5.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 301/61


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis Foraoise an Aontais do 2030

(2022/C 301/11)

Rapóirtéir:

Joan CALABUIG RULL (ES/PSE), An Rúnaí Réigiúnach don Aontas Eorpach agus don Chaidreamh Seachtrach de chuid réigiún Valencia

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go mbunaítear le Straitéis Foraoise an Aontais creat beartais chun foraoisí Eorpacha a bhainistiú agus a chosaint, d’fhonn a seirbhísí éiceachórais a fheabhsú, slite beatha a áirithiú, go háirithe i gceantair thuaithe, agus rannchuidiú le bithgheilleagar foraoise atá bunaithe ar bhainistiú inbhuanaithe foraoisí a úsáid mar uirlis ilfheidhmeach dúlrabhunaithe, agus a thugann bearta rialála agus airgeadais le chéile mar chuid de phlean le haghaidh 2030;

2.

den tuairim go mbunaítear le Straitéis Foraoise an Aontais do 2030, a chuirfear in ionad na Straitéise Foraoise a glacadh in 2013 (1) agus a ndearnadh meastóireacht uirthi in 2018 (2), creat le haghaidh comhar Eorpach maidir le foraoisí, lena gcuirtear béim ar an ról lárnach atá ag bainistiú inbhuanaithe foraoisí chun folláine agus slite beatha daoine a áirithiú, chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus chun éiceachórais atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chaomhnú;

3.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an measúnú agus an ceartú ar roinnt cleachtas foraoiseachta aonair i réigiúin áirithe d’fhonn an bhithéagsúlacht, cáilíocht na hithreach agus an uisce a chosaint agus athléimneacht a áirithiú in aghaidh suaití arb é an t-athrú aeráide is cúis leo (strus maidir le huisce, hairicíní, sneachta, lotnaidí agus dóiteáin foraoise);

4.

á aithint go bhfuil ról lárnach ag an éiceachóras foraoise sa Chomhaontú Glas (3), sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach (4), sa Dlí Aeráide Eorpach (5) agus i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (6); á chur i bhfios go láidir gur féidir leis na hearnálacha éagsúla atá bunaithe ar an bhforaoiseacht – lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leas as tairbhí neamh-eastóscacha foraoisí – rannchuidiú le bithgheilleagar ciorclach atá inbhuanaithe, aeráidneodrach agus iomaíoch ar bhonn socheacnamaíoch, agus gur cheart dóibh an méid sin a dhéanamh;

5.

á thabhairt dá aire nach luaitear earnáil na foraoiseachta sa chéad tuarascáil ón Ardán Saineolaithe maidir le Critéir Comhshaoil i ndáil le tacsanomaíocht Eorpach toisc gur earnáil íogair í an fhoraoiseacht ina bhfuil sé deacair cothromaíocht a aimsiú idir riachtanais agus leasanna éagsúla na ngeallsealbhóirí. á thabhairt dá aire freisin nach bhfuil tuairim na saineolaithe ceangailteach don Choimisiún Eorpach;

6.

ag iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú ar bhealach atá comhréireach agus cothrom ar bhonn comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch d’fhonn na cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta, agus na cuspóirí maidir leis an mbithgheilleagar foraoise, a chur chun cinn mar cheann de cholúin bhunúsacha an Comhaontaithe Ghlais don Eoraip;

7.

á chur in iúl go láidir go ndearna na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá freagrach as foraoisí straitéisí, beartais, cláir agus uirlisí maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach; dá bhrí sin, leagann sé béim ar a thábhachtaí atá comhar agus idirphlé cuiditheach idir na Ballstáit, an Coimisiún, na geallsealbhóirí agus sochaí shibhialta na foraoiseachta;

8.

á chur i bhfios go gcuireann foraoisí tairbhí iomadúla ar fáil don tsochaí i gcoitinne trí raon iomlán de sheirbhísí éiceachórais, lena n-áirítear seirbhísí neamheastóscacha. Dá bhrí sin, tá cinntí a bhaineann le foraoisí tábhachtach do réimse leathan saoránach agus bainisteoirí foraoise;

An gá atá ann an t-idirphlé le geallsealbhóirí na foraoiseachta, leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a neartú

9.

den tuairim gur smaoineamh an-mhaith é creat agus cuspóirí comhchoiteanna a leagan síos ar an leibhéal Eorpach; á iarraidh, áfach, go ndéanfaí aon lagú ar an gcoimhdeacht agus ar ról na mBallstát sa réimse seo a sheachaint, i bhfianaise éagsúlacht na bhforaoisí san Eoraip, agus go nglacfaí cur chuige réigiúnach atá níos saincheaptha; Tá Coiste na Réigiún den tuairim freisin, cé nach liostaítear “beartas foraoise” i measc inniúlachtaí sainráite an Aontais sna Conarthaí, go bhfuil raon leathan inniúlachtaí ag an Aontas maidir le hábhair ghaolmhara, ar inniúlachtaí iad a feidhmíodh i dtéacsanna dlíthiúla ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna foraoiseachta;

10.

á chur in iúl freisin go bhfuil tionchar suntasach ag bainistiú foraoisí, go háirithe i limistéir inar tearc an daonra agus i gceantair iargúlta ina bhfuil an geilleagar foraoise ríthábhachtach do shlí bheatha na ndaoine.

11.

á mholadh go gcuirfí dlús le cumarsáid, le hidirphlé agus le rannpháirtíocht na mBallstát, na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus gheallsealbhóirí na hearnála (úinéirí poiblí agus príobháideacha, comhlachais ghairmiúla, cuideachtaí foraoisbhunaithe, saineolaithe maidir le caomhnú an dúlra, taighdeoirí lena n-áirítear eolaithe aeráide, etc.) maidir le doiciméid a ullmhú. Measann sé go bhfuil teorainn leis an réamhphlé agus go bhféadfaí feabhas a chur ar an díospóireacht leis na comhlachtaí rannpháirtíochta atá ann cheana, mar a rinneadh i straitéisí roimhe seo, d’fhonn an comhthoil is mó is féidir a bhaint amach i measc na ngeallsealbhóirí uile ar spéis leo tairbhe a bhaint as foraoisí. Os a choinne sin, cuireadh isteach doiciméad deiridh ina n-áitítear go raibh cuid mhór de na hábhair a pléadh clúdaithe cheana féin sa Straitéis Bhithéagsúlachta do 2020;

12.

á mholadh go mbeadh na geallsealbhóirí a bhfuil tionchar sonrach ag bearta Straitéis Foraoise an Aontais orthu (údaráis réigiúnacha agus áitiúla, an tsochaí shibhialta agus gnólachtaí) rannpháirteach i gcur chun feidhme na mbeart sin, agus ualaí riaracháin á n-íoslaghdú, go háirithe d’úinéirí foraoise agus do ghnólachtaí, ach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chomh maith;

An gá atá le teacht ar chomhthoil ar an leibhéal Eorpach

13.

á chur in iúl gurb oth leis an easpa comhthoil pholaitiúil san Aontas ó tháinig méadú ar an gcáineadh a rinneadh ar Straitéis Foraoise an Aontais mar atá sí faoi láthair. Is léir an méid sin ó ráitis a rinne comhlachtaí de chuid an Aontais, amhail Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta an hEorpa (Tuairim NAT/831 Straitéis foraoise nua an Aontais do 2030 (7)) rialtais éagsúla náisiúnta agus réigiúnacha agus na páirtithe polaitiúla a thacaíonn leo, e.g. Feisirí ó ghrúpaí polaitiúla éagsúla agus ó ionadaithe earnáil na foraoiseachta (comhlachais d’úinéirí foraoise poiblí agus príobháideacha, údaráis áitiúla agus réigiúnacha riaracháin foraoise, comhlachais ghnó agus ardáin earnála náisiúnta agus réigiúnacha);

14.

á chur in iúl gurb oth leis nár comhlíonadh na conclúidí ón gComhairle ar thángthas orthu faoi Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le comhar níos dlúithe amach anseo san Aontas, ina moltar cur chuige ó bharr anuas; á mheas, áfach, nach gcuirtear na struchtúir atá ann cheana (e.g. fardail foraoise réigiúnacha/náisiúnta) san áireamh go leordhóthanach, agus nach gcuirtear san áireamh ach sonraíochtaí agus bearta ón gCoimisiún, nach bhfuil freagrach as an mbeartas foraoise, agus nach dtugtar ról leordhóthanach don choiste comhairleach atá freagrach;

15.

ag aithint cuspóirí foriomlána Straitéis Foraoise an Aontais chun dea-chleachtais maidir le bainistiú foraoisí a áirithiú sna Ballstáit agus i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; mar sin féin, tarraingíonn sé aird an Choimisiúin ar an ngá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir na feidhmeanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le bainistiú foraoisí, lena n-áirítear an chosaint mar rogha bainistíochta, agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá sé éagsúlacht na bhforaoisí agus na cleachtais maidir le pleanáil agus le bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus tréimhsí uainíochta a urramú agus a chaomhnú sna Ballstáit agus sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

16.

á thabhairt dá aire go bhfuil príomh-gheallsealbhóirí na hearnála (úinéirí príobháideacha agus poiblí, gairmithe, cuideachtaí agus cuid mhór den phobal eolaíochta foraoiseachta) den tuairim nach bhfuil cur chuige Straitéis Foraoise an Aontais ag teacht go hiomlán leis an méid atá ag tarlú i ndáiríre ar an láthair, rud a thugann le tuiscint nach bhfuil na cleachtais maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí ag dul sa treo ceart agus gur cheart athruithe suntasacha a dhéanamh orthu;

17.

á aithint go léirítear sna sonraí go bhfuil meath ag teacht ar an mbithéagsúlacht i roinnt críoch agus nach leor an méid atá ar bun chun gnáthóga Natura 2000 a chaomhnú, i bpáirt mar gheall nach bhfuil creat dreasachta oiriúnach ann do bhainisteoirí na ngnáthóg sin maidir le praghsanna, luach saothair do sheachtrachtaí, agus creat rialála atá oiriúnaithe don leibhéal réigiúnach agus réasúnach a chur ar fáil, ar gnéithe ríthábhachtacha iad ar cheart aghaidh a thabhairt orthu i Straitéis Foraoise an Aontais trí acmhainní breise ó bhuiséad an Aontais agus ó bhuiséid na mBallstát a leithdháileadh; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann chun iarrachtaí a chur chun cinn maidir le hathbhunú éiceachórais, lena n-áirítear spriocanna chun éiceachórais foraoise a ndearnadh damáiste dóibh a athchóiriú;

18.

den tuairim gur uirlis an bhainistithe inbhuanaithe foraoisí í an fhoraoiseacht ilfheidhmeach atá fréamhaithe go domhain i bhformhór mór na réigiún (go háirithe sna réigiúin sin is mó atá thíos le tionchar an athraithe aeráide); den tuairim freisin go bhféachann úinéirí agus gairmithe foraoise le bithéagsúlacht agus seirbhísí eile éiceachórais na bhforaoisí a chosaint, agus leibhéal na contúirte agus minicíocht na ndóiteán foraoise a laghdú, agus go ndéanann siad iarracht chun na foraoisí a dhéanamh níos athléimní, chun iad a choinneáil i ndeisriocht agus chun tacú lena bhfás, rud a chuireann go gníomhach le geilleagair áitiúla agus le slite beatha i gceantair thuaithe;

19.

á mholadh go nglacfaí cur chuige i bhfad níos córasaí, lena n-ionchorpraítear éagsúlacht agus castacht an bhainistithe inbhuanaithe foraoisí le táscairí níos faide ná an cóimheas buainte agus incrimint, cearta maoine agus na réaltachtaí a mbíonn ar úinéirí, gairmithe, cuideachtaí poiblí agus príobháideacha agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha aghaidh a thabhairt orthu, chomh maith leis an méid atá bainte amach ag earnáil na foraoiseachta san fhorbairt inbhuanaithe. Creideann sé go gcaithfidh an chosaint foraoisí, i limistéir áirithe, a bheith fite fuaite le tacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht eacnamaíoch, do bhainistiú gníomhach inbhuanaithe atá dírithe ar sheachtrachtaí dearfacha na seirbhísí éiceachórais a uasmhéadú agus an díghrádú a sheachaint mar thoradh ar limistéir a bhfuil faillí déanta orthu, lena n-áirítear an díghrádú comhshaoil;

20.

i gcomhthéacs na bithéagsúlachta, ba cheart a thabhairt chun suntais, a bhuí le réigiúin fhorimeallacha áirithe, tá foraoisí príomha, Amasónacha agus fothrópaiceacha san Aontas. Is saotharlann uathúil iad na foraoisí sin don taighde eolaíoch, don speisialtóireacht agus don nuálaíocht (amhail taighde cógaisíochta agus eastóscáin plandaí). 80 % de bhithéagsúlacht na hEorpa, is sna réigiúin sin atá sí, agus tá sí ríthábhachtach do chothromaíocht éiceolaíoch an phláinéid. Tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina gcaomhnóirí ar an tseoid an-luachmhar seo agus ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt dóibh chun é a bhainistiú agus a chaomhnú;

21.

den tuairim, cé go bhfuil dlúthbhaint ag Straitéis Foraoise an Aontais leis an Straitéis Bhithéagsúlachta agus gur féidir léi comhleanúnachas a chruthú i leith na bithéagsúlachta, gur cheart di cur chuige difriúil, níos cuimsithí agus níos córasaí a ghlacadh d’fhonn a gníomhaíochtaí a ailíniú go héifeachtach agus go comhsheasmhach le cuspóirí na gcomhbheartas maidir leis an aistriú glas agus leis an athrú aeráide chun cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus fáis an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear poist ghlasa a chruthú, comhleanúnachas a chothú idir beartais ábhartha an Aontais a dhéanann difear do bhainistiú inbhuanaithe foraoisí agus atá ríthábhachtach do Straitéis Foraoise an Aontais, agus an acmhainneacht atá san earnáil a chothú chun rannchuidiú leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a leagtar amach sa Chomhaontú Glas agus chun go mbainfear amach iad;

An gá atá le cur chuige níos cothrománaí i ranna an Choimisiúin

22.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó Straitéis Foraoise an Aontais mar thoradh ar obair chomhpháirteach Ard-Stiúrthóireachtaí AGRI, ENV agus CLIMA; molann sé, áfach, go mbeadh ranna éagsúla an Choimisiúin atá ag obair san earnáil foraoiseachta (Ard-Stiúrthóireachtaí GROW, ENER agus REGIO) rannpháirteach d’fhonn na gnéithe agus na himpleachtaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil uile a bhaineann le cur chuige córasach agus cuimsitheach a chur san áireamh; mura ndéanfar an méid sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh an cur chuige a ghlacfaidh siad neamhiomlán agus claonta;

23.

á mholadh go saineofaí go soiléir ról an Bhuanchoiste Foraoiseachta mar phríomhghníomhaí i Straitéis Foraoise an Aontais, ionas go gcuirfear tuairimí na hearnála agus príomh-gheallsealbhóirí eile in iúl ar bhealach níos láidre, agus go mbeifear in ann úsáid ghníomhach na bhforaoisí a chumasú ar fud réigiúin éagsúla an Aontais;

24.

á mholadh go gcuirfí moirfeolaíocht an tírdhreacha san áireamh, ós rud é go bhfuil gá le nuálaíocht agus le hinfheistíocht sa bhonneagar chun lóistíocht a éascú agus chun an digiteáil a chumasú lena ndéantar nuachóiriú ar shlabhraí luacha foraoisbhunaithe mar luamháin chun caillteanas acmhainní agus an dídhaonrú a chomhrac, agus go gcruthófaí córas iomchuí dreasachtaí;

Ról na leibhéal réigiúnach agus áitiúil

25.

á mholadh go ndéanfaí gné chríochach na bhforaoisí a mheas, e.g. úsáid talún, ós rud é go bhfuil 43 % den talamh iomlán tógtha suas ag foraoisí, ar céatadán é atá ag dul i méid, agus ós rud é go mbaineann an méid sin go háirithe leis na réigiúin dhídhaonraithe (i.e. na cúlchríocha ina mbíonn sléibhte, aeráidí fuara, ardriosca tuilte agus droch-cháilíocht ithreach), trí bheartais na mBallstát agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le bainistiú talún agus leis an dídhaonrú a chomhtháthú;

26.

á mheas gur gá aitheantas a thabhairt do phrionsabal na coimhdeachta agus don inniúlacht roinnte ar fhoraoisí, ós rud é go bhfuil tionchar ag reachtaíocht éagsúil maidir leis an gcomhshaol agus le caomhnú an tírdhreacha ar an mbeartas foraoise; ní mór na treoirlínte éagsúla atá ábhartha d’fhoraoisí a chur san áireamh, lena n-áirítear cleachtais foraoiseachta agus na difríochtaí atá ann i ngabháltais foraoise na mBallstát, mar gheall ar éagsúlacht bhitheolaíoch, shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha na bhforaoisí i réigiúin éagsúla an Aontais;

27.

ag leagan béim ar an ngá atá ann go leagfaí amach le príomhghnéithe Straitéis Foraoise an Aontais na prionsabail a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ní mór don leibhéal náisiúnta a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis na modhanna is gá chun na cuspóirí a bhaint amach, ionas go mbeidh siad ag teacht le beartais agus le rialacháin na n-údarás áitiúil agus réigiúnach atá freagrach as foraoisí; á chur in iúl go láidir go bhfuil gá le bainistiú inbhuanaithe foraoisí, le hearnáil atá iomaíoch agus brabúsach i gcoitinne agus le comhsheasmhacht oiriúnach beartais chun foraoisí a chosaint;

An gá atá le comhoiriúnacht idir feidhmeanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha na bhforaoisí chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin atá roimh an Aontas

28.

den tuairim nach mór aird leordhóthanach a thabhairt i Straitéis Foraoise an Aontais ar an tábhacht a bhaineann le raon iomlán na dtáirgí agus na seirbhísí foraoise, agus gur cheart, dá bhrí sin, cothromaíocht idir feidhmeanna foraoise, lena n-áirítear seirbhísí éagsúla éiceachórais, a áirithiú leis an Straitéis Bhithgheilleagair agus le bainistiú inbhuanaithe foraoisí. Más rud é nach gcuirfear ach gné amháin chun cinn, chuirfí isteach ar an gcothromaíocht;

29.

á chur in iúl go láidir go raibh 2,1 milliún duine san Aontas fostaithe go díreach in earnáil na foraoiseachta (bainistiú, saothrú foraoiseachta agus próiseáil thionsclaíoch adhmaid agus páipéir) in 2018 agus gur gineadh oll-bhreisluach de EUR 109 855 i ngeall air sin. Thairis sin, d’oibrigh 1.2 milliún duine i monarú troscáin adhmaid agus i bpriontáil pháipéir, lenar gineadh oll-bhreisluach de EUR 25 000 milliún agus EUR 31 000 milliún faoi seach. In 2018, d’oibrigh 397 000 gcuideachta (15 % de chuideachtaí earnáil na monaraíochta) i dtionscail atá bunaithe ar fhoraoisí. Ar deireadh, cuireadh 4 mhilliún post breise ar fáil i réimse an bhithfhuinnimh, na tógála adhmaid agus na dtáirgí foraoise neamh-adhmaid.

30.

á thabhairt dá aire gurb iad caomhnú na bithéagsúlachta, athshlánú na n-éiceachóras agus méadú na linnte carbóin príomhghnéithe Straitéis Foraoise an Aontais, ach go bhfuil an easpa comhleanúnachais le cuspóirí aeráide agus leis an bhfás inbhuanaithe socheacnamaíoch ar cheann de na pointí is achrannaí;

31.

ag leagan béim ar ghné shóisialta na bhforaoisí san Aontas, ós rud é go bhfuil 16 mhilliún duine ina n-úinéirí príobháideacha ar 60 % den limistéar foraoise, agus gur úinéirí beaga iad formhór mór na n-úinéirí sin, atá lonnaithe ar fud na réigiún go léir agus ag a bhfuil trí heictéar déag acu in aghaidh an duine ar an meán;

32.

á áitiú go gcuirtear an inbhuanaitheacht san áireamh i bprionsabal an bhainistithe inbhuanaithe foraoise ar fud an domhain, i.e. an dearcadh comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta. Ciallaíonn sé sin gur cheart bainistiú inbhuanaithe foraoisí a mheas mar an bealach is fearr le bainistiú a dhéanamh trí chaomhnú nó le caomhnú a dhéanamh trí bhainistiú, agus dá bhrí sin, is é an bealach chun an t-idirdhealú a réiteach idir an caomhnú agus an bainistiú, atá níos fréamhaithe sa phlé a dhéanann lucht na polaitíochta ná sa chleachtas bainistíochta iarbhír ar an talamh;

33.

á thabhairt le fios go bhfuil údaráis áitiúla agus réigiúnacha ina n-úinéirí ar 14 % (22 mhilliún heicteár) den limistéar iomlán foraoise. Ní hamháin gur úinéirí foraoise iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ach déanann siad cur chun feidhme na mbeartas agus na mbuiséad foraoise a bhainistiú agus a riar, cuireann siad dlíthe i bhfeidhm agus cuireann siad tacaíocht maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí ar fáil d’úinéirí príobháideacha, ar úinéirí iad a bhíonn faoi réir beartais foraoise a thagann faoi shainchúram na mBallstát agus faoi réir thionscnaimh an Aontais a eascraíonn as beartais earnálacha éagsúla, agus féachann siad i gcónaí le feidhmeanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha na bhforaoisí a thabhairt le chéile;

34.

á chur in iúl go bhfuil na pléití faoin bpróiseas mar bhun le hidirdhealú bréige idir feidhmeanna comhshaoil agus feidhmeanna socheacnamaíocha na bhforaoisí, agus go bhfuil an méid sin ina chúis le pléití claonta lena n-atreoraítear an bhéim a chuirtear ar an gcuspóir bunúsach maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe: sláinte na bhforaoisí a chosaint san fhadtéarma, an cumas úsáid a bhaint as éiceachórais bhuanseasmhacha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, bainistiú inbhuanaithe acmhainní agus próiseáil fhreagrach agus éifeachtúil táirgí na n-acmhainní sin, d’fhonn folláine agus slite beatha na milliún saoránach Eorpach a áirithiú;

35.

á mholadh go neartófaí ábhar Straitéis Foraoise an Aontais maidir le roinnt cuspóirí comhshaoil (uisce, ithir, tírdhreach) agus béim níos mó á cur, ag an am céanna, ar an rannchuidiú tábhachtach a dhéanann táirgí foraoise a dhéantar a phróiseáil agus a bhainistiú ar bhonn tionsclaíoch agus inbhuanaithe leis an mbithgheilleagar, ar colún bunúsach den Chomhaontú Glas é. Maidir leis na táirgí foraoise sin, is gá próisis atá nuálach ó thaobh na teicneolaíochta de a mhaoiniú chun gnólachtaí éagsúla a fhorbairt, go háirithe gnólachtaí próiseála céadchéime arb iad pointe laige thionscail na foraoiseachta agus an adhmaid, ach ag a bhfuil an cumas is fearr acmhainní áitiúla a úsáid;

36.

á mholadh go gcuirfí níos mó béime ar shainmhínithe agus ar bhearta an bhainistithe inbhuanaithe foraoisí arb é is aidhm dóibh timthriallta uisce agus caomhnú ithreach a fheabhsú, go háirithe in éiceachórais na Meánmhara agus in éiceachórais sléibhe; á chur in iúl nach mór feabhas a chur ar tháscairí chun bainistiú inbhuanaithe foraoisí a fheabhsú, ar réamhriachtanas é chun na seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil ar bhonn fadtéarma;

37.

á mholadh go n-athbhunófaí cuspóirí chun béim níos soiléire a leagan ar chothromaíocht agus comhoiriúnacht inbhuanaithe a áirithiú idir feidhmeanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha foraoisí atá bunaithe ar bhainistiú inbhuanaithe agus ilfheidhmeach na bhforaoisí sna réigiúin éagsúla foraoise (foraoisí tuaisceartacha, ilchríochacha, na Meánmhara, sléibhtiúla agus uirbeacha), gan deireadh a chur le cosaint na bithéagsúlachta agus seirbhísí eile comhshaoil;

38.

den tuairim gur cheart béim níos soiléire a leagan i Straitéis Foraoise an Aontais ar an tábhacht a bhaineann leis an gcuimsitheacht agus an comhionannas a chur chun cinn in earnáil na foraoiseachta; den tuairim freisin gur cheart do Straitéis Foraoise an Aontais oibriú i dtreo rannpháirtíocht níos cothroime idir fir agus mná a áirithiú sa mhargadh saothair, i gcomhréir le Straitéis an Aontais maidir le comhionannas inscne ó mhí an Mhárta 2020, ionas go mbeifear in ann leas iomlán a bhaint as earnáil na foraoiseachta;

39.

á mholadh go leagfaí béim ar ról na bhforaoisí sna limistéir is iargúlta, sna réigiúin shléibhtiúla agus sna réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste, áit a bhfuil céatadán na bhforaoisí níos airde agus ina bhfuil riosca níos mó dídhaonra ann agus, ina theannta sin, inarb iad slabhraí luacha foraoise na príomhfhoinsí fostaíochta agus gníomhaíochta eacnamaíche a bhaineann le leas a bhaint as acmhainní foraoise agus le claochlú tosaigh na n-acmhainní sin;

40.

á thabhairt dá aire go leagtar béim níos mó ar an riosca a bhaineann le ról na bhforaoisí maidir le bithgheilleagar ciorclach a fhorbairt ná mar a leagtar ar na deiseanna a bhaineann leis; ag leagan béim ar an ról tábhachtach atá ag táirgí bithbhunaithe i ndícharbónú trí laghdú a dhéanamh ar thomhaltas breoslaí iontaise agus ábhair iontaise, atá ar cheann de na príomhchuspóirí atá leagtha síos ag an gCoimisiún; mar sin féin, ní mór an measúnú ar shaolré na dtáirgí foraoisbhunaithe a chur san áireamh leis an dícharbónú agus ní mór tús áite a thabhairt do tháirgeadh táirgí fadsaoil;

41.

á mholadh go ndéanfaí próiseáil táirgí adhmaid agus táirgí foraoise neamhadhmaid a chur chun cinn go háitiúil chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú.

42.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an moladh ó phainéal saoránach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa lena n-iarrtar go ndíreofaí go háirithe ar athfhoraoisiú na bhforaoisí a bhfuil róshaothrú déanta orthu nó na bhforaoisí a scriosadh, agus ar fhoraoisiú na limistéar ina bhfuil ithir dhíghrádaithe, mar aon le réitigh níos freagraí a chur chun cinn chun úsáid níos fearr a bhaint as adhmad (8);

43.

á mholadh go ndéanfaí cuspóirí agus sineirgí Straitéis Foraoise an Aontais a athshainmhíniú i gcomhréir le Straitéis Bhithgheilleagair 2012 a athbhreithníodh in 2018 (9), agus go ndéanfaí táirgí foraoise a chomhtháthú agus a chur chun cinn, i.e. táirgí a dhéantar as adhmad (ní hamháin adhmad tógála ach ábhair bhith-chomhchodacha, bithbhreoslaí, adhmad le haghaidh bithscaglanna agus táirgí a bhfuil breisluach ard ag baint leo do thionscal na gceimiceán, an bhia, na gcosmaidí agus an chumhráin), amhail táirgí foraoise neamh-adhmaid (corc, fungais, caora, plandaí aramatacha agus íocshláinte, roisíní), agus an méid a rannchuidíonn na hábhair sin le maolú ar an athrú aeráide trí fheidhmiú mar linnte carbóin ina saolré iomlán agus an éifeacht a bheadh ann dá ndéanfaí iad a ionadú le hábhair eile atá ina nglanastaírí á chur san áireamh;

44.

á mholadh go ndéanfaí cuspóirí agus sineirgí a athshainiú i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta 2020 don Gheilleagar Ciorclach Nua (10), ar colún bunúsach é den Chomhaontú Glas, lena bhfeabhsófaí aisghabháil agus athchúrsáil táirgí foraoise a mhéid a bhaineann lena gcuid slabhraí próiseála dramhaíola agus luacha;

45.

á mholadh go mbunófaí córas chun dea-chleachtais atá in úsáid i bhformhór na gcuideachtaí a mhalartú ar fud earnáil thionsclaíoch na foraoiseachta (úsáid optamach, réasúnach agus fhreagrach acmhainní, deimhniú ar an líne chúraim, éicidhearthóireacht, éifeachtúlacht fuinnimh, aisghabháil dramhaíola mar bhunábhar nó mar fhoinse fuinnimh);

46.

á chur in iúl gur cheart a aithint le cuspóir Straitéis Foraoise an Aontais an tábhacht a bhaineann le foraoisí, ní hamháin mar linnte carbóin, ach freisin mar stoic charbóin, rud a d’fhéadfaí a mhéadú chun cur go mór le sprioc an Aontais maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050; á chur in iúl gur cheart saolré iomlán na dtáirgí a chur san áireamh agus táirgí iontaise a ionadú le táirgí foraoise, d’fhonn acmhainneacht iomlán earnáil na foraoiseachta a aithint a mhéid a bhaineann leis an athrú aeráide a mhaolú; á chur in iúl go dtagann laghdú freisin ar ghlanéifeacht foraoisí mar linnte carbóin de réir mar a théann foraoisí in aois;

47.

á mholadh go mbunófaí sainmhínithe soiléire ar fhoraoisí, lena ndéanfaí idirdhealú ar a laghad idir na foraoisí cianaosta nár bainistíodh riamh (0,7 % den iomlán) agus foraoisí a bainistíodh san am a chuaigh thart ach ar cuireadh deireadh lena mbainistiú le fiche nó tríocha bliain anuas, d’fhonn foraoisí cianaosta a chosaint go héifeachtach, go háirithe i roinnt réigiún i lár agus in oirthear na hEorpa agus chun na sléibhte a athbheochan inar cuireadh deireadh leis an mbainistiú, rud a d’fhágfadh go mbeadh baol ann maidir le dóiteáin foraoise, galair agus lotnaidí;

48.

á mheas gur cheart béim a chur ar na deiseanna a bhaineann le bithfhuinneamh a úsáid chun gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur i gcrích agus é a mheas mar fhoinse in-athnuaite, a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí próiseála táirgí tionsclaíocha agus leis an athchúrsáil, i gcomhréir le Treoir 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite (11) a chur chun cinn; den tuairim go bhfuil an bithfhuinneamh tábhachtach do shlándáil fuinnimh na hEorpa agus don neamhspleáchas ar bhreoslaí iontaise;

49.

á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar na leasuithe atá beartaithe ar na critéir inbhuanaitheachta le haghaidh an bhithfhuinnimh nó coiréalacha foraoiseachta, i ngeall go bhféadfadh na cleachtais sin cur leis an ualach ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla mar úinéirí foraoise agus mar institiúidí atá freagrach as an mbainistiú inbhuanaithe foraoisí i roinnt mhaith Ballstát, ós rud é go ndéanfar cúiteamh suntasach a ghiniúint le srianta a bhaineann le dianchosaint dhlíthiúil 10 % d’fhoraoisí, gan gealltanas soiléir airgeadais ón gCoimisiún; den tuairim gur cheart feidhm a bheith ag na critéir inbhuanaitheachta le haghaidh an bhithfhuinnimh a leagtar amach i dTreoir 2018 maidir le Fuinneamh In-athnuaite;

50.

á mheas go bhfuil ról socheacnamaíoch earnáil na foraoiseachta ríthábhachtach d’fhorbairt na gceantar tuaithe agus do gheilleagair áitiúla i roinnt mhaith réigiún; is oth leis nach gcuirtear san áireamh le tosaíochtaí Straitéis Foraoise an Aontais an úsáid a bhaintear as acmhainní adhmaid agus táirgí foraoise neamh-adhmaid a fhorbairt ar bhealach soiléir agus gan débhrí, maille leis an bpróiseáil thionsclaíoch a dhéanann cuideachtaí Eorpacha orthu (arb iad fiontair bheaga agus mheánmhéide atá lonnaithe i réigiúin thuaithe formhór na gcuideachtaí sin);

51.

den tuairim gur cheart do Straitéis Foraoise an Aontais oideachas maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun cinn agus a neartú ar gach leibhéal, go háirithe i scoileanna agus in eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ach i bhfeachtais sna meáin freisin, mar bhealach chun an easpa eolais atá ag saoránaigh na hEorpa maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a shárú agus maidir leis an ngné chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a bhaineann leis sin;

52.

á mheas gur cheart gné idirnáisiúnta a áireamh i Straitéis Foraoise an Aontais lena ndíreofar ar srian a chur le dífhoraoisiú domhanda agus cailliúint na bithéagsúlachta, agus ar úsáid a bhaint as an taithí a fuarthas agus as an gcomhroinnt eolais agus na dea-chleachtais a chuirtear i bhfeidhm maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí sna Ballstáit agus i bhformhór mór na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, sa chomhthéacs sin, an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (12), lena mbeartaítear srian a chur ar allmhairiú tráchtearraí atá nasctha le dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoise ar fud an domhain. á chur in iúl freisin go bhfuil eangach choimhdeachta (13) ag gabháil leis an togra, a chuireann anailís shuntasach ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir leis an gcoimhdeacht;

An gá atá le teacht ar chomhthoil ar an leibhéal eolaíoch agus ar an leibhéal teicniúil

53.

á mholadh go léirítear i Straitéis Foraoise an Aontais dea-chleachtais foraoiseachta lenar baineadh amach torthaí dearfacha i bhforaoisí na hEorpa le fiche nó tríocha bliain anuas (a mhéid a bhaineann le fás leanúnach an limistéir foraoise, fás linnte carbóin, méadú ar limistéir agus éiceachórais faoi chosaint, méadú ar an saothrú foraoiseachta, gnólachtaí agus tionscail fhreagracha a fhorbairt agus feabhas a chur ar an oiliúint i ndáil le bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus ar an oiliúint d’oibreoirí foraoise); á mholadh go n-aithneofaí an obair sin go sainráite i Straitéis Foraoise an Aontais, obair a chuireann an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le dea-chleachtais dhomhanda foraoiseachta agus atá ina heiseamláir do na tíortha eile;

54.

á áitiú go n-úsáidfear na sainmhínithe ar bhainistiú inbhuanaithe foraoisí, go háirithe ar an bpróiseas FOREST EUROPE, a d’eascair as na gealltanais idirnáisiúnta a thug an tAontas agus a Bhallstáit;

55.

á mholadh go ndéanfaí staidéir bhreise ar chur chun feidhme féideartha d’fhonn forluí le córais atá ann cheana a sheachaint agus go soiléireofaí na sineirgí, an breisluach agus an cóimheas costais is tairbhe a d’fhéadfaí a chur ar fáil leis an deimhniú atá beartaithe maidir le foraoisí a bhainistiú bunaithe ar an gcoincheap “foraoiseacht gar don dúlra” agus le deimhniú neamhspleách de chuid an Aontais, chomh maith leis na pleananna straitéiseacha i ndáil le foraoisí, i gcomhthéacs na gcóras maidir le deimhniú foraoisí atá ann cheana [Clár um Fhormhuiniú na nDeimhnithe Foraoisí (PEFC) agus an Chomhairle um Maoirseacht Foraoisí (FSC)], ar dhá chlár iad a aithnítear agus a chuirtear chun feidhme ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus i ndáil leis na straitéisí, na pleananna agus na cláir maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí atá ar fáil cheana sna Ballstáit agus sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; tá easpa soiléirithe ann freisin ar cheart stádas éigeantach nó deonach a bheith ag an scéim nua, chomh maith leis an mbunús dlí ar a ndéanfaí na gníomhaíochtaí sin;

56.

á iarraidh go ndéanfaí tagairt shoiléir do réimse iomlán na sochar neamh-eastóscach a bhaineann le foraoisí;

57.

á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú agus anailís ar na measúnuithe a rinne saineolaithe eolaíochta foraoise, lena n-áirítear éiceolaithe foraoise ar fud na hEorpa, lena dtugtar rabhadh go bhféadfadh sé nach gcuirfí san áireamh go leordhóth.anach sna beartais atá beartaithe an méadú a d’fhéadfadh a bheith ann ar na rioscaí a bhaineann le mórshuaitheadh (dóiteáin, hairicíní, sneachta trom agus lotnaidí), agus aird ar leith á tabhairt ar fhoraoisí atá an-leochaileach don ghéarchéim aeráide;

58.

á mholadh go dtiocfaí ar chomhthoil níos leithne maidir leis na toimhdí atá mar bhonn taca le Straitéis Foraoise an Aontais agus leis an Straitéis Bhithéagsúlachta, bunaithe ar dhianchur chuige eolaíoch agus teicniúil ina mbeidh painéal ionadaíoch de shaineolaithe eolaíocha rannpháirteach, ar saineolaithe iad atá mionchúiseach agus ag a bhfuil taithí léirithe acu maidir le gach gné den slabhra luacha foraoise ina iomláine agus leis na cineálacha éagsúla foraoise san Eoraip;

59.

á mheas, faoi choinníollacha áirithe a bhfuil anailísí eolaíocha ag teacht leo, gur féidir tacú le gnáthóga cosanta i roinnt láithreán de chuid Natura 2000 atá faoi bhagairt ag suaitheadh a bhaineann leis an athrú aeráide nó a bhfuil suaitheadh a bhaineann leis an athrú aeráide ag cur as dóibh, agus gur féidir tacú le héiceachórais níos athléimní a bheith ann;

60.

á chur in iúl go n-aithníonn sé agus gur díol sásaimh dó an togra maidir le bailiú iontaofa sonraí, agus béim á leagan aige ar a thábhachtaí atá sé togra reachtach nua a fhoilsiú maidir le breathnóireacht, tuairisciú agus bailiú sonraí foraoise an Aontais;

Tá soiléiriú tábhachtach de dhíth ar an straitéis sula gcuirfear chun feidhme í

61.

den tuairim nach leagtar amach i Straitéis Foraoise an Aontais cuspóir comhleanúnach agus cuimsitheach d’earnáil foraoiseachta na hEorpa don bhliain 2030, ach go gcumhdaítear roinnt gníomhaíochtaí agus tionscnamh léi, a bhfuil cuid mhór acu fós doiléir agus nach bhfuil ach clár ama táscach ag baint le roinnt eile acu;

62.

á mheas, maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise an Aontais, gurb é an chéad chéim atá ag teastáil ná coincheapa agus gníomhaíochtaí a shoiléiriú agus plean gníomhaíochta a tharraingt suas a thabharfaidh soiléireacht maidir le cuspóirí, raon feidhme, creat ama agus freagrachtaí; ba cheart a aithint sa phlean gníomhaíochta sin seasamh na mBallstát, na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus ghníomhaithe na hearnála maidir leis an Straitéis agus a mbreithnithe maidir leis an mbealach chun cinn atá beartaithe; ba cheart a chur san áireamh freisin breithnithe Choiste na Réigiún, Pharlaimint na hEorpa agus gheallsealbhóirí uile na hearnála foraoiseachta;

63.

á mholadh go ndéanfaí soiléiriú ar an gcaoi a ndéanfar táscairí, tairseacha agus raonta nua do bhainistiú inbhuanaithe foraoisí a nascadh le critéir agus le táscairí do bhainistiú inbhuanaithe foraoisí na Comhdhála Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip (Forest Europe); á mheas freisin go bhfuil gá le faisnéis maidir leis an mbunús dlí lena dtabharfaí bonn cirt don ghníomhaíocht sin agus an méid a bheadh i gceist le tosú ar bhonn deonach a shoiléiriú a mhéid a bhaineann leis na céimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, chomh maith leis an nasc idir bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus an coincheap “gar don dúlra”;

64.

á mholadh go ndéanfaí raon feidhme agus an fhéidearthacht maidir le híocaíocht a fhorbairt do sheirbhísí éiceachórais a phlé go mion leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí na hearnála, agus go ndéanfaí measúnuithe fírinneacha ina dhiaidh sin chun a mheas an bhféadfaí na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach leis na sásraí airgeadais dá bhforáiltear i Straitéis Foraoise an Aontais [an comhbheartas talmhaíochta (CBT), an fheirmeoireacht charbóin agus deimhniú carbóin];

65.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go dtabharfar isteach faireachán uile-Aontais agus comhordaithe ar fhoraoisí ach go measann sé go bhfuil gá le measúnú ar an mbreisluach agus ar an gcóimheas costais is tairbhe a bhaineann leis an togra nua maidir le breathnóireacht, tuairisciú agus bailiú sonraí foraoiseachta an Aontais, chomh maith leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis atá ann cheana agus atá in easnamh; ní mór sonraí cianda, lena n-áirítear faisnéis ó satailítí agus na meáin eile a aithint mar bhealach costéifeachtach chun an bonn eolais a fheabhsú i gcomhar le fardail náisiúnta foraoise atá ann cheana; i ndáil leis sin, is príomhghnéithe iad an choimhdeacht, costais agus ualaí riaracháin ar cheart aghaidh a thabhairt orthu. D’fhéadfadh faireachán ar fhoraoisí ar fud an Aontais breisluach a ghiniúint ar choinníoll go dtacóidh na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis agus go mbeidh sé bunaithe ar shonraí ar an láthair arna mbailiú ag fardail foraoise náisiúnta agus réigiúnacha agus ar an taithí atá ag Forest Focus; Ina theannta sin, is gá cineál (deonach nó éigeantach), formáid agus cuspóir beacht na bpleananna straitéiseacha náisiúnta a shainiú go soiléir agus ní mór dreasachtaí cost-éifeachtúla a chruthú le go rannchuideoidh úinéirí foraoise le bailiú sonraí;

Is gá níos mó cistiú a chur ar fáil ar an leibhéal Eorpach don bhainistiú inbhuanaithe foraoisí

66.

á mholadh go ndéanfaí acmhainní airgeadais soiléire agus réalaíocha a thiomnú; cé go bhféadfadh sé go léirítear i Straitéis Foraoise an Aontais go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do bhainistiú inbhuanaithe foraoisí agus do chaomhnú na bithéagsúlachta, tá sé amhrasach an féidir an tearcmhaoiniú maidir le foraoiseacht agus bithéagsúlacht a aisiompú sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma, ós rud é gur gá brath go fóill ar chistí a bhfuil cuspóirí agus leithdháiltí acu cheana féin (amhail CBT) agus i bhfianaise an easpa ranníocaíochta ó chistí eile de chuid an Aontais i ngeall ar Brexit, ar an ngéarchéim eacnamaíoch i ndiaidh phaindéim COVID-19 agus ar an ardú ar an mboilsciú;

67.

á mholadh go gcabhródh an Coimisiún leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun a áirithiú gur féidir úsáid níos mó a bhaint as na cistí Eorpacha atá ar fáil (CETFT, CFRE agus NextGenerationEU) i mbainistiú inbhuanaithe foraoisí, trí phróisis riaracháin a shimpliú;

68.

á mholadh go gcuirfí tuilleadh acmhainní airgeadais ar fáil don oiliúint, don taighde agus don fhorbairt, don chomhroinnt eolais ar an leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta, d’fhonn an comhoibriú a éascú agus dea-chleachtais maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus le slabhraí luacha foraoisbhunaithe a mhalartú agus a chur chun feidhme i ngach réigiún den Eoraip agus ar fud an domhain;

69.

den tuairim gur cheart do Straitéis nua Foraoise an Aontais tionscnaimh a chur chun cinn chun ardáin a chruthú don chomhar idir-réigiúnach agus do chistiú idir-réigiúnach a bhaineann le foraoisí agus leis an ngeilleagar dícharbónaithe.

An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  COM(2013) 659 final.

(2)  COM(2018) 811 final.

(3)  An Comhaontú Glas don Eoraip: https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_ga

(4)  COM(2020) 788 final.

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(6)  COM(2020) 380 final.

(7)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 169.

(8)  Moladh ó phainéal saoránach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa a bhí dírithe ar an athrú aeráide agus ar an gcomhshaol.

(9)  COM(2018) 673 final agus SWD(2018) 431 final.

(10)  COM(2020) 98 final.

(11)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(12)  COM(2021) 706 final.

(13)  SWD(2021) 325 final.