26.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 323/101


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

(COM(2021) 805 final/2 – 2021/0423 (COD))

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin (athmhúnlú)

(COM(2021) 804 final – 2021/0424 (COD))

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha sa ghás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin

(COM(2021) 803 final – 2021/0425 (COD))

(2022/C 323/17)

Rapóirtéir:

Udo HEMMERLING

Comhairliúcháin

Parlaimint na hEorpa, 17.2.2022 agus 7.3.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 23.2.2022 agus 3.3.2022

Bunús dlí

Airteagail 114(1), 194(2) agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

2.5.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

19.5.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

569

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

184/2/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise a tháinig ina dhiaidh sin, tá an tAontas ar a dhícheall a bheartas fuinnimh a oiriúnú a luaithe is féidir, go háirithe a mhéid a bhaineann le gás nádúrtha. Chuir an Coimisiún Eorpach i láthair an teachtaireacht “REPowerEU” maidir le bheith neamhspleách ar bhreoslaí iontaise ón Rúis faoi 2030 agus tá na chéad chéimeanna móra beartaithe aige cheana féin do 2022. Tacaíonn CESE go ginearálta leis an gcur chuige dúshlánach seo agus tá sé ag moladh don Choimisiún togra nuashonraithe a dhréachtú don phacáiste seo maidir leis an margadh gáis d’fhonn dálaí na staide nua a léiriú.

1.2.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún dlús a chur leis an aistriú chuig gáis in-athnuaite, rud a bhfuil géarghá leis i bhfianaise an athraithe aeráide leanúnaigh. Ba cheart úsáid na ngás sin a dhíriú ar earnálacha ar deacair dícharbónú a dhéanamh orthu nó i gcás nach bhfuil aon réiteach teicneolaíochta malartach ar fáil cheana, amhail leictriú díreach úsáidí deiridh.

1.3.

Sainmhínítear sa togra an córas gáis agus an córas hidrigine mar dhá chóras ar leith. D’fhágfadh na rialacha a leagtar amach sa phacáiste gáis go mbeadh éagsúlacht mhór ann ó thaobh cheanglais an dá chóras. Creideann CESE go bhfuil na ceanglais dhifriúla shriantacha a bhaineann leis an dá chóras neamh-chomhréireach. Ba cheart na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann i bhforbairt, in oibriú agus i gcothabháil chomhpháirteach an dá chóras a chothú trí chomhrialú.

1.4.

Creideann CESE gur cheart gáis in-athnuaite a bheith intrádála go hiomlán sa chómhargadh. Ar an gcúis sin, ba cheart córas aonfhoirmeach uile-Aontais do chaighdeáin cáilíochta gáis agus inbhuanaitheachta a thabhairt isteach ón tús.

1.5.

Tá CESE ag leagan béim ar an ról speisialta atá ag an mbithmheatán chun cur le soláthar gáis in-athnuaite don gheilleagar ciorclach agus ó thaobh breisluach réigiúnach de. Rachadh sé sin chun tairbhe don talmhaíocht inbhuanaithe freisin trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

1.6.

Déantar ganntuairisciú ar astaíochtaí meatáin iontaise. Is maith is eol do CESE go dtarlaíonn an chuid is mó de sceitheadh meatáin lasmuigh den Aontas agus, ar an gcúis sin, is gá caighdeán AE maidir le feidhmíocht meatáin allmhairí a áireamh sa rialachán.

2.   Forléargas ar na tograí ón gCoimisiún Eorpach

2.1.

Tá na trí thogra ón gCoimisiún Eorpach ó mhí na Nollag 2021 mar chuid den chur chuige “Oiriúnach do 55” chun dlús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus leis an dul chun cinn i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Is é an aidhm atá ann rialacha mhargadh gáis an Aontais a chur in oiriúint don aistriú chuig gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin agus na rialacha sin a leathnú chun margadh hidrigine an Aontais a chumhdach.

2.2.

Rinneadh an t-oiriúnú suntasach is déanaí ar an gcreat rialála do chómhargadh gáis in 2009. Go nuige seo, díríodh go príomha ar shaincheisteanna rialála a bhaineann le héifeachtúlacht, trádáil, gréasáin, iomaíocht agus faisnéis do thomhaltóirí. Tá leathnú suntasach á dhéanamh ar an méid sin anois chun rialacha a chur san áireamh lena rialaítear an t-aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite.

2.3.

Tugtar tús áite do gháis in-athnuaite, gáis charbóndiúltacha, gáis atá saor ó charbón agus/nó gáis ísealcharbóin ar an margadh.

2.4.

Bunófar agus forbrófar margadh agus gréasán inmheánach do hidrigin i gcomhréir leis na rialacha maidir le margadh gáis an Aontais. Tá sé á mholadh ag an gCoimisiún, áfach, nach bhféadfaidh aon oibreoir amháin an gréasán gáis atá ann faoi láthair ná an gréasáin hidrigine a bheidh ann amach anseo a reáchtáil. Beidh feidhm ag an togra seo fiú má fhorbraíonn oibreoir gréasáin gáis atá ann cheana gréasáin hidrigine (ar a dtugtar díchuachadh cothrománach).

2.5.

Thairis sin, tá rialachán maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú in earnáil an gháis á chur chun cinn den chéad uair riamh. Ar an dóigh sin, aistreofar cuspóirí Straitéis Meatáin an Aontais maidir le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin na hearnála fuinnimh agus iad a laghdú ina rialacha sonracha.

3.   An gá atá le nuashonrú tar éis ionsaí na Rúise ar an Úcráin

3.1.

Tá muintir na hÚcráine ag fulaingt go millteanach de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ní mór tacú le frithbheartaíocht shibhialta agus mhíleata na hÚcráine. Mar thoradh ar na smachtbhannaí a cuireadh ar Chónaidhm na Rúise agus ar an mBealarúis, ba cheart beartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh a athbhreithniú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis.

3.2.

I mí an Mhárta 2022, leag an Coimisiún Eorpach amach plean nua le bheith neamhspleách ar bhreoslaí iontaise ón Rúis faoi 2030, plean ar a dtugtar “REPowerEU”. Beidh dúshlán mór roimh gheilleagar agus sochaí na hEorpa an t-éileamh ar ghás ón Rúis a laghdú faoi dhá thrian faoi dheireadh na bliana seo. Tugtar aghaidh sa teachtaireacht ar chuid mhór tosaíochtaí nua maidir le slándáil fuinnimh, stóráil gáis, praghsanna fuinnimh agus bithmheatán a bhaineann le pacáiste an mhargaidh gáis ó mhí na Nollag 2021. Ba cheart plé a dhéanamh ar ionstraim éigeantach chun úsáid gáis in-athnuaite a mhéadú, lena n-áirítear bithmheatán.

3.3.

Ar mhaithe le beartas comhleanúnach maidir leis an margadh gáis a bheith ann, tá CESE ag moladh don Choimisiún togra nuashonraithe a dhréachtú don phacáiste seo maidir leis an margadh gáis. Ba cheart a áireamh ann togra chun dlús a chur le nósanna imeachta um údarú do bhonneagar gáis agus hidrigine.

4.   Barúlacha ginearálta

4.1.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún dlús a chur leis an aistriú chuig gáis in-athnuaite, rud a bhfuil géarghá leis i bhfianaise an athraithe aeráide leanúnaigh. Ní mór don earnáil gáis rannchuidiú go mór leis an dícharbónú agus le cúpláil earnálacha faoin gComhaontú Glas. Tá gá le gáis ísealcharbóin chun an t-aistriú sin a bhaint amach agus is gá ceanglais arda inbhuanaitheachta a chomhlíonadh. Ba cheart úsáid na ngás sin a dhíriú ar earnálacha ar deacair dícharbónú a dhéanamh orthu nó i gcás nach bhfuil aon réiteach teicneolaíochta malartach ar fáil cheana, amhail leictriú díreach úsáidí deiridh.

4.2.

Tá CESE ar an eolas faoin ngealltanas aeráidneodrachta atá cumhdaithe ag an Aontas sa Dlí Aeráide. Bunaithe ar an ngealltanas sin, ba cheart breithniú a dhéanamh i mbeartais an Aontais ar na buntáistí speisialta a bhaineann le córais leictreachais agus córais gáis. Is féidir le heangacha leictreachais grianfhuinneamh in-athnuaite agus fuinneamh gaoithe in-athnuaite a iompar le caillteanais ísle claochlaithe. Is féidir le heangacha gáis áiseanna móra stórála a úsáid agus iompar fad-achair a chur ar fáil. A mhéid a bhaineann le gás, is gá tús áite a thabhairt do gháis in-athnuaite agus, ar bhonn níos lú, do gháis ísealcharbóin ar an margadh. Ba cheart, go háirithe, díriú ar hidrigin in earnálacha ar deacair dícharbónú a dhéanamh orthu, amhail an earnáil cruach, an earnáil stroighine, an earnáil ceirmeachta nó earnáil an iompair fad-achair.

4.3.

Ós rud é go bhfanann CO2 san atmaisféar go gceann i bhfad, ní mór an sprioc cheangailteach maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 a áirithiú, sprioc atá cumhdaithe i nDlí Aeráide an Aontais. Caithfear bearta breise a ghlacadh mura mbainfear amach an sprioc sin sna blianta amach romhainn, go háirithe má thagann sé chun solais go bhfuil tionchar níos mó ag astaíochtaí meatáin ó earnáil an fhuinnimh ar an aeráid ná mar a mheastar faoi láthair.

4.4.

Tá gá le gréasáin éifeachtúla gáis agus stóráil éifeachtúil gáis – agus, amach anseo, gréasáin agus stóráil hidrigine – toisc gur gné thábhachtach iad de sholáthar fuinnimh atá slán agus inacmhainne. Ba cheart iad sin a fhorbairt ar bhealach a chomhlánaíonn an córas leictreachais. Ar an tslí sin, is féidir leis an earnáil gáis agus hidrigine spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú.

4.5.

Ach dlús a chur leis an aistriú chuig gáis in-athnuaite, is féidir an soláthar gáis san Aontas a éagsúlú. Le praghsanna carbóin ar bhreoslaí iontaise, cuirfear borradh faoin aistriú chuig gáis in-athnuaite.

4.6.

Is é is aidhm do na tograí ón gCoimisiún Eorpach rochtain ar an margadh a éascú agus a leathnú do gháis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin, lena n-áirítear hidrigin, sa chómhargadh. Is cur chuige úsáideach é sin, dar le CESE. Ach is é an cheist ná an leor de chur chuige é chun cabhrú le rath na ngás in-athnuaite. Dá bhrí sin, tá sé á mholadh ag CESE go ndéanfaí machnamh freisin ar thosaíocht shainráite dhlíthiúil a thabhairt d’instealladh gás in-athnuaite in eangacha. Tá rialacha tosaíochta comhchosúla i bhfeidhm i roinnt Ballstát d’earnáil an leictreachais agus d’fhéadfaí iad a úsáid mar shamhail don aistriú.

4.7.

Creideann CESE nach mór an bonneagar gáis atá ann cheana a úsáid agus a fhorbairt a thuilleadh de réir mar is gá má táthar chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach. Tacaíonn CESE leis go bhfuiltear ag díriú go sonrach ar mhargadh agus gréasán hidrigine a chur ar bun. I dtaca leis sin de, tá amhras ar CESE faoin ngá atá le deighilt dhocht a bheith idir gréasáin gáis nádúrtha agus gréasáin hidrigine faoi dhlí na hiomaíochta.

4.8.

Sainmhínítear dhá chóras ar leith sa togra: córas gáis, inar cheart gás in-athnuaite a úsáid seachas breoslaí iontaise, agus córas hidrigine. D’fhágfadh na rialacha a leagtar amach sa phacáiste gáis go mbeadh éagsúlacht mhór ann ó thaobh cheanglais an dá chóras. Chuirfeadh sé sin bac ar shineirgí teicniúla agus eacnamaíocha idir an dá chóras. Tá amhras ar CESE faoin ngá atá leis na ceanglais dhifriúla shriantacha a bhaineann leis an dá chóras agus faoina chomhréirí atá siad. Ba cheart na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann i bhforbairt, in oibriú agus i gcothabháil chomhpháirteach an dá chóras a chothú trí chomhrialú. Ní mór é a bheith indéanta codanna d’eangacha áitiúla ar leith a nascadh le chéile.

4.9.

Is é is cuspóir do na tograí ón gCoimisiún mearfhorbairt an mhargaidh a chumasú le haghaidh hidrigin ísealcharbóin, mar a thugtar uirthi, mar aon le fíor-hidrigin in-athnuaite. Tá sé d’aidhm ag an gcur chuige leathan seo leathnú tapa iomaíoch na hidrigine ar an margadh a áirithiú. Dar le CESE, ní mór a áirithiú go leanfar de thús áite a thabhairt d’fhíor-hidrigin in-athnuaite seachas hidrigin a tháirgtear as breoslaí iontaise.

4.10.

Tá leictrealú agus athfhoirmiú gaile ar na próisis cheimiceacha is mó a bhfuil eolas orthu agus is seanbhunaithe le haghaidh táirgeadh hidrigine. Féadfar próisis phirealaithe agus bhitheolaíocha (coipeadh) – chomh maith le CO2 bithghineach ó phróiseáil bithgháis a úsáid freisin. Ag brath ar an bpróiseas, is féidir foinsí éagsúla fuinnimh nó bunábhair éagsúla a úsáid chun hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh, amhail leictreachas in-athnuaite, gás in-athnuaite nó bithmhais inbhuanaithe, fiú. Dá bhrí sin, táthar ag súil go mbeidh meascán de theicneolaíochtaí agus de mhéideanna suiteála mar thoradh ar gheilleagar hidrigine a chruthú. Rogha eile nach mór aird a thabhairt air is ea hidrigin a bhaint ón spás.

4.11.

I bprionsabal, tá dearadh margaidh oscailte á mholadh ag CESE chun geilleagar hidrigine a fhorbairt, agus aird faoi leith á tabhairt ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Ar an dóigh sin, is féidir gás nó hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh go háitiúil ó leictreachas in-athnuaite eiseangach, ó iarmhar bithghineach agus ó dhramhaíl nó ó ábhair athchúrsáilte. Chuige sin, tá gá le rochtain chomhionann ar ghréasáin agus ar mhargaí. Ar a mhuin sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oibreoirí níos lú agus ar iontrálaithe nua sa mhargadh (lena n-áirítear pobail fuinnimh) a tháirgeann gáis in-athnuaite, mar shampla, bithmheatán. Tá tacaíocht speisialta de dhíth ar iontrálaithe beaga agus iontrálaithe nua ar an margadh gáis toisc nach mór dóibh infheistíochtaí arda a dhéanamh le brabúsacht réasúnta íseal. Ba cheart rochtain ráthaithe a bheith ag na hoibreoirí sin, ar a laghad, ar ghréasáin dáileacháin.

4.12.

Tá CESE ag leagan béim ar an ról speisialta atá ag an mbithmheatán chun cur le soláthar gáis in-athnuaite. I mí an Mhárta 2022, shocraigh an Coimisiún Eorpach sprioc nua, mar atá, 35 bhilliún méadar ciúbach de bhithmheatán a tháirgeadh faoi 2030. Is iomaí foinse bhithmhaise nár úsáideadh go fóill agus nach bhfuil in iomaíocht le spriocanna maidir le táirgeadh bia inbhuanaithe agus caomhnú an dúlra. Ach fotháirgí agus iarmhar ó earnáil na talmhaíochta a úsáid le haghaidh bithmheatáin, tacófar leis an earnáil astaíochtaí aeráide a laghdú. Leis sin, cuirfear leasacháin bhreise ar fáil d’fheirmeoirí, ar céim eile é sin i dtreo an gheilleagair chiorclaigh agus an bhreisluacha réigiúnaigh.

4.13.

Tá ardchaighdeáin sábháilteachta leagtha síos cheana féin maidir le gás agus hidrigin chun fostaithe agus an comhshaol a chosaint. Agus úsáid níos mó á baint as hidrigin amach anseo, beidh ról na mbeart coisctheach níos tábhachtaí fós.

5.   Barúlacha sonracha

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin

5.1.

Tugtar sainmhíniú nua ar “hidrigin ísealcharbóin” in Airteagal 2 na Treorach. Tá na sainmhínithe ar “gás ísealcharbóin” agus “breoslaí ísealcharbóin” bunaithe ar na sainmhínithe atá sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Ní mór an tairseach 70 % um laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh. Ba cheart an sainmhíniú ar “hidrigin ísealcharbóin” a athscrúdú chun féachaint an bhfuil an t-athrú chuig gáis in-athnuaite á bhlocáil aige sin. Ar thaobh amháin, is cosúil go bhfuil gá le hidrigin ghorm (i.e. hidrigin a tháirgtear ó ghás nádúrtha trí ghabháil carbóin) má táthar chun méid shuntasach hidrigine a tháirgeadh go tapa. Ar an taobh eile, níor cheart bac ná moill a chur ar an ngá le táirgeadh hidrigine fíor-in-athnuaite a fhorbairt de thoradh tosaíocht a thabhairt do hidrigin ísealcharbóin. Ba cheart an dá ghné sin a áirithiú sa Treoir. Dá bhrí sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt do gháis in-athnuaite.

5.2.

Foráiltear in Airteagal 8 na Treorach do dheimhniú i ndáil leis an ngás in-athnuaite agus leis an ngás ísealcharbóin. I gcomhréir leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, déanfar é sin trí úsáid a bhaint as an gcóras cothromúcháin maise a bunaíodh cheana do bhreoslaí in-athnuaite in earnáil an iompair. Dar leis an tionscal gáis, má tá córais éagsúla náisiúnta um fhíorú ann, cruthófar bacainní ar thrádáil trasteorann i ngás in-athnuaite. Creideann CESE gur gá gáis in-athnuaite a dheimhniú ó cheann go ceann agus tá sé á mholadh aige, ar an ábhar sin, córas aonfhoirmeach uile-AE do chaighdeáin cáilíochta gáis agus inbhuanaitheachta a thabhairt isteach ón tús. Ba cheart a áireamh ann Ráthaíochtaí Tionscnaimh nuashonraithe lena n-áirítear freisin faisnéis maidir le gáis cheaptha teasa agus critéir inbhuanaitheachta. Ar an gcaoi sin, cuirfear feabhas ar leachtacht an mhargaidh gáis agus é á dhícharbónú.

5.3.

In Airteagal 13 agus Airteagal 14 na Treorach, leagtar síos rialacha don chéad uair maidir le “custaiméirí gníomhacha” (táirgeoirí ar tomhaltóirí iad) agus maidir le pobail fuinnimh. Is díol sásaimh do CESE gur ghlac an Coimisiún seasamh an Choiste (1). Dá thoradh sin, cuirfear soláthar gáis éagsúlaithe agus tuilleadh iomaíochta ar fáil do chustaiméirí sa mhargadh gáis. Ina theannta sin, spreagann táirgeoirí ar tomhaltóirí iad agus pobail fuinnimh forbairt réigiúnach nó tuaithe agus cuireann siad borradh faoi dhigiteáil na hearnála fuinnimh.

5.4.

Sonraítear in Airteagal 27 den Treoir nach mór deireadh a chur le conarthaí i ndáil le soláthar gáis iontaise faoi 2049 nó nach bhféadfar fad na gconarthaí a reáchtáil tar éis 2049. Tá sé á cheistiú ag CESE an smaoineamh maith é dáta deiridh a leagan síos le dlí le haghaidh conarthaí soláthair áirithe de chuid na hearnála príobháidí mar go bhféadfadh sé sin a bheith ag teacht salach ar phrionsabal an tsoláthair agus an éilimh sa gheilleagar margaidh. Ar an taobh eile, le bheith i gcomhréir leis an sprioc cheangailteach maidir le haeráidneodracht a chumhdaítear i nDlí Aeráide an Aontais agus ós rud é go bhfanann gáis cheaptha teasa san atmaisféar go ceann i bhfad, is gá dáta níos luaithe ná 2049 a shonrú. Má chinneann an Coimisiún dáta a leagan síos faoina gcaithfear deireadh a chur leis na conarthaí, ba cheart an dáta deiridh a bheith thart ar aon deich mbliana níos luaithe chun ár ngealltanais chomhshaoil a chomhlíonadh, go háirithe i bhfianaise an tionscnaimh REPowerEU agus tús áite á thabhairt don aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, aistriú a bhfuil gá leis.

5.5.

Foráiltear freisin sa Treoir (Airteagal 62 et seq.) do tháirgeoirí, trádálaithe, oibreoirí gréasáin agus oibreoirí stórála i líonraí hidrigine a dhíchuachadh, i gcomhréir le rialacháin maidir le gréasáin gháis. Tacaíonn CESE leis an gcur chuige iomaíoch sin ach tá sé á chur in iúl aige go bhféadfadh sé sin bac a chur ar thionscnaimh chun gréasáin hidrigine a thógáil, tionscnaimh a bhfuil práinn ama ag baint leo. Foráiltear sa Treoir do rialacha eisceachtúla a mbeidh feidhm acu go dtí deireadh 2030. Ba cheart, mar sin, breithniú a dhéanamh ar shíneadh breise. Ach díchuachadh dlíthiúil idir oibreoirí gréasáin gáis agus oibreoirí gréasáin hidrigine a éileamh, bheadh sé ní ba dheacra an bonneagar is gá a thiontú agus a thógáil chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach. Bealach amháin chun an earnáil gáis a dhícharbónú is ea an bonneagar gáis atá ann cheana a oiriúnú agus a thiontú chun hidrigin amháin a iompar. Measann CESE, dá bhrí sin, gurbh fhiú eisceachtaí ó rialacha díchuachta a phlé. Mar a tharlaíonn i gcás rialacháin maidir le gréasáin gháis, ba cheart idirdhealú a dhéanamh le rialacháin maidir le gréasáin hidrigine idir leibhéil an ghréasáin tarchurtha agus an ghréasáin dáileacháin agus ceanglais shonracha maidir le díchuachadh a leagan síos iontu.

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin (athmhúnlú)

5.6.

Tá riail in Airteagal 4 den Rialachán athbhreithnithe maidir le Gás ina luaitear go bhféadfaidh Ballstát aistrithe airgeadais a cheadú idir seirbhísí rialáilte gáis agus seirbhísí rialáilte hidrigine. Tacaíonn CESE leis an gcur chuige sin.

5.7.

Déantar foráil sa Rialachán (Airteagal 6 et seq.) maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an margadh ar ghréasáin hidrigine agus ar shaoráidí stórála hidrigine i gcomhréir le rialacháin maidir le gréasáin gháis. Tacaíonn CESE leis an gcur chuige sin.

5.8.

Déantar foráil in Airteagal 16 den Rialachán maidir le lascainí taraife gréasáin le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin. Tá CESE i bhfách leis sin.

5.9.

Sonraítear in Airteagal 20 den Rialachán nach mór glacadh le sreafaí gáis idir Ballstáit ina bhfuil cion hidrigine suas le 5 %. Creideann CESE gur cheart athscrúdú a dhéanamh an féidir an chion hidrigine a chumasctar a bheith os cionn 5 % agus é á áirithiú san am céanna go mbeidh an gréasán ag feidhmiú go rianúil ó thaobh cúrsaí teicniúla de. D’éascódh sé sin fás gás in-athnuaite sa mhargadh trí chumasc.

5.10.

Déantar foráil sa Rialachán (Airteagal 39 et seq.) maidir le Líonra Eorpach d’Oibreoirí Gréasán Hidrigine a bhunú de réir a chéile. De bharr sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir gás agus hidrigin, ba cheart é a eagrú i ndlúthchomhar le Gréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Ghás atá ann cheana. Leagann CESE béim ar an ról tábhachtach atá ag an líonra seo chun margadh inmheánach AE a bhunú do hidrigin. I ndáil leis sin, ní mór a áirithiú go mbeidh an líonra oscailte do gníomhaithe nua. Ní mór leasanna iomaíochta speisialta FBManna a urramú.

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh

5.11.

Is é an tAontas Eorpach is cúis le 5 % d’astaíochtaí meatáin ar fud an domhain (2). Tagann formhór na n-astaíochtaí meatáin ó allmhairí gáis nádúrtha ó áiteanna lasmuigh den Aontas. Tá cur chuige idirnáisiúnta lena n-áirítear allmhairí fuinnimh ríthábhachtach i gcónaí chun astaíochtaí meatáin a chomhrac in earnáil an fhuinnimh.

5.12.

Creideann CESE gur maith an smaoineamh é creat AE maidir le hastaíochtaí meatáin a theorannú nó a laghdú in earnáil an fhuinnimh a thabhairt isteach. Ba cheart a áirithiú go bhfuil na ceanglais faireacháin don earnáil gáis indéanta agus sonraí astaíochtaí á dtomhas, á dtuairisciú agus á bhfíorú, mar shampla. Mar chuid de sin, ba cheart spriocdhátaí iomchuí cigireachta a leagan síos do shaoráidí trí idirdhealú a dhéanamh idir a staid theicniúil agus a n-aois. Ba cheart na tionscnaimh tionscail atá ann cheana chun astaíochtaí a laghdú a chur san áireamh (an Comhpháirtíocht Ola agus Gáis Meatáin), maille leis an ngá atá le borradh a chur faoin gcomhar idirnáisiúnta faoi chuimsiú tionscnamh amhail an Gealltanas Meatáin agus an Chomhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Ghlain.

5.13.

Déantar ganntuairisciú ar shonraí maidir le hastaíochtaí meatáin iontaise faoi láthair. Is díol sásaimh do CESE na tograí maidir le Faireachán, Tuairisciú agus Fíorú, go háirithe a mhéid a bhaineann le sceitheadh feadh píblínte gáis a chosc. Ba cheart tionscnaimh amhail an Fhaireachlann Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin, mar aon le húsáid teicneolaíochtaí satailíte chun sceitheadh den sórt sin a bhrath, a chuíchóiriú agus tosaíocht a thabhairt dóibh. Ba cheart toirmeasc a chur san Aontas ar chleachtais maidir le scaoileadh agus bladhmadh gan chúis. Ba cheart díolúintí ón riail sin a bheith teoranta do chásanna éigeandála agus cásanna a bhaineann le sábháilteacht. Maidir le bithmheatán, tá bearta teicniúla agus rialála um fhaireachán agus seachaint curtha chun feidhme cheana féin ag roinnt Ballstát. D’fhéadfadh sé sin cabhrú le measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin le linn saothrú breoslaí iontaise.

5.14.

Is maith is eol do CESE go dtarlaíonn an chuid is mó de sceitheadh meatáin lasmuigh den Aontas agus, ar an gcúis sin, gur gá caighdeán AE maidir le feidhmíocht meatáin allmhairí gáis a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Le caighdeán den chineál sin maidir le hallmhairí, ba cheart tagarmharc a shocrú le haghaidh astaíochtaí réamhtheachtacha atá inghlactha. Ba cheart an caighdeán sin a cheapadh cheana féin faoin rialachán sin. Thairis sin, ba cheart breithniú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin réamhtheachtacha a áireamh sa chóras praghsála CO2.

5.15.

Dírítear ar earnáil an fhuinnimh sa togra maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú. Tá CESE ag athdhearbhú a thábhachtaí atá astaíochtaí meatáin ó earnáil na talmhaíochta. Faoi mar a luaitear i Straitéis Meatáin an Choimisiúin, ba cheart tacú le feirmeoirí astaíochtaí meatáin a laghdú. Mar chuid de sin, d’fhéadfaí a áireamh sa Chomhbheartas Talmhaíochta bearta chun feirmeoirí a chúiteamh ar laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin.

An Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Féach Tuairim TEN/761 – Praghsanna fuinnimh (IO C 275, 18.7.2022, lch. 80).

(2)  Féach Tuairim TEN/725 – Straitéis Meatái (IO C 220, 9.6.2021, lch. 47).