29.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 290/120


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013

(COM(2021) 812 final – 2021/0420 (COD))

(2022/C 290/19)

Rapóirtéir:

Stefan BACK

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 17/2/2022

Parlaimint na hEorpa, 7/3/2022

Bunús dlí

Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25/10/2021

An rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

10/3/2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23/3/2022

Seisiún iomlánach Uimh.

568

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

222/1/7

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE an Togra, ráite gur glacadh an leagan reatha de Rialachán TEN-T in 2013 agus gur lánmhithid, dá bhrí sin, creat nua cothrom le dáta a mholadh, a bheadh curtha in oiriúint don chomhthéacs reatha beartais agus ina gcuirfí san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh ón leagan reatha den Rialachán. Mar shampla, beidh an leagan cothrom le dáta de Rialachán TEN-T mar an bonn bonneagair a theastaíonn chun spriocanna an Choimisiúin a chur chun feidhme go rathúil, ar spriocanna iad atá san áireamh sa Chomhaontú Glas, sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus sa Phlean Gníomhaíochta Iarnróid. Ina theannta sin, níor shásúil cur chun feidhme TEN-T faoin gcreat atá ann i láthair na huaire, óir rinneadh moilleanna nach beag leis, agus is díol sásaimh do CESE, dá bhrí sin, na rialacha treisithe maidir le cur chun feidhme.

1.2.

Tá CESE i bhfách leis an mbeart faoina ndéanfar comhchuibhiú i leaba a chéile ar na ceanglais is infheidhme maidir leis an gcroíghréasán agus leis an ngréasán cuimsitheach, agus faoina ndéanfar idirdhealú orthu ar bhonn spriocdhátaí a leagan síos, agus ar an mbonn sin amháin.

1.3.

Ar an gcaoi chéanna, tá CESE i bhfách leis an mbéim a leagtar ar na Conairí Eorpacha mar mhodh chun iompar éifeachtúil agus an ilmhódúlacht a chur chun cinn, chomh maith leis an mbéim ar an sásra láidir faireacháin agus ról feabhsaithe na gComhordaitheoirí Eorpacha.

1.4.

Is díol sásaimh do CESE freisin an breisluach i bhfoirm éifeachtaí sineirge a eascraíonn as comhordú feabhsaithe na gConairí Eorpacha leis na Conairí Lasta Iarnróid.

1.5.

Is geal le CESE an tábhacht atá leagtha sa Togra ar an gcomhtháthú agus an gréasán á chur chun feidhme, agus tugann sé dá aire go gcaithfear inrochtaineacht agus nascacht a áirithiú do réigiúin uile an Aontais i gcás an tráchta paisinéirí agus an tráchta lasta araon, chomh maith le comhordú agus idirnascadh éifeachtúil a áirithiú idir an trácht fadraoin, réigiúnach agus áitiúil faoi seach agus modhanna iompair i nóid uirbeacha. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE freisin an oibleagáid a chuirtear ar na Ballstáit le hAirteagal 58 den Togra faoina gcaithfidh siad a áirithiú go mbeidh pleananna náisiúnta iompair agus infheistíochta comhleanúnach le beartas iompair an Aontais.

A bhuí le naisc éifeachtúla lasta iarnróid le bonneagar, a chumasóidh luas leordhóthanach agus a chuirfidh leis an bponcúlacht, beidh earnáil an iarnróid in ann páirt iomlán a ghlacadh sa slabhra iompair idirmhódach, ós rud é go raibh an easpa poncúlachta ar cheann de na príomhchonstaicí go nuige seo a d’fhág nár rogha tharraingteach í an ilmhódúlacht, lena n-áirítear i gcás an iarnróid féin.

1.6.

Maidir leis an dá fheidhm breise a bheidh ag comhordaitheoirí i ndáil leis an Spás Muirí Eorpach agus leis an gCóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS), tá CESE den tuairim go mbeidh tacaíocht airgeadais nach beag de dhíth freisin má táthar chun ERTMS a chur chun feidhme go tapa, á chur san áireamh an costas a ghabhfaidh leis. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an moladh atá déanta ag an gCoimisiún go ndéanfaí maoiniú poiblí ERTMS a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt faoi na rialacha maidir le Státchabhair. Ar a mhuin sin, tá CESE á iarraidh go ndéanfaí staidéar féidearthachta maidir le cur chun feidhme ERTMS idir seo agus 2030 agus go gcuirfí saincheisteanna maoiniúcháin san áireamh ann freisin.

Maidir leis an Spás Muirí Eorpach, tá aird á tarraingt ag CESE ar na droichid farraige a ngabhann naisc rialta dhlútha bád farantóireachta leo, a bhféadfaí a mheas ina leith gur cineál bonneagair iad, agus iad incháilithe do chómhaoiniú mar thionscadail leasa choitinn mar gheall air sin.

1.7.

Is saoth le CESE nach ann d’amchlár socraithe le haghaidh thuarascálacha na mBallstát maidir le cur chun feidhme an ghréasáin chuimsithigh.

1.8.

Tagann CESE go hiomlán leis gur den tábhacht tabhairt faoi chomhairliúchán leathan leordhóthanach tráthúil leis na páirtithe uile lena mbaineann faoi na tionscadail atá beartaithe, agus tugann sé chun cuimhne an tuairim a d’eisigh sé in 2012 maidir le hacmhainneacht CESE mar nasc leis an tsochaí shibhialta.

1.9.

Is díol sásaimh do CESE tosaíochtaí ginearálta na ngréasán uile a leagtar amach in Airteagal 12, lena bhforáiltear deireadh a chur leis na bacainní riaracháin, teicniúla agus oibríochtúla agus úsáid bonneagair a bharrfheabhsú.

1.10.

Tá CESE ag iarraidh go n-éascófaí na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta a bheidh le déanamh ar bhonn uilechoiteann chun an ilmhódúlacht a chur chun cinn; tuigtear as sin gur gá an leas is fearr is féidir a bhaint as buntáistí na modhanna iompair uile chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach, agus, san am céanna, cur leis an tsábháilteacht agus baint den ualach ó thaobh an chomhshaoil de. Tá aird faoi leith á tarraingt ag CESE ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhéadan idir iompar de thalamh agus modhanna eile, rud a fhágann gur féidir le huiscebhealaí intíre, leis an loingseoireacht ghearrthurais agus leis an eitlíocht rannchuidiú go hiomlán leis an slabhra ilmhódach.

1.11.

Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach cur le hathléimneacht an ghréasáin i leith an athraithe aeráide, guaiseacha nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine ionas gur féidir gréasán a bhunú a chruthóidh luach san fhadtéarma do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais. Ba cheart na gnéithe a bhaineann le hathléimneacht a chur san áireamh a luaithe is féidir ag céim pleanála tionscadail.

1.12.

Tá CESE á chur i bhfios, i gcás fadhbanna tráchta nó éigeandálaí, gur cheart tosaíocht a thabhairt don réiteach is fearr ó thaobh na hinbhuanaitheachta de.

1.13.

Tá CESE i bhfách leis an aird a tugadh ar chórais TFC agus ar a n-acmhainneacht chun forbairt iompair ilmhódaigh a éascú. Dar le CESE gur den tábhacht go gcuirfí le hacmhainneacht ollmhór an digitithe chun feidhmíocht réimse an iompair a fheabhsú mar ábhar ardtosaíochta.

1.14.

Ina cheann sin, tá aird á tarraingt ag CESE ar an bhféidearthacht feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar chomhlíonadh na rialachán maidir le huaireanta oibre agus scíthe, go háirithe maidir le hiompar d’iarnród, trí mheáin dhigiteacha, agus tá sé á iarraidh go ndéanfaí córas den sórt sin a fhorbairt.

1.15.

Is díol sásaimh do CESE go n-áirítear nóid uirbeacha agus críochfoirt ilmhódacha mar eilimintí sonracha de TEN T ós rud é go bhfuil an dá chineál acu ríthábhachtach d’fheidhmiú rianúil na modhanna iompair. Tugann CESE dá aire go bhféadfadh críochfort ilmhódach amháin freastal ar roinnt nóid uirbeacha má chomhlíontar na critéir fheidhmiúla a leagtar síos sa Togra.

1.16.

Tugann CESE dá uídh gur mór idir na saoráidí le haghaidh foireann iarnróid atá ar fáil ó chuid go chéile de bhonneagar earnáil an iarnróid. Dar le CESE, ní mór, ar an gcuid is lú de, bealaí sábháilte, lóistín thar oíche, seomraí sosa nuachóirithe (fuarú, téamh, sláinteachas), fóntais agus áiseanna sláintíochta a áireamh sa bhonneagar le haghaidh oibrithe.

1.17.

Tugann CESE dá aire na ceanglais maidir le limistéir scíthe, a leagtar amach in Airteagal 29(2)(b), agus mholfadh sé íoschaighdeáin choiteanna a thabhairt isteach dóibh sin freisin.

1.18.

Ar an gcaoi chéanna, is díol sásaimh do CESE go gcuirtear béim bhreise ar thábhacht na nasc le tíortha comharsanachta, lena n-áirítear tíortha comhpháirtíochta amhail Ballstáit LEE agus an Eilvéis, chomh maith le tíortha aontachais. Tugann CESE dá aire go bhfuil sé d’aidhm ag an gcuspóir sin leathnú bheartas TEN-T go tríú tíortha a chur chun cinn, lena n-áirítear cuspóirí na hinbhuanaitheachta, an chomhtháthaithe, na héifeachtúlachta agus na dtairbhí méadaithe d’úsáideoirí.

1.19.

Ina cheann sin, is díol sásaimh do CESE an aird atá dírithe ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha i dtionscadail TEN-T, ar an ábhar gur ceist slándála agus oird phoiblí é, chomh maith leis an oibleagáid tuairiscithe atá ar na Ballstáit ionas gur féidir measúnú tionchair a dhéanamh freisin taobh amuigh den chreat ginearálta maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche san Aontas Eorpach a scagadh. Áirithítear leis sin freisin idir-inoibritheacht agus caighdeáin an Aontais Eorpaigh.

1.20.

Ina theannta sin, tá CESE i bhfách leis go bhféadfaí coigeartuithe a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe ar eilimintí den bhonneagar agus ar chumraíocht na gConairí.

1.21.

Tá CESE sásta de go bhfuil sé beartaithe anois é a áireamh sa Rialachán oibleagáid a chur ar na Ballstáit maidir le bonneagar TEN-T a chothabháil. Ba mhó de dhíol sásaimh do CESE é dá mbeadh sásra faireacháin i ndáil leis an méid sin cuimsithe ann chomh maith le smachtbhannaí iomchuí i gcás cothabháil neamhleordhóthanach, rud nach bhfuil.

1.22.

Is díol sásaimh do CESE na cuspóirí maidir le bonneagar iompair ar fud an domhain a leagtar amach i Straitéis Nascachta an Choimisiúin “An Tairseach Dhomhanda”.

2.   Cúlra

2.1.

Thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialachán nua a chuirfí in ionad an Rialacháin atá ann faoi láthair maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt ((AE) 1315/2013) (an Togra anseo feasta) an 14 Nollaig 2021 (COM (2021) 812-2021/0420 (COD)) mar phríomhghníomhaíocht de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste.

2.2.

Sa Togra fágtar struchtúr an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) mar atá, is é sin i bhfoirm croíghréasáin agus gréasáin chuimsithigh. I gcás an chroíghréasáin, is é 2030 an spriocdháta cur chun feidhme fós; is é 2040 an gharsprioc le haghaidh croíghréasán leathnaithe agus tá 2050 ina spriocdháta le haghaidh an ghréasáin chuimsithigh.

2.3.

Is iad na ceithre chuspóir shonracha chéanna (éifeachtúlacht, comhtháthú, inbhuanaitheacht agus sochair bhreise d’úsáideoirí) atá ag an leagan reatha de Rialachán TEN-T ach go bhfuil sé beartaithe tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu.

2.4.

Féachann an Togra le fadhbanna a bhaineann le moilleanna ar ullmhú agus cur chun feidhme tionscadal a réiteach trí leasanna, cuspóirí agus freagrachtaí náisiúnta agus TEN-T a ailíniú agus trí chur leis an bhfaireachán, go háirithe ar na Conairí Iompair Eorpacha, ar thosaíochtaí cothrománacha ERTMS agus ar an Spás Muirí Eorpach, a bhfuil sé beartaithe ina leith ról an Chomhordaitheora Eorpaigh a neartú agus fórsa dlíthiúil a thabhairt do na pleananna oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

2.5.

Áirithítear leis an Togra ailíniú na gConairí Lasta Iarnróid leis na Conairí Eorpacha trí bhíthin leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 913/2010, agus déantar foráil ann maidir le comhordú idir an dá ionstraim.

2.6.

Leis an Togra, cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit maidir le cothabháil TEN-T.

2.7.

I gcás moilleanna suntasacha a bheith ar chur chun feidhme na ngréasán, féadfaidh an Coimisiún cómhaoiniú an Aontais Eorpaigh a tharraingt siar i gcás nach mbeidh údar oibiachtúil leis an moill sin agus nach réiteofar an fhadhb laistigh de shé mhí.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE an Togra ós rud é gur glacadh an leagan reatha de Rialachán TEN-T in 2013 agus gurb iomaí athrú atá tagtha ó shin i leith ar chlár oibre beartais an Aontais maidir le hiompar, ar an ábhar gur ghlac an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ionad Pháipéar Bán 2011 maidir le beartas iompair agus go ndírítear sa Stráitéis sin, inter alia, ar inbhuanaitheacht, digitiú agus cur chun cinn an iarnróid/na hilmhódúlachta.

Anuas air sin, ní mó ná sásta a bhíothas le cur chun feidhme TEN-T faoin leagan reatha de Rialachán TEN-T de thoradh na moilleanna suntasacha a rinneadh leis.

Ba lánmhithid creat a mholadh, a bheadh curtha in oiriúint don chomhthéacs beartais atá ann faoi láthair, trí bhonneagar a chruthú a bheadh comhoiriúnach, mar shampla, don Chomhaontú Glas don Eoraip, don Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus don Phlean Gníomhaíochta Iarnróid, ag tarraingt ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón leagan reatha den Rialachán. Chuir CESE in iúl i dTuarascáil Mheastóireachta a d’eisigh sé in 2020 (1) gur ghá an creat a thabhairt cothrom le dáta.

3.2.

Tá CESE i bhfách leis an mbeart faoina ndéanfar comhchuibhiú i leaba a chéile ar cheanglais bhonneagair an chroíghréasáin agus an ghréasáin chuimsithigh agus faoina ndéanfar idirdhealú bunúsach ar an dá chatagóir trí na spriocdhátaí seo a leanas a leagan síos: 2030 do chur chun feidhme an chroíghréasáin, 2040 do chur chun feidhme an ghréasáin leathnaithe, mar a thugtar air, agus 2050 do chur chun feidhme an ghréasáin chuimsithigh. Maidir leis an spriocdháta do 2030, tá amhras fós ar CESE faoina indéanta atá sin, rud a chuir sé in iúl cheana ina thuarascáil mheastóireachta in 2020, ach measann sé gur cheart an spriocdháta a choinneáil d’fhonn brú a chur ar na Ballstáit.

3.3.

Is díol sásaimh do CESE freisin an tábhacht a leagtar ar an gcomhtháthú, lena n-áirítear nascacht agus inrochtaineacht uilíoch fud fad an Aontais, cibé acu do phaisinéirí nó d’earraí é sin agus cibé acu achair fhada nó ghearra atá i gceist, chomh maith leis an tábhacht a leagtar ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit comhleanúnachas le beartas iompair an Aontais a áirithiú ina ngníomhaíocht náisiúnta. Cuirfidh na critéir íosta maidir le bonneagar iarnróid le hionchais na hilmhódúlachta.

3.4.

Tá CESE i bhfách leis an aird a thugtar ar na Conairí Eorpacha d’fhonn iompar éifeachtúil agus an ilmhódúlacht a chur chun cinn. Tacaíonn sé freisin le ról neartaithe na gComhordaitheoirí Eorpacha agus leis an sásra láidir faireacháin lena n-áiritheofar cur chun feidhme leordhóthanach agus tráthúil.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil an comhordú ar chumraíocht agus ar bhainistiú na gConairí Lasta Iarnróid leis na Conairí Eorpacha chun a shástachta, óir tiocfaidh breisluach nach beag as, is é is dóichí, trí éifeachtaí sineirge.

3.5.

Tugann CESE dá aire gur ceapadh Comhordaitheoirí Eorpacha don Spás Muirí Eorpach agus do ERTMS freisin. Maidir le ERTMS, tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le tacaíocht airgeadais lena áirithiú go gcuirfear an córas sin chun feidhme go pras agus is díol sásaimh dó an moladh go ndéanfaí an tacaíocht stáit a dhíolmhú ó fhógra a thabhairt maidir le Státchabhair. Áiritheoidh Comhordaitheoir an Spáis Mhuirí Eorpaigh go ndéanfar na naisc mhuirí a chomhtháthú sa ghréasán tras-Eorpach iompair, agus go gcruthófar agus go n-uasghrádófar na naisc loingseoireachta gearrthurais. Thar aon ní eile, tá CESE á chur chun suntais a fhíorúsáidí atá na cúraimí sin a bhfuil sé d’aidhm acu comhéadan gan uaim idir an t-iompar ar muir, uiscebhealaí intíre agus an t-iompar ar tír a áirithiú.

3.6.

Cuirfear an Spás Muirí Eorpach in ionad Mhótarbhealaí na Farraige ós rud é go meastar iad a bheith róchasta. Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar na droichid farraige, mar a thugtar orthu, arb é atá i gceist leo dlúthnaisc rialta farantóireachta róró agus ar geall le droichead iad na báid farantóireachta sin. Tá CESE á chur i gceist an ceart breathnú ar na droichid sin i ndáiríre mar naisc a bhféadfaí a mheas ina leith gur gné den bhonneagar iad, rud a d’fhágfadh incháilithe iad le haghaidh cómhaoiniú mar thionscadal leasa choitinn.

3.7.

Is oth le CESE nár leagadh síos aon spriocdhátaí socraithe do na Ballstáit faoina gcaithfidís faisnéis a sholáthar ar an dul chun cinn a bheidh déanta acu maidir le cur chun feidhme tionscadal lasmuigh de na Conairí Eorpacha.

3.8.

Mar sin féin, tá CESE i bhfách leis an sásra leantach agus smachtbhannaí dá bhforáiltear i gcás moilleanna ar chur chun feidhme tionscadal nuair nach mbeidh míniú sásúil orthu. Is saoth le CESE gurb é an t-aon smachtbhanna a luaitear go soiléir ná deireadh a chur leis an gcómhaoiniú agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún tograí a chur i dtoll a chéile, mar shampla fíneáil in aghaidh an lae a ghearradh fad a mhairfidh an mhoill, más faillí is cúis léi.

3.9.

Tacaíonn CESE go hiomlán leis an mbéim a leagtar ar chomhairliúchán leordhóthanach leis na páirtithe lena mbaineann, cibé acu an iad na húdaráis ar leibhéil éagsúla nó an tsochaí shibhialta atá i gceist, agus ar mhalartú faisnéise faoi dhea-chleachtais ina leith sin, rud a chaithfidh an Coimisiún a áirithiú. Ón taobh sin de, meabhraíonn CESE an tuairim a d’eisigh sé in 2012 An Páipéar Bán maidir le hIompar: ról a thabhairt don tSochaí Shibhialta agus na dréacht-treoirlínte maidir le rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta i mbeartais agus i dtionscadail iompair an Aontais, a pléadh ag comhdháil a d’eagraigh Buanghrúpa Staidéir CESE um Iompar i Milano an 24-25 Deireadh Fómhair 2016. Luaigh CESE an pointe sin freisin sa mheastóireacht thuasluaite a rinneadh in 2020. Tá CESE láidir air gur gá tús a chur le comhairliúcháin leathana a luaithe is féidir, agus béim ar leith á cur ar an tsochaí shibhialta eagraithe agus aird chuí á tabhairt ar an aiseolas a gheofar.

3.10.

Is mór ag CESE na réamhriachtanais bhreise maidir le bonneagar a leagadh síos chun cuidiú le ceann de chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, mar atá astaíochtaí CO2 a laghdú 90 % roimh 2050, chomh maith leis an mbéim a chuirtear ar ghnéithe comhshaoil, lena n-áirítear costais sheachtracha, agus tionscadal á cheapadh.

3.11.

Tugann CESE dá aire tosaíochtaí ginearálta na líonraí uile a leagtar amach in Airteagal 12, lena bhforáiltear deireadh a chur leis na bacainní riaracháin, teicniúla agus oibríochtúla agus úsáid bonneagair a bharrfheabhsú (Airteagal 12(2)(c) agus (d)). Tá an méid sin ag teacht freisin leis an dearcadh, ar dearcadh fabhrach i gcoitinne é, i leith éifeachtúlacht acmhainní agus i leith na nuálaíochta a leagtar amach in Airteagal 43 maidir le seirbhísí inbhuanaithe iompair lasta. I ndáil leis sin, tá CESE á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé go gcuirfí le hathléimneacht gréasán i leith tubaistí, rud ba cheart a bheith curtha san áireamh cheana ag céim na pleanála. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do réitigh inbhuanaithe agus fadhbanna á gcur ina gceart de dheasca brú ar athléimneacht an ghréasáin.

3.12.

Dá bhrí sin, tá CESE den tuairim gur cheart an éifeachtúlacht mhéadaithe ar bhonn uilechoiteann a bheith ina cuspóir, agus é á chur san áireamh go gcuirfidh éifeachtúlacht fheabhsaithe i ngach modh le feidhmíocht chomhshaoil níos fearr, rud a léiríodh i staidéar a rinne Gníomhaireacht na Sualainne um Chaomhnú Comhshaoil le déanaí (2).

3.13.

Maidir leis an gcroíghréasán agus an gréasán cuimsitheach araon, is díol sásaimh do CESE go gcaithfidh na Ballstáit a áirithiú go gcumasófar leis an mbonneagar iarnróid fad traenach 740 m, gan cead speisialta, agus gur cheart machnamh a dhéanamh ar bhonneagar a fhorbairt le haghaidh faid traenacha is faide ná 740 m agus chomh fada le 1 500 m agus 25,0 t d’ualach acastóra, faoi réir anailísí costais is tairbhe socheacnamaíocha. Tá feidhm freisin ag foráil a bhaineann le traenacha 740 m ar fhad atá ar thaobhlaigh phríobháideacha maidir le bonneagar iompair ilmhódaigh.

3.14.

Tá CESE ag iarraidh go n-éascófaí na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta a bheidh le déanamh ar bhonn uilechoiteann chun an ilmhódúlacht a chur chun cinn; tuigtear as sin gur gá an leas is fearr is féidir a bhaint as buntáistí na modhanna iompair uile chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach, agus, san am céanna, cur leis an tsábháilteacht agus baint den ualach ó thaobh an chomhshaoil de. Tá aird faoi leith á tarraingt ag CESE ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhéadan idir iompar de thalamh agus modhanna eile, rud a fhágann gur féidir le huiscebhealaí intíre, leis an loingseoireacht ghearrthurais agus leis an eitlíocht rannchuidiú go hiomlán leis an slabhra ilmhódach.

3.15.

I bhfianaise na forála a luaitear sa phointe roimhe seo, cuid iontais freisin é nach bhfuil feidhm ag an uas-aga cónaithe do thraenacha ag trasnuithe teorann dá bhforáiltear ar na Conairí Iompair Eorpacha maidir leis an gcroíghréasán ná leis an ngréasán cuimsitheach.

3.16.

Tá CESE i bhfách leis an aird a tugadh ar úsáid córas TFC don iompar chun éascú a dhéanamh, inter alia, ar bhainistiú iompair agus malartú faisnéise idir modhanna chun gur féidir forbairt iompair ilmhódaigh a éascú, rud atá ar cheann de na tosaíochtaí a leagtar amach d’fhonn lasta inbhuanaithe a fhorbairt. Measann CESE gur cheart cur le hacmhainneacht ollmhór an digitithe a luaithe is féidir chun éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus inbhuanaitheacht an iompair a fheabhsú.

3.17.

Ina theannta sin, tá CESE i bhfách le nóid uirbeacha agus críochfoirt ilmhódacha a áireamh mar eilimintí sonracha de TEN-T. Tá an dá ní sin ríthábhachtach d’fheidhmiú rianúil earnáil an iompair: is amhlaidh sin do na nóid uirbeacha toisc go bhfuil siad bunriachtanach ag tús agus ag deireadh aistir agus is amhlaidh sin do na críochfoirt ilmhódacha i bhfianaise an róil lárnaigh atá acu i dtaca le hiompar ilmhódach dea-fheidhmiúil. Tugann CESE dá aire gurb acmhainn anois do chríochfort amháin freastal ar roinnt nóid uirbeacha a bhuí leis na critéir atá molta maidir le suíomh na gcríochfort.

3.18.

I ndáil leis sin, tá aird á tabhairt ag CESE ar an tuairim a d’eisigh sé maidir le hiompar ilmhódach agus lóistíocht idirmhódach ina gcuirtear béim ar thábhacht an digitithe agus na gcríochfort ilmhódach d’fhonn an ilmhódúlacht a fhorbairt (3).

3.19.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil breis airde á díriú ar naisc le tíortha comharsanachta, lena n-áirítear tíortha comhpháirtíochta amhail Ballstáit LEE agus an Eilvéis, agus tíortha aontachais, go háirithe tíortha na mBalcán Thiar, ar ábhar é a ndearnadh tuilleadh forbartha air sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) a leathnú chuig tríú tíortha comharsanachta.

3.20.

Maidir leis sin de, tá aird á tarraingt ag CESE ar a thábhachtaí atá sé Straitéis Nascachta an Choimisiúin “An Tairseach Dhomhanda” (JOIN (2021) 30) a chur chun feidhme d’fhonn infheistíochtaí domhanda a chur chun cinn in iompar inbhuanaithe, cliste, athléimneach agus sábháilte i ngach modh, agus chun na modhanna uile a thabhairt le chéile i bhfoirm córais ilmhódaigh.

3.21.

Is díol sásaimh do CESE freisin an aird atá á tabhairt ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha tríú tír i dtionscadail TEN-T agus ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoin rannpháirtíocht sin, ionas go bhféadfaidh sé measúnú a dhéanamh ar a thionchar sin ar an tslándáil nó ar an ord poiblí san Aontas i ngach cás nach dtagann faoi Rialachán (AE) 2019/452 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh.

3.22.

Ina theannta sin, ba mhaith le CESE a chur in iúl go bhfuil sé i bhfách leis gur féidir coigeartuithe a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe ar eilimintí den bhonneagar agus ar chumraíocht na gConairí. Tagann athrú ar na sreabha iompair, rud a fhágann gur fusa a áirithiú go mbeidh bonneagar an ghréasáin agus cumraíocht na gconairí ag freagairt d’fhíordhálaí na sreabh iompair.

3.23.

Ar deireadh, ba mhaith le CESE a chur in iúl gur díol sásaimh dó go n-áirítear sa Togra anois go bhfuil cothabháil TEN-T ina hoibleagáid ar na Ballstáit, mar a mhol CESE sa tuarascáil mheastóireachta thuasluaite uaidh.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Tugann CESE dá aire gur gá saoráidí leordhóthanacha bonneagair a chur ar fáil do bhaill foirne le gur féidir leo a scíth a dhéanamh i stáisiúin iarnróid.

4.2.

Tugann CESE dá uídh, ag éirí as an ráiteas ginearálta faoin digitiú, go bhféadfaí leas a bhaint as an digitiú chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na reachtaíochta sóisialta, mar shampla in earnáil an iarnróid.

4.3.

Maidir le hiompar de bhóthar, measann CESE gur cheart critéir íosta a shainiú ní hamháin do limistéir pháirceála atá sábháilte (Airteagal 29(2)(c)) ach do limistéir scíthe freisin (Airteagal 29(2)(b)).

An Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Meastóireacht ar an nGréasán Tras-Eorpach — Treoirlínte Iompair (TEN-T) 2013-2020 — TEN/701.

(2)  Modal shift for an environmental lift [Aistriú módach ar son feabhsú comhshaoil] – Tuarascáil 7003, Lúnasa 2021, fara achoimre i mBéarla.

(3)  IO C 374, 16.9.2021, lch. 1.