracháin, ar aeriompróirí, a ghabhann le hiarratais ar fhormheas.
AIRTEAGAL 9
Dleachtanna custaim agus muirir
1.
Ar theacht isteach i gcríoch páirtí chonarthaigh amháin d’aerárthaí de chuid an pháirtí chonarthaigh eile, ar aerárthaí iad atá á n‑oibriú san aeriompar idirnáisiúnta, beidh díolúine ag na haerárthaí sin i dtaca lena gcuid gnáth-threalaimh, lena gcuid breosla, lena gcuid bealaidh/bealaí, lena soláthairtí teicniúla inchaite, lena gcuid trealaimh talún, lena gcuid páirteanna spártha (ar a n‑áirítear innill), lena stórtha aerárthaigh (ar a n‑áirítear, i measc nithe eile, bia, deochanna agus licéar, tobac agus táirgí eile a bhfuil sé i gceist iad a dhíol le paisinéirí nó a thabhairt dóibh i gcainníocht theoranta lena n‑úsáid le linn na heitilte) agus i dtaca le nithe eile a bhfuil sé i gceist iad a úsáid i ndáil le hoibriú nó le seirbhísiú aerárthaí atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, beidh díolúine ag an trealamh agus ag na soláthairtí sin, ar bhonn na cómhalartachta agus ar choinníoll go gcoinneofar an trealamh agus na soláthairtí sin ar bord an aerárthaigh, ó gach srian allmhairiúcháin, ó gach cáin ar mhaoin agus ó gach tobhach ar chaipiteal, ó gach dleacht chustaim, ó gach dleacht mháil agus ó gach táille agus muirear eile (a) a fhorchuireann na húdaráis náisiúnta nó áitiúla nó an tAontas Eorpach, agus (b) nach mbunaítear ar bhonn chostas na seirbhísí a sholáthraítear.
2.
Beidh díolúine acu seo a leanas, freisin, ar bhonn na cómhalartachta, ó na cánacha, ó na tobhaigh, ó na dleachtanna, ó na táillí agus ó na muirir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ach amháin i gcás muirir a bhunófar ar chostas na seirbhíse a soláthraíodh:
(a) stórtha aerárthaigh a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch páirtí agus a thabharfar ar bord, faoi réir teorainneacha réasúnta, lena n‑úsáid ar aerárthaí amach de chuid aeriompróra de chuid an pháirtí eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh na stórtha sin le cur in úsáid ar feadh na páirte den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin;
(b) trealamh talún agus páirteanna spártha (ar a n‑áirítear innill) a thabharfar isteach i gcríoch páirtí chonarthaigh chun seirbhísiú, cothabháil nó deisiú a dhéanamh ar aerárthach de chuid aeriompróra de chuid an pháirtí chonarthaigh eile a úsáidtear san aeriompar idirnáisiúnta;
(c) breosla, bealadh nó bealaí, agus soláthairtí teicniúla inchaite, a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch páirtí chonarthaigh lena n‑úsáid in aerárthach de chuid aeriompróra de chuid an pháirtí chonarthaigh eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh na soláthairtí sin le cur in úsáid ar feadh páirte den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin;
(d) ábhar clóite, dá bhforáiltear i reachtaíocht chustaim gach páirtí chonarthaigh, a thabharfar isteach nó a sholáthrófar i gcríoch páirtí chonarthaigh amháin agus a thabharfar ar bord lena úsáid ar aerárthaí amach de chuid aeriompróra de chuid an pháirtí chonarthaigh eile atá i gceann aeriompar idirnáisiúnta, fiú i gcás ina mbeidh na stórtha sin le cur in úsáid ar feadh na páirte den turas a dhéanfar thar an gcríoch sin; agus
(e) trealamh sábháilteachta agus slándála lena úsáid ag aerfoirt nó ag críochfoirt lastais.
3.
D’ainneoin aon fhoráil eile dá mhalairt, ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo cosc ar pháirtí conarthach cánacha, tobhaigh, táillí nó muirir a fhorchur ar bhreosla a sholáthrófar ina chríoch, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, lena húsáid in aerárthaí aeriompróra atá ag soláthar aersheirbhíse idir dhá phointe laistigh dá chríoch.
4.
An gnáth-threalamh a bhíonn ag aerárthach, maille leis an ábhar, na soláthairtí agus na páirteanna spártha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a choinnítear de ghnáth ar bord aerárthaí a oibríonn aeriompróir de chuid páirtí chonarthaigh amháin, ní fhéadfar iad a dhíluchtú i gcríoch an pháirtí chonarthaigh eile ach amháin le réamh-fhormheas údaráis chustaim an pháirtí chonarthaigh sin agus féadann sé go n‑éileofar go gcoinneofar iad faoi fhormhaoirseacht nó faoi rialú na n‑údarás sin, go dtí an t‑am a ndéanfar iad a onnmhairiú nó a chur de láimh ar bhealach eile i gcomhréir le rialacháin chustaim an dá pháirtí.
5.
Na díolúintí dá bhforáiltear leis an Airteagal seo, beidh siad infheidhme freisin i gcás ina mbeidh aeriompróirí páirtí amháin dulta i gconradh le haeriompróir eile, a bhfuil díolúintí den chineál sin aige ón bpáirtí eile mar an gcéanna, le haghaidh na hítimí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a thabhairt ar iasacht nó a aistriú i gcríoch an pháirtí eile.
6.
Ní chuirfidh aon ní dá bhfuil sa Chomhaontú seo cosc ar cheachtar den dá pháirtí cánacha, tobhaigh, táillí nó muirir a fhorchur ar earraí a dhíolfar, le haghaidh úsáid eile seachas lena gcaitheamh ar bord, le paisinéirí le linn cuid d’aersheirbhís idir dhá phointe laistigh dá chríoch ag a gceadaítear dul ar bord nó teacht de bhord.
7.
Bagáiste agus lasta ar idirthuras díreach trasna críche de chuid páirtí chonarthaigh, beidh díolúine acu ó chánacha, ó dhleachtanna custaim, ó tháillí agus ó mhuirir eile cosúil leo nach mbeidh bunaithe ar chostas na seirbhíse a soláthraíodh.
8.
Trealamh agus soláthairtí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadann sé go n‑éileofar go gcoinneofar iad faoi fhormhaoirseacht nó faoi rialú na n‑údarás inniúil.
9.
Ní dhéanfaidh coinníollacha an Chomhaontaithe seo difear don réimse CBL, ach amháin i gcás na cánach sin ar allmhairí.
10.
Ní dhéanfar aon difear, le forálacha an Chomhaontaithe seo, do na comhaontuithe ábhartha faoi seach atá i bhfeidhm idir aon Bhallstát den Aontas Eorpach agus an Túinéis chun cánachas dúbailte ar ioncam agus ar chaipiteal a sheachaint.
AIRTEAGAL 10
Muirir úsáideora
1.
Gan dochar do na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, áiritheoidh na páirtithe conarthacha go n‑áiritheofar, lena gcuid dlíthe, rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme, ar a laghad, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialachán agus na gcaighdeán i réimse an aeriompair mar a leagtar amach iad i gCuid A d’Iarscríbhinn II.
2.
Áiritheoidh gach páirtí conarthach, i dtaca le muirir úsáideora a fhéadfaidh a chuid údarás agus comhlacht muirir inniúil a fhorchur ar aeriompróirí an pháirtí chonarthaigh eile i leith úsáid seirbhísí aerloingseoireachta agus seirbhísí rialaithe aerthráchta, gur le costas a bhainfidh na muirir sin agus go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach. In aon chás, agus aon mhuirir úsáideora den chineál sin á bhforchur ar aeriompróirí an pháirtí chonarthaigh eile, ní bheidh na téarmaí a chuirfear i bhfeidhm níos neamhfhabhraí ná na téarmaí is fabhraí a bheidh le fáil ag aon aeriompróir eile.
3.
Déanfaidh gach páirtí conarthach, i dtaca le muirir úsáideora a fhéadfaidh a chuid údarás agus comhlacht muirir inniúil a fhorchur ar aeriompróirí an pháirtí chonarthaigh eile i leith saoráidí agus seirbhísí aerfoirt agus slándála eitlíochta, agus saoráidí agus seirbhísí a bhaineann leo sin, cé is moite de mhuirir a fhorchuirfear i leith na seirbhísí a gcuirtear síos orthu in Airteagal 8(5) (Gníomhaíochtaí tráchtála), déanfaidh siad a áirithiú go mbeidh na muirir sin cóir, réasúnta agus nach mbeidh siad idirdhealaitheach ar dhóigh nach dlisteanach agus go ndéanfar iad a chionroinnt i modh cothrom idir chatagóirí úsáideoirí. Gan dochar d’Airteagal 15(1) (Bainistiú an aerthráchta), beidh na muirir sin ag freagairt don chostas iomlán a bhí ar na húdaráis nó na comhlachtaí muirir inniúla a ghabh le soláthar na saoráidí agus na seirbhísí iomchuí aerfoirt agus slándála eitlíochta ag an aerfort sin nó laistigh de chóras an aerfoirt sin, ach ní rachaidh na muirir thar an méid sin. Féadfar toradh réasúnta ar shócmhainní, iar-dhímheas, a áireamh sna muirir. Saoráidí agus seirbhísí a bhforchuirfear muirir úsáideora ina leith, cuirfear ar fáil iad ar bhonn éifeachtúil tíosach. In aon chás, agus na muirir sin á bhforchur ar aeriompróirí an pháirtí eile, ní bheidh téarmaí na muirear níos neamhfhabhraí ná na téarmaí is fabhraí a bheidh le fáil ag aon aeriompróir eile tráth a dhéanfar measúnú ar na muirir.
4.
Éileoidh gach páirtí conarthach ar na húdaráis nó na comhlachtaí muirir inniúla ina chríoch agus ar na haeriompróirí a úsáideann na seirbhísí agus na saoráidí dul i gcomhairliúchán agus cibé faisnéis a thabhairt dá chéile is gá chun réasúntacht na muirear úsáideora a ghearrtar ar úsáideoirí a chinneadh, i gcomhréir leis na prionsabail i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo. Áiritheoidh gach páirtí go dtabharfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí muirir inniúla fógra réasúnta do na húsáideoirí faoi aon mholadh maidir le hathruithe ar mhuirir úsáideora chun deis a thabhairt do na húsáideoirí a dtuairimí a nochtadh agus a gcuid barúlacha a chur isteach.
AIRTEAGAL 11
Taraifí paisinéara agus taraifí lastais
1.
Ceadóidh na páirtithe conarthacha do na haeriompróirí praghsanna a shocrú, gan bhac, i leith paisinéirí agus lasta, ar bhonn na saoriomaíochta agus na hiomaíochta córa.
2.
Féadfaidh gach páirtí a éileamh, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, go gcuirfidh aeriompróirí an dá pháirtí chonarthacha in iúl dá gcuid údarás inniúil, le fógra i bhfoirm shimplithe agus chun críche faisnéise amháin, na táillí a thairgtear i leith seirbhísí amach as a gcríoch. Féadfar an fógra sin a iarraidh ar aeriompróirí tráth nach luaithe ná tráth na tairisceana tosaí a rinneadh i leith táille le haghaidh paisinéirí nó lasta.
3.
Féadfaidh na húdaráis inniúla plé a dhéanamh eatarthu féin, go háirithe plé faoi shaincheisteanna amhail na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir le fógairt táillí paisinéara agus táillí lastais agus maidir le haon táillí éagóracha, míréasúnta, idirdhealaitheacha nó táillí ar tugadh fóirdheontas ina leith.
AIRTEAGAL 12
Staidreamh
1.
Cuirfidh na páirtithe conarthacha ar fáil dá chéile, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, an staidreamh atá le fáil maidir leis na seirbhísí aeriompair a sholáthraítear faoin gComhaontú seo, de réir mar a cheanglaítear faoi reachtaíocht agus rialacha an dá pháirtí chonarthacha, de réir mar a éileofar le réasún.
2.
Oibreoidh na páirtithe conarthacha i gcomhar, go háirithe faoi chuimsiú an Chomhchoiste faoi Airteagal 21 den Chomhaontú seo, chun an malartú faisnéise staitistiúla eatarthu a éascú ionas go bhféadfar faireachán a dhéanamh ar fhorbairt seirbhísí aeriompair faoin gComhaontú seo.
TEIDEAL II
COMHAR RIALÁLA
AIRTEAGAL 13
An tsábháilteacht eitlíochta
1.
Gan dochar do na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, áiritheoidh na páirtithe conarthacha go n‑áiritheofar, lena gcuid dlíthe, rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme, ar a laghad, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialachán agus na gcaighdeán i réimse an aeriompair mar a leagtar amach iad i gCuid B d’Iarscríbhinn II.
2.
Chun críocha oibriú na seirbhísí aeriompair dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo, aithneoidh údaráis inniúla na bpáirtithe conarthacha bailíocht na ndeimhnithe aeracmhainneachta, na ndeimhnithe inniúlachta, agus na gceadúnas a d’eisigh nó a bhailíochtaigh an páirtí eile agus atá fós i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil na ceanglais maidir le heisiúint nó le bailíocht na ndeimhnithe nó na gceadúnas sin ar comhchéim, ar a laghad, leis na caighdeáin íosta a fhéadfar a leagan síos de bhun an Choinbhinsiúin. Féadfaidh na húdaráis inniúla, i dtaca leis na deimhnithe inniúlachta agus na ceadúnais a bhronn údaráis an pháirtí eile ar náisiúnaigh dá gcuid féin nó a bhailíochtaigh siad dóibh, diúltú a aithint gur deimhnithe ceadúnais iad atá bailí chun críocha eitilt thar a gcríoch féin.
3.
Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí, ag aon tráth, comhairliúcháin a iarraidh maidir leis na caighdeáin sábháilteachta atá á gcoinneáil ar bun ag an bpáirtí eile.
4.
Áiritheoidh na páirtithe conarthacha, i dtaca le haon haerárthach atá cláraithe i bpáirtí amháin agus a bhfuiltear in amhras fúithi go bhfuil sí i neamhchomhlíontacht le caighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta eitlíochta a leagtar síos de bhun an Choinbhinsiúin agus a thuirlingeoidh ag aerfort aerthráchta idirnáisiúnta i gcríoch an pháirtí eile, go ndéanfaidh údaráis inniúla an pháirtí eile sin cigireacht rampa uirthi, cigireacht ar bord agus ina timpeall chun a sheiceáil go bhfuil doiciméid an aerárthaigh sin bailí agus go bhfuil doiciméid bhailí ag a criú agus chun a sheiceáil cén bhail a dhealraíonn a bheith ar an aerárthach agus ar a cuid trealaimh.
5.
Féadfaidh údaráis inniúla ceachtar den dá pháirtí chonarthacha gach beart is iomchuí a dhéanamh ar an toirt aon uair a bheidh údar acu lena chreidiúint:
(a) go bhfuil aerárthaí, nó táirge nó oibriú aerárthaigh ann a dteipeann orthu na caighdeáin íosta a shásamh a bhunaítear de bhun an Choinbhinsiúin nó de bhun na reachtaíochta atá sonraithe i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, cibé ceann acu is infheidhme,
(b) go bhfuil mórchúiseanna imní ann go bhfuil aerárthach nó oibriú aerárthaigh ann a dteipeann orthu na caighdeáin íosta a shásamh arna mbunú de bhun an Choinbhinsiúin nó de bhun na reachtaíochta atá sonraithe i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, pé ceann acu is infheidhme, nó
(c) go bhfuil mórchúiseanna imní ann go bhféadfadh sé nach bhfuil na caighdeáin íosta a bhunaítear de bhun an Choinbhinsiúin nó de bhun na reachtaíochta atá sonraithe i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, pé ceann acu is infheidhme, á gcoinneáil ar bun nó á gcur i bhfeidhm go ceart.
6.
I gcás ina ngníomhóidh údaráis inniúla páirtí chonarthaigh amháin faoi mhír 5, cuirfidh siad údaráis inniúla an pháirtí chonarthaigh eile ar an eolas go pras go bhfuil siad ag déanamh amhlaidh, agus léireoidh siad an fáth ar ghníomhaigh siad amhlaidh.
7.
Aon bheart a dhéanfaidh aon cheann de na páirtithe conarthacha faoi mhír 5 den Airteagal seo, tarraingeofar siar é a luaithe a bheidh réiteach faighte ar an údar a bhí leis.
8.
Mura dtarraingítear siar bearta a rinneadh agus mír 5 á chur i bhfeidhm, fiú agus gan an bunús a bhí lena ndéanamh ann a thuilleadh, féadfaidh ceachtar den dá pháirtí an t‑ábhar a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.
AIRTEAGAL 14
An tslándáil eitlíochta
1. Gan dochar do na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, áiritheoidh na páirtithe conarthacha go n‑áiritheofar, lena gcuid dlíthe, rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme, ar a laghad, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialachán agus na gcaighdeán i réimse an aeriompair mar a leagtar amach iad i gCuid C d’Iarscríbhinn II.
2. Féadfaidh na páirtithe conarthacha glacadh le cigireacht ag an bpáirtí conarthach eile ar cheann amháin nó níos mó dá gcuid aerfort maidir leis na bearta slándála atá i bhfeidhm iontu, agus lena linn sin tabharfaidh an páirtí eile sin san áireamh a bhflaitheas agus urramóidh sé an flaitheas sin. Cuirfidh na páirtithe ar bun na sásraí is gá chun faisnéis a mhalartú maidir le torthaí na gcigireachtaí slándála sin.
3.
Athdhearbhaíonn na páirtithe conarthacha na hoibleagáidí atá orthu dá chéile i dtaca le soláthar a dhéanamh le haghaidh shlándáil na heitlíochta sibhialta in aghaidh bearta neamhdhleathacha cur isteach, agus athdhearbhaíonn siad go háirithe na hoibleagáidí atá orthu faoi Choinbhinsiún Chicago, faoin gCoinbhinsiún um Chionta agus Gníomhartha Áirithe Eile a dhéantar ar Bord Aerárthaí, a síníodh i dTóiceo an 14 Meán Fómhair 1963, faoin gCoinbhinsiún chun Cosc a chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthaí, a síníodh sa Háig an 16 Nollaig 1970, faoin gCoinbhinsiún chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta, a síníodh in Montréal an 23 Meán Fómhair 1971, faoin bPrótacal maidir le Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha Foréigin in Aerfoirt a fhónann don Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Montréal an 24 Feabhra 1988 agus faoin gCoinbhinsiún maidir le Pléascáin Phlaisteacha a Mharcáil chun Críoch a mBraite, a síníodh in Montréal an 1 Márta 1991, a mhéid atá an dá pháirtí chonarthacha ina bpáirtithe de na coinbhinsiúin sin, agus faoi na coinbhinsiúin agus na prótacail eile uile a bhfuil an dá pháirtí chonarthacha ina bpáirtithe díobh a bhaineann leis an tslándáil eitlíochta sibhialta.
4.
Cuirfidh na páirtithe conarthacha, ar fháil iarratais dóibh ina leith, gach cúnamh is gá ar fáil dá chéile chun cosc a chur le bearta urghabhála neamhdhleathaí aerárthaí sibhialta agus le bearta neamhdhleathacha eile in aghaidh shábháilteacht na n‑aerárthaí sin, nó ina aghaidh shábháilteacht a gcuid paisinéirí agus a gcuid criúnna, in aghaidh aerfort agus saoráidí aerloingseoireachta, agus in aghaidh aon bhagairt eile ar shlándáil na heitlíochta sibhialta.
5.
Agus iad ag plé le chéile, gníomhóidh na páirtithe conarthacha i gcomhréir leis na caighdeáin slándála eitlíochta agus, a mhéid a bhaineann siad leo, leis na cleachtais mholta a leagann an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) síos agus a cheaptar mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a mhéid atá na forálacha slándála sin infheidhme maidir leis na páirtithe conarthacha. Éileoidh siad, i dtaca le hoibreoirí aerárthaí atá cláraithe leo, le hoibreoirí aerárthaí a bhfuil a bpríomháit ghnó nó a bpríomháit chónaithe acu ina gcríoch, agus le hoibreoirí na n‑aerfort ina gcríoch, go ngníomhóidh siad i gcomhréir leis na forálacha sin um shlándáil eitlíochta.
6.
Áiritheoidh gach páirtí conarthach go ndéanfar bearta laistigh dá chríoch chun an eitlíocht shibhialta a chosaint ar bhearta aindleathacha cur isteach, ar a n‑áirítear, i measc bearta eile, scagadh slándála ar phaisinéirí agus ar a gcuid bagáiste cábáin, scagadh slándála ar bhagáiste boilg, scagadh slándála agus rialú slándála ar dhaoine nach paisinéirí, ar a n‑áirítear an criú, agus ar na hítimí a bheidh ar iompar leo, scagadh slándála agus rialú slándála ar lasta, ar phost, ar sholáthairtí “san eitilt” le haghaidh na haerfort, agus rialú rochtana ar dhul isteach i limistéir thaobh an aeir agus i limistéir faoi shrianta slándála. Cuirfear na bearta in oiriúint d’aon mhéadú ar an mbagairt ar shlándáil na heitlíochta. Toilíonn gach páirtí conarthach leis go bhféadfadh sé go n‑éileofar ar a gcuid aeriompróirí cloí leis na forálacha slándála eitlíochta dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus le forálacha slándála eile a éileoidh an páirtí conarthach eile, maidir le dul isteach i gcríoch an pháirtí chonarthaigh eile, imeacht aisti nó fanacht laistigh di.
7.
Agus flaitheas an pháirtí chonarthaigh eile á chur san áireamh agus á urramú aige, féadfaidh páirtí conarthach bearta slándála a ghlacadh i dtaca leis an dul isteach ina chríoch agus bearta éigeandála a ghlacadh chun dul i ngleic le bagairt slándála shonrach. Cuirfear iad sin in iúl don pháirtí conarthach eile gan aon mhoill. Déanfaidh gach páirtí conarthach scrúdú fabhrach ar aon iarraidh ón bpáirtí eile go nglacfar bearta slándála speisialta chun déileáil le bagairt shonrach, agus cuirfidh an chéad pháirtí conarthach san áireamh bearta slándála atá curtha i bhfeidhm cheana féin ag an bpáirtí eile agus seasamh an pháirtí eile ar an ábhar. Aithníonn an dá pháirtí, áfach, nach gcuireann aon fhoráil san Airteagal seo srian ar theidlíocht an pháirtí chonarthaigh rochtain ar a chríoch a dhiúltú d’aon eitilt a mheasann sé a bheith ina bhagairt slándála. Ach amháin nuair nach féidir, de dheasca éigeandáil a bheith ann, a bheith ag súil go réasúnta go bhféadfadh sé déanamh mar a leanas, cuirfidh gach páirtí an páirtí eile ar an eolas roimh ré faoi aon bhearta slándála speisialta a bhfuil rún aige iad a chur ar bun, ar bearta iad a d’fhéadfadh tionchar mór airgeadais nó oibríochtúil a imirt ar na seirbhísí aeriompair a bheartaítear faoin gComhaontú seo. Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí a iarraidh go dtionólfaí cruinniú den Chomhchoiste, chun bearta slándála mar sin a phlé, mar a fhoráiltear dó sin in Airteagal 21 den Chomhaontú seo.
8.
Aon uair a dhéanfar aerárthach sibhialta a urghabháil go neamhdhleathach, nó aon uair a bheidh bagairt ann go ndéanfaí amhlaidh nó aon uair a dhéanfar bearta neamhdhleathacha eile a bheidh dírithe in aghaidh sábháilteacht aerárthaí, paisinéirí, criúnna, aerfort nó saoráidí aerloingseoireachta, tabharfaidh na páirtithe conarthacha cúnamh dá chéile trí bhíthin éascú na cumarsáide agus trí bhearta iomchuí eile a mbeidh sé i gceist leo deireadh a chur go tapa agus go sábháilte leis an teagmhas nó leis an mbagairt.
9.
Déanfaidh gach páirtí conarthach, i dtaca le haerárthach a mbeifear tar éis í a urghabháil nó a mbeifear tar éis cur isteach uirthi trí bheart neamhdhleathach eile agus atá ar an talamh ina chríoch, gach beart is dóigh leis is indéanta dó chun a áirithiú go ndéanfar an t‑aerárthach sin a chur faoi choinneáil ar talamh ach amháin i gcás ina mbeidh sé riachtanach go n‑imeodh sí de bharr an dualgais fhorcheannasaigh atá ann beo daoine a chosaint. I gcás inarb indéanta é, déanfar na bearta sin ar bhonn idirchomhairliúcháin.
10.
I gcás ina mbeidh forais réasúnta ag páirtí conarthach lena chreidiúint go bhfuil forálacha slándála eitlíochta an Airteagail seo á mbriseadh ag an bpáirtí conarthach eile, féadfaidh an páirtí conarthach sin a iarraidh go dtiocfadh an páirtí conarthach eile i mbun comhairliúchán leis láithreach.
11.
Gan dochar d’Airteagal 4 (Údaruithe a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú) den Chomhaontú seo, i gcás nár thángthas ar chomhaontú sásúil laistigh de chúig lá dhéag (15) ó dháta na hiarrata sin beidh sé sin ina fhoras chun údaruithe oibríochta ceann amháin nó níos mó d’aeriompróirí an pháirtí eile a choinneáil siar, a chúlghairm nó a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur maidir leo.
12.
I gcás inar gá sin de dheasca bagairt láithreach urghnách, féadfaidh páirtí conarthach beart eatramhach a dhéanamh roimh dhul in éag don tréimhse cúig lá dhéag (15) dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo.
13.
Aon bheart a dhéanfar nó a bheifear a dhéanamh i gcomhréir le mír 11 den Airteagal seo, scoirfear de nuair a chomhlíonfaidh an páirtí eile forálacha iomlána an Airteagail seo.
AIRTEAGAL 15
Bainistiú an aerthráchta
1.
Gan dochar don socrú idirthréimhseach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, áiritheoidh na páirtithe conarthacha go n‑áiritheofar, lena gcuid dlíthe, rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme, ar a laghad, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialachán agus na gcaighdeán i réimse an aeriompair mar a leagtar amach iad i gCuid D d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo agus, i réimsí nach gcumhdaítear le creat rialála an Aontais, nósanna imeachta EESI le haghaidh seirbhísí aeriompair, faoi na coinníollacha thíos.
2.
Tiomnaíonn na páirtithe conarthacha iad féin don leibhéal comhair is airde i réimse bhainistiú an aerthráchta, d’fhonn an tAerspás Eorpach Aonair a leathnú chun na Túinéise, chun na caighdeáin sábháilteachta atá ann faoi láthair agus éifeachtúlacht fhoriomlán an aerthráchta ghinearálta san Eoraip a fheabhsú, agus chun na toilltí a optamú agus moilleanna a laghdú. Chun na críche sin, beidh an Túinéis páirteach sa Choiste um Aerspás Eorpach Aonair, mar bhreathnóir. Beidh an Comhchoiste freagrach as faireachán agus éascú a dhéanamh ar an gcomhar i réimse na bainistíochta aerthráchta.
3.
D’fhonn cuspóirí an Aerspáis Eorpaigh Aonair a bhaint amach ina gcríocha féin:
(a) glacfaidh an Túinéis na bearta is gá chun a cuid seirbhísí aerloingseoireachta, agus na struchtúir institiúideacha agus bhainistíochta atá aici le haghaidh na bainistíochta aerthráchta, a thabhairt i gcomhréir leis an Aerspás Eorpach Aonair, go háirithe maidir leis an tsábháilteacht eitlíochta;
(b) bunóidh an Túinéis, go háirithe, údarás rialaithe náisiúnta ábhartha a bheidh neamhspleách, ó thaobh na feidhmíochta de ar a laghad, ar an soláthraí nó ar na soláthraithe seirbhísí aeriompair;
(c) áireoidh an t‑Aontas Eorpach an Túinéis i dtionscnaimh oibríochtúla ábhartha i réimsí na seirbhísí aeriompair, an aerspás agus na hidir-inoibritheacht atá ann de thoradh an Aerspáis Eorpaigh Aonair, agus déanfaidh sé sin go sonrach trí bhíthin:
I).comhar leis an Túinéis, nó comhlachas na Túinéise, i mbloc aerspáis feidhmiúil;
II).rannpháirtíocht in oibríochtaí ghréasán an Aerspáis Eorpaigh Aonair, go háirithe trí mhalartú sonraí faoi shreafaí tráchta;
III).ailíniú le pleananna úsáide an taighde um bainistíocht aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR);
IV).neartú na hidir-inoibritheachta; agus
(d) oibreoidh na páirtithe conarthacha i gcomhar le chéile i réimse shamhail feidhmíochta an Aontais Eorpaigh, agus é d’aidhm leis sin optamú a dhéanamh ar éifeachtacht fhoriomlán na n‑eitiltí, costais a laghdú agus feabhas a chur ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar thoilleadh na gcóras atá ann faoi láthair. Díreofar, leis an gcomhar sin, ar uirlisí chun táscairí feidhmíochta a thomhas agus ar úsáid uirlisí le haghaidh bainistiú agus dearadh aerspáis.
AIRTEAGAL 16
Cosaint an Chomhshaoil
1. Gan dochar do na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, áiritheoidh na páirtithe conarthacha go n‑áiritheofar, lena gcuid dlíthe, rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme, ar a laghad, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialachán agus na gcaighdeán i réimse an aeriompair mar a leagtar amach iad i gCuid E d’Iarscríbhinn II.
2. Cuireann na páirtithe conarthacha i dtábhacht gur gá an comhshaol a chaomhnú trí thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe na heitlíochta. Oibreoidh na páirtithe conarthacha as lámh a chéile leis na saincheisteanna a aithint a bhaineann le tionchar na heitlíochta ar an gcomhshaol.
3. Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé go n‑oibreoidís le chéile chun tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol a mheas agus a laghdú an oiread is féidir i gcomhsheasmhacht le cuspóirí an Chomhaontaithe seo.
4. Aithníonn na páirtithe conarthacha gur tábhachtach an t‑athrú aeráide a chomhrac agus ar an dóigh sin astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an eitlíocht a laghdú, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Toilíonn na páirtithe conarthacha an comhar i ndáil leis na saincheisteanna sin a neartú trí bhíthin, i measc rudaí eile, comhaontuithe iltaobhacha ábhartha, go háirithe i dtaca le bearta margadhbhunaithe domhanda a chur chun feidhme mar a aontaíodh ag an 39ú Tionól de EESI, agus úsáid an tsásra forbartha inbhuanaithe a cruthaíodh le hAirteagal 6.4 de Chomhaontú Pháras mar chuid de Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide le haghaidh bearta margadhbhunaithe idirnáisiúnta a fhorbairt chun astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na heitlíochta a laghdú, agus aon ghné eile, dá bhforáiltear san Airteagal 6 sin, atá ábhartha d’astaíochtaí as an eitlíocht idirnáisiúnta go háirithe.
5. Geallann na páirtithe conarthacha faisnéis a mhalartú agus idirphlé tráthrialta a choinneáil ar bun idir saineolaithe chun an comhar eatarthu a neartú d’fhonn tionchar na heitlíochta ar an gcomhshaol a theorannú, agus áirítear air sin:
(a) taighde agus forbairt i réimse na teicneolaíochta eitlíochta a dhéanfaidh maitheas don chomhshaol;
(b) an nuálaíocht i réimse an bhainistithe aerthráchta d’fhonn tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol a theorannú;
(c) taighde agus forbairt ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe nua;
malartú dearcthaí faoi shaincheisteanna faoin dóigh a ndéileáiltear le tionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol agus faoin dóigh le cúiteamh a dhéanamh in astaíochtaí ón eitlíocht a dhéanann difear don aeráid; agus
(e) torann a mhaolú agus faireachán a dhéanamh air, d’fhonn tionchar na heitlíochta ar an gcomhshaol a laghdú.
6. Geallann na páirtithe conarthacha, freisin, dlús a chur leis an gcomhar airgeadais agus teicneolaíocha eatarthu maidir le bearta a bhfuil sé d’aidhm leo astaíochtaí as an eitlíocht idirnáisiúnta a laghdú, agus iad, lena linn sin, ag urramú na gceart atá acu agus na n‑oibleagáidí atá orthu faoi na comhaontuithe comhshaoil ilnáisiúnta.
7. Aithníonn na páirtithe conarthacha an riachtanas atá ann bearta iomchuí a dhéanamh chun tionchar na heitlíochta ar an gcomhshaol a laghdú nó a bhainistiú, fad agus go mbeidh na bearta sin go hiomlán i gcomhréir lena gcearta agus lena n‑oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta.
AIRTEAGAL 17
Dliteanas an aeriompróra
Deimhníonn na páirtithe conarthacha a gcuid oibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta arna ndaingniú ag an dá pháirtí chonarthacha.
AIRTEAGAL 18
An tomhaltóir a chosaint
Gan dochar do na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo,áiritheoidh na páirtithe conarthacha go n‑áiritheofar, lena gcuid dlíthe, rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme, ar a laghad, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialachán agus na gcaighdeán i réimse an aeriompair mar a leagtar amach iad i gCuid F d’Iarscríbhinn II..
AIRTEAGAL 19
Gnéithe sóisialta
1.
Gan dochar do na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, áiritheoidh na páirtithe conarthacha go n‑áiritheofar, lena gcuid dlíthe, rialacha agus nósanna imeachta is infheidhme, ar a laghad, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialachán agus na gcaighdeán i réimse an aeriompair mar a leagtar amach iad i gCuid G d’Iarscríbhinn II..
2.
Aithníonn na páirtithe conarthacha gur tábhachtach scrúdú a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe seo ar dhálaí saothair, fostaíochta agus oibre. Geallann na páirtithe conarthacha oibriú i gcomhar le chéile ar shaincheisteanna a bhaineann le fostaíocht agus atá ábhartha don Chomhaontú seo, go háirithe maidir le tionchar an Chomhaontaithe seo ar fhostaíocht, ar chearta saothair bunúsacha, ar dhálaí oibre, ar an gcosaint shóisialta agus ar an idirphlé sóisialta.
3.
Trí bhíthin a gcuid dlíthe, a gcuid rialachán agus a gcuid cleachtas, déanfaidh na páirtithe conarthacha leibhéil arda cosanta sóisialta agus fostaíochta a chur chun cinn.
4.
Aithníonn na páirtithe conarthacha gur tábhachtach na tairbhí a fhaightear as na buntáistí suntasacha eacnamaíocha a bhaineann le margaí iomaíocha oscailte ina bhfuil caighdeáin saothair arda ag oibrithe. Cuirfidh na páirtithe conarthacha an Comhaontú seo chun feidhme ar dhóigh a chuirfidh caighdeáin saothair arda chun cinn, gan beann ar úinéireacht nó nádúr an aeriompróra i gceist, agus áiritheoidh siad nach gcuirfear i mbaol na cearta ná na prionsabail a leagtar amach ina gcuid reachtaíochta féin faoi seach ach go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach iad.
5.
Geallann na páirtithe conarthacha go gcuirfidh siad chun cinn agus go gcuirfidh siad chun feidhme go héifeachtach, ina gcuid dlíthe agus ina gcuid cleachtas, na caighdeáin saothair bhunúsacha a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta, mar a leagtar amach iad i gcoinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, arna ndaingniú ag an Túinéis agus ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh, acu uile.
6.
Geallann na páirtithe conarthacha, freisin, go gcuirfidh siad chun cinn caighdeáin agus comhaontuithe eile a aithnítear go hidirnáisiúnta sna réimsí sóisialta agus saothair atá ábhartha d’earnáil na heitlíochta sibhialta agus go gcuirfidh siad chun feidhme iad agus go bhforfheidhmeoidh siad iad go héifeachtach sa dlí náisiúnta.
7.
Féadfaidh gach páirtí conarthach iarraidh ar an gComhchoiste teacht le chéile chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le fostaíocht, a measann sé gur saincheisteanna tábhachtacha iad.
TEIDEAL III
FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA
AIRTEAGAL 20
Léirmhíniú agus cur chun feidhme
1.
Déanfaidh na páirtithe conarthacha gach beart is iomchuí, bíodh siad ina mbearta ginearálta nó ina mbearta sonracha, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na n‑oibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú seo, agus staonfaidh siad a bheadh ina gcontúirt do shroicheadh chuspóirí an Chomhaontaithe seo.
2.
Beidh gach páirtí conarthach freagrach, ina chríoch féin, as chur chun feidhme ceart an Chomhaontaithe seo.
3.
Tabharfaidh gach páirtí conarthach don pháirtí conarthach eile an fhaisnéis agus an cúnamh is gá, faoi réir an dlí is infheidhme de chuid an pháirtí áirithe faoi seach, i gcás imscrúduithe ar sháruithe féideartha, arb imscrúduithe iad a bheidh á ndéanamh ag an bpáirtí conarthach eile faoi na hinniúlachtaí atá aige féin dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.
4.
Aon uair a ghníomhóidh na páirtithe conarthacha, faoi na cumhachtaí a thugtar dóibh leis an gComhaontú seo, i leith ábhair a bhaineann le leas an pháirtí chonarthaigh eile agus a bhaineann le húdaráis nó le gnóthais an pháirtí chonarthaigh eile, cuirfear údaráis inniúla an pháirtí chonarthaigh eile ar an eolas go hiomlán agus tabharfar an deis dóibh tuairim a thabhairt sula ndéanfar cinneadh deiridh.
AIRTEAGAL 21
Comhchoiste
1.
Bunaítear leis seo coiste d’ionadaithe na bpáirtithe conarthacha (dá ngairtear an “Comhchoiste’ anseo feasta), a bheidh freagrach as an gComhaontú seo a riar agus a chur chun feidhme go cuí. Chun na críche sin, déanfaidh sé moltaí agus déanfaidh sé cinntí sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.
2.
Is ar bhonn na comhthola a fheidhmeoidh an Comhchoiste agus a dhéanfaidh sé cinntí. Beidh cinntí ón gComhchoiste ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.
3.
Glacfaidh an Comhchoiste, le cinneadh, rialacha nós imeachta dó féin.
4.
Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar is gá agus uair amháin sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh ceachtar de na páirtithe conarthacha a iarraidh go dtionólfaí cruinniú.
5.
Chomh maith leis sin, féadfaidh páirtí cruinniú den Chomhchoiste a iarraidh chun féachaint le réiteach a fháil ar cheist ar bith a bhaineann le léirmhíniú nó le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Cruinniú a iarrfar amhlaidh, tionólfar é ar an dáta is luaithe is féidir, ach tionólfar é go cinnte tráth nach déanaí ná dhá (2) mhí ón dáta a gheofar an t‑iarratas, mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe.
6.
Chun críoch chur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe seo, malartóidh na páirtithe conarthacha faisnéis agus, arna iarraidh sin do cheachtar acu, rachaidh siad i gceann comhairliúchán sa Chomhchoiste.
7. Bailíochtóidh an Comhchoiste, trí bhíthin cinnidh, measúnú an Aontais Eorpaigh maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm, ag an Túinéis, na rialachán agus na gcaighdeán dá bhforáiltear i ndlí an Aontais Eorpaigh, mar a thuairiscítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo (Forálacha idirthréimhseacha).
8.
Déanfaidh an Comhchoiste scrúdú ar cheisteanna a bhaineann le hinfheistíochtaí in aeriompróirí na bpáirtithe conarthacha agus le hathruithe ar rialú iarbhír aeriompróirí na bpáirtithe conarthacha.
9.
Chomh maith leis sin, déanfaidh an Comhchoiste forbairt ar an gcomhar, agus déanfaidh sé sin go háirithe (ach ar shlite eile freisin) ar na dóigheanna seo a leanas:
(a) athbhreithniú a dhéanamh ar dhálaí margaidh a dhéanann difear do na haersheirbhísí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo;
(b) agus é d’aidhm aige teacht ar réiteach éifeachtach, freagairt d’ábhair a bhaineann le gnóthaíocht a dhéanamh agus leis na deiseanna tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 8 (Gníomhaíochtaí tráchtála) den Chomhaontú seo, ar ábhair iad a d’fhéadfadh a bheith ina mbac ar rochtain ar an margadh agus ar dhea-oibriú na seirbhísí eitlíochta atá faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo, mar dhóigh chun an iomaíocht chóir a áirithiú, an rialáil a ailíniú agus laghdú ar na srianta rialála atá ar fheidhmiú na seirbhísí eitlíochta;
(c) faisnéis a mhalartú maidir le hathruithe ar dhlíthe, rialacháin agus beartais na bpáirtithe conarthacha faoi seach a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar sheirbhísí eitlíochta, chomh maith le faisnéis faoi nithe eile;
(d) féachaint an bhfuil réimsí eile ann ba cheart a chuimsiú faoin gComhaontú seo, agus sin a dhéanamh trí leasuithe a mholadh ar an gComhaontú, nó leasuithe a mholadh ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta a ghabhann le haontachas páirtithe eile leis an gComhaontú;
(e) scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna ginearálta a bhaineann le hinfheistíocht, úinéireacht agus rialú;
(f) forbairt a dhéanamh ar an gcomhar rialála agus tiomantas frithpháirteach a chur chun cinn maidir le réisím aitheantais chómhalartaigh a bhaint amach i dtaca le rialacha agus bearta, agus na rialacha agus na bearta sin a ailíniú;
(g) comhairliúchán a chothú, i gcás arb iomchuí, maidir le saincheisteanna aeriompair a ndéileáiltear leo in eagraíochtaí idirnáisiúnta, sa chaidreamh le tríú tíortha agus i gcomhaontuithe iltaobhacha, ar a n‑áirítear scrúdú a dhéanamh chun a chinneadh an nglacfar cur chuige comhpháirteach;
(h) malartú staidrimh a éascú chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt sheirbhísí aeriompair faoin gComhaontú seo; agus
(i) éifeachtaí sóisialta iarbhír an Chomhaontaithe a mheas agus freagairtí iomchuí a cheapadh i dtaobh ábhair a chinntear a bheith ina n‑ábhair dhlisteanacha imní.
10.
Mura ndéanfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir le saincheist a cuireadh faoina bhráid, laistigh de shé (6) mhí ón dáta a cuireadh an tsaincheist faoin bhráid , féadfaidh na páirtithe conarthacha bearta sealadacha coimirce iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 23 (Coimirce) den Chomhaontú seo.
11.
Beidh an Comhaontú seo gan dochar don chomhar agus don idirphlé, lasmuigh den Chomhchoiste, idir údaráis inniúla na bpáirtithe conarthacha , go háirithe i réimsí na sábháilteachta, na slándála, an chomhshaoil, an bhainistithe aerthráchta, an bhonneagair aerfoirt, na hiomaíochta agus na cosanta don tomhaltóir. Cuirfidh na páirtithe conarthacha an Comhchoiste ar an eolas faoin toradh a bhí ar chomhar den sórt sin agus faoi aon phlé a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 22
Réiteach díospóidí agus eadráin
1.
Cé is moite de cheisteanna a bhaineann le hAirteagal 7 (An iomaíocht chóir), aon díospóid a mbeidh baint aici le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an Chomhaontaithe seo nach socrófar ag cruinniú den Chomhchoiste, féadfar í a chur faoi bhráid páirtí eile nó comhlachta eile d’fhonn teacht ar réiteach idir an dá pháirtí chonarthacha. Mura n‑éireoidh leis na páirtithe conarthacha teacht ar réiteach, féadfar, ach ceachtar den dá pháirtí é a iarraidh, an díospóid a chur chun eadrána i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach san Airteagal seo.
2.
Déanfar an iarraidh ar eadráin i scríbhinn agus cuirfear chuig an bpáirtí conarthach eile í. An páirtí a dhéanfaidh an gearán, sonróidh sé ina iarraidh cén beart atá i gceist agus míneoidh sé conas atá an beart sin ag teacht salach ar fhorálacha an Chomhaontaithe seo, agus déanfaidh sé sin ar shlí a léireoidh go soiléir an bunús dlí atá leis an ngearán.
3.
Ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe a mhalairt, is bord eadrána de thriúr eadránaithe a dhéanfaidh an t‑eadránú, agus cuirfear ar bun é mar seo a leanas:
(a) laistigh d’fhiche (20) lá ón uair a gheofar an iarraidh ar eadráin, ceapfaidh gach páirtí aon eadránaí amháin. Laistigh de thríocha (30) lá ón uair a cheapfar an dá eadránaí sin, ceapfaidh siad an tríú headránaí, de chomhaontú le chéile, agus is é an tríú headránaí sin a bheidh ina chathaoirleach ar an mbord eadrána;
(b) mura gceapfaidh ceann amháin nó ceann eile den dá pháirtí conarthacha aon eadránaí, nó más rud é nach gceapfar an tríú headránaí i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo, féadfaidh ceachtar den dá pháirtí a iarraidh ar Uachtarán Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) an t‑eadránaí nó na headránaithe, de réir mar is iomchuí, a theastaíonn a cheapadh laistigh de thríocha (30) lá ón uair a gheofar an iarraidh sin. Más náisiúnach den Túinéis nó de Bhallstát den Aontas Eorpach é Uachtarán Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, iarrfar ar an Leas-Uachtarán is sinsearaí ar an gComhairle, fad agus nach bhfuil seisean, freisin, dícháilithe ar an mbonn céanna, an ceapachán a dhéanamh.
4.
An dáta a ghlacfaidh an duine deireanach den triúr eadránaithe sin lena cheapachán, is é sin dáta bunaithe an bhoird eadrána
5.
Má iarrann ceann de na páirtithe conarthacha amhlaidh, tabharfaidh an bord eadrána rialú, laistigh de dheich (10) lá ó dháta a bhunaithe, maidir le cé acu atá práinn leis an ábhar nó nach bhfuil.
6.
Ar fháil iarrata dó ó pháirtí conarthach, féadfaidh an bord a ordú don pháirtí conarthach eile bearta eatramhacha a chur chun feidhme go dtí go ndéanfaidh an bord eadrána a chinneadh deiridh.
7.
Eiseoidh an bord eadrána tuarascáil eatramhach chun na bpáirtithe conarthacha agus beidh leagtha amach sa tuarascáil sin na fionntaí i leith fíoras, infheidhmeacht na bhforálacha agus an réasúnaíocht bhunúsach a bhí le fionntaí agus moltaí na tuarascála, agus eiseoidh sé í sin tráth nach déanaí ná nócha (90) lá ó dháta a bhunaithe. I gcás ina measfaidh sé nach féidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh, tabharfaidh uachtarán an bhoird eadrána fógra i scríbhinn do na páirtithe, ina luafaidh sé cúiseanna na moille agus an dáta a bhfuil sé beartaithe ag an mbord eadrána an tuarascáil eatramhach a chur isteach. Níor cheart an tuarascáil eatramhach sin a chur isteach, i gcás ar bith, tráth is déanaí ná céad is fiche lá (120) tar éis bhunú an bhoird.
8.
Féadfaidh páirtí conarthach iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an bhoird eadrána go ndéanfadh sé athbhreithniú ar ghnéithe sonracha den tuarascáil eatramhach laistigh de cheithre lá dhéag (14) ó dháta an fhógra.
9.
I gcásanna práinne, déanfaidh an bord eadrána gach ar féidir leis chun a thuarascáil eatramhach a sheoladh laistigh de chúig lá is daichead (45) agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná seasca (60) lá tar éis dháta a bhunaithe. Féadfaidh páirtí conarthach iarratas i scríbhinn a chur faoi bhráid an bhoird eadrána go ndéanfadh sé athbhreithniú ar ghnéithe sonracha den tuarascáil eatramhach laistigh de sheacht (7) lá tar éis an fógra ina leith a fháil.
10.
Déanfaidh an bord eadrána aon trácht i scríbhinn a dhéanfaidh na páirtithe ar an tuarascáil eatramhach a mheas agus dá éis sin féadfaidh an bord eadrána a thuarascáil a leasú agus féadfaidh sé, más iomchuí leis, iniúchadh breise a dhéanamh. I dteannta na bhfionntaí a dhéanfar sa chinneadh deiridh, beidh plé leordhóthanach ar na hargóintí a rinneadh tráth an athbhreithnithe eatramhaigh, agus tabharfar freagra soiléir ar cheisteanna agus ar bharúlacha na bpáirtithe.
11.
Eiseoidh an bord eadrána a chinneadh deiridh chun na bpáirtithe conarthacha laistigh de chéad is fiche (120) lá ó dháta a bhunaithe. I gcás ina measfaidh an bord eadrána nach féidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh, tabharfaidh an t‑uachtarán fógra i scríbhinn do na páirtithe, ina luafaidh sé cúiseanna na moille agus an dáta a bhfuil sé beartaithe ag an mbord eadrána an cinneadh deiridh a sheoladh. I gcás ar bith, seolfar an cinneadh deiridh tráth nach déanaí ná céad is caoga lá (150) tar éis bhunú an bhoird.
12.
I gcásanna práinne, cuirfidh an bord eadrána a chinneadh deiridh in iúl laistigh de sheasca (60) lá ó dháta a bhunaithe. I gcás ina measfaidh an bord eadrána nach féidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh, tabharfaidh an t‑uachtarán fógra i scríbhinn do na páirtithe, ina luafaidh sé cúiseanna na moille agus an dáta a bhfuil sé beartaithe ag an mbord an cinneadh deiridh a sheoladh. I gcás ar bith, seolfar an cinneadh deiridh tráth nach déanaí ná seachtó cúig lá (75) ó dháta bunaithe an bhoird eadrána.
13.
Féadfaidh na páirtithe conarthacha iarrataí a chur isteach ag lorg míniú ar chinneadh deiridh an bhoird eadrána laistigh de thréimhse deich (10) lá tar éis dháta a sheolta; tabharfar aon mhíniú laistigh de chúig lá dhéag (15) lá tar éis an iarraidh a fháil.
14.
Má bhíonn an bord eadrána den tuairim gur sáraíodh an Comhaontú seo agus nár chomhlíon an páirtí conarthach freagrach cinneadh deiridh an bhoird eadrána, nó nár tháinig sé ar chomhaontú leis an bpáirtí conarthach eile atá chun sástacht an dá pháirtí laistigh de dhaichead (40) lá ó eisiúint chinneadh deiridh an bhoird eadrána, féadfaidh an páirtí eile feidhmiú na dtairbhí inchomparáide a leanann as an gComhaontú seo a chur ar fionraí, nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán go dtí go gcomhlíonfaidh an páirtí conarthach is freagrach cinneadh deiridh an bhoird eadrána go hiomlán nó go dtí go dtiocfaidh na páirtithe conarthacha ar chomhaontú maidir le réiteach atá chun sástacht a chéile.
AIRTEAGAL 23
Coimircí
1.
Má mheasann ceachtar den dá pháirtí nach bhfuil a oibleagáidí comhlíonta ag an bpáirtí eile faoin gComhaontú seo, féadfaidh sé bearta iomchuí a dhéanamh. I dtaca le bearta coimirce, ní rachaidh siad, i dtaca lena raon agus lena bhfad ama, thar an méid is gá go fíor, chun réiteach a fháil ar an bhfadhb nó chun cothromaíocht an Chomhaontaithe seo a choinneáil ar bun. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a chuireann isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo.
2.
Páirtí conarthach atá ag cuimhneamh ar bhearta coimirce a dhéanamh, tabharfaidh sé fógra faoi sin, tríd an gComhchoiste, don pháirtí conarthach eile agus cuirfidh sé gach faisnéis ábhartha ar fáil.
3.
Rachaidh na páirtithe conarthacha i mbun comhairliúchán láithreach sa Chomhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach atá chun sástacht a chéile.
4.
Gan dochar do Airteagal 3(1)(c) (Údarú oibríochta) agus 4(1)(d) (Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí nó a theorannú) ní fhéadfaidh an páirtí conarthach lena mbaineann bearta coimirce a dhéanamh go dtí go mbeidh mí amháin imithe thart tar éis dháta an fhógra faoi mhír 2, ach amháin má críochnaíodh an nós imeachta comhairliúcháin faoi mhír 3 sula ndeachaigh an teorainn ama sin in éag.
5.
Tabharfaidh an páirtí conarthach lena mbaineann fógra don Chomhchoiste, gan aon mhoill, faoi na bearta a rinneadh, agus soláthróidh sé gach faisnéis is ábhartha.
6.
Aon bheart a dhéanfar nó a bheifear a dhéanamh faoi théarmaí an Airteagail seo, cuirfear ar fionraí é a luaithe a chomhlíonfaidh an páirtí conarthach ar a bhfuil an locht forálacha an Chomhaontaithe seo.
AIRTEAGAL 24
An gaol le comhaontuithe eile
1. Beidh forlámhas ag an gComhaontú seo ar aon chomhaontuithe agus socruithe ábhartha eile idir na páirtithe conarthacha a bheidh i bhfeidhm an tráth a síneofar
é , ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.
2.
Ar choinníoll nach bhfuil aon idirdhealú á dhéanamh idir aeriompróirí an Aontais Eorpaigh ar fhorais na náisiúntachta, beidh mar seo a leanas:
(a) féadfar leanúint de bheith ag feidhmiú na gceart agus na bhforálacha atá níos fabhraí i dtéarmaí úinéireachta, cearta tráchta, toillte, minicíochta, cineál nó athrú aerárthaigh, comhroinnt cód agus muirear faoi na comhaontuithe nó na socruithe idir na páirtithe conarthacha a bheidh i bhfeidhm cheana féin tráth a thabharfar an Comhaontú seo i gcrích agus nach gcumhdaítear leis an gComhaontú seo nó atá níos fabhraí nó níos solúbtha i dtéarmaí shaoirse na n‑aeriompróirí lena mbaineann ná atá an Comhaontú seo;
(b) aon díospóid idir na páirtithe conarthacha i dtaobh cé acu is fabhraí nó is solúbtha, nó nach ea, na forálacha nó an chóireáil faoi chomhaontuithe nó socruithe eile atá eatarthu, déanfar í a réiteach i gcomhthéacs an tsásra réitithe díospóidí dá bhforáiltear in Airteagal 22 (Réiteach díospóidí agus eadráin). Is i gcomhthéacs an tsásra réitithe díospóidí a leagtar amach in Airteagal 22 a dhéileálfar le haon díospóid faoin ngaol idir forálacha nó cóireáil atá ar neamhréir le chéile.
3.
Má éiríonn na Páirtithe Conarthacha ina bpáirtithe de chomhaontú iltaobhach nó má fhormhuiníonn siad cinneadh arna ghlacadh ag EESI, nó ag eagraíocht idirnáisiúnta eile, a thugann aghaidh ar ábhar a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, rachaidh siad i gcomhairliúchán sa Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 21 in am trátha chun a chinneadh ar cheart an Comhaontú seo a athbhreithniú chun na dálaí nua a chur san áireamh.
AIRTEAGAL 25
Idirphlé réigiúnach
Geallann na páirtithe conarthacha idirphlé leanúnach a dhéanamh chun comhsheasmhacht an Chomhaontaithe seo le próiseas Barcelona a áirithiú, agus é d’aidhm leis sin, thar aon rud eile, limistéar aonair eitlíochta Eora-Mheánmhara a chur ar fáil. Dá bhrí sin, pléifear faoi chuimsiú an Chomhchoiste, i gcomhréir le hAirteagal 21(9), an fhéidearthacht chun teacht ar chomhaontú faoi leasuithe a chuirfeadh san áireamh comhaontuithe Eora-Mheánmhara eile a bhaineann le seirbhísí eitlíochta.
AIRTEAGAL 26
Athruithe agus modhnuithe
1.
Má bhíonn ceann den dá pháirtí conarthacha ag iarraidh forálacha an Chomhaontaithe seo a leasú, tabharfaidh sé fógra don Chomhchoiste dá réir sin.
2.
Féadfaidh na páirtithe conarthacha aontú ar aon leasú ar an gComhaontú seo tar éis comhairliúcháin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21 (An Comhchoiste) den Chomhaontú seo. Tiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 30 (Teacht i bhfeidhm) den Chomhaontú seo.
3.
Féadfaidh an Comhchoiste, ar bhun moladh ó pháirtí conarthach amháin agus i gcomhréir leis an Airteagal seo, cinneadh de chomhthoil na hiarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a leasú.
4.
Beidh an Comhaontú seo gan dochar do cheart gach páirtí, faoi réir chomhlíonadh phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus fhorálacha an Chomhaontaithe seo, reachtaíocht nua a ghlacadh go haontaobhach nó leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá aige cheana i réimse an aeriompair nó i réimse gaolmhar a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo.
5.
I gcás ina mbeidh reachtaíocht nua nó leasú do reachtaíocht atá ann cheana i réimse an aeriompair nó i réimse gaolmhar a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo á meas ag ceann de na páirtithe conarthacha, cuirfidh sé an páirtí conarthach eile ar an eolas de réir mar is iomchuí agus is féidir. Arna iarraidh sin do cheachtar den dá pháirtí chonarthacha, féadfar dul i gceann malartú dearcthaí sa Chomhchoiste.
6.
Aon uair a ghlacfaidh páirtí conarthach reachtaíocht nua nó leasú ar an reachtaíocht atá aige i réimse an aeriompair nó i réimse gaolmhar a luaitear in Iarscríbhinn II, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar fheidhmiú cuí an Chomhaontaithe sin, cuirfidh sé an páirtí conarthach eile ar an eolas faoi sin tráth nach déanaí ná tríocha (30) lá tar éis an ghlactha nó an leasaithe. Arna iarraidh sin do pháirtí conarthach ar bith, reáchtálfaidh an Comhchoiste, laistigh de sheasca (60) lá, malartú dearcthaí faoi impleachtaí na reachtaíochta nua sin nó an leasaithe sin ar fheidhmiú ceart an Chomhaontaithe seo.
7.
Tar éis an mhalartaithe dearcthaí dá dtagraítear i mír 6 thuas, déanfaidh an Comhchoiste mar a leanas:
(a) cinneadh a ghlacadh lena n‑athbhreithnítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo ar dhóigh go bhféadfar, más gá ar bhonn na cómhalartachta, an reachtaíocht nua nó an leasú atá i gceist a lánpháirtiú inti;
(b) cinneadh a ghlacadh chun go measfar an reachtaíocht nó an leasú nua i gceist a bheith i gcomhréir leis an gComhaontú seo; nó
(c) aon bheart eile a mholadh, a bheidh le glacadh laistigh de thréimhse réasúnta, chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe seo a choimirciú.
AIRTEAGAL 27
Foirceannadh
Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí, tráth ar bith, fógra a thabhairt don pháirtí eile i scríbhinn, tríd an mbealach taidhleoireachta, gur chinn sé an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Fógra a thabharfar amhlaidh, cuirfear é go comhuaineach chuig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus chuig Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe. Tiocfaidh an Comhaontú seo chun deiridh ag meán oíche, meán-am Greenwich, ag deireadh shéasúr tráchta an Chomhlachais Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA) a bheidh i bhfeidhm i gceann bliain amháin tar éis dháta an fhógra foirceanta, ach amháin má tharraingítear siar an fógra, de chomhaontú na bpáirtithe, roimh dheireadh na tréimhse sin.
AIRTEAGAL 28
Clárú an Chomhaontaithe
Déanfar an Comhaontú seo mar aon le haon leasuithe air a chlárú leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 83 den Choinbhinsiún, agus le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe, tar éis iad teacht i bhfeidhm.
AIRTEAGAL 29
Aontachas Ballstát nua den Aontas Eorpach
1. Ballstáit a thiocfaidh isteach san Aontas Eorpach tar éis dháta sínithe an Chomhaontaithe seo, féadfar cead a thabhairt dóibh dul in aontachas leis an gComhaontú
2. Is é modh lena dtabharfar faoi aontachas Ballstáit leis an gcomhaontú ná ionstraim aontachais a thíolacadh d’Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus tabharfaidh an Ardrúnaíocht fógra do na páirtithe agus don Choimisiún Eorpach faoin tíolacadh ionstraime aontachais agus faoin dáta a rinneadh amhlaidh. Tiocfaidh an t‑aontachas i bhfeidhm an 30ú lá tar éis an dáta a thíolacfar an ionstraim aontachais.
3. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 agus 2 agus ag Airteagal 24 den Chomhaontú seo maidir leis na comhaontuithe agus na socruithe a bheidh i bhfeidhm cheana an tráth a rachaidh Ballstát in aontachas leis an Aontas Eorpach.
AIRTEAGAL 30
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm mí amháin tar éis dháta an nóta deiridh a chuirfear mar chuid de mhalartú nótaí taidhleoireachta idir na páirtithe agus ina ndearbhófar gur comhlíonadh gach nós imeachta is gá le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Chun críocha an mhalartaithe seo, tabharfaidh an Túinéis a nóta taidhleoireachta chuig an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit, tabharfaidh sí d’Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh é agus is í Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a thabharfaidh an nóta taidhleoireachta ón Aontas Eorpach agus a Bhallstáit don Túinéis. Sa nóta taidhleoireachta ón Aontas Eorpach agus a Bhallstáit beidh teachtaireachtaí ó gach Ballstát ag deimhniú gur comhlíonadh gach nós imeachta is gá le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Á fhíanú sin tá an Comhaontú seo sínithe againne a bhfuil ár síniú thíos, agus sinn údaraithe go cuí chuige sin.
Arna dhéanamh [sa ## OR i ##] an [...] sa bhliain [...], i ndúblach, sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Araibis, agus comhúdarás ag gach téacs.
Thar ceann Phoblacht na Túinéise
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Ríocht na Beilge
Thar ceann Phoblacht na Bulgáire
Thar ceann Phoblacht na Seice
Thar ceann Ríocht na Danmhairge
Thar ceann Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine
Thar ceann Phoblacht na hEastóine
Thar ceann na hÉireann
Thar ceann na Poblachta Heilléanaí
Thar ceann Ríocht na Spáinne
Thar ceann Phoblacht na Fraince
Thar ceann Phoblacht na Cróite
Thar ceann Phoblacht na hIodáile
Thar ceann Phoblacht na Cipire
Thar ceann Phoblacht na Laitvia
Thar ceann Phoblacht na Liotuáine
Thar ceann Ard-Diúcacht Lucsamburg
Thar ceann na hUngáire
Thar ceann Mhálta
Thar ceann Ríocht na hÍsiltíre
Thar ceann Phoblacht na hOstaire
Thar ceann Phoblacht na Polainne
Thar ceann Phoblacht na Portaingéile
Thar ceann na Rómáine
Thar ceann Phoblacht na Slóivéine
Thar ceann Phoblacht na Slóvaice
Thar ceann Phoblacht na Fionlainne
Thar ceann Ríocht na Sualainne
IARSCRÍBHINN I
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA
1.
I dtaca le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na gceanglas agus na gcaighdeán rialála dá bhforáiltear i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir leis an aeriompar, amhail a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, is faoi fhreagracht an Aontais Eorpaigh a dhéanfar measúnú ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm na gcleanglas agus na gcaighdeán sin ag an Túinéis; is trí bhíthin chinneadh ón gComhchoiste a dhéanfar an measúnú sin a bhailíochtú. Déanfar an measúnú tráth nach déanaí ná dhá (2) bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
2. I dtaca le hailíniú na Túinéise, de réir a chéile, le ceanglais agus caighdeáin rialála dhlí an Aontais Eorpaigh i réimse an aeriompair, féadfaidh sé go mbeadh an t‑ailíniú sin faoi réir measúnuithe rialta arna ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhar leis an Túinéis. Is é an Coimisiún Eorpach a dhéanfaidh na meastóireachtaí i gcomhar leis an Túinéis.
3. I dtaca le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na gceanglas agus na gcaighdeán rialála dá bhforáiltear i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir leis an tslándáil eitlíochta, is faoi fhreagracht an Aontais Eorpaigh a dhéanfar measúnú ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm na gceanglas agus na gcaighdeán sin; is trí bhíthin cinneadh ón gComhchoiste a dhéanfar an measúnú sin a bhailíochtú. Déanfar an measúnú tráth nach déanaí ná trí (3) bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
4. Beidh feidhm ag forálacha mhír 6 (Fóirdheontais agus Státchabhair) d’Airteagal 7 (Iomaíocht chóir) ar feadh tréimhse trí (3) bliana tar éis dháta sínithe an Chomhaontaithe.
IARSCRÍBHINN Ia
Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hAerfort Idirnáisiúnta Thúinis agus na Cartaige
D’ainneoin fhorálacha Airteagal 2(3)(c) den Chomhaontú, beidh Aerfort Idirnáisiúnta Thúinis agus na Cartaige faoi réir na socruithe idirthréimhseacha seo a leanas ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta sínithe an Chomhaontaithe agus is le seirbhísí formheasta iompair paisinéirí nó seirbhísí formheasta iompair traschórais, go heisiach, a bheidh sin amhlaidh:
1.I gcás ina bhfuil comhaontú déthaobhach idir an Túinéis agus Ballstát den Aontas Eorpach, déanfar an t‑ainmniú agus na cearta faoin tríú agus an ceathrú saoirse i dtaca le seirbhísí chuig Aerfort Thúinis agus na Cartaige, agus ón aerfort sin, i gcomhréir leis an gcomhaontú déthaobhach sin, gan beann ar mhinicíocht na seirbhísí, a bhronnadh ar:
-aeriompróirí de chuid na Túinéise a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta acu, agus
- iompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta bailí acu a d’eisigh an Ballstát as a n‑imíonn an eitilt nó chuig a dtagann sí.
2.Scéimeanna aonainmniúcháin atá i gcomhaontuithe déthaobhacha arb ann dóibh cheana idir an Túinéis agus na Ballstáit, déanfar scéimeanna dé-ainmniúcháin díobh.
3.I gcás comhaontuithe atá ann cheana a bhfuil clásail Bheirmiúda-chineálacha iontu, beidh feidhm ag mír 1 maidir leo, agus i gcás ina bhfuil deich (10) n‑eitilt, ar a laghad, ar dháta sínithe an Chomhaontaithe, socrófar líon na seirbhísí seachtainiúla ag 10 mura gcinnfidh na páirtithe conarthacha dul thairis sin i gcomhréir lena gcuid comhaontuithe déthaobhacha.
4.I gcás Ballstáit nach bhfuil aon chomhaontú aersheirbhíse déthaobhach ag an Túinéis leo, nó i gcás ina ndéantar foráil, sa chomhaontú aersheirbhís déthaobhach, do níos lú ná 10 seirbhís sheachtainiúla chuig Aerfort Idirnáisiúnta Thúinis agus na Cartaige, agus uaidh, socrófar an líon minicíochtaí seachtainiúla chuig an aerfort sin, agus uaidh, ag 10 seirbhís sheachtainiúla maille le scéim dé-ainmniúcháin le haghaidh aeriompróirí de chuid na Túinéise a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta acu, agus le haghaidh aeriompróirí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta acu a d’eisigh an Ballstát den Aontas Eorpach as a n‑imíonn an eitilt nó chuig a dtagann sí.
5.Déanfar méadú bliantúil 10 % a dheonú i leith minicíochta na seirbhísí thuasluaite, méadú a thiocfaidh i bhfeidhm bliain amháin tar éis shíniú an Chomhaontaithe.
6.Déanfaidh na páirtithe conarthacha plé sa Chomhchoiste, a luaithe is féidir, ar aon cheist a bhaineann le léirmhíniú agus cur chun feidhme na hIarscríbhinne seo.
IARSCRÍBHINN II
(Faoi réir uasdátú rialta)
RIALACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN EITLÍOCHT SHIBHIALTA
I dtaca leis na ceanglais rialála agus na caighdeáin a leagtar amach sna forálacha is infheidhme de na gníomhartha thíos, de réir mar a léirítear, áiritheoidh an Túinéis go gcuirfear chun feidhme agus go gcuirfear i bhfeidhm iad sa reachtaíocht, sna rialacháin agus sna nósanna imeachta atá infheidhme sa Túinéis, i gcomhréir leis an gComhaontú seo. Áiritheoidh an Túinéis go ndéanfar, i gcás arb iomchuí, aon leasú ar na gníomhartha seo a thabhairt isteach sa reachtaíocht, sna rialacháin agus sna nósanna imeachta atá infheidhme sa Túinéis.
A.
LÉIRSCAOILEADH NA hEITLÍOCHTA, AGUS RIALACHA EILE MAIDIR LEIS AN EITLÍOCHT SHIBHIALTA
Uimh. 1008/2008
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal
Forálacha ábhartha: Airteagail 2, 5, 7, 11, 23(1), 24 agus Iarscríbhinn I
Uimh. 785/2004
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le ceanglais árachais a bhaineann le haghaidh aeriompróirí agus le hoibreoirí aerárthaí arna leasú le:
-Rialachán (AE) Uimh. 285/2010 ón gCoimisiún
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 8
Uimh. 2009/12
Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le muirir aerfoirt
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 11
Uimh. 96/67
Treoir ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar an margadh láimhseáil ar an talamh ag aerfoirt Chomhphobail
Forálacha ábhartha: Airteagail 1, go 9, 11 go 21 agus an Iarscríbhinn
A mhéid a bhaineann le hAirteagal 20(2) a chur i bhfeidhm, déanfar an téarma “an Coimisiún” a léamh mar “an Comhchoiste”.
B.
AN tSÁBHÁILTEACHT EITLÍOCHTA
Sábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus Bunrialachán EASA
Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE, arna leasú le:
-Rialachán (CE) Uimh. 690/2009 ón gCoimisiún,
-Rialachán (CE) Uimh. 1108/2009,
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 3 (an chéad mhír amháin) agus an Iarscríbhinn
-Rialachán (AE) Uimh. 6/2013
-Rialachán (CE) Uimh 4/2016
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 16, Iarscríbhinní I go Vb.
oibríochtaíaí eitlíochta
Uimh. 965/2012
Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le:
-Rialachán Uimh. 800/2013 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2013,
-Rialachán Uimh. 71/2014 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2014,
-Rialachán Uimh. 83/2014 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2014,
-Rialachán Uimh. 379/2014 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2014,
-Rialachán (AE) Uimh. 2015/140 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2015,
-Rialachán (AE) Uimh. 2015/1329 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2015,
-Rialachán (AE) Uimh. 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015,
-Rialachán (AE) Uimh. 2015/2338 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2015
-Rialachán (AE) Uimh 2016/1199
-Rialachán (AE) Uimh 2017/363
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 9a, Iarscríbhinní I go VIII
Uimh. 1332/2011
Rialachán (AE) Uimh. 1332/2011 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2011 lena leagtar síos na ceanglais chomhchoiteanna maidir le húsáid an aerspáis agus na nósanna imeachta oibríochta le haghaidh seachaint imbhuailtí san eitilt, arna leasú le:
-Rialachán Uimh. 2016/583 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016.
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 5, Iarscríbhinn
Foirne eitlíochta
Uimh. 1178/2011
Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le:
-Rialachán Uimh. 290/2012 ón gCoimisiún an 30 Márta 2012,
-Rialachán Uimh. 70/2014 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2014,
-Rialachán Uimh. 245/2014 ón gCoimisiún an 13 Márta 2014,
-Rialachán (AE) Uimh. 2015/445 ón gCoimisiún an 17 Márta 2015,
-Rialachán Uimh. 2016/539 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2016.
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 11, Iarscríbhinní I go IV.
Imscrúdú timpistí
Uimh. 996/2010
Rialachán (CE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir 94/56/CE, arna leasú le:
-Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 23, cé is moite d’Airteagal 7(4) agus Airteagal 19 (arna aisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014)
Uimh. 2012/780
Cinneadh ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2012 maidir le cearta rochtana ar an Taisclann Lárnach Eorpach Moltaí Sábháilteachta agus maidir le freagairtí ar na moltaí sin arna bhunú le hAirteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta shibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n‑aisghairtear Treoir 94/56/CE.
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 5.
Aeracmhainneacht tosaigh
Uimh. 748/2012
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le deimhniú aeracmhainneachta agus comhshaoil le haghaidh aerárthaí agus táirgí, codanna agus fearais ghaolmhara, agus maidir le deimhniú le haghaidh eagraíochtaí deartha agus táirgthe, arna leasú le:
-Rialachán Uimh. 7/2013 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2013,
-Rialachán (AE) Uimh. 69/2014 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2014,
-Rialachán Uimh. 2015/1039 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2015.
-Rialachán (AE) 2016/15 ón gCoimisiún
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 10, Iarscríbhinn I.
Aeracmhainneacht leanúnach
Uimh. 1321/2014
Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, comhpháirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n‑eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin, arna leasú le:
-Rialachán (AE) Uimh. 2015/1088 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2015 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir le laghdú an ualaigh ó nósanna imeachta na cothabhála ar aerárthaí eitlíochta ginearálta,
-Rialachán (AE) Uimh. 2015/1536 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le hailíniú na rialacha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, le cúraimí cothabhála criticiúla agus le faireachán ar aeracmhainneacht leanúnach aerárthaí
Rialachán (AE) Uimh. 2017/334 ón gCoimisiún
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 6, Iarscríbhinní I go IV.
Sonraíochtaí breise um aeracmhainneacht
Uimh. 2015/640
Rialachán ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíocht breise aeracmhainneachta i dtaca le cineál ar leith oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012
Aeradróim
Uimh. 139/2014
Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 10, Iarscríbhinní I go IV
Bainistiú aerthráchta / Seirbhísí aeriompair
Uimh. 2015/340
Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le ceadúnais rialtóirí aerthráchta agus deimhnithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 805/2011 ón gCoimisiún.
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 10, Iarscríbhinní I go IV.
Uimh. 373/2017
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 373/2017 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta/soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus an fhormhaoirseacht orthu sin, lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011
Tuairisciú teagmhas
Uimh. 376/2014
Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 7; Airteagal 9(3); Airteagal 10(2) go (4); Airteagal 11(1) go (7); Airteagal 13 cé is moite de mhír (9); Airteagal 14 go 16; Airteagail 21, Iarscríbhinní I go III.
Uimh. 2015/1018
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1018 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2015 lena leagtar síos liosta lena n‑aicmítear tarluithe san eitlíocht shibhialta atá le tuairisciú ar bhonn éigeantach de réir Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Forálacha ábhartha: Airteagail 1, Iarscríbhinní I go V.
Liosta aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú laistigh den Chomhphobal
Uimh. 474/2006
Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena dtarraingítear suas liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bheidh faoi réir toirmeasc ar a n‑oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le:
-Rialachán (AE) Uimh. 2016/963 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2016.
Ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta
Uimh. 3922/91
Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta, arna leasú le:
-Rialachán (CE) Uimh. 1899/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006,
-Rialachán (CE) Uimh. 1900/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006,
-Rialachán (AE) Uimh. 8/2008 ón gCoimisiúnan 11 Nollaig 2007,
-Rialachán (AE) Uimh. 859/2008 ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2008.
Forálacha ábhartha: Airteagal 1 go 10 cé is moite d’Airteagal 4(1), an dara fomhír d’Airteagal 8(2), Airteagail 12 go 13, Iarscríbhinní I go III.
C.
AN tSLÁNDÁIL EITLÍOCHTA
Uimh. 300/2008
Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na slándála eitlíochta sibhialta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002.
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 15, 18, 21 agus an Iarscríbhinn.
Uimh. 272/2009
Rialachán (CE) Uimh. 272/2009 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2009 lena bhforlíontar na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le:
-Rialachán (AE) Uimh. 297/2010 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2010,
-Rialachán (AE) Uimh. 720/2011 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2011,
-Rialachán (AE) Uimh. 1141/2011 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2011,
-Rialachán (AE) Uimh. 245/2013 ón gCoimisiún an 19 Márta 2013.
Uimh. 1254/2009
Rialachán (AE) Uimh. 1254/2009 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2009 lena leagtar síos critéir i ndáil le ceadú do na Ballstáit maolú ar na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta agus bearta slándála a ghlacadh, arna leasú le
- Rialachán (AE) Uimh. 2096/2016 ón gCoimisiún
Uimh. 18/2010
Rialachán (CE) Uimh. 18/2010 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh cláir náisiúnta um rialú cáilíochta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta.
Forálacha ábhartha: iad uile.
Uimh. 2015/1998
Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme na gcaighdeán bunúsach comhchoiteann maidir leis an tslándáil eitlíochta, arna leasú le:
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/2426 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2015
Forálacha ábhartha: Iad uile, an Iarscríbhinn san áireamh.
D.
BAINISTIÚ AN AERTHRÁCHTA
Uimh. 549/2004
Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos creat chun Aerspás Eorpach Aonair a bhunú (an Creat-rialachán), arna leasú le:
-Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009. Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go dtí 5, cé is moite d’Airteagal 1(4)
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 4, 6, 9 go 13.
Uimh. 550/2004
Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san Aerspás Eorpach Aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí); arna leasú le:
-Rialachán (CE) Uimh 1070/2009
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 18, Iarscríbhinn I
Uimh. 551/2004
Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid an aerspáis san Aerspás Eorpach Aonair (an Rialachán Aerspáis), arna leasú le:
-Rialachán (CE) Uimh 1070/2009
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 9
Uimh. 552/2004
Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (an Rialachán Idir-inoibrithreachta); arna leasú le:
-Rialachán (CE) Uimh 1070/2009
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 10, Iarscríbhinní I go V
Feidhmíocht agus muirearú
Uimh. 390/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 lena leagtar síos scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra
Uimh. 391/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 lena leagtar síos scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra
Feidhmeanna líonra
Uimh. 677/2011
Rialachán (CE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta agus maidir le Rialachán (AE) Uimh. 691/2010, arna leasú le:
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 970/2014 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2014
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 373/2017
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 25, na hIarscríbhinní
Uimh. 255/2010
Rialachán (CE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le bainistiú sreafa aerthráchta arna leasú le:
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012
- Rialachán (AE) Uimh. 2016/1006 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 a mhéid a bhaineann le forálacha EESI dá dtagraítear in Airteagal 3(1).
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 15, an Iarscríbhinn
C(2011)4130
Cinneadh ón gCoimisiún an 7 Iúil 2011 maidir le hainmniú an Bhainisteora Líonra le haghaidh feidhmeanna líonra bhainistíocht aerthráchta (BAT) an Aerspáis Eorpaigh Aonair.
Bloic Aerspáis Fheidhmiúla
Uimh. 176/2011
Rialachán (AE) Uimh. 176/2011 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2011 maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil sula ndéantar bloc aerspáis feidhmiúil a bhunú agus a mhodhnú.
Idir-inoibritheacht
Uimh. 1032/2006
Rialachán (AE) Uimh. 1032/2006 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2006 lena leagtar síos na ceanglais maidir le córais uathoibríocha le haghaidh malartú sonraí eitilte chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta arna leasú le:
-- Rialachán (CE) Uimh. 30/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 9, Iarscríbhinní I go V
Uimh. 1033/2006
Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2006 lena leagtar síos na ceanglais maidir le nósanna imeachta le haghaidh pleananna eitilte ag an gcéim réamheitilte le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair, arna leasú le:
-
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 929/2010
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 428/2013 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2013
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2120/2016
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 5, Iarscríbhinn
Uimh. 633/2007
Rialachán (AE) Uimh. 633/2007 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2007 lena leagtar síos ceanglais i dtaca le cur i bhfeidhm prótacail aistrithe teachtaireachtaí eitilte a úsáidtear chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir na haonaid rialaithe aerthráchta arna leasú le:
-Rialachán (AE) Uimh. 283/2011 ón gCoimisiún an 22 Márta 2011
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 6, Iarscríbhinní I go IV.
Uimh. 29/2009
Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009 lena leagtar síos ceanglais maidir le seirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair, arna leasú le:
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/310 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2015
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 14, Iarscríbhinní I go III
Uimh. 262/2009
Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 ón gCoimisiún an 30 Márta 2009 lena leagtar síos ceanglais maidir le leithdháileadh comhordaithe agus úsáid cód ceistiúcháin Mhodh S le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair, arna leasú le:
- Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2345/2016 an 14 Nollaig 2016
.
Forálacha ábhartha: Airteagal 1 go 12, Iarscríbhinní I go VI
Uimh. 73/2010
Rialachán (CE) Uimh. 73/2010 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2010 lena leagtar síos na ceanglais maidir le cáilíocht sonraí agus faisnéise aerloingseoireachta le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair, arna leasú le:
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1029/2014 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2014
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 13, Iarscríbhinní I go X
Uimh. 1206/2011
Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1206/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sainaithint aerárthaí chun faireachas a dhéanamh le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair
Forálacha ábhartha: Airteagal 1 go 11, Iarscríbhinní I go VII
Uimh. 1207/2011
Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1207/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais maidir le feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an fhaireachais le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair, arna leasú le:
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1028/2014 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2014.
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 386/2017
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 14, Iarscríbhinní I go IX
Uimh. 1079/2012
Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 lena leagtar síos ceanglais maidir le spásáil cainéal gutha le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, arna leasú le:
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 657/2013 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2013.
-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2345/2016
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 14, Iarscríbhinní I go V.
SESAR
Uimh. 219/2007
Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt, arna leasú le:
-Rialachán (CE) Uimh. 1361/2008 ón gComhairle an 16 Nollaig 2008,
-Rialachán (CE) Uimh. 721/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014.
Forálacha ábhartha: Airteagal 1(1)-(2), Airteagal 1(5)-(7), Airteagail 2, 3, 4(1), an Iarscríbhinn
Uimh. 409/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2013 maidir le comhthionscadail a shainiú, rialachas a bhunú agus dreasachtaí chun tacú le cur chun feidhme Mháistirphlean Bhainistíocht Aerthráchta na hEorpa a shainaithint
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 15
Uimh. 716/2014
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le Comhthionscadal Píolótach a bhunú chun tacú le chur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta.
Aerspás
Uimh. 2150/2005
Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 l lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna le haghaidh úsáid sholúbtha an aerspáis.
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 9, Iarscríbhinn
Uimh. 923/2012
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010, arna leasú le:
-Rialachán (AE) Uimh. 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015
-Rialachán (AE) 2016/1185 ón gCoimisiún
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 10, an Iarscríbhinn, lena n‑áirítear na foscríbhinní a ghabhann léi
E.
AN COMHSHAOL AGUS TORANN
Uimh. 2002/49
Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú; arna leasú le Rialachán 1137/2008 agus Treoir 2015/996
Forálacha ábhartha: Airteagal 1 go 12, Iarscríbhinní I go VI
Uimh. 2003/96
Treoir ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas
Forálacha ábhartha: Airteagal 14(1)(b), Airteagal 14(2)
Uimh. 2006/93
Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an rialú ar oibriú aerárthaí a chumhdaítear le Cuid II, Caibidil 3, Imleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, an dara heagrán (1988)
Forálacha ábhartha: Airteagal 1 go 5, Iarscríbhinní I go II
Uimh. 598/2014
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i dtaca le srianta oibríochta atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n‑aisghairtear Treoir 2002/30/CE
Forálacha ábhartha: Airteagal 1 go 10, Iarscríbhinní I go II
F.
COSAINT AN TOMHALTÓRA
Uimh. 2027/97
Rialachán ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas aeriompróirí i gcás tionóiscí arna leasú le:
–Rialachán (CE) Uimh. 889/2002
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 6, na hIarscríbhinní
Uimh. 261/2004
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha coiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh dul ar bord agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 16
Uimh. 1107/2006
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer
Forálacha ábhartha: Airteagal 1 go 16, Iarscríbhinní I go II
G.
GNÉITHE SÓISIALTA
Uimh. 1989/391
Treoir ón gComhairle 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh, arna leasú le:
-Treoir 2007/30/EC
Forálacha ábhartha: Airteagail 1 go 16.
Uimh. 2000/79
Treoir ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir leis an gComhaontú Eorpach um Eagrú Am Oibre Oibrithe Taistil san Eitlíocht Shibhialta arna thabhairt i gcrích ag Cumann Aerlínte na hEorpa (AEA), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF), Cónaidhm Chriúnna Eitilte na hEorpa (ECA), Comhlachas Aerlínte Réigiúin na hEorpa (ERA) agus Comhlachas na nAeriompróirí Idirnáisiúnta (IACA)
Forálacha ábhartha: Airteagail 2 go 3, Iarscríbhinn
Uimh. 2003/88
Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú an ama oibre
Forálacha ábhartha: Airteagal 1 go 20, Airteagal 22 go 23