An Bhruiséil,18.2.2021

COM(2021) 71 final

2021/0039(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2017/2397 a mhéid a bhaineann le bearta idirthréimhseacha chun teastais tríú tír a aithint

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is cuspóir don togra seo leasú a dhéanamh ar fhorálacha idirthréimhseacha Threoir (AE) 2017/2397 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint (‘an Treoir’) chun teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair arna n‑eisiúint ag tríú tíortha (‘doiciméid tríú tír’) a chumhdach.

Le hAirteagal 38 den Treoir, leagtar síos bearta idirthréimhseacha maidir leis na teastais cháilíochta, na leabhair taifid seirbhíse agus na logleabhair a eisítear roimh an 18 Eanáir 2022 (an lá tar éis dhul in éag na tréimhse chun an Treoir a thrasuí). Go ginearálta, leanfaidh na doiciméid lena mbaineann de bheith bailí ar uiscebhealaí intíre an Aontais a raibh siad bailí orthu roimh an dáta sin, ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana.

Cé is moite de na ceadúnais loingseoireachta de chuid na Réine dá dtagraítear in Airteagal 1(5) de Threoir 96/50/CE, áfach, ní dhéantar foráil sa Treoir d’aon bheart idirthréimhseach maidir le doiciméid arna n‑eisiúint ag na tríú tíortha dá dtugann na Ballstáit aitheantas faoi láthair go haontaobhach nó i gcomhréir lena gcomhaontuithe idirnáisiúnta.

Mar iarmhairt air sin, ón 17 Eanáir 2022 ní thabharfar aitheantas san Aontas do dhoiciméid tríú tír go dtí go mbeidh gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 10(5) den Treoir lena dtugtar aitheantas san Aontas do na doiciméid arna n‑eisiúint ag an tríú tír sin.

Toisc go bhfuil an nós imeachta chun doiciméid tríú tír a aithint bunaithe ar an measúnú ar na córais deimhniúcháin sa tríú tír iarrthach, lena chinneadh an bhfuil eisiúint na dteastas cáilíochta, na leabhar taifid seirbhíse agus na logleabhar a shonraítear san iarraidh faoi réir ceanglais atá comhionann leo siúd a leagtar síos sa Treoir, ní dócha go gcuirfear an nós imeachta aitheantais i gcrích roimh an 17 Eanáir 2022.

Ar an gcéad dul síos, le go gcuirfí an nós imeachta sin i gcrích roimh an dáta sin, bheadh ar na tríú tíortha lena mbaineann a reachtaíocht náisiúnta a ailíniú leis na ceanglais a leagtar síos sa Treoir.

Ar an dara dul síos, bheadh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcóras deimhniúcháin sa tríú tír iarrthach agus gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 10(5) den Treoir.

In éagmais an ghnímh cur chun feidhme faoi Airteagal 10(5) den Treoir lena dtugtar aitheantas san Aontas do na doiciméid arna n‑eisiúint ag an tríú tír lena mbaineann, ní bheidh cead ag daoine a bhfuil na doiciméid a d’eisigh an tríú tír sin ina seilbh acu dul i mbun loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre an Aontais.

D’fhéadfadh an staid sin deacrachtaí praiticiúla suntasacha a chruthú, go háirithe maidir le loingseoireacht ar an Danóib, toisc gur sciar suntasach den lucht saothair atá sna baill den chriú a bhfuil doiciméid tríú tír ina seilbh acu.

Is é is cuspóir don togra seo foráil a dhéanamh maidir le tréimhse leordhóthanach inar féidir le Ballstát leanúint d’aitheantas a thabhairt, ar bhonn na gceanglas náisiúnta dá chuid a bunaíodh roimh an 16 Eanáir 2018 agus i ndáil le críoch an Bhallstáit i dtrácht, do dhoiciméid tríú tír atá aitheanta faoi láthair ag an mBallstát sin go haontaobhach nó ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta. Tá raon feidhme an bhirt idirthréimhsigh seo teoranta do na doiciméid arna n‑eisiúint roimh an scoithdháta (an 18 Eanáir 2023), dáta a shainítear faoi threoir síneadh aon bhliana amháin a chur leis an lá tar éis dhul in éag na tréimhse chun an Treoir a thrasuí (an 17 Eanáir 2022). Cuirtear san áireamh leis an scoithdháta sin, ar an gcéad dul síos, go mbeidh ar an tríú tír a bhfuil aitheantas á iarraidh aici a ceanglais a ailíniú leo siúd a leagtar síos sa Treoir agus, ar an dara dul síos, go mbeidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na córais deimhniúcháin sa tríú tír iarrthach agus, i gcás inarb iomchuí, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 10(5) den Treoir.

Is é is cuspóir don réiteach sin aistriú rianúil a áirithiú chuig an gcóras aitheantais le haghaidh na ndoiciméad tríú tír dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Treoir, trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an tréimhse ama is gá chun ligean do na tríú tíortha a gceanglais a ailíniú leo siúd a leagtar síos sa Treoir, agus lena chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a gcórais deimhniúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 10(5) den Treoir. Áiritheofar leis freisin deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na ndaoine agus na n‑oibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre.

Thairis sin, ní mór a chur san áireamh go bhféadfaidh ar an tríú tír lena mbaineann, tar éis don Choimisiún aitheantas a thabhairt do theastais cháilíochta arna n‑eisiúint ag tríú tír, teastais nua a eisiúint mar mhalairt ar dhoiciméid atá faoi réir na socruithe idirthréimhseacha. Maidir leis sin, ní mór a shoiléiriú nach n‑aithneofar na teastais nua sin ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais ach amháin faoi réir Airteagal 10(3) den Treoir agus ar choinníoll go bhfuarthas amach go bhfuil na coinníollacha maidir le malartú a chuireann an tríú tír i bhfeidhm mar a chéile leo siúd a leagtar síos in Airteagal 38(1) agus (3) den Treoir.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leasú, a bhfuil raon feidhme teoranta aige, ar Threoir (AE) 2017/2397 atá sa togra seo, lena dtugtar isteach forálacha idirthréimhseacha is infheidhme maidir le doiciméid tríú tír a aithnítear laistigh de roinnt Ballstát roimh an 18 Eanáir 2022. Ceapadh é chun míshocracht a sheachaint i margadh an tsaothair in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre. Dá bhrí sin, tá an togra comhsheasmhach leis an reachtaíocht atá ann cheana san earnáil sin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Baineann an togra le sábháilteacht agus le soghluaisteacht i réimse an iompair ar uiscebhealaí intíre. Leasaítear leis Treoir (AE) 2017/2397 a mhéid a bhaineann le doiciméid tríú tír a aithint le linn na hidirthréimhse.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht

Is é is cuspóir don togra leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2017/2397 de réir mar is gá chun na gcríoch a ndéantar cur síos orthu thuas. Gníomh ar leibhéal an Aontais is ea an t‑aon mhodh amháin chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach.

An chomhréireacht

Meastar go bhfuil an Treoir atá beartaithe comhréireach, toisc go ndéantar foráil léi maidir le hathrú dlíthiúil atá teoranta agus riachtanach lenar cheart míshocracht a sheachaint i margadh an tsaothair agus oibriú sábháilte éifeachtúil a áirithiú ar uiscebhealaí intíre. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

An rogha ionstraime

Toisc gurb é is cuspóir don togra seo leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2017/2397, ba cheart an fhoirm dhlíthiúil chéanna a bheith aige. Dá bhrí sin, treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle is ea an ionstraim dhlíthiúil iomchuí.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar, toisc go leasaítear reachtaíocht atá ann cheana leis an togra. Thairis sin, tá sé an‑teoranta ó thaobh raon feidhme de.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Foilsíodh treochlár an tionscnaimh seo chun aiseolas a fháil faoin suíomh gréasáin ‘Reachtóireacht Níos Fearr’ ar feadh tréimhse 4 seachtaine. I bhfianaise raon feidhme teoranta an leasuithe, níl gá le tuilleadh comhairliúcháin phoiblí maidir leis an togra.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinneadh anailís dhlíthiúil agus theicniúil laistigh den Choimisiún ar an mbeart atá beartaithe chun a áirithiú go mbainfidh sé amach an chríoch atá beartaithe dó fad a leanfaidh sé de bheith teoranta dá bhfuil fíor-riachtanach.

Measúnú tionchair

Níl aon ghá le measúnú tionchair, toisc nach bhfuil aon roghanna beartais atá éagsúil ó thaobh ábhair de sa bhreis ar an gceann atá beartaithe. Is é is cuspóir don togra síneadh a chur leis an staid atá ann faoi láthair ar feadh tréimhse theoranta.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar.

Cearta bunúsacha

Ní dhéanann an togra difear do chur i bhfeidhm ná do chosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bhaineann le hábhar.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní bhaineann le hábhar.

Doiciméid mhíniúcháin

An fógra ó na Ballstáit maidir leis na bearta trasuí lena mbaineann an togra, ní bheidh doiciméad ag gabháil leis ina míneofar an gaol idir comhpháirteanna na treorach leasaithí agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. Ní fheiceann an Coimisiún aon chúis leis an doiciméad sin toisc nach bhfuil sé riachtanach le haghaidh fhorálacha eile Threoir (AE) 2017/2397.

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1 cuirtear míreanna nua 7 agus 8 nua le hAirteagal 38 de Threoir (AE) 2017/2397.

Le mír nua 7 d’Airteagal 38 tugtar rogha do na Ballstáit leanúint d’aitheantas a thabhairt do dhoiciméid tríú tír ar bhonn a gceanglas náisiúnta a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2017/2397 (an 16 Eanáir 2018). Tá an t‑aitheantas teoranta do na huiscebhealaí intíre atá lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann agus ní féidir feidhm a bheith aige tar éis an 17 Eanáir 2032. Le raon feidhme an bhirt idirthréimhsigh seo, ní fhéadfar ach na doiciméid arna n‑eisiúint ag tríú tír roimh an scoithdháta a chumhdach (an 18 Eanáir 2023).

I gcás ina n‑eisíonn an tríú tír lena mbaineann teastais nua mar mhalairt ar na doiciméid atá faoi réir na socruithe trasuí, déantar soiléir le mír nua 8 d’Airteagal 38 nach n‑aithneofar na teastais nua sin ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais ach amháin faoi réir Airteagal 10(3) den Treoir agus ar choinníoll go bhfuarthas amach go bhfuil na coinníollacha maidir le malartú a chuireann an tríú tír i bhfeidhm mar a chéile leo siúd a leagtar síos in Airteagal 38(1) agus (3) den Treoir.

2021/0039 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2017/2397 a mhéid a bhaineann le bearta idirthréimhseacha chun teastais tríú tír a aithint

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , leagtar amach bearta idirthréimhseacha chun bailíocht leanúnach teastas cáilíochta, leabhar taifid seirbhíse agus logleabhar arna neisiúint roimh dheireadh a tréimhse trasuímh agus chun am réasúnta a thabhairt do bhaill oilte den chriú iarratas a dhéanamh ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais nó ar theastas eile a aithnítear a bheith coibhéiseach. Cé is moite de na ceadúnais loingseoireachta de chuid na Réine dá dtagraítear in Airteagal 1(5) de Threoir 96/50/CE ón gComhairle 4 , áfach, níl feidhm ag na bearta idirthréimhseacha sin maidir leis na teastais cháilíochta, na leabhair taifid seirbhíse ná na logleabhair arna neisiúint ag na tríú tíortha dá dtugann na Ballstáit aitheantas faoi láthair faoina gceanglais náisiúnta a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2017/2397.

(2)Le hAirteagal 10(3), (4) agus (5) de Threoir (AE) 2017/2397, leagtar síos an nós imeachta agus na coinníollacha maidir le teastais, leabhair taifid seirbhíse nó logleabhair arna neisiúint ag na húdaráis i dtríú tír a aithint.

(3)Toisc go bhfuil an nós imeachta chun doiciméid tríú tír a aithint bunaithe ar an measúnú ar na córais deimhniúcháin sa tríú tír iarrthach, lena chinneadh an bhfuil eisiúint na dteastas cáilíochta, na leabhar taifid seirbhíse agus na logleabhar a shonraítear san iarraidh faoi réir ceanglais atá comhionann leo siúd a leagtar síos i dTreoir (AE) 2017/2397, ní dócha go gcuirfear an nós imeachta aitheantais i gcrích roimh an 17 Eanáir 2022.

(4)Chun aistriú rianúil a áirithiú chuig an gcóras aitheantais le haghaidh na ndoiciméad tríú tír dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2017/2397, is gá foráil a dhéanamh maidir le bearta idirthréimhseacha lena dtabharfaí an tam is gá do na tríú tíortha chun a gceanglais a ailíniú leo siúd a leagtar síos sa Treoir sin, agus le go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar a gcórais deimhniúcháin chomh maith agus, i gcás inarb iomchuí, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 10(5) den Treoir sin. Áiritheofar leis na bearta sin freisin deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na ndaoine agus na noibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre. I bhfianaise na gcuspóirí sin, is iomchuí scoithdháta a leagan síos le haghaidh na ndoiciméad tríú tír a thagann faoi raon feidhme na mbeart idirthréimhseach sin, faoi threoir síneadh aon bhliana amháin a chur leis an tréimhse chun an Treoir sin a thrasuí.

(5)Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na bearta idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis na Ballstáit de bhun Airteagal 38 de Threoir (AE) 2017/2397, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta idirthréimhseacha is infheidhme maidir le teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair arna neisiúint ag tríú tíortha agus arna naithint ag na Ballstáit tar éis an 17 Eanáir 2032. Thairis sin, ba cheart aitheantas le haghaidh na dteastas cáilíochta, na leabhar taifid seirbhíse agus na logleabhar sin a theorannú d’uiscebhealaí intíre an Aontais atá lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann.

(6)Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na bearta idirthréimhseacha is infheidhme maidir le teastais cháilíochta arna neisiúint ag na Ballstáit, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart do na teastais cháilíochta a eisíonn tríú tír mar mhalairt ar na teastais a chumhdaítear leis na socruithe idirthréimhseacha a bheith bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais, ar choinníoll gur tugadh aitheantas don tríú tír lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Threoir (AE) 2017/2397 agus go bhfuarthas go bhfuil na ceanglais maidir leis an malartú a chuir an tríú tír sin i bhfeidhm comhionann leo siúd dá bhforáiltear le hAirteagal 38(1) agus (3) den Treoir sin maidir leis na Ballstáit.

(7)Dá bhrí sin, chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do chuideachtaí iompair agus d’oibrithe iompair ar uiscebhealaí intíre, ba cheart Treoir (AE) 2017/2397 a leasú dá réir.

(8)Chun é a chur ar a chumas do na Ballstáit a bheith in ann dul ar aghaidh go pras le trasuí na mbeart dá bhforáiltear leis an Treoir seo, ba cheart di teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear míreanna 7 agus 8 le hAirteagal 38 de Threoir (AE) 2017/2397 mar a leanas:

‘7. Go dtí an 17 Eanáir 2032, féadfaidh na Ballstáit leanúint d’aitheantas a thabhairt, ar bhonn cheanglais na mBallstát náisiúnta a bunaíodh roimh an 16 Eanáir 2018, do theastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair arna n‑eisiúint ag tríú tír roimh an 18 Eanáir 2023. Beidh an t‑aitheantas teoranta do na huiscebhealaí intíre i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

8. Teastais cháilíochta a eisíonn tríú tír mar mhalairt ar na teastais cháilíochta dá dtagraítear i mír 7, beidh siad bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais faoi réir Airteagal 10(3) agus ar choinníoll go bhfuarthas amach go bhfuil na coinníollacha maidir le malartú a chuireann an tríú tír i bhfeidhm mar a chéile leo siúd a leagtar síos i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo.’.

Airteagal 2

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Eanáir 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO C , , lch. .
(2)    IO C […], […], lch. […].
(3)    Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/672/CEE agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (IO L 345, 27.12.2017, lch. 53).
(4)    Treoir 96/50/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha a bhaineann le teastais náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre sa Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 31).