18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/18


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Dúshláin shóisialta a bhaineann le glasú an mhuiriompair agus an iompair uiscebhealaí intíre

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 275/03)

Rapóirtéir:

Pierre Jean COULON

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25.3.2021

Bunús dlí

Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

2.2.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.2.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

567

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

207/1/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá CESE ag athdhearbhú go dtacaíonn sé leis na conclúidí agus na moltaí a leagtar amach sa tuairim Tionscnamh muirí FuelEU (1) agus sa tuairim NAIADES III (2).

1.1.1.

Sna réimsí sin, “beidh dlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ar fad sa bhraisle mhuirí agus sa slabhra soláthair riachtanach chun an sprioc sin a bhaint amach ar deireadh”.

1.1.2.

Is amhlaidh an cás maidir le “spéis i gcruthú críochfort idirmhódúil”, rud atá riachtanach agus a chumasófar “forbairt iompair uiscebhealaí intíre i gcathracha a chuidíonn leis an gcáilíocht saoil a fheabhsú”.

1.2.

Measann CESE nach mór sláinte agus cáilíocht saoil daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir atá gar do sheolbhealaí loingseoireachta nó do chalafoirt a chur san áireamh agus an muiriompar agus an t-iompar uiscebhealaí intíre á nglasú.

1.3.

Mar thoradh air sin, ní mór d’údaráis chalafoirt, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus do gheallsealbhóirí iompair oibriú i gcomhpháirt le chéile chun athmhachnamh a dhéanamh ar na naisc idir cathracha, calafoirt agus oibreoirí iompair.

1.4.

Ní fhéadfar tabhairt faoin aistriú glas go dtí go mbeidh oiliúint leordhóthanach curtha ar fáil d’fhostaithe.

1.5.

Tá na moltaí sin bunriachtanach chun cur leis an ngeilleagar gorm amach anseo.

2.   Réamhrá

2.1.

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach dar teideal “NAIADES III” maidir le huiscebhealaí intíre san Eoraip a nuachóiriú, a foilsíodh an 24 Meitheamh 2021, agus an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breoslaí inathnuaite a úsáid sa mhuiriompar, a foilsíodh an 14 Iúil 2021, ar a dtugtar “Tionscnamh muirí FuelEU”, tá tús á chur le dícharbónú na n-earnálacha sin.

2.2.

Is éard atá in NAIADES III plean gníomhaíochta arb é is aidhm dó iompar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn trí bhíthin 35 bheart atá bunaithe ar bharúil shimplí a thug an Coimisinéir um Iompar, Adina Vālean: is é sin go bhfuil an t-iompar uiscebhealaí intíre ar cheann de na modhanna iompair is tíosaí ó thaobh CO2 de agus go bhfuil ról ríthábhachtach ag uiscebhealaí intíre maidir le dícharbónú na gcóras iompair. Bíodh sin mar atá, ní iompraítear ach 6 % de lastas an Aontais ar aibhneacha agus ar chanálacha d’ainneoin go bhfuil 41 000 ciliméadar i ngréasán na n-uiscebhealaí intíre.

2.3.

Is é an uaillmhian a leagtar amach sa Teachtaireacht líon níos mó earraí a iompar ar aibhneacha agus cainéil na hEorpa agus an t-aistriú chuig soithí astaíochtaí nialasacha a éascú faoi 2050.

2.4.

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hIompar Idirmhódúil ó 1992 (3), arb í an t-aon ionstraim dlí de chuid an Aontais a thacaíonn go díreach leis an aistriú ó iompar lasta de bhóthar go modhanna iompair astaíochtaí ísle (uiscebhealaí intíre, muiriompar agus iompar d’iarnród), ach is beag tionchar a bhí aici óir níor cuireadh chun feidhme í mar is cuí sna Ballstáit. Cúis mhór amháin a bhí leis an gcur chun feidhme neamhleor sin go raibh fíorchoimhlint i bPacáiste Soghluaisteachta 2018 idir an cuspóir chun iomaíocht chóir a bhaint amach idir fiontair agus fostaithe iompair de bhóthar sa mhargadh inmheánach (trí chabatáiste chuig críochfoirt idirmhódúla agus uathu a theorannú) agus an t-aistriú ó iompar módúil go hiompar idirmhódúil trí na costais lena mbaineann a laghdú.

2.5.

Tá an togra le haghaidh Rialachán maidir le trácht loingseoireachta mar chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55” agus tá sé d’aidhm aige laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030. Tá sé dírithe go príomha ar chuspóirí laghdaithe astaíochtaí agus cuireann sé de cheangal ar oibreoirí iompair na cineálacha soithí agus an cineál breosla a úsáideann siad a admháil. Dá bhrí sin, tá sé measartha scaoilte. Is é is cúis leis sin, de réir an Choimisiúin Eorpaigh, nach mbaineann ach 10 % de na hastaíochtaí iompair san Aontas leis an muiriompar i gcoitinne.

2.6.

Níl an dara rogha ag CESE ach tacú le beartas an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an muiriompar agus an t-iompar uiscebhealaí intíre a ghlasú.

2.7.

Seo mar atá déanta aige sna tuairimí uaidh a glacadh le déanaí, Tionscnamh muirí FuelEU (4) agus NAIADES III (5). Ba mhian le CESE freisin an deis seo a thapú chun machnamh a dhéanamh ar dhúshláin shochaíocha a bhaineann le glasú an mhuiriompair agus an iompair uiscebhealaí intíre agus aird na sochaí sibhialta a tharraingt air go bhfuil pleanáil spásúil mhuirí de dhíth chun an muiriompar agus an t-iompar uiscebhealaí intíre a ghlasú i dtreo gur féidir an t-iompar a chur in oiriúint don athrú aeráide i gcomhthéacs an gheilleagair ghoirm (6).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá dhá chuid sa tuairim féintionscnaimh seo a bhaineann le hábhair éagsúla: baineann an chéad ábhar go bunúsach le nádúr an iompair agus na gcalafort intíre agus baineann an dara hábhar le saincheisteanna sóisialta maidir le fostaithe sa mhuiriompar agus san iompar uiscebhealaí intíre. Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur margadh earnála é an muiriompar, ón iompar áitiúil ar bhád farantóireachta ar aibhneacha agus ar bhealaí gearra farraige a fhreastalaíonn ar chathracha agus oileánraí go dtí an t-iompar fad-achair ar bhád farantóireachta, ar bhulc-iompróirí, ar longa coimeádáin agus ar longa cúrsála.

Ní thugtar aghaidh sa tuairim seo ar na hearnálacha sin go léir ach tugtar aghaidh inti ar an ngné shochaíoch a bhaineann le saincheisteanna iompair áitiúla agus réigiúnacha.

3.2.

Tá gá le cur chuige comhtháite chun an t-iompar uiscebhealaí intíre agus an muiriompar a ghlasú, ós rud é nach mór aird a thabhairt ar na hábhair imní atá ann faoi shláinte cónaitheoirí agus oibrithe áitiúla sa bhonneagar iompair a bheidh ann amach anseo.

3.3.

Dar le CESE, tá sé bunriachtanach, sa tuairim féintionscnaimh seo maidir leis na dúshláin shochaíocha a bhaineann leis an muiriompar agus an t-iompar uiscebhealaí intíre a ghlasú, go mbeidh teacht ag an gCoimisiún ar staidéir fhónta ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí calafort intíre agus calafort mara ar an tsláinte. Ba cheart díriú i staidéir den chineál sin ar anailís a dhéanamh ar scéimeanna um bainistíocht chomhshaoil ar mhórscála agus ba cheart moltaí a áireamh iontu maidir le hoibríochtaí calafort abhann agus calafort mara, agus saincheisteanna sláinte á gcur san áireamh.

3.4.

Tá ról lárnach ag cabatáiste muirí sa chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, go háirithe i gcás na n-oileán. Tá sé i bhfách le beartais arb é is aidhm dóibh astaíochtaí CO2 a laghdú, an tionchar ar an gcomhshaol a mhaolú agus prionsabal na hilmhódúlachta a chur chun cinn.

3.5.

Is saincheist íogair í cáilíocht an aeir i gcalafoirt agus an tionchar atá aici ar shláinte cónaitheoirí áitiúla a fheabhsú. Tá CESE den bharúil gur den tábhacht tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chórais soláthair leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt intíre nó i gcalafoirt mhara, faoi mar atá déanta i gcalafort Rotterdam, i dtreo gur féidir le soithí, gan beann ar a méid, a n-innill a mhúchadh agus iad tugtha chun duga. Ar an dóigh sin, chuideofaí le sláinte cónaitheoirí agus oibrithe a chosaint. Baineann sé sin freisin le longa cúrsála a bhíonn tugtha chun duga go minic i limistéir chalafoirt láir.

3.6.

Ní féidir neamhaird a dhéanamh de thruailliú torainn ó ghníomhaíochtaí calafoirt mhuirí ráite go mbaineann sé sin le cáilíocht saoil cónaitheoirí, ar thaobh amháin, agus le sláinte oibrithe, ar an taobh eile. Is amhlaidh atá i gcás cónaitheoirí chúlchríoch na n-uiscebhealaí intíre. Tá dlúthbhaint idir feabhsú an iompair uiscebhealaí intíre agus forbairt shocheacnamaíoch na cúlchríche; mar sin féin, níor cheart an fhorbairt sin a bheith chun dochair do cháilíocht saoil na gcónaitheoirí, cé gur lú núis atá ag baint le hiompar uiscebhealaí intíre ná iompar de bhóthar.

3.7.

Ní féidir tabhairt faoi ghlasú an iompair uiscebhealaí intíre agus an mhuiriompair gan aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le hoiliúint foirne, deiseanna fostaíochta agus difríochtaí idir an chaoi a gcaithfear le mná agus fir sna hearnálacha sin, nó gan aird a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha a bhaineann leis na hathruithe móra atá tagtha chun tosaigh i ngeall ar an digiteáil agus uathoibriú gairmeacha.

3.8.

Tá sé ríthábhachtach flíteanna a athnuachan ar mhaithe le spleáchas an iompair uiscebhealaí intíre ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Mar sin féin, is éard atá sa chuid is mó den earnáil sin bádóirí beaga agus fiontair bheaga agus mheánmhéide atá thíos le deacrachtaí eacnamaíocha (caillteanas láimhdeachas thart ar EUR 2,7 billiún agus laghdú 70 % ar a laghad ar iompar paisinéirí). Dá bhrí sin, má tá athnuachana flíteanna chun bheith inghlactha sa tsochaí, tá tacaíocht na mbádóirí de dhíth, rud nach n-áiritheofar ach amháin má chothaítear muinín na mbádóirí sin trí infheistíocht a dhéanamh agus tacaíocht airgeadais fhadtéarmach a thabhairt dóibh.

3.9.

Ar an gcúis sin, d’fhonn an t-aistriú chuig iompar astaíochtaí nialasacha ar uiscebhealaí intíre a bhaint amach, is gá ní hamháin tacaíocht airgeadais a thabhairt do bhádóirí atá ann cheana, ach is gá freisin iarrachtaí a dhéanamh chun oiliúint a chur ar fhoireann loinge atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Ní bheidh rath ar ghlasú an iompair uiscebhealaí intíre agus an mhuiriompair murar féidir leis an earnáil athrú ó bhonn a dhéanamh ar obair agus ar scileanna.

4.   Barúlacha sonracha

Na calafoirt

4.1.

I réimse an mhuiriompair, fágann an beartas maidir le glasú an mhuiriompair gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar na naisc idir cathracha agus calafoirt. Mar thoradh ar thionscadail forbartha atá dírithe ar gheilleagar olabhunaithe agus ar an ró-choimeádánú domhandaithe sa dara leath den 20ú haois tá calafoirt lonnaithe anois lasmuigh de chathracha toisc iad a bheith róbheag agus cruthaíodh limistéir chalafoirt thionsclaíocha ar imeall cathracha. Mar sin féin, ní mór glacadh le mórthionscadal calafoirt nó uirbeach a bheith d’aon toil nach mór, rud a chiallaíonn gur gá sraith chasta argóintí a bhaineann le spéis an phobail agus léirithe ar leith a chur san áireamh. Is rud measartha nua iad na héilimh shibhialta agus shochaíocha sin sa chaidreamh seanbhunaithe idir cathracha agus calafoirt.

4.2.

Is féidir leis na húdaráis chalafoirt agus na bardais oibriú i gcomhar le chéile nó cur i gcoinne a chéile i ndáil le gnéithe sochaíocha agus comhshaoil nach féidir neamhaird a dhéanamh díobh a thuilleadh (7). I gcathracha calafoirt, áiteanna ina bhfuil soithí, cónaitheoirí, tionscail, siopaí agus gníomhaíochtaí turasóireachta taobh le chéile, tá cáilíocht an chomhshaoil agus foinsí núise ag spreagadh daoine chun gnímh. Mar shampla, bíonn innill báid ar siúl de lá agus d’oíche agus is crá croí laethúil é an truailliú aeir do chónaitheoirí áitiúla i líon mór calafoirt Eorpacha.

4.3.

Scaoileann soithí lastais-paisinéirí agus báid farantóireachta ar chuid mhór bealaí farraige gás agus mínábhair cháithníneacha isteach san aer. Is núis dhofhulaingthe é an torann a ghineann innill ós torann buan é a mhéadaítear san oíche.

4.4.

Is ann don fhadhb sin mar gheall air nach bhfuil leictreachas cois cladaigh le fáil ach ag cuid de na mbeart feistithe i gcalafoirt. Dá dhroim sin, tá ar roinnt soithí a ngineadóir cumhachta féin a úsáid.

4.5.

Is saincheist íogair í cáilíocht an aeir i gcalafoirt agus an tionchar atá aici ar shláinte cónaitheoirí áitiúla a fheabhsú. Tá an t-éileamh sochaíoch ar bhearta coisctheacha agus ceartaitheacha maidir le cáilíocht an aeir i gceantar máguaird na gcalafort níos práinní ná riamh, lena n-áirítear ar na meáin shóisialta.

4.6.

Is fíor sin freisin i gcás truailliú torainn arb iad gníomhaíochtaí calafoirt is cúis leis. Dar le CESE, ní féidir déanamh gan fardal a dhéanamh de thionchair chomhshaoil na gcalafort, go háirithe i limistéir idir an chathair agus an port, agus anailís a dhéanamh orthu agus an muiriompar agus an t-iompar uiscebhealaí intíre á nglasú. Ba cheart é sin a dhéanamh mar réamhchéim sula nglacfar aon bhearta agus fágfaidh sé go bhféadfar an ceantar idir an chathair agus an calafort a bhainistiú ó thaobh an chomhshaoil de ar dhóigh chliste. D’fhéadfadh forbairt calafort uiscebhealaí intíre cur leis an méid sin.

4.7.

Ní féidir leanúint ar aghaidh le glasú an mhuiriompair agus an iompair uiscebhealaí intíre gan réamh-mheasúnú a dhéanamh ar thionchar scaipeadh na n-astaíochtaí ó shoithí, fiú astaíochtaí ísealcharbóin, ar phróifíl thopagrafach limistéar an chalafoirt, ar dháileadh an daonra sna limistéir a ndéanann gníomhaíochtaí calafoirt difear dóibh, ar stáisiúin mheitéareolaíocha a bheith ann (ó tharla go mbíonn tionchar ag an aimsir ar cé acu a scaipeann nó a charnann gáis san aer) agus ar bhraiteoirí a thomhaiseann truailliú agus leibhéil torainn.

Fostaithe san earnáil mhuirí

4.8.

Ní féidir neamhaird a thabhairt ach oiread ar mhórdhúshlán eile atá roimh an tsochaí, is é sin fostaíocht agus oiliúint a chur ar fáil do mharaithe le haghaidh gairmeacha nua. In ainneoin na heaspa sonraí cruinne agus inchomparáide atá ar fáil maidir le maraithe, aithnítear go ginearálta go bhfuil ganntanas scileanna san earnáil mhuirí agus go bhfuil sé deacair poist a líonadh agus maraithe a choinneáil.

4.9.

Tá easpa tarraingteacht áirithe ag baint leis an earnáil ghairmiúil sin i ngeall air, i measc nithe eile, nach bhféachtar ar an loingseoireacht a thuilleadh mar bhealach chun an domhan a fheiceáil. Is é fírinne an scéil go bhfuil an taisteal níos saoire agus níos éasca sa lá atá inniu ann. De réir staidéar neamhspleách a ullmhaíodh don Choimisiún Eorpach, meastar go bhfuil neamhréir idir an earnáil agus an gnáthshaol sóisialta agus teaghlaigh agus tá drochdhálaí oibre agus drochionchais ó thaobh dul chun cinn gairme ag baint léi, d’ainneoin an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (MLC 2006) lena mbunaítear dálaí íosta oibre agus maireachtála do mharaithe sa loingeas trádála domhanda (8).

4.10.

Bíodh sin mar atá, léirítear le roinnt sonraí ó thuarascáil ó Comhlachais Úinéirí Long an Chomhphobail Eorpaigh go meastar, i gcodanna áirithe den tsochaí, go bhfuil an loingseoireacht mhuirí measúil agus urramach, go háirithe a bhuí le feachtais faisnéise poiblí agus deontais staidéir, i measc nithe eile.

Ionadaíocht na mban in earnáil an iompair

4.11.

Tá líon na mban atá ag obair in earnáil an mhuiriompair fós íseal agus tá siad faoi ghannionadaíocht agus is beag cosúlacht atá air go dtiocfaidh feabhas air sin. Cé is moite de roinnt tíortha Nordacha agus den Ísiltír, fostaítear mná i bpoist lena ngabhann stádas níos ísle agus tuarastail atá níos ísle ná iad sin a fhaigheann fir.

4.12.

Is comhalta é CESE den phainéal Eorpach a bhfuil sé d’aidhm aige mná a imeascadh agus a chur chun cinn in earnáil an iompair i gcoitinne, lena náirítear sa mhuiriompar agus san iompar uiscebhealaí intíre. Léirítear i suirbhé de chuid Chónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa a bhí ar oscailt ón 7 Deireadh Fómhair go dtí an 29 Samhain 2019 nach mná iad ach 22 % de na hoibrithe uile in earnáil an iompair (9). Léirítear sa staidéar sin gur ann fós do chuid mhór bacainní san earnáil a eascraíonn as neamhionannais agus steiréitíopaí inscne. Is tionscal é an muiriompar ina raibh ceannas ag fir i gcónaí agus measann CESE gur gá é sin a athrú má táthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shochaíocha roimh mhná san earnáil sin.

4.13.

Deis atá i nglasú an mhuiriompair chun déanamh amhlaidh. Creideann CESE gur cheart go spreagfadh an t-athrú teicneolaíochta a d’eascródh as an nglasú sin cruthú post in earnáil an mhuiriompair agus go n-athrófaí an dearcadh ina leith ar bhealach ina n-athrófaí poist thraidisiúnta ar muir go poist le hard-bhreisluach ar talamh. Ar an dóigh sin, d’fhéadfaí níos mó ban a earcú.

4.14.

Tá maraithe a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu riachtanach lena áirithiú go mbeidh an loingseoireacht sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá inmharthanacht na hearnála dinimiciúla sin ag brath ar an gcumas chun leanúint de líon leordhóthanach nuatheachtaithe ar ardcháilíocht a mhealladh agus maraithe a bhfuil taithí acu a choinneáil, lena n-áirítear maraithe agus grúpaí eile atá faoi ghannionadaíocht.

4.15.

Tá CESE den bharúil go bhfuil gá le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí go léir, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, má táthar chun réitigh shuntasacha inmharthana a bhaint amach i gcomhthéacs ghlasú an mhuiriompair (10).

Maraithe

4.16.

Mar sin féin, mar thoradh ar uathoibriú soithí, d’fhéadfadh laghdú ar chriú agus foireann loinge a bheith ann, rud a laghdódh an t-éileamh ar mharaithe agus, san am céanna, a mhéadódh an t-ualach oibre agus na freagrachtaí orthu siúd atá fostaithe cheana. Ní dócha go nglacfar go sóisialta leis an ionchas go ndéanfar foireann a scaoileadh chun bealaigh nó a athaicmiú.

4.17.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh an digiteáil agus an t-uathoibriú feabhas a chur ar dhálaí oibre foirne ardcháilithe a bhfuil scileanna TF agus innealtóireachta leictrí acu. A bhuí leis an digiteáil agus an t-uathoibriú, d’fhéadfaí an t-ualach riaracháin a laghdú freisin (a luaitear go minic mar fhoinse tuirse d’aerchriú) agus forbairt córas oibriúcháin gar-uathrialaigh a chumasú, rud a mbeadh tionchar aige ar uaireanta oibre agus ar tharraingteacht na loingseoireachta.

4.18.

Leis an digiteáil agus an t-uathoibriú a ghabhann le glasú an mhuiriompair, tiocfaidh athrú suntasach ar an earnáil. Níl sé sin beartaithe sa ghearrthéarma, go háirithe ós rud é nach bhfuil longúinéir go hiomlán ullamh ina leith go fóill. Mar sin féin sin, tá na teicneolaíochtaí nua seo curtha in oiriúint do shoithí atá ann cheana. Cúis eile leis an drogall sin is ea an costas a bhaineann le cabhlaigh a athnuachan.

4.19.

Baol eile nach féidir neamhshuim a dhéanamh de is ea go ndéanfadh athrú ar riachtanais scileanna dochar don fhostaíocht má fhágtar maraithe áirithe ar leataobh nó mura gcuirtear oiliúint cheart ar mharaithe an lae amárach. Is dúshlán mór é sin do scoileanna oiliúna cabhlaí, dúshlán nach dtabharfaidh ach iad siúd a chomhoibríonn go dlúth leis an tionscal muirí chun dul in oiriúint dá riachtanais aghaidh air.

4.20.

Sa bhreis air sin, tá oiliúint leanúnach na maraithe riachtanach chun a gcuid scileanna a choinneáil cothrom le dáta agus chun an t-aistriú ó phoist ar muir go poist ar talamh a éascú, poist ar dócha go dtiocfaidh siad chun cinn i ngeall ar ghlasú an mhuiriompair. Tá sé sin ríthábhachtach chun tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí ina hiomláine.

4.21.

Mar sin féin, fágann oibrithe níos oilte a bheith ann go mbeidh méadú ar chostas an lucht saothair, go mbeidh baol ann go ndéanfar dumpáil shóisialta agus gurb iad na baill foirne is lú cáilithe a bheidh thíos léi agus go mbeidh iomaíocht éagórach i margadh an tsaothair. Tugann an méid sin le fios gur gá poist na maraithe Eorpacha a chosaint. I dtaca leis sin, féach an staidéar Seafarers and digital disruption ó 2018 (11). Is cosúil, áfach, go bhfuil líon na maraithe atá ann ag meath fad atá aois na maraithe ag dul i méid, rud a ardaíonn an cheist, an féidir leo dul in iomaíocht le maraithe neamh-Eorpacha? Is ceist faoi leith é sin ach, bíodh sin mar atá, bhí CESE ag iarraidh í a ardú sa tuairim féintionscnaimh seo.

4.22.

Dá bhrí sin, tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir lena áirithiú go n-urramaítear caighdeáin saothair sa mhuiriompar nó go n-ardaítear iad, fiú. Mar sin féin, d’fhéadfaí an chómhargáil a chur i mbaol de bharr éagsúlacht na gceart saothair is infheidhme ar bord, agus í a bheith níos casta fós i ngeall ar fhorfheidhmiú dhlí an tsaothair i limistéir trasteorann má tá easpa cumarsáide, comhair agus comhordaithe idir na húdaráis éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar dhálaí oibre.

Iompar uiscebhealaí intíre

4.23.

In amanna, is féidir roinnt de na saincheisteanna a bhaineann le hoibrithe sa mhuiriompar a bheith ábhartha freisin i gcás oibrithe san iompar uisce intíre. Is é an difríocht gur oibreoirí féinfhostaithe níos sine iad na hoibrithe san iompar uiscebhealaí intíre den chuid is mó, mar gheall ar mheascán de ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha (12). Tá tionchar ag an daonra atá ag dul in aois ar oibrithe freisin. Is fearr le daoine óga oibriú ar talamh, gnáthuaireanta oibre a bheith acu agus an deis a bheith acu an deireadh seachtaine a chaitheamh sa bhaile. Tá an méid sin ábhartha go háirithe in Iarthar na hEorpa, áit a bhfuil tuairim is 80 % de na cuideachtaí lasta intíre faoi úinéireacht úinéirí/oibreoirí féinfhostaithe a bhfuil uaireanta oibre neamhrialta acu. Mar thoradh air sin, tá ganntanas saothair san iompar uisce intíre, ar ábhar imní é don mhargadh paisinéirí agus don mhargadh lasta araon, agus is léire ná riamh é, go háirithe, i measc pearsanra cáilithe ar leibhéal na bainistíochta agus i measc máistrí báid cáilithe in earnáil an lasta leachtaigh.

4.24.

Tugann CESE dá aire gurb iad tosca teicniúla is cúis leis an nganntanas sin freisin ó tharla go bhfuil obair an chriú loinge ag éirí níos teicniúla agus go dteastaíonn ó chuideachtaí iompair uiscebhealaí intíre oibrithe a bhfuil scileanna teicniúla acu a earcú, cé gur deacair na hoibrithe sin a aimsiú.

4.25.

Má táthar chun an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí don ghlúin óg go háirithe, ní mór bearta bunúsacha a ghlacadh, lena n-áirítear bearta de chineál soch-chultúrtha agus sochaíoch amhail comharchumainn a bhunú chun riachtanais eacnamaíocha (éifeachtúlacht, brabúsacht, ualach ard oibre) a chur ag luí le gnéithe sóisialta, cultúrtha agus sochaíocha (saol príobháideach agus sóisialta, saol an teaghlaigh, etc.) ar dhóigh níos fearr.

4.26.

Ar deireadh, tá sé á chur in iúl ag CESE go mbeidh éifeachtaí ghéarchéim COVID-19, atá le brath cheana féin, ríshoiléir sna blianta atá le teacht, go háirithe de réir mar a thagann athrú ar mhargadh an tsaothair san iompar uiscebhealaí intíre mar thoradh ar ghlasú na hearnála.

An Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó CESE Tionscnamh muirí FuelEU (OJ C 152, 6.4.2022, p. 145).

(2)  Tuairim ó CESE NAIADES III (IO C 194, 12.5.2022, lch. 102).

(3)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

(4)  Tuairim ó CESE Tionscnamh muirí FuelEU (OJ C 152, 6.4.2022, p. 145).

(5)  Tuairim ó CESE NAIADES III (IO C 194, 12.5.2022, lch. 102).

(6)  Tuairim ó CESE Cur chuige nua maidir le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas Eorpach, rapóirtéir: Simo Tiainen (IO C 517, 22.12.2021, lch. 108) agus tuairim ó CESE Nuálaíocht sa Gheilleagar Gorm, rapóirtéir Séamus Boland (IO C 12, 15.1.2015, lch. 93).

(7)  Daudet, B., agus Alix, Y., Gouvernance des territoires ville-port: empreintes locales, concurrences régionales et enjeux globaux, Organisations et Territoires, 2012.

(8)  Coffey, Consultores em Transportes Inovacāo e Sistemas, Oxford Research agus World Maritime University, Study on social aspects within the maritime transport sector, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2020.

(9)  https://www.etf-europe.org/make-transport-fit-for-women-to-work-in-etf-sounds-alarm-over-industrys-growing-gender-divide/

(10)  https://www.ecsa.eu/index.php/etf-ecsa-declaration-enhanced-participation-women-european-shipping

(11)  https://www.ics-shipping.org/wp-content/uploads/2018/10/ics-study-on-seafarers-and-digital-disruption.pdf

(12)  An Lárchoimisiúin um Loingseoireacht ar an Réin, Rapport thématique sur le marché du travail dans le secteur de la navigation intérieure européenne, Feabhra 2021.