10.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

25


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 17/2021 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 11 Meitheamh 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear [an Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach] agus Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 (1).

2.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2019 (2).

3.

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim an 17 Deireadh Fómhair 2018 (3). Ghlac Coiste Eorpach na Réigiún a thuairim ag an seisiún a bhí aige an 5-6 Nollaig 2018 (4).

4.

Ag an gcruinniú a bhí aici an 26 Samhain 2018, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta páirteach (5) i leith an togra ón gCoimisiún, lena dtugtar sainordú don Uachtaránacht dul i mbun caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa. Le linn an phróisis caibidlíochta, tionóladh ceithre chruinniú thríthaobhacha agus a lán cruinnithe ar an leibhéal teicniúil, agus thángthas ar chomhaontú foriomlán sealadach ar deireadh ag an gcruinniú trípháirteach deiridh an 11 Nollaig 2020.

5.

An 18 Nollaig 2020, d’fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe an téacs comhréitigh críochnaitheach a d’eascair as na cruinnithe tríthaobhacha sin (6). Cuireadh an téacs chuig Parlaimint na hEorpa ina dhiaidh sin.

6.

An 11 Eanáir 2021, d’fhormhuinigh Coiste um Chultúr agus um Oideachas Pharlaimint na hEorpa an téacs comhréitigh críochnaitheach d’aon toil (7).

II.   CUSPÓIR

7.

Is é cuspóir ginearálta chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, 2021-2027, rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí a fheabhsú i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta atá inrochtana agus ar ardcháilíocht, an tsaorálaíocht den chuid is mó, mar mhodh chun comhtháthú, dlúthpháirtíocht, daonlathas, féiniúlacht Eorpach agus saoránacht ghníomhach a neartú san Aontas agus ar an gcoigríoch, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha agus dhaonnúla ar an talamh, agus béim faoi leith á leagan ar fhorbairt inbhuanaithe, cuimsiú sóisialta agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn.

8.

Bunaítear dhá shraith gníomhaíochtaí le haghaidh rannpháirtíocht daoine óga leis an gClár, eadhon sraith a bhaineann le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus sraith a bhaineann le gníomhaíochtaí maidir le cabhair dhaonnúil (an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil). Tugtar tacaíocht ón gClár do ghníomhaíochtaí a bhaineann le saorálaíocht, tionscadail dlúthpháirtíochta, gníomhaíochtaí líonraithe agus bearta cáilíochta agus tacaíochta faoin dá shraith.

9.

Tacóidh an Clár leis na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin a mbaineann breisluach Eorpach soiléir leo, mar shampla, a bhuí lena saintréithe trasnáisiúnta; a gcumas cláir agus beartais eile a chomhlánú ar gach leibhéal; an ghné Eorpach a bhaineann leo i dtaca leis na topaicí, na haidhmeanna, na cineálacha cur chuige, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus gnéithe eile; an cur chuige atá acu i dtaca le ról a thabhairt do dhaoine óga ó chúlraí éagsúla; nó an méid a rannchuidíonn siad le húsáid éifeachtach a bhaint as uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

10.

Tá beagnach gach athrú a rinneadh ar an togra ón gCoimisiún, a chomhaontaigh an Chomhairle ina cur chuige páirteach an 26 Samhain 2018, sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, an méid a leanas go háirithe:

a riachtanaí atá sé go mbeadh cónaí ar rannpháirtithe go dlíthiúil i dtír rannpháirteach;

an sainmhíniú ar thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;

an fhéidearthacht uasmhéid de 20 % den bhuiséad a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí saorálaíochta intíre;

an t-athbhreithniú meántéarma atá le tíolacadh ag an gCoimisiún faoin 31 Nollaig 2024;

clásal a chur isteach maidir le bearta réamhchúraim agus ceartaitheacha chun leasanna an Aontais a chosaint, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais; agus

roinnt leasuithe ar na haithrisí

11.

Tá na príomhghnéithe seo a leanas le fáil freisin sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, ar tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú ina leith sna cruinnithe tríthaobhacha:

Na príomh-shaincheisteanna

12.

Chuir Parlaimint na hEorpa imní in iúl maidir le rialachas an chláir agus leis an ról srianta atá ag an bParlaimint sa chinnteoireacht, i gcás ina dtabharfaí tionscnaimh nua isteach le linn na clárthréimhse. Chomhaontaigh na comhreachtóirí aithris nua a chur isteach lena soiléirítear nach féidir gníomhaíochtaí nó tionscnaimh nach dtugtar tacaíocht dóibh faoin Rialachán seo a áireamh sa chlár oibre.

13.

Is é an t-imchlúdach airgeadais arna chomhaontú idir na comhreachtóirí an tsuim arna cinneadh ag an gComhairle Eorpach i gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, eadhon EUR 1 009 milliún. Is laghdú 20 %, a bheag nó a mhór, é sin ar an mbuiséad le hais an bhuntogra ón gCoimisiún ina raibh EUR 1 260 milliún.

14.

A mhéid a bhaineann le raon feidhme agus le miondealú buiséid an Chláir, comhaontaíodh an tsraith Tréimhsí Oiliúna agus Poist a bhaint as an gClár, agus an buiséad comhfhreagrach (8 %) a chur leis an tsraith Dlúthpháirtíocht, a gheobhaidh 94 % den bhuiséad ansin. Leithdháilfear an 6 % eile den bhuiséad ar an tsraith a bhaineann le Cabhair Dhaonnúil.

15.

Cé gur clár um chuimsiú é an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, cuireadh airteagal nua leis dar teideal Inclusion of young people with fewer opportunities [Cuimsiú daoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu], chomh maith le roinnt forálacha eile lena gcuirtear feabhas ar chuimsitheacht an Chláir, chun béim a leagan ar an ngné sin.

16.

Ba shaincheisteanna tábhachtacha freisin iad na ceanglais árachais, chumhdaigh agus imréitigh sa chaibidlíocht idir na comhreachtóirí. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht, agus go páirteach i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 agus an tionchar a imríodh ar shaorálaithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, tugadh isteach roinnt forálacha, lena gcuirtear feabhas ar árachas agus ar chumhdach na rannpháirtithe, chomh maith le seiceálacha slándála chun daoine leochaileacha ar nós leanaí a chosaint, i gcodanna difriúla den téacs.

17.

Maidir leis an teorainn aoise do shaorálaithe cabhrach daonnúla, coimeádtar sa téacs an riail ghinearálta maidir le teorainneacha aoise idir 18-30 bliain do na saorálaithe ar fad, ach cuirtear maolú sonrach isteach do shaorálaithe cabhrach daonnúla (uasteorainn aoise suas go 35 bliana d’aois). Cuireadh feabhas ar na forálacha a bhaineann le cóitseálaithe, meantóirí agus saineolaithe a bhfuil taithí acu.

18.

Cé gur mhol Parlaimint na hEorpa leasuithe cuimsitheacha agus tograí téacs breise le haghaidh na sraithe Cabhair Dhaonnúil den Chlár, chomhaontaigh na comhreachtóirí glacadh le cuid díobh, agus é á chur san áireamh, d’ainneoin na ngnéithe sonracha a bhaineann léi, nach bhfuil sa tsraith Cabhair Dhaonnúil ach 6 % den Chlár. Tá an comhréiteach críochnaitheach maidir le forálacha na Cabhrach Daonnúla sa Chlár cothromaithe i ndáil leis sin, le cois na teorann aoise ar cuireadh síneadh léi, chomhaontaigh na comhreachtóirí príomhphrionsabail na Cabhrach Daonnúla a chur san áireamh, agus chuir siad feabhas ar na bearta coimirce is infheidhme maidir le saorálaíocht chun tacú le hoibríochtaí cabhrach daonnúla.

Saincheisteanna eile

19.

Cé go raibh sraith theoranta táscairí beartaithe ag an gCoimisiún ina thogra ar dtús, chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an Iarscríbhinn a chomhlánú le táscairí níos mionsonraithe.

20.

Chomhaontaigh na comhreachtóirí feabhas a chur ar na forálacha a bhaineann leis na heagraíochtaí rannpháirteacha, go háirithe maidir le Lipéad Cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

21.

Chomh maith leis sin, chomhaontaigh na comhreachtóirí feabhas a chur ar na forálacha a bhaineann leis an meastóireacht eatramhach ar an gClár agus ar dheimhniú an tSéala Barr Feabhais.

22.

Athraíodh roinnt forálacha mar thoradh ar chur chuige cothrománach na Comhairle maidir le gach comhad a bhaineann le CAI. Baineann siad sin go háirithe le fad an chláir a chur isteach in Airteagal 1, le bheith i gcomhréir le creat ama CAI 2021-2027, leis na forálacha maidir le rannpháirtíocht tríú tír, leis na forálacha maidir le maoiniú carnach agus malartach agus leis na forálacha maidir le cúlghabhálacht (beidh feidhm ag clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, 2021-2027, amhail ón 1 Eanáir 2021).

IV.   CONCLÚID

23.

Léirítear go hiomlán leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhaontú comhréitigh foriomlán a baineadh amach sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, agus a d’éascaigh an Coimisiún.

24.

Dearbhaítear an comhaontú comhréitigh sin leis an litir a chuir Cathaoirleach Choiste um Chultúr agus um Oideachas Pharlaimint na hEorpa chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe an 15 Eanáir 2021. Sa litir sin, cuireann Cathaoirleach an Choiste um Chultúr agus um Oideachas in iúl go molfadh sí do seisiún iomlánach, dá dtarchuirfeadh an Chomhairle a seasamh mar a comhaontaíodh chuig Parlaimint na hEorpa go foirmiúil, go nglacfaí leis an seasamh ón gComhairle gan é a leasú, faoi réir fíorú dlí agus teanga, ar an dara léamh sa Pharlaimint.

(1)  Doiciméad 9993/1/18 REV 1 + ADD 1-5.

(2)  IO C 23, 21.1.2021, lch. 218.

(3)  Doiciméad EESC-2018-04028-AC

(4)  Doiciméad 5321/19

(5)  Doiciméad 14787/18.

(6)  Doiciméad 13847/20

(7)  https://www.europarl.europa.eu/cmsdata/217229/CULT%20Voting%20session%2011%20January%202021%20Results.pdf