An Bhruiséil,22.1.2021

COM(2021) 13 final

2010/0112(NLE)

Togra leasaithe le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a leasú.


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 3 Bealtaine 2010, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a leasú agus chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle é ina dhiaidh sin (COM(2010) 208 final).

I bhfianaise bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais an 28 Aibreán 2015 i gCás C-28/12, modhnaítear leis an togra seo an chéad togra ón gCoimisiún. D’fhonn scrúdú na Comhairle a éascú, tíolactar an téacs ábhartha ina iomláine mar thogra leasaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Ní bhaineann le hábhar.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ní bhaineann le hábhar.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bhaineann le hábhar.

5.EILIMINTÍ EILE

Ní bhaineann le hábhar.

2010/0112 (NLE)

Togra leasaithe le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a leasú.

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le Cinneadh 2010/465/AE 1 síníodh an Prótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a leasú (‘an Prótacal’), an 24 Meitheamh 2010, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)Dhaingnigh gach Ballstát an Prótacal, seachas Poblacht na Cróite. Ba cheart do Phoblacht na Cróite aontú don Phrótacal i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Ionstraim Aontachais atá i gceangal le Conradh Aontachais an 5 Nollaig 2011 2 .

(3)Ba cheart an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais.

(4)In Airteagail 2, 3 agus 4 de Chinneadh 2010/465/AE, tá forálacha maidir le cinnteoireacht agus ionadaíocht i ndáil le hábhair éagsúla a leagtar amach sa Chomhaontú arna leasú leis an bPrótacal. I bhfianaise bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais an 28 Aibreán 2015 i gCás C-28/12, ba cheart deireadh a chur le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin. Ag féachaint do na Conarthaí, níl gá le forálacha nua maidir leis na hábhair sin ná le forálacha maidir le hoibleagáidí faisnéise na mBallstát, amhail na cinn sin a leagtar amach in Airteagal 5 de Chinneadh 2010/465/AE. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagail 2, 3, 4 agus 5 de Chinneadh 2010/465/AE scor d’fheidhm a bheith acu ar dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo an Prótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (dá ngairtear an ‘Prótacal’ anseo feasta), a fhormheas thar ceann an Aontais.

Tá téacs an Phrótacail i gceangal le Cinneadh 2010/465/AE ón gComhairle.

Airteagal 2

Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine a mbeidh an chumhacht aige dul ar aghaidh, thar ceann an Aontais, agus nótaí taidhleoireachta dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Phrótacal a mhalartú, chun a chur in iúl gur thoiligh an tAontas ar bheith faoi cheangal ag an bPrótacal.

Airteagal 3

Scoirfidh Airteagail 2, 3, 4 agus 5 de Chinneadh 2010/465/AE d’fheidhm a bheith acu ar dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh 2010/465/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 24 Meitheamh 2010 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a leasú (IO L 223, 25.8.2010, lch. 1).
(2)    IO L 112, 24.4.2012, lch. 21.