An Bhruiséil,22.2.2021

COM(2021) 74 final

2021/0040(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir le hIarscríbhinn 6, Cuid II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir leis na difríochtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu do ICAO a mhéid a bhaineann le Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6 – Oibriú Aerárthaí, Cuid II – Eitlíocht Ghinearálta Idirnáisiúnta – Eitleáin i réimse chomhchuibhiú na dtéarmaí le haghaidh údaruithe, glacadh agus formheasanna chuig an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta arna glacadh ag Comhairle ICAO sa 219ú seisiún dá chuid agus a fhoilsítear i Litir Stáit AN 11/6.3.21-20/31 ó ICAO.

2.COMHTHÉACS AN TOGRA

2.1.An Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

Is é is aidhm don Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) rialú a dhéanamh ar an aeriompar idirnáisiúnta. An 4 Aibreán 1947 a tháinig Coinbhinsiún Chicago i bhfeidhm, agus is leis a bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

Tá na Ballstáit go léir ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chicago.

2.2.An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta

Is gníomhaíocht speisialaithe de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. Tá sé d’aidhm agus de chuspóir ag an Eagraíocht prionsabail agus teicnící na haerloingseoireachta idirnáisiúnta a fhorbairt, agus pleanáil agus forbairt an aeriompair idirnáisiúnta a chothú.

Is comhlacht buan de chuid ICAO í Comhairle ICAO, comhlacht a bhfuil 36 stát chonarthacha ina gcomhaltaí ann, agus is é Comhthionól ICAO a thoghann na Stáit chonarthacha sin ar feadh tréimhse trí bliana. Tá ionadaithe ó sheacht mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh ar Chomhairle ICAO le haghaidh na tréimhse 2019-2022.

I measc na bhfeidhmeanna éigeantacha atá ar Chomhairle ICAO, feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, tá glacadh na gcaighdeán idirnáisiúnta agus na gcleachtas molta, dhá rud a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

Tar éis ghlacadh na mbeart sin, ní mór do Stáit ICAO fógra míshástachta a thabhairt, sin nó fógra faoi aon difríocht a bheidh ann, nó fógra maidir leis an gcomhlíonadh a dhéanfaidh siad ar na bearta sula dtagann siad i bhfeidhm agus sula mbíonn siad ceangailteach ó thaobh dlí de.

De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát a leithéid de chaighdeán nó de nós imeachta idirnáisiúnta a chomhlíonadh ar gach bealach, sin nó más dofheidhmithe dó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur ar comhréir iomlán maidir lena leithéid de chaighdeán nó de nósanna imeachta idirnáisiúnta, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá difriúil ar dhóigh ar bith leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tabharfaidh an Stát sin fógra láithreach don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta faoi na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.

2.3.Na gníomhartha a glacadh le linn an 219ú seisiún de chuid Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus an gaol atá acu le rialacha reatha an Aontais

Le linn an 219ú seisiún de chuid Chomhairle ICAO, glacadh roinnt leasuithe ar chuid mhaith Leasuithe ar Iarscríbhinní éagsúla a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II ina measc. I Litir Stáit AN 11/6.3.21-20/31 ó ICAO ina gcuirtear Stáit Chonarthacha ICAO ar an eolas faoi ghlacadh an Leasaithe, iarrtar ar na Stáit go háirithe i gcomhréir lena n‑oibleagáidí faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago fógra a thabhairt do ICAO faoi aon difríocht a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Le togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle 1 , tugtar aghaidh, i bpáirt, ar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag ICAO a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí, i measc nithe eile, maidir le hIarscríbhinn 6, Cuid II, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a eascraíonn ó Leasú 37. De thoradh an scrúdaithe breise a rinne Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ar na difríochtaí féideartha a bhaineann le SARPanna i gcomparáid le acquis an Aontais Eorpaigh, ba ghá difríocht bhreise a thabhairt, a deascair ó Leasú 37, i réimse chomhchuibhiú na dtéarmaí le haghaidh údaruithe, glacadh agus formheasanna (AAA).

2.3.1.Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6 – Oibriú Aerárthaí, Cuid II – Eitlíocht Ghinearálta Idirnáisiúnta – Eitleáin

2.3.1.1.    Comhchuibhiú na dtéarmaí le haghaidh údaruithe, glacadh agus formheasanna (AAA)

Ní bhaintear úsáid chomhsheasmhach as na téarmaí údarú, glacadh agus formheas i bhforálacha Iarscríbhinn 6. Is minic nach mbíonn an leibhéal údaraithe a cheanglaítear soiléir ó théacs reatha na hIarscríbhinne.

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus soiléireacht a bhaint amach, forfheidhmíodh teanga chaighdeánaithe le haghaidh na bhforálacha ar gá formheas sonrach ina leith. Leasaíodh an treoir sna ceangaltáin a ghabhann le gach cuid d’Iarscríbhinn 6 chun na míreanna a shoiléiriú atá faoi réir formheas sonrach seachas leibhéil údaraithe eile. Áirítear sa Leasú seo an sainmhíniú ar ‘formheas sonrach’ agus an t‑athrú ar an sainmhíniú ar ‘sonraíochtaí oibríochtaí’ chun tagairt a dhéanamh don sainmhíniú nua sin.

2 Na sainmhínithe arsonraíochtaí oibríochtaí agusformheasanna sonracha, ní áirítear i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 iad. Mar sin féin, tá an bhrí chéanna leis na téarmaí sin.

Le Leasú 37, tugadh isteach an ceanglas maidir le formheas sonrach málaí eitilte leictreonacha (EFB) nuair a úsáidtear in oibríochtaí ginearálta eitlíochta iad. Is difríocht é sin i gcomparáid le reachtaíocht an Aontais toisc nach gceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 formheas sonrach a bheith ag oibreoirí neamhthráchtála a bhfuil aerárthaí acu atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha (NCC) agus oibreoirí neamhthráchtála a bhfuil aerárthaí acu atá á gcumhachtú le mótair nach bhfuil chomh casta sin (NCO) agus iarratais de Chineál B EFB á n‑úsáid acu. Déanfar measúnú ar na hathruithe comhfhreagracha in SARPanna 2.4.17 le linnThasc Ceaptha Rialacha RMT.0668 de chuid EASA Nuashonrú tráthrialta ar na rialacha maidir le hOibríochtaí Aeir.

Maidir leis na hathruithe eile a tugadh isteach, ní dhéanann siad leibhéal cur chun feidhme na gcaighdeán sin a mhodhnú toisc go gcumhdaítear cheana féin iad le rialacha an Aontais Eorpaigh.

Cuirfidh na Ballstáit difríocht in iúl do SARP 2.4.17 maidir le formheas sonrach do EFB.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

3.1.Na difríochtaí ar gá fógra a thabhairt fúthu

Le linn an 219ú seisiún de Chomhairle ICAO, a bhí ar siúl an 2 Márta go dtí an 20 Márta 2020, glacadh roinnt Leasuithe ar Iarscríbhinní éagsúla a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, i réimsí na sábháilteachta, an chomhshaoil agus na haerloingseoireachta. Bhí Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II i measc na leasuithe sin a glacadh.

Is faoi réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais a thagann Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II, agus, dá bhrí sin, tá sé faoi inniúlacht eisiach sheachtrach an Aontais. Taispeántar go mion san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle an difríocht is gá fógra a thabhairt ina leith do ICAO.

Sa chomhthéacs sin, ag féachaint do reachtaíocht ábhartha an Aontais, is é an seasamh atá le glacadh thar ceannan Aontais na difríochtaí a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago mar a leagtar amach sa togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú 3 .

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 4 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í Comhairle ICAO a bunaíodh de chomhaontú, mar atá an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’).

I gcomhréir le hAirteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, glacann Comhairle ICAO na Caighdeáin idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta, mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Bíonn éifeachtaí dlíthiúla leis na gníomhartha sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí dlíthiúla áirithe na ngníomhartha sin ag brath ar fhógra faoi dhifríochtaí a chur isteach, agus ar théarmaí na bhfógraí sin. Dá bhrí sin, is faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE a ghlactar seasamh an Aontais maidir le fógraí den sórt sin.

Na difríochtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu mar fhreagra ar Litir Stáit AN 11/6.3.21-20/31 ó ICAO, tá feidhm acu i dtaca leis na héifeachtaí dlíthiúla atá ag na caighdeáin arna mbunú faoi Choinbhinsiún Chicago.

Tagann na héifeachtaí dlíthiúla sin faoi réimse a chumhdaítear le rialacha an Aontais, eadhon Rialachán (AE) 2018/1139 5 agus Rialachán (AE) 965/2012 ón gCoimisiún 6 . Ciallaíonn sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de CFAE, go bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas i leith an ábhair sin.

Leis an ngníomh a glacadh ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh a glacadh agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh a glacadh nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh a glacadh leis an gcomhbheartas iompair.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE bunús dlí substainteach an nós imeachta don chinneadh atáthar a bheartú.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, an bunús dlí atá leis an gCinneadh ón gComhairle atáthar a bheartú



2021/0040 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir le hIarscríbhinn 6, Cuid II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.

(2)Is stáit chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit agus is comhaltaí de ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach i gcomhlachtaí áirithe ICAO. Tá ionadaithe ó sheacht mBallstát i gComhairle ICAO.

(3)De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO Caighdeáin idirnáisiúnta agus Cleachtais Mholta (SARPanna) a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(4)De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát aon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh go hiomlán, nó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán le haon chaighdeán nó aon nós imeachta idirnáisiúnta den sórt sin, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar aon dóigh leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tabharfaidh an Stát sin fógra láithreach do ICAO faoi na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.

(5)Le linn an 219ú seisiún de chuid Chomhairle ICAO, a bhí ar siúl an 2 Márta go dtí an 20 Márta 2020, ghlac Comhairle ICAO roinnt leasuithe ar Iarscríbhinní éagsúla a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, i réimsí na sábháilteachta, an chomhshaoil agus na haerloingseoireachta, lena náirítear Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II. I Litir Stáit AN 11/6.3.21-20/31 ó ICAO ina gcuirtear Stáit Chonarthacha ICAO ar an eolas faoi ghlacadh Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, iarrtar ar na Stáit, de bhun a noibleagáidí faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago fógra a thabhairt do ICAO faoi aon difríocht a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

(6)Is faoi réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais a thagann Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a ghlac Comhairle ICAO, agus, dá bhrí sin, tá sé faoi inniúlacht eisiach sheachtrach an Aontais. Tagann an leasú sin faoi réimse a chumhdaítear le Rialachán (AE) 965/2012 7 .

(7)Sa chás sin, is é Airteagal 37 is cúis leis an imeacht ó Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. Ní áirítear sa Rialachán sin na sainmhínithe ar ‘sonraíochtaí oibríochtaí’ agus ‘formheasanna sonracha’. Mar sin féin, tá an bhrí chéanna leis na téarmaí sin agus atá leo i gCoinbhinsiún Chicago. Thairis sin, tugadh isteach le leasú 37 an ceanglas maidir le formheas sonrach málaí eitilte leictreonacha (EFB) nuair a úsáidtear in oibríochtaí ginearálta eitlíochta iad, agus is difríocht é sin i gcomparáid le Rialachán (AE) 965/2012.

(8)Dá thoradh sin, cheanglófaí le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago go dtabharfadh Ballstáit an Aontais fógra faoi dhifríochtaí mar fhreagra ar Litir Stáit AN 11/6.3.21-20/31 ó ICAO i réimse chomhchuibhiú na dtéarmaí le haghaidh údaruithe, glacadh agus formheasanna (AAA), is é sin, fógra a thabhairt faoi na difríochtaí leis na SARPanna nua a eascraíonn ó Iarscríbhinn 37 a glacadh ag an 219ú seisiún de chuid Chomhairle ICAO i ndáil le hIarscríbhinn 6, Cuid II, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.

(9)Na difríochtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu mar fhreagra ar Litir Stáit AN 11/6.3.21-20/31 ó ICAO, tá feidhm acu i dtaca leis na héifeachtaí dlíthiúla atá ag na caighdeáin arna mbunú faoi Choinbhinsiún Chicago.

(10)Is iomchuí, dá bhrí sin, seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais mar fhreagra ar Litir Stáit AN 11/6.3.21-20/31 ó ICAO, toisc go bhféadfaidh glacadh Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, arna eisiúint ag ICAO, tionchar cinntitheach a bheith aige ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún 8 . Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag Ballstáit an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais mar fhreagra ar Litir Stáit AN 11/6.3.21-20/31 maidir le glacadh Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II, arna eisiúint ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

An seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, is seasamh é a gcuirfidh Ballstáit uile an Aontais in iúl.

Airteagal 3

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Togra COM(2020) 649 ón gCoimisiún, le haghaidh Cinneadh ón gComhairle, tá an glacadh ar feitheamh ag an gComhairle
(2)     Rialachán (AE) Uimh 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(3)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 64.
(4)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(5)    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
(6)     Rialachán (AE) Uimh 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(7)     Rialachán (AE) Uimh 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(8)     Rialachán (AE) Uimh 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

An Bhruiséil,22.2.2021

COM(2021) 74 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir le hIarscríbhinn 6, Cuid II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta







IARSCRÍBHINN

Difríochtaí ar gá fógra a thabhairt fúthu don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i leith Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6 – Oibriú Aerárthaí, Cuid II – Eitlíocht Ghinearálta Idirnáisiúnta – Eitleáin a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago

1.Na difríochtaí ar gá fógra a thabhairt fúthu

Le linn an 219ú seisiún, a bhí ar siúl an 2 go 20 Márta 2020, ghlac Comhairle ICAO roinnt Leasuithe ar Iarscríbhinní éagsúla a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago i réimsí na sábháilteachta, an chomhshaoil agus na haerloingseoireachta, lena náirítear, Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II.

Sa chomhthéacs sin, ag féachaint do reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, tabharfar fógra do ICAO mar seo a leanas faoin difríocht a bhaineann le Leasú 37, Cuid II, d’Iarscríbhinn 6 maidir le hOibríochtaí Aerárthaí i réimse chomhchuibhiú na dtéarmaí le haghaidh údaruithe, glacadh agus formheasanna (AAA).

2.Sonraí na nDifríochtaí a dtabharfar fógra fúthu

2.1.Leasú 37 ar Chuid II d’Iarscríbhinn 6 maidir le hOibríochtaí Aerárthaí

2.1.1.Tuairisc

Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6 Cuid II atá faoi réir an Chinnidh seo, baineann sé le comhchuibhiú na dtéarmaí le haghaidh údaruithe, glacadh agus formheasanna  (AAA).

2.1.2.Dlí ábhartha an Aontais

Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún 1

2.1.3.Tábla na ndifríochtaí a dtabharfar fógra ina leith maidir le Leasú 37 a ghabhann le Cuid II d’Iarscríbhinn 6 i réimse chomhchuibhiú na dtéarmaí le haghaidh údaruithe, glacadh agus formheasanna

Foráil Iarscríbhinne

Catagóir difríochtaí

Sonraí difríochta

Barúlacha

2.4.17.2.2

C

Níor cuireadh chun feidhme.

Déanfaidh EASA anailís ar an bhféidearthacht maidir leis na rialacha lena mbaineann a ionchorpú i ngníomh de chuid an Aontais Eorpaigh (comhad RMT.0392) agus tuairisceoidh sé don Choimisiún.

2.4.17.2.3

C

Níor cuireadh chun feidhme

Déanfaidh EASA anailís ar an bhféidearthacht maidir leis na rialacha lena mbaineann a ionchorpú i ngníomh de chuid an Aontais Eorpaigh (comhad RMT.0392) agus tuairisceoidh sé don Choimisiún.

(1) IO L 296 25.10.2012 lch. 1.