AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.12.2021
COM(2021) 810 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Plean gníomhaíochta le cur le seirbhísí iarnróid fadraoin agus le seirbhísí traenach trasteorann le haghaidh paisinéirí
1.
Acmhainneacht ghlas na n‑iarnród
Is deis í Bliain Eorpach an Iarnróid 2021 chun borradh a chur faoi iompar iarnróid na hEorpa go glan, go sábháilte agus go háisiúil do chách. Is rud glas atá in iompar iarnróid na hEorpa, agus tá 81 % de na ciliméadair traenacha a bhítear a thaisteal san Aontas Eorpach faoi chumhacht leictreachais cheana féin, rud is cúis le gan ach lagthionchar a bheith aige ar an aeráid . Bíodh sin mar atá, ní bhaintear leas iomlán as an iarnród, go háirithe mar mhodh taistil trasteorann. Meastar nach ndéanann na hiarnróid ach tuairim is 10 % den chomhiompar paisinéirí trasteorann san Eoraip.
Is díol práinne leas a bheith á bhaint as an acmhainneacht seo. Le Margadh Glas na hEorpa agus leis an Straitéis um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, tá an t‑iompar d’iarnród ag croílár na n‑iarrachtaí chun córas soghluaisteachta an Aontais a ghlasú. Sa mheasúnú eacnamaíoch comhchoiteann atá mar bhuntaca le Plean Sprioc 2030 don Aeráid agus leis an Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste, breathnaíodh ar raon bealaí féideartha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 agus chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Dírítear sa bhealach lárnach ar mheascán de phraghsáil carbóin agus de bhearta sonracha a thacaíonn le soghluaisteacht ilmhódach agus le hinfheistíochtaí in iompar atá inbhuanaithe, sábháilte agus cliste. Léirítear ann go dtiocfadh méadú faoi dhó ar thrácht iarnróid ardluais faoi 2030 agus go méadófar faoi thrí é faoi 2050 dá gcuirfí na bearta sin chun feidhme. Ina theannta sin, tá sé mar aidhm ag an Straitéis an comhthaisteal faoi bhun 500 km a leagan síos le bheith neodrach ó thaobh carbóin de laistigh den Aontas. Cuireann sé i bhfios go láidir freisin nár cheart aon duine a fhágáil ar lár: Tá sé ríthábhachtach go mbeidh an tsoghluaisteacht ar fáil agus é inacmhainne do chách, agus go mbeadh nasc níos fearr ann leis na réigiúin tuaithe agus na réigiúin iargúlta.
Léiríonn an Plean Gníomhaíochta seo chun dlús a chur le hiarnróid paisinéirí trasteorann fadraoin agus a thiomanta atá an Coimisiún na spriocanna uaillmhianacha sin a bhaint amach. Cuireann sé treochlár nithiúil ar fáil ina bhfuil gníomhaíochtaí atá le déanamh sa dá bhliain atá romhainn go príomha. Nuair a chuirfear na gníomhaíochtaí go léir chun feidhme, beidh iompar iarnróid trasteorann ina rogha taistil i bhfad níos tarraingtí do go leor de na hEorpaigh ar fud na mór-roinne.
Bunchloch de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Margadh Aonair, agus tá tionchar dearfach díreach aige ar na tomhaltóirí, ar ghnólachtaí agus ar eintitis phoiblí, agus chuaigh sé chun tairbhe do phaisinéirí iarnróid a bhfuil seirbhísí traenach níos minice agus níos nuálaí acu ar phraghsanna atá níos tarraingtí. Le creat rialála agus beartais an Aontais d’iarnród atá ann cheana, cuirtear réimse uirlisí agus deiseanna ar fáil do na Ballstáit, agus don earnáil, chun an limistéar Eorpach aonair iarnróid a chur chun feidhme, chun bacainní a bhaint, agus chun an margadh a oscailt do ghníomhaithe agus do sheirbhísí nua. Ní féidir leis an Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste na garspriocanna atá leagtha amach don mhéadú ar líon na bpaisinéirí atá ag taisteal d’iarnród ardluais a bhaint amach ach amháin trí infheistíochtaí breise ón Aontas, ó na Ballstáit, ó earnáil an iarnróid agus ó infheisteoirí príobháideacha. Is féidir feabhas a chur ar an tseirbhís ach gné Eorpach den líonra iarnróid, pleanáil an toillte, agus ticéid le haghaidh seirbhísí traenach a éascú agus a dhíol ar phraghas tarraingteach, lena n‑áirítear ina chuid de thuras ilmhódach compordach. Tá an tsaoirse ghluaiseachta thar theorainneacha ar cheann de na nithe is mó a baineadh amach le lánpháirtiú na hEorpa, agus ní mór a áirithiú agus sinn ag dul i ngleic leis an ngéarghá atá leis an iompar a dhéanamh níos inbhuanaithe.
2.
An móiminteam a thapú don iarnród
Go leor athruithe a bhfuil gá leo chun feabhas a chur ar fhad‑achair agus ar sheirbhísí trasteorann iarnróid san Aontas, is athruithe iad atá faoi lán seoil feasta, agus anois is miste dlús a chur leis na hiarrachtaí sin. Idir 2001 agus 2016, chruthaigh ceithre phacáiste rialála d’iompar iarnróid creat dlí cumasúcháin ar leibhéal an Aontais do na hiarnróid tríd an méid seo a leanas: Margaí iarnróid a oscailt de réir a chéile don iomaíocht, leis an idir-inoibritheacht na gcóras náisiúnta iarnróid a chur chun cinn, agus na dálaí a chur ar fáil chun limistéar Eorpach aonair iarnróid a fhorbairt, ina bhfuil sé d’aidhm ag an iomaíocht agus ag comhchuibhiú na rialacha an tairiscint sa mhargadh do phaisinéirí a mhéadú agus a fheabhsú. Dá bhrí sin, spreagtar inacmhainneacht ticéad iarnróid do phaisinéirí trí optamú agus digitiú na n‑oibríochtaí, agus tríd an iomaíocht ar an margadh lena n‑áirithítear tairiscint a bheidh oiriúnaithe níos fearr do riachtanais an chustaiméara, cáilíocht seirbhíse níos airde agus iomaíocht na bpraghsanna. Bhí oscailt an mhargaidh le haghaidh seirbhísí trasteorann in 2010 agus seirbhísí intíre in 2020 ina bpríomh‑gharspriocanna sa phróiseas sin.
Ag gabháil leis sin bhí tacaíocht infheistíochta an‑suntasach leanúnach arna soláthar ag an Aontas chun an líonra tras‑Eorpach iompair iarnróid (TEN-T) a fhorbairt agus chun taighde agus nuálaíocht a dhéanamh. Sa tréimhse 2014-2020, rinne an Coimisiún níos mó ná EUR 900 milliún a chomhinfheistiú leis an earnáil phríobháideach trí Chomhghnóthas Shift2Rail, rud a thacaigh le níos mó ná 100 tionscadal lena bhforbraítear réitigh nuálacha cheannródaíocha chun córais iarnróid don todhchaí a chruthú do na paisinéirí. Sa tréimhse chéanna, thacaigh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) le breis agus 400 tionscadal iarnróid a fuair ranníocaíocht luach tuairim is EUR 16.5 billiún. Bhain na tionscadail sin le naisc mhóra trasteorann, línte nua paisinéirí agus lasta, uasghrádú agus leictriú an líonra agus a dhigitiú leis an gCóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS).
|
Figiúirí tábhachtacha i ndáil leis na hiarnróid trasteorann idirnáisiúnta san Aontas
Idir 2001 agus 2018, d’ardaigh líon na gciliméadar paisinéirí iarnróid san AE-27 ó 339.9 billiún go 407.2 billiún. Tháinig méadú suntasach ar an sciar d’iarnród ardluais sa líon sin ó 19.2 % go 31 %, beagnach dúbailt ó 65 billiún go 126 billiún ciliméadar paisinéirí.
Mhéadaigh sciar módach na n‑iarnród, é tomhaiste ina chiliméadair paisinéirí, beagán ó 6.7 % go 6.9 %. Thit scaireanna módacha na ngluaisteán paisinéirí, 2 roth cumhachtaithe agus cóiste, agus tháinig ardú ar an sciar módach atá iontu ó 6.1 % go 9.6 % san aerthrácht.
Cé gur tháinig méadú idir 2007 agus 2018 ar chiliméadar paisinéirí trasteorann ó 20 go 28 billiún ciliméadar paisinéirí (+ 40 %), níl ansin ach tuairim is cothrom 7 % de na ciliméadar paisinéirí iarnróid uile.
Is beag athrú a tháinig ar líon na seirbhísí iarnróid trasteorann fadraoin san Eoraip ó 2001, le tuairim is 4,500 péire traenacha in aghaidh na seachtaine. Sa tréimhse sin, tháinig laghdú 65 % ar líon na seirbhísí traenach oíche agus tháinig méadú 95 % ar líon na seirbhísí ardluais. Chomh maith leis sin, tháinig laghdú ar líon na mbealaí a bhfreastalaítear orthu, agus béim ar sheirbhísí níos minice ar na croíbhealaí.
|
In 2020 agus in 2021, bhí an earnáil iarnróid buailte go dona ag paindéim COVID-19. Tháinig laghdú 75 % ar chiliméadair paisinéirí iarnróid san Aontas sa dara ráithe de 2020 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019, agus bhisigh sé beagán sna ráithí ina dhiaidh sin (-38 % agus -56 % i gcás ráithe 3 agus ráithe 4 faoi seach). Níor chuidigh bearta náisiúnta tacaíochta ach go páirteach le haghaidh a thabhairt ar thionchar diúltach na géarchéime. Na gnóthais iarnróid atá ag oibriú ar bhonn tráchtála, gan fhóirdheontais, a sholáthraíonn seirbhísí ‘rochtain oscailte’, mar a thugtar orthu, ba gnóthais thar a bheith leochaileach iad.
Sa chomhthéacs sin, cuireann an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht (RRF) deis ar fáil gan fasach chun athbheochan a dhéanamh ar iarnróid agus ar infheistíochtaí nua iarnróid, agus táthar ag súil le beagnach 50 billiún euro de mhaoiniú breise le haghaidh na n‑iarnród.
Tá an gá agus an móiminteam ann araon chun gníomhaíocht níos láidre a dhéanamh i dtaca le hiompar na bpaisinéirí ar na hiarnróid. Léirigh na Ballstáit a dtiomantas, inter alia tríd an Ardán maidir le hIarnród Idirnáisiúnta Paisinéirí agus tríd an gcoincheap Trans‑Europe Express 2.0 a chur i láthair. I mí an Mheithimh 2021, mhol an Chomhairle go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar iompar na bpaisinéirí iarnróid san Eoraip. Deimhnítear san Eorabharaiméadar is déanaímaidir le taisteal laethúil agus ciantaisteal, go bhfuil muintir na hEorpa réidh le hathrú go modh níos inbhuanaithe le haghaidh na n‑achar fada ar an gcoinníoll go dtabharfaidh sé iad go gceann scríbe (37 %) nó ar phraghas den chineál céanna (36 %) i gcomparáid lena ngnáthmhodh iompair. Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir le Margadh Glas na hEorpa, tá béim ar an méid ‘...gur réamhriachtanas é an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid don aistriú módach...’ agus béim ar an ngá atá le ‘rochtain chomhionann ar fud an Aontais ar iompar poiblí iarnróid a chumasú agus iompar paisinéirí d’iarnród a dhéanamh níos tarraingtí’. Tar éis an togra ón gCoimisiún, fógraíodh gurb í 2021 Bliain Eorpach na nIarnród, agus tá súil le hathruithe dá réir a chaithfear a thabhairt i gcrích.
3.
Gníomhaíochtaí chun forbairt a chur ar na turais fadraoin agus ar iompar paisinéirí trasna na teorann ar na hiarnróid.
Tá margadh na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí oscailte do sheirbhísí trasteorann ó 2010 i leith agus do sheirbhísí intíre ó mhí na Nollag 2020 i leith. Is féidir le hoibreoirí rochtana oscailte a gcuid seirbhísí a thairiscint gan bhac, ar choinníoll nach gcuireann siad inmharthanacht na seirbhísí poiblí atá ann cheana i mbaol. De bharr na taithí atá ann, agus de réir fógraí a rinne gnóthais iarnróid le déanaí, is fios gur minic is féidir seirbhísí fadraoin agus ardluais a oibriú ar bhrabús mar sheirbhísí rochtana oscailte, seirbhísí traenach oíche ina measc. Mar thoradh ar iomaíocht a thabhairt isteach ar línte ardluais san Iodáil agus sa Spáinn, agus ar ghnáthbhealaí sa tSeicia, sa tSlóvaic agus sa tSualainn, tá tairiscint níos tarraingtí ann, go minic ar phraghsanna níos ísle le méadú ar líon na bpaisinéirí.
Maidir le naisc nó líonraí nach bhfuil an margadh in ann a thairiscint, ná toilteanach iad a thairiscint, naisc nó líonraí a meastar iad a bheith riachtanach don nascacht, nó inmhianaithe ar bhealach eile don tsochaí, féadfaidh na húdaráis inniúla oibleagáid seirbhíse poiblí (PSO) a úsáid agus conarthaí seirbhíse poiblí (PSC) a bhronnadh ar oibreoirí iarnróid i gcomhréir le Rialachán (AE) 1370/2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair d’iarnród agus de bhóthar (‘an Rialachán maidir le PSOanna Talún’)
. Ní féidir PSOanna a fhorchur ach amháin nuair nach gcuireann oibreoirí rochtana oscailte na seirbhísí ar fáil ar an leibhéal agus ar an gcáilíocht a mheasann na húdaráis inniúla a bheith riachtanach.
Cibé acu a chuirtear seirbhísí ar fáil i rochtain oscailte nó faoi PSO, tá bacainní teicniúla, oibríochtúla agus dlíthiúla fós ag teacht salach ar fhorbairt agus ar iontráil na hearnála iarnróid sa mhargadh. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún staidéar agus shainaithin na gníomhaíochtaí seo a leanas chun deireadh a chur le bacainní ar tuilleadh forbartha a dhéanamh ar sheirbhísí iarnróid trasteorann agus turais fadraoin do phaisinéirí.
3.1. Acquis iarnróid an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, agus dlús a chur leis an hidir-inoibritheacht
Is ríthábhachtach creat rialála an Aontais atá ann cheana a chur chun feidhme go hiomlán agus go ceart chun comhchuibhiú rialacha agus oscailt an mhargaidh a bhaint amach. I gcomhar leis na Ballstáit, leanfaidh an Coimisiún ag obair ar an acquis iarnróid a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i gceart agus ina iomláine, lena n‑áirítear deireadh a chur le haon rialacha náisiúnta atá iomarcach. Cuireann bacainní teicniúla agus oibríochtúla a eascraíonn as úsáid córas éagsúil bac ar thrácht trasteorann agus méadaíonn siad costais, agus sa chomhthéacs sin, is ríthábhachtach an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERMTS) a chur chun sochair do na paisinéirí.
Ní mór dlús a chur le himlonnú ERTMS agus le hasbhaint ghaolmhar na gcóras comharthaíochta leagáide (Aicme B). Dá bhrí sin, beidh feidhmíocht an líonra níos airde agus toilleadh méadaithe ar phraghas níos ísle ná bonneagar nua a thógáil, agus beidh laghdú suntasach ar na costais chothabhála atá ar na bainisteoirí bonneagair. Maidir leis an úsáid a bhaintear as córais amhail ERTMS ag a bhfuil blocchóras iomchuí, is rud é a aithnítear i gcoitinne, rud is fios de bharr taithí, gur féidir méadú suas le 40 % a chur ar an mbonneagar atá ann faoi láthair. Tá bac fós ar ghlacadh tráthúil agus cuimsitheach mar gheall ar mhíbhuntáiste an chéad bheartaí, go háirithe i gcás oibreoirí iarnróid ag iarfheistiú sula gcuirtear an teicneolaíocht nua i bhfeidhm go hiomlán le gach tairbhe a bhaint as.
I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Rialachán TEN-T, molann an Coimisiún feidhmiú céimneach ERTMS (raidi-bhunaithe) a thabhairt anall ó 2050 go 2040 i gcás an líonra cuimsithigh agus an ‘chroílíonra leathnaithe’ a tugadh isteach le déanaí. Cuidíonn Comhordaitheoir tiomnaithe TEN-T le ERMTS leis an gCoimisiún i ndéanamh na n‑iarrachtaí sin. Áireofar sna hathbhreithnithe ar na Sonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht (TSIanna) atá beartaithe do 2022 próisis fheabhsaithe chun teicneolaíochtaí nua a chur chun feidhme, agus réiteofar an bealach don oibríochta traenach uathoibrithe, don chumarsáid iarnróid 5G, agus do na seirbhísí satailíte ar an líonra a d’fhéadfaí a thabhairt i gceist. Tá cláir thaighde an Aontais ag tacú le córais idir-inoibritheacha nua. Le Colún na gCóras a tugadh isteach i gComhghnóthas Iarnróid na hEorpa, cuirfear an sásra ar fáil chun dul i dtreo creata nuála comhchuibhithe, ag cur leis an méid a baineadh amach leis an gComhghnóthas roimhe seo, Shift‑go-Rail.
|
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
-
dlús leis an obair chun cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm ceart na gceithre phacáiste iarnróid a áirithiú;
-
dlús leis an obair le deireadh a chur le rialacha náisiúnta oibríochta agus bonneagair agus pleananna imlonnaithe a fhorbairt a thuilleadh chun Sonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht a chur chun feidhme d’fhonn a áirithiú go mbeidh siad comhleanúnach thar na teorainneacha;
-
a mholadh go gcuirfear dlús le feidhmiú céimneach ERTMS san athbhreithniú ar Rialachán TEN-T (ó 2050 go 2040 i gcás an líonra chuimsithigh, faoi 2030 i gcás an chroílíonra);
-
athbhreithniú ar na Sonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht a mholadh in 2022;
-
leanúint dá -iarrachtaí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
-
comhlíonadh cuimsitheach agus iomlán sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe an Aontais agus modhanna comhchoiteanna sábháilteachta a áirithiú, lena n‑áirítear trí chur chuige docht a ghlacadh i leith maoluithe agus eisceachtaí;
-
giorrú an ama a theastaíonn le príomhtheicneolaíochtaí/feidhmchláir nua a chur ar an margadh agus cur chun feidhme comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais a bhaint amach i ndáil leis na ceanglais agus na caighdeáin nua, trí thacaíocht dhlíthiúil, theicniúil agus airgeadais;
-
a áirithiú go gcumhdófar caighdeánú iomchuí ar gach comhéadan córas iarnróid le TSIeanna;
-
leanúint den tacaíocht do bhonneagar a fheistiú le ERTMS agus béim ar leith á leagan ar na bearnaí atá ann cheana a dhúnadh, amhail codanna trasteorann, nóid agus naisc chríochfort;
-
leas a bhaint as obair Chomhghnóthas Iarnróid na hEorpa, agus cur in úsáid nuálaíochta níos tapa agus níos comhordaithe a chur chun cinn trí cholún na gcóras;
- plé a dhéanamh ar fhéidearthacht seo eisiamh mhaoiniú poiblí ERTMS ó oibleagáid an fhógartha faoi rialacha státchabhrach, rud a dtarlódh dó luas a chur i gcur in úsáid ERTMS.
Ba cheart don ERA (‘Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh’):
-
tacú leis an gCoimisiún le comhairle thráthúil agus tograí teicniúla a chur ar fáil agus go háirithe na moltaí le haghaidh athbhreithniú TSI;
-leanúint den obair leis na Ballstáit maidir le deireadh a chur le rialacha náisiúnta teicniúla, sábháilteachta agus oibríochta a comhchuibhíodh ar leibhéal an Aontais, sin agus bailchríoch a chur ar an obair sin;
-
tacú le Comhghnóthas Iarnróid na hEorpa i gcolún na gcóras.
|
3.2. Bonneagar neartaithe le haghaidh iarnród paisinéirí
Leis an líonra tras‑Eorpach iompair faoi mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 é, bunaíodh croílíonra a bheidh le cur i gcrích faoi 2030 mar aon le líonra cuimsitheach le cur i gcrích faoi 2050. Le beartas TEN-T, táthar ag díriú níos mó ar naisc trasteorann, trí na naisc is tábhachtaí sna conairí a eagrú d’fhonn pleanáil chomhordaithe agus cur chun feidhme comhordaithe a áirithiú. D’áirithigh sé freisin bonn láidir faoi chomhar níos dlúithe maidir le pleanáil agus forbairt bonneagair leis na tríú tíortha comharsanachta. Is rud riachtanach na bealaí tábhachtacha le tríú tíortha chun an líonra Eorpach iarnróid a chur i gcrích, agus rannchuidíonn ballraíocht an Aontais in OTIF lena áirithiú go bhféadfaidh feidhm a bheith ag ceanglais theicniúla Eorpacha lasmuigh de líonra iarnróid an Aontais.
Leis an Treoir maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh leis an líonra tras‑Eorpach iompair a chur i gcrích, Treoir a glacadh an 7 Iúil 2021, áiritheofar nósanna imeachta níos tapúla le deonú na dtionscadal a cheadú. Sa tréimhse 2021-2027, leanfaidh an bonneagar iarnróid mar phríomhthairbhí na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, agus bainfidh sé tairbhe fós as tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chomh maith.
An togra le haghaidh na dtreoirlínte athbhreithnithe do líonra TEN-T, is mór an feabhas a chuireann sé ar líonra iarnróid trasteorann na bpaisinéirí. Tá léarscáil sa togra de línte tábhachtacha iarnróid ardluais le haghaidh paisinéirí, línte nach mór a thabhairt chun críche faoi 2030, agus tá roinnt línte eile ann atá mar chuid de na naisc is tábhachtaí ó thaobh straitéise de de líonra TEN-T atá le cur ann faoi 2040. Is línte iad sin atá ar fud mhór-roinn na hEorpa ina hiomláine. Thairis sin, socraíonn an Rialachán atá beartaithe íosluas caighdeánach 160 km/h do línte paisinéirí iarnróid nó do chroílíonra TEN-T agus don chroílíonra leathnaithe nuachruthaithe, agus neartaítear naisc idir nóid thábhachtacha ar fud na hEorpa, rud atá le baint amach faoi 2030 i gcás an chroílíonra agus faoi 2040 i gcás an chroílíonra leathnaithe. Ós rud é gurb é an turas ó dhoras go doras is suim leis na paisinéirí, molann an Coimisiún go mbeadh gach aerfort mór san Aontas, chomh maith le moil paisinéirí ilmhódacha i gcathracha móra na hEorpa, nasctha le seirbhísí traenach.
|
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir leis an líonra tras‑Eorpach iompair (TEN-T), rud a chuirfidh feabhas ar an líonra iarnróid do phaisinéirí agus a áiritheoidh a chomhtháthú ar bhealach níos fearr laistigh den chóras ilmhódach iompair. Áiritheofar an méid seo a leanas leis an Rialachán athbhreithnithe atá beartaithe:
-
bonneagar nua ar ardcháilíocht d’iarnród paisinéirí;
-
caighdeáin níos uaillmhianaí agus spriocdhátaí cur chun feidhme níos uaillmhianaí;
-
íosluas líne 160 km/h i gcás an chroílíonra agus i gcás an chroílíonra a bhfuil síneadh leis;
-
béim láidir a leagan ar an gcroílíonra a chur ann faoi 2030, agus ar naisc iarnróid ardluais sa chroílíonra leathnaithe a bhfuil sé beartaithe é a chur i gcrích faoi 2040;
-
béim ar leith ar nascacht an chéad mhíle/an mhíle dheiridh trí mhoil ilmhódacha paisinéirí i gcathracha uile an Aontais Eorpaigh a bhfuil os cionn 100,000 áitritheoir iontu atá nasctha le líonra TEN-T;
-
nascacht iarnróid aeir a neartú d’aerfoirt uile an Aontais agus d’aerfoirt uile an Aontais a mbíonn os cionn 4 mhilliún paisinéir in aghaidh na bliana iontu.
|
3.3. Infhaighteacht an rothstoic a bheith leordhóthanach
Chun seirbhísí nua iarnróid a bhunú, tá gá le hinfheistíochtaí móra sa rothstoc, ó ghnóthais iarnróid, ó chuideachtaí léasaithe rothstoic nó ó údaráis inniúla i gcás ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil faoi PSO.
Cé gur féidir an chuid is mó de na seirbhísí fadraoin trasteorann a oibriú ar bhonn tráchtála, ní mór tús a chur le hinfhaighteacht rothstoic le haghaidh na seirbhísí sin. Tacaíocht phoiblí do chomhthiomsuithe rothstoic trasteorann fadraoin a chruthú, nó tacaíocht do mhaolú rioscaí tráchtála i gcás cuideachtaí léasaithe nuair atá rothstoc trasteorann fadraoin á fháil agus á chur ar léas, is tacaíocht é sin a d’fhéadfadh borradh inmhianaithe a ghiniúint. Chun cothrom na hiomaíochta a chaomhnú, ba cheart tacaíocht phoiblí den sórt sin a thabhairt faoi choinníollacha creata atá soiléir agus neamh‑idirdhealaitheach. Ar an gcaoi chéanna, faoi na Treoirlínte Iarnróid atá ann faoi láthair, is féidir státchabhair a chur ar fáil chun rothstoc a mhaoiniú má chuireann an tacaíocht sin le cuspóir leasa choitinn, agus cothrom na hiomaíochta á áirithiú ag an am céanna i measc gnóthas iarnróid agus i measc cuideachtaí léasaithe rothstoic. Rachaidh an t‑athbhreithniú atá á dhéanamh faoi láthair ar na Treoirlínte Iarnróid i ngleic freisin leis na srianta sainaitheanta ar rochtain ar an rothstoc. Faoi choinníollacha áirithe, is féidir rothstoc a mhaoiniú freisin faoi Chistí an Aontais don Bheartas Comhtháthaithe.
Chun infhaighteacht an rothstoic a mhéadú, tá Ardán na hInfheistíochta Iarnróid Glasa á sheoladh ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) chun cabhrú le hinfheistíochtaí ó eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon i dtionscadail iarnróid trí tháirgí BEI atá ann cheana agus trí ionstraimí airgeadais a chuirfidh an Coimisiún ar fáil. Is é is cuspóir don ardán tacú le hinfheistíochtaí inbhuanaithe iarnróid sa bhonneagar, sa rothstoc agus i réimse an digitithe. B’fhéidir tionscadail roghnaithe i réimse ceannach rothstoic le haghaidh oibríochtaí paisinéirí tráchtála trasteorann nó fadraoin nó seirbhísí lasta ardluais trasteorann a bheith incháilithe chun leas a bhaint as InvestEU. Le cúig bliana anuas, thacaigh BEI le hinfheistíocht sna hiarnróid san Aontas le luach beagnach EUR 17 billiún d’iasachtaí, agus de sin tá os cionn EUR 8.7 billiún de le haghaidh an rothstoic, lena n‑áirítear tionscadail le haghaidh iarfheistiú agus uasghrádú le ERTMS, agus táthar ag súil le leibhéil iasachtaithe den chineál céanna go ceann cúig bliana eile. Ina theannta sin, is féidir le clár InvestEU maoiniú príobháideach a chur ar fáil agus a mhealladh, lena n‑áirítear bannaí glasa a chur chun cinn, mar aon le comhairle chun tacú le digitiú agus le himscaradh cuideachtaí nuálacha iarnróid, bonneagar inbhuanaithe mar aon le rothstoc. Is féidir le huirlisí amhail tacsanomaíocht an Aontais i gcomhair gníomhaíochtaí inbhuanaithe gníomhú mar threoir chun infheistíochtaí a mheaitseáil le spriocanna aeráide agus comhshaoil an Aontais.
Is éard a d’aithin an Chomhairle an 3 Meitheamh 2021 de bharr a chuid conclúidí ‘go bhfuil gá le hinfheistíocht mhór san earnáil rothstoic fadraoin idirnáisiúnta’ agus ‘go bhfuil infheistíocht ón earnáil phríobháideach ag teastáil go práinneach freisin’ agus mheabhraigh sé ‘do na Ballstáit go bhfuil comhaontuithe agus conarthaí idirnáisiúnta ann leis an infheistíocht phríobháideach a éascú, Prótacal Iarnróid Lucsamburg i gCoinbhinsiún Cape Town [ar Leasanna Idirnáisiúnta i dTrealamh Soghluaiste], cuir i gcás. De bhrí na n‑inniúlachtaí atá ag an Aontas, is Prótacal é atá daingnithe aige féin agus ag roinnt Ballstát cheana. Ar theacht i bhfeidhm don Phrótacal, fágfaidh sé gur fusa agus gur saoire don earnáil phríobháideach rothstoc iarnróid a mhaoiniú. Cuirfidh an Coimisiún an cur chun feidhme chun cinn ar fud an Aontais gan mhoill.
Nuair atá ceanglais idir-inoibritheachta rothstoic agus bonneagair á gcur chun feidhme de réir a chéile, beidh innill féinghluaiste, traenacha agus cóistí paisinéirí in ann teorainneacha a thrasnú gan bhac agus rith ar iliomad líonra (nó ar gach líonra) san Aontas. Fágfaidh rothstoc ‘gach uile áit’ den sórt sin gur fusa seirbhísí trasteorann a bhunú agus a oibriú agus gur lú go mór an riosca luacha iarmharaigh d’infheisteoirí nó d’iasachtóirí. Beidh sé ina thosaíocht ag an gCoimisiún riachtanais a fhorbairt, faoi 2022, chun borradh a chur faoin rothstoc ‘gach uile áit’.
|
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
-
i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, tionscadail phíolóta incháilithe a lorg go gníomhach chun rothstoc a fháil faoin Ardán Eorpach Infheistíochta Iarnróid/InvestEU;
-
sonraíochtaí rothstoc paisinéirí ‘gach uile áit’ a ullmhú, i gcomhar leis an ERA (meastar go mbeidh TSI insoláthartha sa bhliain 2022);
-
na rialacha maidir le státchabhair a bhaineann le cistiú poiblí rothstoc idir-inoibritheach do sheirbhísí trasteorann a shoiléiriú faoi 2023 sna Treoirlínte Iarnróid athbhreithnithe. Tabharfar aghaidh ar an tsaincheist maidir leis an rothstoc atá ann cheana a dhiúscairt sa chomhthéacs sin;
-
leanúint de thacaíocht d’fheistiú agus d’iarfheistiú feithiclí iarnróid le ERTMS;
-
daingniú Phrótacal Iarnróid Lucsamburg a ghabhann le Coinbhinsiún Cape Town a chur chun cinn agus tacú lena chur chun feidhme laistigh den Aontas.
Tá sé beartaithe ag BEI an méid seo a leanas a dhéanamh:
-
seoladh Ardán Infheistíochta na nIarnród Glas, chun rothstoc a mhaoiniú i measc nithe eile.
|
3.4. Oiliúint agus deimhniú a thabhairt do thiománaithe traenach agus d’fhoireann iarnróid i gcomhréir leis na riachtanais a bheidh ann san am atá romhainn
Chun seirbhísí iarnróid a oibriú ar bhealach éifeachtúil, sábháilte agus slán, is gá tiománaithe traenach agus foireann eile iarnróid a bheith ar fáil ar féidir leo oibriú go leanúnach thar theorainneacha agus thar bhacainní oibríochtúla agus teanga. Tá gá le méadú ar oibríochtaí trasteorann chun bealaí a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn amhail an urraim d’amanna tiomána agus scíthe. Tiománaithe traenach an lae inniu a bheith deimhnithe i ndáil le gach inneall féinghluaiste agus traein a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh siad á n‑oibriú, agus do gach bealach ar a mbeidh siad ag rith. Bhí comhchuibhiú agus aithint oiliúna agus deimhniúcháin ina sprioc bheartaithe, ach níor baineadh amach go sásúil é faoi chreat reatha an Aontais. Ina theannta sin, na ceanglais ar fhoirne traenach i seirbhísí iarnróid trasteorann chun a chur in iúl i dteanga gach Ballstáit go bhfuil siad ag trasnú, go bhfuil siad ag cur lena gcastacht agus go bhfuil siad in ann teorainn a chur leis an líon pearsanra atá in ann na seirbhísí sin a oibriú.
Ag an am céanna, tá ganntanas scileanna le sárú ag an earnáil iarnróid mar gheall ar an nuálaíocht agus ar an digitiú, rud a d’fhéadfadh cur le dul ar scor do sciar mór den lucht saothair atá ann faoi láthair go ceann 10 mbliana. Leis an aistriú glas agus leis an méadú ar phróifílí nua post dá bharr sin, méadófar an gá atá le scileanna agus inniúlachtaí nua. Tacaíonn Idirphlé Sóisialta Earnála na mBóthar Iarainn leis an ngairm a dhéanamh níos tarraingtí, do dhaoine óga agus do mhná chomh maith. I gcomhthéacs an Idirphlé sin, síníodh an comhaontú maidir le ‘Mná in earnáil an iarnróid’, comhaontú a síníodh i mí na Samhna 2021. Le linn Bhliain Eorpach na hÓige, leanfaidh an Coimisiún ag tacú le gníomhaíochtaí chun daoine óga a mhealladh chuig gairmeacha in earnáil an iarnróid.
Ba cheart ról bunúsach a bheith ag printíseachtaí maidir le scileanna agus eolas a thabhairt do dhaoine óga a bheidh in oiriúint do na riachtanais earnála agus a áiritheoidh a gcuid infhostaitheachta. Iarrann an Coimisiún ar ghnóthais iarnróid dul isteach i ‘gComhaontas Eorpach na bPrintíseachtaí’ agus méadú a chur ar líon na bprintíseachtaí atá á dtairiscint. Is ardán oiriúnach í Bliain Eorpach na hÓige 2022 chun tacú le tionscnaimh den sórt sin agus chun iad a neartú. Is féidir leis an tionscadal STAFFER atá á mhaoiniú ag Erasmus+ tacú le straitéis fhoriomlán scileanna le haghaidh earnáil na n‑iarnród, gníomhaíochtaí nithiúla a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais scileanna gearrthéarmacha agus meántéarmacha, agus ar an gcaoi sin is bonn é chun comhpháirtíocht scileanna ar mhórscála a fhorbairt faoin ‘gComhshocrú do Scileanna’.
Ag tógáil ar chur chun feidhme rathúil Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Iarnróid, beidh an Coimisiún i dteagmháil leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí go fóill chun na leibhéil is airde cosanta a choinneáil d’úsáideoirí iarnróid, d’oibrithe agus don bhonneagar.
|
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
-
creat rialála athbhreithnithe do thiománaithe traenach a mholadh in 2022, lena dtabharfaí aghaidh ar easnaimh an chórais atá ann faoi láthair agus lena gcuirfí teorainn leis an oibleagáid atrialach doiciméid agus deimhnithe breise a fháil. Féadfaidh an córas teanga le haghaidh oibríochtaí traenach agus modhnuithe a léiríonn forbairtí teicneolaíochta san earnáil a bheith san áireamh i dtogra den sórt sin freisin;
-
beartais agus cláir a chur chun cinn chun uasoiliúint agus athoiliúint a chur ar an bhfoireann agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na riachtanais scileanna a bheidh ann, mar shampla trí thacaíocht a thabhairt do gheallsealbhóirí leasmhara d’fhonn comhpháirtíocht scileanna ar mhórscála a bhunú san earnáil iarnróid faoin gComhshocrú do Scileanna, ag tógáil ar threoirphlean scileanna STAFFER in earnáil na n‑iarnród.
- Bliain na hÓige 2022 a úsáid chun tarraingteacht na hearnála iarnróid do dhaoine óga cumasacha a thabhairt chun suntais.
|
3.5. Úsáid níos éifeachtúla a bhaint as na líonraí
Ionas gur féidir seirbhísí paisinéirí a thairiscint go minic agus go tapa ar fud an Aontais, ní mór don earnáil iarnróid na hamchláir agus an toilleadh a phleanáil agus gnéithe trasteorann agus an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a chur san áireamh ar bhealach níb fhearr. I gcás na ngnóthas iarnróid a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí trasteorann fadraoin a thabhairt isteach, d’fhéadfadh go mbeadh sé casta, costasach agus an‑dolúbtha, go háirithe d’iontrálaithe nua, conairí traenacha trasteorann tarraingteacha a fháil. Tá sciar méadaitheach de chodanna agus de nóid an líonra iarnróid san Aontas in úsáid go láidir cheana féin, lena bhforchuirtear srianta ar leathnú breise seirbhísí iarnróid agus dá bharr sin is gá tosaíocht a thabhairt do chineálacha éagsúla seirbhísí do phaisinéirí agus do sheirbhísí lastais. Sa chomhthéacs sin, is minic míbhuntáiste ar sheirbhísí trasteorann vis‑à-vis seirbhísí intíre san iomaíocht atá ann don toilleadh atá gann. Téann tionchar aige seo thraenacha oíche freisin agus iad ag dul isteach i stáisiúin mhóra le linn bhuaicthrácht na maidine.
Tá gá le córas níos éifeachtúla agus níos inoiriúnaithe chun an bainistiú optamach a dhéanamh ar an toilleadh ina gcuirfear san áireamh na gnéithe ábhartha uile, don trácht paisinéirí agus don lasta araon. Le reachtaíocht reatha an Aontais, forchuirtear nós imeachta leithdháilte acmhainne bliantúil, nós a forbraíodh le linn tréimhse ina raibh níos mó den toilleadh rianta iomarcach ann. Leis an nós imeachta seo, nós lena ngabhann amlíne sheasmhach le gach cineál seirbhíse iarnróid, ní féidir freastal ar na tréimhsí pleanála is faide i gcomhair seirbhísí paisinéirí fadraoin (trasteorann) ná ar na n‑iarrataí ar an toilleadh gearrthéarmach, lena n‑áirítear na seirbhísí iompair lasta d’iarnród. Ina theannta sin, fágann sé go bhfuil sé deacair d’iontrálaithe nua cosáin traenach oiriúnacha a fháil chun éileamh an mhargaidh a shásamh.
A bhuíochas don chlár comhtháite um Athdhearadh na gClár Ama agus an Toillte (TTR) féadfaidh oibreoirí iarnróid tús áite a thabhairt do na naisc thrasteorann líofa sula gcuireann siad a gcuid pleanála i gcrích i bpáirt le seirbhísí náisiúnta agus réigiúnacha. D’fhéadfadh an t‑athrú bunúsach seo seirbhísí trasteorann paisinéirí san Aontas a dhéanamh níos tapúla, níos líonmhaire, agus níos tarraingtí dá réir sin. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú in 2022 ar an ngá atá le rialúchán, agus molfaidh sé gníomh rialála más gá chun TTR agus dea-chleachtais eile a ionchorprú i ndlí an Aontais. Molfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán maidir le conairí lasta iarnróid, agus tapóidh sé an deis sin chun leithdháileadh comhtháite an toillte agus an bhainistithe tráchta ar an leibhéal Eorpach a áirithiú do sheirbhísí lasta iarnróid trasteorann agus do sheirbhísí trasteorann paisinéirí araon. Ar na roghanna atá ann, d’fhéadfaí eintiteas a chruthú ar leibhéal an Aontais chun tacú le bainistiú níos éifeachtúla a dhéanamh ar thoilleadh iarnróid na dtraenacha paisinéirí agus na dtraenacha lasta araon, chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtraenacha a bhíonn ar líonra an Aontais agus chun optamú a dhéanamh a chur ar fheidhmíocht na dtraenacha sin. Ba cheart do ghníomhaithe iompair sonraí oibríochtúla a mhalartú idir modhanna chun réitigh idirmhódúla saincheaptha a éascú chun cuidiú le húsáid optamach an chórais iompair ina iomláine.
|
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
-
measúnú a dhéanamh ar an ngá le gníomhaíocht rialála in 2022, más gá, chun feabhas a chur ar leithdháileadh an toillte agus ar phróisis bainistithe tráchta, lena ndírítear ar chomhordú níos fearr ar leithdháileadh an toillte laistigh den chóras iarnróid go foriomlán, lena gcumhdaítear seirbhísí paisinéirí agus lasta;
-
machnamh a dhéanamh ar eintiteas ar leibhéal an Aontais a dhéanann maoirseacht ar optamú tráchta iarnróid trasteorann agus ar shásraí comhordúcháin chun é a chomhtháthú níos fearr leis an trácht náisiúnta.
|
3.6. Praghsáil iomchuí ar rochtain ar na rianta
Cé go bhfaigheann na hiarnróid maoiniú poiblí, ní hionann sin agus leibhéal iomaíoch muirear ar úsáid an bhonneagair a mhéadódh an trácht ar na hiarnróid agus a laghdódh praghsanna na dticéad. Tá costais bonneagair sheasta iarnróid ard i gcomparáid le modhanna eile iompair agus le Treoir 2012/34/AE ceadaítear do bhainisteoirí bonneagair marcáil suas a thobhach, thar na costais dhíreacha a bhaineann le húsáid an bhonneagair, i gcás inar féidir leis an margadh iad a fhulaingt. Cuirtear an fhoráil sin i bhfeidhm go forleathan, go háirithe maidir le seirbhísí paisinéirí fadraoin agus ardluais.
San am céanna, tá na costais sheachtracha a bhaineann le hiarnróid go dtí an tsochaí an‑íseal i gcomparáid le modhanna eile iompair. Mar sin féin, ní léirítear an ghné sin ach go páirteach i gcostais iarbhír agus i gcánachas na modhanna éagsúla.
Is gné chinntitheach costais iad na muirir arda ilchineálacha ar rochtain rianta thar theorainneacha, go háirithe maidir le marcáil suas, agus d’fhéadfaidís bac a chur ar bhunú seirbhísí nua, agus is féidir leo bac a chur ar iontrálaithe nua agus ar mhealladh na hinfheistíochta príobháidí.
Is féidir leis na Ballstáit tionchar láidir a imirt ar leibhéal na marcálacha suas ar mhuirir rochtana rianta trí leibhéal an mhaoinithe a sholáthraítear do bhainisteoirí bonneagair. Má úsáidtear an cistiú sin go héifeachtúil, is lú is gá do na bainisteoirí bonneagair muirir arda a chur i bhfeidhm ar an rochtain ar na rianta. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna cúitimh a chur ar bun le haghaidh na gcostas neamhíoctha comhshaoil, tionóisce agus bonneagair a bhaineann le modhanna iomaíocha, i gcomhréir leis na Treoirlínte Iarnróid. Os a choinne sin, tá oibleagáid ar bhainisteoirí bonneagair, arna bhforchur go hindíreach orthu le Treoir 2012/34/AE, iomaíochas optamach seirbhísí iarnróid trasteorann a chomhordú agus a ráthú. De dheasca chliseadh taistil na bpaisinéirí le linn phaindéim COVID-19, ceadaítear do na Ballstáit, le Rialachán, na muirir ar rochtain na rianta iarnróid a laghdú nó a tharscaoileadh ar bhonn sealadach.
Ba cheart do na Ballstáit agus do bhainisteoirí bonneagair na forálacha sin a úsáid chun feabhas a chur ar na cleachtais muirearaithe atá ann faoi láthair agus, ar an gcaoi sin an tairiscint fhoriomlán seirbhísí agus iomaíochas iarnróid a mhéadú. Tá an plé á dhéanamh laistigh den Ardán do Bhainisteoirí Bonneagair Iarnróid san Eoraip (PRIME). Ba cheart é a bheith ina chuspóir soiléir a áirithiú nach ndéanfar marcáil suas a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás inar féidir leis an margadh iad a fhulaingt agus i gcás nach ndéanfaidh sé dochar d’iomaíochas an iarnróid.
|
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
-
treoirlínte a chur ar fáil in 2023 maidir le muirir ar rochtain na rianta a shocrú lena dtacófar agus lena spreagfar forbairt seirbhísí paisinéirí fadraoin agus trasteorann;
-
treoirthionscadal a chur chun cinn go gníomhach féachaint an bhféadfaí tacaíocht níos fearr a thabhairt do bhunú seirbhísí trasteorann dá laghdófaí na muirir ar rochtain ar na rianta ar leibhéil na gcostas díreach;
- a mheas, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar na Treoirlínte Iarnróid in 2023, an bhféadfaí maoiniú poiblí a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt faoi na rialacha maidir le Státchabhair chun na muirir rochtana rianta a laghdú.
|
3.7. Ticéadú soláimhsithe agus rochtain mhaith ar an gcóras iarnróid
Ionas go mbeidh an t‑iarnród ina rogha taistil tharraingteach do phaisinéirí eile go leor, tá gá le gníomhaíocht chinntitheach i réimse an ticéadaithe, ionas go mbeidh sé níos éasca ticéid traenach trasteorann a aimsiú agus a chur in áirithe, agus é níos tarraingtí ó thaobh praghsanna de. Cé go n‑aithníonn an earnáil é sin, léiríonn an taithí a fuarthas le scór bliain anuas go bhfuil tionscnaimh atá dírithe ar earnáil an‑mhall ar aibiú mar gheall ar leasanna dílsithe agus nach bhfuil siad toilteanach glacadh leis an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as oscailt an mhargaidh. Ní mór é a bheith chomh héasca agus chomh háisiúil agus is féidir do phaisinéirí ticéid iarnróid a chomparáid agus a cheannach agus atá sé do mhodhanna iompair eile, in aon idirbheart amháin agus ag baint úsáide as an teicneolaíocht úrscothach. Paisinéirí ar gá dóibh nascadh idir traenacha, níor cheart go mbeadh imní orthu nach sroichfidh siad ceann scríbe in am nó, ina éagmais sin, imní nach dtabharfar an cúnamh is gá dóibh chun ceann scríbe a shroicheadh. Ba cheart go mbeadh díoltóirí ticéad agus gnóthais iarnróid in ann suíocháin a thairiscint bunaithe ar chothrom na hiomaíochta, lena n‑áirítear i bhfad roimh an turas traenach iarbhír. Ba cheart go mbeadh cuideachtaí iarnróid agus díoltóirí ticéad in ann ticéid tharraingteacha a thairiscint gan bacainní míchuí margaidh nuair a bhíonn rochtain á fáil acu ar na bealaí díola ticéad atá ann cheana, ar shonraí ticéad agus ar shonraí táillí chomh maith le sonraí agus oibríochtaí i gcórais áirithinte.
Leis an tionscnamh ón gCoimisiún maidir le seirbhísí ilmhódacha soghluaisteachta digití, mar aon leis an athbhreithniú ar an TSI maidir le hIarratais Teileamaitice do Phaisinéirí (TAP TSI) agus an oibleagáid nua maidir le faisnéis fíor-ama taistil agus tráchta a sholáthar a leagtar síos sa Rialachán nua maidir le Cearta Paisinéirí Iarnróid, áiritheofar go mbeidh sonraí ar fáil go teicniúil do dhíoltóirí ticéad neamhspleácha agus faisnéis fíor-ama do na paisinéirí. Faoi mar a fhoráiltear leis an gCeathrú Pacáiste Iarnróid, beidh tuairisc ón gCoimisiún in 2022 maidir le faisnéis choiteann agus córais tréthicéadaithe a bheith ar fáil. Roimh na tionscnaimh sin, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le hearnáil na n‑iarnród agus tacóidh sé le cur chun feidhme na ngealltanas a cuireadh i láthair i Ráiteas Earnála an Mhárta 2021
, bunaithe ar phrionsabail chothroma, réasúnacha agus neamh‑idirdhealaitheacha (FRAND). Chun an taisteal traenach trasteorann a dhéanamh tarraingteach, ní mór paisinéirí a chosaint le linn an turais freisin. Leis an Rialachán nua maidir le Cearta Paisinéirí Iarnróid a glacadh i mí Aibreáin 2021, tugadh isteach den chéad uair oibleagáid tréthicéid a thairiscint ón 7 Meitheamh 2023, ach ar bhonn teoranta go leor.
Mar sin féin, cuireann an oibleagáid theoranta maidir le tréthicéid a thairiscint agus leis an easpa tairisceana atá ar an margadh cheana féin teorainn le cosaint paisinéirí, agus ar an gcaoi sin laghdaítear tarraingteacht na n‑iarnród. Paisinéirí a chuireann roinnt traenacha le chéile in aon turas amháin, ní mór iad a bheith an‑chinnte nach dtarlóidh fuireach orthu má bhíonn ceann de na traenacha déanach, is cuma ar díoladh na ticéid ina dtréthicéid nó de chonarthaí ar leith. Réiteach amháin ba ea a áirithiú, ar a laghad, go bhféadfaidh paisinéirí a bheidh ag taisteal ar thicéid chomhpháirteacha ar leith leanúint dá n‑aistear i gcás nasc a chailltear faoi choinníollacha áirithe. Dá bhrí sin, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar an tsaincheist maidir le leanúint den turas i gcás moilleanna mar chuid den tionscnamh maidir le seirbhísí soghluaisteachta digití ilmhódúla.
Is rud ríthábhachtach an inacmhainneacht lena chinntiú go mbeidh gach uile dhuine páirteach san aistriú glas agus tairbhe aige air. Faoi mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le fís fhadtéarmach do limistéir thuaithe an Aontais, tabharfaidh an Coimisiún aird iomlán ar nascacht fheabhsaithe do limistéir thuaithe agus iargúlta freisin, go háirithe trí thionscnamh suaitheanta tiomnaithe i leith soghluaisteacht ilmhódúil inbhuanaithe faoi scáth na gcleachtas is fearr do cheantair thuaithe.
Is mór is tábhachtach a áirithiú freisin go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe orthu rochtain ar sheirbhísí fadraoin agus trasteorann iarnróid do phaisinéirí ar bhonn atá comhionann le seirbhísí eile, lena n‑áirítear an ticéadú agus forbairtí digiteacha nua. Mar thagairt, ba cheart go mbeadh na ceanglais inrochtaineachta atá sa Ghníomh Eorpach Inrochtaineachta infheidhme i gcás gach seirbhís iarnróid. Is éard is tacaíocht dó sin an TSI a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe orthu, mar aon leis an Rialachán i leith Cearta Paisinéirí Iarnróid nua a glacadh i mí Aibreáin 2021.
|
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
-
Rialachán a mholadh, a bheidh le glacadh faoi dheireadh 2022, maidir le seirbhísí ilmhódacha soghluaisteachta digití chun malartú sonraí idir soláthraithe soghluaisteachta a fheabhsú agus chun tabhairt i gcrích comhaontuithe cothroma tráchtála a éascú i measc gnóthas iarnróid agus le díoltóirí ticéad tríú páirtí, lena n‑áirítear leanúint leis an turas agus cosaint i gcás nasc a chailleann paisinéirí a bheadh ag taisteal ar thicéid ar leith le chéile;
-
faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin nua maidir le Cearta Paisinéirí Iarnróid, a thúisce a bheidh sé infheidhme i mí an Mheithimh 2023.
|
3.8. Cothrom iomaíochta le modhanna eile iompair
Tá moltaí déanta ag an gCoimisiún cheana féin ionas go mbeidh an iomaíocht ar chomhchéim i measc na modhanna éagsúla. Leis an bpacáiste Fit for 55 a tíolacadh an 14 Iúil 2021, tá tacar uaillmhianach tograí curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chun dreasachtaí eacnamaíocha a ailíniú le cuspóirí aeráide, sóisialta agus comhshaoil, san am céanna aithníonn sé difríochtaí sa chomhthéacs domhanda agus iomaíochta faoina n‑oibríonn modhanna éagsúla iompair. Áirítear air sin na hathruithe atá beartaithe ar thrádáil astaíochtaí agus ar an gcreat cánachais fuinnimh.
Tá uirlisí láidre ina lámha féin ag na Ballstáit chun a áirithiú gur féidir le modhanna éagsúla iompair dul san iomaíocht ar bhonn cothrom. Mar shampla, tá scóip nach beag ag na Ballstáit le tionchar a imirt ar phraghas na n‑iarnród trí chánachas náisiúnta. Sa chaoi sin, chinn an Ghearmáin in 2020 CBL ar thicéid iarnróid fadraoin a ísliú ó 19 % go 7 %. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le ticéid idirnáisiúnta iarnróid a dhíolmhú ó CBL ar fud an Aontais chun an costas ar phaisinéirí iarnróid a laghdú go suntasach.
Is féidir cothrom na hiomaíochta idir na modhanna a éascú freisin trí theacht chun cinn tairiscintí nuálacha a cheadú lena gcomhcheanglaítear modhanna iompair. Mar shampla, tá teaglaim níos éasca de thicéid aeir agus iarnróid ina chabhair chun ról níos suntasaí a thabhairt do na hiarnróid chun eitiltí cianaistir a líonadh. Tá seantaithí ag roinnt Ballstát ag éascú d’aerlínte ticéid a dhíol ar sheirbhísí traenach agus paisinéirí a iompar chuig an aerfort mol ar an traein seachas ar an eitleán
.
I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Rialachán maidir le hAersheirbhísí, tá an Coimisiún ag déanamh measúnú ar na féidearthachtaí agus na critéir faoinar féidir le tíortha an Aontais teorainn a chur le haerthrácht ar roinnt bealaí más ann do níos mó modhanna inbhuanaithe a chuireann leibhéal coibhéiseach seirbhíse ar fáil, gan an bonn a bhaint de phrionsabail an Mhargaidh Aonair. Mar aon leis an tionscnamh maidir le seirbhísí ilmhódacha soghluaisteachta digití, d’fhéadfadh sé sin cabhrú chun roghanna a shainaithint chun borradh a chur faoi theacht chun cinn tairiscintí seirbhísí ilmhódacha lena gcomhcheanglaítear seirbhísí aeir agus iarnróid.
|
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
-
Oibriú leis an bParlaimint agus leis an gComhairle chun glacadh mear na dtograí ata sa phacáiste ‘Tit‑for-55’ a éascú, lena n‑áirítear praghsáil carbóin agus trádáil astaíochtaí in earnáil na modhanna iompair;
-
Measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le díolúine CBL ar fud an Aontais le haghaidh seirbhísí traenach idirnáisiúnta;
-
Tacú le turais ilmhódacha aer-iarnróid ar bhealaí ina bhfuil an bonneagar oiriúnach i bhfeidhm chun na seirbhísí sin a sheachadadh, agus iad a chur chun cinn, sin agus measúnú a dhéanamh ar roghanna rialála chun seirbhísí ilmhódacha den sórt sin a éascú.
|
3.9.
Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí san iompar coiteann trasteorann agus/nó ilmhódúil inbhuanaithe a chur chun cinn
Maidir le naisc nó líonraí i gcás ina bhfuil gá poiblí seanbhunaithe ann agus gan an margadh ábalta nó toilteanach (fós) seirbhísí a thairiscint a mheastar a bheith riachtanach le haghaidh na nascachta nó inmhianaithe ar bhealach eile don tsochaí, féadfaidh na húdaráis inniúla oibleagáidí seirbhíse poiblí (PSO) a fhorchur agus conarthaí seirbhíse poiblí (PSC) a bhronnadh ar oibreoirí iarnróid, rud a mbíonn cúiteamh airgeadais i gceist leo de ghnáth. Níor cheart úsáid a bhaint as PSO, áfach, chun an iomaíocht a shrianadh ná chun cosc a chur le tairiscint seirbhísí rochtana oscailte.
Déantar foráil sa Rialachán PSOanna maidir le deis a thabhairt d’údaráis inniúla comhoibriú agus PSOanna trasteorann a bhunú. Tá roinnt PSOanna forchurtha cheana féin ar sheirbhísí iarnróid trasteorann le haghaidh paisinéirí laistigh den Aontas. Mar sin féin, is minic bacainní praiticiúla agus riaracháin roimh údaráis inniúla agus na próisis a ghabhann leo nuair atá siad á gcomhordú chun PSO trasteorann a chur chun feidhme. Is seirbhísí ‘hibrideacha’ iad roinnt seirbhísí trasteorann: Seirbhísí trasteorann lena gcomhcheanglaítear céim amháin nó níos mó faoi PSOanna le céim amháin nó níos mó faoi chóras rochtana oscailte. De cheal rialacha sonracha de chuid an Aontais maidir le seirbhísí hibrideacha den sórt sin, ba cheart do na húdaráis inniúla cúram a dhéanamh den saobhadh iomaíochta agus an riosca go mbeidh tras‑fhóirdheontais ann a sheachaint.
D’fhéadfadh na Ballstáit leas a bhaint as na féidearthachtaí atá ann cheana faoi Airteagal 34 de Threoir 2012/34/AE, i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair, chun aisíoc a dhéanamh ar mhuirir rochtana chun costais sheachtracha gan íoc a bhaineann le modhanna iomaíocha a chúiteamh.
Ina theannta sin, má shocraíonn na húdaráis inniúla OSP san iompar coiteann, sin deis chun sonrú a dhéanamh ar na ceanglais inbhuanaitheachta comhshaoil. Sin rud ábhartha go háirithe san iompar ilmhódach ar an talamh i gcás ina bhfuil feithiclí agus rothstoc astaíochtaí nialasacha ann cheana féin. Ceadaíonn na rialacha reatha córas ilmhódach PSO cheana féin go pointe áirithe, i gcás ina n‑úsáideann paisinéir níos mó ná modh iompair amháin le linn a thurais agus má oibrítear gach ceann de na modhanna iompair sin faoi PSO. Bíonn éagsúlacht idir córas PSO agus rialacha an mhargaidh inmheánaigh, de réir an modh iompar atá i gceist. Faoi láthair tá trí chreat dhlíthiúla éagsúla ann le haghaidh iompar ar an talamh, ar muir agus ar an aer. Is féidir PSCanna ar leith a dhámhachtain do gach modh turais den sórt sin. Is féidir PSO ilmhódach a bhunú freisin laistigh den mhodh iompair ar an talamh (iompar iarnróid/bus/eile rianbhunaithe). Sa chás sin, chumhdófaí go hiomlán PSO talún ilmhódach den sórt sin leis an Rialachán PSO ar talún.
Chun seirbhísí trasteorann a éascú agus a chur chun cinn, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte léirmhínitheacha maidir le seirbhísí ar thalamh PSO chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis na húdaráis inniúla a chuireann PSOanna trasteorann ar bun a chomhlíonann reachtaíocht an Aontais go hiomlán.
|
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
-
treoirlínte léirmhínitheacha a fhoilsiú in 2022 maidir leis an Rialachán maidir le Talamh PSO a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear treoirlínte maidir le seirbhísí iarnróid fadraoin agus trasteorann do phaisinéirí agus chun forbairt seirbhísí iompair ar an talamh ilmhódach inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun tacú leis an bhforbairt sin.
|
3.10.
Cumhacht a thabhairt don aos óg
Tar éis Bhliain Eorpach na nIarnród 2021, beidh 2022 Bliain na hÓige ann, deis mhór chun tacú leis an gcéad ghlúin eile le modh iompair inbhuanaithe a roghnú. Trí DiscoverEU, cuireann an tAontas pasanna iarnróid taistil 30 lá saor in aisce ar fáil do 60,000 Eorpach atá idir 18 agus 20 bliana d’aois le dul ag taisteal idir Márta 2022 agus Feabhra 2023. D’fhéadfadh tuilleadh sochair a bheith ann do thart ar mhilliún mac léinn bliantúil Erasmus, daoine a d’fhéadfadh úsáid a bhaint as iarnróid chun taisteal go dtí a gceann scríbe malairte.
|
Seo a leanas an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún:
-
leasú na rialacha a bhaineann le haisíocaíocht Erasmus a thabhairt i gceist chun úsáid modhanna iompair inbhuanaithe a chur chun cinn i suíomhanna malartaithe Erasmus.
|
4.
Seirbhísí píolóta
Is le teann práinne ba cheart na gníomhaíochtaí a áirítear sa phlean gníomhaíochta sin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ó tharla an plean gníomhaíochta seo á thuar, iarrtar sa Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste ‘seirbhísí píolóta ar roinnt bealaí a bhfuil baint ag na páirtithe leasmhara go léir leo .... ’. Tacóidh an Coimisiún le geallsealbhóirí in earnáil na n‑iarnród agus le páirtithe leasmhara eile nuair a sheolfaidh siad seirbhísí píolótacha trasteorann. Ós rud é go mbeidh go leor línte tábhachtacha paisinéirí ar na Conairí Iompair TEN-T, beidh freagrachtaí tiomnaithe ar Chomhordaitheoirí TEN-T pleananna oibre a fhorbairt a thacóidh le forbairt seirbhísí iarnróid trasteorann ar na conairí sin, go háirithe trí infheistíochtaí straitéiseacha a mholadh agus trí fhaireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an tráchta iarnróid trí fheabhsuithe oibríochtúla amhail stiúradh ama comhtháite agus leithdháileadh comhtháite an toillte.
Is deis iad na seirbhísí píolótacha sin chun bearta a shainaithnítear sa phlean gníomhaíochta seo a thástáil agus a chur chun feidhme. D’fhéadfadh naisc níos tapúla ó chathair go cathair a bheith i gceist leo ach úsáid a bhaint as cineálacha cur chuige nua, orthu sin mar shampla scála ama comhtháite, tacaíocht don rothstoc, nó PSOanna le haghaidh naisc thrasteorann. D’fhéadfadh na píolótaí díriú ar na bealaí tábhachtacha a d’fhéadfadh paisinéirí a mhealladh chun seirbhísí traenach a úsáid. Ó 2022 ar aghaidh, spreagfar an earnáil iarnróid chun tograí a chur isteach le haghaidh seirbhísí píolótacha, tograí chun feabhas a chur ar na seirbhísí atá ann cheana, sin nó chun seirbhísí nua a bhunú. Tacóidh an Coimisiún leis na treoirthionscadail sin trí theagmháil a éascú idir na geallsealbhóirí ábhartha uile, trí chúnamh a chur ar fáil, agus trína áirithiú go n‑éascófar gnéithe a bhaineann le cumas iarnróid agus le bainistiú tráchta trí chúnamh teicniúil a sholáthar faoi CEF do RailNetEurope. Cabhróidh an Coimisiún le deiseanna maoinithe do phíolótaí ar leith a shainaithint freisin, mar a léirítear sa Phlean Gníomhaíochta seo. Cé go mbeidh go leor de na seirbhísí traenach inmharthana ó thaobh na tráchtála de, is féidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa cúnamh teicniúil a mhaoiniú, agus tacú le staidéir agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bhaineann le teicneolaíochtaí nua agus leis an nuálaíocht.
5.
Conclúid
Thar aon ní eile, i bhfianaise spriocanna uaillmhianacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, is mithid borradh a chur faoi sheirbhísí fadraoin agus trasteorann iarnróid le haghaidh paisinéirí. D’fhéadfaí sin a dhéanamh ach deireadh a chur leis na bacainní atá ann fós agus dlús a chur le cur chun feidhme an limistéir aonair iarnróid Eorpaigh, infheistíochtaí a mhéadú i líonra iarnróid ardluais úrscothach AE, agus gníomhaíochtaí i réimsí amhail ticéadú agus oibríochtaí iarnróid feabhsaithe chun rogha an taistil inbhuanaithe a bheith ina bhunsocrú le haghaidh paisinéirí iarnróid trasteorann. Chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa teachtaireacht seo a chur chun feidhme, beidh gá le hiarracht chomhchoiteann ó thionscal na n‑iarnród, ó eagraíochtaí paisinéirí agus tomhaltóirí, ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an chéad cheann de na gníomhaíochtaí nua sin a chur ar aghaidh in 2022, agus cuirfidh sé dlúthchomhar agus comhordú chun cinn idir na gníomhaithe ábhartha, agus déanfaidh sé faireachán gníomhach ar an dul chun cinn, ionas go mbeidh an t‑iarnród in ann a ról lárnach a imirt san aistriú i dtreo mór-roinn a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de.