28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 97/26


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Deireadh a chur leis an easpa dídine san Aontas Eorpach: an dearcadh áitiúil agus réigiúnach

(2022/C 97/06)

Rapóirtéir

Mikko AALTONEN (FI/PSE), Comhalta de Thionól Áitiúil: Comhairle Cathrach Tampere

MOLTAÍ BEARTAIS

TA COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Cúlra agus fíricí

1.

ag tabhairt dá aire go mb’fhéidir gurb í an easpa dídine an léiriú is measa ar an eisiamh sóisialta san Eoraip. Is fadhb phráinneach shochaíoch í nach mór do lucht ceaptha beartas aird níos mó a thabhairt uirthi ar na leibhéil ábhartha uile, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais;

2.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil an easpa dídine ina saincheist i mBallstáit uile AE. Baineann raon feidhme éagsúil leis an easpa dídine, agus tá leaganacha éagsúla di ann, ach níor éirigh le Ballstát ar bith réiteach a fháil ar an easpa dídine;

3.

á thabhairt le fios gur réaltacht dhinimiciúil í an easpa dídine a bhfuil baint aici le nithe eile seachas daoine a bhfuil cónaí orthu ar an tsráid. Ba cheart na daoine seo a leanas a mheas mar dhaoine gan dídean: daoine a bhfuil cónaí orthu in ionaid dídine nó in áiteanna nach bhfuil ceaptha le haghaidh tithíochta; daoine atá ar tí institiúid a fhágáil gan aon roghanna tithíochta a bheith acu; daoine nach bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha acu agus/nó atá ag brath ar bheith in ann fanacht lena gcairde nó lena dteaghlach ó am go chéile. Beidh droch-idirghabhálacha beartais ann má fhágtar dálaí iarbhír casta na heaspa dídine i ndearmad agus má ghlactar leis nach bhfuil inti ach an easpa dídine ar na sráideanna. Is den tábhacht idirdhealú a dhéanamh idir cásanna ina bhfuil daoine go hiomlán gan dídean agus cásanna ina bhfuil líonra beag tacaíochta ag daoine, ós rud é gur gá gníomhaíocht a chur in oiriúint d’imthosca éagsúla d’fhonn éifeachtacht na n-idirghabhálacha beartais a bharrfheabhsú;

4.

á thabhairt dá aire agus is cúis imní dó é go bhfuil laghdú mór tagtha ar sholáthar tithíochta inacmhainne, go háirithe i gcathracha agus i limistéir uirbeacha atá ag fás, de bharr an uaislithe, tithíocht ghearrthéarmach ar cíos agus an airgeadraithe, maille le hiarmhairtí na géarchéime airgeadais domhanda agus na géarchéime eacnamaíche a thit amach le blianta anuas. Níor cheart beag is fiú a dhéanamh de na dúshláin atá roimh bhailte beaga agus limistéir thuaithe, nithe a chuireann an easpa dídine in olcas. Dá bhrí sin, tá gá le tuilleadh infheistíochtaí agus creat níos fearr le haghaidh infheistíochtaí i dtithíocht inacmhainne má táthar chun an easpa dídine a chosc;

5.

á léiriú gur fadhb ilghnéitheach atá san easpa dídine a dhéanann difear do raon leathan daoine ó ghrúpaí éagsúla nach mór aird a thabhairt orthu (mná, daoine óga, leanaí, imircigh agus iarrthóirí tearmainn) agus a bhfuil cónaí orthu i ndálaí leochaileacha nó forbhásacha. Is iomaí cúis atá leis an easpa dídine agus is iomaí rud a spreagann í. Tá cúiseanna struchtúracha i gceist léi amhail ganntanas tithíochta inacmhainne, an dífhostaíocht, bearnaí cumhdaigh sa chóras cosanta sóisialta, an t-idirdhealú agus lochtanna ar bheartais imirce, chomh maith le tosca pearsanta amhail droch-mheabhairshláinte, andúil agus fadhbanna caidrimh. Chaithfeadh aon bheartas éifeachtach dul i ngleic lena hilghnéithí atá an easpa dídine;

6.

ag tabhairt dá aire, de réir meastacháin ó Feantsa, eagraíocht neamhrialtasach Eorpach, go raibh 700 000 duine ar a laghad a chodail amuigh nó in ionad dídine oíche ar bith in 2019, is é sin méadú 70 % in imeacht 10 mbliana. Tá an Coiste an-bhuartha go bhfuil méadú tapa ag teacht ar an líon daoine gan dídean san Aontas le blianta beaga anuas;

7.

á chur i bhfios go bhfuil an easpa dídine ina sárú ar chearta an duine, amhail an ceart chun tithíochta mar a chumhdaítear i gCairt Shóisialta na hEorpa (athbhreithnithe) de chuid Chomhairle na hEorpa. D’fhéadfadh an easpa dídine a bheith ina sárú ar chearta áirithe sibhialta agus polaitiúla freisin, amhail an ceart ar chosaint in aghaidh íde atá mídhaonna nó táireach agus an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, agus i gcásanna áirithe an ceart chun na beatha, fiú;

8.

á chur in iúl gur geal leis go bhfuil an easpa dídine ag teacht de réir a chéile chun bheith ina tosaíocht beartais shóisialta san Eoraip agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Rinne lear suntasach eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe agus OECD chomh maith le hinstitiúidí AE obair ar an easpa dídine le deireanas. Is geal leis an gCoiste go bhfuil aird á tabhairt ar an bhfadhb seo ar an leibhéal idirnáisiúnta agus tá súil aige go gcuideoidh sé sin le Ballstáit AE a gcur chuige i leith na heaspa dídine a fheabhsú a thuilleadh.

9.

á chur i bhfios gur léirigh paindéim COVID-19 go bhfuil baint ag an easpa dídine leis an tsláinte phoiblí. Is mó seans, mar gheall ar na dálaí maireachtála ina bhfuil siad agus na bunghalair atá orthu, go ndéanfar daoine gan dídean in ionad dídine a ionfhabhtú, go gcuirfear san ospidéal iad agus go mbásóidh siad i ndiaidh an ionfhabhtaithe;

10.

den bharúil go bhféadfar an easpa dídine a réiteach ach an meascán iomchuí de spriocbhearta comhordaithe a chur chun feidhme ar bhealach leanúnach córasach. Ba cheart dlúthchomhar idir seirbhísí sóisialta agus seirbhísí tithíochta, i bpáirt leis an gcóras breithiúnach, agus réitigh ina bhfuil béim ar thithíocht a chur ar bun, amhail an cur chuige “Tithíocht ar dTús”, a bheith i gceist leis an meascán beartais sin. D’fhéadfaí na réitigh sin ina bhfuil béim ar thithíocht a chur ar bun, arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le díothacht tithíochta agus cuimsiú sóisialta daoine aonair agus teaghlach a bhfuil deacrachtaí socheacnamaíocha acu a chur chun cinn, a bharrfheabhsú trí chineálacha nuálacha tithíochta arna maoiniú trí infheistíochtaí poiblí-príobháideacha agus infheistíochtaí ón tríú hearnáil. Tá fianaise leordhóthanach ann chun a chinneadh go bhfuil sé neamhéifeachtach, neamhéifeachtúil agus costasach an easpa dídine a bhainistiú le córas ionad dídine amháin;

11.

á chur in iúl go n-aontaíonn sé gur cheart a thuiscint gur ceart iad réitigh atá dírithe ar thithíocht agus nár cheart iad a bheith ag brath ar fhreagairtí iompraíochta agus/nó ar éachtaí (1). San am céanna, ba cheart cóiríocht a fháil a bheith mar chuid de chur chuige cuimsitheach lena n-áirithítear soláthar seirbhísí struchtúrtha, mar aon le seirbhísí tacaíochta pearsantaithe chun cuidiú le daoine gan dídean cóiríocht a fháil agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na bunchúiseanna atá leis an easpa dídine ar bhonn aonair. Tá dlúthchomhar idir seirbhísí sóisialta agus sláinte ríthábhachtach, go háirithe i gcomhthéacs na paindéime. Tá CnaR ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé díriú freisin ar chosc trí bhearta sonracha a thabhairt isteach a chuideoidh leo siúd is leochailí agus is mó atá i mbaol easpa dídine;

12.

á áitiú go bhfuil staitisticí cothrom le dáta ar phróifíl agus ar chineál na heaspa dídine bunriachtanach don dea-cheapadh beartas agus soláthar seirbhíse. Is oth leis an gCoiste nach ann d’aon sonraí oifigiúla AE maidir leis an easpa dídine agus iarrann sé go ndéanfaí beart go práinneach chun é sin a chur ina cheart;

13.

á mholadh do na Ballstáit agus d’institiúidí AE, ó tharla nach ann do shainmhíniú Eorpach ar an easpa dídine, aicmiú ETHOS a úsáid mar chreat-shainmhíniú a chumhdaíonn a bheith gan díon, an easpa dídine, maireachtáil i dtithíocht éiginnte agus maireachtáil i dtithíocht neamhleor. D’éascódh sé sin an comhar Eorpach;

14.

ag meabhrú na hachainí a rinne sé go dtabharfaí aird ar leith ar an easpa dídine a fheictear i measc daoine óga LGBTIQ, go n-ardófaí feasacht ina leith agus go gcuirfí chun cinn ionaid chúraim don óige agus ionaid dídine i bpobail áitiúla (2);

15.

á chur i bhfáth gur príomhimreoirí iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne na heaspa dídine, ach nach mbíonn na príomhuirlisí beartais acu go minic ná an tacaíocht airgeadais chun bheith éifeachtach. Ba cheart dá réir sin na leibhéil ábhartha rialtais uile a bheith rannpháirteach i mbeartais um an easpa dídine;

16.

á chur i bhfios go bhféadfadh an cur chuige córasach leanúnach “Tithíocht ar dTús” a bheith ina bhonn chun aghaidh a thabhairt ar an easpa dídine, mar a tharla i mBallstáit AE amhail an Fhionlainn;

17.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tArdán Eorpach chun an easpa dídine a chomhrac arna lainseáil ag an gCoimisiún Eorpach agus Uachtaránacht na Portaingéile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i mí an Mheithimh 2021. Tacaíonn an Coiste go láidir leis an ardán a bheith á chuimsiú i bPlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ach is oth leis i dtaca leis sin de, nach leagtar síos sprioc chainníochtúil ar bith sa phlean gníomhaíochta maidir leis an easpa dídine a chomhrac (3);

18.

ag tacú, chomh maith leis sin, leis an iarraidh a rinne na Ceannairí Stáit agus Rialtais aghaidh a thabhairt ar an easpa dídine mar thosaíocht beartais shóisialta don Aontas sna hiarrachtaí uile maidir leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht, mar a sonraíodh i nDearbhú Portó i mí na Bealtaine 2021;

Moltaí ó Choiste Eorpach na Réigiún

19.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ról gníomhach a imirt i gcomhordú an ardáin agus acmhainní leordhóthanacha AE a leithdháileadh chun rialachas éifeachtach agus tionchar beartais inbhraite a áirithiú; á chur in iúl go bhfuil sé ag tnúth le rannpháirtíocht ghníomhach na mBallstát san ardán ar gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus lena n-iarrachtaí deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2030, faoi mar a sonraíodh i nDearbhú Liospóin maidir leis an Ardán Eorpach chun an easpa dídine a chomhrac agus i gcomhréir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Is fiú a thabhairt faoi deara go mbaineann saincheist na heaspa dídine an bonn de ghnóthú roinnt de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, eadhon Spriocanna 1, 2, 3, 6, 8, 10 agus 11, ina n-éilítear beartais thrasearnálacha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt uirthi go héifeachtach;

20.

tiomanta do ról gníomhach a imirt san ardán agus, mar chomhalta den Bhord Stiúrtha, d’aird a tharraingt ar na dúshláin roimh údaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne na heaspa dídine; ag tathant ar an ardán, chuige sin, aitheantas iomlán a thabhairt do ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus a rannpháirtíocht iomlán sa tréaniarracht sin a éascú;

21.

ag moladh dó leasanna agus cúraimí an daonra gan dídean a chur san áireamh ina chuid oibre beartais amach anseo, agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an ardán a chomhtháthú i gcláir oibre na gcoimisiún ábhartha amhail SEDEC. D’fhéadfadh an Coiste comhdháil Eorpach a eagrú go rialta maidir leis na beartais áitiúla agus réigiúnacha sin um an easpa dídine a thagann faoina shainchúram;

22.

ag moladh ról tábhachtach i gcomhordú agus/nó bainistiú an ardáin a bhronnadh ar Feantsa mar gurb é sin an t-aon lárionad trasnáisiúnta eolais agus cleachtais san Eoraip agus go n-aithnítear a shaineolas go forleathan, saineolas atá in úsáid cheana féin agus beartais um an easpa dídine á gceapadh ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit. Beidh ríthábhacht lena saineolas siúd chun an t-ardán a fhíorú;

23.

ag féachaint ar cheithre shraith gníomhaíochta thábhachtacha don ardán: malartuithe trasnáisiúnta agus foghlaim fhrithpháirteach a éascú; rochtain ar chistiú AE agus deiseanna maoinithe a chur chun cinn; bailiú sonraí agus faireachán ar dhul chun cinn na mbeartas; agus nuálaíochtaí a bhfuil gealladh fúthu, amhail “Tithíocht ar dTús”, a shainaithint agus cabhrú chun uas-scálú a dhéanamh orthu;

24.

ag moladh gur cheart “Tithíocht ar dTús” a bheith ina ábhar tosaíochta don ardán, i bhfianaise an mhéadaithe ar spéis na ngeallsealbhóirí ann, amhail rialtais náisiúnta agus áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus soláthróirí tithíochta; den tuairim gur cheart, le “Tithíocht ar dTús”, ar cheart é a chomhlánú le seirbhisí tacaíochta sóisialta ar ardcháilíocht chun cuidiú le daoine dul i ngleic le dúshláin phearsanta, athrú córasach a dhéanamh ar an tslí a dtugtar aghaidh ar an easpa dídine agus nach ar leibhéal tionscadail amháin a chuirfí chun cinn é;

25.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go mbeidh fócas láidir ar an easpa dídine i dtionscnaimh bheartais ábhartha uile an Aontais amhail an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, an Straitéis Eorpach um Míchumas, Straitéis AE um Chomhionannas LGBTIQ, Straitéis AE maidir le Comhionannas Inscne, Creat AE maidir leis na Romaigh, Ráthaíocht AE don Aos Óg, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta, an Clár EU4Health, Comhshocrú AE maidir le hImirce agus Tionscnamh AE maidir le Tithíocht Inacmhainne;

26.

á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as cistiú agus deiseanna maoinithe ón Aontas, ar deiseanna iad nach bhfacthas a leithéid riamh, chun dul i ngleic leis an easpa dídine, agus leas a bhaint go háirithe as cistí CSE+, CFRE agus an tSaoráid Athléimneachta agus Téarnaimh. Ba cheart don Choimisiún a bheith gníomhach agus úsáid na gCistí Struchtúracha ag údaráis bhainistíochta, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus an tríú hearnáil a chur chun cinn; ag iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta tacú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun tograí infheistíochta a fhorbairt a d’fhéadfaí a mhaoiniú faoin gClár InvestEU mar chuid den Mhol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht;

27.

á iarraidh ar an gCoimisiún an comhar trasnáisiúnta a fhorbairt a thuilleadh idir na cathracha agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus leas a bhaint as obair atá déanta cheana maidir leis an easpa dídine faoin gClár URBACT agus na Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha;

28.

ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an fócas ar an easpa dídine faoi phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh a ghéarú, agus a mheas an bhféadfaí moltaí tírshonracha maidir leis an easpa dídine a eisiúint do Bhallstáit a bhfuil an easpa dídine iompaithe ina géarchéim náisiúnta iontu.

29.

ag iarraidh ar Chomhairle na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 31.2 dá Cairt Shóisialta Eorpach nuashonraithe (4), aird faoi leith a thabhairt ar éigeandáil na heaspa dídine, agus ar ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais Eorpaigh machnamh a dhéanamh ar thús a chur le gníomhaíochtaí i leith na heaspa dídine agus aird á tabhairt ar an tionchar tubaisteach atá aici ar dhaoine aonair agus ar an struchtúr sóisialta níos leithne; ag iarraidh go háirithe go mbeadh na heagraíochtaí seo a leanas rannpháirteach sa mhéid sin: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, óir tá an easpa dídine ar na sáruithe is práinní ar chearta an duine san Eoraip; an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú, ós í an easpa dídine an cineál droch-chaighdeáin maireachtála is measa; an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú mar go ndéanann galair thógálacha difear díréireach do dhaoine gan dídean; an tÚdarás Eorpach Saothair, ó tharla go bhfuil an easpa dídine i measc saoránaigh shoghluaiste AE a bhíonn ag gluaisteacht chun críoch oibre ina fadhb atá ag dul i méid i roinnt Ballstát; agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, mar gur minic a bhíonn an easpa dídine ina spreagthach leis an andúil nó ina toradh uirthi;

30.

ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún forbairt agus maoiniú na nuálaíochta sóisialta a chuirtear i bhfeidhm maidir le saincheist na tithíochta a áireamh ina gcuid beartas, mar a thugtar aghaidh uirthi sa Treoirleabhar maidir leis an Nuálaíocht Shóisialta ón gCoimisiún Eorpach, mar cheann de na bealaí le cosc a chur ar an easpa dídine;

31.

ag iarraidh ar na Ballstáit uile straitéisí naisiúnta um an easpa dídine a fhorbairt i gcomhairle leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus béim láidir iontu ar thithíocht mar phointe tosaigh d’fhonn aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhúshláin shonracha atá os comhair bailte, cathracha agus réigiúin éagsúla; ag iarraidh ar an gCoimisiún sraith straitéisí Eorpach a fhorbairt chun tacú leis na Ballstáit lena bpleanáil straitéiseach;

32.

ag iarraidh ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha AE stop láithreach a chur le pionósú agus coiriúlú daoine a chodlaíonn amuigh, i gcomhréir le dlí-eolaíocht chearta an duine, agus mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa.

An Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  Fighting homelessness and housing exclusion in Europe – A study of national policies, Líonra Eorpach um Beartas Sóisialta (2019) (https://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=21629&langId=en).

(2)  SEDEC-VII/015, tuairim ó CnaR Aontas an Chomhionannais: an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025.

(3)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún Cur Chun Feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ón taobh Áitiúil agus Réigiúnach (COR-2021-01127).

(4)  Airteagal 31.2: to prevent and reduce homelessness with a view to its gradual elimination (https://www.coe.int/en/web/european-social-charter).