28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 97/60


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cur chuige Eorpach maidir leis an intleacht shaorga – Gníomh um an Intleacht Shaorga

(tuairim athbhreithnithe)

(2022/C 97/12)

Rapóirtéir:

Guido RINK (NL/PSE), Comhalta de Chomhairle Feidhmiúcháin Emmen

Doiciméid tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Fostering a European approach to Artificial Intelligence [Cur chuige Eorpach a chothú maidir leis an intleacht shaorga] (níl leagan Gaeilge ann)

COM(2021) 205

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais

COM(2021) 206

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 1

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Is é is cuspóir don Rialachán seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le forbairt, margú agus úsáid na hintleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais. Leis an Rialachán seo, déantar roinnt cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail a shaothrú, amhail ardleibhéal cosanta maidir le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha, agus áirithítear leis saorghluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí IS-bhunaithe, rud a chuireann cosc ar na Ballstáit srianta a fhorchur ar fhorbairt, margú agus úsáid córas intleachta saorga, ach amháin i gcás údarú sainráite ag an Rialachán seo.

Is é is cuspóir don Rialachán seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus cearta bunúsacha na saoránach a chosaint trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le forbairt, margú agus úsáid na hintleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais. Leis an Rialachán seo, déantar roinnt cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail a shaothrú, amhail ardleibhéal cosanta maidir le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha, agus áirithítear leis saorghluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí IS-bhunaithe, rud a chuireann cosc ar na Ballstáit srianta a fhorchur ar fhorbairt, margú agus úsáid córas intleachta saorga, ach amháin i gcás údarú sainráite ag an Rialachán seo.

Cúis

Is é atá i gceist leis an tagairt do chearta bunúsacha béim a leagan ar an nasc le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Leasú 2

Aithris nua le cur isteach i ndiaidh Aithris 6

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

 

Is próiseas leanúnach é sainiú na gcóras intleachta saorga, próiseas inar cheart an comhthéacs ina n-oibríonn an intleacht shaorga a chur san áireamh, inar cheart coinneáil bord ar bhord le forbairtí sochaíocha sa réimse seo agus nár cheart neamhaird a dhéanamh ann ar an nasc idir éiceachóras an bhairr feabhais agus éiceachóras na hiontaoibhe.

Cúis

Tá gá le cur chuige oiriúnaitheach athraitheach chun dul chun cinn a dhéanamh san intleacht shaorga agus sa teicneolaíocht. Léiríonn an aithris seo gur cheart don sainmhíniú ar an intleacht shaorga athrú de réir mar a athraíonn an saol agus mar a athraíonn córais agus feidhmchláir na hintleachta saorga.

Leasú 3

Aithris 20

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Chun a áirithiú go n-úsáidtear na córais sin ar bhealach freagrach comhréireach, tá sé tábhachtach freisin a shuí gur cheart eilimintí áirithe a chur san áireamh i ngach ceann de na trí chás a liostaítear go cuimsitheach agus a sainítear go cúng, go háirithe a mhéid a bhaineann le nádúr an cháis ba chúis leis an iarraidh agus iarmhairtí na húsáide i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine uile lena mbaineann agus na coimircí agus coinníollacha dá bhforáiltear leis an úsáid. Thairis sin, maidir le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart í a bheith faoi réir teorainneacha iomchuí i dtaca le ham agus spás, ag féachaint go háirithe don fhianaise nó do na tásca maidir leis na bagairtí, na híospartaigh nó an déantóir. Ba cheart bunachar sonraí tagartha na ndaoine a bheith iomchuí lena úsáid i ngach ceann de na trí chás a luaitear thuas.

Chun a áirithiú go n-úsáidtear na córais sin ar bhealach freagrach comhréireach, tá sé tábhachtach freisin a shuí gur cheart eilimintí áirithe a chur san áireamh i ngach ceann de na trí chás a liostaítear go cuimsitheach agus a sainítear go cúng, go háirithe a mhéid a bhaineann le nádúr an cháis ba chúis leis an iarraidh agus iarmhairtí na húsáide i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine uile lena mbaineann agus na coimircí agus coinníollacha dá bhforáiltear leis an úsáid. Ba cheart dul i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ábhartha roimh aon úsáid eisceachtúil a bhainfí as na córais sin. Thairis sin, maidir le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart í a bheith faoi réir teorainneacha diana i dtaca le ham agus spás, ag féachaint go háirithe don fhianaise nó do na tásca maidir leis na bagairtí, na híospartaigh nó an déantóir. Ba cheart bunachar sonraí tagartha na ndaoine a bheith iomchuí lena úsáid i ngach ceann de na trí chás a luaitear thuas.

Cúis

Níor cheart cianchórais sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” a úsáid ar nós cuma liom.

Leasú 4

Aithris 21

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Maidir le gach úsáid de chianchóras sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart di a bheith faoi réir údarú sonrach sainráite ag údarás breithiúnach nó ag údarás riaracháin neamhspleách Ballstáit. Ba cheart an t-údarú sin a fháil i bprionsabal sula n-úsáidfear an córas, ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil bonn cirt leo, is é sin, cásanna ina bhfuil sé dodhéanta go héifeachtúil agus go hoibiachtúil údarú a fháil sula n-úsáidfear an córas de thairbhe na húsáide sin. Sna cásanna práinneacha sin , ba cheart an úsáid a theorannú don íosmhéid a bhfuil géarghá leis agus í a bheith faoi réir na gcoimircí agus na gcoinníollacha iomchuí, de réir mar a chinntear leis an dlí náisiúnta agus a shonraítear i gcomhthéacs gach cás práinneach ar leith ag an údarás forfheidhmithe dlí féin . Ina theannta sin, ba cheart don údarás forfheidhmithe dlí féachaint le húdarú a fháil a luaithe is féidir sna cásanna sin, agus na cúiseanna nach rabhthas in ann é a iarraidh níos luaithe a thabhairt .

Maidir le gach úsáid de chianchóras sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart di a bheith faoi réir údarú sonrach sainráite ag údarás breithiúnach nó ag údarás riaracháin neamhspleách Ballstáit. Ba cheart an t-údarú sin a fháil sula n-úsáidfear an córas, ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil bonn cirt leo, is é sin, cásanna ina bhfuil sé dodhéanta go héifeachtúil agus go hoibiachtúil údarú a fháil sula n-úsáidfear an córas de thairbhe na húsáide sin. Ar aon nós , ba cheart an úsáid a theorannú don íosmhéid a bhfuil géarghá leis agus í a bheith faoi réir na gcoimircí agus na gcoinníollacha iomchuí, de réir mar a chinntear leis an dlí náisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart don údarás forfheidhmithe dlí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach agus féachaint le húdarú a fháil ó na húdaráis inniúla .

Cúis

Is ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá an fhreagracht pholaitiúil agus riaracháin as na spásanna poiblí a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Ba cheart dóibh, dá bhrí sin, a bheith páirteach go cuí in úsáid na gcóras sin i spásanna poiblí. I gcásanna práinneacha nuair nach mbeadh sé réasúnach fanacht chun dul i gcomhairle leo roimh ré, ba cheart an t-údarás áitiúil nó réigiúnach lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach faoi úsáid na gcóras bithmhéadrach sa spás poiblí.

Leasú 5

Aithris 39

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Le córais intleachta saorga a úsáidtear i mbainistíocht imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear do dhaoine a bhíonn i riocht soghonta go minic agus a bhíonn ag brath ar thorthaí ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí inniúil. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, neamh-idirdhealaitheacht agus trédhearcacht na gcóras intleachta saorga a úsáidtear sna comhthéacsanna sin chun urramú chearta bunúsacha an duine a ndearnadh difear dóibh a ráthú, go háirithe maidir lena gcearta chun saorghluaiseachta, chun neamh-idirdhealú, chun an saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint, chun cosaint idirnáisiúnta a fháil agus chun dea-riaracháin. Is iomchuí , dá bhrí sin, aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag na húdaráis phoiblí inniúla a bhfuil cúraimí orthu i réimse na bainistíochta imirce, tearmainn agus rialaithe teorann mar bhrathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath; chun rioscaí áirithe a mheasúnú a bhaineann le daoine nádúrtha ag teacht isteach i gcríoch Bhallstáit nó ag déanamh iarratas ar víosa nó ar thearmann; chun fírinneacht dhoiciméad ábhartha na ndaoine nádúrtha a dheimhniú; chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla i dtaca le scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, ar víosa nó ar cheadanna cónaithe agus na gearáin lena mbaineann maidir leis an gcuspóir incháilitheacht na ndaoine nádúrtha a bhfuil iarratas ar stádas á dhéanamh acu a dheimhniú. Maidir le córais intleachta saorga i réimse na bainistíochta imirce, tearmainn agus rialaithe teorann a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart dóibh na ceanglais nós imeachta ábhartha a chomhlíonadh a leagtar síos le Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le haon reachtaíocht ábhartha eile.

Le córais intleachta saorga a úsáidtear i mbainistíocht imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear do dhaoine a bhíonn i riocht soghonta go minic agus a bhíonn ag brath ar thorthaí ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí inniúil. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, neamh-idirdhealaitheacht agus trédhearcacht na gcóras intleachta saorga a úsáidtear sna comhthéacsanna sin chun urramú chearta bunúsacha an duine a ndearnadh difear dóibh a ráthú, go háirithe maidir lena gcearta chun saorghluaiseachta, chun neamh-idirdhealú, chun an saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint, chun cosaint idirnáisiúnta a fháil agus chun dea-riaracháin. Is , dá bhrí sin, aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag na húdaráis phoiblí inniúla a bhfuil cúraimí orthu i réimse na bainistíochta imirce, tearmainn agus rialaithe teorann mar bhrathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó chun staid mhothúchánach duine nádúrtha a bhrath; chun rioscaí áirithe a mheasúnú a bhaineann le daoine nádúrtha ag teacht isteach i gcríoch Bhallstáit nó ag déanamh iarratas ar víosa nó ar thearmann; chun fírinneacht dhoiciméad ábhartha na ndaoine nádúrtha a dheimhniú; chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla i dtaca le scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, ar víosa nó ar cheadanna cónaithe agus na gearáin lena mbaineann maidir leis an gcuspóir incháilitheacht na ndaoine nádúrtha a bhfuil iarratas ar stádas á dhéanamh acu a dheimhniú. Maidir le córais intleachta saorga i réimse na bainistíochta imirce, tearmainn agus rialaithe teorann a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart dóibh na ceanglais nós imeachta ábhartha a chomhlíonadh a leagtar síos le Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le haon reachtaíocht ábhartha eile.

Cúis

Is é atá i gceist leis an leasú seo go gcuirtear in iúl gur gá na córais intleachta saorga lena mbaineann a chur faoi réir córas níos déine le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca.

Leasú 6

Aithris 43

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ar chórais intleachta saorga ardriosca maidir le cáilíocht na dtacar sonraí a úsáidtear, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead, trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’úsáideoirí, formhaoirseacht dhaonna agus stóinseacht, cruinneas agus cibearshlándáil. Tá gá leis na ceanglais sin chun na rioscaí i dtaca leis an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a mhaolú go héifeachtach, de réir mar is infheidhme i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras , agus nach bhfuil aon bheart trádála is lú srianadh ar fáil go réasúnta, chun srianta trádála nach bhfuil bonn cirt leo a sheachaint.

Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ar chórais intleachta saorga ardriosca maidir le cáilíocht na dtacar sonraí a úsáidtear, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead, trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’úsáideoirí, formhaoirseacht dhaonna agus stóinseacht, cruinneas agus cibearshlándáil. Tá gá leis na ceanglais sin chun na rioscaí i dtaca leis an tsláinte , an tsábháilteacht, slándáil sonraí, cearta tomhaltóirí agus cearta bunúsacha a mhaolú go héifeachtach, de réir mar is infheidhme i bhfianaise na críche atá leis an gcóras , agus nach bhfuil aon bheart trádála is lú srianadh ar fáil go réasúnta, chun srianta trádála nach bhfuil bonn cirt leo a sheachaint. Ba cheart daoine nádúrtha nó grúpaí daoine a ndéanfar difear dóibh de thoradh córais ardriosca intleachta saorga a bheith curtha ar mhargadh an Aontais nó curtha i mbun seirbhíse ar shlí eile a chur ar an eolas ar bhealach atá iomchuí, so-rochtana agus sothuigthe, agus rochtain a bheith acu ar fhaisnéis fhollasach sho-rochtana atá ar fáil go poiblí ina mínítear go bhfuil siad faoi réir na gcóras sin.

Cúis

Ba cheart na daoine nó na grúpaí daoine a bhféadfadh úsáid córas intleachta saorga ardriosca difear a dhéanamh dóibh, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán, a chur faoi réir na gceanglas trédhearcachta agus faisnéise maidir le soláthraithe agus úsáideoirí. Tuigtear go háirithe le “sothuigthe” teanga atá sothuigthe agus so-rochtana ag an úsáideoir, lena n-áirítear teangacha labhartha agus teangacha comharthaíochta.

Leasú 7

Aithris nua a chur isteach i ndiaidh Aithris 44

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

 

Staonfaidh soláthraithe na gcóras intleachta saorga ó aon bheart lena gcuirtear chun cinn ina gcóras bainistithe cáilíochta idirdhealú gan chúis bunaithe ar inscne, tionscnamh, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, nó idirdhealú ar aon fhoras eile.

Cúis

Is gníomh de chuid an duine is bun le hidirdhealú neamhdhleathach. Ba cheart do sholáthraithe na gcóras intleachta saorga staonadh ó aon bhearta ina gcóras cáilíochta a bhféadfaí idirdhealú a chur chun cinn leo.

Leasú 8

Aithris 47

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Chun aghaidh a thabhairt ar an doiléireacht a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeadh córais intleachta saorga áirithe dothuigthe nó róchasta le haghaidh daoine nádúrtha, ba cheart ceangal a bheith ann maidir le méid áirithe trédhearcachta i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart úsáideoirí a bheith in ann aschur an chórais a léirmhíniú agus a úsáid go hiomchuí. Ba cheart, dá bhrí sin, doiciméadacht ábhartha agus treoracha maidir le húsáid a bheith ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca, ina gcumhdófaí faisnéis ghonta shoiléir, lena n-áirítear faisnéis i ndáil le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta bunúsacha agus maidir le hidirdhealú.

Chun aghaidh a thabhairt ar an doiléireacht a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeadh córais intleachta saorga áirithe dothuigthe nó róchasta le haghaidh daoine nádúrtha nó údaráis phoiblí ar gach leibhéal rialachais , ba cheart ceangal a bheith ann maidir le leibhéal ard trédhearcachta i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart úsáideoirí a bheith in ann aschur an chórais a léirmhíniú agus a úsáid go hiomchuí. Ba cheart, dá bhrí sin, doiciméadacht ábhartha agus treoracha maidir le húsáid a bheith ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca, ina gcumhdófaí faisnéis ghonta shoiléir, lena n-áirítear faisnéis i ndáil le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta bunúsacha agus maidir le hidirdhealú.

Cúis

Déantar cuntasacht na ndaoine sin a dhearann na córais intleachta saorga ardriosca a lagú nuair a úsáidtear na focail “méid áirithe trédhearcachta”.

Leasú 9

Aithris 48

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi gur féidir le daoine nádúrtha formhaoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras sin. Chun na críche sin, ba cheart do sholáthraí an chórais bearta iomchuí maidir le maoirseacht dhaonna a shainaithint sula gcuirfear an córas ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Go sonrach, i gcás inarb iomchuí, ba cheart a ráthú leis na bearta sin go bhfuil an córas faoi réir srianta oibríochtúla ionsuite nach féidir leis an gcóras é féin a shárú agus atá freagrúil don oibreoir daonna, agus go bhfuil an inniúlacht, oiliúint agus údarás is gá ag na daoine nádúrtha ar sannadh an mhaoirseacht dhaonna orthu chun an ról sin a dhéanamh.

Ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi gur féidir le daoine nádúrtha agus údaráis phoiblí ar gach leibhéal rialachais formhaoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras sin. Chun na críche sin, ba cheart do sholáthraí an chórais bearta iomchuí maidir le maoirseacht dhaonna a shainaithint sula gcuirfear an córas ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Go sonrach, i gcás inarb iomchuí, ba cheart a ráthú leis na bearta sin go bhfuil an córas faoi réir srianta oibríochtúla ionsuite nach féidir leis an gcóras é féin a shárú agus atá freagrúil don oibreoir daonna, agus go bhfuil an inniúlacht, oiliúint agus údarás is gá ag na daoine nádúrtha ar sannadh an mhaoirseacht dhaonna orthu chun an ról sin a dhéanamh.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 10

Aithris 67

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar chórais intleachta saorga ardriosca chun a shonrú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo sa dóigh is gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. Níor cheart do na Ballstáit constaicí éagóracha a chruthú maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu, a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar chórais intleachta saorga ardriosca chun a shonrú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo sa dóigh is gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. Níor cheart do na Ballstáit constaicí a chruthú maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu, a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse. Beidh sé de chumhacht ag na Ballstáit cleachtais intleachta saorga ardriosca agus córais intleachta saorga ardriosca a rialáil ar bhonn cúiseanna sáraitheacha a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le leasanna slándála poiblí agus náisiúnta.

Cúis

Cé nár cheart do na Ballstáit bac a chur ar chur i bhfeidhm an Rialacháin, ba cheart dóibh a bheith in ann leas a bhaint as an gceart chun córais intleachta saorga ardriosca a rialáil i gcás ina mbeadh leasanna slándála poiblí agus náisiúnta i mbaol.

Leasú 11

Aithris 70

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Córais intleachta saorga áirithe atá beartaithe le hidirghníomhú le daoine nádúrtha nó le hinneachar a ghiniúint, d’fhéadfadh siad rioscaí sonracha a chothú maidir le pearsanú nó meabhlaireacht gan beann ar cé acu a bhfuil siad incháilithe mar ardriosca nó nach bhfuil. In imthosca áirithe, b a cheart, dá bhrí sin, úsáid na gcóras sin a bheith faoi réir oibleagáidí sonracha trédhearcachta gan dochar do na ceanglais agus na hoibleagáidí le haghaidh córas intleachta saorga ardriosca. Go sonrach, ba cheart a chur in iúl do dhaoine nádúrtha go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga , ach amháin má tá an méid sin soiléir ó imthosca agus comhthéacs na húsáide . Thairis sin, ba cheart a chur in iúl do dhaoine nádúrtha nuair atá siad neamhchosanta ar chóras aitheanta mothúcháin nó ar chóras catagóirithe bhithmhéadraigh. Ba cheart an fhaisnéis agus na fógraí sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Thairis sin, maidir le húsáideoirí a úsáideann córas intleachta saorga chun inneachar íomhá, fuaime nó físe a ghiniúint nó a láimhsiú atá an-chosúil le daoine, áiteanna nó imeachtaí atá ann cheana agus a mbeadh an chuma bhréige air do dhuine go bhfuil sé barántúil, ba cheart dóibh a nochtadh gur cruthaíodh nó gur láimhsíodh an t-inneachar go saorga trí aschur na hintleachta saorga a lipéadú dá réir sin agus a thionscnamh saorga a nochtadh.

Córais intleachta saorga áirithe atá beartaithe le hidirghníomhú le daoine nádúrtha nó le hinneachar a ghiniúint, d’fhéadfadh siad rioscaí sonracha a chothú maidir le pearsanú nó meabhlaireacht gan beann ar cé acu a bhfuil siad incháilithe mar ardriosca nó nach bhfuil. B a cheart, dá bhrí sin, úsáid na gcóras sin a bheith faoi réir oibleagáidí sonracha trédhearcachta gan dochar do na ceanglais agus na hoibleagáidí le haghaidh córas intleachta saorga ardriosca. Go sonrach, ba cheart a chur in iúl go córasach do dhaoine nádúrtha go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga. Thairis sin, ba cheart a chur in iúl do dhaoine nádúrtha nuair atá siad neamhchosanta ar chóras aitheanta mothúcháin nó ar chóras catagóirithe bhithmhéadraigh. Ba cheart an fhaisnéis agus na fógraí sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Thairis sin, maidir le húsáideoirí a úsáideann córas intleachta saorga chun inneachar íomhá, fuaime nó físe a ghiniúint nó a láimhsiú atá an-chosúil le daoine, áiteanna nó imeachtaí atá ann cheana agus a mbeadh an chuma bhréige air do dhuine go bhfuil sé barántúil, ba cheart dóibh a nochtadh gur cruthaíodh nó gur láimhsíodh an t-inneachar go saorga trí aschur na hintleachta saorga a lipéadú dá réir sin agus a thionscnamh saorga a nochtadh.

Cúis

Agus daoine nádúrtha ag idirghníomhú le córais intleachta saorga, níor cheart aon eisceacht a bheith ann ón gceanglas maidir le trédhearcacht agus fógra a thabhairt.

Leasú 12

Aithris 76

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Chun cur chun feidhme rianúil éifeachtach agus comhchuibhithe an Rialacháin seo a éascú, ba cheart Bord Eorpach um Intleacht Shaorga a bhunú. Ba cheart don Bhord a bheith freagrach as roinnt cúraimí comhairleacha, lena n-áirítear tuairimí, moltaí, comhairle nó treoir a thabhairt maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann cheana i dtaca leis na ceanglais a bhunaítear sa Rialachán seo agus comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le ceisteanna áirithe a bhaineann leis an intleacht shaorga.

Chun cur chun feidhme rianúil éifeachtach agus comhchuibhithe an Rialacháin seo a éascú, ba cheart Bord Eorpach um Intleacht Shaorga a bhunú. Ba cheart don Bhord a bheith freagrach as roinnt cúraimí comhairleacha, lena n-áirítear tuairimí, moltaí, comhairle nó treoir a thabhairt maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann cheana i dtaca leis na ceanglais a bhunaítear sa Rialachán seo agus comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le ceisteanna áirithe a bhaineann leis an intleacht shaorga. Ba cheart do chomhaltaí an Bhoird Eorpaigh um Intleacht Shaorga leasanna shochaí na hEorpa a léiriú. Ba cheart don Bhord a bheith cothrom ó thaobh inscne de.

Cúis

Ba cheart don Bhord Eorpach um Intleacht Shaorga leasanna ginearálta shochaí na hEorpa a léiriú go cuí. Ar na leasanna sin tá cearta an duine, an aeráid agus úsáid réasúnach fuinnimh na gcóras intleachta saorga, an tsábháilteacht, an cuimsiú sóisialta, an tsláinte, etc. Tá an chothromaíocht inscne ina réamhchoinníoll maidir leis an éagsúlacht agus tuairimí á n-eisiúint, treoirlínte á ndréachtú, etc.

Leasú 13

Aithris 77

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Tá ról lárnach ag na Ballstáit ó thaobh an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ina thaobh sin, ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Chun éifeachtúlacht eagraíochta na mBallstát a fheabhsú agus chun pointe aonair teagmhála a shocrú i leith an phobail agus comhpháirtithe eile ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, ba cheart údarás náisiúnta amháin a ainmniú i ngach Ballstát mar údarás maoirseachta náisiúnta.

Tá ról lárnach ag na Ballstáit ó thaobh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ina thaobh sin, ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Chun éifeachtúlacht eagraíochta na mBallstát a fheabhsú agus chun pointe aonair teagmhála a shocrú i leith an phobail agus comhpháirtithe eile ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, ba cheart údarás náisiúnta amháin a ainmniú i ngach Ballstát mar údarás maoirseachta náisiúnta. Tabharfar cúraimí maoirseachta nó forfheidhmithe do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcás ina measfaidh an Ballstát gurb iomchuí sin.

Cúis

D’fhonn a áirithiú gur féidir an Rialachán agus an creat maoirseachta agus forfheidhmithe a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Bhallstát cúraimí maoirseachta nó forfheidhmithe a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcás inar gá agus nuair is féidir.

Leasú 14

Aithris 79

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Chun a áirithiú go ndéantar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú go hiomchuí agus go héifeachtach, ar reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais í, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíontacht táirgí, ina iomláine, a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/1020. I gcás inar gá le haghaidh a sainordaithe, ba cheart d’údaráis náisiúnta phoiblí nó comhlachtaí náisiúnta poiblí, a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais, rochtain a bheith acu ar aon doiciméadacht a chruthaítear faoin Rialachán seo.

Chun a áirithiú go ndéantar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú go hiomchuí agus go héifeachtach, ar reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais í, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíontacht táirgí, ina iomláine, a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/1020. I gcás inar gá le haghaidh a sainordaithe, ba cheart d’údaráis nó comhlachtaí náisiúnta poiblí agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis nó comhlachtaí áitiúla nó réigiúnacha , a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais, rochtain a bheith acu ar aon doiciméadacht a chruthaítear faoin Rialachán seo.

Cúis

Cuirtear san áireamh sa leasú seo na struchtúir éagsúla rialachais i mBallstáit an Aontais.

Leasú 15

Aithris 83

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Chun comhar iontaofa cuiditheach a áirithiú idir na húdaráis inniúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht faisnéise agus sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu a urramú.

Chun comhar iontaofa cuiditheach a áirithiú idir na húdaráis inniúla ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal náisiúnta , réigiúnach agus áitiúil , ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht faisnéise agus sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu a urramú.

Cúis

Cuirtear san áireamh sa leasú seo na struchtúir éagsúla rialachais i mBallstáit an Aontais.

Leasú 16

TEIDEAL I, Airteagal 3(1) – Sainmhínithe

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

ciallaíonn “córas intleachta saorga” (córas IS) bogearraí a fhorbraítear de réir ceann amháin nó níos mó de na teicnící agus cur chuige a liostaítear in Iarscríbhinn I, bogearraí is féidir aschuir a ghiniúint amhail ábhar, tuartha, moltaí nó cinntí a imríonn tionchar ar na timpeallachtaí lena n-idirghníomhaíonn siad, le haghaidh sraith áirithe cuspóirí arna sainiú ag an duine;

ciallaíonn “córas intleachta saorga” (córas IS) bogearraí a fhorbraítear de réir ceann amháin nó níos mó de na teicnící agus cuir chuige a liostaítear (go neamh-uileghabhálach) in Iarscríbhinn I , agus atá nasctha le cleachtais shóisialta, féiniúlacht agus cúltúr , bogearraí is féidir aschuir a ghiniúint amhail ábhar, tuartha, moltaí nó cinntí a imríonn tionchar ar na timpeallachtaí lena n-idirghníomhaíonn siad, le haghaidh sraith áirithe cuspóirí arna sainiú ag an duine tríd an timpeallacht ina bhfuil sé a scrúdú trí bhíthin sonraí a bhailiú, na sonraí struchtúrtha nó neamhstruchtúrtha a bailíodh a léirmhíniú, eolas a bhainistiú, nó an fhaisnéis a fhaightear ó na sonraí sin a phróiseáil ;

Cúis

Is éard atá i gcóras intleachta saorga meascán de ghnéithe teicniúla lena nasctar sonraí, algartaim agus ríomhchumhacht le cleachtais shóisialta, leis an tsochaí, le féiniúlacht agus le cultúr. Ba cheart, dá bhrí sin, don sainmhíniú ar chomhiomlán síorathraitheach sochtheicniúil den sórt sin an aimsir a sheasamh agus ba cheart é a nuashonrú go rialta chun tionchar méadaitheach na hintleachta saorga ar an tsochaí a léiriú go cruinn, agus dúshláin agus deiseanna a bhaineann leis an intleacht shaorga a bhíonn ag síorathrú a shainaithint, lena n-áirítear an nasc idir bainistiú eolais agus an intleacht shaorga. Sa chomhthéacs seo, ba cheart algartam a forbraíodh as algartam eile a bheith faoi réir an Rialacháin freisin.

Leasú 17

Airteagal 5(1)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Toirmeascfar ar na cleachtais intleachta saorga seo a leanas:

Toirmeascfar ar na cleachtais intleachta saorga seo a leanas:

(a)

córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a gcuirtear teicnící fothairseachúla in úsáid nach bhfuil fios ag an duine orthu chun iompar an duine a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

(a)

córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é in a gcuirtear teicnící fothairseachúla in úsáid nach bhfuil fios ag an duine orthu chun iompar an duine a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin , a sháraíonn nó ar dócha go sáróidh sé cearta bunúsacha duine eile nó grúpa daoine, lena n-áirítear a sláinte agus sábháilteacht fhisiciúil nó shíceolaíoch, a bhfuil nó ar dócha go mbeidh éifeacht dhochrach aige ar thomhaltóirí, lena n-áirítear caillteanas airgid nó idirdhealú eacnamaíoch, nó a bhaineann an bonn, nó ar dócha go mbainfidh sé an bonn, ón daonlathas agus ón smacht reachta ;

(b)

córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a théann i dtír ar aon cheann de leochaileachtaí atá ag grúpa sonrach daoine i ngeall ar a n-aois, ar a míchumas fisiciúil nó meabhrach, d’fhonn iompar duine a bhaineann leis an ngrúpa sin a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

(b)

córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a théann i dtír ar aon cheann de leochaileachtaí atá ag grúpa sonrach daoine i ngeall ar a n-aois, ar a míchumas fisiciúil nó meabhrach, d’fhonn iompar duine a bhaineann leis an ngrúpa sin a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;

(c)

maidir le córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid ag údaráis phoiblí nó é sin thar a gceann chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht daoine nádúrtha nó chun é a aicmiú thar thréimhse áirithe ama bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta ar eolas nó tuartha, agus an scór sóisialta as a dtiocfaidh ceachtar díobh seo a leanas nó an dá cheann díobh seo a leanas:

(i)

cóir dhíobhálach nó neamhfhabhrach a dhéanamh le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí iomlána díobh i gcomhthéacsanna sóisialta nach mbaineann leis na comhthéacsanna inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach;

(ii)

cóir dhíobhálach nó neamhfhabhrach a dhéanamh le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí iomlána díobh nach bhfuil bonn cirt léi nó atá díréireach lena n-iompraíocht shóisialta lena thromchúis atá sí;

(c)

maidir le córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid ag údaráis phoiblí nó é sin thar a gceann chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht daoine nádúrtha nó grúpaí daoine nó chun é a aicmiú thar thréimhse áirithe ama bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta ar eolas nó tuartha, as a dtiocfaidh scóráil shóisialta bunaithe ar an intleacht shaorga le haghaidh cuspóir ginearálta;

(d)

úsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin a mhéid agus atá géarghá le húsáid den sórt sin le haghaidh ceann de na cuspóirí seo a leanas:

(i)

cuardach spriocdhírithe ar íospartaigh shonracha coireachta a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear leanaí ar iarraidh;

(ii)

garbhagairt shonrach shubstaintiúil láithreach ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc;

(iii)

déantóir ciona choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle ([62]), nó duine atá faoi dhrochamhras ina leith, a bhrath, a logánú, a shainaithint nó a ionchúiseamh, ar cion is inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad agus mar a shainmhínítear i ndlí an Bhallstáit sin.

(d)

maidir le córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid ag údaráis phoiblí nó é sin thar a gceann, trí scóráil shóisialta bunaithe ar an intleacht shaorga a chur i bhfeidhm gan formhaoirseacht dhaonna le haghaidh cuspóirí sonracha, is é sin i gcomhthéacsanna sóisialta nach mbaineann leis na comhthéacsanna inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach, chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht daoine nádúrtha nó grúpaí daoine nó chun é a aicmiú thar thréimhse áirithe ama bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta ar eolas nó tuartha, leis an scór sóisialta as a dtiocfaidh cóir dhíobhálach nó neamhfhabhrach a dhéanamh le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí iomlána díobh nach bhfuil bonn cirt léi nó atá díréireach lena n-iompraíocht shóisialta nó le tromchúis na hiompraíochta sin;

 

(e)

úsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin a mhéid agus atá géarghá le húsáid den sórt sin le haghaidh ceann de na cuspóirí seo a leanas:

(i)

cuardach spriocdhírithe ar íospartaigh shonracha coireachta a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear leanaí ar iarraidh;

(ii)

garbhagairt shonrach shubstaintiúil láithreach ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc;

(iii)

déantóir ciona choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle ([62]), nó duine atá faoi dhrochamhras ina leith, a bhrath, a logánú, a shainaithint nó a ionchúiseamh, ar cion is inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad agus mar a shainmhínítear i ndlí an Bhallstáit sin.

Cúis

Is féidir le teicnící fothairseachúla, go ginearálta, an bonn a bhaint den tsaoirse, de chearta an duine agus, dá réir sin, d’fheidhmiú an smachta reachta dhaonlathaigh. Ag an am céanna, d’fhéadfadh an intleacht shaorga an bonn a bhaint de chearta tomhaltóirí. Is é an cuspóir leis an téacs breise ná an méid sin a shoiléiriú.

Maidir le haicmiú sóisialta a bheith in úsáid ag údaráis phoiblí nó thar a gceann, ba cheart toirmeasc a chur ar a leithéid más le haghaidh cuspóirí ginearálta atá sé, i bhfianaise na gcontúirtí a bhaineann le cleachtais den sórt sin, mar atá mínithe in Aithris 17. Níor cheart giniúint ná bailiú sonraí le haghaidh cuspóirí sonracha a cheadú ach amháin faoi fhormhaoirseacht dhaonna agus ar choinníoll nach sáraíonn sé an ceart chun dínite agus an ceart chun neamh-idirdhealú agus luachanna an chomhionannais agus an cheartais.

Leasú 18

Airteagal 5(4)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Féadfaidh Ballstát a chinneadh foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht úsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” a údarú go hiomlán nó i bpáirt i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a liostaítear i míreanna 1, pointe (d), 2 agus 3. Leagfaidh an Ballstát sin síos ina dhlí náisiúnta na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear i mír 3 a iarraidh, a eisiúint agus a fheidhmiú mar aon le maoirseacht a bhaineann leis na húdaruithe sin. Maidir leis na cuspóirí a liostaítear i mír 1, pointe (d), lena n-áirítear na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (iii) de, sonrófar sna rialacha sin freisin cé acu cuspóirí sin agus cé acu cionta sin a fhéadfar na húdaráis inniúla a údarú ina leith chun na córais sin a úsáid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí.

Féadfaidh Ballstát a chinneadh foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht úsáid cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” a údarú go hiomlán nó i bpáirt i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a liostaítear i míreanna 1, pointe (d), 2 agus 3. Leagfaidh an Ballstát sin síos ina dhlí náisiúnta na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear i mír 3 a iarraidh, a eisiúint agus a fheidhmiú mar aon le maoirseacht a bhaineann leis na húdaruithe sin. Maidir leis na cuspóirí a liostaítear i mír 1, pointe (d), lena n-áirítear na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (iii) de, sonrófar sna rialacha sin freisin cé acu cuspóirí sin agus cé acu cionta sin a fhéadfar na húdaráis inniúla a údarú ina leith chun na córais sin a úsáid chun críoch fhorfheidhmiú an dlí. Leagfar síos leis na rialacha sin na socruithe maidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena mbaineann a chur ar an eolas agus maidir leis an gcaoi le dul i gcomhairle leo. Rachfar i gcomhairle leo roimh aon úsáid eisceachtúil a bhainfear as na córais sin i spásanna poiblí. I gcásanna práinneacha nuair nach mbeadh sé réasúnach fanacht chun dul i gcomhairle leo roimh ré, cuirfear an t-údarás áitiúil nó réigiúnach lena mbaineann ar an eolas láithreach faoi úsáid an chleachtais ábhartha intleachta saorga.

Cúis

Is ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá an fhreagracht pholaitiúil agus riaracháin as na spásanna poiblí a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith in ann ionchur a sholáthar sula n-úsáidfear na cleachtais intleachta saorga sin agus ba cheart iad a chur ar an eolas go cuí maidir le haon úsáid eisceachtúil a bhainfí as na córais intleachta saorga chun an dlí a fhorfheidhmiú.

I gcásanna práinneacha nuair nach mbeadh sé réasúnach fanacht chun dul i gcomhairle leo roimh ré, cuirfear an t-údarás áitiúil nó réigiúnach lena mbaineann ar an eolas láithreach.

Leasú 19

Airteagal 13

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Airteagal 13 Trédhearcacht agus soláthar na faisnéise d’úsáideoirí

Airteagal 13a Trédhearcacht agus soláthar na faisnéise d’úsáideoirí

1.   Déanfar córais ardriosca intleachta saorga a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh a bhfeidhmiú trédhearcach go leor chun go mbeidh úsáideoirí in ann aschur an chórais a léirmhíniú agus é a úsáid mar is iomchuí. Áiritheofar cineál agus méid iomchuí trédhearcachta d’fhonn comhlíontacht an úsáideora agus an tsoláthraí lena n-oibleagáidí ábhartha a leagtar amach i gCaibidil 3 den Teideal seo.

1.   Déanfar córais ardriosca intleachta saorga a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh a bhfeidhmiú trédhearcach go leor chun go mbeidh úsáideoirí in ann aschur an chórais a léirmhíniú agus é a úsáid mar is iomchuí. Áiritheofar cineál agus méid iomchuí trédhearcachta agus míniú sothuigthe d’fhonn comhlíontacht an úsáideora agus an tsoláthraí lena n-oibleagáidí ábhartha a leagtar amach i gCaibidil 3 den Teideal seo. Cuirfear an míniú sin ar fáil ar a laghad i dteanga na tíre ina bhfuil an córas intleachta saorga in úsáid.

2.   Beidh treoracha úsáide ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca i bhformáid dhigiteach iomchuí nó ar bhealach eile lena n-áireofar faisnéis ghonta, iomlán, cheart agus shoiléir a bheidh ábhartha, inrochtana agus sothuigthe d’úsáideoirí.

2.   Beidh treoracha úsáide inrochtana agus sothuigthe ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca i bhformáid dhigiteach iomchuí nó ar bhealach eile lena n-áireofar faisnéis ghonta, iomlán, cheart agus shoiléir a bheidh ábhartha, inrochtana agus sothuigthe d’úsáideoirí.

3.   Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, sonrófar an méid seo a leanas:

3.   Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

céannacht agus sonraí teagmhála an oibreora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí údaraithe an oibreora;

(a)

céannacht agus sonraí teagmhála an oibreora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí údaraithe an oibreora;

(b)

saintréithe, inniúlachtaí agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(b)

saintréithe, inniúlachtaí agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

 

(i)

an chríoch atá beartaithe dó;

 

(i)

an chríoch atá beartaithe dó;

 

(ii)

an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 15, a ndearnadh an córas intleachta saorga ardriosca a thástáil agus a bhailíochtú ina leith agus ar féidir a bheith ag súil leis, agus aon imthosca atá ar eolas agus intuartha a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a mheastar a bheith ann;

 

(ii)

an leibhéal cruinnis (arna shloinneadh de réir an scála tomhais ábhartha maidir le samhlacha a mheas) , stóinseachta agus cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 15, a ndearnadh an córas intleachta saorga ardriosca a thástáil agus a bhailíochtú ina leith agus ar féidir a bheith ag súil leis, agus aon imthosca atá ar eolas agus intuartha a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a mheastar a bheith ann;

 

(iii)

aon imthosca atá ar eolas nó intuartha, a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha, a bhféadfadh rioscaí a bheith ann mar thoradh air don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó do chearta bunúsacha;

 

(iii)

aon imthosca atá ar eolas nó intuartha, a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha, a bhféadfadh rioscaí a bheith ann mar thoradh air don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó do chearta bunúsacha;

 

(iv)

feidhmíocht an chórais a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí daoine a mbeartaítear an córas a úsáid orthu;

 

(iv)

feidhmíocht an chórais a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí daoine a mbeartaítear an córas a úsáid orthu;

 

(v)

nuair is iomchuí, sonraíochtaí le haghaidh na sonraí ionchuir, nó le haghaidh aon fhaisnéis ábhartha eile i dtéarmaí na dtacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála arna n-úsáid, agus an chríoch atá beartaithe don chóras intleacht shaorga á cur san áireamh.

 

(v)

nuair is iomchuí, sonraíochtaí le haghaidh na sonraí ionchuir, nó le haghaidh aon fhaisnéis ábhartha eile i dtéarmaí na dtacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála arna n-úsáid, agus an chríoch atá beartaithe don chóras intleacht shaorga á cur san áireamh.

(vi)

na paraiméadair a úsáideadh chun an tsamhail agus na bearta arna ndéanamh a chur in oiriúint d’fhonn ró-oiriúnú agus tearc-oiriúnú a chosc.

(c)

na hathruithe ar an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a fheidhmíocht arna réamhchinntiú ag an soláthraí tráth an mheasúnaithe comhréireachta tosaigh, más ann dó;

(c)

na hathruithe ar an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a fheidhmíocht arna réamhchinntiú ag an soláthraí tráth an mheasúnaithe comhréireachta tosaigh, más ann dó;

(d)

na bearta formhaoirseachta daonna dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear na bearta teicniúla arna gcur i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-úsáideoirí ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú;

(d)

na bearta formhaoirseachta daonna dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear na bearta teicniúla arna gcur i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-úsáideoirí ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú;

(e)

saolré ionchasach an chórais intleachta saorga ardriosca agus aon bhearta cothabhála agus cúraim is gá chun feidhmiú cuí an chórais intleachta saorga sin a áirithiú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le nuashonruithe bogearraí.

(e)

saolré ionchasach an chórais intleachta saorga ardriosca agus aon bhearta cothabhála agus cúraim is gá chun feidhmiú cuí an chórais intleachta saorga sin a áirithiú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le nuashonruithe bogearraí.

 

13b – Trédhearcacht agus faisnéis do dhaoine a ndéanfar difear dóibh

Daoine nó grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe córais ardriosca intleachta saorga a úsáid maidir leo, cuirfear ar an eolas iad ar bhealach atá iomchuí, so-rochtana agus sothuigthe, agus beidh rochtain acu ar fhaisnéis fhollasach sho-rochtana atá ar fáil go poiblí ina mínítear an úsáid sin.

Cúis

Chun éiceachóras na hiontaoibhe a neartú, ba cheart na treoracha úsáide maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheith so-rochtana agus ar fáil go poiblí. Ba cheart na treoracha sin a bheith scríofa i dteanga de chuid na tíre ina n-úsáidfear an córas intleachta saorga, agus iad a bheith sothuigthe don léitheoir.

Ar mhaithe le trédhearcacht agus “inmhínitheacht” na n-algartam, ba cheart a bheith in ann míniú a thabhairt ar na paraiméadair a úsáideadh chun an tsamhail a chur in oiriúint agus ar na bearta a rinneadh d’fhonn ró-oiriúnú agus tearc-oiriúnú a chosc.

Is é a leagtar síos le hAirteagal 13b oibleagáid maidir le trédhearcacht agus faisnéis i leith daoine a idirghníomhaíonn leis an gcóras intleachta saorga nó a bhféadfadh córas intleachta saorga difear a dhéanamh dóibh.

Leasú 20

Airteagal 14(4)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Trí na bearta dá dtagraítear i mír 3, maidir leis na daoine aonair a mbeidh formhaoirseacht dhaonna sannta dóibh, beidh siad in ann an méid seo a leanas a dhéanamh de réir mar is iomchuí sna himthosca:

Trí na bearta dá dtagraítear i mír 3, maidir leis na daoine aonair a mbeidh formhaoirseacht dhaonna sannta dóibh, beidh siad in ann an méid seo a leanas a dhéanamh de réir mar is iomchuí sna himthosca:

(a)

tuiscint iomlán a fháil ar inniúlachtaí agus ar theorainneacha an chórais intleachta saorga ardriosca agus a bheith in ann faireachán cuí a dhéanamh ar oibriú an chórais sin, sa chaoi go mbeifear in ann aimhrialtachtaí, mífheidhmithe agus feidhmíocht gan choinne a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu a luaithe is féidir;

(a)

tuiscint iomlán a fháil ar inniúlachtaí agus ar theorainneacha an chórais intleachta saorga ardriosca agus a bheith in ann faireachán cuí a dhéanamh ar oibriú an chórais sin, sa chaoi go mbeifear in ann aimhrialtachtaí, mífheidhmithe agus feidhmíocht gan choinne a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu a luaithe is féidir;

(b)

a bheith ar an eolas i gcónaí faoin gclaonadh a d’fhéadfadh a bheith ann brath go huathoibríoch ar an aschur arna tháirgeadh ag córas intleachta saorga lena mbaineann riosca ard (“claontacht uathoibrithe”), go háirithe i gcás córas intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun faisnéis nó moltaí a chur ar fáil do chinntí a bheidh le déanamh ag daoine nádúrtha;

(b)

a bheith ar an eolas i gcónaí faoin gclaonadh a d’fhéadfadh a bheith ann brath go huathoibríoch ar an aschur arna tháirgeadh ag córas intleachta saorga lena mbaineann riosca ard (“claontacht uathoibrithe”) agus faoi gach cineál eile claontachta , go háirithe i gcás córas intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun faisnéis nó moltaí a chur ar fáil do chinntí a bheidh le déanamh ag daoine nádúrtha;

(c)

a bheith in ann aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a léirmhíniú i gceart, agus saintréithe an chórais agus na huirlisí agus na modhanna ateangaireachta atá ar fáil á gcur san áireamh go háirithe;

(c)

a bheith in ann aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a léirmhíniú i gceart, agus saintréithe an chórais agus na huirlisí agus na modhanna ateangaireachta atá ar fáil á gcur san áireamh go háirithe;

(d)

a bheith in ann a chinneadh, in aon chás ar leith, gan úsáid a bhaint as an gcóras intleachta saorga ardriosca nó gan neamhaird a dhéanamh ar aon slí eile, aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a shárú nó a aisiompú;

(d)

a bheith in ann a chinneadh, in aon chás ar leith, gan úsáid a bhaint as an gcóras intleachta saorga ardriosca nó gan neamhaird a dhéanamh ar aon slí eile, aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a shárú nó a aisiompú;

(e)

a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais intleachta saorga ardriosca nó an córas a idirbhriseadh trí chnaipe “stad” nó trí nós imeachta eile den chineál sin.

(e)

a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais intleachta saorga ardriosca nó an córas a idirbhriseadh trí chnaipe “stad” nó trí nós imeachta eile den chineál sin.

Cúis

Tá cineálacha éagsúla claontachta a d’fhéadfadh fadhbanna a chruthú. Ar shamplaí díobh tá claontacht an dearthóra nó an úsáideora féin (claontacht shóisialta), claontacht maidir lenar réiteach oiriúnach ar an bhfadhb atá sa chóras intleachta saorga atá in úsáid (claontacht theicniúil) agus claontachtaí de chineál staidrimh.

Leasú 21

Airteagal 14 – mír nua le cur isteach i ndiaidh mhír 5

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

 

Aon chinneadh arna dhéanamh ag córais intleachta saorga de réir an méid dá dtagraítear in Iarscríbhinn III(5)(a) agus (b), beidh sé faoi réir idirghabháil ón duine agus beidh sé bunaithe ar dhianphróiseas cinnteoireachta. Ráthófar rannpháirtíocht an duine sna cinntí sin.

Cúis

Níl i gceist in Airteagal 14 ach formhaoirseacht dhaonna ar na córais intleachta saorga ardriosca. I gcás cinntí rialtais, tá sé tábhachtach a chur i bhfáth nach mór idirghabháil ón duine, teagmháil an duine agus urramú na nósanna imeachta a áirithiú.

Leasú 22

Airteagal 17(1) – pointí nua le cur isteach i ndiaidh phointe (m)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca córas bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Déanfar an córas sin a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus in ord, i bhfoirm beartais, nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn, agus beidh, ar laghad, na gnéithe seo a leanas san áireamh leis sin:

Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca córas bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Déanfar an córas sin a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus in ord, i bhfoirm beartais, nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn, agus beidh, ar laghad, na gnéithe seo a leanas san áireamh leis sin:

(a)

straitéis maidir le comhlíonadh rialála, lena n-áirítear comhlíonadh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na nósanna imeachta chun modhnuithe ar na córais intleachta saorga a bhainistiú;

(a)

straitéis maidir le comhlíonadh rialála, lena n-áirítear comhlíonadh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na nósanna imeachta chun modhnuithe ar na córais intleachta saorga a bhainistiú;

(b)

teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le dearadh, rialú deartha agus fíorú deartha an chórais intleachta saorga ardriosca;

(b)

teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le dearadh, rialú deartha agus fíorú deartha an chórais intleachta saorga ardriosca;

(c)

teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le forbairt, rialú cáilíochta agus dearbhú cáilíochta an chórais intleachta saorga ardriosca;

(c)

teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le forbairt, rialú cáilíochta agus dearbhú cáilíochta an chórais intleachta saorga ardriosca;

(d)

nósanna imeachta iniúchóireachta, scrúdaithe agus bailíochtaithe atá le déanamh roimh an gcóras intleachta saorga ardriosca a fhorbairt, lena linn agus ina dhiaidh, agus a mhinice is gá iad a dhéanamh;

(d)

nósanna imeachta iniúchóireachta, scrúdaithe agus bailíochtaithe atá le déanamh roimh an gcóras intleachta saorga ardriosca a fhorbairt, lena linn agus ina dhiaidh, agus a mhinice is gá iad a dhéanamh;

(e)

sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear caighdeáin, atá le cur i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm ina n-iomláine, na modhanna atá le húsáid chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo;

(e)

sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear caighdeáin, atá le cur i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm ina n-iomláine, na modhanna atá le húsáid chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo;

(f)

córais agus nósanna imeachta um bainistíocht sonraí, lena n-áirítear bailiú sonraí, anailísíocht sonraí, lipéadú sonraí, stóráil sonraí, scagadh sonraí, mianadóireacht sonraí, comhiomlánú sonraí, coinneáil sonraí agus aon oibríocht eile maidir leis na sonraí a fheidhmítear roimh chórais ardriosca intleachta saorga a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse agus chun na gcríoch sin;

(f)

córais agus nósanna imeachta um bainistíocht sonraí, lena n-áirítear bailiú sonraí, anailísíocht sonraí, lipéadú sonraí, stóráil sonraí, scagadh sonraí, mianadóireacht sonraí, comhiomlánú sonraí, coinneáil sonraí agus aon oibríocht eile maidir leis na sonraí a fheidhmítear roimh chórais ardriosca intleachta saorga a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse agus chun na gcríoch sin;

(g)

an córas bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9;

(g)

an córas bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9;

(h)

córas faireacháin iarmhargaidh a chur ar bun, a chur chun feidhme agus a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 61;

(h)

córas faireacháin iarmhargaidh a chur ar bun, a chur chun feidhme agus a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 61;

(i)

nósanna imeachta a bhaineann le teagmhais thromchúiseacha agus mífheidhmiú a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 62;

(i)

nósanna imeachta a bhaineann le teagmhais thromchúiseacha agus mífheidhmiú a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 62;

(j)

cumarsáid le húdaráis inniúla náisiúnta, le húdaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis earnála, a láimhseáil, trí rochtain a thabhairt ar shonraí nó trí thacú léi, le comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh, le hoibreoirí eile, le custaiméirí nó le páirtithe leasmhara eile;

(j)

cumarsáid le húdaráis inniúla náisiúnta, le húdaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis earnála, a láimhseáil, trí rochtain a thabhairt ar shonraí nó trí thacú léi, le comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh, le hoibreoirí eile, le custaiméirí nó le páirtithe leasmhara eile;

(k)

córais agus nósanna imeachta maidir le taifid a choimeád ar gach doiciméad agus faisnéis ábhartha;

(k)

córais agus nósanna imeachta maidir le taifid a choimeád ar gach doiciméad agus faisnéis ábhartha;

(l)

bainistiú acmhainní, lena n-áirítear bearta a bhaineann le slándáil an tsoláthair;

(l)

bainistiú acmhainní, lena n-áirítear bearta a bhaineann le slándáil an tsoláthair;

(m)

creat cuntasachta lena leagtar amach freagrachtaí na bainistíochta agus na foirne eile maidir le gach gné a liostaítear sa mhír seo.

(m)

creat cuntasachta lena leagtar amach freagrachtaí na bainistíochta agus na foirne eile maidir le gach gné a liostaítear sa mhír seo;

 

(n)

bearta chun idirdhealú gan chúis atá bunaithe ar ghnéas, bunadh eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, nó ar aon fhoras eile, a chosc;

(o)

míniú ar an gcaoi ar cuireadh saincheisteanna eiticiúla san áireamh agus an córas intleachta saorga ardriosca á dhearadh.

Cúis

Cuirtear i bhfios go láidir leis an téacs breise seo gur cheart go mbeadh an chuimsitheacht agus an comhrac i gcoinne idirdhealú gan chúis ina ngnéithe tábhachtacha den chóras cáilíochta.

Ba cheart don chóras déanamh de réir na luachanna eiticiúla is mian le húsáideoir an chórais intleachta saorga a bhunú le haghaidh an chórais sin nó a bhféadfadh an soláthraí glacadh leis go réasúnach go mbunófaí iad maidir le córas intleachta saorga ardriosca. Is gá don soláthraí a bheith in ann a mhíniú conas a cuireadh an méid sin san áireamh.

Leasú 23

Airteagal 19(1)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar a gcórais i gcomhréir le hAirteagal 43 sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. I gcás inar léiríodh comhlíontacht na gcóras intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo tar éis an mheasúnaithe comhréireachta sin, tarraingeoidh na soláthraithe suas dearbhú comhréireachta AE i gcomhréir le hAirteagal 48 agus déanfaidh siad an mharcáil comhréireachta CE a ghreamú de i gcomhréir le hAirteagal 49.

Déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar a gcórais i gcomhréir le hAirteagal 43 sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. I gcás inar léiríodh comhlíontacht na gcóras intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 2 den Teideal seo tar éis an mheasúnaithe comhréireachta sin, tarraingeoidh na soláthraithe suas dearbhú comhréireachta AE i gcomhréir le hAirteagal 48 agus déanfaidh siad an mharcáil comhréireachta CE a ghreamú de i gcomhréir le hAirteagal 49. Déanfaidh soláthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca dearbhú comhréireachta AE maille le hachoimre ar an measúnú comhréireachta a fhoilsiú in áit atá inrochtana don phobal.

Cúis

D’fhonn an iontaoibh as na córais intleachta saorga a neartú, ní mór do sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca a bheith trédhearcach. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an pobal in ann a sheiceáil go ndearnadh an measúnú comhréireachta mar is ceart i gcomhréir le rialacha an Rialacháin.

Leasú 24

Airteagal 29, mír nua le cur isteach i ndiaidh mhír 6

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

 

Beidh úsáideoirí córas intleachta saorga ardriosca freagrach as measúnú eiticiúil a dhéanamh sula gcuirfear an córas in úsáid. Beidh siad in ann míniú a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid na teicneolaíochta sin ar dhaoine agus ar an tsochaí. Sonróidh siad an chríoch atá beartaithe acu maidir le húsáid an chórais intleachta saorga, na luachanna uileghabhálacha, an chaoi a ndearnadh na luachanna sin a ualú agus cibé a cuireadh nó nár cuireadh chun feidhme iad sa chóras. Déanfaidh siad measúnú ar thionchar iarbhír an chórais ar dhaoine agus ar an tsochaí feadh shaolré an chórais intleachta saorga.

Cúis

Is coincheap leathan atá san eitic. Is féidir eitic na teicneolaíochta a chleachtadh ar an iliomad bealach, bainfeadh sin leis na bunúis theoiriciúla nó leis na modheolaíochtaí, uirlisí agus luachanna deartha praiticiúla. Cuireann daoine áirithe agus grúpaí daoine áirithe an-bhéim ar luachanna, bídís ina luachanna sonracha nó ina luachanna coincheapúla. Tá sé tábhachtach an réimse luachanna morálta a d’fhéadfaí a chur chun feidhme a chaomhnú agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar shaolré an chórais intleachta saorga.

Leasú 25

Airteagal 52(1)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha idirghníomhú le daoine nádúrtha, áiritheoidh soláthraithe go ndéanfar na córais sin a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach a chuirfidh daoine nádúrtha ar an eolas go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga , ach amháin más léir sin ó na himthosca agus ó chomhthéacs na húsáide . Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga arna n-údarú leis an dlí cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ach amháin má bhíonn na córais sin ar fáil don phobal chun cion coiriúil a thuairisciú.

Maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha idirghníomhú le daoine nádúrtha, áiritheoidh soláthraithe go ndéanfar na córais sin a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach a chuirfidh daoine nádúrtha ar an eolas go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga arna n-údarú leis an dlí cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ach amháin má bhíonn na córais sin ar fáil don phobal chun cion coiriúil a thuairisciú. Ní bheidh réimse roghanna ná seasamh dlíthiúil na ndaoine nádúrtha a idirghníomhaíonn le córais intleachta saorga teoranta de thoradh na hidirghníomhaíochta sin.

Cúis

I gcás ina n-úsáidfí uirlisí teicneolaíochta mar mheán idirghníomhaithe le daoine nádúrtha, d’fhéadfadh sé go mbeadh an baol ann go gcuirfí teorainn leis na roghanna a dhéanfadh na daoine nádúrtha atá ag idirghníomhú leis na huirlisí sin. Ba cheart daoine nádúrtha a chur ar an eolas go cuí i gcónaí nuair a bhíonn teagmháil acu le córais intleachta saorga agus níor cheart é sin a bheith faoi réir tuiscint a fháil ar chás ar leith. Ba cheart cearta daoine nádúrtha a ráthú i gcónaí agus iad ag idirghníomhú le córais intleachta saorga.

Leasú 26

Airteagal 57(1)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Is éard a bheidh sa Bhord na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, a ndéanfaidh ceann an údaráis sin nó oifigeach ardleibhéil coibhéiseach de chuid an údaráis sin ionadaíocht orthu, agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Féadfar cuireadh a thabhairt d’údaráis náisiúnta eile le freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo.

Is éard a bheidh sa Bhord na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, a ndéanfaidh ceann an údaráis sin nó oifigeach ardleibhéil coibhéiseach de chuid an údaráis sin ionadaíocht orthu, agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Féadfar cuireadh a thabhairt d’údaráis náisiúnta , réigiúnacha agus áitiúla eile le freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo.

Cúis

Ba cheart an deis a bheith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha páirt a ghlacadh san fhaireachán a dhéantar ar chórais intleachta saorga agus tuairisciú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil.

Leasú 27

Airteagal 58

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Le linn dó comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún i gcomhthéacs Airteagal 56(2), déanfaidh an Bord an méid seo a leanas go háirithe:

Le linn dó comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún i gcomhthéacs Airteagal 56(2), déanfaidh an Bord an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

saineolas agus dea-chleachtais a bhailiú agus a roinnt idir na Ballstáit;

(a)

saineolas agus dea-chleachtais a bhailiú agus a roinnt idir na Ballstáit , agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha ;

(b)

rannchuidiú le cleachtais riaracháin aonfhoirmeacha sna Ballstáit, lena n-áirítear le haghaidh feidhmiú na mboscaí gainimh rialála dá dtagraítear in Airteagal 53;

(b)

rannchuidiú le cleachtais riaracháin aonfhoirmeacha sna Ballstáit, lena n-áirítear le haghaidh feidhmiú na mboscaí gainimh rialála dá dtagraítear in Airteagal 53;

(c)

tuairimí, moltaí nó aighneachtaí i scríbhinn a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas

(c)

tuairimí, moltaí nó aighneachtaí i scríbhinn a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas

 

(i)

sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann faoi láthair i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2,

(ii)

caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 a úsáid,

(iii)

doiciméid treorach a ullmhú, lena n-áirítear na treoirlínte maidir le fíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 71 a shocrú.

 

(i)

sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann faoi láthair i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil 2,

(ii)

caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 a úsáid,

(iii)

doiciméid treorach a ullmhú, lena n-áirítear na treoirlínte maidir le fíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 71 a shocrú.

Cúis

Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is gaire don phobal áitiúil agus do na geilleagair áitiúla. Ba cheart dóibh a bheith san áireamh go follasach a fhad a bhaineann sé leis an eolas atá acu a roinnt.

Leasú 28

Airteagal 59(1)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát údaráis inniúla náisiúnta chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú. Eagrófar údarás inniúil náisiúnta sa chaoi go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a gcuid gníomhaíochtaí agus cúraimí.

Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát údaráis inniúla náisiúnta chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú. Eagrófar údarás inniúil náisiúnta sa chaoi go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a gcuid gníomhaíochtaí agus cúraimí. Tabharfar de chumhacht do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cúraimí maoirseachta nó forfheidhmithe a chur i gcrích i gcás ina measfaidh an Ballstát gurb iomchuí sin.

Cúis

D’fhonn a áirithiú gur féidir an Rialachán agus an creat maoirseachta agus forfheidhmithe a chur i bhfeidhm, ba cheart don Bhallstát a bheith in ann an chumhacht a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcás inar gá agus nuair is féidir, cúraimí maoirseachta nó forfheidhmithe a chur i gcrích. Sa chomhthéacs sin, ní mór tacaíocht agus oiliúint a chur ar fháil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le go mbeidh lánchumhacht acu cúraimí maoirseachta nó forfheidhmithe a chur i gcrích.

Leasú 29

Airteagal 69(3)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Féadfaidh soláthraithe aonair córas intleachta saorga, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, nó iad araon, cóid iompair a tharraingt suas, lena n-áirítear i dteannta rannpháirtíocht úsáideoirí agus aon pháirtí leasmhar agus a eagraíocht ionadaíoch. Féadfar córas intleachta saorga amháin nó níos mó a chumhdach le cóid iompair, agus aird á tabhairt ar chosúlacht chuspóir beartaithe na gcóras ábhartha.

Féadfaidh údaráis náisiúnta, áitiúla nó réigiúnacha, soláthraithe aonair córas intleachta saorga, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, nó iad araon, cóid iompair a tharraingt suas, lena n-áirítear i dteannta rannpháirtíocht úsáideoirí agus aon pháirtí leasmhar agus a eagraíocht ionadaíoch. Féadfar córas intleachta saorga amháin nó níos mó a chumhdach le cóid iompair, agus aird á tabhairt ar chosúlacht chuspóir beartaithe na gcóras ábhartha.

Cúis

Ba cheart an chumhacht dhlíthiúil a thabhairt do na húdaráis náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha cóid iompair a tharraingt suas maidir leis na córais intleachta saorga a d’fhorbair siad nó a úsáideann siad.

Leasú 30

IARSCRÍBHINN I – Teicnící agus cuir chuige intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 1

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

 

Ag féachaint do staid reatha na heolaíochta, áirítear san intleacht shaorga na teicnící agus na modhanna seo a leanas:

(a)

Cuir chuige meaisínfhoghlama, lena n-áirítear foghlaim faoi mhaoirseacht, foghlaim neamh-mhaoirsithe agus foghlaim trí atreisiúcháin, trí réimse modhanna lena n-áirítear an domhainfhoghlaim;

(a)

Cuir chuige meaisínfhoghlama, lena n-áirítear foghlaim faoi mhaoirseacht, foghlaim neamh-mhaoirsithe agus foghlaim trí atreisiúcháin, trí réimse modhanna lena n-áirítear an domhainfhoghlaim;

(b)

Cuir chuige loighicbhunaithe agus eolasbhunaithe, lena n-áirítear léiriú ar eolas, ríomhchlárú ionduchtach (loighciúil), bunachair eolais, innill infeiris agus asbhainte, córais réasúnaíochta agus shaineolacha (siombalach);

(b)

Cuir chuige loighicbhunaithe agus eolasbhunaithe, lena n-áirítear léiriú ar eolas, ríomhchlárú ionduchtach (loighciúil), bunachair eolais, innill infeiris agus asbhainte, córais réasúnaíochta agus shaineolacha (siombalach);

(c)

Cuir chuige staidrimh, meastachán Bayes, modhanna cuardaigh agus optamúcháin.

(c)

Cuir chuige staidrimh, meastachán Bayes, modhanna cuardaigh agus optamúcháin.

Cúis

Ba cheart don sainmhíniú agus an liosta de theicnící intleachta saorga an aimsir a sheasamh. Ní liosta uileghabhálach ba cheart a bheith sa liosta de theicnící agus cuir chuige shonracha a úsáidtear chun córais intleachta saorga a fhorbairt agus ba cheart an liosta sin a bheith bunaithe go soiléir ar an staid eolaíoch mar atá faoi láthair.

Leasú 31

Iarscríbhinn III, 1-5

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú ó CnaR

Is iad na córais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6(2) na córais intleachta saorga a liostaítear in aon cheann de na réimsí seo a leanas:

Is iad na córais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6(2) na córais intleachta saorga a liostaítear in aon cheann de na réimsí seo a leanas:

1.

Sainaithint bhithmhéadrach agus catagóiriú daoine nádúrtha:

1.

Sainaithint bhithmhéadrach agus catagóiriú daoine nádúrtha:

(a)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach “fíor-ama” agus “iar-aimseartha” daoine nádúrtha;

(a)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach “fíor-ama” agus “iar-aimseartha” daoine nádúrtha;

2.

Bonneagar criticiúil a bhainistiú agus a oibriú:

2.

Bonneagar criticiúil a bhainistiú agus a oibriú:

(a)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus in oibriú tráchta bóthair agus i soláthar uisce, gáis, téimh agus leictreachais.

(a)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus in oibriú tráchta bóthair agus i soláthar uisce, gáis, téimh agus leictreachais , agus sa bhonneagar teileachumarsáide, dáilte uisce agus idirlín .

3.

Oideachas agus gairmoiliúint:

3.

Oideachas agus gairmoiliúint:

(a)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun rochtain ar institiúidí oideachais agus gairmoiliúna a chinneadh nó chun daoine nádúrtha a shannadh orthu;

(a)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun rochtain ar institiúidí oideachais agus gairmoiliúna a chinneadh nó chun daoine nádúrtha a shannadh orthu;

(b)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar mhic léinn in institiúidí oideachais agus gairmoiliúna agus chun measúnú a dhéanamh ar rannpháirtithe i scrúduithe a bhfuil gá coitianta leo chun cead isteach in institiúidí oideachais a fháil.

(b)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar mhic léinn in institiúidí oideachais agus gairmoiliúna agus chun measúnú a dhéanamh ar rannpháirtithe i scrúduithe a bhfuil gá coitianta leo chun cead isteach in institiúidí oideachais a fháil.

4.

Fostaíocht, bainistiú fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht:

4.

Fostaíocht, bainistiú fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht:

(a)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, go háirithe chun folúntais a fhógairt, scagthástáil nó scagadh a dhéanamh ar iarratais agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarrthóirí le linn agallaimh nó scrúduithe;

(a)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, go háirithe chun folúntais a fhógairt, scagthástáil nó scagadh a dhéanamh ar iarratais agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarrthóirí le linn agallaimh nó scrúduithe;

(b)

Intleacht shaorga atá beartaithe lena húsáid chun cinntí a dhéanamh maidir le caidrimh chonarthacha a chur chun cinn agus a fhoirceannadh, ar caidrimh chonarthacha iad a bhaineann leis an obair, chun tascanna a leithdháileadh agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar iompraíocht daoine i gcaidrimh den sórt sin.

(b)

Intleacht shaorga atá beartaithe lena húsáid chun cinntí a dhéanamh maidir le caidrimh chonarthacha a chur chun cinn agus a fhoirceannadh, ar caidrimh chonarthacha iad a bhaineann leis an obair, chun tascanna a leithdháileadh agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar iompraíocht daoine i gcaidrimh den sórt sin.

5.

Rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha príobháideacha agus ar sheirbhísí poiblí agus sochair phoiblí agus tairbhiú díobh:

5.

Rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha príobháideacha agus ar sheirbhísí poiblí agus sochair phoiblí agus tairbhiú díobh:

(a)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí nó thar ceann údaráis phoiblí chun meastóireacht a dhéanamh ar incháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sochair agus seirbhísí cúnaimh phoiblí, agus chun sochair agus seirbhísí den sórt sin a dheonú, a laghdú, a chúlghairm, nó a aiséileamh;

(a)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí nó thar ceann údaráis phoiblí chun meastóireacht agus cinneadh a dhéanamh ar incháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sochair agus seirbhísí cúnaimh phoiblí, agus chun sochair agus seirbhísí den sórt sin a dheonú, a laghdú, a chúlghairm, nó a aiséileamh;

(b)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a bhunú , cé is moite de chórais intleachta saorga a chuireann soláthraithe ar mhionscála i mbun seirbhíse le haghaidh a n-úsáide féin;

(b)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha nó a scór creidmheasa a chinneadh , cé is moite de chórais intleachta saorga a chuireann soláthraithe ar mhionscála i mbun seirbhíse le haghaidh a n-úsáide féin;

(c)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh, nó chun tosaíocht a bhunú agus seirbhísí céadfhreagartha éigeandála á seoladh, lena n-áirítear ag comhraiceoirí dóiteáin agus cúnamh leighis.

(c)

Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh, nó chun tosaíocht a bhunú agus seirbhísí céadfhreagartha éigeandála á seoladh, lena n-áirítear ag comhraiceoirí dóiteáin agus cúnamh leighis.

Cúis

Is cuid lárnach den bhonneagar criticiúil é an bonneagar teileachumarsáide, dáilte uisce agus idirlín.

Braitheann aicmiú na gcóras ardriosca ar an mbaol a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na córais sin do na saoránaigh. Níl ardriosca i gceist le meastóireacht anailíseach agus theoiriciúil ar incháilitheacht daoine le haghaidh sheirbhísí na n-údarás poiblí. Tríd an bhfocal “cinneadh” a chur isteach sa téacs mar chomhlánú ar “meastóireacht”, cuirtear i bhfios go láidir go mbíonn an baol sin ann agus cinneadh á dhéanamh, go háirithe do na daoine lena mbaineann.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

Éiceachóras an bhairr feabhais

1.

á chur i bhfáth nach féidir, gan ról suntasach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, sprioc an Choimisiúin a bhaint amach, mar atá, ceannaire domhanda a dhéanamh den Aontas Eorpach i bhforbairt fhreagrach agus dhuinelárnach na hintleachta saorga. Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr atá in ann cabhrú chun timpeallacht a chruthú a bheadh dírithe ar bhorradh a chur faoin infheistíocht san intleacht shaorga sna blianta amach romhainn agus chun cur leis an iontaoibh as an intleacht shaorga;

2.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach, chomh maith le páirt a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, tacaíocht agus oiliúint a chur ar fáil dóibh d’fhonn cur lena n-inniúlachtaí sa réimse, go háirithe mar go bhféadfadh ról maoirseachta agus forfheidhmithe a bheith acu;

3.

á thabhairt dá aire go bhfuil cistí Eorpacha á gcur ar fáil de réir a chéile d’fhorbairt na hintleachta saorga; ag tarraingt aird, ainneoin sin, ar an gcur chuige ilroinnte atá ann de thoradh réimse éagsúil clár a bheith ann, rud a chuireann leis an mbaol go mbeadh ilroinnt agus forluí ann;

4.

ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún spásanna coiteanna maithe ilfhoirmeacha sonraí a fhorbairt agus a nascadh inar féidir cásanna úsáide sochaíocha a réiteach trí úsáid a bhaint as sonraí poiblí agus príobháideacha. Tá gá freisin le hailíniú a dhéanamh leis na tionscnaimh reachtacha faoin Straitéis Eorpach maidir le Sonraí;

Éiceachóras na hiontaoibhe

5.

á chur in iúl gurb oth leis nach ndéantar tagairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha sa togra le haghaidh rialacháin, ainneoin go mbeidh feidhm ag an gcreat dlíthiúil maidir le gníomhaithe poiblí agus gníomhaithe príobháideacha araon;

6.

á thabhairt dá aire, i ndáil leis sin, gur féidir le córais intleachta saorga ról tábhachtach a imirt sa chaoi a n-idirghníomhaíonn na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis na saoránaigh agus a soláthraítear seirbhísí. Ina theannta sin, tá sé d’acmhainn ag córais intleachta saorga, i measc nithe eile, cur le héifeachtúlacht na hearnála poiblí agus cabhrú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha aghaidh a thabhairt ar na hathruithe is gá a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, an taithí atá faighte ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur san áireamh go gníomhach san athbhreithniú leanúnach ar an Rialachán;

7.

á iarraidh go dtabharfaí soiléiriú breise ar na sainmhínithe ar “soláthraí” agus “úsáideoir”, go háirithe i gcásanna ina ndéanann cuideachtaí, institiúidí taighde, údaráis phoiblí agus cónaitheoirí forbairt agus tástáil le chéile ar chórais intleachta saorga i saotharlanna beo. Ba cheart aird chuí a thabhairt freisin ar shaoránaigh nó ar thomhaltóirí a ndéanann cinntí arna ndéanamh leis an intleacht shaorga i gcórais a úsáideann úsáideoirí gairmiúla difear dóibh;

8.

á chur i bhfáth gur gá dul i gcomhairle roimh ré leis na húdaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha nuair atá córais intleachta saorga le cur in úsáid mar chianchórais chun sainaithint bhithmhéadrach a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha i bhfíor-am i spásanna poiblí chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;

9.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an comhairliúchán poiblí ón gCoimisiún Eorpach maidir leis na rialacha dliteanais shibhialta a chur in oiriúint do dhúshláin shonracha na haoise digití agus na hintleachta saorga (1); ag dréim leis go dtiocfaidh creat cothrom le dáta as sin a bheidh dírithe ar é a áirithiú go mbeidh sásamh le fáil ag tomhaltóirí i leith damáiste a dhéantar le feidhmchláir intleachta saorga;

10.

ag fiafraí cén fáth nach bhfuil córais intleachta saorga a úsáidtear i bpróisis dhaonlathacha amhail toghcháin ar liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca;

11.

á iarraidh go mbeadh córais intleachta saorga ardriosca faoi réir na gceanglas céanna trédhearcachta agus faisnéise maidir le daoine nádúrtha agus a bhfuil feidhm acu faoi láthair maidir le húsáideoirí;

12.

ag leagan béim ar na rioscaí agus na himpleachtaí móra do chearta an duine a bhaineann le húsáid an aicmithe shóisialta;

13.

go mór in amhras, ina leith sin, ar an dá chás atá leagtha amach sa Rialachán (2) mar fhorais lena chinneadh cén uair a d’fhágfadh an t-aicmiú sóisialta go gcaithfí go díobhálach nó go neamhfhabhrach le daoine aonair nó grúpaí daoine, ós rud é go bhfuil sé thar a bheith deacair a chruthú gurb ann d’fhorais den sórt sin. Sa chomhthéacs sin, tá an Coiste á áitiú go ndéanfaí cosaintí láidre a fhoirmliú go soiléir d’fhonn a áirithiú nach rachfar timpeall ar an gcosc ar chleachtais aicmithe shóisialta;

14.

á thabhairt dá aire go dtugtar aghaidh in aithrisí an Rialacháin ar na rioscaí dá nochtar daoine aonair mar thoradh ar idirghníomhaíocht le córais intleachta saorga ardriosca i gcomhthéacs, inter alia, an oideachais, na hoiliúna, na fostaíochta, na bainistíochta acmhainní daonna, na rochtana ar fhéinfhostaíocht agus na rochtana ar sheirbhísí bunriachtanacha áirithe poiblí agus príobháideacha;

15.

ag iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú níos doimhne a dhéanamh ar aicmiú ardriosca na gcóras intleachta saorga sin a bhfuil sé beartaithe ag údaráis phoiblí iad a úsáid (3);

16.

ag iarraidh ar údarás comhairle thábhachtach ex ante a chur ar fáil maidir le léirmhíniú na bhforálacha sa Rialachán, agus freisin i gcás an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí. Cuirfidh sé sin leis an deimhneacht dhlíthiúil agus laghdófar na costais a bhaineann le córais intleachta saorga a dhearadh agus a chur chun feidhme;

17.

á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, cé chomh tábhachtach agus atá an tsoiléireacht i bhfoclaíocht an Rialacháin, rud atá ríthábhachtach chun éiceachóras na hiontaoibhe a fhorbairt agus chun deireadh a chur le héiginnteacht dhlíthiúil maidir le córais intleachta saorga a fhorbairt agus a úsáid. D’fhágfadh sin go seachnófaí míthuiscintí i dtaobh na gceanglas atá beartaithe agus go laghdófaí a mhéid is féidir na rioscaí a bhaineann le míbhainistiú a dhéanamh ar fheidhmchláir intleachta saorga, rud a d’fhágfadh go mbeadh an rialachán chomh héifeachtach agus is féidir agus na pionóis chomh hinchreidte agus is féidir. Ag an am céanna, agus i gcomhréir le clár oibre an Choimisiúin Eorpaigh maidir le rialáil níos fearr, tá sé ríthábhachtach forluí agus/nó coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann leis na rialacha reatha a bhrath go luath agus deireadh a chur leis nó leo;

18.

á thabhairt dá aire go bhfuil na córais intleachta saorga céanna in úsáid ag a lán údaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh na gcúraimí céanna. Is cuideachtaí príobháideacha a dhearann na córais sin i bhformhór na gcásanna;

19.

á thabhairt dá aire nach bhfuil an togra le haghaidh rialacháin neamhspleách ar reachtaíocht eile atá ann maidir le cearta na saoránach a ráthú agus nach mór féachaint air i gcomhthéacs na reachtaíochta eile sin. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit a áirithiú, ar bhonn leanúnach, go ndéanfaidh siad na bearta riaracháin is gá le go mbeidh sé ar a gcumas déileáil leis na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann le húsáid na hintleachta saorga san earnáil phoiblí;

20.

á thabhairt dá aire go gciallaíonn sé sin, i gcás an mheasúnaithe comhréireachta, gur cuideachtaí agus comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh atá ag i mbun léirmhíniú a thabhairt ar na rialacha Eorpacha agus náisiúnta, agus go mbíonn tionchar aige sin ar chleachtais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a úsáideann na córais intleachta saorga sin. Fágann sin gur deacair a chinneadh a mhéid a chuirtear an beartas áitiúil agus réigiúnach san áireamh sna córais intleachta saorga sin. Tá aird á tabhairt ag an gCoiste, dá bhrí sin, ar riachtanais shonracha na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus ar an bhfírinne go bhféadfadh an cur chuige céanna i ngach cás an bonn a bhaint d’éifeachtacht na gcóras intleachta saorga maidir leis na riachtanais sin a shásamh. Thairis sin, molann an Coiste gur cheart go dtabharfaí de chumhacht do na Ballstáit rialáil a dhéanamh ar chórais intleachta saorga ardriosca ar bhonn cúiseanna sáraitheacha a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le leas an phobail;

21.

á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh na measúnuithe comhréireachta trédhearcach agus so-rochtana ag an bpobal. Thairis sin, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha páirt a ghlacadh san fhaireachán a dhéantar ar chórais intleachta saorga, tuairisciú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, agus ionchur foirmiúil a bheith acu sa mheastóireacht a dhéanann an Coimisiún Eorpach ar chur i bhfeidhm an Rialacháin;

22.

á chur in iúl go láidir go n-éilíonn cur i bhfeidhm an bhosca gainimh rialála na coinníollacha cearta dlí, modheolaíochta agus eitice a chruthú chun go mbeifear in ann an teicneolaíocht agus an reachtaíocht a fhorbairt agus meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht. Ba cheart critéir shoiléire a leagan síos le go bhféadfaidh cuideachtaí a bheith rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála. Chun a áirithiú gur féidir le heagraíochtaí tomhaltóirí forálacha an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a fhorfheidhmiú, ní mór an gníomh sin a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir Eorpach maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ((AE) 2020/1828);

Feachtais faisnéise

23.

ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le feachtais phoiblí, ionas go mbeidh an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi chórais intleachta saorga a bheith ann agus faoina úsáidí atá siad agus faoi rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann dá dtoradh; á chur i bhfios go láidir freisin a phráinní atá sé go mbeadh faisnéis chuimsitheach ag na tomhaltóirí faoin intleacht shaorga/cinnteoireacht le meaisín; ag iarraidh, chun na críche sin, ar an gCoimisiún Eorpach maoiniú a chur ar fáil d’fheachtais den chineál sin;

An t-ualach riaracháin

24.

á chur in iúl gur cúis imní dó an t-ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh an Rialacháin atá beartaithe. Is féidir leis an ualach riaracháin bac a chur ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha an nuálaíocht a chur chun cinn agus córais intleachta saorga a chur in úsáid (4);

Comhréireacht agus coimhdeacht

25.

den tuairim go gcomhlíonann an dréachtrialachán ceanglais phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta. Tá an breisluach a bhaineann le gníomhaíocht an Aontais sa réimse seo agus oiriúnacht na mbunús dlí a roghnaigh an Coimisiún soiléir agus comhsheasmhach. Bhí roinn ar leith maidir leis an gcoimhdeacht san áireamh sa mheasúnú tionchair. Thairis sin, níor eisigh aon pharlaimint náisiúnta tuairim réasúnaithe maidir le neamhchomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta faoin spriocdháta le haghaidh aighneachtaí, an 2 Meán Fómhair 2021.

An Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS


([62])  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

([62])  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

(1)  https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12979-Civil-liability-adapting-liability-rules-to-the-digital-age-and-artificial-intelligence/public-consultation_ga

(2)  Airteagal 5(1)(c).

(3)  Iarscríbhinn III(5)(a).

(4)  I staidéar a rinneadh le déanaí (Study to Support an Impact Assessment of Regulatory Requirements for Artificial Intelligence in Europe, lch. 12), le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, measadh, ar bhonn toimhdí réasúnta, go bhféadfadh costas idir EUR 16 800 agus EUR 23 000 ar an meán a bheith i gceist le deimhniú a fháil le haghaidh córas intleachta saorga, costas arb ionann é, a bheag nó a mhór, agus 10–14 % de na costais forbartha.