An Bhruiséil,12.1.2021

COM(2021) 4 final

2021/0001(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste LEE a bunaíodh leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Chaibidil IIa agus ar Iarscríbhinní I agus II de Phrótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil le glacadh beartaithe an leasaithe ar Phrótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim, agus is togra é nach bhfuil infheidhme ach i leith an Aontais Eorpaigh agus na hIorua.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An leasú ar an bPrótacal maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim

An Prótacal maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim (‘An Prótacal’), tarscaoiltear leis an bPrótacal sin an oibleagáid atá ar thrádálaithe dearbhú iontrála achomair a sholáthar do na húdaráis chustaim roimh an allmhairiú agus roimh an onnmhairiú sa trádáil dhéthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Iorua. Idir an dá linn, maidir le trádáil le tríú tíortha, cuireann an Iorua bearta slándála custaim chun feidhme atá coibhéiseach leo sin san Aontas Eorpach. Tháinig an Prótacal i bhfeidhm an 1 Iúil 2009, agus áirithíodh leis sreabha rianúla trádála idir an Iorua agus an tAontas Eorpach agus ardleibhéal slándála i slabhra an tsoláthair.

Cé go bhfuil a chóras féin ag gach Páirtí le haghaidh na dearbhuithe iontrála achoimre a bhainistiú (is é an Córas Rialaithe Allmhairí (ICS)) an córas atá ar bun san Aontas Eorpach), níl aon nasc ann idir an dá chóras faoi láthair.

Ó 2016 i leith, tá an Coimisiún ag déanamh réamhdhíospóireachtaí d’fhonn reachtaíocht an Chomhaontaithe a thabhairt cothrom le dáta agus comhtháthú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hIorua sa todhchaí i gclár nua slándála agus sábháilteachta réamhtheachta custaim an Aontais Eorpaigh, is é sin Córas Rialaithe Allmhairí 2 (ICS2), ar córas láraithe é.

Foráladh le Cód Custaim an Aontais do bhearta a chuirtear san áireamh i dtionscadal nua ICS2, bearta lena ndéanfar athrú mór ar na réamhoibríochtaí custaim lasta le haghaidh earraí a thugtar isteach san Aontas Eorpach agus ar an gcreat coiteann foriomlán bainistíochta riosca. Athshamhaltófar leis an gclár nua an próiseas atá ann cheana i dtaca le TF, dlí agus bainistíocht riosca custaim/rialuithe custaim agus ó thaobh dearcthaí oibriúcháin trádála de. Leis an gclár, baileofar sonraí faoi na hearraí uile a thugtar isteach san Aontas Eorpach roimh a dteacht. Beidh ar Oibreoirí Eacnamaíocha sonraí sábháilteachta agus slándála a dhearbhú do ICS2, agus an Dearbhú Iontrála Achomair á úsáid acu. Ní bheidh an t‑aon oibleagáid amháin ar gach Oibreoir Eacnamaíoch tosú ar dhearbhuithe den sórt sin a chomhdú. Beidh an oibleagáid sin ag brath ar an gcineál seirbhísí a sholáthraíonn siad sa ghluaiseacht idirnáisiúnta earraí agus tá sí nasctha leis na trí dháta eisiúna a bhaineann le ICS2 (15 Márta 2021, 1 Márta 2023, agus 1 Márta 2024). A bhuí le réamhfhaisnéis faoi lasta agus le hanailís rioscaí, beifear in ann bagairtí a shainaithint go luath agus cabhrú le húdaráis chustaim idirghabháil a dhéanamh ag an bpointe is iomchuí i slabhra an tsoláthair.

Dá bhrí sin, is ionann ICS2 agus ionstraim riachtanach custaim de chuid an Aontais Eorpaigh chun feabhas a chur ar bhainistíocht na rialuithe teorann slándála agus sábháilteachta ar an tslí isteach, rud a thacaíonn le clár slándála agus sábháilteachta réamhtheachta custaim an Aontais Eorpaigh. Chun an leibhéal slándála céanna a choinneáil ar bun ag na teorainneacha seachtracha, chomhaontaigh an Iorua dul isteach i dtionscadal ICS2 agus a bheith réidh le dul i mbun oibríochta faoin am a thosófar an chéad eisiúint de ICS an 15 Márta 2021. Beidh feidhm ag na forálacha sin ar bhealach coibhéiseach freisin maidir leis na leasuithe comhchosúla ar an gcomhaontú slándála custaim idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis.

Is iad na leasuithe atá beartaithe ar an gComhaontú an toradh ar an idirbheartaíocht idir an tAontas Eorpach, an Eilvéis agus an Iorua a tosaíodh i mí na Samhna 2019 agus a críochnaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020. Tabharfar aird sna leasuithe ar Chaibidil IIa den Phrótacal freisin ar an reachtaíocht ábhartha ón Aontas Eorpach a fhorbairt i réimse na nOibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe agus an chreata bainistíochta riosca agus anailíse riosca. Áiritheoidh sé sin leibhéal slándála coibhéiseach ag na teorainneacha seachtracha agus cuirfidh sé feabhas ar shlándáil agus sábháilteacht an limistéir shlándála choitinn.

Áireofar leis an gComhaontú freisin socrú maoiniúcháin (Iarscríbhinn I, Teideal III), lena gcumhdaítear na costais a bhaineann le forbairt agus úsáid oibríochtúil ICS2 a rinne an Iorua agus sonraí feidhmiúla ICS2, a léirítear sna socruithe teicniúla (Iarscríbhinn I, Teideal II).

2.2.Comhchoiste LEE

Is le hAirteagal 92 de Chomhaontú LEE a bhunaítear Comhchoiste LEE. Tá Comhchoiste LEE comhdhéanta d'ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha, agus is féidir leis cinntí a dhéanamh trí chomhaontú idir an tAontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus Stáit CSTE ag labhairt d'aon ghuth ar an taobh eile.

Tagann an Comhchoiste le chéile uair in aghaidh na míosa ar a laghad, i bprionsabal, agus tá sé de fhreagracht air cur chun feidhme éifeachtach agus oibriú éifeachtach an Chomhaontaithe a áirithiú. Chuige sin, déanann sé tuairimí agus faisnéis a mhalartú agus glacann sé cinntí i gcásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú agus atá i gcoibhneas lena Phrótacail. Chun na críche sin, is féidir Prótacal 10 a leasú le cinneadh ó Chomhchoiste LEE i gcomhréir le hAirteagal 93(2) agus Airteagail 99, 100, 102 agus 103 den Chomhaontú.

Chun deimhneacht dhlíthiúil agus aonchineálacht LEE a ráthú, ba cheart do Chomhchoiste LEE cinneadh a ghlacadh maidir le leasú ar an bPrótacal chun forbairt reachtaíocht an Aontais a chur san áireamh. Ba cheart na leasuithe sin a chur i bhfeidhm go comhuaineach leis na leasuithe sin a thugtar isteach i reachtaíocht an Aontais agus an urraim chuí a thabhairt do nósanna imeachta inmheánacha na bPáirtithe Conarthacha.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste

Ag an gcéad chruinniú eile dá chuid nó trí mhalartú litreacha, glacfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir le leasú an Phrótacail (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é cuspóir an ghnímh atá beartaithe an caighdeán is airde slándála agus rialaithe a áirithiú le haghaidh earraí a thugtar thar theorainneacha an Aontais Eorpaigh agus na hIorua agus a thugtar isteach ina gcríocha custaim.

An gníomh atá beartaithe, beidh sé ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 104 den Chomhaontú, lena bhforáiltear ‘Beidh na cinntí a ghlacfaidh Comhchoiste LEE sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt ann, ar theacht i bhfeidhm dóibh, ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá chun a gcur chun feidhme agus a gcur i bhfeidhm a áirithiú’.

De bhun Airteagal 103 den Chomhaontú, “Más rud é nach bhfuil fógra den sórt sin déanta, ar dhul in éag don tréimhse sé mhí tar éis do Chomhchoiste LEE cinneadh a ghlacadh, cuirfear cinneadh Chomhchoiste LEE i bhfeidhm go sealadach go dtí go gcomhlíonfar na ceanglais bhunreachtúla seachas i gcás ina gcuirfidh Páirtí Conarthach in iúl nach féidir cur i bhfeidhm sealadach den sórt sin a dhéanamh. Sa dara cás, nó i gcás ina gcuirfidh Páirtí Conarthach neamhdhaingniú cinneadh de chuid Chomhchoiste LEE in iúl, beidh feidhm ag an bhfionraí dá bhforáiltear in Airteagal 102 (5) mí amháin tar éis fógra den sórt sin a dhéanamh ach ní bheidh feidhm aige i gcás ar bith níos luaithe ná an dáta a gcuirfear an gníomh comhfhreagrach CE chun feidhme sa Chomhphobal”.

3.An seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais

3.1.Forbhreathnú ginearálta ar Phrótacal 10

Leis an bPrótacal a leasaíodh roimhe sin in 2009 trí Chinneadh ó Chomhchoiste LEE 1 , tarraingítear aird ar an gcaidreamh speisialta trádála déthaobhaí atá ann idir an tAontas Eorpach agus an Iorua agus an leas frithpháirteach láidir atá ann i mbearta coibhéiseacha slándála custaim a chur chun feidhme. Leasaíodh Prótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú chun leasa fhrithpháirtigh an Chomhphobail Eorpaigh agus Stáit CSTE chun srianta neamhriachtanacha a sheachaint agus chun tacar forálacha a chur ar fáil lena mbunaítear bearta coibhéiseacha slándála custaim maidir leis na hearraí atá ag teacht ó thríú tíortha nó ag dul chucu a iompar.

Is ar an bPrótacal a bhunaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Eorpach agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais agus ar na Gníomhartha Cur Chun Feidhme agus Tarmligthe seo a leanas:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún, lena n‑áirítear an colún ábhartha in Iarscríbhinn B;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2089 ón gCoimisiún, lena n‑áirítear na freagrachtaí atá ar na páirtithe i ndáil le cosaint agus rialú sonraí;

An Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre;

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, lena n‑áirítear na colúin ábhartha in Iarscríbhinn B.

Ar mhaithe le slándáil a mhéadú sa trádáil idirnáisiúnta earraí, thug an tAontas Eorpach bearta nua isteach in 2006 chun caighdeáin níos airde a áirithiú i rialuithe custaim (IP/06/1821). Áirítear leo sin rialacha agus teorainneacha ama le haghaidh trádálaithe maidir le faisnéis a chur isteach faoi earraí sula ndéanfar iad a allmhairiú chuig an Aontas Eorpach nó sula ndéanfar iad a onnmhairiú amach as (dearbhuithe leictreonacha iontrála agus imeachta); córas de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh anailís agus bainistíocht riosca; córas le haghaidh Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe de chuid an Aontais Eorpaigh a éascú. Chomh maith leis sin, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an Iorua obair i dtreo creat coiteann le haghaidh bainistíocht riosca, lena n‑áirítear faisnéis a bhaineann le riosca a mhalartú de réir mar is iomchuí.

Leasaíodh an Comhaontú i gcomhthéacs forbairt a dhéanamh ar chreat coiteann den sórt sin le haghaidh rialuithe custaim níos fearr agus tar éis an tAontas Custaim agus an reachtaíocht a bhaineann leis a nuachóiriú. Ba cheart go n‑áiritheofaí leis sin an caighdeán is airde slándála agus rialaithe le haghaidh earraí a thugtar thar theorainneacha an Aontais Eorpaigh agus Ríocht na hIorua agus a thugtar isteach ina gcríocha custaim.

3.2.Na leasuithe atá beartaithe ar an bPrótacal i gcomhthéacs rannpháirtíocht na hIorua i gclár ICS2

Is é ICS2 an chéad líne cosanta maidir leis an margadh inmheánach agus saoránaigh an Aontais Eorpaigh a chosaint. Trí phróisis fheabhsaithe atá bunaithe ar shonraí slándála custaim, fothaítear leis rialuithe éifeachtacha custaim atá bunaithe ar riosca, agus saorshreabhadh na trádála dlisteanaí ar fud theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh á éascú aige.

Leis an gclár, cabhrófar le cur chuige comhtháite de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú chun an creat bainistíochta riosca custaim a threisiú. Tá sé sin ar cheann amháin de na príomhghníomhaíochtaí faoi Chód Custaim an Aontais agus faoin straitéis bainistíochta riosca custaim, ar aon dul leis an bplean gníomhaíochta a ghlac an Chomhairle in 2014 agus leis na cuspóirí atá ag Coimisiún Von der Leyen le haghaidh an tAontas Custaim a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile.

Mar chóras réamhfhaisnéise lasta, baileofar le ICS2 sonraí faoi na hearraí uile a thugtar isteach san Aontas Eorpach roimh a dteacht. Beidh ar Oibreoirí Eacnamaíocha sonraí sábháilteachta agus slándála a dhearbhú do ICS2, agus rud ar a dtugtar Dearbhú Iontrála Achomair á úsáid acu. Ní bheidh an t‑aon oibleagáid amháin ar gach Oibreoir Eacnamaíoch tosú ar dhearbhuithe den sórt sin a chomhdú. Beidh an oibleagáid sin ag brath ar an gcineál seirbhísí a sholáthraíonn siad sa ghluaiseacht idirnáisiúnta earraí agus tá sí nasctha leis na trí dháta eisiúna a bhaineann le ICS2 (15 Márta 2021, 1 Márta 2023, agus 1 Márta 2024).

An 7 Deireadh Fómhair 2020, dheimhnigh an Iorua a rannpháirtíocht i gCóras Rialaithe Allmhairí 2 (ICS2), agus rannpháirtíocht na tíre comhpháirtíochta i gcreat coiteann ICS2 á héascú, rud a sheolfar an 15 Márta 2021.

Is é atá i gceist leis an Eilvéis a chur le clár ICS2, mar sin, oiriúnuithe teicniúla agus airgeadais a dhéanamh ar an gComhaontú, go háirithe leasuithe lena léirítear nuachóiriú an Aontais Chustaim agus na reachtaíochta a bhaineann leis.

3.3.Na leasuithe dlíthiúla atá beartaithe ar an bPrótacal i gcomhthéacs nuachóiriú Chód Custaim an Aontais

Tá na príomhathruithe a thugtar isteach sa dréacht-Phrótacal leasaithe bunaithe go príomha ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le Cód Custaim an Aontais agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a bhaineann leis. Is é an toradh atá ar na hathruithe sin go n‑ailínítear an Prótacal leasaithe leis an reachtaíocht is déanaí ón Aontas Eorpach atá ábhartha maidir le bearta slándála custaim, le dearbhuithe iontrála achoimre agus dearbhuithe imeachta achoimre, le forbairt agus imscaradh na gcóras leictreonach ábhartha, le hoibreoirí eacnamaíocha údaraithe, leis an bpróiseas coiteann anailíse riosca agus leis an gcreat bainistíochta riosca, ar aon dul leis an reachtaíocht is déanaí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Úsáideadh na téacsanna dlí seo a leanas mar bhunús do na mórleasuithe ar an bPrótacal:

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ón gComhairle Eorpach agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais:

·Airteagal 46 maidir le bainistíocht riosca agus rialuithe custaim;

·Airteagal 127 maidir leis na forálacha ábhartha le haghaidh dearbhú iontrála achomair a thaisceadh: foirm agus ábhar, úsáid córas leictreonach, taisceadh agus tarscaoiltí, teorainneacha ama, clárú, na daoine a thaiscfidh, anailís riosca a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht, ilchomhdú;

·Airteagal 128 maidir le hanailís riosca;

·Airteagal 6(1), Airteagail 12, 16, 46 agus 47, agus Airteagail 127 go 133, lena mbunaítear an bunús dlí do ICS2 a fhorbairt agus a imscaradh;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus imscaradh na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais;

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (mar is infheidhme an 16 Iúil 2020):

·Airteagail 104, 106, 112, 113 agus 113a maidir leis an dearbhú iontrála achomair;

·Iarscríbhinn B maidir le ceanglais sonraí;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (mar is infheidhme an 20 Iúil 2020):

·Airteagal 24 maidir le comhlíonadh le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha údaraithe, rud a chuirtear in ionad Airteagal 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú;

·Airteagail 182, 183, 184, 185, 186, 188 agus 189 maidir leis an dearbhú iontrála achomair;

·Iarscríbhinn B maidir le struchtúr agus formáid sonraí;

Níor glacadh go foirmiúil go fóill na leasuithe is déanaí ar Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún agus ar Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún. Mar sin, fágadh ionadchoinneálaí laistigh den leasú atá beartaithe ar an gComhaontú seo chun na fonótaí a thabhairt cothrom le dáta a luaithe a fhoilseofar na leasuithe (féach Iarscríbhinn I, Airteagal 2, a ghabhann leis an bPrótacal leasaithe).

Rinne an Coiste um an gCód Custaim de chuid an Choimisiúin Eorpaigh an leasú ar Airteagal 24 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún a ghlacadh an 28 Meán Fómhair 2020. Níor cinneadh dáta foilsithe an leasaithe go fóill.

3.4.Na leasuithe struchtúracha atá beartaithe ar an bPrótacal

Maidir le struchtúr an Phrótacail leasaithe, bhí gá ann leis na ranna lena gcumhdaítear Iontráil earraí (Teideal I) agus Imeacht earraí (Teideal IV) a roinnt ina dhá dTeideal dhifriúla laistigh d’Iarscríbhinn I maidir le Dearbhuithe Iontrála Achoimre agus Dearbhuithe Imeachta Achoimre, go háirithe mar gheall ar na forálacha níos mionsonraithe a bhaineann le Dearbhuithe Iontrála Achoimre agus le ICS2.

Ar aon dul leis an réasúnaíocht atá taobh thiar den athbhreithniú struchtúrach sin ar Iarscríbhinn I, cruthaíodh dhá Theideal nua chun na nithe seo a leanas a chumhdach:

Teideal II: na Socruithe Teicniúla le haghaidh Chóras Rialaithe Allmhairí 2;

Teideal III: na Socruithe Airgeadais le haghaidh Chóras Rialaithe Allmhairí 2.

3.5.An seasamh a ghlacfaidh an tAontas

Foráiltear le hAirteagal 92 den Chomhaontú go ndéanfaidh na Páirtithe Conarthacha comhairliúcháin a reáchtáil i gComhchoiste LEE maidir le haon ní is ábhartha don Phrótacal. Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i gcomhar, de mheon macánta, d’fhonn an chinnteoireacht i gComhchoiste LEE a éascú ag deireadh an phróisis. Chun na críche sin, bhunaigh Comhchoiste LEE faoi Chomhaontú LEE gur cheart Cinneadh a ghlacadh lena gcomhaontaítear leis an leasú ar Chaibidil IIa de Phrótacal 10 agus ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Déantar é sin trí Chinneadh ó Chomhchoiste LEE le linn cruinniú de chuid Chomhchoiste LEE ina ndéantar ionadaíocht don Aontas Eorpach.

Ba cheart an seasamh a ghlacfaidh an tAontas Eorpach laistigh de Chomhchoiste LEE a bhunú le cinneadh ón gComhairle ar bhonn togra ón gCoimisiún.

Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal leasaithe chun feidhme ansin le comhaontú frithpháirteach.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

Foráiltear le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do chinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist 2 ..

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Tá Comhchoiste LEE ina chomhlacht a cuireadh ar bun le comhaontú, mar atá Comhaontú LEE.

Is ionann an gníomh a n‑iarrtar ar Chomhchoiste LEE é a ghlacadh agus gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis.

Ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú leis an ngníomh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, agus Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle á chur san áireamh maidir le socruithe le haghaidh an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chur chun feidhme lena mbunaítear “go ndéanfaidh an Coimisiún seasamh an Chomhphobail maidir le cinntí de chuid Chomhchoiste LEE a ghlacadh lena leathnaítear gníomhartha de reachtaíocht an Chomhphobail go simplí chuig LEE, faoi réir aon choigeartú teicniúil is gá.”

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Tá an bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle ag brath go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe ina leith ar a ghlactar seasamh thar ceann an Aontais maidir le socruithe le haghaidh an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chur chun feidhme. Más rud é go saothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó go bhfuil dhá chomhpháirt aige agus gur féidir ceann amháin de na haidhmeanna nó na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm theagmhasach nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is le comhbheartas tráchtála a bhaineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207(4) CFAE an bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle.

5.Impleachtaí buiséadacha

Tá na leasuithe atá beartaithe i ndáil leis an leasú ar an gComhaontú maidir le bearta slándála custaim bunaithe ar an bprionsabal go rachaidh an Iorua isteach i gclár ICS2 amhail chéad eisiúint an chláir an 15 Márta 2021. Déanfar eisiúintí eile in 2023 agus in 2024.

Beidh impleachtaí buiséadacha aige sin don Iorua. Leagtar miondealú ar na costais amach in Airteagal 17 d’Iarscríbhinn I agus cuireadh iad in iúl don Iorua trí pháipéar leathoifigiúil freisin.

Déanfaidh an Iorua ranníocaíocht i leith gach eisiúna de ICS2, agus buntáille á híoc aici as na costais forbartha a thabhóidh an Coimisiún Eorpach. Is ionann na costais sin agus EUR 520,000 le haghaidh Eisiúint 1, is ionann iad agus EUR 550,000 le haghaidh Eisiúint 2 agus is ionann iad agus EUR 550,000 le haghaidh Eisiúint 3, agus tá siad bunaithe ar fhoirmle leithdháilte 4 %.

Déanfaidh an Iorua ranníocaíocht freisin i leith na gcostas oibriúcháin a thabhóidh an Coimisiún Eorpach chun freastal ar na costais bhliantúla a bhaineann le tástáil chomhréireachta agus cothabháil a dhéanamh ar bhonneagar (crua-earraí, bogearraí, óstáil, ceadúnais, etc.), ar chomhpháirteanna lárnacha ICS2 agus ar na feidhmchláir ghaolmhara agus na seirbhísí gaolmhara a theastaíonn dá n‑oibriú agus dá n‑idirnascadh (dearbhú cáilíochta, deasc chabhrach agus Bainistíocht Seirbhísí TF). Cé go bhfuil na costais oibriúcháin sin bunaithe ar an bhfoirmle leithdháilte 4 %, níl siad bunaithe ar ráta seasta bliantúil. Mar sin, tá uasteorainn EUR 450,000 in aghaidh na bliana ann leis na costais oibriúcháin uasta.

6.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasóidh an ngníomh ó Chomhchoiste LEE Prótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim, is iomchuí é a fhoilsiú i Roinn LEE in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2021/0001 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste LEE a bunaíodh leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Chaibidil IIa agus ar Iarscríbhinní I agus II de Phrótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinneadh Prótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim (‘an Prótacal’) a leasú le LEE trí Chinneadh ón gComhchoiste 3 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2009.

(2)De bhun Airteagal 98 den Chomhaontú, féadfaidh Comhchoiste LEE an cinneadh lena leasaítear Caibidil IIa agus na hIarscríbhinní a ghabhann le Prótacal 10 a ghlacadh le linn an chéad seisiúin eile dá chuid nó trí mhalartú litreacha,

(3)Trí Airteagal 9h(3) den Phrótacal a chur i bhfeidhm, is gá leasuithe a dhéanamh ar Chaibidil 3 agus ar Iarscríbhínní I agus II de Phrótacal 10 chun forbairt reachtaíocht an Aontais a chur san áireamh maidir le nithe a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus le hIarscríbhinní I agus II. De bhun Airteagal 9(h)3, mura féidir an cinneadh a ghlacadh le haghaidh cur chun feidhme comhuaineach, déanfar na leasuithe dá bhforáiltear sa dréachtchinneadh a tíolacadh le go bhformheasfadh na Páirtithe Conarthacha iad a chur i bhfeidhm ón 15 Márta 2021, i gcomhréir le nósanna imeachta inmheánacha na bPáirtithe Conarthacha. Beidh an dáta sin i gcomhthráth leis an gcéad Eisiúint de Chóras Rialaithe Allmhairí 2, rud ar chomhaontaigh an Iorua páirt a ghlacadh ann.

(4)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE a bhunú, toisc go mbeidh an leasú ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an gcéad chruinniú eile de chuid Chomhchoiste LEE nó trí mhalartú litreacha, is ar an dréachtghníomh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bheidh sé bunaithe.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 76/2009 an 30 Meitheamh 2009 lena leasaítear Prótacal 10 maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar
(2)    Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(3)    Cinneadh 76/2009, IO L 232, 3.9.2009, lch. 40

An Bhruiséil,12.1.2021

COM(2021) 4 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle


maidir leis an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste LEE a bunaíodh leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Chaibidil IIa agus ar Iarscríbhinní I agus II de Phrótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar

























IARSCRÍBHINN

Doic. Uimh. 20/00862-1

Cás Uimh. 20/00862

   CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE

Uimh. […]

an […]

lena leasaítear Prótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Maidir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail 1 agus Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail 2 , cuireadh ina n‑ionad na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais 3 , de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais 4 agus de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais 5 .

(2)Leasaíodh reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le bearta slándála custaim, go háirithe trí bhíthin Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus imscaradh na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais 6 .

(3)Na forálacha de Phrótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE, déanfar iad a ailíniú leis an leasuithe ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh chun leibhéal coibhéiseach slándála a áirithiú.

(4)Rinneadh Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) 7 a ionchorprú sa Chomhaontú le Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 154/2018 8 .

(5)Níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh sin ó Chomhchoiste LEE maidir leis an Íoslainn agus le Lichtinstéin. Mar sin féin, faoi réir cinneadh nua, d’fhéadfaí é a oscailt do na tíortha sin.

(6)Ba cheart Prótacal 10 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasófar Prótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

(1)Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an gcoinníoll go ndéanfar na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE 9*. Beidh feidhm aige ón 15 Márta 2021.

(2)Cuirfidh an tAontas Eorpach agus an Iorua an Cinneadh seo i bhfeidhm go sealadach ón 15 Márta 2021, go dtí go bhfaighfear na fógraí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann Chomhchoiste LEE

   An tUachtarán

   

   Rúnaithe

   Chomhchoiste LEE

   

IARSCRÍBHINN

1. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9a go hAirteagal 9g de Chaibidil IIa (BEARTA SLÁNDÁLA CUSTAIM) de Phrótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú:

CAIBIDIL IIa

BEARTA SLÁNDÁLA CUSTAIM

Airteagal 9a

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(a) ciallóidh ‘riosca’ dóchúlacht agus tionchar teagmhais a tharlaíonn i dtaca le teacht isteach, le dul amach, le hidirthuras, le haistriú nó le húsáid dheiridh earraí a ghluaistear idir críoch chustaim ceann amháin de na Páirtithe Conarthacha agus ceann amháin de na tríú tíortha agus i dtaca le láithreacht na n‑earraí nach bhfuil i saorchúrsaíocht, a bheidh ina mbaol do shlándáil agus do shábháilteacht na bPáirtithe Conarthacha, don tsláinte phoiblí, don chomhshaol agus do thomhaltóirí;

(b) ciallóidh ‘bainistíocht riosca’, riosca a shainaithint go córasach agus cur i bhfeidhm na mbeart uile is gá chun nochtadh do riosca a laghdú. Folaítear leis sin gníomhaíochtaí amhail bailiúchán sonraí agus faisnéise, anailís agus measúnú a dhéanamh ar an riosca, gníomh a leagan síos agus a dhéanamh, agus monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar an bpróiseas agus ar thorthaí an phróisis, bunaithe ar fhoinsí agus ar straitéisí a shainmhíníonn na Páirtithe Conarthacha nó a shainmhínítear go hidirnáisiúnta.

(c) ciallóidh ‘míreanna comhfhreagrais’, litreacha, cártaí poist, litreacha braille agus ábhar clóite nach bhfuil faoi dhliteanas dleachta allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin;

(d) ciallóidh ‘mearchoinsíneachtaí’ coinsíneacht atá á hiompar ag seirbhís chomhtháite um bailiú, iompar, imréiteach custaim agus seachadadh brostaithe/amchinnte beartán, nó atá faoi fhreagracht na seirbhíse sin, agus an tráth céanna, a rianaíonn láthair na míreanna sin, agus a choinníonn rialú orthu, ar fud sholáthar na seirbhíse.

(e) ciallóidh ‘earraí i gcoinsíneachtaí poist’ earraí nó earraí seachas míreanna comhfhreagrais, atá i mbeartán nó i bpacáiste poist agus atá á n‑iompar ag oibreoir nó faoi fhreagracht oibreora atá bunaithe agus ainmnithe ag Páirtí Conarthach chun na seirbhísí idirnáisiúnta a rialaítear leis an gCoinbhinsiún Poist Uilechoiteann a glacadh an 10 Iúil 1984 faoi choimirce Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, agus a iompraítear de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin sin, a sholáthar;

(f) ciallóidh ‘dearbhú custaim’ an gníomh trína gcuireann duine a mhian in iúl, san fhoirm fhorordaithe agus sa mhodh forordaithe, earraí a chur faoi nós imeachta custaim áirithe, maille le sonraí, más iomchuí, faoi cibé socruithe faoi leith a bheidh le cur i bhfeidhm;

(g) ciallaíonn ‘dearbhú stórála sealadaí’ an gníomh lena gcuirfidh duine in iúl, san fhoirm agus sa mhodh a bheidh forordaithe, go bhfuil earraí i stóras sealadach;

Airteagal 9b

Forálacha ginearálta a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht

1. Gabhann na Páirtithe Conarthacha orthu féin na bearta slándála custaim a leagtar amach sa Chaibidil seo a bhunú agus a chur i bhfeidhm i leith earraí a iompar chuig tríú tíortha agus astu araon agus, dá bhrí sin, leibhéal coibhéiseach slándála agus sábháilteachta a áirithiú ag a dteorainneacha seachtracha.

2. Staonfaidh na Páirtithe Conarthacha ó na bearta slándála custaim a leagtar amach sa Chaibidil seo a chur i bhfeidhm i leith earraí a iompar idir a gcríocha custaim.

3. Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i ndáil chomhairle lena chéile sula dtabharfar aon chomhaontú i gcrích le tríú tír sna réimsí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an gComhaontú seo, go háirithe i gcás ina n‑áirítear leis an gcomhaontú atá beartaithe forálacha lena maolaítear ar na bearta slándála custaim a leagtar amach sa Chaibidil seo.

Airteagal 9c

Dearbhuithe roimh thabhairt isteach earraí agus roimh thabhairt amach earraí

1. Chun críocha slándála agus sábháilteachta, déanfar earraí a thugtar isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha as tríú tíortha a chumhdach le dearbhú iontrála achomair, seachas i gcás earraí a iompraítear ar mhodh iompair nach bhfuil ach ag dul trí uiscí teorann nó aerspás na gcríoch custaim gan stopadh laistigh de na críocha sin.

2. Chun críocha slándála agus sábháilteachta, déanfar earraí a thugtar amach as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha agus a bhfuil tríú tíortha mar cheann scríbe acu a chumhdach le dearbhú imeachta achomair, seachas i gcás earraí a iompraítear ar mhodh iompair nach bhfuil ach ag dul trí uiscí teorann nó aerspás na gcríoch custaim gan stopadh laistigh de na críocha sin.

3. Déanfar an dearbhú iontrála achomair nó an dearbhú imeachta achomair a thaisceadh sula dtabharfar na hearraí isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha nó sula dtabharfar iad amach astu.

4. I gcás ina mbeidh oibleagáid ann an dearbhú iontrála achomair nó an dearbhú imeachta achomair a thaisceadh le haghaidh earraí a thugtar isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha nó a thugtar amach astu ach i gcás nár taisceadh an dearbhú sin ann, déanfaidh duine amháin de na daoine dá dtagraítear i mír 5 nó i mír 6 dearbhú den sórt sin a thaisceadh láithreach nó, i gcás ina gceadóidh na húdaráis chustaim é seo, déanfaidh sé/sí dearbhú custaim nó dearbhú stórála sealadaí a thaisceadh ina mbeidh, ar a laghad, na sonraí a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair nó dearbhú imeachta achomair. In imthosca den sórt sin, déanfaidh údaráis chustaim anailís riosca chun críocha slándála agus sábháilteachta ar na hearraí sin ar bhonn an dearbhaithe custaim nó an dearbhaithe stórála sealadaí.

5. Cinnfidh gach Páirtí Conarthach na daoine a bheidh faoi dhliteanas i leith dearbhuithe imeachta achoimre a thaisceadh agus sonróidh siad na húdaráis a bheidh inniúil chun na dearbhuithe sin a fháil.

6. Déanfaidh an t‑iompróir an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh.

D’ainneoin oibleagáidí an iompróra, féadfaidh duine amháin de na daoine seo a leanas an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh ina (h)ionad:

(a)an t‑allmhaireoir nó an coinsíní nó duine eile ar ina ainm nó thar a cheann a ghníomhaíonn an t‑iompróir;

(b)aon duine atá in ann na hearraí atá i gceist a thíolacadh nó iad a chur á dtíolacadh ag oifig custaim na céadiontrála.

I gcásanna sonracha nach féidir sonraí uile an dearbhaithe iontrála achomair is gá le haghaidh anailís riosca a dhéanamh chun críocha slándála agus sábháilteachta a fháil iontu ó na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar ceanglas a chur ar dhaoine eile ag a bhfuil na sonraí sin agus na cearta iomchuí chun iad a sholáthar na sonraí sin a sholáthar.

Beidh gach duine a bhfuil sonraí an dearbhaithe iontrála achomair á gcur isteach aige freagrach as na sonraí a chuir sé isteach.

7. De mhaolú ar mhír 6, is amhlaidh, go dtí dátaí imscaradh an chórais leictreonaigh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) d’Iarscríbhinn I, go gcinnfidh gach Páirtí Conarthach na daoine a gceanglófar orthu an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh agus an modh le haghaidh é a thaisceadh, le haghaidh faisnéis a bhaineann leis a mhalartú agus le haghaidh a iarraidh go leasófaí é agus/nó go neamhbhaileofaí é.

8. Féadfaidh údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha sainiú a dhéanamh ar na cásanna ina bhféadfar dearbhú custaim nó dearbhú stórála sealadaí a úsáid mar dhearbhú iontrála achomair nó mar dhearbhú imeachta achomair, ar choinníoll:

(a)go mbeidh sa dearbhú custaim nó sa dearbhú stórála sealadaí na sonraí uile a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair nó dearbhú imeachta achomair, agus

(b)go dtaiscfear an dearbhú ionaid ag an oifig custaim inniúil roimh dhul in éag na teorann ama le haghaidh an dearbhú iontrála achomair nó an dearbhú imeachta achomair a thaisceadh.

9. Leagtar síos in Iarscríbhinn I:

an córas leictreonach a bhaineann leis an dearbhú iontrála achomair,

foirm agus sonraí an dearbhaithe iontrála achomair nó an dearbhaithe imeachta achomair,

na heisceachtaí ón oibleagáid dearbhú iontrála achomair nó dearbhú imeachta achomair a thaisceadh,

an áit a dtaiscfear an dearbhú iontrála achomair nó an dearbhú imeachta achomair,

na teorainneacha ama le haghaidh an dearbhú iontrála achomair nó an dearbhú imeachta achomair a thaisceadh,

na socruithe teicniúla le haghaidh na gcóras leictreonach a úsáidfear chun an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh,

an socrú maoiniúcháin a bhaineann leis na freagrachtaí, na ceangaltais agus na hionchais a bheidh ann tráth chur chun feidhme agus oibriú Chóras Rialaithe Allmhairí 2,

aon fhoráil eile is gá chun cur i bhfeidhm an Airteagail seo a áirithiú.

Airteagal 9d

Oibreoir eacnamaíoch údaraithe

1. Faoi réir na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo, déanfaidh Páirtí Conarthach stádas ‘oibreora eacnamaíoch údaraithe’ chun críocha slándála a dheonú d’aon oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe ina chríoch custaim.

Beidh teacht ag oibreoirí eacnamaíocha údaraithe ar éascuithe i leith rialuithe custaim a bhaineann le slándáil.

Faoi réir na rialacha agus na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2, aithneoidh Páirtí Conarthach stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe ar dheonaigh an Páirtí Conarthach eile é, gan dochar do chigireachtaí custaim, go háirithe d’fhonn cur chun feidhme a dhéanamh ar chomhaontuithe le tríú tíortha lena bhforáiltear do shocruithe le haghaidh stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a aithint go frithpháirteach.

2. Leagtar síos in Iarscríbhinn II:

na rialacha le haghaidh stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú, go háirithe na critéir le haghaidh an stádas sin a dheonú agus na coinníollacha le haghaidh na critéir sin a chur chun feidhme,

an cineál éascuithe a thabharfar,

na rialacha maidir le stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a chur ar fionraí, a neamhniú agus a chúlghairm,

na socruithe le haghaidh faisnéis faoina n‑oibreoirí eacnamaíocha údaraithe a mhalartú idir na Páirtithe Conarthacha,

aon bheart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 9e

Rialuithe custaim a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht agus bainistíocht riosca a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht

1. Beidh rialuithe custaim a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht, seachas seiceálacha randamacha, bunaithe go príomha ar anailís riosca ina n‑úsáidtear teicnící leictreonacha próiseála sonraí chun sainaithint agus meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí agus chun na frithbhearta is gá a fhorbairt, ar bhonn na gcritéar arna bhforbairt ag na Páirtithe Conarthacha.

2. Cuirfear rialuithe custaim a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht i gcrích faoi chuimsiú creata choitinn bainistíochta riosca, bunaithe ar fhaisnéis riosca agus torthaí anailíse riosca a mhalartú idir údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha. Ag gníomhú dó trína rannpháirtíocht sa Choiste um an gCód Custaim dá dtagraítear in Airteagal 9.h.4 de Chaibidil 2.a, rannchuideoidh údarás custaim na hIorua le critéir agus caighdeáin riosca choiteanna, bearta rialaithe coiteanna agus limistéir rialaithe thosaíochta choiteanna a bhunú i ndáil le sonraí na ndearbhuithe iontrála achoimre agus na ndearbhuithe imeachta achoimre. Cuirfear rialuithe atá bunaithe ar fhaisnéis agus critéir den sórt sin i gcrích gan dochar do rialuithe custaim eile.

3. Bainfidh na Páirtithe Conarthacha úsáid as Córas Coiteann Bainistíochta Riosca le haghaidh malartú a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le riosca, ar fhaisnéis faoi chur chun feidhme na gcritéar agus na gcaighdeán riosca coiteann, na limistéar rialaithe tosaíochta coiteann agus na bainistíochta géarchéime custaim, ar thorthaí anailíse riosca agus ar thorthaí rialaithe.

4. Aithneoidh na Páirtithe Conarthacha coibhéis a gcóras bainistíochta riosca a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht.

5. Glacfaidh Comhchoiste LEE aon bheart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 9f

Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart slándála custaim

1. Cinnfidh an Comhchoiste conas a dhéanfaidh na Páirtithe Conarthacha faireachán ar chur chun feidhme na Caibidle seo agus conas a fhíoróidh siad comhlíonadh fhorálacha na Caibidle seo agus comhlíonadh fhorálacha na n‑iarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo.

2. Féadfar an faireachán dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

measúnuithe tráthrialta a dhéanamh ar chur chun feidhme na Caibidle seo, go háirithe coibhéis na mbeart slándála custaim,

athbhreithniú a dhéanamh chun feabhas a chur ar an dóigh a gcuirtear an Chaibidil seo i bhfeidhm nó chun a forálacha a leasú chun go gcomhlíonfar a cuspóirí ar bhealach níos fearr,

cruinnithe téamacha a eagrú idir saineolaithe an dá Pháirtí Chonarthacha agus iniúchtaí a dhéanamh ar nósanna imeachta riaracháin, lena n‑áirítear cuairteanna ar an láthair.

3. Áiritheoidh an Comhchoiste go seasfar le cearta oibreoirí eacnamaíocha le linn bearta a dhéanamh faoin Airteagal seo.

Airteagal 9g

Rúndacht ghairmiúil agus sonraí pearsanta a chosaint

Déanfar an fhaisnéis arna malartú ag na Páirtithe Conarthacha mar chuid de na bearta dá bhforáiltear sa Chaibidil seo a chosaint ar an mbealach céanna a chosnaítear rúndacht ghairmiúil agus sonraí pearsanta, mar a shainmhínítear sna dlíthe ábhartha is infheidhme i gcríoch an Pháirtí Chonarthaigh is faighteoir.

Go háirithe, ní fhéadfar an fhaisnéis sin a aistriú arís eile chuig daoine seachas na húdaráis inniúla sa Pháirtí Conarthach is faighteoir agus ní fhéadfaidh na húdaráis sin í a úsáid ach oiread chun críocha seachas iad sin dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo.

2. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad IARSCRÍBHINN I de Phrótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú:

IARSCRÍBHINN I

DEARBHUITHE IONTRÁLA ACHOIMRE AGUS DEARBHUITHE IMEACHTA ACHOIMRE

Teideal I

Dearbhú iontrála achomair

Airteagal 1

Córas Leictreonach a bhaineann leis an dearbhú iontrála achomair

1. Úsáidfear Córas leictreonach Rialaithe Allmhairí 2 (ICS2):

(a)le haghaidh cur isteach, próiseáil agus stóráil a dhéanamh ar shonraí na ndearbhuithe iontrála achoimre agus ar fhaisnéis eile a bhaineann leis na dearbhuithe sin, ar fhaisnéis a bhaineann le hanailís riosca chun críocha slándála agus sábháilteachta custaim, lena n‑áirítear tacaíocht don tslándáil eitlíochta, agus ar fhaisnéis a bhaineann leis na bearta nach mór a dhéanamh bunaithe ar thorthaí na hanailíse sin;

(b)le haghaidh malartú a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le sonraí an dearbhaithe iontrála achomair agus ar thorthaí na hanailíse riosca ar dhearbhuithe iontrála achoimre, ar fhaisnéis eile is gá chun an anailís riosca sin a dhéanamh, agus ar fhaisnéis a bhaineann le bearta a rinneadh ar bhonn na hanailíse riosca, lena n‑áirítear moltaí maidir le háiteanna rialaithe agus torthaí na rialuithe sin;

(c)le haghaidh malartú a dhéanamh ar fhaisnéis le haghaidh faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcritéar agus na gcaighdeán riosca slándála agus sábháilteachta coiteann, na mbeart rialaithe agus na limistéar rialaithe tosaíochta.

2. Is ionann dátaí forbartha agus eisiúna imscaradh seicheamhaithe an chórais leictreonaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo agus na dátaí a leagtar amach i dtionscadal Chóras Rialaithe Allmhairí 2 (ICS2) de chuid Chód Custaim an Aontais san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún 10 .

Táthar ag súil leis go mbeidh na Páirtithe Conarthacha réidh an tráth céanna le gach eisiúint i dtús na fuinneoige imscartha. I gcás ina measfar é a bheith iomchuí, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha na hoibreoirí eacnamaíocha a cheadú nascadh de réir a chéile leis an gcóras go dtí deireadh na fuinneoige imscartha a thugtar do gach ceann de na heisiúintí. Foilseoidh na Páirtithe Conarthacha na spriocdhátaí agus na treoracha le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha ar a suíomh gréasáin.

3. Bainfidh na hoibreoirí eacnamaíocha úsáid as comhéadan comhchuibhithe trádálaithe, arna dhearadh ag na Páirtithe Conarthacha i gcomhaontú lena chéile, le haghaidh nithe a chur isteach, iarrataí a dhéanamh ar leasú, iarrataí a dhéanamh ar neamhbhailiú, sonraí na ndearbhuithe iontrála achoimre a phróiseáil agus a stóráil agus faisnéis ghaolmhar a mhalartú leis na húdaráis chustaim.

4. Féadfaidh údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha a cheadú go mbainfí úsáid as córais faisnéise tráchtála, calafoirt nó iompair le haghaidh sonraí an dearbhaithe iontrála achomair a thaisceadh, ar choinníoll go mbeidh i gcórais den sórt sin na sonraí is gá agus go mbeidh na sonraí sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 7.

Airteagal 2

Foirm agus ábhar an dearbhaithe iontrála achomair

1. Beidh sa dearbhú iontrála achomair, agus san fhógra faoi theacht soithigh farraige nó aerárthaigh, na sonraí a leagtar síos sna colúin seo a leanas d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún 11 :

(a)F10 go F16;

(b)F20 go F33;

(c)F40 go F45;

(d)F50 agus F51;

(e)G2.

Comhlíonfar i sonraí an dearbhaithe iontrála achomair na formáidí, na cóid agus an bhunuimhirtheacht faoi seach a leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 12 ón gCoimisiún agus comhlánófar na sonraí sin i gcomhréir leis na nótaí sna hIarscríbhinní sin.

2. Féadfar sonraí an dearbhaithe iontrála achomair a sholáthar trí níos mó ná tacar sonraí amháin a bheith á gcur isteach ag daoine difriúla.

3. Úsáidfear an córas leictreonach dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh iarraidh a thaisceadh go ndéanfaí dearbhú iontrála achomair nó na sonraí atá istigh ann a leasú nó a neamhbhailiú.

I gcás ina n‑iarrfaidh daoine difriúla go ndéanfaí sonraí an dearbhaithe iontrála achomair a leasú nó a neamhbhailiú, ní cheadófar do gach duine de na daoine sin ach a iarraidh go ndéanfaí na sonraí a chuir sé/sí féin isteach a leasú nó a neamhbhailiú.

4. Tabharfaidh údaráis chustaim an Pháirtí Chonarthaigh, a chláraigh an dearbhú iontrála achomair, fógra láithreach don duine a thaisc an iarraidh ar leasú nó ar neamhbhailiú faoin gcinneadh uathu an iarraidh a chlárú nó a dhiúltú.

I gcás ina dtaiscfidh duine nach ionann é agus an t‑iompróir iarraidh go ndéanfaí sonraí an dearbhaithe iontrála achomair a leasú nó a neamhbhailiú, tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra don iompróir freisin, ar choinníoll gur iarr an t‑iompróir go dtabharfaí fógra dó agus ar choinníoll go bhfuil rochtain aige ar an gcóras leictreonach dá dtagraítear i mír 1.

5. I gcomhréir le hAirteagal 9c(8) den Chomhaontú, is amhlaidh, go dtí dáta imscaradh eisiúint 3 den chóras dá dtagraítear in Airteagal 1(1), go bhféadfaidh na Páirtithe Conarthacha an anailís riosca a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht a dhéanamh ar bhonn an dearbhaithe maidir le hidirthuras arna thaisceadh sa Chóras Nua Ríomhchuidithe Idirthurais (NCTS) i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Nós Imeachta Comhchoiteann um Earraí faoi Bhealach 13 , lena n‑áirítear faisnéis a bhaineann le hanailís riosca a mhalartú idir na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann, le haghaidh earraí a iompraítear de mhuir, d’uiscebhealaí intíre, de bhóthar agus d’iarnród. Is é NCTS an córas leictreonach lena gcumasaítear an chumarsáid idir na Páirtithe Conarthacha agus idir na Páirtithe Conarthacha agus oibreoirí eacnamaíocha chun dearbhú custaim maidir le hidirthuras a chur isteach, lena n‑áirítear na sonraí uile a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair nó dearbhú imeachta achomair agus le haghaidh na bhfógraí a bhaineann leis na hearraí sin.

Roimh imscaradh eisiúint 3 den chóras dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Iarscríbhinn seo, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha measúnú ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh, tar éis an dáta sin, go bhféadfaidh na húdaráis chustaim leanúint le hanailís riosca a dhéanamh ar bhonn an dearbhaithe maidir le hidirthuras ina bhfuil sonraí aon dearbhaithe iontrála achomair a taisceadh in NCTS 14 , agus modhnóidh siad an comhaontú seo, más gá.

Airteagal 3

Tarscaoileadh ón oibleagáid dearbhú iontrála achomair a thaisceadh

1. Ní cheanglófar dearbhú iontrála achomair i leith na n‑earraí seo a leanas:

(a)fuinneamh leictreach;

(b)earraí a thugtar isteach de phíblíne;

(c)míreanna comhfhreagrais;

(d)earraí i gcoinsíneachtaí poist, mar a leanas:

(1)i gcás ina n‑iompraítear na coinsíneachtaí poist d’aer agus ina bhfuil Páirtí Conarthach mar cheann scríbe deiridh acu, go dtí an dáta a leagtar amach le haghaidh imscaradh eisiúint 1 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(2)i gcás ina n‑iompraítear na coinsíneachtaí poist d’aer agus ina bhfuil tríú tír nó tríú críoch mar cheann scríbe deiridh acu, go dtí an dáta a leagtar amach le haghaidh imscaradh eisiúint 2 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(3)i gcás ina n‑iompraítear na coinsíneachtaí poist de mhuir, d’uiscí intíre, de bhóthar nó d’iarnród, go dtí an dáta a leagtar amach le haghaidh imscaradh eisiúint 3 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

(e)earraí ar lena n‑aghaidh a cheadaítear dearbhú custaim ó bhéal nó trasnú simplí na teorann faoi na rialacha arna leagan síos ag na Páirtithe Conarthacha, ar choinníoll nach n‑iompraítear iad faoi chonradh iompair;

(f)earraí atá istigh i mbagáiste pearsanta taistealaithe;

(g)earraí a chumhdaítear le Carnet ATA nó CPD, ar choinníoll nach n‑iompraítear iad faoi chonradh iompair;

(h)earraí atá i dteideal faoisimh de bhun Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta an 18 Aibreán 1961, de bhun Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta an 24 Aibreán 1963, de bhun coinbhinsiúin chonsalachta eile nó de bhun Choinbhinsiún Nua-Eabhrac maidir le Misin Speisialta an 16 Nollaig 1969;

(i)airm agus trealamh míleata a thugann na húdaráis atá i gceannas ar chosaint mhíleata na críche isteach i gcríoch custaim ceann amháin de na Páirtithe Conarthacha nó a thugtar isteach inti trí iompar míleata nó trí iompar a oibrítear lena úsáid ag na húdaráis mhíleata agus acu sin amháin;

(j)na hearraí seo a leanas a thugtar isteach go díreach i gcríoch custaim ceann amháin de na Páirtithe Conarthacha as suiteálacha eischósta a n‑oibríonn duine atá bunaithe i gcríoch custaim ceann amháin de na Páirtithe Conarthacha iad:

(1)earraí a úsáideadh sna suiteálacha eischósta sin chun críocha a dtógála, a ndeisiúcháin, a gcothabhála nó a n‑athchóirithe;

(2)earraí a úsáideadh chun na suiteálacha eischósta sin a fheistiú nó a threalmhú;

(3)soláthairtí a úsáidtear nó a chaitear ar na suiteálacha eischósta sin;

(4)dramhaíl neamhghuaiseach as na suiteálacha eischósta sin;

(k)earraí i gcoinsíneachtaí nach mó a luach intreach ná EUR 22, ar choinníoll go nglacfaidh na húdaráis chustaim, le comhaontú ón oibreoir eacnamaíoch, le hanailís riosca a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá sa chóras a mbaineann an t‑oibreoir eacnamaíoch úsáid as nó as an bhfaisnéis a sholáthraítear leis an gcóras sin, mar a leanas:

(1)i gcás ina bhfuil na hearraí i mearchoinsíneachtaí, a iompraítear d’aer, go dtí an dáta a leagtar amach le haghaidh imscaradh eisiúint 1 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(2)i gcás ina n‑iompraítear na hearraí d’aer, seachas coinsíneachtaí poist nó mearchoinsíneachtaí, go dtí an dáta a leagtar amach le haghaidh imscaradh eisiúint 2 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(3)i gcás ina n‑iompraítear na hearraí de mhuir, d’uiscebhealaí intíre, de bhóthar nó d’iarnród, go dtí an dáta a leagtar amach le haghaidh imscaradh eisiúint 3 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

(l)earraí a ghluaistear faoi chumhdach fhoirm 302 ECAT dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún idir na Páirtithe i gConradh an Atlantaigh Thuaidh maidir le Stádas a gcuid Fórsaí, rud a síníodh i Londain an 19 Meitheamh 1951, nó faoi chumhdach fhoirm 302 AE dá bhforáiltear in Airteagal 1(51) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún.

(m)earraí a thugtar as Ceuta agus Melilla, Heligoland, Poblacht San Mairíne, Stát Chathair na Vatacáine, bardas Livigno, agus Samnaun agus Sampuoir, ar eachtarchríocha custaim de chuid na hEilvéise iad, go ceann amháin de na Páirtithe Conarthacha;

(n)na hearraí seo a leanas ar bhord soithí agus aerárthaí:

(1)earraí a soláthraíodh lena n‑úsáid mar pháirteanna nó mar oiriúintí sna soithí nó sna haerárthaí sin;

(2)earraí a úsáidtear le haghaidh innill, meaisíní agus trealamh eile na soithí nó na n‑aerárthaí sin a oibriú;

(3)earraí bia agus míreanna eile a bheidh le caitheamh nó le díol ar bord;

(o)táirgí iascaireachta mara agus táirgí eile a tógadh ón muir lasmuigh de chríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha lena soithí iascaireachta;

(p)soithí, agus na hearraí a iompraítear orthu, a thagann isteach in uiscí teorann ceann amháin de na Páirtithe Conarthacha chun soláthairtí a thógáil ar bord, agus chuige sin amháin, gan nascadh le haon cheann de na saoráidí calafoirt;

(q)earraí tí, mar a shainmhínítear i reachtaíocht na bPáirtithe Conarthacha faoi seach, ar choinníoll nach n‑iompraítear iad faoi chonradh iompair.

2. Ní cheanglófar dearbhú iontrála achomair sna cásanna dá bhforáiltear i gcomhaontú idirnáisiúnta a tugadh i gcrích idir Páirtí Conarthach agus tríú tír maidir le slándáil, faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9b(3) den Chomhaontú.

3. Ní cheanglófar dearbhú iontrála achomair i gcásanna ina dtabharfar na hearraí amach go sealadach as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha le linn iad a iompar de mhuir nó d’aer idir dhá phointe de na críocha custaim sin, gan stopadh i dtríú tír.

Airteagal 4

Áit le haghaidh dearbhú iontrála achomair a thaisceadh

1. Taiscfear an dearbhú iontrála achomair ag an oifig custaim atá inniúil ar mhaoirseacht custaim ag an áit i gcríoch custaim ceann amháin de na Páirtithe Conarthacha a sroicheann an modh iompair lena n‑iompraítear na hearraí nó, i gcás inarb infheidhme, ag an áit a mbeidh an modh iompair sin le sroicheadh, as tríú tír nó as tríú críoch, dá ngairtear oifig custaim na céadiontrála anseo feasta.

2. I gcás ina dtaiscfear an dearbhú iontrála achomair trí níos mó ná tacar sonraí amháin a chur isteach, nó tríd an tacar sonraí íosta a chur isteach, déanfaidh an duine a bhfuil an tacar sonraí páirteach nó íosta á thaisceadh aige amhlaidh ag an oifig custaim ar cheart di, de réir a (h)eolais, a bheith ina hoifig custaim céadiontrála. Murab eol don duine sin an chéad áit i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha a bhfuiltear ag súil leis go sroichfidh an modh iompair lena n‑iompraítear na hearraí, féadfar oifig custaim na céadiontrála a chinneadh bunaithe ar an áit chuig a gcoinsínítear na hearraí.

3. Féadfaidh údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha a cheadú go dtaiscfí an dearbhú iontrála achomair ag oifig custaim eile, ar choinníoll go gcuirfidh an oifig custaim eile sin na sonraí is gá in iúl, nó go gcuirfidh sí na sonraí sin ar fáil go leictreonach, d’oifig custaim na céadiontrála láithreach.

Airteagal 5

Dearbhú iontrála achomair a chlárú

1. Déanfaidh na húdaráis chustaim sonraí an dearbhaithe iontrála achomair a chlárú tar éis dóibh an dearbhú a fháil, agus tabharfaidh siad fógra láithreach don dearbhóir nó dá ionadaí gur cláraíodh é agus cuirfidh siad Máistir-Uimhir Thagartha an dearbhaithe agus an dáta clárúcháin in iúl don duine sin.

2. Ó dháta imscaradh eisiúint 2 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra láithreach don iompróir faoin gclárú, ar choinníoll gur iarr an t‑iompróir go dtabharfaí fógra dó agus ar choinníoll go bhfuil rochtain aige ar an gcóras leictreonach sin, i gcás ina ndéanfaidh duine seachas an t‑iompróir an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh.

Airteagal 6

Dearbhú iontrála achomair a thaisceadh

I gcás nach mbeidh feidhm ag aon cheann de na tarscaoiltí ón oibleagáid dearbhú iontrála achomair a thaisceadh in Airteagal 10 den Chomhaontú agus in Airteagal 3 de, is mar a leanas a sholáthrófar sonraí an dearbhaithe iontrála achomair:

(a)i gcás earraí a iompraítear d’aer,

(1)i gcás gach coinsíneachta, déanfaidh meariompróirí an tacar sonraí íosta a thaisceadh ó dháta imscaradh eisiúint 1 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(2)i gcás gach coinsíneachta a bhfuil Páirtí Conarthach mar cheann scríbe deiridh acu, déanfaidh oibreoirí poist an tacar sonraí íosta a thaisceadh ó dháta imscaradh eisiúint 1 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(3)cuirfear tacar sonraí amháin nó níos mó isteach tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ó dháta imscaradh eisiúint 2 den chóras sin;

(b)i gcás earraí a iompraítear de mhuir, d’uiscebhealaí intíre, de bhóthar agus d’iarnród, cuirfear tacar sonraí amháin nó níos mó isteach tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ó dháta imscaradh eisiúint 3 den chóras sin.

Airteagal 7

Teorainneacha ama le haghaidh dearbhú iontrála achomair a thaisceadh

1. I gcás ina dtabharfar na hearraí isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha de mhuir, is laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas a dhéanfar an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh:

(a)i gcás lasta i gcoimeádán, seachas i gcás ina mbeidh feidhm ag pointe (c) nó ag pointe (d), 24 uair an chloig ar a dhéanaí sula luchtaítear na hearraí ar an soitheach ar a mbeidh siad le tabhairt isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(b)i gcás bulclasta nó bulclasta ginearálta, seachas i gcás ina mbeidh feidhm ag pointe (c) nó ag pointe (d), ceithre uair an chloig ar a dhéanaí roimh theacht don soitheach chuig an gcéad chalafort iontrála i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(c)dhá uair an chloig ar a dhéanaí roimh theacht don soitheach chuig an gcéad chalafort iontrála i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha, i gcás earraí a thugtar as aon cheann de na háiteanna seo a leanas:

(1)an Ghraonlainn;

(2)oileáin Fharó;

(3)an Íoslainn;

(4)calafoirt ar Mhuir Bhailt, ar an Muir Thuaidh, ar an Muir Dhubh agus ar an Meánmhuir;

(5)gach calafort i Maracó;

(d)i gcás gluaiseachta, seachas i gcás ina mbeidh feidhm ag pointe (c), idir críoch atá lonnaithe lasmuigh de chríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha agus na ranna Francacha thar lear, na hAsóir, Maidéara nó na hOileáin Chanáracha, i gcás inar giorra an turas mara ná 24 uair an chloig, dhá uair an chloig ar a dhéanaí roimh theacht isteach sa chéad chalafort iontrála i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha.

2. I gcás ina dtabharfar na hearraí isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha d’aer, déanfar sonraí iomlána an dearbhaithe iontrála achomair a thaisceadh a luaithe is féidir agus in aon chás laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas:

(a)i gcás eitiltí is giorra ná ceithre uair an chloig, faoi am imeachta iarbhír an aerárthaigh ar a dhéanaí;

(b)i gcás eitiltí eile, ceithre uair an chloig ar a dhéanaí roimh theacht don aerárthach chuig an gcéad aerfort i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha.

3. Ó dháta imscaradh eisiúint 1 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) amach, déanfaidh oibreoirí poist agus meariompróirí tacar sonraí íosta an dearbhaithe iontrála achomair ar a laghad a thaisceadh a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, sula luchtaítear na hearraí ar an aerárthach ar a mbeidh siad le tabhairt isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha.

4. Ó dháta imscaradh eisiúint 2 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) amach, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, nach oibreoirí poist ná meariompróirí iad, tacar sonraí íosta an dearbhaithe iontrála achomair ar a laghad a thaisceadh a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, sula luchtaítear na hearraí ar an aerárthach ar a mbeidh siad le tabhairt isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha.

5. Ó dháta imscaradh eisiúint 2 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) amach, i gcás nár soláthraíodh ach tacar sonraí íosta an dearbhaithe iontrála achomair laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 ann, soláthrófar na sonraí eile laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear i mír 2.

6. Go dtí dáta imscaradh eisiúint 2 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), déanfar tacar sonraí íosta an dearbhaithe iontrála achomair a taisceadh i gcomhréir le mír 3 a mheas mar lándearbhú iontrála achomair le haghaidh earraí i gcoinsíneachtaí poist a bhfuil Páirtí Conarthach mar cheann scríbe deiridh acu agus le haghaidh earraí i mearchoinsíneachtaí nach mó a luach intreach ná EUR 22.

7. I gcás ina dtabharfar na hearraí isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha d’iarnród, déanfar an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas:

(a)i gcás ina dtógfaidh an turas traenach ón stáisiún comhdhéanamh traenach deiridh atá lonnaithe i dtríú tír chuig oifig custaim na céadiontrála níos lú ná dhá uair an chloig, uair an chloig ar a dhéanaí roimh theacht na n‑earraí ag an áit ar a bhfuil an oifig custaim sin inniúil;

(b)i ngach cás eile, dhá uair an chloig ar a dhéanaí roimh theacht na n‑earraí ag an áit ar a bhfuil oifig custaim na céadiontrála inniúil.

8. I gcás ina dtabharfar na hearraí isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha de bhóthar, déanfar an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh uair an chloig ar a dhéanaí roimh theacht na n‑earraí ag an áit ar a bhfuil oifig custaim na céadiontrála inniúil.

9. I gcás ina dtabharfar na hearraí isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha d’uiscebhealaí intíre, déanfar an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh dhá uair an chloig ar a dhéanaí roimh theacht na n‑earraí ag an áit ar a bhfuil oifig custaim na céadiontrála inniúil.

10. I gcás ina dtabharfar na hearraí isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha ar mhodh iompair a n‑iompraítear é féin ar mhodh gníomhach iompair, is í an teorainn ama le haghaidh an dearbhú iontrála achomair a thaisceadh an teorainn ama is infheidhme i leith an mhodha ghníomhaigh iompair.

11. Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 go 10 i gcás force majeure.

12. Faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9b(3) den Chomhaontú, ní bheidh feidhm ag na teorainneacha ama a luaitear i míreanna 1 go 10 i gcás ina bhforálfar a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta idir Páirtí Conarthach agus tríú tíortha maidir le slándáil.

Airteagal 8

Anailís riosca a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht agus rialuithe custaim a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht i leith na ndearbhuithe iontrála achoimre

1. Cuirfear anailís riosca i gcrích roimh theacht na n‑earraí ag oifig custaim na céadiontrála, ar choinníoll gur taisceadh an dearbhú iontrála achomair laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 7, ach amháin i gcás ina sainaithneofar riosca nó inar gá anailís riosca eile a dhéanamh.

Gan dochar don chéad fhomhír, is amhlaidh, maidir leis an gcéad anailís riosca ar earraí a bheidh le tabhairt isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha d’aer, go ndéanfar í a luaithe is féidir tar éis tacar sonraí íosta an dearbhaithe iontrála achomair dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus (4) a fháil.

2. Cuirfidh oifig custaim na céadiontrála an anailís riosca chun críocha slándála agus sábháilteachta i gcrích tar éis an fhaisnéis seo a leanas a mhalartú tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1):

(a)díreach tar éis clárúcháin, cuirfidh oifig custaim na céadiontrála sonraí an dearbhaithe iontrála achomair ar fáil d’údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha a léirítear sna sonraí sin agus d’údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha a thaifead sa chóras leictreonach faisnéis a bhaineann le rioscaí slándála agus sábháilteachta atá ag teacht le sonraí an dearbhaithe iontrála achomair sin;

(b)laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 7, déanfaidh údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) anailís riosca chun críocha slándála agus sábháilteachta agus, más rud é go sainaithneoidh siad riosca, cuirfidh siad na torthaí ar fáil d’oifig custaim na céadiontrála;

(c)chun an anailís riosca a chur i gcrích, tabharfaidh oifig custaim na céadiontrála aird ar an bhfaisnéis ar thorthaí na hanailíse riosca ar sholáthair údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) iad;

(d)cuirfidh oifig custaim na céadiontrála torthaí na hanailíse riosca atá curtha i gcrích ar fáil d’údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha a rannchuidigh leis an anailís riosca agus dóibh sin a d’fhéadfadh baint a bheith acu le gluaiseacht na n‑earraí;

(e)tabharfaidh oifig custaim na céadiontrála fógra do na daoine seo a leanas faoi chur i gcrích na hanailíse riosca, ar choinníoll gur iarr siad go dtabharfaí fógra dóibh agus ar choinníoll go bhfuil rochtain acu ar an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1):

an dearbhóir nó a (h)ionadaí;

an t‑iompróir, murab ionann é/í agus an dearbhóir nó a (h)ionadaí.

3. I gcás ina dteastóidh ó oifig custaim na céadiontrála tuilleadh faisnéise faoi shonraí an dearbhaithe iontrála achomair chun an anailís riosca a chur i gcrích, cuirfear an anailís sin i gcrích tar éis an fhaisnéis sin a sholáthar.

Chun na gcríoch sin, iarrfaidh oifig custaim na céadiontrála an fhaisnéis sin ón duine a thaisc an dearbhú iontrála achomair nó, i gcás inarb infheidhme, ón duine a chuir sonraí an dearbhaithe iontrála achomair isteach. I gcás nach ionann an duine sin agus an t‑iompróir ann, tabharfaidh oifig custaim na céadiontrála fógra don iompróir, ar choinníoll gur iarr an t‑iompróir go dtabharfaí fógra dó agus ar choinníoll go bhfuil rochtain aige ar an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

4. I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag oifig custaim na céadiontrála le drochamhras a bheith uirthi go bhféadfadh earraí a thugtar d’aer a bheith ina mbagairt thromchúiseach slándála eitlíochta, ceanglóidh sí gurb amhlaidh, sula luchtófar an choinsíneacht ar aerárthach a bheidh ag triall ar chríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha, go ndéanfaí í a scagadh mar Lasta agus Post Ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 66h go hAirteagal 66hf de Phointe VI de Chuid I d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna don tslándáil eitlíochta a chur chun feidhme.

Tabharfaidh oifig custaim na céadiontrála fógra do na daoine seo a leanas, ar choinníoll go bhfuil rochtain acu ar an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1):

(a)an dearbhóir nó a (h)ionadaí;

(b)an t‑iompróir, murab ionann é/í agus an dearbhóir nó a (h)ionadaí.

Tar éis an fógra sin a fháil, déanfaidh an duine a thaisc an dearbhú iontrála achomair nó, i gcás inarb infheidhme, an duine a chuir sonraí an dearbhaithe iontrála achomair isteach, torthaí an scagtha sin agus gach faisnéis ábhartha ghaolmhar eile a sholáthar d’oifig custaim na céadiontrála. Ní chuirfear an anailís riosca i gcrích ach amháin tar éis an fhaisnéis sin a sholáthar.

5. I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag oifig custaim na céadiontrála le drochamhras a bheith uirthi go mbeadh earraí a thugtar d’aer nó i lasta i gcoimeádán a thugtar de mhuir, dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(a), ina mbagairt chomh tromchúiseach sin ar an tslándáil agus ar an tsábháilteacht go mbeidh gníomhaíocht láithreach ag teastáil, ordóidh sí nach ndéanfaí na hearraí a luchtú ar an modh iompair lena mbaineann.

Tabharfaidh oifig custaim na céadiontrála fógra do na daoine seo a leanas, ar choinníoll go bhfuil rochtain acu ar an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1):

(a)an dearbhóir nó a (h)ionadaí;

(b)an t‑iompróir, murab ionann é/í agus an dearbhóir nó a (h)ionadaí.

Tabharfar an fógra sin díreach tar éis an riosca ábhartha a bhrath agus, i gcás lasta i gcoimeádán a thugtar de mhuir, dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(a), laistigh de 24 huaire an chloig ar a dhéanaí tar éis an dearbhú iontrála achomair nó, i gcás inarb infheidhme, sonraí an dearbhaithe iontrála achomair a fháil ón iompróir.

Tabharfaidh oifig custaim na céadiontrála fógra láithreach d’údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha faoin bhfógra sin freisin agus cuirfidh sí sonraí ábhartha an dearbhaithe iontrála achomair ar fáil dóibh.

6. I gcás ina sainaithneofar coinsíneacht a bheith ina bagairt den chineál sin a fhágann gur gá gníomhaíocht láithreach a dhéanamh ar theacht an mhodha iompair, déanfaidh oifig custaim na céadiontrála an ghníomhaíocht sin ar theacht na n‑earraí.

7. Tar éis an anailís riosca a chur i gcrích, féadfaidh oifig custaim na céadiontrála an áit agus na bearta is iomchuí chun rialú a chur i gcrích a mholadh tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Déanfaidh an oifig custaim atá inniúil ar an áit a moladh a bheith ar an áit is iomchuí le haghaidh rialaithe cinneadh ar an rialú agus cuirfidh sí, tríd an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), torthaí an chinnidh sin ar fáil do na hoifigí custaim uile de chuid na bPáirtithe Conarthacha a bhféadfadh baint a bheith acu le gluaiseacht na n‑earraí, ar a dhéanaí tráth a thíolacfar na hearraí ag oifig custaim na céadiontrála.

8. Cuirfidh na hoifigí custaim torthaí a rialuithe custaim a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht ar fáil d’údaráis chustaim eile na bPáirtithe Conarthacha tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 1(1):

(a)i gcás ina measfaidh údarás custaim go bhfuil na rioscaí ina rioscaí móra a dteastaíonn rialú custaim ina leith agus ina suífear i dtorthaí an rialaithe gur tharla an eachtra as a dtagann na rioscaí; nó

(b)i gcás nach suífear sna torthaí rialaithe gur tharla an eachtra as a dtagann na rioscaí ann ach ina measfaidh an t‑údarás custaim lena mbaineann go gcruthaíonn an bhagairt ardriosca in áit eile i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha; nó

(c)i gcás inar gá déanamh amhlaidh le haghaidh chur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha sa chomhaontú seo.

Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an fhaisnéis faoi na rioscaí a luaitear faoi phointe a) agus faoi phointe b) a mhalartú tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 9e(3) den Chomhaontú.

9. I gcás ina dtabharfar isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha earraí ar ina leith a tharscaoiltear an oibleagáid chun dearbhú iontrála achomair a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) (c) go (f), (h) go (m), (o) agus (q), déanfar an anailís riosca tráth a thíolacfar na hearraí.

10. Féadfar earraí a tíolacadh don chustam a scaoileadh díreach tar éis an anailís riosca a dhéanamh, i gcás ina gceadófar scaoileadh den sórt sin ar bhonn thorthaí na hanailíse riosca agus, i gcás inar gá, ar bhonn na mbeart a rinneadh.

11. Déanfar anailís riosca freisin más rud é go leasófar sonraí an dearbhaithe iontrála achomair i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus (4). Sa chás sin, gan dochar don teorainn ama a leagtar síos sa tríú fomhír de mhír 5 le haghaidh lasta i gcoimeádán a thugtar de mhuir, cuirfear an anailís riosca i gcrích díreach tar éis na sonraí a fháil ach amháin i gcás ina sainaithneofar riosca nó inar gá anailís riosca eile a dhéanamh.

Airteagal 9

Sonraí dearbhaithe iontrála achomair a bheith á soláthar ag daoine eile

1. Ón dáta a leagtar amach le haghaidh imscaradh eisiúint 2 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) amach, i gcás inarb amhlaidh, maidir leis na hearraí céanna a iompraítear d’aer, go ndearna duine amháin nó níos mó, seachas an t‑iompróir, conradh iompair amháin nó níos mó a chumhdaítear le bille aeriompair amháin nó níos mó a thabhairt i gcrích, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)tabharfaidh an duine a bhfuil an bille aeriompair á eisiúint aige fógra don duine a thug conradh iompair i gcrích leis/léi faoi eisiúint an bhille aeriompair sin;

(b)i gcás socrú comhluchtaithe earraí, tabharfaidh an duine a bhfuil an bille aeriompair á eisiúint aige fógra don duine a ndearna sé an socrú sin leis/léi faoi eisiúint an bhille aeriompair sin;

(c)i sonraí an dearbhaithe iontrála achomair, soláthróidh an t‑iompróir agus aon duine de na daoine a bhfuil bille aeriompair á eisiúint acu aitheantas aon duine nár chuir ar fáil dóibh na sonraí a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair;

(d)más rud é nach gcuirfidh an duine a bhfuil an bille aeriompair á eisiúint aige na sonraí a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair ar fáil dá c(h)omhpháirtí conarthach a d’eisigh bille aeriompair chuige nó dá c(h)omhpháirtí conarthach ar thug sé socrú comhluchtaithe earraí i gcrích leis, is amhlaidh, maidir leis an duine nár chuir na sonraí a cheanglaítear ar fáil, go soláthróidh sé na sonraí sin d’oifig custaim na céadiontrála.

2. Ón dáta a leagtar amach le haghaidh imscaradh eisiúint 2 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) amach, i gcás inarb amhlaidh nach gcuirfidh an t‑oibreoir poist na sonraí a cheanglaítear le haghaidh an dearbhaithe iontrála achomair i leith coinsíneachtaí poist ar fáil don iompróir a bhfuil oibleagáid air/uirthi an chuid eile de shonraí an dearbhaithe a thaisceadh tríd an gcóras sin, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)déanfaidh oibreoir poist an chinn scríbe, más rud é go gcoinsíneofar na hearraí chuig na Páirtithe Conarthacha, nó oibreoir poist Pháirtithe Conarthacha na céadiontrála, más rud é go mbeidh na hearraí ar idirthuras trí na Páirtithe Conarthacha, na sonraí sin a sholáthar d’oifig custaim na céadiontrála; agus

(b)i sonraí an dearbhaithe iontrála achomair, soláthróidh an t‑iompróir aitheantas an oibreora poist nár chuir ar fáil dó/di na sonraí a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair.

3. Ón dáta a leagtar amach le haghaidh imscaradh eisiúint 2 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) amach, i gcás inarb amhlaidh nach gcuirfidh an meariompróir ar fáil don iompróir na sonraí a cheanglaítear le haghaidh an dearbhaithe iontrála achomair i leith mearchoinsíneachtaí a iompraítear d’aer, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)soláthróidh an meariompróir na sonraí sin d’oifig custaim na céadiontrála; agus

(b)i sonraí an dearbhaithe iontrála achomair, soláthróidh an t‑iompróir aitheantas an mheariompróra nár chuir ar fáil dó/di na sonraí a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair.

4. Ón dáta a leagtar amach le haghaidh imscaradh eisiúint 3 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) amach, i gcás inarb amhlaidh, maidir leis na hearraí céanna a iompraítear de mhuir nó d’uiscebhealaí intíre, go ndearna duine amháin nó níos mó, seachas an t‑iompróir, conradh iompair breise amháin nó níos mó a chumhdaítear le bille luchta amháin nó níos mó a thabhairt i gcrích, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)tabharfaidh an duine a bhfuil an bille luchta á eisiúint aige fógra don duine a thug conradh iompair i gcrích leis faoi eisiúint an bhille luchta sin;

(b)i gcás socrú comhluchtaithe earraí, tabharfaidh an duine a bhfuil an bille luchta á eisiúint aige fógra don duine a ndearna sé an socrú sin leis faoi eisiúint an bhille luchta sin;

(c)i sonraí an dearbhaithe iontrála achomair, soláthróidh an t‑iompróir agus aon duine de na daoine a bhfuil bille luchta á eisiúint acu aitheantas aon duine a thug conradh iompair i gcrích leo agus nár chuir ar fáil dóibh na sonraí a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair;

(d)i sonraí an dearbhaithe iontrála achomair, soláthróidh an duine a bhfuil an bille luchta á eisiúint aige aitheantas an choinsíní a léirítear sa bhille luchta mar dhuine nach bhfuil aon bhillí luchta bunúsacha aige agus nár chuir ar fáil dó na sonraí a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair;

(e)más rud é nach gcuirfidh an duine a bhfuil an bille luchta á eisiúint aige na sonraí a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair ar fáil dá c(h)omhpháirtí conarthach a d’eisigh bille luchta chuige/chuici nó dá c(h)omhpháirtí conarthach ar thug sé socrú comhluchtaithe earraí i gcrích leis, is amhlaidh, maidir leis an duine nár chuir na sonraí a cheanglaítear ar fáil, go soláthróidh sé na sonraí sin d’oifig custaim na céadiontrála;

(f)más rud é nach gcuirfidh an coinsíní a léirítear sa bhille luchta agus nach bhfuil aon bhillí luchta bunúsacha aige na sonraí a cheanglaítear le haghaidh dearbhú iontrála achomair ar fáil don duine a bhfuil an bille luchta sin á eisiúint aige/, soláthróidh sé na sonraí sin d’oifig custaim na céadiontrála.

Airteagal 10

Soitheach farraige nó aerárthach a thagann isteach i gcríoch custaim na bPáirtithe Conarthacha a chur ar atreo

1. Ón dáta a leagtar amach le haghaidh fhuinneog imscartha eisiúint 2 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) amach, i gcás ina gcuirfear aerárthach ar atreo agus ina dtiocfaidh sé ar an gcéad ásc ag oifig custaim atá lonnaithe i dtír nár léiríodh mar thír ródúcháin sa dearbhú iontrála achomair, is amhlaidh, tríd an gcóras sin, go n‑aisghabhfaidh oifig custaim iarbhír na céadiontrála sonraí an dearbhaithe iontrála achomair, torthaí na hanailíse riosca agus na moltaí rialaithe a rinne oifig custaim ionchais na céadiontrála.

2. Ón dáta a leagtar amach le haghaidh fhuinneog imscartha eisiúint 3 den chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) amach, i gcás ina gcuirfear soitheach farraige ar atreo agus ina dtiocfaidh sé ar an gcéad ásc ag oifig custaim atá lonnaithe i dtír nár léiríodh mar thír ródúcháin sa dearbhú iontrála achomair, is amhlaidh, tríd an gcóras sin, go n‑aisghabhfaidh oifig custaim iarbhír na céadiontrála sonraí an dearbhaithe iontrála achomair, torthaí na hanailíse riosca agus na moltaí rialaithe a rinne oifig custaim ionchais na céadiontrála.

Teideal II

socruithe teicniúla le haghaidh Chóras Rialaithe Allmhairí 2

Airteagal 11

Córas Rialaithe Allmhairí 2

1. Le ICS2, tacófar le cumarsáid idir na hoibreoirí eacnamaíocha agus na Páirtithe Conarthacha chun ceanglais dearbhaithe iontrála achomair a chomhlíonadh, le hanailís riosca ag údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha chun críocha slándála agus sábháilteachta, le bearta custaim a bhfuil mar aidhm leo na rioscaí sin a mhaolú, lena n‑áirítear rialuithe custaim a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht, agus le cumarsáid idir na Páirtithe Conarthacha chun ceanglais dearbhaithe iontrála achomair a chomhlíonadh.

2. Is é a bheidh in ICS2 na comhpháirteanna coiteanna seo a leanas arna bhforbairt ar leibhéal an Aontais:

(a)comhéadan comhroinnte trádálaithe;

(b)stór coiteann.

3. Forbróidh an Iorua córas iontrála náisiúnta mar chomhpháirt náisiúnta a bheidh ar fáil san Iorua.

4. Féadfaidh an Iorua comhéadan náisiúnta trádálaithe a fhorbairt mar chomhpháirt náisiúnta a bheidh ar fáil san Iorua.

5. Úsáidfear ICS2 chun na gcríoch seo a leanas:

(a)cur isteach, próiseáil agus stóráil a dhéanamh ar shonraí na ndearbhuithe iontrála achoimre, ar iarrataí ar leasuithe agus ar iarrataí ar neamhbhailiú i gcomhréir le hAirteagal 10 den Chomhaontú agus le hIarscríbhinn I;

(b)fáil, próiseáil agus stóráil a dhéanamh ar shonraí na ndearbhuithe iontrála achoimre arna n‑asbhaint ó na dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú agus in Iarscríbhinn I;

(c)cur isteach, próiseáil agus stóráil a dhéanamh ar fhaisnéis faoi theacht soithigh farraige nó aerárthaigh agus ar fhógraí faoi theacht soithigh farraige nó aerárthaigh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Chomhaontú agus le hIarscríbhinn I;

(d)fáil, próiseáil agus stóráil a dhéanamh ar fhaisnéis faoi thíolacadh earraí d’údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha i gcomhréir le hAirteagal 10 den Chomhaontú agus le hIarscríbhinn I;

(e)fáil, próiseáil agus stóráil a dhéanamh ar fhaisnéis faoi iarrataí ar anailís riosca agus faoi thorthaí anailíse, faoi mholtaí rialaithe, faoi chinntí ar rialuithe agus faoi thorthaí rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 12 den Chomhaontú agus le hIarscríbhinn I;

(f)fáil, próiseáil, stóráil agus cur in iúl a dhéanamh ar na fógraí agus an fhaisnéis a thugtar do na hoibreoirí eacnamaíocha agus a fhaightear uathu araon i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 12 den Chomhaontú agus le hIarscríbhinn I;

(g)cur isteach faisnéise, próiseáil faisnéise agus stóráil faisnéise ag na hoibreoirí eacnamaíocha arna n‑iarraidh ag údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 12 den Chomhaontú agus le hIarscríbhinn I.

6. Úsáidfear ICS2 chun tacú le faireachán agus meastóireacht ag na Páirtithe Conarthacha ar chur chun feidhme na gcritéar agus na gcaighdeán riosca slándála agus sábháilteachta coiteann, na mbeart rialaithe coiteann agus na limistéar rialaithe tosaíochta coiteann dá dtagraítear in Airteagal 12 den Chomhaontú.

7. Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana na n‑oibreoirí eacnamaíocha chun rochtain a thabhairt ar na comhpháirteanna coiteanna de ICS2 a thabhairt in éifeacht tríd an gcóras UUM&DS dá dtagraítear in Airteagal 13 a úsáid.

8. Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana oifigigh na bPáirtithe Conarthacha chun rochtain a thabhairt ar na comhpháirteanna coiteanna de ICS2 a thabhairt in éifeacht trí na seirbhísí líonra arna soláthar ag an Aontas a úsáid.

9. Beidh an comhéadan comhchuibhithe trádálaithe ina phointe iontrála isteach in ICS2 d’oibreoirí eacnamaíocha i gcomhréir le hAirteagal 1.

10. Idiroibreoidh an comhéadan comhchuibhithe trádálaithe le stór coiteann ICS2 dá dtagraítear i míreanna 12 go 14.

11. Úsáidfear an comhéadan comhchuibhithe trádálaithe le haghaidh aighneachtaí, iarrataí a dhéanamh ar leasú, iarrataí a dhéanamh ar neamhbhailiú, próiseáil agus stóráil a dhéanamh ar shonraí na ndearbhuithe iontrála achoimre agus ar fhógraí faoi theacht, agus faisnéis a mhalartú idir na Páirtithe Conarthacha agus oibreoirí eacnamaíocha. 

12. Úsáidfidh na Páirtithe Conarthacha stór coiteann ICS2 le haghaidh próiseáil a dhéanamh ar shonraí na ndearbhuithe iontrála achoimre, ar iarrataí ar leasú, ar iarrataí ar neamhbhailiú, ar fhógraí faoi theacht, ar fhaisnéis faoi thíolacadh earraí, ar fhaisnéis faoi iarrataí ar anailís riosca agus faoi thorthaí anailíse riosca, faoi mholtaí rialaithe, faoi chinntí ar rialuithe agus faoi thorthaí rialaithe, agus ar fhaisnéis arna malartú le hoibreoirí eacnamaíocha.

13. Úsáidfidh na Páirtithe Conarthacha stór coiteann ICS2 chun críche staidrimh agus meastóireachta agus chun faisnéis faoi dhearbhuithe iontrála achoimre a mhalartú idir na Páirtithe Conarthacha.

14. Idiroibreoidh stór coiteann ICS2 leis an gcomhéadan comhchuibhithe trádálaithe, leis na comhéadain náisiúnta trádálaithe i gcás ina bhforbróidh na Páirtithe Conarthacha é, agus leis na córais iontrála náisiúnta.

15. Úsáidfidh údarás custaim aon Pháirtí Chonarthaigh an stór coiteann chun dul i gcomhairle le húdarás custaim de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 12 den Chomhaontú agus le hIarscríbhinn I sula gcuirfidh sé an anailís riosca i gcrích chun críocha slándála agus sábháilteachta. Úsáidfidh údarás custaim aon Pháirtí Chonarthaigh an stór coiteann freisin chun dul i gcomhairle leis an bPáirtí Conarthach eile maidir leis na rialuithe molta, leis na cinntí arna ndéanamh i dtaca le rialuithe molta agus maidir leis na torthaí ar rialuithe custaim a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 12 den Chomhaontú agus le hIarscríbhinn I.

16. I gcás ina bhforbróidh na Páirtithe Conarthacha é, beidh an comhéadan náisiúnta trádálaithe ina phointe iontrála isteach in ICS2 d’oibreoirí eacnamaíocha i gcomhréir le hAirteagal 1 i gcás ina seolfar an aighneacht chuig an bPáirtí Conarthach atá ag oibriú an chomhéadain náisiúnta trádálaithe.

17. Maidir le haighneachtaí, leasuithe, neamhbhailiú, próiseáil, stóráil shonraí na ndearbhuithe iontrála achoimre agus fógraí faoi theacht, mar aon le malartú faisnéise idir na Páirtithe Conarthacha agus oibreoirí eacnamaíocha, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha a roghnú úsáid a bhaint as an gcomhéadan náisiúnta trádálaithe, i gcás ina bhforbrófar é, nó as an gcomhéadan comhchuibhithe trádálaithe.

18. I gcás ina bhforbrófar é, idiroibreoidh an comhéadan náisiúnta trádálaithe le stór coiteann ICS2.

19. Más rud é go bhforbróidh an Iorua comhéadan náisiúnta trádálaithe, tabharfaidh sí fógra don Aontas faoi sin.

20. Úsáidfidh údaráis chustaim na bPáirtithe Conarthacha córas iontrála náisiúnta le haghaidh sonraí na ndearbhuithe iontrála achoimre arna n‑asbhaint ó na dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú a mhalartú, faisnéis agus fógraí a mhalartú leis an stór coiteann le haghaidh faisnéis faoi theacht soithigh farraige nó aerárthaigh, faisnéis faoi thíolacadh earraí, próiseáil a dhéanamh ar iarrataí ar anailís riosca, agus malartú agus próiseáil a dhéanamh ar fhaisnéis faoi thorthaí anailíse riosca, faoi mholtaí rialaithe, faoi chinntí ar rialuithe agus faoi thorthaí rialaithe.

21. Úsáidfear é freisin i gcás ina n‑iarrfaidh údarás custaim aon Pháirtí Chonarthaigh tuilleadh faisnéise ó na hoibreoirí eacnamaíocha agus ina bhfaighidh sé an fhaisnéis sin.

22. Idiroibreoidh an córas iontrála náisiúnta leis an stór coiteann.

23. Idiroibreoidh an córas iontrála náisiúnta le córais arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh faisnéis dá dtagraítear i mír 20 a aisghabháil.

Airteagal 12

Feidhmiú Chóras Rialaithe Allmhairí 2 agus Oiliúint in úsáid an chórais

1. Déanfaidh an tAontas na comhpháirteanna coiteanna a fhorbairt, a thástáil, a imscaradh agus a bhainistiú. Déanfaidh an Iorua na comhpháirteanna náisiúnta a fhorbairt, a thástáil, a imscaradh agus a bhainistiú.

2. Áiritheoidh an Iorua go mbeidh na comhpháirteanna náisiúnta idir-inoibritheach leis na comhpháirteanna coiteanna.

3. Déanfaidh an tAontas na comhpháirteanna coiteanna a chothabháil agus déanfaidh an Iorua a comhpháirteanna náisiúnta a chothabháil.

4. Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go n‑oibreoidh na córais leictreonacha gan bhriseadh.

5. Féadfaidh an tAontas na comhpháirteanna coiteanna de na córais leictreonacha a athrú chun mífheidhmeanna a cheartú, chun feidhmiúlachtaí nua a chur leo nó chun feidhmiúlachtaí atá ann cheana a athrú.

6. Tabharfaidh an tAontas fógra don Iorua faoi athruithe agus nuashonruithe ar na comhpháirteanna coiteanna.

7. Tabharfaidh an Iorua fógra don Aontas faoi athruithe agus nuashonruithe ar na comhpháirteanna náisiúnta, athruithe agus nuashonruithe a bhféadfadh go mbeadh iarmhairtí acu d’fheidhmiú na gcomhpháirteanna coiteanna.

8. Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an fhaisnéis faoi na hathruithe agus na nuashonruithe ar fáil go poiblí ar na córais leictreonacha de bhun mhíreanna 6 agus 7.

9. I gcás chliseadh sealadach ICS2, beidh feidhm ag an bplean leanúnachais ghnó arna chinneadh ag na Páirtithe Conarthacha.

10. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile faoi gan na córais leictreonacha a bheith ar fáil de bharr cliseadh sealadach.

11. Tabharfaidh an tAontas tacaíocht don Iorua maidir le húsáid agus feidhmiú na gcomhpháirteanna coiteanna de na córais leictreonacha tríd an ábhar oiliúna iomchuí a chur ar fáil.

Airteagal 13

Ardán um Bainistíocht Aonfhoirmeach ar Úsáideoirí agus ar Shínithe Digiteacha

1. Cumasófar le hardán Aonfhoirmeach Bainistíochta Úsáideoirí agus Sínithe Dhigitigh (dá ngairtear ‘ardán UUM&DS’ anseo feasta) an chumarsáid idir córais bhainistíochta aitheantais agus rochtana na bPáirtithe Conarthacha dá dtagraítear i mír 6 chun rochtain údaraithe shlán a sholáthar d’oifigigh agus d’oibreoirí eacnamaíocha na bPáirtithe Conarthacha ar na córais leictreonacha.

2. Seo a leanas na comhpháirteanna coiteanna a bheidh san ardán UUM&DS:

(a)córas bainistíochta rochtana;

(b)córas bainistíochta riaracháin;

3. Úsáidfear an t‑ardán UUM&DS chun fíordheimhniú agus fíorú rochtana na ndaoine seo a leanas a áirithiú:

(a)oibreoirí eacnamaíocha chun go mbeidh rochtain acu ar ICS2;

(b)oifigigh na bPáirtithe Conarthacha chun go mbeidh rochtain acu ar na comhpháirteanna coiteanna de ICS2 agus chun an t‑ardán UUM&DS a choinneáil ar bun agus a bhainistiú.

4. Bunóidh na Páirtithe Conarthacha an córas bainistíochta rochtana chun na hiarrataí rochtana a chuireann oibreoirí eacnamaíocha isteach laistigh den ardán UUM&DS a bhailíochtú trí idiroibriú le córais bhainistíochta aitheantais agus rochtana na bPáirtithe Conarthacha dá dtagraítear i mír 6.

5. Bunóidh na Páirtithe Conarthacha an córas bainistíochta riaracháin chun bainistíocht a dhéanamh ar na rialacha fíordheimhniúcháin agus údarúcháin chun sonraí aitheantais na n‑oibreoirí eacnamaíocha a bhailíochtú chun rochtain a cheadú ar na córais leictreonacha.

6. Bunóidh na Páirtithe Conarthacha córas bainistíochta aitheantais agus rochtana chun na nithe seo a leanas a áirithiú:

(a)clárú slán agus stóráil shlán shonraí aitheantais na n‑oibreoirí eacnamaíocha ;

(b)malartú slán sonraí aitheantais sínithe agus criptithe na n‑oibreoirí eacnamaíocha.

Airteagal 14

Bainistíocht agus Úinéireacht Sonraí agus Slándáil

1. Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcomhfhreagróidh na sonraí a chláraítear ar an leibhéal náisiúnta do na sonraí a chláraítear sna comhpháirteanna coiteanna agus go gcoinneofar cothrom le dáta iad.

2. De mhaolú ar mhír 1, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcomhfhreagróidh na sonraí seo a leanas do na sonraí i stór coiteann ICS2 agus go gcoinneofar iad cothrom le dáta leis na sonraí sa stór sin:

(a)sonraí a chláraítear ar an leibhéal náisiúnta agus a chuirtear in iúl don stór coiteann ón gcóras iontrála náisiúnta;

(b)sonraí a sheoltar chuig an gcóras iontrála náisiúnta ón stór coiteann.

3. Maidir leis na sonraí i gcomhpháirteanna coiteanna ICS2 a chuireann oibreoir eacnamaíoch in iúl don chomhéadan comhroinnte trádálaithe, nó a chláraíonn oibreoir eacnamaíoch sa chomhéadan comhroinnte trádálaithe, féadfaidh an t‑oibreoir eacnamaíoch sin na sonraí sin a rochtain nó a phróiseáil.

4. Maidir leis na sonraí i gcomhpháirteanna coiteanna ICS2:

(a)a chuireann oibreoir eacnamaíoch in iúl do Pháirtí Conarthach trí shonraí a chur isteach sa stór coiteann tríd an gcomhéadan comhchuibhithe trádálaithe, féadfaidh an Páirtí Conarthach sin iad a rochtain agus a phróiseáil sa stór coiteann. I gcás inar gá, féadfaidh an Páirtí Conarthach sin an fhaisnéis sin a chláraítear sa chomhéadan comhchuibhithe trádálaithe a rochtain freisin;

(b)a chuireann Páirtí Conarthach in iúl don stór coiteann nó a chláraíonn Páirtí Conarthach sa stór coiteann, féadfaidh an Páirtí Conarthach sin iad a rochtain nó a phróiseáil;

(c)dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) thuas, féadfaidh an Páirtí Conarthach eile iad a rochtain agus a phróiseáil freisin i gcás ina mbeidh baint aige leis an anailís riosca agus/nó leis an bpróiseas rialaithe lena mbaineann na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 12 den Chomhaontú agus le hIarscríbhinn I.

(d)féadfaidh an Coimisiún iad a phróiseáil i gcomhar leis na Páirtithe Conarthacha chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(c) agus Airteagal 11(6) d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh an Coimisiún agus na Páirtithe Conarthacha na torthaí ar phróiseáil den sórt sin a rochtain.

5. Maidir leis na sonraí i gcomhpháirt choiteann ICS2 a chláraíonn an tAontas sa stór coiteann, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha iad a rochtain. Féadfaidh an tAontas na sonraí sin a phróiseáil.

6. Is é an tAontas a bheidh in úinéir córais na gcomhpháirteanna coiteanna.

7. Is í an Iorua a bheidh in úinéir córais a comhpháirteanna náisiúnta.

8. Áiritheoidh an tAontas slándáil na gcomhpháirteanna coiteanna agus áiritheoidh an Iorua slándáil a comhpháirteanna náisiúnta.

9. Chun na gcríoch sin, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta is gá, ar a laghad, chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)cosc a chur ar aon duine neamhúdaraithe rochtain a bheith aige ar shuiteálacha a úsáidtear chun sonraí a phróiseáil;

(b)cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe sonraí a iontráil, breathnú orthu, iad a mhodhnú nó iad a scriosadh ar aon bhealach;

(c)aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a bhrath;

10. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile faoi aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le sárú nó sárú amhrasach ar shlándáil na gcóras leictreonach.

11. Bunóidh na Páirtithe Conarthacha pleananna slándála a bhaineann leis na córais uile.

12. Déanfar na sonraí a chláraítear sna comhpháirteanna de ICS2 a stóráil ar feadh trí bliana ar a laghad tar éis iad a chlárú. Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha dul thar an tréimhse sin i gcás ina gceanglaítear é sin le reachtaíocht náisiúnta ábhartha.

Airteagal 15

Sonraí pearsanta a phróiseáil

I gcás ICS2 agus an ardáin UUM&DS, i ndáil leis na sonraí pearsanta atá iontu a phróiseáil,

1. Gníomhóidh an Iorua agus na Ballstáit den Aontas mar rialaitheoirí i gcomhréir leis an bhforáil d’Airteagal 14 den Chomhaontú.

2. Gníomhóidh an Coimisiún mar phróiseálaí agus comhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a fhorchuirtear air ina leith sin de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 15 , ach amháin i gcás ina mbeidh na sonraí á bpróiseáil aige le haghaidh faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcritéar agus na gcaighdeán riosca slándála agus sábháilteachta coiteann, na mbeart rialaithe coiteann agus an limistéir rialaithe thosaíochta choitinn, ar ina leith a ghníomhóidh an Coimisiún mar chomhrialaitheoir.

Airteagal 16

Rannpháirtíocht in ICS2 a fhorbairt, a chothabháil agus a bhainistiú

Cumasóidh an tAontas do shaineolaithe ó Stát CSTE lena mbaineann páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí i gcruinnithe an tSainghrúpa Custaim agus na meithleacha faoi seach i gcás míreanna a bhaineann le ICS2 a fhorbairt, a chothabháil agus a bhainistiú. Déanfaidh an tAontas cinneadh ar bhonn cás ar chás ar rannpháirtíocht shaineolaithe Stát CSTE lena mbaineann i gcruinnithe na meithleacha nach ndéantar ionadaíocht ach do líon teoranta Ballstát den Aontas iontu agus a thuairiscíonn don Sainghrúpa Custaim.

TEIDEAL III

Airteagal 17

Socruithe Maoiniúcháin a bhaineann leis na freagrachtaí, na ceangaltais agus na hionchais a bheidh ann tráth chur chun feidhme agus oibriú Chóras Rialaithe Allmhairí 2

Maidir le húsáid ICS2 a leathnú chuig an Iorua, agus i bhfianaise chaibidil IIa agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gcomhaontú seo, sainítear sna Socruithe Maoiniúcháin seo (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) na heilimintí de chomhoibriú idir na Páirtithe i leith ICS2.

(a)Déanfaidh an Coimisiún forbairt, tástáil, imscaradh, bainistiú agus oibriú ar chomhpháirteanna lárnacha ICS2, rud ina mbeidh comhéadan comhroinnte trádálaithe agus stór coiteann (dá ngairtear comhpháirteanna lárnacha ICS2 anseo feasta), lena n‑áirítear na feidhmchláir agus na seirbhísí a theastaíonn dá n‑oibriú agus dá n‑idirnascadh leis na córais TF san Iorua, amhail meánearraí TAPAS, UUM&DS agus CCN2ng, agus gabhann sé air féin iad a chur ar fáil don Iorua.

(b)Déanfaidh an Iorua comhpháirteanna náisiúnta ICS2 a fhorbairt, a thástáil, a imscaradh, a bhainistiú agus a oibriú.

(c)Comhaontaíonn an Iorua agus an Coimisiún go gcomhroinnfidh siad na costais forbartha agus aonuaire a bhaineann le comhpháirteanna lárnacha ICS2, mar aon leis na costais oibriúcháin a bhaineann le comhpháirteanna lárnacha ICS2 agus leis na feidhmchláir ghaolmhara agus na seirbhísí gaolmhara a theastaíonn dá n‑oibriú agus dá n‑idirnascadh, mar a leanas:

(1)Déanfaidh an Coimisiún cuid de na costais forbartha a bhaineann le comhpháirteanna lárnacha ICS2 a shonrascadh chuig an Iorua i gcomhréir le litir d) agus litir e). Cumhdaítear sna costais forbartha na costais a bhaineann le forbairt bogearraí na gcomhpháirteanna lárnacha agus le bonneagar gaolmhar (crua-earraí, bogearraí, óstáil, ceadúnais, etc.) a cheannach agus a shuiteáil. Baineann an fhoirmle leithdháilte le 4 % de na costais uile ar na seirbhísí a luaitear.

(2)Déanfar na costais forbartha uasta a chaidhpeáil ag EUR 550,000 (cúig chéad agus caoga míle) in aghaidh na heisiúna.

(3)Déanfaidh an Coimisiún cuid de na costais oibriúcháin a bhaineann le ICS2 agus TAPAS a shonrascadh chuig an Iorua i gcomhréir le litreacha f), g) agus h). Cumhdaítear sna costais oibriúcháin na costais a bhaineann le tástáil chomhréireachta agus cothabháil a dhéanamh ar bhonneagar (crua-earraí, bogearraí, óstáil, ceadúnais, etc.), ar chomhpháirteanna lárnacha ICS2 agus ar na feidhmchláir ghaolmhara agus na seirbhísí gaolmhara a theastaíonn dá n‑oibriú agus dá n‑idirnascadh (dearbhú cáilíochta, deasc chabhrach agus Bainistíocht Seirbhísí TF). Baineann an fhoirmle leithdháilte le 4 % de na costais uile ar na seirbhísí a luaitear.

(4)I gcás na hIorua, ní rachaidh na costais oibriúcháin a bhaineann le ICS2 a úsáid thar an méid uasta EUR 450,000 (ceithre chéad agus caoga míle) in aghaidh na bliana.

(5)Íocfaidh an Iorua na costais forbartha agus oibriúcháin uile a bhaineann leis an gcomhpháirt náisiúnta/na comhpháirteanna náisiúnta.

(6)Coinneofar an Iorua ar an eolas faoi éabhlóid bheartaithe na gcostas agus tabharfar fógra di faoi na príomheilimintí le haghaidh ICS2 a fhorbairt, ar eilimintí iad a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na costais sin.

(d)Comhaontaíonn an Iorua ranníocaíocht a dhéanamh i leith na gcostas le haghaidh forbairt agus tástáil chomhréireachta a dhéanamh ar chomhpháirteanna lárnacha ICS2 a thabhófar roimh chur chun feidhme an chomhaontaithe seo. Chun na críche sin:

(1)Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Iorua faoi mhéid measta na ranníocaíochta is gá do na blianta roimh chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

(2)Faoin 15/05 gach bliain, dar tús an 15/05/2021, iarrfaidh an Coimisiún ar an Iorua an ranníocaíocht uaithi i leith na gcostas roimhe sin a íoc ina tráthchodanna cothroma thar an gcéad cheithre bliana de ICS2 a úsáid.

(e)Comhaontaíonn an Iorua páirt a ghlacadh sna costais forbartha a bhaineann le comhpháirteanna lárnacha ICS2. Chun na críche sin:

(1)Comhaontaíonn an Iorua íoc as a rannpháirtíocht sna costais forbartha a bhaineann le heisiúint 1, eisiúint 2 agus eisiúint 3 ICS2.

(2)Faoin 15/05 gach bliain, dar tús an 15/05/2021, iarrfaidh an Coimisiún ar an Iorua an ranníocaíocht uaithi i leith fhorbairt na heisiúna is déanaí a íoc ar bhonn nóta dochair atá doiciméadaithe go cuí, rud a eiseoidh an Coimisiún.

(f)Comhaontaíonn an Iorua páirt a ghlacadh sna costais oibriúcháin a bhaineann le comhpháirteanna lárnacha ICS2. Chun na críche sin:

(1)Faoin 31/07 gach bliain, dar tús an 31/07/2021, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Iorua faoi na costais oibriúcháin mheasta don bhliain dár gcionn agus seolfaidh sé i scríbhinn chuig an Iorua méid measta na ranníocaíochta is gá don chéad bhliain eile. Tabharfar fógra don Iorua faoi sin ar an mbealach céanna agus an tráth céanna a thabharfaidh an Coimisiún fógra do gach ceann de na baill eile de ICS2, agus fógra á thabhairt freisin faoi na príomhghnéithe de ICS2 a fhorbairt.

(2)Faoin 15/05/2021 amháin, iarrfaidh an Coimisiún ar an Iorua an ranníocaíocht bhliantúil uaithi i leith an chostais oibriúcháin EUR 110,000 don bhliain 2020 a íoc, mar aon leis an ranníocaíocht bhliantúil mheasta EUR 280,000 do 2021. Faoin 15/05 gach bliain, dar tús an 15/05/2022, iarrfaidh an Coimisiún ar an Iorua an ranníocaíocht bhliantúil uaithi don bhliain sin a íoc, mar aon le méid an iarmhéid (bíodh sé diúltach nó dearfach) na bliana roimhe ar bhonn nóta dochair atá doiciméadaithe go cuí, rud a eiseoidh an Coimisiún.

(3) Faoin 31/01 gach bliain, dar tús an 31/01/2022,

déanfaidh an Coimisiún na cuntais a bhaineann leis na costais bhliantúla roimhe a bhaineann le ICS2 agus TAPAS a oibriú a ghlanadh ar bhonn na difríochta idir an tsuim a d’íoc an Iorua cheana féin agus na costais iarbhír a thabhaigh an Coimisiún agus soláthróidh sé don Iorua ráiteas cuntais ina bhfuil miondealú ar chostais ina sainaithnítear na seirbhísí difriúla agus an soláthar bogearraí; agus

soláthróidh sé don Iorua na costais bhliantúla iarbhír, i.e., fíorchostais oibriúcháin, don bhliain seo a chuaigh thart. Ríomhfaidh an Coimisiún na costais iarbhír agus na costais mheasta i gcomhréir leis na conarthaí a bhunaigh sé le conraitheoirí faoi na nósanna imeachta reatha le haghaidh conarthaí a dhámhachtain.

Ríomhfar an t‑iarmhéid (bíodh sé diúltach nó dearfach) idir na costais iarbhír agus méid measta na bliana roimhe agus cuirfear in iúl é don Iorua trí ráiteas cuntais ón gCoimisiún. Áireofar leis an ráiteas cuntais an méid bliantúil measta don ranníocaíocht móide méid an iarmhéid (bíodh sé diúltach nó dearfach), rud as a dtiocfaidh méid glan a shonrascfaidh an Coimisiún chuig an Iorua tríd an nóta dochair bliantúil.

(g)Déanfaidh an Iorua an íocaíocht tar éis dháta eisiúna an nóta dochair. Ní mór gach íocaíocht a dhéanamh laistigh de 60 lá chuig an gcuntas bainc de chuid an Choimisiúin a léirítear ar an nóta dochair.

(h)Más rud é go n‑íocfaidh an Iorua na méideanna dá bhforáiltear i litir c) níos déanaí ná na dátaí a shonraítear i litir g), féadfaidh an Coimisiún ús a ghearradh ar an riaráiste (ag an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm i leith a chuid oibríochtaí in euro, a fhoilsítear i sraith ‘C’ den Iris Oifigiúil, ar an lá a théann an spriocdháta le haghaidh aisíocaíochta in éag, móide pointe amháin go leith). Beidh feidhm ag an ráta céanna maidir le híocaíochtaí a bheidh le déanamh ag an Aontas.

(i)I gcás ina n‑iarrfaidh an Iorua go ndéanfaí coigeartuithe sonracha ar chomhpháirteanna lárnacha, feidhmchláir nó seirbhísí ICS2, nó ina n‑iarrfaidh sí táirgí nua TF lena n‑aghaidh, beidh tionscnamh agus críochnú na bhforbairtí sin faoi réir comhaontú frithpháirteach ar leith maidir le riachtanais acmhainní agus maidir le costais forbartha.

(j)Maidir leis na hábhair oiliúna uile a dhéanfaidh na Páirtithe a chruthú agus a chothabháil, comhroinnfear iad leis na páirtithe uile saor in aisce trí mhodhanna leictreonacha. Ní fhéadfaidh an Iorua an saothar a chóipeáil, a dháileadh, a thaispeáint agus a dhéanamh ná saothair dhíorthacha a chruthú bunaithe ar na hábhair oiliúna chomhroinnte

(1)ach amháin i gcás ina dtabharfaidh sí na creidiúintí don údar ar an mbealach a shonraítear san ábhar oiliúna comhroinnte;

(2)ach amháin chun críocha neamhthráchtála.

(k)Comhaontaíonn na Páirtithe na freagrachtaí atá orthu faoi seach a admháil agus a chomhlíonadh i ndáil le húsáid a bhaint as comhpháirteanna lárnacha ICS2, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

(l)I gcás ina mbeidh drochamhras tromchúiseach ann maidir le feidhmiú cuí na hIarscríbhinne seo nó ICS2, féadfaidh ceachtar Páirtí cur i bhfeidhm an tsocraithe seo a chur ar fionraí ar choinníoll gur tugadh fógra i scríbhinn don Pháirtí eile faoi sin trí mhí roimh ré.

Teideal IV

Dearbhú imeachta achomair

Airteagal 18

Foirm agus ábhar an dearbhaithe imeachta achomair

1. Déanfar an dearbhú imeachta achomair a thaisceadh trí theicníc próiseála sonraí a úsáid. Féadfar doiciméadacht tráchtála, calafoirt nó iompair a úsáid, ar choinníoll go mbeidh na sonraí is gá iontu.

2. Beidh sa dearbhú imeachta achomair na sonraí a leagtar síos le haghaidh dearbhú den sórt sin i gcolún A1 agus i gcolún A2 de Chaibidil 3 d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún agus comhlíonfar ann na formáidí, na cóid agus an bhunuimhirtheacht faoi seach a leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún. Comhlánófar é i gcomhréir leis na nótaí sna hIarscríbhinní sin. Beidh an dearbhú imeachta achomair fíordheimhnithe ag an duine a chomhlánaigh é.

3. Ní cheadóidh na húdaráis chustaim dearbhú imeachta achomair atá bunaithe ar pháipéar a thaisceadh, ná ní cheadóidh siad aon mhodh eile a chomhaontófar idir na húdaráis chustaim, ach amháin i gceann amháin de na himthosca seo a leanas:

(a)i gcás nach mbeidh córas ríomhairithe na n‑údarás custaim ag feidhmiú ann;

(b)i gcás nach mbeidh feidhmchlár leictreonach an duine a bhfuil an dearbhú imeachta achomair á thaisceadh aige ag feidhmiú ann, ar choinníoll go gcuirfidh na húdaráis chustaim i bhfeidhm an leibhéal céanna bainistíochta riosca a chuirtear i bhfeidhm i leith dearbhuithe imeachta achoimre a dhéantar trí theicníc próiseála sonraí a úsáid. Beidh an dearbhú imeachta achomair atá bunaithe ar pháipéar sínithe ag an duine a chomhlánaigh é. Beidh liostaí luchta nó liostaí iomchuí eile ag gabháil le dearbhuithe imeachta achoimre atá bunaithe ar pháipéar, i gcás inar gá, agus beidh na sonraí dá dtagraítear i mír 2 iontu.

4. Saineoidh gach Páirtí Conarthach na coinníollacha agus na nósanna imeachta ar dá réir a fhéadfaidh an duine a bhfuil an dearbhú imeachta achomair á thaisceadh aige ceann amháin nó níos mó de shonraí an dearbhaithe a mhodhnú tar éis é a thaisceadh.

Airteagal 19

Tarscaoileadh ón oibleagáid dearbhú imeachta achomair a thaisceadh

1. Ní cheanglófar dearbhú imeachta achomair i leith na n‑earraí seo a leanas:

(a)fuinneamh leictreach;

(b)earraí a thugtar amach de phíblíne;

(c)míreanna comhfhreagrais;

(d)earraí i gcoinsíneachtaí poist;

(e)earraí ar lena n‑aghaidh a cheadaítear dearbhú custaim ó bhéal nó dearbhú trí thrasnú simplí na teorann i gcomhréir le reachtaíocht na bPáirtithe Conarthacha, seachas pailléid, coimeádáin, modhanna iompair, agus páirteanna spártha, oiriúintí agus trealamh le haghaidh míreanna den sórt sin, i gcás ina n‑iompraítear iad faoi chonradh iompair.

(f)earraí atá istigh i mbagáiste pearsanta taistealaithe;

(g)earraí a chumhdaítear le Carnet ATA agus CPD;

(h)earraí atá i dteideal faoisimh de bhun Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta an 18 Aibreán 1961, de bhun Choinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta an 24 Aibreán 1963, de bhun coinbhinsiúin Chonsalachta eile nó de bhun Choinbhinsiún Nua-Eabhrac maidir le Misin Speisialta an 16 Nollaig 1969;

(i)airm agus trealamh míleata a thugann na húdaráis atá i gceannas ar chosaint mhíleata na bPáirtithe Conarthacha amach as críoch custaim aon Pháirtí Chonarthaigh nó a thugtar amach aisti trí iompar míleata nó trí iompar a oibrítear lena úsáid ag na húdaráis mhíleata agus acu sin amháin;

(j)na hearraí seo a leanas a thugtar amach go díreach as críoch custaim aon Pháirtí Chonarthaigh go suiteálacha eischósta a n‑oibríonn duine atá bunaithe i gcríoch custaim na bPáirtithe Conarthacha iad:

(1)earraí a bheidh le húsáid le haghaidh na suiteálacha eischósta a thógáil, a dheisiú, a chothabháil nó a athchóiriú;

(2)earraí a bheidh le húsáid chun na suiteálacha eischósta a fheistiú nó a threalmhú;

(3)soláthairtí a bheidh le húsáid nó le caitheamh ar na suiteálacha eischósta;

(k)earraí a ghluaistear faoi chumhdach fhoirm 302 ECAT dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún idir na Páirtithe i gConradh an Atlantaigh Thuaidh maidir le Stádas a gcuid Fórsaí, rud a síníodh i Londain an 19 Meitheamh 1951, nó faoi chumhdach fhoirm 302 AE dá bhforáiltear in Airteagal 1(51) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún;

(l)earraí a sholáthraítear lena n‑úsáid mar pháirteanna nó mar oiriúintí i soithí nó in aerárthaí agus le haghaidh innill, meaisíní agus trealamh eile soithí nó aerárthaí a oibriú, mar aon le hearraí bia agus míreanna eile a bheidh le caitheamh nó le díol ar bord;

(m)earraí tí, mar a shainmhínítear i reachtaíocht na bPáirtithe Conarthacha faoi seach, ar choinníoll nach n‑iompraítear iad faoi chonradh iompair;

(n)earraí a sheoltar as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha go Ceuta agus Melilla, Heligoland, Poblacht San Mairíne, Stát Chathair na Vatacáine, bardais Livigno, agus Samnaun agus Sampuoir, ar eachtarchríocha custaim de chuid na hEilvéise iad;

(o)earraí a iompraítear ar shoithí a ghluaiseann idir calafoirt na bPáirtithe Conarthacha, gan stopadh idir an dá linn ag aon chalafort lasmuigh de chríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(p)earraí a iompraítear ar aerárthaí a ghluaiseann idir aerfoirt na bPáirtithe Conarthacha, gan stopadh idir an dá linn ag aon aerfort lasmuigh de chríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

2. Ní cheanglófar dearbhú imeachta achomair sna cásanna dá bhforáiltear i gcomhaontú idirnáisiúnta a tugadh i gcrích idir Páirtí Conarthach agus tríú tír maidir le slándáil, faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9b(3) den Chomhaontú.

3. Ní cheanglóidh na Páirtithe Conarthacha dearbhú imeachta achomair le haghaidh earraí sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina mbeidh soitheach lena n‑iompraítear na hearraí idir calafoirt na bPáirtithe Conarthacha chun stopadh ag calafort lasmuigh de chríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha agus ina mbeidh na hearraí le coinneáil ar bhord an tsoithigh le linn an stoptha ag an gcalafort lasmuigh de chríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(b)i gcás ina mbeidh aerárthach lena n‑iompraítear na hearraí idir aerfoirt na bPáirtithe Conarthacha chun stopadh ag aerfort lasmuigh de chríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha agus ina mbeidh na hearraí le coinneáil ar bhord an aerárthaigh le linn an stoptha ag an aerfort lasmuigh de chríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(c)i gcás inarb amhlaidh, i gcalafort nó in aerfort, nach ndéanfar na hearraí a dhíluchtú ón modh iompair lenar iompraíodh iad isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha agus lena n‑iomprófar iad amach as na críocha sin;

(d)i gcás inar luchtaíodh na hearraí ag calafort nó aerfort roimhe i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha inar taisceadh dearbhú imeachta achomair nó ina raibh feidhm ag tarscaoileadh ón oibleagáid dearbhú réamhimeachta a thaisceadh agus ina gcoinneofar na hearraí ar an modh iompair lena n‑iomprófar iad amach as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(e)i gcás ina ndéanfar earraí atá i stóráil shealadach nó a cuireadh sa nós imeachta saorchreasa a thrasloingsiú as an modh iompair lenar tugadh iad chuig an tsaoráid stórála sealadaí nó an saorchrios sin faoi mhaoirseacht ag an oifig custaim chéanna agus isteach ar shoitheach, eitleán nó iarnród lena n‑iomprófar iad amach as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(1)déantar an trasloingsiú laistigh de 14 lá ó thíolacadh na n‑earraí i gcomhréir le reachtaíocht an Pháirtí Chonarthaigh faoi seach nó, in imthosca eisceachtúla, laistigh de thréimhse níos faide arna húdarú ag na húdaráis chustaim i gcás nach leor an tréimhse 14 lá chun déileáil leis na himthosca sin ann;

(2)tá faisnéis faoi na hearraí ar fáil do na húdaráis chustaim;

(3)níor athraíodh ceann scríbe na n‑earraí agus an choinsíní de réir eolas an iompróra;

(f)i gcás inar tugadh earraí isteach i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha ach inar dhiúltaigh an t‑údarás custaim inniúil dóibh agus inar seoladh iad ar ais láithreach chuig tír an onnmhairiúcháin.

Airteagal 20

Áit le haghaidh dearbhú imeachta achomair a thaisceadh

1. Déanfar an dearbhú imeachta achomair a thaisceadh leis an oifig custaim inniúil i gcríoch custaim an Pháirtí Chonarthaigh ina gcuirfear na foirmiúlachtaí imeachta le haghaidh earraí a bhfuil tríú tíortha mar cheann scríbe acu i gcrích. Mar sin féin, déanfar dearbhú onnmhairiúcháin chustaim a úsáidtear mar dhearbhú imeachta achomair a thaisceadh le húdarás inniúil an Pháirtí Chonarthaigh ar ina chríoch custaim a chuirfear na foirmiúlachtaí a bhaineann le honnmhairiú chuig tríú tír i gcrích. I gceachtar cás, déanfaidh an oifig inniúil an anailís riosca a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht ar bhonn na sonraí a bheidh ar áireamh sa dearbhú, mar aon leis na rialuithe custaim slándála agus sábháilteachta a mheasfar a bheith riachtanach.

2. I gcás ina dtabharfar earraí amach as críoch custaim aon Pháirtí Chonarthaigh chuig tríú tír, trí chríoch custaim an Pháirtí Chonarthaigh eile, agus ina seolfar nós imeachta um earraí faoi bhealach atá i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Nós Imeachta Comhchoiteann um Earraí faoi Bhealach tar éis na bhfoirmiúlachtaí onnmhairiúcháin, úsáidfear NCTS chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18 (2) a tharchur chuig údaráis inniúla an dara Páirtí Conarthach.

Sa chás sin, cuirfidh oifig custaim an chéad Pháirtí Chonarthaigh torthaí a rialuithe custaim a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht ar fáil d’údarás custaim an dara Páirtí Conarthach:

(a)i gcás ina measfaidh an t‑údarás custaim go bhfuil na rioscaí ina rioscaí móra a dteastaíonn rialú custaim ina leith agus ina suífear i dtorthaí an rialaithe gur tharla an eachtra as a dtagann na rioscaí; nó

(b)i gcás nach suífear sna torthaí rialaithe gur tharla an eachtra as a dtagann na rioscaí ann ach ina measfaidh an t‑údarás custaim lena mbaineann go gcruthaíonn an bhagairt ardriosca in áit eile i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha; nó

(c)i gcás inar gá déanamh amhlaidh le haghaidh chur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha sa chomhaontú seo.

Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an fhaisnéis faoi na rioscaí a luaitear faoi phointe a) agus faoi phointe b) a mhalartú tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 9e(3) den Chomhaontú.

3. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina dtabharfar earraí amach as críoch custaim aon Pháirtí Chonarthaigh chuig tríú tír, trí chríoch custaim an Pháirtí Chonarthaigh eile, agus nach seolfar nós imeachta um earraí faoi bhealach atá i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Nós Imeachta Comhchoiteann um Earraí faoi Bhealach tar éis na bhfoirmiúlachtaí onnmhairiúcháin ann, déanfar an dearbhú imeachta achomair a thaisceadh go díreach le hoifig custaim inniúil imeachta an dara Páirtí Conarthach tráth a thabharfar na hearraí amach chuig tríú tír ar deireadh.

Airteagal 21

Teorainneacha ama le haghaidh dearbhú imeachta achomair a thaisceadh

1. Déanfar an dearbhú imeachta achomair a thaisceadh laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas:

(a)i gcás tráchta mhuirí:

(1)i gcás gluaiseachtaí lasta i gcoimeádán, seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (2) agus i bpointe (3), 24 huaire an chloig ar a dhéanaí sula luchtófar na hearraí isteach ar an soitheach ar a mbeidh siad le tabhairt amach as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(2)i gcás gluaiseachtaí lasta i gcoimeádán idir críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha agus an Ghraonlainn, Oileáin Fharó, an Íoslainn nó calafoirt ar Mhuir Bhailt, ar an Muir Thuaidh, ar an Muir Dhubh nó ar an Meánmhuir agus gach calafort de chuid Mharacó, dhá uair an chloig ar a dhéanaí roimh an imeacht as calafort i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(3)i gcás gluaiseachtaí lasta i gcoimeádán idir na ranna Francacha thar lear, na hAsóir, Maidéara nó na hOileáin Chanáracha agus críoch atá lonnaithe lasmuigh de chríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha, i gcás inar lú fad an turais mhara ná 24 huaire an chloig, dhá uair an chloig ar a dhéanaí roimh an imeacht as calafort i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(4)i gcás gluaiseachtaí nach bhfuil lasta i gcoimeádán i gceist leo, dhá uair an chloig ar a dhéanaí roimh an imeacht as calafort i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(b)i gcás aerthráchta, 30 nóiméad ar a dhéanaí roimh an imeacht as aerfort i gcríocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(c)i gcás tráchta ar bhóithre agus ar uiscebhealaí intíre, uair an chloig ar a dhéanaí sula mbeidh na hearraí le tabhairt amach as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha;

(d)i gcás tráchta ar iarnród:

(1)i gcás ina dtógfaidh an turas traenach ón stáisiún comhdhéanamh traenach deiridh chuig an oifig custaim imeachta níos lú ná dhá uair an chloig, uair an chloig ar a dhéanaí roimh theacht na n‑earraí ag an áit ar a bhfuil an oifig custaim imeachta inniúil;

(2)i ngach cás eile, dhá uair an chloig ar a dhéanaí sula mbeidh na hearraí le tabhairt amach as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha.

2. Sna cásanna seo a leanas, is í an teorainn ama le haghaidh an dearbhú imeachta achomair a thaisceadh an teorainn ama is infheidhme i leith an mhodha ghníomhaigh iompair a úsáidfear chun imeacht as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha:

(a)i gcás ina sroichfidh na hearraí an oifig custaim imeachta ar mhodh iompair eile as a n‑aistreofar iad sula dtabharfar iad amach as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha (iompar idirmhódúil);

(b)i gcás ina sroichfidh na hearraí an oifig custaim imeachta ar mhodh iompair a n‑iompraítear é féin ar mhodh gníomhach iompair nuair a thugtar iad amach as críocha custaim na bPáirtithe Conarthacha (iompar comhcheangailte).

3. Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i gcás force majeure.

4. D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh gach Páirtí Conarthach cinneadh a dhéanamh ar theorainneacha ama difriúla:

(a)i gcás an tráchta dá dtagraítear in Airteagal 20(2), chun gur féidir anailís riosca iontaofa a dhéanamh agus lastais a idircheapadh chun aon seiceálacha custaim a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht a dhéanamh,

(b)i gcás comhaontaithe idirnáisiúnta idir an Páirtí Conarthach sin agus tríú tír maidir le slándáil, faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9b(3) den Chomhaontú.

3. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad IARSCRÍBHINN II de Phrótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú:

IARSCRÍBHINN II

OIBREOIR EACNAMAÍOCH ÚDARAITHE

TEIDEAL I

Stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú

Airteagal 1

Forálacha ginearálta

Is mar a leanas a bheidh na critéir le haghaidh stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú:

(a)gan aon sárú tromchúiseach nó athsháruithe a bheith déanta ag an iarratasóir ar reachtaíocht custaim agus ar rialacha cánachais, lena n‑áirítear gan aon taifead a bheith aige ar chionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena g(h)níomhaíocht eacnamaíoch;

(b)an t‑iarratasóir a bheith ag taispeáint go bhfuil ardleibhéal rialaithe aige ar a (h)oibríochtaí agus ar an sreabhadh earraí, trí chóras chun taifid tráchtála agus, i gcás inarb iomchuí, taifid iompair a bhainistiú, ar córas é lena n‑éascaítear rialuithe custaim iomchuí;

(c)sócmhainneacht airgeadais, a mheasfar a bheith cruthaithe i gcás ina mbeidh dea-sheasamh airgeadais ag an iarratasóir lena gcumasaítear dó/di na ceangaltais atá air/uirthi a chomhlíonadh, agus aird chuí á tabhairt ar shaintréithe an chineáil ghníomhaíochta gnó lena mbaineann;

(d)caighdeáin iomchuí slándála agus sábháilteachta, a mheasfar a bheith comhlíonta i gcás ina dtaispeánfaidh an t‑iarratasóir go gcoinníonn sé/sí bearta iomchuí ar bun chun slándáil agus sábháilteacht an tslabhra soláthair idirnáisiúnta a áirithiú, lena n‑áirítear i réimsí amhail sláine fhisiceach agus rialuithe rochtana, próisis lóistíochúla agus láimhseáil cineálacha sonracha earraí, pearsanra, agus sainaithint a c(h)omhpháirtithe gnó.

Airteagal 2

Comhlíonadh

1. Measfar an critéar a leagtar síos in Airteagal 1(a) a bheith comhlíonta más rud é 

(a)nach ndearna údarás riaracháin nó breithiúnach aon chinneadh á rá go ndearna duine de na daoine a thuairiscítear i bpointe (b) sáruithe tromchúiseacha nó athsháruithe, thar na trí bliana seo a chuaigh thart, ar reachtaíocht custaim nó ar rialacha cánachais i ndáil lena g(h)níomhaíocht eacnamaíoch; agus 

(b)nach bhfuil aon taifead ag aon duine de na daoine seo a leanas ar chion coiriúil tromchúiseach i ndáil lena g(h)níomhaíocht eacnamaíoch, lena n‑áirítear gníomhaíocht eacnamaíoch an iarratasóra, i gcás inarb infheidhme:

(1)an t‑iarratasóir,

(2)an fostaí/na fostaithe atá i gceannas ar ábhair chustaim an iarratasóra, agus 

(3)an duine/na daoine atá i gceannas ar an iarratasóir nó a fheidhmíonn rialú ar bhainistíocht an iarratasóra.

2. Mar sin féin, féadfar an critéar dá dtagraítear in Airteagal 1(a) a mheas a bheith comhlíonta i gcás ina measfaidh an t‑údarás custaim atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh go bhfuil miontábhacht ag baint leis an sárú, i ndáil leis an líon oibríochtaí gaolmhara nó le méid na n‑oibríochtaí gaolmhara, agus i gcás nach mbeidh aon amhras ar an údarás custaim faoi mheon macánta an iarratasóra ann.

3. I gcás ina mbeidh an duine dá dtagraítear i mír 1(b)(3) den Airteagal seo, seachas an t‑iarratasóir, bunaithe i dtríú tír nó ina mbeidh cónaí air/uirthi i dtríú tír, déanfaidh an t‑údarás custaim atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh measúnú ar chomhlíonadh an chritéir dá dtagraítear in Airteagal 1(a) ar bhonn na dtaifead agus na faisnéise atá ar fáil dó.

4. I gcás ina mbeidh an t‑iarratasóir bunaithe le níos lú ná 3 bliana anuas, déanfaidh an t‑údarás custaim atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh measúnú ar chomhlíonadh an chritéir dá dtagraítear in Airteagal 1(a) ar bhonn na dtaifead agus na faisnéise atá ar fáil dó.

Airteagal 3

Córas sásúil chun taifid tráchtála agus iompair a bhainistiú

Measfar an critéar a leagtar síos in Airteagal 1(b) a bheith comhlíonta más rud é go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)coinníonn an t‑iarratasóir córas cuntasaíochta ar bun, atá ag teacht leis na prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo agus a chuirtear i bhfeidhm sna Páirtithe Conarthacha ina gcoinnítear na cuntais, lena n‑éascaítear rialú custaim atá bunaithe ar iniúchadh agus lena gcoinnítear taifead stairiúil sonraí lena soláthraítear rian iniúchta ón uair a iontráiltear na sonraí sa chomhad;

(b)déantar taifid a choinníonn an t‑iarratasóir chun críocha custaim a chomhtháthú isteach i gcóras cuntasaíochta an iarratasóra nó éascaítear leis na taifid sin faisnéis a chros-seiceáil in aghaidh an chórais chuntasaíochta;

(c)tugann an t‑iarratasóir rochtain fhisiceach don údarás custaim ar a c(h)órais chuntasaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, ar a t(h)aifid tráchtála agus iompair;

(d)tugann an t‑iarratasóir rochtain leictreonach don údarás custaim ar a c(h)órais chuntasaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, ar a t(h)aifid tráchtála agus iompair, i gcás ina gcoinnítear na córais nó na taifid sin go leictreonach;

(e)tá ar an iarratasóir eagrú riaracháin a chomhfhreagraíonn do chineál agus méid an ghnólachta agus atá oiriúnach don sreabhadh earraí a bhainistiú agus tá ag an iarratasóir rialuithe inmheánacha atá in ann earráidí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus idirbhearta neamhdhleathacha nó neamhrialta a chosc agus a bhrath;

(f)i gcás inarb infheidhme, tá nósanna imeachta sásúla i bhfeidhm ag an iarratasóir le haghaidh láimhseáil a dhéanamh ar cheadúnais agus údaruithe a deonaíodh i gcomhréir le bearta beartais tráchtála nó a bhaineann leis an trádáil i dtáirgí talmhaíochta;

(g)tá nósanna imeachta sásúla i bhfeidhm ag an iarratasóir le haghaidh a t(h)aifid agus a f(h)aisnéis a chartlannú agus le haghaidh cosaint a thabhairt ar chaillteanas faisnéise;

(h)áirithíonn an t‑iarratasóir go n‑ordaítear d’fhostaithe ábhartha fógra a thabhairt do na húdaráis chustaim nuair a aimsítear deacrachtaí comhlíonta agus bunaíonn an t‑iarratasóir nósanna imeachta le haghaidh fógra a thabhairt do na húdaráis chustaim faoi dheacrachtaí den sórt sin;

(i)tá bearta slándála iomchuí i bhfeidhm ag an iarratasóir chun ríomhchóras an iarratasóra a chosaint ar ionradh neamhúdaraithe agus chun doiciméadacht an iarratasóra a dhaingniú;

(j)i gcás inarb infheidhme, tá nósanna imeachta sásúla i bhfeidhm ag an iarratasóir le haghaidh láimhseáil a dhéanamh ar cheadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin a bhaineann le toirmisc agus le srianta, lena n‑áirítear bearta chun idirdhealú a dhéanamh idir earraí atá faoi réir na dtoirmeasc agus na srianta agus earraí eile agus bearta chun comhlíonadh na dtoirmeasc agus na srianta sin a áirithiú.

Airteagal 4

Sócmhainneacht airgeadais

1. Measfar an critéar a leagtar síos in Airteagal 1(c) a bheith comhlíonta i gcás ina gcomhlíonfaidh an t‑iarratasóir na nithe seo a leanas:

(a)níl an t‑iarratasóir faoi réir imeachtaí féimheachta;

(b)le linn na 3 bliana a chuaigh thart roimh chur isteach an iarratais, chomhlíon an t‑iarratasóir na hoibleagáidí airgeadais atá air/uirthi maidir le dleachtanna custaim agus gach dleacht, cáin nó muirear eile a bhailítear ar earraí a allmhairiú nó a onnmhairiú nó i dtaca le hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú a íoc;

(c)taispeánann an t‑iarratasóir gurb amhlaidh, ar bhonn na dtaifead agus na faisnéise atá ar fáil do na 3 bliana a chuaigh thart roimh chur isteach an iarratais, go bhfuil seasamh airgeadais dóthanach aige chun na hoibleagáidí atá air a chomhlíonadh agus chun comhlíonadh a dhéanamh ar na ceangaltais atá air maidir le cineál agus méid na gníomhaíochta gnó, lena n‑áirítear gan aon ghlansócmhainní diúltacha a bheith aige, ach amháin i gcás inar féidir iad a chumhdach.

2. Más rud é go mbeidh an t‑iarratasóir bunaithe le níos lú ná 3 bliana anuas, déanfar a s(h)ócmhainneacht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 1(c) a sheiceáil ar bhonn na dtaifead agus na faisnéise atá ar fáil.

Airteagal 5

Caighdeáin slándála agus sábháilteachta

1. Measfar an critéar a leagtar síos in Airteagal 1(d) a bheith comhlíonta más rud é go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)is amhlaidh, maidir leis na foirgnimh a bheidh le húsáid i dtaca leis na hoibríochtaí a bhaineann leis an údarú, go dtugtar leo cosaint ar ionradh neamhdhleathach agus go bhfuil siad tógtha as ábhair lena seastar in aghaidh dul isteach neamhdhleathach;

(b)tá bearta iomchuí i bhfeidhm chun rochtain neamhúdaraithe a chosc ar oifigí, ar limistéir loingseoireachta, ar dhugaí luchtaithe, ar limistéir lasta agus ar áiteanna ábhartha eile;

(c)rinneadh bearta le haghaidh earraí a láimhseáil, lena n‑áirítear cosaint ar thabhairt isteach nó malartú neamhúdaraithe, ar mhíláimhseáil earraí agus ar ghabháil d’aonaid lasta;

(d)rinne an t‑iarratasóir bearta lena n‑éascaítear a c(h)omhpháirtithe gnó a shainaithint go soiléir agus chun a áirithiú, trí chur chun feidhme a dhéanamh ar shocruithe conarthacha iomchuí nó ar bhearta iomchuí eile i gcomhréir le samhail gnó an iarratasóra, go n‑áirithíonn na comhpháirtithe gnó sin slándáil a gcoda féin den slabhra soláthair idirnáisiúnta;

(e)déanann an t‑iarratasóir, a mhéid a cheadaítear leis an dlí náisiúnta, scagadh slándála ar fhostaithe ionchasacha a oibríonn i bpoist atá íogair ó thaobh na slándála de agus déanann an t‑iarratasóir seiceálacha cúlra ar fhostaithe reatha i bpoist den sórt sin ar bhonn tréimhsiúil agus i gcás ina bhfuil údar ann leis sin sna himthosca;

(f)tá nósanna imeachta slándála iomchuí i bhfeidhm ag an iarratasóir le haghaidh aon soláthraithe seirbhíse seachtracha a chonrófar;

(g)áirithíonn an t‑iarratasóir go nglacann a c(h)uid ball foirne atá freagrach as saincheisteanna slándála páirt thráthrialta i gcláir a bhfuil mar aidhm leo cur leis an bhfeasacht atá acu ar na saincheisteanna slándála sin;

(h)cheap an t‑iarratasóir teagmhálaí atá inniúil ar cheisteanna a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht.

2. I gcás ina mbeidh deimhniú slándála agus sábháilteachta a eisíodh ar bhonn coinbhinsiúin idirnáisiúnta, Caighdeán Idirnáisiúnta ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú nó Caighdeán Eorpach ó chomhlacht Eorpach um chaighdeánú ina s(h)eilbh ag an iarratasóir, cuirfear na deimhnithe sin san áireamh le linn comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 1(d) a sheiceáil.

Measfar na critéir a bheith comhlíonta a mhéid a shuífear go bhfuil na critéir le haghaidh an deimhniú sin a eisiúint comhionann nó coibhéiseach leo sin a leagtar síos in Airteagal 1(d).

3. I gcás ina mbeidh an t‑iarratasóir ina g(h)níomhaire rialáilte nó ina c(h)oinsíneoir aitheanta i réimse na slándála eitlíochta sibhialta, measfar na critéir a leagtar síos i mír 1 a bheith comhlíonta i ndáil leis na láithreáin agus na hoibríochtaí ar lena n‑aghaidh a fuair an t‑iarratasóir stádas gníomhaire rialáilte nó coinsíneora aitheanta, a mhéid atá na critéir le haghaidh an stádas gníomhaire rialáilte nó coinsíneora aitheanta a eisiúint comhionann nó coibhéiseach leo sin a leagtar síos in Airteagal 1(d).

TEIDEAL II

Éascú a deonaíodh d’oibreoirí eacnamaíocha údaraithe

Airteagal 6

Éascú a deonaíodh d’oibreoirí eacnamaíocha údaraithe

1. I gcás ina ndéanfaidh oibreoir eacnamaíoch údaraithe chun críocha sábháilteachta agus slándála dearbhú imeachta achomair atá i bhfoirm dearbhaithe custaim nó dearbhaithe athonnmhairiúcháin a thaisceadh thar a c(h)eann féin, ní cheanglófar aon sonraí eile seachas iad sin a luaitear sna dearbhuithe sin.

2. I gcás ina ndéanfaidh oibreoir eacnamaíoch údaraithe chun críocha sábháilteachta agus slándála dearbhú imeachta achomair atá i bhfoirm dearbhaithe custaim nó dearbhaithe athonnmhairiúcháin a thaisceadh thar ceann duine eile ar oibreoir eacnamaíoch údaraithe é/í freisin, ní cheanglófar aon sonraí eile seachas iad sin a luaitear sna dearbhuithe sin.

Airteagal 7

Cóir níos fabhraí maidir le measúnú riosca agus rialú

1. Beidh oibreoir eacnamaíoch údaraithe faoi réir líon níos lú rialuithe slándála fisiceacha atá bunaithe ar dhoiciméid ná oibreoirí eacnamaíocha eile.

2. I gcás inar thaisc oibreoir eacnamaíoch údaraithe dearbhú iontrála achomair nó inar tugadh údarú dó dearbhú custaim nó dearbhú stórála sealadaí a thaisceadh in ionad dearbhú iontrála achomair, nó i gcás inar tugadh údarú d’oibreoir eacnamaíoch údaraithe córais faisnéise tráchtála, calafoirt nó iompair a úsáid le haghaidh sonraí an dearbhaithe iontrála achomair dá dtagraítear in Airteagal 10(8) den Chomhaontú agus in Airteagal 1(4) d’Iarscríbhinn I a thaisceadh, is amhlaidh, i gcás inar roghnaíodh an choinsíneacht le haghaidh rialú fisiceach, a thabharfaidh an t‑údarás custaim inniúil fógra don oibreoir eacnamaíoch údaraithe faoin méid sin. Tabharfar an fógra sin roimh theacht na n‑earraí i gcríoch custaim na bPáirtithe Conarthacha.

Cuirfear an fógra sin ar fáil don iompróir freisin murab ionann é/í agus an t‑oibreoir eacnamaíoch údaraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar choinníoll go bhfuil an t‑iompróir ina (h)oibreoir eacnamaíoch údaraithe agus go bhfuil sé/sí nasctha leis na córais leictreonacha a bhaineann leis na dearbhuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Ní thabharfar an fógra sin i gcás inar féidir go gcuirfear na rialuithe a bheidh le cur i gcrích, nó torthaí na rialuithe sin, i mbaol dá bharr.

3. I gcás ina ndearnadh coinsíneachtaí ar dhearbhaigh oibreoir eacnamaíoch údaraithe iad a roghnú le haghaidh rialú fisiceach nó rialú atá bunaithe ar dhoiciméid, cuirfear na rialuithe sin i gcrích mar ábhar tosaíochta.

Ar iarraidh a fháil ó oibreoir eacnamaíoch údaraithe, féadfar na rialuithe a chur i gcrích in áit seachas an áit inar gá na hearraí a thíolacadh don chustam.

Airteagal 8

Díolúine ó chóir fhabhrach

Ní bheidh feidhm ag an gcóir níos fabhraí dá dtagraítear in Airteagal 7 maidir le haon rialuithe custaim slándála a bhaineann le leibhéil ardaithe shonracha bhagartha nó maidir le hoibleagáidí rialaithe a leagtar amach i reachtaíocht eile.

Mar sin féin, is mar ábhar tosaíochta a chuirfidh údaráis chustaim an phróiseáil, na foirmiúlachtaí agus na rialuithe is gá i gcrích le haghaidh coinsíneachtaí ar dhearbhaigh oibreoir eacnamaíoch údaraithe iad.

TEIDEAL III

Stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a chur ar fionraí, a neamhniú agus a chúlghairm

Airteagal 9

An stádas a chur ar fionraí

1. Déanfaidh an t‑údarás custaim inniúil cinneadh lena ndeonaítear stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a chur ar fionraí:

(a)i gcás ina measfaidh an t‑údarás custaim gur féidir go mbeidh forais dhóthanacha ann leis an gcinneadh a neamhniú, nó leis an gcinneadh a chúlghairm, gan na heilimintí uile is gá a bheith aige go fóill chun cinneadh a dhéanamh ar an neamhniú nó ar an gcúlghairm;

(b)i gcás ina measfaidh an t‑údarás custaim nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an gcinneadh nó nach gcomhlíonann sealbhóir an chinnidh na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoin gcinneadh sin, agus ina mbeidh sé iomchuí am a thabhairt do shealbhóir an chinnidh chun bearta a dhéanamh chun comhlíonadh na gcoinníollacha nó comhlíonadh na n‑oibleagáidí a áirithiú;

(c)i gcás ina n‑iarrfaidh sealbhóir an chinnidh fionraí den sórt sin toisc nach bhfuil sé/sí in ann, ar bhonn sealadach, na coinníollacha a leagtar síos maidir leis an gcinneadh a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoin gcinneadh sin a chomhlíonadh.

2. Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1, tabharfaidh sealbhóir an chinnidh fógra don údarás custaim faoi na bearta a dhéanfaidh sé/sí chun comhlíonadh na gcoinníollacha nó comhlíonadh na n‑oibleagáidí a áirithiú agus faoin tréimhse ama a theastaíonn uaidh/uaithi chun na bearta a dhéanamh.

I gcás ina ndearna an t‑oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, chun sástacht na n‑údarás custaim, na bearta is gá chun na coinníollacha agus na critéir a bheidh le comhlíonadh ag aon oibreoir eacnamaíoch údaraithe a chomhlíonadh, cuirfidh an t‑údarás custaim eisiúna deireadh leis an bhfionraí.

3. Ní dhéanfaidh an fhionraí aon difear d’aon nós imeachta custaim a tosaíodh roimh dháta na fionraí agus nach bhfuil críochnaithe go fóill.

4. Tabharfar fógra do shealbhóir an chinnidh faoi fhionraí an chinnidh.

Airteagal 10

An stádas a neamhniú

1. Déanfar cinneadh lena ndeonaítear stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a neamhniú más rud é go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)rinneadh an cinneadh ar bhonn faisnéise a bhí mícheart nó neamhiomlán;

(b)b’eol do shealbhóir an chinnidh, nó ba cheart le réasún gurbh eol do shealbhóir an chinnidh, go raibh an fhaisnéis mícheart nó neamhiomlán;

(c) dhéanfaí cinneadh eile dá mbeadh an fhaisnéis ceart agus iomlán.

2. Tabharfar fógra do shealbhóir an chinnidh faoi neamhniú an chinnidh.

3. Gabhfaidh éifeacht leis an neamhniú ón dáta a ghabh éifeacht leis an gcinneadh bunaidh, ach amháin i gcás ina sonrófar a mhalairt sa chinneadh i gcomhréir leis an reachtaíocht custaim.

Airteagal 11

An stádas a chúlghairm

1. Déanfaidh na húdaráis chustaim inniúla cinneadh lena ndeonaítear stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a chúlghairm:

(a)i gcás nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha maidir leis an gcinneadh sin a dhéanamh ann nó i gcás nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha maidir leis an gcinneadh sin a dhéanamh á chomhlíonadh nó á gcomhlíonadh a thuilleadh ann; nó

(b)i gcás ina bhfaighfear iarratas ó shealbhóir an chinnidh; nó

(c)i gcás ina mainneoidh sealbhóir an chinnidh, laistigh de thréimhse ama fhorordaithe na fionraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(b) agus (c) na bearta is gá a dhéanamh chun an coinníoll a leagtar síos maidir leis an gcinneadh a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoin gcinneadh a chomhlíonadh.

2. Gabhfaidh éifeacht leis an gcúlghairm an lá tar éis an lae a tugadh fógra fúithi.

3. Tabharfar fógra do shealbhóir an chinnidh faoi chúlghairm an chinnidh.

TEIDEAL IV

Airteagal 12

Malartú faisnéise

Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile go tráthrialta faoi aitheantas a n‑oibreoirí eacnamaíocha údaraithe chun críocha slándála, agus cuirfidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh san fhógra sin:

(a)Uimhir Aitheantais an Trádálaí i bhformáid atá ar comhréir leis an reachtaíocht um Chlárú agus Aitheantas Oibreoirí Eacnamaíocha;

(b)ainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch údaraithe;

(c)uimhir an doiciméid lena ndeonaítear stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe;

(d)stádas reatha (bailí, ar fionraí, cúlghairthe);

(e)tréimhsí stádais athraithe;

(f)an dáta a ghabh éifeacht leis an gcinneadh agus le heachtraí ina dhiaidh sin (fionraí agus cúlghairm);

(g)ainm an údaráis a d’eisigh an cinneadh.

(1)    IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.
(2)    IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.
(3)    IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(4)    IO L 343, 29.12.2015, lch. 1.
(5)    IO L 343, 29.12.2015, lch. 558.
(6)    IO L 325, 16.12.2019, lch. 168.
(7)    IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(8)    IO L 183, 19.7.2018, lch. 23.
(9) *    [Ní shonraítear aon cheanglais bhunreachtúla.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
(10)    Fuinneog imscartha eisiúint 1 de ICS2: ón 15.3.2021 go dtí an 1.10.2021; fuinneog imscartha eisiúint 2 de ICS2: ón 1.3.2023 go dtí an 2.10.2023; fuinneog imscartha eisiúint 3 de ICS2: ón 1.3.2024 go dtí an 1.10.2024;Cinneadh cur chun feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus imscaradh na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).
(11)    Rialachán tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1), arna leasú go deireanach le rialachán tarmligthe (AE) xxx ón gCoimisiún (IO L , , lch. .).
(12)    Rialachán cur chun feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558), arna leasú go deireanach le rialachán cur chun feidhme (AE) xxx ón gCoimisiún (IO L, , , lch. .).
(13)    Coinbhinsiún idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach an 20 Bealtaine 1987 (IO L 226, 13.8.1987, lch. 2, lena n‑áirítear leasuithe roimhe agus amach anseo arna gcomhaontú ag an gComhchoiste tríd an gCoinbhinsiún réamhluaite).
(14)    Uasghrádaíodh NCTS chun go gcumhdófaí leis na ceanglais slándála nua a eascraíonn as Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2019/632 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 (IO L 111, 25.04.2019, lch. 54). Leagtar imscaradh an nuashonraithe chéimnithe ar NCTS amach san Iarscríbhinn a ghabhann le cinneadh cur chun feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún.
(15)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).