An Bhruiséil,16.2.2021

COM(2021) 72 final

2021/0037(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

D’údaraigh an Chomhairle, ar bhonn an mholta ón gCoimisiún Eorpach, don Choimisiún Eorpach caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Comhaontú idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus maidir le Prótacal ina leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais. Ag deireadh na caibidlíochta, chuir na hidirbheartaithe a n‑inisealacha ar an gComhaontú agus an Prótacal an 11 Eanáir 2021. Leis an gComhaontú nua déantar an Comhaontú a bhí ann cheana agus a tháinig i bhfeidhm an 28 Meitheamh 2007 a aisghairm agus a ionadú 1 ; cumhdaítear leis tréimhse sé bliana (2021-2026) ó dháta a chur i bhfeidhm shealadaigh, ar féidir é a athnuachan trí chomhaontú intuigthe. Leis an bPrótacal nua cumhdaítear tréimhse ceithre bliana (2021-2024) a leagtar síos in Airteagal 15 ón dáta cur chun feidhme shealadaigh arb é sin an dáta ar a síneoidh na páirtithe é, agus féadfar an tréimhse a fhadú dhá bhliain má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.

Is é is cuspóir don togra seo go n‑údaróidh an Chomhairle síniú agus cur chun feidhme sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh (FPA) idir an tAontas Eorpach agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas na Graonlainne 2 an 28 Meitheamh 2007 agus tháinig sé i bhfeidhm an 2 Samhain 2007 go ceann tréimhse sé bliana. Déantar an comhaontú a athnuachan gach sé bliana agus tharla an fadú deireanach an 1 Eanáir 2019. Ar an mbonn sin, tháinig an Prótacal a ghabhann le FPA cúig bliana atá ann cheana 3 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2016 4 (a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2020) agus bunaítear leis deiseanna iascaireachta do chabhlach an Aontais agus an ranníocaíocht airgeadais atá le híoc ag an Aontas agus longúinéirí an Aontais.

Saothraítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe (SFPA) tosaíochtaí an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe 5 , agus a ghné sheachtrach, 6 d’fhonn leanúint den chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge i réimse an iascaigh agus í a threisiú.

Is é is aidhm don Phrótacal deiseanna iascaireachta a thabhairt do shoithigh an Aontais in uiscí na Graonlainne, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil agus lena n‑urramaítear moltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) agus an Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC). Bhunaigh an Coimisiún a sheasamh, i bpáirt, ar thorthaí na meastóireachta ar an gComhaontú agus an Prótacal a bhí ann cheana agus ar mheastóireacht réamhbhreathnaitheach i dtaobh ar cheart Comhaontú agus Prótacal a thabhairt i gcrích. Cumasaítear leis an bPrótacal don Aontas Eorpach agus don Ghraonlainn comhoibriú i gcomhar níos dlúithe chun saothrú fónta acmhainní iascaigh in uiscí na Graonlainne a chur chun cinn agus tacú le hiarrachtaí Rialtas na Graonlainne a earnáil iascaigh a fhorbairt chun leasa an dá Pháirtí.

Is iad na speicis a chumhdaítear leis an bPrótacal nua ná Trosc, Péirsí Mara Peiligeacha, Péirsí Mara Grinnill, haileabó Graonlannach, Séacla Artach, Gránádóir, Caibeallán agus Ronnach. Leis an bPrótacal nua, cuirtear deiseanna iascaireachta ar fáil do 12 shoitheach. Tá leas díreach iascaireachta ag sé Bhallstát de chuid an Aontais sa Phrótacal nua, eadhon an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Pholainn, an Liotuáin agus an tSualainn agus, ar leibhéal níos ísle, an Spáinn agus an Phortaingéil.

Ar an taobh eile de, cuirfear ar fáil le buiséad an Aontais Eorpaigh cúiteamh airgeadais bliantúil EUR 16 521 754 don Ghraonlainn agus cuirfear EUR 2 931 000 den mhéid sin i leataobh chun tacú le beartas iascaigh na Graonlainne.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis a chaibidliú, is cuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh an méid sin a bhaineann le Tíortha agus Críocha thar lear (OCTanna).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is éard atá sa bhunús dlí Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh agus Airteagal 218(6)(a)(v) agus (7) CFAE maidir le comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha agus an deis atá ann údarú a thabhairt don idirbheartaí formheas a dhéanamh thar ceann an Aontais ar mhodhnuithe ar an gcomhaontú a ghlacfar le nós imeachta simplithe nó le comhlacht a chuirfear ar bun leis an gcomhaontú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

Comhréireacht

Tá an togra comhréireach leis an gcuspóir maidir le creat rialachais dhlíthiúil, comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí an Aontais in uiscí tríú tíortha, mar a leagtar amach in Airteagal 31 den Rialachán lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh. Tá sé i gcomhréir leis na forálacha sin chomh maith leis na forálacha maidir le cúnamh airgeadais do thríú tíortha a leagtar síos in Airteagal 32 den Rialachán sin.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh an mheastóireacht ex post le linn na tréimhse Aibreán go Lúnasa 2019. Chuathas i gcomhairle leis na geallsealbhóirí le linn na meastóireachta ex post ar an bPrótacal i ndáil leis an tréimhse 2016-20. Chuathas i gcomhairle le saineolaithe na mBallstát freisin i gcruinnithe teicniúla. De thoradh na gcomhairliúchán sin, thángthas ar an gconclúid go mbeadh sé tairbhiúil an Prótacal le Rialtas na Danmhairge agus Rialtas na Graonlainne a athnuachan. Is iad na príomhchúiseanna gur measadh go mbeadh tairbhe ag baint leis an bPrótacal a athnuachan, ar thaobh amháin, toisc go bhfuil an comhaontú comhpháirtíochta iascaigh (FPA) agus an Prótacal an-ábhartha ó thaobh riachtanais an Aontais i dtéarmaí rochtain a chur ar fáil do chabhlach an Aontais agus tacú leis an gcomhar eolaíoch agus an saothrú inbhuanaithe agus ar an taobh eile, toisc go bhfuil an comhaontú ábhartha do Rialtas na Graonlainne i dtéarmaí comhar leis an Aontas.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar chuid den mheastóireacht chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, le hionadaithe ar an tionscal, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta idirnáisiúnta agus ionadaithe ar shochaí shibhialta na Graonlainne. Rinneadh comhairliúcháin freisin i gcomhthéacs na Comhairle Comhairlí Fadraoin.

Bailiú agus úsáid saineolais

D’úsáid an Coimisiún comhairleoir neamhspleách le haghaidh na meastóireachtaí ex post agus ex ante, i gcomhréir le forálacha Airteagal 31 (10) den Rialachán lena mbunaítear an Comhbheartas Iascaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá ranníocaíocht airgeadais bhliantúil EUR 16 521 754 an Aontais bunaithe ar:

a) méid bliantúil a íoctar as rochtain ar acmhainní iascaigh le haghaidh na gcatagóirí dá bhforáiltear sa Phrótacal arna shocrú ag EUR 13 590 754 ar feadh thréimhse an Phrótacail;

b) tacaíocht le haghaidh fhorbairt beartais iascach earnálach na Graonlainne arb é atá inti EUR 2 931 000 ar feadh thréimhse an Phrótacail. Comhlíonann an tacaíocht sin cuspóirí bheartas náisiúnta na Graonlainne maidir le bainistiú inbhuanaithe a n‑acmhainní iascaigh muirí ar feadh thréimhse iomlán an Phrótacail.

Bunaítear an méid bliantúil maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe íocaíochta le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, lena n‑áirítear an líne chúltaca le haghaidh prótacal nár tháinig i bhfeidhm go fóill ag tús na bliana. 7

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Foráiltear maidir leis na socruithe faireacháin sa Phrótacal lena gcuirtear an Comhaontú Compháirtíochta chun feidhme.

2021/0037 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) agus (7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 8 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Comhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe a chaibidliú idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (‘Comhaontú Comhpháirtíochta’) agus rinne sé Prótacal Cur Chun Feidhme nua a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta a chaibidliú freisin.

(2)Cuireadh inisealacha leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus leis an bPrótacal Cur Chun Feidhme an 11 Eanáir 2021 ag deireadh na caibidlíochta sin.

(3)Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, aisghairtear an Comhaontú a bhí ann roimhe sin, ar Chomhaontú é a tugadh i gcrích idir an Comhphobal Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Dúchais na Graonlainne, den pháirt eile agus a tháinig i bhfeidhm an 28 Meitheamh 2007.

(4)(4)I gcomhréir le Cinneadh 2021/…/AE ón gComhairle 9 , síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta nua agus an Prótacal Cur Chun Feidhme nua an… [cuir isteach dáta an tsínithe].

(5)Tá an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal Cur Chun Feidhme á gcur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a sínithe.

(6)Ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.

(7)Le hAirteagal 12 den Chomhaontú, bunaítear an Comhchoiste a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 7 den Phrótacal, féadfaidh an Comhchoiste leasuithe áirithe ar an bPrótacal a fhormheas. D’fhonn formheas na leasuithe sin a éascú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha, na leasuithe sin a fhormheas faoi nós imeachta simplithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (dá ngairtear ‘an Prótacal’ anseo feasta) a fhormheas thar ceann an Aontais.

Cuirtear i gceangal leis an gCinneadh seo téacs an Chomhaontaithe agus an Phrótacail mar Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

I gcomhréir leis na forálacha agus na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na leasuithe ar an bPrótacal a fhormheas, prótacal a ghlac an Comhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 12 den Chomhaontú.

Airteagal 3

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus in Airteagal 14 den Phrótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 10  

11 – Gnóthaí muirí agus iascach

11.03 – Ranníocaíochtaí éigeantacha le heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le comhaontuithe iascaigh inbhuanaithe eile (SFAnna)

11.03.01 – Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 11  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Trí chaibidlíocht a dhéanamh ar na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (SFPAnna) le tríú tíortha agus iad a thabhairt i gcrích, comhlíontar an cuspóir ginearálta maidir le rochtain a thabhairt do shoithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh ar limistéir iascaireachta tríú tíortha agus comhpháirtíocht a fhorbairt leis na tíortha sin d’fhonn saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh a neartú lasmuigh d’uiscí an Aontais Eorpaigh.

Leis na SFPAnna, áirítear freisin comhsheasmhacht idir na prionsabail lena rialaítear an Comhbheartas Iascaigh agus na gealltanais a rinneadh faoi bheartais Eorpacha eile (úsáid inbhuanaithe acmhainní tríú tíortha, an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe (NNN), comhtháthú na dtíortha comhpháirtíochta sa gheilleagar domhanda, agus rialachas polaitiúil agus airgeadais níos fearr ar iascaigh).

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir Sonrach Uimh. 1

Cur le hiascaireacht inbhuanaithe in uiscí nach bhfuil san Aontas, láithreacht an Aontais a chothabháil in iascaigh i bhfarraigí i bhfad i gcéin agus leasanna earnáil iascaigh an Aontais agus tomhaltóirí a chosaint trí chaibidlíocht agus SFPAnna a thabhairt i gcrích le stáit chósta, i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe agus a Phrótacail Cur Chun Feidhme féadtar leanúint den chomhpháirtíocht iascach straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn agus í a threisiú. Le tabhairt i gcrích an Phrótacail, cruthófar deiseanna iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais i limistéar iascaireachta na Graonlainne.

Leis an gComhaontú agus an Prótacal, is fearr a dhéanfar na hacmhainní iascaigh a bhainistiú agus a chaomhnú, trí thacaíocht airgeadais (tacaíocht earnála) a chur ar fáil chun cláir arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta ag an tír chomhpháirtíochta a chur chun feidhme, go háirithe chun faireachán, rialú agus faireachas a atreisiú.

Ar deireadh, rannchuideoidh an Comhaontú agus an Prótacal le saothrú inbhuanaithe a hacmhainní muirí ag an nGraonlainn agus le geilleagar iascaireachta na Graonlainne tríd an bhfás a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachtbhunaithe a chur chun cinn.

1.4.4.Táscairí lena léireofar torthaí agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Rátaí úsáide deiseanna iascaireachta (glacadh bliantúil na n‑údaruithe iascaireachta mar chéatadán den infhaighteacht faoin bPrótacal).

Sonraí maidir le gabhálacha (bailiú agus anailísiú) agus luach tráchtála an Chomhaontaithe.

Cur leis an bhfostaíocht agus leis an mbreisluach san Aontas chomh maith le cobhsú mhargadh an Aontais (go comhiomlán le SFPAnna eile).

Cuidiú le feabhas a chur ar thaighde, faireachas agus rialú ar ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanann an tír chomhpháirtíochta agus ar fhorbairt a hearnála iascaigh.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tá sé i gceist go mbeidh feidhm ag an gComhaontú nua agus ag an bPrótacal Cur Chun Feidhme ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe, ionas go gcuirfear laghdú ar aon chur isteach ar oibríochtaí iascaireachta atá ar bun faoin bPrótacal reatha.

Leis an gComhaontú agus an Prótacal nua cuirfear creat ar fáil do ghníomhaíochtaí iascaireachta de chabhlach an Aontais i limistéar iascaireachta na Graonlainne agus tabharfar údarú d’úinéirí soithí an Aontais iarratas a dhéanamh ar údaruithe iascaireachta chun dul i mbun iascaireachta sa limistéar sin. Ina theannta sin, leis an gComhaontú agus an Prótacal nua cuirfear feabhas ar gcomhar idir an tAontas agus an Ghraonlainn d’fhonn forbairt an bheartais um iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn. Foráiltear leis, go háirithe, maidir le faireachán a dhéanamh ar shoithí trí VMS agus maidir le sonraí gabhála a tharchur go leictreonach. Leis an tacaíocht earnála atá ar fáil faoin bPrótacal cuideofar leis an nGraonlainn lena straitéis iascaigh náisiúnta.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais

Mura n‑aontaíonn an tAontas ar Chomhaontú agus ar Phrótacal nua, cuirfidh sé sin bac ar ghníomhaíocht iascaireachta shoithí an Aontais toisc go bhfuil clásal sa Chomhaontú reatha lena n‑eisiatar gníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil sa chreat a shainítear leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú. Dá bhrí sin, tá an luach breise le haghaidh chabhlach fadraoin an Aontais an-soiléir. Leis an bPrótacal cuirtear creat ar fáil freisin maidir le comhar feabhsaithe idir an tAontas agus an Ghraonlainn.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Is ionann cistí a sholáthraítear mar chúiteamh airgeadais le haghaidh rochtana faoi SFPA agus ioncam inmhalartaithe i mbuiséad náisiúnta na Graonlainne. Mar sin féin, leithdháiltear cistí atá beartaithe le haghaidh tacaíocht earnála (de ghnáth trína thabhairt isteach sa dlí buiséadach bliantúil) ar an Aireacht atá freagrach as iascaigh, ar choinníoll go dtabharfaí na SFPAnna chun críche agus go ndéanfaí faireachán orthu. Tá na hacmhainní airgeadais seo comhoiriúnach le foinsí maoinithe eile ó sholáthraithe eile maoinithe idirnáisiúnta chun tionscadail agus/nó cláir a chur i gcrích ar an leibhéal náisiúnta san earnáil iascaigh.

1.5.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirge a d’fhéadfadh a bheith ann

Neamhbhainteach

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

X    Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ó 2021 go 2026

X    Tionchar airgeadais ó 2021 go 2025

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 12  

X Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

X ag a ranna, ag a fhoireann i dtoscaireachtaí an Aontais san áireamh;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí atá ainmnithe acu;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn Nótaí le do thoil.

Barúlacha

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfaidh an Coimisiún (AS MARE) faireachán tráthrialta ar chur chun feidhme an Phrótacail maidir leis an úsáid a bhainfidh oibreoirí as deiseanna iascaireachta, ar shonraí gabhála agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le tacaíocht earnála.

Ina theannta sin, foráiltear in SFPA maidir le cruinniú le haghaidh an Chomhchoiste, cruinniú a reáchtálfar uair amháin ar a laghad sa bhliain agus ina ndéanfaidh an Coimisiún agus an Ghraonlainn athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus an Phrótacail agus, más gá, na cláir agus an ranníocaíocht airgeadais a choigeartú.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a sainaithníodh

Cuirfear íocaíochtaí chun feidhme ar bhealach díchúpláilte maidir leis an ranníocaíocht le haghaidh rochtana agus an ranníocaíocht le haghaidh tacaíocht earnála.

Déanfar na híocaíochtaí le haghaidh rochtana ar bhonn bliantúil ar dháta comórtha an Phrótacail, ach amháin sa chéad bhliain, nuair a dhéanfar an íocaíocht sna trí mhí tar éis thús an iarratais shealadaigh. Déanfar rochtain ar shoithí a rialú trí údaruithe iascaireachta a eisiúint.

Íocfar an tacaíocht den chéad uair laistigh de thrí mhí tar éis thús an iarratais shealadaigh, faoi réir an chomhaontaithe ar chlár chur chun feidhme bliantúil agus ilbhliantúil; sna blianta ina dhiaidh sin, is ar na torthaí a bhainfear amach a bheidh sé ag brath. Déanfar faireachán ar na torthaí a bhainfear amach agus ar an ráta cur chun feidhme de réir na dTreoirlínte maidir le Tacaíocht Earnála a Chur Chun Feidhme do Bheartas Iascaigh na Graonlainne atá le comhaontú ag na Páirtithe, ar bhonn tuarascálacha nó fianaise dhoiciméadach arna soláthar ag an tír chomhpháirtíochta agus iniúchtaí teicniúla a dhéanann an attaché iascaigh.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Is é an riosca a aithníodh tearc-úsáid na ndeiseanna iascaireachta ag úinéirí shoithí an Aontais agus tearc-úsáid nó úsáid mhoillithe ag an nGraonlainn as cistí atá beartaithe chun an beartas iascaigh earnála a mhaoiniú. Tá idirphlé forleathan beartaithe maidir le clárú agus cur i bhfeidhm an bheartais earnála a leagtar síos sa Chomhaontú agus sa Phrótacal. Tá anailís chomhpháirteach ar thorthaí, dá dtagraítear in Airteagal 4 den Phrótacal, mar chuid de na modhanna rialaithe seo freisin. Ina theannta sin, tá clásail shonracha sa Chomhaontú agus sa Phrótacal maidir lena gcur ar fionraí, faoi choinníollacha áirithe agus in imthosca áirithe.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Tá íocaíochtaí a bhaineann le costais rochtana faoi Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (SFPAnna) faoi réir seiceálacha atá dírithe ar a chinntiú go gcomhlíontar forálacha comhaontuithe idirnáisiúnta. Tá seiceálacha a bhaineann le tacaíocht earnála dírithe ar fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na tacaíochta. Is iad baill foirne an Choimisiúin a dhéanann an faireachán i dToscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus le linn cruinnithe Comhchoistí. Úsáidtear maitrís chlársceidealaithe ilbhliantúil chun dul chun cinn a mheas. Mura bhfuil dul chun cinn leordhóthanach ann, cuirfear íocaíocht an chéad tráinse eile ar fionraí nó b’fhéidir go laghdófaí é. Meastar gurb é costas fhoriomlán na seiceálacha ar gach SFPA 1.8 % (de na ranníocaíochtaí in 2018). Tá na nósanna imeachta maidir le seiceálacha ar SFPAnna bunaithe go príomha ar riachtanais rialála riachtanacha. Mura mbraitear aon easnamh a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart airgeadais, measfar go bhfuil na seiceálacha éifeachtach. Meastar gurb é 0.0 % an meánráta earráide.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe

Geallann an Coimisiún go mbunófar idirphlé polaitiúil agus comhordú rialta leis an nGraonlainn d’fhonn bainistiú an Chomhaontaithe agus an Phrótacail a fheabhsú, agus rannchuidiú an Aontais i leith bainistiú acmhainní inbhuanaithe a neartú. Aon íocaíocht a dhéanann an Coimisiún faoi SFPA, is faoi réir rialacha caighdeánacha agus nósanna imeachta buiséid agus airgeadais an Choimisiúin a dhéantar iad. Go háirithe, aithnítear cuntais bhainc na dtríú tíortha a n‑íoctar an ranníocaíocht airgeadais iontu. Foráiltear le hAirteagal 3(6) den Phrótacal go ndéanfar an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh rochtana agus an ranníocaíocht atá beartaithe chun an earnáil a fhorbairt a íoc isteach i gcuntas Státchiste.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 13 .

ó thíortha CSTE 14

ó thíortha is iarrthóir 15

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

11.03.01

Creat rialachais a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh in uiscí tríú tíortha (SFAnna)

Difreáilte.

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN.

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

Uimh. 2

Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha

AS: MARE

2021

2022

2023

2024

2025

2026

IOMLÁN

• Leithreasuithe oibríochtúla

Líne bhuiséid 16  11.03.01

Gealltanais

(1a)

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

Íocaíochtaí

(2a)

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 17  

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh AS MARE

Gealltanais

=1a+1b +3

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

Gealltanais

(4)

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

Íocaíochtaí

(5)

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

 

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as an imchlúdach le haghaidh cláir shonracha

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 2 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

Íocaíochtaí

=5+ 6

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

Íocaíochtaí

(5)

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as an imchlúdach le haghaidh cláir shonracha

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

Íocaíochtaí

=5+ 6

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

5

‘Caiteachas riaracháin’

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

IOMLÁN

AS: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021 18

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

Íocaíochtaí

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

16 521 754

99 130 524

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2021

2022

2023

2024

2025

2026

IOMLÁN

Cineál 19

Meánchostas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir

Costas

Uimhir iomlán

Costas iomlán

SAINCHUSPÓIR Uimh. 1 20 ...

- Rochtain

Bliantúil

13 590 754

13 590 754

13 590 754

13 590 754

13 590 754

13 590 754

81.544524

- Earnálach

Bliantúil

2.931

2.931

2.931

2.931

2.931

2.931

17.586000

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

IOMLÁIN

16.521754

16.521754

16.521754

16.521754

16.521754

16.521754

99.130524

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a thuairiscítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 21

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 22  
of the multiannual financial framework

Acmhainní daonna

Caiteachas eile 
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

X    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist a bhaineann leis an bplean bunaithe (oifigigh agus pearsanra sealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde Indíreach)

10 01 05 01 (Taighde Díreach)

Foireann sheachtrach (in Aonaid i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 23

XX 01 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb  24

- sa Cheanncheathrú

- in dToscaireachtaí

XX 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

10 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é atá in XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

X    Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Baineann sé seo le húsáid na líne cúltaca (Caibidil 40).

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú ag tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú a bhfuil meastachán air thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne bhuiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

An tionchar a bheidh ag an togra/tionscnamh 25

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imreofar tionchar orthu

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1)    https://www.consilium.europa.eu/en/documents-publications/treaties-agreements/agreement/?id=2007046&DocLanguage=en
(2)    IO L 172, 30.6.2007
(3)    IO L 305, 21.11.2015, lch. 1
(4)    https://www.consilium.europa.eu/en/documents-publications/treaties-agreements/agreement/?id=2015055&DocLanguage=en
(5)    IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(6)    An 19 Márta 2012 Chonclúidí ón gComhairle i ndáil leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh
(7)    I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha(2013/C 373/01).
(8)    IO L ..., ..., lch. .
(9)    ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(10)    Dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(11)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(12)    LD = Leithreasuithe difreáilte/LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(13)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(14)    Tíortha is iarrthóir agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(15)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(16)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach..
(17)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(18)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(19)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(20)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(21)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(22)    AC= Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED= Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(23)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(24)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh shiúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,16.2.2021

COM(2021) 72 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

gCinneadh ón gComhairle

maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis


IARSCRÍBHINN I

COMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA IASCAIGH INBHUANAITHE

idir an tAontas Eorpach ar thaobh amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, ar an taobh eile,

AN tAONTAS EORPACH,

(dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta)

agus

RIALTAS NA GRAONLAINNE agus RIALTAS NA DANMHAIRGE,

dá ngairtear ‘an Ghraonlainn’ anseo feasta,

dá ngairtear ‘na Páirtithe’ orthu araon anseo feasta,

AG FÉACHAINT don Phrótacal maidir leis an socrú speisialta is infheidhme maidir leis an nGraonlainn,

AG AITHINT DÓIBH gur mian leis an Aontas Eorpach agus an Ghraonlainn na naisc eatarthu a neartú agus comhpháirtíocht agus comhar a bhunú lena dtacófaí, lena gcomhlánófaí agus lena gcuirfí síneadh leis an gcaidreamh agus an comhar a bunaíodh eatarthu roimhe sin,

AGUS AIRD Á TABHAIRT ar an gcaoi ar aithin an Chomhairle i mí Feabhra 2003 gur gá an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn a leathnú agus a neartú sa todhchaí, agus an tábhacht a bhaineann le hiascaigh á cur san áireamh, mar aon leis an ngá le hathchóirithe struchtúracha agus athchóirithe earnáildírithe sa Ghraonlainn bunaithe ar chomhpháirtíocht chuimsitheach ar son forbairt inbhuanaithe,

AG MEABHRÚ DÓIBH Cinneadh ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach,

AG MEABHRÚ DÓIBH Cinneadh ón gComhairle an 14 Márta 2014 maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach ar thaobh amháin agus Rialtas na Graonlainne agus Ríocht na Danmhairge ar an taobh eile,

AGUS AIRD Á TABHAIRT ar Dhearbhú Comhpháirteach an 19 Márta 2015 ón Aontas Eorpach ar thaobh amháin agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge ar an taobh eile maidir le caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn,

AG CUR I dTÁBHACHT a thábhachtaí agus atá comhar idirnáisiúnta san Artach chun go leanfaidh an tArtach de bheith ina réigiún sábháilte slán inbhuanaithe rathúil, ag cur le Dearbhú Ilulissat 2008, a athdheimhníodh in 2018,

AG FÁILTIÚ ROIMH shíniú an Chomhaontaithe chun iascaigh mhórmhara neamhrialáilte a chosc san Aigéan Artach Láir an 3 Deireadh Fómhair 2018 in Ilulissat, an Ghraonlainn,

AG CUR SAN ÁIREAMH an caidreamh uile idir an tAontas agus an Ghraonlainn, agus gur mian leo araon an caidreamh sin a choinneáil ar bun,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE gur tháinig an Gníomh maidir le Féin‑Riail na Graonlainne i bhfeidhm an 21 Meitheamh 2009 in ionad an Ghnímh maidir le Rialtas Dúchais na Graonlainne, lenar athraíodh stádas na Graonlainne laistigh de Ríocht na Danmhairge lenar dílsíodh do Rialtas na Graonlainne an t‑údarás chun réimsí nua freagrachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin a ghlacadh;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE go bhfeidhmíonn an Ghraonlainn, faoin gComhaontú maidir le Féin‑Riail, a dlínse i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Graonlainne.

AG FÉACHAINT DO Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus an Comhaontú maidir le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i ndáil le caomhnú agus bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór‑imirceach,

FEASACH ar an tábhacht a bhaineann leis na prionsabail a bhunaítear leis an gCód iompair d’iascaigh fhreagracha arna ghlacadh, ag Comhdháil na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (FAO) in 1995 agus an tábhacht a bhaineann le Comhaontú FAO ar Bhearta Stát an Chalafoirt chun Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte a Chosc, a Dhíspreagadh agus a Dhíothú, agus É DE RÚN DAINGEAN ACU na bearta is gá a ghlacadh chun iad sin a chur chun feidhme,

AGUS É DE RÚN DAINGEAN ACU dul i gcomhar, dá leas frithpháirteach, d’fhonn iascaigh inbhuanaithe leantacha a dhaingniú chun caomhnú fadtéarmach agus saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní muirí a áirithiú,

AR A BHEITH DEARFA nach mór an comhar sin a bheith i bhfoirm tionscnamh agus beart, cibé le chéile nó ar leithligh, atá comhlántach, i gcomhréir leis an mbeartas agus go n‑áiritheofaí sineirge iarrachta leis,

LE hINTINN, chuige sin, leanúint d’idirphlé d’fhonn leanúint d’fheabhas a chur ar an mbeartas earnálach iascaigh sa Ghraonlainn agus an bealach iomchuí a aithint chun a áirithiú go gcuirfí an beartas sin chun feidhme go héifeachtach,

ÓS MIAN LEO téarmaí agus coinníollacha a bhunú lena rialaítear gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Graonlainne agus tacaíocht ón Aontas chun iascaireacht inbhuanaithe leantach a dhaingniú sna huiscí sin,

COMHAONTAÍONN SIAD MAR A LEANAS:

Airteagal 1
Raon feidhme

Bunaítear leis an gComhaontú seo na prionsabail, na rialacha agus na nósanna imeachta lena rialaítear:

comhar eacnamaíoch, airgeadais, teicniúil agus eolaíochta san earnáil iascaigh d’fhonn iascaireacht inbhuanaithe leantach a chur chun cinn i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Graonlainne (dá ngairtear ‘EEZ na Graonlainne’ anseo ina dhiaidh seo), chun leasa eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach, lena n‑áirítear forbairt earnáil iascaigh na Graonlainne,

na coinníollacha lena rialaítear an rochtain a bhíonn ag soithí iascaireachta an Aontais ar Limistéar EEZ na Graonlainne,

na socruithe chun iascaigh shoithí an Aontais a rialú in EEZ na Graonlainne d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme maidir leo, gur bearta éifeachtacha iad na bearta chun stoic éisc a chaomhnú agus a bhainistiú agus go ndéantar iascaireacht neamhdhleathach, neamhdhearbhaithe agus neamhrialáilte (dá ngairtear NNN ina dhiaidh seo) a chosc,

comhpháirtíochtaí idir cuideachtaí atá dírithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a fhorbairt san earnáil iascaigh agus gníomhaíochtaí gaolmhara, ar mhaithe leis an leas coiteann.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, an Phrótacail agus na hIarscríbhinne:

(a)ciallaíonn ‘údaráis na Graonlainne’ Rialtas na Graonlainne;

(b)ciallaíonn ‘údaráis an Aontais’ an Coimisiún Eorpach;

(c)ciallaíonn ‘Comhaontú’ an Comhaontú, an Prótacal agus an Iarscríbhinn agus na hAguisíní a ghabhann leis;

(d)ciallaíonn ‘soitheach de chuid an Aontais’ soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Bhallstát de chuid an Aontais ar foluain aige agus atá cláraithe san Aontas;    

(e)ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ aon soitheach atá feistithe le haghaidh saothrú tráchtála a dhéanamh ar bheo-acmhainní muirí;

(f)sainmhínítear ‘údarú iascaireachta’ mar ‘ceadúnas’ de réir reachtaíocht na Graonlainne;

(g)ciallaíonn ‘comhfhiontar’ aon chuideachta arna rialú faoi dhlí na Graonlainne lena gcuimsítear longúinéir amháin de chuid an Aontais nó níos mó agus comhpháirtí amháin nó níos mó sa Ghraonlainn, agus é d’aidhm aici iascaireacht a dhéanamh le haghaidh cuótaí iascaireachta na Graonlainne agus iad a shaothrú in EEZ na Graonlainne b’fhéidir, ag soithí a bhfuil bratach na Graonlainne ar foluain acu d’fhonn soláthar tosaíochta a chur ar fáil do mhargadh an Aontais;

(h)ciallaíonn ‘comhfhiontair shealadacha’ aon chomhlachas atá bunaithe ar chomhaontú conarthach d’fhad teoranta idir longúinéirí an Aontais agus daoine dlítheanacha nó fisiceacha sa Ghraonlainn, agus é d’aidhm acu iascaireacht chomhpháirteach a dhéanamh ar chuótaí iascaireachta agus iad a shaothrú agus an costas, an brabús nó na caillteanais a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch arna glacadh go comhpháirteach a chomhroinnt eatarthu, d’fhonn soláthar tosaíochta a chur ar fáil do mhargadh an Aontais Eorpaigh;

(i)ciallaíonn ‘Comhchoiste’ coiste ina bhfuil ionadaithe ar an Aontas agus ionadaithe ar an nGraonlainn a dtugtar tuairisc ar a bhfeidhmeanna in Airteagal 12 den Chomhaontú seo;

(j)ciallaíonn ‘iascaigh inbhuanaithe’ iascaireacht a dhéanamh i gcomhréir leis na cuspóirí agus prionsabail a chumhdaítear sa Chód Iompair d’Iascaigh Fhreagracha arna ghlacadh ag Comhdháil Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) in 1995.

Airteagal 3
Na prionsabail agus na cuspóirí is bun le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo

1.Geallann na Páirtithe leis seo iascaireacht inbhuanaithe leantach a dhaingniú in EEZ na Graonlainne i gcomhréir le forálacha UNCLOS bunaithe ar phrionsabal an neamh‑idirdhealaithe idir na cabhlaigh dhifriúla a bhíonn ag iascaireacht in EEZ na Graonlainne, agus ar phrionsabal shaothrú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara. Tá saothrú inbhuanaithe bunaithe ar chinneadh an bharrachais ag an nGraonlainn, agus riachtanais thionscal iascaireachta na Graonlainne á gcur san áireamh, mar aon leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus an fhaisnéis ábhartha a mhalartaítear idir na Páirtithe maidir leis an iarracht iascaireachta iomlán agus gabhálacha iomlána na stoc ábhartha ag na cabhlaigh uile a oibríonn sa limistéar iascaireachta.

2.Geallann an Ghraonlainn go ndéanfaidh sí rochtain tosaíochta ar bharrachais atá ar fáil a thairiscint do chabhlach an Aontais.

3.Geallann údaráis na Graonlainne nach ndéanfaidh sí coinníollacha níos fabhraí ná na coinníollacha a chuirtear ar fáil faoin gComhaontú seo a thabhairt do chabhlaigh eachtracha eile a oibríonn in EEZ na Graonlainne lena mbaineann na saintréithe céanna agus a dhíríonn ar na speicis chéanna leis na cabhlaigh a chumhdaítear leis an gComhaontú seo agus an Prótacal cur chun feidhme lena mbaineann.

4.Ar mhaithe le trédhearcacht, comhaontaíonn an dá Pháirtí aon chomhaontú agus TAC foriomlán a phoibliú, agus go gcuirfidh siad aon deis iascaireachta in iúl dá chéile chomh maith leis an nglacadh atá leo, a thugtar do chabhlaigh eachtracha.

5.Tabharfaidh na Páirtithe aird chuí ar na bearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna), agus tabharfaidh siad aird chuí ar mheasúnuithe eolaíochta réigiúnacha arna soláthar ag comhlachtaí eolaíochta ábhartha freisin. Chuige sin, téann an dá Pháirtí i gcomhar go háirithe i bhfianaise inbhuanaitheacht stoc imirceach roinnte san Atlantach Thuaidh.

6.Geallann na Páirtithe go gcuirfidh siad an Comhaontú chun feidhme i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach (UNDRIP).

7.Go háirithe, déanfar fostú mairnéalach ar bord shoithí an Aontais a rialú de réir Dhearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair, a mbeidh feidhm leis de cheart maidir leis na conarthaí comhfhreagracha agus na téarmaí fostaíochta ginearálta, agus de réir Choinbhinsiúin ábhartha EIS agus dhlíthe na Graonlainne. Baineann sé sin go háirithe le saoirse comhlachais agus aitheantas éifeachtacht a thabhairt don cheart cómhargála; agus idirdhealú a dhíchur i leith fostaíochta agus gairm bheatha agus na dálaí maireachtála agus oibre ar bord soithí iascaireachta.

8.Leanfaidh an Ghraonlainn de bheartas earnálach iascaigh a phleanáil agus bainisteoidh sí a chur chun feidhme trí chláir bhliantúla agus ilbhliantúla i bhfianaise na gcuspóirí a n-aithnítear de chomhthoil idir na Páirtithe. Chuige sin, leanfaidh na Páirtithe den idirphlé beartais maidir leis an mbeartas earnálach iascaigh a phleanáil. Geallann na Páirtithe leis seo go gcuirfidh siad in iúl dá chéile nuair a bheidh bearta suntasacha breise sa réimse sin á bpleanáil agus á nglacadh.

9.Rachaidh na Páirtithe i gcomhar freisin, ar iarratas Páirtí amháin díobh, maidir le meastóireacht a dhéanamh, go comhpháirteach nó go haontaobhach, ar bhearta, cláir agus gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme ar bhonn an Chomhaontaithe seo.

10.Geallann na Páirtithe leis seo go n‑áiritheoidh siad go gcuirfear an Comhaontú seo chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus an dea‑rialachais eacnamaíoch agus shóisialta.

Airteagal 4
Comhar eolaíoch

1.Le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gComhaontú seo, déanfaidh an Ghraonlainn agus an tAontas faireachán ar éabhlóid na n‑acmhainní in EEZ na Graonlainne; déanfaidh comhchoiste eolaíoch ad hoc, ar iarratas ón gComhchoiste, tuarascáil ar bhonn aon téarma tagartha arna leagan síos ag an gCoiste sin.

2.Geallann na Páirtithe leis seo go rachaidh siad i gcomhairle le chéile, go díreach nó laistigh de na hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBI) agus na hEagraíochtaí Iascaigh Réigiúnacha (ERInna) lena mbaineann, chun bainistiú agus caomhnú acmhainní beo a áirithiú agus chun dul i gcomhar i ndáil le taighde eolaíoch ábhartha.

Airteagal 5
Clásal Eisiachais agus Rochtain ar na hiascaigh in EEZ na Graonlainne

1.Geallann an Ghraonlainn leis seo údarú a thabhairt do shoithí an Aontais dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta ina EEZ i gcomhréir leis an gComhaontú seo, lena n‑áirítear an Prótacal agus an Iarscríbhinn lena mbaineann. Deonóidh údaráis na Graonlainne do shoithí arna n‑ainmniú ag an Aontas ceadúnais a eiseofar faoin bPrótacal i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta arna ndeonú i gcomhréir leis an bPrótacal.

2.Féadfaidh soithí a bhfuil bratach na hIorua, na hÍoslainne agus Oileáin Fharó ar foluain acu, agus atá cláraithe sna tíortha sin, na deiseanna iascaireachta a thabharfaidh an Ghraonlainn don Aontas faoin gComhaontú reatha a ghlacadh a mhéid is gá i gcomhair fheidhmiú ceart na gcomhaontuithe iascaigh arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis na Páirtithe sin. Chuige sin, geallann an Ghraonlainn údarú a thabhairt do shoithí a bhfuil bratach na hIorua, na hÍoslainne agus Oileáin Fharó ar foluain acu, agus atá cláraithe sna tíortha sin, dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta in EEZ na Graonlainne.

3.Ní fhéadfaidh soithí an Aontais dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta in EEZ na Graonlainne a chumhdaítear leis an gComhaontú seo ach amháin má tá údarú iascaireachta acu arna eisiúint faoin gComhaontú seo. Tá toirmeasc ar na gníomhaíochtaí iascaireachta uile nach gcumhdaítear leis an gComhaontú seo. Eiseoidh údaráis na Graonlainne údaruithe iascaireachta chuig soithí an Aontais go heisiach faoin gComhaontú seo.

Airteagal 6
An dlí is infheidhme

1.Beidh na gníomhaíochtaí iascaireachta a rialaítear leis an gComhaontú seo faoi réir na ndlíthe agus na rialacháin atá i bhfeidhm sa Ghraonlainn. Tabharfaidh na húdaráis fógra roimh ré agus in am trátha maidir le haon leasú ar an reachtaíocht sin.

2.Gan dochar do fhreagrachtaí shoithí an Aontais i ndáil le reachtaíocht an Aontais, glacfaidh an Ghraonlainn freagracht as na forálacha faireacháin, rialaithe agus faireachais maidir le hiascaigh a luaitear sa Phrótacal a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Oibreoidh soithí an Aontais i gcomhar leis na húdaráis inniúla atá freagrach as an bhfaireachán, an rialú agus an faireachas sin a dhéanamh.

3.Geallann an tAontas leis seo go n‑áiritheoidh sé go nglactar na céimeanna iomchuí uile ionas go gcomhlíonann a chuid soithí an Comhaontú seo agus reachtaíocht na Graonlainne lena rialaítear iascaigh in EEZ na Graonlainne.

Airteagal 7
Údaruithe iascaireachta

1.Ní dhéanfaidh soithí an Aontais iascaireacht in EEZ na Graonlainne ach amháin nuair atá údarú iascaireachta bailí ina seilbh acu arna eisiúint ag an nGraonlainn faoin gComhaontú seo.

2.Is é a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal an nós imeachta maidir le húdarú iascaireachta a fháil do shoitheach, na táillí is infheidhme agus an modh íoctha is ceart do longúinéirí a úsáid.

3.Áiritheoidh na páirtithe conarthacha go gcuirfear na nósanna imeachta agus coinníollacha sin chun feidhme i gceart le comhar riaracháin iomchuí idir a n‑údaráis inniúla.

Airteagal 8
Ranníocaíocht airgeadais

1.Déanfar ranníocaíocht airgeadais leis an nGraonlainn i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a leagtar síos sa Phrótacal agus san Iarscríbhinn

2.Beidh trí ghné ghaolmhara sa ranníocaíocht sin, eadhon:

(a)ranníocaíocht airgeadais ón Aontas maidir le rochtain a fháil ar iascaigh na Graonlainne do shoithí an Aontais;

(b)tacaíocht airgeadais ón Aontas chun iascaireacht fhreagrach leantach a áirithiú chomh maith le saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh in EEZ na Graonlainne agus chun beartas earnálach iascaigh na Graonlainne a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(c)    táillí údaraithe ar rochtain a íocann longúinéirí atá ag iascaireacht ar chuótaí an Aontais.

3.Beidh comhpháirt na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 neamhspleách ar na híocaíochtaí maidir le costais rochtana agus déanfaidh údaráis na Graonlainne í a bhainistiú i bhfianaise na gcuspóirí a aithnítear de chomhthoil idir na Páirtithe i gcomhréir leis an bPrótacal, atá le baint amach i gcomhthéacs Bheartas Iascaigh na Graonlainne agus clár bliantúil agus ilbhliantúil i ndáil lena cur chun feidhme.

4. Déanfar an ranníocaíocht airgeadais a dheonóidh an tAontas a íoc go bliantúil i gcomhréir leis an bPrótacal agus faoi réir an Chomhaontaithe seo. Féadfaidh an Comhchoiste an ranníocaíocht airgeadais a athbhreithniú, faoi réir an Chomhaontaithe seo agus an Phrótacail – de thoradh ar an méid seo a leanas:

(a)cúinsí eisceachtúla, seachas feiniméin nádúrtha, a choisceann gníomhaíochtaí iascaireachta in EEZ na Graonlainne;

(b)laghdú ar na deiseanna iascaireachta a dheonófar do shoithí an Aontais tar éis comhaontú frithpháirteach idir na Páirtithe laistigh den Chomhchoiste chun críocha bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar na stoic lena mbaineann, i gcás ina meastar go bhfuil gá lena leithéid ar mhaithe le caomhnú agus saothrú inbhuanaithe acmhainní ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil;

(c)i gcás ina bhfuil rochtain tosaíochta ag an Aontas, de thoradh an Chomhaontaithe seo, ar dheiseanna iascaireachta eile sa bhreis ar na deiseanna sin a leagtar amach sa Phrótacal leis an gComhaontú reatha, tar éis comhaontú frithpháirteach idir na Páirtithe sa Chomhchoiste i gcás ina léiríonn an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil go bhfuil acmhainní imleora ann chun é sin a dhéanamh;

(d)    athmheasúnú a dhéanamh ar théarmaí na tacaíochta airgeadais ón Aontas chun Beartas Iascaigh na Graonlainne a chur chun feidhme, i gcás ina bhfuil údar maith leis sin i bhfianaise thorthaí tuairiscithe an chlársceidealaithe bhliantúil agus ilbhliantúil arna bhreathnú ag an dá Pháirtí;

(e)    cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo faoi Airteagal 16 a chur ar fionraí.

Airteagal 9
Comhar a chur chun cinn

1.Spreagfaidh na Páirtithe rialú agus forfheidhmiú eacnamaíoch, tráchtála agus eolaíoch, oiliúint agus comhar teicniúil san earnáil iascaigh agus in earnálacha gaolmhara. Rachaidh siad i gcomhairle le chéile d’fhonn na bearta éagsúla a d’fhéadfaí a ghlacadh chuige sin a chomhordú.

2.Spreagfaidh na Páirtithe malartuithe faisnéise faoi theicnící agus trealamh iascaireachta, modhanna caomhnaithe agus próiseáil thionsclaíoch táirgí iascaigh a chur ar bun.

3.Spreagfaidh na Páirtithe, go háirithe, go gcuirfear comhfhiontair shealadacha agus comhfhiontair dá leas frithpháirteach agus i gcomhréir lena reachtaíocht.

Airteagal 10
Comhar i réimse an fhaireacháin, an rialaithe agus an fhaireachais agus sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN)

1.Geallann na Páirtithe go rachaidh siad i gcomhar sa chomhrac in aghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta NNN d’fhonn iascaireacht fhreagrach agus inbhuanaithe a chur chun feidhme.

2.Bunaithe ar chomhairliúchán laistigh den Chomhchoiste, féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go rachaidh siad i gcomhar agus go dtabharfaidh siad faoi chláir chigireachta choiteanna rioscabhunaithe ar shoithí de chuid an Aontais, ionas go neartófar cur i bhfeidhm na bhforálacha faireacháin, rialaithe agus faireachais sa Phrótacal agus na mbeart ceartaitheach lena mbaineann.

Airteagal 11
Iascaigh thurgnamhacha

Cuirfidh na Páirtithe oibriú iascach turgnamhach in EEZ na Graonlainne chun cinn. Cuirfidh na Páirtithe, in éindí, an t‑iascach turgnamhach chun feidhme i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa Phrótacal agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis.

Airteagal 12
Comhchoiste

1.Bunófar Comhchoiste arb é a bheidh ann fóram do na Páirtithe chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é.

2.Comhlíonfaidh an Comhchoiste na feidhmeanna seo a leanas:

(f)faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmiú, léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus, go háirithe, an sainmhíniú ar an gclársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus meastóireacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme;

(g)an t‑idirchaidreamh is gá a sholáthar maidir le hábhair leasa fhrithpháirtigh a bhaineann le hiascaigh;

(h)gníomhú mar fhóram chun aon díospóid a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a réiteach agus a shocrú ar bhealach cairdiúil;

(i)    athbhreithniú agus caibidlíocht a dhéanamh, i gcás inar gá, ar leibhéal na ndeiseanna iascaireachta reatha agus nua le haghaidh stoic ábhartha in EEZ na Graonlainne bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, an cur chuige réamhchúraim agus riachtanais thionscal iascaireachta na Graonlainne agus, dá dhroim sin, na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don Aontas agus i gcás inarb iomchuí ar leibhéal na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear sa Phrótacal;

(j)    faireachán a dhéanamh ar na hiarratais ar chomhfhiontair shealadacha agus comhfhiontair a bhunú faoi théarmaí an Chomhaontaithe seo agus go háirithe measúnú a dhéanamh ar na tionscadail a chuireann na Páirtithe i láthair maidir le comhfhiontair shealadacha agus comhfhiontair a bhunú i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le prótacal an Chomhaontaithe seo agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí soithí de chuid comhfhiontar sealadach agus comhfhiontar;

(k)speicis, dálaí agus paraiméadair ábhartha eile a bhaineann le hiascach turgnamhach a chinneadh, ar bhonn cás ar chás;

(l)    bearta riaracháin a chomhaontú maidir le rochtain do shoithí iascaireachta an Aontais ar EEZ na Graonlainne agus acmhainní lena n‑áirítear ceadúnais, gluaiseacht shoithí iascaireachta an Aontais agus tuairisciú gabhála;

(m)    na modúlachtaí a chomhaontú chun tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur chun feidhme chun iascaireacht fhreagrach leantach a áirithiú chomh maith le saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh in EEZ na Graonlainne;

(n)measúnú a dhéanamh ar théarmaí na tacaíochta airgeadais ón Aontas chun Beartas Iascaigh na Graonlainne a chur chun feidhme, i gcás ina bhfuil údar maith leis sin i bhfianaise thorthaí an chlársceidealaithe bhliantúil agus ilbhliantúil arna bhreathnú ag an dá Pháirtí, agus an ranníocaíocht a leasú de réir 8.4;

(o)    aon fheidhm eile a chinneann na Páirtithe le comhaontú frithpháirteach.

3.Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair sa bhliain ar a laghad, san Aontas agus sa Ghraonlainn gach re seach, agus beidh an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú ina chathaoirleach air chomh maith. Tionólfaidh sé cruinniú urghnách ar a iarraidh sin do cheachtar Páirtí.

4.Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta féin.

5.Feidhmeoidh an Comhchoiste a chuid feidhmeanna i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe seo.

6.Iarrfaidh an Comhchoiste comhchoiste eolaíoch ad‑hoc más gá, ar bhonn an téarma tagartha a dhéanfaidh an Coiste sin a leagan síos.

7.Déanfaidh an dá Pháirtí conclúidí chruinniú an Chomhchoiste a thaifeadadh agus a chomhshíniú.

8.Féadfaidh an Comhchoiste cinntí a ghlacadh le himeachtaí i scríbhinn de réir mar is gá.

Airteagal 13
An limistéar geografach a bhfuil feidhm ag an gComhaontú ina leith

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, ar thaobh amháin, maidir leis na críocha sin a gcuirtear an Conradh lena mbunaítear an tAontas Eorpach i bhfeidhm ina leith, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh sin agus, ar an taobh eile, maidir le críoch na Graonlainne agus EEZ na Graonlainne.

Airteagal 14
Fad

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo ar feadh 6 bliana ón dáta a chuirfear i bhfeidhm go sealadach é; déanfar é a athnuachan go hintuigthe le haghaidh tréimhsí breise 6 bliana, mura dtugtar fógra i scríbhinn faoi fhoirceannadh 6 mhí ar a laghad roimh an dáta éaga.

Airteagal 15
Cur i bhFeidhm Sealadach

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo go sealadach amhail ón dáta a shíníonn na Páirtithe é.

Airteagal 16
Fionraí

1.Féadfar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí ar thionscnamh ceachtar den dá Pháirtí faoi cheann amháin nó níos mó de na cúinsí seo a leanas:

(p)(a) i gcás ina dtagann cásanna chun cinn, seachas feiniméin nádúrtha, atá lasmuigh de rialú réasúnach na bPáirtithe agus ar cásanna iad de chineál a choisceann gníomhaíochtaí iascaireachta in EEZ na Graonlainne; nó

(q)(b) i gcás ina n‑iarrann aon cheann de na Páirtithe athbhreithniú ar na forálacha d’fhonn leasú féideartha a dhéanamh ar an gComhaontú, mar thoradh ar athruithe suntasacha sna treoirlínte beartais as ar eascair cur i gcrích an Chomhaontaithe seo; nó

(r)(c) i gcás ina dtarlaíonn díospóid thromchúiseach neamhréitithe laistigh den earnáil iascaigh idir na Páirtithe agus/nó maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an chomhaontaithe; nó

(s)(d) i gcás ina bhfionnann ceachtar den dá Pháirtí sárú ar chearta bunúsacha mar a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach (UNDRIP).

Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo má tharlaíonn an sárú in aon limistéar freagrachta nó réimse inniúlachta nach bhfuil freagrachtaí foirmiúla nó inniúlachtaí foirmiúla ag Rialtas na Graonlainne ann, de thoradh stádas na Graonlainne mar chuid fhéinrialaitheach de Ríocht na Danmhairge.

2.I gcás ina gcuirtear cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo ar fionraí, ní mór do Pháirtí amháin fógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile agus, ach amháin i gcásanna lena mbaineann práinn ar leith, beidh éifeacht aige sin 3 mhí tar éis don Pháirtí an fógra a fháil, ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn na Páirtithe ar thráthchlár eile a luaitear go sainráite. Osclófar comhairliúcháin idir na Páirtithe sa Chomhchoiste mar thoradh ar an bhfógra sin a fháil d’fhonn réiteach cairdiúil ar an díospóid a aimsiú laistigh de 3 mhí.

3.Nuair a thiocfar ar an réiteach sin, cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm arís agus déanfar méid na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8 a laghdú, mura gcomhaontaítear a mhalairt, go comhréireach agus pro rata temporis de réir na tréimhse ar cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí lena linn.

Airteagal 17
Foirceannadh

1.Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

(t)(a) i gcás ina dtagann cásanna chun cinn, seachas feiniméin nádúrtha, atá lasmuigh de rialú réasúnach na bPáirtithe agus ar cásanna iad de chineál a choisceann iascaireacht in EEZ na Graonlainne;

(u)laghdú nó maolú na stoc lena mbaineann ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil;

(v)laghdú suntasach ar leibhéal an tsaothraithe ar na deiseanna iascaireachta arna ndeonú do shoithí an Aontais;

(w)sárú tromchúiseach ar na gealltanais a rinne na Páirtithe maidir le hiascaireacht NNN a chomhrac;

(x)aon chúinse eile atá ina shárú ar an gComhaontú ag ceann de na Páirtithe.

2.I gcás fhoirceannadh an Chomhaontaithe, ní mór do Pháirtí amháin fógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile ina leith agus beidh éifeacht aige sin 6 mhí tar éis don Pháirtí an fógra a fháil, ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn na Páirtithe de chomhthoil chun síneadh a chur leis an tréimhse sin. Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile, tríd an gComhchoiste, tar éis fógra den sórt sin faoi fhoirceannadh d’fhonn réiteach cairdiúil a aimsiú, maidir leis an gcúis a bhfuil deireadh á chur leis an gcomhaontú.

I gcás foirceanta, déanfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8 don bhliain ina gcuirtear an foirceannadh i bhfeidhm a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis.

Airteagal 18
Prótacal agus Iarscríbhinn

Beidh an Prótacal agus an Iarscríbhinn agus na haguisíní a ghabhann leis ina gcuid lárnach den Chomhaontú seo.

Airteagal 19
Aisghairm

Déantar an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh an 30 Meitheamh 2007 idir an Comhphobal Eorpach ar thaobh amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Dúchais na Graonlainne, ar an taobh eile, a aisghairm leis seo.

Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm nuair a bheidh fógra tugtha ag an dá Pháirtí dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta is gá chun na críche sin curtha i gcrích acu.

Airteagal 21
Téacs barántúil

Tá an Comhaontú seo tarraingthe suas i ndúblach i mBéarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris agus gach téacs den bharántúlacht chéanna.


 
PRÓTACAL

Lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach ar thaobh amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, ar an taobh eile

Airteagal 1

Cuspóir

Is é cuspóir an Phrótacail seo forálacha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach ar thaobh amháin, agus Rialtas na Graonlainne (an Ghraonlainn) agus Rialtas na Danmhairge (an Danmhairg), ar an taobh eile a chur chun feidhme. Áirítear Iarscríbhinn agus Aguisíní leis an bPrótacal seo.

Airteagal 2

Deiseanna iascaireachta táscacha agus an próiseas chun a leibhéal bliantúil a shocrú

1. Tugann údaráis inniúla na Graonlainne údarú do shoithí iascaireachta an Aontais chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhair na speiceas agus na limistéar bainistíochta faoi seach atá liostaithe thíos de réir an leibhéil tháscaigh bhliantúil a leanas (i dtonaí):

Speiceas agus limistéir bainistíochta faoi seach in EEZ na Graonlainne lasmuigh de 12 mhuirmhíle ón mbonnlíne

Deiseanna Táscacha

Trosc i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV ICES agus in 1F NAFO 

1 950

Péirse mhara pheiligeach (REB) i bhFolimistéir XII agus XIV ICES agus in 1F NAFO, mura ndéantar iascaireacht uirthi faoi scéim solúbthachta i ndáil le Péirse mhara pheiligeach Aguisín 5 a ghabhann leis an Iarscríbhinn

0 1

Péirse mhara ghrinnill (RED) 2 i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV ICES

1 840

Haileabó Graonlannach i bhFolimistéar 1 NAFO – Ó Dheas ó 68° ó Thuaidh

2 250

Haileabó Graonlannach i bhFolimistéir II, V, XII & XIV ICES 3  

4 950

Séacla Artach i bhFolimistéar 1 NAFO

2 600

Séacla Artach i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV ICES

4 850

Caibeallán i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV ICES 4  

13 000

Ronnach i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV ICES 5

0

Gránádóir spp. i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV ICES 6

100

Gránádóir spp. i bhFolimistéar 1 NAFO

100

Seachghabháil

600

2. Le haghaidh gach bliana ar feadh thréimhse an Phrótacail agus tráth nach déanaí ná an 1 Nollaig sa bhliain roimhe sin, glacfaidh an Comhchoiste leibhéal iarbhír na ndeiseanna iascaireachta i gcomhair na speiceas atá liostaithe thuas, bunaithe ar an leibhéal táscach a leagtar amach i mír 1 agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch atá ar fáil, na pleananna bainistíochta ábhartha a ghlacann Rialtas na Graonlainne nó Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh, an cur chuige réamhchúraim agus riachtanais thionscal iascaireachta na Graonlainne.

(a) Más rud é go bhfuil na deiseanna iascaireachta iarbhír le haghaidh speicis áirithe níos ísle ná mar a léirítear i mír 1, féadfaidh an Comhchoiste deiseanna iascaireachta eile a thabhairt mar chúiteamh sa bhliain chéanna. Mura ndéantar aon chúiteamh a chomhaontú, déanfaidh an Comhchoiste an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) a choigeartú i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta i gcoibhneas leis na deiseanna iascaireachta táscacha in Airteagal 2(1).

(b) Má tá na deiseanna iascaireachta iarbhír níos mó ná mar a léirítear i mír 1, déanfaidh an Comhchoiste an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) a choigeartú go comhréireach.

3. Sa bhreis ar an bpróiseas bliantúil a dtugtar tuairisc air i mír 2, i gcomhréir le hAirteagal 2(2), d’fhéadfadh an Ghraonlainn deiseanna iascaireachta breise i ndáil leis na speicis a liostaítear i mír 1 a thairiscint agus d’fhéadfadh an tAontas iad a ghlacadh i bpáirt nó go hiomlán. Sna himthosca sin, déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar na deiseanna iascaireachta breise agus déanfaidh sé an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) a choigeartú go comhréireach. Tabharfaidh údaráis inniúla an Aontais freagra don Ghraonlainn tráth nach déanaí ná 6 seachtaine tar éis dóibh an tairiscint a fháil.

4. Bainistiú na seachghabhála

Cloífidh soithí iascaireachta an Aontais a oibríonn in EEZ na Graonlainne leis na rialacha is infheidhme maidir le seachghabháil, le haghaidh speicis rialáilte agus neamhrialáilte araon agus maidir le hoibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

(a)

Is é an sainmhíniú a thugtar ar sheachghabhálacha gabhálacha de gach orgánach muirí beo i gcás nach luaitear iad mar spriocspeicis ar údarú iascaireachta an tsoithigh nó nach gcomhlíontar na híoscheanglais méide leo.

Is é atá sa teorainn seachghabhála ráta 5 % in iascaigh Séacla Artach agus chuig 10 % in iascaigh eile.

Ní thugtar aon údarú iascaireachta sonrach maidir le seachghabhálacha.

(b)

Ní mór na gabhálacha uile, lena n‑áirítear seachghabhálacha agus ábhair mhuirí aischurtha a thaifeadadh agus a thuairisciú de réir an speicis i gcomhréir le Reachtaíocht na Graonlainne is infheidhme.

(c)

Ní íocfar aon táille údaraithe iascaireachta sonrach i ndáil le seachghabhálacha, ós rud é gur socraíodh na táillí a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le spriocspeicis agus na rialacha a bhaineann le seachghabhálacha údaraithe á gcur san áireamh.

(d) Sa bhreis ar na rátaí agus rialacha seachghabhála a luaitear faoi phointí (a) go (c) thuas, agus gan dochar dóibh sin, cuirfidh soithí an Aontais straitéisí iascaireachta chun feidhme chun a áirithiú nach bhfuil seachghabhálacha de phéirse mhara agus trosc in iascaigh atá dírithe ar haileabó Graonlannach, agus seachghabhálacha de phéirse mhara agus haileabó Graonlannach in iascaigh atá dírithe ar throsc agus seachghabhálacha de throsc agus haileabó Graonlannach in iascaigh atá dírithe ar phéirse mhara níos mó ná 5 % de na gabhálacha údaraithe i ndáil leis na spriocspeicis in aghaidh an turais. Is é atá i dturas an tréimhse ón tráth a théann na soithí isteach in EEZ na Graonlainne go dtí an tráth a imíonn siad uaidh. I gcás ina ndéantar soitheach a dhíluchtú go hiomlán i gcalafort Graonlannach, caithfear le gabhálacha ina dhiaidh sin mar thuras nua.

Airteagal 3

Ranníocaíocht airgeadais — Modhanna íocaíochta

1. Maidir leis an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 13 den Phrótacal seo, is é a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8 den Chomhaontú EUR 16 521 754 in aghaidh na bliana.

2. Cuimseofar leis an ranníocaíocht airgeadais sin:

(a)

méid bliantúil EUR 13 590 754 i ndáil le rochtain a fháil ar EEZ na Graonlainne faoi réir Airteagail 2(2) agus (3), agus Airteagal 7;

(b)

méid sonrach EUR 2 931 000 in aghaidh na bliana chun tacú le beartas iascaigh earnálach na Graonlainne agus chun é a chur chun feidhme.

3. Ní bheidh méid iomlán na ranníocaíochta airgeadais a íocfaidh an tAontas níos mó ná dhá oiread an mhéid a léirítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2).

4. Íocfaidh an tAontas an méid a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2 tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh sa chéad bhliain agus tráth nach déanaí ná an 1 Márta sna blianta ina dhiaidh sin. Íocfaidh an tAontas an méid sonrach a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 2 tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh sa chéad bhliain agus tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh sna blianta ina dhiaidh sin.

5. Beidh lánrogha ag údaráis na Graonlainne maidir le húsáid na ranníocaíochta airgeadais mar a shonraítear i bpointe (a) de mhír 2.

6. Íocfar an ranníocaíocht airgeadais isteach i gcuntas Cisteáin Phoiblí a osclófar le hinstitiúid airgeadais a shonraíonn údaráis na Graonlainne.

Airteagal 4

Tacaíocht earnálach

1. Beidh an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh tacaíocht earnálach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) ar leithligh ó na híocaíochtaí i ndáil le costais rochtana. Cinnfear an ranníocaíocht airgeadais de réir chuspóirí bheartas iascaigh earnálach na Graonlainne, a sainaithneoidh an Comhchoiste, a bheith bainte amach agus braithfidh sí ar an méid sin, agus i bhfianaise an chlársceidealaithe bhliantúil agus ilbhliantúil chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

2. Chomh luath a thiocfaidh an Prótacal sin i bhfeidhm, agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta sin, déanfaidh an Comhchoiste clár earnálach ilbhliantúil a chomhaontú, mar aon le rialacha cur chun feidhme mionsonraithe lena gcumhdófar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

treoirlínte bliantúla agus ilbhliantúla maidir leis an gcuid den ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) a úsáid i gcomhair na dtionscnamh atá le comhlíonadh gach bliain;

(b)

na cuspóirí, idir chuspóirí bliantúla agus ilbhliantúla, atá le baint amach d’fhonn a áirithiú go leanfar, le himeacht ama, le hiascaireacht fhreagrach agus iascaigh inbhuanaithe, bunaithe ar thosaíochtaí bheartas iascaigh náisiúnta na Graonlainne agus beartais eile a bhaineann le leanúint le hiascaireacht fhreagrach agus iascaigh inbhuanaithe nó a bhfuil tionchar orthu ar an méid sin;

(c)

na critéir agus na nósanna imeachta le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí a fhaightear gach bliain.

3. Ní mór aon leasú atá molta ar an gclár earnálach ilbhliantúil a bheith comhaontaithe ag an gComhchoiste.

4. Íocfar an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh tacaíocht earnálach bunaithe ar anailís mhionsonraithe ar thorthaí na tacaíochta earnálaí agus ar na riachtanais arna n‑aithint le linn an chlársceidealaithe. Féadfaidh an tAontas íoc na ranníocaíochta airgeadais sonraí sin a chur ar fionraí, go páirteach nó go hiomlán:

(a)

mura bhfuil na torthaí a fhaightear comhsheasmhach leis an gclársceidealú, tar éis meastóireachta arna déanamh ag an gComhchoiste;

(b)

mura gcuirtear an ranníocaíocht airgeadais sin chun feidhme i gcomhréir leis an gclársceidealú a chomhaontaítear.

I gcás fhionraí na híocaíochta, ceanglaítear ar an Aontas fógra a thabhairt i scríbhinn faoina rún 3 mhí ar a laghad roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an bhfionraí.

Cuirfear tús leis an ranníocaíocht airgeadais a íoc arís tar éis do na Páirtithe dul i gcomhairle le chéile agus comhaontú, agus/nó i gcás ina bhfuil údar leis sin de réir thorthaí an chur chun feidhme airgeadais dá dtagraítear i mír 5.

(c) i gcás ina gcuirtear an prótacal ar fionraí de réir Airteagal 8 déanfar méid na ranníocaíochta airgeadais a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis de réir na tréimhse ar cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí lena linn.

5. Tá an Comhchoiste freagrach as gníomh leantach a ghlacadh maidir le cur chun feidhme an chláir ilbhliantúil um thacaíocht earnálach. Más gá, leanfaidh an dá Pháirtí an gníomh leantach sin tríd an gComhchoiste, tar éis don Phrótacal dul in éag go dtí go mbainfear leas iomlán as an gcontrapháirtí airgeadais sonrach a bhaineann leis an tacaíocht earnálach atá beartaithe i bpointe (b) d’Airteagal 3(2).

Airteagal 5

Comhar eolaíoch

Geallann an dá Pháirtí go gcuirfidh siad comhar chun cinn a mhéid a bhaineann le hiascaireacht, lena n‑áirítear ar leibhéal réigiúnach, go háirithe laistigh de NEAFC agus NAFO agus aon chomhlacht foréigiúnach nó idirnáisiúnta eile lena mbaineann. Féadfaidh an Comhchoiste breathnú ar an mbealach is fearr chun a áirithiú go ndéanfar saothrú inbhuanaithe ar acmhainní iascaigh, i gcomhréir leis na bearta caomhnaithe agus bainistíochta ábhartha.

Airteagal 6

Iascaigh thurgnamhacha

Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar, faoi chuimsiú Airteagal 4 san áireamh, chun iascaigh thurgnamhacha inbhuanaithe a chur chun feidhme i ndáil le speicis agus stoic nach n‑áirítear in Airteagal 2(1) tríd an bpróiseas a léirítear i gCaibidil VI den Iarscríbhinn agus gan tionchar a bheith aige sin ar ranníocaíocht airgeadais an Aontais mar a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2).

 Airteagal 7

Deiseanna iascaireachta nua

1. Is é atá i ndeiseanna iascaireachta nua na deiseanna iascaireachta i gcomhair speiceas agus limistéir bainistíochta faoi seach atá le háireamh in Airteagal 2(1), faoi réir méadú comhréireach sa chuid sin den ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2).

2. Nuair a léiríonn ceachtar Páirtí spéis i ndeis iascaireachta nua a chur san áireamh in Airteagal 2(1), déanfaidh an Comhchoiste é a bhreithniú bunaithe ar Dhlíthe agus Rialacháin na Graonlainne, ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, ar riachtanas thionscal iascaireachta na Graonlainne, agus ar an gcur chuige réamhchúraim. Beidh deiseanna iascaireachta nua faoi réir an phróisis a luaitear in Airteagal 2(2) agus (3) ina dhiaidh sin. Socróidh an Comhchoiste an praghas tagartha do na speicis nua freisin, chomh maith leis na táillí údaraithe a chuirfear i bhfeidhm go dtí dáta éaga an Phrótacail seo.

Airteagal 8

An Prótacal a chur ar fionraí agus athbhreithniú a dhéanamh ar an ranníocaíocht airgeadais

1. Féadfar cur i bhfeidhm an Phrótacail seo, lena n‑áirítear íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais, a chur ar fionraí, nó a athbhreithniú amhail an ranníocaíocht airgeadais, ar thionscnamh ceachtar den dá Pháirtí faoi cheann amháin nó níos mó de na cúinsí seo a leanas:

(a)

i gcás ina dtagann cásanna chun cinn, seachas feiniméin nádúrtha, atá lasmuigh de rialú réasúnach na bPáirtithe agus ar cásanna iad de chineál a choisceann gníomhaíochtaí iascaireachta in EEZ na Graonlainne; nó

(b)

i gcás ina n‑iarrann aon cheann de na Páirtithe athbhreithniú ar na forálacha d’fhonn leasú féideartha a dhéanamh ar an bPrótacal, mar thoradh ar athruithe suntasacha sna treoirlínte beartais as ar eascair cur i gcrích an Phrótacail seo; nó

(c)

i gcás ina dtarlaíonn díospóid thromchúiseach neamhréitithe laistigh den earnáil iascaigh idir na Páirtithe agus/nó maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an chomhaontaithe; nó

(d)

i gcás ina bhfionnann ceachtar den dá Pháirtí sárú ar chearta bunúsacha mar a ráthaítear leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach (UNDRIP).

Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo má tharlaíonn an sárú in aon limistéar freagrachta nó réimse inniúlachta nach bhfuil freagrachtaí foirmiúla nó inniúlachtaí foirmiúla ag Rialtas na Graonlainne ann, de thoradh stádas na Graonlainne mar chuid fhéinrialaitheach de Ríocht na Danmhairge.

2. Féadfaidh an tAontas íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais le haghaidh tacaíocht earnálach dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de sin.

3. I gcás ina gcuirtear cur i bhfeidhm an Phrótacail seo ar fionraí, lena n‑áirítear íoc na ranníocaíochta airgeadais, ceanglófar ar an bPáirtí lena mbaineann fógra a thabhairt i scríbhinn faoina rún 3 mhí ar a laghad roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an bhfionraí, ach amháin i gcásanna lena mbaineann práinn ar leith.

4. Cuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm arís, lena n‑áirítear an ranníocaíocht airgeadais a íoc, a luaithe a réiteofar an cás tar éis gníomhaíochtaí chun na cúinsí thuasluaite a mhaolú agus tar éis don dá Pháirtí dul i gcomhairle le chéile agus comhaontú a dhéanamh. Déanfar méid na ranníocaíochta airgeadais a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis de réir na tréimhse ar cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí lena linn.

Airteagal 9

Foirceannadh

Tar éis foirceannadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17(1) agus Airteagal 17(2) den Chomhaontú, déanfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Phrótacal don bhliain ina gcuirtear an foirceannadh i bhfeidhm a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis.

Airteagal 10

Dlíthe agus Rialacháin Náisiúnta

1. Beidh gníomhaíochtaí shoithí iascaireachta an Aontais faoi rialú na nDlíthe agus na Rialachán is infheidhme sa Ghraonlainn agus i Ríocht na Danmhairge nuair atá siad ag oibriú in EEZ na Graonlainne, gan dochar do fhreagrachtaí shoithí iascaireachta an Aontais maidir le reachtaíocht an Aontais, mura bhforáiltear dá mhalairt faoin gComhaontú, faoin bPrótacal nó faoin Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

2. Cuirfidh an Ghraonlainn an tAontas ar an eolas faoi aon athrú nó aon reachtaíocht nua is ábhartha do shoithí eachtracha a bhíonn ag iascaireacht in EEZ na Graonlainne in am trátha sula dtagann an t‑athrú sin nó an reachtaíocht nua i bhfeidhm. Féachfaidh an Ghraonlainn le fógra a thabhairt, aon uair is féidir, faoi athruithe ar an reachtaíocht 3 mhí ar a laghad sula gcuirfear chun feidhme iad.

Airteagal 11

Cosaint sonraí

1.Geallann an Ghraonlainn agus an tAontas go n‑áiritheoidh siad, i ndáil leis na sonraí uile a bhaineann le soithí iascaireachta an Aontais agus a ngníomhaíochtaí iascaireachta, a fhaightear faoi chuimsiú an Chomhaontaithe, an Phrótacail agus na hIarscríbhinne a ghabhann leis sin, go gcaithfear leo i gcomhréir leis na prionsabail um rúndacht agus cosaint sonraí i gcónaí, lena n‑áirítear na sonraí a sholáthraítear leis an Airteagal seo.

2.Úsáidfear sonraí pearsanta nó sonraí, a d’fhéadfaí a bhreith gur sonraí rúnda ar bhealach eile, chun an Comhaontú agus an Prótacal a chur chun feidhme go heisiach. Féadfaidh na Páirtithe úsáid a bhaint as sonraí VMS i gcásanna éigeandála le haghaidh cuardaigh agus tarrthála nó chun críche na sábháilteachta muirí. Ní choimeádfar aon sonra pearsanta níos faide ná mar is gá le haghaidh an chuspóra dár aistríodh é.

3. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le soithí iascaireachta an Aontais a phoibliú. Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach iomchuí chun a áirithiú go gcoinneofar slán iad, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach.

Airteagal 12

Iarratas Sealadach

Cuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail ón dáta a síneoidh an dá Pháirtí é.

Airteagal 13

Marthanacht

Beidh feidhm ag an bPrótacal agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis ar feadh tréimhse 4 bliana ón dáta a chuirtear tús lena chur i bhfeidhm sealadach. Má chomhaontaíonn an dá Pháirtí, áfach, cuirfear tréimhse 2 bhliain bhreise leis an bPrótacal.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Prótacal seo agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis i bhfeidhm ar an dáta a thugann na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin i gcrích.


 
IARSCRÍBHINN

NA COINNÍOLLACHA LENA RIALAÍTEAR GNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA AG SOITHÍ AN AONTAIS FAOIN bPRÓTACAL LENA gCUIRTEAR AN COMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA IASCAIGH INBHUANAITHE CHUN FEIDHME IDIR AN tAONTAS EORPACH, AR THAOBH AMHÁIN, AGUS RIALTAS NA GRAONLAINNE AGUS RIALTAS NA DANMHAIRGE, AR AN TAOBH EILE

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

1. Údarás inniúil a ainmniú

Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus mura sonraítear a mhalairt, ciallaíonn údarás inniúil:

thar ceann an Aontais: An Coimisiún Eorpach

thar ceann na Graonlainne: An Aireacht Iascaigh, Seilge agus Talmhaíochta

2. Ciallaíonn údarú iascaireachta ceadúnas a eisítear i leith shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais lena dtugtar teideal dó dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha le linn tréimhse sonraí, i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Graonlainne mar a aithnítear i mír 3.

3. Limistéar iascaireachta

3.1. Beidh an t‑iascach laistigh de EEZ na Graonlainne mar a fhoráiltear i Rialachán Uimh. 1020 an 20 Deireadh Fómhair 2004 i gcomhréir le Foraithne Ríoga Uimh. 1005 an 15 Deireadh Fómhair 2004 maidir le Teacht i bhFeidhm an Ghnímh maidir le Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha le haghaidh na Graonlainne lena gcuirtear i bhfeidhm Gníomh Uimh. 411 an 22 Bealtaine 1996 maidir le Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha.

3.2. Beidh an t‑iascach 12 mhuirmhíle ar a laghad ón mbonnlíne de réir § 7 Roinn 2 de Ghníomh Uimh. 18 an 31 Deireadh Fómhair 1996 maidir le hIascaigh arna eisiúint ag Landsting na Graonlainne arna leasú go deireanach le Gníomh Inatsisartut Uimh. 28 an 28 Samhain 2016 mura bhforáiltear go sonrach dá mhalairt.

3.3. Sainmhínítear an bhonnlíne i gcomhréir le Foraithne Ríoga Uimh. 1004 an 15 Deireadh Fómhair 2004 maidir le Leasú na Foraithne Ríoga i ndáil le Teorannú Uiscí críche na Graonlainne.

CAIBIDIL II

IARRATAS A DHÉANAMH AR ÚDARUITHE IASCAIREACHTA AGUS IAD A EISIÚINT

1. Coinníollacha maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.1. Ní féidir an t‑údarú iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chomhaontú a dheonú ach d’úinéirí soithí ar soithí de chuid an Aontais iad agus atá ar chlár soithí iascaireachta an Aontais. Chun iascaireacht a dhéanamh faoin scéim solúbthachta i ndáil le péirse mhara pheiligeach, ní mór fógra faoi na soithí a thabhairt do NEAFC freisin i gcomhréir lena chuid rialacha. Thairis sin, ní bheidh siad ar liosta soithí NNN aon Eagraíochta Réigiúnaí Bainistithe Iascaigh (ERBI).

1.2. Chun go mbeadh soitheach incháilithe, ní féidir cosc a bheith ar úinéir an tsoithigh, ar mháistir an tsoithigh ná ar an soitheach féin iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta na Graonlainne. Ní mór oibleagáidí a leanann as an gComhaontú a bheith comhlíonta acu roimhe seo.

2. Iarratas ar údaruithe iascaireachta

2.1. Cuirfear iarratais agus údaruithe iascaireachta in iúl ar an mbealach seo a leanas go dtí go gcuirfidh an dá Pháirtí Córas Tuairiscithe Leictreonaigh (ERS) chun feidhme go comhpháirteach.

2.2. Cuirfidh údarás inniúil an Aontais iarratas (comhchoiteann) faoi bhráid údarás inniúil na Graonlainne, ar bhealach leictreonach, i ndáil le húdaruithe iascaireachta soithí a fhéachann le hiascaireacht a dhéanamh faoin gComhaontú. Ba cheart an t‑iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm atá le fáil in Aguisín 1. Féadfaidh soithí an Aontais ar leis an longúinéir nó an gníomhaire céanna iad iarratas comhchoiteann a chur isteach ar údarú iascaireachta ar choinníoll go bhfuil bratach an Bhallstáit chéanna ar foluain ag na soithí sin go léir.

2.3. Ní mór cruthúnas a bheith in éineacht le gach iarratas ar údarú iascaireachta, lena gcruthaítear gur íocadh an táille i leith na speiceas agus na gcainníochtaí arna n‑iarraidh i gcomhréir le forálacha mhír 7 den Chaibidil seo.

2.4. Má mheasann údarás inniúil na Graonlainne go bhfuil iarratas neamhiomlán nó nár comhlíonadh na coinníollacha faoi mhíreanna 1, 2.2 agus 2.3, cuirfear na cúiseanna leis sin in iúl d’údarás inniúil an Aontais a luaithe is féidir, agus in aon chás laistigh de 7 lá oibre ón dáta a fhaigheann an Ghraonlainn an t‑iarratas.

3. Údaruithe iascaireachta a eisiúint

3.1. Déanfaidh údarás inniúil na Graonlainne an t‑údarú iascaireachta a tharchur go leictreonach chuig údarás inniúil an Aontais laistigh de 10 lá oibre ón dáta a chuirtear an t‑iarratas isteach. Beidh an luach céanna ag an údarú iascaireachta a tharchuirfear go leictreonach agus atá ag an mbunchóip chun críocha an Phrótacail agus na hIarscríbhinne a ghabhann leis.

3.2. Léireofar an chainníocht a údaraítear lena gabháil i ngach údarú iascaireachta. In údarú iascaireachta a eiseofar faoi iarratas comhchoiteann, léireofar cainníocht iomlán na speiceas ar íocadh táille an údaraithe iascaireachta ina leith.

3.3. Ní mór an t‑údarú iascaireachta nó cóip de a choimeád ar bord i gcónaí agus a chur i láthair ar iarratas ó údarás inniúil na Graonlainne.

3.4 Eiseofar údarú iascaireachta chuig aon úinéir soithigh iascaireachta amháin, agus ní mór é a bheith luaite ann cé na soithí iascaireachta a bhfuil cead acu iascaireacht a dhéanamh faoin údarú sin. Ní bheidh údaruithe iascaireachta inaistrithe.

3.5. Ní féidir soitheach a oibriú ach ar údaruithe aon úinéara soithigh iascaireachta amháin ar aon turas iascaireachta.

4. Údaruithe iascaireachta a leasú

4.1. Beidh leasú ar aon cheann de na cainníochtaí údaraithe a léirítear san údarú iascaireachta/sna húdaruithe iascaireachta faoi réir iarratas nua.

4.2. Gan dochar do mhír 4.3, i gcás ina mbaineann an leasú ar an údarú iascaireachta le cainníochtaí arna ngabháil atá níos mó ná an méid a údaraíodh cheana féin, íocfaidh úinéir an tsoithigh táille a bheidh comhionann le trí oiread an mhéid dá bhforáiltear i mír 7.1, i ndáil leis an gcainníocht de bhreis ar an gcainníocht údaraithe. Ní eiseofar aon údarú iascaireachta nua chuig an soitheach sin go dtí go n‑íocfar na táillí a bhaineann leis na cainníochtaí breise.

4.3. I gcásanna eisceachtúla, nuair nach mbaintear úsáid iomlán as deiseanna iascaireachta an Aontais i gcomhair na speiceas ábhartha, agus ionas nach gcuirfear isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta shoitheach iascaireachta an Aontais in EEZ na Graonlainne a bhfuil údarú iascaireachta aige faoin bPrótacal, agus chun na críche sin amháin, más rud é gur cosúil go sáróidh an soitheach sin an chainníocht údaraithe, ansin tabharfaidh an stát brataí fógra d’údarás inniúil na Graonlainne láithreach, agus seolfaidh sé cóip chuig údarás inniúil an Aontais, maidir lena rún iarratas foirmiúil a chur isteach ar údarú iascaireachta nua le haghaidh cainníochtaí breise den speiceas céanna. Ceadófar don soitheach leanúint ar aghaidh ag iascaireacht ar choinníoll go gcuireann an longúinéir cruthúnas gur íocadh na táillí ábhartha ar fáil d’údarás inniúil na Graonlainne laistigh de 24 uair an chloig ón bhfógra ón stát brataí agus ar choinníoll go gcuirtear an t‑iarratas comhfhreagrach ar údarú iascaireachta nua ar aghaidh chuig údarás inniúil na Graonlainne laistigh de 5 lá oibre ó dháta an fhógra ón stát brataí i gcomhréir leis an nós imeachta faoi mhír 2. Má theipeann ar shoitheach na forálacha sin a chomhlíonadh, cuirfear an soitheach faoi réir an nós imeachta a luaitear faoi mhír 4.2.

4.4. I líon teoranta cásanna, ar a iarraidh sin d’údarás inniúil an Aontais, féadfar údaruithe iascaireachta nua le haghaidh soitheach eile de chuid an Aontais a chur in ionad údaruithe iascaireachta soithigh. Déanfar an t‑athsholáthar sin ar bhonn iarratais a chuirfear isteach trí údarás inniúil an Aontais. Léireofar leis na húdaruithe iascaireachta nua an chainníocht údaraithe is féidir a ghabháil a chomhfhreagraíonn do chainníocht na speiceas ar íocadh táillí údaraithe iascaireachta ina leith cheana lúide aon ghabháil arna glacadh ag an gcéad soitheach cheana.

4.5. Rachaidh údarú iascaireachta a ndearnadh athsholáthar air in éag an lá a eisíonn údarás inniúil na Graonlainne an t‑údarú nua.

5. Tréimhse bhailíochta údaruithe iascaireachta

5.1. Beidh údaruithe iascaireachta bailí ó dháta a n‑eisiúna go dtí deireadh na bliana féilire ina n-eisítear an t‑údarú iascaireachta.

5.2. A mhéid a bhaineann leis an iascach caibealláin, eiseofar údaruithe iascaireachta de réir na ndátaí a chomhaontaíonn na Stáit Chósta ina gcreat‑socruithe agus i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(2) agus Airteagal 2(3).

5.3. Reachtaíocht an Aontais lena socraítear na deiseanna iascaireachta i gcomhair bliain áirithe le haghaidh shoithí an Aontais, in uiscí ina bhfuil gá le teorainneacha gabhála, i gcás nach nglactar an reachtaíocht sin faoi thús na bliana iascaireachta, maidir le soithí iascaireachta an Aontais a bhfuil údarú acu chun iascaireacht a dhéanamh an 31 Nollaig sa bhliain iascaireachta roimhe sin, féadfar údarú a thabhairt dóibh sa bhliain nár glacadh an reachtaíocht ina leith fós ar choinníoll go gceadaítear amhlaidh de réir na comhairle eolaíche. Ceadófar úsáid shealadach a bhaint as 1/12ú den chuóta a léirítear in údarú iascaireachta na bliana roimhe sin, in aghaidh na míosa, ar choinníoll go n-íocfar an táille údaraithe iascaireachta is infheidhme as an gcuóta sin. Féadfar an cuóta sealadach a choigeartú i ndáil leis an gcomhairle eolaíoch agus coinníollacha an iascaigh shonraigh.

5.4. D’fhéadfaí an chainníocht neamhúsáidte d’údarú iascaireachta i ndáil le Séacla Artach a aistriú, ar iarraidh ó údarás inniúil an Aontais, an 31 Nollaig i mbliain áirithe, go dtí an bhliain ina dhiaidh sin suas le huasmhéid 5 % den chainníocht iomlán arna leithdháileadh don údarú iascaireachta i gcomhair na bliana áirithe sin, má cheadaítear an t‑aistriú sin de réir na comhairle eolaíche. Ní áirítear leis an méid sin aon aistrithe ón mbliain roimhe sin. Déanfar an chainníocht arna haistriú a úsáid faoin 30 Aibreán an bhliain dár gcionn. Déanfar cainníochtaí aistrithe neamhúsáidte a aistriú ar ais chuig an mbliain roimhe sin mar chainníocht iascaireachta neamhúsáidte tar éis an 30 Aibreán.

6. Údaruithe iascaireachta a chur ar fionraí agus a thabhairt ar ais

Féadfaidh an Ghraonlainn údaruithe iascaireachta dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

a) ina bhfuil sárú tromchúiseach ar Dhlíthe agus Rialacháin na Graonlainne á dhéanamh ag soitheach sonrach; nó

b) maidir le hordú cúirte arna eisiúint maidir le sárú i ndáil le soitheach sonrach, nach ndéanann an longúinéir an t‑ordú sin a urramú. Más léir go bhfuil an t‑ordú cúirte á urramú, déanfar an t‑údarú iascaireachta don soitheach a athchur ar feadh na tréimhse atá fágtha den údarú iascaireachta.

7. Táille an údaraithe iascaireachta, íocaíocht agus aisíocaíocht

7.1.Is mar a leanas na táillí údaraithe iascaireachta a bheidh le híoc ag soithí an Aontais:

Speicis

EUR in aghaidh an tona 2021/2022

EUR in aghaidh an tona 2023/2024

EUR in aghaidh an tona 2025/2026

Trosc

160

200

241

Péirse mhara pheiligeach

93

131

169

Péirse mhara ghrinnill

93

131

169

Haileabó Graonlannach

216

309

402

Séacla Artach — An tIarthar

159

240

322

Séacla Artach — An tOirthear

100

181

263

Caibeallán

14

22

29

7.2. Sula gcuirfear an Prótacal sin i bhfeidhm, maidir le sonraí chuntais bhainc an Rialtais a úsáidfear le haghaidh na n‑íocaíochtaí uile ó longúinéirí ar feadh thréimhse an Phrótacail, cuirfidh údarás inniúil na Graonlainne in iúl don Aontas iad. Tabharfaidh údarás inniúil na Graonlainne fógra faoi aon athrú d’údarás inniúil an Aontais 2 mhí ar a laghad roimh ré.

7.3. Áireofar le híoc na táille gach muirear náisiúnta agus áitiúil a bhaineann le rochtain ar ghníomhaíochtaí iascaireachta chomh maith le muirir a fhorchuireann bainc i leith aistrithe airgid. I gcás nár íoc soitheach an muirear aistrithe bainc ceanglófar go n‑íocfadh sé an méid sin leis an gcéad iarratas eile ar údarú iascaireachta a chuireann an soitheach sin isteach agus beidh sé sin ina réamhchoinníoll maidir le údarú iascaireachta nua a eisiúint.

7.4. Mura ngabhtar an chainníocht údaraithe, ní dhéanfar an táille a chomhfhreagraíonn don chainníocht údaraithe sin a aisíoc leis an longúinéir.

7.5. I gcás ina bhfuil Airteagal 8 nó 9 den Phrótacal infheidhme áfach, agus nach féidir le soitheach iascaireacht a dhéanamh chun aon chuid den ghabháil údaraithe a fháil dá dhroim sin, nó i gcás nach n‑éiríonn le hiarratas ar údarú iascaireachta, déanfaidh údarás inniúil na Graonlainne an táille údaraithe a aisíoc go hiomlán leis an úinéir soithigh laistigh de 60 lá féilire ón lá a dhéantar an t‑iarratas ar aisíocaíocht.

7.6. Ní íocfar táille údaraithe iascaireachta i leith seachghabhálacha.

8. Is mar a leanas na praghsanna tagartha le haghaidh speiceas:

Speicis

Praghas beomheáchain in EUR in aghaidh an tona

Trosc

2 023

Péirse mhara pheiligeach

1 890

Péirse mhara ghrinnill

1 890

Haileabó Graonlannach

4 640

Séacla Artach

4 080

Ronnach

PM

Caibeallán

364

Gránádóir spp.

1 735

Seachghabháil

2 260

CAIBIDIL III

BEARTA TEICNIÚLA CAOMHNAITHE

1. Cuirfidh údarás inniúil na Graonlainne leagan Béarla de reachtaíocht ábhartha na Graonlainne a bhaineann le bearta teicniúla caomhnaithe, faireachán, rialú agus faireachas ar fáil d’údarás inniúil an Aontais sula gcuirfear an Prótacal i bhfeidhm go sealadach.

CAIBIDIL IV

FAIREACHÁN, RIALÚ AGUS FAIREACHAS

Roinn 1

Taifeadadh agus tuairisciú

1. Beidh gníomhaíochtaí shoithí iascaireachta an Aontais faoi rialú na nDlíthe agus na Rialachán is infheidhme sa Ghraonlainn agus i Ríocht na Danmhairge nuair atá siad ag oibriú in EEZ na Graonlainne, gan dochar do fhreagrachtaí shoithí iascaireachta an Aontais maidir le reachtaíocht an Aontais, mura bhforáiltear dá mhalairt faoin gComhaontú, faoin bPrótacal nó faoin Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

2. Gan dochar do cheanglais tuairiscithe Lárionad Faireacháin Iascaigh (LFI) a stáit brataí, déanfaidh soithí an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh faoin gComhaontú seo a n‑oibleagáidí taifeadta agus tuairiscithe i ndáil le gníomhaíochtaí iascaireachta faoin gComhaontú seo a chur in iúl d’údarás inniúil na Graonlainne de réir dhlí is infheidhme na Graonlainne. Nuair a thiocfaidh an Córas Tuairiscithe Leictreonaigh (ERS) i bhfeidhm gabhfaidh an Córas sin in ionad na bhforálacha tuairiscithe leictreonaigh i gCaibidil IV, Roinn 1.

3. Soláthróidh údarás inniúil na Graonlainne na logleabhair pháipéir ábhartha, de réir an spriocspeicis agus an trealaimh, arna iarraidh sin, agus seolfar ar aghaidh iad chuig ionadaí na soithí (gníomhaire) mar a léirítear san fhoirm iarratais ar údarú iascaireachta mar a fhoráiltear in Aguisín 1. Cuirfear sampla de gach cineál logleabhair ar fáil d’údarás inniúil an Aontais agus do Lárionad Faireacháin Iascaigh (LFI) an stáit brataí is infheidhme freisin.

4. Rialú Stát an Chalafoirt

Soithí iascaireachta eachtracha a bhfuil gabháil ar bord acu nár tugadh i dtír nó nach ndearnadh trasloingsiú orthu cheana, beidh siad faoi réir an nós imeachta seo a leanas sular ligfear isteach i gcalafoirt na Graonlainne iad.

D’ainmnigh an Ghraonlainn na calafoirt seo a leanas ina gceadaítear cur i dtír nó oibríochtaí trasloingsithe agus seirbhísí calafoirt a sholáthar: Nuuk.

Fógra a thabhairt faoi dhul isteach i gcalafoirt na Graonlainne

Ní mór do mháistrí soithí, nó a n‑ionadaí, a bhfuil beartaithe acu dul isteach i gcalafort sa Ghraonlainn fógra a thabhairt d’Údarás Rialaithe Ceadúnais Iascaigh na Graonlainne (GFLK) faoin gcalafort is mian leo a úsáid 3 lá oibre ar a laghad roimh an am teachta measta.

Tabharfar an fógra roimh ré dá dtagraítear i mír 1 agus leas á bhaint as na formáidí agus sonraíochtaí a luaitear in Iarscríbhinn XV le Scéim Rialúcháin agus Forfheidhmiúcháin NEAFC mar a leanas:

(a) Ní mór Iarscríbhinn XV (a) Cuid A a líonadh isteach i gcás ina bhfuil a ghabháil féin á hiompar ag an soitheach

(b) Ní mór Iarscríbhinn XV (b) Cuid A a líonadh isteach i gcás ina raibh an soitheach i mbun oibríochtaí trasloingsithe, agus an fhaisnéis a chur ar fáil ar leithligh maidir le gabhálacha ó gach soitheach is deontóir.

(c) Féadfaidh an seoltóir an fógra roimh ré a chur ar ceal trí fhógra a thabhairt do GFLK tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig roimh an am teachta measta a tugadh i ndáil leis an gcalafort.

(d) Déanfaidh GFLK cóip den fhoirm dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a chur ar aghaidh gan mhoill chuig stát brataí an tsoithigh, agus chuig stáit brataí na soithí is deontóir i gcás ina raibh an soitheach i mbun oibríochtaí trasloingsithe.

(e) A luaithe a dhéanann stát brataí na soithí a bhailíochtú tabharfaidh GFLK údarú don soitheach atá ag lorg rochtain ar chalafort nó déanfaidh sé é a dhiúltú.

I gcás ina ndéantar cigireacht, ní mór cuntas a choimeád ar an gcuairt ar an gcalafort le tuarascáil cigireachta um Rialú a dhéanamh ag an Stát Calafoirt (PSC 3), mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI de Scéim Rialúcháin agus Forfheidhmiúcháin NEAFC.

5. Go dtí go gcuirfidh an dá Pháirtí Córas Tuairiscithe Leictreonaigh (ERS) chun feidhme go comhpháirteach, bainfear úsáid as na bearta atá ann cheana chun sonraí gabhála a bhailiú agus a tharchur. Líonfar isteach na fógraí agus logleabhair pháipéir atá ann cheana de réir dhlí na Graonlainne.

Córas Tuairiscithe Leictreonaigh

1. Geallann na Páirtithe go ndéanfaidh siad na córais TF a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, córais a bhfuil gá leo chun malartú leictreonach na faisnéise uile a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a áirithiú.

2. Déanfaidh an dá Pháirtí sa Chomhchoiste socruithe mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na malartuithe leictreonacha éagsúla a shainiú agus a fhaomhadh, go háirithe maidir le gabhálacha a thuairisciú tríd an gcóras taifeadta agus tuairiscithe leictreonaigh (ERS) agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint má tharlaíonn mífheidhmiú.

3. Comhaontaíonn na Páirtithe go bhfuil sé beartaithe caighdeán NA/FLUX (na Náisiúin Aontaithe/Fisheries Language for Universal eXchange) agus líonra malartaithe FLUX an Aontais a chur chun feidhme chun suíomhanna soithí a mhalartú, logleabhair leictreonacha a úsáid agus b’fhéidir, sa todhchaí, údaruithe iascaireachta a bhainistiú.

4. Cuirfear ERS chun feidhme de réir tráthchláir arna shainiú ag an gComhchoiste bunaithe ar fhorálacha teicniúla atá fós le sainiú. Molfaidh na Páirtithe don Chomhchoiste an tréimhse is gá chun aistriú chuig ERS agus é a chur chun feidhme, agus aon srianta teicniúla féideartha á gcur san áireamh.

5. Saineoidh an dá Pháirtí an tréimhse trialach is gá sula bhféadfaí aistriú chuig úsáid éifeachtach a bhaint as an gcaighdeán FLUX. A luaithe a bheidh na trialacha sin curtha i gcrích, socróidh na Páirtithe, a luaithe is féidir, an dáta éifeachtach don aistriú chuig ERS.

6. Nuair a bheidh ERS lánfheidhmiúil, ní thabharfar údarú do shoitheach nach bhfuil ERS aige dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta faoin bPrótacal seo.

7. Tabharfaidh an Ghraonlainn agus an tAontas fógra dá chéile láithreach faoi aon mhífheidhmiú i gcóras TF lena gcoisctear cumarsáid idir LFInna.

8. Go dtí go gcuirfidh an dá Pháirtí Córas Tuairiscithe Leictreonaigh (ERS) chun feidhme go comhpháirteach, ní mór cóip den logleabhar iascaireachta a sheoladh chuig údarás inniúil na Graonlainne ag deireadh gach turais iascaireachta sa phost nó le ríomhphost díreach tar éis dóibh teacht isteach sa chalafort.

Cur i dtír agus trasloingsiú

Déanfaidh an máistir na sonraí cur i dtír a cheanglaítear leis an gComhaontú seo a tharchur chuig údarás inniúil na Graonlainne tríd an gcóras taifeadta agus tuairiscithe leictreonaigh (ERS). Ba cheart cur i dtír gabhálacha i gcalafoirt lasmuigh den Ghraonlainn a chur san áireamh, gabhálacha a gabhadh faoi údaruithe iascaireachta ón nGraonlainn. Le linn thréimhse an aistrithe, agus go dtí go mbeidh ERS curtha chun feidhme, féachfaidh an máistir le sonraí cur i dtír a tharchur ar an mbealach iomchuí de réir mar a chomhaontaíonn an dá Pháirtí.

Roinn 2

Córas satailít‑bhunaithe um fhaireachán soithí (VMS)

1. Ní mór d’aon soitheach a oibríonn faoin bPrótacal seo a bheith feistithe le córas satailít‑bhunaithe um fhaireachán soithí (VMS) atá lánfheidhmiúil agus suiteáilte ar bord, lenar féidir tarchur uathoibríoch leanúnach a dhéanamh ar a shuíomh chuig LFI ar talamh a stáit brataí.

2. Le córas VMS na soithí atá faoi réir faireachán le satailítí faoin bPrótacal seo, déanfar suíomhanna soithí a tharchur go huathoibríoch chuig LMI a stáit brataí, a dhéanfaidh iad a tharchur chuig LFI na Graonlainne gan mhoill. Má chomhaontaíonn an dá Pháirtí, déanfar suíomhanna soithigh a tharchur trí nód lárnach an Aontais. Ina theannta sin, déanfaidh LFI an stáit brataí cóip de gach suíomh soithigh a tharchur chuig an gCoimisiún Eorpach.

3. Ainmneoidh an stát brataí agus údaráis na Graonlainne comhfhreagraí VMS arb é a bheidh ann an pointe teagmhála. Ní mór aon athrú ar shonraí teagmhála an chomhfhreagraí VMS a chur in iúl láithreach.

4. Déanfaidh LFI an an stáit brataí agus an Ghraonlainn comhordanáidí (údarás, seoladh, teileafón, ríomhphost) a gcomhfhreagraí VMS faoi seach a chur in iúl roimh dháta chur i bhfeidhm an Phrótacail.

5. Déanfaidh pointí teagmhála VMS an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú maidir le trealamh soithí, na prótacail tarchurtha agus aon fheidhm eile is gá chun faireachán a dhéanamh le satailítí.

6. Leagtar amach na socruithe maidir le VMS a chur chun feidhme agus na nósanna imeachta i gcás mífheidhmithe in Aguisín 3.

Roinn 3

Cigireacht ar muir nó i gcalafort

1. Is iad soithí agus cigirí na Graonlainne a aithnítear go soiléir i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún idirnáisiúnta a dhéanfaidh na cigireachtaí in EEZ na Graonlainne nó i gcalafoirt shoithí an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu agus déanfar na cigireachtaí sin i gcomhréir le bearta FAO agus aon bheart Stáit Calafoirt ábhartha de chuid ERBInna.

2.Féadfaidh údarás inniúil gach páirtí iarraidh ar ionadaí ón bpáirtí eile breathnú ar chigireacht.

3. Féadfaidh údarás inniúil gach páirtí a dhéanann cigireacht idirnáisiúnta i limistéir rialála NEAFC agus NAFO iarraidh ar chigirí an pháirtí eile teacht ar bord soitheach cigireachta a bhfuil cigireacht idirnáisiúnta ar siúl acu.

Roinn 4

Scéim bhreathnóirí

1.Tá oibríochtaí iascaireachta in EEZ na Graonlainne faoi réir na scéime breathnóirí dá bhforáiltear faoi dhlí na Graonlainne. Máistrí shoithí iascaireachta an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu chun iascaireacht a dhéanamh laistigh de EEZ na Graonlainne, rachaidh siad i gcomhar le húdaráis inniúla na Graonlainne chun críche breathnóirí a ligean ar bord.

2. Is iad údaráis inniúla na Graonlainne a íocfaidh as tuarastal agus ranníocaíochtaí sóisialta an bhreathnóra.

3.Fad a bheidh na breathnóirí ar bord, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

gach beart is iomchuí a ghlacadh ionas nach gcuirfidh siad isteach ar oibríochtaí iascaireachta agus nach gcuirfidh siad bac ar a leithéid;

(b) meas a léiriú ar an maoin agus an trealamh go léir atá ar bord; agus

(c)

meas a léiriú ar rúndacht aon doiciméid de chuid an tsoithigh.

4.Rachaidh an breathnóir ar bord i gcalafort nó ag suíomh sonrach ar muir a chomhaontófar idir údarás inniúil na Graonlainne agus an máistir. Mura dtagann an breathnóir chun an soitheach a bhordáil laistigh de 3 uair an chloig ón dáta agus an t‑am arna socrú, scaoilfear go huathoibríoch úinéir an tsoithigh óna oibleagáid chun ligean don bhreathnóir bordáil agus féadfaidh an soitheach an calafort a fhágáil agus tús a chur lena chuid oibríochtaí iascaireachta.

5. Tuarascáil an bhreathnóra

5.1. Sula bhfágfaidh sé an soitheach, cuirfidh an breathnóir tuarascáil faoina bharúlacha faoi bhráid mháistir an tsoithigh. Beidh sé de cheart ag máistir an tsoithigh tráchtanna a dhéanamh i dtuarascáil an bhreathnóra. Déanfaidh an breathnóir agus an máistir araon an tuarascáil a shíniú. Gheobhaidh an máistir cóip leictreonach de thuarascáil an bhreathnóra.

5.2. Nuair a fhaigheann siad iarratas ó údarás inniúil an Aontais nó ón stát brataí déanfaidh údarás inniúil na Graonlainne cóip de thuarascáil an bhreathnóra a tharchur laistigh de 8 lá oibre.

Roinn 5

Sáruithe

1. Sáruithe

Mura bhfuil forálacha an Phrótacail seo comhlíonta ag soitheach de chuid an Aontais, go háirithe tuairisciú ar ghabhálacha, meastar é sin a bheith ina shárú tromchúiseach i gcomhréir le hiarscríbhinn an Phrótacail, caibidil II, 6(a). Tá údarás inniúil na Graonlainne i dteideal údarú iascaireachta atá ann cheana féin a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfar na forálacha maidir le gabhálacha a thuairisciú. Má dhéantar an cion arís, féadfaidh údarás inniúil na Graonlainne diúltú d’údarú iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann a athnuachan. Cuirfear údarás inniúil an Aontais agus an stát brataí ar an eolas mar is iomchuí gan mhoill.

2. Sáruithe a láimhseáil

2.1. Ní mór trácht a dhéanamh i dtuarascáil cigireachta ar aon sárú a dhéanann soitheach iascaireachta an Aontais, a bhfuil údarú iascaireachta aige i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne seo, in EEZ na Graonlainne.

2.2. Síneoidh an máistir an tuarascáil cigireachta gan dochar do cheart an mháistir agus/nó úinéir an tsoithigh chun cosanta i leith sárú.

2.3. I gcás aon sáraithe a dhéanann soitheach de chuid an Aontais, a bhfuil údarú iascaireachta aige faoin gComhaontú, in EEZ na Graonlainne, déanfar an fógra maidir leis an sárú arna shainiú agus na smachtbhannaí cúnta arna bhforchur ar an máistir nó ar an gcuideachta iascaireachta a sheoladh go díreach chuig úinéirí an tsoithigh de réir na nósanna imeachta a leagtar síos le dlí is infheidhme na Graonlainne.

2.4. Seolfaidh údarás inniúil na Graonlainne cóip den tuarascáil cigireachta agus den fhógra faoi shárú chuig údarás inniúil an Aontais agus chuig an stát brataí le ríomhphost a luaithe is féidir.

2.5. I gcás ina bhfuil gá le himeachtaí dlíthiúla chun an sárú a réiteach, sula gcuirfear tús leis na himeachtaí sin, agus ar choinníoll nach bhfuil gníomh cóiriúil i gceist leis an sárú, déanfar iarracht an sárú toimhdithe a réiteach go cairdiúil laistigh de 4 lá ón bhfógra faoin sárú. Mura féidir teacht ar réiteach cairdiúil, cuirfear tús leis na himeachtaí dlíthiúla.

3. Soitheach a choinneáil

3.1. Tabharfaidh an Ghraonlainn fógra d’údarás inniúil an Aontais agus don stát brataí láithreach faoi shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a choinneáil a bhfuil údarú iascaireachta aige faoin gComhaontú. Ní mór na cúiseanna leis an gcoinneáil a mhíniú san fhógra agus fianaise dhoiciméadach ar an sárú a chur leis.

3.2. Sula nglacfar aon bheart eile in aghaidh an tsoithigh de chuid an Aontais atá á choinneáil, nó in aghaidh a mháistir, a chriú nó a lastais, seachas bearta atá beartaithe chun fianaise a chosaint, ainmneoidh an Ghraonlainn oifigeach imscrúdaithe agus eagróidh sí cruinniú faisnéise, ar a iarraidh sin d’údarás an Aontais, laistigh de 1 lá oibre ón bhfógra faoi na cúiseanna a bhfuil an soitheach á choinneáil. Féadfaidh ionadaí an stáit brataí agus úinéir an tsoithigh freastal ar an gcruinniú.

4. Pionóis i leith sáruithe

4.1. Socróidh an Ghraonlainn an pionós i leith an tsáraithe de réir fhorálacha na reachtaíochta náisiúnta atá i bhfeidhm.

4.2. I gcás ina bhfaightear réiteach cairdiúil, cinnfear aon phionós atá le híoc trí thagairt do reachtaíocht náisiúnta na Graonlainne.

5. Imeacht dlíthiúil — Urrús bainc

5.1. Mura féidir réiteach cairdiúil a fháil agus má thugtar an sárú os comhair na cúirte inniúla, déanfaidh longúinéir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais a rinne an sárú urrús bainc a thaisceadh ag banc a ainmneoidh údarás inniúil na Graonlainne, ar de mhéid é, a shocróidh údarás inniúil na Graonlainne, lena gcumhdófar na costais a bhaineann le soitheach iascaireachta an Aontais a choinneáil, mar aon leis an táille measta agus aon chúiteamh. Ní féidir an t‑urrús bainc a aisghabháil go dtí go gcuirfear na himeachtaí dlíthiúla i gcrích. I gcás ina bhfuil imeachtaí dlíthiúla fós ar siúl ar feadh breis agus 4 bliana áfach, tabharfaidh údarás inniúil na Graonlainne nuashonrú tráthrialta d’údarás inniúil an Aontais agus don stát brataí lena mbaineann faoi na céimeanna atá á nglacadh chun na himeachtaí dlíthiúla a thabhairt i gcrích.

5.2. Scaoilfear an t‑urrús bainc agus tabharfar ar ais don longúinéir é gan mhoill tar éis fhógairt an bhreithiúnais:

(a) go hiomlán, murar forchuireadh aon phionós

(b)

le haghaidh mhéid an iarmhéid atá fágtha, más fíneáil atá sa phionós atá níos ísle ná méid an urrúis bhainc.

5.3. Cuirfear tús leis na himeachtaí dlíthiúla a luaithe is féidir de réir an dlí náisiúnta.

5.4. Cuirfidh an Ghraonlainn an tAontas ar an eolas faoi thoradh na n‑imeachtaí dlíthiúla laistigh de 14 lá tar éis an bhreithiúnais.

6. Scaoileadh an tsoithigh agus an chriú

6.1. Tabharfar údarú do shoitheach iascaireachta an Aontais an calafort a fhágáil agus leanúint ag iascaireacht a luaithe a thaiscfear an t‑urrús bainc nó a íocfar an pionós nó a chomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as an réiteach cairdiúil.

CAIBIDIL V

COMHFHIONTAIR SHEALADACHA

Roinn 1

An modh agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar thionscadail le haghaidh comhfhiontair shealadacha agus comhfhiontar

1. Beidh gníomhaíochtaí shoithí iascaireachta an Aontais faoi rialú na nDlíthe agus na Rialachán is infheidhme sa Ghraonlainn agus i Ríocht na Danmhairge nuair atá siad ag oibriú in EEZ na Graonlainne, gan dochar do fhreagrachtaí shoithí iascaireachta an Aontais maidir le reachtaíocht an Aontais, mura bhforáiltear dá mhalairt faoin gComhaontú, faoin bPrótacal nó faoin Iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

2. Cuirfidh an Ghraonlainn údarás inniúil an Aontais ar an eolas gan mhoill má thagann aon deiseanna chun cinn le haghaidh comhfhiontair shealadacha nó agus comhfhiontair le cuideachtaí Graonlannacha. Cuirfidh údarás inniúil an Aontais Ballstáit uile an Aontais ar an eolas go hiomchuí. I gcás gnóthais chomhpháirtigh, cuirfear tionscadail isteach agus déanfar measúnú orthu i gcomhréir le forálacha na caibidle seo.

3. Agus Airteagal 12(f) den Chomhaontú á chur i bhfeidhm, cuirfidh an tAontas sainchomhad teicniúil faoi bhráid na Graonlainne a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 10 lá oibre roimh chruinniú de chuid an Chomhchoiste, ar sainchomhad teicniúil é a bhaineann le tionscadail le haghaidh comhfhiontair shealadacha agus comhfhiontar a bhfuil oibreoirí an Aontais páirteach iontu. Cuirfear na tionscadail faoi bhráid údarás inniúil an Aontais trí údaráis na mBallstát de chuid an Aontais lena mbaineann.

4. Beidh sé mar thosaíocht ag an gComhchoiste spreagadh a thabhairt do shoithí an Aontais úsáid iomlán a bhaint as na cuótaí táscacha i gcomhair speiceas a liostaítear faoi Airteagal 2(1) den Phrótacal. I gcás speiceas ar aontaigh an Comhchoiste deiseanna iascaireachta ina leith atá níos lú ná mar a léirítear faoi Airteagal 2(1) den Phrótacal, gan comhairle eolaíoch ina bhonn cirt leis, ní bhreithneofar tionscadail le haghaidh comhfhiontair shealadacha agus comhfhiontar i gcomhair an speicis chéanna agus na bliana féilire céanna.

5. Déanfaidh an Comhchoiste na tionscadail a mheasúnú i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a) spriocspeicis agus limistéir iascaireachta;

(b)

riocht na stoc bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar an gcur cur chuige réamhchúraim;

(c)

sonraí soithí agus an teicneolaíocht is iomchuí maidir leis na hoibríochtaí iascaireachta molta;

(d)

i gcás comhfhiontair shealadacha, an tréimhse iomlán agus tréimhse na n‑oibríochtaí iascaireachta; agus

(e)

taithí an longúinéara agus a pháirtí san earnáil iascaigh roimhe seo.

6. Eiseoidh an Comhchoiste tuairim faoi na tionscadail tar éis an mheasúnaithe faoi mhír 3.

7. Le haghaidh speiceas a liostaítear faoi Airteagal 2(1) den Phrótacal, beidh gabhálacha a fhaigheann soithí an Aontais faoi chuimsiú comhfhiontar sealadach nó comhfhiontar gan dochar do shocruithe comhroinnte atá ann cheana féin idir Ballstáit an Aontais.

Roinn 2

Coinníollacha a bhaineann le rochtain faoi chuimsiú comhfhiontair shealadacha

1. Údaruithe iascaireachta

1.1. I gcás comhfhiontair shealadacha, a luaithe a fhaigheann tionscadal tuairim fhabhrach ón gComhchoiste, cuirfidh soithí an Aontais lena mbaineann iarratas isteach ar údarú iascaireachta i gcomhréir le forálacha Chaibidil II. Ní mór a léiriú go soiléir san iarratas sin go mbaineann sé le Comhfhiontar Sealadach.

1.2. Eiseofar an t‑údarú iascaireachta ar feadh thréimhse an chomhfhiontair shealadaigh ach in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná an bhliain féilire.

1.3. Léireofar go soiléir leis an údarú iascaireachta go ndéanfar gabhálacha ar dheiseanna iascaireachta arna leithdháileadh ag údaráis na Graonlainne laistigh de TAC faoi seach na Graonlainne ach lasmuigh de na deiseanna iascaireachta faoi Airteagal 2(1) den Phrótacal.

2. Soithigh a athsholáthar

Maidir le soitheach de chuid an Aontais a oibríonn faoi chomhfhiontar sealadach, féadfar soitheach eile de chuid an Aontais a chur ina ionad a bhfuil toilleadh comhchosúil agus sonraíochtaí teicniúla comhchosúla acu, ar fhorais lena bhfuil údar cuí amháin agus le comhaontú an dá Pháirtí.

Roinn 3

Socruithe chun cuóta de Shéacla Artach a aistriú idir sealbhóirí údaruithe

1. Socruithe le haghaidh aistriú

1.1. Féadfaidh longúinéirí ón nGraonlainn agus ón Aontas Eorpach socruithe a bhunú ar bhonn na cuideachta maidir le cuóta i ndáil le deiseanna iascaireachta i gcomhair Séacla Artach i bhFolimistéir II, V, XII agus XIV ICES a mhalartú le deiseanna iascaireachta i gcomhair Séacla Artach i bhFolimistéar 1 NAFO.

1.2. Geallfaidh údaráis na Graonlainne go n‑éascóidh siad socruithe den sórt sin ar iarraidh sin d’údaráis inniúla an Aontais ar son na mBallstát lena mbaineann.

1.3. Is é 2 000 tona an t‑uasmhéid bliantúil a aistreofar, faoi réir comhairle eolaíche.

1.4. Beidh an t‑iascach a dhéanfaidh soithí an Aontais bunaithe ar na coinníollacha céanna dá bhforáiltear i ndáil le húdarú iascaireachta a eisítear chuig longúinéir Graonlannach faoi réir fhorálacha Chaibidil II den Iarscríbhinn.

CAIBIDIL VI

IASCAIGH THURGNAMHACHA

1. Agus Airteagal 11 agus Airteagal 12(g) den Chomhaontú á gcur i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil sé curtha in iúl ag údarás inniúil an Aontais don Ghraonlainn go bhfuil spéis dul i mbun iascaigh thurgnamhacha maidir le speicis agus stoic nach liostaítear faoi Airteagal 2(1) den Phrótacal:

1.1. Cuirfidh údarás inniúil an Aontais sainchomhaid theicniúla faoi bhráid na Graonlainne tráth nach déanaí ná 15 lá roimh chruinniú an Chomhchoiste, lena sonrófar an méid a leanas:

(a) an speiceas/na speicis ar a ndíreofar;

(b)

togra le haghaidh pharaiméadair theicniúla an fheachtais (an teicneolaíocht a úsáidfear ar mhaithe le hoibriú, fad, limistéir iascaireachta. etc.); agus

(c)

na tairbhí ionchais a bhainfear as rannpháirtíocht an Aontais san fheachtas turgnamhach, i ndáil le taighde eolaíoch agus forbairt na hearnála iascaireachta.

(d) Measúnú ar thionchair fhéideartha na soithí atá beartaithe acu dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta lena léirítear nach dócha go mbeidh drochthionchair shuntasacha ag na gníomhaíochtaí sin ar éiceachórais mhuirí leochaileacha

1.2. Cuirfidh an Ghraonlainn an Comhchoiste ar an eolas faoin méid a leanas:

(a)

mionsonraí agus coinníollacha na bhfeachtas iascaireachta turgnamhaí ábhartha a reáchtálfaidh soithí baile agus soithí tríú tír;

(b)

torthaí aon fheachtais thurgnamhaigh roimhe seo i gcomhair an speicis chéanna; agus

(c) an fhaisnéis eolaíoch agus an fhaisnéis eile atá ann cheana

2. Déanfaidh an Comhchoiste measúnú ar na sainchomhaid theicniúla agus aird chuí á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar an gcur chuige réamhchúraim.

3. Tar éis tuairim dhearfach ón gComhchoiste maidir le rannpháirtíocht an Aontais, an leibhéal rannpháirtíochta agus paraiméadair theicniúla an fheachtais iascaireachta turgnamhaí, ní mór do shoithí an Aontais iarratais ar údaruithe iascaireachta a chur isteach i gcomhréir le forálacha Chaibidil II. Ní bheidh an t‑údarú iascaireachta bailí ar feadh tréimhse níos faide ná deireadh na bliana féilire.

4. Beidh forálacha uile Chaibidil IV infheidhme maidir le soithí an Aontais a théann i mbun iascaigh thurgnamhacha.

5. Gan dochar do mhír 4, le linn an fheachtais thurgnamhaigh ar muir, déanfaidh soithí an Aontais lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

fógra a thabhairt d’údarás inniúil na Graonlainne go bhfuil tús á chur leis an bhfeachtas agus dearbhú a chur isteach maidir le haon ghabhálacha ar bord sula gcuirfear tús leis an iascach turgnamhach;

(b)

tuarascáil sheachtainiúil ar ghabhálacha in aghaidh an lae agus in aghaidh an tarlaithe a sholáthar d’Institiúid Acmhainní Nádúrtha na Graonlainne, d’údarás inniúil na Graonlainne agus don Choimisiún Eorpach, lena n‑áirítear tuairisc ar pharaiméadair theicniúla an fheachtais (suíomh, doimhneacht, dáta agus am, gabhálacha agus barúlacha nó tráchtanna eile);

(c)

a áirithiú go bhfuil breathnóir Graonlannach amháin nó breathnóir arna roghnú ag údarás inniúil na Graonlainne ar bord. Is é an ról a bheidh ag an mbreathnóir faisnéis eolaíoch a bhailiú ó na gabhálacha, chomh maith le sampla a thógáil ó na gabhálacha. Caithfear leis an mbreathnóir mar oifigeach loinge agus cumhdóidh úinéir an tsoithigh costais mhaireachtála an bhreathnóra fad atá sé ag fanacht ar an soitheach. Is iad údaráis na Graonlainne a chinnfidh an tréimhse a bheidh an breathnóir ar bord, an calafort bordála agus an calafort cur i dtír; agus

(d)

fógra a thabhairt d’údarás inniúil na Graonlainne ag deireadh an fheachtais thurgnamhaigh agus cigireacht a dhéanamh ar na soithí sula bhfágann siad EEZ na Graonlainne má iarrann Údarás Inniúil na Graonlainne amhlaidh.

6. Maidir leis na gabhálacha atá comhsheasmhach leis an bhfeachtas turgnamhach agus a fhaightear lena linn, fanfaidh siad i seilbh úinéir an tsoithigh.

7. Ainmneoidh údarás inniúil na Graonlainne duine teagmhála a bheidh freagrach as déileáil le haon fhadhb gan choinne a d’fhéadfadh cur isteach ar fhorbairt na n‑iascach turgnamhach.

8. Bunaithe ar mholtaí na gcomhlachtaí comhairleacha eolaíochta ábhartha, féadfaidh an Ghraonlainn a iarraidh go gcuirfí bearta caomhnaithe agus bainistíochta chun feidhme maidir leis an iascach turgnamhach, lena n‑áirítear tréimhsí coiscthe ama agus limistéir.

9. Ní mór do shoithí an Aontais lena mbaineann tuarascáil meastóireachta a chur faoi bhráid an dá Pháirtí tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chur i gcrích an iascaigh thurgnamhaigh, lena bpléitear an méid a leanas ar a laghad;

a) ar oibríodh an t‑iascach de réir na bparaiméadar teicniúil a moladh; agus

b) ar baineadh amach na tairbhí ionchais i ndáil le taighde eolaíoch agus forbairtí na hearnála iascaireachta mar a shonraítear sna sainchomhaid theicniúla, agus murar baineadh cén fáth nár baineadh;

c) an raibh fadhbanna gan choinne ag an soitheach, lena n‑áirítear seachghabhálacha;

d) ar chloígh an soitheach leis na forálacha i mír 5 agus murar chloígh, ní mór údar cirt iomchuí a thabhairt leis sin.

10. I gcás ina bhfaigheann na Páirtithe gur bhain iascach turgnamhach torthaí dearfacha amach agus má shocraíonn an Comhchoiste deiseanna iascaireachta nua i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(2), Airteagal 2(4) agus Airteagal 7, féadfaidh údaráis na Graonlainne deiseanna iascaireachta a thairiscint atá ar aon dul leis an nglacadh cuóta coibhneasta ag soithí an Aontais a bhí páirteach san iascach turgnamhach le linn na 5 bliana roimhe sin. Ní féidir níos mó ná 50 % a bheith sa mhéid a leithdháilfear ar an Aontas ach amháin i gcás ina gcinneann an Ghraonlainn méid níos mo a thairiscint. Beidh feidhm ag an bhforáil seo go dtí go rachaidh an prótacal in éag.



Aguisíní a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo

Aguisín 1. Foirm iarratais le haghaidh údarú iascaireachta

Aguisín 2. Mionsonraí Teagmhála údaráis inniúla na Graonlainne

Aguisín 3 Nósanna Imeachta Cur Chun Feidhme maidir le Faireachán a Dhéanamh le Satailítí (Córas um Fhaireachán Soithí – VMS)

Aguisín 4 Formáid na sonraí VMS

Aguisín 5. Scéim solúbthachta san iascach péirse mara peiligí idir uiscí na Graonlainne agus uiscí NEAFC



Aguisín 1

Iarratas ar údarú iascaireachta

Foirm iarratais ar údarú iascaireachta in EEZ na Graonlainne agus ar chuóta Graonlannach lasmuigh de EEZ na Graonlainne

S/R/C (sainordaitheach/roghnach/Coinníollach)

Mionsonraí ceadúnais

1

An cineál ceadúnais le haghaidh an iarratais (speiceas agus limistéar)

S

2

An méid ar cuireadh isteach air

S

3

Tréimhse ama le haghaidh údarú iascaireachta

S

4

An seoladh ar cheart an t‑iarratas ar údarú iascaireachta a chur chuige

Commission européenne, Direction générale des affaires maritimes et de la pêche, Rue de la Loi 200, B‑1049 Bruxelles, Facs +32 2 2962338 Ríomhphost Mare-licences@ec.europa.eu

Faisnéis faoin soitheach

5

Stát brataí

S

6

Ainm an tSoithigh

S

7

Uimhir agus litreacha aitheantais seachtracha

S

8

Comhartha Aitheantais Idirnáisiúnta Raidió (IRCS)

S

9

Uimhir IMO

C

Má sannadh uimhir IMO do na soithí

10

Uimhir thagartha inmheánach an stáit brataí

R

11

Bliain na Tógála

S

12

Calafort clárúcháin

S

13

An Cineál Soithigh (Cód FAO)

S

14

An príomhchineál trealaimh iascaireachta (cód FAO)

S

15

Ainm/ainmneacha roimhe seo (stát brataí, ainm, IRCS, agus dátaí le haghaidh athrú)

C

Más ann d’fhaisnéis roimhe sin

16

Uimhir Inmarsat/Uimhir Iridium (Teileafón, Ríomhphost)

C

Teileafón, Ríomhphost roghnach

17

Úinéirí, Seoladh an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh, Teileafón, Facs, Ríomhphost

C

Facs roghnach

18

Ionadaí an tsoithigh (gníomhaire), ainm agus seoladh

S

19

Cumhacht innill (cileavata)

S

20

Fad foriomlán (L.O.A.)

S

21

Tonnáiste in GT

S

22

Acmhainn reoite i dtonaí in aghaidh an lae

S

 

23

Toilleadh na n‑umar Sáile Cuisnithe nó na n‑umar Sáile Fuaraithe (RSW, CSW) i méadair chiúbacha

S

24

Grianghraf daite digiteach den soitheach de ghléine leormhaith (0.5 MB ar a Mhéid) chun amharc cliathánach mionsonraithe ar an soitheach a léiriú lena n‑áirítear ainm agus uimhir aitheantais an tsoithigh atá le feiceáil ar an gcabhail.

S



Aguisín 2

Mionsonraí teagmhála údaráis inniúla na Graonlainne

Tuarascálacha agus fógraí a tharchur

Ní mór na tuarascálacha agus na fógraí is gá a sholáthar de réir Chaibidil IV roinn 1 a bheith i nGraonlainnis, i nDanmhairgis nó i mBéarla.

Déanfar fógraí a tharchur le raidió cósta, facs nó ríomhphost chuig Údarás Rialaithe Ceadúnais Iascaigh na Graonlainne (GFLK) agus Comhcheannasaíocht an Artaigh (AKO):

GFLK, uimhir theileafóin +299 34 50 00, uimhir facs +299 34 63 60,

Ríomhphost: GFLK@NANOQ.GL

AKO, uimhir theileafóin +299 364 000, uimhir facs +299 364 099,

Ríomhphost: JRCC@JRCC.GL

Ní mór logleabhair iascaireachta a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

Greenland Fishing License Control Authority (GFLK)

P.O. Box 501, 3900 Nuuk, an Ghraonlainn

Ní mór iarratas ar údarú iascaireachta agus ceadanna eile a chur chuig:

An Aireacht Iascaigh, Seilge agus Talmhaíochta

Uimhir facs +299 346 355 nó,

Ríomhphost: APNN@NANOQ.GL



Aguisín 3

Nósanna Imeachta Cur Chun Feidhme

FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR SHOITHÍ (CÓRAS UM FHAIREACHÁN SOITHÍ – VMS)

1. Teachtaireachtaí faoi shuíomh soithí — VMS

1.1. Soithí an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu faoin gComhaontú agus a oibríonn i limistéar iascaireachta na Graonlainne, nó a dhéanann iascaireacht ar chuóta Graonlannach in uiscí NEAFC (mar a léirítear in Aguisín 5), ní mór iad a bheith feistithe le gaireas rianaithe satailíte lánfheidhmiúil (Córais um Fhaireachán Soithí — VMS) suiteáilte ar bord, lenar féidir tarchur uathoibríoch leanúnach a dhéanamh ar a suíomh chuig Lárionad Faireacháin Iascaigh (LFI) ar talamh a stát brataí uair amháin gach uair an chloig ar a laghad fad atá siad sa limistéar iascaireachta.

1.2. Déanfaidh LFI an stáit brataí tuarascálacha suímh uile soithigh atá i mbun iascaireachta faoin gComhaontú agus faoi réir rianú satailíte faoin bPrótacal seo a tharchur láithreach chuig LFI na Graonlainne, a luaithe a théann sé isteach sa limistéar iascaireachta. Má chomhaontaíonn an dá Pháirtí, déanfar na tuarascálacha suímh uile a tharchur trí nód lárnach an Aontais. Seolfar na teachtaireachtaí sin mar a leanas:

a) trí úsáid leictreonach a bhaint as prótacal malartaithe slán;

b) agus soitheach ag dul isteach sa chrios iascaireachta agus ag imeacht uaidh

c) san fhormáid a léirítear in Aguisín 4.

1.3. Beidh an méid a leanas i ngach teachtaireacht suímh:

a) aitheantas an tsoithigh;

b) suíomh geografach is déanaí an tsoithigh le lamháil earráide níos lú ná 500 méadar, agus eatramh muiníne 99 %;

c) an dáta agus an t‑am in AUL a thaifeadtar an suíomh;

d) luas meandrach agus cúrsa an tsoithigh ag an am a thaifeadtar an suíomh

1.4. Áiritheoidh LFI an stáit brataí go ndéanfar próiseáil uathoibríoch agus tarchur leictreonach ar theachtaireachtaí suímh. Déanfar teachtaireachtaí suímh a thaifeadadh agus a stóráil ar bhealach slán i mbunachar sonraí le haghaidh na bliana reatha agus na bliana roimhe sin. I gcás srianta teicniúla, féadfar an tréimhse sin a ghiorrú trí chomhaontú frithpháirteach áfach.

1.5. Beidh na comhpháirteanna crua‑earraí agus bogearraí VMS crioscaíldíonach, i.e. ní cheadófar leo suíomhanna bréige a ionchur ná a aschur agus ní féidir iad a shárú de láimh. Beidh an córas go hiomlán uathoibríoch agus oibríochtúil i gcónaí beag beann ar na dálaí comhshaoil. Beidh cosc ar an ngaireas rianaithe satailíte a scriosadh, damáiste a dhéanamh dó, é a chur as feidhm nó cur isteach air ar aon bhealach eile.

1.6. Comhaontaíonn na Páirtithe go ndéanfaidh siad faisnéis a bhaineann leis an trealamh a úsáidtear a mhalartú, chun críocha faireacháin agus cigireachta, i gcás inar gá agus ar iarraidh.

2. Cliseadh nó teip theicniúil a dhéanann difear do threalamh faireacháin soithigh

2.1. Ní mór don stát brataí údaráis na Graonlainne agus an Aontais a chur ar an eolas láithreach faoi aon chliseadh teicniúil nó teip a dhéanann difear don trealamh a úsáidtear chun faireachán leanúnach a dhéanamh le satailít atá suiteáilte ar bord soitheach iascaireachta.

2.2. Ní mór an trealamh lochtach a athsholáthar nó a dheisiú ag an gcéad chalafort ina bhfuil seirbhís ar fáil agus laistigh de 30 lá oibre ar a laghad ón dáta a chuireann an stát brataí an cliseadh in iúl do LFI na Graonlainne. Tar éis na tréimhse sin, ní mór don soitheach atá i gceist a bheith tar éis filleadh ar chalafort arna ainmniú ag údaráis na Graonlainne chun bearta leantacha a ghlacadh agus deisiú a dhéanamh, nó an limistéar a fhágáil, ar choinníoll go bhfuil an stát brataí tar éis an tuarascáil cigireachta maidir leis an trealamh lochtach a sheoladh chuig LFI na Graonlainne agus na cúiseanna leis an gcliseadh a chur in iúl dó.

2.3. Go dtí go ndéanfar an trealamh a dheisiú nó a athsholáthar, seolfaidh máistir an tsoithigh tuarascáil suímh dhomhanda gach 4 huair an chloig de láimh le ríomhphost, raidió nó facs chuig LFI an stáit brataí, agus na suíomhanna arna dtaifeadadh ag máistir an tsoithigh á lua faoi na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1.2.

2.4. Déanfaidh LFI an stáit brataí na teachtaireachtaí láimhe sin a thaifeadadh láithreach sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1.4 agus déanfaidh LFI an stáit brataí iad a tharchur gan mhoill chuig LFI na Graonlainne, agus úsáid á baint as an bprótacal agus an fhormáid chéanna is a shonraítear in Aguisín 4.

2.5. Tar éis na tréimhse, cf. 2.2, ní údarófar a thuilleadh don soitheach gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar iascaireachta na Graonlainne.

3. Cumarsáid shlán i ndáil leis na teachtaireachtaí suímh idir LFInna.

3.1. Déanfaidh LFI an stáit brataí teachtaireachtaí suímh maidir leis na soithí lena mbaineann a sheoladh go huathoibríoch chuig LFI na Graonlainne.

3.2. Déanfaidh LFInna an dá Pháirtí a gcomhordanáidí a mhalartú, e.g. seoladh ríomhphoist, facs, telex agus teileafóin, agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas gan mhoill má thagann aon athrú ar na comhordanáidí sin.

3.3. Gan dochar d’fheabhsaithe a chuirfear chun feidhme sa todhchaí, déanfar na teachtaireachtaí suímh idir LFInna lena mbaineann agus na stáit bhrataí a tharchur go leictreonach de réir phrótacal HTTPS. Déanfaidh údaráis na Graonlainne agus LFI an stáit brataí ábhartha deimhnithe a mhalartú.

3.4. Úsáidfear sonraí VMS i gcomhréir le hAirteagal 11 den Phrótacal seo.

4. Mífheidhmiú an chórais cumarsáide

4.1. Áiritheoidh údarás inniúil na Graonlainne agus LFInna stáit brataí an Aontais go bhfuil a dtrealamh leictreonach comhoiriúnach agus cuirfidh siad an páirtí eile ar an eolas láithreach faoi aon mhífheidhmiú a mhéid a bhaineann leis an gcumarsáid agus teachtaireachtaí suímh a fháil d’fhonn réiteach teicniúil a aimsiú a luaithe is féidir.

4.2. Ní dhéanfaidh clistí cumarsáide idir LFInna difear d’oibriú na soithí.

4.3. Déanfar na teachtaireachtaí uile nár seoladh le linn an aga neamhfhónaimh a sheoladh ar aghaidh a luaithe a athbhunaítear an chumarsáid idir LFInna lena mbaineann.

5. Cothabháil LFI

5.1. Ní mór do LFI fógra a thabhairt do LFI eile 72 uair an chloig ar a laghad roimh ré faoi chothabháil bheartaithe ar LFI (clár cothabhála) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhalartú sonraí VMS, lena léirítear, nuair is féidir, dáta agus tréimhse na hoibre cothabhála. Ní mór faisnéis faoi obair chothabhála neamhbheartaithe a sheoladh chuig LFI eile a luaithe is féidir.

5.2. Le linn na hoibre cothabhála, féadfar soláthar sonraí VMS a chur ar fionraí go dtí go gcuirfear an córas i bhfeidhm arís. Seolfar na sonraí VMS ábhartha láithreach tar éis don obair chothabhála a bheith curtha i gcrích.

5.3. Má thógann an obair chothabhála níos faide ná 24 uair an chloig, seolfar sonraí VMS chuig LFI eile le modh cumarsáide leictreonaice malartach arna chomhaontú go frithpháirteach.

5.4. Cuirfidh an Ghraonlainn a húdaráis inniúla maidir le faireachán, rialú agus faireachas ar an eolas ionas nach measfaidh LFI na Graonlainne go bhfuil a gcuid oibleagáidí á sárú ag soithí an Aontais ós rud é nach bhfuil sonraí VMS á dtarchur acu, mar gheall go bhfuiltear i mbun cothabhála ar LFI.

6. Athbhreithniú a dhéanamh ar mhinicíocht na dteachtaireachtaí suímh

6.1. Ar bhonn fianaise dhoiciméadach lena léirítear sárú, féadfaidh an Ghraonlainn iarraidh ar LFI an stáit brataí, agus cóip á cur chuig an Aontas, an t‑eatramh idir seoladh na dteachtaireachtaí suímh ó shoitheach a laghdú go dtí gach 30 nóiméad ar feadh tréimhse imscrúdaithe socraithe. Seolfaidh an Ghraonlainn an fhianaise dhoiciméadach sin chuig LFI an stáit brataí agus chuig an Aontas. Seolfaidh LFI an stáit brataí teachtaireachtaí suímh chuig an nGraonlainn láithreach ag an minicíocht nua.

6.2. Ag deireadh na tréimhse imscrúdaithe socraithe, cuirfidh an Ghraonlainn LFI an stáit brataí agus an tAontas ar an eolas faoi aon bhearta leantacha is gá.



Aguisín 4

Roinn 1 – Formáid VMS NAF

Formáid sonraí VMS

An fhormáid chun teachtaireachtaí VMS a chur chuig LFI an Pháirtí eile

(1)

Teachtaireacht ‘IONTRÁLA’

Eilimint Sonraí:

Cód Réimse:

Sainordaitheach/Roghnach

Nótaí:

Tús an Taifid

SR

S

Mionsonra córais; lena léirítear tús an taifid

Seoladh

AD

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA‑3 an Pháirtí Cinn Scríbe

Ó

FR

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA‑3 an Pháirtí tarchuir

Uimhir an Taifid

RN

R

Mionsonra teachtaireachta; sraithuimhir an taifid sa bhliain ábhartha

Dáta an Taifid

RD

R

Mionsonra teachtaireachta; dáta an tarchurtha

Am an Taifid

RT

R

Mionsonra teachtaireachta; am an tarchurtha

An Cineál Teachtaireachta

TM

S

Mionsonra teachtaireachta; an cineál teachtaireachta, ‘ENT’

Comhartha Aitheantais Raidió

RC

S

Mionsonra an tsoithigh; comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió an tsoithigh

Uimhir Thagartha Inmheánach

IR

S

Mionsonra an tsoithigh. Uimhir shoithigh uathúil an Pháirtí mar chód brat‑tíre ISO ALFA‑3 agus uimhir ina dhiaidh

Uimhir Chlárúcháin Sheachtrach

XR

R

Mionsonra an tsoithigh; uimhir thaoibh an tsoithigh

Domhanleithead

LT

S

Mionsonra suímh; suíomh ± 99.999 (WGS‑84)

Domhanfhad

LG

S

Mionsonra suímh; suíomh ± 999.999 (WGS‑84)

Luas

SP

S

Mionsonra suímh; Luas an tsoithigh i ndeichithe de mhuirmhílte san uair

Cúrsa

CO

S

Mionsonra suímh; Cúrsa an tsoithigh ar scála 360°

Dáta

DA

S

Mionsonra suímh; dáta AUL an tsuímh (BBBBMMLL)

Am

TI

S

Mionsonra suímh; am AUL an tsuímh (UUNN)

Deireadh an Taifid

ER

S

Mionsonra córais; lena léirítear deireadh an taifid

(2)

Teachtaireacht/tuarascáil ‘SUÍMH’

Eilimint Sonraí:

Cód Réimse:

Sainordaitheach/Roghnach

Nótaí:

Tús an Taifid

SR

S

Mionsonra córais; lena léirítear tús an taifid

Seoladh

AD

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA‑3 an Pháirtí Ceann Scríbe

Ó

FR

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA‑3 an Pháirtí tarchuir

Uimhir an Taifid

RN

R

Mionsonra teachtaireachta; sraithuimhir an taifid sa bhliain ábhartha

Dáta an Taifid

RD

R

Mionsonra teachtaireachta; dáta an tarchurtha

Am an Taifid

RT

R

Mionsonra teachtaireachta; am an tarchurtha

An Cineál Teachtaireachta

TM

S

Mionsonra teachtaireachta; an cineál teachtaireachta, ‘POS’  (1)  

Comhartha Aitheantais Raidió

RC

S

Mionsonra an tsoithigh; comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió an tsoithigh

Uimhir Thagartha Inmheánach

IR

S

Mionsonra an tsoithigh. Uimhir shoithigh uathúil an Pháirtí mar chód brat‑tíre ISO ALFA‑3 agus uimhir ina dhiaidh

Uimhir Chlárúcháin Sheachtrach

XR

R

Mionsonra an tsoithigh; uimhir thaoibh an tsoithigh

Domhanleithead

LT

S

Mionsonra suímh; suíomh ± 99.999 (WGS‑84)

Domhanfhad

LG

S

Mionsonra suímh; suíomh ± 999.999 (WGS‑84)

Gníomhaíocht

AC

O  (2)  

Mionsonra suímh; ‘ANC’ lena léirítear modh tuairiscithe laghdaithe

Luas

SP

S

Mionsonra suímh; Luas an tsoithigh i ndeichithe de mhuirmhílte san uair

Cúrsa

CO

S

Mionsonra suímh; Cúrsa an tsoithigh ar scála 360°

Dáta

DA

S

Mionsonra suímh; dáta AUL an tsuímh (BBBBMMLL)

Am

TI

S

Mionsonra suímh; am AUL an tsuímh (UUNN)

Deireadh an Taifid

ER

S

Mionsonra córais; lena léirítear deireadh an taifid

(3)

Teachtaireacht ‘IMEACHTA’

Eilimint Sonraí:

Cód Réimse:

Sainordaitheach/Roghnach

Nótaí:

Tús an Taifid

SR

S

Mionsonra córais; lena léirítear tús an taifid

Seoladh

AD

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA‑3 an Pháirtí Ceann Scríbe

Ó

FR

S

Mionsonra teachtaireachta; cód tíre ISO ALFA‑3 an Pháirtí tarchuir

Uimhir an Taifid

RN

R

Mionsonra teachtaireachta; sraithuimhir an taifid sa bhliain ábhartha

Dáta an Taifid

RD

R

Mionsonra teachtaireachta; dáta an tarchurtha

Am an Taifid

RT

R

Mionsonra teachtaireachta; am an tarchurtha

An Cineál Teachtaireachta

TM

S

Mionsonra teachtaireachta; an cineál teachtaireachta, ‘EXI’

Comhartha Aitheantais Raidió

RC

S

Mionsonra an tsoithigh; comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió an tsoithigh

Uimhir Thagartha Inmheánach

IR

S

Mionsonra an tsoithigh. Uimhir shoithigh uathúil an Pháirtí mar chód brat‑tíre ISO ALFA‑3 agus uimhir ina dhiaidh

Uimhir Chlárúcháin Sheachtrach

XR

R

Mionsonra an tsoithigh; uimhir thaoibh an tsoithigh

Dáta

DA

S

Mionsonra suímh; dáta AUL an tsuímh (BBBBMMLL)

Am

TI

S

Mionsonra suímh; am AUL an tsuímh (UUNN)

Deireadh an Taifid

ER

S

Mionsonra córais; lena léirítear deireadh an taifid

(4)

Mionsonraí formáide

Bíonn gach teachtaireacht i dtarchur sonraí struchtúrtha mar a leanas:

léiríonn slais dhúbailte (//) agus an carachtar ‘SR’ tús na teachtaireachta,

léiríonn slais dhúbailte (//) agus cód réimse tús na heiliminte sonraí,

úsáidtear slais shingil (/) chun an cód réimse a scaradh ó na sonraí,

déantar péirí sonraí a scaradh le spás

léiríonn an carachtar ER agus slais dhúbailte (//) deireadh an taifid.

Tá na cóid réimse uile san Iarscríbhinn seo i bhFormáid an Atlantaigh Thuaidh mar a shonraítear i Scéim Rialúcháin agus Forfheidhmiúcháin NEAFC.

(1)   Is é ‘MAN’ an cineál teachtaireachta a úsáidfear le haghaidh tuarascálacha arna gcur in iúl ag soithí a bhfuil gaireas rianaithe satailíte lochtach acu.

(2)   Is infheidhme i gcás ina bhfuil teachtaireachtaí POS á dtarchur ag an soitheach ag minicíocht laghdaithe, agus sa chás sin amháin.



Aguisín 5

Scéim solúbthachta san iascach péirse mara peiligí idir uiscí na Graonlainne agus uiscí NEAFC

1.Chun iascaireacht a dhéanamh faoin scéim solúbthachta san iascach péirse mara peiligí idir uiscí na Graonlainne agus uiscí NEAFC, ní mór údarú iascaireachta a bheith ag an soitheach arna eisiúint ag an nGraonlainn i gcomhréir le forálacha Chaibidil II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal. Déanfar tagairt shoiléir san iarratas agus san údarú iascaireachta do ghníomhaíochtaí lasmuigh de EEZ na Graonlainne.

2.Ní mór cloí leis na bearta uile arna nglacadh ag NEAFC maidir leis an iascach seo i limistéar rialála NEAFC.

3.Ní féidir le soitheach iascaireacht a dhéanamh dá chuóta péirse mara Graonlannach go dtí go bhfuil a sciar de chuóta péirse mara NEAFC an Aontais, arna leithdháileadh ag a stát brataí, caite aige.

4.Féadfaidh soitheach iascaireacht a dhéanamh ar a chuóta Graonlannach laistigh den limistéar NEAFC céanna, inar gabhadh a chuóta NEAFC, faoi réir mhír 5 thíos.

5.Féadfaidh soitheach iascaireacht a dhéanamh i gcomhair a chuóta Ghraonlannach laistigh de limistéar caomhnaithe na bpéirsí mara faoi na coinníollacha a leagtar amach i moltaí NEAFC maidir le bainistiú péirsí mara i Muir Irminger agus sna huiscí cóngaracha, seachas aon chuid atá laistigh de chrios iascaireachta na hÍoslainne.

6.Déanfaidh soitheach a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar Rialála NEAFC tuarascáil suímh VMS a tharchur chuig NEAFC trí LFI a stáit brataí i gcomhréir leis na ceanglais rialála. Agus iascaireacht á déanamh ar chuóta Graonlannach laistigh de limistéar caomhnaithe péirsí NEAFC, socróidh LFI an stáit brataí go sonrach go ndéanfar torthaí an fhaireacháin in aghaidh na huaire ar shuíomh VMS an tsoithigh a thuairisciú chuig LFI na Graonlainne i neas‑fhíoram.

7.Áiritheoidh máistir an tsoithigh, nuair atá tuairisciú á dhéanamh chuig NEAFC agus údaráis na Graonlainne, maidir le gabhálacha péirse mara a ghabhtar i limistéar rialála NEAFC faoi scéim solúbthachta na Graonlainne go léireofar go soiléir gur gabhadh iad faoin údarú iascaireachta Graonlannach a eisítear faoin scéim solúbthachta.

(a)

Sula dtosóidh sé ag iascaireacht ar a údarú iascaireachta Graonlannach, ní mór do shoitheach tuarascáil maidir le FÓGRA GNÍMH a tharchur.

(b)

Nuair atá iascaireacht á déanamh ar údarú iascaireachta Graonlannach déanfar tuarascáil faoin nGABHÁIL LAETHÚIL a tharchur ar bhonn laethúil tráth nach déanaí ná 23:59 AUL.

(c)

Nuair a stopann soitheach a chuid gníomhaíochtaí iascaireachta ar chuóta Graonlannach, déanfaidh sé tuarascáil DEIREADH GNÍMH a tharchur.

(e) Déanfar an TUARASCÁIL UM FHÓGRA GNÍMH, an TUARASCÁIL GABHÁLA LAETHÚIL agus TUARASCÁIL AN FHÓGRA FAOI DHEIREADH GNÍMH a thuairisciú de réir Chaibidil IV Roinn 2 den Iarscríbhinn.

8.Chun cosaint níos mó a thabhairt do na limistéir easbhrúite larbhaigh, ní féidir tús a chur le gníomhaíochtaí iascaireachta roimh an dáta a leagtar amach i moladh NEAFC maidir le péirsí mara a bhainistiú i Muir Irminger agus sna huiscí cóngaracha.

9.Déanfaidh an stát brataí gabhálacha a fhaightear faoin gcuóta Graonlannach in uiscí na Graonlainne agus i limistéar rialála NEAFC a thuairisciú chuig údaráis an Aontais. Áireofar leo sin na gabhálacha uile a fhaightear faoin scéim solúbthachta, agus an ghabháil agus an t‑údarú iascaireachta comhfhreagrach á n‑aithint go soiléir.

10.Ag deireadh gach séasúir iascaireachta, déanfaidh LFI gach stáit brataí staitisticí gabhála maidir leis an iascach péirse mara peiligí faoin scéim solúbthachta seo a tharchur chuig údaráis na Graonlainne.



IARSCRÍBHINN II

Raon feidhme an chumhachtaithe agus an nós imeachta le haghaidh seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú

(1)Tabharfar údarú don Choimisiún chun caibidlíocht a dhéanamh le Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge agus, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir chomhlíonadh phointe 3, leasuithe ar an bPrótacal a chomhaontú i leith na saincheisteanna seo a leanas:

(a)coigeartú na ndeiseanna iascaireachta agus, mar iarmhairt, na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4 den Phrótacal;

(b)comhaontuithe tacaíochta earnálacha i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal;

(c)na socruithe agus coinníollacha teicniúla faoina ndéanann soithí an Aontais a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta.

(2)Laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh faoin gComhaontú Iascaigh, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

(a)gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí i ndáil leis an gComhbheartas Iascaigh;

(b)seasamh a chur chun cinn atá comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus aird a thabhairt ar chomhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta.

(3)I gcás ina bhfuil cinneadh maidir le leasuithe ar an bPrótacal dá dtagraítear i bpointe 1 le glacadh le linn cruinniú de chuid an Chomhchoiste, glacfar na céimeanna is gá chun a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis staitistiúil, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus aon fhaisnéis ábhartha eile arna tarchur chuig an gCoimisiún san áireamh leis an seasamh a léireofar thar ceann an Aontais.

(4)Chuige sin agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin doiciméad a tharchur ina leagfar amach sonraíochtaí sheasamh molta an Aontais, in am trátha roimh chruinniú ábhartha an Chomhchoiste, chuig an gComhairle nó a comhlachtaí ullmhúcháin lena bhreithniú agus a fhormheas.

(5)I leith na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe 1(a), ceanglófar tromlach cáilithe vótaí chun seasamh beartaithe an Aontais a fhormheas ag an gComhairle. Sna cásanna eile, maidir le seasamh beartaithe an Aontais sa doiciméad ullmhúcháin, measfar é a bheith comhaontaithe ach amháin i gcás ina gcuireann roinnt Ballstát, líon is comhionann le mionlach blocála, ina choinne le linn cruinniú de chuid chomhlacht ullmhúcháin na Comhairle nó laistigh de 20 lá ón dáta a fhaightear an doiciméad ullmhúcháin, cibé acu is túisce. I gcás an chur in aghaidh sin, cuirfear an cheist faoi bhráid na Comhairle.

(6)Más rud é, le linn cruinnithe breise, lena n‑áirítear cruinnithe ar an toirt, nach féidir teacht ar chomhaontú ionas go dtabharfadh seasamh an Aontais aird ar ghnéithe nua, cuirfear an cás ar aghaidh chuig an gComhairle nó a comhlachtaí ullmhúcháin.

(7)Iarrtar ar an gCoimisiún, aon chéimeanna is gá a ghlacadh, in am trátha, mar ghníomh leantach i leith chinneadh an Chomhchoiste, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra a chur isteach a bhfuil gá leis chun an cinneadh sin a chur chun feidhme.

(1)    Ba cheart aon leithdháileadh ar phéirse mhara pheiligeach a bheith i gcomhréir le comhaontú an lucht bainistíochta agus na cinntí a dhéantar ar leibhéal NEAFC.
(2)    Is é RED an cód FAO do Sebastes spp, ach i gcás tuairisciú gabhála ba cheart an speiceas a ionchódú de réir an speicis (REG, REB).
(3)

   Nár cheart níos mó ná 6 shoitheach a bheith ag déanamh iascaireacht air ag an tráth céanna.

(4)

   Nuair is féidir iad a ghabháil, faoi réir íoschuóta 25 000 tona don Ghraonlainn de réir TAC tosaigh, idirmheánach agus deiridh, déanfar deiseanna iascaireachta a thairiscint don Aontas de réir mar a bheidh siad ar fáil suas go dtí 7.7 % de TAC caibealláin is infheidhme le linn an tséasúir iascaireachta i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(2) agus Airteagal 2(3).

(5)    Beidh aon chuóta ronnaigh a aistreoidh an Ghraonlainn ag brath ar rannpháirtíocht na Graonlainne mar shínitheoir, leis an Aontas, le Socrú Comhroinnte na Stát Cósta maidir le Ronnach a bhainistiú
(6)    Ní dhíreofar ar an nGránadóir cruinnsocach ná ar an nGránadóir ceanngharbh agus ní ghabhfar na speicis sin ach amháin mar sheachghabhálacha i dteannta spriocspeicis eile.