AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.3.2021
COM(2021) 140 final
2021/0071(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le creat le haghaidh deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID‑19 agus le haghaidh fhíorú agus ghlacadh na ndeimhnithe sin (an Deimhniú Glas Digiteach)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, féadfaidh náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach i mBallstát nó atá ag fanacht go dleathach ann taisteal faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát eile, chomh fada agus go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe. Dá bhrí sin, an beartas a d’fhorbair an tAontas lena n‑áirithítear nach mbíonn aon rialú ar dhaoine agus iad ag trasnú na dteorainneacha inmheánacha, ní hé amháin go dtéann an beartas sin chun tairbhe do shaoránaigh den Aontais ach téann sé chun tairbhe do náisiúnaigh tríú tír freisin a bhfuil sé de cheart acu taisteal a dhéanamh san Aontas. Mar sin féin, bhí tionchar ar fheidhmiú an chirt sin ag roinnt de na srianta a ghlac na Ballstáit chun leathadh ghéarshiondróm trom riospráide choróinvíreas 2 (‘SARS‑CoV‑2’) a theorannú, rud is cúis le galar choróinvíreas 2019 (‘COVID‑19’). Is éard a bhí sna bearta sin go minic, srianta ar dhul isteach nó ceanglais shonracha eile is infheidhme maidir le taistealaithe trasteorann, amhail coraintín nó féinleithlisiú a dhéanamh nó tástáil ionfhabhtú SARS‑CoV‑2 a dhéanamh roimh theacht isteach dóibh agus/nó ina dhiaidh.
Chun cur chuige dea-chomhordaithe, intuartha agus trédhearcach a áirithiú maidir le srianta ar an tsaorghluaiseacht a ghlacadh, an 13 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, lena dtugtar aghaidh freisin ar staid náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go dleathach san Aontas nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ann. I gcomhréir le pointe 17 de Mholadh (AE) 2020/1475 ón gComhairle, d’fhéadfadh na Ballstáit ceangal a chur ar dhaoine atá ag taisteal ó limistéir riosca i mBallstát eile coraintín nó féinleithlisiú a dhéanamh nó tástáil ionfhabhtú SARS‑CoV‑2 a dhéanamh roimh theacht isteach dóibh agus/nó ina dhiaidh.
Chun comhlíontacht na gceanglas éagsúil a léiriú, iarradh ar thaistealaithe cineálacha éagsúla fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil, amhail deimhnithe leighis, torthaí tástála, nó dearbhuithe. In éagmais formáidí caighdeánaithe agus daingnithe, tá fadhbanna ag taistealaithe maidir le glacadh a ndoiciméid, agus tá tuarascálacha ann maidir le doiciméid chalaoiseacha nó bhrionnaithe á dtíolacadh. Na saincheisteanna sin, ar saincheisteanna iad a bhféadfadh moilleanna agus bacainní nach bhfuil gá leo eascairt astu, is dócha go mbeidh siad níos feiceálaí fós amach anseo toisc go bhfuil méadú ag teacht ar líon na nEorpach atá á dtástáil agus á vacsaíniú in aghaidh COVID‑19 agus toisc go bhfaighidh na daoine sin cruthúnas doiciméadach chuige sin. Chuaigh an Chomhairle Eorpach i ngleic leis an gceist sin. I ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí, ráiteas a glacadh tar éis na bhfíschomhdhálacha neamhfhoirmiúla an 25 agus an 26 Feabhra 2021, d’iarr siad go leanfaí den obair ar chur chuige comhchoiteann i leith deimhnithe vacsaínithe.
Tá comhdhearcadh i measc na mBallstát maidir le deimhnithe den sórt sin a úsáid chun críoch míochaine, amhail obair leantach chuí a áirithiú idir an chéad agus an dara dáileog, chomh maith le haon treisiú is gá ina dhiaidh sin. Tá obair ar siúl ag na Ballstáit chun deimhnithe vacsaínithe a fhorbairt, agus is minic a úsáideann siad faisnéis atá ar fáil i gclárlanna imdhíonta.
Tá obair ar siúl ag an gCoimisiún in éineacht leis na Ballstáit mar chuid den Líonra ríomhShláinte, líonra deonach lena nasctar na húdaráis náisiúnta atá freagrach as ríomhShláinte, maidir le hidir-inoibritheacht deimhnithe vacsaínithe a ullmhú. An 27 Eanáir 2021, ghlac an Líonra ríomhShláinte treoirlínte maidir le cruthúnas ar vacsaíniú chun críoch míochaine, treoirlínte a nuashonraíodh an 12 Márta 2021. Sainmhínítear leis na treoirlínte sin na gnéithe lárnacha idir-inoibritheachta, eadhon tacar sonraí íosta le haghaidh deimhnithe vacsaínithe, agus aitheantóir uathúil. Tá obair ar siúl freisin ag an Líonra ríomhShláinte agus ag an gCoiste Slándála Sláinte a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar thacar sonraí coiteann caighdeánaithe le haghaidh deimhnithe torthaí na dtástálacha COVID‑19, treoirlínte maidir le deimhnithe téarnaimh agus tacair sonraí sonracha, agus achoimre ar idir-inoibritheacht deimhnithe sláinte.
Bunaithe ar an obair theicniúil a rinneadh go dtí seo, sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Deimhniú Glas Digiteach (COM(2021)/xxx) a thíolactar go comhuaineach leis an togra seo, molann an Coimisiún creat uile-Aontais a bhunú chun deimhnithe vacsaínithe a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh laistigh den Aontas mar chuid de ‘Dheimhniú Glas Digiteach’. Ag an am céanna, ba cheart go gcumhdófaí leis an gcreat sin freisin deimhnithe eile arna n‑eisiúint le linn phaindéim COVID‑19, eadhon doiciméid a dheimhníonn toradh diúltach ar thástáil ionfhabhtú SARS‑CoV‑2 chomh maith le doiciméid a dheimhníonn gur théarnaigh an duine lena mbaineann ó ionfhabhtú SARS‑CoV‑2 a tharla dó roimhe sin. Leis sin, chuirfí ar a gcumas do dhaoine nach bhfuil vacsaínithe nó nach raibh an deis acu vacsaín a fháil go fóill leas a bhaint as creat idir-inoibritheach den sórt sin, rud lena n‑éascófaí saorghluaiseacht na ndaoine sin chomh maith. Cé nach féidir le leanaí, mar shampla, tairbhe a bhaint as vacsaíniú in aghaidh COVID‑19 i láthair na huaire, ba cheart go mbeidís in ann deimhniú tástála nó téarnaimh a fháil, deimhnithe a d’fhéadfadh a dtuismitheoirí a fháil thar a gceann freisin.
An creat atá leagtha amach sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Deimhniú Glas Digiteach (COM(2021)/xxx), tá feidhm ag an gcreat sin maidir le saoránaigh den Aontas nó baill dá dteaghlach a d’fhéadfadh a bheith ina náisiúnaigh tríú tír. Is é is cuspóir don togra seo a áirithiú go mbeidh feidhm ag an gcreat céanna maidir le náisiúnaigh tríú tír eile atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch Ballstáit den Aontas agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstát eile i gcomhréir le dlí an Aontais.
De bhun Airteagal 77(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déanfaidh an tAontas beartais a fhorbairt lena leagfar amach na coinníollacha faoina mbeidh an tsaoirse chun taistil laistigh den Aontas ag náisiúnaigh tríú tír. Mar sin féin, bhí tionchar ag cuid de na bearta a ghlac na Ballstáit chun leathadh ráig COVID‑19 a theorannú ar an tsaoirse chun taisteal laistigh den Aontas atá ag náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach san Aontas nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ann. Is minic a chuimsigh na bearta sin srianta ar dhul isteach nó ceanglais shonracha eile is infheidhme maidir le taistealaithe trasteorann, bearta a bhfuil ardtionchar ar leith acu ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann agus a thrasnaíonn teorainneacha mar chuid dá saol laethúil ar mhaithe leis an obair, an t‑oideachas, cúram sláinte, nó gníomhaíochtaí siopadóireachta, cultúrtha agus fóillíochta, amhail an ceanglas coraintín nó féinleithlisiú a dhéanamh nó chun tástáil ionfhabhtú COVID‑19 a dhéanamh roimh theacht isteach agus/nó ina dhiaidh.
Le Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle, bunaíodh cur chuige comhordaithe maidir leis na príomhphointí seo a leanas: critéir agus tairseacha coiteanna a chur i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh ar cheart srianta ar an tsaorghluaiseacht a thabhairt isteach, mapáil ar an riosca i dtaobh tharchur COVID‑19 de réir cód dathanna comhaontaithe, mapáil a fhoilsíonn an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), agus cur chuige comhordaithe i leith na mbeart más ann dóibh a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go hiomchuí maidir le daoine atá ag gluaiseacht idir limistéir, ag brath ar leibhéal an riosca tarchuir sna limistéir sin.
An 30 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/1632 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh i limistéar Schengen mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 inar moladh do na Ballstáit atá faoi cheangal ag acquis Schengen na prionsabail, na critéir chomhchoiteanna, na tairsí comhchoiteanna agus creat comhchoiteann na mbeart a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle. Ar mhaithe leis an idir-inoibritheacht a áirithiú idir na réitigh theicniúla éagsúla i leith deimhnithe vacsaínithe atá na Ballstáit a fhorbairt, agus ós rud é go bhfuil roinnt acu tar éis glacadh le cruthúnais vacsaínithe cheana féin chun taistealaithe a dhíolmhú ó shrianta áirithe, tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun deimhnithe maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástálacha COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19 a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh.
I gcreat an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh atá le bunú, ba cheart go leagfaí amach formáid agus ábhar na ndeimhnithe maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19. Molann an Coimisiún freisin gur cheart go n‑áiritheofaí le creat an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh gur féidir na deimhnithe sin a eisiúint i bhformáid idir-inoibritheach agus gur féidir iad a fhíorú go hiontaofa nuair a thíolacfaidh an sealbhóir iad i mBallstáit eile, agus sa chaoi sin éascófar an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas.
Níor cheart a bheith sna deimhnithe ach sonraí pearsanta is gá. Ós rud é go gcuimsítear sonraí íogaire leighis sna sonraí pearsanta, ba cheart leibhéal an‑ard cosanta sonraí a áirithiú agus ba cheart prionsabail íoslaghdaithe sonraí a chaomhnú. Go háirithe, le creat an Deimhnithe Ghlais Dhigitigh, níor cheart go n‑éileofaí bunachar sonraí a bhunú agus a choinneáil ar bun ar leibhéal an Aontais, ach ba cheart go gceadófaí fíorú díláraithe ar dheimhnithe idir-inoibritheacha arna síniú go digiteach.
I Rialachán (AE) 2021/XXX atá beartaithe, cuirtear san áireamh iarrachtaí leanúnacha ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Sláinte (‘EDS’) agus faoi choimirce shainghníomhaireachtaí eile na Náisiún Aontaithe, chun sonraíochtaí agus treoir a bhunú maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid le haghaidh stádas vacsaínithe a dhoiciméadú. Ba cheart tríú tíortha a spreagadh chun aitheantas a thabhairt don Deimhniú Glas Digiteach agus srianta ar thaisteal neamhriachtanach á dtarscaoileadh acu. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, go háirithe, idir-inoibritheacht idir córais theicneolaíocha a bhunaítear ar an leibhéal domhanda agus na córais a bhunaítear chun críoch an Rialacháin seo ar mhaithe le taisteal laistigh den Aontas Eorpach a éascú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo gan dochar do rialacha Schengen maidir leis na coinníollacha i ndáil le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tír. Níor cheart an tuiscint a bhaint as an Rialachán atá beartaithe, ar aon slí, gur Rialachán é lena spreagtar nó lena n‑éascaítear athbhunú rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, rud nach mór a bheith ina rogha dheiridh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/399 (‘Cód Teorainneacha Schengen’).
Comhlánaíonn an togra tionscnaimh bheartais eile a glacadh le linn phaindéim COVID‑19 i réimse na saorghluaiseachta agus an taistil, amhail Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle, Moladh (AE) 2021/119 ón gComhairle, Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle agus Moladh (AE) 2021/132 ón gComhairle, agus cuireann an togra leis na tionscnaimh bheartais sin. Go háirithe, déantar cur síos i Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle ar na prionsabail ghinearálta ar cheart do na Ballstáit a ngníomhaíochtaí a chomhordú ar a mbonn nuair a bhíonn bearta á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm acu chun an tsláinte phoiblí a chosaint mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, agus liostaítear i Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle na tríú tíortha ar cheart taisteal nach bhfuil riachtanach astu a cheadú, chomh maith leis na feidhmeanna agus na riachtanais a gceadaítear taisteal riachtanach ina leith beag beann ar an tríú tír thionscnaimh. Sa tréimhse díreach romhainn, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú géar ar fheidhmiú an Mholta deiridh sin, agus molfaidh sé leasuithe i gcomhréir le forbairtí sa réimse sin.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is cuid den tsraith de bhearta an Aontais é an togra seo chun freagairt do phaindéim COVID‑19. Cuireann sé, go háirithe, leis an obair theicniúil a rinneadh roimhe seo sa Choiste Slándála Sláinte agus sa Líonra ríomhShláinte, líonra deonach lena nasctar na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an ríomhShláinte.
Tá an togra seo comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir le hinimirce náisiúnach tríú tír.
Níl aon fhoráil i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le deimhnithe a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh lena ndéantar stádas sláinte an tsealbhóra a dhoiciméadú, fiú más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh gá le deimhnithe den sórt sin a thíolacadh chun srianta áirithe ar an gceart chun taistil a tharscaoileadh, srianta a fhorchuirtear le linn paindéime. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a bhunú chun idir-inoibritheacht agus slándáil na ndeimhnithe sin a áirithiú.
Cuirtear san áireamh sa togra seo iarrachtaí leanúnacha ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail faoi choimirce shainghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe lena n‑áirítear an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), ar bhonn na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta, chun sonraíochtaí agus treoir a bhunú maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid le haghaidh stádas vacsaínithe a dhoiciméadú. Ba cheart tríú tíortha a spreagadh chun aitheantas a thabhairt don Deimhniú Glas Digiteach agus srianta ar thaisteal neamhriachtanach á dtarscaoileadh acu.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Sonraítear in Airteagal 77(2)(c) CFAE go leagfaidh an tAontas amach na coinníollacha faoina mbeidh an tsaoirse chun taistil laistigh den Aontas ar feadh gearrthréimhse ag náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach san Aontas nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ann. Tá feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach.
Is é is aidhm don togra taisteal náisiúnach tríú tír a éascú laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID‑19 trí chreat coiteann a bhunú chun deimhnithe idir-inoibritheacha maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 agus téarnamh ó COVID‑19 a eisiúint agus a ghlacadh. Leis sin, náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach i mBallstát nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ann agus atá i dteideal taisteal chuig na Ballstáit eile, ba cheart cead a thabhairt do na daoine sin a léiriú go gcomhlíonann siad na ceanglais sláinte poiblí arna bhforchur ag an mBallstát cinn scríbe, i gcomhréir le dlí an Aontais. Tá sé mar aidhm ag an togra freisin a áirithiú go bhféadfar deireadh a chur, ar bhealach comhordaithe, leis na srianta ar an tsaoirse chun taistil atá i bhfeidhm faoi láthair chun leathadh COVID‑19 a theorannú de réir mar a bheidh tuilleadh fianaise eolaíche ar fáil.
Leis an togra seo, ní bhunaítear oibleagáid i ndáil le vacsaíniú ná ceart chun vacsaínithe. Is inniúlacht náisiúnta de chuid na mBallstát iad straitéisí vacsaínithe.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Cuspóirí an togra seo, eadhon taisteal laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID‑19 a éascú trí dheimhnithe slána agus idir-inoibritheacha a bhunú maidir le stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra, ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach leo féin agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.
In éagmais gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, is dócha go nglacfadh Ballstáit córais éagsúla, rud a d’fhágfadh go mbeadh fadhbanna ag náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach san Aontas nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ann agus iad ag feidhmiú a saoirse chun taistil, fadhbanna i leith na ndoiciméid a n‑eiseofaí chucu agus aithint na ndoiciméad sin i mBallstáit eile. Go háirithe, is gá teacht ar chomhaontú maidir leis na caighdeáin theicniúla atá le húsáid chun idir-inoibritheacht, slándáil agus infhíoraitheacht na ndeimhnithe atá á n‑eisiúint a áirithiú.
•Comhréireacht
Is féidir le gníomhaíocht an Aontais luach suntasach a chur leis an iarracht dul i ngleic leis na dúshláin a shainaithnítear thuas agus is é sin an t‑aon bhealach amháin inar féidir creat comhtháite comhoiriúnach a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.
Trí bhearta aontaobhacha nó neamhchomhordaithe a ghlacadh maidir le deimhnithe sláinte COVID‑19, d’fhéadfaí bearta a bheith ann lena dteorannófaí an deis atá ag náisiúnaigh tríú tír atá i dteideal taisteal laistigh den Aontas tabhairt faoi thaisteal den sórt sin.
I gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/XXXX a bhfuil feidhm acu go hiomlán maidir leis an Rialachán seo atá beartaithe, ba cheart an Rialachán atá beartaithe a chur ar fionraí a luaithe a shárófar paindéim COVID‑19, ós rud é, amhail ón tráth sin, nach mbeidh aon údar le ceangal a chur ar náisiúnaigh tríú tír aon doiciméid sláinte a thíolacadh agus iad ag taisteal laistigh den Aontas. Ag an am céanna, ba cheart an Rialachán sin a chur i bhfeidhm arís má dhearbhaíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte paindéim eile de bharr ráig SARS‑CoV‑2, athraitheach de SARS‑CoV‑2, nó galair thógálacha chomhchosúla eile a mbaineann baol eipidéime leo.
•An rogha ionstraime
Le rialachán áirithítear go gcuirfear dlí an Aontais chun feidhme sna Ballstáit uile ar bhealach díreach láithreach coiteann.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Sa togra cuimsítear an plé a rinneadh go tráthrialta leis na Ballstáit, na malartuithe teicniúla a dhéantar laistigh den Choiste Slándála Sláinte agus den Líonra ríomhShláinte, an fhaisnéis atá ar fáil maidir leis an staid eipidéimeolaíoch atá ag síorathrú agus an fhianaise eolaíoch ábhartha atá ar fáil.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Cuireann an togra leis na malartuithe teicniúla a dhéantar laistigh den Choiste Slándála Sláinte agus den Líonra ríomhShláinte, leis an bhfaisnéis a fhoilsíonn ECDC maidir leis an staid eipidéimeolaíoch a bhaineann le paindéim COVID‑19, agus leis an bhfianaise eolaíoch ábhartha atá ar fáil.
•Measúnú tionchair
I bhfianaise na práinne a bhaineann leis an togra, ní dhearna an Coimisiún measúnú tionchair.
•Cearta bunúsacha
Tá próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis an togra seo, lena n‑áirítear sonraí sláinte. Tá tionchair ionchasacha ann ar chearta bunúsacha daoine aonair, eadhon Airteagal 7 den Chairt maidir le hurraim ar an saol príobháideach agus Airteagal 8 maidir leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint. Próiseáil sonraí pearsanta daoine aonair, lena n‑áirítear bailiú, rochtain agus úsáid sonraí pearsanta, bíonn tionchar ag an bpróiseáil sin ar an gceart chun príobháideachais agus ar an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint. Ní mór údar cuí a bheith leis chun cur isteach ar na cearta bunúsacha sin.
Maidir leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, lena n‑áirítear slándáil sonraí, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Níl aon mhaolú ar chóras cosanta sonraí an Aontais beartaithe agus ní mór do na Ballstáit rialacha soiléire, coinníollacha agus coimircí daingne a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais. Ní bhunaítear leis an Rialachán atá beartaithe bunachar sonraí Eorpach maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID‑19, tástáil COVID‑19 nó téarnamh ó COVID‑19. Chun críocha an Rialacháin atá beartaithe, ní gá sonraí pearsanta a chur san áireamh ach amháin sa deimhniú a eisíodh, deimhniú ar cheart é a chosaint ar fhalsú agus ar chrioscaíl.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Cumhdófar maoiniú na ngníomhaíochtaí lena dtacaítear leis an tionscnamh seo sa Ráiteas Airgeadais Reachtach arna thíolacadh leis an togra le haghaidh Rialachán (AE) 2021/XXX.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
In Airteagal 1 den togra tugtar tuairisc ar ábhar an Rialacháin atá beartaithe.
In Airteagal 2 déantar foráil maidir le teacht i bhfeidhm brostaithe an Rialacháin seo.
2021/0071 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le creat le haghaidh deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID‑19 agus le haghaidh fhíorú agus ghlacadh na ndeimhnithe sin (an Deimhniú Glas Digiteach)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(c) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Faoi acquis Schengen, náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a bhfuil cónaí orthu go dleathach san Aontas nó náisiúnaigh tríú tír a tháinig isteach go dleathach ar chríoch Ballstáit, féadfaidh siad taisteal faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát uile eile le linn thréimhse 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá.
(2)An 30 Eanáir 2020, d’fhógair Ard‑Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í i ngeall ar an ráig domhanda de choróinvíreas géarshiondróim throm riospráide 2 (SARS‑CoV‑2), arb é is cúis le coróinvíreas 2019 (COVID‑19). An 11 Márta 2020, rinne EDS an measúnú gur féidir COVID‑19 a shaintréithriú mar phaindéim.
(3)Chun srian a chur le leathadh an víris, tá bearta éagsúla glactha ag na Ballstáit, ina measc bearta a raibh tionchar acu ar thaisteal chuig críoch na mBallstát agus laistigh díobh, amhail srianta ar dhul isteach nó ceanglais ar thaistealaithe trasteorann coraintín a dhéanamh.
(4)An 13 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19.
(5)An 30 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/1632 ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh i limistéar Schengen mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 inar moladh do na Ballstáit atá faoi cheangal ag acquis Schengen na prionsabail, na critéir chomhchoiteanna, na tairsí comhchoiteanna agus creat comhchoiteann na mbeart a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle.
(6)Tá tionscnaimh seolta ag roinnt mhaith Ballstát nó tá sé beartaithe acu tionscnaimh a sheoladh chun deimhnithe vacsaínithe a eisiúint. Mar sin féin, ní mór na deimhnithe sin a bheith go hiomlán idir-inoibritheach, slán agus infhíoraithe chun an leas is éifeachtaí is féidir a bhaint astu i gcomhthéacs taistil trasteorann laistigh den Aontas. Teastaíonn cur chuige coiteann arna chomhaontú ag na Ballstáit maidir le hábhar, formáid, prionsabail agus caighdeáin theicniúla na ndeimhnithe sin.
(7)Tá daoine vacsaínithe á ndíolmhú ó shrianta taistil áirithe ag roinnt Ballstát cheana féin. I gcás ina nglacfaidh na Ballstáit le cruthúnas ar vacsaíniú chun srianta taistil a tharscaoileadh, srianta arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais agus ar mhaithe le teorainn a chur le leathadh COVID‑19, amhail ceanglais maidir le coraintín/féinleithlisiú nó tástáil ionfhabhtú SARS‑CoV‑2 a dhéanamh, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit sin glacadh le deimhnithe vacsaínithe bailí arna n‑eisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an togra le haghaidh Rialachán maidir le Deimhniú Glas Digiteach (COM(2021)/xxx). Ba cheart an glacadh sin a dhéanamh faoi na coinníollacha céanna, rud a chiallaíonn, mar shampla, i gcás ina measfaidh Ballstát gur leor dáileog aonair vacsaíne a thabhairt, ba cheart dó a dhéanamh amhlaidh i gcás sealbhóirí deimhnithe vacsaínithe a léiríonn dáileog aonair den vacsaín chéanna. Ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí, ba cheart an oibleagáid sin a theorannú do dhaoine a bhfuil vacsaín in aghaidh COVID‑19 faighte acu ar deonaíodh údarú margaíochta dó de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar na Ballstáit cinneadh a dhéanamh glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna n‑eisiúint le haghaidh vacsaíní eile in aghaidh COVID‑19, amhail vacsaíní ar dheonaigh údarás inniúil Ballstáit údarú margaíochta dóibh de bhun Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, vacsaíní ar ceadaíodh iad a dháileadh go sealadach de bhun Airteagal 5(2) de Threoir 2001/83/CE, nó vacsaíní ar tugadh Liostáil Úsáide Éigeandála EDS dóibh. Le Rialachán (AE) Uimh. 2021/xxxx an xx xx 2021, leagtar síos creat le haghaidh eisiúint, fhíorú agus ghlacadh na ndeimhnithe idir-oibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a bhaineann le COVID‑19 chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID‑19. Tá feidhm aige maidir le saoránaigh den Aontas agus maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh iad de shaoránaigh den Aontas.
(8)I gcomhréir le hAirteagail 19, 20 agus 21 den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, féadfaidh náisiúnaigh tríú tír a chumhdaítear faoi na forálacha sin taisteal faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát eile.
(9)Chun taisteal laistigh de chríocha na mBallstát a éascú le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an ceart chun an taistil sin acu, an creat le haghaidh eisiúint, fhíorú agus ghlacadh na ndeimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a bhaineann le COVID‑19, creat arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 2021/xxxx, ba cheart feidhm a bheith aige freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil cumhdaithe cheana féin faoin Rialachán sin, ar choinníoll go bhfuil siad ag fanacht go dleathach nó go bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch Ballstáit agus go bhfuil siad i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.
(10)Ní mór na deimhnithe sin a bheith go hiomlán idir-inoibritheach, slán agus infhíoraithe chun an leas is éifeachtaí is féidir a bhaint astu i gcomhthéacs an taistil trasteorann.
(11)Níor cheart an tuiscint a bhaint as an Rialachán seo gur Rialachán é lena n‑éascaítear nó lena spreagtar srianta ar an tsaorghluaiseacht, nó ar chearta bunúsacha eile, mar fhreagairt ar an bpaindéim. Sa bhreis air sin, aon ghá le deimhnithe a fhíorú arna bhunú ag Rialachán (AE) 2021/xxx, ní féidir leis sin a bheith ina údar le rialuithe teorann a chur i bhfeidhm arís go sealadach ag teorainneacha inmheánacha. Ba cheart seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a bheith ina rogha dheiridh i gcónaí, rud atá faoi réir rialacha sonracha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen).
(12)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme é.
(13)Is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Cé nach bhfuil Éire faoi réir an Rialacháin seo, chun taisteal laistigh den Aontas a éascú, d’fhéadfadh Éire deimhnithe a eisiúint freisin chuig náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach nó atá ag fanacht go dleathach ar a críoch, deimhnithe a chomhlíonann na ceanglais chéanna agus na cinn is infheidhme maidir leis an Deimhniú Glas Digiteach, agus d’fhéadfadh na Ballstáit glacadh leis na deimhnithe sin. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh Éire glacadh le deimhnithe arna n‑eisiúint ag Ballstáit chuig náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach nó atá ag fanacht go dleathach ar a gcríoch.
(14)Maidir leis an mBulgáir, leis an gCipir, leis an gCróit agus leis an Rómáin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.
(15)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle.
(16)Maidir leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle.
(17)Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle.
(18)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug siad tuairim an […],
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfidh na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/XXXX [Rialachán maidir le Deimhniú Glas Digiteach] i bhfeidhm maidir leis na náisiúnaigh tríú tír sin nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin ach a bhfuil cónaí orthu go dleathach nó atá ag fanacht go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán