28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 97/17


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

(2022/C 97/04)

Rapóirtéir:

Birgitta SACRÉDEUS (SE/PPE), Comhalta de Chomhairle Contae Dalarna

Doiciméad tagartha:

COM(2021) 44 final

(níl leagan Gaeilge ann) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Europe's Beating Cancer Plan [Plean Sáraithe Ailse na hEorpa]

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

ag déanamh tagairt dá chuspóir fhógartha tús áite a thabhairt don tsláinte ar an leibhéal Eorpach agus tacaíocht a thabhairt do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla sa chomhrac i gcoinne na hailse agus eipidéimí galar trí mheán an chomhair sláinte trasteorann agus nuachóiriú na gcóras sláinte (1);

2.

á thábhairt dá aire, cé gurb iad na Ballstáit is mó atá freagrach as an mbeartas sláinte, gur féidir leis an Aontas tacú leis na beartais náisiúnta agus iad a chomhlánú agus reachtaíocht a rith i réimsí áirithe, ach prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chomhlíonadh i gcónaí agus na struchtúir shláinte dhifriúla atá ann cheana féin agus an claonadh difriúil a bhíonn ann ó Bhallstát go Ballstát a chur san áireamh freisin;

3.

á chur i bhfáth gur freagracht de chuid an Bhallstáit, den chuid is mó, an beartas sláinte. Ba cheart, mar sin féin, réimsí a bhaineann leis an tsláinte a chur san áireamh sna díospóireachtaí a reáchtálfar mar chuid den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;

4.

á iarraidh ar institiúidí an Aontais a áirithiú go gcuirfear san áireamh i gcreat dlíthiúil an Aontais Sláinte Eorpaigh atá beartaithe freagracht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach as an tsláinte phoiblí, ós rud é gur roghnaigh 19 gcinn de na 27 mBallstát an phríomhfhreagracht as an gcúram sláinte a bhronnadh ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha, cé gur gá, mar sin féin, riachtanais ar leith na réigiún a léiriú i straitéisí sláinte na mBallstát agus tacaíocht a thabhairt iontu d’iarrachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach an cúram sláinte a fheabhsú;

5.

á thabhairt dá aire gur baol ollmhór do shaoránaigh agus do chórais sláinte an Aontais an ailse, gan aon agó, i bhfianaise an 2,7 milliún duine ar diagnóisíodh go raibh ailse orthu agus an 1,3 milliún duine a fuair bás dá deasca in 2020 (meastacháin an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, 2020). Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, thar aon rud eile, an ráta dá réir a bhfuiltear ag súil leis go rachaidh daonra an Aontais in aois agus, dá bhrí sin, a oiread agus a rachaidh líon na n-othar a ndiagnóiseofar go bhfuil ailse orthu i méid, ós rud é gur forleithne í i measc daoine scothaosta;

6.

á chur in iúl an baol atá ann go mbeidh géarchéim ailse ann i ndiaidh ghéarchéim COVID-19, ós rud é gur laghdaíodh go suntasach an méid scagthástáil, diagnóis agus cóireáil ailse a rinneadh in 2020 dá deasca, rud a d’fhág gur measa an riocht a bhfuil an-chuid daoine ann agus gur cruthaíodh riaráiste ó thaobh diagnóisithe de, rud a fhágann gur ann do bharraíocht mhór cásanna ailse ar gá dul i ngleic léi go ceann fada. De réir an tsuirbhé a rinne Eagraíocht Ailse na hEorpa, is lú an chóireáil a cuireadh ar 1,5 milliún othar ailse agus bhí 100 milliún scagthástáil ailse nach ndearnadh mar gheall ar an bpaindéim. Bhí tuairim is milliún othar ailse nár éirigh leo diagnóis a fháil agus ní bhfuair duine as gach beirt othar ailse san Eoraip an obráid nó an cheimiteiripe ba ghá. Tá duine as gach cúigear acu ag fanacht leis an gcóireáil sin go fóill;

7.

á iarraidh go reáchtálfar díospóireacht faoin gcaoi ar féidir feasacht sláinte an phobail a fheabhsú ionas gur féidir leis na hothair deireadh a chur lena neamhchosaint ar thosca riosca nó an neamhchosaint sin a laghdú, na roghanna is fearr a dhéanamh ó thaobh coisc, diagnóisithe agus cóireála de, rannchuidiú lena gcúram sláinte féin agus cur lena gcumas saol níos neamhspleáiche a chaitheamh; á mheas gur tábhachtach an rud é na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach sa díospóireacht sin má táthar le feabhas a chur ar fheasacht sláinte shaoránaigh an Aontais;

Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

8.

ag tacú go láidir leis an gcur chuige a ghlac an Coimisiún Eorpach i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa, arb é is aidhm leis aghaidh a thabhairt ar an gconair bainistithe galar ina hiomláine, ón gcosc, an luathbhrath, an diagnóisiú agus an chóireáil – agus béim ar leith á leagan ar dhaoine leochaileacha, amhail daoine scothaosta – go cáilíocht saoil na n-othar ailse agus na ndaoine a thagann tríthi;

9.

ag léiriú a thábhachtaí atá an Plean Sáraithe Ailse mar straitéis chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann leis an méadú ar líon na gcásanna ailse agus chun cosc a chur chun feidhme agus a chur ar fáil, lena ndíreofar ar dhochar a dhíothú nó a mhaolú, ar an luathbhrath, an diagnóisiú agus an chóireáil, agus ar cháilíocht saoil na ndaoine a bhfuil ailse orthu agus a gcleithiúnaithe a fheabhsú;

10.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó aidhm Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna sonraí leighis agus eolaíocha agus digitiú a chomhroinnt; á chur in iúl gur díol sásaimh dó freisin go bhfágfaidh an Spás Eorpach Sonraí Sláinte atá beartaithe go mbeidh othair ailse agus soláthróirí cúraim sláinte araon in ann sonraí sláinte leictreonacha a aisghabháil agus a chomhroinnt go sábháilte chun críoch coisc agus cóireála thar theorainneacha san Aontas; Ní mór do na Ballstáit a ráthú freisin go mbeidh na sonraí sin ar fáil ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

11.

á chur i bhfáth freisin a thábhachtaí atá sé Straitéis Cúraim Mhaolaithigh a chur chun cinn, lena bhforálfar do chúram ildisciplíneach, lena n-áirítear tacaíocht agus cúram ní hamháin dóibh siúd a bhfuil ailse orthu ach do na cúramóirí nó do na daoine muinteartha dóibh a chónaíonn leo freisin. I gcás leanaí a ndiagnóisítear go bhfuil ailse orthu agus inar fhorbair an tinneas atá orthu an oiread sin go mbaintear dá gcáilíocht saoil agus dá n-ionchas saoil, caithfidh sé gur gairmithe a bhfuil sainoiliúint orthu a chuirfidh cúram ar fáil dóibh;

12.

ag tacú leis an tionscnamh ón gCoimisiún i dtaca le lárionad eolais maidir le hailse a chur ar bun chun comhordú tionscnamh eolaíoch agus teicneolaíoch i gcoinne an ghalair ar leibhéal an Aontais a éascú, amhail sonraí a bhailiú trí chlárlanna náisiúnta ailse, an deis a bheith ag othair ailse teacht ar a gcuid sonraí sláinte agus na sonraí sin a aistriú, agus an intleacht shaorga (IS) a úsáid chun feabhas a chur ar cháilíocht na scagthástála ailse;

13.

á mheas gur fiú go mór tionscnamh an lárionaid eolais, cé gur cheart cur leis chun teiripí nach teiripí coitianta iad agus cóireáil ar chineálacha neamhchoitianta ailse a chomhordú, agus chun an chóireáil a chur in oiriúint do dhaoine aosta a bhfuil ailse orthu trí straitéis cúraim sláinte shainoiriúnaithe a chuirtear in oiriúint ní hamháin do shaintréithe an tsiada ach don duine ar leith lena mbaineann freisin;

14.

á chur i bhfáth gur gá an scagthástáil agus an diagnóisiú ailse a bheith i gcroílár Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa, ós rud é, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, go bhféadfaí idir 30 % agus 50 % de líon na gcásanna ailse agus an-chuid básanna a chosc ach diagnóisiú ní ba luaithe a dhéanamh agus cúram ní b’fhearr a thabhairt d’othair ailse;

15.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta chun aird a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann le stíl mhaireachtála shláintiúil agus chun dul i ngleic le príomhthosca riosca amhail tobac a chaitheamh, alcól a ól ar bhonn díobhálach, murtall agus neamhghníomhaíocht choirp, truailliú, agus neamhchosaint ar shubstaintí carcanaigineacha, radaíocht agus ionfhabhtuithe éagsúla. Tacaíonn sé freisin le bearta chun béim a leagan ar bhuntáistí an choisc agus an laghdúcháin díobhála;

16.

á chur in iúl go gcreideann sé gur cheart go mbeadh bearta arb é is aidhm leo eolas faoi neamhchosaint ar thruailliú an chomhshaoil agus substaintí ailseacha a chur chun cinn a bheith ag teacht le Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: “Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil” [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir saor ó Thruailliú] (COM(2021) 400 final) agus le Chemicals Strategy for Sustainability. Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Inbhuanaitheachta maidir le Ceimiceáin: I dtreo Comhshaol saor ó Thocsain] (COM(2020) 667 final) chun sineirgí a chruthú ó thaobh cuspóirí Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa a bhaint amach;

17.

á chur in iúl go gcreideann sé go bhfuil ról tábhachtach ag earnáil an ghnó, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ó thaobh stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn agus neamhchosaint ar thruailliú agus ar charcanaiginí a laghdú;

18.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó bearta an Choimisiúin maidir le glúin saor ó thobac a chotú agus, ar an ábhar sin, go bhfuil a macasamhail de chuspóirí á hiarraidh aige chun ól alcóil a laghdú; ag tacú leis an togra le haghaidh lipéid éigeantacha ar tháirgí tomhaltais agus rabhaidh ar na lipéid ar dheochanna alcólacha;

19.

á iarraidh go mbeidh a thuilleadh comhair idir na seirbhísí sláinte agus sóisialta, go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, chun feasacht an phobail a mhúscailt ar stíleanna maireachtála sláintiúla agus chun faisnéis a chur ar fáil dó maidir leis an gcaoi le baol na hailse a laghdú. Ní chaitear ach 3 % de na buiséid sláinte, i láthair na huaire, ar chur chun cinn na sláinte agus ar ghalair a chosc;

20.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó feachtas HealthyLife4All a seoladh in 2021. Cuirtear an ghníomhaíocht choirp agus aistí bia folláine chun cinn leis agus beidh sé ina chabhair ó thaobh spriocanna an chláir ailse agus straitéis na Náisiún Aontaithe maidir le Deich mBliana an Dul in Aois Sláintiúil, atá ar bun faoi láthair, a bhaint amach;

21.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó aidhm an Choimisiúin dlús a chur le feachtais vacsaíniúcháin na gcailíní agus na mbuachaillí i gcoinne an phapillomavíris dhaonna trína thuilleadh iarrachtaí feasacht a mhúscailt. Moltar ann freisin gur cheart go mbeadh sé éigeantach vacsaíniú papalómaivíris dhaonna a thairiscint do chailíní agus do bhuachaillí araon, ós rud é gur féidir leis sin ráta tarlaithe na hailse ceirbheacs agus cineálacha áirithe ailse béil, scornaí agus laraingí a laghdú go mór;

22.

á chur in iúl gur díol molta dó an sacgthástáil spriocdhírithe le haghaidh na hailse brollaigh, stéigí agus ceirbheacsaí. I gcás inar gá, mar sin féin, i bhfianaise na fianaise eolaíochta agus an mheasúnaithe costais is tairbhe, ba cheart cuimhneamh a luaithe ab fhéidir ar chur leis an scagthástáil spriocdhírithe sin chun cineálacha eile ailse a chur san áireamh, amhail an ailse phróstataigh agus ailse na scamhóg. Tá sé tábhachtach leis sin, ní hamháin an ailse a dhiagnóisiú a luaithe is féidir ach bonneagar agus slabhra soláthair éifeachtach a fhorbairt freisin;

23.

ag tarraingt aird ar na difríochtaí móra ó thaobh ráta tarlaithe na gcásanna ailse agus an ráta báis lena mbaineann ó Bhallstát go Ballstát agus lasitigh de na Ballstáit féin agus tá sé ag cur i bhfáth gur cheart go mbeadh an ceart céanna ag cách, beag beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu, chun sainchúraim, diagnóisithe agus córála agus go mbeadh an rochtain chomhionann ag cách ar chógais leighis;

24.

ag cáineadh a laghad sonraí atá ar fáil atá imdhealaithe de réir réigiún maidir le ráta tarlaithe na gcásanna ailse agus an ráta báis lena mbaineanna, ar rudaí iad a bhfuil gá leo chun treochtaí a shainaithint agus/nó aghaidh a thabhairt ar neamhionannais sa scagthástáil agus an chóireáil ailse; á iarraidh ar an gCoimisiún Clárlann na Neamhionannas Alise atá beartaithe chun feabhas a chur ar chosc agus coireáil ailse a chur ar bun a luaithe is féidir;

25.

á iarraidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóireáil ailse sna córais cúraim sláinte atá acu chun neamhionannais a laghdú ó thaobh rochtana, chumhdach na gcostas, aisíocaíochtaí, ranníocaíochtaí árachais sláinte agus táillí breise de;

26.

ag tarraingt aird ar chóras “na cóireála caighdeánaithe” ar dea-chleachtas é a tugadh isteach i roinnt Ballstát (e.g. an tSualainn agus an Danmhairg) chun dlús a chur leis an diagnóisiú agus le tús na cóireála;

27.

á chur in iul gur díol sásaimh dó an bhéim ghéar a leagadh ar thaighde ar an ailse agus an nasc idir an straitéis agus an misean taighde maidir leis an ailse faoi scáth Fís Eorpach. Chuige sin, ba cheart sochar a bhaint as acmhainneacht na digiteála agus uirlisí nua, amhail an Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse agus an Córas Eorpach um Fhaisnéis maidir le hAilse na hEorpa ar cuireadh leis, chun beatha daoine a shábháil;

28.

ag tarraingt aird ar acmhainneacht an chógais leighis phearsantaithe, ag díriú ní hamháin ar shaintréithe móilíneacha an tsiada ach freisin ar shaintréithe an duine ag a bhfuil an siada, ach dul chun cinn gasta a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht lena n-éascaítear diagnóisiú agus cóireáil nuálach shaincheaptha agus straitéisí um chosc na hailse a chuirtear in oiriúint níos fearr d’othair aonair agus do chineálacha ailse ar leith;

29.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur bunaíodh líonra ionad barr feabhais san Aontas lena n-éascaítear an comhar trasteorann agus soghluaisteacht na n-othar, lena gcuirtear feabhas ar an rochtain ar dhiagnóisiú agus cóireáil ar cháilíocht dhearbhaithe agus lena n-éascaítear oiliúint, taighde agus trialacha cliniciúla;

30.

á iarraidh ar na Ballstáit creidiúnú ionaid ailse amháin ar a laghadh a mholadh in aghaidh an Bhallstáit i gcomhréir le caighdeán Eagraíocht Institiúidí Ailse na hEorpa (OECI);

31.

á mholadh gur cheart go bhforálfaí leis an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann caighdeáin le haghaidh na scagthátála trasteorann, an íomháithe trasteorann agus na cóireála ailse trasteorann i mBallstát nach é tír chónaithe an duine é;

32.

á chur i bhfáth gur fadhb sheanbhunaithe sa chúraim sláinte a chuaigh in olcas le linn phandéim COVID-19 é ganntanas na gcógas leighis; á chur i bhfios, ó thaobh cógais riachtanacha nó cógais nuálacha a sholáthar, go bhfuil géarghá le bearta chun fáil na gcógas cineálach agus bithchosúil a chur chun cinn (2);

33.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra chun féachaint an féidir cuspóir cógas a athrú, ach á chur i bhfáth, ina thaobh sin, gur gá fianaise chliniciúil leordhóthanach a áirithiú maidir le héifeachtúlacht na gcógas leighis agus sábháilteacht na n-othar, agus torthaí ábhartha nach iad an ráta marthanais amháin iad á gcur san áireamh i gcás na n-othar aosta. Tá an méid sin tábháchtach, ní hamháin le haghaidh na n-othar ach le haghaidh na hearnála cúraim slainte agus na solathróirí airgeadais freisin ionas gur féidir leo teacht ar thuairim maidir le córacha leighis nua a úsáid; á thabhairt dá aire gur réamhriachtanas é praghsanna inacmhainne a bheith ar chógais leighis má tá othair le bheith in ann na cógais a theastaíonn uathu a fháil agus má tá na córais cúraim sláinte le bheith inbhuanaithe;

34.

á mholadh go scrúdófaí an rogha córas comhsholáthair an Aontais a leathnú amach, caibidlíocht chomhpháirteach a dhéanamh maidir le praghsanna agus stoc straitéiseach cógas ailse a chruthú. Leis sin, ba cheart riachtanais éagsúla na mBallstát, na réigiún, agus na gcúinsí socheacnamaíocha éagsúla a chur san áireamh;

35.

á iarraidh “an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” a ionchorprú i reachtaíocht na hEorpa. Níor cheart do bhainc ná comhlachtaí árachais stair leighis na n-othar ailse agus na ndaoine a thagann tríthi a chlárú, ionas nach gcuirfí isteach ar rochtain chothrom an dá dhream ar sheirbhísí airgeadais;

36.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra le haghaidh cárta cliste leictreonach dóibh siúd a thagann tríd an ailse, agus le haghaidh líonraí éifeachtacha do dhaoine aosta a thagann tríthi, arb é is aidhm leis feabhas a chur ar chumarsáid agus/nó ar chomhordú idir na foirne leighis agus na hothair, go háirithe ó thaobh thaithí na n-othar de;

37.

á chur i bhfios go mbíonn fadhbanna coirp agus meabhairshláinte ag an-chuid daoine, go háirithe an meathlú feidhme agus cognaíochta is féidir a bheith ag baint do dhaoine aosta a bhfuil ailse orthu de dheasca na cóireála, ar feadh i bhfad i ndiaidh dhiagnóisiú na hailse agus na cóireála tosaigh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, tuiscint a fháil ar mar a théann an chóireáil i bhfeidhm ar dhaoine aonair de réir a leochailí atá siad agus tá sé riachtanach, dá bhrí sin, samhlacha cúraim a fhorbairt do dhaoine aosta a bhfuil ailse orthu chun measúnú cuimsitheach ar a gcás agus úsáid uirlisí chun measunú a dhéanamh ar a gcuid inniúlachtaí a chur chun cinn. Tá sé tábhachtach freisin tuiscint a fháil ar mar a théann teiripe i bhfeidhm ar an meabhairshláinte, ionas gur féidir an cúram sláinte agus an t-athshlánú a dhéanamh níos éifeachtaí agus a chur in oiriuint don fhaisnéis sin i ngach réimse;

38.

á chur i bhfáth a riachtanaí atá an tacaíocht agus an cúram a fhaigheann othair ailse ó chúramóirí neamhfoirmiúla, amhail tuismitheoirí agus daoine muinteartha dóibh, ach freisin gur ualach trom é orthu siúd a thugann an cúram. Ba cheart foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, maidir le bearta tacaíochta sóisialta ar an leibhéal áitiúil chun cothromaíocht oibre is saoil na gcúramóirí sin a fheabhsú;

39.

á iarraidh go gcuimseofaí freisin i ngach tionscnamh a dhíreofaí ar na gaolta, go háirithe ar dhaoine den teaghlach, ábhair imní na leanaí agus go gcuirfí san áireamh cás agus riachtansais speisialta na siblíní, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh;

40.

is díol sásaimh dó béim an Choimisiúin ar an ailse i measc na leanaí, agus tá sé á chur i bhfáth nach mór dó díriú freisin ar an ailse i measc na ndaoine scothaosta, a mbaineann tréithe ar leith léi, mar is amhlaidh i gcás na hailse i measc na leanaí. Caithfear an Plean Sáraithe Ailse a threisiú, mar sin féin, le tionscnaimh lena gcuirfear chun cinn forbairt na gclár leantach ar cháilíocht dhearbhaithe i mBallstáit an Aontais. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú gur féidir le rialtóirí amhail an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) sonraí a aisghabháil i gcónaí maidir le héifeachtúlacht agus fo-iarsmaí cógas;

41.

den tuairim gur cheart go sainaithneofaí sa staidéar atá beartaithe ar dhaoine fásta a thagann tríd an ailse na cúinsí agus na constaicí a bhaineann le daoine óga a thagann tríd an ailse agus a fhilleann ar an scoil, ar an ollscoil agus a ghlacann páirt i margadh an tsaothair. Ba cheart freastal freisin leis na tionscnaimh a bhaineann leis an bhfilleadh ar mhargadh an tsaothair ar dhaoine óga a thagann tríd an ailse;

42.

ag iarraidh straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na feasachta sláinte, go háirithe maidir leis an ailse agus na tosca riosca a bhaineann léi, ós rud é go mbeidh an t-athrú déimeagrafach ar cheann de na tosca a chuirfidh le ráta a tarlaithe. D’fhéadfadh cineálacha difriúla cuir chuige a bheith i gceist leis na straitéisí, amhail timpeallachtaí folláine a chruthú nó a bheith i do dhea-fhostóir agus cur chuige nua, bealaí nua comhoibre, modhanna agus teicneolaíochtaí nua oibre agus dálaí oibre inbhuanaithe a aimsiú.

An Bhruiséil, 1 Nollaig 2021.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


(1)  IO C 440, 18.12.2020, lch. 131

(2)  https://webapi2016.COR.europa.eu/v1/documents/cor-2020-05525-00-00-ac-tra-en.docx/content.