AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.2.2021
COM(2021) 54 final
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
COMHTHÉACS AN TOGRA
•
Forais agus cuspóirí an togra
Tá staidreamh talmhaíochta Eorpach maidir le talmhaíocht an Aontais Eorpaigh á chur le chéile ag Eurostat leis na blianta fada. Cumhdaíonn siad na gnéithe seo a leanas: struchtúr feirmeacha, na cuntais eacnamaíocha talmhaíochta, táirgeadh ainmhithe agus barr, feirmeoireacht orgánach, praghsanna talmhaíochta, lotnaidicídí, cothaithigh agus gnéithe agra-chomhshaoil eile. Is é an phríomhaidhm atá ann go ndéanfar faireachán agus meastóireacht ar an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) agus ar bheartais thábhachtacha eile an Aontais Eorpaigh agus go dtacófar le ceapadh beartas.
Rinneadh meastóireacht ar na bailiúcháin sonraí seo in 2016 agus cinneadh gur ghá iad a thabhairt cothrom le dáta chun na hathruithe atá tagtha ar réimse na talmhaíochta, ar an gcomhbheartas talmhaíochta agus ar bheartais ghaolmhara eile de chuid an Aontais a chur san áireamh. Is clár mór é ‘An Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin’ chun staidreamh talmhaíochta an Aontais a reáchtálann an Coimisiún Eorpach i ndlúthchomhar leis na Ballstáit a nuachóiriú. Tá tacaíocht ag an straitéis ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE) agus is cuid den chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) í a bhfuil sé mar aidhm aige feabhas a chur ar an gcóras Eorpach um staidreamh talmhaíochta (CEST) agus é a chuíchóiriú. Cloítear le moltaí idirnáisiúnta sa straitéis freisin, amhail treoirlínte an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide maidir le gáis cheaptha teasa a thuairisciú, agus caighdeáin Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, agus cuirtear Straitéis Dhomhanda na Náisiún Aontaithe chun feidhme inti d’fhonn feabhas a chur ar staidreamh talmhaíochta agus tuaithe.
Is earnáil sách beag í an talmhaíocht ar bhonn eacnamaíoch, ach cumhdaítear inti beagnach leath de limistéar talún an Aontais agus soláthraíonn sí formhór dá bhia, rud a áirithíonn sábháilteacht bia agus slándáil bia. Bíonn tionchar mór ag an talmhaíocht ar an athrú aeráide agus ar an gcomhshaol, agus bíonn go leor pobal faoin tuath i dtuilleamaí na talmhaíochta. Teastaíonn an fhaisnéis is cruinne sa réimse seo ón Aontas chun beartais a cheapadh a rachaidh chun tairbhe gach saoránach san Eoraip trí bhuiséad substaintiúil an chomhbheartais talmhaíochta agus na bearta gaolmhara a leithdháileadh ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí thar ghnéithe iomadúla. Ina theannta sin, tá an talmhaíocht i gcroílár na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, go háirithe ina ‘straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc’.
Is féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht earnáil na talmhaíochta trí chéile ach an fhaisnéis maidir leis na hathruithe ar líon agus ar phraghsanna earraí agus seirbhísí talmhaíochta a thabhairt faoi scáth struchtúir cuntasaíochta. Chuige sin, soláthraíonn cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta (CET) tacar sonraí inchomparáide a thairgeann faisnéis thábhachtach ar leibhéal maicreacnamaíoch do phríomh‑úsáideoirí, go háirithe ArD‑Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe de chuid an Choimisiúin.
Mar chuntas satailíte den chóras cuntas Eorpach (CCE 2010), cloíonn cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta leis an modheolaíocht do na cuntais náisiúnta go han‑chúramach. Éilíonn a dtiomsú áfach go gceapfaí rialacha agus modhanna iomchuí. Faoin modheolaíocht reatha, soláthraíonn na Ballstáit cuntais eacnamaíochta náisiúnta agus réigiúnacha na talmhaíochta do Eurostat ó 2000 i leith. Tháinig an Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal i bhfeidhm in 2004 agus foirmlíodh an chuid a bhaineann leis na cuntais eacnamaíochta ar leibhéal náisiúnta; leasaíodh é sé huaire ó shin. Níor áiríodh cuntais ar an leibhéal réigiúnach áfach sa Rialachán ach tá beagnach gach Ballstát á dtarchur go tráthrialta i gcónaí faoi chomhaontú oinigh. Ní leor é seo, toisc nach cuid fhoirmiúil de CET an staidreamh a chumhdaítear leis an gcomhaontú oinigh, agus níl aon oibleagáidí ceangailteacha ann ná aon ráthaíocht maidir le seachadadh. Dá bhrí sin toisc gur staidreamh aibí iad cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta a bhfuil tábhacht leo, ba cheart iad a chur ar bhonn foirmiúil trína n‑áireamh sa Rialachán CET. Is é sin an t‑aon bhealach a n‑áiritheofar a gcáilíocht. Shainaithin Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an tsaincheist sin ina Tuarascáil Speisialta SR 01/2016, inar mhol sí go gcuirfí cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta ar bhonn foirmiúil. Ghlac an Coimisiún leis an toradh sin.
Sa Tuarascáil Speisialta chéanna SR 01/2016, sainaithníodh easpa freisin maidir le tuairisciú cáilíochta CET. Ó 2016 i leith, tá Eurostat ag cur an moladh sin chun feidhme, agus sholáthair Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh tuarascálacha cáilíochta CET (ina raibh fíor-bheagán eisceachtaí) ó 2019 le tagairt do na ceanglais in Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Foráiltear in Airteagal 12 áfach go gcuimseofaí ceanglais maidir le tuairisciú cáilíochta go sonrach i reachtaíocht earnálach, trína mbítear in ann rialacha mionsonraithe, struchtúr, tréimhsiúlacht agus táscairí measúnaithe na dtuarascálacha cáilíochta a shainiú, anuas ar na sprioc-amanna maidir le tarchur sonraí. I láthair na huaire, níl na socruithe beachta maidir le tuairisciú cáilíochta ach neamhfhoirmiúil amháin agus dá bhrí sin ba cheart iad a chur ar bhonn foirmiúil ar aon líne leis na ceanglais reatha sin i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
Ar deireadh, i gcás CET, tarchuireann na Ballstáit, i gcás sonraí ar leibhéal náisiúnta, na chéad sonraí measta (sprioc-am mí na Samhna den bhliain tagartha n), na dara sonraí measta (sprioc-am mí Eanáir den bhliain n+1) agus na sonraí deiridh (sprioc-am mí Mheán Fómhair den bhliain n+1). Leanann na dara sonraí róluath tar éis na chéad sonraí ionas go mbeifí in ann feabhas sách maith a chur orthu, mar sin ba cheart na sprioc-amanna tarchuir sonraí don dara meastachán a mhaolú de 2 mhí ó dheireadh mhí Eanáir go dtí deireadh mhí an Mhárta na bliana tar éis na bliana tagartha.
•
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Ionas go mbeidh lucht déanta beartas, gnóthaí agus an pobal i gcoitinne in ann cinntí fianaise-bhunaithe iomchuí a ghlacadh, ní mór don staidreamh a bheith iontaofa agus d’ardcháilíocht.
Áirítear leis an straitéis don staidreamh talmhaíochta 2020 a luadh thuas na príomhchuspóirí a leanas:
·staidreamh d’ardcháilíochta a tháirgeadh a chomhlíonann riachtanais úsáideoirí go héifeachtúil agus go héifeachtach;
·feabhas a chur ar chomhchuibhiú agus ar chomhleanúnachas an staidrimh talmhaíochta Eorpaigh.
Tugtar aghaidh go díreach ar na cuspóirí sin sna trí réimse a áirítear sa togra seo.
•
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
An príomhspreagthóir atá ag an gCóras Staidrimh Eorpach 2013-2017 is ea staidreamh cáilíochta a sholáthar chun tacú le beartais Eorpacha (fadaithe go 2020). Tá staidreamh comhshaoil agus talmhaíochta ar cheann de na trí cholún de tháirgeadh staidrimh faoin gclár sin. I measc cuspóirí ábhartha an chláir tá ‘bailiú na sonraí talmhaíochta a athbhreithniú agus a shimpliú i gcomhréir leis an athbhreithniú ar an gcomhbheartas talmhaíochta tar éis 2013 agus bailiú sonraí talmhaíochta a athcheapadh, go háirithe chun na críche cáilíocht a fheabhsú agus amlíne na sonraí a sholáthar’. Cuirtear an cuspóir sin chun feidhme sa tionscnamh seo.
Ach sonraí níos fearr a sholáthar maidir le measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht earnáil na talmhaíochta don chomhshaol, do na daoine, do na réigiúin agus don gheilleagar, rannchuideoidh an córas Eorpach um staidreamh talmhaíochta freisin le dhá cheann de na sé thosaíocht ar a laghad de Choimisiún von der Leyen, eadhon:
·an Comhaontú Glas don Eoraip leis na straitéisí ón bhFeirm go dtí an Forc agus maidir leis an mBithéagsúlacht atá mar bhonn taca leis; agus
·geilleagar a oibríonn do na daoine.
Tá staidreamh talmhaíochta áisiúil freisin áfach maidir le tosaíochtaí eile an Aontais nó na mBallstát a dhéanann difear don talmhaíocht agus don fhorbairt tuaithe nó a mbíonn tionchar acu orthu.
Thairis sin, sa togra maidir leis an gclár do mhargadh aonair atá á phlé ar bhonn institiúideach faoi láthair soláthraítear creat maidir le forbairt, táirgeadh agus leithdháileadh staidrimh Eorpaigh a mhaoiniú. Éilíonn cur chun feidhme bheartais an Aontais go soláthrófaí faisnéis staidrimh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa maidir leis an gcás eacnamaíoch, sóisialta, críochach agus comhshaoil san Aontas. Ina theannta sin, tugann staidreamh Eorpach deis do shaoránaigh na hEorpa tuiscint a fháil ar an bpróiseas daonlathach agus a bheith rannpháirteach sa díospóireacht faoin staid reatha agus faoi thodhchaí an Aontais. I gcás staidreamh talmhaíochta, dírítear ar shonraí tráthúla agus ábhartha a sholáthar maidir le riachtanais an chomhbheartais talmhaíochta, an chomhbheartais iascaigh agus beartais a bhaineann leis an gcomhshaol, le slándáil bia agus le leas ainmhithe.
Soláthraíonn staidreamh talmhaíochta fianaise staidrimh ardcháilíochta maidir le cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar an gcomhbheartais talmhaíochta. Is spreagthóir tábhachtach é an comhbheartas talmhaíochta le haghaidh post agus fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach san Aontas. Anuas ar a chuid cuspóirí sóisialta, tá sé mar aidhm ag an mbeartas forbartha tuaithe, ar cuid lárnach den chomhbheartas talmhaíochta é, feabhas a chur ar iomaíochas agus ar inbhuanaitheacht an táirgthe talmhaíochta. Léiríonn an comhbheartas talmhaíochta níos mó ná 37 % de bhuiséad iomlán an Aontais i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil 2014-2020.
Tá staidreamh talmhaíochta ag teastáil níos mó ná riamh le haghaidh beartas tábhachtach eile de chuid an Aontais amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, beartais chomhshaoil agus beartais ar an athrú aeráide, beartas sóisialta, beartas réigiúnach, etc.
2.
BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•
Bunús dlí
Soláthraíonn Airteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí maidir le staidreamh Eorpach. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta chun staidreamh a chruthú i gcás inar gá don Aontas é sin chun a ról a chomhlíonadh. Leagtar amach na ceanglais maidir le staidreamh Eorpach a chruthú in Airteagal 338, ag lua nach mór dóibh cloí le caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíoch, chostas‑éifeachtachta agus rúndachta staidrimh.
Is é Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 an bunús dlí maidir leis na tuarascálacha cáilíochta.
•
Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Beidh feidhm ag prionsabal na coimhdeachta mura dtagann an togra faoi réim inniúlacht eisiach an Aontais. Soláthraíonn an Córas Staidrimh Eorpach bonneagar maidir le faisnéis staidrimh. Ceapadh an córas chun riachtanais ilúsáideoirí a chomhlíonadh, chun críche na cinnteoireachta i sochaithe daonlathacha. Dréachtaíodh an togra le haghaidh an Rialacháin seo chun cosaint a thabhairt do phríomhghníomhaíochtaí comhpháirtithe CSE agus chun cáilíocht agus inchomparáideacht an staidrimh CET a áirithiú ar bhealach níos fearr.
Ar cheann de na príomhchritéir nach mór do na sonraí staidrimh a chomhlíonadh tá go mbeidís comhsheasmhach agus inchomparáide. Ní féidir leis na Ballstáit an chomhsheasmhacht agus an inchomparáideacht is gá a bhaint amach gan creat soiléir Eorpach, is é sin le rá, reachtaíocht an Aontais ina leagtar síos na coincheapa coiteanna maidir le staidreamh, agus formáidí agus ceanglais cháilíochta maidir le tuairisciú.
Tá an ceanglas inchomparáideachta an‑tábhachtach don staidreamh talmhaíochta mar gheall ar an gcomhbheartas talmhaíochta.
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir na gníomhaíochta beartaithe a bhaint amach go sásúil ag gníomhú dóibh go neamhspleách. Is féidir gníomhaíocht a ghlacadh ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar ghníomh dlí de chuid an Aontais chun inchomparáideacht na faisnéise staidrimh a áirithiú sna fearainn staidrimh a chumhdaítear sa ghníomh beartaithe. Idir an dá linn, is féidir leis na Ballstáit an bailiú sonraí féin a dhéanamh.
•
Comhréireacht
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta, i bhfianaise an méid seo a leanas:
Ach na prionsabail chéanna a chur i bhfeidhm ar fud na mBallstát, áiritheoidh an togra cáilíocht agus inchomparáideacht an staidrimh talmhaíochta Eorpaigh a bailíodh agus a tiomsaíodh. Ar an gcaoi chéanna, áiritheoidh sé go mbeidh an staidreamh talmhaíochta Eorpach fós ábhartha agus go gcuirfear in oiriúint é chun freagairt do riachtanais úsáideoirí. Fágfaidh an Rialachán go mbeidh táirgeadh staidrimh níos costas‑éifeachtaí agus go gcuirfear saintréithe sonracha chórais na mBallstát san áireamh.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, tá an rialachán beartaithe srianta don íosmhéid is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin.
•
An rogha ionstraime
Ionstraim bheartaithe: rialachán.
Ag glacadh le cuspóirí agus le hinneachar an togra, is é an rialachán an ionstraim is iomchuí. Bíonn beartais choiteanna thábhachtacha an Aontais Eorpaigh amhail an comhbheartas talmhaíochta ag brath go bunúsach ar staidreamh talmhaíochta inchomparáide, comhchuibhithe agus ardcháilíochta ar an leibhéal Eorpach. An bealach is fearr chun é sin a áirithiú ná trí bhíthin rialachán, atá infheidhme go díreach sna Ballstáit agus nach gá iad a thrasuí sa dlí náisiúnta ar dtús.
3.
TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•
Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Rinneadh tagairt sa mheastóireacht ar ‘An Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin’ d’iniúchadh Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a bhí ag leanúint ar aghaidh ag an am (agus as ar tháinig Tuarascáil Speisialta SR 01/2016) mar cheann ina soláthraítear táscairí maidir le chomh mór agus a fhónann CET do riachtanais sonraí úsáideoirí. Mar a tugadh le fios níos túisce, is spreagthóir tábhachtach maidir leis an togra iad na torthaí sin.
•
Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Déanann Eurostat forbairt, táirgeadh agus leithdháileadh ar staidreamh talmhaíochta Eorpach trí dhlúthchomhar comhardaithe agus tráthrialta sa Chóras Staidrimh Eorpach, ag tógáil ar chomhpháirtíocht fhada idir Eurostat agus na forais staidrimh náisiúnta chomh maith le gach údarás ábhartha eile.
Ar leibhéal foriomlán agus le tagairt don ‘Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin’, is iad na príomhchatagóirí páirtithe leasmhara don staidreamh talmhaíochta Eorpach táirgeoirí sonraí (institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile chomh maith le Eurostat), freagróirí (feirmeoirí, eagraíochtaí agus gnóthaí feirmeoirí) agus úsáideoirí (cinnteoirí poiblí agus príobháideacha – go háirithe ranna eile de chuid an Choimisiúin – taighdeoirí agus iriseoirí). Chuathas i gcomhairle go forleathan leo maidir leis na fadhbanna agus na hathruithe inmhianaithe ar an status quo, a gcuid riachtanas agus tosaíochtaí sonraí, roghanna beartais féideartha chun na fadhbanna a réiteach, tionchair na ngníomhaíochtaí molta, agus foirmliú na straitéise go sonrach. Ba iad seo a leanas na fóraim maidir leis na comhairliúcháin sin: (i) cruinnithe agus seimineáir an Bhuanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta agus a chomharba, Grúpa Stiúrthóirí um Staidreamh Talmhaíochta (DGAS) (ina gcuimsítear stiúrthóirí staidrimh talmhaíochta institiúidí staidrimh náisiúnta) áit ina gcloistear ranna an Choimisiúin, eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus eagraíochtaí feirmeoirí go minic; (ii) cruinnithe an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (ina gcuimsítear arD‑stiúrthóirí na hinstitiúide staidrimh náisiúnta); agus (iii) comhairliúcháin agus éisteachtaí a bhíonn sceidealaithe go tráthrialta laistigh de ranna an Choimisiúin.
Rinneadh comhairliúchán poiblí le haghaidh na meastóireachta, agus mionsonraítear na torthaí i dtuarascáil shonrach.
Tá trí ghné ag baint le príomhthorthaí an chomhairliúchán phoiblí sin, atá mar chuid de straitéis staidrimh talmhaíochta 2020 agus den Rialachán seo ina dhiaidh sin:
Ní fhónann reachtaíocht reatha an Aontais maidir le staidreamh talmhaíochta go leordhóthanach do riachtanais sonraí nua agus atá ag teacht chun cinn mar gheall nach bhfuil soláthar na sonraí sin san áireamh sna gníomhartha reachtacha, agus nach bhfuil na gníomhartha sách solúbtha agus comhtháite chun freagairt do riachtanais nua ar bhealach tráthúil.
Eascraíonn na riachtanais nua sonraí sin go príomha as forbairtí nua sa talmhaíocht, reachtaíocht athbhreithnithe agus tosaíochtaí athraitheacha beartais, go háirithe an comhbheartas talmhaíochta a athchóiríodh le déanaí.
Níl na bailiúcháin sonraí comhchuibhithe agus comhtháite toisc go bhfuil riachtanais nua sonraí ag teacht chun cinn, toisc gur ceapadh reachtaíocht ar leithligh thar bhlianta fada, agus toisc go n‑úsáidtear sainmhínithe agus coincheapa atá, go pointe áirithe, difriúil ó chéile i réimsí difriúla staidrimh talmhaíochta.
Meastar go bhfuil an t‑ualach a bhaineann leis na sonraí a sholáthar ró‑ard mar gheall go bhfuil riachtanais sonraí ag dul i méid, toisc nach bhfuil an bailiúchán sonraí comhchuibhithe, agus go leantar d'acmhainní a ghearradh siar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Deimhníodh go bhfuil an t‑ualach sin ag cur an bhailiúcháin sonraí agus cháilíocht na sonraí i mbaol.
Mar chuid den nuachóiriú ar staidreamh talmhaíochta an Aontais Eorpaigh, bhí CET ag dul faoina nuachóiriú féin ó 2016 i leith. Chuidigh torthaí an iniúchta a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (Tuarascáil Speisialta SR 01/2016) maidir le hioncam feirmeoirí leis sin. Tugadh na moltaí ón tuarascáil sin faoin bhfeidhm nuachóirithe níos leithne, ina bhfuil roinnt feabhsúcháin ar CET.
Shainaithin an Coimisiún dhá cheann de na feabhsúcháin sin mar chinn ónar theastaigh athrú a dhéanamh ar an Rialachán reatha, i.e. comhtháthú chuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (CERT) agus maolú na dara sprioc-amanna measta maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta.
Pléadh iad sin go forleathan leis an Meitheal um Chuntais agus Praghsanna Talmhaíochta agus leis an nGrúpa Stiúrthóirí um Staidreamh Talmhaíochta ar leibhéal níos airde, dhá ghrúpa ar a bhfuil saineolaithe ó na Ballstáit.
Ós rud é gur staidreamh fadbhunaithe iad cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta atá á dtarchur chuig Eurostat le blianta fada, níl i gceist leis na cuntais sin a chuimsiú i Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ach an mhodheolaíocht reatha a chomhtháthú go príomha, mar atá in úsáid faoin gcomhaontú oinigh atá ann le fada an lá. De bhrí go bhfuil an mhodheolaíocht sásúil den chuid is mó mar a sheasann sí faoi láthair (Lámhleabhar CET/CTE Cuid VII), ní gá í a athscríobh. Tá an mhodheolaíocht agus an chaibidil maidir le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta, a chuirfear san áireamh sa Rialachán, in ann léiriú a thabhairt ar cad atá sa lámhleabhar reatha. Mar sin féin, is gá roinnt athruithe níos lú a dhéanamh chun CCE 2010 agus na comhairliúcháin theicniúla leis na Ballstáit a chur san áireamh.
Pléadh an togra sin go hiomlán leis an nGrúpa Saineolaithe um Chuntais agus Praghsanna Talmhaíochta agus leis an nGrúpa Stiúrthóirí um Staidreamh Talmhaíochta, a d’aithin go mbeadh an Coimisiún (Eurostat) ag leanúint ar aghaidh leis an togra bunaithe ar a cheart tionscnaimh féin. Cuireadh an togra faoi bhráid an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach freisin a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
•
Bailiú agus úsáid saineolais
Bhí plé forleathan ag Eurostat maidir le hinneachar an togra le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta trí thascfhórsaí sonracha agus trí ghrúpaí saineolaithe reatha, lena n‑áirítear ar leibhéal na stiúrthóirí.
Cuireadh an togra faoi bhráid an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach freisin i mí Dheireadh Fómhair 2020.
•
Measúnú tionchair
D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dheimhneach maidir leis an measúnú tionchair ar ‘An Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin’ a bhfuil CET mar chuid de.
Rinneadh an measúnú tionchair ar leibhéal na straitéise mar gheall ar chur chuige córasach ar fud an chórais staidrimh talmhaíochta trí chéile, ag áirithiú go n‑oireann gach cuid dá chéile.
Fuarthas sa mheasúnú tionchair gur cheart do CEST, mar rogha thosaíochta, a bheith cumhdaithe ag trí rialachán ar deireadh. Bheadh rialacháin nua i gceist le dhá cheann de na rialacháin agus chuirfí iad in ionad roinnt rialacháin níos sine de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le staidreamh talmhaíochta. Glacadh an chéad cheann díobh sin, Staidreamh Comhtháite Feirme, ina gcumhdaítear sonraí maidir le struchtúr feirmeacha, úllord agus fíonghort, mar Rialachán (AE) 2018/1091. Is togra reachtach comhthreomhar é an dara ceann díobh ar rialachán maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, ina gcumhdaítear ionchuir d’earnáil na talmhaíochta agus aschuir na hearnála: táirgeadh talmhaíochta (barra agus ainmhithe) lena n‑áirítear feirmeoireacht orgánach, praghsanna talmhaíochta, cothaithigh agus táirgí cosanta plandaí. Is é an tríú rialachán, dá dtagraítear sa mheasúnú tionchair, Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 maidir le Cuntais Eacnamaíochta na Talmhaíochta (CET), atá faoi réir an togra reatha le haghaidh Rialachán leasaitheach. Ós rud é gur cuntas satailíte de na cuntais náisiúnta iad cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta agus gur cuntais mhaicreacnamaíocha de réir cineáil iad, níor moladh go ndéanfaí iad a chomhtháthú isteach sna creat‑rialacháin nua. Ina ionad sin, moladh go bhfanfaidís sin faoi reachtaíocht ar leithligh, mar a bhí amhlaidh ó tháinig an chéad Rialachán CET i bhfeidhm in 2004.
•
Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá an togra mar chuid den ‘Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin’, clár mór chun staidreamh talmhaíochta an Aontais a reáchtálann an Coimisiún Eorpach i ndlúthchomhar leis na Ballstáit a nuachóiriú. Tá tacaíocht ag an straitéis ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach agus í mar chuid den chlár REFIT a bhfuil sé mar aidhm aige an Córas Eorpach um Staidreamh Talmhaíochta (CEST) a chuíchóiriú agus a fheabhsú.
Is staidreamh aibí iad cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004. Ba cheart don rialachán nua atá á mholadh na comhpháirteanna uile de CET a chumhdach d’fhonn cáilíocht an staidrimh sin a áirithiú. Ba cheart deireadh a chur leis an úsáid a bhaintear as comhaontuithe oinigh. Chuideodh sé sin le cúrsaí a shimpliú, toisc go mbeidh an rialachán nua ar an bpointe tagartha, ag comhlíonadh gach riachtanais sonraí agus gach ceanglais maidir le tuairisciú cáilíochta.
Tá an togra maidir le cad a áireofar faoin leasú ar an rialachán atá beartaithe ann de bharr na ngníomhaíochtaí leanúnacha chun CET a chuíchóiriú. Cumhdaíodh sonraí eile i dteannta CERT faoi chomhaontú oinigh. I gcás ‘luachanna aonaid’ CET, ar sonraí iad atá á soláthar ar feadh blianta fada faoin gcineál céanna comhaontaithe, chinn an fheidhm nuachóirithe nár cheart leanúint ar aghaidh ag bailiú na luachanna aonaid ar leibhéal an Aontais. Mar thoradh air sin, níor moladh luachanna aonaid a áireamh sa leasú ar an rialachán CET agus bainfear é. Léiríonn sé sin laghdú beag ach laghdú suntasach ar an ualach ar pháirtithe leasmhara.
•
Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairtí ag an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.
4.
IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.
EILIMINTÍ EILE
•
Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Táthar ag súil go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis an rialachán beartaithe in 2021, agus go nglacfar le beart cur chun feidhme an Choimisiúin maidir le tuairisciú cáilíochta go gairid ina dhiaidh sin. Beidh an Rialachán infheidhme go díreach i ngach Ballstát de chuid an Aontais agus ní bheidh gá le plean cur chun feidhme.
Táthar ag súil go dtosóidh na Ballstáit ag soláthar sonraí don Choimisiún faoin rialachán nua in 2022.
Is cuid de CEST í an ionstraim reachtach atá beartaithe, agus déanfar meastóireacht chuimsitheach uirthi d’fhonn measúnú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar cé chomh héifeachtach agus éifeachtúil a bhí sí maidir lena cuspóirí a bhaint amach agus a chinneadh cibé an bhfuil gá nó nach bhfuil le bearta nó le leasuithe nua.
•
Faireachán ar chomhlíontacht leis an staidreamh a táirgeadh
Déanann Eurostat measúnuithe tráthrialta ar chomhlíontacht. Áirítear leis na measúnuithe sin athbhreithniú ar infhaighteacht sonraí, ar cháilíocht agus ar phoncúlacht agus ar ghníomhaíochtaí leantacha i gcás ina mbíonn neamhchomhlíonadh i gceist.
I gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, éilítear ar na Ballstáit figiúirí ábhartha a chur ar fáil don Choimisiún maidir le staidreamh talmhaíochta. Bíonn na figiúirí sin faoi réir sprioc-amanna dochta maidir le tarchur agus ní mór aird a thabhairt orthu ar mhaithe le dea-bhainistiú, leithdháileadh agus áisiúlacht an staidrimh Eorpaigh, toisc go gcruthaítear easnaimh san fháil a bhíonn ar fhaisnéis nuair a bhíonn sonraí ar iarraidh nó neamhiomlán (is é sin le rá, nach féidir comhiomlána an Aontais a ríomh de réir sceidil ama pleanáilte).
Cuimsítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 an creat bunúsach dlíthiúil maidir le feidhmiú an chórais staidrimh Eorpaigh agus le haghaidh na reachtaíochta earnála uile maidir le táirgeadh staidreamh Eorpach.
Cé go mbreithnítear caoithiúlacht, poncúlacht agus iomláine cheana féin i measúnuithe comhlíontachta mar fhachtóirí tábhachtacha chun scaipeadh tráth ar staidreamh talmhaíochta a áirithiú, beidh tuilleadh airde ar na fachtóirí sin agus ar ghnéithe cáilíochta eile d’fhonn muinín a áirithiú sa staidreamh arna tháirgeadh ag Eurostat agus ag an gCóras Staidrimh Eorpach.
•
Feabhas leanúnach ar CEST: riachtanais nua sonraí agus foinsí nua sonraí a shainaithint, feabhas a chur ar chomhleanúnachas, an t‑ualach a laghdú
Faoi láthair, cuireann Eurostat éisteachtaí bliantúla ar siúl le ranna eile de chuid an Choimisiúin. Gné thábhachtach de na héisteachtaí sin is ea faisnéis a mhalartú maidir le cláir oibre faoi seach. Soláthraíonn siad ardán foirmiúil chun riachtanais atá ag teacht chun cinn maidir le staidreamh nua a phlé agus athbhreithniú a dhéanamh ar áisiúlacht an staidrimh atá ar fáil.
Beidh comhar breise ar siúl le ranna eile de chuid an Choimisiúin, le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus le húdaráis náisiúnta eile ag leibhéil dhifriúla ordlathais i gcruinnithe agus i seimineáir thráthrialta den Sainghrúpa, i gcruinnithe den Ghrúpa Stiúrthóirí, i gcruinnithe den Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, agus trí mhalairtí déthaobhacha go minic. Beidh aird ar leith ar shonraí riaracháin agus ar fhoinsí eile faisnéise a bhíonn á gcothabháil faoi reachtaíocht an Aontais a shainaithint agus ar mheasúnú a dhéanamh ar a n‑oiriúnacht chun staidreamh a tháirgeadh d’fhonn comhaontuithe a bhunú maidir lena gcobhsaíocht, inrochtaineacht agus a n‑oiriúnú de réir a chéile chun oiriúint níos fearr do cheanglais staidrimh. Ina theannta sin, déanfar suirbhéanna agus anailísí tréimhsiúla chun aon ionchas a shainaithint maidir le staidreamh talmhaíochta Eorpach a fheabhsú agus an t‑ualach riaracháin a laghdú.
Déanfar faireachán agus meastóireacht ar na coigeartuithe sin agus ar fheidhmiú foriomlán an chreata dhlíthiúil in aghaidh chuspóirí na straitéise a liostaítear thuas, go háirithe.
•
Tuarascálacha faireacháin tríbhliantúla
D’fhonn faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú chuntais eacnamaíochta athnuaite na talmhaíochta agus a áirithiú go gcomhlíonann siad spriocanna REFIT maidir le simpliú agus laghdú ualaigh, foilseofar tuarascáil gach 3 bliana maidir le feidhmiú an chórais fhoriomláin.
•
Meastóireacht
Tiocfaidh meastóireacht chúlghabhálach maidir le CEST athnuaite in ionad an dara tuarascáil faireacháin tríbhliantúil, a dhéanfar de réir threoirlínte an Choimisiúin maidir le meastóireacht a dhéanamh. D’fhéadfadh an mheastóireacht chúlghabhálach sin a bheith mar bhunús d’athbhreithnithe breise ar an reachtaíocht, má mheastar go mbeidh gá leis sin.
•
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá dhá airteagal nua sa rialachán beartaithe agus tá leasú ann ar Iarscríbhinn I (modheolaíocht CET) agus ar Iarscríbhinn II (Clár tarchuir sonraí) araon.
Baineann na príomhathruithe le hIarscríbhinní I agus II.
Baineann an chéad phríomhathrú le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (CERT). Tá na Ballstáit ag cur CERT ar fáil do Eurostat ó 2000 faoi chomhaontú oinigh agus ar aon líne le cleachtais modheolaíochta atá i bhfeidhm ón am sin. Chun CERT a chomhtháthú i Rialachán (CE) Uimh. 138/2004, cuireadh caibidil le hIarscríbhinn I. Cuirtear san áireamh ansin comhairliúcháin a rinneadh le grúpaí saineolaithe thoscairí na mBallstát (an Mheitheal um Chuntais agus Praghsanna Talmhaíochta agus an Grúpa Stiúrthóirí um Staidreamh Talmhaíochta) maidir le roinnt nuashonruithe beaga a áireamh leis an modheolaíocht reatha lena áirithiú go bhfuil sé tugtha cothrom le dáta agus oiriúnach lena áireamh sa rialachán. Tugadh Iarscríbhinn II cothrom le dáta chun léiriú a thabhairt ar na sprioc-amanna tarchuir comhfhreagracha maidir le CERT.
Baineann an dara ceann le hairteagal a cuireadh leis chun ceanglais maidir le tuairisciú cáilíochta a chumhdach (Airteagal 4a). Ó 2019, bhí Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh (le fíorbheagán eisceachtaí) toilteanach tuarascálacha cáilíochta CET a sholáthar le tagairt do na ceanglais in Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) 223/2009. Mar sin féin, níl aon airteagal i Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 maidir le tuairisciú cáilíochta. Foráiltear in Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) 223/2009 go gcuimseofaí ceanglais maidir le tuairisciú cáilíochta go sonrach i reachtaíocht earnálach, trína mbítear in ann rialacha mionsonraithe, struchtúr, tréimhsiúlacht agus táscairí measúnaithe na dtuarascálacha cáilíochta a shainiú, agus trína mbítear in ann na sprioc-amanna maidir le tarchur a shocrú. I láthair na huaire, is rud neamhfhoirmiúil amháin atá sna socruithe tuairiscithe cáilíochta beachta maidir le CET agus dá bhrí sin dhéanfaí iad a chur ar bhonn foirmiúil ach Airteagal 4a a áireamh.
Baineann an tríú príomhathrú leis na sprioc-amanna tarchuir a mhaolú do dhara meastacháin CET d’fhonn cáilíocht sonraí feabhsaithe a éascú. I gcás CET, tarchuireann na Ballstáit, i gcás sonraí náisiúnta, na chéad sonraí measta (sprioc-am mí na Samhna den bhliain tagartha n), na dara sonraí measta (sprioc-am mí Eanáir den bhliain n+1) agus na sonraí deiridh (sprioc-am mí Mheán Fómhair den bhliain n+1). Leanann na dara sonraí róthapa i ndiaidh na chéad sonraí cáilíochta le bheith feabhsaithe go substaintiúil. Dá bhrí sin ba cheart na sprioc-amanna tarchuir don dara meastacháin a mhaolú ó mhí Eanáir den bhliain n+1 go dtí mí an Mhárta den bhliain n+1 ionas go mbeidh níos mó ama ag na Ballstáit sonraí cáilíochta níos fearr a fháil. Toisc nach bhfuil aon athrú ar thráthúlacht na chéad mheastachán ríthábhachtach agus na sonraí deiridh, meastar gurb iomchuí sprioc-amanna an dara meastacháin a mhaolú chun na críche sin. Tugadh Iarscríbhinn II chun dáta chun léiriú a thabhairt ar an athrú beartaithe sna sprioc-amanna tarchuir le haghaidh dhara meastacháin CET.
Tá na hathruithe eile atá molta ar airteagail beartaithe chun dul i ngleic leo seo a leanas:
–chun an chéad sprioc-am tarchuir sonraí a shoiléiriú le haghaidh chuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (Airteagal 3(2));
–chun maoluithe féideartha ó na ceanglais i gcuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta a cheadú (Airteagal 4b);
–chun tagairt a dhéanamh don nós imeachta Coiste (Airteagal 4c) nach bhfuil le feiceáil sa reachtaíocht reatha ach ba cheart a chur leis;
–In Iarscríbhinn I, moltar líon an‑bheag athruithe breise (tar éis dul i gcomhairle leis na grúpaí saineolaithe).
Togra le haghaidh
RIALACHÁN (AE) Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
Tá an creat tagartha maidir le comhchaighdeáin, comhshainmhínithe, comhaicmithe agus comhrialacha cuntasaíochta maidir le cuntais na mBallstát a tharraingt suas chun críocha cheanglais staidrimh an Aontais (‘CCE 2010’) le fáil i Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(2)
Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta (CET) san Aontas trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an modheolaíocht agus na teorainneacha ama chun na cuntais talmhaíochta a tharchur. Is cuntais satailíte de chuntais náisiúnta iad cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta, mar a shainmhínítear le CCE 2010, agus é mar aidhm acu torthaí atá comhchuibhithe agus inchomparáide idir na Ballstáit a fháil d’fhonn na cuntais a tharraingt suas chun críocha an Aontais.
(3)
Is oiriúnú ar CET ar leibhéal réigiúnach iad cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (CERT). Ní féidir le figiúirí náisiúnta iontu féin an pictiúr iomlán, atá sách casta uaireanta, a thabhairt ar an méid atá ag tarlú ar leibhéal níos mionsonraithe. Dá bhrí sin, cuidíonn sonraí ar an leibhéal réigiúnach chun cur leis an tuiscint maidir leis an éagsúlacht idir réigiúin, rud a chomhlánaíonn faisnéis don Aontas, don limistéar euro agus do na Ballstáit aonair. Ní mór cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta a chomhtháthú dá bhrí sin i Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 i dtéarmaí modheolaíochta agus sprioc-amanna tarchuir iomchuí araon.
(4)
Ní mheastar a thuilleadh gur aon fhoinse amháin faisnéise i measc an iliomad foinsí eile atá i staidreamh chun críocha ceapadh beartas ach go bhfuil ról lárnach aige sa phróiseas cinnteoireachta. Maidir le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, éilítear léi staidreamh a chomhlíonann critéir ardcháilíochta, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhréir leis na sainchuspóirí a bhfuil siad ag freastal orthu.
(5)
Soláthraíonn Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 an creat dlíthiúil maidir le staidreamh Eorpach agus éilíonn sé ar na Ballstáit cloí leis na prionsabail staidrimh agus leis na critéir cháilíochta a shonraítear sa Rialachán. Tá tuarascálacha cáilíochta fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an staidrimh Eorpaigh, chun feabhas a chur orthu agus iad a chur in iúl. D’fhormhuinigh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach an struchtúr meiteashonraí comhtháite aonair mar chaighdeán an Chórais Staidrimh Eorpaigh le haghaidh tuairisciú cáilíochta, rud a chuidíonn dá bhrí sin chun na ceanglais maidir le cáilíocht staidrimh a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a chomhlíonadh, trí chaighdeáin aonfhoirmeacha agus modhanna comhchuibhithe, go háirithe iad sin a leagtar amach in Airteagal 12 (3) de sin.
(6)
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis na socruithe le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha sin. Ina theannta sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin i dtaca le maoluithe féideartha ó na ceanglais maidir le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(7)
Soláthraíonn CET sonraí maicreacnamaíocha bliantúla tábhachtacha do lucht déanta beartas san Eoraip trí huaire sa bhliain; tagann na sonraí deiridh tar éis na chéad agus dara meastacháin. Ní thugann an sprioc-am tarchuir reatha le haghaidh dhara meastacháin CET go leor ama tar éis dheireadh na tréimhse tagartha chun sonraí feabhsaithe a bhailiú i gcomparáid leis na sonraí a sholáthraítear le haghaidh chéad mheastacháin CET. D’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht an dara meastacháin sin, caithfear an sprioc-am tarchuir a chur siar de bheagán.
(8)
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a leasú dá réir sin.
(9)
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 mar a leanas:
(1)
In Airteagal 3(2), cuirtear an abairt seo a leanas leis:
‘2. Tarlóidh an chéad tarchur sonraí le haghaidh chuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta faoin 30 Meitheamh 2022 ar a dhéanaí.’
(2)
Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:
’Airteagal 4a
Measúnú cáilíochta
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirtear a áirithiú.
2. Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis na sonraí a tharchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.
3. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear.
4. Agus na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 2 á gcur i bhfeidhm ar na sonraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe, an struchtúr, tréimhsiúlacht agus táscairí measúnaithe na dtuarascálacha cáilíochta agus socróidh sé an sprioc-am maidir leis na tuarascálacha a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4c(2).
5. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas a luaithe is féidir maidir le haon fhaisnéis nó aon athrú ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear.
6. Ach iarraidh a mbeidh údar cuí léi a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit an soiléiriú breise is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.
Airteagal 4b
Maoluithe
1. I gcás ina n‑éileodh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo oiriúnuithe móra i gcóras staidrimh náisiúnta Ballstáit a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an ábhair in Iarscríbhinn I, pointe VII. ‘Cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta’ agus an chláir um tharchur sonraí le haghaidh chuntais réigiúnacha na talmhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonófar maoluithe don Bhallstát sin ar feadh tréimhse uasta 2 bhliain.
2. Cuirfidh an Ballstát ábhartha iarraidh chuí‑réasúnaithe isteach maidir le maolú den sórt sin chuig an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó [cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4c.
Airteagal 4c
Nós imeachta coiste
1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’
(3) Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
(4) Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.2.2021
COM(2021) 54 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an Togra le haghaidh
RIALACHÁN (AE) Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
(1) sa roinn ‘Clár’, cuirtear pointe VII. Cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta seo a leanas leis:
‘VII. Cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta
A.Prionsabail ghinearálta
1.Réamhrá
2.An geilleagar réigiúnach, an chríoch réigiúnach
3.An bun‑aonad i dtiomsú chuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta
4.Modhanna chun cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta a thiomsú
5.Coincheapa an chónaithe agus na críche
6.Tionscal na talmhaíochta agus aonaid shaintréitheacha
B.Idirbhearta i dtáirgí
1.Aschur
2.Tomhaltas idirmheánach
3.Ollfhoirmiú caipitil
C.Idirbhearta dáileacháin agus sreafaí eile
1.Rialacha ginearálta
2.Breisluach
3.Ídiú an chaipitil sheasta
4.Fóirdheontais
5.Cánacha
6.Cúiteamh d’fhostaithe
7.Barrachas oibriúcháin, glan
8.Ús, cíosanna
9.Ioncam fiontraíoch ó thalmhaíocht: rialacha ginearálta maidir le ríomh
D.Sracfhéachaint ar chur chun feidhme
1.Réamhrá
2.An talmhaíocht réigiúnach a shainiú
3.Aschur talmhaíochta a thomhas
4.Gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha
5.Tomhaltas idirmheánach’;
(2) I bpointe 1.27. cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:
‘— de réir an ghnáis, ní áireofar leo táirgeadh ollfhoirmiú caipitil sheasta táirgí neamhthalmhaíochta (amhail foirgnimh nó innill) ar chuntas an duine féin. Glactar leis gur gníomhaíocht indeighilte é an táirgeadh sin d'úsáid chríochnaitheach dílis agus déantar é a thaifeadadh mar tháirgeadh APU áitiúil inaitheanta. Ní mór seirbhísí cóiríochta a chuirtear ar fáil a láimhseáil ar an mbealach céanna agus a dhéantar d’fhostaithe mar luach saothair comhchineáil (déantar iad a thaifeadadh mar luach saothair comhchineáil nuair a bhíonn an cuntas ioncaim á chruthú),’;
(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.006:
‘2.006 In CET, ba cheart praghsanna a thaifeadadh go dtí an tslánuimhir is gaire nó atá ceart go dtí áit dheachúlach amháin nó dhá áit dheachúlacha, ag brath ar iontaofacht staidrimh na sonraí praghsanna atá ar fáil. Tá gá le faisnéis ábhartha maidir le praghsanna ar ionchur agus aschur chun CET a thiomsú.’;
(4) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.108., pointe g):
‘g) luach saothair maidir le seirbhísí a chuimsítear i bpréimheanna comhlána árachais a thógtar amach chun cumhdach a chur ar fáil don fhiontar i dtaca le rioscaí amhail caillteanas beostoic, damáiste a dhéanann clocha sneachta, sioc, dóiteán agus gálaí, etc. Is cuid den ollphréimh a íoctar í an ghlanphréimh atá ar fáil do chuideachtaí árachais de bharr éilimh a shocrú.
Ní féidir miondealú cruinn a dhéanamh ar na hollphréimheanna sa dá chomhpháirt ach amháin don gheilleagar náisiúnta trí chéile, mar a dhéantar i gcás na gcuntas náisiúnta. Déantar an leithdháileadh maidir leis an gcomhpháirt seirbhíse idir brainsí táirgeachta go ginearálta ag úsáid eochracha miondealaithe leordhóthanacha, i dtaca le táblaí ionchuir-aschuir a fhorléiriú. Ba cheart tagairt a dhéanamh dá bhrí sin do na cuntais náisiúnta nuair a bhíonn an mhír sin á comhlánú in CET (chun fóirdheontais a bhaineann le seirbhísí árachais a thaifeadadh, féach 3.063., fonóta 1);’
(5) i bpointe 2.136, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:
‘— athruithe ar aicmiú nó ar struchtúr na sócmhainní seasta: e.g. athruithe ar chuspóir eacnamaíoch an talaimh talmhaíochta, an bheostoic déiríochta atá beartaithe le haghaidh táirgeadh feola (cf. 2.149., fonóta 1) nó foirgnimh talmhaíochta a ndearnadh athrú orthu le haghaidh úsáid phríobháideach nó le haghaidh úsáid eacnamaíoch eile.’;
(6) Cuirtear Caibidil VII. Cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta seo a leanas leis:
‘VII.
CUNTAIS EACNAMAÍOCHTA RÉIGIÚNACHA NA TALMHAÍOCHTA
A.
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
1.
Réamhrá
7.01.
Tá ról tábhachtach ag na cuntais réigiúnacha maidir le beartais réigiúnacha a fhoirmliú, a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Táscairí staidrimh réigiúnacha oibiachtúla, iontaofa, comhsheasmhacha, ábhartha agus comhchuibhithe, is bunchloch láidir iad sin le haghaidh beartais a bhfuil sé mar aidhm acu éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú idir na réigiúin Eorpacha.
7.02.
Is éard atá i gcuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (CERT) cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta (CET) atá curtha in oiriúint ar leibhéal réigiúnach.
7.03.
Cuimsítear an tacar céanna cuntas le CET agus a chuimsítear i gcuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta, ach is as fadhbanna coincheapúla agus fadhbanna tomhais a thagann tacar cuntas le haghaidh réigiúin atá níos teoranta ó thaobh raon feidhme de agus a bhfuil níos lú mionsonraí acu i gcomparáid le CET ar an leibhéal náisiúnta.
7.04.
Mar chuntais réigiúnacha, tiomsófar cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta ar bhonn sonraí réigiúnacha a bhaileofar go díreach agus sonraí náisiúnta lena ngabhann miondealuithe réigiúnacha bunaithe ar thoimhdí. Ní foláir toimhdí a dhéanamh i dtiomsú na gcuntas réigiúnach nuair atá faisnéis réigiúnach atá iomlán, tráthúil agus iontaofa go leor in easnamh. Tugtar le fios nach léirítear roinnt difríochtaí idir na réigiúin sna cuntais réigiúnacha (CCE 2010, 13.08).
2.
An geilleagar réigiúnach, an chríoch réigiúnach
7.05.
Le haon chuntais réigiúnacha a thiomsaítear, is cuma má dhéantar tagairt iontu do thionscail nó d’earnálacha institiúideacha, bíonn gá le sainmhíniú géar ar an ngeilleagar réigiúnach agus ar an gcríoch réigiúnach. Go teoiriciúil, cumhdaíonn tionscal na talmhaíochta i réigiún na haonaid (na sealúchais talmhaíochta) atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí talmhaíochta (cf. 1.60. go 1.66.) ar an gcríoch réigiúnach.
7.06.
Tá geilleagar réigiúnach tíre mar chuid de gheilleagar iomlán na tíre sin. Déantar an geilleagar iomlán a shainiú i dtéarmaí aonad agus earnálacha institiúideacha. Cuimsítear leis na haonaid institiúideacha uile a bhfuil lárionad príomhleasa eacnamaíoch aige i gcríoch eacnamaíoch tíre. Ní bhíonn an chríoch eacnamaíoch i gcomhthráth go beacht leis an gcríoch tíreolaíoch (cf. 7.08.). Déantar críoch eacnamaíoch tíre a roinnt i gcríocha réigiúnacha agus sa chríoch sheachréigiúnach (CCE 2010, 13.09).
7.07.
Is éard atá sa chríoch réigiúnach an chuid sin de chríoch eacnamaíoch tíre atá sannta go díreach do réigiún mar a shainmhínítear in CCE 2010. Tá saorchriosanna, lena n‑áirítear trádstórais atá faoi bhannaí agus monarchana atá faoi rialú custaim, ceangailte leis na réigiúin ina bhfuil siad suite.
7.08.
Mar sin féin, níl an scaradh críche sin comhsheasmhach go hiomlán le coincheap na críche eacnamaíche náisiúnta mar a úsáidtear iad sna cuntais náisiúnta. Tá an chríoch sheachréigiúnach comhdhéanta de chodanna de chríoch eacnamaíoch tíre nach féidir a cheangal le réigiún aonair, agus atá eisiata ó CERT, i.e.:
(a)
an t‑aerspás náisiúnta, uiscí críochacha agus an scairbh ilchríochach atá in uiscí idirnáisiúnta, a bhfuil cearta eisiacha ag an tír ina leith;
(b)
iamhchríocha laistigh den chríoch, (i.e. críocha geografacha sa chuid eile den domhan atá á n‑úsáid, faoi chonarthaí idirnáisiúnta nó faoi chomhaontuithe idir Stáit, ag gníomhaireachtaí rialtais ghinearálta na tíre, amhail ambasáidí, consalachtaí, bunáiteanna míleata, bunáiteanna eolaíochta, etc.);
(c)
fosuithe ola, gáis nádúrtha, etc., in uiscí idirnáisiúnta lasmuigh de scairbh ilchríochach na tíre, arna saothrú ag aonaid atá cónaitheach sa chríoch.
7.09.
Soláthraíonn aicmiú na hAinmníochta Aonad Críochach le haghaidh Staidrimh (NUTS)() miondealú aonair, uilíoch de chríoch eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Chun críche náisiúnta, féadfar cuntais réigiúnacha a thiomsú freisin ar leibhéal réigiúnach níos mionsonraithe (CCE 2010, 13.12).
3.
An bun‑aonad i dtiomsú chuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta
7.10.
Is éard atá sna haonaid a úsáideann an tionscal le haghaidh na gcuntas náisiúnta na haonaid phríomhghníomhaíochta áitiúla (APGanna áitiúla) Is é APG áitiúil an fhoirm inbhreathnaithe den aonad táirgthe.
7.11.
Leis an gcur chuige staidrimh (tionscal) ‘glactar’ le haonad inbhreathnaithe fiú má chiallaíonn sé sin go n‑imítear ón ngníomhaíocht aonair. Mar a tharla le SNA 2008, roghnaítear an cur chuige staidrimh in CCE 2010 agus tacaítear le APG áitiúil ionas go mbeidh an tionscal in ann na cuntais náisiúnta a thiomsú. Sainíonn siad dá bhrí sin an t‑aonad céanna le haghaidh na dtionscal is cuma cé acu atá siad cumhdaithe ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta.
7.12.
Amhail CET, úsáideann CERT an sealúchas talmhaíochta – ‘curtha in oiriúint’ ag teacht le coinbhinsiúin áirithe chun na cuspóirí lena mbaineann a chomhlíonadh – mar an bun‑aonad do thionscal na talmhaíochta. Tá dhá chúis ríthábhachtacha go ndéantar an rogha sin. Ar lámh amháin, is éard atá san aonad ‘sealúchais talmhaíochta’ an t‑aonad príomhghníomhaíochta áitiúil le haghaidh na talmhaíochta (cf. 1.09. go 1.17.), atá sainithe mar an chuid sin d’aonad príomhghníomhaíochta (APG) a thagraíonn don leibhéal áitiúil. Is é APG áitiúil an t‑aonad is oiriúnaí freisin do thionscal na talmhaíochta, fiú má áirítear gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta leis, nach féidir a thaispeáint ar leithligh ó na gníomhaíochtaí talmhaíochta (cf. 1.15. agus 1.16, 1.25. go 1.32.).
7.13.
Ach an sealúchas talmhaíochta a úsáid mar an bun‑aonad ciallaíonn sé sin go n‑áirítear gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta na sealúchas sin i gcuntais réigiúnacha na talmhaíochta (cf. 7.12.). Ós rud é gurb é aidhm CET giniúint ioncaim ó ghníomhaíocht eacnamaíoch talmhaíochta a thomhas, tuairisc a thabhairt air agus é a anailísiú, déantar aonaid a tháirgeann gníomhaíocht fóillíochta amháin a eisiamh (e.g. gairdíní cistine agus beostoc príobháideach a thógáil). I gcodarsnacht leis sin, áirítear aonaid a bhíonn ag gabháil d’fheirmeoireacht chothaitheach in CET (cf. 1.24.).
7.14.
Is é an sealúchas talmhaíochta an t‑aonad tagartha le haghaidh suirbhéanna staidrimh a bhaineann leis an talmhaíocht, cibé acu suirbhéanna náisiúnta nó réigiúnacha. Tá sé de bhuntáiste aige sin go bhféadfar meastóireachtaí d’aschur i dtéarmaí cainníochtúla a bhunú go díreach ar na córais staidrimh chun limistéir, torthaí, méideanna tréada, etc., a thomhas. Cruthaítear comhsheasmhacht chuntasaíochta níos fearr freisin de bharr rogha an tsealúchais talmhaíochta.
4.
Modhanna chun cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta a thiomsú
7.15.
Moltar in CCE (CCE 2010, 13.24 go 13.32) dhá mhodh, á gcur i bhfeidhm ar na tionscail nó ar na hearnálacha institiúideacha: na modhanna ó bhun aníos agus ó bharr anuas. Baineann an chéad cheann leis na sonraí a bhailiú ar leibhéal na n‑aonad (APGanna áitiúla, aonaid institiúideacha) agus iad a shuimiú ansin chun luach réigiúnach na gcomhiomlán difriúil a fháil. Leis an modh ó bharr anuas déantar na luachanna réigiúnacha a atógáil tríd an bhfigiúr náisiúnta a mhiondealú, ag úsáid táscaire a léiríonn chomh gar agus is féidir dáileadh réigiúnach na hathróige lena mbaineann. Is féidir an dá mhodh sin a chónascadh ar bhealaí éagsúla, teaglaim dá dtagraítear in CCE mar ‘meascán de na modhanna ó bhun aníos agus ó bharr anuas’. Tugtar tosaíocht do na modhanna ó bhun aníos, cé go bhfeictear i gcuid mhaith cásanna go n‑úsáidtear go hiarbhír ‘meascán de mhodhanna ó bhun aníos agus ó bharr anuas’.
5.
Coincheapa an chónaithe agus na críche
7.16.
D’fhéadfadh idirbhearta eacnamaíocha fiontar agus teaghlach teorainneacha réigiúnacha a thrasnú. Féadfaidh fiontair feidhmiú freisin i níos mó ná réigiún amháin, ag suíomhanna buana nó ar bhonn sealadach, e.g. féadfaidh feirmeacha móra tabhairt faoi obair i réigiúin éagsúla. Dá bhrí sin tá gá le prionsabal soiléir chun cuidiú leis na Ballstáit an ghníomhaíocht idir-réigiúnach sin a leithdháileadh go comhsheasmhach do réigiún.
7.17.
Tá cuntais réigiúnacha na dtionscal bunaithe ar chritéir chónaithe an aonaid táirgthe. Tagraíonn gach tionscal ar leibhéal réigiúnach don ghrúpa APGanna áitiúla sa phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch céanna nó comhchosúil, a bhfuil a lárionad leasa eacnamaíoch acu sa chríoch réigiúnach sin. Níos minice ná a mhalairt, bíonn baint ag an lárionad leasa sin le suíomh fadtéarmach sonrach sa réigiún, cosúil leis na haonaid institiúideacha lena mbaineann APGanna áitiúla.
7.18.
Mar sin féin, tá roinnt gnéithe ar leith ag baint leis na cuntais réigiúnacha. I gcás gníomhaíochtaí áirithe, ní bhíonn sé éasca i gcónaí an réigiún a shainiú mar limistéar sonrach. Cruthaítear fadhb leis an gcaidreamh a bhíonn idir suíomh na ceannoifige agus suíomh fisiciúil an tsealúchais, toisc go bhféadfadh ceannoifig i réigiún eile fachtóirí maidir le táirgeadh talmhaíochta a bhainistiú. Maidir le CERT, tá sé tábhachtach an dá aonán a roinnt, agus ar an gcúis sin ní mór sealúchas a shannadh don réigiún san áit ina bhfuil a fhachtóirí táirgeachta lonnaithe agus ní don réigiún ina bhfuil a cheanncheathrú suite. D’fhéadfadh cúpla aonad eascairt as ceannoifig amháin dá bhrí sin de réir bhrí CERT – a oiread aonad agus atá réigiúin chónaithe le haghaidh APGanna áitiúla atá i bhfad ón réigiún ina bhfuil an cheannoifig.
7.19.
Coincheap malartach, nach gcuirtear i bhfeidhm go ginearálta sna cuntais náisiúnta agus réigiúnacha, a bheadh i gcoincheap a bheadh go hiomlán críochach. Tugtar le fios leis an gcoincheap sin go leithdháiltear gníomhaíochtaí don chríoch ina dtarlaíonn siad go hiarbhír, is cuma cá bhfuil cónaí ar na haonaid atá ag gabháil don ghníomhaíocht.
7.20.
Cé go dtugtar tosaíocht don chur chuige cónaithe nuair atá idirbhearta d’aonaid chónaitheacha á leithdháileadh ar bhonn réigiúnach, tugann CCE 2010 roinnt spáis theoranta chun an cur chuige críochach a chur i bhfeidhm (ESA 2010, 13.21). Tarlaíonn sé sin i gcás ina gcruthaítear aonaid bharúlacha le haghaidh talaimh agus foirgneamh sa réigiún nó sa tír ina bhfuil an talamh nó na foirgnimh lonnaithe.
7.21.
Sa chás hipitéiseach nach bhfuil ach gníomhaíochtaí laistigh dá gcríoch réigiúnach ag aonaid atá cónaitheach i réigiún, tagann coincheap an chónaithe le coincheap na críche. Tá sé sin amhlaidh freisin maidir leis an leithdháileadh réigiúnach bunaithe ar aonaid bharúlacha a chruthaítear le haghaidh talaimh agus foirgneamh agus le haghaidh fiontair neamhchorpraithe i dtíortha nó i réigiúin eile atá difriúil le réigiún cónaitheach an úinéara.
6.
Tionscal na talmhaíochta agus aonaid shaintréitheacha
7.22.
Tá na haonaid phríomhghníomhaíochta áitiúla uile cuimsithe sa tionscal, a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch chomhionann nó chomhchosúil (cf. 1.59.). Comhfhreagraíonn tionscal na talmhaíochta, mar a thugtar tuairisc air in CET, i bprionsabal, do Rannán 01 in Athbhreithniú NACE 2, agus taispeántar na difríochtaí i míreanna 1.62. go 1.66. Sainítear raon feidhme CERT ar bhonn an liosta de ghníomhaíochtaí saintréitheacha a tarraingíodh suas do CET. Tá roinnt difríochtaí idir tionscal na talmhaíochta in CET, agus dá bharr sin in CERT, agus sa tionscal a bunaíodh le haghaidh chreat lárnach na gcuntas náisiúnta (cf. 1.93.).
B.
IDIRBHEARTA I DTÁIRGÍ
7.23.
Cruthaítear roinnt fadhbanna sonracha nuair a bhíonn an t‑aschur talmhaíochta á luacháil. Baineann na cinn is tábhachtaí le táirgí séasúracha, táirgeadh beostoic agus uainiú na n‑iontrálacha sna cuntais. Cuireann an mhodheolaíocht CET rialacha beachta chun cinn lena rialaítear conas ba cheart éifeachtaí stórála táirgí séasúracha a chur san áireamh, conas ba cheart aschur beostoic a thomhas agus conas ba cheart táirgí ar a bhfuil obair idir lámha á déanamh a thaifeadadh. Ní mór na prionsabail sin a chomhlíonadh le linn do CERT a bheith á dtiomsú. Mar sin féin, ní chuireann sé sin oiriúnuithe áirithe ar an leibhéal réigiúnach as an áireamh, táirgeadh beostoic mar shampla. Ba cheart a rá arís nach mór d’iomlán na luachála réigiúnaí a bheith comhionann leis na luachálacha CET.
1.
Aschur
a)
Aschur a thomhas
7.24.
In CERT, léiríonn aschur réigiúin gach táirge atá laistigh de raon feidhme CET a tháirgeann na haonaid go léir den tionscal talmhaíochta thar an tréimhse cuntasaíochta sa réigiún sin, cibé acu atá sé beartaithe i gcomhair margaíochta lasmuigh den tionscal, le díol le sealúchais eile nó, i gcásanna áirithe, le húsáid ag an sealúchas céanna. Dá dhroim sin:
(a)
ba cheart aon táirge talmhaíochta a fhágann sealúchas sa réigiún a thaifeadadh mar chuid d’aschur an réigiúin, gan beann ar a cheann scríbe nó ar an aonad a bhíonn á cheannach;
(b)
ba cheart táirgí talmhaíochta áirithe a úsáideann an sealúchas céanna mar thomhaltas idirmheánach a áireamh in aischur an réigiúin (cf. 2.056).
7.25.
Tógann próiseas táirgthe beostoic cúpla bliain go ginearálta. Nuair a dhéantar beostoc a luacháil, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta (ainmhithe pórúcháin agus ainmhithe tarraingthe, ba bainne, etc.) agus iad sin a aicmítear mar stoic (ainmhithe atá beartaithe go príomha i gcomhair feola). Dá réir sin, d’fhonn comhaireamh dúbailte a sheachaint, láimhseáiltear idirbhearta a bhaineann le hainmhithe idir sealúchais (a nglactar leo mar dhíolacháin ‘dhearfacha’ maidir leis na sealúchais a dhíolann an beostoc agus mar dhíolacháin ‘dhiúltacha’ le haghaidh na sealúchas a bhíonn ag ceannach), mar a leagtar amach thíos.
(a)
Déanann idirbhearta idir sealúchais sa réigiún céanna ina bhfuil ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta a chéile a chealú, seachas costas a bhaineann le haistriú úinéireachta(). Ní chuirtear isteach iad mar dhíolacháin na sealúchas agus dá bhrí sin ní áirítear iad in aschur an réigiúin lena mbaineann.
(b)
Láimhseáiltear ainmhithe a aicmítear mar stoc agus atá faoi réir idirbhirt idir réigiúin mar dhíolacháin dhearfacha (mar aon le honnmhairí) don réigiún tionscnaimh agus láimhseáiltear ainmhithe ó réigiúin eile mar dhíolacháin dhiúltacha (mar aon le hallmhairí)().
(c)
Nuair a bhaineann na costais maidir le haistriú úinéireachta (iompar, corrlaigh thrádála, etc.) le trádáil ainmhithe a aicmítear mar stoc, déantar iad a asbhaint ón aschur. Tarlaíonn sé sin go huathoibríoch nuair a bhíonn ceannacháin ó shealúchais i réigiúin eile i gceist, toisc go mbíonn na costais mar chuid de dhíolacháin ‘dhiúltacha’, cé nach mór coigeartú a dhéanamh i ndíolacháin, agus in aschur dá réir sin, i gcás trádála in ainmhithe idir sealúchais sa réigiún céanna.
b)
An t‑aschur a luacháil
7.26.
Ba cheart an t‑aschur a luacháil ag bunphraghsanna (cf. 2.082), i.e. lena n‑áirítear fóirdheontais ar tháirgí, lúide cánacha ar tháirgí. Fágann an modh ríofa sin go gcaithfear cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí a mhiondealú de réir réigiúin.
2.
Tomhaltas idirmheánach
a)
Sainmhíniú
7.27.
Is éard atá i dtomhaltas idirmheánach na hearraí (seachas sócmhainní seasta) agus seirbhísí margaidh arna dtomhailt i rith an phróisis táirgthe chun earraí eile a tháirgeadh (cf. 2.097. go 2.109.).
7.28.
Le linn do CERT a bheith á dtiomsú, áirítear leis an tomhaltas idirmheánach:
(a)
táirgí talmhaíochta a ceannaíodh lena dtomhailt le linn an phróisis táirgthe ó shealúchais eile (cibé acu sa réigiún céanna nó i réigiún eile);
(b)
táirgí áirithe a úsáidtear mar thomhaltas laistigh d’aonad agus a chuirtear isteach mar aschur ( cf. 2.054. go 2.058. agus 7.24.).
7.29.
Sa chás áirithe a bhaineann le seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach caitear leo sna cuntais réigiúnacha ar an mbealach céanna agus a chaitear leo sna cuntais náisiúnta. Má tá an meastachán ar stoic iasachtaí agus éarlaisí ar fáil de réir réigiúin, is féidir an modh ón mbun aníos a leanúint. Mar sin féin, ní bhíonn meastacháin ar stoic iasachtaí agus éarlaisí ar fáil de réir réigiúin de ghnáth. I gcás ina mbíonn sé sin amhlaidh, déantar an leithdháileadh ar sheirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach leis an dara modh is fearr: úsáidtear oll-aschur réigiúnach nó oll-bhreisluach de réir tionscail mar tháscairí dáileacháin (ESA 2010, 13.40).
b)
Tomhaltas idirmheánach a luacháil
7.30.
Ba cheart gach táirge agus seirbhís a úsáidtear le haghaidh tomhaltas idirmheánach a luacháil ag praghas a n‑éadála (gan CBL in‑asbhainte san áireamh) (cf. 2.110. go 2.114.).
3.
Ollfhoirmiú caipitil
7.31.
Déantar ollfhoirmiú caipitil i gcomhair talmhaíochta a fhoroinnt iontu seo a leanas:
(a)
ollfhoirmiú caipitil sheasta;
(b)
athruithe ar fhardail.
a)
Ollfhoirmiú caipitil sheasta (OFCS)
7.32.
Bíonn foirmiú caipitil sheasta sa talmhaíocht aon uair a fhaigheann sealbhóir sócmhainní seasta nó aon uair a tháirgeann sé sócmhainní seasta atá beartaithe lena n‑úsáid ar feadh tréimhse breis agus 1 bhliain amháin mar mhodh táirgeachta sa phróiseas táirgthe talmhaíochta. Tagraíonn na critéir leithdháilte chun OFCS a thaifeadadh do thionscail úsáideoirí agus ní don tionscal lena mbaineann an t‑úinéir dlíthiúil.
7.33.
Leithdháiltear sócmhainní seasta faoi úinéireacht aonaid ilréigiúnaigh ar APGanna áitiúla ina n‑úsáidtear iad. Déantar na sócmhainní seasta a úsáidtear faoi léas oibriúcháin a thaifeadadh i réigiún úinéir na sócmhainní, agus déantar na sócmhainní seasta a úsáidtear faoi léas airgeadais a thaifeadadh i réigiún an úsáideora (CCE 2010, 13.33).
7.34.
Déantar sócmhainní nua atá á n‑áireamh i gcaipiteal seasta a iontráil comhlán, i.e. gan ídiú an chaipitil sheasta sin a asbhaint. Ina theannta sin, ríomhtar ídiú an chaipitil sheasta go ginearálta ar na sócmhainní sin. Faightear glanfhoirmiú caipitil trí ídiú sócmhainní seasta a asbhaint ó ollfhoirmiú caipitil.
7.35.
Is féidir le haonaid táirgthe sócmhainní a dhíol le chéile, e.g. innealra athláimhe. Nuair a bhogtar sócmhainní idir tionscail agus réigiúin, ba cheart an praghas iomlán a áireamh in OFCS i dtionscal nó i réigiún amháin agus ba cheart an praghas a fhaightear a asbhaint ó OFCS sa tionscal nó sa réigiún eile. Déanann an faighteoir na costais a bhaineann le haistriú úinéireachta na sócmhainní, amhail táillí dlí ar dhíolacháin talaimh agus foirgneamh reatha, a chomhaireamh mar OFCS breise, fiú amháin má íocann an díoltóir roinnt de na costais.
7.36.
Comhfhreagraíonn OFCS maidir le stoc pórúcháin agus ainmhithe tarraingthe don difríocht idir ceannacháin lasmuigh den réigiún (lena n‑áirítear allmhairí) agus díolacháin chuig réigiúin eile (lena n‑áirítear onnmhairí), agus costais a bhaineann le haistriú úinéireachta na ndíolachán laistigh den réigiún. Nuair a dhéantar na réigiúin go léir a chomhiomlánú, tá sé tábhachtach a chinntiú go gcealaíonn sreafaí idir-réigiúnacha a chéile (gan na costais a bhaineann le haistriú úinéireachta san áireamh) ionas go mbeidh suim OFCSanna réigiúnacha go léir mar an gcéanna le OFCS na gcuntas náisiúnta talmhaíochta. Nuair a bhíonn an caipiteal seasta comhdhéanta de bheostoc, amhail ainmhithe tarraingthe nó stoc pórúcháin, nó ainmhithe déiríochta, ní mór iad a luacháil – nuair a úsáidtear an modh ón mbun aníos – ar aon líne leis an gcoinbhinsiún seo a leanas: is OFCS diúltach iad díolacháin ainmhithe le sealúchais i réigiúin eile cé gur OFCS dearfach iad na ceannacháin ó réigiúin eile.
b)
Athruithe ar fhardail
7.37.
Cuimsíonn na fardail na sócmhainní go léir nach bhfuil mar chuid den chaipiteal seasta agus atá á sealbhú go sealadach, ag tráth ar leith, ag aonaid táirgthe. Déantar idirdhealú idir dhá chineál fardal: fardail ionchuir agus fardail aschuir (cf. 2.171.).
7.38.
I gcás ainmhithe a aicmítear mar fhardail, áirítear leis an trádáil a chuirfear san áireamh nuair a bheidh athruithe ar fhardail á ríomh díolacháin le réigiúin eile agus ceannacháin ó réigiúin eile chomh maith le hallmhairí agus onnmhairí.
C.
IDIRBHEARTA DÁILEACHÁIN AGUS SREAFAÍ EILE
7.39.
Mínítear leis na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann le faisnéis iontaofa réigiúnach a fháil maidir le hidirbhearta dáileacháin i gcásanna áirithe, go háirithe nuair a dhéanann aonaid gníomhaíochtaí i níos mó ná réigiún amháin, nó nuair nach limistéar atá sainithe go soiléir é an réigiún ina ndéantar gníomhaíochtaí áirithe i gcónaí, an chúis nach gcumhdaítear in CCE ach cuntais réigiúnacha thionscal na talmhaíochta amháin i dtaca le roinnt comhiomlán: breisluach, fóirdheontais, cánacha, cúiteamh d’fhostaithe, cíosanna agus ioncam eile, ús agus OFCS.
1.
Rialacha ginearálta
7.40.
Déantar na hidirbhearta dáileacháin a thaifeadadh ar bhonn fabhruithe, i.e. ag an tráth a dhéantar luach eacnamaíoch, méid dlite nó éileamh a chruthú, a aistriú nó a chealú nó nuair nach ann dó níos mó, agus ní nuair a dhéantar an íocaíocht go hiarbhír. Cuirtear an prionsabal taifeadta sin (bunaithe ar chearta agus ar oibleagáidí) i bhfeidhm maidir le gach sreabhadh, gan beann ar cibé an sreafaí airgid iad, nó ar tharla siad idir aonaid nó laistigh d’aonad aonair.
7.41.
Mar sin féin, nuair nach féidir an dáta ar a fhaightear an t‑éileamh (fiachas) a chinneadh go beacht, féadfar an dáta íocaíochta nó comhfhogasú inghlactha eile den bhunús fabhraithe a úsáid (cf. 3.007.).
2.
Breisluach
a)
Rialacha ginearálta
7.42.
Cruthaítear breisluach de bharr gníomhaíocht táirgthe geilleagair nó ceann dá chuid tionscal i rith tréimhse ar leith, agus is í an ítim chomhardaithe den chuntas táirgthe í. Is ionann é agus an difríocht idir luach an aschuir agus luach an tomhaltais idirmheánaigh. Is príomh‑ítim é chun táirgiúlacht geilleagair nó tionscail a thomhas (cf. 3.013.) nó táirgiúlacht réigiúin nó tionscail laistigh de réigiún.
b)
Breisluach a luacháil
7.43.
Féadfar breisluach a iontráil ar bhonn comhlán (oll-bhreisluach ag bunphraghsanna) nó glan (breisluach glan ag bunphraghsanna), i.e. sula ndéantar tomhaltas an chaipitil sheasta a asbhaint nó ina dhiaidh sin. Ag teacht leis an modh chun aschur (bunphraghas) agus tomhaltas idirmheánach a luacháil (praghsanna na gceannaitheoirí), déantar an breisluach a thomhas ag na bunphraghsanna (cf. 3.013.).
7.44.
Ciallaíonn an úsáid a bhaintear as bunphraghsanna nach mór na cánacha ar tháirgí agus ar fhóirdheontais ar tháirgí a shannadh d’earraí agus do sheirbhísí sonracha, agus ansin caithfear iad a leithdháileadh i measc na réigiún.
7.45.
Ach cánacha eile ar tháirgeadh a asbhaint ón mbreisluach ag na bunphraghsanna, agus fóirdheontais eile a chur ar an táirgeadh, faightear an breisluach ag costas fachtóra. Is éard é an breisluach glan ag costas fachtóra ioncam na bhfachtóirí táirgthe (cf. 3.014.).
3.
Ídiú an chaipitil sheasta
7.46.
In CERT, i gcás earraí agus seirbhísí a chomhdhéanann caipiteal seasta an tsealúchais (amhail plandálacha a mbíonn táirgí athuaire mar thoradh orthu, innealra agus foirgnimh, feabhsuithe móra ar thalamh, bogearraí, na costais a ghabhann le haistriú úinéireachta ar shócmhainní neamhtháirgthe, etc.) baineann caitheamh agus cuimilt agus seandacht dóibh mar mhodhanna táirgthe sa phróiseas táirgthe. Déantar caitheamh agus cuimilt agus seandacht den sórt sin a thomhas mar ídiú an chaipitil sheasta. Cosúil le CET, níor cheart ídiú an chaipitil sheasta a ríomh le haghaidh ainmhithe táirgthe.
4.
Fóirdheontais
7.47.
Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm in CERT agus a chuirtear in CET: déantar sreafaí a aicmítear mar fhóirdheontais oibriúcháin in CET a aicmiú ar an mbealach céanna in CERT, agus láimhseáiltear sreafaí i bhfoirm aistrithe caipitil ar an gcaoi chéanna.
5.
Cánacha
7.48.
Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm in CERT agus a chuirtear in CET: déantar an cineál difriúil cánacha a aicmiú ar an mbealach céanna in CERT agus a dhéantar iad a aicmiú in CET.
6.
Cúiteamh d’fhostaithe
7.49.
Maidir le táirgeoirí, déantar cúiteamh d’fhostaithe a leithdháileadh ar APGanna áitiúla ina bhfuil na daoine fostaithe. I gcás nach bhfuil na sonraí sin ar fáil, déantar cúiteamh d’fhostaithe a leithdháileadh mar an dara modh is fearr bunaithe ar na huaireanta a oibríodh. Mura bhfuil cúiteamh d’fhostaithe ná uaireanta an chloig a oibríodh ar fáil, úsáidtear an líon fostaithe de réir APG áitiúil (cf. CCE 2010, 13.42).
7.
Glanbharrachas oibriúcháin
7.50.
Faightear glanbharrachas oibriúcháin ón mbreisluach glan ag na bunphraghsanna tríd an gcúiteamh d’fhostaithe agus cánacha eile ar tháirgeadh a asbhaint agus fóirdheontais eile ar tháirgeadh a chur leis.
8.
Ús, cíosanna
7.51.
Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm in CERT agus a chuirtear in CET: déantar sreafaí a aicmítear mar ús, cíosanna in CET a aicmiú ar an mbealach céanna in CERT.
9.
Ioncam fiontraíoch ó thalmhaíocht: rialacha ginearálta maidir le ríomh
7.52.
Déantar ioncam ó mhaoin atá iníoctha go díreach a eascraíonn as gníomhaíochtaí talmhaíochta agus gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta, i.e. ús a íoctar ar iasachtaí a thógtar amach maidir leis na gníomhaíochtaí sin, lena n‑áirítear chun talamh talmhaíochta a cheannach, agus cíosanna a íoctar le húinéirí talún, a asbhaint ó bharrachas oibriúcháin (cf. 3.070. go 3.087.).
D. SRACFHÉACHAINT AR CHUR CHUN FEIDHME
1.
Réamhrá
7.53.
Tá sé mar aidhm ag an roinn seo roinnt gnéithe den mhodheolaíocht, go háirithe an rogha sealúchais talmhaíochta agus an tomhas a dhéantar ar aschur, a chur i dtábhacht.
7.54.
Is é an sealúchas talmhaíochta an t‑aonad tagartha a úsáidtear le haghaidh suirbhéanna staidrimh maidir leis an talmhaíocht, ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta. Cruthaíonn sé sin buntáiste mór do CERT toisc go gciallaíonn sé gur féidir an luacháil a dhéantar ar chainníochtaí aschuir a bhunú go díreach ar chórais staidrimh chun limistéir talún, torthaí, méideanna tréada, etc., a thomhas. Ach an sealúchas a roghnú freisin tá sé de bhuntáiste aige cur ar chumas na gcuntas a bheith níos comhsheasmhaí. Baineann aschur agus costais, go deimhin, le tacair aonad chomhionanna, fiú má bhíonn éagsúlacht idir na modhanna eachtarshuímh ó fhoinse amháin go chéile. Ar deireadh, ach an sealúchas a roghnú, mar aon leis na coincheapa maidir le gníomhaíochtaí agus aonaid shaintréitheacha, seachnaítear an gá coigeartuithe a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith conspóideach, a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh i gcás gairdíní cistine agus tógáil beostoic phríobháidigh nach leis an sealbhóir é. Fágann an gnás sin go mbíonn sé níos éasca comparáidí a dhéanamh idir tíortha. Go deimhin, beidh an nasc le sonraí staidrimh i gcainníochtaí fisiceacha, atá ríthábhachtach don talmhaíocht agus a ráthaíonn go mbeidh na toisí ar iontrálacha cuntasaíochta comhsheasmhach toisc go bhfuil coigeartuithe nó ceartúcháin ‘seach‑staidrimh’ srianta dá bhrí sin, rudaí ar ndóigh a shimplíonn agus a chuireann feabhas ar na ríomhanna. Tá na gnéithe sin comhsheasmhach freisin leis an aidhm maidir le tosaíocht a thabhairt don chur chuige ó bhun aníos in CERT.
2.
An talmhaíocht réigiúnach a shainiú
7.55.
Maidir le gach réigiún, is éard atá i dtionscal na talmhaíochta na sealúchais ar fad a bhfuil a gcuid fachtóirí táirgthe lonnaithe sa réigiún. D’fhéadfadh an prionsabal sin, atá comhsheasmhach leis an gcoincheap maidir le háit chónaithe na n‑aonad táirgthe, roinnt fadhbanna a chruthú: sainíonn an staidreamh talmhaíochta suíomh na sealúchas de ghnáth de réir a gceanncheathrú agus ní díreach de réir shuíomh na bhfachtóirí táirgthe. Ní hionann an dá shuíomh sin i gcónaí agus tá seans ann go dtarlóidh an feiniméan sin níos minice de réir mar a éiríonn sealúchais níos mó. Nuair a thiomsaítear CERT, dá bhrí sin, ba cheart roinnt sealúchas a athaicmiú idir réigiúin agus fiú, i roinnt cásanna, iad a roinnt. Seans go mbeidh sé sin sách deacair a dhéanamh i gcleachtas, agus má bhíonn b’fhéidir go mb’fhearr an suíomh céanna a choimeád le haghaidh na sealúchas agus atá sna suirbhéanna staidrimh. Tá an moladh sin, áfach, ag brath ar dhá choinníoll: ar an gcéad dul síos, ní mór don mhodh lena ndéanfar an suíomh a shainiú a bheith comhionann le haghaidh na réigiún go léir sa tír agus ansin ní mór na hiontrálacha cuntasaíochta go léir a luacháil ó fhoinsí a úsáideann na rialacha céanna chun suíomh na sealúchas a shainiú.
3.
Aschur talmhaíochta a thomhas
7.56.
Áirítear le haschur talmhaíochta táirgí barr áirithe a úsáideann an sealúchas céanna arís i bhfoirm tomhaltais idirmheánaigh; baineann sé sin go príomha le táirgí le haghaidh beatha ainmhithe. I gcás na mbarr curaíochta go háirithe, féadfar aschur réigiúnach a chinneadh go minic ar bhonn na gcainníochtaí a bhaintear i ngach réigiún, a dtugtar luach dóibh ansin trí phraghsanna. Sa chás sin, déantar an t‑aschur go léir a luacháil, cibé acu atá sé beartaithe i gcomhair margaíochta lasmuigh den tionscal, le díol le sealúchais eile nó le húsáid ag an sealúchas céanna. Faightear aschur gach réigiúin go díreach dá réir sin, ag teacht leis an gcoincheap arna ghlacadh in CET agus CERT. D’fhéadfaí na praghsanna faoina ndéantar luacháil ar aschur trína gcruthaítear tomhaltas idir aonaid a bhunú ar shonraí réigiúnacha freisin, ag comhfhreagairt do na praghsanna ag a ndéantar aschur a mhargú. Mar sin féin, de dheasa easpa sonraí maidir le praghsanna réigiúnacha cruthaítear fadhb ghinearálta fad a bhaineann sé le haschur a luacháil, idir aschur (réigiúnach) a mhargaítear agus aschur atá mar chuid den tomhaltas idir aonaid. Dá réir sin ardaíonn an luacháil CERT ar tháirgí atá mar chuid den tomhaltas idir aonaid na deacrachtaí céanna leis an luacháil a dhéantar ar tháirgí a mhargaítear. Ar ndóigh, is ceist dhifriúil ar fad é nuair nach féidir na cainníochtaí a luacháil ar an leibhéal réigiúnach. Sa chás sin, is é an modh ó bharr anuas bunaithe ar luachálacha ar an leibhéal náisiúnta an t‑aon cheann is féidir a úsáid().
7.57.
A mhéid a bhaineann le hainmhithe, cibé acu a n‑aicmítear iad mar fhardail nó mar chaipiteal seasta, ba cheart na pointí seo a leanas a chur san áireamh:
·luachálacha ar an leibhéal réigiúnach maidir le hathruithe ar fhardail agus in OFCS a bhaineann le hainmhithe, agus gur comhpháirteanna den mhodh indíreach maidir le haschur a ríomh iad an dá shreabhadh sin go hiarbhír;
·luachálacha trádála ainmhithe idir réigiúin, ar comhpháirt í an trádáil sin den mhodh indíreach maidir le haschur a ríomh;
·an miondealú idir réigiúin sreafaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin ainmhithe;
·an láimhseáil iomchuí ar chostais a bhaineann le haistriú úinéireachta;
·an modh maidir le CERT a choigeartú in aghaidh CET.
7.58.
I gcásanna áirithe, is féidir leis an modh indíreach maidir le haschur ainmhithe a ríomh a bheith ródheacair ar leibhéal réigiúnach. I gcásanna den sórt sin, is fearr an t‑aschur a ríomh ar bhonn samhla ina n‑úsáidtear sonraí fisiceacha agus ansin na luachanna a choigeartú leo sin in CET.
4.
Gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha
7.59.
Tá bealaí éagsúla ann chun gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha a ionchorprú in CERT, ag brath ar an gcineál gníomhaíochta. Go deimhin, tá roinnt de na gníomhaíochtaí tánaisteacha sin comhchruinnithe go mór ar an leibhéal réigiúnach – próiseáil táirgí talmhaíochta, mar shampla. Sa chás sin, is féidir le luachálacha aschuir cainníochtaí agus praghsanna araon a bheith ag brath ar shonraí staidrimh áitiúla. I gcás an aschuir sin, tá na luachanna in CET mar an gcéanna de facto leo sin in CERT. D’fhéadfadh cásanna eile, áfach, a bheith níos deacra. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach bhfuil aon fhoinse réigiúnach ann le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí, go háirithe mura bhfuil siad comhchruinnithe i réigiúin ar leith ón tús. I gcás gníomhaíochtaí eile, soláthraítear sonraí réigiúnacha trí shuirbhéanna staidrimh nó trí fhaisnéis na gcuntas micreacnamaíoch (an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme, mar shampla) ach níl aon ráthaíocht ann go bhfuil siad sin ionadaíoch ar bhonn réigiúnach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na sonraí a bheith sean gan aon fhoinsí ar fáil lena dtabhairt chun dáta ar bhealach iontaofa. Ar deireadh, ní tharlaíonn sé ach ó am go chéile go mbíonn táscairí cáilíochtúla ar fáil ar an leibhéal réigiúnach. I ngach ceann de na cásanna sin, is iad luachanna CET an túsphointe do CERT agus ní mór na modhanna ó bharr anuas a úsáid go minic.
5.
Tomhaltas idirmheánach
7.60.
Áirítear le tomhaltas idirmheánach in CERT táirgí talmhaíochta a úsáideann sealúchais, cibé acu iad sin a thrádáiltear go díreach idir sealbhóirí sa réigiún céanna nó i réigiúin dhifriúla nó a athraíonn úinéireacht trí idirghabhálaithe a d’fhéadfadh a bheith nó gan a bheith ina n‑úinéirí ar na táirgí sula ndéantar iad a athdhíol, etc. Thairis sin, déantar roinnt táirgí talmhaíochta de thomhaltas idir aonaid a iontráil freisin mar thomhaltas idirmheánach, go bunúsach barra áirithe a úsáidtear mar bheatha ainmhithe. Ní dhéanfar aon cheannacháin ainmhithe – fiú iad sin a allmhairítear – a iontráil mar thomhaltas idirmheánach.
7.61.
Is é an chéad mhodh maidir le tomhaltas idirmheánach táirgí talmhaíochta a ríomh ar an leibhéal réigiúnach an difríocht idir aschur CERT agus an chuid sin den aschur atá beartaithe an tionscal a fhágáil a ríomh, ar bhonn táirge ar tháirge(). Mar sin féin, ní léiriú iomlán cruinn é ar thomhaltas idirmheánach táirgí talmhaíochta i ngach réigiún, toisc cé go n‑áirítear táirgí talmhaíochta atá beartaithe le haghaidh tomhaltas idirmheánach ag sealúchais i réigiúin eile, ní áirítear táirgí talmhaíochta a thagann ó shealúchais i réigiúin eile. Ní mór an tomhaltas idirmheánach a choigeartú, dá bhrí sin, ar aon dul leis na luachanna in CET.
7.62.
Tá modh ríofa eile indéanta freisin, ag úsáid an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme mar fhoinse faisnéise. Leis an bhfoinse sin bítear in ann luacháil a dhéanamh ar thomhaltas idirmheánach táirgí talmhaíochta, is cuma cé acu a dtagann siad ó dhíolacháin a dhéanann sealúchais eile nó ó fhoinsí amhail allmhairí. Mar sin féin, ní chumhdaítear sa Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme ar an mbealach céanna na táirgí a úsáideann an sealúchas céanna mar thomhaltas idirmheánach, agus dá bhrí sin tá gá le ceartúcháin. Ar an gcaoi chéanna, dá bhrí sin, ní mór tomhaltas idirmheánach a choigeartú ag teacht leis na luachanna in CET.’
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II:
‘IARSCRÍBHINN II
CLÁR UM THARCHUIR SONRAÍ
Maidir le gach ceann de na hítimí aschuir (ítimí 1 go 18, lena n‑áirítear fo-ítimí), caitear an luach ag na bunphraghsanna chomh maith lena chomhpháirteanna (an luach ag praghsanna na dtáirgeoirí, fóirdheontais ar tháirgí agus cánacha ar tháirgí) a tharchur.
Ní mór na sonraí maidir leis an gcuntas táirgeachta agus maidir leis an ollfhoirmiú caipitil sheasta (OFCS) a tharchur ag na praghsanna reatha agus ag praghsanna na bliana roimhe sin araon.
Ba cheart na luachanna uile a lua i milliúin aonad den airgeadra náisiúnta. Ba cheart ionchur saothair a lua in 1 000 aonad oibre bliantúil (AWUnna).
Ní mór na sonraí maidir le cuntais réigiúnacha na talmhaíochta a tharchur ag praghsanna reatha amháin.
1.
Cuntas táirgeachta
|
|
|
Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n
|
|
|
|
a
|
b
|
c
|
d
|
|
Mír
|
Liosta athróg
|
Mí na Samhna
bliain n
(Meastacháin CET)
|
Mí an Mhárta
bliain n+1
(Meastacháin CET)
|
Mí Mheán Fómhair
bliain n+1
(sonraí CET deiridh)
|
Mí an Mheithimh
bliain n+2
(CERT)
|
|
01
|
GRÁNAIGH (lena n‑áirítear síolta)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
01.1
|
Cruithneacht agus speilt
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
01.1/1
|
Cruithneacht agus speilt bhog
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
01.1/2
|
Cruithneacht chrua
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
01.2
|
Seagal agus maislín
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
01.3
|
Eorna
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
01.4
|
Coirce agus meascáin de ghránaigh shamhraidh
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
01.5
|
Grán buí
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
01.6
|
Rís
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
01.7
|
Gránaigh eile
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
02
|
BARRA TIONSCLAÍOCHA
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
02.1
|
Síolta ola agus torthaí olúla (lena n‑áirítear síolta)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
02.1/1
|
Síolta ráibe agus ráibe tornapa
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
02.1/2
|
Lus na gréine
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
02.1/3
|
Soighe
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
02.1/4
|
Táirgí olúla eile
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
02.2
|
Barra próitéine (lena n‑áirítear síolta)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
02.3
|
Tobac amh
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
02.4
|
Siúcra biatais
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
02.5
|
Barra tionsclaíocha eile
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
02.5/1
|
Plandaí snáithíneacha
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
02.5/2
|
Leannlusanna
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
02.5/3
|
Barra tionsclaíocha eile: eile
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
03
|
PLANDAÍ FORÁISTE
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
03.1
|
Grán buí farae
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
03.2
|
Meacain farae (lena n‑áirítear biatas foráiste)
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
03.3
|
Plandaí foráiste eile
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
04
|
TÁIRGÍ GLASRAÍ AGUS GAIRNEOIREACHTA
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
04.1
|
Glasraí úra
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
04.1/1
|
Cóilis
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
04.1/2
|
Trátaí
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
04.1/3
|
Glasraí úra eile
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
04.2
|
Plandaí agus bláthanna
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
04.2/1
|
Plandaí plandlainne
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
04.2/2
|
Plandaí agus bláthanna ornáideacha (lena n‑áirítear crainn Nollag)
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
04.2/3
|
Plandálacha
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
05
|
PRÁTAÍ (lena n‑áirítear síolta)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
06
|
TORTHAÍ
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
06.1
|
Torthaí úra
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
06.1/1
|
Úlla milseoige
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.1/2
|
Piorraí milseoige
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.1/3
|
Péitseoga
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.1/4
|
Torthaí úra eile
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.2
|
Torthaí citris
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
06.2/1
|
Oráistí milse
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.2/2
|
Mandairíní
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.2/3
|
Líomóidí
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.2/4
|
Torthaí citris eile
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.3
|
Torthaí trópaiceacha
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
06.4
|
Fíonchaora
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
06.4/1
|
Fíonchaora milseoige
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.4/2
|
Fíonchaora eile
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.5
|
Ológa
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
06.5/1
|
Ológa boird
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
06.5/2
|
Ológa eile
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
07
|
FÍON
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
07.1
|
Fíon boird
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
07.2
|
Fíon ar ardchaighdeán
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
08
|
OLA OLÓIGE
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
09
|
TÁIRGÍ BARR EILE
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
09.1
|
Ábhair glasraí a úsáidtear den chuid is mó i gcomhair trilseánú
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
09.2
|
Síolta
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
09.3
|
Táirgí barr eile: eile
|
—
|
—
|
X
|
—
|
10
|
ASCHUR BARR (01 GO 09)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
11
|
AINMHITHE
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
11.1
|
Eallach
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
11.2
|
Muca
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
11.3
|
Eachaithe
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
11.4
|
Caoirigh agus gabhair
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
11.5
|
Éanlaith
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
11.6
|
Ainmhithe eile
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
12
|
TÁIRGÍ AINMHITHE
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
12.1
|
Bainne
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
12.2
|
Uibheacha
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
12.3
|
Táirgí ainmhithe eile
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
12.3/1
|
Amh‑olann
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
12.3/2
|
Cocúin seiriceáin
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
12.3/3
|
Táirgí ainmhithe eile: eile
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
13
|
ASCHUR AINMHITHE (11+12)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
14
|
ASCHUR EARRAÍ TALMHAÍOCHTA (10+13)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
15
|
ASCHUR SEIRBHÍSÍ TALMHAÍOCHTA
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
15.1
|
SEIRBHÍSÍ TALMHAÍOCHTA
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
15.2
|
CUÓTA BAINNE AR CÍOS
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
16
|
ASCHUR TALMHAÍOCHTA (14+15)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
17
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ TÁNAISTEACHA NEAMHTHALMHAÍOCHTA (DOSCARTHA)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
17.1
|
PRÓISEÁIL TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
17.2
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ TÁNAISTEACHA EILE DOSCARTHA (EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
18
|
ASCHUR THIONSCAL NA TALMHAÍOCHTA (16+17)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
19
|
TOMHALTAS IDIRMHEÁNACH IOMLÁN
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.01
|
FARDAL SÍOLTA AGUS PLANDÁLA
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.02
|
FUINNEAMH; BEALAÍ
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.02/1
|
- leictreachas
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
19.02/2
|
- gás
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
19.02/3
|
- breoslaí agus tiomántáin eile
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
19.02/4
|
- eile
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
19.03
|
LEASAITHIGH AGUS FEABHSAITHEOIRÍ ITHREACH
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.04
|
TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ AGUS LOTNAIDICÍDÍ
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.05
|
COSTAIS TRÉIDLIACHTA
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.06
|
BEATHA AINMHITHE
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.06/1
|
- beatha arna sholáthar ag sealúchais talmhaíochta eile
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.06/2
|
- beatha a cheannaítear ó lasmuigh de thionscal na talmhaíochta
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.06/3
|
- beatha arna tháirgeadh agus arna ídiú ag an sealúchas céanna
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.07
|
COTHABHÁIL ÁBHAR
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.08
|
COTHABHÁIL FOIRGNEAMH
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.09
|
SEIRBHÍSÍ TALMHAÍOCHTA
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.10
|
SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLA AIRGEADAIS ARNA DTOMHAS GO HINDÍREACH (FISIM)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
19.11
|
EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ EILE
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
20
|
OLL-BHREISLUACH AG BUNPHRAGHSANNA (18-19)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
21
|
TOMHALTAS CAIPITIL SHEASTA
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
21.1
|
TREALAMH
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
21.2
|
FOIRGNIMH
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
21.3
|
PLANDÁLACHA
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
21.4
|
EILE
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
22
|
BREISLUACH GLAN AG BUNPHRAGHSANNA (20-21)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
2.
Giniúint an chuntais ioncaim
|
|
|
Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n
|
|
|
|
a
|
b
|
c
|
d
|
|
Mír
|
Liosta athróg
|
Mí na Samhna
bliain n
(Meastacháin CET)
|
Mí an Mhárta
bliain n+1
(Meastacháin CET)
|
Mí Mheán Fómhair
bliain n+1
(sonraí CET deiridh)
|
Mí an Mheithimh
bliain n+2
(CERT)
|
|
23
|
CÚITEAMH D’FHOSTAITHE
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
24
|
CÁNACHA EILE AR THÁIRGEADH
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
25
|
FÓIRDHEONTAIS EILE AR THÁIRGEADH
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
26
|
IONCAM FACHRÓRA (22-24+25)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
27
|
BARRACHAS OIBRIÚCHÁIN / IONCAM MEASCTHA (22-23-24+25)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
3.
Cuntas ioncaim fiontraíochta
|
|
|
Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n
|
|
|
|
a
|
b
|
c
|
d
|
|
Mír
|
Liosta athróg
|
Mí na Samhna
bliain n
(Meastacháin CET)
|
Mí an Mhárta
bliain n+1
(Meastacháin CET)
|
Mí Mheán Fómhair
bliain n+1
(sonraí CET deiridh)
|
Mí an Mheithimh
bliain n+2
(CERT)
|
|
28
|
CÍOSANNA AGUS MUIRIR CHÍOSA EILE EASTÁIT RÉADAIGH ATÁ LE HÍOC
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
29
|
ÚS INÍOCTHA
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
30
|
ÚS INFHAIGHTE
|
X
|
X
|
X
|
X
|
|
31
|
IONCAM FIONTRAÍOCH (27-28-29+30)
|
X
|
X
|
X
|
X
|
4.
Gnéithe den chuntas caipitil
|
|
|
Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n
|
|
|
|
a
|
b
|
c
|
d
|
|
Mír
|
Liosta athróg
|
Mí na Samhna
bliain n
(Meastacháin CET)
|
Mí an Mhárta
bliain n+1
(Meastacháin CET)
|
Mí Mheán Fómhair
bliain n+1
(sonraí CET deiridh)
|
Mí an Mheithimh
bliain n+2
(CERT)
|
|
32
|
OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA I DTÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
32.1
|
OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA I BPLANDÁLACHA
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
32.2
|
OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA IN AINMHITHE
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
33
|
OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA I DTÁIRGÍ NEAMHTHALMHAÍOCHTA
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
33.1
|
OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA IN ÁBHAIR
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
33.2
|
OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA I BHFOIRGNIMH
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
33.3
|
OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA EILE
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
34
|
OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA (GAN CBL IN‑ASBHAINTE SAN ÁIREAMH) (32+33)
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
35
|
GLANFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA (GAN CBL IN‑ASBHAINTE SAN ÁIREAMH) (34-21)
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
36
|
ATHRUITHE AR FHARDAIL
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
37
|
AISTRITHE CAIPIITL
|
—
|
—
|
X
|
X
|
|
37.1
|
DEONTAIS INFHEISTÍOCHTA
|
—
|
—
|
X
|
—
|
|
37.2
|
AISTRITHE CAIPIITL EILE
|
—
|
—
|
X
|
—
|
5.
Ionchur saothair talmhaíochta
|
|
|
Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n
|
|
|
|
a
|
b
|
C
|
|
Mír
|
Liosta athróg
|
Mí na Samhna
bliain n
(Meastacháin CET)
|
Mí an Mhárta
bliain n+1
(Meastacháin CET)
|
Mí Mheán Fómhair
bliain n+1
(sonraí
CET deiridh)
|
|
38
|
IONCHUR SAOTHAIR TALMHAÍOCHTA IOMLÁN
|
X
|
X
|
X
|
|
38.1
|
IONCHUR SAOTHAIR TALMHAÍOCHTA NEAMH‑THUARASTAIL
|
X
|
X
|
X
|
|
38.2
|
IONCHUR SAOTHAIR TALMHAÍOCHTA TUARASTAIL
|
X
|
X
|
X
|
’