5.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 301/116 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Córas Trádála Astaíochtaí agus Sásraí Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur ag obair do chathracha agus réigiúin an Aontais
(2022/C 301/14)
|
I. MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757
COM(2021) 551 final
Leasú 1
Aithris 7
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Is gá do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS), arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), chun glanlaghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach atá costéifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a mhéadú ar bhealach atá i gcomhréir leis an sprioc chun glanlaghdú a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030. |
Is gá do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS), arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), chun glanlaghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach atá costéifeachtach, éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de , freagrach ó thaobh na sochaí de agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a mhéadú ar bhealach atá i gcomhréir leis an sprioc chun glanlaghdú a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 agus leis an gcuspóir foriomlán aeráidneodrachta, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 . |
Leasú 2
Aithris 9
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Rinneadh Treoir 96/61/CE (3) ón gComhairle a aisghairm le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart na tagairtí do Threoir 96/61/CE in Airteagal 2 de Threoir 2003/87/CE agus in Iarscríbhinn IV inti a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. I bhfianaise an ghá atá le laghduithe práinneacha ar astaíochtaí ar fud an gheilleagair, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann gníomhú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa atá faoi raon feidhme EU ETS a laghdú trí bheartais eile seachas teorainneacha astaíochtaí a ghlactar de bhun Threoir 2010/75/AE. |
Rinneadh Treoir 96/61/CE (5) ón gComhairle a aisghairm le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart na tagairtí do Threoir 96/61/CE in Airteagal 2 de Threoir 2003/87/CE agus in Iarscríbhinn IV inti a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. I bhfianaise an ghá atá le laghduithe práinneacha ar astaíochtaí ar fud an gheilleagair, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann gníomhú , agus tuairimí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach á gcur san áireamh acu trí chórais rannpháirtíochta gníomhaí, mar aon le prionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus an cheartais shóisialta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa atá faoi raon feidhme EU ETS a laghdú trí bheartais eile seachas teorainneacha astaíochtaí a ghlactar de bhun Threoir 2010/75/AE. |
Cúis
Is léir an chúis atá leis seo.
Leasú 3
Aithris 13
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Faoi EU ETS, ba cheart go measfaí gurb ionann astaíochtaí agus gáis cheaptha teasa nach scaoiltear go díreach san atmaisféar agus ba cheart lamháltais a thabhairt suas le haghaidh na n-astaíochtaí sin ach amháin má stóráiltear i láithreán stórála iad i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), nó má tá siad ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na coinníollacha a measfar go bhfuil gáis cheaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan iontu i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid, lena n-áirítear, teastas aistrithe dé-ocsaíde carbóin a fháil, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise forbairtí rialaitheacha maidir le haistrithe dé-ocsaíde carbóin a dheimhniú. |
Faoi EU ETS, ba cheart go measfaí gurb ionann astaíochtaí agus gáis cheaptha teasa nach scaoiltear go díreach san atmaisféar agus ba cheart lamháltais a thabhairt suas le haghaidh na n-astaíochtaí sin ach amháin má stóráiltear iad i láithreán stórála atá sábháilte agus slán ó thaobh an chomhshaoil de, i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), nó má tá siad ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na coinníollacha a measfar go bhfuil gáis cheaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan iontu i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid, lena n-áirítear, teastas aistrithe dé-ocsaíde carbóin a fháil, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise forbairtí rialaitheacha maidir le haistrithe dé-ocsaíde carbóin a dheimhniú. |
Cúis
Gineann gléasraí cumhachta a bhreoslaítear le breoslaí iontaise céatadán níos suntasaí d’astaíochtaí CO2 ná aon tionscal eile. Trí ghabháil agus stóráil gheolaíoch carbóin (CCS) a chur i bhfeidhm maidir leis an earnáil sin, d’fhéadfaí astaíochtaí CO2 a laghdú go suntasach.
Leasú 4
Pointe nua — Aithris 14.1
Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
|
Tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach mbeidh sceitheadh carbóin mar thoradh ar iompar muirí a áireamh in EU ETS, trí thrácht árthaí a atreorú chuig calafoirt i dtríú tíortha comharsanachta nach gcumhdaítear leis an gcóras. |
Cúis
Is fíorbhaol é an sceitheadh carbóin chuig calafoirt i dtríú tíortha comharsanachta nach gcumhdaítear faoi EU ETS, ar féidir leis iarmhairt ar ionadú a bheith aige i leith calafoirt lasmuigh den Aontas, tearmainn chánach CO2 a chruthú gar don Aontas agus iomaíochas chóras calafoirt na hEorpa a chur i mbaol.
Leasú 5
Aithris 28
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, beidh gá le hacmhainní poiblí substaintiúla san Aontas chomh maith le buiséid náisiúnta a thiomnú don aistriú aeráide. Chun caiteachas substaintiúil a bhaineann leis an aeráid a chomhlánú agus a dhaingniú i mbuiséad an Aontais, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais a úsáid chun críocha a bhaineann leis an aeráid. Áirítear leis sin úsáid na tacaíochta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam trí chánacha saofa a laghdú. De bhreis air sin, chun dul i ngleic le héifeachtaí dáileacháin agus sóisialta an aistrithe i mBallstáit ar ioncam íseal, ba cheart méid breise 2,5 % den chainníocht lamháltas ar fud an Aontais ó [bliain theacht i bhfeidhm na Treorach] go dtí 2030 a úsáid chun aistriú fuinnimh na mBallstát sin arb ísle a n-olltáirgeacht intíre (OTI) per capita ná 65 % de mheán an Aontais in 2016-2018 a chistiú tríd an gCiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE. |
Chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, beidh gá le hacmhainní poiblí substaintiúla san Aontas chomh maith le buiséid náisiúnta , réigiúnacha agus áitiúla a thiomnú don aistriú aeráide. Chun caiteachas substaintiúil a bhaineann leis an aeráid a chomhlánú agus a dhaingniú i mbuiséad an Aontais, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais a úsáid chun críocha a bhaineann leis an aeráid agus a áirítear i bpleananna náisiúnta, réigiúnacha agus/nó áitiúla sa réimse sin . Áirítear leis sin úsáid na tacaíochta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam trí chánacha saofa a laghdú. De bhreis air sin, chun dul i ngleic le héifeachtaí dáileacháin agus sóisialta an aistrithe i mBallstáit ar ioncam íseal, ba cheart méid breise 2,5 % ar a laghad den chainníocht lamháltas ar fud an Aontais ó [bliain theacht i bhfeidhm na Treorach] go dtí 2030 a úsáid chun aistriú fuinnimh na mBallstát sin arb ísle a n-olltáirgeacht intíre (OTI) per capita ná 65 % de mheán an Aontais in 2016-2018 agus réigiúin NUTS 3 i mBallstáit a bhfuil míchothromaíochtaí inmheánacha soiléire acu a chistiú tríd an gCiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE. |
Cúis
Ba cheart luach OTI per capita na réigiún NUTS 2 a chur san áireamh freisin i leithdháileadh na lamháltas, ós rud é gur ró-shimpliú a bheadh ann dá ndéanfaí an OTI náisiúnta per capita a mheas i mBallstáit ina bhfuil míchothromaíochtaí suntasacha réigiúnacha.
Leasú 6
Aithris 30
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
[…] Ní mór an leithdháileadh saor in aisce nach soláthraítear d’earnálacha CBAM a thuilleadh bunaithe ar an ríomh seo (éileamh CBAM) a chur ar ceant agus fabhrófar na hioncaim chuig an gCiste don Nuálaíocht, d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, gabháil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (“CCU”), gabháil agus stóráil gheolaíoch carbóin (“CCS”), fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscadail in earnálacha CBAM. Chun cloí leis an sciar den leithdháileadh saor in aisce atá ar fáil le haghaidh earnálacha nach n-áirítear le CBAM, ba cheart an méid deiridh atá le baint ón leithdháileadh saor in aisce agus atá le cur ar ceant a ríomh bunaithe ar an sciar a léirítear le héileamh CBAM i leith riachtanais maidir le leithdháileadh saor in aisce gach earnála a fhaigheann leithdháileadh saor in aisce. |
[…] Ní mór an leithdháileadh saor in aisce nach soláthraítear d’earnálacha CBAM a thuilleadh bunaithe ar an ríomh seo (éileamh CBAM) a chur ar ceant agus fabhrófar na hioncaim chuig an gCiste don Nuálaíocht agus an Ciste Aeráide Sóisialta , d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, gabháil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (“CCU”), gabháil agus stóráil gheolaíoch carbóin (“CCS”) d’astaíochtaí dosheachanta ó phróisis táirgthe thionsclaíocha nach toradh ar dhóchán breoslaí iontaise iad chun fuinneamh a ghiniúint mar phríomhchuspóir , fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú agus srian á chur san am céanna le héifeachtaí diúltacha ar na críocha agus ar na teaghlaigh is leochailí . Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscadail in earnálacha CBAM. Chun cloí leis an sciar den leithdháileadh saor in aisce atá ar fáil le haghaidh earnálacha nach n-áirítear le CBAM, ba cheart an méid deiridh atá le baint ón leithdháileadh saor in aisce agus atá le cur ar ceant a ríomh bunaithe ar an sciar a léirítear le héileamh CBAM i leith riachtanais maidir le leithdháileadh saor in aisce gach earnála a fhaigheann leithdháileadh saor in aisce. |
Cúis
Ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis an leithdháileadh saor in aisce d’earnálacha a chumhdaítear le CBAM gan mhoill toisc go laghdaíonn an rogha maidir le leithdháileadh lamháltas saor in aisce an éifeacht a bhaineann le praghas comharthaíochta carbóin.
Leasú 7
Aithris 33
Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Ba cheart síneadh a chur le raon feidhme an Chiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin a bhaineann le breoslaí a úsáidtear in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthair. Thairis sin, ba cheart don Chiste don Nuálaíocht tacú le hinfheistíochtaí chun earnáil an mhuiriompair a dhícharbónú, lena n-áirítear infheistíochtaí a dhéanamh i mbreoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin agus amóinia a tháirgtear ó athnuaiteáin, chomh maith le teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha ar nós teicneolaíochtaí gaoithe. Toisc go leithdháiltear ioncaim a ghintear ó phionóis a ardaítear i Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime] (9) ar an gCiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtugtar aird chuí do thacaíocht le haghaidh tionscnamh nuálach atá ceaptha chun luas a chur faoi fhorbairt agus faoi chur chun feidhme breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí, mar a shonraítear in Airteagal 21(1) de Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime]. Chun a áirithiú go bhfuil cistiú leordhóthanach ar fáil le haghaidh nuálaíochta laistigh den raon feidhme sínithe seo, ba cheart an Ciste don Nuálaíocht a fhorlíonadh le 50 milliún lamháltas, a eascraíonn go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a chur ar ceant ar shlí eile, agus go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce, i gcomhréir le sciar reatha an chistithe a sholáthraítear ó gach foinse don Chiste don Nuálaíocht. |
Ba cheart síneadh a chur le raon feidhme an Chiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin a bhaineann le breoslaí a úsáidtear in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthair chomh maith le bearta arb é is aidhm dóibh laghdú a dhéanamh ar mhéideanna móra astaíochtaí GCT nach bhfuil bunaithe ar thionscadail nó nach bhfuil nuálach . Thairis sin, ba cheart don Chiste don Nuálaíocht tacú le hinfheistíochtaí chun earnáil an mhuiriompair a dhícharbónú, lena n-áirítear infheistíochtaí a dhéanamh i mbreoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin agus amóinia a tháirgtear ó athnuaiteáin, chomh maith le teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha ar nós teicneolaíochtaí gaoithe. Toisc go leithdháiltear ioncaim a ghintear ó phionóis a ardaítear i Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime] (10) ar an gCiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtugtar aird chuí do thacaíocht le haghaidh tionscnamh nuálach atá ceaptha chun luas a chur faoi fhorbairt agus faoi chur chun feidhme breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí, mar a shonraítear in Airteagal 21(1) de Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime]. Chun a áirithiú go bhfuil cistiú leordhóthanach ar fáil le haghaidh nuálaíochta agus beart laistigh den raon feidhme sínithe seo, ba cheart an Ciste don Nuálaíocht a fhorlíonadh le 50 milliún lamháltas, a eascraíonn go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a chur ar ceant ar shlí eile, agus go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce, i gcomhréir le sciar reatha an chistithe a sholáthraítear ó gach foinse don Chiste don Nuálaíocht. |
Cúis
Tá an Ciste Nuálaíochta ar cheann de na príomhfhoinsí cistithe don aeráid ach tá sé teoranta fós do theicneolaíochtaí nuálacha, cé nach í an easpa nuálaíochta an príomhbhac ar an dícharbónú. Moltar sa leasú an raon feidhme a leathnú chuig na bearta dícharbónaithe atá ann cheana.
Leasú 8
Aithris 38
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Ba cheart raon feidhme an Chiste don Nuachóiriú a ailíniú le cuspóirí aeráide is déanaí an Aontais trína éileamh go bhfuil infheistíochtaí comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Rialachán (AE) 2021/1119, agus trí dheireadh a chur leis an tacaíocht d’aon infheistíocht a bhaineann le breoslaí iontaise. Thairis sin, ba cheart an céatadán den Chiste don Nuachóiriú nach mór a dhíriú ar infheistíochtaí tosaíochta a mhéadú go dtí 80 % ; ba cheart díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh mar réimse tosaíochta ar thaobh an éilimh; agus ba cheart tacaíocht le haghaidh teaghlach chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear i gceantair tuaithe agus iargúlta, a chur san áireamh laistigh de raon feidhme na n-infheistíochtaí tosaíochta. |
Ba cheart raon feidhme an Chiste don Nuachóiriú a ailíniú le cuspóirí aeráide is déanaí an Aontais trína éileamh go bhfuil infheistíochtaí comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Rialachán (AE) 2021/1119, agus trí dheireadh a chur leis an tacaíocht d’aon infheistíocht a bhaineann le breoslaí iontaise. Thairis sin, níor cheart an Ciste don Nuachóiriú a úsáid ach amháin d’infheistíochtaí tosaíochta; ba cheart díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar úsáid foinsí inathnuaite mar réimse tosaíochta ar thaobh an éilimh; agus ba cheart tacaíocht le haghaidh críocha agus teaghlaigh leochaileacha chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar an mbochtaineacht soghluaisteachta , go háirithe iad siúd sna réigiúin is forimeallaí, i gceantair tuaithe agus iargúlta, a chur san áireamh laistigh de raon feidhme na n-infheistíochtaí tosaíochta. Ar an dóigh chéanna, ba cheart an Ciste don Nuachóiriú a oscailt do réigiúin NUTS 3 i mBallstáit ina bhfuil míchothromaíochtaí inmheánacha soiléire, chun borradh a chur faoi athbheochan agus nuachóiriú na hearnála fuinnimh. |
Leasú 9
Aithris 43
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hUaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a uaschéimniú (11), cuireadh i dtábhacht an dúshlán ar leith a bhaineann leis na hastaíochtaí a laghdú in earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh. Dá bhrí sin, d’fhógair an Coimisiún go bhféadfaí astaíochtaí ón iompar de bhóthar agus ó fhoirgnimh a chur san áireamh i bhforbairt bhreise ar thrádáil astaíochtaí. Bhunófaí trádáil astaíochtaí don dá earnáil nua sin le trádáil astaíochtaí ar leith ach fogasach. Ar an gcaoi sin, sheachnófaí aon chur isteach ar an trádáil astaíochtaí dea-fheidhmithe in earnáil na suiteálacha do-aistrithe agus earnáil na heitlíochta. Tá beartais agus bearta comhlántacha ag gabháil leis an gcóras nua, a thugann cosaint i gcoinne tionchar mhíchuí praghsanna, rud lena múnlaítear ionchais rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus arb é is aidhm dóibh comhartha faoi phraghas an charbóin a bhaint amach don gheilleagar iomlán. Léiríonn an taithí gur gá córas éifeachtach faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin a bhunú chun an margadh nua a fhorbairt. I bhfianaise sineirgí agus comhleanúnachas a áirithiú le bonneagar reatha an Aontais do EU ETS a chumhdaíonn na hastaíochtaí ó shuiteálacha do-aistrithe agus ón eitlíocht, is iomchuí trádáil astaíochtaí a bhunú le haghaidh earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh trí leasú ar Threoir 2003/87/CE. |
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hUaillmhian aeráide 2030 na hEorpa a uaschéimniú (12), cuireadh i dtábhacht an dúshlán ar leith a bhaineann leis na hastaíochtaí a laghdú in earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh. Dá bhrí sin, d’fhógair an Coimisiún go bhféadfaí astaíochtaí ón iompar de bhóthar agus ó fhoirgnimh a chur san áireamh i bhforbairt bhreise ar thrádáil astaíochtaí. Bhunófaí trádáil astaíochtaí don dá earnáil nua sin le trádáil astaíochtaí ar leith ach fogasach. Ar an gcaoi sin, sheachnófaí aon chur isteach ar an trádáil astaíochtaí dea-fheidhmithe in earnáil na suiteálacha do-aistrithe agus earnáil na heitlíochta. Ós rud é gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is mó atá freagrach as na hearnálacha sin, ba cheart iad a bheith rannpháirteach i ndearadh an chórais nua ETS. Leithdháilfear cuid d’ioncam an chórais nua trádála astaíochtaí ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, toisc gurb iad seo na leibhéil rialtais is mó a ndéantar difear dóibh. Tá beartais agus bearta comhlántacha ag gabháil leis an gcóras nua, a thugann cosaint i gcoinne tionchar mhíchuí praghsanna , go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga leochaileacha agus ar úsáideoirí leochaileacha soghluaisteachta lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta , rud lena múnlaítear ionchais rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus arb é is aidhm dóibh comhartha faoi phraghas an charbóin a bhaint amach don gheilleagar iomlán. Léiríonn an taithí gur gá córas éifeachtach faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin a bhunú chun an margadh nua a fhorbairt. I bhfianaise sineirgí agus comhleanúnachas a áirithiú le bonneagar reatha an Aontais do EU ETS a chumhdaíonn na hastaíochtaí ó shuiteálacha do-aistrithe agus ón eitlíocht, is iomchuí trádáil astaíochtaí a bhunú le haghaidh earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh trí leasú ar Threoir 2003/87/CE , i gcomhréir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” agus más gá, leis na rialacháin a dhéanann difear do na hearnálacha idirleata sin . |
Cúis
Tá impleachtaí móra ag leathnú an ETS chuig earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Tá inniúlachtaí móra ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha ó thaobh na n-earnálacha sin de agus ba cheart iad a chur san áireamh agus an córas trádála nua á cheapadh.
Leasú 10
Aithris 51
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Tá na rialacha dáileacháin maidir le sciartha ceantála thar a bheith ábhartha le haghaidh aon ioncaim ceantála a d’fhabhrófaí chuig na Ballstáit, go háirithe i bhfianaise an ghá le cumas na mBallstát a neartú le déileáil le tionchair shóisialta comhartha faoi phraghas ar charbón in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar. D’ainneoin go bhfuil saintréithe an-difriúla ag baint leis an dá earnáil, is cuí riail choiteann i gcomhair dáileacháin a shocrú atá cosúil leis an gceann a bhaineann le suiteálacha do-aistrithe. Ba cheart an phríomhchuid de na lamháltais a dháileadh i measc na mBallstát uile ar bhonn mheándháileadh na n-astaíochtaí sna hearnálacha arna gcumhdach le linn na tréimhse ó 2016 go 2018. |
Tá na rialacha dáileacháin maidir le sciartha ceantála thar a bheith ábhartha le haghaidh aon ioncaim ceantála a d’fhabhrófaí chuig na Ballstáit, go háirithe i bhfianaise an ghá le cumas na mBallstát a neartú le déileáil le tionchair shóisialta comhartha faoi phraghas ar charbón in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar. D’ainneoin go bhfuil saintréithe an-difriúla ag baint leis an dá earnáil, is cuí riail choiteann i gcomhair dáileacháin a shocrú atá cosúil leis an gceann a bhaineann le suiteálacha do-aistrithe. Ba cheart an phríomhchuid de na lamháltais a dháileadh i measc na mBallstát uile ar bhonn mheándháileadh na n-astaíochtaí sna hearnálacha arna gcumhdach le linn na tréimhse ó 2016 go 2018. Ba cheart do gach Ballstát íostairseach céatadáin a shocrú de 20 % ar a laghad d’ioncam ceantála a bheidh le bainistiú go díreach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Ba cheart an t-ioncam atá á bhainistiú ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a úsáid go heisiach do na hiarrachtaí maidir le maolú agus oiriúnú don athrú aeráide, go háirithe na hiarrachtaí sin a thacaíonn leis an aistriú fuinnimh agus a thugann aghaidh ar na rioscaí do na críocha, na teaghlaigh, na micrifhiontair agus na fiontair bheaga agus na húsáideoirí soghluaisteachta is leochailí. |
Cúis
Mar gheall ar éagsúlacht chríocha na hEorpa ó thaobh na tíreolaíochta, na sochaí agus na heacnamaíochta de, is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an leibhéal is fearr rialtais chun a áirithiú nach mbainfidh an t-aistriú ó chomhtháthú críochach na hEorpa, agus nach gcuirfidh sé na teaghlaigh is leochailí i mbaol.
Leasú 11
Aithris 52
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Ba cheart cúiteamh sóisialta éifeachtach a bheith i gceist nuair atá praghas carbóin á thabhairt isteach i ndáil le hiompar de bhóthar agus foirgnimh, go háirithe i bhfianaise na leibhéil bochtaineachta fuinnimh atá ann cheana. Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 milliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6,9 % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019 (13). Chun cúiteamh sóisialta agus dáileacháin éifeachtach a bhaint amach, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit na hioncaim cheantála a chaitheamh ar na cuspóirí a bhaineann le haeráid agus fuinneamh atá sonraithe cheana don trádáil reatha astaíochtaí, ach freisin le haghaidh beart arna thabhairt isteach go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ghaolmhara na n-earnálacha nua mar atá earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh lena n-áirítear gníomhaíochtaí beartais gaolmhara faoi Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart ioncaim ceantála a úsáid le dul i ngleic leis na gnéithe sóisialta den trádáil astaíochtaí le haghaidh na n earnálacha nua agus béim faoi leith ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair . Chuige sin, cuirfidh Ciste Aeráide Sóisialta nua cistiú tiomnaithe ar fáil do Bhallstáit chun tacú leis na saoránaigh Eorpacha is mó atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta nó i mbaol aici. Cuirfidh an Ciste cothroime agus dlúthpháirtíocht chun cinn idir na Ballstáit agus laistigh díobh agus baol na bochtaineachta fuinnimh agus soghluaisteachta á maolú fad is atá an t-aistriú ar siúl. Cuirfidh sé le sásraí dlúthpháirtíochta atá ann cheana agus comhlánóidh sé iad. Comhfhreagróidh acmhainní an Chiste nua i bprionsabal do 25 % de na hioncaim ionchasacha ón trádáil astaíochtaí nua i gcaitheamh na tréimhse 2026-2032, agus cuirfear chun feidhme iad ar bhonn na bPleananna Aeráide Sóisialta ar cheart do Bhallstáit iad a chur ar aghaidh faoi Rialachán (AE) 20…/nn ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ina theannta sin, ba cheart do gach Ballstát a gcuid ioncam ceantála a úsáid inter alia chun cuid de chostais a bPleananna Aeráide Sóisialta a mhaoiniú. |
Ba cheart cúiteamh sóisialta éifeachtach a bheith i gceist nuair atá praghas carbóin á thabhairt isteach i ndáil le hiompar de bhóthar agus foirgnimh, go háirithe i bhfianaise na leibhéil bochtaineachta fuinnimh atá ann cheana. Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 milliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6,9 % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019 (16) , agus gan an dara rogha a bheith ann i réigiúin áirithe ach foinsí fuinnimh neamhéifeachtúla a úsáid don téamh de dheasca na bochtaineachta . Chun cúiteamh sóisialta agus dáileacháin éifeachtach a bhaint amach, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na hioncaim cheantála a chaitheamh ar na cuspóirí a bhaineann le haeráid agus fuinneamh atá sonraithe cheana don trádáil reatha astaíochtaí, ach freisin le haghaidh beart arna thabhairt isteach go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ghaolmhara na n-earnálacha nua mar atá earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh lena n–áirítear gníomhaíochtaí beartais gaolmhara faoi Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Ba cheart ioncaim ceantála a úsáid freisin le dul i ngleic leis na gnéithe sóisialta den trádáil astaíochtaí le haghaidh na n-earnálacha nua agus béim faoi leith ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair , ar fhiontair bheaga agus ar úsáideoirí soghluaisteachta . Chuige sin, cuirfidh Ciste Aeráide Sóisialta nua cistiú tiomnaithe ar fáil do Bhallstáit agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun tacú leis na saoránaigh Eorpacha is mó atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta nó i mbaol aici. Cuirfidh an Ciste cothroime agus dlúthpháirtíocht chun cinn idir na Ballstáit agus laistigh díobh agus baol na bochtaineachta fuinnimh agus soghluaisteachta á maolú fad is atá an t-aistriú ar siúl. Cuirfidh sé le sásraí dlúthpháirtíochta atá ann cheana agus comhlánóidh sé iad. Comhfhreagróidh acmhainní an Chiste nua do 25 % ar a laghad de na hioncaim ionchasacha ón trádáil astaíochtaí nua i gcaitheamh na tréimhse 2026-2032, agus cuirfear chun feidhme iad ar bhonn na bPleananna Aeráide Sóisialta ar cheart do Bhallstáit iad a chur ar aghaidh faoi Rialachán (AE) 20…/nn ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). I gcás ina mbeidh ioncam níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis mar thoradh ar an bpraghas carbóin, méadófar imchlúdach airgeadais an Chiste Aeráide Shóisialta dá réir sin. Ba cheart do gach Ballstát íostairseach a shocrú de 35 % ar a laghad d’imchlúdach airgeadais an Chiste Aeráide Shóisialta atá ar fáil dóibh lena bhainistiú go díreach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha . Ina theannta sin, ba cheart do gach Ballstát agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a gcuid ioncam ceantála a úsáid inter alia chun cuid de chostais a bPleananna Aeráide Sóisialta a mhaoiniú. |
Cúis
Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr atá in ann aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus mar sin ba cheart acmhainní ón gciste a chur ar fáil dóibh freisin.
Leasú 12
Aithris 54
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Tá an nuálaíocht agus forbairt teicneolaíochtaí nua ísealcharbóin in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfaidh na hearnálacha sin rannchuidiú costéifeachtach leis na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo. Dá bharr sin, ba cheart 150 milliún lamháltas ó thrádáil astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a chur ar fáil don Chiste Nuálaíochta chun an laghdú costéifeachtach ar astaíochtaí a spreagadh. |
Tá an nuálaíocht agus forbairt teicneolaíochtaí agus bearta nua ísealcharbóin in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfaidh na hearnálacha sin rannchuidiú costéifeachtach leis na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo. Dá bharr sin, ba cheart 150 milliún lamháltas ó thrádáil astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a chur ar fáil don Chiste Nuálaíochta chun an laghdú costéifeachtach ar astaíochtaí atá freagrach ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de a spreagadh. |
Cúis
Is léir an chúis atá leis seo.
Leasú 13
Aithris 58
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na trádála astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, lena n-áirítear céim an chóineasaithe praghsanna leis an gCóras Trádála Astaíochtaí reatha, agus, más gá, ba cheart athbhreithniú a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun éifeachtacht, riar agus cur i bhfeidhm praiticiúil na trádála astaíochtaí a fheabhsú le haghaidh na n-earnálacha sin ar bhonn eolais shealbhaithe chomh maith le cóineasú méadaithe praghsanna. Ba cheart ceangal a bheith ar an gCoimisiún an chéad tuarascáil faoi na hábhair sin a chur faoi bhráid faoin 1 Eanáir 2028. |
Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na trádála astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, lena n-áirítear céim an chóineasaithe praghsanna leis an gCóras Trádála Astaíochtaí reatha, agus, más gá, ba cheart athbhreithniú a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun éifeachtacht, riar agus cur i bhfeidhm praiticiúil na trádála astaíochtaí a fheabhsú le haghaidh na n-earnálacha sin ar bhonn eolais shealbhaithe chomh maith le cóineasú méadaithe praghsanna. Ba cheart ceangal a bheith ar an gCoimisiún an chéad tuarascáil faoi na hábhair sin a chur faoi bhráid faoin 1 Eanáir 2028. Ba cheart tréimhse comhairliúcháin ón 1 Meán Fómhair 2027 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027 a bheith ann roimh an tuarascáil. Ba cheart comhairliúchán spriocdhírithe leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a dhéanamh le linn na tréimhse sin. |
Cúis
Tá inniúlachtaí suntasacha ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le hearnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh agus ba cheart dul i gcomhairle leo agus measúnú agus tuairisciú á ndéanamh ar éifeachtúlacht an chórais nua ETS.
Leasú 14
Airteagal 1.2
Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
||||||||||
|
|
||||||||||
|
|
||||||||||
|
|
||||||||||
|
|
||||||||||
|
|
Cúis
Leis an athrú ar an sainmhíniú ar “calafort cuarda” áiritheofar ar bhealaí idir calafoirt na hEorpa agus an Áise nó Meiriceá a stopann i gcalafoirt Eorpacha, nach mbeidh aon bhuntáiste ag baint leis na hoibríochtaí sin a aistriú go tríú tíortha comharsanachta.
Leasú 15
Airteagal 1.5
Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
||||||
Raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí muiriompair |
Raon feidhme an chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí muiriompair |
||||||
1. Beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair i leith caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit, céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit agus céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa i mbeart i gcalafort faoin dhlínse Ballstáit. |
1. Beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair i leith caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit, céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit agus céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa i mbeart i gcalafort faoin dhlínse Ballstáit. |
||||||
|
Glacfaidh leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair an patrún seo a leanas sna cásanna seo a leanas: |
||||||
|
|
||||||
|
|
||||||
|
|
||||||
2. Beidh feidhm ag Airteagal 9, Airteagal 9a agus Airteagal 10 maidir le gníomhaíochtaí muiriompair ar an gcaoi chéanna agus atá feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear le EU ETS.”. |
2. Beidh feidhm ag Airteagal 9, Airteagal 9a agus Airteagal 10 maidir le gníomhaíochtaí muiriompair ar an gcaoi chéanna agus atá feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí eile a chumhdaítear le EU ETS.”. |
Cúis
Leis an togra seo, ní féidir le longa coimeádáin a dhéanann turais fhada “a méadar CO2 a shocrú go nialas” nuair a stopann siad ag calafoirt lasmuigh den Aontas seachas ag calafoirt AE.
Leasú 16
Airteagal 1.11(a)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
||||
|
|
Leasú 17
Airteagal 1.11(b)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
||||
|
|
Leasú 18
Airteagal 1.12(g) an tríú mír
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
||||
Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas: |
Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas: |
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
Cuirtear na pointí seo a leanas le mír 3: |
||||
|
|
||||
|
|
Cúis
Is léir an chúis atá leis seo.
Leasú 19
Airteagal 1.14(a)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
||||
Leasaítear Airteagal 10d mar a leanas: |
Leasaítear Airteagal 10d mar a leanas: |
||||
|
|
||||
|
|
Leasú 20
Airteagal 1.14(b)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
||||
“2. Úsáidfear 80 % ar a laghad de na hacmhainní airgeadais ón gCiste don Nuachóiriú d’fhonn tacú le hinfheistíochtaí sna réimsí seo a leanas: |
“2. Úsáidfear na hacmhainní airgeadais ar fad ón gCiste don Nuachóiriú d’fhonn tacú le hinfheistíochtaí sna réimsí seo a leanas: |
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|
Leasú 21
Airteagal 1.21
Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
||||
Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 4, seachas le haghaidh na n-ioncam bunaithe mar acmhainní féin i gcomhréir le hAirteagal 311(3) de CFAE agus iontráilte i mbuiséad an Aontais. Úsáidfidh Ballstáit a n-ioncaim a ghintear ó cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: |
Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 4, seachas le haghaidh na n-ioncam bunaithe mar acmhainní féin i gcomhréir le hAirteagal 311(3) de CFAE agus iontráilte i mbuiséad an Aontais. Úsáidfidh Ballstáit a n-ioncaim a ghintear ó cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: |
||||
|
|
||||
|
|
||||
Úsáidfidh na Ballstáit cuid dá n-ioncam ceantála a ghintear i gcomhréir leis an Airteagal seo chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann leis an trádáil astaíochtaí faoin gCaibidil seo agus cuirfear béim shonrach ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 20…/nn [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta](*). I gcás ina gcuireann Ballstát [Plean Aeráide Sóisialta] faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Rialacháin sin, úsáidfidh an Ballstát na hioncaim sin inter alia chun an plean sin a mhaoiniú. |
Úsáidfidh na Ballstáit cuid dá n-ioncam ceantála a ghintear i gcomhréir leis an Airteagal seo chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann leis an trádáil astaíochtaí faoin gCaibidil seo agus cuirfear béim shonrach ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair agus fiontair bheaga leochaileacha agus úsáideoirí soghluaisteachta leochaileacha mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 20…/nn [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta](*). I gcás ina gcuireann Ballstát [Plean Aeráide Sóisialta] faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Rialacháin sin, úsáidfidh an Ballstát na hioncaim sin inter alia chun an plean sin a mhaoiniú. |
||||
Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais nó beartais rialaitheacha, a dhéanann tacaíocht airgeadais a ghiaráil, a bhunaítear chun na críocha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus arb ionann a luach agus na hioncaim a ghintear ó cheantáil na lamháltas dá dtagraítear sa Chaibidil seo, má tá na beartais sin i bhfeidhm acu agus má chuireann siad chun feidhme iad. |
Bunóidh na Ballstáit íostairseach de 20 % d’ioncam a leithdháileadh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a bheidh le húsáid i gcás ceann amháin nó níos mó de na bearta a thuairiscítear sa mhír seo. |
||||
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid na n-ioncam agus na ngníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo tríd an bhfaisnéis sin a áireamh ina gcuid tuarascálacha a dhéantar a thíolacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**). |
Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit agus ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais nó beartais rialaitheacha, a dhéanann tacaíocht airgeadais a ghiaráil, a bhunaítear chun na críocha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus arb ionann a luach agus na hioncaim a ghintear ó cheantáil na lamháltas dá dtagraítear sa Chaibidil seo, má tá na beartais sin i bhfeidhm acu agus má chuireann siad chun feidhme iad. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid na n-ioncam agus na ngníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo tríd an bhfaisnéis sin a áireamh ina gcuid tuarascálacha a dhéantar a thíolacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**). |
Leasú 22
Airteagal 1.21 — 30i
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Caibidle seo maidir lena n-éifeachtacht, a riarachán agus a gcur i bhfeidhm praiticiúil, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoi Threoir (AE) 2015/1814 agus úsáid lamháltais na Caibidle seo chun oibleagáidí comhlíonta na n-eintiteas comhlíonta a chumhdaítear i gCaibidil II, IIa agus III a chomhlíonadh. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra chun an Chaibidil seo a leasú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in éineacht leis an tuarascáil sin. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2031, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fhéidearthacht na n-earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III sa Chóras Trádála Astaíochtaí a chumhdaíonn na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Threoir 2003/87/CE a chomhtháthú.”; |
Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Caibidle seo maidir lena n-éifeachtacht, a riarachán agus a gcur i bhfeidhm praiticiúil, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoi Threoir (AE) 2015/1814 agus úsáid lamháltais na Caibidle seo chun oibleagáidí comhlíonta na n-eintiteas comhlíonta a chumhdaítear i gCaibidil II, IIa agus III a chomhlíonadh. Sula ndéanfar an tuarascáil, beidh tréimhse comhairliúcháin ón 1 Meán Fómhair 2027 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027. Déanfar comhairliúchán spriocdhírithe leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le linn na tréimhse sin. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra chun an Chaibidil seo a leasú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in éineacht leis an tuarascáil sin. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2031, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fhéidearthacht na n-earnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III sa Chóras Trádála Astaíochtaí a chumhdaíonn na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Threoir 2003/87/CE a chomhtháthú.”; |
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha
COM(2021) 564 final
Leasú 23
Aithris 10
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, cuireann sé isteach ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí. |
Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, cuireann sé isteach ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí. Dá bhrí sin, ní mór deireadh a chur de réir a chéile le leithdháiltí saor in aisce ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil, i gcomhréir le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh, agus go sonrach leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”. |
II. MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),
1. |
á mheabhrú gur gheall an tAontas, trí Chomhaontú Pháras a shíniú, an sprioc chun aeráidneodracht ghlan a bhaint amach go domhanda faoi 2050, sprioc a chumhdaítear anois sa Dlí Aeráide Eorpach; á chur in iúl gur díol sásaimh dó uaillmhianta agus tiomantas comhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, don aistriú i dtreo sochaí agus geilleagar níos inbhuanaithe agus measann sé gur léiriú ar neart an ghealltanais sin atá sa phacáiste “Oiriúnach do 55”; á chur i dtábhacht nach mór spriocanna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh in-athnuaite a bheith ag gabháil leis na cuspóirí laghdaithe astaíochtaí, trí athmhachnamh a dhéanamh ar úsáid talún (chun ceapadh carbóin nádúrtha a mhéadú go soiléir), chomh maith le cuspóirí eile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, d’fhonn aistriú cóir agus buan a áirithiú; |
2. |
á chur i dtábhacht gur cheart, le praghas carbóin atá láidir ach a tugadh isteach de réir a chéile, an comhartha riachtanach a thabhairt do ghnólachtaí agus an t-aistriú a chur chun cinn ar an mbealach is costéifeachtaí, agus cuireann sé i dtábhacht gur gá idirghníomhú éifeachtach a bheith idir ETS athbhreithnithe agus an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM), in éineacht b’fhéidir le bearta tacaíochta eile de chuid an Aontais chun geilleagar atá aeráidneodrach agus iomaíoch a áirithiú i réigiúin an Aontais, go háirithe i réigiúin atá i mbun aistriú inbhuanaithe i dtaca lena gcuid tionscal dianfhuinnimh; |
3. |
á aithint go bhféadfadh na neamhionannais sin éirí níos suntasaí fós i bhfianaise an ghéaraithe leanúnaigh atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus i bhfianaise na héagobhsaíochta geopholaitiúla atá ag dul in olcas mar gheall ar an gcogadh san Úcráin; á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tograí ón gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le REPowerEU, ach á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh sé nach leor roinnt de na hionstraimí, amhail cánachas méadaithe ar bhrabúis amhantair, chun tacaíocht iontaofa a chur ar fáil agus, dá bhrí sin, go bhfuil réitigh níos fadtéarmaí á iarraidh aige; |
4. |
á aithint go dtreisíonn géarchéimeanna éiceolaíocha éagothromaíochtaí, díreach mar a dhéanann éagothromaíochtaí damáiste don chomhshaol. Dá bhrí sin, ní mór do bheartais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ceartas a athbhunú laistigh dár sochaithe agus dár gcríocha; |
5. |
ag tacú leis an bprionsabal nach mór do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta agus i dtreo laghdú astaíochtaí, agus d’fhéadfadh CTA an Aontais rannchuidiú go mór dá ndéanfaí an prionsabal “íoc mar a thruaillítear” a leathnú chuig gach earnáil a chumhdaítear leis; á chur i bhfios gurb í an tsoghluaisteacht is cúis le ceathrú cuid d’astaíochtaí CO2 laistigh den Aontas, agus gurb í earnáil na tógála is cúis le 40 % den tomhaltas fuinnimh san Eoraip; á chur in iúl, áfach, gur saincheist íogair í praghsáil carbóin a thabhairt isteach sna hearnálacha sin agus nár cheart ualaí a bheith ar na teaghlaigh, na micrifhiontair, na fiontair bheaga ná na húsáideoirí soghluaisteachta is leochailí dá bharr, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta; |
6. |
ag áitiú go ndéanfar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, is é sin na leibhéil rialtais a bhfuil inniúlachtaí láidre acu sa dá earnáil a chumhdaítear, a mheas agus an córas trádála astaíochtaí nua maidir le hiompar de bhóthar agus foirgnimh (ETS II) á chur i bhfeidhm, á mheasúnú agus á athbhreithniú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú seasta tagtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil iompair an Aontais ó 2013 ar aghaidh agus, san am céanna, go bhfuil dícharbónú earnáil na bhfoirgneamh fós ar cheann de na príomhbhealaí chun astaíochtaí a laghdú; á chur i bhfáth, i gcás ina gcinnfidh na comhreachtóirí gan dul ar aghaidh le ETS II mar a fhoráiltear sa togra ón gCoimisiún, gur cheart an ETS atá ann faoi láthair a atreisiú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar iompar de bhóthar agus ar fhoirgnimh; |
7. |
á aithint go hiomlán an gá atá le huirlisí praghsála carbóin chun tacú le huaillmhianta méadaithe an Aontais maidir leis an aeráid, ach is cúis mhór imní dó na héifeachtaí dáileacháin a d’fhéadfadh a bheith acu agus cuireann sé i bhfios go láidir gur cheart gach gné den fhorbairt inbhuanaithe a chur san áireamh: inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil, shóisialta agus chultúrtha. I ndáil leis sin, iarrann sé go n-urramófar trí phrionsabal ar a laghad:
|
8. |
á chur in iúl gur cúis áthais dó an fógra maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta mar bhealach chun na héifeachtaí diúltacha ar na teaghlaigh, na micrifhiontair, na fiontair bheaga agus na húsáideoirí soghluaisteachta is leochailí a chothromú agus chun forbairt atá inbhuanaithe go sóisialta a áirithiú. Tá sé á chur i dtábhacht aige nach leor an cistiú atá beartaithe faoi láthair laistigh den athbhreithniú ar an CTA atá ann cheana chun aistriú fíorchóir a áirithiú agus á chur i dtreis gur cheart leithdháileadh ioncaim lasmuigh de CTA II don Chiste Aeráide Sóisialta a chur san áireamh. Molann sé gur chóir tús a chur le comhthiomsú ioncaim don Chiste Aeráide Sóisialta níos luaithe ná cur chun feidhme CTA II; |
9. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé meastóireacht chruinn a dhéanamh ar thionchar dáileacháin shásra, fheidhmiú, bhainistiú agus bhearta an Chiste Aeráide Shóisialta, lena ndírítear ar na hiarmhairtí agus na tairbhí do na saoránaigh is leochailí ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, agus lena bhféadfaí na teaghlaigh is laige ó thaobh na heacnamaíochta de a shainaithint ar bhealach níos fearr, d’fhonn an tacaíocht ioncaim dhíreach atá sealadach agus spriocdhírithe a dhíriú go beacht orthu siúd is mó a bhfuil gá acu léi. I ndáil leis an méid sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta laistigh de phleananna aonair aeráide sóisialta agus le leithdháileadh an Chiste féin dlús a chur leis an aistriú glas, ach níor cheart cur isteach ar an gcomhtháthú sóisialta agus críochach, ná níor cheart cosaint na saoránach is leochailí a laghdú; |
10. |
á chur i dtábhacht gur cheart an Ciste don Nuachóiriú a úsáid chun tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus tosaíocht á déanamh d’iarrachtaí chun feabhas a chur ar bheocht grúpaí agus críocha leochaileacha maidir le húsáid an chiste. Athdhearbhaíonn sé gur cheart don Chiste don Nuachóiriú ligean do réigiúin NUTS 3 a bhfuil míchothromaíochtaí suntasacha iontu laistigh de Bhallstát rochtain a fháil air, d’fhonn éagsúlacht eacnamaíoch, shóisialta agus gheografach ollmhór an Aontais a urramú; |
11. |
á iarraidh go gcuirfí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san áireamh i ndáileadh ioncaim CTA. Tá ról suntasach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme na mbeartas maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide. Is nuálaithe móra iad réigiúin agus cathracha na hEorpa agus iad ina gcúis le hathrú sochaíoch, agus ba cheart iad a chumasú chun rannchuidiú leis an aistriú glas ar bhealach níos suntasaí. Tá an méid sin á chur i dtábhacht aige go háirithe i gcás CTA II nua; |
12. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó cur chun feidhme Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh mar bhealach chun an barrachas agus an ganntanas lamháltas a bhainistiú, chomh maith leis an scéim tús-ualaithe chun tionchair chur i bhfeidhm CTA II nua ar phraghsanna agus ar leachtacht a mhaolú. Athdhearbhaíonn sé, áfach, gur cheart sásra breise a bheith ag gabháil leis an gcúlchiste chun liúntais a bhaint go buan d’fhonn bonnphraghas a chruthú a bheidh ag teacht le spriocanna aeráide 2030 agus 2050 an Aontais; |
13. |
á chur in iúl gurb oth leis nach gcuirtear san áireamh sa togra ón gCoimisiún an fíor-riosca sceite carbóin a tharlóidh sa mhuirthrácht domhanda chuig calafoirt tríú tíortha comharsanachta atá gar do chalafoirt Eorpacha. Beidh iarmhairtí díobhálacha ag an sceitheadh sin ar ghníomhaíochtaí calafoirt agus, dá bhrí sin, ar shlabhraí lóistíochta gaolmhara na mBallstát, lena n-áirítear caillteanas post, saobhadh ar an margadh agus saoriomaíocht, caillteanas nascachta i measc chalafoirt na hEorpa, agus ar iomaíochas foriomlán an tionscail. Bheadh tionchar ag an staid sin freisin ar phrionsabal an neamhspleáchais straitéisigh Eorpaigh agus ar shlándáil agus rialú na lóistíochta agus an tsoláthair earraí a thagann ón Aontas/chuig an Aontas mar spreagfadh sé go ndéanfaí earraí a thrasloingsiú i gcalafoirt tríú tíortha a bhfuil tosaíochtaí agus leasanna lóistíochta agus eacnamaíocha acu nach bhfuil ag teacht le tosaíochtaí agus leasanna an Aontais; |
14. |
á chur in iúl gur cúis áthais dó an togra le haghaidh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (CBAM) a bhunú chun gníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide a spreagadh. Áitíonn sé go n-áiritheofar gur cuid de straitéis thionsclaíoch níos leithne de chuid an Aontais é an sásra sin lena gcuirfear infheistíocht atá aeráidneodrach chun cinn agus lena gcruthófar creat rialála cumasúcháin AE agus margaí tosaigh le haghaidh táirgí atá aeráidneodrach, lena n-áirítear conarthaí difríochta carbóin a chumasú ar mhaithe le dícharbónú na n-earnálacha a chumhdaítear agus go gcuirfear cleachtais nua i bhfeidhm a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile le leithdháiltí CTA saor in aisce (19) i gcás earnálacha a chumhdaítear leis an CBAM, agus na lamháltas astaíochtaí ar fad a chur ar ceant ina ionad sin, ós rud é go n-áiritheofar leis sin comhoiriúnacht leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála; |
15. |
á chur i bhfáth an tábhacht ar leith a bhaineann le Ciste feabhsaithe don Nuálaíocht lena dtacófar leis an aistriú is gá chuig an aeráidneodracht maidir leis na tionscail dianfhuinnimh a chumhdaítear le CTA AE agus CBAM i réigiúin an Aontais, trí thacaíocht a chur ar fáil d’fhorbairt táirgí nuálacha atá aeráidneodrach, amhail cruach ghlas; á chur in iúl go láidir nach í an easpa nuálaíochta teicneolaíche amháin an príomhbhac ar an dícharbónú agus, dá bhrí sin, molann sé an raon feidhme a leathnú chuig bearta a bhfuil acmhainneacht ard laghdaithe acu i réimsí neamh-theicneolaíochta amhail modhanna comhair cruthaitheacha agus nuálacha, oiliúint ghairmiúil agus ciorclaíocht, atá faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar dhreasachtaí ETS atá dírithe ar aschur tionsclaíoch; |
16. |
á thabhairt dá aire go bhfuil sé ríthábhachtach freisin feabhas a chur ar na sásraí rialála agus faireacháin chun amhantraíocht ar phraghsanna CO2 a sheachaint, rud a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar phraghsanna fuinnimh agus ar na hearnálacha lena mbaineann; |
17. |
á chur in iúl gur geal leis go bhfuil an t-ioncam a ghintear leis an CTA athchóirithe le gníomhaíochtaí ar son na haeráidneodrachta a mhaoiniú (e.g. maoiniú an Chiste Nuálaíochta, an Chiste don Nuachóiriú agus an Chiste Aeráide Shóisialta a mhéadú agus dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite, agus le cur chun feidhme na héifeachtúlachta fuinnimh agus na ciorclaíochta), agus nach n-úsáidfear iad chun buiséad ginearálta an Aontais ina iomláine a mhaoiniú; ag áitiú go nglacfaí an cur chuige céanna i ndáil leis an ioncam arna ghiniúint ag CBAM; |
18. |
den tuairim gur cheart an CBAM a bheith dinimiciúil chun déileáil le hathruithe teicneolaíochta, rialála agus margaidh agus gur cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a raon feidhme earnála agus a chumhdach astaíochtaí, agus tionchar áitiúil agus réigiúnach an tsásra á chur san áireamh. Tá sé réidh chun tacú leis an measúnú ar thionchair chríochacha CBAM; |
19. |
á thabhairt dá aire go bhfuil sé ríthábhachtach freisin feabhas a chur ar na sásraí rialála agus faireacháin chun amhantraíocht ar phraghsanna CO2 a sheachaint, rud a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar phraghsanna fuinnimh agus ar na hearnálacha lena mbaineann; |
20. |
á chur in iúl gur cúis áthais dó go bhfuil greillí coimhdeachta curtha ag an gCoimisiún leis an togra le haghaidh scéim nua ETS agus leis an dréachtrialachán lena mbunaítear CBAM (20). An réasúnaíocht a cuireadh ar fáil maidir le breisluach Eorpach na dtograí agus cur i bhfeidhm na mbeart a eascraíonn as inniúlachtaí an Aontais i réimse an athraithe aeráide mar a shainítear in Airteagail 191 go 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) é, tagann an réasúnaíocht sin le measúnú Choiste Eorpach na Réigiún féin ar chomhoiriúnacht iomlán na dtograí le prionsabal na coimhdeachta. |
An Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(2) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(3) Treoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú (IO L 257, 10.10.1996, lch. 26).
(4) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(5) Treoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú (IO L 257, 10.10.1996, lch. 26).
(6) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(7) Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
(8) Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
(9) [cuir tagairt don Rialachán FuelEU Maritime isteach anseo].
(10) [cuir tagairt don Rialachán FuelEU Maritime isteach anseo].
(11) COM(2020) 562 final.
(12) COM(2020) 562 final.
(13) Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01]).
(14) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(15) [Cuir tagairt isteach don Rialachán lena mbunaítear an Ciste Aeráide Sóisialta].
(16) Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01]).
(17) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(18) [Cuir tagairt isteach don Rialachán lena mbunaítear an Ciste Aeráide Sóisialta].
(19) Faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, ní mór do chuideachtaí lamháltais astaíochtaí a fháil a chumhdaíonn a n-astaíochtaí carbóin. Socraítear leithdháileadh saor in aisce mar mhodh idirthréimhseach chun lamháltais a leithdháileadh i gcodarsnacht le modh réamhshocraithe na ceantála. Mar sin féin, is iad na lamháltais a leithdháiltear saor in aisce a dhéanann breis agus 40 % de líon iomlán na liúntas atá ar fáil i gcónaí.
(20) https://www.europarl.europa.eu/RegData/docs_autres_institutions/commission_europeenne/swd/2021/0552/COM_SWD(2021)0552_EN.pdf