AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.12.2021
COM(2021) 818 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Tuarascáil maidir leis an dul chun cinn i ndáil leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur chun feidhme
in 2018 agus 2019
Tuarascáil maidir leis an dul chun cinn i ndáil leis an ngréasán tras‑Eorpach iompair a chur chun feidhme
in 2018 agus 2019
1.Réamhrá
Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (dá ngairfear Rialachán TEN-T anseo feasta
) na treoirlínte chun an gréasán tras‑Eorpach iompair (TEN-T) a fhorbairt. Cuirtear ar fáil leis an príomhbhunús dlí le haghaidh bhearta a bhaineann le bonneagar do gach cineál iompair san Aontas agus tá sé d’aidhm aige gréasán ilmhódach iarnróid, uiscebhealaí intíre, bealaí loingseoireachta gearrthurais agus bóithre a chruthú a bhfuil nasc acu le nóid uirbeacha, le calafoirt mhuirí agus calafoirt intíre, le haerfoirt agus le críochfoirt ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, is é TEN-T is bunús le freagairt bonneagair chun foirmeacha inbhuanaithe iompair a chumasú, chun foráil a dhéanamh maidir le réitigh fheabhsaithe iompair ilmhódacha agus idir-inoibritheacha agus le comhtháthú idirmhódach feabhsaithe maidir leis an tslabhra lóistíochta ina iomláine.
Is príomhchoinníoll é freisin gréasán iompair Eorpach atá cliste inbhuanaithe agus lán‑idirnasctha chun an margadh aonair Eorpach a chomhlánú agus go bhfeidhmeoidh sé go maith agus chun an Eoraip a nascadh le margaí an domhain. Dá bhrí sin, cuireann sé leis an gclár oibre Eorpach maidir le fás eacnamaíoch, poist agus iomaíochas. Thairis sin, trí mhodhanna iompair níos glaine a fhorbairt amhail iompar d’iarnród, iompar d’uiscebhealaí intíre agus loingseoireacht ghearrthurais agus trí bhreoslaí malartacha a úsáid in iompar de bhóthar agus ar muir, tá ról lárnach ag TEN-T freisin chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste a bhaint amach.
Le Rialachán TEN-T aistrítear an cuspóir foriomlán atá le córas iompair ilmhódúil Eorpach sna ceithre chuspóir shonracha seo a leanas: 1) rannchuidiú le comhtháthú an Aontais; 2) rannchuidiú le héifeachtúlacht an ghréasáin iompair; 3) rannchuidiú le hinbhuanaitheacht an ghréasáin iompair; 4) méadú ar líon na dtairbhí d'úsáideoir uile an ghréasáin iompair. Chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, leagtar síos sa Rialachán spriocdhátaí soiléire chun an croíghréasán a thabhairt chun críche faoi 2030 agus chun an gréasán cuimsitheach a chur i gcrích faoi 2050. Tá an méid sin comhcheangailte le caighdeáin agus ceanglais atá uaillmhianach agus ceangailteach maidir le gach modh iompair chun idir-inoibritheacht agus cáilíocht an ghréasáin a bhaint amach don ghréasán cuimsitheach agus don chroíghréasán araon.
An ionstraim airgeadais, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), a suíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, agus a comharba don tréimhse 2021-2027 (Rialachán (AE) Uimh. 2021/1153), tacaíonn siad le cur chun feidhme TEN-T. Ina theannta sin, déantar infheistíochtaí substaintiúla i TEN-T ar leibhéal an Aontais trí chómhaoiniú ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus trí ionstraimí airgeadais éagsúla an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) chomh maith. Mar sin féin, is iad na Ballstáit a sheasann formhór na n‑infheistíochtaí.
D’fhonn tuairisciú do shaoránaigh Eorpacha agus do lucht déanta beartas maidir le héifeachtacht bheartas TEN-T, ní mór torthaí idirmheánacha a thomhas agus a thuairisciú. Chuige sin, le hAirteagal 49(3) de Rialachán TEN-T ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil maidir leis an dul chun cinn i ndáil leis an ngréasán thras‑Eorpach iompair a chur chun feidhme a fhoilsiú gach dhá bhliain agus í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Is í an tuarascáil seo maidir le dul chun cinn an tríú ceann de na tuarascálacha débhliantúla sin.
Sa tríú tuarascáil seo maidir le dul chun cinn, cuirtear i láthair sonraí teicniúla agus airgeadais a léiríonn stádas ghréasán TEN-T in 2018 agus 2019. Dá bhrí sin, tugann sé léargas tábhachtach ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme TEN-T, go háirithe ag tráth ríthábhachtach agus Rialachán TEN-T á athbhreithniú. Go deimhin, tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta cheana maidir le comhlíonadh teicniúil an ghréasáin agus na cuspóirí agus na spriocanna á leagan síos, mar aon le ceanglais nua, ceanglais atá níos uaillmhianaí maidir le Rialachán TEN-T a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, gabhann an tuarascáil seo maidir le dul chun cinn leis an togra reachtach ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán athbhreithnithe TEN-T.
Leis an dul chun cinn suntasach a rinneadh maidir le TEN-T le blianta beaga anuas ó tháinig an Rialachán reatha i bhfeidhm in 2013, mar a léirítear sa tuarascáil seo, tugtar ionchas dearfach i ndáil le TEN-T agus athdhearbhaíonn sé an ról lárnach atá aige agus a bheidh fós le himirt aige chun gréasán ilmhódach éifeachtúil a chur i gcrích, gréasán a rachaidh chun tairbhe do gheilleagar agus do mhargadh inmheánach an Aontais agus a chuirfidh le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
2.Na príomhthorthaí
Bunaithe ar Chóras Faisnéise TENtec, maidir le staid chur chun feidhme bhonneagar TEN-T ar leibhéal chonairí an chroíghréasáin (CNC) in 2019, baintear amach comhlíontacht idir 70 % agus 99 % i dtaca leis an gcuid is mó (11 as 14) de na táscairí atá ar fáil maidir le ceanglais Rialachán TEN-T. Tá ráta comhlíontacht idir 16 % agus 53 % ag na trí cheanglas eile.
Faoi mar a bhí sa tuarascáil roimhe seo, áfach, ní mór a shoiléiriú roimh ré maidir le rátaí comhlíonta arda an ghréasáin bhonneagair le caighdeáin TEN-T, nach léiríonn siad an fhírinne i ndáil le cáilíocht nó feidhmiúlacht oibríochtúil an ghréasáin iompair. Go deimhin, ní mór an anailís sin a chur i gcomhthéacs chaighdeáin theicniúla TEN-T atá teoranta go páirteach i gcomparáid leis na fíor-riachtanais ar an láthair. Dá bhrí sin, an togra reachtach le haghaidh Rialachán athbhreithnithe TEN-T, arna thacú ag an anailís sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis, féachtar leis feabhas a chur ar chaighdeáin agus ar cheanglais TEN-T chun teacht níos fearr ar phoitéinseal agus ar shrianta iarbhír an ghréasáin agus chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na fíor-riachtanais ar an láthair.
Mar shampla, tá gealladh faoi na rátaí comhlíonta maidir leis an ngréasán bonneagair iarnróid ar CNC in 2018 agus 2019 ós rud é go bhfuil an comhlíonadh bainte amach cheana féin cuid mhaith i dtéarmaí leictrithe (90 %), leithead rianta (84 %), luas na líne lasta (86 %) agus ualach na n‑acastóirí lasta (90 %), cé go bhfuil fad na dtraenacha lasta (53 %) agus go háirithe imscaradh ERTMS (16 %) fós tite ar gcúl. Mar sin féin, d’fhéadfadh líne a bheith oiriúnach d’fhad traenach 740 m ach gan a dóthain taobhlaigh a bheith aici chun idir-inoibritheacht iomlán iarbhír a áirithiú. Is ceist thábhachtach é sin ar fhéach an t‑athbhreithniú ar TEN-T air.
Ar an gcaoi chéanna, ní féidir leis an ngréasán barracmhainneacht a bhaint amach ach amháin i gcas ina dtéann an córas lasta iarnróid i ngleic le fíor-riachtanais an mhargaidh freisin. Go deimhin, d’fhéadfadh sé nach leor ceanglais reatha Rialachán TEN-T chun tacú le hiompar ilmhódach: is rudaí de-facto iad leathleantóirí a bhfuil glacadh leo le haghaidh iompar lastais fadraoin ar bhóthar, arb ionann é agus níos mó ná 95 % den trácht. Níl aon cheanglas ar ghréasán iarnróid TEN-T faoi láthair, áfach, cúrsaíocht leathleantóirí de dhiminsean P400 a chumasú
. Faoi láthair is dódhéanta an ní é cúrsaíocht aonaid luchtaithe idirmhódúla P400 ar vaigíní caighdeánacha ar chuid shuntasach de TEN-T (ar 40 % de ghréasán CNC ní cheadaítear ach caighdeán P400 agus os a chionn). I bhfianaise na leitheadúlachta leathleantóirí in iompar de bhóthar, níl leas á bhaint as acmhainneacht shuntasach chun aistriú módach breise a dhéanamh. Ar an gcúis sin, tugtar faisnéis sa tuarascáil seo ar stádas an ghréasáin maidir leis an gceanglas P400 in 2019, cé nach ceanglas foirmiúil é sin (fós) de Rialachán TEN-T 2013.
Maidir le bóithre, tá comhlíonadh na gcritéar maidir le luasbhóthar/mótarbhealach beagnach bainte amach go hiomlán (99 %). Mar a luadh thuas, áfach, tá sé tábhachtach a choinneáil i gcuimhne nach ionann na sainmhínithe ar chatagóirí bóthair i Rialachán TEN-T agus sainmhínithe UNECE/EUROSTAT/ITF, agus tá eolas á cheilt gur féidir le cáilíocht bóithre a bheith neamhleordhóthanach, go háirithe maidir le gné na sábháilteachta ar bhóithre nó le hinfhaighteacht limistéar leordhóthanach páirceála agus scíthe atá sábháilte agus slán. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach bhfuil codanna den ghréasán á gcothabháil mar is ceart ar feadh tréimhse áirithe, rud a d’fhágfadh bóthar a bhí in ainm is a bheith comhlíontach a bheith faoi chaighdeáin oibriúcháin agus sábháilteachta. Is gnéithe eile iad sin ar fhéach an t‑athbhreithniú ar Rialachán TEN-T orthu.
Tá na huiscebhealaí intíre beagnach go hiomlán comhlíontach a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an Chórais Faisnéise Tráchta Abhann (RIS) (94 %) agus le ceanglas CEMT d’aicme IV nó níos airde (96 %). Tá tarraingt incheadaithe 2.5 m nó níos mó agus airde incheadaithe faoi dhroichid 5.25 m nó níos mó araon ag ráta ard comhlíonta 84 % agus 83 % cheana féin. Leis sin, áfach, níor cheart an fhírinne a cheilt, gur i gcás ina mbaintear amach comhlíonadh go hainmniúil, bíonn díolúintí ann maidir le hachair ghairide agus go mbíonn tionchar tromchúiseach aige sin ar inseoltacht roinne níos leithne. I gcás codanna d’uiscebhealaí áitiúla TEN-T nach bhfuil tarraingt leordhóthanach ná airde faoi dhroichid leordhóthanach acu, is cinnte gur féidir leis sin cosc a chur ar loingseoireacht intíre seirbhísí éifeachtúla, iontaofa agus poncúla a áirithiú. Mar sin féin, níor cuireadh sainiúlachtaí agus hidreamhoirfeolaíocht na n‑uiscebhealaí intíre san áireamh go leordhóthanach sa sainmhíniú ar chaighdeáin TEN-T, rud a d’fhág gur bunaíodh caighdeáin a d’fhéadfadh a bheith neamhréadúil i sreabhadh iomlán aibhneacha. Cás den chineál sin is ea cás na Danóibe, mar shampla.
Ar deireadh, tá 88 % de na calafoirt nasctha le hiarnróid, ach tá nasc iarnróid na n‑aerfort beagán níos ísle ag 70 %. Arís eile, tarlaíonn sé uaireanta go bhfhéadfadh na sonraí maithe staid nach bhfuil chomh dearfach a cheilt maidir le roinnt de na nóid, go háirithe maidir le calafoirt: i roinnt cásanna, ní leor an nasc iarnróid atá ann cheana ó thaobh acmhainne nó cáilíochta de nó ní théann sé ó thús deireadh an bhealaigh. Is sampla eile é sin de chaighdeán nach bhfuil bainte amach go hiomlán, ar rud é a bhfuiltear ag tabhairt aghaidh air le hathbhreithniú TEN-T.
Mar aon le staid chur chun feidhme teicniúil TEN-T, déantar anailís sa tuarascáil seo freisin ar iarrachtaí na n‑infheistíochtaí airgeadais a rinneadh ar TEN-T ina iomláine. Le linn 2018 agus 2019, b’ionann an infheistíocht iomlán a rinneadh ar ghréasán TEN-T agus beagnach EUR 111 billiún, agus ar an gcaoi sin b’ionann sin agus méid suntasach de EUR 20 billiún sa bhreis ar na hinfheistíochtaí a rinneadh in 2016 agus in 2017. Léiríonn sé sin go soiléir an dul chun cinn seasta a rinneadh na Ballstáit i gcur chun feidhme tionscadal leasa choitinn ar an ngréasán tras‑Eorpach iompair.
As an EUR 111 billiún d’infheistíochtaí iomlána, tá formhór na n‑infheistíochtaí sin déanta ag acmhainní náisiúnta (EUR 93.5 billiún, i.e. 84 %); Deonaíodh EUR 4.6 billiún tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), rinneadh EUR 26.4 billiún a chómhaoiniú trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus maoiníodh EUR 7.7 billiún trí iasachtaí BEI. As an EUR 93.5 billiún d’infheistíochtaí iomlána arna dtuairisciú ag na Ballstáit, infheistíodh a bhformhór de sa chroíghréasán (72 %). Ar an gcaoi chéanna, tugadh formhór na gcistí d’iarnróid TEN-T (lena n‑áirítear ERTMS) (42 %).
3.Raon feidhme agus modheolaíocht
Le hAirteagal 49(3) de Rialachán TEN-T, leagtar síos raon feidhme oibleagáid tuairiscithe an Choimisiúin. Sainítear ann gur cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh gach dhá bhliain ar fhorbairt an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair ó thaobh chomhlíonadh cheanglais theicniúla an Rialacháin de agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis an úsáid a bhaintear as cineálacha éagsúla cúnaimh airgeadais le haghaidh na modhanna iompair go léir chomh maith le gnéithe eile den chroíghréasán agus den ghréasán cuimsitheach i ngach Ballstát.
Is í an tuarascáil dhébhliantúil atá ann faoi láthair an tríú tuarascáil lena bhfreagraítear don oibleagáid tuairiscithe sin. I mí an Mheithimh 2017 glacadh an chéad tuarascáil ar chur chun feidhme do na blianta tuairiscithe 2014-2015; i mí Lúnasa 2020 glacadh an dara tuarascáil ar chur chun feidhme do na blianta tuairiscithe 2016-2017.
Cé go raibh srianta éagsúla ar an gcéad tuarascáil ó 2014-2015 ó thaobh infhaighteacht sonraí agus srianta modheolaíochta de, leanann tuarascáil 2016-2017 agus an tuarascáil seo le haghaidh 2018-2019 an cur chuige modheolaíoch céanna. Is éard atá sa tuarascáil seo anailís ar chur chun feidhme pharaiméadair theicniúla TEN-T ar bhonn na faisnéise arna tarchur ag na Ballstáit maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn. Tuairiscíonn na Ballstáit an fhaisnéis sin go háirithe trí shonraí a uaslódáil sa chóras geografach agus teicniúil idirghníomhach maidir leis an ngréasán tras‑Eorpach iompair (TENtec). Chuige sin, sainítear le TENtec tacar eochairtháscaire feidhmíochta (KPInna) ar bhonn cheanglais an bhonneagair iompair dá bhforáiltear i Rialachán TEN-T.
Maidir leis an tuarascáil roimhe seo, áfach, tá an tacar sonraí le haghaidh na bparaiméadar teicniúil le haghaidh 2018 agus 2019 teoranta do ghréasán chonairí an chroíghréasáin (CNC) agus dá bhrí sin ní chumhdaíonn sé an gréasán cuimsitheach iomlán. Mar sin féin, léiríonn na sonraí maidir le gréasán CNC cheana féin an dul chun cinn atá déanta maidir le TEN-T toisc go gcumhdaíonn sé thart ar 80 % den chroíghréasán. Ina theannta sin, tá infheistíochtaí (ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon) dírithe ar chonairí an chroíghréasáin sna chéad bhlianta sin ar aon chuma ó tharla gurb é 2030 an spriocdháta chun iad a thabhairt chun críche, agus ní 2050 mar atá an cás le haghaidh an chroíghréasáin.
Fiú má leanann an tuarascáil seo modheolaíocht na tuarascála roimhe seo, ní mór béim a leagan ar mhórdhifríocht amháin, áfach, difríocht a thugann dúshlán inchomparáideacht na sonraí go pointe áirithe. Go deimhin, i gcás na tuarascála seo, tá raon feidhme geografach na hanailíse ar chomhlíonadh níos leithne ná mar a bhí sa tuarascáil a rinneadh roimhe seo ós rud é go bhfuil sé bunaithe anois ar ghréasán na gconairí leathnaithe de bharr an leasaithe ar ailíniú na gconairí faoi Rialachán nua SCE II. Ag an am céanna, rinneadh an Ríocht Aontaithe a eisiamh ón anailís. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh rátaí comhlíonta na tuarascála seo a bheith éagsúil leis na rátaí a ríomhadh i gcás thuarascáil cur chun feidhme TEN-T a bhí ann roimhe sin, lena gcumhdaítear na blianta 2016 agus 2017. Ag an am céanna, le raon feidhme leathnaithe na hanailíse is féidir anailís níos cuimsithí a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ar an láthair.
Ina theannta sin, ba cheart a chur in iúl go láidir go bhféadfadh sé nach ráthódh comhlíonadh iomlán cheanglais TEN-T easpa easnamh oibríochtúil nó easpa scrogall acmhainne ar an talamh. Dá bhrí sin, déanann an Coimisiún Eorpach staidéir mhionsonraithe le haghaidh na naoi gconair croíghréasáin uile chomh maith leis an dá thosaíocht chothrománacha (ERTMS agus Mótarbhealaí na Farraige), ina ndéantar anailís i bhfad níos mionsonraithe ar an mbonneagar, i.e. ní hamháin ó thaobh comhlíonadh staidrimh de ach freisin bunaithe ar mheasúnuithe cáilíochtúla ó dhearcadh líonra níos leithne de. Bunaithe ar an anailís sin, léirítear easnaimh agus scrogaill i bpleananna oibre comhfhreagracha na gComhordaitheoirí Eorpacha le haghaidh na naoi gconair croíghréasáin, ERTMS agus Mótarbhealaí na Farraige.
Ar deireadh, cuirtear i láthair sa tuarascáil seo léiriú ar bhuiséid náisiúnta agus ar chómhaoiniú agus ar mhaoiniú ó fhoinsí éagsúla an Aontais le haghaidh infheistíochtaí a dhéantar ar bhonneagar gréasáin TEN-T ina iomláine (i.e. ar an gcroíghréasán agus ar an ngréasán cuimsitheach) le linn na tréimhse 2018 agus 2019, go príomha CSIE (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe (CC)), SCE agus iasachtaí BEI. Rinne na Ballstáit na sonraí sin a thuairisciú go díreach trí shuirbhé a dhéanamh ar bhonn aontaithe mar a bhí i gcás na tuarascála roimhe seo. Maidir le comhchistiú agus cómhaoiniú an Aontais, bailíodh na sonraí ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA), ó Ard‑Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI).
4.Stádas Chur Chun Feidhme TEN-T: An dul chun cinn teicniúil a rinneadh ar ghréasán TEN-T in 2018 agus 2019
Bunaítear le Rialachán TEN-T an gréasán cuimsitheach agus an croíghréasán bunaithe ar mhodheolaíocht thrédhearcach agus oibiachtúil. Tá an croíghréasán agus an gréasán cuimsitheach bainteach le ceanglais theicniúla a shainítear agus le spriocanna tosaíochta. Ní mór an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i gcrích TEN-T a thagarmharcáil leis na caighdeáin theicniúla sin le cabhair ó eochairtháscaire feidhmíochta.
5.Eochairtháscaire feidhmíochta i gcóras faisnéise TENtec
Nascann córas faisnéise TENtec faisnéis gheografach agus sonraí paraiméadair theicniúil de chuid bhonneagar TEN-T agus cuireann sé ar chumas an úsáideora faisnéis a thiomsú go héasca agus tuarascálacha agus léarscáileanna a chruthú, lena gcumhdaítear croíghréasán agus gréasán cuimsitheach TEN-T agus sraitheanna sonraí téamacha eile. Le bunachar sonraí TENtec cuimsítear na sonraí a bhailítear ó na Ballstáit, staidéir ar chonairí agus gníomhaíochtaí eile bailithe sonraí chun gur féidir leis an gCoimisiún saincheisteanna ríthábhachtacha a shainaithint amhail scrogaill agus saincheisteanna a bhaineann le hidir-inoibritheacht thar theorainneacha. Soláthraítear rogha léarscáileanna maidir le comhlíonadh TENtec i dtaca leis na príomhpharaiméadair theicniúla (eochairtháscairí feidhmíochta) ina nIarscríbhinní a ghabhann leis an tuarascáil seo.
6.Cur chun feidhme teicniúil ghréasán TEN-T de réir KPI
Bunaithe ar Chóras Faisnéise TENtec, léiríonn staid chur chun feidhme an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair in 2018/2019 ó thaobh chomhlíonadh le ceanglais Rialachán TEN-T go mbaintear amach ráta comhlíonta idir 70 % agus 99 % le haghaidh an chuid is mó (11 as 14) de na táscairí atá ar fáil ar leibhéal chonair an chroíghréasáin (CNC) (féach Figiúr 1).
Mar sin féin, fiú i gcásanna ina bhfuil tuilleadh feabhais tagtha ar an staid ó 2017 i leith, d’fhéadfadh staid ar an láthair nach bhfuil chomh dearfach sin a bheith á ceilt ag céatadán ard de chomhlíonadh toisc nach bhfuil forbairt leordhóthanach déanta ar chritéir Rialachán TEN-T agus nach bhfuil na critéir sin sonraithe go leordhóthanach (féach roinn 1.2 thuas).
Figiúr 1: Comhlíonadh léirithe mar % le haghaidh chonair an chroíghréasáin (CNC)
Foinse: TENtec
Iarnróid
Sainítear i Rialachán TEN-T ceanglais éagsúla maidir le bhonneagar iarnróid an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair ar leibhéal CNC (féach Figiúr 1). Maidir leis an gceanglas leictriúcháin, tá comhlíonadh líonra CNC ag ráta ard cheana féin 90 % de réir shonraí 2019 agus dá bhrí sin tá feabhas beag tagtha air i gcomparáid leis an staid a bhí ann in 2017. Líonraí iargúlta áirithe in Éirinn, sna Stáit Bhaltacha, sa Spáinn agus sa Phortaingéil den chuid is mó, tá siad díolmhaithe ón gceanglas sin, áfach. Mar sin féin, tá gréasán iarnróid iomlán CNC leictrithe cheana féin sa Phortaingéil.
Tá leithead rianta iarnróid an líonra CNC comhlíontach ag leibhéal ard 84 % de réir shonraí 2019. Is iad na trí eisceacht shuntasacha atá fós ann an leithead Ibéarach atá ar an gceann is mó fós i Leithinis na hIbéire, an leithead Éireannach atá fós an t‑aon leithead amháin in Éirinn agus tá an leithead leathan fós an t‑aon leithead amháin, beagnach, sna Stáit Bhaltacha agus san Fhionlainn.
Maidir le luas na líne, is é atá i gceanglas Rialachán TEN-T luas de 100 km/h nó níos mó i gcás línte lasta agus línte measctha. Tá líonra CNC comhlíontach leis an gceanglas sin cheana féin ag 86 % de réir shonraí 2019. Is in áiteanna sa Laitvia, sa Pholainn, sa tSlóivéin, sa Rómáin, sa Bhulgáir agus sa Ghréig, den chuid is mó, a bhíonn na faillíocha.
Is é imscaradh ERTMS an dúshlán is mó i gcónaí ó thaobh pharaiméadair TEN-T de, agus tá dul chun cinn níos moille ann ná mar a bhíothas ag súil leis. Tá an t‑imscaradh taobh riain ar líonra CNC réasúnta íseal ag 16 % de réir shonraí 2019, ach tá feabhas tagtha air i gcomparáid leis an staid a bhí ann in 2017.
Fiú má tá moill sa ghearrthéarma fós á cur ar imscaradh ERTMS taobh riain, tá móiminteam ag baint leis faoi láthair, agus tá an tuar meántéarmach agus fadtéarmach sách dearfach. Tá formhór chodanna CNC a bhfuil sé beartaithe iad a imscaradh faoi 2023 faoi phlean imscaradh an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid i bhfeidhm nó ar conradh cheana féin. Ina theannta sin, maidir leis an sprioc 2030, déantar an tríú cuid de líonra CNC a choimisiúnú nó a chonrú.
Tá ERTMS á imscaradh ar fud an Aontais Eorpaigh, ach is san Ostair, sa Bheilg, i bPoblacht na Seice, san Iodáil, i Lucsamburg, sa Pholainn, sa Spáinn agus sa tSlóivéin a tá an dul chun cinn is mó déanta. Tá níos mó agus níos mó Ballstát ag roghnú ERTMS mar chóras aonair, rud a chiallaíonn go bhfuil sé beartaithe acu ERTMS a imscaradh ar a ngréasán iomlán (i.e. lasmuigh de ghréasán TEN-T freisin) agus a gcórais náisiúnta aicme B a dhíchoimisiúnú. Tá sé sin ag teacht leis na forálacha nua dá bhforáiltear i dtogra dlí de Rialachán athbhreithnithe TEN-T.
Maidir le hualach acastóra lasta, tá comhlíonadh i dtaca le paraiméadar 22.5 tona nó níos mó in aghaidh an acastóra ag ráta ard comhlíonta 90 % de réir shonraí 2019 (i gcomparáid le 81 % de réir shonraí 2017). Tá gá fós le dul chun cinn a dhéanamh, go háirithe san Ungáir agus sa Rómáin.
An comhlíonadh i dtaca leis an bparaiméadar 740 m nó níos faide le haghaidh taobhlaigh do thraenacha (paraiméadar fad na traenach), tá sé ag 53 % ar an meán de réir shonraí 2019 agus dá bhrí sin tá feabhas suntasach tagtha air i gcomparáid le 2017 (43 %). Is sa Fhrainc, i mBenelux, sa Danmhairg agus sa Ghearmáin, is mó a bhaintear amach an paraiméadar, ach baintear amach é sna Stáit Bhaltacha agus san Fhionlainn freisin. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar an staid ó 2017 i leith, ní mór béim a leagan ar na difríochtaí atá ann anseo agus ansiúd idir comhlíonadh ainmniúil agus na féidearthachtaí oibríochtúla iarbhír. Mar shampla, d’fhéadfadh líne a bheith oiriúnach do fhad traenach 740 m ach gan a dóthain taobhlaigh a bheith aici chun idir-inoibritheacht iomlán iarbhír a áirithiú.
Agus ar deireadh, comhtháthaítear sa tuarascáil seo eochairtháscaire feidhmíochta nua maidir leis an leithead lódála – paraiméadar lena bhforáiltear gur féidir traenacha lasta a luchtaítear le haonaid luchtaithe idirmhódúla arna n‑aicmiú mar P400 (nó os a chionn) a rith ar vaigíní póca caighdeánacha. Ní ceanglas foirmiúil é an paraiméadar sin de Rialachán TEN-T atá ann faoi láthair, ach mhol an Coimisiún é i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Rialachán TEN-T. Tá comhlíontacht líonra CNC leis an gceanglas maidir le leithead lódála ar leibhéal íseal de 40 % de réir shonraí 2019. Is iad an Fhrainc, an Iodáil, an Spáinn, an Phortaingéil agus an Fhionlainn, an tSlóvaic, an Rómáin agus an Bhulgáir na tíortha a dteastaíonn uasghráduithe móra uathu ar tholláin chun an ceanglas sin a chomhlíonadh.
Uiscebhealaí Intíre
Cuireann Rialachán TEN-T leis na ceanglais seo a leanas maidir le huiscebhealaí intíre (féach Fíor 1): Aicme CEMT IV, tarraingt incheadaithe 2.50 m ar a laghad, airde incheadaithe faoi dhroichid 2.5 m ar a laghad agus cur chun feidhme na Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (RIS). An comhlíonadh i dtaca leis an paraiméadar maidir le CEMT aicme IV nó níos airde, tá sé an ard ag 96 % de réir shonraí 2019. Is i gcás Abhainn Sava sa Chróit atá an t‑easnamh is mó. An comhlíonadh le híosmhéid 2.5 m de tharraingt incheadaithe, tá sé ag ráta ard 84 % freisin de réir shonraí 2019. Is sa Ghearmáin, i bPoblacht na Seice agus sa Chróit, den chuid is mó, a bhíonn na faillíocha. An comhlíonadh le híosmhéid 5.25 m d’airde incheadaithe faoi dhroichid, tá sé ag ráta ard 83 % de réir shonraí 2019 le faillíocha sa Ghearmáin den chuid is mó. Maidir le cur chun feidhme RIS, tá an comhlíonadh ag ráta an‑ard 94 %. Ní mór don Iodáil, don tSlóvaic, don Ungáir, don Phortaingéil agus don Spáinn, go háirithe, dul chun cinn a dhéanamh fós maidir le cur chun feidhme RIS.
Aerfoirt
A mhéid a bhaineann le haerfoirt, sainmhínítear le Rialachán TEN-T nach bhfuil ach na príomh‑aerfoirt atá marcáilte le réiltín in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán (i.e. 38) faoi oibleagáid Airteagal 41(3), i.e. le nascadh le bonneagar iompair d’iarnróid agus de bhóthar de chuid an ghréasáin thras‑Eorpaigh iompair faoi 2050 (ach amháin i gcás ina gcuireann srianta fisiceacha cosc ar an nasc sin) agus le comhtháthú leis an ngréasán iarnróid ardluais aon uair is féidir, agus trácht ionchasach á chur san áireamh. I ndáil leis sin, tá an ráta comhlíonta ag 70 % de réir shonraí 2019 (féach Figiúr 1). Na haerfoirt nach bhfuil comhlíontach fós, tá siad scaipthe ar fud an Aontais. Mar sin féin, fiú i gcás aerfoirt atá comhlíontach go foirmiúil, d’fhéadfadh sé nach bhfuil an nasc iarnróid ar cháilíocht leordhóthanach. Mar shampla, tá roinnt aerfort ar fud na hEorpa a mbíonn líon ard aerphaisinéirí ag dul tríothu, ach nach bhfuil nasctha ach le hiarnróid éadrom, nó más le hiarnród trom atá an nasc, nach dtéann an líne ach go dtí an baile is gaire. Mar sin féin, chun leas iomlán a bhaint as an nascacht iarnróid atá ag aerfort, tá gá le nasc iarnróid a fhónann d’achair fhada freisin. Léirítear go soiléir leis na bearnaí cáilíochta sin gur gá cur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh nascacht iomlán aerfoirt a bhaint amach, agus idirnascadh maith a dhéanamh leis an ngréasán iarnróid ardluais freisin, tríd an athbhreithniú ar TEN-T.
Calafoirt
Leagtar síos le Rialachán TEN-T an ceanglas chun nascfar calafoirt mhuirí le hiarnród (féach Figiúr 1). De réir shonraí 2019 comhlíonann 88 % de chalafoirt TEN-T atá ar ghréasán CNC an ceanglas seo. Ní bhaineann faillíocha ach le hocht gcalafort, agus trí cinn acu sin, tá siad lonnaithe san Iodáil. Ní mór a chur in iúl go láidir, áfach, nach dtagraíonn an caighdeán TEN-T seo ach do nasc le hiarnród agus nach luaitear ann aon rud faoi cháilíocht an naisc iarnróid sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh teorainneacha a bheith ann go fóill, e.g. maidir le nasc an mhíle dheireanaigh atá ag calafort, fiú má tá an calafort sin ag teacht le caighdeán TEN-T i bprionsabal.
Bóithre
Maidir le bóithre, is é an príomhtháscaire a ríomhtar líon iomlán na gciliméadar atá comhlíontach leis na cineálacha mótarbhealaí/luasbhealaí (féach Figiúr 1). Léiríonn na torthaí go bhfuil comhlíonadh bainte amach ag 99 %. Sa todhchaí, áfach, beidh sé tábhachtach freisin meastóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as bonneagar breosla ionadúil ar na bóithre. Chuige sin, tugadh sraith nua isteach sa chóras TENtec lena bhféadfar faireachán a dhéanamh ar stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe leictreacha atá ann cheana le haghaidh GNC/GPL agus hidrigin ar ghréasán bóithre TEN-T lena n‑áirítear anailís bhearna maidir le stáisiúin luchtaithe leictreacha. Ní féidir aon sonraí a chur ar fáil fós don bhliain 2019, áfach.
7.Stádas Chur Chun Feidhme TEN-T: An dul chun cinn maidir le hinfheistíochtaí airgeadais a rinneadh ar ghréasán TEN-T in 2018 agus 2019
Le linn 2018 agus 2019, b’ionann an infheistíocht iomlán a rinneadh ar ghréasán TEN-T agus beagnach EUR 111 billiún, agus ar an gcaoi sin b’ionann sin agus méid suntasach de EUR 20 billiún sa bhreis ar na hinfheistíochtaí a rinneadh in 2016 agus in 2017. Léiríonn sé seo go soiléir an dul chun cinn seasta atá déanta ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn ar an ngréasán tras‑Eorpach iompair (féach Tábla 4).
As an EUR 111 billiún, infheistíodh EUR 7.7 billiún trí iasachtaí BEI. Rinneadh EUR 26.4 billiún a chómhaoiniú ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC)) agus tháinig méadú faoi thrí, nach mór, ar a gcuid infheistíochtaí i gcomparáid le 2016 agus 2017. Infheistíodh EUR 4.6 billiún tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) (féach Tábla 4).
Sa chomhthéacs sin, ní mór a chur in iúl go láidir gur ráta cómhaoinithe idir 20 % agus 85 % a bhíonn ann nuair a bhíonn cómhaoiniú ón Aontas i gceist. Ciallaíonn sé sin gur arna slógadh ag acmhainní náisiúnta a bhí an t‑iarmhéid agus, dá bhrí sin, an chuid is mó d’infheistíochtaí, i.e. EUR 93.5 billiún. Dá bhrí sin, maidir leis méid sin le haghaidh infheistíochtaí arna dtuairisciú ag na Ballstáit, ní áirítear ann ach infheistíochtaí a bhaineann le hoibreacha nó le sócmhainní eile agus/nó tionscadail mheasctha (ach gan aon staidéir á dhéanamh ina aonar) ar chroíghréasán TEN-T nó ar ghréasán cuimsitheach TEN-T. Faoi oibreacha, tuairiscíodh na tionscadail uile a chuireann le cuspóirí Airteagal 4 de Rialachán TEN-T (i.e. comhtháthú, éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht, méadú ar na buntáistí dá úsáideoirí). Ina theannta sin, ní áirítear ach oibreacha a mbíonn forbairtí bonneagair nua mar thoradh orthu nó a bhfuil baint acu le huasghrádú/athshlánú an bhonneagair atá ann cheana. Rinneadh na costais chothabhála a eisiamh. Ar deireadh, áirítear ann gach tionscadal os cionn EUR 1 milliún a bheidh á reáchtáil in 2018 agus 2019 gan beann ar an dáta tosaigh.
As an EUR 93.5 billiún d’infheistíochtaí iomlána arna dtuairisciú ag na Ballstáit (lena n‑áirítear sciar chómhaoinithe an Aontais, i gcás inarb ábhartha), infheistíodh a bhformhór de sa chroíghréasán (72 %). Cuireadh formhór na gcistí i leith iarnróid TEN-T (lena n‑áirítear ERTMS) (42 %) agus sa dara háit, bóithre TEN-T (lena n‑áirítear CCI) le 38 % (féach Tábla 1).
Tábla 1: Caiteachas TEN-T 2018+ 2019 in EUR milliúin
|
EU27
|
Caiteachas TEN-T in aghaidh an mhodha iompair
in 2018-2019
|
|
Móid Iompair
|
An Gréasán Cuimsitheach
|
An Croíghréasán
|
IOMLÁN
Gréasán TEN-T
|
|
Iarnróid TEN-T (lena n‑áirítear ERTMS)
|
8.576
|
30.781
|
39.357
|
|
Bóithre TEN-T (lena n‑áirítear ITS)
|
15.223
|
20.098
|
35.321
|
|
Uiscebhealaí Intíre TEN-T (lena n‑áirítear RIS)
|
neamhbhainteach
|
3.221
|
3.221
|
|
Calafoirt TEN-T (lena n‑áirítear VTMIS)
|
1.131
|
4.101
|
5.232
|
|
Aerfoirt TEN-T (lena n‑áirítear ATM)
|
1.456
|
8.930
|
10.386
|
|
Iomlán
|
26.386
|
67.130
|
93.517
|
Foinse: Suirbhé na mBallstát 2020/2021
SCE (Saoráid um Chónascadh na hEorpa)
Chaith an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (Iompar) deontais de mhéid iomlán EUR 4.6 billiún in 2018 agus 2019 ar 544 tionscadal (féach Tábla 2). Cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na dtionscadal a maoiníodh i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin (793 thionscadal in 2016 agus 2017), tá méadú tagtha ar an méid foriomlán arna leithdháileadh ar thionscadail. Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheabhrú nach bhfuil an Ríocht Aontaithe san áireamh a thuilleadh i staitisticí na tuarascála seo (féach roinn 1.2).
Rinneadh an chuid is mó de mhaoiniú SCE (thart ar 81 %) a infheistiú i dtionscadail bhonneagair iompair inbhuanaithe: infheistíodh thart ar 69 % i dtionscadail bhonneagair iarnróid agus thart ar 12.8 % in uiscebhealaí intíre agus i mbonneagar muiriompair.
Tábla 2: Maoiniú Iompair SCE 2018+ 2019 in EUR milliúin
Maoiniú Iompair SCE 2018+ 2019
|
|
in aghaidh an mhodha iompair
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Foinse: CINEA. Lena n‑áirítear tionscadail ina bhfuil tairbhithe ó na 27 mBallstát gan an Ríocht Aontaithe, agus na tionscadail sin amháin.
* Córas ticéadaithe idirmhódúil
CSIE (Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa)
Rinneadh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC) EUR 26.4 billiún (caiteachas dearbhaithe) a infheistiú i TEN-T in 2018 agus 2019, arb ionann sin le chéile agus thart ar 68 % de gach infheistíocht TEN-T a dtacaíonn an tAontas leis (lena n‑áirítear iasachtaí BEI) (féach Tábla 3). Rinneadh thart ar 69 % de chistí SIE a infheistiú i ngréasán bóithre TEN-T a uasghrádú agus/nó a thógáil.
Ní mór a thabhairt faoi deara nach gcuirtear san áireamh i sciar tuairiscithe an Chiste Chomhtháthaithe an chuid sin de leithdháileadh an Chiste Comhtháthaithe a aistríodh chun tacú le tionscadail iompair ar an gcroíghréasán faoi SCE
. Tugtar faoi deara freisin nach ndéantar tacaíocht an bheartais chomhtháthaithe a leithdháileadh ar bhonn bliantúil ach go ndéantar í a chlársceidealú le haghaidh tréimhse seacht mbliana. Is ionann na méideanna a thuairiscítear do 2018-2019 agus an caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe, arna dheimhniú agus arna dhearbhú don Choimisiún le linn na tréimhse tuairiscithe.
Tábla 3: CFRE+ CC (caiteachas dearbhaithe) 2018+ 2019 in EUR milliúin
CFRE + CC (caiteachas dearbhaithe*) 2018+ 2019
|
in aghaidh an mhodha iompair
|
|
|
|
|
Uiscebhealaí Intíre agus Calafoirt Intíre
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Foinse: AS REGIO, , https://cohesiondata.ec.europa.eu/d/3kkx-ekfq
*Caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe, arna dheimhniú agus arna dhearbhú don Choimisiún.
Is figiúirí carnacha iad.
BEI (an Banc Eorpach Infheistíochta)
In 2018 agus 2019 rinne an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) tuairim is EUR 9 mbilliún a infheistiú in earnáil an bhonneagair iompair faoi chuimsiú a phunanna tionscadal straitéiseach iompair. An chuid is mó de na hinfheistíochtaí bonneagair iompair (85 %) is i TEN-T a rinneadh iad, arb ionann é sin agus 49 n‑oibríocht le hiasachtaí BEI EUR 7.7 billiún ar an iomlán arna síniú in 2018 agus 2019 (féach Tábla 4). Leis na hinfheistíochtaí sin, rinneadh BEI infheistíochtaí iomlána EUR 61 billiún a shlógadh (costais iomlána tionscadal).
Tábla 4: Caiteachas TEN-T in aghaidh na foinse cistiúcháin/mhaoinithe de réir Ballstáit in 2018+ 2019 in EUR milliúin
Caiteachas TEN-T in aghaidh na foinse cistiúcháin/mhaoinithe de réir Ballstáit in 2018+ 2019 in EUR milliúin
|
|
|
Buiséid náisiúnta lena n‑áirítear cistí an Aontais a fuarthas (2018+ 2019)
|
|
|
Iasachtaí BEI (2018+ 2019)
|
|
|
|
|
|
Caiteachas dearbhaithe CFRE+ CC
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Regiúnach - Tíortha an Aontais
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Foinse: Suirbhé na mBallstát 2020/2021, AS REGIO, INEA, BEI
|
8.Conclúid
Le linn na mblianta 2018 agus 2019, tugadh céimeanna tábhachtacha chun cinn chun an gréasán tras‑Eorpach iompair a chur i gcrích, maidir leis an gcomhlíonadh teicniúil chomh maith leis na hinfheistíochtaí airgeadais a rinneadh sa ghréasán.
I dtéarmaí chomhlíonadh cheanglais Rialachán TEN-T, in 2019, gréasán chonairí an chroíghréasáin, baineann siad amach idir 70 % agus 99 % i gcás fhormhór (11 as 14) de na táscairí atá ar fáil. Ní mór a mheabhrú, áfach, nach bhfuil an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar na paraiméadair chomhlíonta sách forbartha ná sonraithe chun aird chuí a thabhairt ar fhéidearthachtaí oibríochtúla iarbhíre an líonra. Mar sin féin, na sonraí maithe maidir le comhlíonadh, tá siad fite fuaite leis an bhfíoras go ndearnadh an sciar is airde d’infheistíochtaí iomlána (EUR 93.5 billiún) a thuairiscigh na Ballstáit a infheistiú sa chroíghréasán (72 %). Sannadh formhór na gcistí d’iarnróid TEN-T (lena n‑áirítear ERTMS) (42 %) chun dul i ngleic leis na bearnaí maidir le comhlíontacht.
Ó thaobh infheistíochtaí de, léirítear sa tuarascáil nach féidir freastal ar na riachtanais infheistíochta ollmhóra chun gréasán bonneagair TEN-T a chur i gcrích ach trí mheascán fónta maoinithe agus ionstraimí airgeadais. D’éirigh leis na blianta tuairiscithe 2018 agus 2019 i ndáil leis sin, de bharr cistiú méadaithe a léiriú go háirithe trí CSIE, chomh maith léiriú ar an úsáid fhorleathan a baineadh as modhanna eile cistiúcháin agus maoinithe (go háirithe iasachtaí SCE agus BEI).
Léirítear sa tuarascáil seo stádas chur chun feidhme TEN-T ó 2019 ar aghaidh. Dá bhrí sin, tá deich mbliana fós fágtha chun an croíghréasán a chur i gcrích agus 30 bliana i gcás an ghréasáin chuimsithigh. Ní gá a rá, dá bhrí sin, go bhfuiltear ag súil le tuilleadh dul chun cinn sna blianta atá le teacht, agus é á chur san áireamh freisin go léiríodh dul chun cinn seasta le linn na dtrí thréimhse tuairiscithe a bhí ann roimhe seo.
Gné thábhachtach a bhaineann leis na spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach is ea faireachán leanúnach a dhéanamh ar aibíocht phíblíne an tionscadail. Chuige sin, déanann aon Chomhordaitheoir Eorpacha dhéag a seacht ndícheall píblíne tionscadail TEN-T atá fónta, aibí agus infheicthe a áirithiú agus áirítear leis sin beagnach 4000 infheistíocht tionscadail a ndéantar faireachán rialta orthu ó thaobh a ndul chun cinn. Ag an am céanna, an Treoir maidir le cuíchóiriú a dhéanamh ar bhearta chun cur i gcrích ghréasán TEN-T a chur chun cinn, tháinig sí i bhfeidhm i mí Iúil 2021; is féidir a mheas, dá bhrí sin, go gcuirfear dlús breise leis an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an TEN-T. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tuairimí a mhalartú leis na Ballstáit in 2022, chun dea-chleachtais a shainaithint agus chun cur chun feidhme éifeachtach na Treorach a áirithiú.
Ar deireadh, agus is tábhachtaí fós, ghlac an Coimisiún togra dlí le haghaidh Rialachán athbhreithnithe TEN-T. Tugtar aghaidh sa togra ar an iliomad dúshlán agus easnamh a ndearnadh iarracht iad a léiriú sa tuarascáil atá ann faoi láthair. Go deimhin, tá sé ríthábhachtach ceanglais theicniúla an ghréasáin a fhorbairt agus a shonrú ar bhealach níos fearr chun éifeachtúlacht an ghréasáin ar an talamh a mhéadú. Anuas air sin, le ról neartaithe na gComhordaitheoirí Eorpacha agus ailíniú níos fearr ar phleanáil náisiúnta iompair agus infheistíochta le tosaíochtaí TEN-T, táthar ag súil go gcuirfear leis sin brú eile chun TEN-T a chur i gcrích in am tráth.
9.Iarscríbhinní
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Iarnróid – leictriú – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Iarnróid – Leithead Rianta (1435 mm) – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Iarnróid (línte lasta & línte measctha) – Luas na Línte – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Iarnróid – Imscaradh ERTMS (taobh an riain) – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Iarnróid (línte lasta & línte measctha) – Luas na Línte – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Iarnróid (línte lasta & línte measctha) – Luas na Línte – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Iarnróid – Leithead Lódála – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Uiscebhealaí Intíre – Aicme CEMT – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Uiscebhealaí intíre – Tarraingt incheadaithe – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Uiscebhealaí intíre – Airde faoi dhroichid incheadaithe – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Uiscebhealaí Intíre – Cur chun feidhme RIS – Stádas 2019
-Léarscáil maidir le Comhlíonadh: Bóithre – Bóithre Luais / Mótarbhealaigh – Stádas 2019