4.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

17


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh Uimh. 13/2021 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um Cheartas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 30 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um Cheartas (1) (dá ngairtear anseo feasta: an Rialachán).

2.

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim an 18 Deireadh Fómhair 2018.

3.

Cuireadh tús leis an scrúdú ar an togra i mí Iúil agus tugadh chun críche é i mí na Nollag 2018. An 19 Nollaig 2018, thug Coiste na mBuanionadaithe sainordú páirteach le haghaidh caibidlíochta (2). Ó tharla go bhfuil an Rialachán ar cheann de na pacáistí de thograí a bhaineann leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (dá ngairtear anseo feasta: CAI), cuireadh gach foráil lena mbaineann impleachtaí buiséadacha nó de chineál cothrománach ar leataobh, ag feitheamh ar dhul chun cinn breise maidir le CAI.

4.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh an 6 Feabhra 2019. Eagraíodh dhá chruinniú thríthaobhacha, an 20 Feabhra agus an 5 Márta 2019. Laistigh den Chomhairle, eagraíodh dhá chruinniú den Mheitheal ad hoc maidir le hIonstraimí Airgeadais CGB, a bhí ar siúl an 28 Feabhra agus an 4 Márta 2019, chun na Ballstáit a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn na caibidlíochta agus chun aiseolas a fháil uathu.

5.

A bhuí leis an gcaibidlíocht sin, bhíothas in ann teacht ar chomhthuiscint le Parlaimint na hEorpa maidir leis na codanna den togra nach bhfuil idir lúibíní, ar tugadh sainordú don Uachtaránacht ina leith. Leagtar amach toradh na caibidlíochta sin in 7248/1/19. An 13 Márta 2019, dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe an chomhthuiscint ar thángthas uirthi le Parlaimint na hEorpa.

6.

Dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa an chomhthuiscint an 17 Aibreán 2019, trína rún reachtach a ghlacadh (an chéad léamh).

7.

An 16 Samhain 2020, scrúdaigh Coiste na mBuanionadaithe an comhaontú polaitiúil sealadach ar tháinig na hidirbheartaithe air maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. Chuir sé sin ar chumas Choiste na mBuanionadaithe sainordú iomlán na caibidlíochta maidir leis an gClár um Cheartas a ghlacadh, an 2 Nollaig 2020 (3).

8.

Tionóladh dhá chruinniú thríthaobhacha an 11 agus an 18 Nollaig 2020. Ina dteannta, bhí roinnt cruinnithe teicniúla agus roinnt seisiún dréachtaithe ann freisin.

9.

Thángthas ar chomhaontú polaitiúil sealadach le Parlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2020.

10.

Idir an dá linn, an 17 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle go foirmiúil gnéithe éagsúla phacáiste CAI.

11.

An 3 Feabhra 2021, rinne Coiste na mBuanionadaithe anailís ar an téacs comhréitigh críochnaitheach agus thacaigh sé leis.

12.

An 5 Feabhra 2021, sheol Cathaoirleach Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Dlíthiúla agus Cathaoirleach Choiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (Cuid 2) (dá ngairtear anseo feasta “Coreper”), lenar dearbhaíodh comhaontú Pharlaimint na hEorpa maidir le toradh na caibidlíochta idirinstitiúidí (faoi réir fíorú dlítheangeolaíoch ag an dá institiúid).

13.

An 17 Feabhra 2021, tháinig Coreper ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an téacs comhréitigh.

II.   CUSPÓIR

14.

Is é is aidhm don togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Clár um Cheartas tacú le forbairt bhreise ar limistéar Eorpach ceartais a bheidh bunaithe ar luachanna an Aontais, ar an smacht reachta, aitheantas agus muinín fhrithpháirteach, go háirithe trí rochtain ar an gceartas a éascú, agus comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a chur chun cinn, mar aon le éifeachtacht na gcóras ceartais náisiúnta a chur chun cinn. I dteannta an Chláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, beidh an clár nua ina chuid de Chiste nua um Cheartas, Cearta agus Luachanna, ag cuidiú le sochaithe oscailte, daonlathacha, iolraíocha agus cuimsitheacha a chothabháil. Ina theannta sin cabhróidh sé le saoránaigh a chumasú trí chearta agus luachanna a chosaint agus a chur chun cinn agus trí limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt a thuilleadh.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

An chomhthuiscint

15.

Ba léiriú í an chomhthuiscint, den chuid is mó, ar an togra bunaidh ón gCoimisiún agus bhí sí i gcomhréir le sainordú páirteach na Comhairle.

16.

Rinneadh na feabhsuithe seo a leanas:

a)

cuimsíodh gairmithe dlíthiúla atá ag obair le heagraíochtaí na sochaí sibhialta mar thairbhithe féideartha;

b)

méadaíodh ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

c)

atreisíodh comhionannas inscne (eadhon le hairteagal sonrach nua maidir le príomhshruthú inscne a chur léi) agus neamh-idirdhealú;

d)

sonraíodh níos mó na gníomhaíochtaí a bheidh le cistiú faoin gClár um Cheartas.

Príomhghnéithe an chomhréitigh chríochnaithigh

17.

Is comhréiteach cothrom é an téacs críochnaitheach, mar a chomhaontaigh an dá chomhreachtóir é. Rinneadh plé ar leith ar trí hábhar sa chaibidlíocht a seoladh in 2020:

a)

maidir le rialachas an chláir, deimhníodh úsáid gníomhartha cur chun feidhme chun an clár oibre a ghlacadh, i gcomhréir leis an togra bunaidh agus sainordú na Comhairle;

b)

na clásail maidir leis an smacht reachta a atreisiú;

c)

maidir le leithdháileadh cistí, tugadh cur in áirithe teoranta isteach sa Rialachán, i ndáil leis an gcistiú atá le leithdháileadh ar chuspóirí an Rialacháin. Cuireadh corrlach solúbthachta ar fáil freisin, chun tacú le gach ceann de na cuspóirí a shainítear sa Rialachán, chun tacú, mar thosaíocht, le gníomhaíochtaí atá dírithe ar an smacht reachta a chur chun cinn. Leis an gcur in áirithe teoranta sin, fiú mura raibh sé beartaithe sa togra bunaidh ón gCoimisiún, cuirtear leis an leithdháileadh comhchosúil cistí dá bhforáiltear sa Rialachán lena mbunaítear an Clár um Cheartas 2014-2020.

IV.   CONCLÚID

18.

Léirítear sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa. Dearbhaíodh an méid sin sa litir thuasluaite ó Chathaoirleach Choiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, agus d’fhormhuinigh Coreper ina dhiaidh sin é an 17 Feabhra 2021.

(1)  Doiciméad 9598/18.

(2)  Doiciméad 15377/18.

(3)  Doiciméad 13420/20.