An Bhruiséil,22.1.2021

COM(2021) 24 final

2021/0011(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Riaracháin um an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR maidir leis an togra chun an Coinbhinsiún a leasú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste Riaracháin a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets 1 TIR (“Coinbhinsiún TIR”) i ndáil le roinnt leasuithe atáthar a bheartú a ghlacadh ar Choinbhinsiún TIR.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR

Is é is aidhm don Choinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR an 14 Samhain 1975 (“Coinbhinsiún TIR”) iompar idirnáisiúnta earraí a éascú ó oifigí custaim imeachta go hoifigí custaim cinn scríbe agus tríd an oiread tíortha agus is gá. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm in 1978. Ó Shamhain 2020 amach, tá 76 pháirtí sa Choinbhinsiún, lena n‑áirítear 75 stát agus an tAontas Eorpach.

Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí conarthach i gCoinbhinsiún TIR 2 ón 20 Meitheamh 1983, agus tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún TIR freisin.

2.2.An Coiste Riaracháin

Tá an Coiste Riaracháin ag gníomhú faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR. Is é ról an Choiste Riaracháin leasuithe ar Choinbhinsiún TIR a bhreithniú agus a ghlacadh. Is amhlaidh a chuirtear tograí chun vóta agus tá vóta amháin ag gach stát ar páirtí é agus ar a ndéantar ionadaíocht ag seisiún den Choiste Riaracháin. Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i réimse an chustaim a rialaítear le Coinbhinsiún TIR. Mar aontas custaim agus eacnamaíoch, áfach, níl cearta vótála ag an Aontas sa bhreis ar chearta vótála a Bhallstáit, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) de Choinbhinsiún TIR. Páirtithe a bhfuil cearta vótála acu is ea iad na Ballstáit go léir.

Is le tromlach dhá thrian de na páirtithe a bheidh i láthair agus a chaithfidh vóta a ghlacfar leasuithe ar Choinbhinsiún TIR. Chun cinneadh a dhéanamh, tá gá le córam a mbeidh líon nach lú ná aon trian de na stáit is páirtithe ann.

2.3.Gníomh beartaithe an Choiste Riaracháin

I mí Feabhra 2021, le linn a 74ú seisiún, déanfaidh an Coiste Riaracháin cinneadh maidir leis na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta earraí faoi carnets TIR a ghlacadh (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é cuspóir an ghnímh atá beartaithe samhail carnet TIR a chur in oiriúint don mhéadú ar líon na n‑oifigí custaim imeachta nó cinn scríbe a d'fhéadfadh a bheith páirteach in oibríocht iompair TIR.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 59 agus 60 de Choinbhinsiún TIR.

Baineann Airteagal 59 le leasuithe ar phríomhchomhlacht Choinbhinsiún TIR agus foráiltear an méid seo a leanas ann: “Ach amháin mar a fhoráiltear faoi Airteagal 60, tiocfaidh aon leasú beartaithe arna chur i bhfios de réir na míre sin roimhe seo, tiocfaidh sé i bhfeidhm maidir leis na Páirtithe Conarthacha go léir trí mhí tar éis tréimhse dhá mhí dhéag a bheith caite ón dáta a cuireadh an leasú beartaithe in iúl, ar tréimhse í nach mbeidh aon agóid in aghaidh an leasaithe bheartaithe curtha in iúl d'Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe ag Stát is Páirtí Conarthach lena linn. I gcás ina mbeidh agóid curtha in iúl i gcoinne an leasaithe atá beartaithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, measfar nár glacadh leis an leasú agus ní bheidh aon éifeacht aige beag ná mór.

Baineann Airteagal 60 le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún TIR agus foráiltear ann: “Aon leasú a bheartófar a dhéanamh ar Iarscríbhinní 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9 agus 10 a bhreithneofar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 59, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar dháta a chinnfidh an Coiste Riaracháin tráth a ghlactha, mura rud é, faoi dháta roimhe sin arna chinneadh ag an gCoiste Riaracháin an tráth céanna, go gcuirfidh aon chúigiú de na Stáit is páirtithe Conarthacha nó cúig Stát díobh, cibé líon acu is lú, go gcuirfidh siad a n‑agóid in aghaidh an leasaithe in iúl d'Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Is le tromlach dhá thrian díobh sin a bheidh i láthair agus a chaithfidh vóta a chinnfidh an Coiste Riaracháin an dáta dá dtagraítear sa mhír seo”.

An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais:

Tacaíonn an tAontas leis an togra le haghaidh leasú ar Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún TIR agus le haghaidh nuashonrú ar shamhlacha leagan amach carnet TIR mar tá sé i gcomhréir leis na leasuithe a glacadh roimhe seo ar Airteagal 18, rud a mhéadaigh líon uasta na n‑oifigí custaim a fhéadfar a úsáid le linn iompar TIR.

Go sonrach, faoi mar a mhol an Coimisiún Eorpach, nuashonrófar Leagan 1 agus Leagan 2 araon de shamhail leagan amach carnets TIR 3 . Is é Leagan 1 an leagan caighdeánach den carnet TIR, leagan a úsáidtear faoi láthair i gcleachtas, agus carnet TIR an Tobac/an alcóil atá i Leagan 2, leagan nach n‑úsáidtear de thuras na huaire. Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus chun tuilleadh athruithe sa todhchaí a sheachaint, is gá an dá shamhail a mhionathrú ag an am céanna. Cuirfear na samhlacha nua i gceangal leis an iarscríbhinn a ghabhann leis an togra le haghaidh cinnidh ón gComhairle.

Beidh tionchar dearfach ag na hathruithe sin ar an talamh, ós rud é go ligfidh siad d'oibreoirí eacnamaíocha leas a bhaint as níos mó solúbthachta maidir le rogha a n‑oifigí custaim imeachta agus cinn scríbe.

Is forbairt fhabhrach í sin, rud a chuirfidh feabhas ar tharraingteacht Choinbhinsiún TIR. Tacaíonn an tAontas Eorpach leis an tionscnamh seo, trínar féidir úsáid an chórais idirnáisiúnta idirthurais a éascú.

3.Bunús dlí

3.1.Bunús dlí don nós imeachta

3.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, cé is moite de ghníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear orthu freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 4 .

3.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste Riaracháin arna chur ar bun le comhaontú, eadhon an Coinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR.

Is é atá sa ghníomh a iarrtar ar an gCoiste Riaracháin a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le Airteagal 59 agus 60 den Choinbhinsiún Custaim ar Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

3.2.Bunús substaintiúil dlí

3.2.1.Na prionsabail

Braitheann an bunús substaintiúil dlí maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh bheartaithe a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

3.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE an bunús substainteach dlí don chinneadh atá beartaithe.

3.3.Conclúid

Ba cheart an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí don chinneadh atáthar a bheartú.

4.An ghníomh atá beartaithe a fhoilsiú

Ós rud é go ndéanfaidh gníomh an Choiste Riaracháin leasú ar an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2021/0011 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Riaracháin um an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR maidir leis an togra chun an Coinbhinsiún a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinne an Coinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR an 14 Samhain 1975 (‘Coinbhinsiún TIR’) a fhormheas thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa le Rialachán (CEE) Uimh. 2112/78 5 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm sa Chomhphobal an 20 Meitheamh 1983 6 .

(2)Foilsíodh leagan comhdhlúite de Choinbhinsiún TIR mar Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2009/477/CE ón gComhairle, agus dá réir sin foilseoidh an Coimisiún leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Choinbhinsiún TIR in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina léireofar dáta a dteacht i bhfeidhm.

(3)De bhun Airteagal 59 agus 60 de Choinbhinsiún TIR, féadfaidh an Coiste Riaracháin don Choinbhinsiún TIR (an ‘Coiste Riaracháin’) leasuithe ar Choinbhinsiún TIR agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis a ghlacadh ag tromlach dhá thrian de na páirtithe conarthacha a bheidh i láthair agus i mbun vótála.

(4)An Coiste Riaracháin, le linn a 74ú seisiún an 912 Feabhra 2021 nó ag seisiún níos faide anonn, tá sé chun roinnt leasuithe a ghlacadh ar Choinbhinsiún TIR agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

(5)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais a leagan síos sa Choiste Riaracháin, mar go mbeidh na leasuithe ceangailteach ar an Aontas.

(6)D'fhonn an leasú a glacadh roimhe seo ar Airteagal 18 de Choinbhinsiún TIR a chur san áireamh, ar leasú é a mhéadaigh líon na noifigí custaim, a bhféadfadh baint a bheith aige le hoibríocht TIR, is gá Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Coinbhinsiún TIR a leasú agus leagan amach Leagan 1 agus Leagan 2 de shamhlacha carnet TIR a nuashonrú.

(7)Dá bhrí sin, an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste Riaracháin, ba cheart é a bheith bunaithe ar na dréachtleasuithe atá curtha i gceangal leis an gCinneadh seo. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht mionathruithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh do na dréachtleasuithe, a dhéanfaidh ionadaithe an Aontais a chomhaontú sa Choiste Riaracháin do Choinbhinsiún TIR gan aon cinneadh eile ón gComhairle.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa 74ú seisiún nó i gceann de na seisiúin ina dhiaidh sin de chuid an Choiste Riaracháin um an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi carnets TIR (‘Coinbhinsiún TIR’), beidh sé bunaithe ar na dréachtleasuithe a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is é an Coimisiún a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1. Ba cheart do Bhallstáit an Aontais seasamh an Aontais a chur in iúl nuair a dhéanfar vótáil fhoirmiúil sa Choiste Riaracháin do Choinbhinsiún TIR, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leas an Aontais.

Airteagal 3

Is ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Seasann TIR do “Transports Internationaux Routier” nó “Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar”.
(2)    Rialachán (CEE) Uimh. 2112/78 ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir leis an gCoinbhinsiún Custaim ar iompar idirnáisiúnta earraí a thabhairt i gcrích faoi carnets TIR (Coinbhinsiún TIR) an 14 Samhain 1975 sa Ghinéiv IO L 252/1.
(3)    San Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo tá leagan amach nua carnet TIR ar fáil: i gcás nach bhfuil siad le feiceáil i Legiswrite, déan seiceáil uirlisí DQC le do thoil.
(4)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(5)    Rialachán (CEE) Uimh. 2112/78 ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Custaim um iompar idirnáisiúnta earraí faoi carnets TIR (Coinbhinsiún TIR) an 14 Samhain 1975 sa Ghinéiv (IO L 252, 14.9.1978, lch. 1).
(6)    IO L 31, 2.2.1983, lch. 13.

An Bhruiséil,22.1.2021

COM(2021) 24 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Riaracháin um an gCoinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR maidir leis an togra chun an Coinbhinsiún a leasú


IARSCRÍBHINN

Iarscríbhinn 1, LEAGAN 1, Leathanach 2 den chumhdach: Samhail de Carnet TIR, Uimh. 5 de “règles relatives à l’utilisation du carnet TIR

In ionad quatre cuir isteach huit

Iarscríbhinn 1, LEAGAN 1, Leathanach 3 den chumhdach: Samhail de Leagan 1 Carnet TIR, Uimh. 5 de na rialacha maidir le húsáid Carnet TIR

In ionad ceathair cuir isteach ocht

Iarscríbhinn 1, LEAGAN 1, Leathanach 5 (bán) de shamhail Carnet TIR, Dearbhán Uimh. 1

In ionad Dhearbhán Uimh. 1 atá ann cheana cuir isteach 1

Iarscríbhinn 1, LEAGAN 1, Leathanach 6 (glas) den tsamhail de Leagan 2 CARNET TIR, Dearbhán Uimh. 2

In ionad Dhearbhán Uimh. 2 atá ann cheana cuir isteach 2

Iarscríbhinn 1, LEAGAN 2, Leathanach 2 den chumhdach: Samhail de Carnet TIR, Uimh. 5 de “règles relatives à l’utilisation du carnet TIR

In ionad quatre cuir isteach huit

Iarscríbhinn 1, LEAGAN 2, Leathanach 3 den chumhdach: Samhail de Leagan 1 Carnet TIR, Uimh. 5 de na rialacha maidir le húsáid Carnet TIR

In ionad ceathair cuir isteach ocht

Iarscríbhinn 1, LEAGAN 2, Leathanach 12 (bán) de shamhail TIR Carnet, Dearbhán Uimh. 1

In ionad Dhearbhán Uimh. 1 atá ann faoi láthair cuir isteach 3

Iarscríbhinn 1, LEAGAN 2, Leathanach 13 (glas) de shamhail TIR Carnet, Dearbhán Uimh. 2

   In ionad Dhearbhán Uimh. 2 atá ann cheana cuir isteach 4

(1)    Féach Leathanach 3 den doiciméad seo.
(2)    Féach Leathanach 4 den doiciméad seo.
(3)    Féach Leathanach 5 den doiciméad seo
(4)    Féach Leathanach 6 den doiciméad seo.