An Bhruiséil,13.1.2021

COM(2021) 6 final

2021/0002(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

faoin seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste AE- CTC a bunaíodh faoi Choinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 i ndáil le nós imeachta coiteann idirthurais maidir le leasuithe ar an gCoinbhinsiún sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Is éard a mbaineann an togra seo leis an cinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste AE-CTC 1 maidir le hidirthurais choiteann (‘an Comhchoiste’) i dtaca le glacadh atá á bheartú ar chinneadh lenar leasaítear Foscríbhinní Choinbhinsiún 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta 2 coiteann idirthurais (‘an Coinbhinsiún’).

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún

Is éard is aidhm don Choinbhinsiún gluaiseacht earraí a éascú idir an tAontas Eorpach agus tíortha is Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún. Cuireann sé síneadh le nós imeachta 3 idirthurais custaim an Aontais ionas go gcuimsítear ann na Páirtithe Conarthacha atá sa Choinbhinsiún cé is moite den Aontas, agus leagann sé amach na hoibleagáidí atá ar lucht trádála agus ar na húdaráis custam i leith earraí a iompraítear faoin nós imeachta seo ó Pháirtí Conarthach amháin go Páirtí Conarthach eile. Is an 1 Eanáir 1988 a tháinig sé i bhfeidhm.

Is Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún atá san Aontas Eorpach. Seo iad na Páirtithe Conarthacha eile: Poblacht na hÍoslainne, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Ríocht na hIorua, Poblacht na Seirbia, Cónaidhm na hEilvéise, agus Poblacht na Tuirce. Tá tagairt do na tíortha sin sa Coinbhinsiún, agus is tíortha comhchoiteann idirthurais a thugtar orthu ann.

2.2.An Comhchoiste

Is é an tasc atá ag an gComhchoiste an Coinbhinsiún a riar agus dea-chur chun feidhme an Choinbhinsiúin a áirithiú. Glacann an Coiste leasuithe a dhéantar ar fhoscríbhinní an Choinbhinsiúin, agus is trí bhíthin cinntí a dhéanann sé sin.

Na cinntí a dhéanann an Comhchoiste, déantar a nglacadh de chomhaontú 4 frithpháirteach, faoi mar a ordaítear in Airteagal 14(2) den Choinbhinsiún.

2.3.Gníomh beartaithe an Chomhchoiste

I dtús 2021, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh de nós imeachta i scríbhinn, cinneadh i ndáil le leasú ar Fhoscríbhinní I agus III den Choinbhinsiún (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é críoch atá i gceist leis an ngníomh atá á bheartú an Coinbhinsiún a ailíniú le forálacha i gCód Custaim an Aontais 5 agus na Gníomhartha Tarmligthe agus Gníomhartha cur chun Feidhme a ghabhann leis maidir le nós imeachta na n‑idirthuras mar aon leis an stádas custaim atá ag earraí an Aontais, sin agus na hathruithe riachtanacha a chur ar fhoscríbhinní an Choinbhinsiúin i ndiaidh don Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas 6 , mar aon le haontachas na Ríochta Aontaithe sa Choinbhinsiún. Seo a leanas na saintréithe sin:

Airteagal 311 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 7 (‘an Gníomh Cur Chun Feidhme’), is ann a leagtar amach an iarraidh ar aisghabháil na bhfiach custaim a aistriú, agus is airteagal é a leasaíodh i mí Mheán Fómhair 2019 8 . Is sa leasú sin a socraíodh na rialacha i leith na hiarrata ar aistriú na haisghabhála sa chás go bhfaigheann an t‑údarás custaim i dtír atá páirteach in oibríocht idirthurais fianaise gur ar a críocha féin a tharla na himeachtaí ba chúis leis na fiacha. Sna cásanna sin, ba cheart don údarás sin iarraidh ar an tír imeachta an fhreagracht i leith thosú na haisghabhála a aistriú chuici féin. Is éard ba cheart don tír imeachta a dheimhniú laistigh de thréimhse áirithe an bhfuil inniúlacht thosú na haisghabhála á haistriú aici chuig an údarás custaim iarratasóra nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, Airteagal 50 d’Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, airteagal is macasamhail d’Airteagal 311 den Ghníomh Cur Chun Feidhme, is airteagal sin ba cheart a leasú dá réir sin.

Leasaíodh Iarscríbhinn 72-04 den Ghníomh Cur chun Feidhme ina bhfuil cur síos ar an nós imeachta leanúnachais ghnó, agus is infheidhme dó ón 30 Meitheamh 2020 9 . Ionas gur mó solúbthacht a bheidh i nós imeachta an leanúnachais ghnó idirthurais, agus ar mhaithe leis na foirmiúlachta a bhíonn ar na húdaráis custam a laghdú, sin agus na costais a thabhaíonn siad, cuireadh síneadh le bailíocht na ndeimhnithe is cuimsitheach ar páipéar mar aon leis na deimhnithe ráthaíochta tarscaoilte. Ba cheart Airteagal 79 d’Fhoscríbhinn I den Choinbhinsiún a leasú dá réir sin, mar aon le Pointe 19.3., Caibidil III, Foscríbhinn II d’Iarscríbhinn I den Choinbhinsiún, áit a bhfuil athrá ar a bhfuil i bhFoscríbhinn 72-04, pointe 19.3, Caibidil III den Ghníomh Cur Chun Feidhme.

Nuair nach mbeidh feidhm feasta le Cód Custaim an Aontais ar an Ríocht Aontaithe ná laistigh den Ríocht Aontaithe, Tuaisceart Éireann as an áireamh, is ina Pháirtí 10 Conarthach ar leith a dhéanfar an Ríocht Aontaithe a aontú leis an gCoinbhinsiún, agus beidh feidhm leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, prótacal atá i gceangal leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal 11 Eorpach don Fhuinneamh Adamhach. Tá tagairtí sa Choinbhinsiún do Bhallstáit AE, do thíortha comhchoiteann idirthurais, agus do chód gach tíre faoi seach. Dá bhrí sin, is den riachtanas na hathruithe cuí a chur ar Fhoscríbhinn III den Choinbhinsiún le hidirdhealú a dhéanamh idir an Ríocht Aontaithe agus Tuaisceart Éireann, agus le cur i dtásc go bhfuil feidhm ag Cód Custaim an Aontais i dTuaisceart Éireann, go mór mór i ndáil leis na forálacha gealltanais.

Seasamh an Aontais ar Dhréachtchinneadh an Chomhchoiste maidir leis na leasuithe breise ar an gCoinbhinsiún, is seasamh é atá bunaithe ar rialacha AE a bhí comhaontaithe cheana ag an gComhairle (go mór mór forálacha Chód Custaim an Aontais agus na gníomhartha cur chun feidhme). An t‑inneachar a ghabhann le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, is inneachar é atá i gcomhréir leis an bPrótacal sin.

An gníomh atá á bheartú, déanfar gníomh ceangailteach de, gníomh a cheanglófar ar an dá pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 2 den Chinneadh sin, cinneadh lena bhforáiltear a theacht i bhfeidhm lá a ghlactha.

Na forálacha a bhaineann le bailíocht na ndeimhnithe ráthaíochta is cuimsitheach ar páipéar agus na ndeimhnithe díolúine, ba cheart dóibh a bheith i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 30 Meitheamh 2020. Ba cheart comhionannas na gcoinníoll a dheonú do na ráthóirí faoi dhlí an Aontais agus faoin gCoinbhinsiún. Tréimhse bhailíochta shínte na ndeimhnithe, is tréimhse í atá i bhfeidhm cheana ón 30 Meitheamh 2020 i reachtaíocht chustaim an Aontais.

Na forálacha a ghabhann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, is forálacha iad a thiocfaidh i bhfeidhm ón uair a bheidh deireadh le feidhm Chód Custaim an Aontais ar an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe, Tuaisceart Éireann as an áireamh, áit a mbeidh Cód Custaim an Aontais i bhfeidhm fós tar éis an dáta sin, agus tar éis don Ríocht Aontaithe teacht chun aontachais sa Choinbhinsiún ina Pháirtí Conarthach ar leithligh.

I gcomhréir le hAirteagal 15(3) den Choinbhinsiún, is leis na Páirtithe Conarthacha cinntí lena leasaítear an Coinbhinsiún a chur i bhfeidhm, rud a dhéanfaidh siad i gcomhréir lena gcuid reachtaíochta féin.

3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais

Is é seasamh a moltar a ghlacadh thar ceann an Aontais Iarscríbhinní I agus III den Choinbhinsiún a leasú ar mhaithe lena dtabhairt i gcomhréir leis an méid a leanas:

·Dlí custaim an Aontais, an dlí lena rialaítear socruithe idirthurais an Aontais, agus go mór mór Airteagal 311 arna leasú den Ghníomh Cur Chun Feidhme, airteagal lena leagtar síos an t‑iarratas chun aisghabháil na bhfiach custaim a aistriú, mar aon le Iarscríbhinn 72-04 den Ghníomh Cur Chun Feidhme, maidir le bailíocht na ndeimhnithe ráthaíochta is cuimsitheach ar páipéar agus na ndeimhnithe tarscaoilte ráthaíochta a úsáidtear i nós imeachta an leanúnachais gnó;

·cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus, go mór mór, le hidirdhealú a chur i gcás idir an Ríocht Aontaithe agus Tuaisceart Éireann, i gcás inarb infheidhme.

An seasamh atá á mholadh, is seasamh é atá comhsheasmhach leis an gcomhbheartas tráchtála.

Ach ailíniú iomlán an Choinbhinsiúin a áirithiú le reachtaíocht reatha an Aontais, agus dá bharr sin dálaí aonfhoirmeacha a chruthú, dálaí le cur chun feidhme comhsheasmhach a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann le nós imeachta idirthurais an Aontais agus le nós imeachta an chomhbheartais earraí atá faoi bhealach, is é toradh a bheadh ar na leasuithe atá á moladh tairbhe is suntasach agus tairbhe is follas don trádálaí agus do lucht riaracháin custaim araon.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, cé is moite de ghníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Ordaíonn Airteagal 15(3) den Choinbhinsiún don Chomhchoiste AE-CTC leasuithe ar Fhoscríbhinní an Choinbhinsiúin a leasú de bhíthin cinntí.

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is éard atá sa Chomhchoiste comhlacht arna bhunú faoi chomhaontú eadhon an Coinbhinsiún um nós imeachta coiteann idirthurais.

Is éard atá sa chinneadh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige. An gníomh atá beartaithe, beidh sé ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 15(3) agus 20 den Chomhaontú.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Choinbhinsiúin.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá á bheartú.

4.2.Bunús substaintiúil dlí

4.2.1.Na prionsabail

An bunús substaintiúil dlí atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm teagmhasach nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús substaintiúil dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh atá á bheartú, is leis an gcuspóir seo a leanas a bhaineann siad: nós imeachta éifeachtach le hearraí a chur thar teorainn. Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá á mholadh.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 207 CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar an Coinbhinsiún gona Fhoscríbhinní le gníomh ón gComhchoiste, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2021/0002 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

faoin seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste AE- CTC a bunaíodh faoi Choinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 i ndáil le nós imeachta coiteann idirthurais maidir le leasuithe ar an gCoinbhinsiún sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, De bharr an mhéid seo a leanas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Coinbhinsiún ar nós imeachta 12 coiteann idirthuras (‘an Coinbhinsiún’), is amhlaidh a tugadh i gcrích é idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise an 20 Bealtaine 1987, agus is ar an 1 Eanáir 1988 a tháinig sé i bhfeidhm.

(2)De bhun Airteagal 15(3)(a) den Choinbhinsiún, is féidir leis an gComhchoiste a socraíodh faoin gCoinbhinsiún sin leasuithe ar Fhoscríbhinní a ghlacadh, agus is trí bhíthin cinntí a dhéanann sé sin.

(3)I dtús 2021, tá an Comhchoiste, le cinneadh a ghlacadh faoi leasú ar Fhoscríbhinní I agus III den Choinbhinsiún.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a leagan síos ós rud é go mbeidh an cinneadh lena leasófar Foscríbhinní I agus III den Choinbhinsiún ceangailteach ar an Aontas.

(5)Tá leasú déanta ar Airteagal 311 de Rialachán Cur Chun Feidhme an Choimisiúin (AE) 2015/2447 13 (an Gníomh Cur Chun Feidhme), airteagal ina leagtar síos an iarraidh le haisghabháil na bhfiach custaim a aistriú 14 . De réir na míreanna nua (3) agus (4), sa chás fianaise a bheith faighte ag údarás custaim tíre atá ag plé le hoibríocht idirthurais, fianaise gur ar a críocha féin a tharla na himeachtaí ba chúis leis na fiacha, ba cheart don údarás sin a iarraidh ar an tír imeachta freagracht thosú na haisghabhála a aistriú chuici féin. Is éard ba cheart don tír imeachta a dheimhniú laistigh de thréimhse áirithe an bhfuil inniúlacht thosú na haisghabhála á haistriú aici chuig an údarás custaim iarratasóra nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, Airteagal 50 d’Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, airteagal is macasamhail d’Airteagal 311 den Ghníomh Cur Chun Feidhme, is airteagal sin ba cheart a leasú dá réir sin.

(6)Leasaíodh Iarscríbhinn 72-04 den Gníomh Cur chun Feidhme ina bhfuil cur síos ar an nós imeachta leanúnachais ghnó i gcomhair idirthurais san Aontas 15 . Ionas gur mó solúbthacht a bheidh i nós imeachta an leanúnachais ghnó idirthurais, agus ar mhaithe leis na foirmiúlachta a bhíonn ar na húdaráis custam a laghdú, sin agus na costais a thabhaíonn siad, cuireadh síneadh le bailíocht na ndeimhnithe is cuimsitheach ar páipéar mar aon leis na deimhnithe ráthaíochta tarscaoilte. Dá bhí sin, ba cheart Airteagal 79 d’Fhoscríbhinn I den Choinbhinsiún a leasú dá réir sin, mar aon le Pointe 19.3., Caibidil III, Foscríbhinn II d’Iarscríbhinn I den Choinbhinsiún, áit a bhfuil athrú ar a bhfuil i bhFoscríbhinn 72-04, pointe 19.3, Caibidil III den Ghníomh Cur Chun Feidhme.

(7)Nuair nach mbeidh feidhm feasta le Cód Custaim an Aontais ar an Ríocht Aontaithe ná laistigh den Ríocht Aontaithe, Tuaisceart Éireann as an áireamh, is ina Pháirtí 16 Conarthach ar leith a dhéanfar an Ríocht Aontaithe a aontú leis an gCoinbhinsiún, agus beidh feidhm le Prótacal na hÉireann/Thuaisceart Éireann, prótacal atá i gceangal leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal 17 Eorpach don Fhuinneamh Adamhach. Tá tagairtí sa Choinbhinsiún do Bhallstáit AE, do thíortha comhchoiteann idirthurais, agus do chód gach tíre faoi seach. Dá bhrí sin, is den riachtanas na hathruithe cuí a chur ar Fhoscríbhinn III den Choinbhinsiún lena chur i dtásc gur tír chomhchoiteann idirthurais í an Ríocht Aontaithe, agus go bhfuil feidhm ag Cód Custaim an Aontais i dTuaisceart Éireann, go mór mór i leith bhforálacha ráthaíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, bíodh sin ag an 33ú cruinniú a bheidh ag an gComhchoiste, nó ag cruinniú eile dá chuid lá is faide anonn, sin nó trí bhíthin nós imeachta scríofa i dtaca le leasuithe ar Fhoscríbhinní an Choinbhinsiúin, is seasamh é a bheidh bunaithe ar an dréachtchinneadh den Chomhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú, gan Cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Na tíortha comhchoiteann idirthurais
(2)    IO L 226, 13.8.1987, lch. 2
(3)    Airteagail 226 agus 227 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1)
(4)    Gan agóid a dhéanamh do cheachtar de na Páirtithe Conarthacha.
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1)
(6)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 7
(7)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558)
(8)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1394 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 i dtaca le rialacha áirithe i leith faireachas agus saoradh ón tsaorghluaiseacht agus ón dul amach as limistéar custaim an Aontais (IO L 234, 11.9.2019, lch. 1)
(9)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/893 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 206, 30.06.2020, lch. 8)
(10)    Cinneadh Uimh. 1/2018 den Chomhchoiste AE-CTC an 4 Nollaig 2018 maidir le cuireadh don Ríocht Aontaithe a theacht chun aontachais sa Choinbhinsiún ar nós imeachta comhchoiteann idirthurais [2018/1987] (IO L 317, 14.12.2018, lch. 47)
(11)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 102
(12)    IO L 226, 13.8.1987, lch. 2.
(13)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558)
(14)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1394 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 i dtaca le rialacha áirithe i leith faireachas agus saoradh ón tsaorghluaiseacht agus ón dul amach as limistéar custaim an Aontais (IO L 234, 11.9.2019, lch. 1)
(15)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/893 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 206, 30.06.2020, lch. 8)
(16)    Cinneadh Uimh. 1/2018 den Chomhchoiste AE-CTC an 4 Nollaig 2018 maidir le cuireadh don Ríocht Aontaithe a theacht chun aontachais sa Choinbhinsiún ar nós imeachta comhchoiteann idirthurais [2018/1987] (IO L 317, 14.12.2018, lch. 47)
(17)    IO L 29, 31.1.2020, lch. 102

An Bhruiséil,13.1.2021

COM(2021) 6 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

faoin seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste AE- CTC a bunaíodh faoi Choinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 i ndáil le nós imeachta coiteann idirthurais maidir le leasuithe ar an gCoinbhinsiún sin


DRÉACHT
Cinneadh Uimh. /2021 den Chomhchoiste AE-CTC a bunaíodh le Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta coiteann idirthurais

an …2021

lena leasaítear Foscríbhinní
 I agus III den Choinbhinsiún sin

COMHCHOISTE AE-CTC

Ag féachaint do Choinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta coiteann idirthurais, agus go háirithe Airteagal 15(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)De bhun litir (a) d’Airteagal 15(3) de Choinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta coiteann idirthurais 1 (‘an Coinbhinsiún’), tá an Comhchoiste arna bhunú leis an gCoinbhinsiún le leasuithe a ghlacadh trí bhíthin cinntí ar na Foscríbhinní atá sa gCoinbhinsiún.

(2)Leasaíodh Airteagal 311 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 2 ón gCoimisiún lena leagtar síos an iarraidh ar aistriú aisghabháil na bhfiach custaim 3 . De réir na míreanna nua (3) agus (4), sa chás fianaise a bheith faighte ag údarás custaim tíre atá ag plé le hoibríocht idirthurais, fianaise gur ar a críocha féin a tharla na himeachtaí ba chúis leis na fiacha, ba cheart don údarás sin a iarraidh ar an tír imeachta freagracht thosú na haisghabhála a aistriú chuici féin. Is éard ba cheart don tír imeachta a dheimhniú laistigh de thréimhse áirithe an bhfuil inniúlacht thosú na haisghabhála á haistriú aici chuig an údarás custaim iarratasóra nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 50 d’Iarscríbhinn I den Choinbhinsiún a leasú dá réir sin, airteagal ina bhfuil athrá ar na forálacha atá in Airteagal 311 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún.

(3)Iarscríbhinn 72-04 de Rialachán (AE) Cur chun Feidhme 2015/2447 ón gCoimisiún, iarscríbhinn ina bhfuil cur síos ar nós imeachta an leanúnachais ghnó, tá leasú 4 déanta air feasta agus is infheidhme dó ón 30 Meitheamh 2020. De réir an phointe leasaithe 19.3, Caibidil III, bailíocht na ndeimhnithe ráthaíochta is cuimsitheach ar páipéar mar aon le bailíocht na ndeimhnithe díolúine dá bhforáiltear in Iarscríbhinn 72-04 le Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/2447, tá síneadh orthu feasta le breis solúbthachta a cheadú i nós imeachta an leanúnachais ghnó idirthurais agus le laghdú a chur ar na foirmiúlachtaí atá ar na húdaráis custam agus ar na costais a thabhaíonn siad. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 79 d’Fhoscríbhinn I den Choinbhinsiún a leasú dá réir sin, mar aon le Pointe 19.3., Caibidil III, Foscríbhinn II d’Iarscríbhinn I den Choinbhinsiún, áit a bhfuil athrú ar a bhfuil i bhFoscríbhinn 72-04, pointe 19.3, Caibidil III den Rialachán Cur Chun Feidhme thuasluaite. Ba cheart gur ón 30 Meitheamh 2020 a bheadh feidhm leis an leasú seo freisin le comhionannas na gcoinníoll a dheonú do na ráthóirí faoi reachtaíocht custaim an Aontais agus faoin gCoinbhinsiún.

(4)Na foirmeacha le haghaidh ghealltanas na ráthóirí, is in Iarscríbhinní C1, C2, C4, C5 agus C6 d’Fhoscríbhinn III den Choinbhinsiún a leagtar amach iad. Is éard a liostaítear sna foirmeacha sin Ballstáit an Aontais maille leis na Páirtithe Conarthacha eile sa Choinbhinsiún. Cinneadh Uimh. 2/2018 5 de Chomhchoiste AE-CTC, is ann a scriostar na tagairtí don Ríocht Aontaithe mar Bhallstát den Aontas, agus is ann a chuirtear isteach tagairt don Ríocht Aontaithe mar thír chomhchoiteann idirthurais ón dáta ar a dtiocfaidh aontachas na Ríochta Aontaithe mar Pháirtí Conarthach ar leithligh i bhfeidhm. Mar sin féin, mar aon leis sin, d’iarmhairt ar chur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann 6 , i gcás oibríochtaí iompair AE, ba cheart Tuaisceart Éireann a liostú ar bhealach a chuireann i dtásc nach mór aon ráthaíocht atá bailí i mBallstáit an Aontais a bheith bailí i dTuaisceart Éireann chomh maith.

(5)D’iarmhairt ar chur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 7 , tugadh isteach 8 cód nua ‘XI’ le hidirdhealú a dhéanamh idir an Ríocht Aontaithe agus Tuaisceart Éireann. Ba cheart úsáid na gcód tíre faoi mar a shainítear in Iarscríbhinn A2 agus Iarscríbhinn B1 d’Fhoscríbhinn III den Choinbhinsiún a leasú dá réir.

(6)Ionas gur féidir ceartchur i bhfeidhm an chóid nua ‘XI’ a áirithiú, ba cheart gur d’Iarscríbhinn A2 nó Iarscríbhinn B1 d’Fhoscríbhinn III den Choinbhinsiún a thagródh na tásca uile sa Choinbhinsiún a bhaineann le húsáid na gcód tíre.

(7)Is é an 1 Eanáir 2021 dáta theacht i bhfeidhm do Chinneadh Uimh. 2/2018 de Chomhchoiste AE-CTC tar éis teacht i bhfeidhm ar an 4 Nollaig 2019 9 do Chinneadh Uimh. 1/2019. De Chinneadh Uimh. 1/2019, tugadh isteach an t‑ainm nua ‘Poblacht na Macadóine Thuaidh’ ar na foirmeacha le haghaidh ghealltanais na ráthóirí faoi mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinní C1, C2, C4, C5 agus C6 i bhFoscríbhinn III den Choinbhinsiún, ach maidir le cinneadh Uimh. 2/2018 is leis a tugadh isteach an seanainm ‘Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine’ de dhearmad in Iarscríbhinní C1, C2 agus C4. Dá bhrí sin, ba cheart an t‑ainm nua ‘Poblacht na Macadóine Thuaidh’ a thabhairt slán sna foirmeacha sin.

Dá bhrí sin, ba cheart an Coinbhinsiún a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH

Airteagal 1

(1)Leasaítear Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(2)Leasaítear Foscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Beidh feidhm ag pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn A ón 30 Meitheamh 2020.

Beidh feidhm ag pointí 1 go 4 d’Iarscríbhinn B ón lá a thiocfaidh an Ríocht Aontaithe in aontachas sa Choinbhinsiún ina Pháirtí Conarthach.

Arna dhéanamh i …...

   Thar ceann an Chomhchoiste

   An tUachtarán



Iarscríbhinn A

Leasaítear Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún mar a leanas:

(1)In Airteagal 50, cuirtear isteach míreanna 3 agus 4 mar a leanas:

‘3. Sa chás go bhfaigheann an t‑údarás custaim i dtír atá páirteach in oibríocht idirthurais fianaise roimh an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 114(2)(a) dul in éag gur ar a críocha féin a tharla na himeachtaí ba chúis leis na fiacha, is éard a dhéanfaidh an t‑údarás sin láithreach bonn agus i gcás ar bith laistigh den teorainn ama sin, iarraidh a bhfuil bonn cirt léi a sheoladh chuig an tír imeachta leis an bhfreagracht i leith thosú na haisghabhála a aistriú chuig an údarás custaim iarrthach.

4. Admhóidh údarás custaim na tíre imeachta go bhfuarthas an iarraidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3, agus cuirfidh sé in iúl don údarás custaim iarrthach, laistigh de 28 lá ón dáta ar ar cuireadh an iarraidh, an bhfuil sé toilteanach géilleadh don iarraidh agus an fhreagracht i leith thosú na haisghabhála a aistriú chuig an údarás iarrthach nó nach bhfuil.’

(2)In Airteagal 79:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2. An tréimhse bhailíochta atá ag deimhniú ráthaíochta cuimsitheach nó ag deimhniú tarscaoilte ráthaíochta, is tréimhse í nach rachaidh thar cúig bliana. Mar sin féin, féadfaidh oifig custaim na ráthaíochta síneadh a chur leis an tréimhse sin aon uair amháin, síneadh nach rachaidh thar cúig bliana.’

(b)cuirtear isteach míreanna (3) agus (4) tar éis mír (2):

‘3. Le linn don tréimhse inar bailí an deimhnithe, má chuirtear in iúl d’oifig custaim na ráthaíochta, de bharr líon mór athruithe, nach leor a bhfuil de sholéiteacht sa deimhniú, sin agus go bhféadfadh an oifig custaim imeachta é a dhiúltú, déanfaidh oifig custaim na ráthaíochta an deimhniú a dhíbhailíochtú, agus eiseoidh siad deimhniú nua, más iomchuí sin.

4. Deimhnithe is bailí ar feadh tréimhse dhá bhliain, is deimhnithe iad a bhfanfaidh an bhailíocht iontu. Féadfaidh oifig custaim na ráthaíochta an dara síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta, síneadh nach rachaidh thar cúig bliana.’

(3)In Iarscríbhinn II, Caibidil III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 19.3:

‘19.3 An tréimhse bhailíochta atá ag deimhniú ráthaíochta cuimsitheach nó ag deimhniú tarscaoilte ráthaíochta, is tréimhse í nach rachaidh thar cúig bliana. Mar sin féin, féadfaidh oifig custaim na ráthaíochta síneadh amháin a chur leis an tréimhse sin, síneadh nach rachaidh thar cúig bliana.

Le linn don tréimhse inar bailí an deimhnithe, má chuirtear in iúl d’oifig custaim na ráthaíochta, de bharr líon mór athruithe, nach leor a bhfuil de sholéiteacht sa deimhniú, sin agus go bhféadfadh an oifig custaim imeachta é a dhiúltú, déanfaidh oifig custaim na ráthaíochta an deimhniú a dhíbhailíochtú, agus eiseoidh siad deimhniú nua, más iomchuí sin.

Deimhnithe is bailí ar feadh tréimhse dhá bhliain, is deimhnithe iad a bhfanfaidh an bhailíocht iontu. Féadfaidh oifig custaim na ráthaíochta an dara síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta, síneadh nach rachaidh thar cúig bliana.’



Iarscríbhinn B

Leasaítear Foscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún mar a leanas:

(1)In Iarscríbhinn AI, Teideal II, Caibidil II, pointe B faoi shonraí na faisnéise sa dearbhú maidir le hidirthuras, an pointe urchair ‘TAGAIRT DON RÁTHAÍOCHT’, cuirtear an méid a leanas in ionad ‘(cód tíre ISO alfa-2)’ in Inneachar Réimse 2:

‘(an cód tíre ar fáil in Iarscríbhinn A2)’.

(1)In Iarscríbhinn A2, pointe 1, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

‘Is é XI a úsáidtear le haghaidh Thuaisceart Éireann.’.

(2)In Iarscríbhinn A4, pointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs ‘(cód tíre ISO alfa-2)’ in Inneachar Réimse 2:

‘(an cód tíre ar fáil in Iarscríbhinn A2)’.

(3)In Iarscríbhinn B1, leasaítear Bosca 51 mar a leanas:

(a)in ionad an téacs ‘BM    an Ríocht Aontaithe’, cuirtear:

‘BM    an Ríocht Aontaithe (gan Tuaisceart Éireann)’;

(b)cuirtear an mhír seo a leanas leis an liosta:

‘XI    Tuaisceart Éireann’.

(4)Leasaítear pointe 1 d’Iarscríbhinn C1 mar a leanas:

(a)in ionad an téacs ‘Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine’, cuirtear an téacs ‘Poblacht na Macadóine Thuaidh’;

(b)cuirtear iarnóta 3a leis an téacs ‘Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann3’ roimh iarnóta 3 lena n‑áirítear an téacs seo a leanas:

‘De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach , is mar chuid den Aontas Eorpach atá Tuaisceart Éireann le meas chun críoch na ráthaíochta seo. Dá bhrí sin, ráthóir atá bunaithe i limistéar custaim an Aontais Eorpaigh, cuirfidh sé seoladh le haghaidh seirbheála in iúl, nó ceapfaidh sé gníomhaire, i dTuaisceart Éireann más féidir an ráthaíocht a úsáid ann. Mar sin féin má bhailíochtaítear ráthaíocht san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs na n‑idirthuras comhchoiteann, ba leor aon seoladh amháin le haghaidh seirbheála nó gníomhaire ceaptha sa Ríocht Aontaithe le gach cuid den Ríocht Aontaithe a chumhdach, Tuaisceart Éireann san áireamh.’.

(5)Leasaítear Iarscríbhinn C2, pointe 1 mar seo a leanas:

(a)in ionad an téacs ‘Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine’, cuirtear an téacs ‘Poblacht na Macadóine Thuaidh’;

(b)cuirtear iarnóta 2a leis an téacs ‘Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann2a’ lena n‑áirítear an téacs seo a leanas:

‘De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach, is mar chuid den Aontas Eorpach atá Tuaisceart Éireann le meas chun críoch na ráthaíochta seo. Dá bhrí sin, ráthóir atá bunaithe i limistéar custaim an Aontais Eorpaigh, cuirfidh sé seoladh le haghaidh seirbheála in iúl, nó ceapfaidh sé gníomhaire, i dTuaisceart Éireann más féidir an ráthaíocht a úsáid ann. Mar sin féin má bhailíochtaítear ráthaíocht san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs na n‑idirthuras comhchoiteann, ba leor aon seoladh amháin le haghaidh seirbheála nó gníomhaire ceaptha sa Ríocht Aontaithe le gach cuid den Ríocht Aontaithe a chumhdach, Tuaisceart Éireann san áireamh.’.

(6)Leasaítear Iarscríbhinn C4, pointe 1 mar seo a leanas:

(a)in ionad an téacs ‘Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine’, cuirtear an téacs ‘Poblacht na Macadóine Thuaidh’;

(b)cuirtear iarnóta 3a leis an téacs ‘Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann 3’ roimh iarnóta 3 lena n‑áirítear an téacs seo a leanas:

‘De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach, is mar chuid den Aontas Eorpach atá Tuaisceart Éireann le meas chun críoch na ráthaíochta seo. Dá bhrí sin, ráthóir atá bunaithe i limistéar custaim an Aontais Eorpaigh, cuirfidh sé seoladh le haghaidh seirbheála in iúl, nó ceapfaidh sé gníomhaire, i dTuaisceart Éireann más féidir an ráthaíocht a úsáid ann. Mar sin féin má bhailíochtaítear ráthaíocht san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs na n‑idirthuras comhchoiteann, ba leor aon seoladh amháin le haghaidh seirbheála nó gníomhaire ceaptha sa Ríocht Aontaithe le gach cuid den Ríocht Aontaithe a chumhdach, Tuaisceart Éireann san áireamh.’.

(7)In Iarscríbhinn C5, leasaítear ró 7 mar a leanas:

(1)cuirtear fonóta (**) leis an téacs ‘an Ríocht Aontaithe (**)’ lena n‑áirítear an téacs seo a leanas:

(2)(**) De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach ,is mar chuid den Aontas Eorpach ba cheart Tuaisceart Éireann a mheas chun críoch na ráthaíochta seo.’.

(8)In Iarscríbhinn C6, leasaítear ró 6 mar a leanas:

(1)cuirtear fonóta (**) leis an téacs ‘an Ríocht Aontaithe (**)’ lena n‑áirítear an téacs seo a leanas:

(2)(**) De bhun an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach , is mar chuid den Aontas Eorpach ba cheart Tuaisceart Éireann a mheas chun críoch na ráthaíochta seo. ‘.

(1)    IO L 226, 13.8.1987, lch. 2
(2)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558)
(3)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1394 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 i dtaca le rialacha áirithe i leith faireachas agus saoradh ón tsaorghluaiseacht agus ón dul amach as limistéar custaim an Aontais (IO L 234, 11.9.2019, lch. 1)
(4)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/893 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 206, 30.06.2020, lch. 8)
(5)    IO L 317, 14.12.2018, lch. 48
(6)    An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach don Fhuinneamh Adamhach, IO L 29, 31.1.2020, lch. 102
(7)    Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle IO L 152, 16.6.2009, lch. 23
(8)    Rialachán (AE) Cur chun Feidhme 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair faoi ainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh na staitisticí Eorpacha i leith trádáil earraí agus ar an scagadh geografach ar staitisticí gnó nach iad (IO L 334, 13.10.2020, lch. 2)
(9)    IO L 103, 3.4.2020, lch. 47