An Bhruiséil,11.3.2021

COM(2021) 114 final

2021/0059(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcinneadh atá beartaithe ag Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo le cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an tSocraithe maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil (an 'Socrú') i ndáil le cinneadh atá beartaithe chun forálacha costais áitiúla an tSocraithe a leasú. Socraítear leo an céatadán uasta de luach an chonartha onnmhairiúcháin dá dtugtar tacaíocht a d'fhéadfadh a bheith comhdhéanta de tháirgí agus de sheirbhísí a fhaightear go háitiúil, i.e. an tír is ceann scríbe, seachas sa tír is onnmhaireoir nó i dtríú tír. Leis an gcinneadh atá beartaithe ardófaí an céatadán uasta sin, lena soláthraítear níos mó solúbthachta i gcomhréir le dálaí an mhargaidh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil

Is comhaontú oinigh é an Socrú idir an tAontas, na Stáit Aontaithe, Ceanada, an tSeapáin, an Chóiré, an Iorua, an Eilvéis, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Tuirc, a bhfuil sé mar aidhm dó creat a sholáthar d'úsáid ordúil creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil. Ciallaíonn sé sin, i gcleachtas, cothroime iomaíochta a bhunú (de bharr iomaíocht a bheith bunaithe ar phraghas agus ar cháilíocht na n‑earraí agus na seirbhísí a onnmhairítear agus gan a bheith bunaithe ar na téarmaí airgeadais a chuirtear ar fáil), agus ag an am céanna oibriú chun deireadh a chun deireadh a chur le fóirdheontais agus le saobhadh trádála a bhaineann le creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil. Tháinig an Socrú i bhfeidhm i mí Aibreáin 1978, is tréimhse éiginnte atá ann leis agus cé go bhfaigheann sé tacaíocht riaracháin ó Rúnaíocht ECFE, ní Gníomh de chuid ECFE é 1 .

Tá an Socrú faoi réir nuashonruithe rialta, an margadh airgeadais agus forbairtí beartais a dhéanann difear do sholáthar creidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil á gcur san áireamh. Foráiltear in Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 go mbeidh feidhm san Aontas ag na treoirlínte a leagtar amach sa Socrú, agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach iad ó thaobh dlí san Aontas Eorpach 3 . Ionchorpraítear athbhreithnithe ar théarmaí agus ar choinníollacha an tSocraithe i ndlí an Aontais trí bhíthin Gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo.

2.2.Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil

Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais i gcruinnithe Rannpháirtithe (na 'Rannpháirtithe') an tSocraithe, agus sna nósanna imeachta i scríbhinn le haghaidh cinnteoireacht ag Rannpháirtithe an tSocraithe freisin. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí maidir le leasuithe uile an tSocraithe. Glacann an Chomhairle seasamh an Aontais agus pléann na Ballstáit é i Meitheal na Comhairle um Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin 4 .

Foráiltear in Airteagal 62 den Socrú go "nDéanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú rialta ar fheidhmiú an tSocraithe. San athbhreithniú, déanfaidh na Rannpháirtithe scrúdú, inter alia, ar nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt, cur chun feidhme agus oibriú chóras an Ráta Lascaine Difreáilte, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le cabhair cheangailte, ceisteanna maidir le comhoiriúnú, ceangaltais roimh ré agus na féidearthachtaí maidir le rannpháirtíocht níos leithne sa Socrú".

2.3.Gníomh beartaithe Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil

Ag an 141ú Cruinniú de Rannpháirtithe an tSocraithe a bhí ar siúl i mí an Mheithimh 2019, phléigh na Rannpháirtithe dréacht‑togra an Aontais Eorpaigh chun tacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúla a mhéadú. Glacadh go maith leis an dréacht‑togra le freagraí dearfacha ó Rannpháirtithe eile, choinnigh toscaireacht amháin forchoimeádas maidir lena seasamh, áfach, agus d'iarr sí ar an Aontas tuilleadh faisnéise cúlra agus soiléirithe a chur ar fáil.

Ag an gcéad chruinniú eile a bhí ag Rannpháirtithe an tSocraithe i mí na Samhna 2019, pléadh arís tacaíocht oifigiúil a mhéadú le haghaidh costais áitiúla. Bhain an plé le leasuithe a d'fhéadfadh a dhéanamh ar an dréacht‑togra, inter alia imfhálú chlúdach an chostais áitiúil a chur ar fáil d'earnálacha nó do thíortha sonracha. Níor tháinig na Rannpháirtithe ar chomhthuiscint, áfach, agus cuireadh siar an plé go cruinnithe amach anseo. Ag an 144ú Cruinniú de Rannpháirtithe an tSocraithe a bhí ar siúl i mí an Mheithimh 2020, chuir an toscaireacht, nár thacaigh le dréacht‑togra an Aontais, síos frith‑thogra maidir le tacaíocht costais áitiúil. Ní bhfuair an togra seo tacaíocht ó Rannpháirtithe eile, ach tairgeadh réitigh chomhréitigh agus leasuithe chun na saincheisteanna a bhí fós gan réiteach a réiteach agus pléadh iad.

Rinne an tAontas athbhreithniú ar a dhréacht‑togra agus thug sé dá aire na tuairimí a cuireadh in iúl ag cruinnithe de Rannpháirtithe an tSocraithe roimhe seo agus chuir sé dréacht‑togra comhréitigh síos ag an 145ú cruinniú de na Rannpháirtithe a bhí ar siúl an 17 Samhain 2020. Mhol roinnt Rannpháirtithe mionleasuithe ar an dréacht‑togra comhréitigh. Tar éis roinnt plé a dhéanamh, chuir na Rannpháirtithe go léir in iúl go dtacaíonn siad leis an dréacht‑togra comhréitigh ina bhfuil na leasuithe atá molta. Ní mór do Rannpháirtithe an tSocraithe cinneadh a ghlacadh maidir le dréacht‑togra comhréitigh an Aontais trí nós imeachta i scríbhinn.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Tá príomhphrionsabail maidir le tacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúla leagtha amach in Airteagal 10 den Socrú. Leagtar síos ann nach bhféadfaidh tacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúla dul thar 30 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin (ábhar náisiúnta agus soláthar tríú tír). Tugadh na forálacha sin isteach in 2006, nuair a méadaíodh uasleibhéal na tacaíochta oifigiúla ó 15 % go 30 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin. Sna deicheanna de bhlianta beaga anuas, tá athrú suntasach tagtha ar phatrúin trádála agus táirgthe dhomhanda. Le teacht chun cinn slabhraí luacha domhanda, athraíodh an chaoi a bhfaigheann onnmhaireoirí soláthar: maidir le cuideachtaí a mbíodh a dtáirgeadh go príomha i dtír amháin, cuireann siad anois barrfheabhas ar a bhfoinsiú ar bhonn cost‑éifeachtúlachta agus infhaighteachta geografaí agus is minic táirge críochnaithe amháin mar thoradh ar línte déantúsaíochta agus cóimeála i dtíortha éagsúla. Tá níos mó solúbthachta ó thaobh costais áitiúla de á iarraidh le fada ag tionscal onnmhairiúcháin an Aontais. Forchuirtear leis an teorainn reatha ar thacaíocht costais áitiúil míbhuntáiste iomaíochta ar onnmhaireoirí an Aontais i ndáil le honnmhaireoirí i dtíortha nach bhfuil faoi cheangal ag an Socrú.

Chiallódh an cinneadh atá beartaithe maidir le tacaíocht oifigiúil a mhéadú le haghaidh costais áitiúla go n‑ardófaí an t‑uasleibhéal costais áitiúil go 40 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin i dtíortha ardioncaim 5 (catagóir tíre I sa Socrú) agus go 50 % i dtíortha meánioncaim agus ísealioncaim (catagóir tíre II sa Socrú). Dhéanfaí na forálacha maidir le costas áitiúil sa tuiscint ar chreidmheasanna onnmhairiúcháin le haghaidh fuinnimh in‑athnuaite, maolú agus oiriúnú na hathraithe aeráide, agus tionscadail uisce a ailíniú le forálacha costais áitiúla i gcorp an tSocraithe. Thairis sin, chuirfí clásal athbhreithnithe leis an Socrú, clásal lena bhforáiltear maidir le hathbhreithniú a dhéanamh trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha nua maidir le costais áitiúla.

Moltar, áfach, gurb é seasamh an Aontais an cinneadh atá beartaithe ag Rannpháirtithe an tSocraithe a fhormheas tríd an nós imeachta i scríbhinn chun an tacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúla a mhéadú.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

Foráiltear in Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do chinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’ 6 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is féidir leis an ngníomh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar ábhar reachtaíocht an Aontais, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle. Is é is cúis leis sin go sonraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo go "glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 3 chun Iarscríbhinn II a leasú mar thoradh ar leasuithe ar na treoirlínte arna gcomhaontú ag Rannpháirtithe an tSocraithe".

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá á mholadh.

4.3.Conclúid

Ba cheart an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atáthar a bheartú.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar an Socrú le cinneadh atá beartaithe ó na Rannpháirtithe, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2021/0059 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcinneadh atá beartaithe ag Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don chéad fhomhír d'Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil (an 'Socrú') ceangailteach san Aontas Eorpach ó thaobh an dlí de i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil agus lena naisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle  7 .

(2)Chomhaontaigh rannpháirtithe (na 'Rannpháirtithe') an tSocraithe, le linn a 145ú cruinniú an 17 Samhain 2020, cinneadh a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn, cinneadh lena modhnaítear an Socrú chun an tacaíocht oifigiúil a mhéadú le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin i bhfoirm costais áitiúla.

(3)Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an gcinneadh atá le glacadh ag Rannpháirtithe an tSocraithe trí nós imeachta i scríbhinn, toisc go bhféadfaidh an cinneadh atá beartaithe tionchar cinntitheach a bheith aige ar ábhar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011.

(4)Ba cheart leis an gcinneadh atá beartaithe chun an tacaíocht oifigiúil a mhéadú le haghaidh costais áitiúla na forálacha maidir le tacaíocht costais áitiúil sa Socrú a chur in oiriúint do phatrúin trádála agus táirgthe atá i réim. Athraíodh cinntí foinsithe na nonnmhaireoirí de bharr slabhraí luacha domhanda agus faigheann an chuid is mó de na honnmhaireoirí soláthar anois ó thíortha éagsúla agus tá méadú ag teacht de réir a chéile ar an méid a dhéantar sin ón áit ina bhfuil an ceannaitheoir suite. Chun níos mó solúbthachta a chur ar fáil d'onnmhaireoirí an Aontais agus gur féidir straitéisí foinsithe barrfheabhsaithe a bheith ann, ba cheart an uasteorainn ar thacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúla a ardú ó 30 % go 40 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin i dtíortha ardioncaim agus ó 30 % go 50 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin i dtíortha meánioncaim agus ísealioncaim,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i nós imeachta i scríbhinn de chuid Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil maidir leis an gcinneadh atá beartaithe tacaíocht oifigiúil do chostais áitiúla a mhéadú.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo ar an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Mar a shainmhínítear in Airteagal 5 de Choinbhinsiún ECFE.
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326,8.12.2011, lch. 45).
(3)    San am a chuaigh thart, trasuíodh leaganacha níos luaithe de Shocrú ECFE i ndlí an Aontais trí Chinntí ón gComhairle.
(4)    Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Grúpa Comhordaithe Beartais um Árachas Creidmheasa, Ráthaíochtaí Creidmheasa agus Creidmheasanna Airgeadais (IO 66, 27.10.1960, lch. 1339).
(5)    Mar a shainmhínítear ag an Banc Domhanda, ar bhonn bliantúil de réir OIN per capita.
(6)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a dtacaítear leo go hoifigiúil agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45) ('Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011').

An Bhruiséil,11.3.2021

COM(2021) 114 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcinneadh atá beartaithe ag Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear leo go hOifigiúil


IARSCRÍBHINN

TOGRA

CAIBIDIL II: TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN

11.ÉARLAIS, TACAÍOCHT OIFIGIÚIL UASTA AGUS COSTAIS ÁITIÚLA

d)Féadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil a sholáthar le haghaidh costais áitiúla faoi na coinníollacha seo a leanas:

1)Ní sháróidh uasmhéid na tacaíochta oifigiúla le haghaidh costais áitiúla:

Le haghaidh tíortha de Chatagóir I, 40 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin.

Le haghaidh tíortha de Chatagóir II, 50 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin.

2)Ní sholáthrófar tacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúla ar théarmaí is fabhraí/is lú srian ná na téarmaí a comhaontaíodh i gcás na nonnmhairí lena mbaineann.

3)I gcás ina sáróidh tacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúla 15 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin, beidh an tacaíocht oifigiúil sin faoi réir fógra a thabhairt roimh ré, de bhun Airteagal 48, lena sonraítear cineál na gcostas áitiúil a bhfuiltear ag tacú leo.

65.ATHBHREITHNIÚ AR THACAÍOCHT OIFIGIÚIL LE hAGHAIDH COSTAIS AITIÚLA

Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar na forálacha maidir le tacaíocht le haghaidh costais áitiúla tráth nach déanaí ná 3 bliana ón bhformheas foirmiúil.

IARSCRÍBHINN IV den Socrú

AN COMHAONTÚ EARNÁLA MAIDIR LE CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN LE hAGHAIDH AN FHUINNIMH IN‑ATHNUAITE, AN MHAOLAITHE AR AN ATHRÚ AERÁIDE AGUS AN OIRIÚNAITHE DON ATHRÚ SIN, AGUS TIONSCADAIL UISCE

7. COSTAIS ÁITIÚLA

a)Le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a bhaineann le conarthaí ar luach 10 milliún CTS ar a laghad, ní sháróidh tacaíocht oifigiúil arna soláthar le haghaidh costas áitiúil 30 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin.

b)Le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a bhaineann le conarthaí ar lú a luach ná 10 mhilliún CTS:

1)Le haghaidh na nearnálacha atá liostaithe i bhFoscríbhinn I den Comhaontú Earnála seo, ní sháróidh tacaíocht oifigiúil arna soláthar le haghaidh costas áitiúil 45 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin.

2)Le haghaidh na nearnálacha atá liostaithe i bhFoscríbhinn II agus maidir le tionscadail uisce a shainítear in Airteagal 4 den Chomhaontú Earnála seo, ní sháróidh tacaíocht oifigiúil arna soláthar le haghaidh costas áitiúil 30 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin.

c)I gcás ina sáraíonn tacaíocht oifigiúil le haghaidh costais áitiúil 15 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin, beidh tacaíocht oifigiúil den sórt sin faoi réir fógra a thabhairt roimh ré, de bhun Airteagal 8 den Chomhaontú Earnála seo, lena sonraítear cineál na gcostas áitiúil atá á dtacú.