An Bhruiséil,15.12.2021

COM(2021) 970 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime maidir le hUisce (2000/60/CE), na Treorach maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil (2008/105/CE arna leasú le Treoir 2013/39/AE) agus na Treorach maidir le Tuilte (2007/60/CE)




Cur chun feidhme na gclár de bhearta atá beartaithe

Substaintí tosaíochta nua

Réamh-mheasúnuithe riosca tuilte agus Limistéir a bhféadfadh riosca mór tuilte a bheith ag baint leo

{SWD(2021) 970 final} - {SWD(2021) 971 final}


1.Réamhrá

Le glacadh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 1 , tá bearta ríthábhachtacha déanta ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna comhuaineacha idirnasctha a bhaineann leis an athrú aeráide, le riosca sláinte, le cailliúint bithéagsúlachta agus le truailliú ar fud gach meáin comhshaoil. Tá ról ríthábhachtach ag an mbainistiú inbhuanaithe ar cháilíocht agus ar chainníocht an uisce sa fhreagairt ar an ngéarchéim sin, agus leas á bhaint as an gcreat reachtach atá ann cheana agus as cur chun feidhme uaillmhianach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na dtionscnamh a bhaineann leis ina dhiaidh sin. Tacaíocht bhreise is ea an maoiniú atá ar fáil anois chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát a chur chun feidhme, rud a chabhraíonn leo aghaidh a thabhairt ar na brúnna atá ann cheana ar cháilíocht agus cainníocht an fhionnuisce, agus dá bhrí sin freisin spreagtar geilleagar an Aontais maidir leis an aistriú chuig geilleagar atá glan, ciorclach agus saor ó charbón i leith phrionsabal na neamhdhíobhála.

In 2021 chonaic an Eoraip arís tionchair na dteagmhas foircneach a bhaineann le huisce, rud atá dulta i ndonas de bharr éifeachtaí an athraithe aeráide: teagmhais tuilte tubaisteacha in abhantracha na Réine agus an Meuse agus tonnta teasa agus dóiteáin foraoise nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a raibh bás daoine go tragóideach agus na billiúin euro damáiste mar thoradh orthu. Cé nach mbaineann na teagmhais sin ach go páirteach le beartas uisce cuí, léirítear leo an tábhacht a bhaineann le bainistiú fionnuisce feabhsaithe, rud a shaothraítear go comhsheasmhach go fadtéarmach, lena n‑áirítear thar theorainneacha náisiúnta.

Leis an Treoir Réime maidir le hUisce 2 (TRU) soláthraítear an príomhchreat agus na cuspóirí foriomlána a mhéid a bhaineann le beartas uisce san Eoraip, agus chun stádas maith a bhaint amach maidir leis na huiscí dromchla agus screamhuiscí uile. Leis an Treoir maidir le Caighdeáin na Cáilíochta Comhshaoil 3 (TCCC) agus an Treoir Screamhuisce 4 (TSU) comhlánaítear TRU i ndáil le caighdeáin uisce dromchla agus screamhuisce faoi seach. Le seiceáil oiriúnachta 2019 ar dhlí an Aontais maidir le huisce 5 , lena gcumhdaítear na trí Threoir sin agus an Treoir maidir le Tuilte 6 , thángthas ar an gconclúid go bhfuil an creat reachtach atá ann faoi láthair oiriúnach don fheidhm den chuid is mó, ach go bhféadfaí feabhas a chur air. Maidir le cuspóirí TRU agus cuspóirí na Treorach maidir le Tuilte, thángthas ar an gconclúid go mbeidh cistiú leordhóthanach, cur chun feidhme níos tapúla agus comhtháthú níos fearr ar a gcuspóirí sa reachtaíocht earnálach de dhíth chun an méid sin a bhaint amach. Déanfar measúnú ar chuid d’easnaimh na reachtaíochta agus ar na bearta féideartha maidir le ceimiceáin sa mheasúnú tionchair atá ar siúl faoi láthair le haghaidh na liostaí substaintí i screamhuisce agus in uisce dromchla 7 . 

Is é is aidhm don tuarascáil seo léargas breise a sholáthar agus is éard a bheidh inti seicphointe dul chun cinn eile i gcur chun feidhme foriomlán na reachtaíochta, mar chéim chun cinn i dtreo measúnú ar an gcéad ghlúin eile (2022-2027) de phleananna bainistíochta abhantraí (RBMPanna) agus pleananna bainistíochta riosca tuilte.

Cuimsítear ann measúnú an Choimisiúin ar an tuairisciú shainordaitheach a rinne na Ballstáit le déanaí:

·Dul chun cinn maidir leis na cláir de bhearta (PoManna) faoi TRU a chur chun feidhme, an dara timthriall (2016-2021);

·An faireachán ar shubstaintí tosaíochta in uisce dromchla, a cuireadh leis an liosta faoi TCCC in 2013;

·Athbhreithniú agus tabhairt cothrom le dáta na réamhmheasúnuithe riosca tuilte a rinneadh sa chéad timthriall den Treoir maidir le Tuilte (2016-2021).

2.Tuairisciú

In 2019 rinne an Coimisiún measúnú 8 ar na dara RBMPanna faoi TRU (a bhí dlite faoi mhí na Nollag 2015). Bhí tuarascálacha eatramhacha maidir le cur chun feidhme PoManna le déanamh faoi mhí na Nollag 2018. Ní mór don Choimisiún, faoi Airteagal 18 de TRU, an Pharlaimint agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir leis an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme na gclár de bhearta laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú na tuarascála measúnaithe ar na RBMPanna. Thuairiscigh na Ballstáit uile maidir le cur chun feidhme eatramhach a gclár de bhearta.

A mhéid a bhaineann le TCCC, leis an tuarascáil seo déantar measúnú ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na gceanglas a bhaineann leis an 12 substaint nua a cuireadh le liosta na substaintí tosaíochta in uisce dromchla, rud a comhaontaíodh in 2013. Go sonrach, le Treoir 2008/105/CE, a leasaíodh le Treoir 2013/39/AE, Airteagal 3 (1a) (ii), ceanglaítear ar na Ballstáit clár faireacháin forlíontach agus réamhchlár de bhearta a bhunú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena gcumhdaítear na substaintí nualiostaithe. Thuairiscigh na Ballstáit uile maidir leis na substaintí tosaíochta nua.

Ar deireadh, a mhéid a bhaineann leis an dara timthriall tuairiscithe den Treoir maidir le Tuilte, ceanglaítear ar na Ballstáit, faoi Airteagal 14, athbhreithniú a dhéanamh ar a réamhmheasúnuithe riosca tuilte a rinneadh sa chéad timthriall (PFRAnna) agus iad a thabhairt cothrom le dáta faoin 22 Nollaig 2018. Bhí an méid sin le tuairisciú don Choimisiún faoin 22 Márta 2019. Thuairiscigh beagnach gach Ballstát maidir lena gcéad PFRAnna a thabhairt cothrom le dáta 9 . 

3.Na dara cláir de bhearta – measúnú eatramhach

Le hAirteagal 11 de TRU, ceanglaítear ar na Ballstáit PoM a fhorbairt le haghaidh gach ceantar abhantraí (RBD) agus an t‑ábhar ann a shonrú, ina bhfuil bearta bunúsacha (Airteagal 11(3)) agus bearta forlíontacha (Airteagal 11(4)), chomh maith le bearta breise (Airteagal 11(5)), de réir mar is iomchuí.

Iarradh ar na Ballstáit tuarascáil a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na ‘bpríomhchineál beart’ [key types of measures] (KTManna) atá sainmhínithe acu. Is bearta tipiciúla iad KTManna a dhéantar chun brú a laghdú amhail bacainní a bhaint d’aibhneacha, gléasraí cóireála fuíolluisce a uasghrádú, deireadh a chur le substaintí tosaíochta de réir a chéile, etc. 10 . 

Léirítear sa mheasúnú PoM an staid mar a thuairiscítear i mbunachar sonraí WISE. I gcás inar féidir, rinneadh anailís ar leith le haghaidh bearta bunúsacha faoi Airteagal 11(3) de TRU agus le haghaidh na mbeart forlíontach agus na mbeart breise faoi Airteagal 11(4) agus 11(5) de TRU.

Is minic nach féidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir sonraí ó RBMPanna agus PoManna 2018 i ngeall ar fhadhbanna modheolaíochta amhail athruithe ar bhearta, blianta bunlíne éagsúla agus athruithe ar theorainneacha dobharlaigh. Mar sin féin, leis an bhfaisnéis a sholáthraítear le haghaidh 2016 agus 2018 agus leis an bhfaisnéis a mheastar le haghaidh 2021, soláthraítear sonraí cainníochtúla maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le PoManna a chur chun feidhme. Léirítear na sonraí, a mhéid is féidir, sa doiciméad seo agus sa doiciméad inmheánach oibre lena mbaineann.

An staid fhoriomlán

Faoi lár téarma thimthriall 2016-2021, bhí tús maith curtha le cur chun feidhme na mbeart sna Ballstáit uile, ach bhí moilleanna i gceist i gcásanna áirithe. I gcomparáid le PoManna 2015, thuairiscigh gach Ballstát maidir leis na KTManna agus thug roinnt 11 Ballstát a dtuairisciú i gcrích agus cumhdaíonn siad anois a RBDanna uile. Tá roinnt dul chun cinn déanta ag formhór na mBallstát chun an bhearna idir a stádas agus stádas maith a shainaithint maidir le gach brú mór, agus chun an leibhéal is gá a shainaithint maidir le cur chun feidhme na mbeart chun stádas maith a bhaint amach. Le haghaidh na mBallstát sin (18) a rinne sonraí a thuairisciú chun anailís agus comparáid níos doimhne a chumasú, is díol spéise é gur bhain trí cinn 12 acu amach 70-100 % de na cuspóirí maidir le RBDanna, agus i gceithre cinn eile 13 , léirítear le 30-80 % de na táscairí aistriú i dtreo an chuspóra maidir leis an mbearna a dhúnadh. I mBallstát eile 14 , baineadh amach cuspóirí in 16 RBD as 25. Is feabhas é sin a chothóidh misneach agus a chuirfidh leis an gcumas na bearta a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta ar bhealach níos fearr.

Le haghaidh na mBallstát a shainaithin brúnna eile anuas ar na brúnna móra, tá bearta i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt orthu, go ginearálta sainaithníodh an bhearna idir a stádas agus stádas maith, agus forbraíodh táscairí chun an leibhéal cur chun feidhme is gá a shainaithint chun stádas maith a bhaint amach.

Ballstát

Ceantar abhantraí

Bearta uile tugtha i gcrích

Bearta uile atá beartaithe tugtha i gcrích

Roinnt bearta tugtha i gcrích

Roinnt bearta atá beartaithe tugtha i gcrích

Níl aon bheart tugtha i gcrích

AT

3

3

BE

8

1

5

1

1

BG

4

1

3

CY

1

1

CZ

3

3

DE

10

10

DK

4

4

EE

3

3

EL

14

14

ES

25

25

FI

8

8

FR

14

7

7

HR

2

2

HU

1

1

IE

3

3

IT

8

1

3

4

LT

4

4

LU

2

2

LV

4

4

MT

1

1

NL

4

4

PL

10

10

PT

10

9

1

RO

1

1

SE

5

5

SI

2

2

SK

2

2

Tábla 1: Stádas agus dul chun cinn ó na dara RBMPanna le haghaidh RBDanna.

Thug na Ballstáit tuarascáil freisin maidir le bacainní a tháinig chun cinn agus na PoManna á gcur chun feidhme acu. Mar a leagtar amach i dTábla 2 thíos, is iad easpa maoinithe, moilleanna agus rialachas na baic is mó.

Bacainní

Ballstát

Ceantar abhantraí

Rialachas

Moilleanna

Easpa maoinithe

Easpa sásraí

Easpa beart

Easpa costéifeachtúlachta

Teagmhais fhoircneacha

Eile

AT

3

 

 

 

 

 

 

 

 

BE

8

3

3

2

 

 

 

2

BG

4

 

4

 

1

1

 

 

 

CY

1

 

 

 

 

 

 

 

 

CZ

3

3

3

3

3

 

3

3

 

DE

10

 

10

4

10

9

7

4

10

DK

4

 

4

 

 

 

 

 

4

EE

3

 

3

3

3

 

 

 

 

EL

14

 

14

 

 

 

 

 

 

ES

25

25

25

25

25

 

 

 

 

FI

8

 

 

8

8

 

 

 

 

FR

14

14

14

14

14

 

 

 

14

HR

2

 

2

2

2

 

 

 

 

HU

1

1

1

1

1

1

 

1

1

IE

3

3

 

3

 

 

3

 

3

IT

8

5

5

8

7

1

2

6

 

LT

4

 

 

 

 

 

 

 

 

LU

2

 

 

 

 

 

 

1

2

LV

4

 

 

4

 

 

 

4

 

MT

1

 

1

 

 

 

 

 

 

NL

4

 

4

4

 

 

4

 

4

PL

10

3

3

3

3

4

4

2

5

PT

10

 

8

9

 

 

8

8

 

RO

1

 

1

1

1

 

1

 

1

SE

5

 

 

 

5

 

 

 

 

SI

2

 

 

2

 

 

 

 

 

SK

2

 

2

2

 

 

2

 

2

Tábla 2: Bacainní ar chur chun feidhme PoManna de réir RBDanna

I dTábla 3 thíos déantar achoimre ar na treochtaí ionchasacha maidir le cuspóirí a bhaint amach le haghaidh brúnna éagsúla agus KTManna ábhartha, mar a thuar gach Ballstát ag lár téarma dhara leath an timthrialla (2018-2021). Léiríonn treocht aníos go bhfuiltear ag imeacht ó chuspóirí na reachtaíochta, léiríonn treocht anuas go bhfuiltear ag dúnadh na bearna i dtreo an chuspóra.

Tábla 3: Dul chun cinn arna thuairisciú a bhfuiltear ag súil leis maidir le KTManna 2018-2021 

3.1Aghaidh a thabhairt ar thruailliú

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tugtar tús áite don chomhrac in aghaidh an truaillithe. Úsáideadh an uaillmhian maidir le truailliú nialasach mar bhonn leis an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Truailliú Nialasach 15 agus an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuaine 16 . Leis an Straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ 17 (lena ndírítear, i measc nithe eile, ar chaillteanais cothaitheach agus lotnaidicídí a laghdú agus feirmeoireacht orgánach a mhéadú) agus leis an Straitéis Chógaisíochta 18 (lena ndírítear, i measc nithe eile, ar antaibheathaigh sa chomhshaol a laghdú), beifear in ann dlús a chur faoin bplean truailliú uisce a laghdú.

Truailliú ón talmhaíocht

Tuairiscítear an talmhaíocht mar cheann de na príomhchúiseanna nach mbaintear amach stádas maith i ndobharlaigh an Aontais. Is féidir leis a bheith ina chúis le truailliú idirleata i ngeall ar níotráití agus lotnaidicídí in uisce dromchla agus screamhuisce 19 . Taobh amuigh de thruailliú idirleata, is brú mór é an astarraingt uisce le haghaidh na talmhaíochta agus é ina chúis nach mbaintear amach stádas maith cainníochtúil maidir le screamhdhobharlaigh.

Tá na Ballstáit go háirithe i mbun oibre ar bhearta chun truailliú cothaitheach ón talmhaíocht a laghdú (KTM 2), chun truailliú ag lotnaidicídí ón talmhaíocht a laghdú (KTM 3) agus chun seirbhísí comhairleacha talmhaíochta a chur chun feidhme (KTM 12). Léirítear freisin sna tuarascálacha go bhfuil rialacha ginearálta maidir le sceitheadh ón talmhaíocht ag na Ballstáit uile.

Cuireann 10 mBallstát na rialacha sin i bhfeidhm ar fud na críche ar fad agus cuireann na Ballstáit eile rialacha éagsúla i bhfeidhm ag brath ar an RBD nó, in dhá chás, i limistéir atá leochaileach ó thaobh níotráite de agus sna limistéir sin amháin. A mhéid a thuairiscigh na Ballstáit, tá cuma réasúnta dearfach ar an scéal maidir le KTM 2 agus na bearnaí táscacha ag dúnadh, rud a léiríonn go bhfuil na bearta éifeachtach i ndáil leis an stádas a fheabhsú agus aistriú i dtreo stádas maith, ach ina dhiaidh sin níl aon treocht in‑aitheanta, rud a chiallaíonn nach bhfuil na brúnna éifeachtach i ndáil le stádas an uisce a fheabhsú agus go bhfuil gá le níos mo iarrachta sna cásanna sin. I gcás KTM 3 agus KTM 12, tá éagsúlacht le feiceáil i measc na mBallstát, agus tá roinnt mhaith acu nár thug tuarascáil maidir leis na KTManna sin ná nach ndearna iad a mhapáil. I gcás ina bhfuil siad mapáilte, léirítear go bhfuil laghdú ag teacht ar fhormhór na mbearnaí táscacha ach nach bhfuil aon treocht in‑aitheanta tuairiscithe ag roinnt mhaith Ballstát, rud a chiallaíonn nach bhfuil na brúnna éifeachtach i ndáil le stádas an uisce a fheabhsú agus go bhfuil gá le níos mo iarrachta sna cásanna sin.

Le bearta na mBallstát i gcomhthéacs a gclár de bhearta, cuimsítear bearta a eascraíonn as an Treoir maidir le níotráití 20 , lena moltar ina tuarascáil chur chun feidhme is déanaí 21 bearta treisithe i limistéir thruaillithe, agus bearta i bpleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta (CBT), atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2022. I dtuarascáil a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le déanaí, rinneadh anailís ar a mhéid a chuirtear úsáid inbhuanaithe uisce sa talmhaíocht chun cinn le CBT agus beartas uisce an Aontais 22 . Is é tuairim an Choimisiúin go rannchuidíonn CBT leis an gcuspóir sin trí bhíthin ionstraimí agus bearta éagsúla. Leis an gcomhbheartas talmhaíochta nua, cuirtear deis thábhachtach ar fáil chun an uaillmhian a mhéadú agus chun bearta breise a mhaoiniú rud a rachaidh chun tairbhe don bhainistiú inbhuanaithe uisce sa talmhaíocht trí na éiciscéimeanna i gcolún I agus tríd an gclár forbartha tuaithe i gcolún II. Leis an gcomhbheartas talmhaíochta nua, dírítear ar naoi chuspóir shonracha a shainmhínítear in Airteagal 6 den togra ón gCoimisiún 23 , agus trí cinn acu a dhéanann leas an chomhshaoil 24 . Agus a bPleananna á bhforbairt ag na Ballstáit, ní mór dóibh rannchuidiú leis na cuspóirí sonracha sin. Tá ceanglas ann freisin maidir le bheith ag rannchuidiú le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais lena náirítear sprioc na straitéise ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ maidir le caillteanais cothaitheach a laghdú de 50 % agus úsáid fhoriomlán lotnaidicídí ceimiceacha agus an riosca a ghabhann leo a laghdú de 50 % agus leagtar na spriocanna sin amach i moltaí CBT 25 a seoladh chuig na Ballstáit.

Truailliú ó theaghlaigh agus ón tionsclaíocht

Léirítear treocht dhearfach sna tuarascálacha, go háirithe maidir le bearta a bhaineann le gléasraí cóireála fuíolluisce a thógáil agus a uasghrádú (KTM 1) 26 , deireadh a chur le substaintí tosaíochta/substaintí tosaíochta guaiseacha de réir a chéile (KTM 15) agus gléasraí cóireála fuíolluisce thionsclaíoch (KTM 16). Tá córas údaraithe agus/nó córas ceadaithe ag nach mór gach Ballstát chun sceitheadh poncfhoinse fuíolluisce a rialú, rud a bhfuil feidhm aige maidir le screamhuisce agus uisce dromchla. Mar sin féin, ceadaítear sceitheadh beag fós i leath de na Ballstáit ar a laghad, ach i gcásanna áirithe ní mór an sceitheadh sin a chlárú. I nach mór gach cás, tá bearta déanta ag na Ballstáit chun deireadh a chur le truailliú in uiscí dromchla.

Leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh 27 (togra ón gCoimisiún in 2022), ba cheart truailleáin in uisce dromchla agus screamhuisce an Aontais a laghdú tuilleadh, tríd an gcainníocht fuíolluisce a chumhdaítear faoin Treoir a mhéadú, agus trína áirithiú go ndéantar níos mó fuíolluisce a chóireáil le hardteicneolaíocht chóireála araon. Leis an gcur chuige nua rioscabhunaithe sa Treoir athbhreithnithe maidir le huisce óil 28 , spreagfar idirghníomhaíochtaí idir oibreoirí uisce agus iad siúd atá i gceannas ar TRU a chur chun feidhme.

Ar an gcaoi chéanna, leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha 29 (togra ón gCoimisiún in 2022) ba cheart go dtiocfadh feabhas ar an gcomhlíontacht le caighdeáin cháilíochta an uisce i gcás sceitheadh díreach agus indíreach araon, agus go gcuirfí i dtábhacht an gá atá le córas bainistíochta comhshaoil maidir le haghaidh a thabhairt ar athúsáid uisce agus éifeachtúlacht acmhainne.

Substaintí tosaíochta nua

Rinneadh measúnú ar leithligh ar an stádas reatha maidir le faireachán agus bearta i ndáil leis na substaintí nua i TCCC 2013. Faoi TCCC 2013 ba cheart do na Ballstáit uile faireachán a dhéanamh ar 12 shubstaint breise 30 .

Tá formhór na mBallstát ag déanamh faireacháin cheana féin ar an 12 shubstaint a cuireadh leis an liosta in 2013. Thuairiscigh ceithre Bhallstát 31  maidir le stádas ceimiceach na substaintí uile a ndearnadh faireachán orthu agus shainigh siad KTManna le haghaidh na substaintí uile a sháraigh na tairseacha íosta. Chumhdaigh 11 Bhallstát eile formhór na substaintí a ndearnadh faireachán orthu agus shainigh siad KTManna le haghaidh na substaintí uile a sháraigh na tairseacha íosta. A mhéid a bhaineann leis na Ballstáit eile, bhí an fhaisnéis neamhiomlán, agus bhí RBDanna agus/nó substaintí in easnamh. I gcúpla cás rinneadh faireachán ar shubstaintí i maitrís éagsúil leis an gceann a dtugtar tuairisc uirthi i TCCC. In go leor cásanna níor tugadh aon fhaisnéis ar dhíorthú na substaintí sa mhaitrís sin.

In 2022 molfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta substaintí in uisce dromchla agus screamhuisce. I ngeall air sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfear tuilleadh lotnaidicídí, cógas agus ceimiceáin thionsclaíocha leis an liosta substaintí nach mór a n‑astaíochtaí san uisce a laghdú nó deireadh a chur leo.

3.2An éifeachtúlacht uisce a fheabhsú

Mar chuid den Chomhaontú Glas, is cuid dhaingean de chlár oibre beartais an Aontais í an éifeachtúlacht uisce. Le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um an nGeilleagar Ciorclach 32 , cuireadh i dtábhacht an ról a bheidh ag an Rialachán maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce 33 amach anseo, rud lena néascófar rogha mhalartach soláthair uisce d’uisciúchán, mar chuid den bhainistiú comhtháite uisce. Fógraíodh freisin leis an bplean gníomhaíochta sin go néascóidh an Coimisiún an éifeachtúlacht uisce i bpróisis thionsclaíocha (e.g. trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha). Le Straitéis an Aontais 2021 maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide 34 iarrtar coimircíocht maidir le rochtain ar fhionnuisce agus níos mó éifeachtúlachta maidir le húsáid uisce i ngach earnáil agus fógraíodh go gcabhróidh an Coimisiún le húsáid uisce a laghdú trí cheanglais atá coigilteach ar uisce le haghaidh táirgí a mhéadú. Is gá tacú leis an aistriú chuig teicneolaíochtaí agus cleachtais atá coigilteach ar uisce le hionstraimí eacnamaíocha ábhartha.

Tríd an Treoir athbhreithnithe maidir le huisce óil (Airteagal 4(3)), beidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rátaí arda sceite atá ann faoi láthair. Baineann an tionscnamh ‘Rabharta Athchóiriúcháin’ agus an tionscnamh Bauhaus Eorpach 35 le héifeachtúlacht uisce in earnáil na tógála. Ina theannta sin, le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 36 iarrtar ar údaráis na mBallstát athbhreithniú a dhéanamh ar cheadanna astarraingthe agus gaibhnithe uisce chun sreafaí éiceolaíocha a chur chun feidhme. Is é is aidhm dó sin stádas maith nó poitéinseal maith a bhaint amach maidir leis na huiscí dromchla uile agus stádas maith a bhaint amach maidir leis na screamhuiscí uile faoi 2027 ar a dhéanaí.

B’ardtosaíocht é an éifeachtúlacht uisce do na Ballstáit agus leanfaidh sí de bheith ina hardtosaíocht. Rinne níos mó ná leath de na Ballstáit bearta sa timthriall roimhe seo (2010-2015) agus leanfaidh siad den mhéid sin amach anseo. Rinne grúpa eile de 10 mBallstát bearta sa timthriall roimhe seo ach níor chuir siad aon phlean breise in iúl maidir le bearta amach anseo.

Thuairiscigh formhór na mBallstát go bhfuil astarraingt agus atreorú sreibhe ina bpríomhbhrúnna. Is iad na bearta is ábhartha maidir leis na brúnna agus tionchair a eascraíonn as an astarraingt a laghdú feabhsuithe sa chóras sreibhe agus/nó sreabhadh éiceolaíoch íosta a bhunú (KTM 7, arna thuairisciú sa roinn maidir le hidreamoirfeolaíocht) agus bearta chun aghaidh a thabhairt ar an éifeachtúlacht uisce, bearta teicniúla maidir le huisciúchán, tionscal, fuinneamh agus teaghlaigh (KTM 8). Thuairiscigh nach mór leath de na Ballstáit bearta cainníochtúla den chineál sin. Anuas air sin in oirchill an Rialacháin nua maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce, chuir 11 Bhallstát athúsáid uisce san áireamh sna PoManna mar bheart chun acmhainní uisce a bhainistiú.

Tá dul chun cinn suntasach le feiceáil maidir leis na bearta bunúsacha chun aghaidh a thabhairt ar astarraingt uisce. Leis na tuarascálacha a rinne na Ballstáit maidir le hastarraingt, léirítear go bhfuil córas nó clár ceadaithe ag formhór acu chun astarraingt screamhuisce agus uisce dromchla a rialú (féach Figiúr 1). Ar an gcaoi chéanna, tá lamháltas, córas údaraithe agus/nó ceadaithe chun gaibhniú uisce a rialú, agus/nó clár gaibhnithe ag formhór na mBallstát. Mar sin féin, thuairiscigh nach mór leath acu go bhfuil astarraingtí beaga díolmhaithe ó na rialuithe.

Figiúr 1: Cead nó clár chun astarraingtí uisce a rialú

A mhéid a bhaineann le húdarú chun screamhdhobharlaigh a athmhuirearú go saorga nó a mhéadú (féach Figiúr 2), tá bearta déanta ag formhór na mBallstát, tá bearta curtha i gcrích acu sa timthriall roimhe seo, nó tá bearta beartaithe acu sa timthriall reatha. Cuirfidh sin ar a gcumas dóibh dul i ngleic ar bhealach níos fearr le ganntanas agus truailliú uisce.

Figiúr 2: Údarú chun screamhdhobharlaigh a athmhuirearú go saorga nó a mhéadú

3.3Oiriúnú don athrú aeráide

Agus tionchar an athraithe aeráide ag dul i méid, meastar go dtiocfaidh méadú ar na brúnna maidir le hinfhaighteacht fionnuisce úr i gcainníocht leordhóthanach 37 , mar sin is gá bearta leormhaithe a chur i bhfeidhm chun cuspóirí TRU a áirithiú. De réir na dtuarascálacha maidir le hoiriúnú don athrú aeráide (KTM 24), níor thuairiscigh ach sé Bhallstát maidir le gníomhaíochtaí le haghaidh uisce dromchla, agus thuairiscigh ceithre Bhallstát gníomhaíochtaí le haghaidh screamhuisce. Thuairiscigh formhór na mBallstát truailliú idirleata, astarraingt nó atreorú sreibhe, athrú fisiceach agus dambaí, bacainní agus loic mar phríomhbhrúnna. Cineálacha tábhachtacha eile brú is ea poncfhoinsí.

3.4Aghaidh a thabhairt ar bhrúnna hidreamhoirfeolaíocha

Leanann an tathrú hidreamhoirfeolaíoch de bheith an cineál brú is mó ar dhobharlaigh. Tríd an gComhaontú Glas, agus go háirithe Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 agus an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste 38 , cuireadh deiseanna breise ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar bhrúnna hidreamhoirfeolaíocha amhail dambaí, coraí, leibhéil screamhuisce athraithe. Le sprioc mhianaidhme na Straitéise Bithéagsúlachta maidir le 25 000 km d’aibhneacha saorchúrsála san Eoraip cuirtear i dtábhacht a thábhachtaí atá sé go mbeidh aibhneacha ag athnascadh ar a bhfad nó i leith an chliatháin chun éiceachórais a chomhtháthú go hiomlán an athuair.

Le TRU (Airteagal 11(3)(i)) ceanglaítear ar na Ballstáit rialuithe ar choinníollacha hidreamhoirfeolaíocha a áirithiú maidir le dobharlaigh, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm ceanglas maidir le réamhúdarú nó clárú. Leis an bhfaisnéis a thuairiscítear agus a chuirtear i láthair thíos, léirítear cé hiad na Ballstáit a bhfuil córais cheadaithe acu chun modhnuithe fisiceacha ar dhobharlaigh a rialú.

Figiúr 3: Ceadanna chun modhnuithe fisiceacha ar dhobharlaigh a rialú.

Tá córais cheadaithe ag nach mór gach Ballstát chun modhnuithe fisiceacha ar dhobharlaigh a rialú. I measc na gcóras sin, cumhdaíonn nach mór gach ceann acu limistéir bhruachánacha. Tá clár modhnuithe fisiceacha ag nach mór gach Ballstát.

Is iad na bearta is ábhartha sa chomhthéacs seo fadleanúnachas a fheabhsú (KTM 5), feabhsuithe hidreamhoirfeolaíocha eile thar an bhfadleanúnachas (KTM 6), feabhsuithe sa chóras sreibhe agus/nó sa sreabhadh éiceolaíoch (KTM 7) agus bearta maidir le huisce nádúrtha a choinneáil (KTM 23).

Rinneadh tuarascálacha maidir le bearta chun fadleanúnachas a fheabhsú (KTM 5) le haghaidh uiscí dromchla in 20 Ballstát. Thuairiscigh formhór acu gurb iad dambaí, bacainní agus loic an príomhbhrú a bhaineann leis na bearta sin.

Tá seacht mBallstát 39 ag súil le dul chun cinn maidir leis an bhfadleanúnachas a bhunú bunaithe ar bhearta a bhfuil beartaithe iad a chur chun feidhme idir 2018 agus 2021. Ina theannta sin, tá dhá Bhallstát 40 ag súil go mbeidh na cuspóirí bainte amach acu faoin am sin.

Tuairiscíodh bearta chun hidreamhoirfeolaíocht a fheabhsú cé is moite d’fhadleanúnachas (KTM 6) le haghaidh uiscí dromchla i bhformhór na mBallstát, agus le haghaidh screamhuisce in 4 cinn acu. I bhformhór na gcásanna, tá sé beartaithe leis na bearta sin aghaidh a thabhairt ar bhrúnna a bhaineann le hathrú fisiceach ar an gcainéal, grinneall, limistéar bruachánach agus/nó cladach.

Ceanglaítear ar na Ballstáit cuspóirí a dhíorthú maidir le sreabhadh éiceolaíoch ina ndobharlaigh ar dtús (réamhriachtanas chun stádas maith a bhaint amach in aibhneacha), agus ansin na bearta uile is gá a chur chun feidhme chun na cuspóirí sin a bhaint amach (grúpáilte i KTM 7), lena n‑áirítear astarraingt a laghdú nó go leor uisce a scaoileadh le haghaidh uiscí síos an abhainn agus dambaí á n‑oibriú.

Sna dara RBMPanna tuairiscíodh go bhfuil sreafaí éiceolaíocha díorthaithe agus curtha chun feidhme le haghaidh na ndobharlach ábhartha uile i bhfíorbheagán Ballstát. Tuairiscíodh i bhformhór na mBallstát sin go bhfuil obair beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin sa timthriall.

Leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh ina dhiaidh sin maidir le tuairisciú PoM in 2018, léiríodh go bhfuil cuspóirí maidir le sreafaí éiceolaíocha díorthaithe ag seacht mBallstát i ngach dobharlach nó i gcuid acu. Tá an méid sin cosúil leis an méid a tuairiscíodh in 2016, rud a léiríonn nach bhfuil aon dul chun cinn soiléir déanta. I gcás na nBallstát eile, tá an obair fós ar siúl, ach ní féidir dul chun cinn mionsonraithe a mheasúnú leis na táscairí arna dtuairisciú.

I dtéarmaí bearta a cuireadh chun feidhme chun sreabhadh éiceolaíoch a bhaint amach, thuairiscigh 20 Ballstát maidir le KTM 7 i dtaca le huisce dromchla, ach níor thuairiscigh ach 5 Bhallstát maidir le KTM 7 i dtaca le screamhuisce.

4.Na dara réamhmheasúnuithe riosca tuilte

Tá bonn daingean faoin gcreat maidir le bainistíocht riosca tuilte anois san Aontas mar a fhianaítear le meastóireacht an Choimisiúin a foilsíodh in 2019 41 .

Le haghaidh an dara timthriall cur chun feidhme (2016-2021) freisin, ba é an chéad chéim faoin Treoir maidir le Tuilte réamh‑mheasúnuithe riosca tuilte (PFRAnna) a ullmhú agus limistéir a bhféadfadh rioscaí mór tuilte a bheith ag baint leo (APSFRanna) a shainaithint, faoi dheireadh 2018. Bunaítear réamh‑mheasúnuithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi thuilte roimhe seo agus ar réamhaisnéisí ar thuilte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo den chuid is mó.

Rinne an Coimisiún measúnú ar PFRAnna na mBallstát a rinneadh sa dara timthriall. 42 Ó bhí an timthriall roimhe seo ann, tá feabhas curtha ag leath de na Ballstáit ar bhailiú sonraí agus/nó modheolaíochtaí chun réamhmheasúnuithe riosca tuilte a dhéanamh. In 12 Bhallstát tugadh na critéir maidir le tuilte móra amach anseo a shainaithint cothrom le dáta bunaithe ar mhodheolaíochtaí reatha. Cé go bhfuil dlús curtha leis an dioscúrsa faoi thuilte i limistéir uirbeacha agus ardú ar leibhéal na mara, is iad tuilte abhann is minice a chláraítear fós (dhá thrian den iomlán) mar fhoinse tuilte móra san Aontas. I gcás fhormhór na mBallstát, tá roinnt fianaise nó fianaise láidir ann go bhfuiltear ag féachaint ar iarmhairtí na dtuilte amach anseo ar shláinte an duine, ar an gcomhshaol, ar an oidhreacht chultúrtha agus ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch. Tá méadú tagtha ar an méid airde atá á tabhairt ar an gcomhshaol agus ar an oidhreacht chultúrtha ó bhí an chéad timthriall ann ós rud é go bhfuil laghdú thart ar 10 bpointe céatadáin tagtha ar an gcéatadán de limistéir a bhféadfadh riosca mór tuilte a bheith ag baint leo, ar limistéir iad nár measadh an comhshaol agus an oidhreacht chultúrtha a bheith ábhartha maidir leo. Maidir le tionchair tuilte a chlárú, tá sé níos mó beachtais ann an timthriall seo ná mar a bhí sa chéad timthriall toisc gur chuir beagnach dhá thrian de na Ballstáit fianaise láidir i láthair i leith modheolaíocht shoiléir chun tuilte roimhe seo a mheasúnú. Mar sin féin, maidir le 60 % d’abhantraí san Aontas, níl aon sonraí ann faoi na costais a bhaineann le damáiste ó thuilte. Dá bhrí sin, is réimse é seo inar féidir feabhas a dhéanamh ós rud é go gcabhraíonn bailiú na sonraí sin leis na costais agus na tairbhí a ríomh agus leis na bearta a chur in ord tosaíochta. Cuireadh forbairtí fadtéarmacha (forbairtí socheacnamaíocha, bonneagar, úsáid talún) san áireamh i bhformhór na mBallstát ach le leibhéil éagsúla déine. Tá fianaise ann a léiríonn gur chuir na Ballstáit uile an tathrú aeráide san áireamh ina réamhmheasúnuithe; is feabhas é sin ar an gcéad timthriall ina raibh sé Bhallstát nár chuir an tathrú aeráide san áireamh agus i gcás cúig Bhallstát, ní raibh sé soiléir cé acu a chuir nó nár chuir.

5.Costas agus maoiniú

I dTábla 2, roinn 3, léirítear gurb iad an dá phríomhbhac a chuireann isteach ar chur chun feidhme tráthúil ag na Ballstáit easpa maoinithe agus moilleanna a rinneadh i gcaitheamh thréimhse chur chun feidhme na dtionscadal.

Cé go bhfuil tuairisciú na mBallstát maidir le costas agus maoiniú PoManna easnamhach ar an iomlán, rinneadh meastachán i staidéar sainchomhairleora 43 go mbeidh infheistíochtaí EUR 142 billiún ar a laghad de dhíth le haghaidh na mbeart a leagtar amach sa ghrúpa maidir leis na dara RBMPanna. Is gannmheastachán é sin ar na costais iomlána, mar gurb ann do bhearnaí móra sonraí agus eisiatar costais oibriúcháin agus costais cothabhála bonneagair. Maidir leis na FRMPanna, is é EUR 14 bhilliún ar an iomlán a mheastar san fhoinse chéanna, ach arís is dócha gur gannmheastachán é sin. Tá na Ballstáit ag baint úsáid as réimse foinsí maoinithe, go háirithe taraifí uisce agus sláintíochta, cistí an Aontais agus cistí náisiúnta poiblí agus ar bhonn níos lú muirir astarraingthe agus truaillithe. Ar an iomlán, baineann siad níos lú úsáid as infheistíocht phríobháideach (ranníocaíochtaí) agus as foirmeacha maoinithe níos nuálaí amhail scéimeanna íocaíochta le haghaidh seirbhísí éiceachórais (PES).

Maidir le hacmhainneacht airgeadais na hearnála uisce, léiríodh sa staidéar a luaitear thuas go bhfuil ráta aisghabhála costais airgeadais os cionn 90 % ag tuairim is leath de na Ballstáit. Tá sé tuairiscithe ag ECFE 44 , maidir leis an Aontas ina iomláine, go níocann úsáideoirí thart ar 70 % den chostas airgeadais a bhaineann le seirbhísí uisce a sholáthar (trí tharaifí uisce), agus déanann earnáil an rialtas an 30 % atá fágtha a mhaoiniú. Léirítear difríochtaí móra sa dá thuarascáil ar fud na mBallstát agus thar earnálacha leathana na dteaghlach, na talmhaíochta agus na tionsclaíochta araon.

Thairis sin, is léir nach go bhfuil ag eirí chomh maith céanna le haisghabháil na gcostas comhshaoil agus acmhainní. I dtuarascáil a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le déanaí 45 , cuirtear i dtábhacht na dúshláin a bhaineann le costais truaillithe. Go sonrach, luaitear go bhfuil sé deacair na costais a aisghabháil a bhaineann le seirbhísí uisce agus atá méadaithe de thoradh truailliú de thionscnamh foinsí idirleata. Le cur i bhfeidhm níos leithne agus níos fearr den phrionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’, chuirfí níos mó dreasachtaí ar fáil d’údar an truaillithe chun truailliú a laghdú agus a sheachaint, agus freisin trína infheistíochtaí comhshaoil féin. De réir an lín mhóir dobharlach nach bhfuil stádas maith cainníochtúil acu 46 , is cosúil nach mbaintear leas iomlán as an bpoitéinseal maidir le praghsanna uisce a léiríonn an ganntanas uisce atá ann i ndáiríre; tá gá freisin le hinfheistíochtaí buana maidir le héifeachtúlacht úsáide uisce. Leis na hiarrachtaí sin maidir le dreasachtaí agus éifeachtúlacht, rannchuidítear le líon na ninfheistíochtaí caipitiúla riachtanacha a chinneadh le haghaidh bainistiú éifeachtúil inbhuanaithe a dhéanamh ar acmhainní uisce atá ag éirí níos gainne.

6.Conclúidí

Tá roinnt dul chun cinn déanta ag formhór na mBallstát chun an bealach chuig stádas maith a shainaithint maidir le gach brú mór, agus chun an leibhéal is gá a shainaithint maidir le cur chun feidhme na mbeart chun stádas maith a bhaint amach maidir le dobharlaigh. Is feabhas é sin a chothóidh misneach agus cuirfidh sé leis an gcumas na bearta a shainaithint agus a chur in ord tosaíochta ar bhealach níos fearr. D’fhéadfaí dul chun cinn mór suntasach a shainaithint maidir le bearta a chur chun feidhme, go háirithe i ndáil le haghaidh a thabhairt ar thruailliú chomh maith le hastarraingt agus éifeachtúlacht uisce. Is díol sásaimh é go bhfuil na Ballstáit ag gníomhú chun an bhearna a laghdú. Is léir, áfach, go bhfuil cuid mhór fós le déanamh maidir le comhlíontacht iomlán le cuspóirí na Treorach Réime maidir le hUisce. Sa chomhthéacs sin, tuairiscíodh roinnt bacainní atá ag cur bac ar na Ballstáit maidir lena mbearta a chur chun feidhme go pras, eadhon easpa maoinithe leordhóthanaigh.

I ngeall ar thionchair an athraithe aeráide atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, tá dúshlán an bhainistithe cainníochta uisce ag éirí níos práinní ar fud na hEorpa, rud a dhéanann difear do bhaint amach chuspóirí na reachtaíochta maidir le huisce. Leis an Treoir maidir le Tuilte, tá creat reachtach ag an Aontas atá oiriúnach don fheidhm. Maidir le riosca tuilte a laghdú nuair is mó a theastaíonn sé agus san áit is mó a theastaíonn sé, ábhar atá ann lena dteastaíonn cur chun feidhme dian comhsheasmhach agus a gcaithfear aird leanúnach a dhíriú air ar feadh tréimhse fhada chomh maith le comhar thar theorainneacha. Léiríodh leis na heachtraí tubaisteacha a tharla i samhradh 2021 san Eoraip go bhfuil cuid mhór fós le déanamh chun an riosca tuilte a laghdú go héifeachtach.

Ábhar práinne eile is ea dul i ngleic le heaspa uisce. Maidir le patrúin neamh‑inbhuanaithe úsáide uisce, is measa fós iad de bharr an athraithe aeráide, rud a ghineann leibhéil níos airde galaithe agus tréimhsí níos faide triomach fhoircnigh a chuireann leis an nganntanas uisce atá ann cheana féin i gcodanna móra den Eoraip, agus na codanna sin fós ag leathnú. Ní mór clár ilghnéitheach athléimneachta uisce a bheith mar chuid den fhreagairt, i gcomhthéacs na ndúshlán domhanda maidir leis an aeráid, an tsláinte, an bhithéagsúlacht agus truailliú.

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá clár athléimneachta uisce ag teacht chun cinn, lena ndírítear aird ar éifeachtúlacht uisce in athbhreithnithe reachtacha éagsúla agus straitéisí cothrománacha amhail Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um an nGeilleagar Ciorclach agus Straitéis an Aontais maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide. Tá dul chun cinn le feiceáil freisin maidir leis an tsaincheist sin ar leibhéal na hearnála, mar shampla sa talmhaíocht, i bhfuinneamh agus in iompar; tá sé ríthábhachtach go ndéantar an méid sin a neartú a thuilleadh.

Is uirlis chumhachtach í an phraghsáil uisce chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht uisce, rud a rannchuidíonn le bainistiú éileamh uisce atá níos éifeachtaí agus inbhuanaithe. Is gá í a dhearadh go cúramach chun a ceart a thabhairt do choinníollacha áitiúla agus imní shóisialta (amhail rochtain na dteaghlach soghonta ar uisce ardcháilíocht inacmhainne, mar a chuirtear chun cinn leis an Treoir athbhreithnithe maidir le huisce óil). Is fearr a oibríonn sí nuair a dhéantar í a ailíniú le bearta beartais maidir le laghdú truaillithe agus tacaíocht le haghaidh na nuálaíochta agus infheistíochtaí in éifeachtúlacht uisce.

Maidir le hinfheistíochtaí in uisce, is réitigh iad atá sásúil do gach taobh – rud a rachaidh chun tairbhe an uisce agus na bithéagsúlachta/an dúlra ar an iomlán agus a chuireann spreagadh ar fáil maidir le haisghabháil agus cruthú fostaíochta. Maidir leis na hacmhainní a chuirtear ar fáil do na Ballstáit trí INVEST EU agus tríd an gcreat airgeadais ilbhliantúil, ba cheart leas a bhaint as a nacmhainneacht iomlán. Agus an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht 47 le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe ag tacú leo, feadfaidh siad a bheith ina spreagadh don aistriú sistéamach agus feadfaidh siad cabhrú iarrachtaí ó fhoinsí náisiúnta agus príobháideacha a shlógadh. Le Horizon Europe cuirtear deiseanna breise ar fáil chun infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus nuálaíocht uisce an Aontais agus chun cur chun feidhme a nascadh níos fearr le riachtanais na sochaí agus na saoránach 48 .

Is cor cinniúnach é an bainistiú uisce le haghaidh na hEorpa, agus na chéad phleananna bainistíochta abhantraí agus phleananna bainistíochta riosca tuilte eile le seoladh in earrach 2022. Níl mórán ama fágtha go dtí 2027, nuair a bheidh na deiseanna imithe le haghaidh díolúintí ó oibleagáidí na Treorach Réime maidir le hUisce agus nuair nach mór stádas maith a bheith ag na dobharlaigh.

I bhfianaise nach bhfuil stádas maith ag formhór dhobharlaigh an Aontais, tá géarghá le borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí na mBallstát. Agus na bearta is gá á ndéanamh, is deis ar leith é an Comhaontú Glas don Eoraip ar cheart do na Ballstáit agus leasaithe páirtithe araon a thapú chun todhchaí atá athléimneach maidir le huisce a áirithiú.

(1)

  https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities ‑2019-2024/european ‑green ‑deal_ga

(2)

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, IO L 327, 22.12.2000, lch. 1

(3)

Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, IO L 348, 24.12.2008, lch. 84, lena leasaítear le Treoir 2013/39/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013, IO L 226, 24.8.2013, lch. 1

(4)

 Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheathlú, IO L 372, 27.12.2006, lch. 19

(5)

  https://ec.europa.eu/environment/water/fitness_check_of_the_eu_water_legislation/index_en.htm

(6)

Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte, IO L 288, 6.11.2007, lch. 27

(7)

https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12662-Bainistiu-comhthaite-uisce-liostai-athbhreithnithe-truaillean‑dromchlach‑agus‑screamhuisce_ga

(8)

  https://ec.europa.eu/environment/water/water-framework/impl_reports.htm

(9)

Níor thug roinnt Ballstát tuarascáil faoin sprioc-am. Sheol an Coimisiún imeachtaí um shárú i leith tuairisciú déanach. Go nuige seo, níl ach dhá imeacht um shárú fós ar feitheamh.

(10)

Liosta KTManna i d Treoir Tuairiscithe TRU 2022 , leathanach 387

(11)

An Danmhairg, an Ghréig, an Chróit agus an tSlóivéin

(12)

An Eastóin, an Laitvia, Málta

(13)

An Ostair, Poblacht na Seice, an Fhrainc agus an Phortaingéil

(14)

An Spáinn

(15)

  https://ec.europa.eu/environment/strategy/zero-pollution‑action‑plan_en

(16)

  https://ec.europa.eu/environment/strategy/chemicals‑strategy_en

(17)

  EUR-Lex - 52020DC0381 - EN - EUR-Lex (europa.eu)

(18)

  https://ec.europa.eu/health/human‑use/strategy_en

(19)

  Measúnú Uisce EEA 2018 — An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (europa.eu)

(20)

Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta, IO L 375, 31.12.1991, lch. 1

(21)

  EUR-Lex - 52021DC1000 - EN - EUR-Lex (europa.eu)  

(22)

Tuarascáil Speisialta 20/2021: Úsáid inbhuanaithe uisce sa talmhaíocht: Le cistí CBT is mó an seans go gcuirfear úsáid níos mó uisce chun cinn seachas úsáid uisce níos éifeachtúla, mí Mheán Fómhair 2021

https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59355

Measann an Coimisiún gur rannchuidigh CBT le cuspóirí TRU trí shásraí éagsúla; eadhon traschomhlíonadh, íocaíocht do chleachtais talmhaíochta a dhéanann leas na haeráide agus an chomhshaoil agus glasúchán, íocaíochtaí le tairbhithe do chostais bhreise agus ioncaim ligthe thar ceal de thoradh chur chun feidhme TRU agus tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus infheistíochtaí.

(23)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht le haghaidh pleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), COM/2018/392 final

(24)

 SO4 – rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n‑áirítear trí astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú agus ceapadh carbóin a fheabhsú, chomh maith le fuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn; SO5 – an fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, amhail uisce, ithir agus aer, a chothú, lena n‑áirítear tríd an spleáchas ar cheimiceáin a laghdú; SO6 – rannchuidiú le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú.

(25)

  Plean Straitéiseach CBT | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

(26)

Tá 18 mBallstát ag tuairisciú go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh acu maidir le haghaidh a thabhairt ar na bearnaí.

(27)

Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, IO L 135, 30.5.1991, lch. 40

(28)

Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, IO L 435, 23.12.2020, lch. 1

(29)

Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú), IO L 334, 17.12.2010, lch. 17

(30)

Substaintí a cuireadh leis an liosta in 2013: Déchófól, aigéad sulfónach sárfhluarochtáin agus a chuid díorthach, cuineocsaifein, dé-ocsainí comhdhúile dhé-dhé-ocsainiúla, aclóinífein, défheanocs, ciobúitrín, cipirmeitrin, déchlórvos, heicseabrómaiciogladóideacán, heipteaclór agus eapocsaíd heipteaclóir, tearbúitrin.

(31)

An Chróit, an Eastóin, an tSlóvaic agus an tSualainn

(32)

  https://ec.europa.eu/environment/strategy/circular-economy-action‑plan_en

(33)

Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce, IO L 177, 5.6.2020, lch. 32

(34)

  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52021DC0082&from=EN

(35)

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1603122220757&uri=CELEX:52020DC0662 ; https://europa.eu/new-european‑bauhaus/index_en  

(36)

  https://ec.europa.eu/environment/strategy/biodiversity-strategy-2030_en

(37)

  https://www.eea.europa.eu/highlights/water-stress‑is‑a-major

(38)

https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12438-Sustainable-and‑Smart‑Mobility-Strategy_en

(39)

An Ostair, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Pholainn, an Rómáin agus an tSualainn

(40)

An Chipir agus an Laitvia

(41)

Chun an méid sin a dheimhniú, rinne an Coimisiún Eorpach meastóireacht ar an Treoir maidir le Tuilte agus foilsíodh na torthaí in 2019 https://ec.europa.eu/environment/water/fitness_check_of_the_eu_water_legislation/index_en.htm

(42)

Le haghaidh an chéad timthrialla (2010-2015) féach https://ec.europa.eu/environment/water/flood_risk/overview.htm

(43)

Woods &ACTeon (2021), ‘Economic data related to the implementation of the WFD and the FD and the financing of measures’ [Sonraí eacnamaíocha a bhaineann le cur chun feidhme TRU agus na Treorach maidir le Tuilte agus leis na bearta maoiniúcháin], tuarascáil atá le teacht thar ceann Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil.

(44)

OECD, Financing Water Supply, Sanitation and Flood Protection [ECFE, An Soláthar Uisce, Sláintíocht agus Cosaint ar Thuilte a Mhaoiniú], 2020

(45)

Tuarascáil Speisialta CIE 12/2021, ‘An Prionsabal ‘Íoc mar a thruaillítear’: Cur i bhfeidhm neamhréireach ar fud bheartais agus bhearta an Aontais’, mí Iúil 2021.

(46)

An cúigiú Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme na Treorach Réime maidir le hUisce agus na Treorach maidir le Tuilte, COM (2019) 95 final

(47)

Rialachán (AE) Uimh. 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, IO L 198, 22.6.2020, lch. 13

(48)

Lena n‑áirítear glúin nua de chomhpháirtíochtaí uaillmhianacha atá dírithe ar chuspóirí (Comhpháirtíocht Eorpach um Shlándáil uisce don phláinéad (Water4All); Comhpháirtíocht maidir le geilleagar gorm atá aeráidneodrach, inbhuanaithe agus táirgiúil (SBEP)), agus Misin T&N, (‘Aigéin agus uiscí’, ‘Oiriúnú don Athrú Aeráide’ agus ‘Ithreacha Sláintiúla’).